AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,6.3.2017
COM(2017) 114 final
2017/0048(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le staidreamh gnó Eorpach
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 agus lena n
x001e
aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2017) 98 final}
{SWD(2017) 99 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá ag méadú ar an ngá atá ann le faisnéis staidrimh faoi chuideachtaí chun críocha déanta beartas agus chun críocha eile. Meastar go soláthrófar leis an gCóras Staidrimh Eorpach (CSE) sonraí staidrimh ardcháilíochta sa réimse sin agus go ndéanfar sin ar bhealach tráthúil inchomparáide ar fud na mBallstát. Ba cheart staidreamh gnó CSE arna scaipeadh a úsáid mar bhonn le cinntí faoin ngeilleagar margaidh atá bunaithe ar eolas agus nuálaíocht, le rochtain níos fearr a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar an margadh aonair agus le fiontraíocht agus iomaíochas a spreagadh.
Cuid den Chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála is ea an dréacht-Rialachán maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 agus lena naisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (FRIBS). Tá an Clár á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach chun dlí an Aontais Eorpaigh a shimpliú agus costais neamhriachtanacha rialála a laghdú. Tá réimse an staidrimh gnó sainaitheanta mar cheann de na réimsí tosaíochta faoin gClár. Beartaítear leis an dréacht-Rialachán go gcomhtháthófaí ceanglais staidrimh agus gníomhartha dlí le haghaidh staidreamh gnó trí iad a chuíchóiriú agus a shimpliú agus tríd an ualach ar ghnólachtaí a laghdú.
Tá an córas reatha le haghaidh staidreamh gnó Eorpach a tháirgeadh ilroinnte ina rialacháin aonair atá sonrach ó thaobh réimse de. Cruthaíonn sé sin neamhréireachtaí sna sonraí a bhailítear agus neamhéifeachtúlachtaí sa dóigh a dtáirgtear na sonraí sin. Soláthrófar le FRIBS creat comhchoiteann dlíthiúil le haghaidh staidreamh gnó CSE a tháirgeadh agus a thiomsú. Meastar go soláthrófar na nithe seo a leanas leis an gCreat-Rialachán: cláir ghnó CSE atá ar cháilíocht níos airde, sainmhínithe comhchoiteanna a úsáidfear i ngach ceann de na réimsí staidrimh a chumhdaítear leis, malartú micreashonraí in-sainaitheanta, agus struchtúr comhtháite sonraí. Ba cheart go gcabhródh an méid sin le próisis táirgthe staidrimh náisiúnta a chuíchóiriú, le húsáid níos fearr a bhaint as foinsí sonraí atá ann cheana, agus le laghdú a dhéanamh ar an ualach staidrimh atá ar fhreagróirí nuair atá staidreamh gnó CSE á thiomsú. Ina theannta sin, cruthófar le FRIBS struchtúir chomhchuibhithe sonraí agus caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta sonraí. Leis na struchtúir agus na caighdeáin sin, beifear in ann cineálacha difriúla staidrimh gnó a nascadh le chéile, rud a chuirfidh le luach na faisnéise arna bailiú.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Bíonn staidreamh iontaofa ardcháilíochta ag éirí níos riachtanaí i gcónaí chun an lucht déanta beartas agus gnólachtaí a chumasú cinntí fianaisebhunaithe a dhéanamh. Mar gheall ar an mbrú méadaitheach atá ar na hacmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil chun staidreamh a tháirgeadh, áfach, is amhlaidh gur mórdhúshlán do CSE anois é an méid síormhéadaitheach staidrimh ardcháilíochta a theastaíonn. Ag an am céanna, tá soláthraithe sonraí (freagróirí – gnólachtaí) ag éileamh ar CSE an tualach riaracháin atá orthu a laghdú. Chun na dúshláin sin a shárú, reáchtáil an Coimisiún (Eurostat) roinnt tionscnamh le déanaí chun táirgeadh níos éifeachtúla staidrimh Eorpaigh a áirithiú agus chun an tualach ar fhreagróirí a laghdú trí chomhordú agus comhar a shimpliú agus a fheabhsú laistigh de CSE. Sampla amháin de na tionscnaimh sin is ea an leasú a rinneadh sa bhliain 2015 ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le staidreamh Eorpach, ar leasú é lenar soiléiríodh rialachas CSE agus lenar neartaíodh ionstraimí comhordúcháin agus comhair ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar leibhéal náisiúnta araon. Tá tionscnaimh chomhchosúla eile, mar shampla, tionscnaimh lena bpléitear le réimse an staidrimh shóisialta, ar áireamh sa Chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála atá ar bun ag an gCoimisiún agus is é an aidhm atá leo táirgeadh an staidrimh Eorpaigh a shimpliú agus a chuíchóiriú laistigh de réimsí spriocdhírithe.
Tá staidreamh gnó ar cheann amháin de thrí cholún an Chórais Staidrimh Eorpaigh atá sa Chlár Staidrimh Eorpach don tréimhse 2013-2017. Cumhdaítear le gach colún sraith príomhstaidrimh lena bhfreastalaítear ar roinnt riachtanas éagsúil agus lena soláthraítear an tionchur do chórais chuntasaíochta (e.g. cuntais náisiúnta nó comhardú na níocaíochtaí). Soláthraítear leo freisin an bonn le táscairí do riachtanais dhifriúla bheartais. Is í Fís 2020 an Chórais Staidrimh Eorpaigh, ar ghlac an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach i mí na Bealtaine 2014 í, an fhreagairt straitéiseach ón gCóras Staidrimh Eorpach do na dúshláin a bhaineann le staidreamh oifigiúil. Luaitear inti gur cheart an fhéidearthacht a bheith ann sonraí a bhaineann le réimsí difriúla staidrimh a úsáid ar mhaithe le hanailís níos fearr a dhéanamh ar fheiniméin atá ag teacht chun cinn (e.g. an domhandú) agus ar mhaithe le freastal ar bhealach níos fearr ar bheartais AE lena ngabhann ardtionchar. Ba cheart an taschur sonraí a bheith bunaithe ar phróisis staidrimh atá éifeachtúil agus daingean. Ba é an Clár um Nuachóiriú ar Staidreamh Eorpach a bhaineann le Fiontraíocht agus Trádáil (clár MEETS) a d’ullmhaigh cur chun feidhme Fhís 2020 an Chórais Staidrimh Eorpaigh i réimse an staidrimh gnó agus trádála. Seoladh roinnt gníomhartha mar chuid den obair sin. Bhí sé mar chuspóir leo comhtháthú, simpliú agus nascadh sonraí a bhaint amach agus modheolaíochtaí comhchuibhithe a fhorbairt.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Ceann de na haidhmeanna atá leis an gCreat-Rialachán maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó is ea staidreamh a sholáthar atá oiriúnach don fheidhm agus lena gcabhraítear le forbairt agus faireachán a dhéanamh ar bheartais AE a théann i bhfeidhm ar ghnólachtaí.
Rud ba shonraí fós, má táthar chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na 10 dtosaíocht a leag an Coimisiún Eorpach síos, go háirithe na tosaíochtaí sin a bhaineann le poist, fás agus infheistíocht, leis an margadh aonair digiteach, leis an margadh inmheánach agus le comhaontuithe trádála AE, teastaíonn staidreamh Eorpach atá comhchuibhithe agus inchomparáide, ar staidreamh é:
ar féidir leis an lucht déanta cinntí é a úsáid chun tionscnaimh bheartais a dhearadh lena gcomhlíontar cuspóirí an Choimisiúin agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcuspóirí sin;
ar féidir leis na meáin chumarsáide é a úsáid le linn dóibh na réimsí atá sainaitheanta sna 10 dtosaíocht a chumhdach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is le hAirteagal 338 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a sholáthraítear an bunús dlí do staidreamh Eorpach. Faoin Airteagal sin, déanfaidh reachtóirí an Aontais Eorpaigh bearta a ghlacadh chun staidreamh a chur ar fáil nuair is gá sin chun gníomhaíochtaí an Aontais a chomhlíonadh.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta a mhéid nach dtagann an togra faoi chuimsiú inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Sa Chóras Staidrimh Eorpach, is iad na Ballstáit a áirithíonn tiomsú iarbhír na faisnéise staidrimh ar leibhéal náisiúnta. Má táthar chun staidreamh gnó a thiomsú ar leibhéal Eorpach, is gá go mbeidh modheolaíocht chomhchuibhithe ann agus go saineofar an taschur comhchoiteann a sholáthróidh na Ballstáit. Ní fhéadann ach an Coimisiún an comhchuibhiú faisnéise staidrimh a theastaíonn ar fud na mBallstát a chomhordú agus staidreamh gnó a tháirgeadh ar leibhéal Eorpach bunaithe ar na sonraí arna dtiomsú ag na Ballstáit. Dá dhroim sin, féadfaidh an tAontas Eorpach bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Dá bhrí sin, tá údar iomlán leis an ngníomhaíocht ó AE a bheartaítear. Is trí ghníomhaíocht AE amháin a bheifear in ann an méid sin a bhaint amach go hiomlán.
Mar an gcéanna, is ar leibhéal Eorpach amháin is féidir faireachán níos fearr a dhéanamh ar an domhandú, bunaithe ar eolas níos fearr a bheith ann ar Ghrúpaí Fiontar Ilnáisiúnta.
•Comhréireacht
Comhlíontar prionsabal na comhréireachta leis an togra ar an gcúis/na cúiseanna seo a leanas:
Leis an togra, déanfar cáilíocht an staidrimh gnó Eorpaigh, lena náirítear inchomparáideacht, ábharthacht agus freagrúlacht an staidrimh sin, a áirithiú ar bhealach comhchuibhithe ar fud na mBallstát trí na prionsabail chéanna a chur i bhfeidhm. Cruthófar leis an togra cost-éifeachtúlacht mhéadaithe agus urramófar leis sainiúlachtaí chórais na mBallstát ag an am céanna.
Trí choincheapa agus modhanna a chaighdeánú, trí dheireadh a chur le dúbláil, agus tríd an deis a thapú úsáid mhéadaithe a bhaint as meascán foinsí seachas suirbhéanna amháin, ba cheart go laghdófaí an tualach airgeadais agus riaracháin ar fhreagróirí. Is dírithe go mór ar aschur atá an Creat-Rialachán maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó, rud a fhágann go bhfuil saorchead ag na Ballstáit an tionchur (foinsí sonraí) a roghnú fad a sholáthraíonn siad aschur (staidreamh) lena gcomhlíontar na sainmhínithe comhaontaithe agus na caighdeáin chomhaontaithe cháilíochta. Moltar do na Ballstáit úsáid a bhaint, nuair is féidir, as foinsí riaracháin atá ann cheana nó as foinsí nuálacha amhail sonraí móra chun freagairt do riachtanais staidrimh. Maidir leis na ceanglais nua i ndáil le sonraí a tugadh isteach leis an gCreat-Rialachán maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó, triaileadh i dtreoirstaidéir iad chun a indéanta atá siad a thaispeáint.
Rinneadh na gníomhartha reachtacha reatha ó AE maidir le staidreamh gnó a leasú roinnt uaireanta thar na blianta seo a chuaigh thart. Léirigh an méid sin gurb amhlaidh, trí Rialachán a thabhairt isteach lena mbunaítear creat comhchoiteann don phróiseas um shonraí staidrimh faoi ghnólachtaí a bhailiú, a phróiseáil agus a scaipeadh, gur féidir na próisis lena mbaineann a dhéanamh níos éifeachtúla (costas/tairbhe) agus níos éifeachtaí.
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar sin, tá an Rialachán atá beartaithe teoranta don íosmhéid is gá chun na cuspóirí atá leis a bhaint amach agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun na críche sin.
•An rogha ionstraime
An ionstraim atá beartaithe: Rialachán.
Is é Rialachán an ionstraim is cuí sa chás seo mar gheall ar chuspóirí agus ábhar an togra.
Tá roghnú na hionstraime cuí ag brath ar an sprioc reachtach lena mbaineann. Mar gheall ar na riachtanais faisnéise ar leibhéal Eorpach, is gnách gurb iad rialacháin, seachas treoracha, a úsáidtear mar bhunghníomhartha le haghaidh staidreamh Eorpach. Is fearr rialachán sa chás seo toisc gurb ionann ar fud an Aontais Eorpaigh an dlí a leagtar síos leis, rud a fhágann nach bhfuil aon saoirse ag na Ballstáit é a chur i bhfeidhm ar bhealach neamhiomlán nó roghnaitheach. Áirithítear le rialachán go soláthrófar sonraí inchomparáide laistigh den Aontas Eorpach i gcás staidreamh ardcháilíochta Eorpach. Tá rialachán infheidhme go díreach, a fhágann nach gá é a thrasuí sa dlí náisiúnta. Tá úsáid rialacháin i gcomhréir le bunghníomhartha eile staidrimh Eorpaigh a glacadh ón mbliain 1997 i leith.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ós rud é gur tosaíodh an tionscnamh seo roimh ghlacadh na dtreoirlínte maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ní dhearnadh aon mheastóireacht shonrach den sórt sin (bunaithe ar na cúig chritéar meastóireachta) ar an staid reatha chun tacú leis an tionscnamh. Bunaithe ar chaighdeáin an Choimisiúin, ba é an córas atá ar bun ag Eurostat chun meastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana, lenar áiríodh an mheastóireacht ar an gClár Staidrimh Eorpach, an córas a leanadh agus bhí sé ina chuid lárnach den phróiseas ar fad. Ina theannta sin, reáchtáiltear suirbhéanna ar úsáideoirí gach bliain chun eolas níos fearr a ghnóthú ar úsáideoirí, ar a riachtanais agus ar a shásta atá siad leis na seirbhísí a sholáthraíonn Eurostat. Baineann Eurostat úsáid as torthaí meastóireachta chun feabhas a chur ar an bpróiseas um fhaisnéis staidrimh a tháirgeadh agus ar a aschur staidrimh. Tá na torthaí sin ina mbonn eolais faoi phleananna straitéiseacha éagsúla, lena náirítear an clár oibre agus an plean bainistíochta.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Is iad seo a leanas na príomhchatagóirí de pháirtithe leasmhara i réimse an staidrimh gnó Eorpaigh: úsáideoirí sonraí (seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin, údaráis staidrimh náisiúnta a dhéanann faireachán ar an earnáil gnó, Bainc Cheannais Náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach, comhlachais ghairmiúla agus taighdeoirí), tiomsaitheoirí sonraí (Institiúidí Staidrimh Náisiúnta agus tiomsaitheoirí eile sonraí amhail Bainc Cheannais Náisiúnta) agus soláthraithe sonraí (fiontair (fiontair bheaga agus mheánmhéide ina measc)).
