|
23.3.2017 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
TUAIRIM Uimh. 1/2017
(de bhun Airteagal 322, CFAE)
i ndáil leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002, Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1307/2013, (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Athbhreithniú ar an “Rialachán Airgeadais” — Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298 26.10.2012, lch. 1)
(2017/C 91/01)
CLÁR NA nÁBHAR
|
|
Mír |
Leathanach |
|
ACHOIMRE |
I - IX |
3 |
|
RÉAMHRÁ |
1 - 4 |
4 |
|
AN BONN LEIS AN TOGRA |
5 - 6 |
4 |
|
Measúnú Tionchair |
5 - 6 |
4 |
|
PRÍOMHPHOINTÍ NACH N-ÁIRÍTEAR SA TOGRA ÓN GCOIMISIÚN |
7 - 27 |
5 |
|
Rialachas |
7 - 15 |
5 |
|
Tuarascáil cuntasachta aonair |
7 - 11 |
5 |
|
Meastachán ar an leibhéal earráide a fhoilsiú |
12 - 13 |
6 |
|
An Coiste Iniúchóireachta |
14 - 15 |
6 |
|
Iniúchóireacht sheachtrach |
16 - 27 |
6 |
|
Ceart rochtana na Cúirte Iniúchóirí |
16 - 17 |
6 |
|
Tuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí |
18 - 20 |
6 |
|
Tuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí |
21 - 22 |
7 |
|
Gníomhaireachtaí agus comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha (comhlachtaí de chuid an Aontais) |
23 - 27 |
7 |
|
ATHRUITHE ATÁ BEARTAITHE AG AN GCOIMISIÚN |
28 - 108 |
7 |
|
Simpliú dóibh siúd a fhaigheann cistí de chuid an Aontais |
28 - 34 |
7 |
|
Sraith aonair rialacha á cur i bhfeidhm ar ghníomhartha hibrideacha nó teaglaim de bhearta agus ionstraimí |
35 - 41 |
8 |
|
Idirghabhálacha airgeadais |
42 - 50 |
9 |
|
Solúbthacht bhuiséadach |
51 - 63 |
11 |
|
Cistí iontaobhais |
64 - 68 |
12 |
|
Ioncam sannta |
69 - 76 |
13 |
|
Íocaíocht ar bhonn coinníollacha comhlíonta nó torthaí bainte amach |
77 - 84 |
14 |
|
Creat feidhmíochta |
85 - 89 |
14 |
|
Cuíchóiriú an tuairiscithe |
90 - 99 |
15 |
|
Socruithe iniúchóireachta |
100 - 108 |
17 |
|
Brath ar fhoinsí eile le haghaidh iniúchadh |
100 - 105 |
17 |
|
Rialacha agus nósanna imeachta maidir le hiniúchóireacht |
106 - 108 |
17 |
|
POINTÍ EILE A BREITHNÍODH |
109 - 148 |
18 |
|
Cuntais bhliantúla |
109 - 112 |
18 |
|
Urraíocht chorparáideach |
113 - 116 |
18 |
|
Comhaontuithe seirbhíse |
117 - 119 |
19 |
|
Rialacha soláthair phoiblí |
120 - 123 |
19 |
|
Cumasc a dhéanamh idir an Painéal um “Mírialtachtaí Airgeadais” agus an Painéal um “Chóras Luathbhraite agus Luatheisiaimh” |
124 - 128 |
20 |
|
Cóir dhifreáilte a dhéanamh ar infheisteoirí |
129 - 131 |
21 |
|
Athrú na tréimhse incháilitheachta i gcomhair ionstraimí airgeadais faoi bhainistíocht chomhroinnte |
132 - 133 |
21 |
|
Rialacha maidir le gnóthú |
134 - 136 |
21 |
|
Stádas “an fheirmeora ghníomhaigh” |
137 - 139 |
21 |
|
Íocaíocht d'fheirmeoirí óga |
140 - 142 |
22 |
|
Sainmhínithe |
143 - 148 |
22 |
|
IARSCRÍBHINN I — TÉACS MODHNAITHE AN CHOIMISIÚIN AGUS MOLTAÍ NA CÚIRTE |
|
24 |
|
IARSCRÍBHINN II — TUAIRISCIÚ |
|
28 |
TÁ CÚIRT INIÚCHÓIRÍ AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de, mar aon leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint don togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 (1), Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013 (2), (AE) Uimh. 1301/2013 (3), (AE) Uimh. 1303/2013 (4), (AE) Uimh. 1304/2013 (5), (AE) Uimh. 1305/2013 (6), (AE) Uimh. 1306/2013 (7), (AE) Uimh. 1307/2013 (8), (AE) Uimh. 1308/2013 (9), (AE) Uimh. 1309/2013 (10), (AE) Uimh. 1316/2013 (11), (AE) Uimh. 223/2014 (12), (AE) Uimh. 283/2014 (13), (AE) Uimh. 652/2014 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16),
Ag féachaint don iarraidh ón gComhairle ar thuairim ar an togra thuasluaite an 9 Nollaig 2016,
TAR ÉIS AN TUAIRIM SEO A LEANAS A GHLACADH:
ACHOIMRE
|
I. |
Leagtar amach sa Rialachán Airgeadais (RA) na prionsabail agus na nósanna imeachta lena rialaítear bunú agus caiteachas bhuiséad an Aontais Eorpaigh (AE) agus rialú cistí de chuid an Aontais. |
|
II. |
Breithnímid gur cheart don Choimisiún leas a bhaint as an athbhreithniú ar an RA chun a shocrú rialachais a ailíniú leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta. Tugaimid aghaidh go háirithe ar na saincheisteanna a bhaineann le tuairisciú comhtháite, le meastachán ar an leibhéal earráide agus leis an gcoiste iniúchóireachta (mír 7 go mír 15). |
|
III. |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athrú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirimid i láthair ár dtuarascálacha speisialta ar shlí a mheasaimid is dócha a fhágfaidh nach mbeidh siad chomh soiléir is atá. Is ábhar cúraim dúinn an iarracht sin rialáil a dhéanamh ar shaincheist atá ina gné bhunúsach dár neamhspleáchas (mír 18 go mír 22). |
|
IV. |
Tacaímid go ginearálta leis an simpliú atá beartaithe i gcás faighteoirí cistí de chuid an Aontais (mír 28 go mír 34) agus molaimid go ndéanfaidh an Coimisiún soiléiriú ar na tograí maidir le cur le chéile modhanna nó ionstraimí i dtaobh an buiséad a chur chun feidhme (mír 35 go mír 41). Tugaimid chun suntais go bhféadfadh na hathruithe atá beartaithe ar ionstraimí airgeadais a bheith dearfach, ach go bhfuil soiléiriú de dhíth ina dtaobh (mír 42 go mír 50). |
|
V. |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athruithe mionsonraithe a dhéanamh ar na hoibríochtaí bainistíochta buiséadacha gan a cheistiú an bhfuil na sásraí atá ann cheana cuí go fóill. Breithnímid go bhfuil scóip ann i gcomhair simpliú nach beag ar na socruithe buiséadacha (mír 51 go mír 63). Ní thacaímid leis na hathruithe atá beartaithe ar úsáid ioncaim shannta agus measaimid nach gá catagóir an ioncaim shannta inmheánaigh a choimeád (mír 69 go mír 76). |
|
VI. |
De bharr an tsínidh róluaith ar úsáid cistí iontaobhais go dtí beartais inmheánacha, tagann saincheisteanna chun cinn a bhaineann le riarachán, costas agus cuntasacht (mír 64 go mír 68). |
|
VII. |
Tacaímid le húsáid níos leithne a bhaint as íocaíochtaí ar bhonn coinníollacha comhlíonta nó torthaí bainte amach, agus iarraimid soiléiriú breise ar an gcreat feidhmíochta atá beartaithe (mír 77 go mír 89). |
|
VIII. |
Cé go gcuirimid fáilte roimh an ionchas i leith chomhdhlúthú na dtuarascálacha arna n-ullmhú ag an gCoimisiún, measaimid nach bhfuil measúnú iomlán déanta ar impleachtaí na n-athruithe sin. Bheadh na mílte leathanach i gceist sa “Phacáiste chomhtháite tuairiscithe airgeadais” a chuir an Coimisiún i láthair, agus bheadh dúbailt nach beag i gceist leis (mír 90 go mír 99). |
|
IX. |
Tugaimid aghaidh freisin ar athruithe eile atá beartaithe ach nach bhfuil béim orthu sa mheabhrán míniúcháin, lena n-áirítear pointí a eascraíonn as athruithe ar rialacha earnálacha (mír 109 go mír 148). |
RÉAMHRÁ
|
1. |
Soláthraítear sa Rialachán Airgeadais (RA) na prionsabail is infheidhme i leith bhuiséad ginearálta AE. Rachaidh athbhreithniú air i bhfeidhm ar an bpróiseas i dtaobh an buiséad a bhunú agus cistí a úsáid agus tugtar an deis leis feabhas a chur ar bhainistíocht airgeadais AE. |
|
2. |
Cuid de na hathruithe atá beartaithe ag an gCoimisiún, ar nós cur chun cinn a dhéanamh ar úsáid a bhaint as foirmeacha simplithe ranníocaíochtaí agus ar íocaíochtaí ar bhonn coinníollacha nó cuspóirí i ngach modh bainistíochta, d'fhéadfaidís a bheith ina gcúis le simpliú i ndáil le cistí de chuid an Aontais a bhainistiú agus a fháil. Tá a lán acu ina léiriú ar mholtaí de chuid na Cúirte ó thuarascálacha bliantúla le déanaí. Mar sin féin, ní fhéadfar rialacha mionsonraithe a chur in ionad rialachas fónta agus bainistíocht fhónta. Ionas go n-éireoidh leo, ní mór do bhaill foirne fhreagracha na hathruithe sin a chur i bhfeidhm agus ní mór do na comhlachtaí rialaithe monatóireacht a dhéanamh orthu. |
|
3. |
Rinne an Coimisiún cur síos ar a thogra mar “athbhreithniú uaillmhianach a dhéanamh ar na rialacha ginearálta airgeadais agus, chomh maith leis sin, na hathruithe comhfhreagracha a dhéanamh ar na rialacha airgeadais earnálacha” (17). Deir sé freisin go gcuidíonn sé le dhá cheann de phríomhchuspóirí an athbhreithnithe ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil: simpliú agus solúbthacht. Tugtar isteach leis cuid mhór athruithe mionsonraithe a bhaineann go háirithe leo seo a leanas:
|
|
4. |
Sa chéad chuid den tuairim uainn (mír 7 go mír 27), tugaimid aghaidh ar shaincheisteanna a mheasamar ba cheart a bheith san áireamh sa Rialachán Airgeadais atá beartaithe (RAB). I mír 28 go mír 148 thíos, tugtar aghaidh ar athruithe atá beartaithe ag an gCoimisiún, agus tá siad leagtha amach ar aon dul leis an meabhrán míniúcháin. |
AN BONN LEIS AN TOGRA
Measúnú Tionchair
|
5. |
De réir an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart don Choimisiún measúnuithe tionchar a dhéanamh ar a chuid tionscnamh reachtach agus neamhreachtach, gníomhartha tarmligthe agus bearta cur chun feidhme a mheastar a mbeidh tionchar nach beag acu ar chúinsí geilleagracha, comhshaoil nó sóisialta. Breithnímid gur cheart don Choimisiún measúnú tionchair a dhéanamh sular fhoilsigh sé an togra (18). |
|
6. |
D'fhonn cabhrú le cuspóir an chomhaontaithe idirinstitiúidigh a bhaint amach, molaimid a thabhairt isteach in RA an ceanglas i dtaobh measúnuithe tionchair a dhéanamh i leith tionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha, gníomhartha tarmligthe agus bearta cur chun feidhme a mheastar a mbeidh tionchar nach beag acu ar chúinsí geilleagracha, comhshaoil nó sóisialta. |
PRÍOMHPHOINTÍ NACH NÁIRÍTEAR SA TOGRA ÓN gCOIMISIÚN
Rialachas (19)
Tuarascáil cuntasachta aonair
|
7. |
Ní chuireann an Coimisiún i bhfeidhm aon chreat rialachais aitheanta, ná ní léiríonn sé ina chuid tuarascálacha bliantúla a mhéid a leantar creat dá leithéid (20). Cé go n-ullmhaítear na cuntais i gcomhréir le Caighdeáin Idirnáisiúnta um Chuntasaíocht san Earnáil Phoiblí, níl aon tuarascáil ag gabháil leo ina dtugtar léargas foriomlán ar rialachas, feidhmíocht agus straitéis an Choimisiúin os coinne na rioscaí i ndáil lena chuid spriocanna a bhaint amach. Soláthraíonn an Coimisiún meastachán ar leibhéal na n-idirbheart neamhdhleathach agus neamhrialta (féach freisin mír 12) sa Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta (sa “tuarascáil sintéise” go dtí tuarascáil na bliana 2015), ach ní dhéantar é sin a tharchur ach chuig páirtithe leasmhara, muid féin san áireamh, tar éis an t-iniúchadh bliantúil a bheith curtha i gcrích. Déantar faisnéis a scaipeadh (agus a athlua uaireanta) i ndoiciméid ar leibhéal an Choimisiúin agus na hArd-Stiúrthóireachta (AS) a chuirtear i láthair ar leithligh le linn na bliana (agus iad ródhéanach go minic lena mbreithniú taobh leis an iniúchadh ar na cuntais bhliantúla ná le déileáil leo inár dtuarascáil bhliantúil). |
|
8. |
Breithnímid gur cheart don Choimisiún leas a bhaint as an athbhreithniú ar RA mar dheis chun a shocruithe rialachais a nuashonrú. Tugtar isteach le RAB roinnt athruithe chun dul i ngleic le rialachas; níl siad sin ag teacht i gcónaí leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta, áfach, agus ní thugtar aghaidh sa togra ar roinnt príomheilimintí den rialachas. |
|
9. |
