An Bhruiséil,7.6.2017

COM(2017) 294 final

2017/0125(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais

{SWD(2017) 228 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Sna treoirlínte polaitiúla ón Uachtarán Juncker in Iúil 2014, aithníodh an beartas cosanta Eorpach mar phríomhthosaíocht pholaitiúil. Tar éis blianta fada síochána agus cobhsaíochta, ní mór breathnú air seo freisin sa chomhthéacs go bhfuil aghaidh á tabhairt ag an Aontas ar thréimhse ina bhfuil méadú ag teacht ar an éagobhsaíocht agus ina bhfuil bagairtí slándála nua ag teacht chun cinn. Agus an comhshaol slándála ag athrú mar atá, léirítear ar bhealach soiléir nach féidir ionchais shaoránaigh an Aontais agus ár gcomhpháirtithe a bhaint amach ach trí iarrachtaí comhpháirteacha ar infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt na slándála agus an chomhair ar gach leibhéal. Chun go bhféadfaidh an Eoraip a bheith níos freagraí as a cosaint féin, tá sé ríthábhachtach an tiomaíochas a fheabhsú agus cur leis an nuálaíocht i ngach gné den tionscal cosanta ar fud an Aontais.

Is é is aidhm don togra maidir le “Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta” (dá ngairtear “an Clár” anseo feasta) feabhas a chur ar iomaíochas agus ar nuálaíocht thionscal cosanta an Aontais, lena náirítear an chibearshlándáil. D’fhéadfaí sin a chur i gcrích trí úsáid níos fearr a dhéanamh de thorthaí an taighde ar an gcosaint, trí chomhar a chur chun cinn idir gnóthais i bhforbairt táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta agus trí iarrachtaí comhair na mBallstát a ghiaráil chun a áirithiú gur féidir le bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí freastal iomlán a dhéanamh ar riachtanais slándála na hEorpa faoi láthair agus amach anseo. Chabhródh sé sin, ar deireadh thiar, chun feabhas a chur ar neamhspleáchas straitéiseach an Aontais agus neartódh sé a chumas gníomhú le comhpháirtithe.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

I mí na Samhna 2016, ghlac an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta Eorpach um Chosaint lena leagtar amach bearta chun comhar cosanta Eorpach níos fearr a bhaint amach agus tacú le hiomaíochas an tionscail cosanta Eorpaigh. Is é is cuspóir leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach um Chosaint go ndéanfaidh bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí freastal iomlán ar riachtanais slándála agus chosanta na hEorpa faoi láthair agus amach anseo. D’fháiltigh an Chomhairle Eorpach roimh an tionscnamh agus iarradh ar an gCoimisiún tograí a chur i láthair sa chéad leath de 2017.

Togra lárnach den Phlean Gníomhaíochta Eorpach um Chosaint is ea Ciste Eorpach Cosanta (dá ngairtear “an Ciste” anseo feasta) a chur ar bun chun tacú leis an infheistíocht le haghaidh taighde comhpháirteach agus forbairt chomhpháirteach a dhéanamh ar threalamh agus teicneolaíochtaí cosanta. Dhá chiste ar leith, ach iad comhlántach, atá sa Chiste a chumhdódh timthriall iomlán na forbartha tionscal i réimse na cosanta, ón taighde go táirgí a chur ar an margadh, i.e. ciste taighde agus ciste acmhainní.

I gcás an chiste taighde, tá sásraí á gcur ar bun ag an gCoimisiún chun cistiú ón Aontas a chur i dtreo taighde comhpháirteach ar an gcosaint, go háirithe trí bhíthin an Réamhbhirt don taighde a seoladh le déanaí.

Comhlánóidh an togra don Chlár na tionscnaimh chun taighde comhoibríoch ar an gcosaint a chistiú agus áiritheoidh sé go ndéanfar tuilleadh forbartha ar thorthaí an taighde ar an gcosaint, rud a chuideoidh le cumas nuálaíochta an tionscail cosanta Eorpaigh agus lena iomaíochas.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an Plean Gníomhaíochta Eorpach um Chosaint, agus dá bharr sin an Clár, ag teacht go huile is go hiomlán le tionscnaimh a glacadh ar leibhéal an Aontais i gcomhthéacs an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála. Tá sé i gcomhréir go háirithe le “Plean cur chun feidhme maidir le Slándáil agus Cosaint” ó Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh 2016, lena leagtar síos an bonn do leibhéal nua uaillmhéine an Aontais a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach 1 chomh maith le bearta chun é a chur i gcrích. Ina theannta sin, tá an Clár nasctha le “Dearbhú Comhpháirteach AE-ECAT” ó Iúil 2016 a shínigh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Ardrúnaí ECAT. Déanfaidh an Coimisiún deimhin de go mbeidh beartais eile slándála, amhail an straitéis chibearshlándála, comhsheasmhach leis an gClár.

Leis an gClár atá beartaithe, cuirtear chun tosaigh comhar idir gnóthais maidir le táirgí agus teicneolaíochtaí a fhorbairt, ag cur san áireamh na dtosaíochtaí cumais arna gcomhaontú ag na Ballstáit go comhchoiteann laistigh den Aontas trí Phlean Forbraíochta um Chumas an Aontais. Ar an dóigh sin, cuirfidh sé feabhas, le himeacht aimsire, ar leasa cosanta agus slándála an Aontais.

Leis an gClár atá beartaithe, cuirtear san áireamh freisin go bhféadfaí bearta a dhéanamh i gcomhthéacs an Bhuanchomhair Struchtúrtha. Le himeacht aimsire, trí fhoráil a dhéanamh maidir le rátaí cómhaoinithe níos airde i dtaca le bearta den sórt sin, spreagfar tríd an gClár rannpháirtíocht sa chreat Eorpach um chomhar cosanta seo atá níos forbartha.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Beartaítear sa dréacht-Rialachán bearta a bhaineann le tionscal cosanta an Aontais. Is é Airteagal 173 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo. Tá sé sin i gcomhréir le cuspóir an dréacht-Rialacháin lena ndéanfar iomaíochas thionscal cosanta an Aontais a fheabhsú trí úsáid níos fearr a dhéanamh de phoitéinseal tionsclaíoch na nuálaíochta agus na forbartha teicneolaíche trí bhíthin comhair idir gnóthais as measc na mBallstát.

Coimhdeacht

Úsáid níos fearr a bhaint de thorthaí an taighde ar an gcosaint, den nuálaíocht agus den fhorbairt theicneolaíocht trí chomhar idir gnóthais atá bunaithe i mBallstáit dhifriúla a ghiaráil, is beart é sin arb é a chineál trasnáisiúnta a shaintréith. Leis an mbeart, déantar difear do níos mó ná Ballstát amháin ag an am céanna agus, sa mhéid sin, ní féidir leis na Ballstáit an beart a láimhseáil ina naonar ar bhealach iomlán sásúil.

Go deimhin, i bhfianaise na ndúshlán atá roimh thionscal cosanta an Aontais faoi láthair, is ríléir an gá atá le bearta comhordaithe. Tá earnáil na cosanta Eorpaí buailte ag leibhéal íseal infheistíochta agus, anuas air sin, feictear gurb í an ilroinnt ar feadh teorainneacha náisiúnta saintréith na hearnála, rud a fhágann gur minic a bhíonn dúbláil oibre ar siúl ag na Ballstáit. Ina theannta sin, léiríonn spléachadh ar thionscail na cosanta san Aontas go bhfuil méadú ag teacht ar na heasnaimh, go bhfuil na teicneolaíochtaí ag dul in aois agus go bhfuil easpa clár nua ann, go háirithe cláir chomhoibríocha.

A bhuí le comhar trasteorann, féadfar éifeachtaí scála níos fearr a bhaint amach trí dhúbláil oibre a laghdú agus, ag an am céanna, forbairt na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí atá de dhíth a chumasú. Ní leor é, áfach, agus bíonn tionchar diúltach ag an oiread beartas náisiúnta neamh-chomhordaithe de chuid na mBallstát san earnáil seo 2 ar an iomaíochas agus an nuálaíocht i dtionscal cosanta an Aontais.

