Strasbourg, 13.6.2017

COM(2017) 331 final

2017/0136(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis na nósanna imeachta agus na húdaráis a bhaineann le CPLanna a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír a aithint.

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2017) 246 final}
{SWD(2017) 247 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.Forais agus cuspóirí an togra

Is tábhachtach an uirlis iad na conarthaí díorthach do bhainc agus do ghnólachtaí na hEorpa chun a rioscaí a bhainistiú cibé acu le hathruithe ar rátaí úis, le luaineachtaí airgeadra nó le mainneachtain contrapháirtí gnólachta a bhaineann siad. Mar sin féin, bhí na margaí díorthach teimhneacha ag feidhmiú mar bhealach tógálachta neamh-inmhianaithe freisin. Ní mór margaí díorthach a rialáil agus a mhaoirsiú go héifeachtach mar sin chun an chobhsaíocht airgeadais a choimirciú.

Ó tharla go bhfuil na margaí díorthach domhanda agus i gcomhréir le Comhaontú Pittsburgh G20 2009 1 chun an riosca sistéamach a laghdú mar gheall ar úsáid fhorleathan díorthach, ghlac an tAontas Eorpach an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach (EMIR) in 2012. 2 Mar phríomhcholún de chuid EMIR, ní mór conarthaí díorthach thar an gcuntar caighdeánaithe a imréiteach trí Chontrapháirtí Lárnach (CPL). Is bonneagar margaidh é CPL a laghdaíonn an riosca sistéamach agus a mhéadaíonn an chobhsaíocht airgeadais trí sheasamh idir an dá chontrapháirtí ag conradh díorthach (i.e. feidhmiú mar cheannaitheoir do dhíoltóir an riosca agus mar dhíoltóir do cheannaitheoir an riosca) agus an riosca a laghdú don dá pháirtí ar an gcaoi sin. Ba le EMIR freisin a tugadh isteach ceanglais diana maidir le stuamacht, eagrúchán agus iompar gnó do CPLanna agus socruithe bunaithe maidir le maoirseacht stuamachta a dhéanamh orthu chun aon riosca ar úsáideoirí CPL a laghdú agus taca a chur faoin gcobhsaíocht shistéamach.

Ó glacadh EMIR sa bhliain 2012, tá méadú suntasach ag teacht ar imréiteach lárnach agus tá CPLanna ag éirí níos comhdhlúite agus níos comhtháite ar fud an Aontais Eorpaigh agus le tríú tíortha.

Áiritheofar leis an togra seo go bhfuil socruithe maoirseachta ag coinneáil cab ar chab leis na forbairtí sin. Tá sé beartaithe go gcuirfidh an tAontas Eorpach córas maoirseachta níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí ar fáil do CPLanna ina Aontas Margaí Caipitil, ar mhaithe le comhtháthú breise an mhargaidh, leis an gcobhsaíocht airgeadais agus le cothrom iomaíochta.

Tá CPLanna éirithe níos tábhachtaí ó glacadh EMIR agus leathnófar iad sna blianta atá le teacht

Sna cúig bliana ó glacadh EMIR, tháinig méadú gasta ar an méid gníomhaíochta a dhéanann CPLanna – ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda – ó thaobh scála agus raon feidhme de araon. Is comhartha é sin go bhfuil an reachtaíocht ag feidhmiú agus ag comhlíonadh a cuspóra.

Ó bhí deireadh Mheitheamh 2016 ann, rinne CPLanna 3 imréiteach lárnach ar timpeall agus 62 % de luach domhanda na gconarthaí díorthach thar an gcuntar agus na naicmí sócmhainní (rátaí úis, mainneachtain chreidmheasa, malairt eachtrach, etc.) atá cothrom le $337 trilliún. Is díorthaigh rátaí úis iad timpeall agus 97 % ($328 trilliún) de na conarthaí díorthach a ndearnadh imréiteach lárnach orthu.

Ag deireadh 2015, rinneadh imréiteach lárnach ar timpeall 60 % de na díorthaigh rátaí úis thar an gcuntar go léir, agus ba é 36 % 4 an figiúr comhfhreagrach faoi dheireadh 2009. Mar an gcéanna, tá méadú tagtha ar an tábhacht atá leis an imréiteach lárnach i dtaca leis an margadh díorthach creidmheasa (CDS mar a thugtar orthu) agus tá an cion sin de na CDSanna gan íoc arna nimréiteach ag na CPLanna ag méadú i rith an ama ó tuairiscíodh na sonraí sin den chéad uair, i.e. 37 % ag deireadh Mheitheamh 2016, agus ba é 10 % an figiúr comhfhreagrach ag deireadh Mheitheamh 2010 5 .

Is léiriú é an fás gasta atá tagtha ar ról na gCPLanna sa chóras airgeadais domhanda ní hamháin ar an gcaoi a bhfuil oibleagáidí imréitigh lárnaigh á dtabhairt isteach i gcás aicmí sócmhainní difriúla 6 , ach ar an gcaoi a bhfuil méadú tagtha ar an úsáid dheonach a bhaintear as an imréiteach lárnach de bharr feasacht níos mó a bheith ann maidir leis an tairbhe a dhéanann an timréiteach lárnach do rannpháirtithe sa mhargadh (níl feidhm le hoibleagáidí maidir le himréiteach ach ó bhí Meitheamh 2016 ann) 7 . Is gá faoi EMIR imréiteach lárnach a dhéanamh ar dhíorthaigh rátaí úis agus babhtálacha mainneachtana creidmheasa áirithe i gcomhréir le ceanglais den chineál céanna i dtíortha eile G20 8 . Tá athrú déanta freisin ar na rialacha maidir le caipitieal bainc chun an timréiteach lárnach a spreagadh agus chun gur costasaí an rogha i dtéarmaí coibhneasta 9 an timréiteach déthaobhach, agus tá idirbhearta déthaobhacha faoi réir ceanglais bhreise chomhthaobhachta ó bhí Márta 2017 ann 10 .

Is dealraitheach go leanfaidh gníomhaíocht na gcontrapháirtithe de bheith ag méadú sna blianta atá romhainn. Is dócha go gcuirfear oibleagáidí imréitigh éigeantacha i bhfeidhm ar aicmí sócmhainní breise 11 agus tiocfaidh imréiteach deonach breise mar thoradh ar dhreasachtaí le rioscaí agus costais a mhaolú. Le togra Bhealtaine 2017 chun leasú a dhéanamh ar EMIR ar dhóigh spriocdhírithe, chun a éifeachtacht agus a chomhréireacht a fheabhsú, neartófar an treocht sin trí dhreasachtaí breise a chruthú do CPLanna le himréiteach díorthach lárnach a thairiscint do chontrapháirtithe. 12 Sa deireadh, na margaí caipitil atá níos doimhne agus níos comhtháite de bharr Aontas na Margaí Caipitil, méadófar leo sin an gá imréiteach trasteorann a dhéanamh san Aontas, rud a chuirfidh le tábhacht agus le hidirnascthacht CPLanna i gcomhthéacs an chórais airgeadais.

I ngeall ar an bhfás gasta atá tagtha ar ról na gCPLanna, tá ábhair imní ann faoin ngá atá le socruithe maoirseachta a uasghrádú faoi EMIR, i bhfianaise bhunú Aontas na Margaí Caipitil freisin 

Tábhacht CPLanna atá ag dul i méad sa chóras airgeadais agus comhruinniú an riosca creidmheasa sna bonneagair sin a bhaineann leis an méadú sin, tharraing siad aird rialtas, rialtóirí, maoirseoirí, bainc cheannais agus rannpháirtithe sa mhargadh.

Cé go bhfuil méadú tagtha ar scála agus scóip na nidirbheart a ndearnadh imréiteach lárnach orthu, tá líon na gCPLanna teoranta go leor go fóill. Tá 17 CPLanna ann faoi láthair atá bunaithe san Aontas Eorpach agus tá gach ceann acu údaraithe faoi EMIR a gcuid seirbhísí a thairiscint laistigh den Aontas - cé nach bhfuil na CPLanna uile údaraithe na haicmí sócmhainní uile a imréiteach (e.g. ní imréitíonn ach 2 CPL díorthaigh creidmheasa agus ní imréitíonn ach 2 CPL díorthaigh boilscithe 13 ). 14 Tá aitheantas tugtha do na 28 CPLanna tríú tír breise faoi fhorálacha coibhéise EMIR, lena gcumasaítear dóibh a gcuid seirbhísí a thairiscint san Aontas. 15 Dá bhrí sin, tá margaí imréitigh comhtháite ar fud an Aontais agus tá siad thar a bheith comhchruinnithe in aicmí sócmhainní áirithe. Tá siad idirnasctha go láidir chomh maith. 16  

Cé go neartaíonn an timréiteach méadaithe, trí CPLanna a rialáiltear agus a mhaoirsítear mar is ceart, an chobhsaíocht shistéamach i gcoitinne, is beag an dóchúlacht go gclisfear ar CPL de bharr comhchruinniú riosca ach dá dtarlódh sin d'fhéadfadh sé bheith ina theagmhas mórthionchair. Ó tharla chomh lárnach agus atá ról na gCPLanna sa chóras airgeadais, tá ábhair imní ann mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar thábhacht shistéamach CPLanna. Tá na CPLanna féin tar éis éirí ina bhfoinse riosca macrastuamachta mar go bhféadfadh a gcliseadh suaitheadh suntasach a chruthú sa chóras airgeadais agus go mbeadh éifeachtaí sistéamacha aige sin. Mar shampla, d'fhéadfadh foirceannadh agus dúnadh conarthaí arna nimréiteach ag CPLanna a bheadh ar mhórscála agus neamhrialaithe a bheith ina gcúis le leachtacht agus struis comhthaobhachta ar fud an mhargaidh as a dtiocfadh éagobhsaíocht sa mhargadh sócmhainní foluiteacha agus sa chóras airgeadais i gcoitinne. Dála idirghabhálaithe airgeadais áirithe eile, féadfaidh sé go mbeidh CPLanna i mbaol “fuadair” freisin mar gur féidir le comhaltaí muinín a chailleadh i sóchmhainneacht CPL. D’fhéadfadh sin suaitheadh leachtachta a chruthú don CPL nuair a dhéanfadh sé iarracht a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh i leith an phríomh-chomhthaobhacht (i.e. éarlais tosaigh) a aisíoc. D'fhéadfadh méadú teacht ar thionchar cliste CPL i ngeall ar chomhchruinniú méadaithe riosca mar go mbeadh idirnascthacht ag dul i méid idir na CPLanna go díreach agus go hindíreach araon trína gcomhaltaí (bainc dhomhanda mhóra de ghnáth) agus a gcliaint.

Mar fhreagra air sin, agus i gcomhréir le comhdhearcadh G20 17 , ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna i Samhain 2016 18 . Is é is cuspóir don togra a áirithiú go mbeidh na húdaráis ullamh go hiomchuí chun aghaidh a thabhairt ar CPL a bhfuil ag cliseadh air, agus ar an gcaoi sin an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus na costais ar cháiníocóirí a theorannú. Leis an Togra ón gCoimisiún maidir le téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha, díríodh an fócas arís ar na socruithe maoirseachta don Aontas Eorpach agus do CPLanna tríú tír a a bhí ina gcuid de EMIR agus a mhéid is féidir na socruithe sin a dhéanamh níos éifeachtaí cúig bliana ó glacadh EMIR. Tá an togra seo faoi chaibidil faoi láthair i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle. Is gá an sruth oibre leanúnach sin a chomhordú agus a bheith comhleanúnach leis an togra seo.

Socruithe maoirseachta do CPLanna an Aontais Eorpaigh

Faoi EMIR, is iad na coláistí de mhaoirseoirí náisiúnta, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), comhaltaí gaolmhara den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) agus údaráis ábhartha eile (e.g. maoirseoirí ar na comhaltaí imréitigh is mó, maoirseoirí ar ionaid trádála áirithe agus taisclanna lárnacha urrús) a dhéanann CPLanna a údarú agus a mhaoirsiú. Is féidir leis na coláistí sin a oiread le 20 údarás comhaltaí a bheith acu agus bíonn siad ag brath ar chomhordú an údaráis náisiúnta. Tá ábhair imní ar leith faoi na socruithe sin de dheasca stádas reatha an chomhtháthaithe sa mhargadh is gá a léiriú sna socruithe maoirseachta. Is tábhachtach an ní é sin i leith Aontas na Margaí Caipitil a chur chun cinn.

Ar an gcéad dul síos, ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar chomhchruinniú na seirbhísí imréitigh i líon teoranta CPLanna, agus go bhfuil méadú ar an ngníomhaíocht trasteorann dá bharr sin, tá sé le tuiscint go bhfuil CPLanna i líon beag Ballstát aonair ag éirí níos ábhartha do chóras airgeadais an Aontais ina iomláine. Mar gheall ar an treocht sin, ní mór na socruithe maoirseachta reatha a bhíonn ag brath go príomha ar an údarás náisiúnta (e.g. tá an túdarás náisiúnta féin freagrach as cinntí tábhachtacha a dhéanamh, mar shampla síneadh ama an údarúcháin nó ceadú seachfhoinsithe agus socruithe idir-inoibritheachta) a athbhreithniú.

Sa dara háit, is féidir le cleachtais maoirseachta éagsúla le haghaidh CPLanna (e.g. coinníollacha difriúla le haghaidh údarúcháin nó próisis bhailíochtaithe samhlacha) san Aontas Eorpach rioscaí arbatráiste rialála agus maoirsithe a chruthú do CPLanna agus go hindíreach dá gcuid comhaltaí nó dá gcuid cliant. Tá aird tarraingthe ag an gCoimisiún ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn agus ar an ngá atá le cóineasú maoirseachta níos mó sa Teachtaireacht uaidh maidir le hAontas na Margaí Caipitil dar dáta Meán Fómhair 2016 19 agus i gcomhairliúcháin phoiblí maidir le hoibríochtaí na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (ESAanna) 20 , ar léirigh siad araon na dúshláin a thugann cleachtais maoirseachta ilchineálacha.

Sa tríú háit, ní dhéantar ról na mbanc ceannais - mar eisitheoirí airgeadra - a léiriú go leormhaith i gcoláistí na gCPLanna. Cé go bhféadfaidh sainorduithe banc ceannais agus maoirseoirí bheith ag forluí ar a chéile (go háirithe i réimsí amhail idir-inoibritheacht, rialuithe riosca leachtachta, etc.), féadfaidh míailíniú a bheith ann i gcás ina ndéanfaidh gníomhaíochtaí maoirseachta difear do fhreagrachtaí banc ceannais i réimsí amhail cobhsaíocht praghsanna, beartas airgeadaíochta agus na córais íocaíochta. I gcásanna géarchéime, féadfaidh a gcuid míailínithe na rioscaí ar an gcobhsaíocht airgeadais a mhéadú más rud é go leanfaidh sannadh na bhfreagrachtaí de bheith doiléir.

Socruithe maoirseachta do CPLanna tríú tír

Inniu, déanann CPLanna tríú tír aitheanta líon suntasach d'ionstraimí airgeadais arna nainmniú in airgeadra na mBallstát a imréiteach. Mar shampla, is é an méid barúlach atá gan íoc i Malartán Marsantach Chicago (CME) sna Stáit Aontaithe 1.8 trilliún do dhíorthaigh rátaí úis euro-ainmnithe, agus SEK 348 billiún do dhíorthaigh rátaí úis SEK-ainmnithe. Tá ábhair imní ann mar gheall air sin freisin.

Sa chéad dul síos, léiríodh easnaimh áirithe go háirithe sa mhaoirseacht leanúnach de bharr chur chun feidhme chóras coibhéise agus aitheantais EMIR. Go háirithe, i ndiaidh CPL tríú tír sin aitheantas a fháil, bhí deacrachtaí ag ÚEUM rochtain a fháil ar fhaisnéis ó CPL, cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar CPL agus faisnéis a roinnt le reachtóirí, maoirseoirí agus bainc cheannais ábhartha de chuid an Aontais. Dá thoradh sin, tá riosca ann nach ndéanfar cleachtais CPL tríú tír agus/nó coigeartuithe ar shamhlacha bainistithe riosca a bhrath ná nach dtabharfar aghaidh orthu, agus bheadh tionchar mór aige sin ar eintitis an Aontais i dtaca le cobhsaíocht airgeadais de.

Ar an dara dul síos, tá diminsean breise de dhíth le go mbeidh baol ann go mbeidh míailínithe idir na cuspóirí maoirseachta agus cuspóirí na mbanc ceannais sna coláistí i gcomhthéacs CPLanna tríú tír nuair a bheidh údaráis nach den Aontas iad i gceist.

Ar an tríú dul síos, tá riosca ann go bhféadfadh athruithe ar rialacha CPL tríú tír nó ar chreat rialála tríú tír dochar a dhéanamh do thorthaí rialála nó maoirseachta, rud a d'fhágfadh go mbeadh míchothrom iomaíochta ann idir CPLanna an Aontais agus CPLanna tríú tír agus go gcruthófaí scóip d'arbatráiste rialála nó maoirseachta. Níl sásra ar bith ann faoi láthair a áiritheoidh go gcuirfear na hathruithe sin in iúl go huathoibríoch don Aontas Eorpach agus go bhféadfaidh sé bearta iomchuí a dhéanamh.

Is dócha go mbeidh níos mó tábhachta le hábhair imní den chineál sin sna blianta atá le teacht mar gurb é an bhrí atá le nádúr domhanda na margaí caipitil go bhfuiltear ag súil le go dtiocfaidh méadú ar ról na gCPLanna tríú tír. I dteannta an 28 CPL tríú tír arna naithint cheana féin ag ÚEUM, tá 12 CPL eile ó 10 ndlínse i ndiaidh iarratas ar aitheantas a dhéanamh 21 agus iad ag fanacht ar chinneadh ón gCoimisiún maidir le coibhéis a réimeas rialála agus maoirseachta.

Ar a bharr sin, tá méid suntasach d’idirbhearta díorthach euro-ainmnithe (agus idirbhearta eile atá faoi réir oibleagáid imréitigh an Aontais Eorpaigh) á imréiteach ag CPLanna atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe. Nuair a imeoidh an Ríocht Aontaithe as an Aontas Eorpach, beidh athrú ar leith ar chion na nidirbheart sin dá bhrí sin a bheidh á nimréiteach ag CPLanna lasmuigh de dhlínse an Aontais, rud a chuireann leis na hábhair imní thuasluaite. Tugann sé sin le tuiscint go mbeidh dúshláin mhóra ann an chobhsaíocht airgeadais san Aontas a chaomhnú nach mór aghaidh a thabhairt orthu.

I bhfianaise na mbreithnithe sin, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht an 4 Bealtaine 2017 maidir le freagairt do dhúshláin do bhonneagair mhargaidh airgeadais chriticiúla agus maidir le forbairt bhreise a dhéanamh ar Aontas na Margaí Caipitil 22 . Tugadh le fios sa Teachtaireacht gur "gá tuilleadh athruithe [ar EMIR] chun an creat atá ann cheana a fheabhsú lean náirithítear an chobhsaíocht airgeadais agus lena dtacaítear le hAontas na Margaí Caipitil (AMC) a fhorbairt agus a dhoimhniú a thuilleadh".

An gá le socruithe maoirseachta atá ann cheana a fheabhsú

De réir mar a thiocfaidh forbairt ar réimse imréitigh an Aontais, ní mór na socruithe maidir le seachaint géarchéime agus bainistiú CPLanna a bheith chomh héifeachtach agus is féidir. I dtaca leis sin de, is céimeanna tábhachtacha iad EMIR agus an togra le haghaidh Rialachán maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna ón gCoimisiún. Mar sin féin, cúig bliana tar éis EMIR a ghlacadh, léiríodh easnaimh sna socruithe maoirseachta don Aontas agus do CPLanna tríú tír i bhfianaise go bhfuil an timréiteach ag dul i méid agus i gcastacht san Aontas agus go bhfuil an ghné trasteorann den imréiteach ag méadú san Aontas agus ar fud an domhain. Dá bhrí sin, leagtar amach sa togra seo leasuithe sonracha a dhéanfar ar EMIR agus ar Rialachán ÚEUM 23 , go háirithe socruithe maoirseachta soiléire comhsheasmhacha a bhunú i gcomhair CPLanna an Aontais agus CPLanna tríú tír.

Tá costais agus buntáistí na leasuithe sin curtha san áireamh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo. Leagtar amach ann roinnt roghanna chun an mhaoirseacht ar CPLanna ar leibhéal an Aontais a mhéadú, na bainc ceannais eisiúna a bheith níos rannpháirtí i maoirsiú na gCPLanna, agus cur le cumas an Aontais faireachán a dhéanamh ar rioscaí CPLanna tríú tír, na rioscaí sin a shainaithint agus a mhaolú.

Tugtar fianaise chuimsitheach sa mheasúnú tionchair go bhfuil na leasuithe atá beartaithe éifeachtach chun cobhsaíocht fhoriomlán chóras airgeadais an Aontais a neartú agus an dóchúlacht atá íseal cheana féin (ach riosca mórthionchair amach is amach) go mbeidh riosca cliste CPL ann a ísliú tuilleadh agus na costais a laghdú a oiread is féidir do rannpháirtithe sa mhargadh. Chuirfeadh na tograí atá beartaithe le hAontas na Margaí Caipitil a fhorbairt agus a dhoimhniú tuilleadh, rud a bheadh ag teacht le tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin.

1.2.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo gaolmhar le roinnt beartas eile de chuid an Aontais agus le tionscnaimh an Aontais, agus comhsheasmhach leo, atá ar siúl faoi láthair a bhfuil sé d'aidhm dóibh na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach: (i) aghaidh a thabhairt ar thábhacht shistéamach na gCPLanna; (ii) úsáid an imréitigh lárnaigh a chur chun cinn, agus (iii) cur le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na maoirseachta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, laistigh den Aontas agus lasmuigh de.

Ar an gcéad dul síos, tá an togra seo comhsheasmhach le togra ón gCoimisiún 24 le haghaidh Rialachán maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna arna ghlacadh i Samhain na bliana 2016. Leis an togra sin féachtar lena áirithiú go bhfuil údaráis an Aontais agus údaráis náisiúnta ullmhaithe go hiomchuí chun aghaidh a thabhairt ar CPL a bhfuil ag cliseadh air, cobhsaíocht airgeadais a choinneáil, agus a sheachaint go dtitfeadh costais a bhaineann le hathstruchtúrú agus réiteach CPLanna a bhfuil ag cliseadh orthu ar cháiníocóirí. Leis an togra ón gCoimisiún féachtar lena áirithiú i gcás neamhdhealraitheach ina mbeadh CPLanna an-anásta nó i mbaol cliste, go leanfaí d'fheidhmeanna criticiúla CPL a choinneáil slán agus ag an am céanna cobhsaíocht airgeadais a chosaint agus a sheachaint go dtitfeadh costais a bhaineann le hathstruchtúrú agus réiteach CPLanna a bhfuil ag cliseadh orthu ar cháiníocóirí. Na socruithe bainistithe géarchéime maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna atá sa togra seo, tá siad bunaithe ar shocruithe ardchaighdeáin maidir le seachaint géarchéime (i.e. maidir le rialáil agus maoirseacht CPLanna) faoi EMIR. Trí mhaoirseacht CPLanna a fheabhsú a thuilleadh faoi EMIR, bheifí ag súil go laghdófaí a thuilleadh an dóchúlacht, is cuma chomh beag, go mbeadh gá le beartais téarnaimh agus réitigh a úsáid. Caithfear na coigeartuithe agus na méaduithe a dhéanfar ar an maoirseacht sa togra seo a chur san áireamh mar is iomchuí sa togra reachtach maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna atá le cur amach. Féadfaidh sé gur gá mionathruithe spriocdhírithe a dhéanamh chun ról nua Sheisiún Feidhmiúcháin na gCPLanna i gcoláistí faoi EMIR a chur san áireamh agus sna coláistí imréitigh ina dhiaidh sin.

Ar an dara dul síos, tá an togra seo gaolmhar leis an togra ón gCoimisiún 25 le haghaidh leasuithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR) 26 a glacadh i Samhain na bliana 2016. Féachtar leis an togra na corrlaigh thosaigh le haghaidh idirbhearta díorthach a imréitíodh go lárnach arna bhfáil ag comhaltaí imréitigh mar airgead tirim óna gcliaint agus arna gcur ar aghaidh chuig na CPLanna, na corrlaigh thosaigh sin a eisiamh as ríomh thairseacha na gcóimheas giarála. Dá bharr sin, éascófar an rochtain ar imréiteach – mar go laghdófar na ceanglais chaipitil le seirbhísí imréitigh cliant nó indíreacha a thairiscint – agus cuirfidh seo béim ar thábhacht na gCPLanna laistigh den chóras airgeadais.

Ar an tríú dul síos, comhlánaíonn an togra seo an togra ón gCoimisiún le haghaidh leasuithe spriocdhírithe ar EMIR 27 , a glacadh i mBealtaine 2017. Féachtar sa togra ceanglais áirithe EMIR a shimpliú agus iad a dhéanamh níos comhréirí chun costais iomarcacha do rannpháirtithe sa mhargadh a laghdú gan cur cur isteach ar an gcobhsaíocht airgeadais. Ba cheart a fhoráil sa togra seo mar sin go mbeidh tuilleadh dreasachtaí ann do rannpháirtithe sa mhargadh úsáid a bhaint as an imréiteach lárnach - rud a neartóidh arís tábhacht na gCPLanna laistigh den chóras airgeadais.

Ar an gceathrú dul síos, tá an togra seo comhsheasmhach leis an gcomhairliúchán i Márta 2017 arna sheoladh ag an gCoimisiún maidir le hoibríochtaí na nÚdarás Maoirseachta Eorpacha (ÚMEanna) 28 , d'fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht na nÚMEanna a neartú agus a fheabhsú.

Ar an gcúigiú dul síos, tá sé comhsheasmhach le taithí maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú forálacha tríú tír i reachtaíocht airgeadais an Aontais, mar a leagtar amach ina Dhoiciméad Inmheánach Oibre maidir le coibhéis uaidh 29 . Tugann an Doiciméad Inmheánach Oibre forbhreathnú fíorasach do phróiseas na coibhéise le tríú tíortha i reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais. Leagtar amach ann an taithí maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú forálacha tríú tír i reachtaíocht airgeadais an Aontais. Ina theannta sin, cuireann sé príomhghnéithe na coibhéise in iúl (e.g. feidhmiú cumhachtuithe, measúnú, faireachán ex-post) agus tugann sé níos mó soiléireachta ar chur chuige na dtascanna seo sa chleachtas.

Ar an séú dul síos, tá an togra seo comhsheasmhach le hobair atá ar siúl ar an leibhéal idirnáisiúnta i gcreat an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais (BCA) a bhfuil sé d'aidhm leis, le cois aidhmeanna eile: (i) úsáid imréitigh lárnaigh agus socruithe trasteorann idir dhlínsí a chur chun cinn chun cobhsaíocht an mhargaidh díorthach thar an gcuntar; (ii) cur i bhfeidhm comhsheasmhach na bPrionsabal do Bhonneagar na Margaí Airgeadais (PBMAanna) a cheap an Coiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta agus Bord na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrúis (IOSCO); (iii) faireachán ar chun feidhme athchóirithe G20 ar mhargaí díorthach (le Meitheal Díorthach thar an gCuntar an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais); Agus (iv) tuilleadh treoirlínte a cheapadh maidir le himréiteach CPLanna (Meitheal Imréitigh an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais).

1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Baineann an togra seo le hiarrachtaí reatha an Choimisiúin Aontas na Margaí Caipitil a fhorbairt a thuilleadh agus tá sé sé comhsheasmhach leo. Cuireadh béim ar an ngá a bhí le margaí caipitil an Aontais a fhorbairt agus a chomhtháthú a thuilleadh sa Teachtaireacht maidir le hAontas na Margaí Caipitil i Meán Fómhair 2016 30 . Féadfaidh tuilleadh cóineasaithe maoirseachta ar CPLanna ar leibhéal an Aontais tacú le margaí caipitil atá níos dlúithe agus níos comhtháite a fhorbairt, mar is gnéithe ríthábhachtacha iad CPLanna atá níos éifeachtúla agus níos athléimní do dhea-fheidhmiú Aontas na Margaí Caipitil. Chun go ndéanfar amhlaidh, iarrtar sa Teachtaireacht ar athbhreithniú lár an téarma ar AMC 31 , a ghlac an Coimisiún an 8 Meitheamh 2017, cumhachtaí ÚEUM a neartú chun éifeachtacht na maoirseachta comhleanúnaí a chur chun cinn in Aontas na hEorpa agus lasmuigh de. Os a choinne sin, dá thoradh sin, le teacht mhargaí airgeadais atá níos mó agus níos leachtaí atá intuigthe le haontas na margaí caipitil, déanfar níos mó idirbheart a imréiteach trí CPLanna agus méadófar ábharthacht shistéamach CPLanna. Sa mhéad go bhféadfadh méideanna níos mó a bheith ann agus na deiseanna le haghaidh arbatráiste rialála agus maoirseachta atá ann faoi láthair, tá gá le tuilleadh forbairtí ar an gcreat maoirseachta chun Aontas Margaí Caipitil láidir cobhsaí a áirithiú.

Ina theannta sin, tá an togra comhsheasmhach le Páipéar Machnaimh ón gCoimisiún maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú, a glacadh an 31 Bealtaine 2017 32 . Go háirithe, léirítear sa pháipéar machnaimh go bhfuil cur i gcrích fíor-Aontas airgeadais ríthábhachtach chun go mbeidh an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta éifeachtach agus cobhsaí. De réir an pháipéir, áirítear gnéithe atá faoi chaibidil cheana a chur chun cinn agus gealltanais a chomhlíonadh faoi Aontas na Margaí Caipitil. Cabhróidh an togra tacú le margaí caipitil atá níos dlúithe agus níos comhtháite a fhorbairt trí thuilleadh cóineasaithe maoirseachta ar CPLanna ar leibhéal an Aontais a áirithiú.

Trí dhul i ngleic le bagairtí ar fheidhmiú rianúil an chórais airgeadais atá ag teacht chun cinn, áirithítear sa togra freisin go leanfaidh margaí airgeadais de bheith ag déanamh a gcion le fás inbhuanaithe fadtéarmach a chothú agus leis an margadh inmheánach a dhoimhniú a thuilleadh ar mhaithe le tomhaltóirí agus gnóthais, rud atá mar chuid d'iarrachtaí an Choimisiúin chun tacú le hInfheistíochtaí, Fás agus Poist. 

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

2.1.Bunús dlí

Is é Airteagal 114 CFAE bunús dlí an togra seo agus is é bunús dlí EMIR agus Rialachán ÚEUM é freisin. San anailís a rinneadh mar chuid den tuarascáil measúnuithe tionchar, sainaithnítear eilimintí EMIR is gá a leasú chun cobhsaíocht fhoriomlán chóras airgeadais an Aontais a neartú agus an dóchúlacht atá íseal cheana féin (ach risoca mórthionchair amach is amach) go mbeidh riosca cliste CPL ann a ísliú tuilleadh agus na costais a laghdú a oiread is féidir do rannpháirtithe sa mhargadh. Ag comhreachtóirí amháin atá sé d'inniúlacht na leasuithe riachtanacha a dhéanamh. Is gá athruithe a dhéanamh ar Rialachán ÚEUM chun Seisiún Feidhmiúcháin na gCPLanna a chruthú a bhfuil de chúram orthu táscanna tábhachtacha faoi EMIR a chur i gcrích.

2.2.Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá EMIR ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. In EMIR leagtar amach an creat maoirseachta a bhaineann le CPLanna atá bunaithe san Aontas agus le CPLanna tríú tír a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil do chomhaltaí imréitigh nó d'ionaid trádála arna mbunú san Aontas. Faoi EMIR, bíonn ról tábhachtach ag an mBallstát ina bhfuil an CPL bunaithe sna socraithe maoirseachta. Mar sin féin, ní féidir le Ballstáit agus maoirseoirí náisiúnta réiteach a fháil go haontaobhach ar na rioscaí sistéamacha a bhaineann le CPLanna atá an-chomhtháite agus idirnasctha a fheidhmíonn ar bhonn trasteorann lasmuigh de raon feidhme dlínsí náisiúnta. Ina theannta sin, ní féidir leis na Ballstáit rioscaí a eascraíonn as cleachtais náisiúnta maoirseachta éagsúla a mhaolú leo féin. Ní féidir le Ballstáit agus le húdaráis náisiúnta aghaidh a thabhairt leo féin ar na rioscaí sistéamacha a bhaineann le CPLanna tríú tír do chobhsaíocht airgeadais an Aontais ar an iomlán.

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí EMIR, chun sábháilteacht agus éifeachtúlacht na gCPLanna a mhéadú trí cheanglais aonfhoirmeacha a leagan síos dá ngníomhaíochtaí, a bhaint amach go leordhóthanach ina naonar ach, dá bhrí sin, is fearr, de bharr fhairsinge na ngníomhaíochtaí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

2.3.Comhréireacht

Is é is aidhm don togra a áirithiú go gcomhlíonann socruithe maoirseachta EMIR an cuspóir chun riosca sistéamach a laghdú i margaí díorthach ar bhonn níos comhréirí agus níos éifeachtaí agus na costais a laghdú a oiread is féidir do rannpháirtithe sa mhargadh. Leagtar amach sa togra creat cuíchóirithe chun maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna arna núdarú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ina bhfuil róil agus freagrachtaí soiléirithe le haghaidh na núdarás agus na ninstitiúidí náisiúnta éagsúil go léir agus le haghaidh na ninstitiúidí éagsúla go léir de chuid an Aontais Eorpaigh a bhaineann le hábhar. Trí na socruithe maoirseachta a athchalabrú, beidh an togra ina chuidiú aghaidh a thabhairt ar ghné shistéamach trasteorann mhéadaitheach na gCPLanna agus freagrachtaí fioscacha údaráis an Bhallstáit a chaomhnú san am céanna ina bhfuil na CPLanna bunaithe. Ina theannta sin, tugtar cur chuige isteach sa togra lena gceadaítear do CPLanna tríú tír ceanglais EMIR a chomhlíonadh trína gcuid rialacha ionchomparáide náisiúnta féin a chomhlíonadh, rud a cheadóidh cur chuige comhréireach atá dírithe ar thábhacht shistéamach CPLanna tríú tíre do mhargaí an Aontais. San am céanna, ní dhéanann an togra níos mó ná mar is gá chun cuspóir EMIR a bhaint amach a bhaineann le riosca sistéamach a laghdú trí chritéir thrédhearcacha agus oibiachtúla a bhunú chun rioscaí CPLanna tríú tír i leith na cobhsaíochta airgeadais san Aontas Eorpach a shainaithint, faireachán a dhéanamh ar na rioscaí sin agus iad a mhaolú. Dá bhrí sin, beidh an togra seo ina chuidiú díreach i leith socruithe maoirseachta EMIR a dhéanamh níos comhréirí ar an iomlán. Mar an gcéanna, ní thugtar isteach sa togra ach leasuithe amháin atá spriocdhírithe ar Rialachán ÚEUM, nach dtéann thar a bhfuil riachtanach ionas gur féidir le ÚEUM na tascanna mar a chumhdaítear in EMIR iad a chur i gcrích.

2.4.An rogha ionstraime

Is Rialacháin iad EMIR agus an gníomh dlí lena mbunaítear ÚEUM araon agus is gá iad a leasú dá bhrí sin le hionstraim dlí den chineál céanna.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

3.1.Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

An tuarascáil ar an measúnú tionchair atá ag gabháil leis an togra seo, tá anailís déanta inti ar an méid a baineadh amach an cuspóir atá le socruithe maoirseachta EMIR atá ann cheana le haghaidh CPLanna atá bunaithe laistigh den Aontas agus lasmuigh de, mar atá cothrom iomaíochta a áirithiú i dtaca le seirbhísí CPL a sholáthar go héifeachtach éifeachtúil agus, san am céanna, a áirithiú gur seirbhísí comhleanúnacha, ábhartha iad a mbaineann breisluach ar leibhéal an Aontais leo. Is éard atá san anailís freisin léiriú ar thoradh dhá athbhreithniú piaraí maidir le feidhmiú na gcoláistí maoirseachta faoi EMIR, athbhreithnithe a rinne ÚEUM in 2015 33 agus in 2016 34 . Ina theannta sin, cuireann an anailís seo leis an measúnú atá déanta ag ÚEUM ar an gcóras coibhéise agus aitheantais tríú tír faoi EMIR, faoi mar atá i láthair na huaire, mar chuid de thuarascáil a d'ullmhaigh an Coimisiún i gcomhthéacs an athbhreithnithe a rinneadh ar EMIR 35 .