Ba cheart don Choimisiún cuíchóiriú breise a dhéanamh ar thuairisciú, trí thuarascáil cuntasachta aonair (de rogha) nó sraith tuarascálacha (mar mhalairt air sin) a eisiúint. Ba cheart doiciméad soiléir amháin a bheith ag an údarás um urscaoileadh ina míníonn an Coimisiún a ghníomh, an úsáid a bhain sé as an mbuiséad agus na torthaí a baineadh amach. Cuirimid fáilte roimh bheart an Choimisiúin chun roinnt tuarascálacha a chomhdhlúthú sa “phacáiste tuairiscithe airgeadais comhtháite”. Ionas go mbeadh an pacáiste sin ina thuarascáil cuntasachta aonair (agus, go deimhin, gur phacáiste comhtháite a bheadh ann i ndáiríre), áfach, ní mór an méid seo a leanas a bheith amhlaidh ina leith:
|
|
10. |
Mar a mholaimid i dTuarascáil Speisialta Uimh. 27/2016, d'áireofaí sa tuarascáil sin:
Tá cuid den fhaisnéis sin ar fáil cheana féin. Leagaimid amach in Iarscríbhinn II na tuarascálacha atá ann cheana féin, an togra ón gCoimisiún agus an togra uainne. |
|
11. |
Ba cheart don Choimisiún an tuarascáil cuntasachta aonair nó an tsraith tuarascálacha sin a chur i láthair in am trátha i gcomhair iniúchadh ar na cuntais agus seiceálacha a dhéanfaidh an t-iniúchóir go bhfuil an fhaisnéis eile arna cur i láthair inti ag teacht leis an bhfaisnéis chuntasaíochta. Pléimid thíos tuilleadh leasuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar na tograí ón gCoimisiún lena n-aistreofaí tuairisciú AE go dtí struchtúr níos fearr (agus níos comhtháite). |
Meastachán ar an leibhéal earráide a fhoilsiú
|
12. |
Sa chás ina bhfuil baol ard mírialtachta i gceist is de réir an dea-chleachtais (21) é an riosca a phlé agus an leibhéal agus an tionchar dóchúil a chainníochtú. Tá a lán ball foirne de chuid an Choimisiúin ag obair i réimse na hiniúchóireachta agus an rialaithe, agus, ina theannta sin, éilíonn reachtaíocht AE seiceálacha fairsing ar chaiteachas ag comhlachtaí a bhainistíonn cistí de chuid an Aontais. Dírítear an-aird i dtuairisciú an Choimisiúin ar an ábhar sin ar “acmhainn cheartaitheach” (an fhéidearthacht i dtaobh éilimh chaiteachas a dhícheadú tar éis don Choimisiún glacadh leo ar dtús) seachas ar chainníochtú agus anailís a dhéanamh ar chineál na n-earráidí a aithnítear ann. Ní sholáthraítear sa phríomhdhoiciméad ina leith sin (“Cosaint bhuiséad AE”) aon mheastachán ar an leibhéal mírialtachta atá i mbunéilimh nó in éilimh cheadaithe ar aisíocaíocht. |
|
13. |
Molaimid an ceanglas a thabhairt isteach in RAB go bhfoilseodh an Coimisiún (22) mar chuid de na cuntais bhliantúla nó den fhaisnéis a ghabhann leo meastachán ar an leibhéal earráide ar bhonn modheolaíocht chomhsheasmhach agus an fhaisnéis sin a chur inár láthair féin mar aon leis na cuntais shealadacha (i.e. sa dréacht-tuarascáil cuntasachta aonair). |
An Coiste Iniúchóireachta
|
14. |
Chun an dea-chleachtas a chomhlíonadh i réimse chomhlachtaí rialaithe na hearnála poiblí ní mór coiste iniúchóireachta nó grúpa nó feidhm choibhéiseach a bhunú (23). Ar bhonn an mheasúnaithe uainn, imíonn Coiste an Choimisiúin um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta ón dea-chleachtas sa mhéid nach bhfuil ach mionlach beag dá bhallraíocht neamhspleách ar an institiúid (24), agus nach bhfuil tuairisciú airgeadais, mírialtachtaí agus bainistíocht riosca cumhdaithe faoin sainchúram atá air (25). |
|
15. |
Ba cheart don Choimisiún tapú a dhéanamh ar an deis athbhreithniú a dhéanamh ar RA chun ceanglais shonracha a thabhairt isteach maidir le cruthú agus feidhmiú coiste iniúchóireachta laistigh d'institiúidí AE le ról caiteachais agus chun a chomhdhéanamh agus raon feidhme a chuid oibre a ailíniú leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta. |
Iniúchóireacht sheachtrach
Ceart rochtana na Cúirte Iniúchóirí
|
16. |
Is tábhachtach an rud é an fhaisnéis atá de dhíth orainn chun ár n-iniúchadh a dhéanamh a chur ar fáil go tráthúil, éifeachtach. Teastaíonn rochtain dhíreach ar shonraí an Choimisiúin uainn mar aon leis an gcumas anailís a dhéanamh ar na sonraí sin inár n-áitreabh féin, lenár n-uirlisí anailíse sonraí féin, nuair is gá. Ba cheart na doiciméid atáimid ceaptha a scrúdú a chur ar fáil go luath (agus an leagan dréachta díobh) ionas gur féidir linn tuairisciú tráthúil a áirithiú. |
|
17. |
Áirítear in Airteagal 249 de RAB forálacha maidir lenár rochtain ar dhoiciméid agus sonraí arna stóráil go leictreonach. Breithnímid go bhfuil soiléiriú breise riachtanach, go háirithe i gcás na bhforálacha a bhaineann le ceart rochtana ar chórais TF. Áirímid in Iarscríbhinn I an togra uainn maidir le hAirteagal 249 a mhodhnú. |
Tuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí
|
18. |
In Airteagal 250 tá sé beartaithe ag an gCoimisiún laghdú a dhéanamh ar an am atá ar fáil dúinn chun barúlacha a tharchur a bheadh le feiceáil sa tuarascáil bhliantúil tríd an spriocdháta a athrú ón 30 Meitheamh go dtí an 15 Meitheamh. Níl aon athrú comhréireach beartaithe i dtaobh an fhaisnéis a fháil ón gCoimisiún, áfach. Ionas go gcoinneofaí leis an éacht a baineadh amach in 2016, nuair a foilsíodh an tuarascáil bhliantúil uainn mí níos luaithe ná mar a bhí ceangailte, ba cheart coigeartú dá réir a dhéanamh ar na spriocdhátaí don Choimisiún agus do na hinstitiúidí eile i ndáil lena gcuntais bhliantúla agus faisnéis ghaolmhar a sholáthar. Mar shampla, ba cheart an spriocdháta le haghaidh na cuntais chomhdhlúite deiridh a sheoladh (Airteagal 238(5)) a athrú ón 31 Iúil go dtí an 30 Meitheamh agus ba cheart an spriocdháta maidir leis na freagraí a fháil ó na hinstitiúidí ar na barúlacha i gcomhair na tuarascála bliantúla a athrú ón 15 Deireadh Fómhair go dtí an 15 Iúil (Airteagal 250(1)) (féach freisin Iarscríbhinn II). |
|
19. |
Chun léiriú níos fearr a thabhairt ar chuspóir agus cineál an “nós imeachta sáraíochta” molaimid na chéad dá abairt d'Airteagal 250 a athrú mar atá molta in Iarscríbhinn I. |
|
20. |
Maidir le freagraí na n-institiúidí a chuimsiú sna tuarascálacha uainn, measaimid go bhfuil sé ina ghné dhílis de neamhspleáchas riaracháin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an chumhacht a bheith aici a chinneadh conas ár dtuarascálacha a chur i láthair i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le hiniúchóireacht. Breithnímid go dtógann foilsiú na bhfreagraí ó gach institiúid “in aice” lenár mbarúlacha ó líofacht agus inléiteacht an téacs, go háirithe nuair is faide na freagraí ná ár dtéacs féin. Ar an mbonn sin, molaimid na freagraí i gcomhair na tuarascála bliantúla a fhoilsiú ag deireadh ár dtéacs féin i leith gach caibidil, ar an mbonn céanna leis an gcleachtas atá ann faoi láthair le haghaidh tuarascálacha speisialta. |
Tuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí
|
21. |
Baineann an trácht uainn ar an “nós imeachta sáraíochta” (féach mír 19) freisin leis na tuarascálacha speisialta dá dtagraítear in Airteagal 251. I ndáil leis an spriocdháta sé seachtaine d'institiúidí arna n-iniúchadh i dtaobh a gcuid freagraí a sholáthar, measaimid nach bhfuil aon ghá tagairt a dhéanamh don spriocdháta a chur ar fionraí, ná cúis fhéideartha a thabhairt leis sa leibhéal reachtaíochta seo. |
|
22. |
I ndáil leis an athrú atá beartaithe sa mhír ar shuíomh na bhfreagraí i dtuarascálacha speisialta, luaimid arís an seasamh uainn atá sonraithe i mír 20 thuas go sáraíonn sé sin neamhspleáchas riaracháin dlisteanach na Cúirte. Ina theannta sin, tar éis dúinne aistriú le déanaí chuig foilsiú gan pháipéar tá bealaí nua á bhforbairt againn chun ár dtorthaí a chur i láthair. Áirítear leis sin iniúchadh a dhéanamh ar na roghanna éagsúla i dtaobh ríomhfhoilsitheoireachta, lena n-áirítear solúbthacht a bheith ag an léitheoir maidir le conas is mian leis nó léi féachaint ar an téacs. Molaimid dá bhrí sin cloí leis an bhfoclaíocht atá ann faoi láthair, “go bhfoilseofar, i dteannta na tuarascála speisialta”. |
Gníomhaireachtaí agus comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha (comhlachtaí de chuid an Aontais)
|
23. |
Foráiltear in Airteagal 69(6) de RAB go leanfar ar aghaidh leis an iniúchóireacht a dhéanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha ar chuntais na gcomhlachtaí arna mbunú faoin CFAE agus faoi Chonradh Euratom a fhaigheann ranníocaíochtaí ó bhuiséad AE (i.e. gníomhaireachtaí) roimh a gcomhdhlúthú i gcuntais AE. Dá bhrí sin, leanfaimis ar aghaidh ag glacadh a gcuid torthaí iniúchóireachta san áireamh agus ár gcuid tuarascálacha féin á n-ullmhú. Leis an socrú faoina ndéanfadh iniúchóirí seachtracha iniúchadh, ní amháin ar na cuntais féin, ach ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart ba bhun leis na cuntais sin, chuirfí feabhas maith ar shocruithe a bhí ann roimhe sin. |
|
24. |
Is lú buiséid iomlána na ngníomhaireachtaí ná 2 % de bhuiséad AE ina iomláine. In ainneoin a gcaiteachas teoranta, bíonn ról nach beag ag gníomhaireachtaí maidir le beartais AE a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus chuirfeadh socruithe níos éifeachtaí i leith ghnéithe athfhillteacha an iniúchta bhliantúil ar ár gcumas dúinn díriú níos mó ar a gcuid feidhmíochta. |
|
25. |
Faoi láthair eisímid tuarascáil shonrach bhliantúil i leith gach gníomhaireachta. Áirítear sna tuarascálacha ráiteas dearbhaithe (tuairim ar na cuntais agus ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart) agus, más gá, tuairimí ar phointí a mbaineann tábhacht ar leith leo. In 2016, foilsíodh 41 tuarascáil den sórt sin, le 82 thuairim agus timpeall is 90 trácht faoi leith. Chun an éifeachtacht a fheabhsú molaimid leasú a dhéanamh ar na rialacha maidir le tuairisciú bliantúil. Molaimid go bhféadfaimis smaoineamh san am atá le teacht ar thuarascáil iniúchta chomhdhlúite amháin a eisiúint lena gclúdófar gach gníomhaireacht. |
|
26. |
Molaimid an socrú seo a leanas i ndáil leis an iniúchadh ar na comhlachtaí sin. Chomh maith leis na cuntais, ba cheart don iniúchóir seachtrach fíorú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais sin, cé gur muid féin a bheadh freagrach go fóill as ráitis deiridh dearbhaithe a eisiúint i leith na gcomhlachtaí go léir. D'fhágfadh an tsamhail sin ar ár gcumas dúinn a bheith ag brath a mhéid is féidir ar an obair a dhéanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha agus freisin ar an obair a dhéanann an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach. Áirímid in Iarscríbhinn I an togra uainn maidir leis na hairteagail ghaolmhara a mhodhnú. |
|
27. |
Ba chóir an réiteach a ghlacfar a chur i bhfeidhm chomh maith i leith na gcomhlachtaí comhpháirtíochta poiblí-príobháideacha a ndéileáiltear leo in Airteagal 70. |
ATHRUITHE ATÁ BEARTAITHE AG AN gCoimisiún
Simpliú dóibh siúd a fhaigheann cistí de chuid an Aontais
|
28. |
Baineann na bearta atá a dtabhairt isteach ag an gCoimisiún le deontais agus foirmeacha simplithe ranníocaíochta AE. |
An togra ón gCoimisiún
|
29. |
Baineann na príomhathruithe atá beartaithe leo seo a leanas:
|
Ár n-anailís
|
30. |