A bhuí le beart ar leibhéal an Aontais, soláthrófar breisluach trí bhíthin comhar cosanta tionsclaíoch a spreagadh a thuilleadh trí dhreasachtaí dearfacha agus trí dhíriú ar thionscadail le linn na céime forbartha, rud nach féidir a dhéanamh go rathúil ar an leibhéal náisiúnta amháin i bhfianaise na gcostas agus na rioscaí gaolmhara.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar an gcúis seo a leanas:

Áirithítear go mbeidh idirghabháil an Aontais comhréireach trí dhíriú ar an réimse ag a mbeidh an tionchar is mó ar iomaíochas na hearnála, i.e. trí chabhair airgid a chur ar fáil do bhearta le linn na céime forbartha. Ós rud é go ndealraíonn sé gurb é an chéim forbartha ceann de na céimeanna is mó riosca agus toisc gur le linn na céime forbartha is mó a chuirtear bacainn ar dhul chun cinn teicneolaíoch tionscadail, rannchuideoidh an tAontas go páirteach le costais táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta a fhorbairt d’fhonn tionscadail forbartha chomhair a dhíbhlocáil.

Anuas air sin, is bearta a bhaineann le gnóthais atá bunaithe i mBallstáit dhifriúla, agus na bearta sin amháin, atá i dteideal tacaíocht airgeadais óir tá luach soiléir ag baint leo de bhrí go gcuireann siad comhar chun cinn thar theorainneacha náisiúnta.

Ag an am céanna, ní bhaineann idirghabháil an Aontais an bonn ón tacaíocht a thugtar do bhearta ar an leibhéal náisiúnta ná ní dhéanann sé dochar dóibh ar aon bhealach. Cuireann an idirghabháil dreasachtaí breise ar fáil chun an chéim is dúshlánaí de na bearta sin a bhaint amach trí thacaíocht ón Aontas a chur ar fáil, sna cásanna is mó a bhfuil gá léi.

An rogha ionstraime

Molann an Coimisiún Rialachán chun an Clár a chur ar bun. Is é Rialachán an ionstraim dlí is oiriúnaí óir is le Rialachán, agus leis sin amháin, lena fhorálacha dlí atá infheidhme go díreach, a fhéadtar an leibhéal aonfhoirmeachta is gá a chur ar fáil chun clár cistiúcháin de chuid an Aontais a chur ar bun agus a oibriú lena ndíreofar ar thacú le hearnáil tionsclaíochta ar fud na hEorpa.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní ann don reachtaíocht faoi láthair a chumhdaíonn an beart sonrach seo nó a bhaineann léi agus níorbh ann go dtí seo aon tionscnaimh reachtacha eile de chuid an Aontais arb é ab aidhm dóibh iomaíochas an tionscail cosanta a fheabhsú, dírithe go sonrach ar chéim forbartha birt maidir leis an earnáil cosanta. Ar an ábhar sin, ní ann do mheastóireacht ex post roimhe seo nó do sheiceáil oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana a d’fhéadfadh a bheith curtha i gcrích i gcás tionscnamh reachtach den sórt seo.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit le linn thréimhse ullmhúcháin an togra trí bhíthin cruinnithe rialta. Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara eile ar an dóigh chéanna agus cuireadh ar an eolas iad mar is iomchuí faoi rún an Choimisiúin togra reachtach den sórt sin a ullmhú.

Bailiú agus úsáid saineolais

Choimisiúnaigh an Coimisiún Eorpach staidéar ullmhúcháin maidir leis an mbuiséad a d’fhéadfadh a bheith ann don Chlár. Mínítear a thuilleadh sa staidéar na bacainní atá ar na cineálacha éagsúla comhair a chur ar bun i gcás cláir forbartha agus cuirtear ábhar machnaimh ar fáil atá le cur san áireamh chun go bhféadfaidh an tAontas gníomhú ar an dóigh is fearr.

Measúnú tionchair

Tá an togra ag brath ar Dhoiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis ina dtugtar na heilimintí is gá chun anailís a dhéanamh ar na constaicí a thagann sa bhealach ar iomaíochas na hearnála agus chun an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an togra a mheas. De dheasca na práinne a bhaineann leis an togra, i bhfianaise an chuiridh ón gComhairle Eorpach an 15 Nollaig 2016 inar iarradh ar an gCoimisiún “tograí a dhéanamh sa chéad seimeastar de 2017 chun Ciste Eorpach Cosanta a chur ar bun, ciste ina bhforálfaí d’fhorbairt chomhpháirteach cumas arna gcomhaontú ag na Ballstáit go comhchoiteann” 3 , tíolactar an togra seo gan measúnú tionchair.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní cuid den chlár REFIT an togra seo agus ní mheastar go gcuirfidh sé leis an ualach riaracháin.

Cearta bunúsacha

Tá an togra ag teacht le cosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Cuirtear tionchar an togra ar bhuiséad an Aontais i láthair sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra agus cumhdófar é laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar a chuid beart, athbhreithniú ar an dul chun cinn a dhéantar chun na torthaí a mbítear ag súil leo a bhaint amach chomh maith le hiniúchadh a dhéanamh ar shineirgíochtaí le cláir chomhlántacha eile de chuid an Aontais nó le cláir náisiúnta atá comhchistithe ag an Aontas. Anuas air sin, déantar foráil go bhféadfaidh an Coimisiún meastóireachtaí neamhspleácha seachtracha a iarraidh freisin chun tionchar agus éifeachtacht a chuid beart faoin gClár seo a mheas, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta ar an gClár a tharraingt suas agus í a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Sa tuarascáil seo, measúnófar go háirithe an dul chun cinn a dhéanfar chun na cuspóirí a leagtar síos sa togra a bhaint amach agus anailíseofar rannpháirtíocht trasteorann FBManna i dtionscadail faoin gClár chomh maith le rannpháirtíocht FBManna sa slabhra luacha dhomhanda.

Sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an togra, moltar gníomhaíochtaí breise faireacháin agus meastóireachta bunaithe ar shonraí atá tiomsaithe agus foilsithe cheana ag eagraíochtaí éagsúla atá gníomhach san earnáil cosanta Eorpach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ar bhonn fhorálacha Airteagal 173 CFAE a chuirfear an Clár ar bun agus beidh sé mar chuspóir ginearálta aige cur le hiomaíochas agus le hacmhainneacht nuálaíochta bheartas cosanta an Aontais trí thacú le bearta le linn a gcéime forbartha. Gnóthais atá bunaithe san Aontas a bhainfidh tairbhe as. Cuirfear an Clár ar bun chun an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2020 a chumhdach.

Is trí chúnamh airgeadais a chuirfí i bhfeidhm na straitéisí idirghabhála atá beartaithe. Is i bhfoirm deontas agus ionstraimí airgeadais nó trí sholáthar poiblí a chuirfí an ciste ar fáil faoin gClár. Chun a bheith níos cruinne, thacódh an Clár le táirgí cosanta, comhpháirteanna inláimhsithe nó doláimhsithe agus teicneolaíochtaí a cheapadh, a fhréamhshamhaltú, a thástáil, a cháiliú agus a dheimhniú, agus le sonraíochtaí comhchoiteanna teicniúla a shainmhíniú. Is féidir tacaíocht a chur ar fáil freisin do staidéir, measúnuithe féidearthachta agus gníomhaíochtaí tacaíochta eile. Tabharfar tacaíocht do bhearta le linn na céime forbartha lena gcumhdófar táirgí agus teicneolaíochtaí nua agus uasghrádú táirgí agus teicneolaíochtaí atá ann cheana.

Ba cheart an beart a dhéanamh i gcomhar le 3 ghnóthas ar a laghad atá bunaithe in 2 Bhallstát ar a laghad.

Beidh an ráta cistiúcháin atá beartaithe teoranta do 20 % de chostas iomlán an bhirt. Beidh ar na Ballstáit íoc as an gcuid atá fanta de na costais trí ranníocaíochtaí náisiúnta a chomhthiomsú. Úsáidfear buiséad an Aontais chun tacú le hiomaíochas na hearnála tríd an méid ceart de ranníocaíochtaí ó na Ballstáit a ghiaráil chun an comhar a chur ar bun agus, ar an dóigh sin, cumasófar an comhar agus díbhlocálfar cláir forbartha chomhoibríocha a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh tairbhithe atá i mbun beart a fhorbairt i gcomhthéacs an Bhuanchomhair Struchtúrtha incháilithe do chistiú méadaithe. Ba cheart do na tionscadail dá dtabharfar tacaíocht cur leis na tosaíochtaí cumais mar atá comhaontaithe ag na Ballstáit go comhpháirteach laistigh den Aontas trí Phlean Forbraíochta um Chumas an Aontais, chomh maith le comhar réigiúnach agus comhar idirnáisiúnta a chur san áireamh, de réir mar is iomchuí. Déanfar na tograí a thíolacfar chun tacaíocht a fháil faoin gClár a mheas ar bhonn na gcritéar dámhachtana bunaithe ar an rannchuidiú le nuálaíocht agus forbairt theicneolaíoch na dtionscal cosanta agus le slándáil agus leasanna cosanta an Aontais trí chur le teicneolaíochtaí cosanta, ar nithe iad a chuireann le tosaíochtaí cumais arna gcomhaontú ag na Ballstáit go comhchoiteann laistigh den Aontas, maidir le hinmharthanacht an bhirt agus maidir le cumas na dtairbhithe a léiriú gurb é tiomantas na mBallstát an táirge deiridh a tháirgeadh agus a sholáthar go comhpháirteach ar bhealach comhordaithe, lena náirítear soláthar comhpháirteach i gcás inarb infheidhme.