Maidir le héifeachtacht na socruithe maoirseachta de chuid EMIR is infheidhme maidir le CPLanna atá bunaithe san Aontas, is léir ar an taithí phraiticiúil a fuarthas gurbh fhéidir, a bhuí leis an gcomhar idir comhaltaí na gcoláistí mar atá faoin struchtúr reatha, gurbh fhéidir tuairimí mhaoirseoirí na ngníomhaithe éagsúla a bhí i mbun imréiteach lárnach a chur in iúl, rud a chuidigh leis an gcóineasú maoirseachta agus le cothrom iomaíochta a chur ar bun idir CPLanna atá bunaithe san Aontas, ar dhá chuspóir a leagadh síos iad sin. Mar sin féin, is údar imní é nach bhfuil an mhaoirseacht a dhéantar ar CPLanna comhsheasmhach ó Bhallstát go chéile agus is intuigthe as sin go bhfuil gá le cur chuige níos éifeachtaí i leith maoirseacht trasteorann a dhéanamh ar CPLanna. Go háirithe is mór idir méid an chomhair ó chomhalta na gcoláistí go chéile ag brath ar ról an choláiste i gceist sa phróiseas cinnteoireachta. Cé gur thug ÚEUM faoi deara, i rith an phróisis údarúcháin, "gur éascaigh na coláistí CPL an comhar sa dá threo tríd is tríd: ar thaobh amháin, fuair na húdaráis inniúla náisiúnta sin ag a bhfuil feidhm chathaoirligh, fuair siad ionchur fónta cuiditheach ó chomhaltaí an choláiste, agus cuireadh an tionchur sin san áireamh sa mheasúnú riosca a rinne siad; agus, ar an taobh eile, fuair comhaltaí an choláiste an teolas a bhí uathu chun vóta a chaitheamh faoi ghlacadh na comhthuairime." 36 , is lú an leibhéal comhair a bhíonn ann nuair nach mbíonn gá leis an gcomhthuairim sin. Dá bhrí sin, feictear d'ÚEUM "go bhfuil an baol ann i ndiaidh chéim an údarúcháin nach mbeidh sna coláistí CPL ach sásra malartaithe faisnéise in ionad uirlis éifeachtach maoirseachta." Lena chois sin, tá an méid seo a leanas le baint as na réamhbharúlacha: (i) nach ionann an leibhéal rannpháirtíochta ó chomhalta na gcoláistí go chéile ina gcuid plé; agus (ii) go bhfuil difear suntasach le sonrú i gcur chuige maoirseachta na núdarás inniúil náisiúnta éagsúil fiú amháin sna cásanna sin lena mbaineann CPLanna inchomparáide. Níorbh fhéidir an deacracht sin a réiteach de thairbhe ÚEUM a chur teimpléid choiteanna ar fáil chun tacú leis an gcóineasú maoirseachta idir údaráis inniúla náisiúnta óir ní hionann an chaoi a ndéanann gach údarás díobh sin a lánrogha a fheidhmiú. Mar sin, d'fhéadfaí tuilleadh feabhais a chur ar an scéal chun treisiú lena chomhsheasmhaí atá an mhaoirseacht a dhéantar ar CPLanna ar leibhéal an Aontais, chun gur fearr an cothrom iomaíochta a bheidh san Aontas agus chun cóineasú maoirseachta níos éifeachtaí a bhaint amach.

I dtaca le héifeachtacht na maoirseachta a dhéantar ar CPLanna tríú tír, ceadaíodh d'ÚEUM faoi na socruithe atá ann i láthair na huaire 28 CPL tríú tír a aithint chun seirbhísí imréitigh a chur ar fáil do chontrapháirtithe de chuid an Aontais. Tá an méid sin i gcomhréir le cuspóir G20 socruithe trasteorann a chur chun cinn. San am céanna, bhí an chuid is mó dár thug freagra ar chomhairliúchán EMIR (cuideachtaí de chuid na hearnála airgeadais agus comhlachais tionsclaíochta den chuid ba mhó), bhí siad den tuairim gurbh é a tháinig den chóras coibhéise atá ag EMIR le haghaidh CPLanna tríú tír gur déine na ceanglais maidir le CPLanna atá bunaithe san Aontas ná na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír, rud a fhágann míchothrom iomaíochta ann a dhéanann dochar do na CPLanna atá bunaithe san Aontais. Tharraing ÚEUM aird freisin ar an dóigh a bhfuil cur chuige EMIR i leith CPLanna tríú tír an-solúbtha, agus é ag brath go hiomlán ar rialacha tríú tír agus socruithe maoirseachta tríú tír; i dtaca le formhór na ndlínsí tríú tír, áfach, measann siad gur bonneagair iad na CPLanna tríú tír a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo agus is mó an grinnscrúdú a dhéanann siad orthu dá bharr sin. Ag seo an táiteamh a bhí ag ÚEUM: cé go bhféadfaí cur chuige EMIR mar atá faoi láthair a bheith ina eiseamláir i dtaca le hiontaoibh fhrithpháirteach de, b'fhéidir sin a chur i mbaol dá leanfadh an tAontas de bheith ar an aon dlínse amháin atá ag brath go mór ar rialacha tríú tír agus ar údaráis tríú tír agus ní le leas CPLanna atá bunaithe san Aontas é sin.

I dtaca le héifeachtúlacht de, thacaigh an chuid is mó dár thug freagra ar chomhairliúchán EMIR leis an gcuspóir cothrom iomaíochta idir CPLanna atá bunaithe san Aontas a áirithiú trí chur i bhfeidhm aonchineálach EMIR a chur chun cinn. San am céanna, thug siad suntas d'fhad na bpróiseas formheasa agus chuir siad i bhfios go bhféadfadh an túdarás inniúil náisiúnta, i gcásanna áirithe, amlíne an fhormheasa a chur siar ar feadh tréimhse éiginnte, rud as a dtiocfadh éiginnteacht dhlíthiúil. Léirigh freagróirí áirithe freisin an gá atá le breis trédhearcachta maidir le feidhmiú na gcoláistí, ní hamháin mar a bhaineann an trédhearcacht sin le CPLanna d'fhonn próisis a údaraithe agus a fadaithe seirbhísí ach mar a bhaineann sin le lucht úsáide CPLanna freisin d'fhonn léiriú níos fearr a thabhairt dóibh ar an bpróiseas údarúcháin agus a iarmhairtí. Ar a bharr sin, d'iarr roinnt údarás agus rannpháirtithe tionsclaíochta mar aon le hoibreoirí bonneagair margaidh breis soiléireachta i dtaca leis an bpróiseas agus an tráthchlár a bhaineann le húdarú agus fadú na seirbhísí a chuireann CPLanna ar fáil. Mhol na freagróirí go ndéanfaí modúlachtaí an phróisis coláiste a shoiléiriú faoi EMIR, go háirithe na róil agus na freagrachtaí atá ag comhaltaí na gcoláistí éagsúla. Dá bhrí sin, d'fhéadfaí tuilleadh feabhais a chur ar an scéal, go háirithe mar a bhaineann sin le maoirseacht a dhéanamh ar bhonn níos cuíchóirithe ar CPLanna atá bunaithe san Aontas. D'fhéadfadh sin a bheith ina chuidiú chun comhoibriú ní b'éifeachtúla idir na maoirseoirí náisiúnta agus maoirseoirí an Aontais a chothú agus d'fhágfadh sin nach mbeadh dúbailt ann maidir le cúraimí maoirseachta agus gur lú an méid ama agus acmhainní ab éigean a bheith in áirithe ina gcomhair.

Maidir leis an córas maoirseachta atá ann faoi láthair le haghaidh CPLanna tríú tír, chuir na comhlachais tionsclaíochta sin a thug freagra ar an gcomhairliúchán a rinneadh faoi EMIR, chuir siad in iúl go dtógann sé an iomad ama ar an gCoimisiún a mheasúnuithe coibhéise a thabhairt chun críche. Chuir ÚEUM roint ábhar imní in iúl faoi éifeachtúlacht próisis aitheanta CPLanna tríú tír. Ar an gcéad dul síos, d'áitigh sé go raibh an próiseas dolúbtha agus gur bhain ualach mór leis, faoi mar is léir ar líon teoranta na gcinntí aitheantais a rinneadh in 2015. Ar an dara dul síos, tharraing sé aird ar an ualach trom riaracháin a fhágtar ar ÚEUM de dhroim CPLanna tríú tír a aithint.

I dtaca le hábharthacht, tá socruithe maoirseachta EMIR ina ndlúthchuid i gcónaí de na hiarrachtaí idirnáisiúnta ar chobhsaíocht mhargadh na ndíorthach thar an gcuntar a mhéadú agus éascaíonn siad na socruithe urraime trasteorann idir dlínsí. Áirithíonn socruithe maoirseachta EMIR freisin go leanfaidh margaí airgeadais de bheith ag déanamh a gcion le fás inbhuanaithe fadtéarmach a chothú agus leis an margadh inmheánach a dhoimhniú a thuilleadh ar mhaithe le tomhaltóirí agus gnóthais, rud atá ina chuid d'iarrachtaí an Choimisiúin ar thacú le hinfheistíochtaí, fás agus poist.

Mar a thuairiscítear i Roinn 2.4 den tuarascáil ar an measúnú tionchair atá ag gabháil leis an Togra seo, tá socruithe maoirseachta EMIR comhsheasmhach le píosaí eile de reachtaíocht an Aontais arb é is aidhm leo: (i) aghaidh a thabhairt ar thábhacht shistéamach na CPLanna; (ii) úsáid an imréitigh lárnaigh a chur chun cinn a thuilleadh, agus (iii) cur le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na maoirseachta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, laistigh den Aontas agus lasmuigh de.

Ar deireadh, maidir leis an mbreisluach ar leibhéal an Aontais, líon socruithe maoirseachta EMIR bearna a bhí ann trí shásra nua a thabhairt isteach lena néascaítear an cóineasú maoirseachta ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sistéamacha a bhaineann le CPLanna a thabhairt seirbhísí imréitigh do chontrapháirtithe an Aontais.

3.2.Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Leis an togra seo cuirtear le roinnt comhairliúchán poiblí.

Ar an gcéad dul síos, cuirtear san áireamh ann tuairimí páirtithe leasmhara agus údarás poiblí tar éis foilsiú teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le bonneagair chriticiúla de chuid an mhargaidh airgeadais agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Aontas na Margaí Caipitil, 4 Bealtaine 2017 37 . Bhí an Coimisiún den tuairim, i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann le himréiteach díorthach, go mbeadh gá le tuilleadh athruithe chun an chobhsaíocht airgeadais a áirithiú, chun sábháilteacht agus fóntacht na CPLanna lena mbaineann ábharthacht shistéamach i gcomhair margaí airgeadais ar fud an Aontais a áirithiú agus chun tacú le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Aontas na Margaí Caipitil.

Ar an dara dul síos, tá an togra bunaithe ar bharúlacha faoi mhaoirseacht ar EMIR agus maoirseacht ar CPLanna a tugadh mar chuid den chomhairliúchán maidir le hoibríochtaí ÚMEanna a bhí ar oscailt ón 21 Márta go dtí an 17 Bealtaine 2017. Rinneadh iarracht sa chomhairliúchán forléargas ní ba shoiléire a thabhairt ar na réimsí ina bhféadfaí éifeachtacht agus éifeachtúlacht na nÚMEanna a neartú agus a fheabhsú 38 .

Ar an tríú dul síos, déantar barúlacha faoin gcóineasú maoirseachta a tháinig as an gcomhairliúchán maidir le hathbhreithniú meántéarma ar Aontas na Margaí Caipitil a mheas sa togra, ar comhairliúchán é a bhí ar oscailt ón 20 Eanáir 2017 go dtí an 17 Márta 2017 39 . Sa chomhairliúchán iarradh a dtuairim ar na páirtithe leasmhara faoi gcaoi a bhféadfaí clár Aontas na Margaí Caipitil, mar atá i láthair na huaire, a thabhairt cothrom le dáta agus chun críche ionas gur creat láidir beartais a bheidh ann chun margaí caipitil a fhorbairt. Tugadh 178 bhfreagra ar an gcomhairliúchán.

Ar an gceathrú dul síos, cuirtear san áireamh sa togra aighneachtaí a bhaineann le socruithe maoirseachta EMIR mar chuid den chomhairliúchán maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar EMIR a bhí ar oscailt ó Bhealtaine go Lúnasa 2015. Cuireadh corradh le 170 aighneacht ó réimse leathan páirtithe leasmhara agus údarás poiblí chuig an gcomhairliúchán sin 40 .

Tríd is tríd chuir na freagróirí in iúl go gcuidíonn na socruithe maoirseachta EMIR atá ann faoi láthair le sábháilteacht agus fóntacht na CPLanna atá bunaithe san Aontas a mhéadú, agus go raibh tacaíocht ann i gcoitinne don ról atá ag coláistí na maoirseoirí. Luaigh na freagróirí freisin gur le déanaí a tháinig formhór cheanglais EMIR i bhfeidhm agus go mbeadh sé róluath cuimhneamh ar leasú ó bhonn a dhéanamh ar an mbonneagar maoirseachta atá ann faoi láthair dá bhrí sin. Chuir freagróirí, go háirithe na húdaráis phoiblí, i bhfios gur cheart, i bhfianaise na gcineálacha éagsúla CPLanna atá ag oibriú i láthair na huaire (CPLanna áitiúla seachas trasteorann), gur cheart baint ghníomhach a bheith ag na húdaráis inniúla náisiúnta leis an maoirseacht. Os a choinne sin, chuir go leor freagróirí i bhfios freisin go bhfuil ábharthacht shistéamach trasteorann ag baint le hoibríochtaí CPLanna agus leag siad béim ar an ngá atá leis an maoirseacht a dhéanamh ar leibhéal eile seachas an leibhéal náisiúnta. Luaigh formhór na bhfreagróirí go bhfuil siad i bhfách le breis cóineasaithe maoirseachta ar leibhéal an Aontais a mhéid a bhaineann sin le maoirseacht CPLanna, agus chuir siad in iúl go bhfuil an córas atá i bhfeidhm faoi láthair ilroinnte agus neamhéifeachtúil. Ar na fáthanna ar cheart cumhachtaí maoirseachta ar leibhéal an Aontais a leathnú dár luaigh freagróirí bhí an ghníomhaíocht trasteorann a bheith ag dul i méid, tábhacht shistéamach na CPLanna agus rochtain ar leachtacht sa limistéar Euro. Ar a shon sin, má táthar ag cuimhneamh ar chumhachtaí díreacha maoirseachta ar leibhéal an Aontais a leathnú go gcumhdóidh siad CPLanna an Aontais agus CPLanna tríú páirtí, thug na freagróirí rabhadh uathu gur cheart an leathnú sin a bheith i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, go háirithe óir nach mbeadh a ndóthain acmhainní ag aon struchtúr de chuid an Aontais chun freastal ar CPL a bhfuil ag cliseadh air dá laghad an riosca a d'fhéadfadh a bheith ag baint lena leithéid de theagmhas. Ar deireadh, leag roinnt freagróirí, ÚEUM san áireamh 41 , béim ar an ngá atá le feabhas a chur ar an gcreat atá ann faoi láthair le haghaidh CPLanna tríú tír.

3.3.Measúnú tionchair

Rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais ábhartha. Rinneadh na roghanna beartais a mheas i dtaca leis na príomhchuspóirí sábháilteacht agus éifeachtúlacht na CPLanna a bhfuil ábharthacht shistéamach ag baint leo do mhargaí an Aontais a choimirciú agus an chobhsaíocht airgeadais a fheabhsú ach gan an córas domhanda a ilroinnt níos mó ná mar is gá.

D'fhormheas an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an tuarascáil ar an measúnú tionchair an 2 Meitheamh 2017. Tíolacadh don Bhord í an 22 Bealtaine agus rinne an Bord roinnt moltaí maidir le feabhsuithe trí nós imeachta i scríbhinn. Dá bhrí sin, atíolacadh an measúnú tionchair don Bhord an 30 Bealtaine. Is iad seo a leanas na hathruithe a tugadh isteach sa mheasúnú tionchair chun na moltaí ón mBord a chur san áireamh:

1. Rioscaí sistéamacha faoi leith a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach: Tuilleadh cur síos a dhéanamh ar na hathruithe a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach sa roinn ar an gcás bunlíne atá mar chuid den chaibidil ar na roghanna beartais.

2. An rogha bheartais thosaíochta chun rioscaí a bhaineann le CPLanna tríú tír a mhaolú: Cur síos níos mionsonraithe a dhéanamh ar an gcaoi phraiticiúil a noibreodh rogha 3 a bhaineann le maoirseacht bunaithe ar chritéir nó ar thairseacha, ar an gcaoi phraiticiúil a noibreodh sí i gcás CPLanna tríú tír, ag brath ar na rioscaí don Aontas a ghabhfadh leo.

3. Tionchar na roghanna beartais tosaíochta ar na rioscaí sistéamacha: Cur síos níos mionsonraithe a dhéanamh ar ról na mBanc Ceannais Eisiúna (BCE) maidir le CPLanna an Aontais agus CPLanna nach den Aontas iad. Soiléiriú a thabhairt go mbeadh an trádmhalartú idir an tualach maoirseachta agus an chobhsaíocht airgeadais comhréireach le neamhchosaint an Aontais ar rioscaí a ghabhann le CPLanna tríú páirtí. Dearbhú a thabhairt go laghdódh beartas suí spriocdhírithe a bhfuil de chostais ann a oiread is féidir.

4. Saincheisteanna eile: (i) soiléiriú a thabhairt ar an gcaoi a noibreodh an próiseas cinnteoireachta le linn an tSeisiúin Feidhmiúcháin i gcomórtas le próiseas cinnteoireachta na gcoláistí atá ann faoi láthair; (ii) sainmhíniú a thabhairt ar na cuspóirí oibríochtúla sa chaibidil ar an bhfaireachán agus ar an meastóireacht; agus (iii) tuilleadh mínithe a thabhairt ar an bhfáth nach ndéantar aon mheastóireacht fhoirmiúil ar CPLanna an Aontais i bhfoirm Iarscríbhinne atá ag gabháil leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair.

Baineann na roghanna a measadh sa mheasúnú tionchair le leasuithe spriocdhírithe ar shocruithe maoirseachta EMIR a bhaineann le CPLanna atá bunaithe san Aontas agus le CPLanna tríú tír a bhfuil a seirbhís á gcur ar fáil acu do chontrapháirtithe an Aontais nó ar toil leo sin a dhéanamh. Chun na cuspóirí a bhaint amach atáthar a iarraidh, sainaithníodh roinnt roghanna beartais tosaíochta:

·Chun feabhas a chur ar an maoirseacht a dhéantar ar CPLanna atá bunaithe san Aontas, ba cheart na socruithe maoirseachta atá i bhfeidhm faoi láthair a chuíchóiriú agus tuilleadh láraithe a dhéanamh orthu trí shásra maoirseachta Eorpach a bhunú, rud a d'áiritheodh an ról is iomchuí a bheith ag údaráis náisiúnta, ag bainc cheannais eisiúna agus ag ÚEUM laistigh de raon feidhme a bhfreagrachtaí. A bhuí leis sin, cuirfear le comhleanúnachas na socruithe maoirseachta i gcás CPLanna atá bunaithe san Aontas trí chothrom iomaíochta idir CPLanna Eorpacha a chothú mar aon le cur chuige aonchineálach i dtaca leis an gcaoi a gcuirtear EMIR i bhfeidhm ar fud an Aontais a chur chun cinn agus áiritheofar go leanfar de réimsí sonracha na freagrachta maoirseachta agus na freagrachta fioscaí náisiúnta lena mbaineann a ailíniú ar bhonn leordhóthanach. Cuideoidh sin le costais a laghdú ar an leibhéal institiúideach trí fhorluí maoirseachta a sheachaint idir údaráis agus ar leibhéal na CPLanna trína gcreat maoirseachta a shimpliú agus tríd an riosca a mbeidh dúbailt maoirseachta ann a theorannú.

·Chun feabhas a chur ar na socruithe maoirseachta laistigh den Aontas atá ceaptha na rioscaí a bhaineann le CPLanna tríú tír a mhaolú, tugtar le fios sa tuarascáil ar an measúnú tionchair go bhféadfadh ÚEUM agus na BCEanna ábhartha CPLanna tríú tír a chur faoi réir 'scála aistritheach' de cheanglais bhreise mhaoirseachta bunaithe ar chritéir nó tairseacha oibiachtúla. Bheadh méid agus déine na maoirseachta ar leibhéal an Aontais comhréireach agus bheidís ag brath ar na rioscaí don Aontas a bhaineann le CPLanna tríú tír. D'fhéadfaí critéir nó tairseacha éagsúla a leagan síos, mar atá: bheadh CPLanna ísealtionchair (CPLanna ar Leibhéal 1) faoi réir chur chun feidhme leanúnach chóras coibhéise agus aitheantais EMIR agus bheadh CPLanna meántionchair go mórthionchair (CPLanna ar Leibhéal 2) faoi réir scála aistritheach de cheanglais bhreise mhaoirseachta, lena náirítear, ag ceann an speictrim, ceanglas údarúcháin agus bunaíochta de chuid an Aontais a mbeadh aon CPL tríú tír lena ngabhfadh neamhchosaint shubstainteach ar riosca don Aontas agus do chobhsaíocht an chórais airgeadais le cur faoina réir.

·A bhuí leis an scála aistritheach sin de cheanglais mhaoirseachta beifear in ann maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna ar bhonn comhréireach cothrom agus aon riosca sistéamach lena mbaineann a mhaolú gan an córas domhanda a ilroinnt go rómhór agus gan costas as cuimse a chur ar rannpháirtithe sa mhargadh. Cuideofar dá bhíthin sin le feabhas a chur ar na sásraí lena dtugann maoirseoirí agus BCEanna de chuid an Aontais aghaidh ar na rioscaí a bhaineann le CPLanna tríú páirtí, áiritheofar cothrom iomaíochta idir CPLanna atá bunaithe san Aontas agus CPLanna tríú tír agus déanfar foráil maidir le feabhas a chur ar fhorfheidhmiú agus comhlíontacht leanúnach CPLanna tríú tír. Cé go bhféadfadh an rogha seo costais bhreise áirithe a thionscnamh ar an leibhéal institiúideach agus ar leibhéal na CPLanna tríú tír, agus, ar deireadh thiar, ar rannpháirtithe sa mhargadh, ní foláir na costais sin a mheas i gcomparáid leis na gnóthachain a bheadh ann de thoradh rioscaí sistéamacha a mhaolú, fiú amháin mura furasta an rud é an sochar cruinn airgeadaíochta a leanann maolú rioscaí sistéamacha a mheas roimh ré.

Is éard is aidhm don phacáiste de roghanna atá molta, socruithe maoirseachta soiléire comhsheasmhacha i gcomhair CPLanna atá bunaithe san Aontais agus CPLanna tríú tír a bhunú.

Cuirtear san áireamh sa mheasúnú tionchair freisin costais fhoriomlána agus sochair fhoriomlána na roghanna tosaíochta, d'fhonn na costais chomhlíontachta agus an tualach comhlíontachta ar rannpháirtithe sa mhargadh a mheas. Cuirtear i láthair sa chéad roinn eile an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta atá molta.

3.4.Oiriúnacht rialála agus simpliú

Cé gurb é is cuspóir ginearálta do EMIR an riosca sistéamach a mhaolú trí shábháilteacht agus éifeachtúlacht na CPLanna a mhéadú, is é is aidhm don tionscnamh seo an mhaoirseacht ar CPLanna a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus, de thoradh cur chuige comhréireach atá bunaithe ar mheasúnú riosca críochnúil, an tualach rialála agus comhlíontachta ar rannpháirtithe sa mhargadh a laghdú. Tá sin i gcomhréir le Clár Oibre an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr.

Leis an tionscnamh seo neartófar na socruithe maoirseachta i dtaca le CPLanna atá bunaithe san Aontas (chun aghaidh a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil méadú seasta ag teacht ar a méid, a gcomhtháthú, a ndlús agus a nidirnascthacht) agus beidh ar chumas údaráis an Aontais faireachán níos fearr a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le neamhchosaint an Aontais ar CPLanna tríú páirtí agus na rioscaí sin a mhaolú. Cuideoidh sin leis an riosca go gclisfidh ar CPL a mhaolú, ar riosca (mórthionchair amach is amach) é a bhfuil dóchúlacht íseal leis cheana, agus atreiseoidh sé cobhsaíocht fhoriomlán chóras airgeadais an Aontais i gcoitinne. Leis an gcreat feabhsaithe maoirseachta cuirfear leis an deimhneacht dhlíthiúil agus eacnamaíoch i gcoitinne. Cé go bhféadfadh costais eacnamaíocha atá le híoc roimh ré a bheith ag roinnt leis an gcreat, tá mórchuid fianaise eimpírí againn de dhroim na géarchéime airgeadais in 2007–8 ar an tairbhe a bhaineann le géarchéim a sheachaint trí na socruithe maoirseachta is éifeachtaí is féidir a chur i bhfeidhm.

Baineann teorainneacha le costais a leanann na roghanna tosaíochta a mheas ós rud é go mbaineann an dá fhadhb sin le maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna. Cé gur féidir na costais bhreise nó athstruchtúrú na gcostas a thitfidh ar an Aontas nó ar na húdaráis náisiúnta (e.g. le haghaidh acmhainní agus cúraimí breise) a chainníochtú, ní féidir an tionchar ar rannpháirtithe sa mhargadh a mheas go díreach; ba ghá sin a bhunú ar hipitéisí, rud a d'fhágfadh go mbeadh amhras ann fúthu. Ar a bharr sin, ós rud é go bhfuil an rogha thosaíochta le haghaidh CPLanna tríú tír bunaithe ar scála aistritheach de cheanglais mhaoirseachta, bheadh na costais lena mbaineann CPL-sonrach agus iad ag brath ar an tionchar ar an Aontas a bheadh ag gníomhaíochtaí na CPLanna atá faoi maoirseacht nó a bhfuil aitheantas acu. Os a choinne sin, is féidir foinse na gcostas féideartha nó na néifeachtúlachtaí le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh a shainaithint.

Deiseanna an rialáil a shimpliú agus costais a laghdú

Is éard is aidhm don tionscnamh seo an creat maoirseachta le haghaidh CPLanna atá bunaithe san Aontas a chuíchóiriú agus treisiú leis an maoirseacht a dhéantar ar CPLanna tríú tír. Ach an obair mhaoirseachta a lárú ar leibhéal an Aontais trí shásra maoirseachta Eorpach, cuirfidh an tionscnamh seo deireadh leis an dúbailt cúraimí idir na húdaráis náisiúnta. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcruthófaí barainneachtaí scála ar leibhéal an Aontais agus gur lú an gá a bheadh le hacmhainní tiomnaithe ar an leibhéal náisiúnta.

Chomh fada le rannpháirtithe sa mhargadh, ba cheart, den chuid ba mhó, go mbeadh sé de thairbhe ag CPLanna ualach riaracháin níos lú a bheith orthu agus gan ach pointe iontrála amháin ann i dtaca le maoirseacht trasteorann ar leibhéal an Aontais.

An tionchar ar rannpháirtithe sa mhargadh (lena náirítear FBManna)

Maidir le maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna atá bunaithe san Aontas, níltear ag súil leis, faoin rogha thosaíochta, go mbeidh tionchar suntasach ar chostas an imréitigh ag na hathruithe atá molta, cibé acu le comhaltaí imréitigh nó a gcliaint siúd nó le cliaint indíreacha a bhaineann sin. D'fhéadfadh sé go mbeadh ar CPLanna táillí maoirseachta a íoc chun an sásra Eorpach a mhaoiniú. Bheadh na táillí sin i gcomhréir lena ngníomhaíocht, áfach, agus ní bheadh i gceist leo ach codán fíorbheag dá láimhdeachas. Cé go bhféadfaí na costais sin a chur ar aghaidh chuig an margadh, ní bheadh iontu ach costais choigeartúcháin íosta.

Maidir le maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna tríú tír, faoin rogha thosaíochta, thiocfadh na costais sin chun cinn, den chuid ba mhó, dá ndéanfaí ceanglais údarúcháin agus bunaíochta de chuid an Aontais a thionscnamh mar chuid den scála aistritheach de cheanglais mhaoirseachta. Cé is moite den cheanglas suí, i gcás CPLanna ar Leibhéal 1 agus CPLanna ar Leibhéal 2, ba mhar a chéile cuid mhaith a ndálaí siúd agus dálaí na CPLanna atá bunaithe san Aontas, agus bheadh táillí teoranta maoirseachta ann chun an sásra Eorpach a mhaoiniú. Ní fhágfadh sin ach costais theoranta bhreise ar rannpháirtithe sa mhargadh.

Beidh gá le croílíon foirne chun an sásra maoirseachta Eorpach a chur ar bun agus a oibríochtú d'fhonn na gnóthaí laethúla a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar na 17 CPL atá bunaithe san Aontas i láthair na huaire a chur i gcrích. Á ghlacadh leis go naithneofar ar deireadh thiar na CPLanna tríú tír uile a bhfuil aitheantas á lorg acu, d'fhágfadh sin tuairim agus 40 CPL tríú tír faoi inniúlacht an tSeisiúin Feidhmiúcháin – cibé acu ar bhonn indíreach trí mhaoirseacht agus malartú faisnéise (i.e. CPLanna ar Leibhéal 1) nó, sa bhreis air sin, trí mhaoirseacht níos dírí a dhéanamh ar CPLanna ar Leibhéal 2 a mbaineann rioscaí leo a d'fhéadfadh a bheith níos suntasaí.

Mar sin, á chur san áireamh líon na CPLanna tríú tír a bhfuil maoirseacht le déanamh orthu ar bhonn indíreach nó díreach agus cineál agus castacht na gcúraimí atá le comhlíonadh i gcás CPLanna ar Leibhéal 1 agus ar Leibhéal 2 faoi seach, meastar go dteastóidh tuairim agus 49 mball foirne i gcoibhéis lánaimseartha. Ar an iomlán, ba cheart go mbeadh tuairim agus € 7 milliún in aghaidh na bliana de chostais bhreise ann de thairbhe na roghanna tosaíochta le haghaidh maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna.

Cé is moite de chostais a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh, formhór na gcostas a thitfeadh ar chontrapháirtithe imréitigh (comhaltaí imréitigh agus a gcliaint siúd) is amhlaidh a bhainfidís le ceanglas údarúcháin agus bunaíochta de chuid an Aontais a thabhairt isteach le haghaidh CPLanna ar Leibhéal 2 ar ceanglais shistéamacha iad den chuid is mó. Cúinsí dlíthiúla agus oibríochtúla a spreagfadh na costais sin chomh maith le hilroinnt an mhargaidh, i gcás nach ndéanfaí iad a chalabrú mar ba cheart, agus na hiarmhairtí don leachtacht mhargaidh agus do phraghsanna forghníomhúcháin. Bheadh coigeartuithe dearfacha nó diúltacha ar éifeachtúlachtaí éarlaisí ag brath den chuid ba mhó ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh CPLanna atá bunaithe san Aontas a chur in ionad CPLanna tríú tír. Tá cur síos mionsonraithe ar spreagthaí na gcostas sin faoi Roinn 5.3 den tuarascáil ar an measúnú tionchair atá ag gabháil leis an togra seo.

Ina theannta sin, d'fhéadfadh tionchar a bheith ag beartas suí nach mbeadh curtha in oiriúint do riosca sistéamach an CPL tríú tír, arna shainiú de réir critéir oibiachtúla, d'fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar chostais an imréitigh, ar an rochtain ar imréiteach díreach do chliaint comhaltaí imréitigh (lena náirítear contrapháirtithe neamhairgeadais agus contrapháirtithe beaga airgeadais) agus, mar sin, ar an gcumas rioscaí do chontrapháirtithe a fhálú.

Mar sin féin, ní foláir sin a mheas i gcomórtas leis na tairbhí a bhaineann le cosc géarchéime níos fearr. Ar an iomlán, beidh tairbhe ann do FBManna agus do mhicrifhiontair a bhuí le cobhsaíocht mhéadaithe na CPLanna agus toisc go leanfaidh a bpríomhfheidhmeanna criticiúla de bheith ag oibriú i gcás ina dtarlóidh géarchéim amach anseo ba chionsiocair lena nanás nó lena gcliseadh. Ba cheart gur lú fós an dóchúlacht go bhféadfadh géarchéim den sórt sin tarlú má chuirtear feabhas ar chumas na núdarás ábhartha san Aontas carnadh rioscaí sistéamacha a bhaineann le CPLanna laistigh den Aontas a chosc agus scaipeadh an anáis dhochraigh airgeadais trí CPLanna tríú tír a mhaolú. Dá thoradh sin, is lú freisin an fhéidearthacht go mbeidh drochthorthaí iarmhartacha ar ghéarchéim san earnáil airgeadais – e.g. ullmhacht laghdaithe agus/nó cumas laghdaithe na hearnála baincéireachta chun maoiniú a chur ar fáil don fhíorgheilleagar, cúluithe eacnamaíochta etc. – agus is féidearthacht í sin a fhágann rian láidir go minic ar FBManna agus ar a gcumas chun maoiniú a fháil.

Ina cheann sin, trí shocruithe maoirseachta a shoiléiriú don Aontas agus do CPLanna tríú tír araon, agus in éineacht le tionscnamh de chuid REFIT ón gCoimisiún a rinneadh go deireanach faoi EMIR, tionscnamh a bhaineann le costais iomarcacha ar chontrapháirtithe beaga a laghdú, ba cheart go gcuideodh an togra le húsáid an imréitigh lárnaigh a chur chun cinn a thuilleadh agus le cumas na FBManna rochtain a fháil ar ionstraimí airgeadais a éascú, d'fhonn a nidirbhearta a fhálú nó d'fhonn infheistiú a dhéanamh. Éascóidh an togra dá bhrí sin tuilleadh idirbheart trasteorann laistigh den Aontas agus cuirfidh sé chun cinn margadh CPLanna de chuid an Aontais atá éifeachtúil agus iomaíoch, agus ar an gcaoi sin cuirfidh sé le cuspóirí Aontas na Margaí Caipitil.

Tionchar ar bhuiséad an Aontais

Tríd is tríd, na hathruithe atá beartaithe le haghaidh na maoirseachta ar CPLanna an Aontais ní bheadh aon tionchar acu ar bhuiséad an Aontais, óir dhéanfaí aon chostais bhreise amhail acmhainní breise le haghaidh an tsásra Eorpaigh, dhéanfaí iad a chumhdach trí tháillí maoirseachta a bhailiú ó CPLanna. Ba cheart, áfach, go rachadh na hathruithe sin chun tairbhe do na rannpháirtithe uile sa mhargadh agus do na Ballstáit go léir ós rud é gur cheart margadh imréitigh níos sábháilte a bheith san Aontas de thoradh na nathruithe sin. Tá plé déanta sna ranna thíos ar cheisteanna eile a bhaineann leis an tionchar airgeadais a bheidh ann de thoradh an mhaoirseacht a dhéantar ar CPLanna laistigh den Aontas a neartú.

Ar an dóigh chéanna, na hathruithe atá beartaithe chun na rioscaí a bhaineann le CPLanna tríú tír a mhaolú, ní bheadh aon tionchar ach oiread acu ar bhuiséad an Aontais, óir dhéanfaí aon acmhainní breise le haghaidh an tsásra Eorpaigh a mhaoiniú freisin trí tháillí maoirseachta a bhailiú ó CPLanna tríú tír. Rachadh sin chun tairbhe don Aontas, áfach, toisc go laghdódh sé an dóchúlacht go dtabharfaí rioscaí cobhsaíochta airgeadais isteach san Aontas agus go náiritheodh sé go mbeadh contrapháirtithe de chuid an Aontais a mbíonn idirbhearta ar siúl acu le CPLanna tríú tír ag oibriú i dtimpeallacht shábháilte, rud a chuideodh le margaí domhanda láidre cobhsaí a chur chun cinn.

3.5.Cearta bunúsacha

Tá an tAontas tiomanta d'ardchaighdeáin i dtaca le cosaint na gceart bunúsach agus tá raon leathan de choinbhinsiúin maidir le cearta an duine sínithe aige. Sa chomhthéacs seo, ní dócha go mbeidh tionchar díreach ag an togra ar na cearta seo, a liostaítear i bpríomhchoinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá mar dhlúthchuid de Chonarthaí an Aontais, agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Maidir leis na hathruithe atá beartaithe chun feabhas a chur ar an maoirseacht a dhéantar ar CPLanna an Aontais agus chun na rioscaí a bhaineann le CPLanna tríú tír a mhaolú, níltear ag súil leis go mbeidh tionchar acu ar bhuiséad an Aontais.

D'fhéadfadh sé go mba ghá méadú a dhéanamh ar na hacmhainní atá beartaithe ag ÚEUM i gcás ina mbeadh cúraimí breise air, cuir i gcás próiseáil a dhéanamh ar chlárú CPLanna tríú tír agus an mhaoirseacht leanúnach a dhéantar orthu. Os a choinne sin, dhéanfaí aon chostais bhreise ar bhuiséad an Aontais a mhaolú trí shásraí lena méadófaí maoiniú an tsásra Eorpaigh, mar shampla táillí a bhailiú ó CPLanna atá bunaithe san Aontas agus ó CPLanna tríú tír ar a ndéanfadh sé maoirseacht go díreach.