Ní sholáthraítear in RAB treoracha maidir le scéimeanna caiteachais a dhearadh. Fágann sé sin go bhfuil sé deacair na cineálacha tionscadal a bhainfidh tairbhe as an simpliú sin a aithint. Mar an gcéanna, níl sé soiléir ag an bpointe seo conas mar a bhainfear amach iarbhír mian an Choimisiúin chun béim níos mó a leagan ar cháilíocht na dtáirgí insoláthartha (aschuir) agus ar cháilíocht mheasúnacht an oifigigh údarúcháin ar nósanna imeachta cuntasaíochta costála. |
|
31. |
Is beag cás faoi láthair ina bhfeidhmíonn an Coimisiún an ceart atá aige chun brabúis a ghnóthú. Tugann an Coimisiún ar aird (27) gur cheart leas a bhaint as ionstraimí airgeadais seachas deontais mar rogha réamhshocraithe i dtaobh cistiú a dhéanamh ar thionscadail trína ngintear ioncam. |
|
32. |
Trí aitheantas a thabhairt don obair a dhéanann oibrithe deonacha mar “costais incháilithe” chun críche an chómhaoinithe, spreagfar tairbhithe chun úsáid níos mó a bhaint as an ionchur sin, rud a fhágfaidh go n-aisíocfar go hiomlán iad as gach costas eile arna thabhú, agus mar sin is ar bhuiséad AE a thitfidh iomlán an riosca i dtaobh caiteachas míchuí. D'fhágfadh an togra níos casta fíorú an chómhaoinithe ag an gCoimisiún agus ríomh na gcostas indíreach. I bhfianaise an togra cur le maoiniú ar bhonn torthaí seachas aisíocaíocht costas incháilithe, measamar gur castacht gan ghá é an togra seo lena gcuirtear leis an mbaol earráide. |
|
33. |
Féachtar sa togra seo le simpliú a dhéanamh ar bhainistíocht deontas arna n-íoc le daoine nádúrtha atá luaite in Airteagal 185 trí cheadú do chineálacha sonracha tairbhithe níos mó ná aon deontas amháin a fháil, agus trí cheadú go mbeadh na costais céanna á gcistiú níos mó ná uair amháin ag buiséad AE. |
Conclúid
|
34. |
Ag teacht leis an anailís uainn thuas:
|
Sraith aonair rialacha á cur i bhfeidhm ar ghníomhartha hibrideacha nó teaglaim de bhearta agus ionstraimí
An togra ón gCoimisiún
|
35. |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún sraith aonair rialacha a chur i bhfeidhm:
|
|
36. |
Áirítear leis na hathruithe ar na rialacháin earnála freisin an fhéidearthacht cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (SIE) a chur le chéile le hionstraim arna cistiú faoin gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS). |
|
37. |
Tugann an Coimisiún isteach na comhaontuithe comhpháirtíochta réime airgeadais i gcur chun feidhme díreach agus indíreach. D'fhágfaidís sin go bhféadfaí comhaontuithe iniúchóireachta a chur i gcrích le daoine agus eintitis a chuireann chun feidhme cistí de chuid an Aontais nó tairbhithe deontas. |
Ár n-anailís
|
38. |
Tá teideal nua “Comhrialacha” cruthaithe ag an gCoimisiún lena bhféachtar le grúpáil a dhéanamh ar na rialacha go léir is infheidhme maidir le níos mó ná modh amháin um chur chun feidhme buiséid. Tacaímid leis an uaillmhian is bonn leis sin. Mar atá amhlaidh i gcás teidil eile (soláthar, deontais — féach mír 120 go mír 123), áfach, caitear leis na hábhair sin in áiteanna eile sa togra freisin. Dá bhrí sin ní bhaintear amach an simpliú is inmhianaithe ar an téacs. |
|
39. |
D'fhéadfadh rioscaí amhail cistiú dúbailte nó plódú infheistíochtaí príobháideacha a theacht chun cinn de bharr ionstraimí cistiúcháin éagsúla a chur le chéile, agus ní mór na rioscaí sin a bhainistiú. Ina theannta sin, beidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh teaglaim den sórt sin prionsabal an chómhaoinithe agus rialacha maidir leis an státchabhair. Breithnímid gur cheart monatóireacht leordhóthanach a dhéanamh ar chur le chéile na n-ionstraimí cistiúcháin, lena n-áirítear i dtéarmaí na dtorthaí agus na gcuspóirí a bhaintear amach, agus iad sannta agus tuairiscithe go cuí, chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú. |
|
40. |
Tuigimid go mbaineann an togra in Airteagal 126(3) maidir le comhaontuithe iniúchta leis an gCoimisiún. Ar mhaithe le soiléire, ba cheart a shonrú nach gcuirfidh comhaontuithe iniúchóireachta ná comhaontuithe fíorúcháin srian ar an rochtain atá againn ar fhaisnéis atá riachtanach chun cistí de chuid an Aontais a iniúchadh. Ina theannta sin, measaimid go bhfuil an tagairt san abairt deiridh d'Airteagal 126(3) don chomhaontú tríthaobhach idir an Chúirt Iniúchóirí, an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Coimisiún (dá bhforáiltear in Airteagal 287(3) CFAE) iomarcach agus gur cheart í a scriosadh. |
Conclúid
|
41. |
Molaimid:
|
Idirghabhálacha airgeadais
An togra ón gCoimisiún
|
42. |
Áirítear leis na príomhathruithe a tugadh isteach sa réimse sin:
|
|
43. |
Cuirtear srian in Airteagal 203 le huasmhéideanna dliteanas airgeadais AE do na trí chineál oibríochtaí airgeadais. Tugaimid chun suntais go bhféadfadh ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais dliteanais theagmhasacha a ghiniúint do AE agus nach gá gur leor an tsuim ar seilbh i sócmhainní airgeadais chun na dliteanais airgeadais a chumhdach. |
|
44. |
Na rioscaí airgeadais a éiríonn as ráthaíocht buiséid nó cúnamh airgeadais, tá siad clúdaithe ag soláthar a léiríonn céatadán (ráta soláthair) de mhéid an dliteanais airgeadais arna údarú. Tugtar aghaidh sna soláthairtí i gcomhair ionstraimí airgeadais ar na híocaíochtaí amach anseo a bhaineann le ceangaltas buiséadach na hionstraime. Tá é beartaithe go gcoinneofar na soláthairtí sin i gciste don soláthar coiteann, á bhainistiú go díreach ag an gCoimisiún (Airteagal 205). Faoi RAB freisin, ceadaítear barrachas na soláthairtí a aistriú idir ráthaíochtaí buiséadacha nó oibríochtaí cúnaimh airgeadais (Airteagal 206(3)(a)). |
Ár n-anailís
|
45. |
Cuirimid fáilte roimh an togra ón gCoimisiún ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais a chur san áireamh faoin Rialachán Airgeadais agus na cineálacha éagsúla oibríochtaí airgeadais de chuid AE a ghrúpáil faoin teideal céanna chomh maith. |
|
46. |
Ní mhínítear sa togra maidir le bunú an chiste don soláthar coiteann feidhmiú an chiste sin, ríomh an ghlanráta soláthair ná an gaol idir an ráta soláthair arna shocrú faoin ngníomh bunúsach agus an glanráta soláthair. |
|
47. |
Breithnímid gur rud dearfach iad na táillí bunaithe ar fheidhmíocht (Airteagal 202(1)(g)) ach tugaimid chun suntais nach mór comhaontuithe agus bearta feidhmíochta a bheith dea-dheartha agus go gcuirfear chun feidhme go cúramach iad. Níor cheart don Choimisiún, áfach, a cheadú go ndéanfaí táillí riaracháin a ríomh mar chéatadán de ranníocaíocht charnach AE arna gealladh (lena n-áirítear ceangaltais bhuiséadacha neamhghlaoite). |
|
48. |
Tacaímid leis an gceangaltas maidir le meastóireachtaí ex-ante le haghaidh oibríochtaí airgeadais AE agus measaimid gur cheart forálacha a dhéanamh chun gur féidir meastóireachtaí eatramhacha a dhéanamh d'fhonn athruithe ar na dálaí margaidh a chur san áireamh (29). |
|
49. |
I láthair na huaire is féidir an fhaisnéis ar oibríochtaí airgeadais AE a fháil i dtuarascálacha éagsúla (30). Cuirimid fáilte roimh an togra ón gCoimisiún gach ceangaltas tuairiscithe (seachas an ceangaltas i leith nochtadh sna cuntais bhliantúla agus san fhaisnéis a ghabhann leo) a chumasc in aon doiciméad amháin ag gabháil leis an dréachtbhuiséad (31). Glacaimid leis go soláthrófar ann ar a laghad an leibhéal céanna faisnéise is atá sna tuarascálacha atá ann faoi láthair agus go gclúdófar ann an staid amhail an 30 Meitheamh i mbliain an fhoilsithe. |
Conclúid
|
50. |
Molaimid:
|
Solúbthacht bhuiséadach
An togra ón gCoimisiún
|
51. |
Tá bearta curtha i láthair ag an gCoimisiún chun “solúbthacht” bhuiséadach a fheabhsú. Is féidir achoimre a dhéanamh orthu sin mar seo a leanas:
|
Ár n-anailís
Cosaint solúbthachta
|
52. |
Cuireann an togra le castacht an chórais bhuiséadaigh trí chúlchiste breise amháin a chruthú agus eisceacht amháin eile a chur le hAirteagal 12(2) a bhaineann le tabhairt anonn (féach freisin mír 57 go mír 60). |
Cúlchiste diúltach
|
53. |
Níor baineadh leas as “cúlchiste diúltach” ach amháin in 2011. Ní thugtar réasúnú láidir sa togra i leith na hiarrata a acmhainneacht a dhúbailt go dtí EUR 400 milliún. |
Aistrithe ó bhainistíocht chomhroinnte go dtí leibhéal an Aontais
|
54. |
Gan an fhoráil nua seo, chuirfí na hacmhainní atá i gceist ar ais i mbuiséad AE mura n-úsáidfí iad roimh an dáta dlite. I gcás aistrithe ó ionstraimí faoi chur chun feidhme comhroinnte go dtí ionstraimí faoi chur chun feidhme díreach nó indíreach, d'fhéadfadh sé nach amháin gur aistrithe leithreasaí idir Ballstáit a bheadh iontu iarbhír (34), ach gur aistrithe idir teidil de chuid an bhuiséid a bheadh i gceist leo agus go bhféadfaidís athrú a dhéanamh ar an leithdháileadh acmhainní idir cheannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil. |
|
55. |
Is cosúil nach bhfuil aon fhoráil déanta maidir le rannpháirtíocht an údaráis bhuiséadaigh. Toisc go bhféadfaí a mheas gur shásra aistrithe a bheadh i gceist leis an bhforáil sin, ba cheart na nósanna imeachta céanna, na ceanglais trédhearcachta chéanna agus na deiseanna céanna i dtaobh scrúdú poiblí a bheith ag gabháil léi. |
|
56. |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún san alt céanna cur le cumas CEIS i dtaobh rioscaí a iompar. Níl sé soiléir conas a bhainfí amach é sin. |
Tabhairt anonn, maoluithe i leith bliantúlachta agus sonraíocht
|
57. |
Is í an riail ghinearálta atá ann faoi láthair go gcuirfear ar ceal na leithreasaí nach n-úsáidtear faoi dheireadh na bliana airgeadais. Tá roinnt eisceachtaí ón riail sin ann, áfach. Tá forálacha breise san áireamh maidir le leithreasaí neamhdhifreáilte le haghaidh tionscadal tógála agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí le haghaidh oibleagáidí atá ann cheana féin nó leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí arna dtabhairt anonn, nuair nach gclúdaíonn na línte ábhartha sa bhuiséad don bhliain dar gcionn na riachtanais. |
|
58. |
Baintear in RAB as Airteagal 12(3) an riail lena gceanglaítear leithreasaí íocaíochta na bliana reatha a úsáid roimh na cinn arna dtabhairt anonn. Fágann sé sin gur faoin oifigeach údarúchain a bheadh sé a chinneadh cé na leithreasaí íocaíochtaí a úsáid ar dtús. Ar bhonn na faisnéise a fuarthas ón gCoimisiún, dá mbeadh an fhoráil sin curtha i bhfeidhm do 2014 agus 2015 is méideanna neamhshuntasacha a bheadh i gceist agus ní fheicimid go bhfuil aon ghá leis an athrú atá beartaithe. |
|
59. |
Baineann an príomhathrú is intuigthe in Airteagal 12(2) le leithreasaí neamhdhifreáilte, a bhíonn le haghaidh caiteachas riaracháin den chuid is mó. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais reatha (RAR) ní fhéadfar ach leithreasaí neamhdhifreáilte le haghaidh tionscadail tógála a thabhairt anonn le cinneadh na hinstitiúide, i gcúinsí áirithe. Tá an togra chun a chur ar chumas institiúidí aon leithreasaí neamhdhifreáilte a thabhairt anonn le cinneadh ar bith. Dá gcuirfí i bhfeidhm go forleathan í, bhainfeadh an fhoráil nua sin an bonn go mór de bhliantúlacht an chaiteachais riaracháin. Ní léir ón togra cén tairbhí sonracha a thiocfadh as an athrú sin agus cé mhéad caiteachas is dócha a rachfaí i bhfeidhm air. Ina theannta sin, trí phlé le leithreasaí difreáilte agus leithreasaí neamhdhifreáilte, agus le cás sonrach na bhfoirgneamh, san airteagal céanna, fágtar an téacs níos casta. |
