An Bhruiséil,31.5.2017

COM(2017) 279 final

2017/0111(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2017) 188 final}
{SWD(2017) 189 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is iad príomhchuspóirí polaitiúla an Choimisiúin poist, fás agus infheistíocht a chruthú, agus sa chomhthéacs sin an taistriú go fuinneamh glan a dhéanamh do mhuintir na hEorpa ar fad. Tacaítear leis seo le plean infheistíochta atá dírithe ar an Eoraip a thionsclú in athuair, ar bhonn múnlaí gnó nua agus teicneolaíochtaí ceannródaíocha. Is é an aidhm mheántéarmach/fhadtéarmach atá leis sin geilleagar ciorclach ísealcharbóin a bhaint amach.

I gcomhthéacs an iompair, go háirithe i dtaca le leoraithe, busanna agus cóistí, i.e. feithiclí tromshaothair, is í an fhís atá ag an gCoimisiún a áirithiú go mbíonn rochtain ag saoránaigh Eorpacha ar chóras soghluaisteachta atá cothrom, inbhuanaithe agus iomaíoch.

Níor deimhníodh go nuige seo astaíochtaí CO2 nó ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair arna gcur ar mhargadh an Aontais Eorpaigh ná ní dhearnadh faireachán nó tuairisciú orthu. Tugann an bhearna faisnéise seo ár ndúshlán ar thrí bhealach maidir le feithiclí tromshaothair:

(1)Deiseanna caillte chun beartais a cheapadh chun an bille breosla a laghdú d’oibreoirí iompair: Uaireanta bíonn costais breosla ar oibreoirí iompair lasta aon cheathrú níos daoire ná a gcostais oibríochtúla 1 , agus luann siad gur éifeachtúlacht breosla an critéar is airde ceannaigh dá bhfuil acu. Cé gur tháinig feabhas ar éifeachtúlacht breosla na bhfeithiclí tromshaothair le blianta beaga anuas, tá níos mó ná leathmhilliún de na cuideachtaí iompair, ar fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a bhformhór acu, nach bhfuil teacht acu ar eolas caighdeánaithe go fóill chun teicneolaíochtaí um éifeachtúlacht breosla a mheas, chun leoraithe a chur i gcomparáid lena chéile leis na cinntí ceannaigh is fearr a dhéanamh agus chun a gcostais breosla a laghdú. Le himeacht ama, toisc nach ndearnadh aon choigiltis breosla, tá méadú de réir a chéile tagtha ar spleáchas an Aontais ar allmhairí de bhreoslaí iontais agus is deis chaillte í sin allmhairí chun allmhairí de bhreoslaí a laghdú.

(2)Iomaíocht a mhéadú do mhonaróirí feithiclí: Sa bhliain 2015, de réir sonraí tionscail, ghin onnmhairí leoraithe barrachas comhardaithe trádála dar luach EUR 5.1 billiún. Tá earnáil monaraíochta feithiclí tromshaothair an Aontais ina cuid de thionscal gluaisteán a ghineann 12.1 milliún post go díreach agus go hindíreach san Eoraip (5.6 % d’fhostaíocht iomlán AE) 2 . Tá brú iomaíochta domhanda ar mhonaróirí feithiclí tromshaothair an Aontais atá ag méadú de shíor. Tá margaí suntasacha amhail margaí sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, sa tSeapáin agus sa tSín tar éis bearta deimhniúcháin agus bearta um éifeachtúlacht breosla a chur chun feidhme le blianta beaga anuas i bhfoirm caighdeáin um ídiú breosla agus/nó caighdeáin astaíochtaí, chun nuálaíocht a spreagadh agus feabhas tapa a chur ar éifeachtúlacht feithiclí. Tá iomaíocht níos géire anois ann do mhargadh na mbusanna cathrach maidir le feithiclí leictreacha de, go háirithe ó mhonaróirí Seapánacha. Beidh ar an earnáil seo coimeád suas leis na feabhsúcháin theicneolaíocha sna margaí sin chun an seasamh atá aige sa mhargadh faoi láthair a choimeád.

(3)Bac ar bheartais a leagan amach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnáil na bhfeithiclí tromshaothair: Is foinse shuntasach astaíochtaí gás ceaptha teasa í earnáil na bhfeithiclí tromshaothair. Sa bhliain 2014, b'ionann astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fheithiclí tromshaothair agus 5 % d'astaíochtaí iomlán an Aontais, aon chúigiú cuid de na hastaíochtaí iompair iomlán agus thart ar aon cheathrú cuid d’astaíochtaí an iompair de bhóthar 3 . Idir 1990 agus 2014, tháinig méadú 20 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar ar an iomlán 4 agus méadú 14 % ar astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair 5 . Mura ndéantar aon bheart ina leith seo, tiocfaidh méadú 10 % ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tromshaothair idir 2010 agus 2030 6 . Ag an am céanna, tá spriocanna uaillmhianacha leagtha amach ag an Aontas maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus ní mór d’earnáil an iompair a bheith páirteach sa mhéid sin. Is é sprioc fhoriomlán an Aontais i leith astaíochtaí intíre laghdú 40 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Tá sé seo roinnte, ar bhealach cost-éifeachtúil, ina laghdú 43 % faoi 2030 i gcomparáid le 2005 i gcás astaíochtaí in earnálacha Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (CTA) agus laghdú 30 % i gcás earnálacha neamh-CTA, earnáil lena mbaineann an tiompar. Anuas air sin, sna Ballstáit is astaíochtaí ón iompar idir 21 % agus 69 % d’iomlán na nastaíochtaí náisiúnta sna hearnálacha neamh-CTA, atá cumhdaithe faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill. Cé nach bhfuil aon spriocanna earnáilshonracha leagtha amach fós don bhliain 2030, ní mór d'earnáil an iompair rannchuidiú leis an sprioc laghdaithe astaíochtaí neamh-CTA a bhaint amach faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, chomh maith le foirgnimh, talmhaíocht, agus dramhaíl.

Dá bhrí sin, tá bearta déanta ag an gCoimisiún chun dul i ngleic leis an mbearna eolais seo.

Ar an gcéad dul síos, d’fhorbair an Coimisiún bogearraí ionsamhlúcháin — an uirlis ríofa um ídiú fuinnimh feithicle (VECTO) — chun ídiú breosla agus astaíochtaí CO2 feithiclí nua tromshaothair a ríomh ar shlí a bheidh inchomparáide agus costéifeachtúil.

Ar an dara dul síos, mhol an Coimisiún rialachán nua maidir le astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair a chinneadh (an rialachán maidir le deimhniú, mar a thugtar air) faoi reachtaíocht chineálcheadaithe atá ann cheana féin 7 . Chun an Rialachán ón gCoimisiún maidir le deimhniú a chur i bhfeidhm, ní mór go ndéanfar ionsamhlú ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla ag baint úsáide as VECTO, i gcás gach HDV nua a thagann faoina raon agus a chuirtear ar mhargadh an Aontais Eorpaigh. Beidh ar mhonaróirí feithiclí iad féin an tionsamhlú a dhéanamh bunaithe ar shonraí deimhnithe ionchuir maidir le comhpháirteanna na feithicle agus ar phróiseas deimhnithe maidir le sonraí ionchuir den chineál sin a fhoinsiú, a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm.

Tabharfaidh deimhniú aghaidh go pointe ar an mbearna eolais atá aitheanta. Cuirfear faisnéis maidir le feidhmíocht feithicle ar leith ar fáil don duine a cheannaíonn an fheithicil agus do na húdaráis náisiúnta san áit a bhfuil an fheithicil cláraithe agus chucu siúd amháin.

Ar an tríú dul síos, tá an Coimisiún anois ag moladh go ndéanfar faireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair a bhíonn faoi réir nósanna imeachta deimhniúcháin, chun an bhearna eolais a dhúnadh agus chun trédhearcacht iomlán sa mhargadh a chruthú. Leis an tríú céim sin, dhéanfaí faireachán ar na sonraí ábhartha go léir a ríomhann na monaróirí i gcomhréir leis an modheolaíocht deimhniúcháin, agus dhéanfaí na sonraí sin a thuairisciú agus a fhoilsiú ag leibhéal AE. Ar an gcaoi sin chuirfí na sonraí ar fáil do na páirtithe leasmhara ar fad.

Leis sin bheadh teacht ag oibreoirí iompair ar eolas a bhaineann le feidhmíocht leoraithe de dhéantúis éagsúla a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, agus dá réir sin bheadh ar a gcumas cinntí ceannaigh níos eolasaí a dhéanamh.

Bheadh ar chumas monaróirí feithiclí comparáid a dhéanamh idir feidhmíochtaí a gcuid feithiclí agus feidhmíochtaí feithiclí de dhéantús eile, agus spreagfadh sé sin dreasachtaí chun nuálaíochta.

Bheadh teacht ag údaráis phoiblí ar shonraí cuimsitheacha chun bearta a dhearadh agus a chur chun feidhme chun leoraithe atá níos éifeachtúla ó thaobh breosla de a chur chun cinn, mar shampla trí ghearradh cánach agus táillí ar úsáid bóithre. Níorbh fhéidir seo a dhéanamh murach sin mar ní bheadh teacht ag Ballstáit ach ar shonraí VECTO na bhfeithiclí atá cláraithe ina limistéar féin. Ar deireadh thiar, chabhródh sé le hanailís a dhéanamh ar na sonraí, e.g. measúnú a dhéanamh ar a fhorleithne atá teicneolaíochtaí áirithe.