Beidh an Coimisiún freagrach as an gClár a chur i bhfeidhm agus as a struchtúr bainistíochta. Dá ainneoin sin, d’fhéadfadh sé cuid den chur chun feidhme a chur de chúram ar eintiteas eile, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin Airgeadais. Anuas air sin, ba cheart go rachadh cuid den bhuiséad iomlán chun tairbhe beart lena gcumasófar rannpháirtíocht FBManna trasteorann.

500 milliún EURO an buiséad atá beartaithe don Chlár.

2017/0125 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 4 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 5 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Sa Phlean Gníomhaíochta Eorpach um Chosaint, a glacadh an 30 Samhain 2016, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé iarrachtaí comhoibríocha atá á ndéanamh ag na Ballstáit cumais cosanta a fhorbairt chun freagairt do dhúshláin slándála, na hiarrachtaí sin a chomhlánú, a ghiaráil agus a chomhdhlúthú, agus go ndéanfadh sé tionscal cosanta Eorpach atá iomaíoch agus nuálach a chothú. Tá sé beartaithe go háirithe Ciste Eorpach Cosanta a sheoladh chun tacú leis an infheistíocht le haghaidh taighde comhpháirteach agus forbairt chomhpháirteach a dhéanamh ar threalamh agus teicneolaíochtaí cosanta. Thacódh an Ciste leis an gcomhar ar feadh timthriall forbartha iomlán táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta.

(2)D'fhonn rannchuidiú le feabhas a chur ar iomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais, ba cheart Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (dá ngairtear an "Clár" anseo feasta) a bhunú. Ba cheart an Clár a bheith dírithe ar iomaíochas thionscal cosanta an Aontais, an chibearchosaint inter alia, a fheabhsú trí thacú leis an gcomhar idir gnóthais le linn chéim forbartha na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí cosanta. Sa chéim forbartha, a thagann tar éis na céime taighde agus teicneolaíochta, tá rioscaí agus costais thábhachtacha lena laghdaítear an saothrú breise a dhéantar ar thorthaí taighde agus bíonn tionchar díobhálach acu ar iomaíochas thionscal cosanta an Aontais. Trí thacaíocht a thabhairt don chéim forbartha, rannchuideodh an Clár le saothrú níos fearr a dhéanamh ar thorthaí taighde cosanta agus chuideodh sé leis an mbearna idir an taighde agus an táirgeadh a dhúnadh agus le gach cineál nuálaíochta a chur chun cinn. Ba cheart don Chlár gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 182 CFAE a chomhlánú agus ní chumhdaítear leis táirgeadh táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta.

(3)Chun barainneachtaí scála i réimse na cosanta a shaothrú níos fearr, ba cheart go dtabharfaí tacaíocht leis an gClár don chomhar idir gnóthais atá ag forbairt táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta.

(4)Ba cheart go gcumhdódh an Clár tréimhse dhá bhliain ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2020 de bhrí gur cheart an méid airgid do chur chun feidhme an Chláir a chinneadh don tréimhse sin.

(5)Ba cheart an Clár a chur chun feidhme agus é i lánchomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 . Féadfar an cistiú a dhéanamh i bhfoirm deontas go háirithe. Féadfar ionstraimí airgeadais nó soláthar poiblí a úsáid i gcás inarb iomchuí.

(6)Féadfaidh an Coimisiún cuid de chur chun feidhme an Chláir a chur ar iontaoibh eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 58(1)(c) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh.°966/2012. I bhfianaise a cuid saineolais, féadfaidh an Coimisiún an cineál sin róil a chur ar iontaoibh na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint.

(7)I bhfianaise shainiúlachtaí na hearnála, go praiticiúil ní sheolfar aon tionscadal comhoibríoch idir gnóthais mura bhfuil sé comhaontaithe roimh ré ag na Ballstáit tacaíocht a thabhairt do thionscadail den chineál sin. Tar éis dóibh na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta comhchoiteann a chinneadh ar leibhéal an Aontais agus tionscnaimh chomhoibríocha á gcur san áireamh ar bhonn réigiúnach freisin i gcás inarb iomchuí, déanfaidh na Ballstáit riachtanais mhíleata a shainaithint agus a chomhdhlúthú agus saineoidh siad sonraíochtaí teicniúla an tionscadail. Féadfaidh siad bainisteoir tionscadail a cheapadh chomh maith a mbeadh sé de dhualgas air cúram a dhéanamh d'fhorbairt an tionscadail chomhoibríoch.

(8)I gcás ina ndéanann bainisteoir tionscadail arna cheapadh ag na Ballstáit bainistíocht ar bheart a dtacaíonn an Clár léi, ba cheart don Choimisiún an bainisteoir a chur ar an eolas sula ndéanann sé an íocaíocht a fheidhmiú do thairbhí na gníomhaíochta incháilithe ionas go bhféadfaidh an bainisteoir tionscadail a áirithiú go nurramóidh na tairbhithe na tréimhsí ama.

(9)Ba cheart nach ndéanfadh tacaíocht airgeadais an Aontais difear d'onnmhairiú táirgí, trealaimh nó teicneolaíochtaí, agus ba cheart nach ndéanfadh sé difear do rogha na mBallstát i dtaca leis an mbeartas maidir le táirgí cosaintbhunaithe a onnmhairiú. Ba cheart nach ndéanfadh tacaíocht airgeadais an Aontais difear do bheartais onnmhairithe na mBallstát maidir le táirgí cosaintbhunaithe.

(10)Ós rud é gurb é cuspóir an Chláir tacú le hiomaíochas thionscal cosanta an Aontais tríd an riosca a bhaint de chéim forbartha na dtionscadal comhair, ba cheart bearta maidir le forbairt táirge nó teicneolaíochta cosanta, eadhon sonraíochtaí comhchoiteanna teicniúla a shainmhíniú, ceapadh, fréamhshamhaltú, tástáil, cáiliú, agus deimhniú chomh maith le staidéir féidearthachta agus bearta tacaíochta eile, ba cheart na bearta sin a bheith incháilithe chun tairbhe a bhaint as. Beidh feidhm aige sin freisin maidir le huasghrádú na dteicneolaíochtaí agus na dtáirgí cosanta atá ann cheana.

(11)Ós rud é go ndírítear go háirithe leis an gClár ar chomhar idir gnóthais ar fud na mBallstát a fheabhsú, ba cheart beart a bheith incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár más comhar idir trí ghnóthas ar a laghad atá lonnaithe i ndá Bhallstát éagsúla atá i gceist agus sa chás sin amháin.

(12)De bhrí a dheacra a bhí sé sonraíochtaí comhchoiteanna teicniúla a chomhaontú, ba mhinic a chuirtí srian ar an gcomhar trasteorann maidir le táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta a fhorbairt. Is é a tháinig as éagmais nó leibhéal teoranta sonraíochtaí comhchoiteanna teicniúla méadú ar chastacht, moill agus costais bhoilscithe ar an gcéim forbartha. Ba cheart an comhaontú maidir le sonraíochtaí comhchoiteanna teicniúla a bheith ina choinníoll chun tairbhe a bhaint as tacaíocht an Aontais faoin gClár seo. Ba cheart bearta lena ndírítear ar shainmhíniú comhchoiteann ar shonraíochtaí teicniúla a fhorbairt a bheith incháilithe freisin chun tacaíocht a fháil faoin gClár.

(13)Ós rud é go ndírítear leis an gClár ar iomaíochas thionscal cosanta an Aontais a fheabhsú, ba cheart nach mbeadh ach eintitis atá bunaithe san Aontas agus atá á rialú a bheag nó a mhór ag na Ballstáit nó ag a náisiúnaigh, agus iad sin amháin, incháilithe chun tacaíocht a fháil. Ina theannta sin, d'fhonn cosaint leasanna slándála riachtanaigh an Aontais agus na mBallstát a áirithiú, ní bheidh an bonneagar, na háiseanna, na sócmhainní nó na hacmhainní arna núsáid ag tairbhithe nó fochonraitheoirí faoin gClár, ní bheidh siad lonnaithe ar chríoch stát nach Ballstát é.