Bhí an chéad bhabhta de chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara ar siúl idir mí Iúil agus mí Dheireadh Fómhair 2014. Ba le heilimintí bonneagair an Chreat-Rialacháin maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó (amhail Cláir Ghnó, malartú micreashonraí, saincheisteanna cáilíochta agus rúndacht) a pléadh lena linn. Seoladh an dara babhta sa dara leath den bhliain 2015 agus díríodh lena linn ar na hathruithe ar na ceanglais i ndáil le sonraí a thabharfaí isteach leis an gCreat-Rialacháin maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó. Ar deireadh, ba le linn an tríú babhta a bailíodh tuairimí na bpáirtithe leasmhara maidir le nuachóiriú a dhéanamh ar staidreamh trádála earraí laistigh den Aontas (Intrastat). Bhí an babhta sin ar siúl i bhfómhar na bliana 2015 agus sa chéad ráithe den bhliain 2016. I ngach babhta, reáchtáladh comhairliúchán spriocdhírithe leis na tiomsaitheoirí sonraí (údaráis staidrimh náisiúnta) agus comhairliúchán poiblí leis na soláthraithe sonraí (gnólachtaí). Reáchtáladh comhairliúchán poiblí leis na húsáideoirí sonraí le linn an chéad dá bhabhta freisin. Is in dhá thuarascáil a leagtar amach na torthaí ón gcomhairliúchán poiblí.
Is féidir an príomhthoradh ar na comhairliúcháin faoi seach a achoimriú mar seo a leanas:
Tharraing úsáideoirí sonraí aird ar na fadhbanna atá ann maidir lena ábhartha atá an staidreamh gnó atá ar fáil faoi láthair. Go háirithe, luaigh siad go bhfuil fadhbanna ann maidir le sonraí ó réimsí difriúla staidrimh gnó a chomhcheangal de bharr neamhréireachtaí agus na heaspa faisnéise atá ar fáil maidir le saincheisteanna amhail an earnáil seirbhísí agus an domhandú. Bhí siad den tuairim go gcuirfí lena chomhsheasmhaí atá an staidreamh gnó dá dtabharfaí rialachán comhchuibhithe aonair isteach.
Cé gur ceanglais lena bhfreagraítear do riachtanais sheanbhunaithe úsáideoirí iad na ceanglais nua i ndáil le sonraí a thagann as an gCreat-Rialachán maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó, tá imní ar tháirgeoirí staidrimh (institiúidí staidrimh náisiúnta) faoi na costais mhéadaithe táirgthe a bhaineann leis na ceanglais sin a chomhlíonadh.
Tá imní ar sholáthraithe sonraí faoin ualach méadaithe a bheidh orthu mar gheall ar na riachtanais bhreise i ndáil le sonraí. Soláthraíodh fianaise le linn na gcomhairliúchán spriocdhírithe gur luachmhaire i bhfad nuachóiriú an staidrimh trádála earraí laistigh den Aontas ná an méadú sin.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Pléadh tionscadal an Chreat-Rialacháin maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó i gcruinnithe éagsúla le saineolaithe náisiúnta. Ní hé amháin gur cumhdaíodh staidreamh gnó sna cruinnithe sin, ach pléadh staidreamh maicreacnamaíoch, Cuntais Náisiúnta agus staidreamh maidir le Comhardú na nÍocaíochtaí lena linn freisin. Ba ar bhonn rialta a cuireadh tuarascálacha ar dhul chun cinn ar an tionscadal faoi bhráid an Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
Foinse eile fianaise seachtraí a úsáideadh ba ea na comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara a thuairiscítear thuas, ar chomhairliúcháin iad a chuimsigh úsáideoirí sonraí agus soláthraithe sonraí araon.
•Measúnú tionchair
Tá Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair ag gabháil leis an togra seo. Sa tuarascáil sin, sainaithnítear na fadhbanna lena mbaineann, beartaítear na roghanna difriúla beartais atá ann chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin agus, ar deireadh, déantar measúnú ar thionchar na roghanna beartais.
Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ar an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair i mí an Mheithimh 2016 (
http://ec.europa.eu/smart-regulation/impact/ia_carried_out/cia_2016_en.htm#estat
).
Sainaithníodh sa mheasúnú tionchair dhá thoisc ar cúiseanna le fadhbanna iad:
(1)
An laghdú ar a ábhartha agus a fhreagrúla atá staidreamh gnó Eorpach
(2)
Ilroinnt dhlíthiúil i staidreamh gnó
Chun aghaidh a thabhairt ar na tosca sin, rinneadh measúnú ar na roghanna seo a leanas:
Rogha A - Cás bonnlíne – Gan aon athrú a dhéanamh ar bheartas an Aontais Eorpaigh;
Rogha B - Cur chun feidhme a dhéanamh ar ghníomhartha reachtacha a bheidh teoranta do réimsí áirithe staidrimh gnó, lena náirítear roghanna malartacha le haghaidh Intrastat a nuachóiriú.
Rogha C - Staidreamh gnó a nuachóiriú ina chreat aonair (an Creat-Rialachán maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó) trí bhearta éagsúla a úsáid, lena náirítear roghanna malartacha le haghaidh Intrastat a nuachóiriú.
Bunaithe ar an measúnú tionchair, ní cosúil go bhfuil Rogha A inghlactha toisc go mbeadh an lucht déanta beartas agus úsáideoirí sonraí níos míshásta i gcónaí leis na sonraí arna scaipeadh agus go rachaidís i muinín foinsí eile sonraí dá bharr.
Le Rogha B, tugtar aghaidh ar nuachóiriú an chórais reatha um Staidreamh Gnó Eorpach go pointe éigin, go háirithe maidir le táirgeadh sonraí agus aschur sonraí a uasghrádú don lucht déanta beartas agus d’úsáideoirí eile sonraí. Tá Rogha B oiriúnach do chóras Intrastat a nuachóiriú freisin, rud ar cheart go laghdódh sé an tualach ar sholáthraithe sonraí. Má ghlactar an rogha sin, áfach, beidh sraith easnamh reatha fágtha gan réiteach. Ar an gcéad dul síos, má táthar chun 10 ngníomh reachtacha ar leith a choinneáil le haghaidh staidreamh Gnó, beidh gá ann le hiarracht mhéadaithe a dhéanamh ar neamhréireachtaí a laghdú agus ar chomhleanúnachas na sonraí agus na dtáscairí arna dtáirgeadh d’úsáideoirí beartais amach anseo a chaomhnú. Cruthaítear le Rogha B ardualach oibre maidir leis na píosaí reachtaíochta lena mbaineann a bhainistiú agus a nuashonrú freisin. I gcás na ngníomhartha feabhais a bheartaítear leis an rogha sin, is amhlaidh nach gcruthaítear leo aon solúbthacht ná aon fhreagrúlacht bhreise maidir le freastal ar an mbeartas atá ag athrú agus ar riachtanais úsáideoirí eile.
Is í Rogha C an rogha is faide chun cinn agus is réamhbhreathnaithí toisc go nuachóirítear léi an córas staidrimh gnó Eorpaigh trí é a chur in oiriúint don todhchaí. Faoin rogha sin, cuirfear staidreamh gnó Eorpach isteach i gcreat dlíthiúil aonair amháin ar a dtugtar an Creat-Rialachán maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó, rud lena ráthófar go sainráite go mbeidh an staidreamh gnó i bhfad níos comhsheasmhaí (e.g. maidir le hathruithe a uainiú agus maidir le sainmhínithe a chomhchuibhiú, etc.). Fágann sé sin go mbeifear in ann tairbhí méadaithe a bhaint as an gCóras Staidrimh Eorpach ina iomláine agus an breisluach a chuireann an tAontas Eorpach ar fáil a uasmhéadú ag an am céanna. Bainfear de na teorainneacha atá ann idir na réimsí éagsúla staidrimh nó cuirfear deireadh leo ina niomláine fiú. Mar gheall ar na réimsí staidrimh a bheith ar chomhréim le chéile, beifear in ann freastal ar na riachtanais bheartais ar bhealach i bhfad níos fearr toisc go mbeifear in ann táscairí agus meascáin táscairí níos cuíchóirithe a scaipeadh. Méadófar solúbthacht an chórais ag an am céanna le Rogha C, rud nach dtarlódh i gcás an dá rogha roimhe sin. Beifear in ann freastal ar riachtanais nua bheartais ar bhealach níos tapa agus na riachtanais sin a leabú isteach i gcóras feidhmiúil dea-dheartha. I gcodarsnacht le Rogha B, déanfar le Rogha C, arb í an rogha thosaíochta í, íoslaghdú ar na costais a bhaineann leis an staidreamh arna scaipeadh agus an bunchreat dlíthiúil a oiriúnú toisc go dtabharfar na leasuithe riachtanacha uile isteach ar bhealach níos éasca ag an aon am amháin. Rud ba thábhachtaí fós, agus i gcomparáid leis na roghanna eile, is airde i bhfad an acmhainneacht atá ag Rogha C chun an tualach ar fhiontair a laghdú.
Mar chríoch, is léir go bhfuil Rogha C ar an rogha is fearr mar gheall ar na buntáistí uile a ghabhann léi. Is le Rogha C a fhreagraítear ar an mbealach is fearr do chuspóirí an chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála tríd an ualach neamhriachtanach riaracháin a laghdú agus trí na téacsanna dlíthiúla ilchineálacha neamhréireacha lena rialaítear staidreamh gnó faoi láthair a shimpliú agus a chuíchóiriú ina gcreat dlíthiúil comhleanúnach amháin.
Cé gur chuir sé tuairim dhearfach in iúl ina leith, rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála trí phríomh-mholadh chun an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair a fheabhsú. Ba iad seo a leanas na moltaí sin:
1) Measadh gur neamhiomlán a bhí an raon roghanna a cuireadh i láthair agus a ndearnadh anailís orthu ar dtús. Thángthas ar an tuairim sin toisc gur leanadh an próiseas comhairliúcháin ar na fo-roghanna féideartha maidir le nuachóiriú an staidrimh maidir le trádáil laistigh den Aontas ar aghaidh tar éis an tuarascáil ar an measúnú tionchair a chur isteach ar dtús lena ngrinnscrúdú ag an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála. Nuashonraigh Eurostat an liosta de na roghanna beartais atá beartaithe ina diaidh sin. Léiríodh sa liosta na conclúidí ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach maidir le nuachóiriú na trádála laistigh den Aontas.
2) Iarradh go neartófaí an anailís ar na himpleachtaí buiséadacha a d’fhéadfadh bheith ann i mBallstáit aonair agus go saineofaí san anailís sin cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé níos deacra do Bhallstáit áirithe an Rialachán a chur chun feidhme agus cé acu a bhí nó nach raibh aon bhearta maolaitheacha beartaithe do na Ballstáit sin. Sholáthair Eurostat tuilleadh soiléirithe ansin maidir le cé na tíortha a mbeadh an tionchar is mó ag na hathruithe orthu. Ina theannta sin, soláthraíodh roinnt samplaí a bhain le simplithe a beartaíodh do thíortha beaga agus leis an acmhainneacht cuíchóirithe agus nuachóirithe atá ag an gCreat-Rialachán maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó chun laghduithe costais a bhaint amach sa todhchaí. Míníodh freisin gur beartaíodh maoiniú a chur ar fáil (laistigh den bhuiséad atá ar fáil) le haghaidh gníomhartha a bhfuil sé mar aidhm leo gníomhaíochtaí nua bailithe sonraí a fhorbairt.
3) Iarradh go neartófaí an anailís ar an tionchar a bheadh ag an ualach riaracháin ar sholáthraithe sonraí agus go ndíreofaí tuilleadh ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide ina leith sin, agus sonraí á dtabhairt ag an am céanna faoi aon bhearta a dhéanfaí chun fiontair bheaga agus mheánmhéide a chosaint ar ualaí méadaithe. Thug Eurostat soiléiriú ansin maidir leis an tionchar a bheadh ag an ualach riaracháin ar sholáthraithe sonraí. Maidir le roinnt de na ceanglais bhreise i ndáil le sonraí lena bhfreagraítear do riachtanas seanbhunaithe sonrach atá ag úsáideoirí, is é sin, go gcumasófaí faireachán ar ghníomhartha beartais a bhaineann le fiontair bheaga agus mheánmhéide, is amhlaidh go méadófaí leis na ceanglais lena mbaineann an tualach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Soláthraíodh roinnt samplaí chun a léiriú go bhfuil bearta speisialta i bhfeidhm ina lán réimsí Staidrimh Gnó chun a rathú go gcosnófaí fiontair bheaga agus mheánmhéide ar ualach iomarcach agus go ndéanfadh tiomsaitheoirí sonraí iarracht ar leith ar an ualach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide a laghdú i gcás na gceanglas nua i ndáil le sonraí.
Ó ceadaíodh an tuarascáil ar an measúnú tionchair, rinneadh an cinneadh, bunaithe ar an tuairim ón gCoiste maidir le Staitisticí Airgeadaíochta, Airgeadais agus Staitisticí a bhaineann le Comhardú na nÍocaíochtaí i mí Mheán Fómhair 2016, an Staidreamh Infheistíochta Dírí ón gCoigríoch a bhaint de chumhdach an Chreat-Rialacháin maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó toisc nach bhfuil an ghné staidrimh gnó den Staidreamh Infheistíochta Dírí ón gCoigríoch chomh soiléir leis an ngné sin den Staidreamh Trádála Idirnáisiúnta Seirbhísí, rud a chumhdaítear leis an Rialachán maidir le Comhardú Íocaíochtaí faoi láthair freisin. Dá bhrí sin, leanfar ar aghaidh leis na ceanglais Staidrimh Infheistíochta Dírí ón gCoigríoch a chumhdach leis an Rialachán maidir le Comhardú Íocaíochtaí.Is amhlaidh, áfach, nach ndéanann sé sin aon difear do na conclúidí ar thángthas orthu sa tuarascáil ar an measúnú tionchair.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Comhlíontar leis an togra na cuspóirí simplithe atá leis an gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála, go háirithe toisc go ndéantar leis an togra deich rialachán a chuíchóiriú ina gcreat rialála aonair amháin agus go laghdaítear leis an tualach ar ghnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide. Rinneadh breithniú agus rialú iomlán ar na costais chur chun feidhme freisin.
Cé go moltar do na Ballstáit an oiread úsáide agus is féidir a bhaint as foinsí riaracháin agus foinsí nuálacha nach suirbhéanna iad, lena náirítear modhanna nua nó cineálacha nuálacha cur chuige, is amhlaidh go méadaítear an tualach ar fhreagróirí mar gheall ar an ngá atá ann le freagairt do na riachtanais nua atá ag úsáideoirí. Mar sin féin, is mó i bhfad na simplithe a bhainfear amach, go háirithe i réimse an staidrimh trádála laistigh den Aontas, ná an tualach breise sin. Tríd is tríd, meastar go nginfear leis an gCreat-Rialachán maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó laghdú 13.5 % ar a laghad gach bliain ar an ualach riaracháin ar ghnólachtaí.