Léirítear tionchar airgeadais agus buiséadach an togra sa ráiteas airgeadais reachtach atá ag gabháil leis an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

5.1.Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Áirítear sa togra ceanglas ina luaitear gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar EMIR ina iomláine, agus béim á leagan go háirithe ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na socruithe maoirseachta atá molta chun cuspóir bunaidh EMIR a chur i gcrích, mar atá an chobhsaíocht airgeadais a mhéadú. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh sa togra mar sin ar ghnéithe uile EMIR, agus go háirithe ar an méid seo a leanas:

·Líon na CPLanna atá i mbun téarnaimh nó réitigh;

·An méid uaireanta a bhain údaráis inniúla náisiúnta úsáid as an sásra um réiteach díospóidí;

·Líon na gcigireachtaí ar an láthair a rinneadh ar CPLanna tríú tír;

·Líon na CPLanna tríú tír aitheanta;

·Líon na sáruithe ar choinníollacha coibhéise agus aitheantais a rinne CPLanna tríú tír;

·Costais mheasta ar chontrapháirtithe an Aontais.

I bprionsabal, ba cheart an mheastóireacht sin a dhéanamh ar a laghad 5 bliana ó chur i bhfeidhm na leasuithe sin.

Is é ba cheart a dhéanamh leis an meastóireacht ionchur ó na páirtithe leasmhara uile a bhailiú, go háirithe ó CPLanna, ó chomhaltaí imréitigh, ó chontrapháirtithe neamhairgeadais agus ó chontrapháirtithe beaga airgeadais agus go ginearálta ó chliaint de chuid comhaltaí imréitigh agus ó chliaint indíreacha dá gcuid. Ba ghá ionchur a fháil ó ÚEUM freisin agus ó údaráis náisiúnta agus ó bhainc cheannais. Ba cheart sonraí staitistiúla a lorg ar ÚEUM.

5.2.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

5.2.1.Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a chruthú mar chuid de Bhord Maoirseoirí ÚEUM

Leasuithe lena sonraítear an gaol idir Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus Bord Maoirseoirí ÚEUM (Rialachán ÚEUM, 4, 6, 40, 42, 43)

Le hAirteagal 1(1) tugtar isteach mír (4) nua in Airteagal 4 de Rialachán ÚEUM chun sainmhíniú ar CPL a thabhairt atá i gcomhréir le EMIR.

Le hAirteagal 1(2) cuirtear isteach pointe (1a) nua in Airteagal 6 de Rialachán ÚEUM chun Bord Maoirseoirí i Seisiún Feidhmiúcháin (Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna) a chur ar bun laistigh de ÚEUM i réimse na maoirseachta ar CPLanna an Aontais agus CPLanna tríú tír.

Le hAirteagal 1(4) cuirtear isteach pointe (f) nua in Airteagal 40(1) de Rialachán ÚEUM chun a chinntiú nach mbeidh vóta ag Ceannaire Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna ná ag a bheirt Stiúrthóirí ina gcáilíocht mar chomhaltaí de Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

Le hAirteagal 1(5) leasaítear an chéad fhomhír d'Airteagal 42 de Rialachán ÚEUM chun foráil a dhéanamh go ngníomhóidh an Cathaoirleach, na comhaltaí den Bhord Maoirseoirí ag a mbeidh ceart vótála, Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus a bheirt Stiúrthóirí, go ngníomhóidh siad go neamhspleách agus go hoibiachtúil ar mhaithe le leas an Aontas.

Le hAirteagal 1(6) leasaítear mír 1 d'Airteagal 43 de Rialachán ÚEUM chun idirdhealú a dhéanamh idir cúraimí an Bhoird Maoirseoirí agus cúraimí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna. Ina theannta sin, cuirtear Airteagal 1(6) in ionad mhír (8) d'Airteagal 43 de Rialachán ÚEUM chun a chur leis go gcuirfidh an Bord Maoirseoirí a údarás i bhfeidhm ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin le comhaontú Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna.

Leasuithe d'fhonn eagrú Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a bhunú (Airteagal 44a nua go hAirteagal 44c nua de Rialachán ÚEUM)

Chun a leagan síos conas a dhéanfar an Bord Maoirseoirí i Seisiún Feidhmiúcháin (Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna) a eagrú laistigh d'ÚEUM, le hAirteagal 1(7) cuirtear isteach na hAirteagail nua, Airteagal 44a, Airteagal 44b, agus Airteagal 44c, mar chuid de Roinn 1A nua i gCaibidil III de Rialachán ÚEUM. Le Roinn 1A bunaítear comhdhéanamh Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna, a chúraimí agus a chumhachtaí cinnteoireachta chun cur chuige comhsheasmhach maoirseachta ar fud an Aontais, leibhéal iomchuí saineolais agus próiseas cinnteoireachta pras éifeachtach i dtaca le maoirseacht ar CPLanna a áirithiú.

Le hAirteagal 44a nua déantar foráil gurb é a bheidh ar an mBord Maoirseoirí le linn Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna: (i) comhaltaí buana, lena náirítear Ceannaire neamhspleách agus beirt Stiúrthóirí, a mbeidh vóta acu, agus ionadaí ó BCE agus ón gCoimisiún, nach mbeidh vóta acu; agus (ii) comhaltaí a bhaineann go sonrach le gach CPL, lena náirítear ionadaí ó údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an CPL bunaithe, a mbeidh vóta aige, agus ionadaí ón mbanc ceannais eisiúna ábhartha, nach mbeidh vóta aige. Ba cheart do na comhaltaí buana páirt a ghlacadh i gcruinnithe uile Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna. Ba cheart do chomhaltaí a bhaineann go sonrach le CPLanna páirt a ghlacadh más gá agus más iomchuí do na CPLanna sin atá faoina maoirseacht. Féadfaidh an Ceannaire, faoi Airteagal 18 EMIR, cuireadh a chur ar chomhaltaí eile den choláiste maoirseoirí atá ann i láthair na huaire agus ar ionadaithe ó údaráis na CPLanna tríú tír arna naithint ag ÚEUM mar bhreathnóirí chun a áirithiú go gcuirfidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna tuairimí na núdarás ábhartha eile san áireamh go leordhóthanach. De bharr comhaltaí buana neamhspleácha agus comhaltaí a bhaineann go sonrach le CPLanna a bheith i láthair, áiritheofar go mbeidh na cinntí a dhéanfar le linn Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna comhsheasmhach, iomchuí agus comhréireach ar fud an Aontais agus go mbeidh baint ag na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, ag na bainc cheannais eisiúna agus ag na breathnóirí sa phróiseas cinnteoireachta maidir le ceisteanna a bhaineann le CPL arna bhunú i mBallstát. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le CPL tríú tír, ba cheart páirt sa phróiseas cinnteoireachta a bheith ag comhaltaí buana Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus ag bainc cheannais eisiúna airgeadraí an Aontais, agus acu sin amháin.

Le hAirteagal 44b nua déantar foráil go gcuirfidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna liosta de chúraimí sonracha i gcrích arna sannadh dó de bhun EMIR chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus cobhsaíocht airgeadais an Aontais agus na mBallstát a áirithiú. Na tagairtí d'ÚEUM sna leasuithe ar EMIR atá sa togra seo, is tagairtí iad, dá bhrí sin, do Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna mura luafar a mhalairt. Ina theannta sin, déantar foráil leis go mbeidh foireann thiomanta agus acmhainní leordhóthanacha ag Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna chun a uathriail, a neamhspleáchas agus a fheidhmiú leordhóthanach a áirithiú.

Bunaítear leis an Airteagal 44c nua go ndéanfaidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna, chun próiseas cinnteoireachta pras éifeachtach a ráthú, go ndéanfaidh sé a chuid cinntí le tromlach glan dá chuid comhaltaí i gcomhréir leis na cearta vótála arna mbunú faoin Airteagal 44a(1) nua agus gur ag an gCeannaire a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.

Leasuithe chun cuntasacht agus neamhspleáchas chomhaltaí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a bhunú (Airteagal 48a nua, Airteagal 49 nua agus Airteagal 50 nua de Rialachán ÚEUM)

Cuirtear Airteagal 1(8) in ionad theideal Roinn 3 de Chaibidil III de Rialachán ÚEUM lena mbunaítear na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le Ceannaire Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus an bheirt Stiúrthóirí atá air.

Le hAirteagal 1(9) cuirtear isteach Airteagal 48a nua chun foráil a dhéanamh maidir le ceapadh Cheannaire Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus a Stiúrthóirí, agus maidir leis na cúraimí a bheidh orthu. Bunaítear le hAirteagal 48a(2) go gceapfar an Ceannaire agus an bheirt Stiúrthóirí ar bhonn fiúntais, scileanna, eolas ar an imréiteach, ar an iarthrádáil agus ar chúrsaí airgeadais, agus ar bhonn taithí ábhartha a bhaineann le maoirseacht ar CPLanna agus le rialáil CPLanna, chun leibhéal iomchuí saineolais a áirithiú, agus ar bhonn nós imeachta roghnúcháin oscailte. Sonraítear le hAirteagal 48a(4) go ndéanfaidh an Coimisiún togra le haghaidh ceapadh iarrthóirí do Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa é a fhormheas, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme lena gceapfar an Ceannaire agus an bheirt Stiúrthóirí. De bharr páirt a bheith ag na comhreachtóirí sa phróiseas ceapacháin áiritheofar go mbeidh trédhearcacht agus smacht daonlathach ann. Ina cheann sin, bunaítear le hAirteagal 48a(5) go bhféadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún arna fhormheas ag Parlaimint na hEorpa, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirfear an Ceannaire nó na Stiúrthóirí as oifig ar choinníollacha áirithe, ionas go mbeidh siad cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus chun cearta institiúidí an Aontais a choimirciú.

Le hAirteagal 1(10) leasaítear Airteagal 49 de Rialachán ÚEUM chun a leagan síos go ngníomhóidh Ceannaire agus Stiúrthóirí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna go neamhspleách agus go hoibiachtúil ar mhaithe le leas an Aontais.

Le hAirteagal 1(11) leasaítear Airteagal 50 de Rialachán ÚEUM chun foráil a dhéanamh go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, chun an chuntasacht dhaonlathach a áirithiú, go bhféadfaidh siad cuireadh a chur ar Cheannaire Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna chun ráiteas a dhéanamh nuair a iarrfar sin air. Ina theannta sin, tá sé de cheangal ar Cheannaire Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna tuairisc i scríbhinn a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa faoi phríomhghníomhaíochtaí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus tuairisc a thabhairt faoi aon fhaisnéis ábhartha arna hiarraidh do Pharlaimint na hEorpa ar bhonn ad hoc.

Leasuithe chun na hidirghníomhaíochtaí idir Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus cúraimí Stiúrthóir Feidhmiúcháin ÚEUM, bunú an bhuiséid agus an rúndacht ghairmiúil a shonrú (Airteagal 53, Airteagal 63 agus Airteagal 70 de Rialachán ÚEUM)

Le hAirteagal 1(12) leasaítear Airteagal 53 de Rialachán ÚEUM chun an idirghníomhaíocht idir Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus cúraimí Stiúrthóir Feidhmiúcháin ÚEUM a leagan síos. Le pointe (a) d'Airteagal 1(12) leasaítear mír (2) d'Airteagal 53 chun a shonrú go gcuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin san áireamh treoir Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna maidir le clár oibre bliantúil ÚEUM a chur chun feidhme, faoi rialú an Bhoird Bainistíochta. Le pointe (b) d'Airteagal 1(12) leasaítear mír (4) d'Airteagal 53 chun a leagan síos go bhfaighidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin formhuiniú Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna le haghaidh na gcúraimí atá faoina fhreagracht nuair a bheidh an clár oibre ilbhliantúil á ullmhú aige, sula gcuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta é. Le pointe (c) d'Airteagal 1(12) leasaítear mír (7) d'Airteagal 53 chun ceangal a chur ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin formhuiniú Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a fháil le haghaidh na gcúraimí atá faoina fhreagracht nuair a bheidh dréacht-tuarascáil ar ghníomhaíochtaí ÚEUM á hullmhú aige, sula gcuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta í.

Le hAirteagal 1(13) cuirtear isteach mír (1a) nua in Airteagal 63 de Rialachán ÚEUM chun a leagan síos go ndéanfar an caiteachas agus na táillí a bhaineann le cúraimí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a aithint ceann ar cheann sa ráiteas ar mheastacháin ÚEUM. Déanfaidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna an dréacht a bheidh ullmhaithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhaineann leis an gcaiteachas agus leis na táillí sin a fhormheas sula nglacfar an ráiteas ar mheastacháin.

Le hAirteagal 1(14) leasaítear mír (1) d'Airteagal 70 de Rialachán ÚEUM chun foráil a dhéanamh go mbeidh comhaltaí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus de bhun na bhforálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

Leasuithe d'fhonn feabhas a chur ar chumas ÚEUM chun faisnéis a bhailiú (Airteagal 35 de Rialachán ÚEUM)

Cuirtear Airteagal 1(3) in ionad an séú mír d'Airteagal 35 de Rialachán ÚEUM chun foráil a dhéanamh, i gcás nach mbeidh faisnéis iomlán le fáil ó na húdaráis inniúla nó ó eintitis eile sa Bhallstát, go bhféadfaidh ÚEUM faisnéis a iarraidh go díreach ar CPL údaraithe nó aitheanta, ar thaisclann údaraithe lárnach urrús agus ar ionad údaraithe trádála. Cuirfidh ÚEUM na húdaráis inniúla ar an eolas faoi na hiarrataí sin.

5.2.2.Maoirseacht ar CPLanna atá bunaithe san Aontas

Leasuithe ar na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun CPL atá bunaithe san Aontas a údarú (Airteagail 17, 18, 19, 20 agus 21 de Rialachán EMIR)

Nós imeachta chun údarú a dheonú agus a dhiúltú

Le hAirteagal 2(2) leasaítear mír (3) d'Airteagal 17 de Rialachán EMIR chun go ndéanfar measúnú an údaráis inniúil ar iomláine iarratas CPL i gcomhairle le hÚEUM agus go gcuirfear ÚEUM agus an coláiste ar an eolas faoi aon fhaisnéis bhreise a bheidh faighte ag an údarás inniúil i dtaca le hiarratas.

Cathaoirleach agus comhdhéanamh an choláiste

Le hAirteagal 2(3) leasaítear Airteagal 18 de Rialachán EMIR chun sannadh na bhfreagrachtaí idir na húdaráis laistigh den choláiste a shoiléiriú. Le hAirteagal 18(1) nua déantar foráil go ndéanfaidh Ceannaire Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna cathaoirleacht agus bainistiú ar an gcoláiste. Le pointe (a) nua in Airteagal 18(2) de Rialachán EMIR bunaítear go bhfreastalóidh comhaltaí buana Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna ar an gcoláiste in ionad ÚEUM. Le pointe (c) nua in Airteagal 18(2) de Rialachán EMIR, cuirtear BCE, más ábhartha, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, leis na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an CPL atá bunaithe sna trí Bhallstát a dhéanann na ranníocaíochtaí is mó le ciste mainneachtana an CPL dá dtagraítear in Airteagal 42 ar bhonn comhiomlán in imeacht tréimhse bliana.

Tuairim ón gColáiste

Le hAirteagal 2(4) leasaítear Airteagal 19(3) de Rialachán EMIR maidir le cearta vótála chomhaltaí an choláiste chun a leagan síos go mbeidh beidh vóta an duine ag comhaltaí buana Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna, cé is moite den ionadaí ón gCoimisiún, nach mbeidh vóta aige.

Údarú a tharraingt siar

Le hAirteagal 2(5) leasaítear Airteagal 20(6) de Rialachán EMIR chun foráil a dhéanamh go seolfaidh údarás inniúil CPL a dhréachtchinneadh lánréasúnaithe maidir le húdarú a tharraingt siar chuig ÚEUM agus chuig comhaltaí an choláiste.

Athbhreithniú agus meastóireacht

Cuirtear pointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 2(6) in ionad mhír (1) agus mhír (3) d'Airteagal 21 de Rialachán EMIR a bhaineann le hathbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar CPLanna údaraithe. Le hAirteagal 21(1) déantar foráil gur i gcomhar le ÚEUM a dhéanfar athbhreithniú agus meastóireacht an údaráis inniúil ar chomhlíontacht CPL le EMIR. Le hAirteagal 21(3) leagtar síos go socróidh ÚEUM a mhinice a dhéanfar an tathbhreithniú agus an mheastóireacht sin agus a dhoimhne a bheidh siad, agus déantar foráil gur cheart cuireadh a chur ar bhaill foirne ÚEUM páirt a ghlacadh in aon chigireachtaí ar an láthair. Leis sin cuirtear ceangal freisin ar an údarás inniúil aon fhaisnéis a fuair sé ó CPL a chur chuig ÚEUM agus ceanglaítear go niarrfaidh an túdarás inniúil ar an CPL lena mbaineann aon fhaisnéis atá ÚEUM a lorg agus nach féidir leis a fháil ón CPL.

Leasuithe a bhaineann le húdarú agus maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna atá bunaithe san Aontas (Airteagal 21a nua, Airteagal 21b nua agus Airteagal 21c nua de Rialachán EMIR)

Le hAirteagal 2(7) cuirtear isteach Airteagal 21a nua, Airteagal 21b nua agus Airteagal 21c nua i Rialachán EMIR chun ról Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a leagan síos i ndáil le húdarú agus maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna agus chun sannadh na bhfreagrachtaí idir na húdaráis a shoiléiriú.

Cé go leanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta de bheith ag feidhmiú na bhfreagrachtaí maoirseachta atá orthu faoi láthair faoi EMIR, is gá toiliú ÚEUM agus, más iomchuí, toiliú an bhainc ceannais eisiúna ábhartha nó na mbanc ceannais eisiúna ábhartha, a fháil roimh ré le haghaidh cinntí áirithe chun cóineasú maoirseachta na CPLanna a chur chun cinn ar fud an Aontais. Le hAirteagal 21a nua, déantar foráil go nullmhóidh na húdaráis inniúla dréachtchinntí críochnaitheacha agus go dtíolacfaidh siad iad le toiliú ÚEUM a fháil roimh ré le haghaidh cinntí a bhaineann le rochtain ar CPL, rochtain ar ionad trádála, CPL a údarú, gníomhaíochtaí agus seirbhísí CPL a leathnú, ceanglais chaipitil, údarú a tharraingt siar, athbhreithniú agus meastóireacht, páirtithe leasmhara agus comhaltaí ag a bhfuil sealúchais cháilitheacha, faisnéis chuig na hinstitiúidí inniúla, athbhreithniú ar shamhlacha, tástáil struis agus aistástáil, agus faomhadh socruithe maidir le hidir-inoibritheacht. Aon chinneadh eile a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 22 i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach le haghaidh CPLanna agus socruithe maidir le hidir-inoibritheacht i dTeideal IV agus Teideal V de Rialachán EMIR, beidh sé faoi réir toiliú ÚEUM a fháil roimh ré. I gcás ina molfaidh ÚEUM leasuithe ar dhréachtchinntí críochnaitheacha áirithe a rinne údarás inniúil, glacfar na cinntí sin a luaithe a leasófar iad arna iarraidh sin d'ÚEUM agus sa chás sin amháin. I gcás ina ndéanfaidh ÚEUM agóid in aghaidh dréachtchinntí críochnaitheacha áirithe a rinne údarás inniúil, ní ghlacfar na cinntí sin. Le hAirteagal 21a nua tugtar isteach freisin sásra um réiteach díospóidí i gcás easaontas idir ÚEUM agus na húdaráis inniúla náisiúnta. I gcás ina neasaontóidh údarás inniúil leis na leasuithe nó na hagóidí a rinne ÚEUM in aghaidh roinnt de dhréachtchinntí críochnaitheacha an údaráis inniúil, cuirfear an tábhar ar aghaidh chuig Bord Maoirseoirí ÚEUM chun cinneadh críochnaitheach a fháil. Ar deireadh, le hAirteagal 21a nua déantar foráil go bhféadfaidh ÚEUM cinneadh ar leith a ghlacadh faoi rannpháirtí sa mhargadh airgeadais i gcás ina ndiúltóidh údaráis inniúla náisiúnta an tuairim ó ÚEUM nó a chuid iarrataí siúd.

Mar an gcéanna, is ceart toiliú na mbanc ceannais eisiúna ábhartha a fháil roimh ré maidir le cinntí áirithe arna mbeartú ag údaráis inniúla náisiúnta, de bhrí na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann do shainmhíniú agus cur chun feidhme bheartas airgeadaíochta an Aontais agus do chur chun cinn oibriú réidh na gcóras íocaíochta, i gcás ina mbeadh CPL ag mífheidhmiú. Cé go bhféadfaidh sainorduithe banc ceannais agus maoirseoirí bheith ag forluí ar a chéile, féadfaidh míailíniú a bheith ann i gcás ina ndéanfaidh gníomhaíochtaí maoirseachta difear d'fhreagrachtaí banc ceannais i réimsí amhail cobhsaíocht praghsanna, beartas airgeadaíochta agus na córais íocaíochta. Le hAirteagal 21b nua déantar foráil maidir le cúraimí an bhainc ceannais eisiúna ábhartha chun sannadh na bhfreagrachtaí idir údaráis a shocrú, go háirithe nuair a bhaineann sin le socruithe íocaíochta agus socraíochta CPL agus leis an riosca leachtachta gaolmhar. Nósanna imeachta bainistithe maidir le hidirbhearta arna nainmniú in airgeadra an bhainc ceannais eisiúna sin. Le hAirteagal 21b nua déantar foráil go bhfaighidh na húdaráis inniúla toiliú na mbanc ceannais eisiúna ábhartha le haghaidh cinntí a bhaineann le CPL a údarú, gníomhaíochtaí agus seirbhísí CPL a leathnú, údarú a tharraingt siar, ceanglais éarlaisí, rialuithe riosca leachtachta, ceanglais chomhthaobhachta agus faomhadh socruithe maidir le hidir-inoibritheacht.

I gcás ina ndéanfaidh an banc ceannais eisiúna agóid in aghaidh dréachtchinntí a rinne údarás inniúil sna réimsí sin, ní ghlacfar na cinntí sin. I gcás ina molfaidh an banc ceannais eisiúna ábhartha leasuithe ar na dréachtchinntí a rinne údarás inniúil sna réimsí sin, is san fhoirm leasaithe a ghlacfar na cinntí agus san fhoirm sin amháin.

Le hAirteagal 21c nua déantar foráil go níocfaidh CPLanna atá bunaithe sna Ballstáit agus CPLanna tríú tír araon, go níocfaidh siad táillí ar chúraimí maoirseachta agus riaracháin ÚEUM i ndáil leis na nithe seo a leanas: (i) iarratais ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 17, (ii) iarratais ar aitheantas faoi Airteagal 25, agus (iii) táillí bliantúla a bhaineann leis na cúraimí atá faoi fhreagracht ÚEUM. Sonróidh an Coimisiún i ngníomh tarmligthe na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a níocfaidh na dreamanna seo a leanas iad: CPLanna údaraithe agus CPLanna is iarrthóir san Aontas, CPLanna aitheanta tríú tír nach bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo (CPLanna ar Leibhéal 1) agus CPLanna aitheanta a bhfuil, nó ar dócha go mbeidh, tábhacht shistéamach ag baint leo maidir le cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó maidir le ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit (CPLanna ar Leibhéal 2). Leis na táillí maoirseachta sin beifear in ann cúraimí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a mhaoiniú agus beidh ÚEUM in ann a chuid freagrachtaí a chomhlíonadh.

Leasuithe a bhaineann le comhar idir údaráis (Airteagal 24 de Rialachán EMIR)

Le hAirteagal 2(8) leasaítear Airteagal 24 de Rialachán EMIR chun éifeachtaí díobhálacha a d'fhéadfadh bheith ann do tharchur beartas airgeadaíochta agus d'oibriú réidh córas íocaíochta, chun na héifeachtaí sin a chur leis na cásanna éigeandála a gcuirfidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh nó aon údarás inniúil ábhartha eile ÚEUM, an coláiste, comhaltaí ábhartha CEBC agus údaráis ábhartha eile ar an eolas ina leith gan aon mhoill mhíchuí.

5.2.3.CPLanna tríú tír

Sna cúig bliana ó glacadh EMIR, tháinig méadú gasta ar an méid gníomhaíochta a dhéanann CPLanna – ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda – ó thaobh scála agus raon feidhme de. Tá méadú tagtha ar an tábhacht atá leis an imréiteach lárnach i dtaca le díorthaigh ráta úis agus díorthaigh chreidmheasa. Is léiriú é an fás gasta atá tagtha ar ról na CPLanna sa chóras airgeadais domhanda ní hamháin ar an gcaoi a bhfuil oibleagáidí imréitigh lárnaigh á dtabhairt isteach i gcás aicmí sócmhainní difriúla ach ar an gcaoi a bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid dheonach a bhaintear as an imréiteach lárnach mar go bhfuil feasacht níos mó ann maidir leis an tairbhe a dhéanann an timréiteach lárnach do rannpháirtithe sa mhargadh. Is gá cheana féin faoi EMIR imréiteach lárnach a dhéanamh ar dhíorthaigh ráta úis agus babhtálacha mainneachtana creidmheasa áirithe i gcomhréir le ceanglais den chineál céanna i dtíortha eile G20. Tá athrú déanta freisin ar na rialacha caipitil atá ann do bhainc chun an timréiteach lárnach a dhreasú agus chun gur costasaí de rogha i dtéarmaí coibhneasta an timréiteach déthaobhach, agus tá idirbhearta déthaobhacha faoi réir ceanglais bhreise chomhthaobhachta ó bhí Márta 2017 ann. Dá thoradh sin, tá méadú tagtha ar an méid imréitigh a dhéantar ach is ar líon teoranta go leor de CPLanna domhanda atá sin dírithe faoi láthair.

Go nuige seo, tá aitheantas tugtha do 28 CPL tríú tír faoi fhorálacha coibhéise Rialachán EMIR. Tá 12 CPL eile ó 10 ndlínse i ndiaidh iarratas ar aitheantas a dhéanamh agus iad ag fanacht le cinneadh ón gCoimisiún maidir le coibhéis a gcóras rialála agus maoirseachta.

Leasuithe d'fhonn feabhas a chur ar chur chun feidhme coibhéis na gcóras CPLanna tríú tír (Airteagal 25(6) de Rialachán EMIR)

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag déanamh amach trí bhíthin cinntí coibhéise an gcomhlíonann creataí dlí agus maoirseachta tríú tíortha na ceanglais atá ann faoi EMIR chun go bhféadfar CPLanna atá bunaithe sna tríú tíortha sin a aithint. Dearbhaítear leis an togra seo go bhféadfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le coibhéis a chur faoi réir coinníollacha eile. Le pointe (e) d'Airteagal 2(9) cuirtear isteach mír (6a) nua agus mír (6b) nua ionas go bhféadfaidh an Coimisiún, más gá, na critéir a shonrú trí bhíthin gníomh tarmligthe atá le húsáid sa mheasúnú a dhéanfaidh sé faoi choibhéis a bhronnadh ar chórais CPLanna tríú tír. Le mír (6b) nua d'Airteagal 25(6) de Rialachán EMIR cuirtear de chúram ar ÚEUM faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta sna córais CPL tríú tír a mheasann an Coimisiún a bheith coibhéiseach.

Leasuithe a bhaineann le CPLanna tríú tír a aithint (EMIR, Airteagal 6, mír (2), mír (2a) nua, mír (2b) nua agus mír (2c) nua in Airteagal 25 agus Airteagal 25a nua)

Trédhearcacht mhéadaithe

Chun trédhearcacht a mhéadú ar mhaithe leis na páirtithe leasmhara agus leis an bpobal ina iomláine, leasaítear EMIR chun clárú CPLanna a shoiléiriú trí bhreis sonraí a chur ar fáil i gclár poiblí ÚEUM (le hAirteagal 2(1) leasaítear pointe (b) d'Airteagal 6(2)).

Ní thugtar aon cheanglais bhreise maidir le CPLanna tríú tír aitheanta isteach leis an togra.

Aicmiú CPLanna tríú tír (Leibhéal 1) nach bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo agus CPLanna tríú tír (Leibhéal 2) a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo

De thoradh an mhéadaithe dhomhanda atá tagtha ar an imréiteach agus an chomhchruinnithe riosca i líon teoranta de CPLanna domhanda, is gá idirdhealú a thabhairt isteach de réir an chineáil CPL tríú tír a aithnítear faoi EMIR. Tá ceanglas sa togra seo, dá bhrí sin, nach foláir d'ÚEUM, agus iarratas ar aitheantas á mheas aige, a mhéid a bhaineann riosca sistéamach le CPL tríú tír a mheas. Chun é sin a bhaint amach agus chun cur i bhfeidhm comhréireach i leith na gceanglas a thabhairt isteach, is gá idirdhealú a dhéanamh idir CPLanna a mbaineann riosca íseal leo agus iad sin a bhfuil, nó a mbeidh, tábhacht shistéamach ag baint leo don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit. Léiríonn sé seo nach bhfuil an tábhacht shistéamach chéanna ag baint leis na CPLanna tríú tír uile. Braithfidh sin ar raon feidhme agus cineál na nidirbheart a imréiteofar mar aon le méid an imréitigh a dhéanfaidh siad. Cuir i gcás, is lú ar bhonn oibiachtúil an tábhar imní agus an riosca do chóras airgeadais an Aontais a bhainfidh le CPL tríú tír atá réasúnta beag nach nimréiteoidh ach líon teoranta conarthaí arna nainmniú in airgeadra áitiúil ná mar a bhainfidh le CPL tríú tír a imréiteoidh cuid mhór conarthaí arna nainmniú in airgeadra de chuid an Aontais.

Moltar dá bhrí sin go mbeidh sé de chumhacht ag ÚEUM idirdhealú a dhéanamh ar CPLanna a bhfuil, nó ar dócha go mbeidh, tábhacht shistéamach ag baint leo, agus ar CPLanna nach bhfuil an tábhacht sin leo. CPLanna tríú tír ar chinn ÚEUM ina leith nach bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo, nó nach dócha go mbeidh tábhacht shistéamach ag baint leo, don Aontas agus do na Ballstáit, tagraítear dóibh mar 'CPLanna ar Leibhéal 1' (le pointe (a) d'Airteagal 2(9) cuirtear isteach pointe (e) in Airteagal 25(2) de Rialachán EMIR). Leanfaidh na CPLanna ar Leibhéal 1 sin de bheith faoi réir na socruithe agus na gcoinníollacha atá ann faoi láthair do chinntí coibhéise tríú tír arna nglacadh ag an gCoimisiún agus lena bhféadann ÚEUM CPLanna tríú tír ar leith a aithint. Cuirfear de chúram ar ÚEUM freisin freagrachtaí nua a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar na CPLanna tríú tír aitheanta ar Leibhéal 1 sin.

I gcodarsnacht le CPLanna ar Leibhéal 1, beidh ÚEUM freisin in ann catagóir dhifriúil de CPLanna tríú tír a shocrú a meastar a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo, nó ar dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leo, san am atá díreach romhainn amach do chobhsaíocht airgeadais agus eacnamaíoch an Aontais agus na mBallstát ('CPLanna ar Leibhéal 2' mar a thugtar orthu). Déantar foráil maidir leis seo i bpointe (c) d'Airteagal 2(9) lena gcuirtear isteach mír (2a) nua in Airteagal 25 de Rialachán EMIR.

Chun gur féidir le hÚEUM a chinneadh an CPL ar Leibhéal 2 atá i CPL tríú tír, déantar foráil maidir le ceithre chritéir oibiachtúla, (Airteagal 25(2a) nua), mar atá:

(i) cineál, méid agus castacht ghnó an CPL tríú tír;

(ii) an éifeacht a bheadh ag mainneachtain nó suaitheadh CLP tríú tír ar mhargaí criticiúla, ar institiúidí airgeadais nó ar an gcóras airgeadais go ginearálta, nó ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais;

(iii) struchtúr chomhaltaí imréitigh an CPL tríú tír, agus

(iv) an caidreamh, na hidirthuilleamaíochtaí agus na gníomhaíochtaí atá nó a bhíonn idir an CPL agus bonneagair eile de chuid an mhargaidh airgeadais eile.

Ní foláir don Choimisiún tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar na critéir sin i ngníomh tarmligthe (an dara fomhír d'Airteagal 25(2a)) laistigh de shé mhí tar éis an Rialachán a ghlacadh.

Is é an toradh a bheidh ar chinneadh ÚEUM gur CPL ar Leibhéal 2 atá i CPL tríú tír nach bhféadfar an CPL sin a aithint agus a cheadú chun seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh a sholáthar san Aontas ach amháin má chomhlíonann sé tuilleadh coinníollacha. Tá gá leis na coinníollacha sin chun ábhair bhreise imní a léiriú a bhaineann le cobhsaíocht airgeadais an Aontais agus le cobhsaíocht airgeadais ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Na CPLanna sin a aithníodh cheana faoi chóras EMIR atá ann i láthair na huaire, leanfar de na CPLanna sin a aithint mar CPLanna ar Leibhéal 1 go dtí go gcinnfidh ÚEUM an CPLanna ar Leibhéal 2 atá sna CPLanna tríú tír sin.

Ceanglais chomhréireacha maidir le CPLanna tríú tír ar Leibhéal 2 a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo

Baineann ceithre ghné leis na ceanglais bhreise nach mór do na CPLanna tríú tír a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo a chomhlíonadh (Féach pointe (b) d'Airteagal 2(9)):

(i) na ceanglais stuamachta ábhartha riachtanacha le haghaidh CPLanna an Aontais a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach. Baineann na ceanglais sin le ceanglais chaipitil agus ceanglais maidir le bainistiú eagrúcháin inmheánaigh, le gnó a dhéanamh, le héarlaisí, le ciste mainneachtana, le hacmhainní airgeadais, le leachtacht, le hinfheistíochtaí, le tástálacha struis agus le socraíocht agus idir-inoibritheacht. Leagtar amach iad faoi láthair in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus i dTeideal V de Rialachán EMIR;

(ii) dearbhú i scríbhinn – laistigh de 180 lá – ón mbanc ceannais eisiúna is ábhartha de chuid an Aontais lena dtugtar le fios go bhfuil an CPL tríú tír ag comhlíonadh na gceanglas arna bhforchur ag na bainc cheannais sin. Dhéanfadh na bainc cheannais na ceanglais bhreise sin a fhorchur agus a gcúraimí beartais airgeadaíochta á ndéanamh acu. Mar shampla, d'fhéadfaí a áireamh orthu sin ceanglais bhreise lena dtabharfaí aghaidh ar rioscaí maidir le socruithe leachtachta, íocaíochta nó socraíochta san Aontas nó sna Ballstáit. Go sonrach, d'fhéadfadh baint a bheith acu leis na nithe seo a leanas: an fháil atá ag CPL ar chomhthaobhacht agus na cineálacha sonracha di atá aige, leibhéal na gcaoléarlaisí arna gcur i bhfeidhm ar an gcomhthaobhacht, beartas infheistíochta nó leithscaradh comhthaobhachta, an fháil atá ar shocruithe leachtachta idir na bainc cheannais lena mbaineann, an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag oibríochtaí an CPL, agus na himpleachtaí a bheadh ag a suaitheadh féideartha nó a mainneachtain fhéideartha ar chóras airgeadais agus ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais.

(iii) chun go mbeidh ÚEUM in ann na freagrachtaí maoirseachta nua atá air a fheidhmiú, ní mór toiliú i scríbhinn a fháil ón CPL tríú tír go bhféadfaidh ÚEUM rochtain a fháil ar aon fhaisnéis atá ag CPL nó ar aon chuid dá áitreabh gnó arna iarraidh sin dó. Ar ndóigh, ní foláir sin a fhorfheidhmiú sa tríú tír agus ba cheart tuairim dhlíthiúil a bheith ar fáil a dhearbhaíonn gur fíor sin;

(iv) ba cheart na nósanna imeachta agus na bearta uile atá riachtanach a bheith ag an CPL tríú tír ionas gur féidir leis an chéad choinníoll agus an tríú ceann dá liostaítear thuas a chomhlíonadh.

Ós rud gur gá na ceanglais thuasluaite a chur i bhfeidhm go comhréireach, tugtar isteach leis an togra seo córas ar dá réir a fhéadfaidh CPL tríú tír leanúint de bheith ag brath ar rialacha agus ceanglais a thíre féin. An córas nua comhlíontachta inchomparáide seo – atá i gcomhréir le caighdeáin an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais agus ar léiriú é ar chóras comhchosúil arna chur i bhfeidhm ag údaráis na Stát Aontaithe – tá sé ag brath ar nós imeachta simplí faoinar féidir le CPL tríú tír a iarraidh ar ÚEUM ceanglais EMIR agus caighdeáin mhaoirseachta an Aontais i dtaca le CPLanna a chur i gcomparáid le córas an tríú tír. Nuair is féidir comparáid a dhéanamh eatarthu, féadfaidh ÚEUM a chinneadh gurb inchomparáide an toradh atá ar chur i bhfeidhm na gceanglas atá ann, cuid díobh sin nó a niomlán, agus ar fhorfheidhmiú comhfhreagrach na maoirseachta sa tríú tír, gurb inchomparáide an toradh atá orthu sin agus atá ar chur i bhfeidhm EMIR agus féadfaidh sé cur i bhfeidhm na forála EMIR comhfhreagraí a tharscaoileadh. A bhuí leis an gcur chuige sin laghdófar go mór aon ualach a leanann na rialacha agus na ceanglais a chur i bhfeidhm faoi dhó. Beidh sé de cheangal ar an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun sonraí an mheasúnaithe a dhéanfaidh ÚEUM a shonrú (Airteagal 25a nua).