(14)D'áiritheofaí le bearta incháilithe arna bhforbairt i gcomhthéacs an Bhuanchomhair Struchtúrtha i gcreat institiúideach an Aontais comhar feabhsaithe idir gnóthais sna Ballstáit éagsúla ar bhonn leanúnach agus, ar an dóigh sin, rannchuideodh siad go díreach le haidhmeanna an Chláir. Ar an gcaoi sin, ba cheart go mbeadh tionscadail den chineál sin i dteideal ráta cistiúcháin méadaithe a fháil.

(15)I gcás inar mian le cuibhreannas gnóthas a bheith rannpháirteach i mbeart incháilithe faoin gClár agus ina bhfuil cúnamh airgeadais an Aontais le tabhairt i bhfoirm deontais, ba cheart don chuibhreannas duine dá chomhaltaí a cheapadh mar chomhordaitheoir a bheidh ina phríomhdhuine teagmhála leis an gCoimisiún.

(16)Ba cheart an nuálaíocht agus an fhorbairt theicneolaíoch a chur chun cinn i dtionscal na cosanta san Aontas ar dhóigh atá i gcomhréir le leasa slándála an Aontais. Dá réir sin, ba cheart rannchuidiú an bhirt sin leis na leasa sin agus leis na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta arna gcomhaontú go comhchoiteann ag na Ballstáit, ba cheart an rannchuidiú sin a bheith ina chritéar dámhachtana. Laistigh den Aontas, déantar tosaíochtaí maidir le cumas cosanta chomhchoiteanna a shainaithint go háirithe tríd an bPlean Forbraíochta um Chumas. Le próisis eile an Aontais, amhail an tAthbhreithniú Bliantúil Comhordaithe ar an gCosaint (CARD) agus an Buanchomhar Struchtúrtha, tacófar le cur chun feidhme na dtosaíochtaí ábhartha trí chomhar feabhsaithe. I gcás inarb iomchuí, féadtar tionscnaimh chomhair náisiúnta nó idirnáisiúnta, amhail i gcomhthéacs ECAT, atá ag obair chun leas cosanta agus slándála an Aontais a chur san áireamh freisin.

(17)Chun a áirithiú go bhfuil na bearta a ndéantar cistiú orthu inmharthana, beidh gealltanas na mBallstát rannchuidiú go héifeachtach leis an mbeart a chistiú ina chritéar dámhachtana do bheart den chineál sin.

(18)Chun a áirithiú go rannchuideoidh na bearta a mhaoineofar le hiomaíochas an tionscail cosanta Eorpaigh. Dá bhrí sin, má tá na Ballstáit tar éis gealltanas a thabhairt an táirge nó an teicneolaíocht dheiridh a tháirgeadh nó a sholáthar go comhpháirteach, ar bhealach comhordaithe, b'fhéidir, ba cheart an méid sin a chur san áireamh sna critéir dámhachtana.

(19)Ní ceart go rachaidh cúnamh airgeadais an Aontais faoin gClár thar 20 % de chostas iomlán an bhirt i gcás ina mbainfidh sé le fréamhshamhaltú, ar minic é an beart is costasaí le linn na céime forbartha. Ba cheart, áfach, iomlán na gcostas incháilithe ar bhearta eile le linn na céime forbartha a chumhdach.

(20)Ós rud é go ndírítear le tacaíocht an Aontais ar iomaíochas na hearnála a fheabhsú agus nach mbaineann an tacaíocht sin ach leis an gcéim forbartha shonrach, ba cheart nach mbeadh cearta maoine intleachtúla ar tháirgí nó teicneolaíochtaí a thiocfaidh as bearta cistithe faoi úinéireacht an Choimisiúin. Déanfaidh na tairbhithe an córas is infheidhme maidir le cearta maoine intleachtúla a shainmhíniú go conarthach.

(21)Ba cheart don Choimisiún clár oibre ilbhliantúil a chruthú i gcomhréir le cuspóirí an Chláir. Ba cheart don Choimisiún cúnamh a fháil chun an clár oibre a chruthú ó choiste Ballstáit (dá ngairtear an "Coiste Cláir" anseo feasta). I bhfianaise a thábhachtaí atá beartas an Aontais maidir le Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) i dtaca le fás eacnamaíoch, nuálaíocht, cruthú post, agus comhtháthú sóisialta san Aontas a áirithiú agus gur gnách go mbeidh comhar trasnáisiúnta de dhíth ar na bearta lena dtacófar, is den tábhacht é go ndéanfar rannpháirtíocht FBManna trasteorann den chineál sin a léiriú agus a chumasú agus go rachaidh cuid den bhuiséad iomlán chun tairbhe beart den chineál sin.

(22)Chun tairbhe a bhaint as an saineolas atá aici san earnáil cosanta, tabharfar don Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint stádas breathnóra ar choiste na mBallstát. Ba cheart don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí freastal ar choiste na mBallstát freisin.

(23)Chun na bearta a bheidh le cistiú ag an gClár a roghnú, ba cheart go neagródh an Coimisiún nó na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 58(1)(c) de Rialachán Uimh.°966/2012 glaonna iomaíocha dá bhforáiltear le Rialachán Uimh. 966/2012. Tar éis na tograí a gheofar a mheas le cabhair saineolaithe neamhspleácha, roghnóidh an Coimisiún na bearta a ndéanfar cistiú orthu faoin gClár. Chun dálaí aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca leis an gclár oibre a ghlacadh agus a chur chun feidhme, agus maidir leis an gcistiú a dhámhachtain ar bhearta roghnaithe. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 .

(24)Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid maidir le glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme thuasluaite ag cur san áireamh na nimpleachtaí substaintiúla atá acu maidir le cur chun feidhme an bhunghnímh.

(25)Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil chur chun feidhme a tharraingt suas ag deireadh an Chláir, ina ndéanfar gníomhaíochtaí airgeadais a scrúdú i dtaca le torthaí cur chun feidhme airgeadais agus, i gcás inar féidir é, i dtaca lena thionchar. Ba cheart go ndéanfaí anailís freisin sa tuarascáil sin ar rannpháirtíocht thrasteorann FBManna i dtionscadail faoin gClár chomh maith le rannpháirtíocht FBManna sa slabhra luacha domhanda.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunaítear leis seo Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (dá ngairtear an Clár anseo feasta) do bheart an Aontais lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Cuspóirí

Beidh na cuspóirí seo a leanas ag an gClár:

(a)cumas iomaíochais agus nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais a chothú trí thacú le bearta le linn na céime forbartha;

(b)an comhar idir gnóthais a ghiaráil agus tacú leis, lena náirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, maidir le teicneolaíochtaí nó táirgí a fhorbairt i gcomhréir leis na tosaíochtaí cumais cosanta a chomhaontaigh na Ballstáit laistigh den Aontas;

(c)Chun saothrú níos fearr ar thorthaí taighde cosanta a chothú agus chun rannchuidiú leis na bearnaí a dhúnadh idir taighde agus forbairt.

Airteagal 3

Buiséad

Is é EUR 500 milliún i bpraghsanna reatha an méid atá socraithe do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2019-2020.

Airteagal 4

Forálacha maoiniúcháin ginearálta

1.    Féadfar cúnamh airgeadais an Aontais a chur ar fáil trí na cineálacha maoiniúcháin a bheartaítear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, agus go háirithe:

(a) deontais;

(b) ionstraimí airgeadais;

(c) soláthar poiblí.

2.    Na cineálacha maoinithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na modhanna cur chun feidhme, déanfar iad a roghnú ar bhonn a gcumais cuspóirí sonracha na mbeart a chomhlíonadh agus torthaí a bhaint amach, agus costais rialaithe, an tualach riaracháin agus an baol gurb ann do choinbhleachtaí leasa, go háirithe, á gcur san áireamh.

3.    Déanfaidh an Coimisiún cúnamh airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear le Rialachán Uimh. 966/2012, a chur chun feidhme go díreach nó go hindíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar iontaoibh na neintiteas a liostaítear in Airteagal 58(1)(c) den Rialachán sin.

4.    I gcás ina gceapfar bainisteoir ag na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún an íocaíocht a fheidhmiú do na tairbhithe incháilithe tar éis an bainisteoir tionscadail a chur ar an eolas.

