An Bhruiséil,29.3.2017

COM(2017) 128 final

2017/0056(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i Limistéar Choinbhinsiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.    COMHTHÉACS AN TOGRA

   Forais agus cuspóirí an togra

Tá sé mar aidhm ag an togra na bearta caomhnaithe, rialaithe agus forfheidhmithe atá glactha ag an Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO), ar Páirtí Conarthach inti an tAontas Eorpach, a thrasuí i ndlí an Aontais Eorpaigh. Is é SPRFMO an Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh (RFMO) atá freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar na hacmhainní iascaigh san Aigéan Ciúin Theas agus sna farraigí máguaird, gan tuinnín agus speicis atá cosúil le tuinnín a áireamh. Tá bearta nua caomhnaithe, rialaithe agus forfheidhmithe glactha ag SPRFMO gach bliain ón tráth ar tháinig siad le chéile den chéad uair sa bhliain 2013. Rinne SPRFMO na bearta is déanaí atá le trasuí i ndlí an Aontais Eorpaigh, agus atá san áireamh sa togra seo, a ghlacadh i mí Eanáir 2017.

Tá údarás ag SPRFMO bearta caomhnaithe agus bainistíochta (“BCB-anna”), ar cinntí éigeantacha iad, a ghlacadh ar mhaithe leis an iascach atá faoina cúram a chaomhnú agus a bhainistiú. Tá na gníomhartha sin dírithe go príomha ar Pháirtithe Conarthacha in SPRFMO ach tá oibleagáidí áirithe iontu freisin a bhaineann le hoibreoirí amhail máistrí soithigh iascaireachta. Tagann BCB-anna SPRFMO i bhfeidhm 90 lá tar éis iad a chur in iúl agus tá siad ceangailteach ar Pháirtithe Conarthacha agus, i gcás an Aontais Eorpaigh, ní mór iad a achtú isteach i ndlí Eorpach go feadh an méid nach bhfuil siad clúdaithe le reachtaíocht de chuid AE cheana féin.

   Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Ní dhearnadh aon bhearta caomhnaithe agus bainistíochta de chuid SPRFMO a thrasuí roimhe seo. Is iad na príomhfhorálacha beartais sa réimse beartais Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú agus Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh.

I bhfianaise Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), airteagal ina bhforáiltear gur faoi rogha na Comhairle atá sé bearta a ghlacadh maidir le praghsanna, tobhaigh, cúnamh agus teorainneacha cainníochtúla a shocrú agus maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, ní thiocfaidh na deiseanna iascaigh san Aontas mar atá leagtha amach ag SPRFMO faoi réir an togra seo.

   Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Neamhbhainteach.

2.    BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

   Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 43(2) den CFAE ina leagtar amach na forálacha is gá chun cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach.

   Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sa chomhthéacs seo de bharr go mbaineann an togra le saothrú inbhuanaithe, bainistiú agus caomhnú acmhainní bitheolaíocha mara i gcomhthéacs na comhpháirte seachtraí den Chomhbheartas Iascaigh.

   Comhréireacht

Mar gheall ar an rogha atá beartaithe, déanfar cur chun feidhme oibleagáidí SPRFMO laistigh den Aontas a áirithiú gan níos mó ná is gá a dhéanamh chun an cuspóir a bhaint amach.

   An rogha ionstraime

Ós rud é go mbíonn Rialachán infheidhme go díreach agus go mbíonn sé ina cheangal ar na Ballstáit, cuideoidh sé le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha atá beartaithe ar fud an Aontais, agus dá bhrí sin cruthóidh sé cothroime iomaíochta d'oibreoirí uile an Aontais atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO.

3.    TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

   Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

   Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Is é is aidhm don togra seo ná bearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO atá ann cheana féin, ar bearta iad atá ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha, a thrasuí. Glactar comhairle le saineolaithe na mBallstát agus le páirtithe leasmhara nuair atá cruinnithe SPRFMO á nullmhú, ar cruinnithe iad a nglactar na bearta caomhnaithe agus bainistíochta sin lena linn, agus, chomh maith leis sin, le linn iad a chaibidil ag cruinniú bliantúil SPRFMO. Ar an ábhar sin, measadh nár ghá dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí chun an Rialachán á thrasuí.

   Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

   Measúnú tionchair

De bharr nach ndéanfar aon ghné nua den bheartas a shainiú, níl measúnú tionchair ábhartha don tionscnamh reachtach seo. Is tionscnamh é seo ina leagtar síos oibleagáidí infheidhme idirnáisiúnta atá ina gceangal ar an Aontas cheana agus nach gá aon mheasúnú tionchair ina leith.

   Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

   Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.    IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Neamhbhainteach.

5.    EILIMINTÍ EILE

   Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach.

   Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach.

   Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I dTeideal I tá forálacha ginearálta amhail ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe. Níos tábhachtaí fós, baineann an Rialachán seo le soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá ag iascaireacht i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO nó, más trasloingsiú atá i gceist, sa limistéar lasmuigh de Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO le haghaidh speiceas a ghabhtar i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO. Ina theannta sin, baineann sé le soithí iascaireachta tríú tír a fhaigheann rochtain ar chalafoirt de chuid AE agus a iompraíonn táirgí iascaigh a fuarthas sa Limistéar Coinbhinsiúin.

I dTeideal II, déantar tagairt do bhearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe i dtaca le speicis áirithe de. I gCaibidil I, faightear bearta bainistíochta SPRFMO atá infheidhme maidir le bolmán Sileach. I gCaibidil II, déantar tagairt do bhearta maolúcháin a bhaineann le héin mhara.

I dTeideal III, leagtar síos forálacha maidir le bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe i dtaca le modhanna iascaireachta áirithe de. Baineann Caibidil I le hiascaireacht ghrinnill. Baineann Caibidil II le hiascaigh thaiscéalaíocha.

I dTeideal IV, faightear comhbhearta rialaithe. I gCaibidil I, déileáiltear le húdaruithe do shoithí iascaireachta agus le Taifead Soithí SPRFMO. I gCaibidil II, leagtar síos forálacha maidir le gníomhaíochtaí trasloingsithe lena náirítear forálacha ginearálta, réamhfhógra, maoirseacht ar thrasloingsiú agus fógra iar-thrasloingsithe. I gCaibidil III, déantar tagairt do bhailiú sonraí agus do thuairisciú. I gCaibidil IV, faightear forálacha maidir le faireachas agus cláir bhreathnóirí. I gCaibidil V, déantar tagairt do chigireacht a dhéanamh, i gcalafoirt AE, ar shoithí iascaireachta tríú tír a iompraíonn táirgí iascaigh a fuarthas in SPRFMO, go háirithe pointí teagmhála agus calafoirt ainmnithe a bhunú, an nós imeachta maidir le réamhfhógra, na critéir maidir le cigireachtaí agus an nós imeachta maidir le cigireacht. Tá forálacha inti freisin maidir leis an nós imeachta is infheidhme i gcás inar cosúil sáruithe a bheith déanta le linn cigireachtaí calafoirt. I gCaibidil VI, faightear rialacha maidir le forfheidhmiú agus comhlíonadh, go háirithe scaipeadh faisnéise faoi ghníomhaíochtaí iascaireachta de chineál neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe (NNN), cur chun feidhme beart maidir le soithí iascaireachta ar liosta NNN SPRFMO agus bainistíocht a dhéanamh i ndáil le saincheisteanna a bhaineann le comhlíonadh.

I dTeideal V, faightear forálacha críochnaitheacha, amhail rúndacht tuarascálacha agus teachtaireachtaí leictreonacha, an nós imeachta maidir le leasuithe, an tarmligean a fheidhmiú, cur chun feidhme agus teacht i bhfeidhm.

2017/0056 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i Limistéar Choinbhinsiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 2 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh, mar atá sé leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , a áirithiú go ndéanfar acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar chaoi a chothóidh inbhuanaitheacht fhadtéarmach, eacnamaíoch comhshaoil agus sóisialta.

(2)Le Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle 4 , d’fhaomh an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige ina bhfuil prionsabail agus rialacha i dtaca le beo-acmhainní na mara a chaomhnú agus a bhainistiú. I gcomhréir leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta eile atá air, bíonn an tAontas Eorpach rannpháirteach sna hiarrachtaí a dhéantar in uiscí idirnáisiúnta stoic éisc a chaomhnú.

(3)De bhun Chinneadh 2012/130/AE ón gComhairle 5 , ó bhí an 26 Iúil 2010 ann, is Páirtí Conarthach é an tAontas sa Choinbhinsiún um Chaomhnú agus Bainistíocht Acmhainní Iascaigh Mórmhara san Aigéan Ciúin Theas (dá ngairtear"Coinbhinsiún SPRFMO" anseo feasta) lenar bunaíodh an Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO).

(4)Laistigh de SPRFMO, tá Coimisiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas freagrach as bearta a ghlacadh atá ceaptha caomhnú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní iascaigh a áirithiú tríd an gcur chuige réamhchúraim agus cur chuige na n-éiceachóras a chur i bhfeidhm maidir le bainistíocht iascaigh, agus, trí dhéanamh amhlaidh, na héiceachórais mhuirí ina bhfuil na hacmhainní sin a choimirciú. D’fhéadfadh sé go dtiocfaidh bearta den sórt sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.

(5)Is gá a áirithiú go ndéanfar na bearta caomhnaithe agus bainistíochta a ghlacann SPRFMO a thrasuí go hiomlán isteach i ndlí an Aontais agus, dá bhrí sin, go ndéanfar iad a chur chun feidhme ar mhodh aonfhoirmeach éifeachtach laistigh den Aontas.

(6)Tá an t-údarás ag SPRFMO bearta caomhnaithe agus bainistíochta atá ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha a ghlacadh maidir leis na hiascaigh atá faoina chúram. Tá na gníomhartha sin dírithe go príomha ar Pháirtithe Conarthacha in SPRFMO agus déantar foráil leo maidir le hoibleagáidí a bhaineann le hoibreoirí amhail máistrí soithigh iascaireachta.

(7)Ní ceart go gclúdódh an Rialachán seo na deiseanna iascaireachta arna gcinneadh ag SPRFMO ós rud é go ndéantar na deiseanna iascaireachta sin a chionroinnt faoi chuimsiú na rialála bliantúla ar dheiseanna iascaireachta a ghlactar de bhun Airteagal 43(3) den Chonradh.

(8)Chun leasuithe ceangailteacha a dhéanfar ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO amach anseo a ionchorprú go mear isteach i ndlí an Aontais, is ceart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasú na nIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo agus leasú Airteagail ábhartha an Rialacháin seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(9)Chun comhlíonadh an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, tá reachtaíocht Aontais glactha chun córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe a bhunú, ar cuid de an comhrac i gcoinne gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN).

(10)Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle bunaítear córas Aontais um rialú, cigireacht agus forfheidhmiú, ar córas é lena ngabhann cur chuige domhanda comhtháite chun comhlíonadh rialacha uile an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle bunaítear córas Comhphobail le haghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Leis na Rialacháin sin, tá cuid de na forálacha atá leagtha síos i mbearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO á gcur chun feidhme cheana féin. Ní gá, dá bhrí sin, na forálacha sin a áireamh sa Rialachán seo.

(11)Le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 tugadh isteach oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, ar oibleagáid í a bhfuil feidhm aici ón 1 Eanáir 2015 ar aghaidh maidir le hiascaigh speiceas peiligeach, idir bheag agus mhór, maidir le hiascaigh a oibrítear chun críoch tionsclaíoch agus maidir le hiascaigh bradán i Muir Bhailt. Faoi Airteagal 15(2) den Rialachán sin, áfach, tá an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír gan dochar d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, amhail na hoibleagáidí sin atá ann mar thoradh ar Bhearta Caomhnaithe agus Bainistíochta SPRFMO.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Teideal I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos forálacha bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe a bhaineann le hiascaireacht speiceas traslimistéir i Limistéar Choinbhinsiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO).

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

(a) Soithí iascaireachta de chuid an Aontais a oibríonn i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO a shonraítear in Airteagal 5 den Choinbhinsiún sin;

(b)Soithí iascaireachta de chuid an Aontais a thrasloingsíonn táirgí iascaigh a ghabhtar i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO;

(c) Soithí iascaireachta tríú tír a iarrann cead isteach i gcalafoirt de chuid an Aontais nó atá ina n-ábhar do chigireacht i gcalafort den sórt sin agus a bhfuil táirgí iascaigh a fuarthas i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO á niompar acu.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO’ an limistéar geografach mórmhara laisteas de 10° T, lastuaidh de Limistéar Choinbhinsiún CCAMLR arna sainiú sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú Beo-acmhainní Muirí san Antartach, lastoir de Limistéar Choinbhinsiún SIOFA arna shainiú i gComhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas, agus laistiar de limistéir dhlínsí iascaigh Stáit Mheiriceá Theas;

(2)ciallaíonn ‘soitheach iascaireachta’ aon soitheach d’aon mhéid a úsáidtear, nó a bheartaítear a úsáid, chun acmhainní iascaigh a shaothrú ar bhonn tráchtála, lena náirítear longa tacaíochta, soithí próiseála éisc, soithí a ghabhann don trasloingsiú agus soithí iompair atá trealmhaithe chun táirgí iascaigh a iompar, seachas soithí coimeádán;

(3)ciallaíonn ‘acmhainní iascaigh SPRFMO’ na hacmhainní bitheolaíocha muirí go léir laistigh de Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO, gan an méid seo a leanas a áireamh:

(a) speicis neamhaistreacha a mhéid a thagann siad faoi réir dlínse náisiúnta Stát cósta de bhun mhír 4 d’Airteagal 77 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (dá ngairtear “Coinbhinsiún 1982” anseo feasta);

(b) speicis mhórimirceacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Choinbhinsiún 1982;

(c) speicis de chineál anadromach agus catadromach;

(d) mamaigh mhuirí, reiptílí muirí agus éin mhara;

(4)ciallaíonn ‘táirgí iascaigh’ orgánaigh uisceacha laistigh de Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO a thig ó aon ghníomhaíocht iascaireachta nó táirgí a dhíorthaíonn ó ghníomhaíocht den sórt sin;

(5)ciallaíonn ‘gníomhaíocht iascaireachta’ cuardach éisc, lámhach, socrú, tarraingt, tarlú an trealaimh iascaireachta, gabháil a thabhairt ar bord, éisc agus táirgí iascaigh a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú agus a thabhairt i dtír;

(6)ciallaíonn ‘iascaireacht ghrinnill’ iascaireacht ag aon soitheach iascaireachta a úsáideann aon trealamh ar dóigh dó teacht i dteagmháil le grinneall na farraige nó le horgánaigh bheantacha i ngnáthchúrsa oibríochtaí;

(7)ciallaíonn ‘lorg iascaireachta grinnill’ fairsinge spásúil na hiascaireachta grinnill le linn tréimhse shonraithe ama i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO;

(8)ciallaíonn ‘dréachtliosta soithí NNN SPRFMO’ an liosta tosaigh soithí iascaireachta a dtoimhdítear ina leith go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe nó neamhrialáilte (NNN) déanta acu, arna dhréachtú ag Rúnaíocht SPRFMO agus arna thíolacadh lena bhreithniú ag Coiste Comhlíontachta agus Teicniúil SPRFMO;