D’fhéadfadh, mar gheall ar roinnt de na ceanglais bhreise i ndáil le sonraí a chumhdaítear leis an gCreat-Rialachán maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó, go dtiocfadh méadú ar an ualach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, go háirithe maidir leis an staidreamh gnó a leathnú chun go gcumhdófaí leis gníomhaíochtaí seirbhísí nár cumhdaíodh roimhe sin. Mar sin féin, tá an méadú sin ar cheann de na hiarmhairtí a ghabhann le freagairt do riachtanas seanbhunaithe sonrach atá ag úsáideoirí, is é sin, go gcumasófaí faireachán ar ghníomhartha beartais Eorpaigh agus náisiúnta a bhaineann le fiontair bheaga agus mheánmhéide, ar gníomhartha iad a bhfuil faisnéis fúthu in easnamh faoi láthair toisc nach cumhdaithe go fóill atá gníomhaíochtaí seirbhísí áirithe a soláthraíonn fiontair bheaga agus mheánmhéide iad. Chun an tualach breise a theorannú, moltar do thiomsaitheoirí sonraí an oiread úsáide agus is féidir a bhaint as sonraí riaracháin atá ann cheana (e.g. sonraí ó údaráis chánach) chun freagairt don iarraidh sonraí sin. Moltar dóibh freisin an úsáid a bhaintear as suirbhéanna a íoslaghdú, go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide.
Na simplithe a bheartaítear leis an gCreat-Rialachán maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó i réimse an staidrimh trádála laistigh den Aontas, d’fhéadfaidís an tualach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide a laghdú. Mar sin féin, beidh fiontair bheaga agus mheánmhéide aonair ann i gcónaí nach mbainfidh tairbhe as laghduithe ualaigh agus a bhféadfadh go mbeadh ualach méadaithe orthu, fiú. Mar a tharlaíonn, agus cé gur gnách go mbíonn nasc ann idir méid na cuideachta agus méid a trádála, is amhlaidh, i gcásanna áirithe, go mbíonn méideanna móra trádála ag gnólachtaí beaga agus nach ndéanann cuideachtaí móra ach méid fíorbheag trádála nó nach ndéanann siad aon trádáil ar bith.
Tá an togra seo comhsheasmhach leis an tuairim ó Ardán an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála maidir le staidreamh ar infheistíochtaí i gcosaint an chomhshaoil. Sa tuairim sin, tá moladh ó fhormhór na gcomhaltaí den ghrúpa Rialtais agus ó roinnt de na comhaltaí den ghrúpa Páirtithe Leasmhara go leanfadh an Coimisiún le measúnú a dhéanamh ar cheanglais fhorluiteacha tuairiscithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 250/2009 ón gCoimisiún (i réimse an staidrimh struchtúraigh gnó) agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 maidir le cuntais chomhshaoil agus go gcuirfí an Creat-Rialachán nua maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó in ionad an rialacháin maidir le staidreamh struchtúrach gnó.
Sa tuairim ón Ardán, deimhnítear na cinntí ón gCoimisiún gurb ann do thuairisciú dúbailte. Chun dul i ngleic leis sin, ní áirítear leis an togra le haghaidh Creat-Rialachán maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó na gnéithe a bhaineann le cuntais chaiteachais i leith chosaint an chomhshaoil, rud a chumhdófar leis an Rialachán maidir le cuntais chomhshaoil (Rialachán Uimh. 691/2011) amháin. Dá bhrí sin, ní bheidh aon fhorluí ná tuairisciú dúbailte ann.
Tá an togra seo comhsheasmhach leis an "tSeiceáil Dhigiteach" freisin sa mhéid go gcuirtear idir-inoibritheacht agus ath-inúsáidteacht chun cinn leis trí úsáid a bhaint as an aon chineál sonraíochtaí teicniúla amháin le haghaidh tacair sonraí agus as an aon chineál caighdeán amháin le haghaidh sonraí agus meiteashonraí a tharchur agus faisnéis a mhalartú agus a chomhroinnt idir Eurostat agus na Ballstáit.
•Cearta bunúsacha
Níl aon iarmhairtí ag an togra seo maidir le cosaint na gceart bunúsach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Beidh tionchar airgeadais ag an togra ar feadh tréimhse neamhtheoranta. Beidh tréimhse thosaigh 3 bliana i gceist leis, ar tréimhse í a mhairfidh ón mbliain 2019 go dtí an bhliain 2021. Ní bhreithnítear sa ráiteas airgeadais reachtach ach blianta an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil reatha. Beidh an leanúint den chistiú ag brath ar na comhaontuithe a dtiocfar orthu don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile agus ar an leanúint de na cláir shonracha a mbeartaítear cistiú a fháil uathu.
I gcás na mblianta 2019 agus 2020, gheofar cistiú ó na suimeanna atá leithdháilte faoi láthair ar chláir, lena náirítear EUR 19.5 milliún ón gClár Staidrimh Eorpach a fhadú go dtí na blianta 2019 agus 2020. Ní bheidh aon chistiú breise ag teastáil.
Meastar gurb ionann agus EUR 46.453 milliún na leithreasuithe iomlána do na blianta 2019 agus 2020. Leagtar impleachtaí buiséadacha mionsonraithe amach sa ráiteas airgeadais reachtach.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Meastar go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Rialachán atá beartaithe a ghlacadh sa bhliain 2017 nó sa bhliain 2018 agus go nglacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme go gairid ina dhiaidh sin. Meastar gur sa bhliain 2019 a dhéanfar an chéad tarchur sonraí faoin Rialachán nua.
Cuirfear an ionstraim reachtach atá beartaithe faoi réir meastóireacht iomlán, ar meastóireacht í a bheidh bunaithe ar na cúig chritéar meastóireachta atá sna Treoirlínte maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. I measc nithe eile, beidh sé mar aidhm leis an meastóireacht measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí agus a éifeachtúla atá an ionstraim maidir lena cuspóirí a bhaint amach agus a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil bearta nua nó leasuithe ag teastáil. Déanfar faireachán ar liosta eochairtháscairí feidhmíochta don staidreamh gnó ina leith sin.
Tá sé tábhachtach tagairt a dhéanamh do na huirlisí faireacháin agus meastóireachta atá i bhfeidhm faoi láthair agus atá bailí maidir leis an bpróiseas iomlán táirgthe staidrimh in Eurostat. Is uirlisí iad lena gcumasaítear dea-anailís a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an tionscnaimh nua staidrimh agus ar cháilíocht na sonraí arna dtáirgeadh. Cuimsíonn na huirlisí sin an mheastóireacht chórasach mheántéarmach agus deiridh ar an gClár Staidrimh Eorpach, mar aon leis na cúig chritéar meastóireachta atá sna Treoirlínte maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Tá staidreamh gnó ina chuid dhílis de na sásraí tuairiscithe sin, den iarobair ar na heochairtháscairí feidhmíochta atá i bplean bainistíochta Eurostat agus de na suirbhéanna a dhéantar go rialta ar shásamh úsáideoirí.
Déantar faireachán ar gach réimse staidrimh trí thuarascálacha cáilíochta freisin. Ullmhaíonn na Ballstáit na tuarascálacha sin go rialta agus déanann Eurostat anailís orthu mar chuid den chreat um dhearbhú cáilíochta staidrimh.
Déanfar faireachán ar na heilimintí costais freisin. Beidh creat feabhsaithe agus comhchuibhithe um thuairisciú costas ag teastáil don Chóras Staidrimh Eorpach ar fad, ar creat é lena sainaithneofar na céimeanna difriúla de tháirgeadh staidrimh. Tá obair ar bun ina leith sin cheana féin. Tá sé beartaithe go dtabharfar an obair sin chun críche in am chun go mbeifear in ann faireachán a dhéanamh ar na costais a bhaineann leis an gCreat-Rialachán maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó a luaithe a thiocfaidh sé i bhfeidhm.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá 23 Airteagal sa Rialachán atá beartaithe agus tá trí Iarscríbhinn ag gabháil leis.
Leagtar na forálacha ginearálta amach i gCaibidil I, rud lena gcumhdaítear Airteagail 1 go 3. Leagtar ábhar an Rialacháin síos in Airteagal 1. Sainítear in Airteagal 2 na príomhchoincheapa a bpléitear leo sa Rialachán. Tugtar sainiú níos mine in Airteagal 3 ar raon feidhme an staidrimh gnó agus raon feidhme ghréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh araon.
Cuimsítear i gCaibidil II Airteagail 5 agus 6. Pléitear sa chaibidil leis na foinsí sonraí a úsáidfear le haghaidh staidreamh gnó agus le haghaidh cláir ghnó staidrimh. Leis an togra, ceadaítear agus cothaítear úsáid cineálacha nua bailithe sonraí agus úsáid foinsí malartacha sonraí, lena náirítear sonraí riaracháin agus foinsí eile amhail meastachán trí shamhaltú nó úsáid sonraí móra. Tugtar sainiú níos mine in Airteagal 4 ar ról na bhfoinsí malartacha sonraí.
Pléitear i gCaibidil III le staidreamh gnó. Cuimsíonn staidreamh gnó na réimsí ábhair agus na topaicí a liostaítear in Airteagal 6 agus a dtugtar de chumhacht don Choimisiún in Airteagal 7 bearta cur chun feidhme a ghlacadh ina leith maidir le sonraíochtaí teicniúla riachtanacha na dtacar sonraí. Liostaítear in Iarscríbhinn I na réimsí ábhair, na topaicí agus na topaicí mionsonraithe a sholáthrófar. Leagtar síos in Iarscríbhinn II na tréimhsí ar gá na topaicí a sholáthar iontu. Beidh an Coimisiún in ann ábhair agus saintréithe na dtopaicí dinimiciúla dar teideal "Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil", "Nuálaíocht" agus "Slabhraí luacha domhanda" a mhionsonrú le gníomhartha tarmligthe. Féadfar na topaicí mionsonraithe atá ar áireamh in Iarscríbhinn I a leasú le gníomh tarmligthe freisin, laistigh de na teorainneacha arna leagan síos i gclásail chosanta.
Cuimsítear i gCaibidil IV 3 airteagal a bhaineann leis na cláir ghnó. Cuirtear gréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh ar bun in Airteagal 8. Leagtar síos in Airteagal 9 na ceanglais maidir le gréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh. Tugtar tuilleadh sonraí in Iarscríbhinn III faoi ghréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh (saintréithe na gclár, an taitheantóir uathúil, an tagairt ama agus an tréimhsiúlacht). Féadfar saintréithe na gclár a mhionsonrú tuilleadh le gníomhartha cur chun feidhme. Cuimsítear in Airteagal 10 na forálacha maidir le malartú sonraí rúnda agus rochtain ar shonraí rúnda chun críche ghréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh. San airteagal sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún bearta cur chun feidhme maidir le malartú sonraí rúnda a ghlacadh chun críche ghréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh.
Cuimsítear i gCaibidil V 5 airteagal a bhaineann le malartú sonraí rúnda chun críche staidrimh trádála earraí laistigh den Aontas. Leagtar síos in Airteagal 11 prionsabal an mhalartaithe sonraí agus meiteashonraí do na cineálacha staidrimh sin. Sonraítear in Airteagal 12 an fhaisnéis staidrimh a mhalartófar agus mínítear in Airteagal 13 na heilimintí sonraí staidrimh lena mbaineann. Is leis na forálacha d’Airteagal 14 a rialaítear cosaint na sonraí rúnda arna malartú agus is leis na forálacha d’Airteagal 15 a rialaítear an rochtain ar shonraí rúnda arna malartú chun críocha eolaíocha.
Athghrúpáiltear i gCaibidil VI trí Airteagal lena bpléitear le cáilíocht, le tarchur agus le scaipeadh: tuairisciú cáilíochta sonraí agus meiteashonraí (Airteagal 16), tarchur sonraí agus meiteashonraí (Airteagal 17) agus rúndacht maidir le scaipeadh sonraí staidrimh trádála idirnáisiúnta earraí (Airteagal 18).
Cumhdaítear i gCaibidil VII eilimintí tábhachtacha eile de nuachóiriú an staidrimh gnó Eorpaigh:
treoirstaidéir a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar a ábhartha agus a indéanta atá sé gníomhaíochtaí nua bailithe sonraí a chur i gcrích agus feabhsuithe a dhéanamh ar thacair sonraí (Airteagal 19),
na forálacha maidir le tacaíocht airgeadais a thabhairt do na Ballstáit, de réir coinníollacha (Airteagal 20),
Sa Chaibidil deiridh den Rialachán, tá forálacha a bhaineann le feidhmiú an tarmligin (Airteagal 21) i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, Aibreán 2016, forálacha a bhaineann le nós imeachta an Choiste (Airteagal 22) agus comhar le Coistí eile (Airteagal 23), agus na forálacha do mhaoluithe lena dtabharfaí tuilleadh ama do Bhallstáit áirithe chun oiriúnú do na ceanglais nua (Airteagal 24). Is sa Chaibidil deiridh freisin atá leasú ar Rialachán amháin (Airteagal 25) agus tugtar sonraí faoin leasú sin in Iarscríbhinn IV agus tá airteagal ann freisin lena naisghairtear deich ngníomh atá ann cheana agus lena gcuirtear an Creat-Rialachán atá beartaithe ina nionad (Airteagal 26).
2017/0048 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le staidreamh gnó Eorpach
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 agus lena naisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Go dtí seo, is ar bhonn roinnt gníomhartha dlí aonair a dhéantar forbairt, táirgeadh agus scaipeadh na faisnéise staidrimh faoi ghníomhaíocht eacnamaíoch chuideachtaí na mBallstát. Cumhdaítear leis na gníomhartha dlí sin an staidreamh gnó gearrthéarmach agus struchtúrach agus staidreamh i ndáil le táirgeadh, le trádáil idirnáisiúnta earraí agus seirbhísí (laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon), le fiontair chleamhnaithe choigríche, le taighde agus forbairt, le nuálaíocht agus le húsáid TFC agus ríomhthráchtáil. Ina theannta sin, bunaíodh creat comhchoiteann do chláir ghnó chun críocha staidrimh san Aontas le Rialachán (CE) Uimh. 177/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(2)Ós rud é go bhfuil sé bunaithe ar ghníomhartha dlí aonair, ní sholáthraítear leis an struchtúr atá i bhfeidhm an chomhsheasmhacht a theastaíonn ar fud na réimsí staidrimh aonair. Ní chothaítear cur chuige comhtháite leis ach oiread i leith staidreamh gnó a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Ba cheart creat comhchoiteann dlíthiúil a bhunú chun comhsheasmhacht a áirithiú i staidreamh gnó Eorpach agus chun comhtháthú na bpróiseas comhfhreagrach staidrimh a éascú.
(3)Má chruthaítear próisis staidrimh atá níos comhtháite agus atá bunaithe ar phrionsabail chomhchoiteanna mhodheolaíochta, ar shainmhínithe comhchoiteanna agus ar chritéir chomhchoiteanna cháilíochta, ba cheart go dtáirgfí staidreamh comhchuibhithe i ndáil le struchtúr, gníomhaíochtaí eacnamaíocha, idirbhearta agus feidhmíocht na hearnála gnó san Aontas, ar staidreamh é lena dtugtar an ábharthacht agus na mionsonraí a theastaíonn chun freastal ar riachtanais úsáideoirí.