De thoradh an mhéadaithe, áfach, atá ag teacht ar dhlús na seirbhísí imréitigh i líon teoranta de CPLanna domhanda agus ar an riosca a ghabhann leis an ndlús sin, d'fhéadfadh sé go mbeidh tábhacht mhór shistéamach do chóras airgeadais an Aontais ag baint go sonrach le roinnt de na CPLanna. Dá bhrí sin, nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ag ÚEUM i dtaobh an bhfuil, nó an dócha go mbeidh, tábhacht shistéamach ag baint le CPL tríú tír, féadfaidh sé a chinneadh freisin, le comhaontú ó bhanc ceannais ábhartha an Aontais nó ó bhainc cheannais ábhartha an Aontais, go bhfuil na rioscaí do chobhsaíocht an Aontais nó do cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit a bhaineann leis an eintiteas sin chomh mór sin nach leor fiú amháin córas faoina gcuirfí EMIR i bhfeidhm ina iomláine i gcás an CPL tríú tír sin chun na rioscaí sin a mhaolú agus nach ceart é a aithint dá bhrí sin. I gcás ina gcinnfear nach féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cobhsaíocht airgeadais an Aontais a choimirciú trí chóras aitheantais na CPLanna tríú tír, moltar go mbeidh sé de chumhacht ag ÚEUM, le comhaontú ó bhainc cheannais ábhartha an Aontais, a mholadh don Choimisiún nach ceart an CPL sin a aithint. Ar an mbonn sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún cinneadh a dhéanamh nach ceart an CPL sin a aithint agus más mian leis-sean seirbhísí imréitigh a sholáthar san Aontas ba cheart é a bheith údaraithe agus bunaithe i gceann amháin de na Ballstáit (mír (2c) nua d'Airteagal 25).

Leasuithe chun feabhas a chur ar an maoirseacht leanúnach ar CPLanna tríú tír iar naithint dóibh (EMIR, Airteagal 25(5), Airteagal 25(6) agus Airteagal 25(7), Airteagail 25b go 25m nua)

Maoirseacht ÚEUM ar CPLanna tríú tír

Chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sa chaoi a gcuirtear córas coibhéise agus aitheantais EMIR i dtaca le maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna tríú tír i bhfeidhm, moltar cur le cumhachtaí ÚEUM. Áiritheoidh sin go dtabharfar aghaidh ar na deacrachtaí a bhíonn ag ÚEUM rochtain a fháil ar fhaisnéis ó CPL, cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar CPL agus faisnéis a roinnt le reachtóirí, maoirseoirí agus bainc cheannais ábhartha de chuid an Aontais. Laghdóidh sin an riosca nach ndéanfar cleachtais CPL agus/nó coigeartuithe ar shamhlacha bainistithe riosca a bhrath, agus bheadh tionchar mór aige sin ar eintitis an Aontais i dtaca le cobhsaíocht airgeadais de. Lena chois sin, beifear in ann aghaidh a thabhairt ar an mbaol go mbeidh míailínithe idir na cuspóirí maoirseachta agus cuspóirí na mbanc ceannais sna coláistí i gcomhthéacs CPLanna tríú tír nuair a bheidh údaráis nach den Aontas iad i gceist. Ar deireadh, tabharfar aghaidh ar an riosca go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag athruithe ar rialacha na CPLanna agus/nó an creat rialála i dtríú tír ar thorthaí na rialála nó na maoirseachta. Fágann sin go náiritheofar cothrom iomaíochta idir CPLanna an Aontais agus CPLanna tríú tír agus nach mbeidh scóip ann a thuilleadh d'arbatráiste rialála agus maoirseachta. Déantar foráil maidir le freagrachtaí nua ÚEUM maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna ar Leibhéal 1 agus ar Leibhéal 2 in Airteagal 25b nua (féach thíos).

Cur chun feidhme feabhsaithe an chórais aitheantais atá ann faoi láthair

Cuirtear pointe (c) d'Airteagal 2(9) in ionad Airteagal 25(5) de Rialachán EMIR chun a shonrú nach mór d'ÚEUM athbhreithniú a dhéanamh uair amháin gach dara bliain ar aitheantas CPL tríú tír a bhfuil leathnú déanta aige ar a chuid gníomhaíochtaí agus seirbhísí san Aontas. Na forálacha a bhaineann le haitheantas CPL tríú tír, aistríodh iad go Airteagal 25m nua agus Airteagal 25n nua (féach thíos).

Cuirtear pointe (f) d'Airteagal 2(9) in ionad na chéad abairte d'Airteagal 25(7) de Rialachán EMIR chun foráil a dhéanamh nach mór na socruithe comhair idir ÚEUM agus údaráis inniúla ábhartha córas coibhéiseach CPLanna tríú tír a bheith éifeachtach agus an obair á déanamh.

Le pointe (g) d'Airteagal 2(9) leasaítear pointe (d) in Airteagal 25(7) chun a shonrú gur cheart a áireamh sna nósanna imeachta a bhaineann le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta comhaontú na núdarás tríú tír chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 25d agus Airteagal 25e den togra seo. Ina theannta sin, le pointe (g) cuirtear isteach pointe (e) nua in Airteagal 25(7) lena mbunaítear nach mór a shonrú sna socruithe comhair idir ÚEUM agus údaráis inniúla ábhartha na gcóras coibhéiseach CPLanna tríú tír, nach mór a shonrú iontu na nósanna imeachta is gá chun gur féidir faireachán éifeachtach a dhéanamh ar na forbairtí rialála agus maoirseachta i dtríú tír 42 .

Ról nua d'ÚEUM agus don bhanc ceannais eisiúna nó do na bainc cheannais eisiúna maidir le maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna tríú tír aitheanta

Le hAirteagal 2(10) cuirtear isteach Airteagail 25b go 25n nua i Rialachán EMIR le cumhachtaí nua a bhronnadh ar ÚEUM maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna tríú tír ar Leibhéal 1 agus ar Leibhéal 2 atá aitheanta chun treisiú le faireachán agus forfheidhmiú chomhlíontacht leanúnach na CPLanna tríú tír le ceanglais EMIR. Ina theannta sin, déantar foráil ann maidir leis an ról atá ag bainc cheannais eisiúna ábhartha CPLanna tríú tír a aithint agus a mhaoirsiú a fhad a bhaineann le hionstraimí airgeadais arna nainmniú in airgeadraí an Aontais a imréitíonn CPLanna ar bhonn suntasach atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, chun na rioscaí do mhargadh inmheánach an Aontais agus do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá chuid Ballstát a mhaolú.

Déantar foráil in Airteagal 25b nua maidir le cumhachtaí nua a thabhairt d'ÚEUM chun comhlíontacht leanúnach na CPLanna tríú tír ar Leibhéal 1 agus ar Leibhéal 2 a áirithiú.

Déantar foráil i mír (1) d'Airteagal 25b go mbeidh ÚEUM freagrach as maoirseacht leanúnach a dhéanamh ar chomhlíontacht leanúnach na CPLanna ar Leibhéal 2 leis na ceanglais stuamachta a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V de Rialachán EMIR. Ina cheann sin, beidh dearbhú ó gach CPL ar Leibhéal 2 ag teastáil ó ÚEUM, ar bhonn bliantúil ar a laghad, go bhfuil na ceanglais mhaoirseachta bhreise eile go léir a bhunaítear in Airteagal 25(2b) á gcomhlíonadh aige, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 25b(1). Ina theannta sin, cuirfidh an banc ceannais eisiúna ábhartha nó na bainc cheannais eisiúna ábhartha ÚEUM ar an eolas láithreach má mheasann sé nach bhfuil na coinníollacha a bhunaítear in Airteagal 25(2b)(b) á gcomhlíonadh ag CPL ar Leibhéal 2 a thuilleadh.

Le mír (2) d'Airteagal 25b déantar foráil go bhfaighidh ÚEUM toiliú an bhainc ceannais eisiúna ábhartha nó na mbanc ceannais eisiúna ábhartha sula nglacfar cinntí maidir le ceanglais éarlaisí, rialuithe riosca leachtachta, ceanglais chomhthaobhachta agus faomhadh socruithe maidir le hidir-inoibritheacht. I gcás ina ndéanfaidh an banc ceannais eisiúna ábhartha nó na bainc cheannais eisiúna ábhartha agóid in aghaidh dréachtchinnidh, ní ghlacfaidh ÚEUM é. I gcás ina molfaidh an banc ceannais eisiúna ábhartha nó na bainc cheannais eisiúna ábhartha leasuithe ar an dréachtchinneadh, féadfaidh ÚEUM é a ghlacadh mar a leasaíodh é agus mar sin amháin.

Le mír (3) d'Airteagal 25b déantar foráil go ndéanfaidh ÚEUM a mheasúnú ar stóinseacht na CPLanna aitheanta i leith dálaí díobhálacha sa mhargadh i gcomhréir leis na modheolaíochtaí coiteanna a bhunaítear in Airteagal 32(2) de Rialachán ÚEUM.

Le hAirteagal 25c nua leagtar síos go bhféadfaidh iarratas nó cinneadh a dhéanfaidh ÚEUM ceangal a chur ar CPL tríú tír agus ar thríú páirtithe gaolmhara an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun go mbeidh ÚEUM in ann a dhualgais a chomhlíonadh faoi EMIR.

Leagtar síos le hAirteagal 25d nua go bhféadfaidh cinneadh a dhéanfaidh ÚEUM ceangal a chur ar CPL tríú tír ar Leibhéal 2 é féin a chur faoi réir imscrúduithe ginearálta.

Leagtar síos le hAirteagal 25e nua go bhféadfaidh cinneadh a dhéanfaidh ÚEUM ceangal a chur ar CPL tríú tír ar Leibhéal 2 é féin a chur faoi réir cigireachtaí ar an láthair. Ba cheart d'ÚEUM fógra a thabhairt d'údaráis inniúla an tríú tír faoin rún atá aige cigireacht ar an láthair a dhéanamh. Féadfaidh na húdaráis sin páirt a ghlacadh freisin sa chigireacht. Cuirfear cuireadh ar an mbanc ceannais eisiúna nó na bainc cheannais eisiúna páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair den sórt sin.

Le hAirteagail 25f agus 25i nua bunaítear rialacha nós imeachta, lena náirítear cearta maidir le cosaint a urramú, i gcás ina bhfuil tásca tromchúiseacha ann go mb'fhéidir go ndearna CPLanna tríú tír sáruithe agus gan an fhaisnéis riachtanach uile a sholáthar nó gan é féin a chur faoi réir imscrúduithe ginearálta agus cigireachtaí ar an láthair. Le mír (13) d'Airteagal 2 cuirtear isteach Iarscríbhinn III nua in EMIR lena gcuirtear ar fáil liosta sáruithe a d'fhéadfadh CPL tríú tír a dhéanamh, ar a bhfuil: (i) sáruithe a bhaineann le ceanglais chaipitil; (ii) sáruithe a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla nó le coinbhleachtaí leasa; (iii) sáruithe a bhaineann le ceanglais oibríochtúla; (iv) sáruithe a bhaineann le trédhearcacht faisnéise agus infhaighteacht faisnéise; agus (v) sáruithe a bhaineann le bacainní ar ghníomhaíochtaí maoirseachta.

Le hAirteagal 25g nua déantar foráil maidir le fíneálacha le haghaidh sáruithe bunaithe arna ndéanamh ag CPLanna tríú tír. Le mír (13) d'Airteagal 2 cuirtear isteach Iarscríbhinn III nua in EMIR lena gcuirtear ar fáil liosta d'imthosca géaraitheacha agus maolaitheacha a bhaineann le sáruithe a d'fhéadfadh CPL tríú tír a dhéanamh.

Le hAirteagal 25h nua déantar foráil maidir le híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha atá éifeachtach agus comhréireach a fhorchur trí chinneadh de chuid ÚEUM i dtaobh CPLanna tríú tír i gcásanna áirithe. Féadfar pionóis a fhorchur chun deireadh a chur le sáruithe, chun faisnéis a sholáthar nó chun ceangal a chur ar CPL dul faoi réir imscrúduithe nó cigireachtaí.

Déantar foráil leis an Airteagal 25j nua go nochtfaidh ÚEUM don phobal, ar choinníollacha áirithe, gach uair dár forchuireadh fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha ar CPLanna tríú tír, nochtfaidh sé dóibh go ndearnadh sin.

Déantar foráil le hAirteagal 25k nua gur féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar aon chinneadh de chuid ÚEUM lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha ar CPLanna tríú tír.

Leis an Airteagal 25l nua tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh a bhaineann le bearta chun Iarscríbhinn IV atá ag gabháil le EMIR a leasú.

Leis an Airteagal 25m nua de EMIR bunaítear go dtarraingeoidh ÚEUM siar go páirteach nó ina iomláine cinneadh lena naithnítear CPL tríú tír, ach coinníollacha áirithe a chomhlíonadh.

Leis an Airteagal 25ln nua bunaítear go ndéanfaidh ÚEUM cinneadh amháin nó níos mó má dhéanann sé amach go ndearna CPL tríú tír ar Leibhéal 2 sárú, lena náirítear ceanglas ar dá réir a chuirfidh an CPL deireadh leis an sárú, fíneálacha, fógraí poiblí agus aitheantas an CPL sin a tharraingt siar.

5.2.4.Ceanglais stuamachta is infheidhme maidir le CPLanna

Leasuithe a bhaineann le bailíochtú samhlacha agus paraiméadar (Airteagal 49 de Rialachán EMIR)

Go nuige seo, ceanglaíodh le hAirteagal 49, sa bhreis ar bhailíochtú neamhspleách nach mór don CPL a fháil, dhá bhailíochtú ar leith arna ndéanamh ag údaráis inniúla náisiúnta agus ag ÚEUM maidir le hathruithe suntasacha ar na samhlacha agus na paraiméadair lena ríomhtar ceanglais éarlaisí an CPL, a ranníocaíochtaí ciste mainneachtana, a cheanglais chomhthaobhachta agus a shásraí rialaithe eile. Le pointe (b) d'Airteagal 2(11) cuirtear isteach míreanna nua, míreanna (1a), (1b), (1c), (1d), (1e) agus (1f), in Airteagal 49 de Rialachán EMIR chun na coinníollacha a shoiléiriú faoina bhféadfaidh CPL bailíochtú a fháil ar athruithe suntasacha ar a shamhlacha glactha agus a pharaiméadair ghlactha. De réir mhír (1a) is leor bailíochtú an údaráis inniúil náisiúnta ar an ábhar go dtugtar isteach le hAirteagal 2(7) Airteagal 21a nua i Rialachán EMIR lena gceanglaítear toiliú ÚEUM a fháil roimh ré le haghaidh chinneadh bailíochtaithe an údaráis inniúil náisiúnta faoi Airteagal 49 de EMIR. Dá bhrí sin, ní gá a thuilleadh go ndéanfadh ÚEUM bailíochtú ar leith. Nuair a bheidh sé beartaithe ag CPL aon athrú suntasach ar na samhlacha agus na paraiméadair a ghlacadh, cuirfidh sé iarratas isteach chuig an údarás inniúil chun an tathrú sin a bhailíochtú. Déanfaidh an túdarás inniúil, i gcomhairle le hÚEUM, measúnú riosca ar an CPL agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an choláiste, a ghlacfaidh tuairim le tromlach ansin. Ar ghlacadh na tuairime sin, cuirfidh an túdarás inniúil in iúl don CPL ar deonaíodh nó ar diúltaíodh an bailíochtú. Ina theannta sin, leis na míreanna nua déantar foráil maidir le bunús dlí do réamhghlacadh athraithe shuntasaigh ar shamhlacha nó paraiméadair más gá.

Le pointe (a) d'Airteagal 2(11) leasaítear dá réir Airteagal 49(1) de Rialachán EMIR agus cuirtear deireadh le ceanglas an dá bhailíochtaithe. Leanann na samhlacha glactha agus na paraiméadair ghlactha de bheith faoi réir tuairim ón gcoláiste i gcomhréir le próiseas arna shainmhíniú san Airteagal sin. Sonraítear san fhomhír dheireanach d'Airteagal 49(1) leasaithe go seolfaidh ÚEUM an fhaisnéis faoi thorthaí na dtástálacha struis ní hamháin go dtí na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha, ach go dtí an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) agus go dtí an Bord Réitigh Aonair freisin, ionas go mbeidh siad in ann measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint na ngnóthas airgeadais ar mhainneachtain na CPLanna.

5.2.5.Forálacha idirthréimhseacha

Leasuithe chun socruithe idirthréimhseacha a bhunú chun gur féidir na cinntí aitheantais a athbhreithniú arna nglacadh roimh an teacht i bhfeidhm (Airteagal 89 de Rialachán EMIR)

Le mír (12) d'Airteagal 2 cuirtear isteach mír nua in Airteagal 89 lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha áirithe chun foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm ag Airteagal 25(2)(e) nua ag Airteagal 25(2a) nua ar theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe lena socraítear na critéir chun CPL ar Leibhéal 2 a chinneadh, agus dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 25(2a). Ina theannta sin, le hAirteagal 2(12) déantar foráil maidir le hÚEUM a dhéanamh athbhreithniú ar chinntí aitheantais CPLanna tríú tír arna nglacadh sula dtiocfaidh an togra seo i bhfeidhm. Luaitear san fhoráil nua go ndéanfar an tathbhreithniú seo laistigh de 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe ina leagtar amach na critéir chun a chinneadh an bhfuil, nó an dócha go mbeidh, tábhacht shistéamach ag baint le CPL tríú tír do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó do cheann amháin nó níos mó dá chuid Ballstát.

2017/0136 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis na nósanna imeachta agus na húdaráis a bhaineann le CPLanna a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír a aithint.

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 43 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 44 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 45 ,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 leagtar síos nach mór díorthaigh chaighdeánaithe thar an gcuntar a imréiteach trí Chontrapháirtí Lárnach (CPL) i gcomhréir le ceanglais chomhionanna i dtíortha eile de chuid G20. Leis an Rialachán sin freisin tugadh isteach ceanglais dhiana maidir le stuamacht, eagrúchán agus déanamh gnó do CPLanna agus socruithe bunaithe maidir le maoirseacht stuamachta a dhéanamh orthu chun aon riosca ar úsáideoirí CPL a laghdú agus taca a chur faoin gcobhsaíocht airgeadais.

(2)Ó glacadh Rialachán(AE) Uimh, 648/2012, tháinig fás as cuimse ar an méid gníomhaíochta a dhéanann CPLanna san Aontas de réir scála agus réimse. Is dealraitheach go leanfaidh gníomhaíocht na CPLanna de bheith ag méadú sna blianta atá romhainn de bharr na noibleagáidí imréitigh breise a tugadh isteach agus de bhrí gur tháinig méadú ar an méid imréitigh dheonaigh a dhéanann contrapháirtithe nach bhfuil faoi réir oibleagáid imréitigh. Leis an togra ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2017 47 chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ar dhóigh spriocdhírithe, chun a éifeachtacht agus a chomhréireacht a fheabhsú, cruthófar dreasachtaí breise do CPLanna i leith imréiteach díorthach lárnach a thairiscint do CPLanna, agus déanfar rochtain ar imréiteach a éascú do chontrapháirtithe beaga airgeadais agus neamhairgeadais. Na margaí caipitil atá níos doimhne agus níos comhtháite a thagann as an Aontas Margaí Caipitil, méadófar leo sin an gá imréiteach trasteorann a dhéanamh san Aontas, rud a chuirfidh le tábhacht agus le hidirnascthacht CPLanna i gcomhthéacs an chórais airgeadais.

(3)Tá an líon CPLanna atá bunaithe san Aontas agus údaraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 faoi láthair réasúnta teoranta fós; tá 17 acu ann mar a bhí i Meitheamh 2017. Tá aitheantas tugtha don 28 CPL tríú tír faoi fhorálacha coibhéise an Rialacháin sin, lena gcumasaítear dóibh a gcuid seirbhísí a thairiscint do chomhaltaí imréitigh agus d'ionaid trádála san Aontas 48 . Tá margaí imréitigh comhtháite go maith ar fud an Aontais ach tá comhchruinnithe in aicmí sócmhainní áirithe agus tá siad idirnasctha. De bharr comhchruinniú riosca is beag an dóchúlacht go gclisfeadh ar CPL ach dá dtarlódh sin d'fhéadfadh sé bheith ina theagmhas tionchair ríaird. I gcomhréir le comhdhearcadh G20, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna 49 i Samhain 2016 lena áirithiú go mbeidh na húdaráis ullamh go hiomchuí chun aghaidh a thabhairt ar CPL a bhfuil ag cliseadh air, agus ar an gcaoi sin an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus na costais ar cháiníocóirí a theorannú.

(4)D'ainneoin an togra reachtaigh agus i bhfianaise go bhfuil an timréiteach ag dul i méid agus i gcastacht san Aontas agus go bhfuil an ghné trasteorann den imréiteach ag méadú san Aontas agus ar fud an domhain, ba cheart na socruithe maoirseachta do CPLanna an Aontais agus tríú tíortha a athbhreithniú. Trí aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sainaitheanta go luath agus trí shocruithe maoirseachta comhsheasmhacha soiléire a bhunú do CPLanna an Aontais agus tríú tír, dhéanfaí cobhsaíocht ghinearálta chóras airgeadais an Aontais a atreisiú agus ba cheart gurb ísle fós an baol a bheadh ann go gclisfeadh ar CPL.

(5)I bhfianaise na mbreithnithe sin, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht an 4 Bealtaine 2017 maidir le freagairt do dhúshláin do bhonneagair margaidh airgeadais chriticiúla agus maidir le forbairt bhreise a dhéanamh ar an Aontas Margaí Caipitil 50 , ina luaitear gur gá tuilleadh athruithe a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun an creat atá ann cheana a fheabhsú lena náirithítear an chobhsaíocht airgeadais agus lena dtacaítear leis an Aontas Margaí Caipitil a fhorbairt agus a dhoimhniú a thuilleadh.

(6)Braitheann na socruithe maoirseachta faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 den chuid is mó ar an údarás náisiúnta. Faoi láthair is iad na coláistí de mhaoirseoirí náisiúnta, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), comhaltaí ábhartha an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) agus údaráis ábhartha eile a dhéanann CPLanna a údarú agus a mhaoirsiú. Braitheann na coláistí ar chomhordú agus comhroinnt faisnéise a dhéanann an túdarás náisiúnta atá freagrach as forfheidhmiú na bhforálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. D'fhéadfadh rioscaí arbatráiste rialála agus maoirseachta teacht as cleachtais mhaoirseachta éagsúla do CPLanna ar fud an Aontais, rud a chuirfeadh an chobhsaíocht airgeadais i mbaol agus a chumasódh iomaíocht míchuí. Tá aird tarraingthe ag an gCoimisiún ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn agus ar an ngá atá le cóineasú maoirseachta níos mó sa Teachtaireacht uaidh maidir leis an Aontas Margaí Caipitil dar dáta Meán Fómhair 2016 51 agus i gcomhairliúcháin phoiblí maidir le hoibríochtaí na nÚdarás Maoirseachta Eorpach 52 .

(7)Ar na cúraimí bunúsacha a bheidh le déanamh faoi CEBC tá beartas airgeadaíochta an Aontais a shainmhíniú agus a chur chun feidhme agus oibríocht éifeachtach na gcóras íocaíochta a chur chun cinn. Tá gá le bonneagair chriticiúla an mhargaidh airgeadais, córais imréitigh go háirithe, chun na cúraimí bunúsacha sin a dhéanamh agus príomhchuspóir CEBC, an chobhsaíocht praghais a choinneáil, a shaothrú. Ba cheart na comhaltaí ábhartha den CEBC, ina gcáil mar bhainc cheannais eisiúna airgeadraí na nionstraimí arna nimréiteach ag CPLanna, ba cheart iad a bheith páirteach i maoirseacht CPLanna, de bhrí na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann do shaothrú na gcúraimí bunúsacha agus an phríomhchuspóra dá mbeadh CPL ag mífheidhmiú, rud a dhéanfadh difear do na hionstraimí agus na contrapháirtithe a úsáidtear chun an beartas airgeadaíochta a tharchur. Mar thoradh air sin, ba cheart na bainc ceannais eisiúna a bheith páirteach i mbainistíocht riosca CPLanna a mheasúnú. Anuas air sin, cé go bhféadfaidh sainorduithe banc ceannais agus maoirseoirí bheith ag forluí ar a chéile, féadfaidh míailíniú a bheith ann i gcás ina ndéanfaidh gníomhaíochta maoirseachta difear do fhreagrachtaí banc ceannais i réimsí amhail cobhsaíocht praghais, beartais airgeadaíochta agus na córais íocaíochta. I gcásanna géarchéime, féadfaidh míailínithe den chineál sin na rioscaí ar an gcobhsaíocht airgeadais a mhéadú más rud é go leanfaidh sannadh na bhfreagrachtaí de bheith doiléir.

(8)Tá aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta arb é an euro a airgeadra bunaithe leis na Conarthaí, agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE) mar institiúid den Aontas chun na críche seo. Foráiltear leis na Conarthaí freisin gurb iad comhlachtaí rialaithe BCE a dhéanfaidh CEBC a rialú agus gurb é BCE amháin a fhéadfaidh eisiúint an euro a údarú. Ba cheart aitheantas a thabhairt ar an gcaoi sin do shainról BCE laistigh den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) mar bhanc ceannais eisiúna airgeadra aonair an Aontais.

(9)I bhfianaise nádúr domhanda na margaí airgeadais, agus an ghá aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí sa mhaoirseacht a dhéantar ar CPLanna an Aontais agus tríú tír, ba cheart cumas ÚEUM cóineasú i maoirseacht CPLanna a chur chun cinn. Chun róil agus freagrachtaí nua a thabhairt d'ÚEUM ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena bhunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (ÚEUM) 53 a leasú.

(10)Ba cheart Seisiún Feidhmiúcháin sonrach ("Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna") a chruthú laistigh de Bhord Maoirseoirí ÚEUM chun cúraimí a bhaineann go ginearálta le CPLanna a láimhseáil, agus chun maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna an Aontais agus tríú tír go háirithe. D'fhonn Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a chruthú mar is ceart is gá a idirghníomhaíochtaí le Bord Maoirseoirí ÚEUM, an tslí ina bhfuil sé eagraithe agus na cúraimí is ceart dó a dhéanamh, is gá an méid sin a shoiléiriú.

(11)Chun cur chuige maoirseachta comhsheasmhach a áirithiú agus chun sainorduithe na núdarás ábhartha atá páirteach i maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna a léiriú, ba cheart Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a bheith comhdhéanta de chomhaltaí buana agus de chomhaltaí a bhaineann go sonrach le CPLanna. Ba cheart Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus beirt Stiúrthóirí neamhspleácha a bheith ar na comhaltaí buana agus ba cheart dóibh gníomhú go neamhspleách agus go hoibiachtúil ar leas an Aontais ina iomláine. Ba cheart comhaltaí buana a cheapadh ag an gCoimisiún agus ag BCE freisin. Ba cheart ionadaí ó na húdaráis inniúla náisiúnta ina bhfuil an CPL bunaithe, arna ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bheith ar na comhaltaí a bhaineann go sonrach le gach CPL, agus ionadaí ón mbanc ceannais/ó na bainc ceannais eisiúna. Ba cheart an Ceann Seisiún Feidhmiúcháin a bheith in ann cuireadh a thabhairt do chomhaltaí eile den choláiste maoirseoirí agus d'ionadaithe ó údaráis na CPLanna tríú tír arna naithint ag ÚEUM bheith ina mbreathnóirí chun a áirithiú go gcuirfidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna tuairimí na núdarás ábhartha eile san áireamh. Cé gur cheart na comhaltaí buana a bheith páirteach i ngach cruinniú de Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna, níor cheart na comhaltaí a bhaineann go sonrach le CPL agus na breathnóirí a bheith páirteach ach amháin nuair is gá agus nuair is iomchuí i dtaca leis na CPLanna atá faoina maoirseacht. Ós rud é go mbeidh comhaltaí buana neamhspleácha agus comhaltaí a bhaineann go sonrach le CPLanna i láthair, ba cheart go náireofaí go mbeidh na cinntí a dhéanfar le linn Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna comhsheasmhach, iomchuí agus comhréireach ar fud an Aontais agus go mbeidh baint ag na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, ag na bainc cheannais eisiúna agus ag na breathnóirí sa phróiseas cinnteoireachta maidir le ceisteanna a bhaineann le CPL atá bunaithe i mBallstát.

(12)Agus cinntí á ndéanamh maidir le saincheisteanna i ndáil le CPL atá bunaithe i mBallstát, ba cheart do Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna cruinniú a thionól agus a áirithiú go mbeidh na comhaltaí buana agus an comhalta/na comhaltaí ábhartha a dhéanann ar ionadaithe iad ó na húdaráis inniúla náisiúnta arna ainmniú/arna nainmniú ag an mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 páirteach sa phróiseas cinnteoireachta mar aon le breathnóirí arna gceapadh ag na bainc ceannais eisiúna ábhartha. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le CPL tríú tír, is iad na comhaltaí buana, an banc ceannais/na bainc ceannais eisiúna ábhartha agus aon bhreathnóirí ábhartha ar Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus iad sin amháin is ceart a bheith páirteach sa phróiseas cinnteoireachta.

(13)Chun próiseas cinnteoireachta iomchuí éifeachtach gasta a áirithiú, ba cheart cearta vótála a bheith ag an gCeann, beirt Stiúrthóirí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna, agus ionadaí údaráis inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an CPL bunaithe. Níor cheart cearta vótála a bheith ag ionadaithe BCE, ionadaithe an Choimisiúin agus an bhainc cheannais/na mbanc ceannais ábhartha ná ag breathnóirí. Ba cheart do Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna cinntí a dhéanamh trí thromlach simplí dá chomhaltaí, agus ba cheart gur ag an gCeann a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.

(14)Ba cheart Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a bheith freagrach as cúraimí sonracha arna sannadh dó de bhun Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus cobhsaíocht airgeadais an Aontais agus na mBallstát a áirithiú.

(15)D'fhonn maoirseacht éifeachtach a áirithiú, ba cheart foireann thiomanta agus acmhainní leordhóthanacha a bheith ag Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna chun a uathriail, a neamhspleáchas agus a fheidhmiú leordhóthanach i ndáil lena chúraimí a áirithiú. Ní mór an tionchar buiséadach a mheas sa ráiteas a dhéanfaidh ÚEUM i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1095/2010.

(16)Chun leibhéal saineolais agus cuntasachta iomchuí a chur ar fáil, ba cheart Ceann agus beirt Stiúrthóirí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a cheapadh ar bhonn fiúntais, scileanna, eolas ar an imréiteach, ar an iarthrádáil agus ar chúrsaí airgeadais, chomh maith le taithí ar mhaoirseacht ar CPLanna agus ar iad a rialáil. Ba cheart iad a roghnú ar bhonn próisis roghnúcháin oscailte. Ba cheart don Coimisiún togra le haghaidh ceapadh iarrthóirí a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa an togra sin a fhormheas, ba cheart don Chomhairle cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh.

(17)Chun trédhearcacht agus rialú daonlathach a áirithiú, agus chun cearta institiúidí an Aontais a chaomhnú, ba cheart Ceann agus beirt Stiúrthóirí Sheisiúin Feidhmiúcháin na CPLanna a bheith cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le haon chinneadh arna dhéanamh ar bonn an Rialacháin seo.

(18)Ba cheart do Cheann agus beirt Stiúrthóirí Sheisiúin Fheidhmiúcháin na CPLanna gníomhú go neamhspleách agus go hoibiachtúil ar leas an Aontais. Ba cheart a áirithiú leo go dtabharfar aird iomchuí ar fheidhmiú ceart an mhargaidh aonair chomh maith le cobhsaíocht airgeadais i ngach Ballstát agus san Aontas.

(19)Chun comhsheasmhacht a chur chun cinn i dtaca le maoirseacht ar CPLanna an Aontais agus tríú tír ar fud an Aontais, ba cheart don chathaoirleach cathaoirleacht a dhéanamh ar choláistí agus iad a bhainistiú, agus ba cheart do chomhaltaí buana Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna bheith i láthair. Ba cheart do BCE, i gcás inarb ábhartha agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle, bheith ina chuid de na coláistí chun a shainordú a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 127 de CFAE.

(20)Chun próiseas cinnteoireachta iomchuí éifeachtach a áirithiú, ba cheart vóta amháin an duine a bheith ag comhaltaí buana Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna sna coláistí, cé is moite d'ionadaí an Choimisiúin, nach mbeidh vóta aige. Ba cheart do na comhaltaí de chuid na gcoláistí atá ann cheana leanúint dá gcearta vótála a fheidhmiú.

(21)Cé go leanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta de na freagrachtaí maoirseachta atá acu cheana a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ba cheart a cheangal nach mór toil ÚEUM a fháil roimh ré maidir le cinntí áirithe chun comhsheasmhacht i maoirseacht CPLanna a chur chun cinn ar fud an Aontais. Tugtar isteach freisin sásra do chásanna ina mbeidh easaontas idir ÚEUM agus na húdaráis inniúla náisiúnta. mar an gcéanna, is gá sainorduithe na mbanc ceannais eisiúna maidir lena bhfreagrachtaí i leith an bheartais airgeadaíochta a léiriú níos fearr, de bhrí na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann do shainmhíniú agus cur chun feidhme bheartas airgeadaíochta an Aontais agus do chur chun cinn oibríocht éifeachtach na gcóras íocaíochta, i gcás ina mbeadh CPL ag mífheidhmiú. Dá bharr sin, ba cheart a cheangal nach mór toiliú a fháil ó na bainc cheannais eisiúna ábhartha roimh ré maidir le cinntí áirithe arna mbeartú ag údaráis inniúla náisiúnta, go háirithe nuair a bhaineann sin le socruithe íocaíochta agus socraíochta agus le nósanna imeachta bainistithe riosca leachtachta maidir le hidirbhearta arna nainmniú in airgeadra an bhainc ceannais eisiúna sin.

(22)D'fhonn a chumasú d'ÚEUM a chuid cúraimí maidir le CPLanna a dhéanamh go éifeachtach, ba cheart do CPLanna an Aontais agus tríú tír táillí maoirseachta a íoc as cúraimí riaracháin agus maoirseachta ÚEUM. Ba cheart na táillí sin, agus na táillí a ghearrtar ar chúraimí faoi fhreagracht UEUM, iarratais ar údarú a dhéanann CPLanna an Aontais agus iarratais ar aitheantas a dhéanann CPLanna tríú tír a chumhdach. Ba cheart don Choimisiún a shonrú i ngníomh tarmligthe na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a níocfaidh CPLanna údaraithe agus CPLanna is iarrthóir san Aontas agus CPLanna aitheanta tríú tír.

(23)Is gá athbhreithniú a dhéanamh chomh maith ar na socruithe maoirseachta sa Rialachán seo maidir le CPLanna tríú tír a thairgeann seirbhísí imréitigh ar chríocha an Aontais. Ba cheart feabhas a chur ar an rochtain ar fhaisnéis, ar an gcumas cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh agus ar an deis faisnéis maidir le CPLanna tríú tír a chomhroinnt idir na húdaráis ábhartha san Aontas agus sna Ballstáit chun impleachtaí tábhachtacha cobhsaíochta airgeadais d'eintitis an Aontais a sheachaint. Tá baol ann chomh maith nach bhféadtar athruithe ar rialacha CPL tríú tír nó ar chreat rialála tríú tír a chur san áireamh agus go bhféadfaí dochar a dhéanamh do thorthaí rialála agus maoirseachta, rud a d'fhágfadh go mbeadh míchothrom iomaíochta ann idir CPLanna an Aontais agus CPLanna tríú tír.

(24)Déanann CPLanna tríú tír aitheanta líon suntasach d'ionstraimí airgeadais arna nainmniú in airgeadra na mBallstát a imréiteach. Tiocfaidh méadú mór ar an líon sin nuair a imeoidh an Ríocht Aontaithe as an Aontas agus nuair nach mbeidh na CPLanna atá bunaithe ansin faoi réir cheanglais an Rialacháin seo a thuilleadh. Ní bheidh socruithe comhair arna naontú ag na coláistí maoirseachta faoi réir bhearta coimirce agus nósanna imeachta an Rialacháin seo a thuilleadh, lean náirítear Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tagann as sin dúshláin mhóra d'údaráis na mBallstát agus an Aontais i leith an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú.