(9)ciallaíonn ‘iascach taiscéalaíoch’ iascach nach bhfuil iascaireacht déanta ann nó nach bhfuil iascaireacht déanta ann le cineál áirithe trealaimh nó le teicníocht áirithe i rith na ndeich mbliana roimhe sin;

(10)ciallaíonn ‘iascach bunaithe’ iascach nár dúnadh agus a bhfuil iascaireacht déanta ann nó a bhfuil iascaireacht déanta ann le cineál áirithe trealaimh nó le teicníocht áirithe i rith na ndeich mbliana roimhe sin;

(11)ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí iascaireachta NNN’ gníomhaíocht iascaireachta neamhdhleathach, neamhthuairiscithe nó neamhrialáilte mar atá sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(12)is ionann Páirtí Comhoibríoch Neamhchonarthach in SPRFMO agus Stát nó eintiteas iascaireachta nach páirtí é i gCoinbhinsiún SPRFMO ach atá tar éis a aontú go gcomhoibreoidh sé go hiomlán le cur chun feidhme na rialacha caomhnaithe agus bainistíochta atá glactha ag SPRFMO;

(13)ciallaíonn ‘taifead soithí SPRFMO’ an liosta soithí iascaireachta atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sa Limistéar Coinbhinsiúin, ar liosta é a choinníonn Rúnaíocht SPRFMO de réir na bhfógraí arna dtabhairt ag Páirtithe Conarthacha agus Páirtithe Comhoibríocha Neamhchonarthacha in SPRFMO;

(14)ciallaíonn ‘trasloingsiú’ na táirgí iascaigh go léir atá ar bord soitheach iascaireachta nó aon chuid díobh sin a dhíluchtú chuig soitheach iascaireachta eile;

(15)ciallaíonn 'speicis eile is ábhar imní' na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(16)ciallaíonn ‘éiceachóras muirí leochaileach’ aon éiceachóras muirí a bhfuil a shláine faoi bhagairt, de réir na faisnéise eolaíochta is fearr dá bhfuil ar fáil agus de réir phrionsabal an réamhchúraim, ó thionchair dhochracha shuntasacha atá ann mar thoradh ar theagmháil fhisiciúil le trealamh grinnill i ngnáthchúrsa oibríochtaí iascaireachta, lena n-áirítear, inter alia, rífeanna, tuláin ghrinnill, poill hidriteirmeacha, coiréalaigh uisce fhuair nó leapacha spúinse uisce fhuair.

Teideal II

Bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe maidir le speicis áirithe

Caibidil I

Bolmán sileach (Trachurus murphyi)

Airteagal 4

Bainistíocht gabhálacha bolmán sileach

1.    I gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1006/2008, dúnfaidh Ballstát an t-iascach bolmán sileach do shoithí iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain acu nuair a bhíonn a ngabháil iomlán comhionann le 100 faoin gcéad dá dteorainn ghabhála.

2.    Cuirfidh na Ballstáit an dáta dúnta in iúl don Choimisiún gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a tharchur go pras chuig Rúnaíocht SPRFMO.

Airteagal 5

Clúdach breathnóra maidir le hiascach bolmán sileach

Déanfaidh na Ballstáit clúdach breathnóra a áirithiú i leith 10 faoin gcéad ar a laghad de na turais a dhéanann soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu. I gcás soithí iascaireachta nach ndéanann níos mó ná dhá thuras san iomlán, déanfar an clúdach breathnóra 10 faoin gcéad a ríomh ar bhonn laethanta iascaireachta gníomhaí do thrálaeir agus ar bhonn socruithe do bháid saighne

Airteagal 6

Tuairisciú sonraí maidir le bolmáin shileacha

1.    Déanfaidh na Ballstáit, faoin 15ú lá de gach mí, na gabhálacha bolmán sileach ón mí roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.    De bhreis ar mhír 1, déanfaidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas maidir le hiascaigh bolmán sileach a thuairisciú don Choimisiún:

a) faoin 5ú lá de gach mí, an liosta dá shoithí iascaireachta a bhí ag gabháil do thrasloingsiú sa mhí roimhe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO laistigh de 20 lá ó dheireadh na míosa sin;

b) laistigh de 5 lá ó dheireadh gach ráithe ar leith, na sonraí VMS faoi na soithí iascaireachta a bhí ag iascaireacht go gníomhach nó a bhí ag gabháil do thrasloingsiú sa ráithe roimhe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO laistigh de 10 lá ó dheireadh gach ráithe;

c) 45 lá roimh chruinniú Choiste Eolaíoch SPRFMO, an tuarascáil eolaíochta bhliantúil a bhaineann leis an mbliain roimhe sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht SPRFMO tráth nach déanaí ná 30 lá roimh chruinniú Choiste Eolaíoch SPRFMO.

3.Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh an Coimisiún na sonraí faoi ghabhálacha bliantúla atá bailithe de réir beomheáchain agus a chlúdaíonn gabhálacha na bliana féilire roimhe sin a sholáthar do Rúnaíocht SPRFMO. 

Caibidil II

Éin mhara

Airteagal 7

Bearta maolúcháin do bháid spiléireachta i dtaca le héin mhara de

1. Tiocfaidh gach soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a úsáideann spiléir faoi réir na mbeart maolúcháin a bhaineann le héin mhara agus atá leagtha amach san Airteagal seo.

2. Bainfidh gach soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a úsáideann spiléir ghrinnill úsáid as línemheáchain agus línte scanraithe éan.

3.Ní shocróidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais spiléir i rith uaireanta an dorchadais ná ní sceithfidh siad scairteach le linn lámhach agus tarlú a dhéanamh.

4. Déanfar líne-ualú a rigeáil i gcomhréir le hIarscríbhinn I.

5. Déanfar línte scanraithe éan a rigeáil i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

6.Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais scairteach a sceitheadh le linn lámhach agus tarlú a dhéanamh. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta, déanfaidh soithí dramhaíl a bhaisceadh ar feadh dhá uair an chloig nó níos mó.

Airteagal 8

Bearta maolúcháin do thrálaeir i dtaca le héin mhara de

1.Tiocfaidh gach soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a úsáideann trealamh tráil faoi réir na mbeart maolúcháin a bhaineann le héin mhara agus atá leagtha amach san Airteagal seo.

2.Le linn iascaireacht a dhéanamh, bainfidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais úsáid as dhá líne scanraithe éan nó, má choisceann na cleachtais oibríochtúla úsáid éifeachtach dhá líne scanraithe éan, bainfidh siad úsáid as sciath éan.

3.Déanfar sciatha éan a rigeáil i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

4.Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais scairteach a sceitheadh le linn lámhach agus tarlú a dhéanamh.

5.Déanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais scairteach a thiontú ina min éisc agus coimeádfaidh siad gach dramhábhar, agus is sceitheadh leachta/uisce sumpa amháin a bheidh in aon sceitheadh. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta, déanfaidh soithí iascaireachta dramhaíl a bhaisceadh ar feadh dhá uair an chloig nó níos mó.

6.Glanfar líonta tar éis gach oibríochta iascaireachta chun iasc i bhfostú agus ábhar beantach a bhaint amach d’fhonn idirghníomhaíocht le héin nuair atá trealamh á úsáid a dhíspreagadh.

7.Déanfar an t-am a mbíonn an líon ar dhromchla an uisce le linn tarlú a íoslaghdú trí chothabháil chuí crann tochrais agus trí chleachtais mhaithe deice.

Airteagal 9

Tuairisciú sonraí faoi éin mhara

Ina dtuarascáil eolaíochta bhliantúil, atá le soláthar don Choimisiún 45 lá roimh chruinniú Choiste Eolaíoch SPRFMO gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit léiriú ar na nithe seo a leanas:

(a)na bearta maolúcháin i dtaca le héin mhara de arna núsáid ag gach soitheach iascaireachta a raibh a mbratach ar foluain acu agus a bhí ag iascaireacht i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO; 

(b)an leibhéal clúdaigh breathnóra atá infheidhme maidir le taifeadadh foghabhálacha éan mara.

Teideal III

Bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe maidir le modhanna iascaireachta áirithe

Caibidil I

Iascaireacht ghrinnill

Airteagal 10

Údarú chun iascaireacht ghrinnill a dhéanamh

1. Ní cheadóidh na Ballstáit do shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu iascaireacht ghrinnill a dhéanamh gan údarú a fháil ó SPRFMO roimh ré.

2. Déanfaidh Ballstáit a bheartaíonn gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill a dhéanamh sa Limistéar Coinbhinsiúin iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná 45 lá roimh an gcruinniú de Choiste Eolaíoch SPRFMO ag ar mian leo go ndéanfaí an iarraidh a bhreithniú. Cuirfidh an Coimisiún an iarraidh ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO tráth nach déanaí ná 30 lá roimh chruinniú an Choiste Eolaíoch. Beidh an méid seo a leanas san áireamh san iarraidh:

(a)lorg na hiascaireachta grinnill, agus é bunaithe ar an teist maidir le gabhálacha ó iascaireacht ghrinnill nó ar iarracht na hiascaireachta grinnill i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO thar an tréimhse ón 1 Eanáir 2002 go dtí an 31 Nollaig 2006 de réir mar a bheidh suite ag an mBallstát lena mbaineann;

(b)an meánleibhéal gabhálacha thar an tréimhse ón 1 Eanáir 2002 go dtí an 31 Nollaig 2006;

(c)measúnú tionchair ar iascaireacht ghrinnill;

(d)meastóireacht i dtaobh an gcuireann na gníomhaíochtaí atá beartaithe bainistíocht inbhuanaithe chun cinn, i dtaca le spriocspeicis agus speicis nach spriocspeicis iad a ghabhtar mar fhoghabháil, agus, ina theannta sin, an gcosnaíonn na gníomhaíochtaí sin na héiceachórais mhuirí ina bhfuil na hacmhainní sin ar marthain, lena náirítear trí chosc a chur ar thionchair dhochracha shuntasacha ar éiceachórais mhuirí leochaileacha.

3.Déanfar an measúnú tionchair dá dtagraítear i mír (2) (c) a chur i gcrích i gcomhréir le Treoirlínte Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta (EBT) na Náisiún Aontaithe maidir le hIascaigh Dhomhainfharraige agus cuirfear san áireamh ann Caighdeán SPRFMO maidir le Measúnú Tionchair ar Iascaireacht Ghrinnill agus limistéir arb eol, nó ar dóigh, ina leith go bhfuil éiceachórais mhuirí leochaileacha ar marthain iontu.

4. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh SPRFMO maidir leis an údarú chun iascaireacht ghrinnill a dhéanamh i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO, is é sin, an túdarú a ndearnadh an measúnú tionchair ina leith, a chur in iúl don Bhallstát ábhartha, lena náirítear aon choinníollacha a ghabhann leis an údarú agus na bearta cuí chun tionchair dhochracha shuntasacha ar éiceachórais mhuirí leochaileacha a chosc.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na measúnuithe dá dtagraítear i mír (2) (c) a uasdátú nuair a tharlaíonn athrú san iascach ar dóigh dó tionchar a bheith aige ar éiceachórais mhuirí leochaileacha, agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin don Choimisiún, a luaithe a bheidh sí ar fáil, lena tarchur chuig Rúnaíocht SPRFMO.

Airteagal 11

Iascaireacht ghrinnill lasmuigh den lorg nó a sháraíonn leibhéil ghabhála na tréimhse tagartha

1. Ní cheadóidh na Ballstáit do shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu iascaireacht ghrinnill a dhéanamh lasmuigh den lorg iascaireachta grinnill ná iascaireacht ghrinnill a dhéanamh a sháraíonn leibhéil ghabhála na tréimhse tagartha, gan údarú a fháil ó SPRFMO roimh ré.

2. Aon Bhallstáit a bheartaíonn iascaireacht a dhéanamh lasmuigh den lorg iascaireachta grinnill nó a bheartaíonn dul thar an meánleibhéal gabhála dá dtagraítear i mír 2(b) d’Airteagal 10, cuirfidh siad iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin 80 lá roimh an gcruinniú de Choiste Eolaíoch SPRFMO sa bhliain inar mian leo go ndéanfaí an iarraidh a bhreithniú. Déanfaidh an Coimisiún an t-iarratas a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO tráth nach déanaí ná 60 lá roimh chruinniú Choiste Eolaíoch SPRFMO. Soláthrófar an méid seo a leanas san iarraidh:

(a)measúnú tionchair ar iascaireacht ghrinnill;

(b)meastóireacht i dtaobh an gcuireann na gníomhaíochtaí atá beartaithe bainistíocht inbhuanaithe chun cinn, i dtaca le spriocspeicis agus speicis nach spriocspeicis iad a ghabhtar mar fhoghabháil, agus, ina theannta sin, an gcosnaíonn na gníomhaíochtaí sin na héiceachórais mhuirí ina bhfuil na hacmhainní sin ar marthain, lena náirítear trí chosc a chur ar thionchair dhochracha shuntasacha ar éiceachórais mhuirí leochaileacha.

3. Déanfar an measúnú tionchair dá dtagraítear i mír (2) (a) a chur i gcrích i gcomhréir le Treoirlínte Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta (EBT) na Náisiún Aontaithe maidir le hIascaigh Dhomhainfharraige agus cuirfear san áireamh ann Caighdeán SPRFMO maidir le Measúnú Tionchair ar Iascaireacht Ghrinnill agus limistéir arb eol, nó ar dóigh, ina leith go bhfuil éiceachórais mhuirí leochaileacha ar marthain iontu.

4. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh SPRFMO maidir leis an údarú chun iascaireacht ghrinnill a dhéanamh laistigh den Limistéar Coinbhinsiúin, is é sin, an túdarú a ndearnadh an measúnú tionchair ina leith, a chur in iúl don Bhallstát ábhartha, lena náirítear aon choinníollacha a ghabhann leis an údarú agus na bearta cuí chun tionchair dhochracha shuntasacha ar éiceachórais mhuirí leochaileacha a chosc.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnuithe a uasdátú nuair a tharlaíonn athrú san iascach ar dóigh dó tionchar a bheith aige ar éiceachórais mhuirí leochaileacha, agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin don Choimisiún, a luaithe a bheidh sí ar fáil, lena tarchur chuig Rúnaíocht SPRFMO.

Airteagal 12

Éiceachórais Mhuirí Leochaileacha i gcomhthéacs na hiascaireachta grinnill

1. Go dtí go mbeidh comhairle forbartha ag Coiste Eolaíoch SPRFMO maidir le leibhéil tairsí, bunóidh na Ballstáit leibhéil tairsí i ndáil le teagmháil le heiceachórais mhuirí leochaileacha i gcás soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu, agus aird á tabhairt ar mhír 68 de Threoirlínte EBT maidir le hIascaigh Dhomhainfharraige.

2. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu scor d’iascaireacht ghrinnill a dhéanamh laistigh de chúig mhuirmhíle ó aon láithreán i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO inar mó na teagmhálacha ná na leibhéil tairsí a bhunaítear de bhun mhír 1. Tuairisceoidh na Ballstáit teagmhálacha le héiceachórais mhuirí leochaileacha don Choimisiún ar bhonn na dtreoirlínte a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO gan mhoill.

Airteagal 13

Clúdach breathnóra maidir le hiascaireacht ghrinnill

Áiritheoidh na Ballstáit clúdach breathnóra 100 faoin gcéad i gcás trálaer a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a ghabhann d’iascaireacht ghrinnill agus áiritheoidh siad clúdach 10 faoin gcéad ar a laghad i gcás soithí iascaireachta a úsáideann trealamh eile iascaireachta grinnill.