(4)Is ábhartha maidir le staidreamh gnó Eorpach atá treoir idirnáisiúnta amhail lámhleabhar Frascati maidir le staidreamh taighde agus forbartha agus lámhleabhar Osló maidir le sonraí nuálaíochta agus comhaontuithe idirnáisiúnta arna nglacadh ag na Náisiúin Aontaithe, ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus ag eagraíochtaí eile idirnáisiúnta agus fornáisiúnta. Ba cheart treoir den sórt sin a leanúint a mhéid is féidir le linn staidreamh Aontais a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, agus ba cheart do ghréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh an treoir sin a leanúint, chun a áirithiú go mbeidh staidreamh an Aontais inchomparáide leis an staidreamh sin arna thiomsú ag príomh-chomhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais. Mar sin féin, ba cheart caighdeáin, comhaontuithe agus treoirlínte an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach le linn staidreamh gnó Eorpach a chur i bhfeidhm agus a bhailiú do na topaicí "Ionchuir Thaighde agus Forbartha" agus "Nuálaíocht".
(5)Ba cheart an tualach riaracháin ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide a theorannú a mhéid is féidir, agus an oiread airde agus is féidir á tabhairt ar fhoinsí eile sonraí seachas suirbhéanna. Chun an tualach ar fhiontair a mhaolú, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann ceanglais dhifriúla i ndáil le sonraí a bhunú, ag brath ar mhéid gheilleagair ghnó na mBallstát agus ar an tábhacht a bhaineann leo.
(6)Luadh i bhFís 2020 an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE) gur cheart sonraí a bhaineann le réimsí difriúla staidrimh a úsáid ar mhaithe le hanailís níos fearr a dhéanamh ar fheiniméin atá ag teacht chun cinn (e.g. an domhandú) agus ar mhaithe le freastal ar bhealach níos fearr ar bheartais AE lena ngabhann ardtionchar. Ba cheart an taschur sonraí a bheith bunaithe ar phróisis éifeachtúla agus láidre staidrimh de chuid CSE. Mar gheall ar raon feidhme níos leithne an chreata chomhchoitinn dhlíthiúil, ba cheart go mbeifí in ann próisis idirspleácha táirgthe a chomhtháthú, agus leas á bhaint as foinsí éagsúla sonraí.
(7)Ba é an aidhm a bhí leis an gClár um Nuachóiriú ar Staidreamh Eorpach a bhaineann le Fiontraíocht agus Trádáil (clár MEETS) cabhrú le soláthraithe staidrimh gnó agus trádála oiriúnú do riachtanais nua sonraí agus an córas um tháirgeadh staidrimh gnó a choigeartú. Glacadh an clár faoi Chinneadh 1297/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus bhí sé ar siúl ón mbliain 2009 agus 2013. Na conclúidí agus na moltaí a tháinig as an gclár sin maidir le tosaíochtaí agus tacair nua tháscairí, cuíchóiriú an chreata um staidreamh gnó, táirgeadh níos éifeachtúla staidrimh fiontair agus trádála agus nuachóiriú Intrastat, ba cheart iad a aistriú ina bhforálacha atá ceangailteach ó thaobh dlí de.
(8)Tá gá ann le cur chuige níos solúbtha a ghlacadh faoi chuimsiú an staidrimh gnó Eorpaigh ionas gur féidir forbairtí modheolaíochta a oiriúnú agus freagairt thráthúil a thabhairt do na riachtanais úsáideoirí sonraí atá ag teacht chun cinn agus a bhfuil údar cuí leo. Is riachtanais iad atá ag teacht ón timpeallacht eacnamaíoch atá ag athrú agus ón domhandú méadaitheach agus ón gcastacht mhéadaitheach atá ann sa tírdhreach gnó. Ba cheart anailís leordhóthanach costais is tairbhe a dhéanamh chun tacú le hoiriúnú den sórt sin. Ina theannta sin, níor cheart ualach ná costas breise suntasach a leagan ar na Ballstáit ná ar fhreagróirí mar gheall ar na ceanglais nua i ndáil le sonraí.
(9)Ba cheart ról na gclár gnó staidrimh náisiúnta agus Chlár na nGrúpaí Eorpacha a fheabhsú mar bhonneagar bunúsach le haghaidh staidreamh gnó Eorpach a bhailiú agus a thiomsú. Ba cheart cláir ghnó staidrimh náisiúnta a úsáid mar fhoinse faisnéise le haghaidh anailís staidrimh a dhéanamh ar an bpobal gnó agus ar dhéimeagrafaíocht an phobail ghnó, le haghaidh an pobal suirbhéireachta a shainiú agus le haghaidh an nasc a bhunú le foinsí sonraí riaracháin.
(10)Chun ról na gclár gnó staidrimh náisiúnta agus Chlár na nGrúpaí Eorpacha a áirithiú, ba cheart aitheantóir aonair a shainiú agus a chur chun feidhme do gach aonad ábhartha.
(11)Maidir le sonraí iontaofa tráthúla a úsáid chun cur síos ceart a dhéanamh ar na grúpaí fiontar atá i gClár na nGrúpaí Eorpacha, ba cheart déanamh amhlaidh trí chritéir chomhchuibhithe a úsáid agus trí nuashonrú rialta a dhéanamh ar na naisc rialaithe atá ann idir aonaid dhlíthiúla na ngrúpaí fiontar.
(12)Chun feabhas a chur ar a éifeachtúla atá próisis táirgthe staidrimh an Chórais Staidrimh Eorpaigh agus an tualach staidrimh ar fhreagróirí a laghdú, ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis staidrimh náisiúnta gach taifead riaracháin náisiúnta a rochtain agus a úsáid go pras agus saor in aisce agus na taifid riaracháin sin a chomhtháthú le staidreamh ansin, a mhéid is gá chun staidreamh gnó Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Airteagal 17(a) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(13)Is le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a sholáthraítear creat tagartha le haghaidh staidreamh Eorpach. Ceanglaítear leis go háirithe go gcomhlíonfar prionsabail an neamhspleáchais ghairmiúil, na neamhchlaontachta, na hoibiachtúlachta, na hiontaofachta, na rúndachta staidrimh agus na héifeachtachta costais.
(14)Ar mhaithe le staidreamh gnó náisiúnta nó Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh nó ar mhaithe le feabhas a chur ar cháilíocht an staidrimh gnó Eorpaigh, ba cheart malartú micreashonraí agus rochtain ar mhicreashonraí a thabhairt isteach i measc na núdarás staidrimh náisiúnta a tháirgeann staidreamh gnó agus a choinníonn gréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh ar bun. Ba cheart an malartú micreashonraí a theorannú do chásanna a bhfuil údar cuí leo, mar sin.
(15)Má chruthaítear foinse bhreise sonraí atá bunaithe ar an malartú micreashonraí faoi onnmhairí earraí laistigh den Aontas, agus má tá féidearthacht ann modheolaíochtaí nuálacha a úsáid ina leith, méadófar an tsolúbthacht a bheidh ar fáil do na Ballstáit le linn dóibh staidreamh trádála earraí laistigh den Aontas a thiomsú, rud a chumasóidh dóibh an tualach freagartha ar ghnólachtaí a laghdú. Beidh sé mar chuspóir leis an malartú staidreamh trádála idirnáisiúnta earraí laistigh den Aontas Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh ar bhealach éifeachtúil nó feabhas a chur ar cháilíocht an staidrimh sin.
(16)Is gá an fhaisnéis riachtanach staidrimh faoi shreafaí trádála na mBallstát le tíortha eile nach ballstáit iad a chur ar fáil don Choimisiún le linn comhaontuithe trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus tríú tíortha nó ar bhonn iltaobhach a idirbheartú, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú.
(17)Ba cheart dlúthnasc a choinneáil idir an córas um fhaisnéis staidrimh a bhailiú agus na foirmiúlachtaí fioscacha a bhaineann leis an gcáin bhreisluacha atá ann i gcomhthéacs na trádála earraí idir na Ballstáit. A bhuí leis an nasc sin, beifear in ann, go háirithe chun críche an staidrimh trádála earraí laistigh den Aontas, onnmhaireoirí agus allmhaireoirí a shainaithint agus cáilíocht na faisnéise arna bailiú a sheiceáil.
(18)Tá gluaiseachtaí trasteorann earraí faoi réir maoirseacht chustaim, go háirithe gluaiseachtaí as tíortha nach ballstáit iad agus chuig tíortha nach ballstáit iad. Foráiltear don mhaoirseacht sin faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Coinníonn údaráis chustaim faisnéis nó taifid a bhaineann le gluaiseachtaí den sórt sin nó tá rochtain acu ar fhaisnéis nó taifid a bhaineann le gluaiseachtaí den sórt sin. Maidir leis an bhfaisnéis nó na taifid sin, ar nithe iad a bhaineann le dearbhuithe custaim nó atá bunaithe ar dhearbhuithe custaim, ba cheart iad a úsáid le haghaidh staidreamh trádála earraí laistigh den Aontas a tháirgeadh.
(19)Chun staidreamh trádála idirnáisiúnta earraí a ullmhú agus chun feabhas a chur ar cháilíocht an staidrimh sin, ba cheart do na húdaráis staidrimh náisiúnta sna Ballstáit bheith in ann sonraí a mhalartú faoi allmhairí agus onnmhairí earraí lena mbaineann na húdaráis chustaim i níos mó ná Ballstát amháin.
(20)Chun na cúraimí a thagann as na Conarthaí a chur i gcrích, go háirithe na cúraimí a bhaineann le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart don Choimisiún faisnéis atá iomlán, iontaofa agus cothrom le dáta a bheith aige faoin táirgeadh earraí agus seirbhísí san Aontas agus faoi shreafaí trádála idirnáisiúnta. Teastaíonn faisnéis den sórt sin ó fhiontair freisin ionas gur féidir leo faireachán a dhéanamh ar a margaí agus ar a ngné idirnáisiúnta.
(21)Chun táirgiúlacht na ngnólachtaí san Aontas a thomhas, tá gá ann le staidreamh gnó a sholáthar atá struchtúrtha de réir earnáil gníomhaíochta. Rud sonrach, tá éileamh méadaitheach ann ar staidreamh i ndáil leis an earnáil seirbhísí, arb í an earnáil is dinimiciúla i ngeilleagair nua-aimseartha í, go háirithe i ndáil leis an acmhainneacht atá ag an earnáil fás a bhaint amach agus poist a chruthú agus i ndáil leis an gcaidreamh atá ann idir í agus an earnáil déantúsaíochta. Teastaíonn staidreamh trádála seirbhísí chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí agus chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag bacainní ar thrádáil seirbhísí.
(22)Má táthar chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ar leibhéal na mBallstát agus an Aontais i dtreo chomhlíonadh na spriocanna a leagadh síos leis an straitéis Eoraip 2020, beidh staidreamh comhchuibhithe do gheilleagar an Aontais ag teastáil i ndáil le taighde agus forbairt, le nuálaíocht, leis an tsochaí faisnéise, a chuimsíonn gníomhaíochtaí margaidh agus gníomhaíochtaí neamh-mhargaidh araon, agus leis an tírdhreach gnó ina iomláine, go háirithe staidreamh i ndáil le déimeagrafaíocht agus fostaíocht gnó a bhaineann le gníomhaíochtaí margaidh. Cumasaítear le faisnéis den sórt sin don lucht déanta beartas cinntí eolacha beartais a dhéanamh chun geilleagar a fhorbairt atá bunaithe ar eolas agus nuálaíocht, chun rochtain níos fearr a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar an margadh aonair, chun fiontraíocht a chothú agus chun iomaíochas a mhéadú.
(23)Má táthar chun beartais eacnamaíocha a chomhordú laistigh den Aontas agus laistigh den limistéar euro, agus má táthar chun faisnéis a sholáthar do ghníomhaithe eacnamaíocha laistigh den mhargadh aonair, beidh sonraí inchomparáide ag teastáil faoi fhorbairtí sa mhargadh saothair, lena náirítear staidreamh i ndáil le costais saothair, le tuilleamh agus leis an líon post atá líonta agus an líon post atá folamh. Ina theannta sin, tá foghlaim ar feadh an tsaoil ina heilimint lárnach de lucht saothair atá oilte agus oiriúnaithe a fhorbairt agus a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghairmoiliúint a sholáthar i bhfiontair toisc gur féidir leis an oiliúint sin cur go mór le foghlaim ar feadh an tsaoil. Is ó ghnólachtaí a bhailítear formhór na sonraí den sórt sin agus ba cheart iad a reachtú agus a chomhtháthú ar bhealach níos fearr le staidreamh eile gnó amach anseo. Teastaíonn sonraí faoi leibhéal agus comhdhéanamh na gcostas saothair agus faoi struchtúr agus dáileadh an tuillimh chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí meántéarmacha i ngeilleagair an Aontais. Teastaíonn sonraí faoi fhorbairtí i gcostais saothair agus faoi fholúntais phoist chun faireachán gearrthéarmach a dhéanamh ar gheilleagair an Aontais. Teastaíonn siad chun críocha beartais airgeadaíochta freisin. Teastaíonn sonraí faoin infheistíocht a dhéanann fiontair i ngairmoiliúint leanúnach agus faoi shaintréithe agus méid na hoiliúna sin, mar aon le faisnéis faoi na straitéisí gairmoiliúna atá i bhfeidhm ag fiontair, chun faireachán a dhéanamh ar an straitéis atá i bhfeidhm ag an Aontas le haghaidh comhar méadaithe a bhaint amach i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna.
(24)Teastaíonn staidreamh i ndáil le gníomhaíochtaí nuálaíochta, taighde agus forbartha chun forbairt agus faireachán a dhéanamh ar bheartais a bhfuil sé mar aidhm leo iomaíochas na mBallstát a neartú agus cur leis an acmhainneacht atá acu fás cliste a bhaint amach agus poist a chruthú sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tosca tábhachtacha eile taobh thiar d’iomaíochas agus fás san Aontas is ea an méadú ar an ngeilleagar digiteach agus an úsáid mhéadaithe atá á baint as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. Dá bhrí sin, teastaíonn sonraí staidrimh chun tacú leis na straitéisí agus na beartais a bhaineann leis na réimsí sin.
(25)Teastaíonn staidreamh gnó freisin chun cuntais náisiúnta agus réigiúnacha a thiomsú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(26)Agus iad ag obair i ndlúthchomhar le chéile, is iad an Coimisiún (Eurostat) agus an Banc Ceannais Eorpach a shainíonn an staidreamh trádála idirnáisiúnta seirbhísí a theastaíonn chun staidreamh i ndáil le comhardú íocaíochtaí an Aontais agus an limistéir euro a thiomsú.
(27)Teastaíonn staidreamh iontaofa tráthúil chun tuairisc a thabhairt ar an bhforbairt eacnamaíoch i ngach Ballstát faoi chuimsiú bheartas eacnamaíoch an Aontais. Teastaíonn ón mBanc Ceannais Eorpach staidreamh tapa gearrthéarmach chun gur féidir leis measúnú a dhéanamh ar fhorbairt eacnamaíoch sna Ballstáit faoi chuimsiú an Bheartais Aonair Airgeadaíochta.
(28)Le linn staidreamh gnó a sholáthar i ndáil leis an ngeilleagar ar fad, ba cheart a chur san áireamh a mhéid is féidir sna ceanglais i ndáil le sonraí bearta simplithe a dhéanamh chun an tualach ar na geilleagair ghnó i mBallstáit atá réasúnta beag a mhaolú, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.