Is céim riachtanach é seo freisin chun caighdeáin astaíochtaí CO2 a chur chun feidhme maidir le feithiclí tromshaothair sa todhchaí. Tá gá faoi leith ann do chóras faireacháin agus tuairiscithe chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh caighdeán den chineál seo sa todhchaí, mar atá amhlaidh le gluaisteáin agus veaineanna.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Cuireann an togra seo chun feidhme Teachtaireacht 2014 dar teideal a Strategy for Reducing Heavy-duty Vehicles' fuel consumption [Straitéis chun ídiú breosla agus astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair a laghdú]. D’fhógair an Straitéis HDV beart cur chun feidhme a leagann amach an nós imeachta le haghaidh deimhniú ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair a chuirtear ar mhargadh AE, arna ríomh ag an uirlis ionsamhlúcháin VECTO, mar aon le togra reachtach maidir le faireachán agus tuairisciú ar na hastaíochtaí sin.

Sa togra seo freisin cuirtear chun feidhme Straitéis Eorpach 2016 maidir le soghluaiseacht íseal-astaíochtaí, a bhfuil sé i measc na spriocanna s'aici astaíochtaí gás ceaptha teasa in iompar bóithre a laghdú faoi 60 % ar a laghad faoin mbliain 2050 i gcomparáid le leibhéil 1990 agus laghdú ollmhór a dhéanamh ar astaíochtaí truailleán aeir. Luann an Straitéis freisin go ndéanfaidh an Coimisiún géarú faoin obair anailíse ar roghanna dearaidh le haghaidh caighdeáin astaíochta CO2 agus d'fhonn togra reachtach a ullmhú le linn shainordú an Choimisiúin seo.

Ar deireadh, cuideoidh an togra seo chun modheolaíocht a fhorbairt chun idirdhealú a dhéanamh idir táillí úsáidte bonneagair le haghaidh feithiclí nua tromshaothair i gcomhréir le hastaíochtaí CO2, ag tacú le cur chun feidhme an athbhreithnithe ar an Treoir ‘Eurovignette’.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo ag teacht le gealltanas AE faoi Chreat Aeráide agus Fuinnimh 2030 chun astaíochtaí intíre a laghdú faoi 40 % ar a laghad faoi mbliain 2030 i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann i 1990. Mar chuid de chur chun feidhme an ghealltanais sin, mhol an Coimisiún i mí Iúil 2016 go mbeidh an Rialachán maidir le laghduithe ceangailteacha bliantúla gás ceaptha teasa sna Ballstáit ón tréimhse 2021 go 2030 (an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill) do na hearnálacha nach náirítear sa Scéim Trádála Astaíochtaí (i.e. iompar, foirgnimh, talmhaíocht agus dramhaíl).

Tá an togra seo i gcomhréir le togra 2016 ón gCoimisiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir um Éifeachtúlacht Fuinnimh, a leagann amach príomhsprioc cheangailteach ag leibhéal AE de 30 % chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú faoi 2030 i gcomparáid leis an scéal a fhágáil mar atá.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Leagtar amach agus sainítear in Airteagail 191 go 193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh inniúlachtaí i réimsí a bhaineann leis an athrú aeráide. Is é Airteagal 192 CFAE an bunús dlí don togra seo.

Coimhdeacht

Tá bonn cirt le gníomhaíocht ar leibhéal AE i bhfianaise thionchar trasteorann an athraithe aeráide agus an gá atá ann le margadh aonair a chosaint i seirbhísí breosla, feithiclí agus iompair.

Thairis sin, is minic a tháirgtear feithiclí nua tromshaothair a chláraítear i mBallstát faoi leith ag monaróir atá i mBallstát eile. Bheadh comhoibriú forleathan ag teastáil i measc na mBallstát chun faireachán a dhéanamh ag an leibhéal náisiúnta in ionad ag leibhéal AE; ní bheadh sonraí faireacháin aonchineálach ráthaithe mar gheall ar na difríochtaí sna cleachtais reachtaíochta agus beartas. Ba dheacair inchomparáideacht agus iomláine sonraí a bhaint amach, agus dá dheasca sin bheadh ilroinnt i margadh AE agus caillteanas i dtrédhearcacht an mhargaidh.

Gan bunachar sonraí coiteann ina mbeadh sonraí faireacháin gach Ballstáit, bheadh bac ar úsáid sonraí ag ceannaitheoirí feithiclí agus ag lucht ceaptha beartas ag leibhéal AE.

Is cosúil gurb í scéim choiteann maidir le faireachán ag leibhéal AE an cur chuige is simplí agus is éasca. Leantar an cur chuige céanna sin cheana le haghaidh gluaisteán agus veaineanna trí ghníomhaíocht ag leibhéal AE.

Comhréireacht

Ós rud é go bhfuil gá leis an togra agus go bhfuil sochair fhéadartha eacnamaíocha ag baint leis, tá sé i gcomhréir le ceanglais chomhréireachta — ar scála iomlán AE, is beag na hiarrachtaí a theastaíonn agus costais dhiomaibhseacha a bhaineann leis i gcomparáid leis na sochair a d'fhéadfadh a bheith ann ó thaobh trédhearcacht margaidh de agus infhaighteacht sonraí ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair do gach páirtí leasmhar.

An rogha ionstraime

Le cur chun feidhme aonfhoirmeach a bhaint amach maidir leis na rialacha atá molta ar fud AE agus chun tacar sonraí a fháil atá aonchineálach agus inchomparáide agus a chruthaíonn cothrom na féinne do mhonaróirí feithiclí tromshaothair agus d’úsáideoirí feithiclí den chineál sin, is cuí Rialachán a úsáid atá infheidhme go díreach agus ina cheangal ar na Ballstáit.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní dhearnadh aon mheastóireacht mar bhí an tsaincheist seo neamhrialáilte go dtí seo.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

D’eagraigh an Coimisiún cruinniú le páirtithe leasmhara chun aiseolas a fháil ar thionscnamh an mheasúnaithe tionchair agus chun an measúnú um chostas riaracháin a rinne an sainchomhairleoir seachtrach a chur faoina mbráid. Fuarthas aiseolas cuiditheach ó na páirtithe leasmhara agus níor cuireadh in éadan an mheasúnaithe um chostas.

D’eagraigh an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar líne freisin maidir le reachtaíocht a ullmhú ar fhaireachán agus tuairisciú ídiú breosla agus astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair 8 . Fuarthas 121 aighneacht ó speictream leathan páirtithe leasmhara, ag tabhairt tuairimí ar an ngá le gníomh a dhéanamh, ar na cuspóirí, ar na roghanna agus ar an tionchar ionchais.

Cuireadh tuairimí na bpáirtithe leasmhara san áireamh sa mheasúnú tionchair; is é an rogha a rinneadh ar deireadh an ceann is fearr le formhór na bhfreagróirí freisin. Tugtar achoimre ar an gcomhairliúchán le páirithe leasmhara in Iarscríbhinn 2 den mheasúnú tionchair don togra seo.

Bailiú agus úsáid saineolais

Rinne conraitheoir seachtrach measúnú costais ar na roghanna éagsúla faireacháin agus tuairiscithe (féach Iarscríbhinn 10 den mheasúnú tionchair). Tá an staidéar bunaithe den chuid is mó ar agallaimh le húdaráis náisiúnta chlárúcháin agus le monaróirí feithiclí tromshaothair, chun a gcuid tuairimí a bhailiú ar roghanna éagsúla faireacháin agus chun ionchur dírithe a fháil maidir leis na costais a bhaineann lena neagraíochtaí, lena náirítear na nósanna imeachta reatha agus na hoiriúnuithe is gá.

Thairis sin, tá an measúnú tionchair ag brath go mór ar an measúnú tionchair a bhí ag gabháil le Straitéis 2014 chun ídiú breosla agus astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair a laghdú, maidir leis an measúnú ar na tionchair eile.

Measúnú tionchair

Ullmhaíodh agus forbraíodh an measúnú tionchair 9 a théann leis an togra seo i gcomhréir leis an treoir is infheidhme maidir le Rialáil Níos Fearr agus tá tuairim dhearfach eisithe ag an mBord Scrúdúcháin Rialála ina leith. Cuimsíodh na feabhsuithe a mhol an Bord sa leagan deireanach. Comhlánaíonnan sé an anailís a rinneadh i measúnú tionchair 2014 a thacaíonn leis an Straitéis maidir le feithiclí tromshaothair.

Rinneadh measúnú ar roghanna a bhain le faireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí CO2 ó gach HDV nua a chuirtear ar mhargadh AE faoi réir an phróisis deimhniúcháin atá faoin gcreat cineálcheadaithe. Cuimsítear timpeall ar 80 paraiméadar sna sonraí ábhartha a bhfuil faireachán le déanamh orthu chun ídiú breosla agus astaíochtaí CO2 a chinneadh.

Is í an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) an ghníomhaireacht is cuí ag leibhéal Eorpach chun gníomhú ar son an Choimisiúin le sonraí a thiomsú, bunachar nua a chur le chéile, anailís agus seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar na sonraí faireacháin tuairiscithe ar fheithiclí tromshaothair. Bíonn an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil i mbun na hoibre seo mar atá ó thaobh na sonraí faireacháin tuairiscithe ar fheithiclí saothair éadroim (féach Iarscríbhinn 8 den mheasúnú tionchair).