Airteagal 5

Cineálacha ionstraimí airgeadais

1.    Féadfar ionstraimí airgeadais arna mbunú i gcomhréir le Teideal VIII de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a úsáid chun rochtain ar airgeadas a éascú d'eintitis a chuirfidh bearta chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6.

2.    Féadfar na cineálacha ionstraime airgeadais seo a leanas a úsáid:

(a) Infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais;

(b) Iasachtaí nó ráthaíochtaí;

(c) Ionstraimí comhroinnte riosca.

Airteagal 6

Bearta incháilithe

1.Cuirfear tacaíocht ar fáil leis an gClár do bhearta a dhéanann tairbhithe le linn na céime forbartha lena gcumhdófar teicneolaíochtaí agus táirgí nua agus uasghrádú teicneolaíochtaí agus táirgí atá ann cheana, i dtaca le:

(a)táirge cosanta, comhpháirt nó teicneolaíocht sholáimhsithe nó dholáimhsithe a cheapadh mar aon leis na sonraíochtaí teicniúla ar a ndearnadh dearadh den chineál sin a fhorbairt;

(b)táirge cosanta, comhpháirt nó teicneolaíocht sholáimhsithe nó dholáimhsithe a fhréamhshamhaltú. Is éard atá i bhfréamhshamhaltú múnla de tháirge nó de theicneolaíocht lenar féidir feidhmíocht na heiliminte a léiriú i dtimpeallacht oibríochtúil;

(c)táirge cosanta, comhpháirt nó teicneolaíocht sholáimhsithe nó dholáimhsithe a thástáil;

(d)táirge cosanta, comhpháirt nó teicneolaíocht sholáimhsithe nó dholáimhsithe a cháiliú; Is éard atá i gcáiliú an próiseas iomlán lena léirítear go bhfuil dearadh táirge/comhpháirte/teicneolaíochta ag comhlíonadh na riachtanas sonraithe. Leis an bpróiseas sin, cuirtear fianaise oibiachtúil ar fáil trína léirítear go bhfuil riachtanais áirithe a bhaineann le dearadh comhlíonta;

(e)deimhniú táirge nó teicneolaíochta cosanta. Is éard atá i ndeimhniú an próiseas trína dheimhníonn údarás náisiúnta go gcomhlíonann an táirge/an chomhpháirt/an teicneolaíocht na rialacháin is infheidhme;

(f)staidéir amhail staidéir féidearthachta agus bearta eile a ghabhann leo.

2.Déanfar an beart i gcomhar idir trí ghnóthas ar a laghad atá bunaithe i ndá Bhallstát dhifriúla ar a laghad. Ní bheidh na gnóthais is tairbhí á rialú le fírinne, go díreach nó go hindíreach, ag an eintiteas céanna agus ní dhéanfaidh siad rialú ar a chéile.

3.Chun críocha mhír 2, ciallaíonn "rialú éifeachtach" gaol bunaithe ar chearta, ar chonarthaí nó ar aon mhodh eile a thugann an deis, cibé ina aonar nó i gcomhpháirt agus ag féachaint do chúrsaí fíorais nó dlí lena mbaineann, tionchar cinntitheach a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar ghnóthas, go háirithe trí:

(a)an ceart sócmhainní uile nó cuid de shócmhainní gnóthais a úsáid;

(b)cearta nó conarthaí a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí comhlachtaí gnóthais nó a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar shlí eile ar reáchtáil ghnó an ghnóthais.

4.Nuair a bhaineann sé le bearta a shainmhínítear faoi phointí (b) go (f) den chéad mhír, ní mór an beart a bhunú ar shonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna.

Airteagal 7

Eintitis incháilithe

1.Is éard a bheidh i dtairbhithe gnóthais arna mbunú san Aontas, ina bhfuil breis agus 50 % den ghnóthas i seilbh na mBallstát nó náisiúnaigh na mBallstát agus a ndéanann siadsan iad a rialú a bheag nó a mhór de bhrí Airteagal 6(3), bíodh sin go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó ná sin. Ina theannta sin, ní bheidh aon bhonneagar, áis, sócmhainn nó acmhainn a úsáideann rannpháirtithe, lena náirítear fochonraitheoirí agus tríú páirtithe eile, i mbearta a chistítear faoin gClár, ní bheidh siad lonnaithe ar chríoch stát nach Ballstát é ar feadh thréimhse iomlán an bhirt.

2.Má tá an tairbhí, mar a shainmhínítear i mír 1, ag forbairt birt, mar a shainmhínítear in Airteagal 6, i gcomhthéacs an Bhuanchomhair Struchtúrtha, beidh sé incháilithe cistiú méadaithe a fháil dá dtagraítear in Airteagal 11(2) maidir leis an mbeart sin.

Airteagal 8

Dearbhú ag iarratasóirí

Déanfaidh gach iarratasóir a dhearbhú, trí ráiteas scríofa, go bhfuil sé eolach go hiomlán ar an reachtaíocht agus na rialacha náisiúnta agus ar reachtaíocht agus rialacha an Aontais maidir le gníomhaíochtaí i réimse na cosanta agus go bhfuil sé i gcomhréir leo.

Airteagal 9

Cuibhreannas

1.I gcás ina gcuirfear cúnamh airgeadais an Aontais ar fáil trí dheontas, déanfaidh comhaltaí an chuibhreannais comhalta dá gcomhaltaí a cheapadh mar chomhordaitheoir, agus déanfar é sin a aithint sa chomhaontú deontais. Beidh an comhordaitheoir ina phríomhtheagmhálaí le comhaltaí an chuibhreannais maidir le caidreamh leis an gCoimisiún agus leis an gcomhlacht cistiúcháin ábhartha, mura sonraítear a mhalairt sa chomhaontú deontais nó i gcás nach gcomhlíonfar a oibleagáidí faoin gcomhaontú deontais.

2.Tabharfaidh comhaltaí cuibhreannais atá rannpháirteach i mbeart comhaontú inmheánach i gcrích lena mbunófar a gcearta agus a noibleagáidí maidir leis an mbeart a chur chun feidhme (i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais), ach amháin i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo dá bhforáiltear sa chlár oibre nó sa ghlao ar thograí.

Airteagal 10

Critéir dhámhachtana

Déanfar meastóireacht ar bhearta atá beartaithe a chistiú faoin gClár ar bhonn na gcritéar carntha seo a leanas:

(a)barr feabhais

(b)rannchuidiú le nuálaíocht agus le forbairt theicneolaíoch na dtionscal cosanta agus, ar an dóigh sin, neamhspleáchas straitéiseach thionsclaíoch an Aontais a chothú i réimse na dteicneolaíochtaí cosanta; agus,

(c)rannchuidiú le leasa slándála agus cosanta an Aontais trí theicneolaíochtaí cosanta a fheabhsú, rud a rannchuidíonn le cur chun feidhme na dtosaíochtaí maidir le cumas cosanta arna gcomhaontú go comhchoiteann ag na Ballstáit; agus,

(d)inmharthanacht go háirithe trí léiriú ó na tairbhithe go gcumhdófar costais fuílligh an bhirt incháilithe trí bhíthin bealaí maoiniúcháin eile, amhail ranníocaíochtaí ó na Ballstáit; agus

(e)maidir le bearta mar a thuairiscítear i bpointí (b) go (e) d'Airteagal 6(1), an rannchuidiú le hiomaíochas an tionscail cosanta Eorpaigh tríd an léiriú ó na tairbhithe go bhfuil na Ballstát tiomanta don táirge nó don teicneolaíocht dheiridh a tháirgeadh nó a sholáthar go comhpháirteach ar bhealach comhordaithe, agus soláthar comhpháirteach san áireamh i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 11

Rátaí cistiúcháin

1.Ní rachaidh cúnamh airgeadais an Aontais a chuirtear ar fáil faoin gClár thar 20 % de chostas iomlán an bhirt i gcás ina mbainfidh sé le fréamhshamhaltú. I ngach cás eile, d'fhéadfadh an chabhair suas go costas iomlán an bhirt a chumhdach.

2.Féadfaidh beart arna fhorbairt ag tairbhí dá dtagraítear in Airteagal 7 mír 2 tairbhe a bhaint as ráta cistiúcháin arna mhéadú le 10 bpointe céatadáin de bhreis.

Airteagal 12

Úinéireacht agus cearta maoine intleachtúla

Ní bheidh na táirgí nó na teicneolaíochtaí a thiocfaidh as an mbeart faoi úinéireacht an Choimisiúin agus ní bheidh éileamh aige i dtaca le cearta maoine intleachtúla a bhaineann leis an mbeart.