(25)Mar chuid dá thiomantas do mhargaí airgeadais comhtháite, ba cheart don Choimisiún leanúint de chinneadh trí bhíthin cinntí coibhéise go gcomhlíonann creataí dlí agus maoirseachta tríú tíortha ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Chun cur chun feidhme an réimis choibhéisigh maidir le CPLanna atá ann cheana a fheabhsú, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún sonrú a dhéanamh, dá mbeadh sin riachtanach, ar na critéir maidir le réimis choibhéiseacha CPLanna tríú tír a mheas. Is gá a thabhairt de chumhacht d'ÚEUM freisin maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta sna réimis CPL tríú tír a mheasann an Coimisiún bheith coibhéiseach. Tá sin á dhéanamh chun a áirithiú go leanfaidh tríú tíortha de chomhlíonadh na gcritéar coibhéiseach agus aon choinníollacha sonracha arna socrú lena núsáid. Ba cheart d'ÚEUM na torthaí atá aige a sheoladh chuig an gCoimisiún ar bhonn rúnda.

(26)Faoi láthair féadann an Coimisiún cinneadh coibhéise a leasú, a chur ar fionraí, a athbhreithniú nó a aisghairm tráth ar bith, go háirithe i gcás ina dtarlóidh forbairtí i dtríú tír a dhéanfaidh difear do na gnéithe a ndearnadh meastóireacht orthu i gcomhréir leis na ceanglais maidir le coibhéis faoin Rialachán seo. I gcás nach noibreoidh údaráis ábhartha tríú tír a thuilleadh i gcomhar le hÚEUM nó le maoirseoirí eile an Aontais de mheon macánta nó nach ndéanfaidh siad na ceanglais is infheidhme maidir le coibhéis a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach, féadfaidh an Coimisiún, inter alia fógra a thabhairt don údarás tríú tír nó moladh sonrach a fhoilsiú. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún tráth ar bith coibhéis tríú tír a aisghairm, féadann sé moill a chur ar dháta chur i bhfeidhm an chinnidh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais agus ar shuaitheadh sa mhargadh. De bhreis ar na cumhachtaí atá ar fáil cheana, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún a áirithiú go leanfaidh na critéir maidir le coibhéis de bheith á gcomhlíonadh ar bhonn leanúnach ag an tríú tír lena mbaineann cinneadh coibhéise. Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún coinníollacha a leagan síos lena áirithiú go bhféadfaidh ÚEUM a fhreagrachtaí a fheidhmiú go héifeachtach i dtaca le CPLanna tríú tír a bhfuil aitheantas acu faoin Rialachán seo nó i dtaca le faireachán ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha atá ábhartha i leith cinntí coibhéise.

(27)I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar ghné trasteorann na CPLanna agus na nidirnasc i gcóras airgeadais an Aontais, is gá cumas an Aontais na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le haitheantas a thabhairt do CPLanna tríú tír, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a mhaolú, is gá an cumas sin a fheabhsú. Ba cheart ról ÚEUM a fheabhsú dá bhrí sin chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar CPLanna tríú tír a dhéanann iarratas ar aitheantas chun seirbhísí imréitigh a sholáthar san Aontas. An pháirt a ghlacann bainc cheannais an Aontais in aithint agus maoirseacht CPLanna tríú tír atá gníomhach san airgeadra a eisíonn siad, is gá an pháirt sin a fheabhsú freisin. Dá bharr sin, ba cheart dul i gcomhairle le bainc cheannais eisiúna maidir le gnéithe áirithe a dhéanann difear dá bhfreagrachtaí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta i dtaca le hionstraimí arna nainmniú in airgeadra an Aontais arna nimréiteach ar leibhéal suntasach ag CPLanna atá lonnaithe lasmuigh den Aontas.

(28)Ón uair a aithneoidh an Coimisiún go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír coibhéiseach le creat an Aontais, ba cheart na rioscaí a bhaineann leis na CPLanna sin do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó don Bhallstát a chur san áireamh sa phróiseas chun CPLanna ón tríú tír a aithint.

(29)Agus iarratas ar aitheantas CPL tríú tír á mheas aige, ba cheart d'ÚEUM measúnú a dhéanamh ar mhéid an riosca shistéamaigh atá sa CPL sin do chobhsaíocht an Aontais ar bhonn na gcritéar oibiachtúil agus trédhearcach a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart na critéir sin a shonrú a thuilleadh le gníomh tarmligthe ón gCoimisiún.

(30)CPLanna nach bhfuil tábhacht shistéamach leo maidir le cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann de na Ballstáit, níor cheart iad a mheas mar CPLanna ar "Leibhéal 1". CPLanna a bhfuil tábhacht shistéamach leo, nó ar dócha go mbeadh tábhacht ag baint leo, maidir le cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann de na Ballstáit ba cheart a mheas gur CPLanna ar "Leibhéal 2" iad. I gcás ina gcinnfidh ÚEUM nach bhfuil tábhacht sistéamach ag baint le CPL tríú tír maidir le cobhsaíocht airgeadais an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha aitheantais atá ann cheana faoi Rialachán (AE) Uimh.648/2012 maidir leis an CPL sin. I gcás ina gcinnfidh ÚEUM go bhfuil tábhacht shistéamach le CPL tríú tír, ba cheart ceanglais bhreise atá comhréireach leis an riosca a bhaineann leis an CPL sin a bhunú. Ba cheart d'ÚEUM aitheantas a thabhairt do CPL den chineál sin i gcás ina gcomhlíonann an CPL sin na ceanglais sin agus sa chás sin amháin.

(31)Ba cheart ceanglais stuamachta áirithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 lena ndírítear ar shábháilteacht agus éifeachtúlacht CPL a mhéadú, ba cheart iad a bheith ar na ceanglais bhreise. Ba cheart ÚEUM a bheith freagrach go díreach as a áirithiú go gcomhlíonfaidh CPL tríú tír a bhfuil tábhacht sistéamach leis, go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais sin. Le ceanglais ghaolmhara freisin ba cheart ÚEUM a chumasú maoirseacht iomlán éifeachtach a dhéanamh ar an CPL sin.

(32)Chun a áirithiú go mbeidh ról ceart ag an mbanc ceannais/na bainc cheannais eisiúna, ba cheart don CPL tríú tír a bhfuil tábhacht shistéamach leis aon cheanglais bhreise a chomhlíonadh a mheasann an banc ceannais/na bainc ceannais eisiúna a bheith riachtanach. Ba cheart don bhanc ceannais/do na bainc cheannais eisiúna deimhniú a chur ar fáil d'ÚEUM an gcomhlíonann an CPL ceanglais bhreise gan mhoill nó nach gcomhlíonann agus ar aon chor 180 lá ó chuir an CPL iarratas chuig ÚEUM.

(33)Is athraitheach méid an riosca a bhaineann le CPL a bhfuil tábhacht shistéamach leis maidir le córas airgeadais agus cobhsaíocht an Aontais. Ba cheart na ceanglais maidir le CPLanna atá tábhachtach a bhfuil tábhacht shistéamach leo a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach leis na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann don Aontas i ngeall leis an CPL. I gcás ina dtiocfaidh ÚEUM agus an banc ceannais/na bainc cheannais eisiúna ar an tátal go bhfuil tábhacht shistéamach CPL tríú tír chomh mór sin nach náiritheodh ceanglais bhreise cobhsaíocht airgeadais an Aontais, ba cheart ÚEUM a bheith in ann a mholadh don Choimisiún nár cheart aitheantas a thabhairt don CPL sin. Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndearbhófar gur cheart an CPL tríú tír a bheith bunaithe san Aontas agus é a údarú ar an gcaoi sin seirbhís imréitigh a sholáthar san Aontas.

(34)Ba cheart d'ÚEUM athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar an aitheantas a tugadh do CPLanna tríú tír agus ar an rangú a dhéantar orthu mar CPLanna ar Leibhéal 1 nó ar Leibhéal 2. I dtaca leis sin de, ba cheart d'ÚEUM inter alia na hathruithe i gcineál, i méid agus i gcastacht ghnó CPLanna tríú tír a mheas. Ba cheart athbhreithnithe den chineál sin a dhéanamh gach dhá bhliain ar a laghad agus níos minice i gcás inar gá.

(35)Ba cheart ÚEUM a bheith in ann an méid is féidir comparáid a dhéanamh idir comhlíontacht CPL tríú tír, a bhfuil tábhacht shistéamach leis, leis na ceanglais is infheidhme sa tríú tír sin agus comhlíontacht an CPL sin le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ba cheart ÚEUM a bheith in ann an méid sin a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena ndéanfar tuilleadh mionsonraithe ar na modúlachtaí agus na coinníollacha maidir le meastóireacht chomparáideach a dhéanamh ar an gcomhlíontacht sin.

(36)Ba cheart na cumhachtaí go léir is gá a bheith ag ÚEUM chun maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna tríú tír aitheanta lena áirithiú go ndéanfaidh siad ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chomhlíonadh go leanúnach. I réimsí áirithe, ba cheart cinntí ÚEUM a bheith faoi réir toiliú a fháil roimh ré ón mbanc ceannais/ó na bainc cheannais eisiúna.

(37)Ba cheart ÚEUM a bheith in ann fíneálacha a ghearradh ar CPLanna tríú tír, i gcás ina gcinnfidh sé go bhfuil siad tar éis an Rialachán seo a shárú d'aon ghnó nó le faillí trí fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar d'ÚEUM. Ina theannta sin, ba cheart ÚEUM a bheith in ann fíneálacha a ghearradh ar CPLanna a bhfuil tábhacht shistéamach leo i gcás ina gcinnfidh sé go bhfuil sárú déanta acu d'aon ghnó nó le faillí ar na ceanglais bhreise is infheidhme go díreach maidir leo sa Rialachán seo.

(38)Ba cheart ÚEUM a bheith in ann íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun go gcuirfí iallach ar CPLanna tríú tír deireadh a chur le sárú, faisnéis iomlán agus cheart arna éileamh ag ÚEUM a sholáthar nó géilleadh d'imscrúdú nó cigireacht ar an láthair.

(39)Ba cheart ÚEUM a bheith in ann fíneálacha a ghearradh ar CPLanna ar Leibhéal 1 agus ar Leibhéal 2 araon, i gcás ina gcinnfidh sé go bhfuil siad tar éis an Rialachán seo a shárú d'aon ghnó nó le faillí trí fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar d'ÚEUM. Ina theannta sin, ba cheart ÚEUM a bheith in ann fíneálacha a ghearradh ar CPLanna ar Leibhéal 2, i gcás ina gcinnfidh sé go bhfuil siad tar éis sárú a dhéanamh d'aon ghnó nó le faillí ar na ceanglais bhreise is infheidhme maidir leo atá sa Rialachán seo.

(40)Ba cheart fíneálacha a ghearradh i gcomhréir le tromchúiseacht na sáruithe. Ba cheart sáruithe a roinnt ina ngrúpaí éagsúla ar cheart fíneálacha sonracha a chionroinnt ina leith. Chun an fhíneáil a bhaineann le sárú sonrach a ríomh, ba cheart d'ÚEUM modheolaíocht dhá chéim a chur i bhfeidhm arbh é a bheadh ann méid bunúsach a shocrú agus an méid bunúsach sin a choigeartú, más gá, faoi chomhéifeachtaí áirithe. Ba cheart an méid bunúsach a chinneadh trí láimhdeachas bliantúil na CPLanna tríú tír lena mbaineann a chur san áireamh agus ba cheart na coigeartuithe a dhéanamh tríd an méid bunúsach a mhéadú nó a laghdú trí na comhéifeachtaí ábhartha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(41)Leis an Rialachán seo, ba cheart comhéifeachtaí a bhunú a bheidh nasctha le himthosca géaraitheacha agus le himthosca maolaitheacha chun go dtabharfar na huirlisí is gá d'ÚEUM chun cinneadh a dhéanamh maidir le fíneáil a bheidh comhréireach le tromchúiseacht an tsáraithe arna dhéanamh ag CPL tríú tír, agus na himthosca faoina ndearnadh an sárú sin á gcur san áireamh.

(42)Ba cheart an cinneadh fíneálacha nó íocaíochtaí pionóis a ghearradh a bhunú ar imscrúdú neamhspleách.

(43)Sula ndéanfar cinneadh maidir le fíneálacha a ghearradh nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, ba cheart d'ÚEUM an deis a thabhairt do na daoine atá faoi réir na nimeachtaí éisteacht a fháil chun urraim a thabhairt dá gcearta maidir le cosaint.

(44)Ba cheart d'ÚEUM staonadh d'fhíneálacha a ghearradh nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur más rud é, maidir le héigiontú nó ciontú a rinneadh roimhe sin a d'éirigh as fíorais chomhionanna nó as fíorais atá comhionann le chéile go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

(45)Ba cheart cinntí ÚEUM lena ndéantar fíneálacha a ghearradh agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur a bheith in-fhorfheidhmithe agus ba cheart forfheidhmiú na gcinntí sin a chur faoi réir rialacha nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ar a chríoch a dhéanfar an forfheidhmiú. Níor cheart rialacha nós imeachta choiriúil a bheith san áireamh i rialacha nós imeachta shibhialta, ach d'fhéadfaí rialacha nós imeachta riaracháin a áireamh iontu.

(46)I gcás sárú arna dhéanamh ag CPL ar Leibhéal 2, ba cheart an chumhacht a bheith ag ÚEUM raon beart maoirseachta a dhéanamh, lena náirítear a cheangal ar chontrapháirtí lárnach ar Leibhéal 2 deireadh a chur leis an sárú, agus, mar rogha dheireanach, an clárúchán a tharraingt siar i gcás inar sháraigh an CPL ar Leibhéal 2 an Rialachán seo go tromchúiseach nó ina ndearna sé é arís agus arís eile Ba cheart d'ÚEUM na bearta maoirseachta a chur i bhfeidhm agus cineál agus tromchúiseacht an tsáraithe á gcur san áireamh, agus prionsabal na comhréireachta a urramú. Sula ndéanfaidh ÚEUM cinneadh maidir le bearta maoirseachta, ba cheart dó deis a thabhairt do na daoine atá faoi réir na nimeachtaí éisteacht a fháil chun chun urraim a thabhairt dá gcearta maidir le cosaint.

(47)Ba cheart bailíochtú athruithe suntasacha ar shamhlacha agus ar pharaiméadair arna nglacadh chun ceanglais éarlaise, ranníocaíochtaí ciste mainneachtana, ceanglais chomhthaobhachta agus sásraí rialaithe eile CPL a ríomh, ba cheart an bailíochtú sin a ailíniú leis an gceanglas nua maidir le hÚEUM toiliú a thabhairt roimh ré i dtaca le cinntí áirithe ón údarás inniúil náisiúnta maidir le CPLanna atá bunaithe san Aontas. Chun na himeachtaí bailíochtaithe samhlacha a shimpliú, ba cheart bailíochtú amháin ón údarás inniúil náisiúnta atá faoi réir toiliú a fháil roimh ré ó ÚEUM teacht in áit an dá bhailíochtú a raibh ar an údarás inniúil náisiúnta agus ÚEUM iad a dhéanamh go neamhspleách. Ina theannta sin, ba cheart an tidirghníomhú idir an bailíochtú sin agus cinneadh an choláiste a shoiléiriú. Ba cheart an deis a bheith ann athrú suntasach ar na samhlacha nó na paraiméadair a réamhghlacadh i gcás inar gá sin, go háirithe nuair nach mór athrú gasta a dhéanamh chun fóntacht bhainistíochta riosca an CPL a áirithiú.

(48)Ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na nithe seo: an cineál táillí a shonrú a thuilleadh, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a níocfar iad a shonrú a thuilleadh; na coinníollacha a shonrú faoina ndéanfar na critéir a shonrú chun a chinneadh an bhfuil, nó an dócha go mbeidh, tábhacht le CPL maidir le cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó maidir le ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit; sonrú breise ar na critéir a bheidh le húsáid chun coibhéis tríú tíortha a mheasúnú; sonrú a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonfaidh CLPanna tríú tír ceanglais áirithe agus ar na coinníollacha faoina ndéanfaidh siad sin; rialacha nós imeachta eile a bhaineann le fíneálacha a ghearradh nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena náirítear forálacha maidir le cearta na cosanta, teorainneacha ama, bailiú fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus na tréimhsí teorann i dtaca le híocaíochtaí pionósacha nó fíneálacha a fhorchur agus a fhorfheidhmiú; bearta chun Iarscríbhinn IV a leasú chun forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh;

(49)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, agus go háirithe maidir le haitheantas a thabhairt do CPLanna tríú tíortha agus coibhéis creataí dlíthiúla tríú tíortha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(50)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, sábháilteacht agus éifeachtúlacht na CPLanna a mhéadú trí cheanglais aonfhoirmeacha a leagan síos maidir lena ngníomhaíochtaí, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur fearr, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, is féidir é a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(51)Ba cheart úsáid na cumhachta atá ag ÚEUM CPL a aithint mar CPL ar Leibhéal 1 nó ar Leibhéal 2 a chur siar go dtí ndéanfar na critéir a shonrú a thuilleadh lenar féidir a mheasúnú an bhfuil, nó an bhféadfaidh go mbeidh, tábhacht le CPL maidir le córas airgeadais an Aontais nó maidir le ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit.

(52)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 mar a leanas:

1.In Airteagal 4, cuirtear isteach an pointe (4) seo a leanas:

"(4) ciallaíonn "CPL" contrapháirtí lárnach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;”

2.In Airteagal 6, cuirtear isteach an pointe (1a) seo a leanas:

"(1a) ciallaíonn Bord Maoirseoirí i Seisiún Feidhmiúcháin do CPLanna (Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna) a dhéanfaidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 44b";

3.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (6) d'Airteagal 35:

"6. I gcás nach mbeidh faisnéis iomlán nó faisnéis chruinn ar fáil nó nach soláthrófar í ar bhealach tráthúil faoi mhír 1 nó faoi mhír 5, féadfaidh an tÚdarás faisnéis a iarraidh trí iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí, go díreach uathu seo a leanas:

(a) CPL atá údaraithe nó aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 14 nó Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(b) taisclann lárnach urrús údaraithe nó aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

(c) margadh rialáilte i gcomhréir le pointe (14) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE;

(d) saoráid trádála iltaobhach i gcomhréir le pointe (22) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(e) saoráid trádála eagraithe i gcomhréir le pointe (23) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

Soláthróidh seolaithe iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir chruinn iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.

Cuirfidh an tÚdarás na húdaráis inniúla ábhartha ar an eolas faoi iarrataí i gcomhréir leis an mír seo agus le mír 5.

Arna iarraidh sin ag an Údarás, tabharfaidh na húdaráis inniúla cúnamh don Údarás maidir le bailiú na faisnéise."

4.In Airteagal 40(1), cuirtear isteach an pointe (f) seo a leanas:

“(f) comhaltaí buana Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna, dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 44a(1)(a), nach mbeidh vóta acu.”

5.In Airteagal 42, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"Nuair a bheidh na cúraimí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu, gníomhóidh an Cathaoirleach, na comhaltaí buana a bhfuil vóta acu agus na comhaltaí a bhfuil vóta acu a bhaineann go sonrach le gach CPL de Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 44a(1)(a) agus na comhaltaí sin den Bhord Maoirseoirí a bhfuil vóta acu go neamhspleách agus go hoibiachtúil d’aon toisc ar mhaithe le leas an Aontais ina iomláine agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.”

6.Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Tabharfaidh an Bord Maoirseoirí treoir maidir le hobair an Údaráis. Is airsean a bheidh na cúraimí dá dtagraítear i gCaibidil II, ach amháin na cúraimí sin atá ar Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna de bhun Airteagal 44b(1).”

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8. Déanfaidh an Bord Maoirseoirí údarás araíonachta a fheidhmiú ar an gCathaoirleach agus féadfaidh sé é a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 48(5). Déanfaidh an Bord Maoirseoirí, le comhaontú Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna, údarás araíonachta a fheidhmiú ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus féadfaidh sé é a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 51(5).”

7.I gCaibidil II, cuirtear an roinn 1A seo a leanas isteach:

Roinn 1A Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna

Airteagal 44 a

Comhdhéanamh

1. Beidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a) na comhaltaí buana seo a leanas:

(i) an Ceann agus dhá Stiúrthóir arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 48a, a mbeidh vóta acu;

(ii) ionadaí ó BCE, nach mbeidh vóta aige;

(ii) ionadaí ón gCoimisiún, nach mbeidh vóta aige;

(b) na comhaltaí neamhbhuana seo a leanas a bhaineann go sonrach CPL ar leith:

(i) ionadaí ón údarás inniúil ó gach CPL atá lonnaithe san Aontas is cúis le Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna, a mbeidh vóta aige;

(ii) ionadaí ó gach ceann de na bainc cheannais eisiúna ábhartha dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 do gach CPL atá lonnaithe san Aontas is cúis le Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna, nach mbeidh vóta aige.

Féadfaidh an Ceann cuireadh a thabhairt, más iomchuí agus más gá, do na daoine seo a leanas mar bhreathnóirí chuig cruinnithe Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna:

(a) comhaltaí eile dá dtagraítear in Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 de choláiste an CPL ábhartha chuig cruinnithe Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna;

(b) údaráis CPLanna tríú tír atá aitheanta ag ESMA de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Tionólfaidh Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a chruinnithe dá thionscnamh féin nó ar iarratas ó aon duine dá chomhaltaí.

Mura mbainfidh cúraim de chuid Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna le CPL sonrach de chuid an Aontais, ní bheidh sa Seisiún sin ach na comhaltaí buana dá dtagraítear i bpointe (a) agus, más ábhartha, na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (b)(ii).

Airteagal 44b

Cúraimí agus cumhachtaí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna

1. Beidh na cúraimí seo a leanas ar Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna:

(a) an toiliú a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 21a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(b) aitheantas a thabhairt do CPLanna tríú tír agus maoirseacht a dhéanamh orthu i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta i dtríú dtíortha faoi Chaibidil 2 de Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; agus

(c) na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(1), sa chéad fhomhír d'Airteagal 9(3), Airteagal 9(4), Airteagal 17(2), Airteagal 17(3), Airteagal 18(1), Airteagal 20(2), Airteagal 20(6), Airteagal 21c, Airteagal 23, Airteagal 24, Airteagal 29(3), Airteagail 38(5), 48(3), 49(1) agus 54(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

2. Cuirfidh ESMA foireann thiomanta agus acmhainní leordhóthanacha ar fáil do Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna chun a chúraimí a dhéanamh.

3. Cuirfidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoina chuid cinntí.

Airteagal 44c

Cinnteoireacht

Déanfaidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a chuid cinntí le tromlach glan dá chuid comhaltaí. Is ag an gCeann a bheidh an vóta réitigh.”

8.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 3 de Chaibidil III:

“An Cathaoirleach, an Ceann agus na Stiúrthóirí”

9.cuirtear Airteagal 48 a nua isteach:

“Airteagal 48a

Ceann agus Stiúrthóirí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a cheapadh agus na cúraimí a bheidh orthu

1. De mhaolú ar Airteagal 48(1), is é Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a dhéanfaidh ionadaíocht ar an Údarás maidir leis na cúraimí agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 44b(1).

Is ar Cheann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a bheidh an cúram obair Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a ullmhú agus is eisean a bheidh ina chathaoirleach ag na cruinnithe.

2. Beidh Ceann agus Stiúrthóirí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 44a(1)(a) ina ngairmithe lánaimseartha neamhspleácha. Ceapfar iad ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar imréiteach, iarthrádáil agus cúrsaí airgeadais agus ar bhonn taithí a bhaineann le maoirseacht agus rialáil CPLanna. Roghnófar iad le próiseas roghnúcháin oscailte a eagróidh an Coimisiún agus a dhéanfar i gcomhréir le prionsabail na cothromaíochta inscne, na taithí agus na gcáilíochtaí.

3. Mairfidh téarma oifige Cheann agus Stiúrthóirí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 44a(1)(a) cúig bliana agus féadfar síneadh a chur leis aon uair amháin.

Ní bheidh aon phost ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal idirnáisiúnta ag Ceann agus Stiúrthóirí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 44a(1)(a).

4. Tabharfaidh an Coimisiún gearrliosta de na hiarrthóirí ar phoist an Cheann agus na Stiúrthóirí dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 44a(1)(a) do Pharlaimint na hEorpa agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoin ngearrliosta.

Cuirfidh an Coimisiún togra isteach le haghaidh cheapadh Cheann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 44a(1)(a) chuig Parlaimint na hEorpa le haghaidh formheasa. Tar éis fhormheas an togra sin, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme chun Ceann agus Stiúrthóirí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 44a(1)(a) a cheapadh. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

5. Más rud é nach bhfuil Ceann nó Stiúrthóirí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 44a(1)(a) ag comhlíonadh na gcoinníollacha is gá chun a dhualgais, dá dtagraítear i mír 2, a dhéanamh nó go bhfuarthas ciontach é as míiompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún a d'fhormheas Parlaimint na hEorpa, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh é a chur as oifig. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an Coimisiún ar chur ar an eolas go measann siad go bhfuil na coinníollacha maidir le Ceann nó Stiúrthóirí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 44a(1)(a) a chur as oifig comhlíonta, agus tabharfaidh an Coimisiún freagra air sin.”

10.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49:

“Gan dochar do ról an Bhoird Maoirseoirí maidir le cúraimí Cheann agus Stiúrthóirí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 44a(1)(a) agus an Chathaoirligh, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh an Cathaoirleach treoracha ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhaltaí an Aontais ná aon chomhalta poiblí nó príobháideach iarracht dul i gcion ar Cheann ná Stiúrthóirí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 44a(1)(a) ná ar an gCathaoirleach i leith a chúraimí a dhéanamh.

I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 68, beidh an Cathaoirleach, Cheann agus Stiúrthóirí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 44a(1)(a), tar éis éirí as an tseirbhís, faoi cheangal fós ag an dualgas iad féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe.”

11.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50:

“1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cuireadh a thabhairt don Chathaoirleach nó ar a mhalartach, nó Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna, ráiteas a dhéanamh, agus a neamhspleáchas á urramú go hiomlán acu. Déanfaidh an Cathaoirleach nó an Ceann ráiteas os comhair Pharlaimint na hEorpa, nuair a iarrfar sin air, agus freagróidh sé aon cheisteanna a chuirfidh comhaltaí na Parlaiminte air.

2. Tuairisceoidh an Cathaoirleach nó Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna i scríbhinn ar phríomhghníomhaíochtaí an Bhoird Maoirseoirí agus Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna faoi seach do Pharlaimint na hEorpa nuair a iarrfar sin air agus déanfaidh sé sin 15 lá ar a laghad sula ndéanfaidh sé an ráiteas dá dtagraítear i mír 1.

3. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11 go hAirteagal 18, agus in Airteagal 20 agus in Airteagal 33, tuairisceoidh an Cathaoirleach aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh Parlaimint na hEorpa ar bhonn ad hoc.

De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 33, tuairisceoidh Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh Parlaimint na hEorpa ar bhonn ad hoc.”

12.Leasaítear Airteagal 53 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as clár oibre bliantúil an Údaráis a chur chun feidhme faoi threoir an Bhoird Maoirseoirí agus Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus faoi rialú an Bhoird Bainistíochta.”

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4. Ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin clár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 47(2). Le haghaidh na gcúraimí agus na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 44b(1), gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin toiliú Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna sula gcuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta é.”

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7. Ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréacht-tuarascáil gach bliain agus beidh roinn amháin ann a bhaineann le gníomhaíochtaí rialála agus le gníomhaíochtaí maoirseachta an Údaráis agus beidh roinn amháin ann a bhaineann le cúrsaí airgeadais agus riaracháin.

Le haghaidh na gcúraimí agus na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 44b(1), gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin toiliú Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna sula gcuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta é”.

13.In Airteagal 63, cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

“1a. Beifear ina ann caiteachas agus táillí ÚEUM a bhaineann leis na cúraimí agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 44b (1) a aithint ceann ar cheann sa ráiteas ar mheastacháin dá dtagraítear i mír 1. Sula nglacfar an ráiteas ar mheastacháin sin, déanfaidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna an dréacht a bheidh ullmhaithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhaineann leis an gcaiteachas sin a fhormheas.

I gcuntais bhliantúla ÚEUM a tharraingeofar suas agus a fhoilseofar i gcomhréir le hAirteagal 64(6), beidh an tioncam agus na caiteachais a bhaineann leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 44b(1).”

14.In Airteagal 70 , cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 :

“1. Beidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus daoine d’fhoireann an Údaráis lena náirítear oifigigh atá fostaithe ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach, agus gach duine eile a bhfuil cúraimí á gcur i gcrích aige don Údarás ar bhonn conartha, faoi réir cheanglais na sicréideachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus de bhun na bhforálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.”

15.In Airteagal 76, cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:

"2a Go dtí go rachaidh Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna i agus Stiúrthóirí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna dá dtagraítear in Airteagal 44a(1) i mbun a gcuid dualgas tar éis a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 48a, is é an Bord Maoirseoirí a bheidh i mbun fheidhmeanna Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:

1.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, pointe (b) d'Airteagal 6:

“(b) na CPLanna atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 17 nó aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 25 agus dáta an údaraithe nó an aitheantais faoi seach, lenar léiríodh cé na CPLanna atá údaraithe nó aitheanta chun críocha na hoibleagáide imréitigh”.

2.In Airteagal 17 , cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 :

“3. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh an túdarás inniúil measúnú i dtaobh an bhfuil an tiarratas comhlánaithe ina iomláine i gcomhairle le hÚEUM. Mura mbeidh an tiarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh an túdarás inniúil síos spriocdháta faoina gcaithfidh an CPL is iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar. Nuair a gheobhaidh sé an fhaisnéis bhreise sin, tarchuirfidh an túdarás inniúil láithreach í chuig ÚEUM agus chuig an gcoláiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 18(1). Tar éis don údarás inniúil measúnú a dhéanamh, i gcomhairle le hÚEUM, go bhfuil iarratas comhlánaithe ina iomláine, tabharfaidh sé fógra don CPL is iarratasóir agus do chomhaltaí an choláiste dá réir sin.”

3.Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Faoi cheann 30 lá féilire ó iarratas atá comhlánaithe ina iomláine i gcomhréir le hAirteagal 17 a bheith tíolactha, déanfaidh údarás inniúil an CPL coláiste a bhunú chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagail 15, Airteagal 17, Airteagal 49, Airteagal 51 agus in Airteagal 54 a éascú.

Is é Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna dá dtagraítear in Airteagal 48a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a dhéanfaidh cathaoirleacht agus bainistiú ar an gcoláiste.

(b)i mír 2, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) comhaltaí buana Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna dá dtagraítear in Airteagal 44a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;”

(c)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c) na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an CPL atá bunaithe sna trí Bhallstát a dhéanann na ranníocaíochtaí is mó le ciste mainneachtana an CPL dá dtagraítear in Airteagal 42 ar bhonn comhiomlán in imeacht tréimhse bliana, lena náirítear, más ábhartha, BCE i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1024/2013 ón gComhairle 54 .

4.In Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Déanfar tuairim thromlaigh ón gcoláiste a ghlacadh trí thromlach simplí a chomhaltaí.

Maidir le coláistí ina bhfuil suas le 12 chomhalta nó 12 chomhalta, beidh vóta ag beirt ar a mhéad de chomhaltaí an choláiste a thagann ón mBallstát céanna, agus is vóta amháin a bheidh ag gach comhalta vótála. Maidir le coláistí ina bhfuil níos mó ná 12 chomhalta, beidh vóta ag triúr ar a mhéad de chomhaltaí a thagann ón mBallstát céanna, agus is vóta amháin a bheidh ag gach comhalta vótála.

Má bhíonn BCE ina chomhalta den choláiste de bhun phointe (a), phointe (b) agus phointe (h) d'Airteagal 18(2), beidh an líon vótaí seo a leanas aige:

(i) 2 vóta ar a mhéad i gcoláistí suas le 12 chomhalta nó 12 chomhalta;

(i) 3 vóta ar a mhéad i gcoláistí níos mó ná 12 chomhalta ;

Ní bheidh vóta ag an ionadaí ón gCoimisiún. Beidh vóta an duine ag comhaltaí buana eile Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna.”

5.In Airteagal 20 , cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6 :

6. Seolfaidh údarás inniúil an CPL a dhréachtchinneadh lánréasúnaithe chuig ÚEUM agus chuig comhaltaí an choláiste, a dhéanfaidh forchoimeádais chomhaltaí an choláiste a chur san áireamh.”

6.Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Gan dochar do ról an choláiste, déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22, i gcomhar le hÚEUM athbhreithniú ar na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí a chuirfidh contrapháirtithe lárnacha chun feidhme chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus déanfaidh sé meastóireacht ar na rioscaí a bhfuil naCPLanna neamhchosanta orthu nó a bhféadfaidís a bheith neamhchosanta orthu.”

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Leagfaidh ÚEUM síos a mhinice a dhéanfar an tathbhreithniú agus an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1, agus a dhoimhne a bheidh siad, ag féachaint do mhéid, do thábhacht chórasach, do chineál, do scála agus do chastacht ghníomhaíochtaí na CPLanna lena mbaineann. Déanfar an tathbhreithniú agus an mheastóireacht a thabhairt cothrom le dáta ar a laghad gach bliain.

Déanfar cigireachtaí ar na CPLanna ar an láthair. Tabharfar cuireadh do bhaill foirne ÚEUM páirt a ghlacadh sna cigireachtaí ar an láthair sin.

Cuiridh an túdarás inniúil chuig ÚEUM aon fhaisnéis a fuair sé ón na CPLanna agus iarrfaidh sé aon fhaisnéis ar an CPL lena mbaineann aon fhaisnéis atá ÚEUM a lorg agus nach féidir leis an údarás inniúil a thabhairt dó.”

7.I dTeideal III, Caibidil 2, cuirtear isteach Airteagal 21 a, Airteagal 21b agus Airteagal 21c mar a leanas:

“Airteagal 21a

Dréachtchinntí a ullmhú

1. Déanfaidh na húdaráis inniúla dréachtchinntí a ullmhú agus a chur faoi bhráid ÚEUM chun a thoiliú a fháil sula nglacfaidh siad aon cheann de na cinntí seo a leanas:

(a) cinntí a ghlacfaidh siad de bhun Airteagail 7, 8, 14, 15, 16, 20, 21, 30, 31, 35, 49 agus 54 den Rialachán seo agus Airteagal 35 agus Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;

(b) aon chinntí a ghlacfaidh siad agus a gcúraimí á ndéanamh acu mar gheall ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16, Teideal IV agus Teideal V.

2. Déanfaidh na húdaráis inniúla dréachtchinntí a ullmhú agus a chur faoi bhráid na mbanc ceannais eisiúna dá dtagraítear in Airteagal 18(2)(h) sula nglacfaidh siad aon chinneadh de bhun Airteagail 14, 15, 20, 44, 46, 50 agus 54.

Gheobhaidh na húdaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 21(b), toiliú ó na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear sa chéad fhomhír i leith aon ghné de na cinntí sin a bhaineann lena gcúraimí beartais airgeadaíochta a dhéanamh.

3. Déanfaidh ÚEUM aon fhaisnéis ábhartha is féidir a nglacfar cinneadh dá dtagraítear i mír 1 dá bharr a tharchur chuig na húdaráis inniúla agus féadfaidh sé bearta maoirseachta sonracha a iarraidh, lena náirítear an túdarú a aistarraingt. Coinneoidh na húdaráis inniúla ÚEUM ar an eolas faoi aon bhearta a dhéanfar nó nach ndéanfar dá bharr sin.

4. Chun críocha mhír 1, measfar go bhfuil toiliú faighte ó ÚEUM murar mhol sé leasuithe a dhéanamh ar an dréachtchinneadh nó murar chuir sé ina aghaidh faoi cheann 15 lá féilire ar a mhéad tar éis dó fógra a fháil faoin gcinneadh sin. Má mholann ÚEUM leasuithe a dhéanamh ar an dréachtchinneadh nó má chuireann sé ina aghaidh, cuirfidh sé cúiseanna iomlána mionsonraithe leis sin ar fáil i scríbhinn.

5. Má mholann ÚEUM leasuithe a dhéanamh, ní fhéadfaidh an túdarás inniúil ach an leagan den chinneadh a leasaigh ÚEUM a ghlacadh.

Má chuireann ÚEUM in aghaidh dréachtchinneadh críochnaitheach, ní ghlacfaidh an túdarás inniúil an cinneadh sin.

6. Mura mbeidh údarás inniúil ag tacú leis an leasú atá beartaithe ag ÚEUM nó leis an agóid a rinne sé, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi cheann 5 lá go ndéanfaí measúnú ar an leasú nó an agóid sin. Déanfaidh an Bord Maoirseoirí agóidí nó leasuithe ÚEUM a fhormhuiniú nó a dhiúltú faoi cheann 10 lá ón iarraidh sin agus beidh mír 5 i bhfeidhm dá réir.

7. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, féadfaidh ÚEUM cinneadh a ghlacadh a bheidh dírithe ar rannpháirtí sa mhargadh airgeadais lena néileofaí air na bearta is gá a dhéanamh chun a oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena náirítear deireadh a chur le haon chleachtais sna cásanna seo a leanas:

(a) níl údarás inniúil ag comhlíonadh mhír 5 maidir le hagóid ÚEUM in aghaidh cinneadh maidir le dréacht críochnaitheach nó leasuithe ar an dréacht sin;

(b) tar éis dó iarraidh a fháil ó ÚEUM i gcomhréir le mír 3, ní dhearna údarás inniúil na bearta a iarradh a dhéanamh faoi cheann tréimhse réasúnta agus sháraigh rannpháirtí i margadh airgeadais na ceanglais is infheidhme i dTeideal IV agus Teideal V den Rialachán seo mar nach ndearnadh na bearta sin.

Beidh forlámhas ag cinntí a glacadh de bhun na chéad fhomhíre ar aon chinneadh arna ghlacadh roimhe sin ag na húdaráis inniúla maidir leis an ábhar céanna.

Airteagal 21b

Toiliú an Bhainc Ceannais Eisiúna

1. Measfar go bhfuil an toiliú dá dtagraítear in Airteagal 21a(2) tugtha murar mhol an banc ceannais eisiúna leasuithe a dhéanamh ar dhréachtchinneadh nó murar chuir sé ina choinne faoi cheann 15 lá féilire ar a mhéad tar éis é a bheith tíolactha. Má mholann an banc ceannais eisiúna leasuithe a dhéanamh ar an dréachtchinneadh nó má chuireann sé ina aghaidh, cuirfidh sé cúiseanna iomlána mionsonraithe leis sin ar fáil i scríbhinn.

Má mhol ÚEUM leasuithe a dhéanamh de bhun Airteagal 21a(4) ar na dréachtchinntí atá le glacadh de bhun Airteagail 14, 15, 20 agus 54, cuirfidh sé faoi bhráid an bhainc ceannais eisiúna freisin iad. Sa chás sin, cuirfear síneadh 5 lá leis an sprioc-am dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2. Má mholann an banc ceannais eisiúna leasuithe a dhéanamh, ní fhéadfaidh an túdarás inniúil ach an leagan den chinneadh a leasaigh an banc ceannais eisiúna a ghlacadh

Má chuireann an banc ceannais eisiúna in aghaidh dréachtchinneadh, ní ghlacfaidh an túdarás inniúil an cinneadh sin.

Airteagal 21c

Táillí

1. Íocfaidh na CPLanna na táillí seo a leanas:

(a) táillí a bhaineann le hiarratais ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 17;

(b) táillí a bhaineann le hiarratais ar aitheantas de bhun Airteagal 25;

(c) táillí bliantúla a bhaineann le cúraimí ÚEUM i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2. Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82 chun cineálacha na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a níocfaidh na heintitis seo a leanas iad a shonrú a thuilleadh:

(a) CPLanna atá lonnaithe san Aontas agus atá údaraithe nó ag cur iarratais isteach ar údarú;

(b) CPLanna atá lonnaithe i dtríú tír agus atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 25(2);

(c) CPLanna atá lonnaithe i dtríú tír agus atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 25(2b).”

8.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

“Cuirfidh údarás inniúil an CPL nó aon údarás inniúil ábhartha eile ÚEUM, an coláiste, na comhaltaí ábhartha CEBC agus údaráis ábhartha eile ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí faoi aon chás éigeandála a bhaineann le CPL, lena náirítear forbairtí i margaí airgeadais, a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leachtacht an mhargaidh, ar tharchur beartas airgeadais, ar oibriú réidh córas íocaíochta nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais in aon cheann de na Ballstáit ina bhfuil an CPL nó ceann dá chomhaltaí imréitigh bunaithe.”

9.Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)i mír 2 cuirtear isteach an pointe (e) seo a leanas:

(e) tá sé socraithe nach bhfuil tábhacht shistéamach leis an CPL nó nach dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis (CPL ar Leibhéal 1) i gcomhréir le mír 2a.”

(b)cuirtear isteach an mhír 2a, an mhír 2b agus an mhír 2c seo a leanas:

“2a. Déanfaidh ÚEUM amach an bhfuil tábhacht shistéamach le CPL nó an dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis i leith cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit (CPL ar Leibhéal 2) trí na critéir seo uile a chur san áireamh:

(a) cineál, méid agus castacht ghnó an CPL, lena náirítear luach na nidirbheart a d'imréitigh an CPL, i dtéarmaí comhiomlána agus i ngach airgeadra de chuid an Aontais, , nó neamhchosaint chomhiomlán an CPL atá i mbun gníomhaíochtaí imréitigh chuig a chontrapháirtithe;

(b) an éifeacht a bheadh ag mainneachtain nó suaitheadh CLP ar mhargaí airgeadais, ar institiúidí airgeadais nó ar an gcóras airgeadais go ginearálta, nó ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit;

(c) struchtúr chomhaltaí imréitigh an CPL;

(d) an caidreamh, na hidirthuilleamaíochtaí agus na hidirghníomhaíochtaí atá nó a bhíonn idir an CPL agus bonneagair eile de chuid an mhargaidh airgeadais, institiúidí airgeadais eile agus an córas airgeadais go ginearálta.

Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82 chun tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar na critéir a leagtar amach sa chéad fhomhír faoi cheann [sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

2b. Má dhéanann ÚEUM amach go bhfuil tábhacht shistéamach le CPL nó gur dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis (CPL ar Leibhéal 2) i gcomhréir le mír 2a, ní fhéadfaidh sé aitheantas a thabhairt don CPL sin ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, sa bhreis ar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 25(2)(a), (b), (c) agus (d):

(a) comhlíonann an CPL, tráth thabhairt an aitheantais agus tar a éis sin ar bhonn leanúnach, na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V. Cuirfidh ÚEUM san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 25a(2), an méid atá na ceanglais sin comhlíonta mar gheall ar chomhlíonadh na gceanglas inchomparáide is infheidhme sa tríú tír;

(b) tar éis an chomhairliúcháin dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3, tá dearbhú i scríbhinn tugtha ag na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear sa phointe sin d'ÚEUM, faoi cheann 180 lá ó chur isteach an iarratais, go gcomhlíonann an CPL aon cheanglais a d'fhorchuir na bainc cheannais eisiúna ansin agus iad ag déanamh a gcúraimí maidir le beartais airgeadaíochta. Murar mbeidh freagra tugtha ag an mbanc ceannais eisiúna i scríbhinn d'ÚEUM faoin sprioc-am, féadfaidh ÚEUM a mheas go bhfuil an ceanglas sin comhlíonta.

(c) thug an CPL a thoiliú gan choinníoll i scríbhinn d'ÚEUM agus tá sé sínithe ag ionadaí dlíthiúil an CPL, le haon doiciméid, taifid, faisnéis nó sonraí atá i seilbh an CPL sin tráth ar bith a chur ar fáil faoi cheann 72 uair tar éis d'ÚEUM iarraidh a sheirbhísiú, agus go bhféadfaidh ÚEUM dul isteach in aon áitreabh gnó de chuid an CLP sin, chomh maith le tuairim dhlíthiúil ó shaineolaí dlí neamhspleách lenar dearbhaíodh go bhfuil an toiliú a tugadh bailí agus in-fhorfheidhmithe faoi na rialacha ábhartha is infheidhme;

(d) tá na bearta agus na nósanna imeachta uile is gá curtha ar bun ag an CPL chun a áirithiú go gcomhlíonfar go héifeachtach na ceanglais a leagtar síos i bpointe (a) agus pointe (c).

(e) níl gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2c.

2c. Féadfaidh ÚEUM, le comhaontú ó na bainc cheannais eisiúna ábhartha agus de réir an méid tábhachta sistéamaí atá leis an CPL i gcomhréir le mír 2a, a chinneadh go bhfuil a oiread sin tábhachta sistéamaí le CPL nach leor na coinníollacha a leagtar amach i mír 2b chun cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann nó níos mó dá Bhallstáit a áirithiú agus, dá bhrí sin, nár cheart aitheantas a thabhairt dó. Sa chás sin, molfaidh ÚEUM go nglacfadh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena ndearbhófar nár cheart aitheantas a thabhairt do CPL i gcomhréir le mír 2b.

Nuair a bheidh an moladh dá dtagraítear sa chéad fhomhír curtha isteach, féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh ina ndearbhófar nach dtabharfar aitheantas do CPL de bhun mhír 2b agus nach bhféadfaidh sé seirbhísí imréitigh a sholáthar san Aontas go dtí go dtabharfar údarú dó i gcomhréir le hAirteagal 14.”

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5. Déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na heintitis dá dtagraítear i mír 3, athbhreithniú ar an aitheantas a bheidh faighte ag an CPL atá bunaithe i dtríú tír i gcás ina mbeidh leathnú déanta ag an CPL ar a raon gníomhaíochtaí agus seirbhísí san Aontas, agus, in aon chor, gach dara bliain ar a laghad. Déanfar an tathbhreithniú sin i gcomhréir le mír 2, le mír 3 agus le mír 4.

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6. Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, lena gcinnfear an méid seo a leanas:

(a) go náiritheofar le socruithe dlí agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonfaidh CPLanna atá údaraithe sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach na ceanglais ar ceangal dlí iad atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV den Rialachán seo;

(b) go ndéanfar maoirseacht agus forfheidhmiú ar na CPLanna sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach;

(c) go mbeidh foráil i gcreat dlí an tríú tír sin maidir le córas coibhéiseach éifeachtach le haghaidh aitheantas a thabhairt do CPLanna atá údaraithe faoi chórais dlí tríú tír;

Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach leanúnach aon cheanglais a leag aon tríú tír síos sa ghníomh sin agus cumas ÚEUM a fhreagrachtaí a fheidhmiú go héifeachtach maidir le CPLanna tríú tír ar tugadh aitheantas dóibh faoi mhír 2 agus mír 2b nó maidir le faireachán dá dtagraítear i mír 6b, i leith teacht ar chomhaontú faoi na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 7 agus iad a chur i bhfeidhm.

(e)cuirtear isteach an mhír 6a agus an mhír 6b seo a leanas:

“6a. Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun na critéir dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 6 a shonrú a thuilleadh.

6b. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar na forbairtí rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha ar glacadh gníomhartha tarmligthe lena naghaidh de bhun mhír 6.

Má shainaithníonn ÚEUM aon fhorbairt rialála nó maoirseachta sna tríú tíortha sin a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, cuirfidh sé sin in iúl don Choimisiún faoi rún agus gan mhoill.

cuirfidh ÚEUM tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na forbairtí rialála agus maoirseachta sna tríú tíortha dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar bhonn bliantúil.”

(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 7:

“7. Bunóidh ÚEUM socruithe comhair éifeachtacha le húdaráis inniúla ábhartha na dtríú tíortha a sainaithnítear go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 6.

(g)i mír 7 cuirtear isteach an pointe (e) seo a leanas:

“(d) na nósanna imeachta a bhaineann le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta, lena náirítear comhaontú na núdarás tríú tír chun gur féidir imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25d agus Airteagal 25e faoi seach.

(e) na nósanna imeachta is gá chun go ndéanfar faireachán éifeachtach ar fhorbhairtí rialála agus maoirseachta i dtríú tír.”

10.Cuirtear isteach na hAirteagail 25a, 25b, 25c, 25d, 25e, 25f, 25g, 25h, 25i, 25j, 25k, 25l, 25m, 25m seo a leanas:

“Airteagal 25a
Comhlíonadh inchomparáide

1. Féadfaidh an CPL dá dtagraítear in Airteagal 25(2b)(a) iarraidh réasúnaithe a chur isteach go ndéanfadh ÚEUM measúnú ar a chomhlíonadh inchomparáide i dtaca leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 25(2b)(a) agus a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V.

2. San iarraidh dá dtagraítear i mír 1 beidh an bunús ó thaobh fíoras de a bheadh le cinneadh go bhfuil inchomparáideacht ann agus na cúiseanna a sásaíonn comhlíonadh na gceanglas is infheidhme sa tríú tír na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V.

3. Chun a áirithiú go mbeidh cuspóirí rialála na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus V agus leasanna an Aontais ar an iomlán curtha san áireamh go héifeachtach sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) na híoseilimintí atá le measúnú chun críocha mhír 1;

(b) na modúlachtaí agus na coinníollacha maidir le déanamh an mheasúnaithe.

Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagal 82.

Airteagal 25b

Comhlíonadh leanúnach na gcoinníollacha aitheantais

1. Is ar ÚEUM a bheidh na cúraimí a thiocfaidh as an Rialachán seo i dtaca le maoirseacht leanúnach a dhéanamh ar an méid a chomhlíonann CPLanna aitheanta ar Leibhéal 2 na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 25(2b)(a).

Iarrfaidh ÚEUM dearbhú ó gach CPL ar Leibhéal 2 gach bliain ar a laghad go bhfuil siad ag comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d) agus (e) d'Airteagal 25(2b) fós.

Má mheasann banc ceannais eisiúna dá dtagraítear in Airteagal 18(2)(h) nach bhfuil CPL ar Leibhéal 2 ag comhlíonadh an choinníoll dá dtagraítear in Airteagal 25(2b)(b) a thuilleadh, cuirfidh sé fógra faoi sin láithreach chuig ÚEUM.

2. Déanfaidh ÚEUM dréachtchinntí a ullmhú agus a chur faoi bhráid bhanc ceannais eisiúna an airgeadra ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 18(2)(h) sula nglacfaidh siad aon chinneadh de bhun Airteagail 41, 44, 46, 50 agus 54.

Gheobhaidh ÚEUM, i gcomhréir leis an mír seo, toiliú ón mbanc ceannais eisiúna ábhartha i leith aon ghné de na cinntí sin a bhaineann lena gcúraimí beartais airgeadais a dhéanamh. Measfar go bhfuil toiliú faighte ón mbanc ceannais dá dtagraítear sa dara fomhír murar mhol sé leasuithe a dhéanamh ar an dréachtchinneadh nó gur chuir sé ina aghaidh faoi cheann 15 lá féilire tar éis dó fógra a fháil faoin dréachtchinneadh. Má mholann an banc ceannais eisiúna leasuithe a dhéanamh ar an dréachtchinneadh nó má chuireann sé ina aghaidh, cuirfidh sé cúiseanna iomlána mionsonraithe leis sin ar fáil i scríbhinn.

Má chuireann an banc ceannais eisiúna in aghaidh dréachtchinneadh, ní ghlacfaidh ÚEUM an cinneadh sin. Má mholann an banc ceannais eisiúna leasuithe a dhéanamh, ní fhéadfaidh ÚEUM ach an leagan den chinneadh a leasaigh an banc ceannais eisiúna a ghlacadh

3. Déanfaidh ÚEUM measúnuithe ar fud an Aontais i leith dálaí díobhálacha sa mhargadh i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 25c

Iarraidh ar fhaisnéis

1. Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, a cheangal ar CPLanna agus ar thríú páirtithe gaolmhara a ndearna na CPLanna sin feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun a chúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo.

2. Nuair a bheidh sé ag seoladh iarraidh shimplí ar fhaisnéis faoi mhír 1, léireoidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a) tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;

(b) cuspóir na hiarrata;

(c) an fhaisnéis atáthar a iarraidh;

(d) an sprioc-am maidir leis an bhfaisnéis a chur ar fáil;

(e) cuirfidh sé in iúl don té a niarrfar an fhaisnéis air nach bhfuil aon oibleagáid ann an fhaisnéis sin a chur ar fáil, ach i gcás go dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nár cheart an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;

(f) an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 25g, i dteannta phointe (a) de Roinn V d'Iarscríbhinn III, má bhíonn na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

3. Nuair a bheidh sé ag iarraidh le cinneadh go gcuirfí faisnéis ar fáil faoi mhír 1, léireoidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a) tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;

(b) cuspóir na hiarrata;

(c) an fhaisnéis atáthar a iarraidh;

(d) an sprioc-am maidir leis an bhfaisnéis a sholáthar;

(e) na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25h má bhíonn an fhaisnéis a iarradh neamhiomlán;

(f) an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 25g, i dteannta phointe (a) de Roinn V d'Iarscríbhinn III, má bhíonn na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach; agus

(g) an ceart achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“An Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4. Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a nionadaithe nó, i gcás daoine nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar a gceann. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5. I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil ábhartha an tríú tír ina bhfuil siad lonnaithe nó bunaithe.

Airteagal 25d

Imscrúduithe ginearálta

1. Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM gach imscrúdú riachtanach a dhéanamh ar CPLanna ar Leibhéal 2. Chuige sin, cumhachtófar do na hoifigigh agus do na daoine eile a údaróidh ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, beag beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;

(b) sleachta as na taifid sin cóipeanna deimhnithe díobh a dhéanamh nó a fháil, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

(c) CPLanna ar Leibhéal 2 nó a nionadaithe nó a mbaill foirne a thoghairm agus iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;

(d) agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfear agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdúcháin.

(e) taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

2. Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na nimscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina sonraítear ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. Sonrófar san údarú sin freisin na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25h i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile a iarradh nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar CPLanna ar Leibhéal 2 nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonrófar ann freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 25g, i dteannta phointe (b) de Roinn V d'Iarscríbhinn III, má bhíonn na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na CPLanna ar Leibhéal 2 mícheart nó míthreorach.

3. Ní mór do CPLanna ar Leibhéal 2 géilleadh d'imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25h, na réitigh dhlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

4. Sula dtabharfaidh sé fógra do CPL ar Leibhéal 2, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an timscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ó ÚEUM, féadfaidh oifigigh ó údarás inniúil tríú tír cúnamh a thabhairt do na daoine údaraithe sin agus a ndualgais á gcur i gcrích acu. Féadfaidh oifigigh ón údarás inniúil tríú tír lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin. Déanfar imscrúduithe i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll nach gcuirfidh an túdarás tríú tír ábhartha ina naghaidh.

5. Má tá gá le húdarú dá dtagraítear i mír 1 a fháil ó údarás breithiúnach de réir an dlí náisiúnta is infheidhme, cuirfear iarratas isteach ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

Airteagal 25e

Cigireachtaí ar an láthair

1. Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM gach cigireacht ar an láthair riachtanach a dhéanamh ag aon áitreabh gnó de chuid CPLanna ar Leibhéal 2. Cuirfear cuireadh ar bainc cheannais eisiúna ábhartha páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair den sórt sin.

2. Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a údaróidh ÚEUM cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith nó ar thalamh ar bith de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 25d(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.

3. Tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht don údarás inniúil tríú tír ábhartha ina bhfuil an chigireacht le déanamh tréimhse leordhóthanach roimh an gcigireacht sin. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an túdarás inniúil tríú tír a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt do CPL roimh ré más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go hiomchuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an túdarás tríú tír ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.

Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25h sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.

4. Géillfidh na CPLanna ar Leibhéal 2 do chigireachtaí ar an láthair arna nordú le cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a mbeidh sé le tosú, na íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25h, na réitigh dhlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

5. Ar iarratas ó ÚEUM, féadfaidh oifigigh údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an tríú tír sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh ón údarás inniúil tríú tír freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin.

6. Féadfaidh ÚEUM freisin iarraidh ar údaráis inniúla tríú tír cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 25d(1) a dhéanamh thar a cheann.

7. Má dhéanann na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, a bheidh á dtionlacan, má dhéanann siad amach go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireachta a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh an túdarás inniúil tríú tír lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, más iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

8. Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas ann gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir an dlí náisiúnta is infheidhme, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

Airteagal 25f

Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur

1. Má dhéanann ÚEUM amach, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurb ann d'fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an tábhar a imscrúdú. Ní bheidh an toifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach ná tar éis a bheith rannpháirteach go díreach ná go hindíreach i bpróiseas aitheantais ná clárúcháin an CPL lena mbaineann, agus comhlíonfaidh sé a chuid feidhmeanna go neamhspleách ar ÚEUM.

2. Déanfaidh an toifigeach imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a chuirfidh na daoine atá faoi imscrúdú á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid ÚEUM.

Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an toifigeach imscrúdúcháin an chumhacht faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 25c agus chun imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25d agus le hAirteagal 25e a fheidhmiú. Nuair a bheidh na cumhachtaí sin á núsáid aige, comhlíonfaidh an toifigeach imscrúdúcháin Airteagal 25c(4).

Nuair a bheidh a chúraimí á gcur i gcrích aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí.

3. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula gcuirfidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á nimscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an toifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.

Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na nimeachtaí faoin Airteagal seo.

4. Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil a chuid cinntí á chur faoi bhráid ÚEUM ag an oifigeach imscrúdúcháin, tabharfaidh sé fógra faoi sin do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

5. Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh cinntí an oifigigh imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, tar éis na daoine atá faoi imscrúdú a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 25i, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III déanta ag na daoine a bhí faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 25n agus forchuirfidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 25g.

6. Ní bheidh an toifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bplé ÚEUM ná ní chuirfidh sé isteach ar aon slí eile ar phróiseas cinnteoireachta ÚEUM.

7. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82 chun na rialacha nós imeachta a shonrú a thuilleadh maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena náirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a bhailiú, agus glacfaidh sé rialacha mionsonraithe maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

8. Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis ábhartha i leith imscrúdú agus ionchúiseamh coiriúil féideartha más rud é go ndearna sé amach, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, go raibh tásca tromchúiseacha ann go bhféadfadh sé go mbeadh fíoras ann arbh fhéidir gurbh ionann iad agus cionta coiriúla. Ina theannta sin, staonfaidh ÚEUM ó fhíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras comhionann nó as fíoras chomhionanna arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 25 g

Fíneálacha

1. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 25f(5), go ndearna ÚEUM amach go ndearna CPL ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, d'aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Measfar go ndearna CPL sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an CPL nó a lucht bainistíochta sinsearaí d'aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.

2. Beidh méideanna bunúsacha na bhfíneálacha dá dtagraítear i mír 1 cothrom le dhá oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh de bharr an tsáraithe más féidir iad sin a dhéanamh amach, nó suas le 10 % den láimhdeachas bliantúil iomlán, mar a shainmhínítear i ndlí ábhartha an Aontais, a bhí ag duine dlíthiúil sa bhliain ghnó roimhe sin.

3. Déanfar na méideanna bunúsacha a leagtar amach i mír 2, a choigeartú, más gá sin, trí fhachtóirí géaraitheacha nó fhachtóirí maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí géaraitheacha ábhartha a chur i bhfeidhm ar an méid bunúsach. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.

Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí maolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm ar an méid bunúsach. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach.

4. D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3, ní bheidh méid na fíneála níos mó ná 20 % de láimhdeachas bliantúil an CPL lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin ach, i gcás ina bhfuair an CPL tairbhe airgeadais go díreach nó go hindíreach ón sárú, beidh méid na fíneála comhionann, ar a laghad, leis an tairbhe sin.

Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh CPL, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, ar fíneáil í a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.

Airteagal 25h

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1. Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur d'fhonn iallach a chur:

(a) ar CPL ar Leibhéal 2 deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 25n(1)(a);

(b) ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 25c(1) faisnéis iomlán a sholáthar, ar faisnéis í arna hiarraidh le cinneadh de bhun Airteagal 25c;

(c) CPL ar Leibhéal 2

(i) géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna sheoladh ag cinneadh de bhun Airteagal 25d a chomhlánú agus a cheartú; nó

(ii) géilleadh do chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 25e.

2. Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.

3. D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar é a ríomh ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lena bhforchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

4. Déanfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis an fógra faoin gcinneadh ón ÚEUM a fháil. Tar éis dheireadh na tréimhse, déanfaidh ÚEUM an beart a athbhreithniú.

Airteagal 25i

Daoine lena mbaineann a éisteacht

1. Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh maidir le fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil faoi Airteagal 25g agus Airteagal 25h, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na nimeachtaí éisteacht a fháil faoina cinntí. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na nimeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.

2. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na nimeachtaí a urramú go hiomlán le linn na nimeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda eile ná doiciméid réamhullmhúcháin inmheánacha ÚEUM san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

Airteagal 25j

Nochtadh, cineál, forghníomhú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1. Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 25g agus Airteagal 25h a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Sa nochtadh sin, ní bheidh sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

2. Bheidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 25g agus Airteagal 25h ina bhfíneálacha agus ina níocaíochtaí riaracháin.

3. I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus na húdaráis inniúla tríú tír ábhartha lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.

4. Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 25g agus Airteagal 25h in-fhorfheidhmithe.

Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha i dtaobh nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéanfar an forfheidhmiú.

5. Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh

Airteagal 25k

Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchuirfear a chealú, a ísliú, nó a mhéadú.

Airteagal 25l

Leasuithe ar Iarscríbhinn IV

Chun forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 maidir le bearta a ghlacadh chun Iarscríbhinn IV a leasú.

Airteagal 25m

Aitheantas a tharraingt siar

1. Gan dochar d'Airteagal 25n, agus faoi réir na míreanna seo a leanas, tarraingeoidh ÚEUM siar cinneadh aitheantais arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 más rud é:

(a) nár úsáid an CPL an taitheantas faoi cheann 6 mhí, má thréig sé an túdarú go sainráite nó má scar sé de bheith i mbun gnó le níos mó na sé mhí anuas;;

(b) go bhfuair sé aitheantas trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile;

(c) nach gcomhlíonann sé a thuileadh na coinníollacha maidir le haitheantas de bhun Airteagal 25(2b);

(d) gur tarraingíodh siar nó gur cuireadh ar fionraí an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(6), nó go raibh aon choinníollacha a bhaineann leis nár comhlíonadh.

Féadfaidh ÚEUM tarraingt siar an aitheantais a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís, gníomhaíocht, nó aicme ionstraimí airgeadais ar leith.

Nuair a bheidh sé ag socrú dháta theacht i bhfeidhm an chinnidh an taitheantas a tharraingt siar, déanfaidh ÚEUM a dhícheall an suaitheadh sa mhargadh a íoslaghdú.

2. Má mheasann ÚEUM gur comhlíonadh critéar dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír i leith CPL, cuirfidh ÚEUM an CPL sin agus na húdaráis inniúla tríú tír ar an eolas faoi sin sula dtarraingeoidh sé saor cinneadh aitheantais agus iarrfaidh sé go ndéanfar an ghníomhaíocht iomchuí faoi cheann thréimhse shocraithe 3 mhí ar a laghad chun an cás a leigheas.

Má dhéanann ÚEUM amach nach iomchuí an ghníomhaíocht leighis a rinneadh laistigh den tréimhse shocraithe sin nó an beart a rinneadh, tarraingeoidh sé siar an cinneadh aitheantais.

3. Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan mhoill mhíchuí, don údarás inniúil ábhartha tríú tír faoi chinneadh aitheantas CPL a tharraingt siar.

4. Féadfaidh aon cheann de na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 25(3) a mheasann gur comhlíonadh ceann de na cinntí dá dtagraítear i mír 1 iarraidh ar ÚEUM scrúdú a dhéanamh chun a dhéanamh amach ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le haitheantas CPL aitheanta a tharraingt siar. Má cinneann ÚEUM gan an taitheantas a tharraingt siar, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána don údarás is iarrthóir.

Airteagal 25n

Bearta maoirseachta

1. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 25f(5), go ndéanfaidh ÚEUM amach go ndearna CPL ar Leibhéal 2 ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na cinntí seo a leanas:

(a) a cheangal ar an CPL deireadh a chur leis an sárú;

(b) fíneálacha a fhorchur faoi Airteagal 25g;

(c) fógraí poiblí a eisiúint;

(d) an taitheantas a tharraingt siar faoi Airteagal 25m.

2. Agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúiseacht an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a) fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b) ar nocht an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta an CPL nó ina chórais bainistithe nó sna rialuithe inmheánacha;

(c) an bhfuil baint ag an gcoir airgeadais leis an sárú, an bhfuil sí éascaithe aige nó an féidir a rá gurb é an sárú is cúis léi;

(d) an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.

3. Déanfaidh ÚEUM fógra a thabhairt, gan moill mhíchuí, faoi haon chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 1 don CPL lena mbaineann agus cuirfidh sé aon chinneadh den sórt sin in iúl do na húdaráis inniúla tríú tír ábhartha agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon chinneadh den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.

Nuair a bheidh a chinneadh, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, á phoibliú aige, poibleoidh ÚEUM freisin go bhfuil an ceart ag an CPL lena mbaineann achomharc a dhéanamh ina aghaidh an chinnidh, an fíoras, i gcás inarb ábhartha, gur taisceadh achomharc den sórt sin, á shonrú nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag achomharc den sórt sin agus go bhfuil an Bord Achomhairc ÚEUM ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

11.Leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Déanfaidh CPL athbhreithniú rialta ar na samhlacha agus ar na paraiméadair ar glacadh leo chun a cheanglais éarlaise, ranníocaíochtaí i leith ciste mhainneachtana, ceanglais chomhthaobhachta agus sásraí rialaithe eile riosca a ríomh. Cuirfidh sé tástálacha struis diana agus rialta i bhfeidhm ar na samhlacha chun a solúbthacht faoi dhálaí margaidh sochreidte ach foircneacha a mheas agus déanfaidh sé aistástálacha chun iontaofacht na modheolaíochta ar glacadh léi a mheas. Gheobhaidh an CPL bailíochtú neamhspleách, cuirfidh sé a údarás inniúil agus ÚEUM ar an eolas faoi thorthaí na dtástálacha a rinneadh agus gheobhaidh sé bailíochtú an údaráis inniúil i gcomhréir le mír (1a) sula nglacfar aon athrú suntasach ar na samhlacha agus ar na paraiméadair.

Beidh na samhlacha glactha agus na paraiméadair ghlactha, lena náirítear aon athrú suntasach orthu, faoi réir tuairime ón gcoláiste i gcomhréir leis na míreanna seo a leanas.

Áiritheoidh ÚEUM go dtabharfar an fhaisnéis maidir le torthaí na dtastálacha struis do na hÚMEanna, don Chóras Eorpach Banc Ceannais agus don Bhord Réitigh Aonair chun iad a chumasú neamhchosaint na ngnóthas airgeadais ar mhainneachtain na CPLanna a mheasúnú.”

(b)cuirtear isteach na míreanna 1a, 1b, 1c, 1d, 1e agus 1f seo a leanas:

“1 a. Má bhíonn sé beartaithe ag CPL aon athrú suntasach ar na samhlacha agus na paraiméadair dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, cuirfidh sé iarratas isteach chuig an údarás inniúil chun an tathrú sin a bhailíochtú. Cuirfidh an CPL bailíochtú neamhspleách ar an athrú atá beartaithe ar a iarratas leis an iarratas sin.

1b. Faoi cheann 30 lá féilire ó fuarthas an tiarratas, déanfaidh an túdarás inniúil, i gcomhairle le hÚEUM, measúnú riosca a dhéanamh agus tuarascáil a chur faoi bhráid an choláiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 18.

1c. Faoi cheann 15 lá féilire ó fuarthas an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1b, glacfaidh an coláiste tuairim le tromlach i gcomhréir le hAirteagal 19(3).

1d. Faoi cheann 60 lá oibre ó fuarthas an tiarratas dá dtagraítear i mír 1a, cuirfidh an túdarás inniúil in iúl i scríbhinn don CPL ar deonaíodh nó ar diúltaíodh an bailíochtú agus tabharfaidh sé míniú lánréasúnaithe ina thaobh sin.

1e. Ní fhéadfaidh CPL athrú suntasach ar na samhlacha agus na paraiméadair dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh sula bhfaighidh sé an bailíochtú dá dtagraítear i mír 5. Féadfaidh údarás inniúil an CPL, le comhaontú ó ÚEUM, glacadh sealadach na samhlacha nó na paraiméadar sin nó athrú suntasach orthu a cheadú sula mbailíochtófar é má bhíonn réasúnú cuí leis sin.

12.In Airteagal 89, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“3 a. Ní fheidhmeoidh ÚEUM a chumhachtaí de bhun mhír 2a, mhír 2b agus mhír 2c d'Airteagal 25 go dtí [cur isteach dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 den Airteagal sin].

3b. Athbhreithneoidh ÚEUM na cinntí aitheantais a glacadh de bhun Airteagal 25(1) roimh [theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] faoi cheann 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an ghníomh tharmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 25(2a), i gcomhréir le hAirteagal 25(5)."

13.Cuirtear na téacsanna atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimse/Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis na nósanna imeachta agus na húdaráis a bhaineann le CPLanna a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír a aithint.

1.2.Réimse/Réimsí beartais lena mbaineann 

Margadh Inmheánach – Margaí airgeadais

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

X Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 55  

Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Cur le margadh inmheánach atá níos doimhne agus níos cothroime.

1.4.2.Cuspóir sonrach/Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.

2.5 Déanfar an creat rialála airgeadais a mheas, a chur chun feidhme mar is iomchuí agus a fhorfheidhmiú ar fud an Aontais Eorpaigh.

2.6 Beidh institiúidí airgeadais in ann caillteanais agus suaitheadh leachtacha a iompar, beidh bonneagair an mhargaidh airgeadais cobhsaí agus ag feidhmiú go héifeachtach, agus tabharfar aghaidh ar bhealach réamhghníomhach ar rioscaí macrastuamachta struchtúracha agus timthriallacha.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Maoirseacht níos fearr ar CPLanna ar leibhéal an Aontais.

Níos mó rannpháirteachais ag bainc cheannais eisiúna i dtaca le maoirseacht ar CPLanna.

Cumas níos fearr ag an Aontas faireachán, sainaithint agus maolú a dhéanamh ar rioscaí CPLanna tríú tír.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Táscairí féideartha:

   Líon na CPLanna atá i mbun téarnaimh nó réitigh;

   An méid uaireanta a bhain údaráis inniúla náisiúnta úsáid as an sásra um réiteach díospóidí;

   Líon na gcigireachtaí ar an láthair a rinneadh ar CPLanna tríú tír;

   Líon na CPLanna tríú tír aitheanta;

   Líon na sáruithe ar choinníollacha coibhéise agus aitheantais a rinne CPLanna tríú tír;

   Costais mheasta ar chontrapháirtithe an Aontais.

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Ó glacadh EMIR, tá méadú gasta tagtha ar an méid gníomhaíochta a dhéanann CPLanna – ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda – ní hamháin ó thaobh scála de ach ó thaobh raon feidhme de freisin. Is dócha go leanfar den mhéadú sin ar ghníomhaíocht CPLanna sna blianta atá amach romhainn de réir mar a thabharfar isteach oibleagáidí imréitigh agus de réir mar a thiocfaidh imréiteach deonach breise mar thoradh ar dhreasachtaí le rioscaí agus costais a mhaolú. Mar sin féin, tá líon na CPLanna teoranta go leor fós. Dá réir sin, tá na margaí imréitigh comhtháite ar fud an Aontais agus tá siad thar a bheith comhchruinnithe in aicmí sócmhainní áirithe. Tá siad idirnasctha go mór chomh maith.

Faoi EMIR, is iad na coláistí de mhaoirseoirí náisiúnta, ÚEUM, comhaltaí ábhartha CEBC agus údaráis ábhartha eile a dhéanann CPLanna an Aontais a mhaoirsiú. Leanann ábhair éagsúla imní na socruithe sin, mar atá: Tá CPLanna i mBallstáit aonair ag éirí níos ábhartha do chóras airgeadais an Aontais ina iomláine; féadann cleachtais maoirseachta éagsúla rioscaí arbatráiste rialála agus maoirseachta a chruthú; agus ní dhéantar ról na mbanc ceannais a léiriú ar shlí leordhóthanach i gcoláiste CPLanna. Déanann CPLanna tríú tír líon mór ionstraimí arna nainmniú in airgeadraí an Aontais a imréiteach. Ardaíonn seo saincheisteanna maidir leis na nithe seo a leanas: easnaimh i gcóras coibhéise agus aitheantais EMIR maidir le maoirseacht leanúnach; míailínithe a d'fhéadfadh a bheith ann idir na cuspóirí maoirseachta agus cuspóirí na mbanc ceannais; agus an sásra maidir le faireachán leanúnach ar rialacha tríú tír.

Ba cheart don togra aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo.

1.5.2.Breisluach a éiríonn as rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh sé sin bheith ag éirí as fachtóirí éagsúla, e.g. gnóchain ó chomhordú, deimhneacht dhlíthiúil nó comhlántachtaí). Chuige seo is é is ciall le 'breisluach a éiríonn as rannpháirteachas an Aontais' an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil ón Aontas atá sa bhreis ar an luach a bheadh murach sin le hidirghabháil na mBallstát dá mbeidís ag feidhmiú astu féin.

Cúiseanna leis an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (ex-ante):

In EMIR leagtar amach an creat maoirseachta a bhaineann le CPLanna arna mbunú san Aontas agus le CPLanna tríú tír a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil do chomhaltaí imréitigh nó d'ionaid trádála arna mbunú san Aontas. Faoi EMIR, bíonn ról tábhachtach i dtaca le socruithe maoirseachta ag an mBallstát ina bhfuil an CPL bunaithe. Mar sin féin, ní féidir le Ballstáit agus maoirseoirí náisiúnta réiteach a fháil go haontaobhach ar na rioscaí sistéamacha a bhaineann le CPLanna atá an-chomhtháite agus idirnasctha a fheidhmíonn ar bhonn trasteorann lasmuigh de raon feidhme dlínsí náisiúnta. Ina theannta sin, ní féidir leis na Ballstáit rioscaí a eascraíonn as cleachtais náisiúnta maoirseachta éagsúla a mhaolú leo féin. Ní féidir le Ballstáit agus le húdaráis náisiúnta aghaidh a thabhairt leo féin ar na rioscaí sistéamacha a bhaineann le CPLanna tríú tír do chobhsaíocht airgeadais an Aontas ar an iomlán.