Rinneadh trí rogha reachtacha a mheas sa mheasúnú tionchair maidir leis an gcaoi ar cheart sonraí faireacháin a thuairisciú don Choimisiún tríd an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil: 1) tuairisciú ag na húdaráis náisiúnta; 2) tuairisciú ag monaróirí feithiclí tromshaothair; agus 3) tuairisciú measctha ag na húdaráis náisiúnta agus ag monaróirí.

Faoi rogha 1, tuairiscíonn údaráis náisiúnta na sonraí faireacháin chomh maith le sonraí ábhartha clárúcháin na bhfeithiclí lena mbaineann don Choimisiún tríd an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil. Faoin rogha seo, seans nach mbainfí digitiú iomlán faireacháin agus tuairiscithe amach go héasca, mar baineann formhór na núdarás náisiúnta áitiúil úsáid as comhaid pháipéir chun feithiclí tromshaothair a chlárú. Mar gheall air sin, seans go mbeadh dúshlán agus costas mór ag baint le haistriú go sreafaí iomlána digitithe um shonraí faireacháin.

Faoi rogha 2 bheadh monaróirí HDV freagrach as na sonraí faireacháin ar gach feithicil nua a thuairisciú don Choimisiún tríd an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil. I gcás den chineál seo bheadh na sonraí faireacháin bunaithe ar shonraí díolacháin a shealbhaíonn monaróirí feithiclí, agus ní dhéanfaí tuairisciú ar aon sonraí clárúcháin. Mar gheall air seo, ní fhéadfaí a dhéanamh amach cén Ballstát nó cé na Ballstáit lena mbaineann sonraí astaíochtaí tuairiscithe faoi leith. Dhéanfadh sé sin níos deacra é ar na Ballstáit beartais éifeachtacha náisiúnta a dhearadh chun méadú a thabhairt faoi roghnú na bhfeithiclí tromshaothair is éifeachtúla.

Is rogha idirmheánach é rogha 3. Tuairiscíonn údaráis náisiúnta ainmnithe don Choimisiún ar bhonn bliantúil — táthar ag súil leis an mórchuid acu seo a bheith ina núdaráis náisiúnta chlárúcháin — maidir le sonraí clárúcháin feithiclí nua-chláraithe (uimhreacha aitheantais feithicle go háirithe) tríd an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil. Chuirfeadh monaróirí feithiclí na sonraí faireacháin a bhaineann leis na feithiclí sin faoi bhráid an Choimisiúin tríd an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil. Bunaithe ar na huimhreacha aitheantais feithicle, chuirfeadh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil an dá thacar sonraí le chéile chun teacht ar shonraí faireacháin ar leibhéal an Bhallstáit. Faoin rogha seo, áirithítear digitiú iomlán ar shreabhadh sonraí, mar is iad na monaróirí atá i gceannas ar na sonraí faireacháin a thuairisiciú, agus tá na sonraí sin acu cheana féin i bhformáid dhigiteach chun críocha deimhniúcháin.

Is é rogha 3 rogha na tosaíochta. Is é sin an ceann is éifeachtaí, go háirithe mar go náirithíonn sé sreabhadh digiteach na faisnéise agus fágann sé go mbeadh cumhdach sonraí ag leibhéil náisiúnta agus ag leibhéil AE, agus níl costas riaracháin mór ag baint leis.

Is dócha go gcruthóidh rogha na tosaíochta iomaíocht chun feithiclí níos tíosaí ar fhuinneamh a tháirgeadh chomh maith le dreasacht chun nuálaíochta. Táthar ag súil go leathnóidh na héifeachtaí a bhaineann le lasta atá níos tíosaí ar fhuinneamh, go páirteach ar a laghad, chuig formhór na nearnálacha i ngeilleagar AE: spreagfadh costais níos ísle breosla d'iompar praghasanna níos ísle iompair, agus dá réir sin laghdófaí na costais in earnálacha eile agus bheadh sé seo ar leas tomhaltóirí AE.

Táthar ag súil go mbeidh iomaíochas agus tionchar idirnáisiúnta dearfach ann go meántéarmach/fadtéarmach do mhonaróirí feithiclí tromshaothair freisin, i bhfianaise an chomhthéacs idirnáisiúnta ina bhfuil rialacháin i bhfeidhm cheana féin ag príomh-mhargaidh eile (ar nós na Stát Aontaithe, Cheanada, na Seapáine agus na Síne) maidir le feabhsúcháin in éifeachtúlacht breosla feithiclí tromshaothair.

Ceaptar go mbeidh sochar fostaíochta ann freisin go meántéarmach/fadtéarmach. Ba cheart coigiltí astaíochtaí CO2 a bheith ann mar thoradh ar fheabhsúcháin eifeachtúlachtaí incriminteacha ar na feithiclí a cheannaítear. Táthar ag súil go mbeidh laghduithe fabhracha ach diomaibhseacha ann in astaíochtaí eile. Costais riaracháin amháin is ea na costais eacnamaíocha a bhaineann leis. Ceaptar go mbeidh siad diomaibhseach —thart ar EUR 1 in aghaidh gach feithicle.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl aon oibleagáid maidir le tuairisciú díreach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ná ar mhicreaghnóthais. Táthar ag súil go rachaidh trédhearcacht mhéadaithe sa mhargadh chun tairbhe oibreoirí iompair, ar FBManna a bhformhór acu. Cabhróidh sé seo leo cinntí níos eolasaí ceannaigh a dhéanamh ar son na bhfeithiclí is éifeachtúla breosla agus dá réir, trí choigiltí costas, laghdófaí a gcostais oibríochtúla agus mhéadófaí ar a niomaíochas.

Bainfidh an Rialachán atá beartaithe úsáid as ríomh-thuairisciú, agus táthar ag súil go gcuirfidh sé sin teorainn leis an ualach riaracháin do mhonaróirí feithiclí tromshaothair, do na húdaráis náisiúnta agus don Choimisiún/don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil.

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairtí ag an togra seo maidir le cosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá an tionchar buiséadach ag éirí as chur chun feidhme an Rialacháin atá beartaithe iontach teoranta (féach na mionsonraí sa Ráiteas Airgeadais Reachtach atá ag gabháil leis seo). Cé go bhfuil sé laistigh d’uasteorainn fhoriomlán an chreata airgeadais ilbhliantúil (MFF), 2014-2020, do Cheannteideal 2, theastódh beagán athchláraithe don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil le haghaidh na mblianta 2019 agus 2020.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tabharfadh an Coimisiún tuarascáil ar bhonn bliantúil, bunaithe ar an eolas a sholáthraíonn na Ballstáit agus monaróirí feithiclí tromshaothair. Áiritheoidh tuairisciú seo an Choimisiúin go ndéantar faireachán géar ar chur chun feidhme an Rialacháin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1 – Ábhar

San Airteagal seo mínítear na príomhbhearta dá bhforáiltear sa Rialachán, is é sin faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair, i.e. leoraithe, busanna agus cóistí.

Airteagal 2 – Raon feidhme

Leagtar amach san Airteagal seo raon feidhme an Rialacháin agus sonraítear ann na catagóirí feithiclí ar cheart faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar a sonraí clárúcháin, a sonraí teicniúla agus, más ann dóibh, sonraí maidir le astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla.

Airteagal 3 – Sainmhínithe

Tá dlúthnasc idir an Rialachán seo agus an reachtaíocht chineálcheadaithe agus baintear úsáid as an téarmaíocht chéanna sa dá cheann. Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na hionstraimí dlíthiúla, léirítear go soiléir go bhfuil an téarmaíocht atá in úsáid sa Rialachán seo le tuiscint ar an gcaoi chéanna agus a shainmhínítear é sa reachtaíocht chineálcheadaithe.

Airteagal 4 – Faireachán agus tuairisciú ag na Ballstáit

San Airteagal seo leagtar amach na bunoibleagáidí a fhorchuirtear ar Bhallstáit maidir leis an amchlár faireacháin agus tuairiscithe, ainmniúchán na núdarás inniúil agus na sonraí a bhfuil faireachán le déanamh orthu. Baineann na sonraí sin le feithiclí nua tromshaothair agus leantóirí nua atá cláraithe don chéad uair san Aontas, nó a cláraíodh lasmuigh den Aontas níos lú ná trí mhí sular cláraíodh san Aontas iad.

I gcás na núdarás inniúil, léirítear go soiléir gur cheart gurb iad na húdaráis sin atá freagrach cheana féin as faireachán agus tuairisciú sonraí ar fheithiclí saothair éadroim a bheidh freagrach freisin as faireachán a dhéanamh ar fheithiclí tromshaothair.

Comhlánaítear an fhoráil seo in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II tríd na paraiméadair shonraí a bhfuil faireachán le déanamh orthu a shainiú chomh maith leis na céimeanna riaracháin a bhaineann leis an nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe.

Airteagal 5 – Faireachán agus tuairisciú ag monaróirí

San Airteagal seo leagtar amach na bunoibleagáidí a fhorchuirtear ar mhonaróirí maidir leis an amchlár faireacháin agus tuairiscithe, ainmniúchán pointí teagmhála agus na sonraí a bhfuil faireachán le déanamh orthu.