Airteagal 14

Tuairisciú sonraí maidir le hiascaireacht ghrinnill

1. Déanfaidh na Ballstáit, faoin 15ú lá de gach mí, na gabhálacha míosúla speiceas iascaireachta grinnill ón mí roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.Laistigh de 15 lá ó dheireadh gach míosa, tabharfaidh na Ballstáit liosta don Choimisiún de na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá ag iascaireacht go gníomhach agus de na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá ag gabháil do thrasloingsiú. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO laistigh de 5 lá ón bhfaisnéis a fháil.

3.Laistigh de 5 lá ó dheireadh gach ráithe, déanfaidh na Ballstáit na sonraí VMS ar fad don ráithe roimhe sin a sholáthar don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO laistigh de 10 lá ó dheireadh gach ráithe.

4.Toirmeascfaidh na Ballstáit ar shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu páirt a ghlacadh in iascaireacht ghrinnill más rud é nach soláthraítear na sonraí riachtanacha íosta maidir le céannacht soithigh iascaireachta a leagtar síos in Iarscríbhinn V.

Caibidil II

Iascaigh thaiscéalaíocha

Airteagal 15

Iarratas maidir le hiascaigh thaiscéalaíocha

1.Déanfaidh na Ballstáit ar mhaith leo cead a thabhairt do shoitheach iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain aige iascaireacht a dhéanamh in iascach taiscéalaíoch an méid seo a leanas a chur faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná 80 lá roimh chruinniú Choiste Eolaíoch SPRFMO:

a) iarratas ina soláthraítear an fhaisnéis atá luaite in Iarscríbhinn V;

b) Plean Oibríochta Iascaigh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI, lena náirítear gealltanas chun an Plean maidir le Bailiú Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16(3), (4) agus (5) a chomhlíonadh.

2. Tráth nach déanaí ná 60 lá roimh chruinniú Choiste Eolaíoch SPRFMO, cuirfidh an Coimisiún an t-iarratas ar aghaidh chuig SPRFMO agus cuirfidh sé an Plean Oibríochta Iascaigh ar aghaidh chuig Coiste Eolaíoch SPRFMO.

3. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh SPRFMO maidir leis an údarú chun iascaireacht a dhéanamh in iascach taiscéalaíoch a chur in iúl do na Ballstáit.

 

Airteagal 16

Údarú i leith iascaigh thaiscéalaíocha

1. Ní cheadóidh na Ballstáit do shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu iascaireacht a dhéanamh in iascach taiscéalaíoch gan údarú a fháil ó SPRFMO roimh ré.

2. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh aon soitheach iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain aige iascaireacht in iascach taiscéalaíoch ach amháin i gcomhréir le Plean Oibríochta Iascaigh atá ceadaithe ag SPRFMO.

3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar na sonraí a éilítear de réir Phlean SPRFMO maidir le Bailiú Sonraí a sholáthar don Choimisiún lena dtarchur chuig Rúnaíocht SPRFMO.

4. Déanfar soithí iascaireachta de chuid Ballstát atá údaraithe chun bheith páirteach in iascaigh thaiscéalaíocha a thoirmeasc ó iascaireacht a dhéanamh san iascach taiscéalaíoch ábhartha ach amháin má cuireadh na sonraí a shonraítear i bPlean SPRFMO maidir le Bailiú Sonraí don séasúr is déanaí ina ndearnadh an iascaireacht faoi bhráid Rúnaíocht SPRFMO agus má tá na sonraí sin athbhreithnithe ag an gCoiste Eolaíoch.

5. Áiritheoidh Ballstáit a mbeidh a soithí iascaireachta páirteach in iascaigh thaiscéalaíocha go mbeidh ar a laghad breathnóir neamhspleách amháin ar bord gach soithigh iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain aige agus gur leor an líon sin breathnóirí chun sonraí a bhailiú i gcomhréir le Plean SPRFMO maidir le Bailiú Sonraí.

Airteagal 17

Soithí iascaireachta ionaid in iascaigh thaiscéalaíocha

1. D’ainneoin Airteagal 15 agus Airteagal 16, beidh na Ballstáit i dteideal Iascaireacht a údarú in iascach taiscéalaíoch i gcás soitheach a bhfuil a mbratach ar foluain aige agus nach bhfuil sainaitheanta sa Phlean Oibríochta Iascaigh más rud é go gcoisctear ar shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais atá sainaitheanta sa Phlean Oibríochta Iascaigh iascaireacht a dhéanamh de bharr cúiseanna dlisteanacha oibríochtúla nó force majeure. Sa chás sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin gan mhoill agus cuirfidh sé an méid seo a leanas ar fáil:

a)mionsonraí iomlána faoin soitheach ionaid atá beartaithe;

b)cuntas cuimsitheach ar na cúiseanna le soitheach ionaid a bheith ag teastáil agus aon fhianaise thacaíochta ábhartha;

c)sonraíochtaí agus tuairisc iomlán faoi na cineálacha trealaimh iascaireachta atá le húsáid ag an soitheach ionaid.

2. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht SPRFMO gan mhoill.

Teideal IV

Comhbhearta Rialaithe

Caibidil I

Údaruithe

Airteagal 18

Taifead na Soithí

1. Faoin 15 Samhain gach bliain, déanfaidh na Ballstáit liosta de na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO sa bhliain dár gcionn a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena tharchur chuig Rúnaíocht SPRFMO, lena náirítear an fhaisnéis atá luaite in Iarscríbhinn V. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh stair chomhlíontachta soithí agus oibreoirí iascaireachta nuair atá breithniú á dhéanamh acu i dtaobh údaruithe a eisiúint do Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO.

2. Déanfaidh na Ballstáit fógra faoi shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sa Limistéar Coinbhinsiúin a thabhairt don Choimisiún 20 lá ar a laghad roimh an gcéad uair a théann gach soitheach den sórt sin isteach i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht SPRFMO 15 lá ar a laghad roimh an gcéad uair a théann an soitheach lena mbaineann isteach i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na sonraí faoi shoithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO cothrom le dáta. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi aon mhodhnú 10 lá ar a dhéanaí tar éis an mhodhnaithe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO laistigh de 5 lá ón tráth a bhfaigheann sé í.

4. I gcás ina ndéantar údarú a chúlghairm nó a thréigean, nó in aon imthosca eile a fhágann go bhfuil údarú neamhbhailí, cuirfidh na Ballstáit sin in iúl don Choimisiún gan mhoill ionas gur féidir leis an gCoimisiún an fhaisnéis sin a sholáthar do Rúnaíocht SPRFMO laistigh de thréimhse 3 lá tar éis an dáta a ndéantar an túdarú neamhbhailí.

5. D’ainneoin Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh cead ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach bhfuil i dTaifead Soithí SPRFMO gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh i gcás speicis a fhaightear i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO.

Caibidil II

Trasloingsiú

Airteagal 19

Forálacha ginearálta maidir le trasloingsiú

1. Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na hoibríochtaí trasloingsithe seo a leanas:

a) oibríochtaí trasloingsithe a chuirtear i gcrích laistigh de Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO i ndáil le hacmhainní iascaigh SPRFMO agus speicis eile a gabhadh i gcomhthráth leis na hacmhainní sin agus a fuarthas i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO;

b)oibríochtaí trasloingsithe a chuirtear i gcrích lasmuigh de Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO i ndáil le hacmhainní iascaigh SPRFMO agus speicis eile a gabhadh i gcomhthráth leis na hacmhainní sin agus a fuarthas i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO.

2. Ní dhéanfar trasloingsiú ar muir agus i gcalafoirt ach amháin idir soithí iascaireachta atá san áireamh i dTaifead Soithí SPRFMO.

3. Ar muir, ní rachfar i mbun aistriú breosla, criú, trealaimh nó aon soláthairtí eile i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO ach amháin idir soithí iascaireachta atá san áireamh i dTaifead Soithí SPRFMO.

4.    Beidh an tAirteagal seo gan dochar d’Airteagal 21 agus d’Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus d'Airteagal 4(3) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

5.    Toirmeascfar in uiscí an Aontais trasloingsiú ar muir i ndáil le hacmhainní iascaigh SPRFMO, agus i ndáil le speicis eile a gabhadh i gcomhthráth leis na hacmhainní sin agus a fuarthas i limistéar Choinbhinsiún SPRFMO.

Airteagal 20

Fógra a thabhairt maidir le trasloingsiú bolmán sileach agus speiceas grinnill

1. Beag beann ar an áit ina dtarlaíonn an trasloingsiú, i gcás trasloingsiú bolmán sileach agus speiceas grinnill arna ngabháil i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO ag soithí iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu, déanfaidh údaráis an Bhallstáit sin an fhaisnéis seo a leanas a tharchur, an tráth céanna, chuig an gCoimisiún agus chuig Rúnaíocht SPRFMO:

(a) fógra á rá go bhfuil rún acu trasloingsiú a dhéanamh, ina luafar tréimhse 14 lá ina bhfuil sé beartaithe an trasloingsiú bolmán sileach agus speiceas grinnill arna ngabháil i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO a dhéanamh, ar fógra é a gheofar ar a laghad 7 lá roimh an gcéad lá den tréimhse 14 lá sin.

(b) fógra maidir leis an trasloingsiú féin, a gheofar ar a laghad 12 uair roimh an am a meastar go ndéanfar na gníomhaíochtaí sin.

Féadfaidh na Ballstáit a údarú d’oibreoir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais an fhaisnéis sin a sholáthar go díreach do Rúnaíocht SPRFMO ach sin faoi réir an fhaisnéis a tharchur an tráth céanna chuig an gCoimisiún.

2. I gcomhréir le hIarscríbhinn VII, áireofar sna fógraí sin dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis ábhartha atá ar fáil maidir leis an oibríocht trasloingsithe, lena náirítear an dáta agus an t-am measta, an suíomh ionchasach, an tiascach, agus faisnéis faoi na soithí iascaireachta de chuid an Aontais lena mbaineann.

Airteagal 21

Faireachán ar thrasloingsiú bolmán sileach agus speiceas grinnill

1. Má tá breathnóir ar bord an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil díluchtú nó glacadh á dhéanamh aige, déanfaidh an breathnóir faireachán ar na gníomhaíochtaí trasloingsithe. Comhlánóidh an breathnóir bileog loga trasloingsithe SPRFMO i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII chun cainníocht agus speicis na dtáirgí iascaigh atá á dtrasloingsiú a fhíorú, agus soláthróidh an breathnóir cóip den bhileog loga d'údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain ag an soitheach a ndearnadh breathnóireacht air.

2. Déanfaidh an Ballstát a bhfuil a bhratach ar foluain ag an soitheach iascaireachta sonraí an bhreathnóra ar an mbileog loga trasloingsithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 10 lá ón tráth a dtagann an breathnóir i dtír. Cuirfidh an Coimisiún na sonraí sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO laistigh de 15 lá ón dáta a dtagann an breathnóir i dtír.

3. Chun cainníocht agus speicis na dtáirgí iascaigh atá á dtrasloingsiú a fhíorú, agus chun a áirithiú gur féidir fíorú cuí a dhéanamh, beidh rochtain iomlán ag an mbreathnóir ar bord ar an soitheach iascaireachta de chuid an Aontais atá á bhreathnú, lena n-áirítear rochtain ar an gcriú, ar na gléasanna, ar an trealamh, ar na taifid agus ar na boilg.

Airteagal 22

Faisnéis atá le tuairisciú tar éis bolmáin shileacha agus speicis ghrinnill a thrasloingsiú

1. Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil baint acu leis an oibríocht trasloingsithe na mionsonraí oibríochtúla go léir a chur in iúl, an tráth céanna, do Rúnaíocht SPRFMO agus don Choimisiún i gcomhréir le hIarscríbhinn IX agus tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis an trasloingsiú a dhéanamh.

2. Féadfaidh na Ballstáit a údarú d’oibreoir an tsoithigh iascaireachta an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar go díreach do Rúnaíocht SPRFMO ar mhodh leictreonach, ach sin faoi réir an fhaisnéis a tharchur an tráth céanna chuig an gCoimisiún. Déanfar aon iarraidh ar shoiléiriú a fhaigheann oibreoir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais ó Rúnaíocht SPRFMO a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

Caibidil III

Sonraí a bhailiú agus a thuairisciú

Airteagal 23

Sonraí a bhailiú agus a thuairisciú

1. De bhreis ar na ceanglais maidir le tuairisciú sonraí a leagtar amach in Airteagail 6, 9, 12, 14, 16, 21 agus 22, déanfaidh na Ballstáit atá ag iascach i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO na sonraí a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo a sholáthar don Choimisiún.

2.Faoin 15 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh na Ballstáit a dhéanann iascaireacht i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO an beomheáchan i leith na speiceas/na ngrúpaí speiceas go léir a gabhadh i rith na bliana féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO roimh an 30 Meán Fómhair.

3.Faoin 15 Meitheamh gach bliain, déanfaidh na Ballstáit a dhéanann iascaireacht i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO na sonraí maidir le gníomhaíocht trálaeireachta, ar bhonn gach tarraingt ar leith, a thuairisciú don Choimisiún; na sonraí faoi spiléireacht ghrinnill, ar bhonn gach tacar ar leith; agus na sonraí faoi thabhairt i dtír, lena náirítear soithí cuisnithe, agus faoi thrasloingsiú. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO roimh an 30 Meitheamh.

4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais mhionsonraithe a leagan síos maidir leis an tuairisciú sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chur feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35.

Caibidil IV

Faireachas

Airteagal 24

Cláir bhreathnóra

1.Déanfaidh na Ballstáit a dhéanann iascaireacht i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO cláir bhreathnóra a bhunú chun na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn X a bhailiú.

2. Faoin 15 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh na Ballstáit a dhéanann iascaireacht i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO na sonraí breathnóra infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn X agus a chlúdaíonn an bhliain féilire roimhe sin a sholáthar don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO roimh an 30 Meán Fómhair.

3. Faoin 15 Lúnasa gach bliain, soláthróidh na Ballstáit a dhéanann iascaireacht i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO tuarascáil bhliantúil faoi chur chun feidhme an chláir breathnóra sa bhliain roimhe sin. Áireofar sa tuarascáil sin oiliúint bhreathnóra, dearadh agus clúdach an chláir, cineál na sonraí a bailíodh agus aon fhadhbanna a tháinig chun cinn i rith na bliana. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO roimh an 1 Meán Fómhair.

 

Caibidil V

Rialú soithí iascaireachta tríú tír i gcalafoirt de chuid na mBallstát

Airteagal 25

Pointí teagmhála agus calafoirt ainmnithe

1. Aon Bhallstát ar mian leis rochtain ar a chalafoirt a thabhairt do shoithí iascaireachta tríú tír atá ag iompar táirgí iascaigh SPRFMO a gabhadh i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO nó táirgí iascaigh de thionscnamh na nacmhainní sin nár tugadh i dtír ná nár trasloingsíodh roimhe sin i gcalafort nó ar muir, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a) na calafoirt ar féidir le soithí tríú tír cead a iarraidh chun dul isteach iontu a ainmniú de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) 1005/2008;

(b) pointe teagmhála a ainmniú chun réamhfhógra a ghlacadh de bhun Airteagal 6 de Rialachán (CE) 1005/2008 ón gComhairle;

(c)pointe teagmhála a ainmniú chun tuarascálacha cigireachta a tharchur de bhun Airteagal 11 (3) de Rialachán (CE) 1005/2008 ón gComhairle.

2. Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar an liosta calafort ainmnithe agus ar na pointí teagmhála ainmnithe a tharchur chuig an gCoimisiún 40 lá ar a laghad sula dtagann na hathruithe i bhfeidhm. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl do Rúnaíocht SPRFMO 30 lá ar a laghad sula dtagann na hathruithe sin i bhfeidhm.

Airteagal 26

Réamhfhógra

1. De mhaolú ar Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) 1005/2008, ceanglóidh Ballstáit Chalafoirt ar shoithí iascaireachta tríú tír atá ag iarraidh acmhainní iascaigh SPRFMO nár tugadh i dtír ná nár trasloingsíodh roimhe sin a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú i gcalafoirt de chuid na mBallstát sin an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar, i gcomhréir le hIarscríbhinn XI, tráth nach déanaí ná 48 uair an chloig roimh an am a meastar go mbainfear an calafort amach:

(a) Aitheantas an tsoithigh (aitheantas seachtrach, ainm, bratach, uimhir na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), más ann dó, agus comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (IRCS));

(b) Ainm an chalafoirt ainmnithe a bhfuil an soitheach iascaireachta ag iarraidh cead isteach ann agus an chúis a bhfuiltear ag iarraidh teacht isteach sa chalafort (tabhairt i dtír nó trasloingsiú);

(c) Cóip den údarú iascaireachta nó, más iomchuí, aon údarú eile atá ag an soitheach iascaireachta mar thacaíocht d’oibríochtaí maidir le táirgí iascaigh SPRFMO nó údarú chun táirgí iascaigh a thrasloingsiú;

(d) An dáta agus an t-am a meastar go mbainfear an calafort amach;

(e) Cainníochtaí measta gach ceann ar leith de tháirgí iascaigh SPRFMO atá á choinneáil ar bord, ina gcileagraim, mar aon leis na limistéir ghabhála ghaolmhara. Más rud é nach bhfuil aon táirgí iascaigh SPRFMO á gcoimeád ar bord, déanfar tuarascáil ‘nialas’ a tharchur.

(f) Cainníochtaí measta gach ceann ar leith de tháirgí iascaigh SPRFMO atá le tabhairt i dtír nó le trasloingsiú, ina gcileagraim, mar aon le limistéir ghabhála ghaolmhara;

g) Liosta fhoireann an tsoithigh iascaireachta;

h) Dátaí an turais iascaireachta.

2. Más rud é go n-iompraíonn an soitheach iascaireachta tríú tír táirgí iascaigh ar bord, beidh deimhniú gabhála arna bhailíochtú i gcomhréir le forálacha Chaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1005/2008 ag gabháil leis an bhfógra atá leagtha amach i mír 1.

3. Féadfaidh Ballstáit Chalafoirt faisnéis bhreise a iarraidh freisin nuair is mian leo a chinneadh ar ghabh an soitheach iascaireachta d’iascaireacht NNN nó do ghníomhaíochtaí gaolmhara.

4. Féadfaidh Ballstáit Chalafoirt tréimhse fógra níos faide nó níos giorra ná mar atá sonraithe i mír 1 a fhorordú, agus aird á tabhairt, inter alia, ar an gcineál táirge iascaigh agus ar an achar idir na fearainn iascaireachta agus a gcalafoirt. I gcás den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit Chalafoirt an méid sin in iúl don Choimisiún agus tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis go pras chuig Rúnaíocht SPRFMO.

Airteagal 27

Údarú chun tabhairt i dtír nó trasloingsiú a dhéanamh i gcalafoirt

Tar éis an fhaisnéis ábhartha a fháil de bhun Airteagal 26, cinnfidh an Ballstát Calafoirt an údarófar nó an ndiúltófar don soitheach iascaireachta tríú tír teacht isteach ina chalafort. I gcás ina ndiúltaítear don soitheach iascaireachta tríú tír teacht isteach, cuirfidh an Ballstát Calafoirt an méid sin in iúl don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO gan mhoill. Maidir le soithí iascaireachta atá ar liosta soithí NNN SPRFMO, diúltóidh na Ballstáit Chalafoirt dóibh teacht isteach ina gcalafoirt.

Airteagal 27 a

Cigireachtaí calafoirt

1. Déanfaidh na Ballstáit Chalafoirt cigireacht ar 5% ar a laghad d’oibríochtaí tabhairt i dtír agus trasloingsithe i ndáil le táirgí iascaigh SPRFMO arna gcur i gcrích ag soithí iascaireachta tríú tír ina gcalafoirt ainmnithe.

2. Gan dochar d’Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, déanfaidh na Ballstáit Chalafoirt cigireacht ar shoithí iascaireachta tríú tír más rud é:

(a) go bhfuil iarraidh ann ó Pháirtí Conarthach eile, ó Pháirtí Comhoibríoch Neamhchonarthach nó ó eagraíochtaí ábhartha réigiúnacha bainistíochta iascaigh go ndéanfar cigireacht ar shoitheach iascaireachta áirithe, go háirithe i gcás tacaíocht a bheith ann d’iarrataí den sórt sin i bhfoirm fianaise ar iascaireacht NNN ag an soitheach iascaireachta i dtrácht, agus tá forais shoiléire ann lena cheapadh gur ghabh soitheach iascaireachta d'iascaireacht NNN;

(b) gur mhainnigh soitheach iascaireachta faisnéis iomlán a sholáthar de réir mar a cheanglaítear in Airteagal 26;

(c) gur diúltaíodh don soitheach iascaireachta teacht isteach i gcalafort nó calafort a úsáid i gcomhréir le forálacha SPRFMO nó i gcomhréir le forálacha RFMO-anna eile.

Airteagal 28

Nós imeachta cigireachta

1.    Beidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo de bhreis ar na rialacha maidir leis an nós imeachta cigireachta a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

2. Iompróidh cigirí as na Ballstáit doiciméad bailí aitheantais. Féadfaidh siad cóipeanna d'aon doiciméid a mheastar a bheith ábhartha a thógáil.

3. Déanfar cigireachtaí a chur i gcrích ar mhodh a fhágann go ndéantar a laghad cur isteach ar an soitheach iascaireachta tríú tír agus go seachnaítear, a mhéid is indéanta, meath cháilíocht na gabhála.

4. Tar éis an chigireacht a chríochnú, tabharfar deis do Mháistir an tsoithigh iascaireachta coigríche a ndearnadh cigireacht air teagmháil a dhéanamh le húdarás inniúil an Bhallstáit Calafoirt ábhartha maidir le tuarascáil na cigireachta. Tá an teimpléad do thuarascáil na cigireachta le fáil in Iarscríbhinn XII.

5. Laistigh de 12 lá oibre ó dháta críochnaithe na cigireachta, déanfaidh an Ballstát Calafoirt cóip de thuarascáil na cigireachta dá dtagraítear in Airteagal 10(3) agus in Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) 1005/2008, agus a comhlánaíodh i gcomhréir le hIarscríbhinn XII, a tharchur chuig an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO laistigh de 15 lá oibre ó dháta críochnaithe na cigireachta.

6. Más rud é nach féidir tuarascáil na cigireachta a tharchur chuig an gCoimisiún laistigh de 15 lá oibre lena cur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO, déanfaidh an Ballstát Calafoirt na cúiseanna leis an moill agus an tráth a dtíolacfar an tuarascáil a chur in iúl don Choimisiún laistigh den tréimhse 15 lá oibre.

Airteagal 29

Nós imeachta i gcás ina bhfaightear fianaise ar sháruithe ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO le linn cigireachtaí calafoirt

1. Más rud é go soláthraíonn an fhaisnéis a bhailítear le linn na cigireachta fianaise a léiríonn go bhfuil sárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO déanta ag soitheach iascaireachta tríú tír, beidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo de bhreis ar Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

2.Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit Calafoirt cóip de thuarascáil na cigireachta a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún a luaithe is féidir agus, in aon chás, laistigh de chúig lá oibre. Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil sin a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin SPRFMO agus chuig Páirtí Conarthach na brataí nó chuig pointe teagmhála an Pháirtí Chomhoibríoch Neamhchonarthaigh gan mhoill.

3. Tabharfaidh Ballstáit Chalafoirt fógra faoin mbeart atá déanta i gcás ina dtarlaíonn sáruithe d’údarás inniúil Pháirtí Conarthach na brataí nó don Pháirtí Comhoibríoch Neamhchonarthach agus don Choimisiún agus tarchuirfidh an Coimisiún chuig Rúnaí Feidhmiúcháin SPRFMO é.

Caibidil VI

Forfheidhmiú

Airteagal 30

Sáruithe líomhnaithe ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO arna dtuairisciú ag na Ballstáit

Maidir le haon fhaisnéis dhoiciméadach a léiríonn cásanna ina bhféadfadh sé nár chomhlíon soitheach iascaireachta i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO bearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO sa dá bhliain roimhe sin, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin 120 lá ar a laghad roimh an gcruinniú bliantúil. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis sin agus, más iomchuí, cuirfidh sé ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO í 90 lá ar a laghad roimh an gcruinniú bliantúil.

Airteagal 30 a

Soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aige a áireamh i ndréachtliosta soithí NNN SPRFMO

1.    Má fhaigheann an Coimisiún fógra oifigiúil ó Rúnaíocht SPRFMO á rá go bhfuil soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aige curtha san áireamh i ndréachtliosta soithí NNN SPRFMO, déanfaidh sé an fógra, lena náirítear an fhianaise thacaíochta agus aon fhaisnéis dhoiciméadach eile a chuir Rúnaíocht SPRFMO ar fáil, a tharchur chuig an mBallstát chun tuairimí a fháil ina leith tráth nach déanaí ná 45 lá roimh chruinniú bliantúil Choimisiún SPRFMO. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis sin agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO í 30 lá ar a laghad roimh an gcruinniú bliantúil.

2.    Déanfaidh údaráis soithigh iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aige, ar údaráis iad a bhfuil fógra faighte acu ón gCoimisiún á rá go bhfuil an soitheach curtha san áireamh i ndréachtliosta soithí NNN SPRFMO, fógra a thabhairt d'úinéir an tsoithigh á rá go bhfuil sé curtha san áireamh i ndréachtliosta soithí NNN SPRFMO agus cuirfear in iúl dó na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le háireamh an tsoithigh sin ar an Liosta Soithí NNN arna ghlacadh ag SPRFMO.

Airteagal 31

Bearta a bhaineann le soithí iascaireachta a áirítear ar Liosta NNN SPRFMO

1. Tar éis ghlacadh Liosta Soithí NNN SPRFMO, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBallstát Brataí fógra a thabhairt d’úinéir an tsoithigh iascaireachta atá sainaitheanta ar Liosta Soithí NNN á rá go bhfuil sé san áireamh ar an liosta agus cad iad na hiarmhairtí a bhaineann leis an soitheach a bheith san áireamh ar an liosta.

2. Aon Bhallstát a bhfuil faisnéis aige a léiríonn go bhfuil athrú tagtha ar ainm nó ar Chomhartha Aitheantais Idirnáisiúnta Raidió (IRCS) soithigh iascaireachta atá ar Liosta Soithí NNN SPRFMO, déanfaidh sé an fhaisnéis sin a tharchur chuig an gCoimisiún a luaithe is indéanta. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO gan mhoill.

Airteagal 32

Neamhchomhlíonadh líomhnaithe arna thuairisciú ag Rúnaíocht SPRFMO

1.Má fhaigheann an Coimisiún aon fhaisnéis ó Rúnaíocht SPRFMO a léiríonn go bhfuil amhras ann nach raibh Coinbhinsiún SPRFMO agus/nó bearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO á gcomhlíonadh ag Ballstát, tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an mBallstát lena mbaineann gan mhoill.

2.Déanfaidh an Ballstát cinntí aon imscrúdaithe a dhéantar i ndáil leis na líomhaintí maidir le neamhchomhlíonadh, agus aon bhearta atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar nithe is ábhar imní ó thaobh comhlíonadh de, a chur in iúl don Choimisiún 45 lá ar a laghad roimh an gcruinniú bliantúil. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaí SPRFMO 30 lá ar a laghad roimh an gcruinniú bliantúil.

Airteagal 32 a

Sáruithe líomhnaithe ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO arna dtuairisciú ag Páirtí Conarthach nó ag Páirtí Comhoibríoch Neamhchonarthach

1.Ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála chun tuarascálacha cigireachta calafoirt a ghlacadh ó Pháirtithe Conarthacha nó ó Pháirtithe Comhoibríocha Neamhchonarthacha.

2.Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar an bpointe teagmhála ainmnithe a tharchur chuig an gCoimisiún 40 lá ar a laghad sula dtagann na hathruithe i bhfeidhm. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl do Rúnaíocht SPRFMO 30 lá ar a laghad sula dtagann na hathruithe sin i bhfeidhm.

3. Má fhaigheann an pointe teagmhála ainmnithe tuarascáil chigireachta ó Pháirtí Conarthach nó ó Pháirtí Comhoibríoch Neamhchonarthach ar tuarascáil í ina soláthraítear fianaise go bhfuil sárú déanta ag soitheach iascaireachta a bhfuil bratach an Bhallstáit ar foluain aige ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO, imscrúdóidh Ballstát na brataí an sárú líomhnaithe go pras agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi stádas an imscrúdaithe, agus faoi aon bheart forfheidhmithe a d’fhéadfadh a bheith déanta chun a chumasú don Choimisiún Rúnaíocht SPRFMO a chur ar an eolas laistigh de 3 mhí ón bhfógra a fháil. Más rud é nach féidir leis an mBallstát tuarascáil stádais a sholáthar don Choimisiún laistigh de 3 mhí ó thuarascáil na cigireachta a fháil, déanfaidh sé, laistigh den tréimhse 3 mhí, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na cúiseanna leis an moill agus faoin tráth a dtíolacfar an tuarascáil stádais. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis maidir le stádas an imscrúdaithe, nó maidir leis an moill leis an imscrúdú, a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin SPRFMO.

Airteagal 32b

Séalaí ar na gléasanna rianaithe satailíte

1. De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 18 agus Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 404/2011, i gcás soithí iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu agus a bhfuil gléasanna rianaithe satailíte acu ar bord nach bhfuil séalaithe ag an monaróir, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfuil na gléasanna sin feistithe le séalaí oifigiúla arna n-eisiúint ag an mBallstát sin agus is féidir a aithint ar bhonn aonair. Cuirfear séalaí ar aon chomhpháirt de dhroichead nó d’aeróg a tharchuireann sonraí leis féin nó i gcomhar le comhpháirt eile.

2. Coinneoidh na Ballstáit clár de na séalaí ar fad arna n-eisiúint do shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu. Taifeadfar sa chlár sin uimhir thagartha uathúil gach séala agus sonraí maidir le haon séala athsholáthair, go háirithe an dáta ar ar eisíodh agus ar ar suiteáladh an séala athsholáthair, agus na himthosca maidir leis an athsholáthar sin.

3. Faoin 1 Eanáir 2019, ní bheidh á n-iompar ar bord ag soithí iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu ach gléasanna rianaithe satailíte arna séalú ag an monaróir.