(29)Ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta, amhail an tionscnamh um Malartú Sonraí agus Meiteashonraí Staidrimh, agus caighdeáin staidrimh nó theicniúla arna bhforbairt laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach (CSE), amhail caighdeáin mheiteashonraí agus bhailíochtaithe, ba cheart iad a úsáid a mhéid is ábhartha do staidreamh gnó Eorpach freisin. Rinne an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach Caighdeán ó CSE maidir le Tuarascálacha Cáilíochta a fhormhuiniú, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Ba cheart go rannchuideofaí leis na caighdeáin sin le dearbhú cáilíochta agus tuairisciú cáilíochta a chomhchuibhiú faoin Rialachán seo.
(30)Chun aird a thabhairt ar fhorbairtí eacnamaíocha agus teicniúla, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na topaicí mionsonraithe a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II agus i dtaca leis an ráta cumhdaigh d’onnmhairí earraí laistigh den Aontas. Ina theannta sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún na topaicí mionsonraithe a fhorlíonadh le hábhair agus saintréithe don staidreamh dinimiciúil gnó i ndáil le TFC, le Nuálaíocht agus le Slabhraí luacha domhanda agus le faisnéis bheacht a soláthróidh údaráis chánach agus údaráis chustaim í. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(31)Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh na nithe seo a leanas: cur chun feidhme teicniúil eilimintí áirithe de na ceanglais, lena náirítear ceanglais i ndáil le cláir ghnó; na bearta formáide, slándála agus rúndachta agus an nós imeachta maidir le sonraí rúnda a mhalartú chun críche ghréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh; an tarchur sonraí agus meiteashonraí; tuarascálacha cáilíochta sonraí agus meiteashonraí; agus maoluithe. Chun na críche céanna, ba cheart cumhachtaí breise cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na nithe seo a leanas: na módúlachtaí, na bearta formáide, slándála agus rúndachta agus an nós imeachta maidir le sonraí rúnda a mhalartú chun críche an staidrimh trádála earraí laistigh den Aontas; sonraíochtaí na meiteashonraí ábhartha; an tamchlár; na módúlachtaí maidir le faisnéis staidrimh a bhailiú agus a thiomsú faoi onnmhairí earraí laistigh den Aontas arna soláthar do na Ballstáit allmhairíochta; na módúlachtaí maidir le ráta cumhdaigh na trádála iomláine onnmhairí earraí laistigh den Aontas a chur i bhfeidhm; na heilimintí sonraí staidrimh le haghaidh na micreashonraí arna mbailiú trí shuirbhéanna ar thrádáil earraí laistigh den Aontas a sholáthrófar don Bhallstát allmhairíochta agus na simplithe gaolmhara. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(32)Nuair is cuí, ba cheart don Choimisiún anailís costais is tairbhe a dhéanamh agus a áirithiú nach leagfaí le haon ghníomh arna chur ar aghaidh aige aon ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar fhreagróirí, agus aird á tabhairt ar na tairbhí a meastar go mbainfear amach d’úsáideoirí iad.
(33)Féadfaidh an Coimisiún maoluithe a dheonú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, nó ó ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ina leith, i gcás ina gcruthaíonn cur i bhfeidhm an Rialacháin oiriúnuithe móra ar an gcóras staidrimh náisiúnta i mBallstát maidir le suirbhéanna breise a eagrú nó oiriúnuithe móra a dhéanamh ar a chóras táirgthe staidrimh chun freastal ar fhoinsí nua sonraí nó chun meascán sonraí difriúla a cheadú.
(34)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon creat comhchoiteann a bhunú do staidreamh gnó Eorpach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr cúiseanna a bhaineann le comhchuibhiú agus inchomparáideacht, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(35)Ba cheart na bearta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú de réir mar a bhaineann siad leis an trádáil idirnáisiúnta seirbhísí.
(36)Ba cheart na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo a chur in ionad na mbeart sin a leagtar amach iontu seo a leanas: Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 ón gComhairle, Cinneadh (CE) Uimh. 1608/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 48/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 716/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 177/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 295/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Dá bhrí sin, ba cheart na gníomhartha sin a aisghairm.
(37)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
(38)Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, bunaítear creat comhchoiteann dlíthiúil le haghaidh na nithe seo:
(a)staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh i ndáil le struchtúr, gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus feidhmíocht gnólachtaí agus i ndáil le hidirbhearta idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí taighde agus forbartha gheilleagar an Aontais (staidreamh gnó Eorpach);
(b)gréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh náisiúnta agus Clár na nGrúpaí Eorpacha.
Airteagal 2
Sainmhínithe
1.Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)ciallaíonn ‘aonad staidrimh’ na haonaid staidrimh mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93;
(b)ciallaíonn ‘aonad tuairiscithe’ an taonad a sholáthraíonn na sonraí;
(c)ciallaíonn ‘réimse ábhair’ tacar sonraí amháin nó níos mó a eagraítear chun topaicí sonracha a chumhdach;
(d)ciallaíonn ‘topaic’ agus ‘topaic mhionsonraithe’ a bhfuil san fhaisnéis a thiomsófar faoi na haonaid staidrimh. Is mó sonraí a thugtar i dtopaicí mionsonraithe ná a thugtar i dtopaicí. Cumhdaítear roinnt topaicí mionsonraithe le topaic;
(e)ciallaíonn ‘athróg’ saintréith d’aonad faoi bhreathnú a d’fhéadfadh níos mó ná tacar luachanna amháin a chuimsiú;
(f)ciallaíonn ‘saintréith’ asbhaint airí míre nó de airí tacair míreanna;
(g)ciallaíonn ‘gníomhaíocht mhargaidh’ agus ‘gníomhaíocht neamh-mhargaidh’ gníomhaíochtaí mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 549/2013;
(h)ciallaíonn ‘táirgeoirí margaidh’ agus ‘táirgeoirí neamh-mhargaidh’ táirgeoirí mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 549/2013;
(i)ciallaíonn ‘údaráis staidrimh náisiúnta’ na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta arna nainmniú ag na Ballstáit agus ag na húdaráis náisiúnta eile atá freagrach as an staidreamh Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh;
(j)ciallaíonn ‘foinse údarásach’ soláthraí aonair na dtaifead sonraí ina gcuimsítear an clár gnó staidrimh náisiúnta agus Clár na nGrúpaí Eorpacha i gcomhréir leis na caighdeáin cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 16;
(k)ciallaíonn ‘micreashonraí’ breathnuithe nó tomhais aonair ar shaintréithe d’aonaid tuairiscithe in-sainaitheanta nó d’aonaid staidrimh in-sainaitheanta;
(l)ciallaíonn ‘úsáid chun críocha staidrimh’ úsáid eisiach chun torthaí agus anailísí staidrimh a fhorbairt agus a tháirgeadh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009;
(m)ciallaíonn ‘sonraí rúnda’ sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009;
(n)ciallaíonn ‘údarás cánach’ an túdarás náisiúnta sa Bhallstát atá freagrach as Treoir 2006/112/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm;
(o)ciallaíonn ‘údaráis chustaim’ na húdaráis chustaim dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
2.Chun críocha Airteagail 11 go 15, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(p)ciallaíonn ‘Ballstát onnmhairíochta’ an Ballstát a nonnmhairítear earraí óna chríoch staidrimh chuig a gceann scríbe sa Bhallstát allmhairíochta;
(a)ciallaíonn ‘Ballstát allmhairíochta’ an Ballstát a nallmhairítear earraí ina chríoch staidrimh ón mBallstát onnmhairíochta;
(b)ciallaíonn ‘earraí’ gach maoin inaistrithe, lena náirítear fuinneamh leictreach agus gás nádúrtha.
Airteagal 3
Raon feidhme
1.Cumhdófar na nithe seo le staidreamh gnó Eorpach:
(a)struchtúr, gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus feidhmíocht na naonad staidrimh, a gcuid gníomhaíochtaí taighde agus forbartha agus nuálaíochta, a núsáid TFC agus ríomhthráchtáil, mar aon le slabhraí luacha domhanda;
(b)táirgeadh earraí agus seirbhísí monaraithe agus an trádáil idirnáisiúnta earraí agus seirbhísí.
2.Cumhdófar le gréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh na cláir ghnó staidrimh náisiúnta agus Clár na nGrúpaí Eorpacha, mar aon leis na malartuithe eatarthu.
(a)Cuimseofar na nithe seo leis na cláir ghnó staidrimh náisiúnta:
(i) gach fiontar a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuireann leis an olltáirgeacht intíre (OTI), agus a naonaid áitiúla;
(ii)na haonaid dhlíthiúla a bhfuil na fiontair sin comhdhéanta díobh;
(iii)na hAonaid Phríomhghníomhaíochta nó cód NACE a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus méid gach aonaid príomhghníomhaíochta a bhfuil na fiontair sin comhdhéanta díobh, agus iad teoranta do na fiontair sin a bhfuil tionchar suntasach acu ar na sonraí comhiomlánaithe (náisiúnta) de bharr a méide;
(iv)grúpaí fiontar;
(b)Cuimseofar na nithe seo i gClár na nGrúpaí Eorpacha:
(i)gach fiontar a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuireann leis an olltáirgeacht intíre (OTI) agus ar cuid de ghrúpa fiontar ilnáisiúnta iad;
(ii)na haonaid dhlíthiúla a bhfuil na fiontair sin comhdhéanta díobh;
(iii)grúpaí fiontar ilnáisiúnta.
(c)Ní thiocfaidh teaghlaigh faoi raon feidhme ghréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh a mhéid is le haghaidh a dtomhaltais féin a bheidh na hearraí agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad, nó a mhéid a bhainfidh siad lena maoin féin a ligean amach ar cíos.
(d)Aonaid áitiúla d’fhiontair choigríche nach eintitis dhlíthiúla ar leithligh (craobhacha) iad agus atá aicmithe mar shamhailchorparáidí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013, measfar iad a bheith ina bhfiontair chun críocha na gclár gnó staidrimh náisiúnta agus Chlár na nGrúpaí Eorpacha.
(e)Sainaithneofar grúpaí fiontar trí na naisc rialaithe atá ann idir a naonaid dhlíthiúla i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013.
(f)Nuair a bheidh tagairt á déanamh do chláir ghnó staidrimh náisiúnta agus do Chlár na nGrúpaí Eorpacha, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir leis na haonaid sin a dhéanann gníomhaíocht eacnamaíoch go hiomlán nó go páirteach. Chun críocha ghréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh, measfar aon ghníomhaíocht lena dtairgtear earraí agus seirbhísí i margadh áirithe a bheith ina gníomhaíocht eacnamaíoch. D’fhéadfadh go measfaí sealbhú sócmhainní agus/nó dliteanas a bheith ina ghníomhaíocht eacnamaíoch freisin. Fairis sin, maidir le seirbhísí neamh-mhargaidh a chuireann leis an olltáirgeacht intíre, mar aon le sealbhú díreach nó indíreach aonad dlíthiúil gníomhach, measfar iad a bheith ina ngníomhaíochtaí eacnamaíocha chun críocha ghréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh. Ní cuid d’fhiontar iad aonaid dhlíthiúla atá neamhghníomhach ó thaobh na heacnamaíochta de ach amháin i gcás ina bhfuil siad nasctha le haonaid dhlíthiúla atá gníomhach ó thaobh na heacnamaíochta de.
(g)Sainmhíneofar aonaid staidrimh i ngréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh mar a shainmhínítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle, faoi réir na dteorainneacha a shonraítear san airteagal seo.
CAIBIDIL II
FOINSÍ SONRAÍ
Airteagal 4
Foinsí sonraí agus modhanna
1.Táirgfidh na Ballstáit an staidreamh dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 mar aon leis na cláir ghnó staidrimh náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9, agus úsáid á baint acu as foinsí sonraí ábhartha, le linn dóibh ualach iomarcach ar fhreagróirí a sheachaint agus aird chuí a thabhairt ar cé chomh cost-éifeachtúil atá na húdaráis staidrimh náisiúnta. Féadfaidh na húdaráis staidrimh náisiúnta na foinsí sonraí seo a leanas a úsáid le haghaidh staidreamh agus na cláir ghnó staidrimh náisiúnta a cheanglaítear faoin Rialachán seo a tháirgeadh:
(a)suirbhéanna: má iarrann na Ballstáit orthu déanamh amhlaidh, beidh dualgas ar aonaid tuairiscithe soláthar a dhéanamh ar fhaisnéis thráthúil, chruinn agus iomlán a theastaíonn le haghaidh an staidreamh agus na cláir ghnó staidrimh náisiúnta a cheanglaítear faoin Rialachán seo a tháirgeadh;
(b)taifid riaracháin, lena náirítear faisnéis ó údaráis chánach agus chustaim;
(c)micreashonraí malartaithe;
(d)foinsí ábhartha eile faisnéise a chomhlíonann na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 16, lena náirítear meascáin d’fhoinsí sonraí atá ann cheana.
2.I gcás nach féidir an staidreamh a theastaíonn a tháirgeadh trí bhíthin na bhfoinsí sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus a chomhlíonann na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 16, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as modhanna meastacháin agus iontrála barúlaí atá bunaithe ar eolaíocht agus a bhfuil bunús maith leo chun an staidreamh sin a tháirgeadh.
Airteagal 5
Rochtain ar thaifid riaracháin agus faisnéis a chur in iúl
1.I gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, beidh an ceart ag na húdaráis staidrimh náisiúnta agus ag an gCoimisiún (Eurostat) chun gach taifead riaracháin a rochtain agus a úsáid go pras agus saor in aisce agus chun na taifid sin a chomhtháthú le foinsí eile sonraí chun freastal ar na ceanglais staidrimh faoin Rialachán seo agus na cláir ghnó staidrimh náisiúnta agus Clár na nGrúpaí Eorpacha a nuashonrú. Beidh rochtain ag na húdaráis staidrimh náisiúnta agus ag an gCoimisiún (Eurostat) teoranta do thaifid riaracháin laistigh dá gcórais riaracháin phoiblí féin.
2.Gan dochar do mhír 1, déanfaidh an túdarás cánach i ngach Ballstát faisnéis a bhaineann le honnmhairí agus allmhairí earraí a sholáthar don údarás staidrimh náisiúnta.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun an fhaisnéis chruinn a sholáthróidh na húdaráis chánach a chinneadh.
3.Gan dochar do mhír 1, déanfaidh an túdarás custaim i ngach Ballstát faisnéis a bhaineann le honnmhairí agus allmhairí earraí a sholáthar don údarás staidrimh náisiúnta.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun an fhaisnéis chruinn a sholáthróidh na húdaráis chustaim a chinneadh.
4.Chun staidreamh a tháirgeadh i ndáil leis an trádáil idirnáisiúnta earraí agus chun cáilíocht an staidrimh sin a fheabhsú, féadfaidh údaráis staidrimh náisiúnta na mBallstát lena mbaineann sonraí a bhaineann le honnmhairí nó allmhairí earraí arna bhfáil óna núdaráis chustaim a mhalartú, go háirithe i gcás ina mbaineann na honnmhairí nó na hallmhairí sin leis na húdaráis chustaim de chuid níos mó ná Ballstát amháin.