Airteagal 13

Clár oibre

1.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, clár oibre ilbhliantúil a ghlacadh do thréimhse an Chláir. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2). Beidh an clár oibre sin i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2;

2.Sa chlár oibre, leagfar amach go mionsonrach na catagóirí tionscadail a chisteofar faoin gClár;

3.Áiritheofar leis an gclár oibre go rachaidh cuid shuntasach den bhuiséad iomlán chun tairbhe beart lena gcumasófar rannpháirtíocht FBManna trasteorann.

Airteagal 14

Cur chuige dámhachtana

1.Agus an Clár á chur chun feidhme, déanfar cistiú an Aontais a dheonú tar éis glaonna iomaíocha a eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 1268/12 ón gCoimisiún 8 .

2.Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na tograí a thíolacfar tar éis an ghlao ar thograí le cabhair ó shaineolaithe neamhspleácha ar bhonn na gcritéar dámhachtana in Airteagal 10.

3.Déanfaidh an Coimisiún, tar éis gach glao, an cistiú a dhámhachtain ar na bearta a roghnófar, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 15

Tráthchodanna bliantúla

Féadfaidh an Coimisiún gealltanais bhuiséadacha a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla.

Airteagal 16

Coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Tabharfar cuireadh don Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint a bheith mar bhreathnóir.

2.I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

Faireachán agus tuairisciú

1.Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar chur chun feidhme an Chláir agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil isteach maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 38(3)(e) de Rialachán 966/2012. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún na socruithe faireacháin is gá.

2.Chun tacú le héifeachtúlacht agus éifeachtacht bearta beartais an Aontais a fheabhsú sa todhchaí, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta shiarghabhálach a tharraingt suas agus cuirfidh sé í chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle. Leis an tuarascáil – lena bhforbrófar comhairliúcháin ábhartha leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí tábhachtacha – déanfar measúnú go háirithe ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2. Déanfar anailís sa tuarascáil freisin ar rannpháirtíocht thrasteorann FBManna i dtionscadail arna gcur chun feidhme faoin gclár chomh maith le rannpháirtíocht FBManna sa slabhra luacha domhanda.

Airteagal 18

Leasa airgeadais an Aontais a chosaint

1.Nuair a chuirfear chun feidhme bearta arna maoiniú faoin Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena áirithiú go ndéanfar leasa airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha chomhréireacha athchomhairleacha riaracháin agus airgeadais a ghearradh.

2.Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchadh a dhéanamh, nó i gcás eagraíochtaí idirnáisiúnta, an chumhacht fíorú a dhéanamh i gcomhréir le comhaontuithe ar thángthas orthu leo, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a gheobhaidh cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

3.Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 10 ón gComhairle d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasa airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh chistítear faoin ionstraim.

Airteagal 19

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tá an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóir/cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modh/modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 

3.2 1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

3.2 2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2 3.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2 4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2 5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais.

1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann 

Teideal 02 – An Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide

Caibidil 02.07: An Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 11  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóir/cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Is gné ríthábhachtach tionscal na cosanta de gheilleagar an Aontais Eorpaigh agus díríonn an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta an tionscail sin.

1.4.2.Cuspóir sonrach/Cuspóirí sonracha

Cuspóir Sonrach Uimh. 1

Iomaíochas thionscal na cosanta a chothú

Cuspóir Sonrach Uimh. 2

An comhar idir gnóthais atá ag forbairt táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta a ghiaráil agus tacú leis

Cuspóir Sonrach Uimh. 3 

An bhearna idir an taighde agus an nuálaíocht a dhúnadh agus gach cineál nuálaíochta a chur chun cinn.

1.4.3.An toradh/na torthaí agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

An toradh a bhfuil súil leis:

Cuideoidh an clár le cur chuige comhoibríoch a fhorbairt idir na gníomhairí i dtionscal cosanta na mBallstát. Ba cheart go rannchuideodh ranníocaíocht airgeadais AE le leas a bhaint as roinnt tionscadal forbartha nach dtosófaí ar aon dóigh eile i bhfianaise a riachtanas airgeadais nó na rioscaí teicneolaíochta atá ann agus thiocfadh as sin tionscadail forbartha chosanta chomhoibríocha bhreise.

Meastar go dtiocfaidh laghdú de bharr níos mó comhair ar dhúblálacha agus easrú diomailteach agus go gcruthófar barainneacha scála. Tiocfaidh as sin i ndeireadh na dála costais aonaid níos ísle, rud a thiocfaidh chun tairbhe na mBallstát agus a mbeidh tionchar dearfach aige ar onnmhairithe.

An tionchar a bhfuil súil leis:

Tionscadail chosanta a fhorbairt lena dtacaítear go díreach nó go hindíreach leis an gclár, meastar go mbeidh tionchar dearfach aige sin ar an ngeilleagar Eorpach. Léirítear i staidéir go bhfuil éifeachtaí iolraitheora dearfacha suntasacha ag infheistíochtaí san earnáil cosanta ar OTI, ar cháin agus ar fhostaíocht atá ar aon dul le príomhchatagóirí eile an chaiteachais phoiblí (iompar, oideachas, sláinte). Tagann as Taighde agus Forbairt san earnáil cosanta seachtháirgí tábhachtacha a théann chun leas na nearnálacha cosanta agus sibhialta araon.

Tá slabhra soláthair na hearnála cosanta comhdhéanta den chuid is mó de FBManna trí shlabhra soláthair shuimeálaithe na bpríomhchóras go háirithe. Tá an teorainn idir an earnáil cosanta agus an earnáil shibhialta ag éirí níos doiléire agus tiocfaidh as sin go gcumasófar d'FBManna nach raibh gníomhach go traidisiúnta san earnáil cosanta a bheith rannpháirteach go háirithe i réimsí na leictreonaice agus bogearraí.

Ar théarma níos faide, meastar go dtiocfaidh as tionscadail chosanta tairbhí i dtaca le poist agus scileanna a chruthú.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Agus an tréimhse ghearr cur chun feidhme á cur san áireamh, déanfar measúnú ar thorthaí agus ar thionchair an chláir faoi mheastóireacht shiarghabhálach ag deireadh chur chun feidhme an chláir.

Na táscairí riachtanacha a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfidh an teintiteas, a gcuirfear cur chun feidhme an chláir ar a iontaoibh, na táscairí sin i bhfeidhm. Áireofar leo sin:

- líon na dtionscadal comhoibríoch arna gcur chun feidhme

- luach iomlán na dtionscadal comhoibríoch arna gcur chun feidhme agus an leibhéal cómhaoinithe

- líon na gcomhlachtaí atá rannpháirteach mar chomhaltaí de chuibhreannas agus a méid (chun faireachán a dhéanamh ar rannpháirtíocht FBManna)

- líon na mBallstát lena mbaineann

- an líon FBManna atá rannpháirteach faoin gClár

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Éileofar le cúraimí an togra atá le déanamh go gcuirfear cuibhreannas ar bun trí bhíthin comhaontú inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo agus go gceapfar comhalta amháin den chuibhreannas sin mar chomhordaitheoir.

Ní mór do chomhaltaí an chuibhreannais a chruthú go bhfuil an cumas teicniúil acu bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar na bearta a thabharfar dóibh, de dheasca tréimhse theoranta an chláir (2 bhliain) go háirithe.

Beidh saineolaithe teicniúla, airgeadais agus dlíthiúla iomchuí de dhíth ar fhoireann na comhlachta cur chun feidhme chun roghnú na ndeontas a ullmhú, an obair leantach a bhainistiú, na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe a rialú agus tuairiscí ardcháilíochta a ullmhú do lucht bainistíochta an Choimisiúin.

Beidh saineolaithe iomchuí de dhíth ar fhoireann an Choimisiúin chomh maith chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar obair an chomhlachta cur chun feidhme.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d'fhéadfadh sé teacht mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain comhordúcháin, deimhneacht dhlíthiúil, níos mó éifeachtacha nó nithe comhlántacha). Chun críocha an phointe seo, is éard atá i "luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais" an luach a thagann as idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh le hidirghabháil na mBallstát dá mbeadh siad ag feidhmiú astu féin.