|
60. |
Cruthaíonn na rialacha maidir le tabhairt anonn in Airteagal 12 nós imeachta casta, fada a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le moilleanna sa nós imeachta buiséadach. Breithnímid gur cheart simpliú a bheith déanta in RAB ar an nós imeachta sin trí anailís a dhéanamh, mar shampla, ar cé acu an bhféadfaí nó nach bhféadfaí ceart ginearálta (ach ceart neamhcharnach) chun leithreasaí a thabhairt anonn a thabhairt isteach i gcás línte buiséid nach mbaineann le pearsanra (mar shampla, suas le 5 % den líne buiséid atá i gceist a thabhairt anonn). D'fhéadfadh sé sin a bheith nasctha le laghdú ar bhuiséid riaracháin, chun an tsolúbthacht bhreise arna deonú a chur san áireamh. |
Aistrithe buiséadacha
|
61. |
Leis an athrú atá beartaithe in Airteagal 27, bheadh cumhachtaí cinnteoireachta buiséadaí na n-institiúidí eile ar aon dul le cumhachtaí an Choimisiúin i ndáil le haistrithe idir teidil nó caibidlí buiséid. Leis an leasú ar Airteagal 28, chuirfí ar a chumas don Choimisiún cistí a bhogadh idir línte buiséid gan iarraidh chuig an údarás buiséid, i gcás ina mbaineann na línte leis an gclár céanna nó an scéim chéanna agus ina bhfuil siad clúdaithe faoin mbunghníomh céanna (i.e. sa chás ina bhfuil breis is Ard-Stiúrthóireacht amháin i mbun fheidhmiú na scéime). Breithnímid gur réasúnta iad na hathruithe atá beartaithe. |
Conclúid
|
62. |
Ní dhéanann an Coimisiún cainníochtú i dtaobh impleachtaí buiséadacha an togra uaidh. Ina theannta sin, cé gurb aidhm dó feabhas a chur ar an tsolúbthacht, tugann sé rioscaí isteach freisin i ndáil le bliantúlacht, sonraíocht agus trédhearcacht bhuiséad AE. Ní théitear i ngleic go leordhóthanach leis na rioscaí sin sa togra. Sa tuairisciú reatha ar bhainistíocht bhuiséadach, ní dhéantar cur síos leordhóthanach ar na stoic agus sreafaí i ndáil le cúlchistí, tabhairt anonn ná ioncam sannta, agus níor mhór é a fheabhsú dá bhrí sin. |
|
63. |
Molaimid:
|
Cistí iontaobhais
An togra ón gCoimisiún
|
64. |
Faoin togra, d'fhéadfadh cistí iontaobhais feidhmiú laistigh de AE agus iad á gcistiú trí bhíthin ionstraimí beartais inmheánacha. Bhainfí amach an leathnú sin i dtaobh úsáid cistí iontaobhais tríd an airteagal ina dtagraítear do chistí iontaobhais (Airteagal 227) a aistriú ón teideal a bhaineann go heisiach le gníomhaíochtaí seachtracha go dtí Teideal XII “Ionstraimí cur chun feidhme buiséid eile” a bhfuil feidhm ghinearálta aige. |
Ár n-anailís
|
65. |
I dTuairim Uimh. 6/2010 uainn ardaíodh saincheisteanna riaracháin, costais, iniúchóireachta agus cuntasachta i ndáil le cistí iontaobhais a chruthú le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha. Tá na saincheisteanna sin bailí fós. Níl ann ach trí chiste iontaobhais faoi láthair agus níl siadsan á bhfeidhmiú ach le hachar teoranta ama. Dá bhrí sin, dar linn, tá sé róluath a mheas gur éirigh leo. |
|
66. |
Tá cúram cuí de dhíth lena áirithiú go ndéanfar soláthar leordhóthanach le haghaidh tuairisciú poiblí, maoirseacht agus iniúchadh ar a ngníomhaíochtaí agus ar a bhfeidhmíocht, toisc go bhfeidhmíonn siad lasmuigh den bhuiséad. Cuirimid fáilte roimh na ceanglais tuairiscithe faoi Airteagal 244 agus roimh an gceanglas nua faoi Airteagal 39(6) maidir le faisnéis faoi ghníomhaíochtaí agus feidhmíocht cistí iontaobhais a sholáthar sa nós imeachta i ndáil le glacadh buiséid. Bhainfeadh úsáid fhorleathan cistí iontaobhais an bonn de choincheap aontacht bhuiséad AE, áfach. |
|
67. |
Sonraítear in Airteagal 227 freisin go bhféadfar cistí iontaobhais a chruthú chomh maith le haghaidh gníomhaíochtaí téamacha. Níl sé soiléir cad is brí le gníomhaíochtaí téamacha i gcomhthéacs beartais inmheánacha. |
Conclúid
|
68. |
Ní thacaímid leis an togra leathnú a dhéanamh ar úsáid cistí iontaobhais. |
Ioncam sannta
An togra ón gCoimisiún
|
69. |
I gcomhréir le prionsabal na huilíochta, ní fhéadfar ioncam buiséid a shannadh d'ítimí sonracha caiteachais, agus ní fhéadfar ioncam agus caiteachas a fhritháireamh i gcoinne a chéile. Mar thoradh air sin, úsáidtear an t-ioncam gan idirdhealú chun an caiteachas go léir a mhaoiniú. |
|
70. |
Mar eisceacht, ceadaítear faoi RAR cineálacha áirithe ioncaim a shannadh. Eascraíonn leithreasaí nua faoi chomhair íocaíochtaí sa líne buiséid céanna astu sin (35) agus, go ginearálta, ní fhéadfar iad a thabhairt ar aghaidh ach ar feadh bliain amháin (36). Déantar idirdhealú in RAR idir “ioncam sannta seachtrach” (ó Bhallstáit, ó thríú tíortha, etc.) agus “ioncam sannta inmheánach” ag éirí as, mar shampla, fáltais ó dhíol feithiclí, trealaimh, eisíocaíochtaí árachais, aisíocaíochtaí ar ionstraimí airgeadais. |
|
71. |
In RAB féachann an Coimisiún le cur leis an úsáid a bhaintear as athshreafaí den sórt sin agus a cheadú go n-úsáidfear iad chun leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí a chruthú i línte buiséid éagsúla (Airteagal 30). |
|
72. |
Tá fáltais ó dhíol foirgneamh san áireamh freisin faoi ioncam sannta inmheánach (Airteagal 20) agus tá an t-ioncam sin le tabhairt anonn go huathoibríoch go dtí go mbeidh sé ar fad úsáidte (Airteagal 12(3)). |
|
73. |
Tá ioncam agus aisíocaíochtaí ag éirí as oibríochtaí airgeadais san áireamh freisin faoi ioncam sannta inmheánach agus tá sé beartaithe ag an gCoimisiún go n-úsáidfear an t-ioncam sin le haghaidh na hionstraime airgeadais céanna nó na ráthaíochta buiséadaí céanna le linn tréimhse iomlán a fheidhmithe, agus ag deireadh na tréimhse sin go dtabharfar aon mhéid gan íoc a tháinig as buiséad AE ar ais don bhuiséad (Airteagal 202). |
Ár n-anailís
|
74. |
Tá ioncam sannta ina eisceacht ó phrionsabal na huilíochta. Mar a chinneamar in 2010 (37), tá ról úsáideach ag ioncam sannta seachtrach, ach ní gá catagóir a choinneáil ar bun i dtaobh ioncam sannta inmheánach. D'fhéadfaí déileáil le fáltais a ghintear go hinmheánach tríd an ngnáthphróiseas buiséadach. Foráiltear leis an togra reatha le haghaidh eisceachtaí i bhfad níos leithne ón uilíocht, trí cheadú go n-úsáidfí ioncam sannta inmheánach chun críocha eile seachas iad siúd arna sannadh ar dtús. |
|
75. |
Bheadh sé ina shimpliú suntasach dá gcuirfí deireadh le hioncam sannta inmheánach agus dá bhrí sin go gcaithfí le gach athshreabhadh den sórt sin mar ioncam ginearálta. Chinnfeadh an t-údarás buiséadach úsáid acmhainní dá leithéid ansin i gcomhréir leis na tosaíochtaí reatha. |
Conclúid
|
76. |
Molaimid nár cheart leathnú ar bith a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as ioncam sannta inmheánach agus gur mar ioncam ginearálta a choinneofaí cuntas ar an ioncam go léir a ghintear go hinmheánach. |
Íocaíocht ar bhonn coinníollacha comhlíonta nó torthaí bainte amach
An togra ón gCoimisiún
|
77. |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún in Airteagal 121(1)(e) foirm nua maoinithe a thabhairt isteach ar bhonn coinníollacha comhlíonta nó torthaí bainte amach gan a cheangal go soláthrófar ráitis chostais, i gcás cláir faoi chur chun feidhme díreach, indíreach agus comhroinnte chomh maith le haisíoc costas agus na roghanna costais simplithe atá ar fáil cheana féin. |
|
78. |
Is é baint amach na n-aschur nithiúil a bheidh ina choinníoll réamhshocraithe a chuirfidh faoi deara go n-íocfar na foirmeacha simplithe deontas arna ndeonú faoi chur chun feidhme díreach (Airteagal 175(4)(f)) agus indíreach (Airteagal 150(3)), ach amháin i ndáil le cásanna nach n-oireann do chur chuige den sórt sin, a mbeidh réasúnú ag teastáil ina leith. Ní mór rialuithe agus seiceálacha ar thairbhithe a bhaineann le foirmeacha simplithe deontais a bheith dírithe ar aschur (Airteagal 177) agus ní fhéadfaidh na seiceálacha ex-post cur i gcoinne na híocaíochta a thuilleadh sa chás ina ndearna an t-oifigeach údarúcháin measúnú ex-ante ar chomhlíonadh agus ar cheadaigh sé nó sí dul i muinín na ngnáthchleachtas cuntasaíochta costála sa chinneadh uaidh nó uaithi (Airteagal 179). |
|
79. |
Déanann an Coimisiún cur síos in Airteagal 176 ar aon chnapshuim amháin mar rogha nua chun maoiniú a dhéanamh ar fhoirmeacha simplithe deontas faoi chur chun feidhme díreach agus indíreach bunaithe ar bhuiséad measta lena gclúdaítear na costais incháilithe go léir arna measúnú ex-ante i ndáil le comhlíonadh phrionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta. |
|
80. |
Faoi Airteagal 219(1)(e) nua atá á tabhairt isteach, clúdaítear ranníocaíochtaí do pháirtithe polaitiúla Eorpacha i dtaobh na féidearthachta úsáid a bhaint as cineálacha maoinithe nach bhfuil ceangailte le costais na n-oibríochtaí ábhartha ar bhonn comhlíonadh coinníollacha áirithe ex ante nó baint amach torthaí. |
Ár n-anailís
|
81. |
Léiríodh i dtorthaí iniúchta uainn (38) go dtéann leibhéil i bhfad níos airde botún i bhfeidhm ar chaiteachas ar aisíocaíochtaí, i gcás ina n-aisíocann AE costais incháilithe i leith gníomhaíochtaí incháilithe, ná mar atá amhlaidh i gcás caitheamh ar bhonn teidlíochta, ina ndéantar íocaíocht ar bhonn coinníollacha áirithe a chomhlíonadh. |
|
82. |
Dá bhrí sin, is dearfach an rud é an rogha réamhshocraithe i ndáil le tionscadail a mhaoiniú trí dheontais arna soláthar ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad coinníollacha nó go mbainfidh siad amach torthaí arna leagan síos roimh ré, trína mbristear an ceangal leis na costais arna dtabhú ag na tairbhithe. |
|
83. |
Tugaimid tacaíocht don chur chuige sin i gcomhréir le mír 78 thuas agus measaimid gur cheart Airteagal 121 a leasú chun léiriú a dhéanamh ar an tosaíocht a thugtar do ranníocaíochtaí ar bhonn torthaí. |
Conclúid
|
84. |
Ag cur san áireamh ár gcuid barúlacha thuas, molaimid go mbeidh íocaíochtaí ar bhonn coinníollacha comhlíonta nó torthaí bainte amach ina rogha tosaíochta ar fud bhuiséad AE. |
Creat feidhmíochta
An togra ón gCoimisiún
|
85. |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún i measc nithe eile na hathruithe seo a leanas a dhéanamh ar na hairteagail maidir le bainistíocht fhónta airgeadais:
|
Ár n-anailís
|
86. |
Tugtar isteach leis an togra coincheap na feidhmíochta ach ní dhéantar sainiú air agus fágtar go bhfuil débhríocht i gceist i ndáil le cibé ar cheart nó nár cheart a mheas gurb ionann é agus bainistíocht fhónta airgeadais. |
|
87. |
Níl an téarmaíocht a úsáidtear i ndáil le meastóireacht ailínithe go hiomlán le Comhaontú Idirinstitiúideach 2016 maidir le Reachtóireacht níos Fearr ná leis na Treoirlínte um Rialáil Níos Fearr. |
|
88. |
Tugtar isteach in Airteagal 32 tuilleadh solúbthachta maidir le meastóireachtaí a dhéanamh, rud a thugann an deis don Choimisiún roghanna níos fearr a dhéanamh maidir le raon feidhme agus amchlár na meastóireachtaí. Ar bhealaí áirithe, áfach, ní chuidíonn sé sin leis an sprioc a fógraíodh i ndáil le buiséad a bhaint amach atá dírithe ar thorthaí:
|
Conclúid
|
89. |
Molaimid:
|
Cuíchóiriú an tuairiscithe
An togra ón gCoimisiún
|
90. |