Airteagal 32c

Cliseadh teicniúil an ghléis rianaithe satailíte

1. I gcás cliseadh teicniúil gléis rianaithe satailíte de chuid soithigh iascaireachta de chuid an Aontais, déanfaidh an soitheach sin, trí bhíthin meáin iomchuí teileachumarsáide, na sonraí a leanas a thuairisciú d’ionad faireacháin iascaigh an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain aige gach ceithre uair an chloig:

a) Uimhir IMO;

b) Comhartha Aitheantais Idirnáisiúnta Raidió;

c) Ainm an tsoithigh;

d) Ainm an mháistir;

e) Dáta agus am an tsuímh (AUL);

f) Gníomhaíocht (Iascaireacht/Idirthuras/Trasloingsiú).

2. I gcás cliseadh teicniúil an ghléis rianaithe satailíte, áiritheoidh na Ballstáit go stopfaidh soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu de bheith ag iascaireacht, go stuálfaidh siad gach trealamh iascaireachta agus go bhfillfidh siad ar an gcalafort gan mhoill chun an gléas rianaithe satailíte a dheisiú laistigh de 60 lá ó tharlú an chliste theicniúil.

3. Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 404/2011.

Teideal V

Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 33

Rúndacht

Maidir le sonraí a bhailítear agus a mhalartaítear faoi chuimsiú an Rialacháin seo, déileálfar leo i gcomhréir leis na rialacha maidir le rúndacht a leagtar amach in Airteagal 112 agus in Airteagal 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 34

Nós imeachta maidir le leasuithe

Chun leasuithe ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO a ionchorprú i ndlí an Aontais, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena leasaítear an méid seo a leanas:

(a) na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b) na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagail 6 (1), (2) agus (3), 9, 10 (2), 11 (2), 14 (1), (2) agus (3), 15 (1) agus (2), 18 (1), (2), (3) agus (4), 20 (1), 21 (2), 22 (1), 23 (2) agus (3), 24 (2) agus (3), 25 (2), 26 (1), 28 (5) agus (6), 29 (2) agus (3), 30, 30a (1), 32 (2), 32a (2) agus (3), 32b (3) agus 32c (1) agus (2);

(c) clúdach breathnóra a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 13;

(d) an tréimhse tagartha chun an lorg iascaireachta grinnill in Airteagal 10(2) a chinneadh;

(e) an clúdach cigireachta a leagtar síos in Airteagal 27a (1);

(f) an cineál sonraí agus na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar síos in Airteagail 6 (2) agus (3), 9, 10 (2) agus (3), 11 (2) agus (3), 12 (1), 14 (1), (2) agus (3), 15 (1), 16 (2) agus (3), 17 (1), 20 (1), 21 (2), 23 (2) agus (3), 24 (3), 26 (1) agus 32c (1).

Airteagal 35

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 34 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 34 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

3a.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 34 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 36

Cur chun feidhme

1. Beidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 37

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) IO C , , Lch. .
(2) IO C , , Lch. .
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(4) Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe man 10 Nollaig 1982 aidir le Dlí na Farraige agus an Chomhaontaithe an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).
(5) IO L 67, 6.3.2012

An Bhruiséil,29.3.2017

COM(2017) 128 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i Limistéar Choinbhinsiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO)


IARSCRÍBHINN I

Caighdeáin le haghaidh líne-ualú

Ní mór do shoithí córas ualaithe spiléir a úsáid trína mbaintear amach ráta suncála íosta inléirithe i gcás an spiléir, is é sin, ráta íosta 0.3 méadar/soicind in aghaidh an 15 mhéadar de dhoimhneacht trealaimh. Go háirithe:

a) maidir le línte ualaithe seachtracha sa chóras Spáinneach agus maidir le sodarlínte, ní mór mais 8.5kg ar a laghad a úsáid ag achair nach faide ná 40m má úsáidtear carraigeacha, mais 6kg ar a laghad a úsáid ag achair nach faide ná 20m i gcás meáchain choincréite, agus meáchain 5kg ar a laghad a úsáid ag achair nach faide ná 40m i gcás meáchain sholadacha mhiotail;

b) maidir le línte ualaithe seachtracha in uathlíne, ní mór mais 5kg ar a laghad ag achair nach faide ná 40m a úsáid ina leith agus ní mór í a scaoileadh ó shoithí ar mhodh ina seachnaítear teannas ar gcúl (d’fhéadfadh sé go ndéanfadh teannas ar gcúl codanna den spiléar atá á núsáid cheana féin a ardú amach as an uisce);

c) maidir le línte ualaithe inmheánacha, ní mór croíleacán luaidhe 50g/m ar a laghad a bheith acu.

 

IARSCRÍBHINN II

Sonraíochtaí a bhaineann le línte scanraithe éan

Ní mór dhá líne scanraithe éan a iompar i gcónaí agus ní mór iad a úsáid aon uair atá trealamh iascaireachta á shocrú ón soitheach. Go háirithe:

a) ní mór línte scanraithe éan a cheangal den soitheach ionas go ndéantar na baoití a chosaint leis an líne sraoilleáin nuair atá siad in úsáid fiú amháin nuair a bhíonn trasghaotha ann;

b) maidir le línte scanraithe éan, ní mór sraoilleáin ghealdathannacha a úsáid ina leith agus iad sách fada chun dromchla na farraige a shroicheadh le linn aimsir chiúin (“sraoilleáin fhada”) agus iad leagtha ag achair nach faide ná 5m ar feadh an chéad 55m ar a laghad de líne sraoilleáin agus ní mór iad a bheith ceangailte den líne le sclóinte a choisceann ar na sraoilleáin filleadh thart ar an líne;

c) maidir le línte scanraithe éan, féadfar sraoilleáin atá 1m ar a laghad ar fad (“sraoilleáin ghearra”) a úsáid leo freisin agus iad leagtha ag achair nach faide ná 1m;

d) má bhristear línte scanraithe éan, mó má dhéantar damáiste dóibh, le linn iad a bheith á núsáid, ní mór iad a dheisiú, nó línte nua a chur ina n-ionad, ionas go gcomhlíonfaidh an soitheach na sonraíochtaí seo sula dtéann aon duáin eile isteach san uisce;

e) ní mór línte scanraithe éan a chur á n-úsáid ionas gurb amhlaidh:

i. go bhfanfaidh siad os cionn dhromchla an uisce nuair a bheidh na duáin suncáilte go doimhneacht 15m, nó

ii. go bhfuil fad íosta 150m iontu nuair atá siad sínte agus ar crochadh ó phointe ar an soitheach atá 7m ar a laghad os cionn an uisce i gcás nach bhfuil suaitheadh ann san fharraige.

IARSCRÍBHINN III

Sonraíochtaí a bhaineann le sciath éan

Is é atá i sciath éan dhá cheann nó níos mó de bhumailí arna gceangal le cúl an tsoithigh, agus bumaíl amháin acu sin ar a laghad ceangailte le deasbhord an chúil agus bumáil amháin ar a laghad ceangailte le clébhord an chúil.

a) ní mór go sínfidh gach bumáil ar leith ar feadh achar ceithre mhéadar ar a laghad ó thaobh, nó ó chúl, an tsoithigh;

b) ní mór línte titimeáin a bheith ceangailte leis na bumailí ag achair nach faide ná 2 mhéadar óna chéile;

c) ní mór cóin phlaisteacha, slata plaisteacha nó ábhar gealdathannach marthanach eile a bheith ceangailte le foircinn na línte titimeáin ionas nach bhfuil bun an chóin, na slaite nó an ábhair níos faide ná 500 milliméadar os cionn an uisce, i gcás nach bhfuil gaoth agus suaitheadh ann;

d) féadfar línte nó uige a cheangal idir na línte titimeáin chun dul i bhfostú a chosc.

IARSCRÍBHINN IV

Treoirlínte maidir le hullmhú agus tíolacadh fógraí faoi theagmháil le héiceachórais mhuirí leochaileacha

1. Faisnéis Ghinearálta

Cuir isteach sonraí teagmhála, náisiúntacht, ainm(neacha) an tsoithigh (na soithí) agus dátaí bailithe sonraí.

2. Suíomh an éiceachórais mhuirí leochailigh

Léirigh an suíomh inar tosaíodh agus inar críochnaíodh gach imscaradh trealaimh agus gach breathnóireacht.

Tabhair léarscáileanna de shuímh iascaireachta, den bhataiméadracht bhunúsach nó den ghnáthóg, mar aon le scála spásúil na hiascaireachta.

Tabhair léiriú ar na doimhneachtaí a ndearnadh iascaireacht iontu.

3. Trealamh iascaireachta

Léirigh an trealamh iascaireachta a úsáideadh i ngach suíomh ar leith.

4. Sonraí breise a bailíodh

Léirigh na sonraí breise a bailíodh sna suímh, nó gar do na suímh, ina ndearnadh iascaireacht, más féidir sin.

Sonraí amhail bataiméadracht ilbhíoma, sonraí aigéaneolaíochta amhail próifílí CTD, próifílí reatha, ceimic uisce, cineálacha substráite arna dtaifeadadh sna suímh sin nó gar dóibh, fauna eile a breathnaíodh, fístaifeadtaí, próifílí fuaime etc.

5. Tacsóin éiceachóras muirí leochaileach

I gcás gach stáisiún a ndéantar iascaireacht ann, tabhair mionsonraí faoi thacsóin éiceachóras muirí leochaileach a breathnaíodh, lena n-áirítear a ndlús coibhneasta, a ndlús iomlánach, nó an líon orgánach más feidir.

IARSCRÍBHINN V

Caighdeáin maidir le sonraí faoi shoithí

1.Ní mór na réimsí sonraí seo a leanas a bhailiú de bhun Airteagal 14, Airteagal 15 agus Airteagal 18:

i.    Bratach reatha an tsoithigh agus ainm an tsoithigh

ii.    Uimhir chlárúcháin

iii.    Comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó)

iv.    UVI (Aitheantóir Uathúil Soithigh)/uimhir IMO

v.    Ainmneacha roimhe seo (más eol)

vi.    Calafort clárúcháin

vii.    Bratach roimhe seo

viii.    Cineál soithigh

ix.    Cineál modha(nna) iascaireachta

x.    Fad

xi.    Cineál faid e.g. “LOA”, “LBP”

xii.    Olltonnáiste – GT (le soláthar mar an t-aonad tonnáiste is fearr)

xiii.    Olltonnáiste chláraithe – GRT (le soláthar mura bhfuil GT ar fáil, féadfar é a sholáthar freisin de bhreis ar GT)

viv.    Cumhacht an phríomhinnill (na bpríomhinneall) (kw)

xv.    Toilleadh an bhoilg (m3)

xvi.    An cineál reoiteora (más infheidhme)

xvii.    An líon aonad reo (más infheidhme)

xviii.    Acmhainn reo (más infheidhme)

xix.    Cineál agus uimhreacha cumarsáide an tsoithigh (uimhreacha INMARSAT A, B agus C);

xx.    Mionsonraí an chórais VMS (branda, samhail, gnéithe agus aitheantas)

xxi.    Ainm an úinéara (na n-úinéirí)

xxii.    Seoladh an úinéara (na n-úinéirí)

xxiii.    Dáta tosaithe údarú an tsoithigh

xxiv.    Dáta críochnaithe údarú an tsoithigh

xxv.    Grianghraf ardtaifigh dea-cháilíochta den soitheach, agus gile agus codarsnacht iomchuí ann, gan é a bheith níos sine ná 5 bliana, agus ní mór an méid seo a leanas a bheith ann:

• grianghraf amháin nach lú ná 12 x 7 cm agus ina dtaispeántar taobh an deasbhoird den soitheach, agus fad uile foriomlán agus gnéithe iomlána struchtúracha le feiceáil ann;

• grianghraf amháin nach lú ná 12 x 7 cm agus ina dtaispeántar taobh an chlébhoird den soitheach, agus fad uile foriomlán agus gnéithe iomlána struchtúracha le feiceáil ann;

• grianghraf amháin nach lú ná 12 x 7 cm agus ina dtaispeántar an cúl, ar grianghraf é a tógadh ó ionad go díreach taobh thiar den soitheach;

2.
Tá an fhaisnéis seo a leanas le soláthar má tá sí ar fáil agus nuair is indéanta:

i.    Marcálacha seachtracha (amhail ainm an tsoithigh, uimhir chlárúcháin nó comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió)

ii.    Cineálacha línte próiseála éisc (más infheidhme)

iii.    An tráth ar tógadh an soitheach

iv.    An áit ar tógadh an soitheach

v.    Doimhneacht mhúnlaithe

vi.    Bíoma

vii.    Trealamh leictreonach ar bord (mar shampla, raidió, sondálaí fuaime, radar, netsonda)

viii.    Ainm úinéir(í) an cheadúnais (más rud é nach ionann an t-ainm sin agus ainm úinéir an tsoithigh)

ix.    Seoladh úinéir(í) an cheadúnais (más rud é nach ionann an seoladh sin agus seoladh úinéir an tsoithigh)

x.    Ainm an oibreora (na n-oibreoirí) (más rud é nach ionann an t-ainm sin agus ainm úinéir an tsoithigh)

xi.    Seoladh an oibreora (na n-oibreoirí) (más rud é nach ionann an seoladh sin agus seoladh úinéir an tsoithigh)

xii.    Ainm mháistir an tsoithigh

xiii.    Náisiúntacht mháistir an tsoithigh

xiv.    Ainm an mháistir iascaireachta

xv.    Náisiúntacht an mháistir iascaireachta



IARSCRÍBHINN VI

Plean Oibríochta Iascaigh d’iascaigh thaiscéalaíocha

Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a áireamh sa Phlean Oibríochta Iascaigh, sa mhéid agus go bhfuil fáil uirthi:

i.    tuairisc ar an iascach taiscéalaíoch, lena n-áirítear limistéar, spriocspeicis, modhanna beartaithe iascaireachta, teorainneacha uasta beartaithe gabhálacha agus aon chionroinnt atá le déanamh ar an teorainn ghabhála sin i measc limistéar nó speiceas;

ii.    sonraíocht agus tuairisc iomlán maidir leis na cineálacha trealaimh iascaireachta atá le húsáid, lena n-áirítear aon mhodhnuithe a dhéantar ar an trealamh atá ceaptha maolú a dhéanamh ar éifeachtaí na hiascaireachta beartaithe ar speicis nach spriocspeicis iad, agus ar speicis ghaolmhara nó speicis spleácha, nó ar an éiceachóras muirí ina bhfuil an t-iascach suite

iii.    an tréimhse ama atá clúdaithe leis an bPlean Oibríochta Iascaigh (tréimhse trí bliana ar a mhéad);

iv.    aon fhaisnéis bhitheolaíoch faoi na spriocspeicis, de réir taighde cuimsitheach nó cúrsálacha suirbhéireachta, amhail dáileadh, flúirse, sonraí déimeagrafacha agus faisnéis faoi chéannacht stoic;

v.    mionsonraí faoi speicis nach spriocspeicis iad, agus faoi speicis ghaolmhara agus speicis spleácha, agus faoin éiceachóras muirí ina bhfuil an t-iascach suite, a mhéid ba dhóigh go ndéanfaí difear do na nithe sin mar thoradh ar an ngníomhaíocht bheartaithe iascaireachta, agus faoi aon bhearta a dhéanfar chun na héifeachtaí sin a mhaolú;

vi.    tionchar carnach ionchasach na gníomhaíochta iascaireachta ar fad i limistéar an iascaigh thaiscéalaíoch, más infheidhme;

vii.    faisnéis ó iascaigh eile sa réigiún nó ó iascaigh den tsamhail chéanna in áiteanna eile, ar faisnéis í a d’fhéadfadh a bheith ina cabhair maidir le meastóireacht a dhéanamh ar tháirgeacht ionchasach an iascaigh thaiscéalaíoch ábhartha, a mhéid atá an Ball nó an Páirtí Comhoibríoch Neamhchonarthach in ann an fhaisnéis sin a sholáthar;

viii.    más iascaireacht ghrinnill í an ghníomhaíocht iascaireachta atá beartaithe, measúnú ar thionchar ghníomhaíochtaí iascaireachta grinnill na soithí a bhfuil bratach ar foluain acu, i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le hAirteagal 11;

ix.    i gcás ina bhfuil an spriocspeiceas á bhainistiú freisin ag eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh atá tadhlach le SPRFMO, nó ag eagraíocht den tsamhail chéanna, tuairisc faoin iascach comharsanach sin le go bhféadfaidh an Coiste Eolaíochta a chomhairle a chur in eagar.