Comhlánaítear an fhoráil seo in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II tríd na paraiméadair shonraí a bhfuil faireachán le déanamh orthu a shainiú chomh maith leis na céimeanna riaracháin a bhaineann leis an nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe.

Airteagal 6 – Lárchlár um shonraí maidir le feithiclí tromshaothair

Coimeádfar na sonraí a thuairiscítear don Choimisiún i gclár a bheidh ar fáil go poiblí. An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil a choimeádfaidh an clár ar son an Choimisiúin, ag tógáil ar an taithí atá gnóthaithe ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil ó bheith ag coimeád an chláir um shonraí maidir le feithiclí saothair éadroim.

Ba cheart d’fhormhór na dtaifead sonraí a bheith ar fáil go poiblí ach ní féidir sonraí áirithe a nochtadh mar gheall ar an ngá chun sonraí príobháideacha a chosaint (uimhreacha aitheantais feithicle), agus ar chúiseanna iomaíochta (ainmneacha monaróirí comhpháirteanna).

Airteagal 7 – Cáilíocht na sonraí

Tá sonraí d’ardcháilíocht riachtanach chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Mar sin de tá sé tábhachtach go léirítear go soiléir gurb iad na heintitis a thuairiscíonn sonraí atá freagrach as cáilíocht agus cruinneas na sonraí a sheachadtar. Thairis sin, beidh an fhéidearthacht ag an gCoimisiún chun a dheimhniúchán féin a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí chomh maith le sonraí a leasú, má bhíonn earráidí sna sonraí a thíolactar.

Airteagal 8 – Tuarascáil

Ba cheart anailís bhliantúil ar threochtaí astaíochtaí CO2 agus forbairtí i bhflít feithiclí tromshaothair in AE, chomh maith leo siúd a bhaineann le monaróirí aonair feithiclí tromshaothair, a bheith mar thoradh ar shonraí a thuairiscítear don Choimisiún tríd an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil. Déanfaidh an Coimisiún an anailís bhliantúil sin le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil agus beidh sí ar fáil mar ionchur tábhachtach i leith na tuarascála bliantúla níos forleithne atá sainordaithe faoin Rialachán atá beartaithe ar Rialachas an Aontais Fuinnimh, i gcomhthéacs Staid an Aontais Fuinnimh. Cuirfidh an anailís ionchur tábhachtach ar fáil freisin maidir le haon bheart polasaí a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo. Soláthróidh an anailís breis trédhearcachta maidir leis na cumraíochtaí teicneolaíochta agus feidhmíocht fhlít AE agus feidhmíocht feithiclí aonair maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla.

Airteagal 9 agus Airteagal 10 – Bearta cur chun feidhme agus tarmligean cumhachtaí

Sa dá airteagal seo déantar foráil maidir leis na bunúis dlí atá ag an gCoimisiún chun bearta cur chun feidhme a ghlacadh agus, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, eilimintí neamhriachtanacha d’Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a leasú. Comhlánóidh na bearta cur chun feidhme seo Airteagal 7 trí cheadú don Choimisiún na forálacha agus nósanna imeachta mionsonraithe a shainiú is gá chun na sonraí tuairiscithe a fhíorú agus a leasú. Áirítear sna cumhachtaí tarmligthe a thugtar don Choimisiún coigeartú agus nuashonrú a dhéanamh ar na paraiméadair shonraí a bhfuil faireachán le déanamh orthu chomh maith leis na céimeanna éagsúla sa nós imeachta faireacháin atá leagtha amach in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.

Airteagal 11 agus Airteagal 12 – Nós imeachta coiste agus tarmligean a fheidhmiú

Sna Airteagail seo leagtar amach na forálacha caighdeánacha a bhaineann leis an nós coiste atá le húsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh agus chun na cumachtaí tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus (3) a fheidhmiú.

2017/0111 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 10 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 11 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Formhuiníodh sprioc ceangailteach de laghdú intíre 40 %, ar a laghad, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030 i gcomparáid le 1990 sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 maidir le creat beartais 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus rinneadh sin a athdhearbhú ag cruinniú na Comhairle i Márta 2016.

(2)Rinneadh foráil i gconclúidí na Comhairle Eorpaí i nDeireadh Fómhair 2014 gur cheart don Aontas ina iomláine an sprioc sin a bhaint amach ar an mbealach is costéifeachtaí is féidir, agus laghduithe 43 % sa Chóras Trádála Astaíochtaí (CTA) agus laghduithe 30 % sna hearnálacha nach earnálacha CTA iad a bhaint amach faoi 2030 i gcomparáid le 2005. Ba cheart do gach Ballstát a bheith rannpháirteach san iarracht sin agus ba cheart do gach earnáil den gheilleagar cuidiú a thabhairt chun na laghduithe sin ar astaíochtaí a bhaint amach, iompar san áireamh.

(3)Leagadh síos i Straitéis Eorpach 2016 an Choimisiúin maidir le soghluaisteacht ísealastaíochtaí 12 an cuspóir 60 % de laghdú, ar a laghad, ar astaíochtaí ó iompar a bhaint amach faoin mbliain 2050 i gcomparáid le 1990.

(4)Faoi láthair is ionann na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó leoraithe, busanna agus cóistí, i.e. feithiclí tromshaothair, agus thart ar aon cheathrú de na hastaíochtaí ó iompar de bhóthar san Aontas agus meastar go dtiocfaidh méadú níos mó air sin faoi 2030. Ní mór bearta éifeachtacha a thabhairt isteach chun astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair a shrianadh chun cuidiú a thabhairt na laghduithe is gá ar astaíochtaí san earnáil iompair a bhaint amach.

(5)I dTeachtaireacht uaidh in 2014 maidir le straitéis chun ídiú breosla agus astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair a laghdú 13 , d’aithin an Coimisiún gur réamhriachtanas é i gcás bearta den chineál sin a thabhairt isteach, nós imeachta rialáilte chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a chinneadh.

(6)Bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 an creat chun nós imeachta rialáilte den chineál sin a bhunú. A bhuí leis na bearta sin, beidh sonraí stóinseacha inchomparáide ar fáil maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla do gach feithicil i gcás cuid shuntasach den fhlít feithiclí tromshaothair san Aontas. Beidh teacht ag ceannaitheoir feithicle ar leithligh agus ag an mBallstát clárúcháin ábhartha ar an bhfaisnéis sin, agus dúnfaidh sé seo cuid den bhearna faisnéise.

(7)Ba cheart fáil a bheith go poiblí ar fhaisnéis ar fheidhmíocht feithicle maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla chun cabhrú le gach oibreoir feithicle cinntí eolasacha ceannaigh a dhéanamh. Beidh gach monaróir feithiclí in ann comparáid a dhéanamh idir feidhmíocht a bhfeithiclí agus feidhmíocht feithiclí de dhéantúis eile. Méadóidh sé sin ar na dreasachtaí chun nuálaíochta agus dá réir sin ar an iomaíocht. Beidh an fhaisnéis sin ina bonn fónta do lucht ceaptha beartas ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát chun beartais a fhorbairt agus chun feithiclí atá níos tíosaí ar fhuinneamh a chur chun cinn. Is iomchuí, dá réir sin, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na luachanna astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a chinntear do gach feithicil tromshaothair de bhun Rialachán (AE) […/…] ón gCoimisiún 15 [Opoce leis an tagairt cheart a chur isteach] agus iad a thuairisciú don Choimisiún agus iad a chur ar fáil don phobal.

(8)Chun teacht ar fhaisnéis iomlán maidir le cumraíocht fhlít na bhfeithiclí tromshaothair san Aontas, an fhorbairt a thiocfaidh uirthi le himeacht ama agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith aige sin ar astaíochtaí CO2, is iomchuí faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí ar chlárúchán gach feithicile nua tromshaothair agus ar gach leantóra nua, lena náirítear sonraí ar na gléasraí cumhachta chomh maith leis an gcabhail ábhartha.

(9)Beidh fáil ar shonraí maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla le haghaidh feithiclí áirithe nua tromshaothair arna gclárú in [2019]. Ón dáta sin amach ba cheart é a bheith de cheangal ar údaráis inniúla na mBallstát sonraí a sholáthar ar chlárúcháin nua agus ba cheart é a bheith de cheangal ar mhonaróirí na sonraí teicniúla a sholáthar maidir leis na feithiclí sin.

(10)Ba cheart fáil a bheith go poiblí ar na sonraí teicniúla atá riachtanach chun astaíochtaí CO2 agus feidhmíocht ídithe breosla feithicle a chinneadh chun trédhearcacht shonraíochtaí na feithicle a mhéadú chomh maith le feidhmíocht ghaolmhar na feithicle, agus chun iomaíocht a chothú i measc monaróirí. Níor cheart sonraí atá íogair ar chúinsí a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta agus iomaíocht chóir a fhoilsiú. Is léir, áfach, gur chun leasa an phobail atá sé fáil a bheith ar shonraí teicniúla atá riachtanach chun feidhmíocht feithiclí a chinneadh. Níor cheart, dá bhrí sin, sonraí den chineál sin a bheith díolmhaithe ó rochtain an phobail.