5.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2) chun críche na módúlachtaí maidir leis na malartuithe faisnéise a shonrú i gcomhréir leis an Airteagal seo.
CAIBIDIL III
STAIDREAMH GNÓ
Airteagal 6
Ceanglais i ndáil le sonraí
1.Cumhdófar na réimsí ábhair seo a leanas leis an staidreamh gnó Eorpach:
(a)Staidreamh gnó gearrthéarmach;
(b)Staidreamh gnó ar leibhéal tíre;
(c)Staidreamh gnó réigiúnach;
(d)Staidreamh i ndáil le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta.
2.Áireofar leis na réimsí ábhair ceann amháin nó níos mó de na topaicí seo a leanas a mhionsonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I:
(a)An pobal gnó;
(b)Slabhraí luacha domhanda;
(c)Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil;
(d)Nuálaíocht;
(e)Trádáil idirnáisiúnta earraí;
(f)Trádáil idirnáisiúnta seirbhísí;
(g)Infheistíochtaí;
(h)Ionchuir shaothair;
(i)Aschuir agus feidhmíocht;
(j)Ceadanna;
(k)Praghsanna;
(l)Ceannacháin;
(m)Ionchuir Thaighde agus Forbartha.
3.Beidh tréimhsiúlacht gach topaice mar a shonraítear in Iarscríbhinn II.
4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun críche na topaicí mionsonraithe a shonraítear in Iarscríbhinn I a leasú agus chun críche sonrú a dhéanamh ar ábhair agus saintréithe a chumhdaítear leis na topaicí mionsonraithe seo: Nuálaíocht, Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil agus Slabhraí luacha domhanda.
5.Agus é ag feidhmiú a chumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíontar na trí chritéar seo a leanas:
(a) is dírithe ar neodracht nó laghdú ó thaobh costas agus ualaí de a bheidh gníomhartha tarmligthe agus ní ghearrfar costas ná ualach breise suntasach ar na Ballstáit ná ar na freagróirí i gcás ar bith;
(b)maidir le níos mó ná topaic mhionsonraithe amháin ar a mhéad le haghaidh an réimse ábhair "staidreamh gnó gearrthéarmach", níos mó ná cúig thopaic mhionsonraithe ar a mhéad le haghaidh an réimse ábhair "staidreamh gnó ar leibhéal tíre", níos mó ná dhá thopaic mhionsonraithe ar a mhéad le haghaidh an réimse ábhair "staidreamh gnó réigiúnach" agus níos mó ná dhá thopaic mhionsonraithe ar a mhéad le haghaidh an réimse ábhair "staidreamh i ndáil le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta" i ngníomh tarmligthe atá ann cheana, ní chuirfear iad leis nó ní chuirfear topaic mhionsonraithe eile ina nionad thar thréimhse cúig bliana as a chéile. Níl feidhm ag an uasmhéid maidir le leasuithe a eascraíonn as comhaontuithe, Conarthaí agus coinbhinsiúin agus as institiúidí idirnáisiúnta eile a bhfuil an tAontas ina bhall díobh ná le hathruithe a eascraíonn as na hathruithe ar chreataí cuntasaíochta na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 549/2013 agus ar chreataí cuntasaíochta staidreamh chomhardú na níocaíochtaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005. Ní bheidh méadú suntasach ann ar an líon saintréithe do thopaicí mionsonraithe staidrimh dhinimiciúil gnó idir dhá thréimhse tagartha as a chéile agus ní sháróidh sé an líon saintréithe a bhí ann sa chéad bhliain de chur chun feidhme an Rialacháin seo;
(c) glacfar gníomhartha tarmligthe 15 mhí ar a laghad roimh dheireadh thréimhse tagartha na sonraí seachas i gcás na dtopaicí "Nuálaíocht" agus "Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil", ar ina leith a ghlacfar na gníomhartha tarmligthe sé mhí agus dhá mhí dhéag ar a laghad faoi seach roimh dheireadh thréimhse tagartha na sonraí.
Airteagal 7
Sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí
1.Tiomsóidh na Ballstáit na sonraí atá ábhartha do gach topaic mhionsonraithe i gcás na dtopaicí mionsonraithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun críche mionsonrú breise a dhéanamh ar na heilimintí seo a leanas de na sonraí a tharchuirfear faoin Rialachán seo, ar a sainmhínithe teicniúla agus ar a simplithe:
(a)athróga (seachas i gcás na dtopaicí mionsonraithe seo: Nuálaíocht, Úsáid TFC, agus ríomhthráchtáil agus Slabhraí luacha domhanda);
(b)an taonad staidrimh;
(c)an taonad tomhais;
(d)an tréimhse tagartha;
(e)an pobal staidrimh (lena náirítear na ceanglais maidir le gníomhaíochtaí nó táirgeoirí margaidh/neamh-mhargaidh);
(f)aicmiúcháin (lena náirítear an táirge, tíortha agus críocha mar aon le cineál na liostaí idirbheart) agus miondealuithe;
(g)taifid aonair sonraí a tharchur ar bhonn deonach;
(h)úsáid a bhaint as meastacháin agus ceanglais cháilíochta;
(i)an spriocdháta le haghaidh sonraí a tharchur;
(j)an chéad tréimhse tagartha;
(k)ualú agus athrú na bonnbhliana le haghaidh an réimse ábhair "staidreamh gnó gearrthéarmach";
(l)sonraíochtaí teicniúla le haghaidh na topaice "trádáil idirnáisiúnta earraí".
2.Agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 i dtaca leis na simplithe, cuirfidh an Coimisiún san áireamh méid agus tábhacht na mbarraineachtaí gnó, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, chun an tualach ar fhiontair a mhaolú. Anuas air sin, áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar an tionchur a theastaíonn le haghaidh tiomsú a dhéanamh ar chreataí cuntasaíochta na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 549/2013 agus ar chreataí cuntasaíochta staidreamh chomhardú na níocaíochtaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005. Gníomhartha cur chun feidhme, seachas iad sin lena rialáiltear an chéad chur chun feidhme a dhéanfar ar an Rialachán seo, glacfar iad 15 mhí ar a laghad roimh dheireadh thréimhse tagartha na sonraí le haghaidh na dtopaicí a liostaítear in Iarscríbhinn I. I gcás na dtopaicí "Nuálaíocht" agus "Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil", glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sé mhí agus dhá mhí dhéag ar a laghad faoi seach roimh dheireadh thréimhse tagartha na sonraí.
3.Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1.
CAIBIDIL IV
CLÁIR GHNÓ
Airteagal 8
Gréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh
1.Bunóidh an Coimisiún (Eurostat) Clár na nGrúpaí Eorpacha chun críocha staidrimh ar leibhéal an Aontais. Cuimseofar grúpaí fiontar ilnáisiúnta ann.
2.Déanfaidh na Ballstáit clár gnó staidrimh náisiúnta comhchuibhithe amháin nó níos mó a bhunú ar leibhéal náisiúnta mar bhonn le suirbhéanna a ullmhú agus a chomhordú, mar fhoinse faisnéise chun anailís staidrimh a dhéanamh ar an bpobal gnó agus ar a dhéimeagrafaíocht, chun sonraí riaracháin a úsáid agus chun aonaid staidrimh a shainaithint agus a thógáil.
3.Malartóidh na Ballstáit agus an Coimisiún (Eurostat) sonraí chun críocha ghréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh mar a leagtar amach in Airteagal 10.
4.Beidh cláir ghnó staidrimh náisiúnta agus Clár na nGrúpaí Eorpacha ar an bhfoinse údarásach le haghaidh pobail chláir atá ar ardcháilíocht, comhsheasmhach agus comhordaithe a chruthú i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo le haghaidh staidreamh Eorpach a tháirgeadh.
Beidh cláir ghnó staidrimh náisiúnta ar an bhfoinse údarásach le haghaidh pobail chláir náisiúnta. Beidh Clár na nGrúpaí Eorpacha ar an bhfoinse údarásach le haghaidh phobal cláir an Chórais Staidrimh Eorpaigh i dtaca le staidreamh gnó a bhfuil sé riachtanach faisnéis trasteorann a chomhordú ina leith.
Airteagal 9
Ceanglais i ndáil le gréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh
1.Beidh na heilimintí seo a leanas a mhionsonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn III mar shaintréithe de na haonaid staidrimh agus na haonaid dhlíthiúla a chumhdaítear i ngréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 8:
(a)na topaicí mionsonraithe cláir agus an taitheantóir uathúil;
(b)an tagairt ama agus an tréimhsiúlacht.
2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun na topaicí mionsonraithe cláir atá ar áireamh in Iarscríbhinn III a leasú de réir forbairtí teicniúla agus eacnamaíocha ábhartha agus riachtanais nua úsáideoirí.
3.Agus é ag feidhmiú a chumhachta chun Iarscríbhinn III a leasú, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(a)ní ghearrfar costas ná ualach breise suntasach ar na Ballstáit ná ar an bhfreagróir leis an ngníomh tarmligthe;
(b)ní chuirfear níos mó ná topaic mhionsonraithe amháin ar a mhéad leis nó ní chuirfear gníomh tarmligthe eile ina hionad thar thréimhse cúig bliana as a chéile.
4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2) chun críche na sonraí tuairisciúla a shonrú tuilleadh le haghaidh gach ceann de na topaicí mionsonraithe cláir.
Airteagal 10
Malartú sonraí rúnda agus rochtain orthu chun críche ghréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh
1.Malartófar sonraí rúnda idir na Ballstáit mar a leanas:
(a)Malartú na sonraí rúnda de chuid grúpaí fiontar ilnáisiúnta agus na naonad ar leis na grúpaí sin iad, déanfar é, i gcomhréir le hAirteagal 9(4), chun críocha staidrimh amháin idir na baill foirne a chuireann le Clár na nGrúpaí Eorpacha a tháirgeadh in údaráis staidrimh náisiúnta na mBallstát difriúil i gcás ina bhfuil sé mar aidhm leis an malartú cáilíocht na faisnéise faoi ghrúpaí fiontar ilnáisiúnta san Aontas a áirithiú. Féadfar malartuithe den sórt sin a dhéanamh chun críche an tualach freagartha a laghdú freisin.
(b)I gcás ina bhfuil sé mar aidhm leis an malartú cáilíocht na faisnéise faoi na grúpaí fiontar ilnáisiúnta san Aontas a áirithiú, féadfaidh bainc cheannais náisiúnta a bheith ina bpáirtithe i malartú sonraí rúnda chun críocha staidrimh amháin.
2.Malartófar sonraí rúnda idir an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit mar a leanas:
(a)Déanfaidh na húdaráis staidrimh náisiúnta na sonraí de chuid na ngrúpaí fiontar ilnáisiúnta agus na naonad ar leis na grúpaí sin iad a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir le hAirteagal 9(4) chun faisnéis faoi ghrúpaí fiontar ilnáisiúnta san Aontas a sholáthar chun críocha staidrimh amháin.
(b)Chun taifeadadh comhsheasmhach sonraí a áirithiú, tarchuirfidh an Coimisiún (Eurostat), chun críocha staidrimh amháin, sonraí faoi ghrúpaí fiontar ilnáisiúnta, lena náirítear na haonaid ar leis na grúpaí sin iad, chuig údaráis náisiúnta chuí gach Ballstáit, i gcás inar lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit sin atá aonad dlíthiúil amháin ar a laghad den ghrúpa.
(c)Chun éifeachtúlacht agus ardcháilíocht a áirithiú i dtáirgeadh Chlár na nGrúpaí Eorpacha, tarchuirfidh an Coimisiún (Eurostat), chun críocha staidrimh amháin, sonraí faoi gach grúpa fiontar ilnáisiúnta atá taifeadta i gClár na nGrúpaí Eorpacha, lena náirítear na haonaid ar leis na grúpaí sin iad, chuig na baill foirne a chuireann le táirgeadh Chlár na nGrúpaí Eorpacha sna húdaráis staidrimh náisiúnta.
3.Malartófar sonraí rúnda idir an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit mar a leanas le haghaidh aonaid dhlíthiúla a shainaithint:
(a)Tarchuirfidh údaráis staidrimh náisiúnta sonraí faoi aonaid dhlíthiúla chorpraithe chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir le hAirteagal 9(4) chun críche sainaithint uathúil a dhéanamh ar aonaid dhlíthiúla san Aontas agus chun na críche sin amháin.
(b)Chun éifeachtúlacht agus ardcháilíocht a áirithiú i dtáirgeadh Chlár na nGrúpaí Eorpacha, tarchuirfidh an Coimisiún (Eurostat) sonraí faoi aonaid dhlíthiúla chuig údaráis staidrimh náisiúnta gach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(4) chun críche aonaid dhlíthiúla san Aontas a shainaithint agus chun na críche sin amháin.
4.Féadfar sonraí rúnda a mhalartú idir an Coimisiún (Eurostat) agus na bainc cheannais mar a leanas:
Féadfar sonraí rúnda a mhalartú, chun críocha staidrimh amháin, idir an Coimisiún (Eurostat) agus na bainc cheannais náisiúnta, agus idir an Coimisiún (Eurostat) agus an Banc Ceannais Eorpach, i gcás ina bhfuil sé mar aidhm leis an malartú cáilíocht na faisnéise faoi ghrúpaí fiontar ilnáisiúnta san Aontas a áirithiú, agus i gcás ina núdaróidh an túdarás staidrimh náisiúnta chuí an malartú go sainráite.
5.Chun a áirithiú gur chun críocha staidrimh amháin a úsáidfear na sonraí a mhalartófar faoin Airteagal seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar amach na bearta formáide, slándála agus rúndachta le haghaidh sonraí den sórt sin, mar aon leis an nós imeachta maidir leis an malartú sonraí, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
6.I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún (Eurostat), na húdaráis staidrimh náisiúnta, na bainc cheannais náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach sonraí rúnda faoi aonaid atá lonnaithe laistigh den chríoch náisiúnta nó lasmuigh di, déileálfaidh siad, de bhun an Airteagail seo, leis an bhfaisnéis sin faoi rún i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
Déanfar tarchur sonraí rúnda idir na húdaráis staidrimh náisiúnta agus an Coimisiún (Eurostat) a mhéid atá an tarchur sin riachtanach chun staidreamh Eorpach a tháirgeadh. Ní mór aon tarchur breise a bheith údaraithe go sainráite ag an údarás náisiúnta a bhailigh na sonraí.
CAIBIDIL V
MALARTÚ SONRAÍ RÚNDA CHUN CRÍCHE STAIDRIMH TRÁDÁLA EARRAÍ LAISTIGH DEN AONTAS
Airteagal 11
Malartú sonraí rúnda
1.Is idir na húdaráis staidrimh náisiúnta a chuireann le staidreamh trádála earraí laistigh den Aontas a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh a dhéanfar sonraí rúnda faoi onnmhairí earraí laistigh den Aontas a mhalartú idir na Ballstáit chun críocha staidrimh amháin.