Bíonn ráitis chláir ag gabháil leis an dréachtbhuiséad agus bíonn faisnéis feidhmíochta iontu chun bonn údair a thabhairt leis an gcaiteachas oibríochtúil. In Airteagal 39(3)(h), cuirtear i láthair nuashonruithe foirmiúla (ina gcuirtear ráitis “chláir” in ionad ráitis “ghníomhaíochta”) mar aon le hathruithe ar ábhar na ráiteas cláir: ba cheart faisnéis a sholáthar iontu maidir leis an gcion a dhéanann cláir ar mhaith le beartais agus cuspóirí an Aontais chomh maith le tuairisc ar chomhlíonadh chuspóirí an chláir. Scriostar an ceanglas i dtaobh achoimre ar thorthaí meastóireachta a chur san áireamh. |
|
91. |
Sa togra ón gCoimisiún i dtaobh Airteagal 73(9) a mhodhnú, cloítear leis an gcur chuige atá tosaithe aige cheana féin trí phleananna straitéiseacha a thabhairt isteach i gcomhair gach Ard-Stiúrthóireachta agus nuashonrú a dhéanamh ar ról na tuarascála bliantúla ar ghníomhaíochtaí (40) ionas go n-áireofaí inti faisnéis ar na hoibríochtaí arna gcur i gcrích. |
|
92. |
In Airteagal 239(1)(b) tugtar isteach an Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta in RAB mar chuid den “Tuairisciú airgeadais agus cuntasachta comhtháite” chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Is éard a bheidh sa Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta:
|
Ár n-anailís
|
93. |
I bprionsabal ní gá an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a chumhdach in RA. Is doiciméad inmheánach atá i gceist leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí go bunúsach, agus dá réir sin is féidir í a tháirgeadh agus a leasú mar is mian leis an gCoimisiún, i gcomhréir le prionsabal an neamhspleáchais riaracháin. Níl sé inmhianaithe go gcuirfeadh táirgeadh an doiciméid sin moill ar tháirgeadh tuairiscí ar fud an Choimisiúin. |
|
94. |
In RAB, baintear as Airteagal 73 (9) an oibleagáid tuairisciú a dhéanamh i dtaobh “torthaí na n-oibriúchán faoi threoir na gcuspóirí a leagadh amach” agus “faisnéis maidir le feidhmíocht fhoriomlán na n-oibríochtaí sin” sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 66(9) de RAR. Ina ionad sin, déantar tagairt ann do “faisnéis ar na hoibríochtaí a rinneadh”, nach bhfuil chomh sonrach céanna agus ar féidir a thuiscint uaidh go gceadaítear tuairisciú níos teoranta ar fheidhmíocht i dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí. |
|
95. |
In ainneoin go ndéantar athbhreithniú ann ar ról na tuarascála bliantúla ar ghníomhaíochtaí agus go ndearbhaítear ann “go ndéantar an mhaoirseacht (ar obair a chuid seirbhísí) […] trí thuairisciú soiléir ó na hoifigigh údarúcháin chuig an gCoimisiún trí na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí agus tríd an dearbhú ráthaíochta ó na hoifigigh údarúcháin” (41), ní dhéantar leathnú faoi Airteagal 73(1) den Rialachán Airgeadais athbhreithnithe ar an bhfreagracht atá ar na hoifigigh údarúcháin iontaofacht, iomláine agus cruinneas na faisnéise a thuairiscítear ar fheidhmíocht a chlúdach. |
|
96. |
San fhoirm atá beartaithe, níl na ceanglais i dtaobh faisnéis feidhmíochta a chur san áireamh sna ráitis chláir sách sonrach, ar na cúiseanna seo a leanas:
|
|
97. |
Ach an “Pacáiste tuairiscithe airgeadais comhtháite” a fhoilsiú faoin 31 Iúil an bhliain dar gcionn (Airteagal 239), cuirfidh an Coimisiún moill ar fhoilsiú na ndoiciméad seo a leanas:
Measann an Chúirt nach iomchuí iad na tograí maidir le tuairisciú. Bheadh na mílte leathanach i gceist le “Pacáiste tuairiscithe airgeadais comhtháite”, agus bheadh dúbailt nach beag i gceist ann. |
Conclúid
|
98. |
Molaimid go gceanglófaí in RA:
|
|
99. |
Dá ndéanfaí na hathruithe sin, pacáiste tuairiscithe iomlán a bheadh iontu, agus d'áireofaí leo an fhaisnéis ó na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí a mbaineann tábhacht léi do pháirtithe leasmhara seachtracha. Ar an gcaoi sin, dhéanfaí simpliú nach beag ar an tuairisciú. |
Socruithe iniúchóireachta
Brath ar fhoinsí eile le haghaidh iniúchadh
An togra ón gCoimisiún
|
100. |
Tá sé beartaithe in Airteagal 123 go mbraithfeadh an Coimisiún ar iniúchtaí roimhe sin sa chásanna seo a leanas:
|
Ár n-anailís
|
101. |
Is é príomhargóint an Choimisiúin i ndail leis an athrú sin a thabhairt isteach ná a sheachaint go ndéanfaí breis is iniúchadh amháin ar na heintitis a fhaigheann ranníocaíochtaí AE, go háirithe eagraíochtaí idirnáisiúnta a ndéanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha iniúchóireacht orthu. Aontaímid gur cheart don Choimisiún simpliú a dhéanamh ar a chaidreamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta trí bhrath ar na socruithe iniúchóireachta atá acu cheana nuair is féidir. Sheachnófaí ar an gcaoi sin go ndéanfaí breis is iniúchadh amháin ar na tionscadail chéanna agus d'fhágfadh sé go bhféadfaí úsáid ní ba leordhóthanaí a bhaint as acmhainní airgeadais agus acmhainní daonna. |
|
102. |
Ba cheart tosaíocht a thabhairt do chaidreamh ar bhonn feidhmíochta a chothú leis na heagraíochtaí agus na comhaontuithe idirnáisiúnta lena gceanglaítear ranníocaíocht airgeadais an Choimisiúin le comhlíonadh gníomhaíochta críochnaithe. Tacaímid leis an gcuspóir i dtaobh na fíoruithe a shimpliú a mhéid is féidir agus an Coimisiún a bheith ag baint úsáid as sásraí rialaithe inmheánaigh an chomhlachta eile. Chuige sin, d'fhéadfadh sé gur ghá coinníollacha incháilitheachta an Choimisiúin a ailíniú le coinníollacha ginearálta na heagraíochta idirnáisiúnta a bheadh i gceist. |
|
103. |
Breithnímid nach bhfuil forálacha Airteagal 123 soiléir go leor. D'fhéadfaí an tuiscint a bhaint as gurb amhlaidh, sa chás ina gcomhlíonfaí na ceithre cheanglas, go mbeadh sé éigeantach brath ar fhoinsí eile le haghaidh iniúchadh (“is ar an iniúchadh sin a bheidh an chinnteacht fhoriomlán bunaithe”) agus nach ann don fhéidearthacht iniúchadh breise a dhéanamh ar an tionscadal, neamhspleách ar thoradh an chéad iniúchta. |
|
104. |
Tugaimid chun suntais, áfach, nach n-áirithítear san airteagal go mbeidh rochtain ar pháipéir oibre na n-iniúchóirí ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar a mhéid ar comhlíonadh na ceanglais, agus ar cibé ar leor nó nár leor an obair iniúchóireachta chun na gnéithe uile a chumhdaítear de ghnáth a chumhdach. |
Conclúid
|
105. |
Molaimid:
|
Rialacha agus nósanna imeachta maidir le hiniúchóireacht
An togra ón gCoimisiún
|
106. |
In abairt nua atá tugtha isteach ag deireadh Airteagal 247(1) sonraítear go gcuirfear “san áireamh gur ar bhonn ilbhliantúil a dhéanfar na cláir, chomh maith leis na córais mhaoirseachta agus rialaithe lena mbaineann” sa scrúdú a dhéanfaidh an Chúirt Iniúchóirí féachaint an bhfuarthas an t-ioncam uile agus ar tabhaíodh an caiteachas uile ar mhodh dleathach rialta. |
Ár n-anailís
|
107. |
Gnéithe is ea an cur chuige iniúchóireachta agus an fhianaise iniúchóireachta a úsáidtear chun leibhéal réasúnta dearbhaithe a bhaint amach a chinnfidh an t-iniúchóir neamhspleách. Pléann an moladh a rinne an Coimisiún leis an modheolaíocht iniúchóireachta atá againn, arb í freagracht na Cúirte amháin í, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta i dtaobh na hiniúchóireachta. Faoi láthair tá an Coimisiún ag tuairisciú faisnéis maidir le ceartuithe agus gnóthuithe airgeadais i gcúig thuarascál éagsúla: an tuarascáil ar na gníomhaíochtaí coisctheacha agus ceartaitheacha a chlúdaíonn buiséad AE, an Plé agus Anailís ar na Ráitis Airgeadais, na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí, na nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais agus an Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta, a chuirtear ar fáil ar dhátaí éagsúla (42). |
Conclúid
|
108. |
Ní mór dúinne, sa ról atá againn mar iniúchóir seachtrach neamhspleách, measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cineál ilbhliantúil na gclár agus na gcóras faireacháin agus rialaithe a bhaineann leo ar ár n-iniúchadh, agus níor cheart iad a áireamh sa Rialachán Airgeadais. Molaimid a cheangal ar an gCoimisiún gach faisnéis a bhaineann le gnóthuithe agus ceartúcháin a chomhdhlúthú in aon doiciméad amháin a chuirfear faoinár mbráid in éineacht leis na cuntais shealadacha (Airteagal 237). |
POINTÍ EILE A BREITHNÍODH
Cuntais bhliantúla
An togra ón gCoimisiún
|
109. |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athrú a dhéanamh ar Airteagal 234, ina saineofaí feasta na cuntais bhliantúla amhail a bheith comhdhéanta de na ráitis airgeadais, na cuntais bhuiséid agus na cuntais bhliantúla chomhdhlúite. Tugann sé isteach freisin tagairt do phrionsabal na hábharthachta i ndáil leis an bpróiseas comhdhlúite. |
Ár n-anailís
|
110. |
Measaimid nach bhfuil an struchtúr nua soiléir. |
|
111. |
Mar a luadh cheana sna tuarascálacha bliantúla uainn (43), chuideodh réamhaisnéis um shreabhadh airgid fadtéarmach le páirtithe leasmhara measúnú a dhéanamh ar riachtanais íocaíochta agus tosaíochtaí buiséadacha amach anseo. Ina theannta sin, chabhródh sé leis an gCoimisiún na cinntí is gá a ghlacadh chun a áirithiú gur féidir íocaíochtaí riachtanacha a dhéanamh as buiséid bhliantúla cheadaithe. Thairis sin, d'fhéadfaí ráiteas comhdhlúite sonrach do ghníomhaireachtaí a thabhairt isteach, ar mhaithe leis an trédhearcacht a fheabhsú agus iarracht na hiniúchóireachta a chuíchóiriú. Lena chois sin, d'fhéadfaí comhghnóthais agus cistí iontaobhais a chlúdach i ráitis shonracha dá samhail. |
Conclúid
|
112. |
Molaimid:
|
Urraíocht chorparáideach
An togra ón gCoimisiún
|
113. |
Tá tugtha isteach ag an gCoimisiún faoin gcaibidil ar phrionsabal buiséadach na huilíochta Airteagal 24 nua ina ndéantar foráil maidir le cineál nua comhaontaithe is féidir a dhéanamh idir eintiteas dleathach agus na hinstitiúidí, a bheadh ina chomhaontú faoina dtabharfadh duine dleathach tacaíocht chomhchineáil d'imeacht nó gníomhaíocht ar mhaithe le cuspóirí cur chun cinn nó cuspóirí freagrachta sóisialta corparáidí. |
Ár n-anailís
|
114. |
Breithnímid gur cheart an creat dlíthiúil lena rialaítear urraíocht chorparáideach a threisiú agus tuilleadh cosaintí a bheith ar fáil faoi. Ní leor treoirlínte eiticiúla i ndáil leis sin. D'fhéadfaí a áireamh le cosaintí féideartha:
|
|
115. |
Ba chóir foráil a dhéanamh freisin nach bhféadfaidh an comhaontú urraíochta aon drochthionchar airgeadais a bheith aige, anois nó amach anseo, ar an institiúid ná na comhlachtaí a fhaigheann urraíocht. Cé nach ndéanfaí ranníocaíochtaí comhchineáil den sórt sin a mheas mar ioncam chun críocha buiséadacha, ba cheart don Choimisiún an méid seo a leanas a chur san áireamh:
|
Conclúid
|
116. |
Breithnímid nach dócha gur sásra éifeachtach ó thaobh costais í an urraíocht chorparáideach agus ní thacaímid leis an méid atá beartaithe. |
Comhaontuithe seirbhíse
An togra ón gCoimisiún
|
117. |
Tugtar isteach in Airteagal 57 an bunús dlí i gcomhair comhaontuithe seirbhíse idir institiúidí nó comhlachtaí eile AE, agus sonraítear go gcumasóidh siad gnóthú costas a thabhaítear mar thoradh ar a gcur chun feidhme. |
Ár n-anailís
|
118. |