(11)Tá sé tábhacht a áirithiú go mbíonn na sonraí a ndéantar faireachán agus tuairisciú orthu stóinseach agus iontaofa. Ba cheart modhanna a bheith ag an gCoimisiún le fíorú agus, más gá, leasú a dhéanamh ar na sonraí deiridh. Ba cheart foráil a dhéanamh, dá bhrí sin, maidir le paraiméadair a chur ar fáil mar chuid de na riachtanais faireacháin chun gur féidir na sonraí a rianú agus a fhíorú go leordhóthanach.

(12)Ar bhonn na taithí a fuarthas ó bheith ag déanamh faireachán agus tuairisciú ar shonraí maidir le hastaíochtaí CO2 de bhun Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 maidir le gluaisteáin paisinéirí agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 maidir le feithiclí nua tráchtála éadroma, is iomchuí a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil an fhreagracht maidir leis an malartú sonraí le húdaráis inniúla na mBallstát agus na monaróirí, agus an fhreagracht an bunachar sonraí deiridh a bhainistiú thar ceann an Choimisiúin. Is iomchuí freisin na nósanna imeachta faireacháin agus tuairiscithe maidir le feithiclí tromshaothair a thabhairt i gcomhréir a mhéid is féidir leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm cheana d’fheithiclí saothair éadroma.

(13)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo maidir leis na sonraí a ndearnadh faireachán orthu a fhíorú agus a cheartú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 .

(14)Chun a áirithiú go bhfanann na riachtanais sonraí agus an nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe de bheith ábhartha le himeacht ama maidir le measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 flít feithiclí tromshaothair, agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar shonraí maidir le teicneolaíochtaí nua agus ardteicneolaíochtaí chun CO2 a laghdú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na riachtanais sonraí agus an nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe a leagtar síos sna hIarscríbhinní a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(15)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, mar atá faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair san Aontas, a ghnóthú agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo na riachtanais maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair arna gclárú san Aontas Eorpach.

Airteagal 2
Raon feidhme

Beidh feidhm leis an Rialachán seo maidir le faireachán agus tuairisciú ag na Ballstáit agus ag monaróirí feithiclí tromshaothair ar shonraí maidir le feithiclí nua.

Beidh feidhm leis maidir leis na catagóirí feithiclí seo a leanas:

(a)feithiclí tromshaothair sna catagóirí M1, M2, N1 agus N2 ar mó a mais thagartha ná 2 610 kg nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 , agus gach feithicil i gcatagóirí M3 agus N3;

(b)    feithiclí i gcatagóirí O3 agus O4.

Airteagal 3
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm leis na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 agus i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 4
Faireachán agus tuairisciú ag na Ballstáit

1.Faoin 28 Feabhra gach bliain, ó [2020] amach, baileoidh údaráis inniúla na mBallstát na sonraí a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I don bhliain féilire roimhe sin maidir le feithiclí nua arna gclárú den chéad uair san Aontas. Ní dhéanfar faireachán agus tuairisciú ar shonraí maidir le feithiclí nua a cláraíodh roimhe lasmuigh den Aontas, ach amháin i gcás ina ndearnadh an clárú sin tráth nach lú ná trí mhí roimh an gclárú san Aontas. Déanfar na sonraí a chur in iúl don Choimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta tuairiscithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.Is iad na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as na sonraí a bhailiú agus a chur in iúl i gcomhréir leis an Rialachán seo na húdaráis inniúla sin arna nainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009.

Airteagal 5
Faireachán agus tuairisciú ag monaróirí

1.Faoin 28 Feabhra gach bliain, ó [2020] amach, déanfaidh monaróirí feithiclí tromshaothair na sonraí a shonraítear i gCuid B d'Iarscríbhinn I maidir le feithiclí le dáta táirgthe sa bhliain féilire roimhe sin a bhailiú.

Is é dáta sínithe an deimhnithe comhréireachta nó, nuair is iomchuí, dáta sínithe an deimhnithe ceadaithe aonair, a bheidh mar dháta táirgthe.

2.Ceapfaidh monaróirí pointe teagmhála chun críche sonraí a thuairisciú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 6
Lárchlár sonraí maidir le feithiclí tromshaothair

1.Coimeádfaidh an Coimisiún lárchlár na sonraí arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5. Beidh an clár ar fáil go poiblí ach amháin i gcás iontrálacha sonraí 1, 24, 25, 32, 33, 39 agus 40 a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I.

2.An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) a dhéanfaidh an clár a bhainistiú thar ceann an Choimisiúin.

Airteagal 7
Cáilíocht na sonraí

1.Is iad na húdaráis inniúla agus na monaróirí a bheidh freagrach as cruinneas agus cáilíocht na sonraí a thuairiscíonn siad de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5. Cuirfidh siad in iúl don Choimisiún, gan mhoill, aon earráid a bhraitear sna sonraí arna dtuairisciú.

2.Is féidir go ndéanfaidh an Coimisiún a fhíorú féin ar cháilíocht na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5.

3.I gcás ina gcuirtear earráidí sna sonraí nó neamhréitigh sa tacar sonraí in iúl don Choimisiún, de bhun a fhíoraithe féin, glacfaidh sé, nuair is iomchuí, na bearta is gá chun na sonraí atá foilsithe sa lárchlár dá dtagraítear in Airteagal 6 a cheartú.

Airteagal 8
Tuarascáil

1.Foilseoidh an Coimisiún, mar chuid dá thuarascáil bhliantúil faoi [Airteagal 29 den rialachán atá beartaithe maidir le rialachas an aontais fuinnimh], a anailís ar na sonraí arna dtarchur ag na Ballstáit agus ag monaróirí don bhliain féilire roimhe sin.

2.San anailís, léireofar, ar a laghad, feidhmíocht fhlít fheithiclí tromshaothair an Aontais chomh maith le feidhmíocht gach monaróra maidir le meánídiú breosla agus meánastaíochtaí CO2. Cuirfear san áireamh freisin sonraí maidir le húsáid nuatheicneolaíochtaí agus ardteicneolaíochtaí laghdaithe CO2, i gcás ina mbeidh fáil orthu.

3.    Ullmhóidh an Coimisiún an anailís le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil.

Airteagal 9
Cumhachtaí cur chun feidhme á dtabhairt

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta fíoraithe agus ceartaithe dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 d’Airteagal 7 a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11.

Airteagal 10Tarmligean cumhachtaí

1.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12 d’fhonn Iarscríbhinn I a leasú chun críche na riachtanais sonraí a shonraítear inti a nuashonrú nó a choigeartú aon uair a mheastar gur gá sin chun gur féidir anailís chríochnúil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8.

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12 d’fhonn Iarscríbhinn II a leasú chun críche an nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe a leagtar amach inti a choigeartú chun an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur san áireamh.

Airteagal 11
Nós imeachta coiste

1.Déanfaidh an coiste um athrú aeráide a bunaíodh le hAirteagal 9 de Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún 21 . Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 12
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.    Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 13
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

Ráiteas Airgeadais Reachtach 'Gníomhaireachtaí'

An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA)

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar measta ar leithreasaí [an chomhlachta]

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar acmhainní daonna [an chomhlachta]

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 22  

34: Gníomhú ar son na haeráide

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 23  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Príomhbheart reachtach de chuid an chéad phacáiste maidir le soghluaisteacht atá le glacadh i mBealtaine 2017 atá sa togra seo. Cuidíonn sé chun Straitéis Eorpach an Choimisiúin a chur chun feidhme maidir le soghluaisteacht íseal-astaíochta 24 , straitéis a glacadh in 2016, agus lena phlean gníomhaíochta 25 éifeachtúlacht breosla a fheabhsú agus astaíochtaí feithiclí tromshaothair, i.e. leoraithe, busanna agus cóistí, a laghdú.

Is cuid é an togra seo de na bearta cur chun feidhme a fógraíodh i dTeachtaireacht ón gCoimisiún in 2014 dar teideal a Strategy for Reducing Heavy-duty Vehicles' fuel consumption and CO2 emissions 26 [Straitéis chun ídiú breosla agus astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair a laghdú] chun nós imeachta a leagan síos i dtaca le hastaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair a dheimhniú agus chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh orthu i gcás na bhfeithiclí nua ar fad arna gcur ar mhargadh an Aontais Eorpaigh.

Is é an beart seo a bheidh ina phríomhuirlis chun na caighdeáin astaíochtaí CO2, atá beartaithe ag an gCoimisiún a thabhairt isteach in 2018 le haghaidh feithiclí tromshaothair, a fhorfheidhmiú amach anseo.

Cuidíonn an togra seo chun gealltanas an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, mar atá laghdú intíre 40 % ar a laghad ar astaíochtaí a bhaint amach faoi 2030 i comparáid le 1990.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh. 3

Tuilleadh dícharbonaithe a dhéanamh ar an earnáil iompair san Aontas Eorpach trí bheartais chomhchuibhithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme (i gcomhar le hArd-Stiúrthóireachtaí eile amhail AS MOVE, GROW, ....)

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Gníomhaíocht ABB 34 02 – Beart aeráide ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Gníomhaíocht ABB 07 02 – Beartas comhshaoil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta (airteagal buiséid 07 02 06 An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil).

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Bunófar leis an togra córas chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair arna gcur ar mhargadh an Aontais.