Tá ceart gníomhaithe AE bunaithe ar Airteagal 173 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Déantar tionscadail na hearnála cosanta a bhainistiú ar an leibhéal náisiúnta agus is í an chéim forbartha an chéim is mó riosca. Tá earnáil na cosanta Eorpaí buailte ag leibhéal íseal infheistíochta; anuas air sin, saintréith na hearnála is ea ilroinnt ar feadh teorainneacha náisiúnta, rud a fhágann gur minic a bhíonn dúbláil oibre ar siúl ag na Ballstáit. Ina theannta sin, léiríonn spléachadh ar thionscail na cosanta san Aontas go bhfuil méadú ag teacht ar na heasnaimh, go bhfuil na teicneolaíochtaí ag dul in aois agus go bhfuil easpa clár nua ann, go háirithe cláir chomhoibríocha. A bhuí le comhar trasteorann, féadfar éifeachtaí scála níos fearr a bhaint amach trí dhúbláil oibre a laghdú agus forbairt na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí atá de dhíth a chumasú.

Anuas air sin, de cheal comhordú agus comhleanúnachais idir na Ballstáit, tagann as sin míbhuntáiste iomaíoch don tionscal cosanta Eorpach i leith a chontrapháirteanna idirnáisiúnta agus is údar an méid sin le costais ar an mbuiséad náisiúnta agus is bac mór ar chur chun feidhme an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) é.

A bhuí le beart ar leibhéal an Aontais, soláthrófar breisluach trí bhíthin comhar cosanta tionsclaíoch a spreagadh a thuilleadh le dreasachtaí dearfacha trí dhíriú ar thionscadail le linn chéim forbartha na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí cosanta, rud nach féidir a dhéanamh go rathúil ar an leibhéal náisiúnta amháin i bhfianaise na gcostas agus na rioscaí gaolmhara.

Le tacaíocht an Aontais Eorpaigh, cumasófar don tionscal cosanta an cistiú riachtanach a leithdháileadh ar thionscadail ar minc iad a bheith thar acmhainn tír amháin: de bharr cineál agus costais na dtionscadal sin is gá comhar trasnáisiúnta.

A bhuí leis na sonraíochtaí comhchoiteanna teicniúla a cheanglófar go dlíthiúil leis an rialachán, spreagfar na Ballstáit agus a dtionscal cosanta i dtreo caighdeáin chomhchoiteanna, as a dtiocfaidh comhar atá níos fearr agus níos éifeachtaí.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Is féidir a mheas gur cláir chomhchosúla an Treoirthionscadal agus an Beart Ullmhúcháin um Thaighde Cosanta leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint: déanfar fianaise taithí na gclár sin, maidir leis an modh rialachais go háirithe, a úsáid chun an bainistiú agus an obair leantach ar an gClár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta a leagan amach.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Is féidir sineirgíocht a dhéanamh le tionscadail chosanta atá ann cheana (an Beart Ullmhúcháin leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint).

Déanfar iarracht sineirgíochtaí a bhunú freisin i stiúrthóireachtaí eile sa Choimisiún Eorpach maidir le taighde agus nuálaíocht. Na tionscadail a mhaoineofar chun tacú leis an gClár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta, féadfaidh tionchar a bheith acu ar réimsí an iompair, na cumarsáide agus an fhuinnimh, agus ar réimsí eile.

Is tábhachtach a áirithiú gurb é an Coimisiún a dhéanfaidh comhordú ar chláir thaighde agus nuálaíochta chun an toradh ar infheistíocht a uasmhéadú.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta 

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón 01/01/2019 go dtí an 31/12/2020

Tionchar airgeadais ón 01/01/2018 go dtí an 31/12/2023

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modh/modhanna bainistíochta atá beartaithe 12  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar niontaoibh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta nó a ngníomhaireachtaí (le sonrú);

Banc Eorpach Infheistíocht agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad ar cuireadh ar iontaoibh comhpháirtíochtaí poiblí agus príobháideacha a chur chun feidhme agus ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais a chur ar fáil;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonrófar níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Is fearr an modh bainistíochta indíreach chun solúbthacht an chláir a uasmhéadú agus, ag an am céanna, na hacmhainní uile is gá chun an clár a rialú agus chun faireachán a dhéanamh air a thabhairt don Choimisiún Eorpach.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

I gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán maidir le Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta, déanfaidh an Coimisiún faireachán go rialta ar chur chun feidhme an Chláir agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil isteach maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar trí na gníomhaíochtaí airgeadais a scrúdú agus na torthaí a gheofar a mheasúnú. 

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún na socruithe faireacháin is gá chun a áirithiú go ndéanfar sonraí ábhartha a bhailiú ar shlí atá cruinn éasca ó na heintitis a gcuirfear cur chun feidhme cláir ar a niontaoibh, ó na Ballstáit nó ó thríú páirtithe.

Maidir le cúraimí arna gcur chun feidhme faoi bhainistiú indíreach, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar próisis faireacháin agus tuairiscithe a leabú sa Chomhaontú Tarmligin agus sna conarthaí/comhaontuithe arna síniú ag an eintiteas iontaobhaithe leis na tairbhithe a roghnófar.

Ba cheart go gcuirfeadh na sonraí a bhaileofar ar chumas an Choimisiúin tuairisc a thabhairt maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 38(3)(e) de Rialachán 966/2012 agus faoi threoir na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear i bpointe 1.4.2 thuas.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh

Is iad seo na rioscaí a aithníodh:

Rioscaí tráthchláir: Saincheist sceidealaithe, moilleanna maidir le cur chun feidhme

Riosca rialachais: Easpa comhair idir na Ballstáit agus/nó an lucht tionsclaíochta náisiúnta

Riosca airgeadais: Bainistíocht costais, ionsú mall (moilleanna), costais neamh-incháilithe, etc.

Rioscaí teicniúla: Deacrachtaí maidir le forbairt ar leith; Saincheisteanna teicniúla; Leibhéal feidhmíochta níos ísle

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

Déanfar na cistí a bhainistiú go hindíreach trí bhíthin Comhaontú Tarmligin.

Déanfar formhór na gcistí a leithdháileadh trí bhíthin deontas (an dara sraith).

Déanfaidh an comhlacht cur chun feidhme leithdháileadh na ndeontas sin a nascadh le tuairisciú tréimhsiúil éigeantach a bheidh le cur ar fáil ag na tairbhithe trí chomhordaitheoir an chuibhreannais (Airteagal 9 den Rialachán).

Leis na conarthaí nó na comhaontuithe a shíneofar le comhordaitheoir an chuibhreannais, déanfar oibleagáidí an chuibhreannais a mhionsonrú agus go háirithe ceart an Choimisiúin, i gcás nach ndéanfar na bearta nó moilleanna a chur chun feidhme nó ina ndéanfar iad a chur chun feidhme go neamh-leordhóthanach, a ranníocaíocht airgeadais a choinneáil siar nó a fhoirceannadh.

Déanfaidh an Coimisiún cineál agus minicíocht an tuairiscithe a chomhaontú trí bhíthin an Chomhaontaithe Tarmligin:

- Tuairisciú éigeantach ag na tairbhithe

- Seiceálacha deisce maidir le costais

- Rannpháirtíocht sna cruinnithe faireacháin tréimhsiúla (teicniúil agus bainistithe)

Ag brath ar an gcás, iarrfar cúnamh ar shaineolaithe seachtracha teicniúla chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gClár. Ar bhonn thorthaí na seiceálacha ar an láthair, áiritheoidh an Coimisiún, nuair is gá, go ndéanfar scála nó coinníollacha na ranníocaíochta airgeadais a ceadaíodh i dtosach, agus sceideal na níocaíochtaí, a oiriúnú.

Anuas air sin, déanfar straitéis iniúchta a chur chun feidhme chun faireachán grinn a dhéanamh ar chostais an tionscadail.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

Ba cheart na baill foirne a áirítear faoi phointe 3.2.3.2 a bheith leordhóthanach chun cur chun feidhme na gcistí a rialú.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

In Airteagal 18 den togra, tá soiléiriú ar inniúlacht na hOifige Eorpaí FrithChalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh ar oibríochtaí a dtacaítear leo faoin tionscnamh seo.

Déanfar foráil leis na comhaontuithe a thiocfaidh as an Rialachán seo, lena náirítear comhaontuithe a chuirtear i gcrích le tríú tíortha rannpháirteacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, maidir le maoirseacht agus rialú airgeadais ag an gCoimisiún, nó ag aon ionadaí a údaróidh sé, agus maidir le hiniúchtaí ag an gCúirt Iniúchóirí nó OLAF, ar an láthair más gá.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht



LD/LN 13 .