Baineann comhaontuithe seirbhíse le feidhmiú inmheánach institiúidí agus comhlachtaí AE. Dá bhrí sin, táthar in amhras gur cheart iad a áireamh sa Rialachán Airgeadais. D'fhéadfaí a bheartú iad a bhreithniú ar leithligh agus treoir bhreise a sholáthar maidir le sonraí teicniúla a gcur chun feidhme. Ina theannta sin, measaimid gur cheart gurb é an príomhchuspóir ina dtaobh bainistíocht fhónta airgeadais a chur chun cinn trí bharainneacht scála a ghiniúint, agus ní díreach trí ghnóthú costas a chumasú. |
Conclúid
|
119. |
Molaimid glacadh leis an togra ón gCoimisiún, agus ár mbarúlacha thuas san áireamh. |
Rialacha soláthair phoiblí
An togra ón gCoimisiún
|
120. |
Ní bhaintear amach in RAB na cuspóirí fógartha i dtaobh soiléiriú agus simpliú. Níl na príomhfhorálacha comhdhlúite i dTeideal VII “Soláthar Poiblí agus Lamháltais” ach is amhlaidh go bhfuil siad scaipthe idir teidil éagsúla, laistigh de Chuid a hAon den togra agus in Iarscríbhinn I. Pléitear le hábhair áirithe in áiteanna éagsúla sa téacs gan aon chrostagairt dá chéile. |
|
121. |
Fágann an deighilt idir RAB agus Iarscríbhinn I gur casta fós é cur i láthair na rialacha soláthair phoiblí. |
Ár n-anailís
|
122. |
Sa Tuarascáil Speisialta Uimh. 17/2016 uainn thugamar ar aird go bhfágann deighilt na rialacha soláthair phoiblí idir RA agus na rialacha reatha maidir le cur chun feidhme, mar is amhlaidh faoi láthair, gur deacra fós é rialacha a thuiscint atá casta cheana féin. Mar a thugamar ar aird i dTuairim Uimh. 1/2015 (45), de bhun Airteagal 290 CFAE, ní fhéadfaidh ach eilimintí neamhriachtanacha de na rialacha airgeadais a bheith ina n-ábhar do ghníomh tarmligthe. Dá bhrí sin ba cheart téarmaí agus coincheapa tábhachtacha áirithe in Iarscríbhinn I (gníomh tarmligthe) a thabhairt isteach in RA. Breithnímid freisin go bhfuil na rialacha a éiríonn as ailíniú leis na Treoracha Soláthair Phoiblí ina n-eilimintí riachtanacha de na rialacha airgeadais. (46) |
Conclúid
|
123. |
Déanaimid athdhearbhú ar na moltaí ón Tuarascáil Speisialta Uimh. 17/2016 uainn, go háirithe moladh 2, ina n-iarrtar:
|
Cumasc a dhéanamh idir an Painéal um “Mírialtachtaí Airgeadais” agus an Painéal um “Chóras Luathbhraite agus Luatheisiaimh”
An togra ón gCoimisiún
|
124. |
Is aidhm don togra cumasc a dhéanamh idir an painéal a bhíonn ag plé leis an gcóras luathbhraite agus luatheisiaimh (Airteagal 108 RAR) agus an painéal a bhíonn ag plé le mírialtachtaí airgeadais (Airteagal 73(6) RAR), i.e. aon sárú ar fhoráil de chuid RA nó ar fhoráil a bhaineann le bainistíocht airgeadais nó seiceáil oibríochtaí de dheasca gníomh nó neamhghníomh de chuid duine den fhoireann. Mínítear sa togra go bhfuil sé sin á dhéanamh chun an éifeachtacht a fheabhsú. |
Ár n-anailís
|
125. |
Cé go bhfuil údar maith ann go mbeadh cur chuige coiteann ann i measc institiúidí AE i leith an chórais fionraíochta agus toirmisc mar aon le measúnú a dhéanamh ar mhírialtachtaí airgeadais, ní fheicimid go bhfuil aon chúis ann an dá phainéal, a bhfuil cuspóirí éagsúla acu, a chumasc. |
|
126. |
Molaimid painéal comhpháirteach sonrach ar leithligh a bhunú, dá bhforáiltear cheana in Airteagal 73(6) RAR. Ós rud é go bhfuil ceangal idir ábhar na mírialtachtaí airgeadais agus cumhachtaí araíonachta na hinstitiúide, agus dá bhrí sin go bhfuil ceangal dílis idir é agus neamhspleáchais riaracháin na hinstitiúide, ba cheart gné idirinstitiúideach an phainéil a neartú, trína chomhdhéanamh. |
|
127. |
Tugaimid ar aird gurb amhlaidh, dá mba rud é go ndéanfaí an dá phainéal a chumasc, nach mbeadh an sreabhadh oibre atá beartaithe in Airteagal 90 RAB ag cloí leis na forálacha maidir le himeachtaí araíonachta mar atá leagtha síos in Iarscríbhinn IX de na Rialacháin Foirne. Ní féidir aon imeachtaí araíonachta a thionscnamh ach amháin sa chás ina bhfuil tuarascáil OLAF dréachtaithe nó ina bhfuil fiosrúchán riaracháin curtha i gcrích. Sa sreabhadh oibre atá beartaithe, áfach, cinnfidh an institiúid cé acu imeachtaí a thionscnamh i gcomhair beart araíonachta, nó gan iad a thionscnamh, ar bhonn thuairim an phainéil. Leis an gcóras sin, rachfar i gcomhairle leis an mBord Araíonachta i ngach cás mírialtachtaí, ach i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 12 d'Iarscríbhinn IX, ag brath ar chineál an smachtbhanna, féadfaidh an t-údarás ceapacháin a chinneadh cé acu an rachaidh sé i gcomhairle leis an mBord Araíonachta nó nach rachaidh. |
Conclúid
|
128. |
Ní thacaímid leis an togra i ndáil leis na painéil a chumasc. |
Cóir dhifreáilte a dhéanamh ar infheisteoirí
An togra ón gCoimisiún
|
129. |
In airteagal 43a nua de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (Airteagal 265 den togra), tugtar isteach an coincheap i dtaobh cóir dhifreáilte a dhéanamh ar infheisteoirí. Faoin airteagal sin, ceadaítear, faoi choinníollacha sonracha, gur féidir le cistí CSI fo-sheasamh a ghlacadh i leith infheisteoir príobháideach agus táirgí airgeadais BEI faoin Ráthaíocht AE de chuid CEIS (47). |
Ár n-anailís
|
130. |
Is féidir a thuiscint as sin go soláthraítear spreagadh d'infheisteoirí príobháideacha agus BEI, trína cheadú go n-iompródh cistí SIE caillteanas ar bith sula ndéanfar difear do na hinfheisteoirí príobháideacha agus BEI. |
Conclúid
|
131. |
Breithnímid gur cheart go n-áireofaí sa togra sainmhíniú soiléir ar an gcóir dhifreáilte, agus gur cheart a áirithiú ann go mbainfear cothromaíocht amach idir infheistíocht a spreagadh agus an baol go ndéanfaí infheisteoirí a róchúiteamh. |
Athrú na tréimhse incháilitheachta i gcomhair ionstraimí airgeadais faoi bhainistíocht chomhroinnte
|
132. |
In Aibreán 2015 chinn an Coimisiún síneadh a chur leis an tréimhse incháilitheachta i leith íocaíochtaí le haghaidh ionstraimí airgeadais faoi bhainistíocht chomhroinnte trí chinneadh ón gCoimisiún in ionad iarraidh ar an bParlaimint agus ar an gComhairle an rialachán ábhartha a leasú (48). |
|
133. |
Ní thugtar aghaidh sna leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a thugtar isteach sa togra reatha ar cheist an athraithe ar an tréimhse incháilitheachta. |
Rialacha maidir le gnóthú
An togra ón gCoimisiún
|
134. |
Faoi fhorálacha reatha Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, más rud é nach dtarlaíonn gnóthú íocaíochtaí neamhdhlite laistigh de spriocdhátaí sonracha, dhéanfaí na suimeanna sin a roinnt go cothrom idir buiséad an Aontais agus an Ballstát lena mbaineann (“an riail 50/50” mar a thugtar uirthi). San athrú ar Airteagal 54, mír 2 (Airteagal 268 de COM(2016) 605), athdhearbhaíonn an Coimisiún an togra dá chuid (49) gur cheart gurb é an Ballstát lena mbaineann a d'iompródh iarmhairtí airgeadais an neamhghnóthaithe ina n-iomláine. |
Ár n-anailís
|
135. |
Mar a luadh i dTuairim Uimh. 1/2012 (50) uainn, tá an baol ag gabháil leis an athrú sin go mbainisteodh na Ballstáit an próiseas tuairiscithe agus díscríofa ionas go seachnófaí muirir airgeadais ar an mbuiséad náisiúnta. |
Conclúid
|
136. |
D'fhonn an t-ualach riaracháin a íoslaghdú d'fhéadfadh an Coimisiún tairseach “de minimis” a shainiú ionas nár ghá beart leantach a dhéanamh maidir le fiacha beaga iomadúla. |
Stádas “an fheirmeora ghníomhaigh”
An togra ón gCoimisiún
|
137. |
Leis na hathruithe ar Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 (Airteagal 269 de COM(2016) 605) ceadaítear do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
Ár n-anailís
|
138. |
I dTuairim Uimh. 1/2012 uainn, thugamar ar aird go bhfuil an baol ann leis na bearta atá beartaithe ag an gCoimisiún i dtaobh stádas “feirmeora ghníomhaigh” a chinneadh go gcuirfí ualach róthrom riaracháin ar údaráis bhainistíochta agus ar fheirmeoirí. Tugann an laghdú ar na critéir lena léirítear stádas “feirmeora ghníomhaigh” freagra, go pointe áirithe, ar ár n-ábhar imní. Níl an togra lena cheadú do na Ballstáit gan cur i bhfeidhm a dhéanamh ar na forálacha lena gceanglaítear ar na tairbhithe a bheith ina “bhfeirmeoirí gníomhacha” ag teacht leis an moladh uainn i dTuarascáil Speisialta Uimh. 5/2011 (51), áfach. |
Conclúid
|
139. |
Breithnímid gur réasúnach é an moladh i ndáil le simpliú a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcritéar chun stádas “feirmeora ghníomhaigh” a léiriú, ach ní thacaímid le stop iomlán a chur le feidhmiú na bhforálacha lena gceanglaítear ar na tairbhithe a bheith ina “bhfeirmeoirí gníomhacha”. |
Íocaíocht d'fheirmeoirí óga
An togra ón gCoimisiún
|
140. |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a bhaint as Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 (Airteagal 269 de COM(2016) 605) an teorainn 90 heicteár nó teidlíochtaí íocaíochta i leith íocaíochtaí d'fheirmeoirí óga. Ba cheart gurb iad na Ballstáit a shocródh na huasteorainneacha sonracha ó thaobh heicteár agus teidlíochtaí íocaíochta agus gurb iadsan a chuirfeadh i bhfeidhm iad sa chás nach bhfágann na cistí atá ar fáil gur féidir gach iarratas ar chabhair a shásamh, agus sa chás sin amháin. |
Ár n-anailís
|
141. |
Tá sé i gceist le híocaíochtaí den sórt sin éascú d'fheirmeoirí óga iad féin a bhunú agus don choigeartú struchtúrach ar a ngabháltas tar éis a mbunaithe. Breithnímid go ginearálta nach bhfuil gabháltas feirme ina bhfuil níos mó ná 90 heicteár i bpróiseas bunaithe ná i bpróiseas coigeartaithe struchtúraigh a thuilleadh. Ba cheart gabháltais feirme den sórt sin a bheith inmharthana go leor i dtaobh airgid chun costas aon choigeartaithe struchtúraigh eile a iompar. |
Conclúid
|
142. |
Molaimid coinneáil le huasteorainn heicteár nó teidlíochtaí íocaíochta. |
Sainmhínithe
An togra ón gCoimisiún
|
143. |
In RAB tugann an Coimisiún isteach roinnt sainmhínithe nua agus athraíonn sé roinnt sainmhínithe atá ann cheana. |
Ár n-anailís
|
144. |
Tá cuid de na sainmhínithe sin neamhiomlán nó ar neamhréir le doiciméid eile de chuid an Choimisiúin nó leis an dea-chleachtas atá inghlactha go ginearálta. |
|
145. |
Mar shampla, ní dhealraíonn sé go léirítear sa sainmhíniú ar an “ráthaíocht bhuiséadach” (Airteagal 2(9)) gurb amhlaidh go seasfaidh oibleagáid airgeadais fhéideartha go dtí aibíocht an chomhaontaithe deiridh a shíneofar le faighteoir deiridh ráthaíocht an Aontais. |
|
146. |
Mar a luadh cheana i dTuarascáil Speisialta Uimh. 19/2016 (52) uainn, níl an sainmhíniú ar an “éifeacht ghiarála” soiléir agus ní leantar leis na treoirlínte atá inghlactha go hidirnáisiúnta. Níl soiléiriú déanta air in RAB Airteagal 2(33). Lena chois sin, tugtar isteach sainmhíniú nua ar an “éifeacht iolraitheora” atá gar den sainmhíniú ar ghiaráil. (In Airteagal 202(d), baintear leas as an dá théarma mar mhalairt ar a chéile, rud a thógann arís eile ó shoiléire an choincheapa.) |
|
147. |
In RA agus sna rialacháin earnála araon, moltar sraith beart atá dírithe ar chur leis an bhfócas ar thorthaí agus ar aschuir. I dtorthaí iniúchóireachta le déanaí (53), áfach, díríodh aird air go bhfuil difríochtaí suntasacha in úsáid na dtéarmaí sin idir gníomhaíochtaí an Choimisiúin. |
Conclúid
|
148. |
Molaimid:
|
Ghlac an Chúirt Iniúchóirí i Lucsamburg an Tuairim seo ag a cruinniú an 26 Eanáir 2017.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí
Klaus-Heiner LEHNE
An tUachtarán
(1) IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.
(2) IO L 347, 20.12.2013, lch. 238.
(3) IO L 347, 20.12.2013, lch. 289.