Beidh an togra ina chuidiú chun margadh níos trédhearcaí na bhfeithiclí tromshaothair a bhaint amach, rud a spreagfaidh an tiomaíochas idir monaróirí feithiclí tromshaothair agus oibreoirí iompair. Déanfar, dá réir sin, nuálaíocht a spreagadh ar leibhéal na monaróirí comhpháirteanna agus feithiclí chun feithiclí atá níos tíosaí ar fhuinneamh a tháirgeadh do mhargadh an Aontais.

Dá dtiocfadh feabhas breise de réir a chéile ar éifeachtúlacht fuinnimh fhlít feithiclí tromshaothair an Aontais Eorpaigh dar luach 1 %, de bharr an fhaireacháin agus an tuairiscithe, b'ionann sin agus laghdú thart ar 2.1 Mt ar astaíochtaí CO2.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Táscaire Uimhir 1: Meánastaíochtaí bliantúla CO2 agus meánídiú breosla do gach aicme feithicle, monaróir agus Ballstát i gcás feithiclí nua tromshaothair arna gclárú san Aontas faoi raon feidhme na reachtaíochta maidir le deimhniú.

Táscaire Uimhir 2: Comparáid idir meánastaíochtaí bliantúla CO2 agus meánídiú breosla na naicmí céanna feithiclí i mblianta éagsúla.

Táscaire Uimhir 3: Léargas bliantúil ar theicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh arna bhfeistiú sna feithiclí nua agus a fhorleithne agus atá siad.

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Bheadh ar na Ballstáit agus ar mhonaróirí feithiclí tromshaothair arna nuachlárú san Aontas sonraí faireacháin maidir le hastaíochtaí CO2 a bhailiú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus úsáid a bhaint as Clár Sonraí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil chuige sin.

Is í an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil a bhaileodh agus a bhainisteodh na sonraí. Chuirfí tacar sonraí ar fáil go poiblí gach bliain. D'fhoilseodh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faireacháin.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Tá na margaí le haghaidh feithiclí nua tromshaothair agus le haghaidh seirbhísí iompair araon ag oibriú ar fud an Aontais agus is dlúthchodanna den mhargadh aonair iad. Níltear ag dul i ngleic in aon cheann de na Ballstáit leis an easpa trédhearcachta maidir le hídiú breosla agus astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ceist is ea í a bhaineann leis an Aontas ina iomláine. Ina theannta sin, cuimsítear astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair i sprioc an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

In éagmais reachtaíocht a bheith i bhfeidhm ar fud an Aontais maidir le faireachán agus tuairisciú, féadfaidh na húdaráis náisiúnta cineálacha cur chuige éagsúla a bheith acu i dtaca le faireachán agus tuairisciú agus is é toradh air sin bailiú ilroinnte agus neamhréireach na sonraí sin ar fud an Aontais. Ualach ard riaracháin ar mhonaróirí feithiclí tromshaothair a bheadh mar thoradh air sin, óir bheadh ar na monaróirí cloí le córais éagsúla tuairiscithe. Mar sin féin, léiríodh sa chomhairliúchán poiblí a rinneadh fad is a bhí an togra á ullmhú gurbh fhearr leis na húdaráis náisiúnta gan gníomhú in aon chor.

Más ann do chóras ar fud an Aontais chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair, beidh fáil ar fhaisnéis ar a fhairsinge is atá sé sin agus ar leithdháileadh iarbhír ardteicneolaíochtaí éifeachtúlachta breosla le haghaidh ceannaitheoirí feithiclí tromshaothair agus lucht ceaptha beartas.

Ina theannta sin, fadhb trasteorann is ea an tathrú aeráide agus ag an am céanna is inniúlacht í a roinntear idir an tAontas agus na Ballstáit. Is gá bearta aeráide ar leibhéal na hEorpa a chomhordú, dá bhrí sin, agus tá údar le beart ón Aontas ar bhonn coimhdeachta.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Tá córas éigeantach chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí C02 i bhfeidhm cheana féin i gcás gluaisteán agus veaineanna 27 . Ba mhór an chabhair an córas sin chun níos mó trédhearcachta a sholáthar ar mhargadh an Aontais do ghluaisteáin paisinéirí agus d'fheithiclí éadroma tráchtála. Baintear úsáidtear go forleathan as an tacar sonraí a fhoilsíonn an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil ar bhonn bliantúil chun comparáid a dhéanamh idir astaíochtaí CO2 feithiclí saothair éadroma san Aontas Eorpach. Chomh maith leis sin, is é is bonn le caighdeáin feidhmíochta CO2 a leagan síos le haghaidh gluaisteán agus veaineanna agus chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na monaróirí leis na caighdeáin sin gach bliain.

Tá an córas atá beartaithe don Aontas ar fad chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh, tá sé bunaithe go mór ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó chóras an Aontais maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar fheithiclí éadroma tráchtála. Maidir le feithiclí éadroma tráchtála, déantar foráil sa Rialachán beartaithe maidir le córas faireacháin arna bhunú ar uimhreacha aitheantais feithiclí agus is iad na Ballstáit agus na monaróirí araon a chuirfeadh na sonraí isteach chun an tualach riaracháin a choinneáil chomh beag agus is féidir. Dála an chórais faireacháin agus tuairiscithe le haghaidh gluaisteán agus veaineanna, d'úsáidfí Clár Sonraí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil chun sonraí a chur isteach. Ina theannta sin, i bhfianaise na taithí ar fad atá ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil maidir le faireachán ar astaíochtaí CO2, thacódh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil leis an gCoimisiún freisin an córas faireacháin don Aontas ar fad a bhainistiú le haghaidh feithiclí tromshaothair.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá an togra seo ag teacht le Rialachán [...] atá beartaithe ag an gCoimisiún lena chuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 595/2009 maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair a dheimhniú agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Tosófar ar an gcur chun feidhme in 2018 (gan an tionchar airgeadais) ar feadh tréimhse neamhtheoranta.

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Ní mór an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil a bheith páirteach chun ceanglais an Rialacháin atá beartaithe a chur chun feidhme maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Sonraítear sa Rialachán atá beartaithe an mhinicíocht agus na sonraí a bheidh le tuairisciú ag na Ballstáit agus na monaróirí i gcás feithiclí tromshaothair arna nuachlárú san Aontas. Bheadh na sonraí arna sonrú sa Rialachán atá beartaithe le tuairisciú ar bhonn bliantúil, agus úsáid á baint as Clár Sonraí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil chuige sin.. Beidh tuilleadh treorach ar fáil trí CIRCABC chun tacú leis na Ballstáit agus leis na monaróirí a dtuarascálacha bliantúla a dhéanamh.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

D'fhéadfadh sé go mbeadh moill ar na Ballstáit nó ar na monaróirí i dtaca lena noibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe. Meastar go nainmneodh na Ballstáit na húdaráis chéanna atá freagrach cheana féin as an bhfaireachán agus an tuairisciú i gcás gluaisteán agus veaineanna. Tá taithí ag na húdaráis sin ar fhaireachán agus ar thuairisciú agus ar na huirlisí TF ábhartha a laghdódh ar na rioscaí sin.

Córas tuairiscithe sonraí seanbhunaithe is ea Clár Sonraí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil. Is féidir glacadh leis go rachfaí i ngleic go leordhóthanach le haon chliseadh ar an gcóras a d'fhéadfadh tarlú nó le haon cheist faoin rúndacht.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

Leagtar síos sa Rialachán Airgeadais agus sna Rialacha maidir le cur i bhfeidhm na modhanna rialaithe atá beartaithe.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

Neamhbhainteach

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Sa bhreis ar an Rialachán Airgeadais a chur i bhfeidhm chun calaois agus neamhréireachtaí a chosc, rud a chuirfeadh leis an gcóras seanbhunaithe maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí éadroma tráchtála, déanfar rialú cáilíochta agus fíorú ar na sonraí arna gcur isteach chun aghaidh a thabhairt ar aon bhearnaí nó neamhréireachtaí.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal………………………...………]

LD/LN 28

ó thíortha de chuid CSTE 29

ó thíortha is iarrthóirí 30

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

2

34 02 01: Laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (maolú)

Difreáilte

Líon

Níl

Níl

Níl

2

07 02 06 : An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil

Neamhdhifreáilte

Líon

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal………………………………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

Uimhir

2

Fás inbhuanaithe: Acmhainní Nádúrtha

[Comhlacht]: <An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil>

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

2019-2020

Teideal 1: Caiteachas foirne

Gealltanais

(1)

0.150

0.200

0.350

Íocaíochtaí

(2)

0.150

0.200

0.350

Teideal 2: Caiteachas bonneagair agus oibríochtúil

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2 a)

Teideal 3: Caiteachas oibríochtúil

Gealltanais

(3 a)

0.250

0.175

0.425

Íocaíochtaí

(3b)

0.250

0.175

0.425

IOMLÁN leithreasuithe
don [chomhlacht]<an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil>

Gealltanais

=1+1a +3a

0.400

0.375

0.775

Íocaíochtaí

=2+2a

+3b

0.400

0.375

0.775




3.2.2.An tionchar measta ar leithreasaí [an chomhlachta]

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 31

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 32

- Ardán tuairiscithe a bhunú

1

0.250

0.250

Dearbhú cáilíochta/rialú cáilíochta mionsonraithe ar chúnamh – Ballstáit/monaróirí trealaimh bunaidh tuairiscithe, cumarsáid le tíortha agus le monaróirí, riarachán agus cothabháil bunachar sonraí, tacaíocht deisce cabhrach etc.