IARSCRÍBHINN VII

Réamhfhógra faoi thrasloingsiú

Ní mór do na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar i gcomhréir le mír 1 d’Airteagal 20:

Mionsonraí faoin soitheach a dhéanann díluchtú:

a.    Ainm an tsoithigh

b.    Uimhir chlárúcháin

c.    Comhartha aitheantais raidió

d.    Stát brataí an tsoithigh

e.    Uimhir IMO/Uimhir IHS Fairplay (más infheidhme)

f.    Ainm agus náisiúntacht mháistir an tsoithigh

Mionsonraí faoin soitheach a dhéanann glacadh:

g.    Ainm an tsoithigh

h.    Uimhir chlárúcháin

i.    Comhartha aitheantais raidió

j.    Stát brataí an tsoithigh

k.    Uimhir IMO/Uimhir IHS Fairplay (más infheidhme)

l.    Ainm agus náisiúntacht mháistir an tsoithigh

IARSCRÍBHINN VIII

Faisnéis faoi thrasloingsiú atá le soláthar ag an mbreathnóir

Ní mór don bhreathnóir a bhfuil faireachán á dhéanamh aige ar thrasloingsiú an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar i gcomhréir le mír 1 d'Airteagal 21.

I. Mionsonraí faoin soitheach iascaireachta a dhéanann díluchtú

Ainm an tsoithigh

Uimhir chlárúcháin

Comhartha aitheantais raidió

Stát brataí an tsoithigh

Uimhir IMO/Uimhir IHS Fairplay (más infheidhme)

Ainm agus náisiúntacht an mháistir

II. Mionsonraí faoin soitheach iascaireachta a dhéanann glacadh

Ainm an tsoithigh

Uimhir chlárúcháin

Comhartha aitheantais raidió

Stát brataí an tsoithigh

Uimhir IMO/Uimhir IHS Fairplay (más infheidhme)

Ainm agus náisiúntacht an mháistir

III. Oibríocht trasloingsithe

Dáta agus am ar tosaíodh trasloingsiú (AUL)

Dáta agus am ar críochnaíodh trasloingsiú (AUL)

Má dhéantar trasloingsiú ar muir: Suíomh (1/10ú céim is gaire) tráth tosaithe an trasloingsithe; má dhéantar trasloingsiú i gcalafort: Ainm, tír agus cód 1 an chalafoirt

Má dhéantar trasloingsiú ar muir: Suíomh (an 1/10ú céim is gaire) tráth críochnaithe an trasloingsithe

Tuairisc ar an gcineál táirge de réir speicis (amhail iasc iomlán reoite i gcartáin 20kg)

Speiceas

An cineál táirge

Speiceas

An cineál táirge

Speiceas

An cineál táirge

An líon cartán, glanmheáchan (kg) an táirge, de réir speicis.

Speiceas

Cartáin

Glanmheáchan

Speiceas

Cartáin

Glanmheáchan

Speiceas

Cartáin

Glanmheáchan

Speiceas

Cartáin

Glanmheáchan

Glanmheáchan iomlán an táirge a thrasloingsítear (kg)

Uimhreacha na mbolg i soitheach cuisnithe ina stuáiltear an táirge

Calafort agus tír cinn scríbe an tsoithigh iascaireachta a dhéanann glacadh

An dáta a meastar go mbainfear an ceann scríbe amach

An dáta a meastar go ndéanfar tabhairt i dtír

IV. Barúlacha (más infheidhme)

V. Fíorú

Ainm an bhreathnóra

Údarás

Síniú agus stampa

IARSCRÍBHINN IX

Faisnéis faoi thrasloingsiú atá le tuairisciú tar éis na hoibríochta

I gcomhréir le mír 1 d'Airteagal 22, ní mór do Bhallstáit bhrataí an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú don Choimisiún tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis an trasloingsiú a dhéanamh:

Mionsonraí faoin soitheach a dhéanann díluchtú:

a.    Ainm an tsoithigh

b.    Uimhir chlárúcháin

c.    Comhartha aitheantais raidió

d.    Stát brataí an tsoithigh

e.    Uimhir IMO/Uimhir IHS Fairplay (más infheidhme)

Mionsonraí faoin soitheach a dhéanann glacadh:

f.    Ainm an tsoithigh

g.    Uimhir chlárúcháin

h.    Comhartha aitheantais raidió

i.    Stát brataí an tsoithigh

j.    Uimhir IMO/Uimhir IHS Fairplay (más infheidhme)

k.    Ainm agus náisiúntacht mháistir an tsoithigh

Mionsonraí faoin oibríocht trasloingsithe

a.Dáta agus am ar tosaíodh trasloingsiú (AUL)

b.Dáta agus am ar críochnaíodh trasloingsiú (AUL)

c.Má dhéantar trasloingsiú i gcalafort:

Stát Calafoirt, ainm an chalafoirt agus cód an chalafoirt.

d.Má dhéantar trasloingsiú ar muir:

   1. Suíomh (an 1/10ú céim is gaire) tráth tosaithe an trasloingsithe (deachúil)

   2. Suíomh (an 1/10ú céim is gaire) tráth críochnaithe an trasloingsithe (deachúil)

e.Uimhreacha na mbolg i soitheach a dhéanann glacadh agus ina stuáiltear an táirge

f.Calafort cinn scríbe an tsoithigh a dhéanann glacadh

g.An dáta a meastar go mbainfear an ceann scríbe amach

h.An dáta a meastar go ndéanfar tabhairt i dtír

Mionsonraí faoi acmhainní iascaigh a thrasloingsítear

i. Speicis a thrasloingsítear

1. Tuairisc ar an iasc, de réir cineál táirge (amhail iasc iomlán reoite)

2. An líon cartán agus glanmheáchan (kg) an táirge, de réir speicis

3. Glanmheáchan iomlán an táirge a thrasloingsítear (kg)

j. An trealamh iascaireachta a úsáidtear

Fíorú (más infheidhme)

k. Ainm an bhreathnóra

l. Údarás

IARSCRÍBHINN X

Sonraí breathnóra

Níl mionsonraí faoi shoithí agus faoi bhreathnóirí le taifeadadh ach uair amháin i ndáil le gach turas ar leith a ndéantar breathnóireacht air agus ní mór na mionsonraí sin a thuairisciú ar mhodh ina nasctar na sonraí faoin soitheach leis na sonraí a éilítear i Ranna A, B, C agus D.

A. Sonraí faoin soitheach & faoin mbreathnóir atá le bailiú i ndáil le gach turas arna bhreathnú

1.Tá na sonraí seo a leanas faoin soitheach le bailiú i ndáil le gach turas a ndéantar breathnóireacht air:

(a) Bratach reatha an tsoithigh.

(b) Ainm an tsoithigh.

(c) Ainm an Chaptaein.

(d) Ainm an Mháistir Iascaireachta.

(e) Uimhir chlárúcháin.

(f) Comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó).

(g) Uimhir Lloyd’s/IMO (má tá ceann sannta don soitheach)

(h) Ainmneacha roimhe seo (más eol).

(i) Calafort clárúcháin.

(j) Bratach roimhe seo (dá mba ann dó).

(k) An cineál soithigh (bain úsáid as cóid ISSCFV iomchuí)

(l) An cineál modha(nna) iascaireachta (bain úsáid as cóid ISSCFG iomchuí)

(m) Fad (m)

(n) Cineál faid e.g. “LOA”, “LBP”

(o) Bíoma (m).

(p) Olltonnáiste – GT (le soláthar mar an t-aonad tonnáiste is fearr)

(q) Olltonnáiste chláraithe – GRT (le soláthar mura bhfuil GT ar fáil, féadfar é a sholáthar freisin de bhreis ar GT)

(r) Cumhacht an phríomhinnill (na bpríomhinneall) (cileavataí)

(s) Acmhainn an bhoilg (méadair chiúbacha).

(t) Taifead ar an trealamh ar bord a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fhachtóirí cumhachta iascaireachta

(trealamh loingseoireachta, radar, córais sonóra, facs aimsire nó glacadóir aimsire satailíte, glacadóir íomhá de theocht dhromchla na farraige, monatóir srutha Doppler, treo-aimsitheoir raidió), más praiticiúil.

(u) An líon iomlán daoine den chriú (an fhoireann ar fad, gan breathnóirí a áireamh).

2.Tá na sonraí seo a leanas faoin mbreathnóir le bailiú i ndáil le gach turas a ndéantar breathnóireacht air:

(a) Ainm an bhreathnóra.

(b) Eagraíocht an bhreathnóra.

(c) An dáta a dtéann an breathnóir ar bord (dáta AUL).

(d) An calafort ina dtéitear ar bord.

(e) An dáta a dtéann an breathnóir i dtír (dáta AUL).

(f) An calafort ina dtéitear i dtír.

B. Sonraí faoi ghabháil & faoi iarracht atá le bailiú i ndáil le gníomhaíocht trálaeireachta

Tá na sonraí le bailiú ar bhonn neamh-chomhiomlánaithe (gach tarraingt ar leithligh óna chéile) i gcás na dtrál go léir a ndéantar breathnóireacht orthu.

1.Tá na sonraí seo a leanas le bailiú i ndáil le gach tarraingt tráil a ndéantar breathnóireacht air:

(a) Dáta agus am tosaithe na tarraingthe (an t-am a gcuirtear tús le hiascaireacht leis an trealamh – AUL).

(b) Dáta agus am críochnaithe na tarraingthe (an t-am a gcuirtear tús le tarlú siar – AUL).

(c) Suíomh tosaithe na tarraingthe (Domhanleithead/Domhanfhad, taifeach 1 nóiméad – deachúil).

(d) Suíomh críochnaithe na tarraingthe (Domhanleithead/Domhanfhad, taifeach 1 nóiméad – deachúil).

(e) Spriocspeicis beartaithe (cód speicis FAO).

(f) An cineál tráil, trál grinnill nó trál meánuisce (bain úsáid as cóid iomchuí trál grinnill nó meánuisce de réir ghnáthchaighdeáin trealaimh iascaireachta ISCCFG)

(g) An cineál tráil: singil, dúbailte nó triarach (S, D nó T).

(h) Airde bhéal an lín.

(i) Leithead bhéal an lín.

(j) Méid mhogall an lín soc-fhoircinn (mogall sínte, mm) agus an cineál mogaill (muileatach, cearnógach, etc.).

(k) Doimhneacht an trealaimh (an téad ghrinnill) ag tús na hiascaireachta.

(l) Doimhneacht an ghrinnill (grinneall na farraige) ag tús na hiascaireachta.

(m) Gabháil mheasta i ndáil le gach speiceas (cód speicis FAO) a choinnítear ar bord, arna deighilt de réir speiceas agus beomheáchain (go dtí an kg is gaire).

(n) Ar gabhadh aon mhamaigh mhuirí, éin mhara, reiptílí nó speicis eile is ábhar imní? (Gabhadh/Níor gabhadh/Ní fios)

a. Má gabhadh, déan taifead, de réir speiceas, ar líon na mamach muirí, na néan mara, na reiptílí nó na speiceas eile is ábhar imní a gabhadh.

(o) An raibh aon ábhar beantach ann sa trál? (Bhí/Ní raibh/Ní fios)

a. Má bhí, déan taifead ar na speicis bheantacha íogaire sa ghabháil tráil, go háirithe speicis leochaileacha nó speicis déanta gnáthóige amhail spúinsí, feananna mara nó coiréalaigh.

(p) Déan meastachán ar mhéid na n-acmhainní muirí (de réir meáchain nó toirte) nár taifeadadh faoi ítimí 2m go 2o agus a aiscuireadh, arna dheighilt de réir an tacsóin is ísle atá ar eolas.

(q) Déan taifead ar aon bhearta maolaithe foghabhálacha a úsáidtear:

i. An raibh línte scanraithe éan (línte tori) á n-úsáid? (nialas/cód trealaimh – mar a thuairiscítear i Roinn L)

ii. An raibh sciatha éan á n-úsáid? (nialas/cód trealaimh – mar a thuairiscítear i Roinn N)

iii. Tabhair tuairisc ar an mbainistíocht atá i bhfeidhm maidir le sceitheadh scairtí/ábhair atá le haischur (roghnaigh gach mír lena mbaineann: Sceitheadh ar bith le linn lámhach agus tarlú/gan ach sceitheadh leachta a bheith ann/baisceadh dramhaíola>2 uair an chloig/eile/ceann ar bith).

iv. Ar úsáideadh aon bhearta eile chun laghdú a dhéanamh ar fhoghabháil mamach muirí, éan mara, reiptílí nó speiceas eile is ábhar imní? (Úsáideadh/Níor úsáideadh)

Má úsáideadh, tabhair tuairisc.

C. Sonraí faoi ghabháil & faoi iarracht atá le bailiú i ndáil le gníomhaíocht peassaighneoireachta

Tá na sonraí le bailiú ar bhonn neamh-chomhiomlánaithe (gach tacar ar leithligh óna chéile) i gcás na dtacar peaslíonta saighne go léir a ndéantar breathnóireacht orthu.

1.Tá na sonraí seo a leanas le bailiú i gcás gach tacair peaslíonta saighne ar leith:

(a) Am cuardaigh ar fad roimh an tacar seo, ó bhí an tacar deireanach ann.

(b) Dáta agus am tosaithe an tacair (an t-am a gcuirtear tús le hiascaireacht leis an trealamh – AUL).

(c) Dáta agus am críochnaithe an tacair (an t-am a gcuirtear tús le tarlú siar – AUL).

(d) Suíomh tosaithe an tacair (Domhanleithead/Domhanfhad, taifeach 1 nóiméad – deachúil).

(e) Fad an lín (m).

(f) Airde an lín (m).

(g) Méid mhogall an lín (mogall sínte, mm) agus an cineál mogaill (muileatach, cearnógach, etc.).

(h) Spriocspeicis beartaithe (cód speicis FAO).

(i) Gabháil mheasta i ndáil le gach speiceas (cód speicis FAO) a choinnítear ar bord, arna deighilt de réir speiceas agus beomheáchain (go dtí an kg is gaire).