(4) IO L 347, 20.12.2013, lch. 320.
(5) IO L 347, 20.12.2013, lch. 470.
(6) IO L 347, 20.12.2013, lch. 487.
(7) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.
(8) IO L 347, 20.12.2013, lch. 608.
(9) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(10) IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(11) IO L 348, 20.12.2013, lch. 129.
(12) IO L 72, 12.3.2014, lch. 1.
(13) IO L 86, 21.3.2014, lch. 14.
(14) IO L 189, 27.6.2014, lch. 1.
(15) IO L 158, 27.5.2014, lch. 227.
(16) COM(2016) 605 final.
(17) Meabhrán míniúcháin — lch. 2.
(18) Thugamar barúlacha den chineál céanna ar, mar shampla, an athbhreithniú meántéarmach ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, ar rialachán (AE) 2015/1017 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), agus ar thogra COM(2016) 597 maidir le rialachán CEIS a leasú.
(19) Tá an chuid seo bunaithe ar na barúlacha agus na moltaí ón Tuarascáil Speisialta Uimh. 27/2016 uainn, “Rialachas ag an gCoimisiún Eorpach — an dea-chleachtas?”.
(20) Féach freisin Airteagal 1 de Threoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh faisnéise neamhairgeadais agus faisnéise éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lch. 1).
(21) Áirítear le samplaí den dea-chleachtas: an Ríocht Aontaithe, cuntais bhliantúla na Roinne um Obair agus Pinsin; Éire, cuntais bhliantúla na Roinne Coimirce Sóisialaí.
(22) Féach moladh 2(f) de Thuarascáil Speisialta Uimh 27/2016. Ghlac an Coimisiún leis an moladh sin.
(23) CIPFA, IFAC “International Framework: Good Governance in the Public Sector”, 2014, lgh. 29-30. Tá coistí iniúchóireachta ag an gCoimisiún, ag an gCúirt Iniúchóirí, ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ag Coiste na Réigiún, agus comhdhéanamh éagsúil acu, mar aon le róil éagsúla.
(24) Tá an Coimisiún ag iarraidh comhalta neamhspleách amháin eile a chur leis faoi láthair.
(25) Tuarascáil Speisialta Uimh 27/2016, mír 65.
(26) Foráiltear in Airteagal 125 den Rialachán Airgeadais reatha (RAR) mar seo a leanas: “Ní fhéadfaidh sé a bheith de chuspóir ná d'éifeacht ag deontais brabús a dhéanamh” (prionsabal neamhbhrabúis) agus “I gcás ina ndéantar brabús, beidh an Coimisiún i dteideal céatadán an bhrabúis a chomhfhreagraíonn le ranníocaíocht an Aontais […] a ghnóthú”.
(27) Meabhrán míniúcháin — lch. 6.
(28) Eintitis a bhféadfaidh an Coimisiún caidreamh níos iontaofa a chothú leo ar bhonn measúnú ex-ante nó ar bhonn an cheanglais nósanna imeachta sonracha a úsáid.
(29) Féach freisin Moladh 1 de Thuarascáil Speisialta Uimh 19/2016 — Buiséad an Aontais a chur chun feidhme trí bhíthin ionstraimí airgeadais — ceachtanna le foghlaim as clárthréimhse 2007-2013.
(30) Mar shampla: “Doiciméad oibre a ghabhann leis an Dréachtbhuiséad 2017”; “Iarscríbhinn maidir le hionstraimí airgeadais a ghabhann le Buiséad 2017”; “Tuarascáil bhliantúil maidir leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le hionstraimí airgeadais”; “Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme an chúnaimh mhacra-airgeadais do thríú tíortha in 2015”, “Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le ráthaíochtaí a chumhdaítear leis an mbuiséad ginearálta. An staid amhail an 31 Nollaig 2015”, “Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le gníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais Eorpaigh i dtaobh na bliana 2015”.
(31) Ní mór an doiciméad sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 1 Meán Fómhair den bhliain roimh an mbliain a bheidh an buiséad le cur chun feidhme.
(32) Cuireann “an chosaint solúbthachta” ar a chumas don Choimisiún a thabhairt ar aghaidh chuig an mbliain dar gcionn suas le 10 % de na leithreasaí bliantúla de chuid trí ionstraim bhuiséadacha (An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II), An Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (IEC) agus an ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (ICF)), ionas go bhféadfaí iad a úsáid chun freagairt do chásanna gan choinne.
(33) Soláthraíonn “an cúlchiste diúltach” bealach chun leithreasaí lena n-íoc a aistriú chuig líne buiséid sula mbeidh leithreasaí barrachais ó líne eile aitheanta.
(34) Sonraítear in Airteagal 125 “Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme […], más féidir sin ar mhaithe leis an mBallstát lena mbaineann”.
(35) Ní fhéadfar iad a aistriú chuig líne buiséad dhifriúil ach amháin má úsáidtear iad chun na críche dár sannadh iad.
(36) Cé is moite den ioncam ó ligean ar cíos, a dhéanfar a thabhairt anonn go huathoibríoch.
(37) Tuairim Uimh 6/2010 — mír 7 agus mír 8.
(38) Mír 1.61 agus fíor 1.6 de thuarascáil bhliantúil 2014 agus mír 1.47, fíor 1.5 agus fíor 1.6 de thuarascáil bhliantúil 2015.
(39) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).
(40) Déantar cur síos sna Pleananna Straitéiseacha ar spriocanna cúig bliana an Choimisiúin agus na nArd-Stiúrthóireachtaí, ar minic iad a bheith faoi thionchar tosca seachtracha, agus tá na pleananna bainistíochta agus na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí ceaptha chun sainiú agus tuairisciú a dhéanamh ar ionchuir, príomhghníomhaíochtaí agus a n-aschuir atá faoi rialú an Choimisiúin.
(41) Tuarascáil Speisialta Uimh 27/2016, freagra an Choimisiúin ar mhír 21.
(42) Ba ann dóibh siúd go léir fós faoi chuimsiú “Pacáiste tuairiscithe airgeadais comhtháite”.
(43) Tuarascáil bhliantúil 2015, mír 2.10, tuarascáil bhliantúil 2014, mír 2.22, tuarascáil bhliantúil 2013, mír 1.50, agus tuarascáil bhliantúil 2012, mír 1.59.
(44) Féach freisin Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí, Treoirlíne 1 um Chleachtas Molta, Tuairisciú ar Inbhuanaitheacht Fadtéarmach Cúrsaí Airgeadais Eintitis.
(45) Tuairim Uimh 1/2015 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 52, 13.2.2015, lch. 1).
(46) Má dhéantar ábhar an tsoláthair phoiblí a dheighilt idir, ar lámh amháin, RA agus, ar an lámh eile, Iarscríbhinn I, déantar sárú ar na rialacha maidir le nósanna imeachta i leith na cinnteoireachta arna leagan amach sna Conarthaí agus arna soiléiriú i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais.
(47) COM(2016) 605, aithris 188.
(48) Tuarascáil bhliantúil 2014, mír 6.52, tuarascáil bhliantúil 2015, mír 6.45.
(49) Rinneadh togra den chineál céanna in COM(2011) 628 as ar eascair Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. Níor ghlac an reachtóir leis an togra sin.
(50) Tuairim Uimh 1/2012 maidir le tograí áirithe le haghaidh rialacháin a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta don tréimhse 2014-2020, mír 43 agus mír 44.
(51) Tuarascáil Speisialta Uimh. 5/2011 — An Scéim Íocaíochta Aonair: saincheisteanna nach mór aghaidh a thabhairt orthu chun feabhas a chur ar an mbainistíocht fhónta airgeadais ina taobh.
(52) I dTuarascáil Speisialta Uimh. 19/2016 — Cur chun feidhme bhuiséad AE trí ionstraimí airgeadais — ceachtanna atá le foghlaim ón gclárthréimhse 2007-2013, molaimid “go mba cheart don Choimisiún a chur ar fáil sa Rialachán Airgeadais (agus ina dhiaidh sin i rialacháin earnála) sainmhíniú ar ghiaráil ionstraimí airgeadais is infheidhme i ngach réimse de bhuiséad AE, ina ndéantar idirdhealú soiléir idir giaráil ranníocaíochtaí príobháideacha agus ranníocaíochtaí poiblí náisiúnta faoin OP agus/nó giaráil ranníocaíochtaí caipitil phríobháidigh nó phoiblí breise, agus ina gcuirtear san áireamh cineál na hionstraime atá i gceist. Ba cheart a léiriú go soiléir sa sainmhíniú sin conas a chinntear na méideanna ó AE agus ó ranníocaíochtaí poiblí náisiúnta, b'fhéidir ag teacht le treoirlínte ECFE ar an ábhar sin”.
(53) Tuarascáil bhliantúil 2015, mír 3.54 go mír 3.59; tuarascáil bhliantúil 2014, mír 3.52 agus mír 3.92.
IARSCRÍBHINN I
TÉACS MODHNAITHE AN CHOIMISIÚIN AGUS MOLTAÍ NA CÚIRTE
|
Téacs sa togra |
Moladh na Cúirte |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Airteagal 69 Comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom
|
Airteagal 69 Comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Airteagal 70 Comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí Maidir leis na comhlachtaí a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu a bunaíodh le bunghníomh agus a bhfuil cur chun feidhme comhpháirtíochta poiblí príobháidí de chúram orthu, glacfaidh siad a rialacha airgeadais. Áireofar leis na rialacha sin sraith prionsabal is gá chun bainistíocht fhónta airgeadais i ndáil le cistí de chuid an Aontais a áirithiú. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 261 chun an Rialachán Airgeadais a fhorlíonadh le heiseamláir de rialachán airgeadais lena leagfar síos na prionsabail is gá chun bainistíocht fónta airgeadais ar chistí an Aontais a áirithiú agus a bheidh bunaithe ar Airteagal 149. Ní fhéadfaidh rialacha airgeadais na gcomhlachtaí sin imeacht ón eiseamláir de rialachán airgeadais ach amháin i gcás ina n-éileoidh a sainriachtanais amhlaidh agus le toiliú roimh ré ón gCoimisiún. Beidh feidhm ag mír 2, mír 3 agus mír 4 d'Airteagal 69 maidir le comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí. |
Airteagal 70 Comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí Maidir leis na comhlachtaí a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu a bunaíodh le bunghníomh agus a bhfuil cur chun feidhme comhpháirtíochta poiblí príobháidí de chúram orthu, glacfaidh siad a rialacha airgeadais. Áireofar leis na rialacha sin sraith prionsabal is gá chun bainistíocht fhónta airgeadais i ndáil le cistí de chuid an Aontais a áirithiú. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 261 chun an Rialachán Airgeadais a fhorlíonadh le heiseamláir de rialachán airgeadais lena leagfar síos na prionsabail is gá chun bainistíocht fónta airgeadais ar chistí an Aontais a áirithiú agus a bheidh bunaithe ar Airteagal 149. Ní fhéadfaidh rialacha airgeadais na gcomhlachtaí sin imeacht ón eiseamláir de rialachán airgeadais ach amháin i gcás ina n-éileoidh a sainriachtanais amhlaidh agus le toiliú roimh ré ón gCoimisiún. Beidh feidhm ag mír 2, mír 3 agus mír 4 go mír 6 d'Airteagal 69 maidir le comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Airteagal 123 Brath ar fhoinsí eile le haghaidh iniúchadh Má rinne iniúchóir neamhspleách iniúchadh ar na ráitis agus na tuarascálacha airgeadais ina leagtar amach úsáid na ranníocaíochta ón Aontas ar bhonn caighdeáin atá inghlactha go hidirnáisiúnta a bhfuil cinnteacht réasúnta leis, is ar an iniúchadh sin a bheidh an chinnteacht fhoriomlán bunaithe, de réir na sonraíochtaí breise, más iomchuí, atá sna rialacha a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith. |
Airteagal 123 Brath ar fhoinsí eile le haghaidh iniúchadh Má rinne iniúchóir neamhspleách iniúchadh ar na ráitis agus na tuarascálacha airgeadais ina leagtar amach úsáid na ranníocaíochta ón Aontas ar bhonn caighdeáin atá inghlactha go hidirnáisiúnta a bhfuil cinnteacht réasúnta leis, is ar an iniúchadh sin a bheidh an chinnteacht fhoriomlán bunaithe, féadfar an t-iniúchadh sin a chur san áireamh i gcomhthéacs an iniúchta ar chaiteachas de chuid an Aontais , de réir na sonraíochtaí breise, más iomchuí, atá sna rialacha a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith. Chun na críche sin, cuirfear tuarascáil an iniúchóra neamhspleách agus na doiciméid iniúchóireachta ghaolmhara ar fáil don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí arna iarraidh sin dóibh. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Airteagal 126 Comhpháirtíochtaí creata airgeadais
|
Airteagal 126 Comhpháirtíochtaí creata airgeadais
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Airteagal 211 Rialacha i ndáil le ráthaíochtaí buiséadacha
Deonófar méid a bheidh níos mó ná an méid a chuirtear in iúl i bpointe (a) de mhír 1 thar ceann an Aontais. Déanfaidh an Ballstát atá ag ranníoc nó tríú páirtithe íocaíochtaí ar ráthaíocht a ghlaoch isteach, nuair is iomchuí, ar bhonn pari passu. Síneoidh an Coimisiún comhaontú leis na ranníocóirí ina mbeidh, go háirithe, forálacha a bhaineann leis na coinníollacha íocaíochta. |
Airteagal 211 Rialacha i ndáil le ráthaíochtaí buiséadacha
Deonófar méid a bheidh níos mó ná an méid a chuirtear in iúl i bpointe (a) de mhír 1 thar ceann an Aontais. Déanfaidh an Ballstát atá ag ranníoc nó tríú páirtithe íocaíochtaí ar ráthaíocht a ghlaoch isteach, nuair is iomchuí i bprionsabal , ar bhonn pari passu. Síneoidh an Coimisiún comhaontú leis na ranníocóirí ina mbeidh, go háirithe, forálacha a bhaineann leis na coinníollacha íocaíochta. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Airteagal 247 Rialacha agus nós imeachta i ndáil leis an iniúchóireacht
|
Airteagal 247 Rialacha agus nós imeachta i ndáil leis an iniúchóireacht
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Airteagal 249 Ceart rochtana na Cúirte Iniúchóirí
Cuirfidh na comhlachtaí iniúchóireachta inmheánaí agus seirbhísí eile na rialtas náisiúnta lena mbaineann ar fáil don Chúirt Iniúchóirí gach saoráid a mheasann sí is gá chun a cúram a chur i gcrích.