Breisluach don Aontas a mheastar a ghinfear (ex-post):

Meastar go gcuirfidh an togra le comhleanúnachas na socruithe maoirseachta i dtaca le CPLanna arna mbunú san Aontas agus go ndéanfaidh sé iad a neartú a thuilleadh, agus go mbeidh ar chumas údaráis an Aontais faireachán níos fearr a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le neamhchosaint an Aontais ar CPLanna tríú páirtí agus na rioscaí sin a mhaolú. Cuideoidh sin leis an riosca a gclisfidh ar CPL a mhaolú a thuilleadh, ar riosca (mórthionchair amach is amach) é a bhfuil dóchúlacht íseal luaite leis cheana, agus atreiseoidh sé cobhsaíocht fhoriomlán chóras airgeadais an Aontais i gcoitinne. Ina theannta sin, leis an gcreat feabhsaithe maoirseachta cuirfear leis an deimhneacht dhlíthiúil agus eacnamaíoch.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Leis an togra seo tógtar ar an taithí ar EMIR a fuarthas cheana, go háirithe maidir le hoibriú an chórais maoirseachta do CPLanna agus an creat coibhéise atá ann faoi láthair maidir le CPLanna tríú tír, d'fhonn ceanglais a bhunú ar na leibhéil iomchuí, más gá. Féach Roinn 1.5.1 chun tuilleadh eolais a fháil.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá cuspóirí an tionscnaimh comhsheasmhach le roinnt beartas eile de chuid an Aontais agus le tionscnaimh an Aontais atá ar siúl faoi láthair a bhfuil na haidhmeana seo a leanas acu: (i) aghaidh a thabhairt ar thábhacht shistéamach na CPLanna; (ii) aontas na margaí caipitil a fhorbairt; (iii) cur le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na maoirseachta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon; agus (iv) úsáid an imréitigh lárnaigh a chur chun cinn a thuilleadh.

Ar an gcéad dul síos, tá an tionscnamh seo comhsheasmhach le togra ón gCoimisiún 56 le haghaidh Rialachán maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna a glacadh i Samhain 2016. Leis an togra sin féachtar lena áirithiú go bhfuil údaráis an Aontais agus na húdaráis náisiúnta ullmhaithe go hiomchuí chun aghaidh a thabhairt ar CPL a bhfuil ag cliseadh air, cobhsaíocht airgeadais a choinneáil, agus a sheachaint go dtitfeadh ar cháiníocóirí na costais a bhaineann le hathstruchtúrú agus réiteach CPLanna a bhfuil ag cliseadh orthu. Leis an togra ón gCoimisiún féachtar lena áirithiú, sa chorrchás ina mbeadh CPLanna an-anásta nó i mbaol a gcliste, go leanfaí d'fheidhmeanna criticiúla CPL a choinneáil slán agus ag an am céanna go leanfaí den chobhsaíocht airgeadais a chosaint agus féachtar lena sheachaint go dtitfeadh ar cháiníocóirí na costais a bhaineann le hathstruchtúrú agus réiteach CPLanna a bhfuil ag cliseadh orthu. Na socruithe bainistithe géarchéime maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna atá sa togra seo, tá siad bunaithe ar shocruithe ardchaighdeáin maidir le seachaint géarchéime (i.e. maidir le rialáil agus maoirseacht CPLanna) faoi EMIR. Trí mhaoirseacht CPLanna a fheabhsú a thuilleadh faoi EMIR, ba cheart go laghdófaí a thuilleadh an dóchúlacht, dá laghad í, go mbeadh gá le beartais téarnaimh agus réitigh a úsáid.

Ar an dara dul síos, tá sé comhsheasmhach le hiarrachtaí reatha an Choimisiúin aontas na margaí caipitil a fhorbairt a thuilleadh. Ach tuilleadh cóineasaithe maoirseachta ar CPLanna a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, tacóidh sin le margaí caipitil atá níos dlúithe agus níos comhtháite a fhorbairt, óir is gnéithe ríthábhachtacha iad CPLanna atá níos éifeachtúla agus níos athléimní do dhea-fheidhmiú na margaí caipitil. Cuireadh béim ar an bpráinn atá le margaí caipitil an Aontais a fhorbairt agus a chomhtháthú a thuilleadh sa Teachtaireacht maidir le haontas na margaí caipitil i Meán Fómhair 2016 57 . Os a choinne sin, le teacht mhargaí airgeadais atá níos mó agus níos leachtaí, margaí is intuigthe ó aontas na margaí caipitil, déanfar níos mó idirbheart a imréiteach trí CPLanna agus méadófar ábharthacht shistéamach CPLanna. Ós rud é go bhféadfadh méideanna níos mó a bheith ann agus i bhfianaise na ndeiseanna le haghaidh arbatráiste rialála agus maoirseachta atá ann faoi láthair, tá gá le tuilleadh forbairtí ar an gcreat maoirseachta chun aontas margaí caipitil láidir cobhsaí a áirithiú.

Ar an tríú dul síos, tá sé comhsheasmhach leis an gcomhairliúchán a sheol an Coimisiún i Márta 2017 maidir le hoibríochtaí na nÚMEanna 58 , d'fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht na ÚMEanna a neartú agus a fheabhsú.

Ar an gceathrú dul síos, tá sé comhsheasmhach le taithí AS FISMA maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú forálacha tríú tír i reachtaíocht airgeadais an Aontais, mar atá leagtha amach sa Doiciméad Inmheánach Oibre uaidh maidir le coibhéis 59 . Tugann an Doiciméad Inmheánach Oibre forbhreathnú fíorasach ar phróiseas na coibhéise i dtaca le tíortha tríú tír i reachtaíocht an Aontais a bhaineann le seirbhísí airgeadais. Leagtar amach ann taithí AS FISMA maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú forálacha tríú tír i reachtaíocht airgeadais an Aontais. Ina theannta sin, cuireann sé príomhghnéithe na coibhéise in iúl (e.g. feidhmiú cumhachtuithe, measúnú, faireachán ex-post) agus tugann sé níos mó soiléireachta faoi chur chuige AS FISMA i leith na gcúraimí seo go praiticiúil.

Ar an gcúigiú dul síos, tá sé comhsheasmhach leis an togra ón gCoimisiún 60 le haghaidh leasuithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR) 61  a glacadh i Samhain 2016. Leis an togra féachtar leis na corrlaigh thosaigh le haghaidh idirbhearta díorthach a imréitíodh go lárnach arna bhfáil ag comhaltaí imréitigh mar airgead tirim óna gcliaint agus arna gcur ar aghaidh chuig na CPLanna, na corrlaigh thosaigh sin a eisiamh as ríomh thairseacha na gcóimheas giarála. Dá bharr sin, éascófar an rochtain ar imréiteach – mar go laghdófar na ceanglais chaipitil le seirbhísí imréiteacha cliant nó indíreacha a thairiscint – agus cuirfidh seo béim ar thábhacht na CPLanna laistigh den chóras airgeadais.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin go dtí dhá bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 62  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

X Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

N/B

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

I gcomhréir le socruithe atá ann cheana ullmhaíonn ÚEUM tuarascálacha rialta ar a ghníomhaíochtaí (lena náirítear tuairisc inmheánach a thabhairt don bhainistíocht shinsearach, tuairisciú boird bainistíochta, tuairisciú gach sé mhí chuig an mbord maoirseoirí agus tuairisc bhliantúil a fhoilsiú), agus déanann Cúirt na nIniúchóirí agus an tSeirbhís Inmheánach Iniúchta iniúchtaí air maidir leis an gcaoi a núsáideann sé acmhainní. An faireachán agus an tuairisciú a dhéanfar ar na gníomhaíochtaí reatha atá beartaithe, comhlíonfaidh siad na ceanglais chéanna atá ann cheana féin.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

I ndáil le húsáid dhlíthiúil, eacnamaíoch, éifeachtúil agus éifeachtach na leithreasuithe a eascróidh ón togra, meastar nach dtiocfaidh den togra rioscaí nua nach mbeadh cumhdaithe faoin gcreat rialaithe inmheánach atá ann faoi láthair.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

Cuirtear chun feidhme cheana féin na córais bhainistíochta agus rialaithe dá bhforáiltear i Rialachán ÚEUM. Oibríonn ÚEUM i ndlúthchomhar le Seirbhís Inmheánach Iniúchta an Choimisiúin lena áirithiú go gcomhlíontar na caighdeáin iomchuí sna réimsí rialaithe inmheánacha uile. Beidh feidhm freisin ag na socruithe seo maidir le ról ÚEUM de réir an togra reatha. Déantar tuarascálacha bliantúla maidir le hiniúchtaí inmheánacha a chur chuig an gCoimisiún, chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

N/B

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Chun críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian maidir le ÚEUM ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Aontóidh ÚEUM do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Pharlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach, maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí láithreach bonn maidir le foireann uile ÚEUM.

Leagfar amach go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus sna comhaontuithe agus sna hionstraimí cur chun feidhme a dtagann astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, más gá, ar thairbhithe an airgid atá eisíoctha ag ÚEUM agus ar bhaill foirne atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir[…][Ceannteideal………………………...……………]

LD/LN 63 .

ó thíortha de chuid CSTE 64

ó thíortha is iarrthóirí 65

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1a

12.02 06 ÚEUM

Difreáilte

IS EA

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

Beidh na tionchair seo a leanas ag an tionscnamh reachtach seo ar chaiteachas:

1. Earcú 47 ngníomhaire shealadacha nua ag ÚEUM (ó Lúnasa 2018 amach). Féach an Iarscríbhinn le tuilleadh faisnéise a fháil faoina ról agus faoi na bealaí ar ríomhadh an costas a ghabhann leis.

2. Maoineofar costas na ngníomhairí sealadacha seo ina iomláine le táillí arna gcruinniú ón tionscal (gan tionchar ar bith ar bhuiséad an Aontais). Á chur i gcás, áfach, go dtarlódh an glacadh agus an teacht i bhfeidhm i lár 2018, bheadh ar an gCoimisiún gníomh tarmligthe a réiteach ina sonraítear an cineál táillí, na hábhair a bhfuil táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an modh ina bhfuil siad le híoc, rud a d'fhágfadh nach mbaileofaí aon táillí roimh lár 2019, ar a luaithe. Ós rud é go gcuirfí costais ar ÚEUM faoin Rialachán ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin, is gá buiséad breise a fháil ón Aontas in 2018 agus in 2019 d'fhonn, ar a laghad, an 12 mhí ag tús na noibríochtaí i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin a chumhdach.

Cumhdóidh na táillí atá le bailiú na costais arna dtabhú ó 2018 amach, rud a chiallaíonn go mbeidh ÚEUM in ann an réamhíocaíocht a rinne an Aontas a aisíoc faoi 2020 ar a dhéanaí.

Tiocfaidh an buiséad breise seo ón mbuiséad ginearálta, mar ní féidir le buiséad AS FISMA méid den sórt sin a chumhdach.

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

Uimhir

Ceannteideal 1a Iomaíochas le haghaidh fáis agus post

Ard-Stiúrthóireacht: FISMA

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

12.02 06

Gealltanais

(1)

4 310 555

7 788 789

Íocaíochtaí

(2)

4 310 555

7 788 789

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2 a)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 66  

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe
i gcomhair Ard-Stiúrthóireacht FISMA

Gealltanais

=1+1a +3

4 310 555

7 788 789

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

4 310 555

7 788 789



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL <….>
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 67

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

Íocaíochtaí

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 68

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 69

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 70

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 71
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain 2020

Bliain 2021

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

 Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 72

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  73

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

N/B

Pearsanra seachtrach

N/B

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

X    Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

Teastaíonn athchlárú ar líne buiséid ÚEUM 12.02.06. Cé go gcumhdóidh táillí ó CPLanna an Aontais agus CPLanna tríú tír na méideanna iomlána atá beartaithe (féach an Iarscríbhinn le haghaidh sonraí), teastóidh réamhíocaíocht ó bhuiséad an Aontais chun na costais arna dtabhú, ar a laghad, le linn an chéad sé mhí d'fheidhmiú (i.e. buiséad 2018) agus, ar a mhéad, le linn an chéad 12 mhí d'fheidhmiú.

Tar éis an togra a ghlacadh, iarrfar ar an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena sonrófar go mion an mhodheolaíocht maidir le táillí a ríomh agus a bhailiú ó CPLanna an Aontais agus ó CPLanna tríú tír. Teastóidh neamhagóid ina chomhair sin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus eolas ina thaobh a fhoilsiú san iris oifigiúil sular féidir táillí a bhailiú. Mar sin féin, bheifí ag súil leis na costais seo a aisghabháil in imeacht ama.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain
2021

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe:

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe




An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 74

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

[…]

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[…]

Iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais reachtach maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis na nósanna imeachta agus na húdaráis a bhaineann le CPLanna a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír a aithint.

Rinneadh meastachán ar na costais a bhaineann leis na cúraimí atá le déanamh ag ÚEUM i gcás caiteachas ar fhoireann, i gcomhréir leis an aicmiú costais atá i ndréacht-bhuiséad ÚEUM do 2018. Féadfaidh sé gur ghá athbhreithniú a dhéanamh ar na meastacháin seo i gcás ina ndéanfaí maoiniú na nÚMEanna a athrú i dtogra ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar na ÚMEanna.

Cúraimí breise

Áirítear sa togra ón gCoimisiún forálacha lena dtugtar cúraimí nua nó méadaithe d'ÚEUM. Ar an gcéad dul síos, beidh ar ÚEUM réimse níos leithne de chúraimí maoirseachta a dhéanamh maidir le CPLanna tríú tír. I gcás CPLanna 'Leibhéal 1' is éard a bheadh i gceist obair leantach níos déine a dhéanamh i leith an phróisis aitheanta, agus d'fhéadfadh cigireachtaí ar an láthair agus cruinnithe leis na CPLanna a bheith i gceist leis sin. I gcás CPLanna 'Leibhéal 2' is é a bheadh i gceist maoirseacht de facto a dhéanamh ar na CPLanna tríú tír. Mar sin, bheadh ar ÚEUM na hacmhainní riachtanacha a bheith aige chun gníomhaíocht maoirseachta den chineál sin a dhéanamh. Ar an dara dul síos, déanfar foireann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a mhaoiniú ó bhuiséad ÚEUM, go háirithe comhaltaí buana Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna. Ar an tríú dul síos, beidh a chúraimí breise féin ag ÚEUM lena dtacófar le hobair Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna nua-bunaithe, rud a chruthóidh tuilleadh cóineasaithe i dtaca le cleachtais maoirseachta ar fud an Aontais. Ar deireadh, tá forálacha sa togra lena gcuirfí de cheangal ar ÚEUM comhairle theicniúil a fhorbairt i gcomhair ullmhú roinnt gníomhartha tarmligthe de chuid an Choimisiúin lenar féidir a áirithiú go gcuirtear forálacha de chineál ardteicniúil chun feidhme go comhsheasmhach ar fud an Aontais. Tá an fhéidearthacht ann, faoi na cumhachtuithe atá ann cheana faoi EMIR, leasuithe a mholadh ar Chaighdeáin Rialála Theicniúla nó ar Chaighdeáin Theicniúla Cur Chun Feidhme atá ann cheana d'fhonn athruithe sa togra seo a léiriú (e.g. Caighdeáin Rialála Theicniúla ar choláistí atá ann cheana). Ina theannta sin, féadfaidh sé go mbeadh ar ÚEUM socruithe comhair a athchaibidliú le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha.

Beidh cúigear comhaltaí buana ag Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna. Áireofar ar phríomhchúraimí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí maoirseachta de chuid na núdarás inniúil náisiúnta maidir le ceanglais áirithe faoi EMIR, go háirithe maidir le údarú a bhaint, ceanglais stuamachta CPLanna agus socruithe idir-inoibritheachta agus na cinntí sin a fhormhuiniú (nó gan a dhéanamh, de réir an cháis). Teastóidh anailís shaineolach agus saintuiscint ar na cinntí arna gcur faoi bhráid Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna le haghaidh machnaimh, measúnú ar rioscaí agus ar bhuntáistí an chinnidh chomh maith leis an an gcomhar agus an plé is gá leis an mbanc ceannais eisiúna agus na húdaráis inniúla náisiúnta, go háirithe na húdaráis ar baill den choláiste EMIR reatha iad.

I dtaca leis an uair a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm, glacadh leis gur i lár 2018 a tharlóidh sin. Mar sin de, beidh gá le hacmhainní breise ÚEUM ó lár 2018 ar aghaidh. I dtaca le cineál na bpost, chun bunú Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a chur i gcrích i gceart agus in am, agus chun creat maoirseachta do CPLanna an Aontais agus CPLanna tríú tír a chur chun feidhme, ní foláir acmhainní breise a leithdháileadh le haghaidh cúraimí dírithe ar mhaoirseacht CPLanna, lena náirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin: teagmháil laethúil (cruinnithe aghaidh ar aghaidh, glaonna comhdhála, etc.) le lucht bainistithe CPLanna, foirne comhlíontachta, dlí, TF, bainistithe riosca, airgeadais, gnó agus oibríochtaí; measúnú ar shamhlacha riosca, leabhair rialacha agus nósanna imeachta CPLanna, ceapacháin boird agus foirne feidhmiúcháin, seirbhísí seachfhoinsithe, síneadh de ghníomhaíochtaí agus seirbhísí, réiteigh TF, leordhóthanacht caipitil, struchtúr scairshealbhóirí / scairsheilbhe an CPL, agus socruithe idir-inoibritheachta; athbhreithniú ar iniúchtaí inmheánacha; measúnú riosca cuimsitheach; moltaí a eisiúint agus bainistiú géarchéime. Beidh ar bhaill foirne na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích: anailís agus samhaltú riosca; anailís agus tacaíocht dhlíthiúil; cruinnithe déthaobhacha agus iltaobhacha le scairshealbhóirí, go háirithe CPLanna agus ionaid trádála chomh maith le rialtóirí agus maoirseoirí eile, i láthair náisiúnta agus idirnáisiúnta araon, agus beidh gá, dá bhrí sin, le taisteal a dhéanamh go minic. Maidir le CPLanna tríú tír, beidh ar bhaill foirne cúraimí nua a dhéanamh, lena náirítear faireachán leantach a dhéanamh ar CPLanna tríú tír aitheanta féachaint an bhfuil ceanglais EMIR á gcomhlíonadh acu, trí iarrataí ar fhaisnéis, ceistneoirí agus cigireachtaí ar an láthair. Ní mór d'ÚEUM a chinneadh freisin an mbaineann tábhacht shistéamach le CPLanna tríú tír is iarratasóirí agus CPLanna tríú tír aitheanta ó thaobh cobhsaíocht airgeadais an Aontais agus na mBallstát de. I gcás CPLanna tríú tír a meastar a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo (CPLanna Leibhéal 2), beidh ar ÚEUM faireachán a dhéanamh ar a leibhéal comhlíontachta le ceanglais bhreise. Ar deireadh, ní mór d'ÚEUM uirlisí a fhorbairt chun comhlíonadh inchomparáide a mheas. Chuige sin, beidh gá le malartú suntasach faisnéise leis na húdaráis tríú tír agus leis na CPLanna araon, agus méid suntasach sonraí a phróiseáil, mar atá sonraí arna mbailiú trí bhíthin ceistneoirí agus arna nanailísiú ag foireann ÚEUM. Tríd is tríd, teastaíonn na nithe seo a leanas le haghaidh na hoibre sin chomh maith: cruinnithe déthaobhacha agus iltaobhacha le scairsealbhóirí, go háirithe CPLanna agus rialtóirí/maoirseoirí eile, bunú agus bainistiú Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna ar a mbeidh maoirseoirí ó Bhallstáit eile ina gcomhaltaí; meabhráin tuisceana idirnáisiúnta/socruithe comhair a chaibidliú; anailís theicniúil a chur ar fáil agus doiciméid a dhréachtú do Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna. (i.e. cigireachtaí ar an láthair, anailís ar shamhlacha riosca, etc.).

Baineann an obair atá de dhíth go dlúth le hobair ÚEUM faoi EMIR atá ar siúl cheana agus cuirfidh sí leis an obair sin ó thaobh aitheantas a thabhairt do CPLanna tríú tír agus don ról atá ag ÚEUM faoi láthair maidir le maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna an Aontais trí choláistí. Go dtí seo, aithníodh 28 CPL tríú tír agus tugadh údarú do 17 CPL de chuid an Aontais faoi EMIR. Tá iarratas ar aitheantas curtha isteach ag 12 CPL tríú tír eile ach níor tugadh an taitheantas sin dóibh mar níor ghlac an Coimisiún cinneadh coibhéise dá ndlínsí baile go fóill.

Acmhainní daonna

Á ghlacadh leis go naithneofar ar deireadh thiar na CPLanna tríú tír uile a bhfuil aitheantas á lorg acu, d'fhágfadh sin tuairim agus 40 CPL tríú tír faoi inniúlacht ÚEUM– cibé acu ar bhonn indíreach trí mhaoirseacht agus malartú faisnéise (i.e. CPLanna Leibhéal 1 nach bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo) nó, trí mhaoirseacht níos dírí a dhéanamh ar CPLanna Leibhéal 2 a mbaineann rioscaí leo a d'fhéadfadh a bheith níos suntasaí. Mar gheall ar an tionchar diúltach a d'fhéadfadh a bheith ag CPLanna go hindíreach ar chobhsaíocht airgeadais agus ar an ngeilleagar, tá sé ríthábhachtach na hacmhainní iomchuí a chur in áirithe do na cúraimí atá i gceist.

Mar sin, á chur san áireamh líon na CPLanna tríú tír a bhfuil maoirseacht le déanamh orthu ar bhonn indíreach nó díreach agus cineál agus castacht na gcúraimí atá le comhlíonadh ag ÚEUM i gcás CPLanna Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 faoi seach, meastar go dteastóidh 45 bhall foirne i gcoibhéis lánaimseartha. Mar gheall ar sainchineál na hoibre, agus na dúshláin a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le baill foirne a bhfuil taithí acu a earcú go tapa, glactar leis go dteastóidh níos mó saineolaithe náisiúnta ag an tús chun na cúraimí is gá a chur i gcrích. De réir mar a thiocfaidh méadú ar líon na foirne agus ar an taithí atá aici, ba cheart go dtiocfadh laghdú dá réir ar líon na saineolaithe náisiúnta a bheidh ag teastáil.

Beidh gá le croílíon foirne chun Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a chur ar bun agus a oibríochtú. A luaithe agus a bheidh sé faoi lánseol, agus in éineacht le foireann ÚEUM atá ann cheana agus atá ag plé le gnó laethúil choláistí EMIR, etc., ba cheart go dtiocfadh laghdú ar líon na foirne nua a bheidh ag teastáil.

Ar deireadh, beidh gá le líon áirithe ASTanna do ÚEUM d'fhonn cabhrú le Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a riar chomh maith le páirt a ghlacadh in earcú na foirne is gá.

Foireann ÚEUM

2018

2019

2020

ADanna

20

27

36

CPLanna tríú tír

25

35

35

CPLanna an Aontais

10

5

5

CRÍOCH

10

12

13

CPLanna tríú tír

15

10

10

CPLanna an Aontais

0

0

0

ASTanna

0

1

2

LÍON IOMLÁN NA MBALL FOIRNE

30

40

49

Chomh maith leis na baill foirne bhreise a theastóidh ó ÚEUM, beidh gá le triúr ball bhuana (Cathaoirleach móide beirt bhall bhuana breise) ar Sheisiún Feidhmiúcháin an Aontais. Déanfar iad a íoc as buiséad ÚEUM freisin. Ba cheart go mbeadh taithí ag na baill sin agus go bhfaighidís luach saothair is iomchuí dá leibhéal.

Beidh costais dhosheachanta ann freisin a bhaineann le hearcú na mball foirne breise sin (liúntais taistil, óstáin, scrúduithe leighis, athlonnaithe agus liúntais eile, costais aistrithe, etc.) a mheastar a bheidh cothrom le €12,700.

Toimhdí agus costais foirne á ríomh:

·Glactar leis gur gníomhairí sealadacha den ghrúpa feidhmiúil agus den ghrád AD7 a bheidh sna poist bhreise sin.

·Is ar threoir ó Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid atá na meánchostais tuarastail i gcás catagóirí éagsúla pearsanra bunaithe;

·Is é 1.138 an chomhéifeacht coigeartaithe tuarastail do Pháras.

Acmhainní eile is gá

Beidh iarmhairtí dosheachanta ag an méadú suntasach measta ar líon na foirne ÚEUM ar shocruithe bonneagair ÚEUM.

I dtosach báire, beidh ar ÚEUM spás oifige breise a fháil. Féadfar sin a dhéanamh tríd an spás oifige atá acu faoi láthair a mhéadú nó trí fhoirgneamh nua a aimsiú. Meastar gur costas tuairim agus EUR 1 057 milliún in aghaidh na bliana a bheidh ar chíos an spáis oifige breise agus EUR 600 000 an costas bliantúil a bheidh ar fheistiú agus ar shlándáil.

Ar an dara dul síos, eascraíonn príomhchúram nua ó mhaoirseacht a dhéanamh ar CPLanna tríú tír arna naithint san Aontas. Is dócha go mbeidh gá le roinnt misean chuig tríú tíortha agus chuig an Aontas, chomh maith le roinnt cruinnithe. Meastar go mbeidh costas míosúil EUR 12 000 ar mhisin le haghaidh 20 ball foirne, nó EUR 240 000 in aghaidh na bliana.

Ar an tríú dul síos, tabhófar roinnt costas ilghnéitheach, mar shampla, beidh oiliúint ag teastáil ó bhaill foirne nua, agus féadfaidh sé go mbeidh gá le hacmhainní breise chun uirlisí nua TF a fhorbairt nó chun na tionscadail TF reatha a leathnú.

Ioncaim

Beartaítear leis an togra freisin go gcumhdófar a bheag nó a mhór na costais bhreise arna dtabhú ag ÚEUM trí tháillí a bhailiú ó CPLanna. Na costais a bhaineann le haithint agus maoirseacht leantach CPLanna tríú tír, beidh léiriú le fáil iontu an meastar gur CPL Leibhéal 1 nó CPL Leibhéal 2 é agus beidh siad comhréireach leis na costais iarbhír arna dtabhú ag ÚEUM.

 

Ríomh

2018

2019

2020

IOMLÁN

Caiteachas ar fhoireann ÚEUM

 

20 TA + 10 SNE

28 TA + 12 SNE

36 TA + 13 SNE

 

Tuarastail agus liúntais

 

 

 

 

 

TAanna (ADanna agus ASTanna)

= (30x138 000)x1.138 in 2018

1,570,440

4,397,232

5,653,584

11,621,256

CRÍOCH

= (15x78 000)x1.139 in 2018

443,820

1,065,168

1,153,932

2,662,920

Caiteachas a bhaineann le hearcaíocht

= 30x12 700

38,100

127,000

114,300

622,300

Speansais misean

= 20 x 12 x 1 000

120,000

240,000

240,000

600,000

 

Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna

Tuarastail agus liúntais

=(21 990x12)x1.138 + 2x(21 323x12)x1.138

441,335

882,669

882,669

2,206,673

 

 

Speansais misean

=3x12x2 500

45,000

90,000

90,000

225,000

Caiteachas a bhaineann le hearcaíocht

=3x12 700

38,100

38,100

Costais a bhaineann le cíos

=1554m²x680

528,360

1,056,720

1,056,720

2,641,800

Costais feistithe

EUR 600 000 measta

600,000

600,000

Costais eile (oiliúint, uirlisí TF, etc...)

measta €2500 1ú bhliain – €1000 an duine ina dhiaidh sin

142,500

57,000

57,000

256,500

IOMLÁN

 

4,310,555

7,915,789

9,248,205

21,474,549

IONCAM

 

2018

2019

2020

IOMLÁN

 

 

 

 

 

 

Táillí na CPLanna

=25 ADanna + 15 SNEanna in 2018 agus 35 ADanna + 10 SNEanna tar éis + Seisiún Feidhmiúcháin Maoirseachta + costais lena mbaineann

4,310,555

7,915,789

9,248,205

21,474,549

IOMLÁN

4,310,555

7,915,789

9,248,205

21,474,549

(1) http://www.g20.utoronto.ca/2009/2009communique0925.html  
(2) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála. Le fail ag http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:02012R0648-20170103&qid=1492599335405&from=EN  
(3) An Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, Preaseisiúint staitistiúil, OTC derivatives statistics at end-June 2016 [staitisticí maidir le díorthaigh thar an gcuntar ag deireadh Mheitheamh 2016] , Samhain 2016.
(4) Féach http://europa.eu/rapid/press-release_MEMO-16-3990_en.htm ,Samhain 2016.
(5) An Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, Preaseisiúint staitistiúil,  OTC derivatives statistics at end-June 2016 [staitisticí maidir le díorthaigh thar an gcuntar ag deireadh Mheitheamh 2016] , Samhain 2016.
(6) An Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, OTC Derivatives Market Reforms, Eleventh progress report on implementation [Athchóirithe ar an Margadh Díorthach thar an gCuntar, an tAonú Tuarascáil Déag ar a gcur chun feidhme], Lúnasa 2016. Féach roinn 3.2.1, go háirithe, maidir le himréiteach lárnach a dhéanamh ar idirbhearta caighdeánaithe agus Iarscríbhinn C agus Iarscríbhinn I freisin chun tuilleadh sonraí a fháil.
(7) https://www.kfw.de/KfW-Group/Newsroom/Aktuelles/Pressemitteilungen/Pressemitteilungen-Details_407936.html  
(8) I gcomhréir le EMIR, tá sé de chúram ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) caighdeáin theicniúla a fhorbairt maidir le haicme na ndíorthach thar an gcuntar ba cheart a bheith faoi réir na hoibleagáide maidir le himréiteach. Coinníonn an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) clár poiblí ar an oibleagáid maidir le hoibleagáid. Féach lgh 8-10 den chlár poiblí chun tuilleadh sonraí a fháil ar na hoibleagáidí imréitigh: https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/library/public_register_for_the_clearing_obligation_under_emir.pdf  
(9) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca leis an gcóimheas giarála, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an riosca creidmheasa contrapháirtí, leis an riosca margaidh, leis na neamhchosaintí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na neamhchosaintí ar ghnóthais chomh-infheistíochta, leis na neamhchosaintí móra agus leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
(10) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2016/2251 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2016 , IO L 340, 15.12.2016, lgh. 9–46.
(11) Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí anailís ar aicmí éagsúla rátaí úis, creidmheasa, cothromais agus díorthach thar an gcuntar malairte eachtraigh agus mhol sé oibleagáid imréitigh a chur i bhfeidhm ar chuid acu. Mar atá léiríthe sa tábla seo a leanas, d’fhéadfadh ÚEUM oibleagáidí imréitigh breise a chur san áireamh san am atá amach romhainn, lena náirítear mar shampla "Díorthaigh cothromais leathchúpla/cothromais sholúbtha agus Conradh le haghaidh Difir (CFD)” agus "Réamhchonradh neamh-inseachadta i malairt eachtrach (NDF)".
(12) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe trí chontrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála.
(13) Féach ÚEUM, Report EU-wide CCP Stress test 2015 [Tuarascáil ar Thástáil Struis CPLanna ar fud an Aontais Eorpaigh], an 29 Aibreán 2016, 2016/658 agus an graf a bhaineann leis i roinn 3.1 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.
(14) Féach liosta iomlán na gCPLanna atá bunaithe san Aontas i dTábla 3 i roinn 2.3 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.
(15) I gcomhréir le EMIR, cuireann ÚEUM liosta de CPLanna tríú tír ar fáil a bhfuil aitheantas tugtha dóibh cheana i leith seirbhís agus gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas . Tá comhpháirtithe tríú tír bunaithe i 15 thír atá cumhdaithe ag cinntí coibhéise maidir le CPLanna arna nglacadh ag an gCoimisiún, lena náirítear an Astráil, Hong Cong, Singeapór, an tSeapáin, Ceanada, An Eilvéis, an Chóiré Theas, Meicsiceo, an Afraic Theas, an Coimisiún um Thrádáil i dTodhchaíochtaí Tráchtearraí (CFTC) na Stát Aontaithe, an Bhrasaíl, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Ionad Airgeadais Idirnáisiúnta Dubai (DIFC), an India agus an Nua-Shéalainn.
(16) Féach roinn 2.3 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.
(17) Ag cruinniú mullaigh Cannes Shamhain 2011; rinne Ceannairí Stáit agus Rialtas G20 "Key Attributes of Effective Resolution Regimes for Financial Institutions" [ Príomhthréithe Córas Éifeachtacha Réitigh d’Institiúidí Airgeadais] an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais a fhormhuiniú mar "chaighdeán idirnáisiúnta nua do chórais réitigh". Féach An Ráiteas a d’eisigh Ceannairí Stáit G20 tar éis Chruinniú Mullaigh Cannes – 3-4 Samhain 2011, Roinn 13.
(18) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Rialachán (AE) 2015/2365. COM(2016) 856 final.
(19) Teachtaireacht maidir le "Staid an Aontais 2016: Aontas na Margaí Caipitil a thabhairt chun críche – Cuireann an Coimisiún luas leis an athchóiriú"; 14 Meán Fómhair 2016: IP/16/3001.
(20) Comhairliúchán poiblí ar oibríochtaí na nÚdarás Maoirseachta Eorpach"; 21/03/2017 – 16/05/2017.
(21) I gcomhréir le liosta léiritheach UÉUM de CPLanna tríú tíortha atá i ndiaidh iarratas ar aitheantas a dhéanamh faoi Airteagal 25 d’EMIR.
(22) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le bonneagair chriticiúla de chuid an mhargaidh airgeadais agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an Aontas Margaí Caipitil, 4.5.2017, COM(2017) 225 final.
(23) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún, IO L 331, 15.12.2010, lch. 84–119.
(24) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Rialachán (AE) 2015/2365.
(25) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca leis an gcóimheas giarála, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an riosca creidmheasa contrapháirtí, leis an riosca margaidh, leis na neamhchosaintí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na neamhchosaintí ar ghnóthais chomh-infheistíochta, leis na neamhchosaintí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
(26) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta.
(27) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe trí chontrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála.
(28) "Public consultation on the operations of the European Supervisory Authorities" [Comhairliúchán poiblí ar oibríochtaí na nÚMEanna], 21.03.2017, le fáil ar https://ec.europa.eu/info/finance-consultations-2017-esas-operations_en  
(29) "EU equivalence decisions in financial services policy: [Cinntí coibhéise an Aontais i mbeartas na seirbhísí airgeadais: an assessment" [measúnú], 27.02.2017, SWD(2017) 102 final, le fáil ar https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/eu-equivalence-decisions-assessment-27022017_en.pdf  
(30) "Capital Markets Union - Accelerating Reform" [Aontas na Margaí Caipitil – Dlús a chur le hAthchóiriú], 14.9.2016, COM(2016) 601 final, le fáil ar https://ec.europa.eu/transparency/regdoc/rep/1/2016/EN/1-2016-601-EN-F1-1.PDF
(31) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ar Athbhreithniú Lár an Téarma ar an bPlean Gníomhaíochta de chuid Aontas na Margaí Caipitil, COM(2017) 292 final, 8 Meitheamh 2017, ar fáil ag: https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/communication-cmu-mid-term-review-june2017_en.pdf  
(32) Páipéar Machnaimh maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú, An Coimisiún Eorpach, 31 Bealtaine 2017, ar fáil ag: https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/reflection-paper-emu_en_2.pdf
(33) Athbhreithniú ÚEUM ar choláistí CPL faoi EMIR, Eanáir 2015 https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/library/2015/11/2015-20-_report_on_esma_review_of_ccp_colleges.pdf  
(34) ÚEUM, Athbhreithniú Piaraí faoi EMIR Airt. 21 Gníomhaíochtaí maoirseachta i leith cheanglais éarlaisí agus cheanglais chomhthaobhachta na CPLanna, 22 Nollaig 2016, ESMA/2016/1683 (Athbhreithniú Piaraí ÚEUM, 2016) https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/library/2016-1683_ccp_peer_review_report.pdf
(35) ÚEUM, Tuarascáil athbhreithniúcháin EMIR uimh. 4, ionchur ÚEUM mar chuid de chomhairliúchán an Choimisiúin faoi athbhreithniú EMIR, 13 Lúnasa 2015, ESMA/2015/1254 https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/library/2015/11/esma-2015-1254_-_emir_review_report_no.4_on_other_issues.pdf
(36) Athbhreithniú piaraí ÚEUM 2015, lch. 16, alt 30.
(37) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le bonneagair chriticiúla de chuid an mhargaidh airgeadais agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an Aontas Margaí Caipitil, 4.5.2017, COM(2017) 225 final.
(38) Tá an comhairliúchán agus an ráiteas aiseolais atá ag gabháil leis le fáil ag: https://ec.europa.eu/info/finance-consultations-2017-esas-operations_en
(39) Tá fáil ar an gcomhairliúchán tríd an nasc seo: https://ec.europa.eu/info/finance-consultations-2017-cmu-mid-term-review_en  
(40) Tá an comhairliúchán agus an achoimre ar na freagraí le fáil ag  http://ec.europa.eu/finance/consultations/2015/emir-revision/index_en.htm
(41) Féach Tuarascáil athbhreithniúcháin EMIR uimh. 4, 13 Lúnasa 2015 a cuireadh le chéile mar chuid de chomhairliúchán an Choimisiúin faoi athbhreithniú EMIR, lch. 19–21, a bhfuil fáil uirthi anseo: https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/library/2015/11/esma-2015-1254_-_emir_review_report_no.4_on_other_issues.pdf   
(42) Féach freisin an Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin: EU equivalence decisions in financial services policy: an assessment [Cinntí coibhéise an Aontais i mbeartais seirbhísí airgeadais: athbhreithniú], SWD(2017) 102 final an 27 Feabhra 2017.
(43)

   IO C […], […], lch. […].