(j) Ar gabhadh aon mhamaigh mhuirí, éin mhara, reiptílí nó speicis eile is ábhar imní? (Gabhadh/Níor gabhadh/Ní fios)

a. Má gabhadh, déan taifead, de réir speiceas, ar líon na mamach muirí, na néan mara, na reiptílí nó na speiceas eile is ábhar imní a gabhadh.

(k) An raibh aon ábhar beantach ann sa líon? (Bhí/Ní raibh/Ní fios)

a. Má bhí, déan taifead ar na speicis bheantacha íogaire sa ghabháil, go háirithe speicis leochaileacha nó speicis déanta gnáthóige amhail spúinsí, feananna mara nó coiréalaigh.

(l) Déan meastachán ar mhéid na n-acmhainní muirí (de réir meáchain nó toirte) nár taifeadadh faoi ítimí 2i go 2k agus a aiscuireadh, arna dheighilt de réir an tacsóin is ísle atá ar eolas.

(m) Déan taifead, agus tabhair tuairisc, ar aon bhearta maolaithe foghabhálacha a úsáidtear. 

D. Sonraí faoi ghabháil & faoi iarracht atá le bailiú i ndáil le gníomhaíocht iascaireachta spiléir grinnill

Tá na sonraí le bailiú ar bhonn neamh-chomhiomlánaithe (gach tacar ar leithligh óna chéile) i gcás na dtacar spiléir go léir a ndéantar breathnóireacht orthu.

1.Tá na réimsí sonraí seo a leanas le bailiú i ndáil i gcás gach tacair:

(a) Dáta agus am tosaithe an tacair (formáid AUL).

(b) Dáta agus am críochnaithe an tacair (formáid AUL).

(c) Suíomh tosaithe an tacair (Domhanleithead/Domhanfhad, taifeach 1 nóiméad – formáid dheachúil).

(d) Suíomh críochnaithe an tacair (Domhanleithead/Domhanfhad, taifeach 1 nóiméad – formáid dheachúil).

(e) Spriocspeicis beartaithe (cód speicis FAO).

(f) Fad iomlán an tacair spiléir (km).

(g) An líon duán don tacar.

(h) Doimhneacht an ghrinnill (grinneall na farraige) ag tús an tacair.

(i) An líon duán a breathnaíodh iarbhír (lena n-áirítear i ndáil le mamaigh mhuirí, éin mhara, reiptílí nó speicis eile is ábhar imní a gabhadh) i rith an tarlaithe.

(j) Gabháil mheasta i ndáil le gach speiceas (cód speicis FAO) a choinnítear ar bord, arna deighilt de réir speiceas agus beomheáchain (go dtí an kg is gaire).

(k) Ar gabhadh aon mhamaigh mhuirí, éin mhara, reiptílí nó speicis eile is ábhar imní? (Gabhadh/Níor gabhadh/Ní fios)

Má gabhadh, déan taifead, de réir speiceas, ar líon na mamach muirí, na n-éan mara, na reiptílí nó na speiceas eile is ábhar imní a gabhadh.

(l) An raibh aon ábhar beantach ann sa ghabháil? (Bhí/Ní raibh/Ní fios)

Má bhí, déan taifead ar na speicis bheantacha íogaire sa ghabháil, go háirithe speicis leochaileacha nó speicis déanta gnáthóige amhail spúinsí, feananna mara nó coiréalaigh.

(m) Déan meastachán ar mhéid na n-acmhainní muirí (de réir meáchain nó toirte) nár taifeadadh faoi ítimí 2j go 2l agus a aiscuireadh, arna dheighilt de réir an tacsóin is ísle atá ar eolas.

(n) Déan taifead ar aon bhearta maolaithe foghabhálacha a úsáidtear:

i.    An raibh línte scanraithe éan (línte tori) á n-úsáid? (nialas/cód trealaimh – mar a thuairiscítear i Roinn L)

ii.    An raibh socrú na dtacar srianta don tréimhse idir coineascar muirí agus camhaoir mhuirí? (Bhí/Ní raibh)

iii.    Cén cineál trealaimh iascaireachta a úsáideadh? (córas ualaithe sheachtraigh/córas ualaithe inmheánaigh/sodarlíne/eile)

iv.    Más córas ualaithe sheachtraigh atá ann, tabhair tuairisc ar an gcóras ualaithe agus snámhán (agus an fhoirm a sholáthraítear i Roinn M á húsáid)

v.    Más córas ualaithe inmheánaigh atá ann, cad a bhí i meáchan chroí na líne (graim in aghaidh an mhéadair)?

vi.    Más sodarlíne a bhí ann, ar úsáideadh líonta cachalotera? (Úsáideadh/Níor úsáideadh)

vii.    Más eile, tabhair tuairisc

(o) Cén maolúchán tarlaithe a úsáideadh? (cuirtíní coiscthe éan/eile/ceann ar bith)

Más eile, tabhair tuairisc.

(p) Cén cineál baoite a bhí ann? (iasc/leacht/meascán; beo/marbh/meascán; reoite/díreoite/meascán)

(q) Tabhair tuairisc ar aon ábhar bitheolaíoch a sceitheadh le linn lámhach agus tarlú

(sceitheadh gan bheith baiscthe ar feadh dhá uair an chloig nó níos mó/sceitheadh a baisceadh ar feadh dhá uair an chloig nó níos mó/ceann ar bith/ní fios)

(r) Ar úsáideadh aon bhearta eile chun laghdú a dhéanamh ar fhoghabháil mamach muirí, éan mara, reiptílí nó speiceas eile is ábhar imní? (Úsáideadh/Níor úsáideadh)

Má úsáideadh, tabhair tuairisc

E. Sonraí atá le bailiú maidir le fad-minicíocht

Tá sonraí ionadaíocha, arna sampláil go randamach, le bailiú i ndáil leis na spriocspeicis agus, má bhíonn am ann chuige, i ndáil le príomhspeicis foghabhála eile. Is ceart sonraí maidir le fad a bhailiú agus a thaifeadadh ag an leibhéal is beaichte is iomchuí i ndáil leis an speiceas (cm nó mm agus cibé acu go dtí an t-aonad is gaire nó go dtí an t-aonad is airde faoi bhun an leibhéil lena mbaineann) agus is ceart an cineál tomhais a úsáidtear (fad iomlán, fad go gabhal an eireabaill, nó fad caighdeánach) a thaifeadadh freisin. Más féidir, is ceart meáchan iomlán samplaí faid-minicíochta a thaifeadadh nó a mheas, agus is ceart an modh measta a thaifeadadh, agus d’fhéadfadh sé go gceanglófar ar bhreathnóirí inscne éisc thomhaiste a chinneadh d’fhonn sonraí faid-minicíochta, arna srathú de réir inscne, a ghiniúint.

1.Prótacal maidir le sampláil tráchtála

(a)    Speicis éisc seachas sciataí, roic agus siorcanna:

i.    is ceart an fad go gabhal an eireabaill a thomhas go dtí an cm is gaire maidir le hiasc a shroicheann fad uasta is mó ná 40cm ar fhad go gabhal an eireabaill

ii.    is ceart an fad go gabhal an eireabaill a thomhas go dtí an mm is gaire maidir le hiasc a shroicheann fad uasta is lú ná 40cm ar fhad go gabhal an eireabaill

(b)    Sciataí agus roic:

i. is ceart leithead uasta diosca a thomhas

(c)    Siorcanna:

i. is ceart tomhas iomchuí faid atá le húsáid a roghnú i ndáil le gach speiceas ar leith (féach tuarascáil theicniúil 474 FAO maidir le tomhas siorcanna). In éagmais socrú eile, is ceart fad iomlán a thomhas.

2.Prótacal maidir le sampláil eolaíoch

Maidir le sampláil eolaíoch speiceas, d’fhéadfadh sé gur gá tomhas an fhaid a dhéanamh de réir taifigh níos míne ná mar a shonraítear i mír E(1).

F. Sampláil bhitheolaíoch atá le déanamh

1.    Is ceart na sonraí bitheolaíocha seo a leanas a bhailiú i ndáil le samplaí ionadaíocha de na príomh-spriocspeicis agus, má bhíonn am ann chuige, i ndáil le príomhspeicis foghabhála eile ar cuid den ghabháil iad:

(a)    Speiceas

(b)    Fad (mm nó cm), maille le taifead ar an gcineál tomhais faid a úsáidtear. Is ceart beaichte agus cineál an tomhais a chinneadh ar bhonn gach speicis ar leith i gcomhréir leis an mbonn atá sainithe i Roinn E

(c)    Inscne (fireann, baineann, neamhaibí, gan inscne)

(d)    Céim aibíochta

2.    Is ceart do bhreathnóirí samplaí fíocháin, otailite agus/nó goile a bhailiú de réir cláir shonracha réamhchinntithe taighde arna gcur chun feidhme ag an gCoiste Eolaíocht nó de réir taighde eolaíoch náisiúnta eile.

3.    Ní mór eolas a thabhairt do bhreathnóirí faoi phrótacail maidir le sampláil faid-minicíochta agus bhitheolaíoch, más iomchuí, agus faoi thosaíochtaí don tsampláil thuas a bhaineann go sonrach le gach turas breathnóra ar leith, agus ní mór leagan i scríbhinn de na nithe sin a thabhairt dóibh.

G. Sonraí atá le bailiú i ndáil le foghabhálacha éan mara, mamach, turtar agus speiceas eile is ábhar imní

1.    Tá na sonraí seo a leanas le bailiú i ndáil le gach éan mara, mamach agus reiptíl (turtair) agus i ndáil le gach speiceas eile is ábhar imní a ghabhtar le linn oibríochtaí iascaireachta:

(a)    Speiceas (arna shainaithint go tacsanomaíoch a mhéid is féidir, nó trí ghrianghraif a chur ar fáil más deacair an speiceas a shainaithint) agus an méid.

(b)    Comhaireamh ar an líon de gach speiceas a ghabhtar in aghaidh na tarraingthe nó an tacair.

(c)    An leas a baineadh as ainmhithe foghabhála (ar coinníodh iad nó ar scaoileadh saor nó ar aiscuireadh iad?)

(d)    Má scaoileadh saor iad, stádas beatha (bríomhar, beo, marbhánta, marbh) tráth a scaoilte saor.

(e)    Más marbh, ní mór faisnéis dhóthanach nó samplaí dóthanacha a bhailiú lena shainaithint ar tír i gcomhréir le prótacail samplála réamhchinntithe. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta, d’fhéadfadh sé go n-eileofaí ar bhreathnóirí foshamplaí de chodanna sainaitheantais a bhailiú, mar atá sonraithe i bprótacail samplála bitheolaíche.

(f)    Taifead ar an gcineál idirghníomhaíochta (duán/líne, i bhfostú/tarlú, bualadh/líon, gabháil/eile)

Más eile, tabhair tuairisc.

2.    Taifead a dhéanamh ar inscne gach aonán i leith tacsón i gcás ina bhfuil sé sin indéanta trí bhreathnóireacht sheachtrach, mar shampla, eite-chosaigh, céiticigh bheaga nó Elasmobranchii agus speicis eile is ábhar imní.

3.    An raibh aon imthosca nó gníomhaíochtaí ann a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an bhfoghabháil? (mar shampla, líne scanraithe éan in aimhréidh, ardleibhéil ó thaobh cailleadh baoite).

H. Iascaireacht a bhrath i ndáil le héiceachórais mhuirí leochaileacha

1. Maidir le gach trál a ndéantar breathnóireacht air, tá na sonraí seo a leanas le bailiú i ndáil le gach speiceas beantach íogair a ghabhtar, go háirithe speicis leochaileacha nó speicis déanta gnáthóige amhail spúinsí, feananna mara nó coiréalaigh:

(a)    Speiceas (arna shainaithint go tacsanomaíoch a mhéid is féidir, nó trí ghrianghraf a chur ar fáil más deacair an speiceas a shainaithint);

(b)    Meastachán ar an gcainníocht (meáchan (kg) nó toirt (m3)) i ndáil le gach speiceas beantach a ghabhtar sa tarraingt;

(c)    Meastachán foriomlán ar an gcainníocht iomlán (meáchan (kg) nó toirt (m3)) i ndáil le gach speiceas beantach inveirteabrach a ghabhtar sa tarraingt;

(d)    Más féidir, agus go háirithe i gcás speicis nua nó speicis thearca nach luaitear i dtreoracha aitheantais, is ceart samplaí iomlána a bhailiú agus a chaomhnú go cuí lena shainaithint ar tír.

I. Sonraí atá le bailiú i ndáil le gach speiceas clibeáilte a ghabhtar

1. Tá na sonraí seo a leanas le bailiú i ndáil le gach clib éisc, éin mara, mamaigh nó reiptíle a aisghabhtar má tá an t-orgánach marbh, le coinneáil, nó beo:

(a)    Ainm an bhreathnóra

(b)    Ainm an tsoithigh

(c)    Comhartha aitheantais an tsoithigh.

(d)    Bratach an tsoithigh.

(e)    Na clibeanna iad féin a bhailiú, a lipéadú (agus na mionsonraí go léir thíos a áireamh) agus a stóráil lena dtabhairt ar ais don ghníomhaireacht chlibeála ina dhiaidh sin.

(f)    An speiceas óna bhfuarthas an chlib.

(g)    Dath agus cineál na clibe (spaigití, cartlannach).

(h)    Uimhreacha clibe (Tá uimhir na clibe le tabhairt i ndáil le gach clib ar leith nuair atá níos mó ná clib amháin i gceangal le haon iasc amháin. Más rud é nach dtaifeadtar ach clib amháin, is gá ráiteas a thabhairt ina sonraítear an raibh nó nach raibh an chlib eile ar iarraidh). Má tá an t-orgánach beo agus le scaoile saor, is ceart faisnéis chlibe a bhailiú i gcomhréir le prótacail samplála réamhchinntithe.

(i)    Dáta agus am na gabhála (AUL).

(j) Suíomh na gabhála (Domhanleithead/Domhanfhad, go dtí an 1 nóiméad is gaire)

(k) Fad/méid an ainmhí (cm nó mm), maille le tuairisc i dtaobh cén tomhas a tógadh (amhail fad iomlán, fad go gabhal an eireabaill, etc). Is ceart tomhais faid a bhailiú de réir na gcritéar atá sainithe i Roinn E.

(l) Inscne (B=baineann, F=fireann, N=neamhchinntithe, G=gan scrúdú)

(m) An bhfuarthas na clibeanna i rith tréimhse iascaireachta a bhí á breathnú? (Fuarthas/Ní bhfuarthas)

(n) Faisnéis faoi luaíocht (e.g. ainm agus seoladh ar mhaithe le luaíocht a sheoladh)

(Tuigtear go bhfuil cuid de na sonraí a thaifeadtar anseo le tabhairt freisin sna catagóirí faisnéise roimhe seo. Tá sé sin riachtanach mar go bhféadfadh sé go ndéanfar faisnéis faoi aisghabháil clibeanna a chur ar leithligh ó shonraí eile breathnóra.)