1

0.175

0.025

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

1

0.250

1

0.175

0.275

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

1

0.250

1

0.175

0.275

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar acmhainní daonna an EEA

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

2019+2020

Oifigigh (Gráid AD)

Oifigigh (Gráid AST)

Baill foirne ar conradh

0.150

0.200

0.350

Baill foirne shealadacha

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

IOMLÁN

0.150

0.200

0.350

An tionchar a mheastar a bheidh ar an bhfoireann (FTE breise) – an plean bunaíochta

Grúpa feidhme agus grád

Bliain 2019

Bliain 2020

Bliain N+2

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

AD16

AD15

AD14

AD13

AD12

AD11

AD10

AD9

AD8

AD7

AD6

AD5

 

AD Iomlán

AST11

AST10

AST9

AST8

AST7

AST6

AST5

AST4

AST3

AST2

AST1

AST Iomlán

AST/SC 6

AST/SC 5

AST/SC 4

AST/SC 3

AST/SC 2

AST/SC 1

AST/SC Iomlán

MÓRIOMLÁN

An tionchar a mheastar a bheidh ar an bhfoireann (sa bhreis) – pearsanra seachtrach

Gníomhairí ar conradh

Bliain N

Bliain N+1

Bliain N+2

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Grúpa feidhme IV

1

1

Grúpa feidhme III

1(*)

1

Grúpa feidhme II

Grúpa feidhme I

Iomlán

2

2

(*) is do lár 2019 atá an earcaíocht beartaithe.

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

Bliain N

Bliain N+1

Bliain N+2

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Luaitear an dáta earcaíochta atá beartaithe agus cuir an dáta in oiriúint mar is iomchuí (más i mí Iúil atá sé beartaithe an earcaíocht a dhéanamh, ní chuirtear san áireamh ach 50 % den chostas) agus tabhair mínithe breise in iarscríbhinn.

Sa bhreis ar an ngníomhaire sealadach agus an ngníomhaire ar conradh atá ag obair faoi láthair sa Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil ar chúraimí a bhaineann le faireachán ar astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin agus veaineanna 33 , agus i bhfianaise tréimhse neamhtheoranta na ngníomhaíochtaí breise atá á mbeartú don Ghníomhaireacht, tá beirt gníomhairí breise ar conradh de dhíth ar an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil chun an méid seo a leanas a bhainistiú:

·Sreafaí tuairiscithe nua mar aon leis an mbunachar ríomhthuairiscithe – gach gníomhaíochtaí a bhaineann le TF san áireamh – a bhunú, a bhainistiú agus a chothabháil i dtaca le sonraí a chur isteach maidir le feithiclí tromshaothair;

·Measúnú cáilíochta mionsonraithe a dhéanamh ar shonraí agus rialú cáilíochta ar na sonraí arna gcur isteach ag na Ballstáit agus ag monaróirí, lena náirítear cumarsáid le húdaráis na mBallstát agus saineolaithe monaraíochta a chomhordú, tacaíocht ghaolmhar na deisce cabhrach etc.;

·Tacair sonraí a chur le chéile agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don Choimisiún Eorpach agus do pháirtithe leasmhara eile.

Thosódh aon ghníomhaire ar conradh amháin (Grúpa feidhme IV) in 2019 chun an córas tuairiscithe a ullmhú agus a chur chun feidhme lena áirithiú go mbeidh sé oibríochtúil ina iomláine in 2020. Thosódh an dara gníomhaire ar conradh (Grúpa feidhme III) sa dara leath de 2019 chun tacú le cur chun feidhme an chórais tuairiscithe agus chun córas dearbhaithe cáilíochta agus córas rialaithe cáilíochta sonraí a ullmhú.

Ríomhadh an tionchar buiséadach dá réir sin, ag glacadh leis go mbeadh meánchostas EUR 100 000 in aghaidh na bliana ann i gcás gach gníomhaire ar conradh

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

Ba ghá méadú ar an gclárú airgeadais maidir leis an ranníocaíocht leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, arna maoiniú le hairteagal buiséid 07 02 06 do na blianta 2019 agus 2020, leis na méideanna arna leagan síos i dtábla 3.2.1. thuas.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 34 .

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

ar acmhainní dílse

ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 35

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1) Staidéir ar mheasúnú um chostas breosla arna léiriú i roinn 5.6 agus in Iarscríbhinn 8 den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis seo, SWD(2017)XXX.
(2) http://www.acea.be/uploads/publications/ACEA_Pocket_Guide_2016_2017.pdf
(3) Fardal sonraí gás ceaptha teasa 2016, http://www.eea.europa.eu/data-and-maps/data/data-viewers/greenhouse-gases-viewer .
(4) lena náirítear eitlíocht idirnáisiúnta ach ní áirítear loingseoireacht idirnáisiúnta.
(5) Fardal sonraí gás ceaptha teasa 2016, http://www.eea.europa.eu/data-and-maps/data/data-viewers/greenhouse-gases-viewer .
(6) Cás Tagartha 2016 an Aontais: Fuinneamh, iompar agus astaíochtaí gás ceaptha teasa — Treochtaí idir seo agus 2050.
(7) Treoir 2007/46/CE, http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/ALL/?uri=CELEX %3A32007L0046 .
(8) Féadfar teacht ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí ag http://ec.europa.eu/clima/consultations/articles/0031_en .
(9) SWD(2017)XXX
(10) IO C , , lch. .
(11) IO C , , lch. .
(12) COM(2016) 501 final.
(13) COM(2014) 285 final.
(14) Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineál-cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí saothair throm (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/EC agus lena naisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1).
(15) Rialachán ón gCoimisiún (AE) […/…] lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair a chinneadh agus lena leasaítear Rialachán 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (AE) Uimh. 582/2011 (IO L…,..,..).
(16) Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú, IO L 140, 5.2.2009, lch. 1
(17) Rialachán (CE) Uimh. 510/2011 an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú, IO L 145, 31.5.2011, lch.1.
(18) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(19) Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).
(20) Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).
(21) Cinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le sásra chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid an Chomhphobail agus maidir le Prótacal Kiótó a chur chun feidhme (IO L 49, 19.2.2004, lch. 1).
(22) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(23) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(24) https://ec.europa.eu/transparency/regdoc/rep/1/2016/EN/1-2016-501-EN-F1-1.PDF
(25) http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=SWD:2016:244:FIN
(26) COM (2014)285, ar fáil anseo: http://ec.europa.eu/clima/policies/transport/vehicles/heavy/documentation_en.htm
(27) Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 510/2011.
(28) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
(29) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(30) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(31) Is iad na haschuir táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(32) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(33) Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 510/2011.
(34) Féach Airteagal 11 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020.
(35) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,31.5.2017

COM(2017) 279 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an togra le haghaidh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair

{SWD(2017) 188 final}
{SWD(2017) 189 final}


IARSCRÍBHINN I
Sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu

Cuid A: Sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu ag na Ballstáit:

(a)uimhreacha aitheantais feithicle na bhfeithicilí nua uile dá dtagraítear in Airteagal 2(a) agus (b) atá cláraithe ar chríoch an Bhallstáit;

(b)ainm an mhonaróra;

(c)déantús (trádainm an mhonaróra);

(d)cód na cabhlach mar a shainítear in iontráil 38 den deimhniú comhréireachta, má tá sé ar fáil;

(e)i gcás na bhfeithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2(a), an teolas ar an gcóras tiomána mar a shainítear in iontrálacha 23, 23.1 agus 26 den deimhniú comhréireachta.

Cuid B:Sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu ag monaróirí feithiclí tromshaothair

Uimh.

Paraiméadair faireacháin

Foinse Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán […/…]  

Tuairisc

1

uimhir aitheantais feithicle

1.1.1

Aitheantas feithicle agus a comhpháirteanna

2

uimhir dheimhnithe an innill

1.2.1

3

uimhir dheimhnithe CdxA (más infheidhme)

1.8.2

4

uimhir dheimhnithe tras-seolta

1.3.2

5

uimhir dheimhnithe acastóra

1.7.2

6

uimhir dheimhnithe bonn, acastóir 1

1.9.2

7

uimhir dheimhnithe bonn, acastóir 2

1.9.6

8

uimhir dheimhnithe bonn, acastóir 3

1.9.10

9

uimhir dheimhnithe bonn, acastóir 4

1.9.14

10

catagóir feithicle

1.1.2

Catagóir feithicle

11

cumraíocht acastóirí

1.1.3

12

ollmheáchan uasta feithicle

1.1.4

13

grúpa feithicle

1.1.5

14

ainm an mhonaróra

1.1.6

Sonraíocht feithicle agus fonnaidh

15

déantús (trádainm an mhonaróra)

1.1.7

16

fíormhais ceartaithe feithicle foilmhe

1.1.8

17

cumhacht rátaithe innill

1.2.2.