Ní fhéadfaidh ach an Chúirt Iniúchóirí an fhaisnéis arna soláthar faoi phointe (b) den chéad fhomhír a iarraidh.
|
Airteagal 249 Ceart rochtana na Cúirte Iniúchóirí
Cuirfidh na comhlachtaí iniúchóireachta inmheánaí agus seirbhísí eile na rialtas náisiúnta lena mbaineann ar fáil don Chúirt Iniúchóirí gach saoráid a mheasann sí is gá chun a cúram a chur i gcrích.
Ní fhéadfaidh ach an Chúirt Iniúchóirí an fhaisnéis arna soláthar faoi phointe (b) den chéad fhomhír a iarraidh.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Airteagal 250 Tuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí
Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí gach beart riachtanach chun a áirithiú go bhfoilseofar freagraí gach institiúide ar a barúlacha in aice nó tar éis na mbarúlacha lena mbaineann siad.
|
Airteagal 250 Tuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí
Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí gach beart riachtanach chun a áirithiú go bhfoilseofar freagraí gach institiúide ar a barúlacha in aice nó tar éis na mbarúlacha lena mbaineann siad in éineacht leis an tuarascáil bhliantúil.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Airteagal 251 Tuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí
Déanfaidh an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann, de ghnáth laistigh de shé seachtaine tar éis na barúlacha sin a tharchur, aon fhreagraí is mian leo a thabhairt a chur in iúl don Chúirt Iniúchóirí i dtaca leis na barúlacha sin. Déanfar an tréimhse sin a fhionraí i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, go háirithe más rud é, le linn nós imeachta na sáraíochta, gur gá go bhfaighidh an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann aiseolas ó na Ballstáit d'fhonn bailchríoch a chur ar a fhreagra. Leis na freagraí ón institiúid nó ón gcomhlacht lena mbaineann tabharfar aghaidh go díreach agus go heisiach ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí. Áiritheoidh an Chúirt Iniúchóirí go ndréachtófar tuarascálacha speisialta agus go nglacfar iad laistigh de thréimhse chuí ama, ar tréimhse í nach mbeidh de ghnáth níos faide ná 13 mhí. Déanfar na tuarascálacha speisialta, mar aon leis na freagraí ó na hinstitiúidí nó na comhlachtaí i dtrácht, a tharchur gan mhoill chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, agus cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcomhar leis an gCoimisiún i gcás inarb iomchuí, cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh mar fhreagairt. Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí gach beart riachtanach chun a áirithiú go bhfoilseofar na freagraí ar a barúlacha ó gach institiúid nó ó gach comhlacht lena mbaineann in aice le gach barúil lena mbaineann siad, nó ina ndiaidh, agus foilseoidh sí an amlíne chun an tuarascáil speisialta a dhréachtú. |
Airteagal 251 Tuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí
Déanfaidh an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann, de ghnáth laistigh de shé seachtaine tar éis na barúlacha sin a tharchur, aon fhreagraí is mian leo a thabhairt a chur in iúl don Chúirt Iniúchóirí i dtaca leis na barúlacha sin. Déanfar an tréimhse sin a fhionraí i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, go háirithe más rud é, le linn nós imeachta na sáraíochta, gur gá go bhfaighidh an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann aiseolas ó na Ballstáit d'fhonn bailchríoch a chur ar a fhreagra. Leis na freagraí ón institiúid nó ón gcomhlacht lena mbaineann tabharfar aghaidh go díreach agus go heisiach ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí. Áiritheoidh an Chúirt Iniúchóirí go ndréachtófar tuarascálacha speisialta agus go nglacfar iad laistigh de thréimhse chuí ama, ar tréimhse í nach mbeidh de ghnáth níos faide ná 13 mhí. Déanfar na tuarascálacha speisialta, mar aon leis na freagraí ó na hinstitiúidí nó na comhlachtaí i dtrácht, a tharchur gan mhoill chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, agus cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcomhar leis an gCoimisiún i gcás inarb iomchuí, cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh mar fhreagairt. Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí gach beart riachtanach chun a áirithiú go bhfoilseofar na freagraí ar a barúlacha ó gach institiúid nó ó gach comhlacht lena mbaineann in aice le gach barúil lena mbaineann siad, nó ina ndiaidh, agus foilseoidh sí an amlíne chun an tuarascáil speisialta a dhréachtú in éineacht leis an tuarascáil speisialta . |
IARSCRÍBHINN II
TUAIRISCIÚ
|
|
Tuairisciú tráthrialta ón gCoimisiún (bunaithe ar RAR) |
Tuairisciú tráthrialta beartaithe ón gCoimisiún (RAB) |
An t-athrú atá molta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa |
|||||||
|
|
Dáta |
Tuarascáil |
Dáta |
Tuarascáil |
Á cur i láthair lena hiniúchadh |
Tuarascáil |
||||
|
1 |
1 Márta “n+1” |
Cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí eile don bhliain “n” |
1 Márta “n+1” |
Cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí eile don bhliain “n” |
1 Márta “n+1” |
Cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí uile don bhliain “n” |
||||
|
2 |
31 Márta “n+1” |
Cuntais shealadacha an Choimisiúin agus cuntais shealadacha chomhdhlúite an Aontais don bhliain “n” |
31 Márta “n+1” |
Cuntais shealadacha an Choimisiúin agus cuntais shealadacha chomhdhlúite an Aontais don bhliain “n” |
31 Márta “n+1” |
Cuntais chomhdhlúite shealadacha an Aontais don bhliain “n” |
||||
|
3 |
31 Márta “n+1” |
Tuarascáil ar Bhainistíocht Bhuiséadach agus ar Bhainistíocht Airgeadais don Bhliain “n” (Airteagal 142 RAR) |
31 Márta “n+1” |
Tuarascáil ar Bhainistíocht Bhuiséadach agus ar Bhainistíocht Airgeadais don Bhliain “n” (Airteagal 241 RAB) |
1 Márta “n+1” |
Tuarascáil ar Bhainistíocht Bhuiséadach agus ar Bhainistíocht Airgeadais don Bhliain “n” (Airteagal 241 RAB) |
||||
|
4 |
15 Meitheamh “n+1” |
Achoimre ar na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí (Airteagal 66(9) RAR) |
31 Iúil “n+1” |
San áireamh sa Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta (mar chuid den phacáiste tuairiscithe airgeadais comhtháite) (Airteagal 239 RAB) |
31 Márta “n+1” |
Tuarascáil Cuntasachta Aonair |
||||
|
5 |
|
Meastóireacht ar riocht airgeadais an Aontais ar bhonn na dtorthaí atá bainte amach (Airteagal 318 CFAE) |
31 Iúil “n+1” |
San áireamh sa Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta (mar chuid den phacáiste tuairiscithe airgeadais comhtháite) (Airteagal 239 RAB) |
1 Bealtaine “n+1” |
Tuarascáil ar leithligh ina bhfuil míniú ar mhéid agus torthaí na meastóireachtaí ar fud chaiteachas agus bheartais eile AE |
||||
|
6 |
1 Iúil “n+1” |
Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí don bhliain “n” |
31 Iúil “n+1” |
San áireamh sa Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta (mar chuid den phacáiste tuairiscithe airgeadais comhtháite) (Airteagal 239 RAB) Dhéanfaí faisnéis feidhmíochta a thuairisciú trí na ráitis chláir a ghabhann leis an dréachtbhuiséad |
|
Doiciméid inmheánacha an Choimisiúin. Níl aon ghá iad a chlúdach sa RA. D'fhéadfaí an phríomhfhaisnéis feidhmíochta a áireamh sa Tuarascáil Mheastóireachta |
||||
|
7 |
1 Iúil “n+1” |
Cuntais chríochnaitheacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí eile don bhliain “n” (Airteagal 148 RAR) |
1 Iúil “n+1” |
Cuntais chríochnaitheacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí eile don bhliain “n” (Airteagal 238 RAB) |
15 Meitheamh “n+1” |
Cuntais chríochnaitheacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí uile don bhliain “n” |
||||
|
8 |
31 Iúil “n+1” |
Cuntais chríochnaitheacha chomhdhlúite agus cuntais an Choimisiúin don bhliain “n” (Airteagal 148 RAR) |
31 Iúil “n+1” |
Cuntais bhliantúla chomhdhlúite (mar chuid den phacáiste tuairiscithe airgeadais comhtháite) (Airteagal 238(5) agus Airteagal 239 RAB) |
30 Meitheamh “n+1” |
Cuntais bhliantúla chomhdhlúite |
||||
|
9 |
31 Iúil “n+1” |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí Cosaint bhuiséad AE go dtí deireadh na bliana “n” |
31 Iúil “n+1” |
Tuarascáil maidir le gníomhartha coisctheacha agus ceartaitheacha a chlúdaíonn buiséad AE (mar chuid den phacáiste tuairiscithe airgeadais comhtháite) (Airteagal 239 RAB) |
31 Márta “n+1” |
Tuarascáil maidir le gníomhartha coisctheacha agus ceartaitheacha a chlúdaíonn buiséad AE (mar chuid den phacáiste tuairiscithe airgeadais comhtháite) (Airteagal 239 RAB) |
||||
|
10 |
|
Tuarascáil ar leas airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint (an comhrac i gcoinne na calaoise) (mar chuid den phacáiste tuairiscithe airgeadais comhtháite) (Airteagal 325 CFAE) |
31 Iúil “n+1” |
Tuarascáil ar leas airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint (an comhrac i gcoinne na calaoise) (mar chuid den phacáiste tuairiscithe airgeadais comhtháite) (Airteagal 325 CFAE) |
31 Márta “n+1” |
Tuarascáil ar leas airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint (an comhrac i gcoinne na calaoise) (mar chuid den phacáiste tuairiscithe airgeadais comhtháite) (Airteagal 325 CFAE) |
||||
|
11 |
|
Tuarascáil ar na hiniúchtaí inmheánacha (Airteagal 99(5) RAR) |
31 Iúil “n+1” |
Tuarascáil ar na hiniúchtaí inmheánacha (Airteagal 116(8) RAB) |
31 Márta “n+1” |
San áireamh sa Tuarascáil Cuntasachta Aonair |
||||
|
12 |
|
Tuarascáil ar na bearta leantacha ar an urscaoileadh (Airteagal 165(3) RAR) |
31 Iúil “n+2” |
Tuarascáil ar na bearta leantacha ar an urscaoileadh (Airteagal 253(3) RAB) |
|
|
||||
|
13 |
15 Meitheamh “n+1” |
Tuarascáil ar Chistí Iontaobhais |
|
Tuarascáil ar Chistí Iontaobhais (Airteagal 244 RAB) |
30 Meitheamh “n+1” |
San áireamh mar ráiteas comhdhlúite sna cuntais bhliantúla chomhdhlúite |
||||
|
14 |
1 Meán Fómhair “n+1” |
Dréachtbhuiséad don bhliain “n+2” |
1 Meán Fómhair “n+1” |
Dréachtbhuiséad
|
|
|
||||
|
15 |
15 Meán Fómhair |
Tuarascáil maidir leis na rioscaí reatha a tugadh chun suntais, na treochtaí ginearálta a tugadh faoi deara, na saincheisteanna nua cuntasaíochta ar thángthas orthu agus faisnéis faoi ghnóthúcháin (Airteagal 150(4) RAR) |
15 Meán Fómhair |
Tuarascáil maidir leis na rioscaí reatha a tugadh chun suntais, na treochtaí ginearálta a tugadh faoi deara, na saincheisteanna nua cuntasaíochta ar thángthas orthu agus faisnéis faoi ghnóthúcháin (Airteagal 243 RAB) |
1 Meán Fómhair |
Tuarascáil maidir leis na rioscaí reatha a tugadh chun suntais, na treochtaí ginearálta a tugadh faoi deara, na saincheisteanna nua cuntasaíochta ar thángthas orthu agus faisnéis faoi ghnóthúcháin (Airteagal 243 RAB) |
||||
|
16 |
|
Tuarascáil maidir le ráthaíochtaí buiséadacha agus rioscaí (Airteagal 149) |
|
Arna chumasc leis an tuarascáil ar ionstraimí airgeadais a ghabhann leis an dréachtbhuiséad |
|
|
||||
|
17 |
Deireadh Fómhair/Samhain “n+1” |
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le hionstraimí airgeadais a fhaigheann tacaíocht ón mbuiséad ginearálta (Airteagal 140(8) RAR) |
1 Meán Fómhair “n+1” |
Tuarascáil ar ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais, dliteanais theagmhasacha agus an ciste don soláthar coiteann (Airteagal 39(4)(5), 50(1)(d), 242 RAB). Arna tíolacadh in éineacht leis an dréachtbhuiséad don bhliain n+2 |
|
|
||||