ó thíortha de chuid CSTE 14

ó thíortha is iarrthóirí 15

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

Difreáilte

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

Neamhdhifreáilte

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

02.0701 An Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

02.010405 – Caiteachas tacaíochta don Chlár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta

Neamhdhifreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

Ní chuirfidh an togra méadú ar leibhéal iomlán an chaiteachais arna chlárú faoi Cheannteideal 1a den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020, toisc go laghdófar clúdaigh na Saoráide um Chónascadh na hEorpa, na gClár Eorpach um Loingseoireacht Satailíte, Chlár an Aontais um Fhaire agus um Fhaireachán na Cruinne, an Chláir ITER agus an chorrlaigh gan leithdháileadh chun an ranníocaíocht ó Bhuiséad AE don Chlár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta a chistiú.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Foinsí maoinithe don Chlár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta

2019

2020

Iomlán

AN tSAORÁID UM CHÓNASCADH NA hEORPA, a chuimsíonn

145

32.020101 – Comhtháthú níos fearr sa mhargadh inmheánach fuinnimh agus idir-inoibritheacht na ngréasán leictreachais agus gáis thar theorainneacha

32.020102 – Cinnteacht soláthair fuinnimh an Aontais a fheabhsú

32.020103 – Rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe agus le cosaint an chomhshaoil

09.0303 – Idir-inoibritheacht, úsáid inbhuanaithe, oibriú agus uasghrádú bhonneagar tras-Eorpach na seirbhísí digiteacha a chur chun cinn, chomh maith le comhordú ar an leibhéal Eorpach

20

20

20

10

20

20

20

15

40

40

40

25

CLÁIR EORPACHA UM LOINGSEOIREACHT (EGNOS agus GALILEO)

, a chuimsíonn

135

02.0501 – Bonneagair agus seirbhísí loingseoireachta raidió satailítbhunaithe (Galileo) a fhorbairt agus a chur ar fáil faoi 2020

80

50

130

02.0502 - Seirbhísí bunaithe ar shatailítí a sholáthar lena bhféadfar feidhmíocht GPS a fheabhsú le go gcuimseofar réigiún iomlán na Comhdhála Eorpaí um Eitlíocht Shibhialta (ECAC) idir seo agus 2020 (EGNOS)

5

5

CLÁR AN AONTAIS UM FHAIRE AGUS UM FHAIREACHÁIN NA CRUINNE, a chuimsíonn

15

02.0601 Seirbhísí oibríochta a sheachadadh ag brath ar bhreathnóireacht ón spás agus sonraí in situ (Copernicus)

10

5

15

ITER, a chuimsíonn

80

32.050102 Na háiseanna ITER a thógáil, a oibriú agus a shaothrú –– An Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá (F4E) a Fhorbairt

30

50

80

Corrlach gan leithdháileadh, a chuimsíonn

125

Corrlach gan leithdháileadh

55

70

125

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

1A

Iomaíochas le haghaidh fáis agus post

AS: GROW

2019

2020

2021

2022

2023

IOMLÁN

•Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

02.07 01

Gealltanais

(1)

244.7

254.5

499.2

Íocaíochtaí

(2)

146.7

201.5

100

51

p.m

499.2

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 16

02.01 04 05

(3)

0.3

0.5

0.8

IOMLÁN leithreasuithe
do DG GROW

Gealltanais

=1+1a +3

245

255

500

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

147

202

100

51

p.m

500



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

244.7

254.5

 

 

499.2

Íocaíochtaí

(5)

146.7

201.5

100

51

p.m

499.2

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

0.3

0.5

0.8

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

245

255

 

 

500

Íocaíochtaí

=5+ 6

147

202

100

51

p.m

500

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

•IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

5

'Caiteachas riaracháin'

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2018

2019

2020

2021

2022

2023

IOMLÁN

AS: GROW

•Acmhainní daonna

0.966

0.985

1.005

2.956

•Caiteachas riaracháin eile

0.199

0.249

0.249

0.697

IOMLÁN AS GROW

Leithreasuithe

1.165

1.234

1.254

3.653

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

1.165

1.234

1.254

3.653

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2018

2019

2020

2021

2022

2023

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

1.165

246.234

256.254

503.653

Íocaíochtaí

1.165

148.234

203.254

100

51

503.653

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

2019

2020

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 17

Meánchostas

NÍL

Costas

NÍL

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIRÍ SONRACHA 18  

1- Iomaíochas thionscal na cosanta a chothú

2- An comhar idir gnóthais atá ag forbairt táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta a ghiaráil agus tacú leis

3- An bhearna idir an taighde agus an nuálaíocht a dhúnadh agus gach cineál nuálaíochta a chur chun cinn

- Aschur

2

244.7

1

254.5

3

499.2

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

2

244.7

1

254.5

3

499.2

COSTAS IOMLÁN

2

244.7

1

254.5

3

499.2

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2018

2019

2020

2021

2022

2023

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0.966

0.985

1.005

2.956

Caiteachas riaracháin eile

0.199

0.249

0.249

0.697

CEANNTEIDEAL fo-iomlán 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

1.165

1.234

1.254

3.653

lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 19
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

1.165

1.234

1.254

3.653

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

2018

2019

2020

2021

2022

2023

•Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

02 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

7

7

7

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 20

XX 01 02 01 (AC, END, INT ón ‘gclúdach iomlánaíoch’)

XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT and JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 bb  21

- ag an gCeanncheathrú

- i dToscaireachtaí

XX 01 05 02 (AC, END, INT - Taighde Indíreach)

10 01 05 02 (AC, END, INT - Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

7

7

7

Is é XX an réimse beartais nó bhuiséadach i gceist.

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus foireann shealadach

Na riachtanais agus na tograí feidhmiúla coincheapúla a shainmhíniú

Rangú sonraí slándála a áirithiú, na córais a bhunú is gá chun faisnéis faoi rún a láimhseáil agus a bhainistiú

An dréachtú dlíthiúil is gá a áirithiú, na measúnaithe tionchair, tograí cláir agus cinntí ón gCoimisiún is gá a ullmhú

Bainistiú fónta an chláir agus ullmhú clár oibre a áirithiú

Tacú le meastóireacht agus roghnú deontais

Faireachán airgeadais fónta agus anailís ar chaiteachais a áirithiú

Faireachán a dhéanamh ar an mbeart agus anailís a dhéanamh ar an dul chun cinn teicniúil

Bheith rannpháirteach i mórchruinnithe tionscadail

Tuarascáil a chur chuig an lucht bainistíochta

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Déanfar an togra a chistiú ó na línte buiséadacha sonracha seo a leanas:

02.0501 Bonneagair agus seirbhísí loingseoireachta raidió satailítbhunaithe (Galileo) a fhorbairt agus a chur ar fáil faoi 2020

02.0502 Seirbhísí bunaithe ar shatailítí a sholáthar lena bhféadfar feidhmíocht GPS a fheabhsú le go gcuimseofar réigiún iomlán na Comhdhála Eorpaí um Eitlíocht Shibhialta (ECAC) idir seo agus 2020 (EGNOS)

02.0601 Seirbhísí oibríochta a sheachadadh ag brath ar bhreathnóireacht ón spás agus sonraí in situ (Copernicus)

32.050102 Na háiseanna ITER a thógáil, a oibriú agus a shaothrú –– An Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá (F4E) a Fhorbairt

32.020101 – Comhtháthú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus idir-inoibritheacht gréasán leictreachais agus gáis thar theorainneacha

32.020102 - Cinnteacht soláthair fuinnimh an Aontais a fheabhsú

32.020103 - Rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe agus le cosaint an chomhshaoil

09.0303 - Idir-inoibritheacht, úsáid inbhuanaithe, oibriú agus uasghrádú bhonneagar tras-Eorpach na seirbhísí digiteacha a chur chun cinn, chomh maith le comhordú ar an leibhéal Eorpach

Corrlach gan leithdháileadh

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamhmheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Líon iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 22

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá "sannta", sonraigh an líne/na línte buiséid a nimrítear tionchar uirthi/orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1) Conclúidí ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha, 15.11.2016.
(2) Féach freisin leathanach 12 den Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an Rialachán
(3) Conclúidí ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha, 15.11.2016.
(4) IO C […], […], lch. […].
(5) IO C […], […], lch. […].
(6) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún
(8) Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).
(9) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(10) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(11) Dá dtagraítear in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(12) Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(13) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(14) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(15) Tíortha is iarrthóirí agus, más iomchuí, iarrthóirí a d'fhéadfadh bheith ann sna Balcáin Thiar.
(16) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(17) Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(18) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. "Cuspóirí sonracha..."
(19) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(20) AC = Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne Áitiúil; END = Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; INT = Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireachtaí.
(21) Fo-uasteorainn do bhaill foirne sheachtracha arna gcumhdach ag leithreasuithe oibríochtúla (línte "BA" mar a bhí).
(22) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh shiúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.