|
Rinneadh roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha maidir le cur chun cinn na húsáide a bhaintear as fuinneamh inathnuaite a mheas. Sa mheasúnú tionchair, áirítear anailís mhionsonraithe a rinneadh ar gach rogha beartais ina leagtar amach, ar bhonn céimnitheach, cineálacha cur chuige ón gcás bunlíne (Rogha 0) go bearta cuimsitheacha ar leibhéal an Aontais. Níor roghnaíodh aon cheann de na roghanna tosaíochta sa chaoi go bhfágfaí an rogha faoin gCoimisiún teacht ar chinneadh as measc na cúig réimse seo a leanas:
(i) Roghanna chun úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh in earnáil an leictreachais (FIF-L) a mhéadú
Comhchreat Eorpach maidir le scéimeanna tacaíochta: 1) úsáid a bhaint as sásraí an mhargaidh amháin; 2) rialacha a shoiléiriú trí bhíthin sraith uirlisí; 3) bogadh i dtreo cabhair infheistíochta.
Cur chuige réigiúnach níos comhordaithe: 1) tacaíocht réigiúnach éigeantach; 2) páirt-oscailt éigeantach na scéimeanna tacaíochta do rannpháirtíocht thrasteorann.
Ionstraim airgeadais dírithe ar an bhfuinneamh inathnuaite: 1) ionstraim airgeadais ar leibhéal an Aontais a bhfuil critéir incháilitheachta leathana aici; 2) ionstraim airgeadais ar leibhéal an Aontais a thacaíonn le tionscadail ardriosca fuinnimh inathnuaite.
Simpliú riaracháin: 1) forálacha treisithe trí bhíthin “ionad ilfhreastail”, raonta ama agus nósanna imeachta simplithe le haghaidh athchumhachtú; 2) teorainn ama a chur leis na nósanna imeachta údarúcháin trí bhíthin formheas uathoibríoch agus fógra simplí i gcás tionscadail bheaga.
(ii) Roghanna chun úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh in earnáil an téimh agus an fhuaraithe (FIF-T&F) a mhéadú
Úsáid an fhuinnimh inathnuaite a mhéadú chun fuinneamh a sholáthar d’earnáil an téimh agus an fhuaraithe: 1) oibleagáid ar sholáthróirí breoslaí iontaise úsáid a bhaint as foinsí inathnuaite fuinnimh in earnáil an téimh agus an fhuaraithe; 2) an oibleagáid chéanna ach í a chur ar sholáthróirí breoslaí inaniomláine.
An úsáid a bhaintear as fuinneamh inathnuaite agus as dramhtheas i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair a éascú: 1) nósanna dea-chleachtais a roinnt; 2) teastais feidhmíochta fuinnimh agus rochtain a thabhairt ar an gcóras téimh agus fuaraithe ar an leibhéal áitiúil; 3) bearta faoi phointe 2 thuas móide creat breise treisithe maidir le cearta tomhaltóirí.
(iii) Roghanna chun úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh in earnáil an iompair (FIF-I) a mhéadú
Úsáid an fhuinnimh inathnuaite a mhéadú in earnáil an iompair: 1) scéim oibleagáide ar leibhéal an Aontais maidir le breoslaí ardfhorbartha a tháirgtear ó fhoinsí inathnuaite a chur ar an margadh; 2) scéim oibleagáide ar leibhéal an Aontais maidir le gach breosla a tháirgtear ó fhoinsí inathnuaite agus a thomhlaítear in earnáil an iompair chomh maith le deireadh a chur le bithbhreoslaí biabhunaithe de réir a chéile (foroghanna: 2 A) sciar na mbithbhreoslaí biabhunaithe a laghdú de réir a chéile faoi 2030; 2 B) deireadh iomlán a chur le bithbhreoslaí den sórt sin de réir a chéile faoi 2030; 2 C) deireadh níos gasta a chur le bithdhíosal biabhunaithe agus cur le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) faoi 2030); 3) na roghanna a luaitear thuas mar aon le scéim oibleagáide shonrach ar leibhéal an Aontais maidir le breoslaí a tháirgtear ó fhoinsí inathnuaite agus a thomhlaítear in earnáil na heitlíochta agus an mhuiriompair. 4) scéim oibleagáide maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT (Treoir maidir le Cáilíocht an Bhreosla) (foroghanna: 4 B) scéim oibleagáide fhoriomlán maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT i gcás breoslaí agus leictreachais; 4 C) scéim oibleagáide fhoriomlán maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT i gcás breoslaí ardfhorbartha agus leictreachais; 4 D) breoslaí ardfhorbartha, leictreachas agus breoslaí traidisiúnta ar lú anastaíochtaí GCT).
(iv) Roghanna chun tomhaltóirí fuinnimh inathnuaite a chumhachtú agus chun eolas a chur ar fáil dóibh:
Tomhaltóirí a chumhachtú chun leictreachas féintomhaltais a tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite agus a stóráil: 1) treoir ón Aontas maidir le féintomhaltas; 2) an pobal a chumhachtú chun leictreachas féintomhaltais ó fhoinsí inathnuaite a úsáid agus a stóráil; 3) córas cianroinnte leictreachais féintomhaltais a chur ar bun laistigh de bhardais.
Eolas a nochtadh i dtaobh leictreachas inathnuaite: 1) an córas ráthaíochtaí tionscnaimh (RTanna) a neartú; 2) bearta faoi 1 thuas mar aon le ráthaíochtaí tionscnaimh éigeantacha maidir le nochtadh; 3) bearta faoi 2 thuas mar aon le síneadh a chur leis na ráthaíochtaí tionscnaimh chun foinsí uile giniúna leictreachais a chumhdach.
Rianú a dhéanamh ar bhreoslaí inathnuaite a úsáidtear in earnáil an téimh agus an fhuaraithe agus in earnáil an iompair: 1) síneadh a chur leis na ráthaíochtaí tionscnaimh chun breoslaí gásacha inathnuaite a chumhdach; 2) síneadh a chur leis na ráthaíochtaí tionscnaimh chun breoslaí gásacha agus leachtacha inathnuaite a chumhdach; 3) córas rianaithe eile maidir le breoslaí gásacha agus leachtacha inathnuaite a fhorbairt.
(v) Roghanna chun deimhin a dhéanamh de go mbainfear amach an sprioc 27 % ar a laghad maidir le fuinneamh inathnuaite faoi 2030:
Spriocanna náisiúnta 2020: spriocanna náisiúnta 2020 mar bhunús tagartha seachas an bhonnlíne.
Conair: Conair líneach seachas conair neamhlíneach.
Sásraí chun bearna uaillmhéine i dtaca le sprioc an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite a sheachaint: 1) uaillmhian na bpleananna náisiúnta a athbhreithniú; 2) clásal athbhreithnithe a bheith ann chun sásraí seachadta breise ar leibhéal an Aontais a mholadh ag tráth níos faide anonn más gá; 3) uaillmhian na mbeart ar fud an Aontais a mhéadú; 4) spriocanna ceangailteacha náisiúnta a thabhairt isteach.
Bearta chun bearna seachadta a sheachaint agus a líonadh: 1) na pleananna náisiúnta a athbhreithniú; 2) clásal athbhreithnithe a bheith ann chun sásraí seachadta breise ar leibhéal an Aontais a mholadh ag tráth níos faide anonn más gá; 3) uaillmhian na mbeart ar fud an Aontais a mhéadú; 4) spriocanna ceangailteacha náisiúnta a thabhairt isteach.
|