Príomhshonraíochtaí innill

18

luas réchasta an innill

1.2.3

19

luas rátaithe innill

1.2.4

20

toilleadh innill

1.2.5

21

cineál breosla tagartha an innill

1.2.6

22

Rogha dheimhnithe a úsáidtear le CdxA a ghiniúint (luach nó toise réamhshocraithe)

1.8.1

Aeraidinimicí

23

luach CdxA

1.8.3

24

ainm agus seoladh an mhonaróra

-

Príomhshonraíochtaí tras-seolta

25

déantús (trádainm an mhonaróra)

-

26

rogha dheimhnithe a úsáidtear chun mapa caillteanais na huirlise ríofa um ídiú fuinnimh feithicle a ghiniúint (gnáthluachanna/modh 1/modh 2)

1.3.1

27

cineál tras-seolta

1.3.3

28

líon giaranna

1.3.4

29

giar deireanach cóimheasa tras-seolta

1.3.5

30

coscán innill (tá/níl)

1.3.6

31

cumhachtdúiseacht (tá/níl)

1.3.7

32

ainm agus seoladh an mhonaróra

-

Príomhshonraíochtaí acastóra

33

déantús (trádainm an mhonaróra)

-

34

Rogha dheimhnithe a úsáidtear chun mapa caillteanais na huirlise ríofa um ídiú fuinnimh feithicle a ghiniúint (gnáthluachanna/ toise)

1.7.1

35

cineál acastóra

1.7.3

36

cóimheas acastóra

1.7.4

37

Rogha dheimhnithe a úsáidtear chun mapa caillteanais na huirlise ríofa um ídiú fuinnimh feithicle a ghiniúint (gnáthluachanna/ toise)

1.6.1

Sonraíochtaí uillinne tiomána

38

cóimheas na huillinne tiomána

1.6.2

39

ainm agus seoladh an mhonaróra

-

Príomhshonraíochtaí bonn

40

déantús (trádainm an mhonaróra)

-

41

toise bonn, acastóir 1

1.9.1

42

comhéifeacht friotaíochta rollta sainiúil gach boinn ar acastóir 1 (clé/deas)

1.9.3

43

toise bonn, acastóir 2

1.9.4

44

acastóir cúplach (tá/níl), acastóir 2

1.9.5

45

comhéifeacht friotaíochta rollta sainiúil gach boinn ar acastóir 2 (clé/deas)

1.9.7

46

toise bonn, acastóir 3

1.9.8

47

acastóir cúplach (tá/níl), acastóir 3

1.9.9

48

comhéifeacht friotaíochta rollta sainiúil gach boinn ar acastóir 3 (clé/deas)

1.9.11

49

toise bonn, acastóir 4

1.9.12

50

acastóir cúplach (tá/níl), acastóir 4

1.9.13

51

comhéifeacht friotaíochta rollta sainiúil gach boinn ar acastóir 4 (clé/deas)

1.9.15

52

teicneolaíocht um fhean fuaraithe don inneall (tá/níl – má tá, luaigh cén cineál teicneolaíochta)

1.10.1

Príomhshonraíochtaí cúnta

53

teicneolaíocht um chaidéal stiúrtha (tá/níl – má tá, luaigh cén cineál teicneolaíochta)

1.10.2

54

teicneolaíocht um chóras leictreach (tá/níl – má tá, luaigh cén cineál teicneolaíochta)

1.10.3

55

teicneolaíocht um chóras neomatach (tá/níl – má tá, luaigh cén cineál teicneolaíochta)

1.10.4

56

próifíl mhisin (cianaistir, réigiúnach, uirbeach, tógáil)

2.1.1

Paraiméadair ionsamhlúcháin (do gach próifíl mhisin/ualach/teaglaim breosla)

57

ualach (mar a shainítear é san uirlis ríofa um ídiú fuinnimh feithicle)

2.1.2

58

Mais iomlán feithicle in ionsamhlúchán

2.1.4

59

meánluas

2.2.1

Feidhmíocht tiomána feithicle (do gach próifíl mhisin/ualach/teaglaim breosla)

60

íosluas meandrach

2.2.2

61

uasluas meandrach

2.2.3

62

uas-luasmhoilliú

2.2.4

63

uas-luasghéarú

2.2.5

64

céatadán lánlóid ar am tiomána

2.2.6

65

líon iomlán athruithe giaranna

2.2.7

66

achar iomlán tiomáinte

2.2.8

67

astaíochtaí CO2 

(arna sloinneadh i g/km, g/t-km, g/p-km, g/m³-km)

2.3.13-2.3.16

Astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla (do gach próifíl mhisin/ualach/teaglaim breosla)

68

ídiú breosla

(arna sloinneadh i l/100km, l/t-km, l/p-km, l/m³-km, MJ/km, MJ/t-km, MJ/p-km, MJ/m³-km)

2.3.1-2.3.12

69

Leagan na huirlis ríofa um ídiú fuinnimh feithicle

3.1.1

Bogearraí agus faisnéis úsáideoirí

70

Dáta agus am ionsamhlúchán na huirlise ríofa um ídiú fuinnimh feithicle

3.1.2

71

Tagairt úsáideora/ceadúnais na huirlise ríofa um ídiú fuinnimh feithicle

3.1.3

72

Hais-chripteagrafaíocht

3.1.4

73

Ardteicneolaíochtaí chun CO2 a laghdú

-

Teicneolaíochtaí feithicle chun CO2 a laghdú



Iarscríbhinn II

Tuairisciú agus bainistiú sonraí

1.Tuairisciú ag na Ballstáit

1.1    Ón 1 Eanáir 2019 amach, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar na sonraí a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I ar bhonn bliana féilire.

1.2    Déanfar na sonraí a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 4 ag pointe teagmhála an údaráis inniúil trí mheán aistriú sonraí leictreonacha chuig an Lárstór Sonraí arna bhainistiú ag an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).

Cuirfidh an pointe teagmhála in iúl don Choimisiún agus dn LEE nuair a tharchuirtear na sonraítrí ríomhphost chuig na seoltaí seo:

[ EC-CO2-HDV-IMPLEMENTATION@ec.europa.eu ] agus

HDV-monitoring@eea.europa.eu .

2.Tuairisciú ag monaróirí

2.1    Cuirfidh monaróirí in iúl don Choimisiún gan mhoill agus tráth nach déanaí ná an [31 Nollaig 2018] an teolas seo a leanas:

(a)Ainm an mhonaróra a luaitear sa deimhniú comhréireachta nó sa deimhniú ceadaithe aonair;

(b)Cód an Aitheantóra Monaróra Domhanda, mar a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. 19/2011 ón gCoimisiún 1 , atá le húsáid in uimhreacha aitheantais feithiclí nua tromshaothair atá le cur ar an margadh;

(c)An pointe teagmhála atá freagrach as na sonraí a uaslódáil chuig Stór Sonraí Gnó LEE.

Cuirfidh siadsan in iúl don Choimisiún, gan mhoill, aon athrú a thagann ar an eolas sin.

Cuirfear na fógraí chuig na seoltaí dá dtagraítear i bpointe 1.2.

2.2    Cuirfidh monaróirí nua a thagann isteach sa mhargadh in iúl don Choimisiún gan mhoill faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2.1.

2.3    Ón [1 Eanáir 2019] amach, agus do gach aon bhliain féilire ina dhiaidh sin, déanfaidh gach monaróir taifead ar na sonraí a shainítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I i leith gach feithicle nua tromshaothair a tháirgtear.

2.4    Déanfaidh pointe teagmhála an mhonaróra na sonraí dá dtagraítear i bpointe 2.3 a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 5(1) trí mheán aistriú leictreonach chuig an Stór Sonraí Gnó atá á bhainistiú ag LEE.

Cuirfidh an pointe teagmhála in iúl don Choimisiún agus do LEE nuair a bhíonn na sonraí aistrithe ar ríomhphost chuig na boscaí ríomhphoist feidhmiúla a shainítear i bpointe 1.2 den Iarscríbhinn seo.

3.Próiseáil sonraí

3.1Déanfaidh LLE na sonraí a tharchuirfear i gcomhréir le pointe 1.2 agus le pointe 2.4 a phróiseáil agus déanfaidh sé taifead ar na sonraí próiseáilte sa Lárchlár i gcás sonraí ar fheithiclí tromshaothair.

3.2Cuirfear na sonraí maidir le feithiclí a cláraíodh sa bhliain féilire roimhe agus atá taifeadta sa Lárchlár ar fáil don phobal faoin [31 Deireadh Fómhair] gach bliain, ar a dhéanaí, ó [2020] amach, cé is moite de na hiontrálacha sonraí sin a shonraítear in Airteagal 6(1).

3.3I gcás ina naithníonn údarás inniúil nó monaróirí earráidí sna sonraí a cuireadh isteach, cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún agus do LEE gan mhoill trí fhógra tuairisce earráide a chur chuig an Lárstór Lárnach nó chuig an Stór Sonraí Gnó, agus trí ríomhphost a sheoladh chuig na boscaí ríomhphoist feidhmiúla dá dtagraítear i bpointe 1.2.

3.4Fíoróidh an Coimisiún, le tacaíocht ó LEE, na hearráidí a bhfuarthas fógra ina leith agus, nuair is iomchuí, ceartóidh siad na sonraí sa Chlár.

3.5Cuirfidh an Coimisiún, le tacaíocht ó LEE, formáidí leictreonacha ar fáil do na tarchuir sonraí dá dtagraítear i bpointí 1.2 agus 2.4 in am trátha roimh na spriocdhátaí don tarchur.

(1) Rialachán (AE) Uimh. 19/2011 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2011 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do phláta reachtúil an mhonaróra agus d'uimhir aitheantais feithicle do mhótarfheithiclí agus a leantóirí agus lena gcuirtear chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis nas ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a naonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh. (IO L 8, 12.1.2011, lch.1).