Na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh ceanglas i ndáil le sonraí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (2), beidh feidhm acu freisin maidir le malartú sonraí rúnda i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
2.Soláthróidh údarás staidrimh náisiúnta an Bhallstáit onnmhairíochta d’údarás staidrimh náisiúnta an Bhallstáit allmhairíochta an fhaisnéis staidrimh faoina onnmhairí earraí laistigh den Aontas chuig an mBallstát sin, mar a leagtar amach in Airteagal 12.
3.Soláthróidh údarás staidrimh náisiúnta na mBallstát onnmhairíochta d’údarás staidrimh náisiúnta an Bhallstáit allmhairíochta na meiteashonraí atá ábhartha do na sonraí malartaithe a úsáid chun staidreamh a thiomsú.
4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun críche sonrú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a mheasfar a bheith ina meiteashonraí ábhartha dá dtagraítear i mír 3 agus ar an gclár ama le haghaidh an fhaisnéis sin agus an fhaisnéis staidrimh dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
5.Ar iarraidh ó údarás staidrimh náisiúnta an Bhallstáit onnmhairíochta, féadfaidh an Ballstát allmhairíochta na meiteashonraí arna mbailiú faoina allmhairí earraí laistigh den Aontas a allmhairíodh ón mBallstát onnmhairíochta sin a sholáthar d’údarás staidrimh náisiúnta an Bhallstáit onnmhairíochta.
Airteagal 12
An fhaisnéis staidrimh a mhalartófar
1. Cuimseofar na nithe seo a leanas san fhaisnéis staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 11(2):
(a)micreashonraí a bailíodh trí shuirbhéanna,
(b)sonraí a tiomsaíodh faoi earraí nó gluaiseachtaí ar leith trí úsáid a bhaint as foinsí sonraí nach suirbhéanna iad, agus
(c)sonraí a tiomsaíodh trí úsáid a bhaint as mionsonraí dearbhuithe custaim.
2.Cumhdófar leis an bhfaisnéis staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 11(2) 95 % ar a laghad de luach na nonnmhairí iomlána earraí laistigh den Aontas a onnmhairítear ó gach Ballstát chuig na Ballstáit uile eile i dteannta a chéile.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun an Rialachán seo a leasú tríd an ráta cumhdaigh sin a laghdú i bhfianaise forbairtí teicniúla agus eacnamaíocha, agus an staidreamh a chomhlíonann na caighdeáin cháilíochta atá i bhfeidhm á choinneáil ag an am céanna.
3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2) chun críche sonrú a dhéanamh ar na módúlachtaí maidir le bailiú na faisnéise staidrimh dá dtagraítear i mír 1 agus maidir le tiomsú na faisnéise sin agus chun críche sonrú breise a dhéanamh ar na módúlachtaí maidir le cur i bhfeidhm an ráta cumhdaigh dá dtagraítear i mír 2.
Airteagal 13
Eilimintí sonraí staidrimh
1.Cuimseofar na heilimintí sonraí staidrimh seo a leanas sna micreashonraí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1):
(a)an uimhir aitheantais aonair arna leithdháileadh ar an oibritheoir comhpháirtíochta sa Bhallstát allmhairíochta i gcomhréir le hAirteagal 214 de Threoir 2006/112/CE;
(b)an tréimhse tagartha;
(c)an sreabhadh;
(d)an tráchtearra;
(e)an Ballstát comhpháirtíochta;
(f)an tír thionscnaimh;
(g)luach na nearraí;
(h)cainníocht na nearraí;
(i)cineál an idirbhirt.
D’fhéadfadh go gcuimseofaí an modh iompair sna micreashonraí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1), ar choinníoll go mbailíonn an Ballstát onnmhairíochta é.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2) chun críche sonrú a dhéanamh ar na heilimintí sonraí staidrimh dá dtagraítear i bpointí (a) go (i), agus chun críche sonrú a dhéanamh ar liosta na neilimintí sonraí staidrimh is infheidhme maidir leis na hearraí nó gluaiseachtaí ar leith agus na sonraí arna dtiomsú trí úsáid a bhaint as na mionsonraí dearbhuithe custaim dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 12(1).
2.Faoi choinníollacha áirithe a chomhlíonann ceanglais cháilíochta, féadfaidh na Ballstáit simpliú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a sholáthrófar i dtaca le hidirbhearta beaga aonair ar choinníoll nach mbeidh aon drochthionchar ag simpliú den sórt sin ar cháilíocht an staidrimh.
I gcásanna sonracha, féadfaidh na Ballstáit tacar laghdaithe eilimintí sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1 a bhailiú nó an fhaisnéis a bhaineann le cinn áirithe de na heilimintí sonraí sin a bhailiú ar leibhéal nach bhfuil chomh mionsonraithe céanna.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2) chun críche sonrú a dhéanamh ar na módúlachtaí maidir leis an simpliú sin agus ar luach uasta na nonnmhairí laistigh den Aontas a bheidh a bhaint leas as an simpliú sin.
Airteagal 14
Cosaint sonraí rúnda malartaithe
1.Beidh feidhm ag na rialacha rúndachta seo a leanas:
(a)Taifid mhicreashonraí a bhaineann le honnmhaireoir ar ghlac údarás staidrimh náisiúnta an Bhallstáit onnmhairíochta leis an iarraidh uaidh ar rúndacht staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 18, soláthróidh údarás staidrimh náisiúnta an Bhallstáit onnmhairíochta iad d’údarás staidrimh náisiúnta an Bhallstáit allmhairíochta, mar aon leis an bhfíorluach agus na heilimintí sonraí staidrimh uile dá dtagraítear in Airteagal 13(1) agus bratach lena léirítear gur faoi réir rúndachta atá an taifead micreashonraí sin.
(b)Féadfaidh údarás staidrimh náisiúnta an Bhallstáit allmhairíochta, le linn dó torthaí staidrimh ar allmhairí laistigh den Aontas a thiomsú, úsáid a bhaint as taifid mhicreashonraí maidir le honnmhairí atá faoi réir rúndachta. Má bhaineann údarás staidrimh náisiúnta an Bhallstáit allmhairíochta úsáid as taifid mhicreashonraí maidir le honnmhairí atá faoi réir rúndachta, áiritheoidh sé go dtabharfar aird, le linn d’údarás staidrimh náisiúnta an Bhallstáit allmhairíochta torthaí staidrimh ar allmhairí laistigh den Aontas a scaipeadh, ar an rúndacht staidrimh arna deonú ag údarás staidrimh náisiúnta an Bhallstáit onnmhairíochta.
2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a áirithiú go gcosnófar na sonraí rúnda arna malartú faoin gCaibidil seo lena mionsonraítear na bearta formáide, slándála agus rúndachta maidir le sonraí den sórt sin, lena náirítear na módúlachtaí maidir le cur i bhfeidhm na rialacha i mír 1 agus an nós imeachta maidir le malartú sonraí, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
3.Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta cuí chun cosc a chur ar aon sáruithe ar rúndacht staidrimh na sonraí malartaithe agus chun pionóis a ghearradh ina leith. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Airteagal 15
Rochtain ar shonraí rúnda malartaithe chun críocha eolaíocha
Féadfar rochtain ar na sonraí rúnda malartaithe a dheonú do thaighdeoirí atá ag déanamh anailísí staidrimh chun críocha eolaíocha, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Is gá ceadú a fháil ó údarás staidrimh náisiúnta an Bhallstáit onnmhairíochta a sholáthair na sonraí sula bhféadfar déanamh amhlaidh.
CAIBIDIL VI
CÁILÍOCHT, TARCHUR AGUS SCAIPEADH
Airteagal 16
Cáilíocht
1.Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun cáilíocht an staidrimh gnó Eorpaigh arna tharchur agus cáilíocht na gclár gnó staidrimh náisiúnta agus Chlár na nGrúpaí Eorpacha a áirithiú.
2.Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
3.Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí agus na meiteashonraí arna dtarchur.
4.Chun na críche sin, tarchuirfidh na Ballstáit:
(a) tuarascálacha bliantúla cáilíochta agus meiteashonraí le haghaidh na sonraí arna dtarchur. I gcás staidreamh ilbhliantúil, beidh tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cothrom leis an tréimhsiúlacht don staidreamh;
(b) tuarascálacha bliantúla cáilíochta agus meiteashonraí a bhaineann leis na cláir ghnó staidrimh náisiúnta.
5.Soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) tuarascálacha bliantúla meiteashonraí agus cáilíochta maidir le Clár na nGrúpaí Eorpacha do na Ballstáit.
6.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mionsonrófar na módúlachtaí, an tábhar agus na spriocdhátaí le haghaidh tharchur na dtuarascálacha meiteashonraí agus cáilíochta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
7.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas a luaithe is féidir faoi fhaisnéis nó athrú ábhartha ar bith maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo lena rachfaí i bhfeidhm ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas faoi athruithe móra modheolaíochta nó athruithe eile lena rachfaí i bhfeidhm ar cháilíocht na gclár gnó staidrimh náisiúnta. Tabharfar an fhaisnéis a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm aon athraithe den sórt sin.
8.Ar iarraidh ón gCoimisiún (Eurostat), soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis bhreise is gá chun cáilíocht na faisnéise staidrimh a mheas.
Airteagal 17
Tarchur sonraí agus meiteashonraí
1.Déanfaidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí a cheanglaítear leis an Rialachán seo a sholáthar don Choimisiún (Eurostat) i gcomhréir le caighdeáin um malartú sonraí agus meiteashonraí. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2) chun críche na caighdeáin sin a bhunú agus nós imeachta a bhunú le haghaidh tharchur na sonraí agus na meiteashonraí. Más sonraí rúnda iad na sonraí a tharchuirfear, seolfar an fíorluach i dteannta brataí lena léirítear gur faoi réir rúndachta atá siad agus nach bhféadfar iad a scaipeadh.
2.Déanfaidh na Ballstáit anailísí staidrimh ar na cláir ghnó staidrimh náisiúnta agus tarchuirfidh siad an fhaisnéis chuig an gCoimisiún (Eurostat) de réir formáide agus nós imeachta a mhionsonrófar i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
3.Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat), ar iarraidh uaidh, aon fhaisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo sna Ballstáit.
Airteagal 18
Rúndacht i dtaca le scaipeadh sonraí staidrimh i ndáil le trádáil idirnáisiúnta earraí
Cinnfidh na húdaráis staidrimh náisiúnta, ar iarraidh ón allmhaireoir nó ón onnmhaireoir, cé acu a scaipfidh nó nach scaipfidh siad na torthaí staidrimh lena bhféadfaí an tallmhaireoir nó an tonnmhaireoir sin a shainaithint agus cé acu a leasófar nó nach leasófar na torthaí staidrimh ionas nach ndéanfar dochar do rúndacht staidrimh, i gcomhréir le hAirteagal 20(3)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
CAIBIDIL VII
TREOIRSTAIDÉIR AGUS MAOINIÚ
Airteagal 19
Treoirstaidéir
1.I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún (Eurostat) go bhfuil gá ann le ceanglais shuntasacha nua i ndáil le sonraí nó le feabhsuithe ar na tacair sonraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, féadfaidh sé treoirstaidéir a sheoladh a ndéanfaidh na Ballstáit iad ar bhonn deonach sula mbaileofar aon sonraí nua.
2.Déanfar na treoirstaidéir sin chun measúnú a dhéanamh ar a ábhartha agus a indéanta atá sé na sonraí a fháil, agus na tairbhí a bhaineann le fáil a bheith ar na sonraí i gcomparáid le costas an bhailithe agus an tualach atá ar chuideachtaí á gcur san áireamh.
3.Cumhdófar sna chéad treoirstaidéir a sheolfar modhanna soláthair na trádála idirnáisiúnta seirbhísí agus an trádáil idirnáisiúnta seirbhísí de réir saintréithe fiontair.
Airteagal 20
Maoiniú
1.Chun críche chur chun feidhme an Rialacháin seo, féadfaidh an tAontas tacaíocht airgeadais a thabhairt do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus d’údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear sa liosta a bunaíodh de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Úsáidfear an tacaíocht airgeadais sin chun freastal ar na costais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
(a)ceanglais i ndáil le sonraí i réimse an staidrimh gnó a fhorbairt nó a chur chun feidhme;
(b)modheolaíochtaí a fhorbairt atá dírithe ar an gcáilíocht a ardú agus costais agus an tualach riaracháin a laghdú maidir le staidreamh gnó a bhailiú agus a tháirgeadh agus feabhas a chur ar ghréasán Eorpach na gclár gnó staidrimh.
2.Soláthrófar an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
3.Ní sháróidh an ranníocaíocht airgeadais sin ón Aontas 95 % de na costais incháilithe.
CAIBIDIL VIII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 21
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 5, 6, 9 agus 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 9 agus Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 9 agus Airteagal 12 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 22
Coiste
1.Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 23
Comhar le coistí eile
Maidir leis na hábhair uile a thagann faoi chuimsiú inniúlacht an Choiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí a bunaíodh le Cinneadh 2006/856/CE ón gComhairle, iarrfaidh an Coimisiún an tuairim ón gCoiste sin i gcomhréir leis an gCinneadh sin.
Airteagal 24
Maoluithe
1.I gcás ina dteastaíonn mór-oiriúnuithe i gcóras staidrimh náisiúnta de chuid Ballstáit chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maoluithe ar a chur i bhfeidhm a dheonú go ceann uastréimhse trí bliana, ar choinníoll nach gcuirfí bac leis na maoluithe sin ar inchomparáideacht shonraí na mBallstát ná ar ríomh na gcomhiomlán Eorpach tráthúil agus ionadaíoch a theastaíonn.
2.Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
Airteagal 25
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 184/2005
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 mar a leanas:
(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:
"Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo creat comhchoiteann chun staidreamh Comhphobail a tháirgeadh go córasach i ndáil le comhardú na níocaíochtaí agus i ndáil le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch";
(a)in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. Cuirfidh na Ballstáit sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) faoi chomhardú na níocaíochtaí agus infheistíocht dhíreach ón gcoigríoch dá dtagraítear in Iarscríbhinn I. Beidh na sonraí mar a shainítear in Iarscríbhinn II.";
(b)in Airteagal 5(1), scriostar pointe (c);
(c)in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
"(a) cáilíocht na sonraí faoi chomhardú na níocaíochtaí agus infheistíocht dhíreach ón gcoigríoch a mheas;";
(d)in Iarscríbhinn I, leasaítear tábla 3 (Trádáil idirnáisiúnta seirbhísí) i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 26
Aisghairm
1.Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91, Rialachán (CE) Uimh. 48/2004, Rialachán (CE) Uimh. 716/2007, Rialachán (CE) Uimh. 177/2008, Rialachán (CE) Uimh. 295/2008 agus Cinneadh (CE) Uimh. 1608/2003 le héifeacht ón 1 Eanáir 2019.
2.Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1165/1998 le héifeacht ón 1 Eanáir 2024.
3.Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 le héifeacht ón 1 Eanáir 2020.
4.Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 le héifeacht ón 1 Eanáir 2020.
5.Déanfar tagairtí do na gníomhartha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 27
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2019.