(44) IO C , , lch. .
(45)

   An seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ... (IO ...) agus an cinneadh ón gComhairle ...

(46) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
(47)

   Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe trí chontrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála

(48)

   I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, cuireann ÚEUM  liosta de CPLanna tríú tír ar fáil a bhfuil aitheantas tugtha dóibh cheana i leith seirbhís agus gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas . Tá CPLanna tríú tír bunaithe i 15 thír atá cumhdaithe ag cinntí coibhéise maidir le CPLanna arna nglacadh ag an gCoimisiún, lena náirítear an Astráil, Hong Cong, Singeapór, an tSeapáin, Ceanada, An Eilvéis, an Chóiré Theas, Meicsiceo, an Afraic Theas, an Coimisiún um Thrádáil i dTodhchaíochtaí Tráchtearraí (CFTC) na Stát Aontaithe, an Bhrasaíl, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Ionad Airgeadais Idirnáisiúnta Dubai (DIFC), an India agus an Nua-Shéalainn.

(49)

   Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Rialachán (AE) 2015/2365. COM(2016) 856 final.

(50)

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach  maidir le dúshláin a fhreagairt a bhaineann le bonneagair chriticiúla de chuid an mhargaidh airgeadais agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an Aontas Margaí Caipitil, 4.5.2017, COM(2017) 225 final.

(51)

   Teachtaireacht maidir le "Staid an Aontais 2016: Aontas Margaí Caipitil a thabhairt chun críche – Cuireann an Coimisiún luas leis an athchóiriú"; 14 Meán Fómhair 2016:

(52)

   Comhairliúchán poiblí ar oibríochtaí na nÚdarás Maoirseachta Eorpach"; 21/03/2017 – 16/05/2017.

(53) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(54)

   Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, IO L 287, 29.10.2013, lch. 63."

(55) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(56) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Rialachán (AE) 2015/2365.
(57) "Capital Markets Union - Accelerating Reform" [Aontas na Margaí Caipitil – Dlús a chur le hAthchóiriú], 14.9.2016, COM(2016) 601 final, le fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/regdoc/rep/1/2016/EN/1-2016-601-EN-F1-1.PDF  
(58) "Public consultation on the operations of the European Supervisory Authorities" [Comhairliúchán poiblí ar oibríochtaí na nÚMEanna], 21.03.2017, le fáil ag: https://ec.europa.eu/info/finance-consultations-2017-esas-operations_en  
(59) "EU equivalence decisions in financial services policy: an assessment" [Cinntí coibhéise an Aontais i mbeartas na seirbhísí airgeadais: measúnú], 27.02.2017, SWD(2017) 102 final, le fáil ag: https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/eu-equivalence-decisions-assessment-27022017_en.pdf  
(60) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca leis an gcóimheas giarála, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an riosca creidmheasa contrapháirtí, leis an riosca margaidh, leis na neamhchosaintí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na neamhchosaintí ar ghnóthais chomh-infheistíochta, leis na neamhchosaintí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
(61) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta.
(62) Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(63) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
(64) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(65) Tíortha is iarrthóirí agus, más iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(66) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(67) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(68) Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(69) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(70) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(71) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(72) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(73) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(74) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,13.6.2017

COM(2017) 331 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis na nósanna imeachta agus na húdaráis a bhaineann le CPLanna a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír a aithint

{SWD(2017) 246 final}
{SWD(2017) 247 final}


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas mar Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

"IARSCRÍBHINN III

Liosta de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 25g(1)

I.    Sáruithe a bhaineann le ceanglais chaipitil:

(a) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 16(1) más rud é nach bhfuil caipiteal tosaigh buan EUR 7.5 milliún ar fáil aige:

(b) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 16(2) más rud é nach bhfuil caipiteal tosaigh aige, lena náirítear tuilleamh coimeádta agus cúlchistí, atá comhréireach leis an riosca a thagann as a ghníomhaíochtaí agus ar leor i gcónaí é chun a áirithiú go ndéanfar foirceannadh nó athstruchtúrú ordúil ar na gníomhaíochtaí sin thar thréimhse iomchuí ama agus chun an CPL a chosaint go leordhóthanach ar rioscaí creidmheasa, contrapháirtí, margaidh, oibríochtúla, dlíthiúla agus gnó nach bhfuil cumhdaithe cheana le hacmhainní airgeadais sonracha dá dtagraítear in Airteagail 41, 42, 43 agus 44.

II.    Sáruithe a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla nó le coinbhleachtaí leasa:

(a)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 26(1) más rud é nach bhfuil socruithe daingne rialachais aige, lena náirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, próisis éifeachtacha chun rioscaí a bhfuil sé neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena náirítear nósanna imeachta fónta ó thaobh an riaracháin agus na cuntasaíochta.

(b)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 26(2) más rud é nach nglacann sé beartais leordhóthanacha agus nósanna imeachta atá éifeachtach a ndóthain chun comhlíontacht, lena náirítear a bhainisteoirí agus a fhostaithe a bheith ag comhlíonadh forálacha uile an Rialacháin seo;

(c)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 26(3) más rud é nach ndéanann sé struchtúr eagrúcháin leordhóthanach a chothabháil nó a oibriú chun a leanúnachas agus a fheidhmiú ordúil a áirithiú nó mura mbainfidh sé leas as córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach;

(d)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 26(4) más rud é nach gcoimeádann sé deighilt shoiléir a choimeád idir na freagrachtaí tuairiscithe do bhainistiú riosca agus na freagrachtaí a bhaineann le hoibríochtaí eile an CPL;

(e)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 26(5) más rud é nach ndéanann sé beartas luacha saothair a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a chothabháil lena gcuirfear bainistiú riosca fónta agus éifeachtach chun cinn agus nach gcruthóidh dreasachtaí chun caighdeáin riosca a mhaolú.

(f)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 26(6) más rud é nach ndéanann sé córais teicneolaíochta faisnéise a chothabháil atá leordhóthanach chun déileáil le castacht, éagsúlacht agus cineálacha na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí a dhéantar chun ardchaighdeáin slándála a áirithiú mar aon le sláine agus rúndacht na faisnéise a choinnítear a áirithiú;

(g)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 26(7) más rud é nach ndéanann sé a shocruithe rialachais, na rialacha lena rialaítear an CPL, agus a chritéir iontrála do chomhaltas imréitigh, a chur ar fáil don phobal saor in aisce.

(h)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 26(8) más rud é nach bhfuil sé faoi réir iniúchtaí minice agus neamhspleácha nó mura ndéanann sé torthaí na niniúchtaí sin a thuairisciú don bhord nó mura gcuireann sé ar fáil iad d'ÚEUM;

(i)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 27(1) nó an dara fomhír d'Airteagal 27(2) más rud é nach náirithíonn sé gur leor dea-cháil agus taithí an lucht bainistíochta sinsearaí agus chomhaltaí an bhoird lena áirithiú go ndéanfaidh siad bainistiú fónta stuama ar an CPL;

(j)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 27(2) más rud é nach náirithíonn sé go mbeidh aon trian de chomhaltaí an bhoird, i.e. beirt ar a laghad, neamhspleách, nó nach dtugann sé cuireadh d'ionadaithe chliant na gcomhaltaí imréitigh chuig cruinnithe le haghaidh ábhar atá ábhartha d'Airteagal 38 agus d'Airteagal 39 nó go ndéanann sé cúiteamh na gcomhaltaí neamhspleácha nó na gcomhaltaí neamhfheidhmiúcháin eile den bhord a nascadh le feidhmíocht ghnó an CPL

(k)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 27(3) más rud é nach ndéanann sé róil agus freagrachtaí an bhoird a chinneadh go soiléir nó nach gcuireann sé miontuairiscí na gcruinnithe boird ar fáil don údarás inniúil agus do na hiniúchóirí;

(l)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 28(1) más rud é nach gcuireann sé coiste riosca ar bun nó mura gcomhdhéanfaidh sé an coiste sin d'ionadaithe de na comhaltaí imréitigh, de chomhaltaí neamhspleácha an bhoird agus d'ionadaithe a gcliaint, go gcomhdhéanann sé an coiste riosca i gcaoi a mbeidh tromlach ag ceann de na grúpaí ionadaithe sa choiste riosca sin, nó nach gcuireann sé ÚEUM ar an eolas maidir le gníomhaíochtaí agus cinntí an choiste riosca i gcás ina niarrann ÚEUM é a chur ar an eolas;

(m)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 28(2) más rud é nach ndéanann sé an sainordú, na socruithe rialachais chun a neamhspleáchas a áirithiú, na nósanna imeachta oibriúcháin, na critéir iontrála agus an sásra toghcháin le haghaidh chomhaltaí an choiste riosca a chinneadh go soiléir, na socruithe rialachais a chur ar fáil go poiblí nó a chinneadh go ndéanfaidh comhalta neamhspleách den bhord cathaoirleacht ar an gcoiste riosca agus go dtuairisceoidh sé chuig an mbord agus go ngairmfidh sé cruinnithe go rialta;

(n)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 28(3) más rud é nach gceadaíonn sé don choiste riosca comhairle a thabhairt don bhord maidir le haon socruithe a d'fhéadfadh a bheith acu ar bhainistiú riosca CPL nó nach ndéanann sé iarrachtaí réasúnacha dul i gcomhairle leis an gcoiste riosca maidir le forbairtí a mbeidh tionchar acu ar bhainistíocht riosca an CPL i staideanna éigeandála;

(o)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 28(5) más rud é nach gcuireann sé an túdarás inniúil ar an eolas go pras faoi aon chinneadh inar chinn an bord gan comhairle an choiste riosca a leanúint;

(p)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 29(1) más rud é nach gcoimeádann sé na taifid ar fad ar na seirbhísí agus ar an ngníomhaíocht a sholáthrófar, ar feadh deich mbliana ar a laghad, ionas gur féidir le ÚEUM faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialachán seo ag an CPL.

(q)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 29(2) más rud é nach gcoimeádann sé ar feadh deich mbliana ar a laghad tar éis conradh a fhoirceannadh, an fhaisnéis ar fad ar na conarthaí atá próiseáilte aige ar shlí a bhféadfar téarmaí tosaigh an idirbhirt a shainaithint sula ndéanfaidh an CPL é a imréiteach;

(r)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 29(3) más rud é nach gcuireann sé na taifid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 d'Airteagal 29 agus an fhaisnéis ar fad ar shuíomhanna na gconarthaí imréitithe, beag beann ar an ionad ina ndearnadh na hidirbhearta, ar fáil d'ÚEUM arna iarraidh sin dó, agus do chomhaltaí ábhartha CEBC;

(s)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 30(1) más rud é nach gcuireann sé ÚEUM ar an eolas go hiomlán, nó go gcuireann sé ar an eolas go bréagach nó go neamhiomlán é faoi chéannacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí, cibé acu is scairshealbhóirí díreacha nó neamhdhíreacha iad, daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu agus faoi mhéideanna na sealúchas sin.

(t)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 30(4) más rud é go gceadaíonn sé do na daoine dá dtagraítear in Airteagal 30(1) tionchar a imirt ar dócha go ndéanfaidh sé dochar do bhainistíocht fhónta agus stuama an CPL;

(u)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 31(1) más rud é nach gcuireann sé ÚEUM ar an eolas go hiomlán, nó go gcuireann sé ar an eolas go bréagach nó go neamhiomlán é maidir le haon athruithe ar a bhainistíocht nó nach soláthraíonn sé an fhaisnéis go léir is gá d'ÚEUM chun comhlíonadh Airteagal 27(1) agus an dara fomhír d'Airteagal 27(2) a mheasúnú;

(v)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 33(1) más rud é nach ndéanann sé socruithe eagrúcháin agus riaracháin éifeachtacha i scríbhinn a chothabháil agus a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann idir é féin, lena náirítear a bhainisteoirí, a fhostaithe, nó aon duine a bhfuil rialú nó dlúthnaisc dhíreacha nó indíreacha aige leo, agus a chomhaltaí imréitigh nó a gcliaint a bhfuil eolas ag an CPL orthu nó nach ndéanann sé nósanna imeachta leordhóthanacha a chothabháil agus a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa féideartha a réiteach.

(w)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 33(2) más rud é nach nochtann sé go soiléir nádúr ginearálta nó foinsí coinbhleachtaí leasa don chomhalta imréitigh sula nglacfar le hidirbhearta nua ón gcomhalta imréitigh sin, don chomhalta imréitigh nó do chliant lena mbaineann an chomhalta imréitigh arb eol don CPL cé hé i gcás nach leor socruithe eagrúcháin agus riaracháin atá ag an CPL sin chun coinbhleacht leasa a bhainistiú, nach leor na socruithe sin le go náirithítear, le muinín réasúnach, go ndéanfar rioscaí damáiste do leasanna comhalta imréitigh nó do leasanna cliaint a chosc;

(x)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 33(3) más rud é nach gcuireann sé san áireamh sna socruithe i scríbhinn atá aige aon chúinsí a bhfuil an CPL ar an eolas fúthu nó ar cheart dó a bheith ar an eolas fúthu, a d'fhéadfadh coinbhleacht leasa a chruthú mar thoradh ar struchtúr agus ar ghníomhaíochtaí gnó na ngnóthas eile a bhfuil gaol máthairghnóthas nó fochuideachta aige leo;

(y)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 33(5) más rud é nach ndéanann sé gach céim réasúnach chun míúsáid aon fhaisnéise a chosc a choimeádtar ina chórais nó más rud é go gcuirfidh sé cosc ar úsáid na faisnéise sin i gcomhair gníomhaíochtaí eile gnó, nó ag duine nádúrtha a bhfuil dlúthnasc aige le CPL nó duine dlítheanach a bhfuil caidreamh máthairghnóthas nó fochuideachta aige leis an CPL, faisnéis rúnda arna taifeadadh i CPL a úsáid chun críocha tráchtála gan toiliú a fháil roimh ré i scríbhinn an chliaint ar leis an fhaisnéis rúnda sin:

(z)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 36(1) más rud é nach ngníomhaíonn sé go cothrom agus go gairmiúil ar mhaithe le leasanna na gcomhaltaí imréitigh agus a gcliant;

(aa)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 36(2) más rud é nach rialacha inrochtana trédhearcacha agus cothroma atá aige maidir le láimhseáil phras a dhéanamh ar ghearáin;

(bb)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 37(1) nó (2) más rud é go núsáideann sé, ar bhonn leanúnach, critéir, idirdhealaitheacha, neamh-thrédhearcacha suibiachtúla, nó go mainníonn sé ar bhealaí eile rochtain chothrom agus oscailte ar an CPL sin a áirithiú ar bhonn leanúnach nó go mainníonn sé ar bhonn leanúnach go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha agus cumas oibríochtúil leordhóthanach aige chun na hoibleagáidí a bhaineann le bheith páirteach i CPL a chomhlíonadh;

(cc)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 37(4) más rud é go mainníonn sé nósanna imeachta oibiachtúla agus trédhearcacha a bheith aige maidir le comhaltaí imréitigh nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear i Airteagal 37(1) a thuilleadh a chur ar fionraí agus a scor go hordúil;

(dd)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 37(5) más rud é go ndéanann sé rochtain a dhiúltú do chomhalta imréitigh a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 37(1) i gcás nach dtugtar cuí le rochtain a dhiúltú i scríbhinn agus nach bhfuil sé bunaithe ar anailís riosca chuimsitheach;

(ee)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 38(1) más rud é nach gceadaíonn sé do chliaint a gcomhaltaí imréitigh rochtain ar na seirbhísí sonracha atá á sholáthar;

(ff)    sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 39(7) más rud é nach dtairgeann sé na leibhéil éagsúla leithscartha dá dtagraítear sa mhír sin ar théarmaí tráchtála réasúnacha;

III.    Sáruithe a bhaineann le riachtanais oibríochtúla:

(a) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 34(1) más rud é nach ndéanann sé beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe i gcás tubaiste a bhunú, a chur chun feidhme nó a chothabháil, arb é is aidhm dó a chuid oibríochtaí a athshlánú go tráthúil agus a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, lena gceadaítear ar a laghad na hidirbhearta ar fad a athshlánú tráth an bhriste de dhroim an phlean sin ionas gur féidir leis an CPL leanúint ag oibriú faoi chinnteacht agus socraíocht a dhéanamh ar an dáta sceidealta;

(b) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 34(2) más rud é nach ndéanann sé próiseas leordhóthanach a bhunú, a chur chun feidhme nó a chothabháil atá dírithe ar shócmhainní agus suíomhanna na gcliant agus na gcomhaltaí imréitigh a shocrú go tráthúil agus go hordúil nó a aistriú go tráthúil i gcás údarú a tharraingt siar de bhun cinneadh faoi Airteagal 25;

(c) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 an dara fomhír d'Airteagal 35(1) más rud é go ndéanann sé mórghníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca an CPL sin a sheachfhoinsiú;

(d) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 39(1) más rud é nach gcoimeádann sé taifid mar aon le cuntais leithleacha ionas gur féidir leis, tráth ar bith agus gan mhoill, sna cuntais leis an CPL, na sócmhainní agus na suíomhanna a choimeádtar do chuntas comhalta imréitigh amháin a idirdhealú ó shócmhainní agus ó shuíomhanna a choimeádtar do chuntas aon chomhalta imréitigh eile agus óna shócmhainní féin;

(e) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 39(2) más rud é nach dtairgeann sé arna iarraidh sin agus cuntais leithleacha a choimeád nó nach gcoimeádann sé taifid agus cuntais lena gcuirtear ar chumas gach comhalta imréitigh sna cuntais leis an CPL sócmhainní agus suíomhanna an chomhalta imréitigh sin a idirdhealú ó na sócmhainní agus ó na suíomhanna a choimeádtar do chuntais a chliant;

(f) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 39(3) más rud é nach dtairgeann sé arna iarraidh sin taifid mar aon le cuntais leithleacha a choimeád nó nach gcoimeádann sé iad lena gcuirtear ar chumas gach comhalta imréitigh sna cuntais leis an CPL sócmhainní agus suíomhanna a choinnítear i gcomhair cúntas cliaint amháin a idirdhealú ó shócmhainní agus suíomhanna a choinnítear i gcomhair cúntas cliant eile, nó más rud é nach dtairgeann sé do na comhaltaí imréitigh go bhféadfaí tuilleadh cuntas a oscailt ina nainm féin nó in ainm chuntas a gcliant i gcás ina niarrtar sin.

(g) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 40 más rud é nach ndéanann sé a neamhchosaint leachtachta agus creidmheasa ar gach comhalta imréitigh agus, i gcás inarb iomchuí, ar CPL eile a bhfuil socrú idir-inoibritheachta déanta aige leis a thomhas agus a mheasúnú ar bhonn fíorama nó ar bhonn am atá gar dó nó nach bhfuil rochtain aige ar na foinsí praghsála ábhartha chun a acmhainní a thomhas go héifeachtach ar bhonn costais réasúnaigh;

(h) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 41(1) más rud é nach ndéanann sé éarlaisí ar mhaithe le teorannú neamhchosaintí creidmheasa a fhorchur, a ghlaoch agus a bhailiú óna chomhaltaí imréitigh nó, i gcás inarb iomchuí, ó CPLanna eile a bhfuil socrú idir-inoibritheachta déanta aige leo, nó go ndéanann sé éarlaisí a fhorchur, a ghlaoch agus a bhailiú nach bhfuil leordhóthanach chun neamhchosaintí a mheasann an CPL a d'fhéadfadh a bheith ann a chumhdach roimh leachtú na suíomhanna ábhartha nó chun na caillteanais a chumhdach a eascraíonn as ar a laghad 99 % de ghluaiseachtaí na neamhchosaintí thar thréimhse ionchais iomchuí nó a áirithiú go ndéanann contrapháirtí lárnach urrús comhthaobhach a sholáthar go hiomlán dá neamhchosaintí ar a chomhaltaí imréitigh ar fad, agus, nuair is iomchuí, ar CPLanna lena bhfuil socruithe idir-inoibritheachta aige leo, ar bhonn laethúil ar a laghad, nó i gcás inar gá, chun aon iarmhairtí comhthimthriallacha a chur san áireamh;

(i) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 41(2) más rud é nach nglacann sé samhlacha agus paraiméadair maidir lena cheanglais éarlaise a leagan síos a léiríonn saintréithe riosca na dtáirgí a imréitítear agus an tréimhse idir éarlaisí a bhailiú, leachtacht mhargaidh agus athruithe a d'fhéadfadh a bheith ann le linn an idirbhirt á gcur san áireamh;

(j) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 41(3) más rud é nach ndéanann sé éarlaisí a ghlaoch agus a bhailiú laistigh de lá amháin, ar a laghad nuair a sháraítear tairseacha réamhshainithe;

(k) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 42(3) más rud é nach ndéanann sé ciste mainneachtana a chothabháil lena gcuirtear ar a chumas ar a laghad, faoi dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte, mainneachtain an chomhalta imréitigh a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith a sheasamh, nó chun mainneachtain an dara agus an tríú comhalta imréitigh is mó a sheasamh más mó suim a neamhchosaintí, nó mura ndéanfaidh sé cásanna a fhorbairt nach gcuimseofar leo na tréimhsí ba luainí a chonacthas sna margaí a soláthraíonn CPL a sheirbhísí dóibh agus réimse cásanna a d'fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo, lena gcuirtear san áireamh acmhainní airgeadais a dhíoltar go tobann agus laghduithe tapa ar leachtacht mhargaidh.

(l) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 43(2) más rud é go gcuireann a chistí mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 42 agus a acmhainní eile dá dtagraítear in Airteagal 43(1) ar a chumas mainneachtain an dá chomhalta imréitigh a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith a sheasamh faoi dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte.

(m) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 44(1) más rud é nach mbíonn rochtain i gcónaí aige ar leachtacht leordhóthanach chun a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí a chomhlíonadh nó nach ndéanann sé na riachtanais leachtachta a d'fhéadfadh a bheith aige a thomhas gach lá;

(o) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 45(1), (2) agus (3) más rud é nach mbaineann sé leas as na héarlaisí arna gcur suas ag comhalta imréitigh mainneachtana sula mbainfidh sé leas as sócmhainní airgeadais eile chun caillteanais a chumhdach;

(p) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 45(4) más rud é nach mbaineann sé úsáid as acmhainní dílse tiomnaithe sula núsáidfidh sé na ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana.

(q) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 46(1) más rud é go nglacann sé le comthaobhacht fhíorleachtach lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh chun a neamhchosaint tosaigh agus reatha ar a chomhaltaí imréitigh a chumhdach i gcás nach gceadaítear aon chomhthaobhacht eile faoin ngníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún Faoi Airteagal 46(3);

(r) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 47(1) más rud é go ninfheistíonn sé a chuid acmhainní airgeadais seachas airgead tirim nó ionstraimí airgeadais fíorleachtacha lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh agus ar féidir iad a leachtú go pras gan ach éifeacht dhíobhálach an-bheag a imirt ar phraghsanna.

(s) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 47(3) más rud é nach ndéanann sé ionstraimí airgeadais a chur suas mar éarlaisí nó mar ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana a thaisceadh, lena náirithítear lánchosaint na nionstraimí airgeadais sin i gcás ina bhfuil siad ar fáil, nó nach ndéanann sé socruithe eile ardslándála le hinstitiúidí airgeadais údaraithe a úsáid.

(t) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 47(4) más rud é go ndéanann sé taiscí in airgead tirim trí shocruithe ardslándála le hinstitiúidí airgeadais údaraithe nó trí shaoráidí seasmhacha taisce de chuid banc ceannais nó trí mheán inchomparáide eile a chuireann na bainc cheannais ar fáil.

(u) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 47(5) más rud é go dtaisceann sé sócmhainní le tríú páirtí gan a áirithiú go bhfuil sócmhainní na gcomhaltaí imréitigh inaitheanta go leithleach ó acmhainní an CPL nó sócmhainní an tríú páirtí sin trí bhíthin cuntais ar a bhfuil teidil éagsúla a bheith ar leabhair an tríú páirtí nó trí bhíthin aon bhearta coibhéiseacha lena mbaintear an leibhéal céanna cosanta amach nó nach bhfuil rochtain phras aige ar na hionstraimí airgeadais nuair is gá;

(v) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 47(6) más rud é go ndéanann sé a chaipiteal nó na suimeanna atá ag eascairt as na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 41, 42, 43 nó 44 a infheistiú ina urrúis féin ná in urrúis a mháthairchuideachta nó a fhochuideachta;

(w) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 48(1) más rud é nach bhfuil nósanna imeachta mionsonraithe i bhfeidhm aige a bheidh le leanúint i gcás nach gcomhlíonann comhalta imréitigh na ceanglais rannpháirtíochta a leagtar síos in Airteagal 37 laistigh den teorainn ama agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú ag an CPL, nó nach dtugann sé cuntas ar na nósanna imeachta atá le leanúint, i gcás nach bhfógraíonn CPL mainneachtain comhalta imréitigh, nó nach ndéanann sé na nósanna imeachta sin a athbhreithniú go bliantúil;

(x) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 48(2) más rud é nach ndéanann sé beart pras chun brúnna leachtachta agus caillteanais atá ag eascairt as mainneachtain comhalta imréitigh a shrianadh agus nach náirithíonn sé nach gcuirfidh leachtú suíomhanna de chuid aon chomhalta imréitigh isteach ar a oibríochtaí nó nach ndéanann sé comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a chur ar neamhchosaint ar chaillteanais nach féidir leo a réamh-mheas ná a rialú;

(y) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 48(3) más rud é nach gcuireann sé ÚEUM ar an eolas go pras sula ndéanfar an próiseas mainneachtana a dhearbhú nó a thionscnamh;

(z) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 48(4) más rud é nach bhfíoraíonn sé go bhfuil a nósanna imeachta réamhshocraithe in-fhorfheidhmithe agus nach dtugann sé na céimeanna réasúnacha ar fad lena áirithiú go bhfuil na cumhachtaí dlíthiúla aige suíomhanna dílsithe an chomhalta imréitigh mainneachtana a leachtú agus suíomhanna chliaint an chomhalta imréitigh mainneachtana a leachtú nó a aistriú;

(aa) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 49(1) más rud é nach ndéanann sé athbhreithniú go rialta ar na samhlacha agus ar na paraiméadair ar glacadh leo chun a cheanglais éarlaise, ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana, ceanglais chomhthaobhachta agus sásraí rialaithe eile riosca a ríomh, agus nach gcuireann sé tástálacha struis diana agus rialta i bhfeidhm ar na samhlacha chun a solúbthacht faoi dhálaí margaidh sochreidte ach foircneacha a mheas agus nach ndéanann sé aistástálacha chun iontaofacht na modheolaíochta ar glacadh léi a mheas, nó mura bhfaigheann sé bailíochtú neamhspleách, nó mura gcuireann sé ÚEUM ar an eolas maidir le torthaí na dtástálacha a rinneadh, nó mura bhfaigheann sé bailíochtú ÚEUM roimh dó aon athrú tábhachtach ar na samhlacha agus na paraiméadair a ghlacadh;

(bb) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 49(2) más rud é nach ndéanann sé gnéithe tábhachtacha dá nósanna imeachta mainneachtana a thástáil go rialta nó mura dtugann sé gach céim réasúnach lena áirithiú go dtuigfidh na comhaltaí imréitigh ar fad iad agus go mbeidh socraíochtaí iomchuí i bhfeidhm acu le freagra a thabhairt ar theagmhas mainneachtana;

(cc) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 49(1a) más rud é go nglacann sé aon athrú tábhachtach ar na samhlacha agus na paraiméadair dá dtagraítear in Airteagal 49(1) roimh bhailíochtú a fháil ó ÚEUM maidir leis an athrú sin;

(dd) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 50(1) más rud é nach mbaineann sé leas as airgead bainc cheannais, i gcás ina bhfuil sé praiticiúil agus nuair a bhíonn a leithéid ar fáil nó nach dtugann sé céimeanna chun srian dian a chur le rioscaí um shocraíocht airgid thirim i gcás nach mbaintear leas as airgead bainc cheannais;

(ee) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 50(3) más rud é nach ndéanann sé an príomhriosca a dhíchur trí shásraí maidir le seachadadh in áit íocaíochta a úsáid a mhéid is féidir, i gcás ina bhfuil oibleagáid ar CPL ionstraimí airgeadais a sheachadadh nó a fháil mar sheachadadh;

(ff) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 50a nó Airteagal 50b más rud é nach ndéanann sé KCCP a ríomh mar a shonraítear san Airteagal sin nó nach leanann sé na rialacha maidir le KCCP a ríomh a leagtar amach in Airteagail 50a(2), 50b agus 50d;

(gg) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 50a(3) más rud é nach ndéanann sé KCCP a ríomh níos lú ná uair sa ráithe nó níos annaimhe ná mar atá ceangailte ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 50a(3);

(hh) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 51(2) más rud é nach bhfuil rochtain neamh-idirdhealaitheach ag an CPL ar na sonraí atá riachtanach dó chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh ón ionad trádála áirithe sin a mhéid a chomhlíonann an CPL sin na ceanglais oibríochtúla agus theicniúla arna mbunú ag an ionad trádála agus ar an gcóras socraíochta ábhartha;

(ii) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 52(1) más rud é go ndéanann sé socrú idir-inoibritheachta gan aon cheann de na ceanglais a leagtar amach i bpointe (a), pointe (b), pointe (c) agus pointe (d) den mhír sin a chomhlíonadh;

(jj) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 53(1) más rud é nach ndéanann sé idirdhealú sna cuntais ar na sócmhainní agus na suíomhanna atá sealbhaithe do chuntas CPL eile lena ndearna sé socrú idir-inoibritheachta;

(kk) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 54(1) más rud é go ndéanann sé socrú idir-inoibritheachta gan toiliú ÚEUM a fháil roimh ré;

IV.    Sáruithe a bhaineann le trédhearcacht faisnéise agus infhaighteacht faisnéise:

(a) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 38(1) más rud é nach ndéanann sé na praghsanna ar gach seirbhís a chuirtear ar fáil ar leithligh a nochtadh lena náirítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint as na laghduithe sin;

(b) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 38(1) más rud é nach ndéanann sé costais agus ioncaim a sheirbhísí a nochtadh d'ÚEUM;

(c) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 38(2) más rud é nach ndéanann sé na rioscaí a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraítear a nochtadh do chomhaltaí imréitigh agus do chliaint;

(d) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 38(3) más rud é nach nochtann sé dá chomhaltaí imréitigh agus dá údarás inniúil an fhaisnéis faoi phraghsanna a úsáidtear chun neamhchosaintí ag deireadh an lae maidir lena chomhaltaí imréitigh a ríomh nó nach nochtann sé go poiblí líon na nidirbheart a imréitíodh i leith gach ionstraime arna himréiteach ag an CPL ar bhonn comhiomlán;

(f) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 38(4) más rud é nach nochtann sé go poiblí na riachtanais oibríochtúla agus theicniúla a bhaineann leis na prótacail chumarsáide lena gcumhdaítear formáidí inneachair agus formáidí teachtaireachtaí a úsáideann sé le hidirghníomhú le tríú páirtithe, lena náirítear na ceanglais oibríochtúla agus theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 7;

(g) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 38(5) más rud é nach nochtann sé go poiblí aon sáruithe a rinne comhaltaí imréitigh ar na critéir dá dtagraítear in Airteagal 37(1) agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 38(5), ach amháin i gcás ina measann ÚEUM gur bagairt a bheadh sa nochtadh sin don chobhsaíocht airgeadais nó do mhuinín an mhargaidh agus go gcuirfeadh nochtadh don phobal den chineál sin na margaí airgeadais i mbaol mór nó go ndéanfadh sé damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann;

(h) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 39(7) más rud é nach nochtann sé go poiblí na leibhéil cosanta agus na costais a bhaineann leis na leibhéil éagsúla leithscartha a chuireann sé ar fáil;

(h) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 49(3) más rud é nach nochtann sé go poiblí faisnéis ríthábhachtach ar a shamhail bainistithe riosca agus na toimhdí ar glacadh leo chun na tástálacha struis dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a dhéanamh;

(j) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 50(2) más rud é nach dtugann sé le fios go soiléir na hoibleagáidí atá air maidir le hionstraimí airgeadais a sholáthar, lena náirítear an bhfuil sé d'oibleagáid air ionstraim airgeadais a sheachadadh nó a fháil mar sheachadadh agus an slánaíonn sé na rannpháirtithe ar chaillteanais a tharlaíonn le linn an phróisis seachadta.

(k) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 50c(1) más rud é nach ndéanann sé an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d) agus (e) d'Airteagal 50c(1) a nochtadh do na comhaltaí imréitigh aige atá ina ninstitiúidí agus dá núdaráis inniúla;

(l) sáraíonn CPL ar Leibhéal 2 Airteagal 50a(2) más rud é nach ndéanann sé a chomhaltaí imréitigh ar institiúidí iad a chur ar an eolas níos lú ná uair sa ráithe nó níos annaimhe ná mar atá ceangailte ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 50c(2);

V.    Sáruithe a bhaineann le bacainní ar ghníomhaíochtaí maoirseachta:

(a) sáraíonn CPL Airteagal 25c más rud é go gcuireann sé faisnéis mhícheart nó mhíthreorach ar fáil mar fhreagra ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis ó ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 25c nó mar fhreagra ar chinneadh ó ÚEUM lena néilítear faisnéis i gcomhréir le hAirteagal 25n;

(b) go gcuireann CPL freagraí míchearta nó míthreoracha ar fáil ar cheisteanna a cuireadh de bhun Airteagal 25d(1)(d);

(c) más rud é nach ndéanann CPL ar Leibhéal 2 in am trátha beart maoirseachta a ghlac ÚEUM a chomhlíonadh de bhun Airteagal 25n;

(d) más rud é nach ndéanann CPL ar Leibhéal 2 toiliú dul faoi chigireacht ar an láthair a cheanglaítear le cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM de bhun Airteagal 25e".

1.Cuirtear isteach an Iarscríbhinn IV seo a leanas:

"IARSCRÍBHINN IV

Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le himthosca géaraitheacha agus le himthosca maolaitheacha chun Airteagal 25g(3) a chur i bhfeidhm

Beidh na comhéifeachtaí seo a leanas infheidhme go carnach maidir leis na méideanna bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 25g(2):

I.    Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca géaraitheacha:

(a) i gcás ina ndearnadh an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1:1 i ndáil le gach uair a rinneadh an sárú athuair;

(b) i gcás ina ndearnadh an sárú ar feadh tréimhse is faide ná sé mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.5;

(c) i gcás inar léirigh an sárú laigí sistéamacha in eagar an CPL, go háirithe ina nósanna imeachta, ina chórais bhainistíochta nó ina rialuithe inmheánacha, beidh feidhm ag comhéifeacht 2.2;

(d) i gcás ina bhfuil tionchar diúltach ag an sárú ar cháilíocht ghníomhaíochtaí agus sheirbhísí an CPL, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.5;

(e) i gcás ina bhfuil an sárú déanta d'aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2;

(f) i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht feabhais déanta ón am a rinneadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.7;

(g) i gcás nach bhfuil bainistíocht shinsearach an eintitis tar éis comhoibriú leis an mBord le linn don Bhord a chuid imscrúduithe a chur i gcrích, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.5.

II.    Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le fachtóirí maolaitheacha:

(a) i gcás ina ndearnadh an sárú ar feadh tréimhse is lú ná deich lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.9;

(b) i gcás ina bhfuil lucht bainistíochta sinsearaí an CPL in ann a léiriú go ndearna siad gach beart is gá chun an sárú a chosc, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.7;

(c) i gcás ina bhfuil an CPL tar éis an sárú a chur in iúl d'ÚEUM go pras, éifeachtach agus iomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.4;

(d) i gcás ina bhfuil an CPL, dá dheoin féin, tar éis bearta a dhéanamh chun a áirithiú nach féidir le sárú comhchosúil tarlú arís amach anseo, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.6."