J. Ordlathais maidir le bailiú sonraí breathnóra

1.    Á aithint go bhféadfadh sé nach mbeidh breathnóirí in ann na sonraí go léir a thuairiscítear sna caighdeáin seo a bhailiú ar gach turas, tá ordlathas tosaíochtaí le cur chun feidhme maidir le bailiú sonraí breathnóra. D’fhéadfadh sé go ndéanfar tosaíochtaí turas-sonracha nó clár-shonracha a fhorbairt maidir le cúraimí breathnóirí mar fhreagairt ar riachtanais shonracha clár taighde agus, sa chás sin, is ceart do na breathnóirí déanamh de réir na dtosaíochtaí sin.

2.    Cheal tosaíochtaí turas-sonracha nó clár-shonracha, is ceart do na breathnóirí déanamh de réir na dtosaíochtaí ginearálta seo a leanas:

(a)    Faisnéis faoi Oibríochtaí Iascaireachta

i. Faisnéis faoi gach soitheach agus faoi gach tarraingt/tacar/iarracht.

(b)    Gabhálacha a thuairisciú

i.    Taifead a dhéanamh ar am, ar mheáchan na gabhála a sampláladh i gcomhthéacs mheáchan na gabhála nó na hiarrachta iomláine (e.g. an líon duán), agus ar an líon iomlán do gach speiceas ar leith a ghabhtar.

ii.    Sainaithint agus comhaireamh i ndáil le héin mhara, mamaigh, reiptílí (turtair), speicis bheantacha íogaire agus speicis leochaileacha.

iii.    Taifead a dhéanamh ar líonta nó ar mheáchain i ndáil le gach speiceas a choinnítear nó a aischuirtear.

iv.    Taifead a dhéanamh ar fhoghail, más iomchuí.

(c)    Sampláil Bhitheolaíoch

i.    Seiceáil a dhéanamh maidir le clibeanna a bheith ann.

ii.    Sonraí faid-minicíochta do spriocspeicis.

iii.    Bunsonraí bitheolaíochta (inscne, aibíocht) do spriocspeicis.

iv.    Sonraí faid-minicíochta do phríomhspeicis seachghabhála.

v.    Otailití (agus samplaí goile, má bhailítear iad) do spriocspeicis.

vi.    Bunsonraí bitheolaíocha do speicis seachghabhála.

vii.    Samplaí bitheolaíocha na speiceas seachghabhála (má bhailítear iad)

viii.    Grianghraif a thógáil

(d) Maidir le tuairisciú gabhálacha agus maidir leis na nósanna imeachta i ndáil le sampláil bhitheolaíoch, is ceart tosaíochtaí a leagan amach i measc grúpaí speiceas mar a leanas:

Speiceas

Tosaíocht (is é 1 an tosaíocht is airde)

Príomh-spriocspeicis (amhail bolmán sileach, i gcás iascaigh pheiligeacha, agus gainneachán flannbhuí, i gcás iascaigh ghrinnill)

1

Éin mhara, mamaigh, reiptílí (turtair) nó speicis eile is ábhar imní

2

Speicis eile, na 5 cinn is coitianta san iascach de ghnáth (amhail ronnach gorm, i gcás iascaigh pheiligeacha, agus deoraithe agus alfainsíní, i gcás iascaigh ghrinnill)

3

Gach speiceas eile

4

Beidh leithroinnt na hiarrachta breathnóra i measc na ngníomhaíochtaí seo ag brath ar an gcineál oibríochta agus suímh. Is ceart méid foshamplaí i gcoibhneas le cainníochtaí gan breathnú (amhail an líon duán a scrúdaíodh i leith comhdhéanamh speiceas i gcoibhneas leis an líon duán a socraíodh) a thaifeadadh go sainráite faoi threoir a gheofar ó Pháirtithe Conarthacha agus ó chláir bhreathnóra páirtithe comhoibríocha neamhchonarthacha.

K. Sonraíochtaí códaithe atá le húsáid i ndáil le sonraí breathnóra

1.    Mura sonraítear a mhalairt i ndáil le cineálacha sonracha sonraí, tá sonraí breathnóra le soláthar i gcomhréir leis na sonraíochtaí céanna códaithe atá sonraithe sa roinn seo.

2.    Tá Am Uilíoch Lárnach (AUL) le húsáid chun amanna a thuairisciú.

3.    Tá céimeanna deachúla le húsáid chun suímh a thuairisciú.

4.    Is iad seo a leanas na scéimeanna códaithe atá le húsáid:

(a)    tá speicis le tuairisciú trí úsáid a bhaint as cóid speicis 3 litir FAO;

(b)    tá modhanna iascaireachta le tuairisciú trí úsáid a bhaint as cóid an Aicmithe Idirnáisiúnta Chaighdeánaigh Staidrimh ar Threalamh Iascaireachta (ISSCFG – 29 Iúil 1980);

(c)    Tá cineálacha soithigh iascaireachta le tuairisciú trí úsáid a bhaint as cóid an Aicmithe Idirnáisiúnta Chaighdeánaigh Staidrimh ar Shoithí Iascaireachta (ISSCFV).

5.    Tá aonaid mhéadracha tomhais le húsáid, is é sin le rá go sonrach:

(a)    tá cileagraim le húsáid chun meáchan gabhála a thuairisciú;

(b)    tá méadair le húsáid chun airde, leithead, doimhneacht, bíoma nó fad a thuairisciú;

(c)    tá méadair chiúbacha le húsáid chun toirt a thuairisciú;

(d)    tá cileavataí le húsáid chun cumhacht innill a thuairisciú.

L. Foirm tuairiscithe líne scanraithe éan

CÓID LÍNE SCANRAITHE ÉAN/LIOSTA ROGHANNA:

Suíomh

Dearadh

Réad Tarraingthe

Ábhar

Dath

Taobh an chlébhoird

Singil

F = Tonnadóir inbhéartaithe/cón plaisteach

T = Feadánra plaisteach

P = Bándearg

Taobh an deasbhoird

Péireáilte

L = Fad líne tibhe

S = Stropaí plaisteacha

R = Dearg

Cúl

K = Snaidhm nó lúb líne tibhe

O = Eile

C = Dath cairéid (Flannbhuí)

B = Baoi

Y = Buí

N = Baoi faoi eangach

G = Glas

S = Sac nó mála

B = Gorm

W = Meáchan

W = Donn

Z = Gan réad tarraingthe

F = Dath tréigthe (aon dath)

O = Eile

O = Eile

M. Foirm tuairiscithe líne ualaithe sheachtraigh

N. Foirm tuairiscithe scéithe éin

Achoimre ar Luachanna Ionchurtha

• Achar ón gcúl

Taobh-Bhíoma

Bíoma Deiridh

• Fad an Bhíoma

Fad an Bhíoma

• An líon sraoilleán

An líon sraoilleán

• Meánachar idir sraoilleáin

Meánachar idir sraoilleáin

• Airde os cionn an uisce

Airde os cionn an uisce

• Dath na sraoilleán

Dath na sraoilleán

• Ábhar na sraoilleán

Ábhar na sraoilleán

Taobh-Chuirtín Deiridh

Cuirtín Deiridh

• Fad an chuirtín

Fad an chuirtín

• An líon sraoilleán

An líon sraoilleán

• Meánachar idir sraoilleáin

Meánachar idir sraoilleáin

• Airde os cionn an uisce

Airde os cionn an uisce

• Dath na sraoilleán

Dath na sraoilleán

• Ábhar na sraoilleán

Ábhar na sraoilleán

O. Caighdeán do shonraí breathnóra a bhailítear le linn tabhairt i dtír nó nuair atá soitheach i gcalafort

Maidir le soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu, agus a bhfuil speicis neamhphróiseáilte bhainistithe SPRFMO á dtabhairt i dtír acu (i.e. iasc iomlán gan aon chuid den iasc a bheith bainte de), agus i gcás ina ndéantar breathnóireacht ar an tabhairt i dtír sin, féadfaidh Páirtithe Conarthacha agus Páirtithe Comhoibríocha Neamhchonarthacha an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú agus a sholáthar:

1. Na sonraí soithigh seo a leanas i ndáil le gach tabhairt i dtír ar leith a ndearnadh breathnóireacht air:

(a)Bratach reatha an tsoithigh

(b)Ainm an tsoithigh

(c)Uimhir chlárúcháin soithigh iascaireachta

(d)Comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó)

(e)Uimhir Lloyd’s/IMO (má tá ceann sannta dó)

(f)An cineál soithigh (bain úsáid as cóid ISSCFV iomchuí)

(g)An cineál modha(nna) iascaireachta (bain úsáid as cóid ISSCFG iomchuí)

2. Na sonraí breathnóra seo a leanas i ndáil le gach tabhairt i dtír ar leith a ndearnadh breathnóireacht air:

(a) Ainm an bhreathnóra

(b)Eagraíocht an bhreathnóra

(c)An tír inar tugadh i dtír (cóid chaighdeánacha tíre 3-alpha ISO)

(d)Calafort/Pointe tabhairt i dtír

3. Na sonraí seo a leanas i ndáil le gach tabhairt i dtír ar leith a ndearnadh breathnóireacht air:

(a)Dáta agus am an tabhairt i dtír (formáid AUL)

(b)An chéad lá den turas – a mhéid is indéanta

(c)An lá deireanach den turas – a mhéid is indéanta

(d)Limistéar táscach iascaireachta (Domhanleithead/Domhanfhad deachúil, taifeach 1 nóiméad – a mhéid is indéanta)

(e)Príomh-spriocspeicis (cód speicis FAO)

(f)Riocht inar tugadh i dtír de réir speicis (cód speicis FAO)

(g)Meáchan a tugadh i dtír (beo) de réir speicis (cileagram) don tabhairt i dtír a bhfuil breathnóireacht á déanamh air

De bhreis air sin, is ceart sonraí Faid-Minicíochta, sonraí Bitheolaíocha agus/nó sonraí aisghabhála Clibeanna a dhéanamh i gcomhréir leis na caighdeáin a thuairiscítear i míreanna E, F agus I faoi seach den Iarscríbhinn seo i ndáil leis na speicis sin a ndéantar breathnóireacht orthu le linn tabhairt i dtír nó nuair atá soitheach i gcalafort.

Ní mheastar go bhfuil Codanna G (Gabháil theagmhasach) agus H (VME-anna) ábhartha maidir le tabhairt i dtír a ndéantar breathnóireacht air. Is ceart, áfach, déanamh de réir na gcaighdeán a thuairiscítear i míreanna I (aisghabháil Clibeanna), J (Ordlathais) agus K (Sonraíochtaí códaithe), más infheidhme.

IARSCRÍBHINN XI

Iarraidh maidir le teacht isteach i gcalafort

Aitheantas Soithigh:

Ainm an tsoithigh

Bratach an tsoithigh.

Uimhir loinge IMO

Comhartha aitheantais

Aitheantas Seachtrach

Mionsonraí faoi Theacht isteach i gCalafort:

Calafort a bheartaítear ann 2  

Stát Calafoirt

Cuspóir 3  Teacht isteach sa Chalafort

An dáta a mheastar go mbainfear an ceann scríbe amach

An t-am a mheastar go mbainfear an ceann scríbe amach

Dáta reatha

Speicis bhainistithe SPRFMO a choinnítear ar bord:

Speiceas

Ceantar gabhála FAO

Riocht an táirge

Cileagraim iomlána a choinnítear ar bord

An méid atá le Trasloingsiú/ Tabhairt i dTír

Faighteoir an méid a Thrasloingsítear/ Thugtar i dTír

Más rud é nach bhfuil aon speicis nó táirgí éisc SPRFMO de thionscnamh na speiceas sin á gcoinneáil ar bord, cuir isteach ‘nialas’.

Mionsonraí faoin údarú ábhartha iascaireachta:

Aitheantóir

Arna eisiúint ag

Bailíocht

Ceanta(i)r iascaireachta

Speiceas

Trealamh 4

An bhfuil cóip de liosta daoine den chriú i gceangal leis seo? TÁ/NÍL

IARSCRÍBHINN XII

Torthaí achoimre maidir le cigireacht chalafoirt

Mionsonraí faoin gcigireacht:

Uimhir na tuarascála cigireachta

Ainm an Phríomhchigire

Stát Calafoirt

Údarás cigireachta

Calafort cigireachta

Cuspóir le Teacht Isteach

Dáta tosaithe na cigireachta

Am tosaithe na cigireachta

Dáta críochnaithe na cigireachta

Am críochnaithe na cigireachta

An bhfuarthas réamhfhógra?

An bhfuil mionsonraí an réamhfhógra i gcomhréir leis an gcigireacht?

Mionsonraí faoin soitheach:

Ainm an tsoithigh

Bratach an tsoithigh.

An cineál soithigh

IRCS

Aitheantas seachtrach

Uimhir IMO

Úinéir an tsoithigh

Oibreoir an tsoithigh

Máistir an tsoithigh (agus náisiúntacht)

Gníomhaire an tsoithigh

VMS i láthair?

An cineál VMS

Údaraithe ábhartha iascaireachta:

Aitheantóir údaraithe

Arna eisiúint ag

Bailíocht

Ceantair iascaireachta

Speiceas

Trealamh 5

An bhfuil an soitheach ar liosta soithí údaraithe SPRFMO?

Údaraithe faoi láthair?

Speicis bhainistithe SPRFMO a díluchtaíodh (le linn an bheith sa chalafort seo amháin):

Speiceas

Ceantar gabhála FAO

Riocht an táirge

Cainníocht dhearbhaithe a díluchtaíodh

Cainníocht a díluchtaíodh

Speicis bhainistithe SPRFMO a coinníodh ar bord:

Speiceas

Ceantar gabhála FAO

Riocht an táirge

Cainníocht dhearbhaithe a coinníodh ar bord

Cainníocht a coinníodh ar bord

Speicis bhainistithe SPRFMO a glacadh ó thrasloingsiú (le linn an bheith sa chalafort seo amháin):

Speiceas

Ceantar gabhála FAO

Riocht an táirge

Cainníocht dhearbhaithe a glacadh

Cainníocht a glacadh

Scrúduithe agus fionnachtana:

Roinn

Tuairimí

Scrúdú Logleabhar agus doiciméad eile

An cineál trealaimh ar bord

Fionnachtana ag cigirí

Sáruithe dealraitheacha (cuir san áireamh tagairt d’ionstraimí dlíthiúla ábhartha)

Tuairimí an Mháistir

Bearta a rinneadh

Síniú an Mháistir

Síniú an Chigire

IARSCRÍBHINN XIII

Liosta na “speiceas eile is ábhar imní”

Ainm eolaíoch

Ainm Gaeilge

Cód 3-alfa

Carcharhinus longimanus

Siorc bán aigéanach

OCS

Carcharodon carcharias

Siorc bán mór

WSH

Cetorhinus maximus

Liamhán gréine

BSK

Lamna nasus

Craosaire

POR

Manta spp.

Roc na caille

MNT

Mobula spp.

Diabhalroc

RMV

Rhincodon typus

Míolsiorc

RHN

(1)

   Cód na Náisiún Aontaithe do Láithreacha Trádála agus Iompair (UN/LOCODE).

(2) Is ceart dó a bheith ina chalafort ainmnithe mar atá liostaithe i gclár calafort SPRFMO
(3) Eg. Tabhairt i dtír, trasloingsiú, athbhreoslú.
(4) Má tá an t-údarú teoranta do thrasloingsiú, cuir isteach “trasloingsiú” mar threalamh
(5) Má tá an t-údarú teoranta do thrasloingsiú, cuir isteach “trasloingsiú” mar threalamh.