3.Beidh feidhm ag Airteagail 11 go 15 ón 1 Eanáir 2020, áfach.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
1.4.Cuspóirí
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Staidreamh Gnó Eorpach
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB
2902 – An Clár Staidrimh Eorpach
0904 - Fís 2020
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
◻Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana
☒ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
Teastaíonn staidreamh Eorpach atá comhchuibhithe agus inchomparáide chun faireachán a dhéanamh ar leibhéal na mBallstát agus an Aontais ar na spriocanna a socraíodh leis na deich dtosaíocht de chuid Choimisiún Juncker. Is é aidhm an Chreat-Rialacháin maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó (FRIBS) staidreamh gnó ar ardcháilíocht a sholáthar le haghaidh faireachán a dhéanamh ar na spriocanna beartais ar shocraigh na tosaíochtaí sin iad, go háirithe iad sin a bhaineann le "Poist, Fás agus Infheistíocht", "Margadh Aonair Digiteach", "Margadh Inmheánach" agus "Comhaontú Saorthrádála AE-SAM". Ba cheart an tionchur staidrimh a tháirgeadh ar an mbealach is éifeachtúla is féidir maidir le bailiú agus táirgeadh nua-aimseartha sonraí staidrimh.
1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann
Cuspóir Sonrach Uimh. 1
Clár Oibre an Choimisiúin 2016 Tionscnamh REFIT Uimh. 26 – An Pacáiste Staidrimh
Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann
2902 – An Clár Staidrimh Eorpach
0904 - Fís 2020
An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Ba cheart go gcuirfí feabhas leis an tionscnamh ar sholúbthacht agus freagrúlacht an staidrimh gnó Eorpaigh do riachtanais úsáideoirí a bhíonn ag athrú agus ar a gcomhsheasmhacht agus a gcáilíocht. Leis an tionscnamh, tacaítear le príomhthosaíochtaí an Choimisiúin trí shonraí níos comhsheasmhaí agus níos ábhartha a sholáthar le faireachán a chur orthu e.g. fás, cruthú post, iomaíochas, taighde agus nuálaíocht, an margadh aonair digiteach, tionchar an domhandaithe agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart go néascófaí leis an tionscnamh freisin táirgeadh sonraí atá níos cost-éifeachtúla agus níos nua-aimseartha agus ba cheart go mbeadh sé ar an mbonn le laghdú suntasach a dhéanamh ar an ualach riaracháin ar sholáthraithe sonraí (gnólachtaí).
Maidir le héifeachtúlacht, bheadh costais mhéadaithe chur chun feidhme ann do thiomsaitheoirí sonraí i dtosach de bharr an togra. B’amhlaidh sin mar gheall ar leasuithe ar na próisis táirgthe sonraí agus mar gheall ar cheanglais nua i ndáil le sonraí. Ba cheart, áfach, gur mhó na gnóthachain éifeachtúlachta a bheadh ann ar leibhéal an chórais san fhadtéarma ná na costais bhreise ghearrthéarmacha chur chun feidhme sin.
1.4.3.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar
Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
I gcás gach ceann de na cuspóirí oibríochtúla a sainaithníodh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair, is le heochairtháscaire feidhmíochta a éascaítear faireachán rialta ar chur chun feidhme an togra seo.
Príomhfhoinse faisnéise le haghaidh na heochairtháscairí feidhmíochta a ríomh atá sna tuarascálacha náisiúnta meiteashonraí agus cáilíochta mar aon leis an suirbhé bliantúil ar shásamh úsáideoirí a dhéanann Eurostat agus an tuairisciú faireacháin ar ríomhscaipeadh Eurostat.
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma
Idir an gearrthéarma agus an meántéarma, comhtháthófar na Rialacháin reatha i réimse an staidrimh gnó Eorpaigh agus comhlíonfar riachtanais sheanbhunaithe atá ag úsáideoirí le faisnéis bhreise faoi chuideachtaí. Laghdófar an tualach ar sholáthraithe sonraí.
San fhadtéarma, ba cheart go gcuirfí feabhas leis an tionscnamh ar an éifeachtúlacht atá ag baint le staidreamh gnó a bhailiú agus a thiomsú, rud a laghdófaí na costais ar na tiomsaitheoirí sonraí. Anuas air sin, beidh na sonraí níos ábhartha mar go mbeifear ag freagairt ar bhealach níos tapa do riachtanais úsáideoirí thábhachtacha nua atá ag teacht chun cinn.
1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE
Ní bheifear in ann táirgeadh a dhéanamh ar staidreamh atá comhchuibhithe agus inchomparáide ar fud na mBallstát agus a sholáthraítear chun freagairt do riachtanais AE más amhlaidh gur ar an leibhéal náisiúnta amháin a thugtar faoin obair sin. Chun staidreamh AE a tháirgeadh, is gá modheolaíocht chomhchuibhithe a chur chun feidhme agus sainiú a dhéanamh ar aschuir chomhchoiteanna agus ar shaintréithe an staidrimh a sholáthróidh na Ballstáit aonair. Is trí ghníomhaíocht AE amháin a bheifear in ann an méid sin a bhaint amach go hiomlán.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Chun soláthar comhlíontach na sonraí náisiúnta a áirithiú, is é rialachán an gníomh is cuí ba cheart d’AE a dhéanamh. Ba é an toradh a bhí ar 10 rialachán ar leith a bheith ann i réimse an staidrimh gnó gur tháinig neamhréireachtaí aníos maidir leis na coincheapa agus na sainmhínithe atá in úsáid.
1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann
Ós rud é gur creatrialachán é, cuíchóireofar na deich mbunús dlí reatha le staidreamh gnó Eorpach leis agus é i bhfeidhm. Tabharfar treoir modheolaíochta i lámhleabhar maidir le Staidreamh Gnó Eorpach.
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta
–◻
Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–◻
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB
☒ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2019 go 2021,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
☒ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–☒ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻
ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí poiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.
Nótaí
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo
Tá tuairisciú domhain rialta ar chur chun feidhme cáilíochta i bhfeidhm le haghaidh gach gníomhaíochta bailithe sonraí staidrimh, i gcomhréir le rialacha sonracha de chuid Eurostat. Leanfar ar aghaidh leis an tuairisciú sin agus cuirfear tuilleadh feabhais air faoin togra nua.
Ní mór d’fhaighteoirí deontais na sonraí arna mbailiú a sholáthar i dteannta na tuarascála cáilíochta comhfhreagraí.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.
Ós rud é go mbeartaítear ról bainistíochta dírí, is iad na rioscaí dúchasacha na rioscaí sin a bhaineann le soláthairtí agus deontais a bhainistiú.
2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.
Shainigh Eurostat straitéis rialaithe 2013-2017 a ghabhann le cur chun feidhme an chaiteachais. Tá na bearta agus na huirlisí sa straitéis sin infheidhme go hiomlán maidir leis an rialachán atá beartaithe. Beifear ag féachaint le laghdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go ndéanfar calaois agus le cur le calaois a chosc trí chastacht a laghdú, nósanna imeachta faireacháin atá cost-éifeachtúil a chur i bhfeidhm agus rialuithe rioscabhunaithe ex ante agus ex post a dhéanamh. Tá bearta sonracha chun feasacht a mhéadú agus oiliúint chuí a thabhairt i dtaca le calaois a chosc mar chuid den straitéis rialaithe.
2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.
Tá straitéis rialaithe i bhfeidhm ag Eurostat. Is é aidhm ghinearálta na straitéise an riosca neamhchomhlíonta a choinneáil faoi bhun an chritéir ábharthachta 2 %, rud atá ag luí leis na cuspóirí rialaithe inmheánaigh agus bainistíochta riosca a leagtar amach sa Phlean Straitéiseach uaidh don tréimhse 2016-2020. Beidh 100 % de na hidirbhearta airgeadais (agus, mar sin, 100 % den bhuiséad) faoi réir rialuithe éigeantacha ex ante i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Ina theannta sin, is tar éis anailís bhliantúil riosca a dhéanamh a thabharfar faoi rialuithe atá bunaithe ar anailís dhomhain ar na doiciméid bhunúsacha. D’fhéadfadh go gcumhdófaí leo 4-6 % den bhuiséad iomlán arna bhainistiú ag Eurostat.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.
An 30 Deireadh Fómhair 2013, rinne Eurostat an "Straitéis Frith-Chalaoise 2014-2017" uaidh a fhormhuiniú i gcomhréir le Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin (CAFS) an 24 Meitheamh 2011. Leagtar trí chuspóir oibríochtúla amach sa straitéis frithchalaoise ó Eurostat, is iad sin: i.) Comhpháirteanna reatha frithchalaoise a threisiú; ii.) Comhpháirteanna frithchalaoise a chomhtháthú ar bhealach níos fearr i measúnú/bainistiú riosca Eurostat, in iniúchtaí agus in obair pleanála, tuairiscithe agus faireacháin; iii.) An acmhainn agus an fheasacht frithchalaoise atá ag Eurostat a neartú mar chuid de chultúr frithchalaoise an Choimisiúin. Tá plean gníomhaíochta frithchalaoise ag gabháil leis an straitéis frithchalaoise. Le linn thréimhse a cuir i bhfeidhm, táthar ag déanamh faireachán ar chur chun feidhme na straitéise frithchalaoise dhá uair sa bhliain agus táthar ag tabhairt tuairisc don lucht bainistíochta ina leith sin.
Déanfaidh Eurostat meastóireacht sa bhliain 2017 ar thionchar na straitéise agus nuashonróidh sé dá réir sin í. Mar gharsprioc sa mheastóireacht ar an straitéis, rinne Eurostat athbhreithniú sa bhliain 2016 ar an bplean gníomhaíochta frithchalaoise uaidh.
Cuirtear na hathbhreithnithe ar an straitéis agus ar an bplean gníomhaíochta ó Eurostat i gcrích ar bhonn na modheolaíochta agus na treorach nuashonraithe arna neisiúint ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise i mí Feabhra 2016.
Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le deontais, is comhlachtaí poiblí iad gach ceann d’fhaighteoirí féideartha na ndeontas (Institiúidí Staidrimh Náisiúnta agus Údaráis Náisiúnta Eile, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009). Anuas air sin, is deontais iad nach niarrtar gairmeacha tograí ina leith. Tá rialuithe i bhfeidhm ina dtugtar aird ar na nósanna imeachta sonracha deontais sin. Déantar anailís ex ante agus ex post ar an mbainistiú deontas mar chuid de na rialuithe sin.
Trí chostais aonaid agus cnapshuimeanna a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 124(1) den Rialachán Airgeadais, laghdaítear go mór an riosca go ndéanfar earráidí maidir le bainistiú deontas. Éascófar riarachán atá i bhfad níos simplithe dá bharr.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir[…][Ceannteideal………………………...……………]
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
1 a
|
29.020100 –ESP18_20 - Clár Staidrimh Eorpach (ESP) 2018-2020
|
LD
|
Tá
|
Níl
|
Níl
|
Níl
|
|
1 a
|
09.040201 - Ceannaireacht i dteicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (Clár Gaolmhar: FÍS 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (Fís 2020))
|
LD
|
Tá
|
Níl
|
Níl
|
Níl
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
Uimhir
|
1a. Iomaíochas don fhás agus do phoist
|
|
Ard-Stiúrthóireacht: ESTAT
|
|
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
IOMLÁN
|
|
• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
Uimhir na líne buiséid 29.020100
|
Gealltanais
|
(1)
|
10,285
|
9,185
|
19,470
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
1,029
|
4,518
|
5,547
|
|
Uimhir na líne buiséid
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2 a)
|
|
|
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach
|
|
|
|
|
Uimhir na líne buiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
do DG ESTAT
|
Gealltanais
|
=1+1a +3
|
10,285
|
9,185
|
19,470
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2+2a
+3
|
1,029
|
4,518
|
5,547
|
|
Ard-Stiúrthóireacht: CNECT
|
|
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
IOMLÁN
|
|
• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
Uimhir na líne buiséid 09.040201
|
Gealltanais
|
(1)
|
1,000
|
1,000
|
2,000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
0,100
|
0,450
|
0,550
|
|
Uimhir na líne buiséid
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2 a)
|
|
|
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach
|
|
|
|
|
Uimhir na líne buiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
do DG CNECT
|
Gealltanais
|
=1+1a +3
|
1,000
|
1,000
|
2,000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2+2a
+3
|
0,100
|
0,450
|
0,550
|
Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:
|
• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
11,285
|
10,185
|
21,470
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
1,129
|
4,968
|
6,097
|
|
•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
11,285
|
10,185
|
21,470
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
1,129
|
4,968
|
6,097
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
5
|
"Caiteachas riaracháin"
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
IOMLÁN
|
|
Ard-Stiúrthóireacht: ESTAT
|
|
•Acmhainní daonna
|
11,850
|
11,883
|
23,733
|
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
0,625
|
0,625
|
1,250
|
|
IOMLÁN DG ESTAT
|
|
12,475
|
12,508
|
24,983
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
12,475
|
12,508
|
24,983
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
IOMLÁN
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
23,760
|
22,693
|
46,453
|
|
|
Íocaíochtaí
|
13,604
|
17,476
|
31,080
|
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–◻Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–☒
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
IOMLÁN
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
Clár na nGrúpaí Eorpacha
|
|
|
0,750
|
|
0,750
|
|
1,500
|
|
- Aschur
|
Tástáil Chlár na nGrúpaí Eorpacha
|
|
|
0,250
|
|
0,250
|
|
0,500
|
|
- Aschur
|
Cur chun feidhme gníomhaíochtaí bailithe sonraí
|
|
|
3,435
|
|
3,935
|
|
7,370
|
|
- Aschur
|
Staidéir mhodheolaíochta agus treoirstaidéir
|
|
|
6,850
|
|
5,250
|
|
12,100
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
11,285
|
|
10,185
|
|
21,470
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
COSTAS IOMLÁN
|
|
11,285
|
|
10,185
|
|
21,470
|
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.3.1.Achoimre
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–☒
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
IOMLÁN
|
|
CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
11,850
|
11,883
|
23,733
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,625
|
0,625
|
1,250
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
12,475
|
12,508
|
24,983
|
|
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
|
|
|
|
Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
12,475
|
12,508
|
24,983
|
Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha
3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.
–☒
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
|
•Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
29 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
74,67
|
74,92
|
|
XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
XX 01 05 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
10 01 05 01 (Taighde díreach)
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)
|
|
29 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)
|
25
|
25
|
|
XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
XX 01 04 yy
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
- toscaireachtaí
|
|
|
|
XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)
|
|
|
|
10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
IOMLÁN
|
99,67
|
99,92
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Obair mhodheolaíochta, lena náirítear le haghaidh treoirstaidéar
Obair TF le haghaidh na sonraí a fháil, a bhailíochtú agus a phróiseáil
Anailís sonraí, eisiúint sonraí agus tacaíocht d’úsáideoirí
|
|
Pearsanra seachtrach
|
Obair mhodheolaíochta, lena náirítear le haghaidh treoirstaidéar
Obair TF le haghaidh na sonraí a fháil, a bhailíochtú agus a phróiseáil
|
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
–☒
Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.
–◻
Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.
Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
[…]
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
[…]
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
–Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.
–Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
2019
|
2020
|
Iomlán
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
p.m
|
p.m
|
p.m.
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
p.m
|
p.m
|
p.m.
|