An Bhruiséil,3.8.2016

SWD(2016) 267 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle

{COM(2016) 493 final}
{SWD(2016) 272 final}


Is éard atá sa doiciméad seo tuarascáil faoi mheasúnú tionchair maidir le togra le haghaidh plean bainistíochta ilbhliantúil lena gcumhdaítear stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh. Is léir gur mór is fiú pleananna bainistíochta ilbhliantúla i dtaca le bainistiú inbhuanaithe acmhainní iascaigh. Trí rialacha a leagan síos maidir le saothrú na stoc agus trí bhearta gaolmhara a dhéanamh de réir mar is gá chun iascach a bhainistiú de réir sprioc sonraithe, cuireann na pleananna cobhsaíocht agus intuarthacht ar fáil agus áirithíonn siad go ndéantar na stoic éisc a shaothrú laistigh de na teorainneacha a comhaontaíodh.

Faoi láthair, rialaítear iascaigh ghrinnill sa Mhuir Thuaidh faoi dhá phlean bainistíochta nach bhfuil comhoiriúnach leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI) nua arna bhunú leis an mBunrialachán nua (Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013) in 2011. Tá ualach mór de rialacha brúite aige ar iascairí iasc grinnill sa Mhuir Thuaidh (ar Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) agus micreaghnólachtaí a mbunús). Tá creat nua bainistíochta á iarraidh ag na Ballstáit agus ag na geallsealbhóirí a bhfuil tionchar ag na rialacha sin orthu ó bhí 2011 ann. Rinneadh meastóireacht ex-post ar na pleananna, rud a thug toradh diúltach, ó tharla go bhfuil geallta go mbeidh toradh níos rathúla ar an tacar nua rialacha arna mbunú sa Bhunrialachán freisin ó thaobh cosc a chur ar ró-iascaireacht agus ar ábhar muirí a aischur, i.e. oibleagáid gach gabháil a thabhairt i dtír agus gach stoc a bhainistiú go hinbhuanaitheach i gcomhréir le prionsabal na huastáirgeachta inbhuanaithe (UTI). Mar sin féin, mura nglactar bearta breise lena maolófar tionchair dhiúltacha na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in iascach measctha, is é an toradh a bheadh air nach saothrófaí stoic éisc oiread agus a d'fhéadfaí chomh luath agus a thagann an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i bhfeidhm in iascaigh mheasctha ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus, dá bhrí sin, chuirfeadh sé inmharthanacht eacnamaíoch na bhfiontar iascaireachta lena mbaineann i mbaol.

Chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna arna sainaithint thuas, déanfaidh an tionscnamh seo an méid seo a leanas: (i) an riosca a laghdú maidir le stoic éisc gan a bheith saothraithe oiread agus is féidir, (ii) spriocraonta básmhaireachta iascaireachta a bhunú mar FUTI, (iii) coimircí maidir le bithmhais a bhunú chun an cur chuige réamhchúraim, arna fhorordú leis an mBunrialachán, a fhorbairt, (iv) cur i bhfeidhm na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a éascú, (v) an creat is gá a bhunú chun réigiúnú a chur i bhfeidhm laistigh de limistéar na Mara Thuaidh agus (vi) an córas maidir le laethanta ar muir a bhaint.

Trí aon phlean amháin a ghlacadh a bhfuil feidhm aige maidir le gach iascach grinnill sa Mhuir Thuaidh, cuirfidh an tionscnamh seo creat níos nithiúla agus níos trédhearcaí ar fáil chun bainistíocht iascach inbhuanaithe a bhaint amach de réir mar a fhorordaítear é sa Bhunrialachán agus an reachtaíocht anchasta atá ann faoi láthair a shimpliú.

Rinneadh ceithre cinn de roghanna reachtacha a mheas. Cuireadh dhá cheann de na roghanna sin as an áireamh ("Gan an beartas a athrú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh" agus "Na pleananna bainistíochta atá ann cheana a leasú") go luath sa phróiseas.

Rinneadh anailís níos doimhne ar dhá rogha eile (Rogha 1 - bainistiú tríd an mBunrialachán a úsáid agus Rogha 2 - plean ilbhliantúil amháin le haghaidh iascach measctha a bhunú). Rinneadh fo-roghanna éagsúla le haghaidh Rogha 2 a mheas, a bhain leis an méid seo a leanas: (i) na limistéir a leagan amach, (ii) an rogha modha i dtaca le tabhairt isteach na hoibleagáide a éascú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, (iii) na raonta FUTI a roghnú (iv) na speiceas a chumhdaítear sa phlean a roghnú, (v) an dáta faoina mbainfear amach an FUTI, agus (vi) an tréimhse ama chun stoic a thabhairt ar ais chuig leibhéil réamhchúraim. Bhíothas in ann rogha na tosaíochta a dhéanamh le haghaidh na gcéad cheithre athróg bunaithe ar anailís cháilíochtúil. Rinneadh imscrúdú ar an dá athróg dheireanacha trí anailís tionchair chainníochtúil agus cuireadh i gcomparáid le Rogha 1 iad.

Is é Rogha 2 rogha na tosaíochta (plean ilbhliantúil amháin le haghaidh iascach measctha), lena mbaintear FUTI amach faoi 2020 ar a dhéanaí agus lena dtugtar stoic ar ais chuig leibhéil réamhchúraim go tapa (faoi cheann cúig bliana). A luaithe FUTI bainte amach i dtaca le stoc ar leith, níor cheart saothrú FUTI a shárú maidir leis an stoc sin.

Ar na geallsealbhóirí a ghlac páirt ghníomhach sa Chomhairliúchán Poiblí, tá ionadaithe de chuid eagraíochtaí iascach, eolaithe, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus lucht riaracháin as na Ballstáit a mbaineann an plean leo. Thug tromlach mór na ngeallsealbhóirí agus na mBallstát lena mbaineann a dtacaíocht do Rogha 2 - plean iascach measctha aonair le haghaidh iascach grinnill sa Mhuir Thuaidh. Tá tacaíocht láidir ann i measc geallsealbhóirí don rogha sin mar go gcuirfidh an plean nua ilbhliantúil creat ar fáil le haghaidh cur chuige bainistíochta a bheidh solúbtha, réigiúnach agus bunaithe ar thorthaí. Tá comhdhearcadh leathan ann nach bhfuil na pleananna atá ann faoi láthair oiriúnach dá bhfeidhm.

Is éifeachtaí i bhfad rogha na tosaíochta (plean ilbhliantúil amháin le haghaidh iascach grinnill measctha sa Mhuir Thuaidh) ná Rogha 1 (Bunrialachán) ó thaobh aon cheann de chuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach. Tá dea-thionchar ar an gcomhshaol ag baint le Rogha na tosaíochta i gcomparáid le Rogha 1. Ar an meán, tá dea-thionchar geilleagrach agus sóisialta ag baint léi freisin i gcomparáid le Rogha 1. Déantar na héifeachtaí dearfacha ar an gcomhshaol a fheabhsú tuilleadh tríd na fo-roghanna tosaíochta "FUTI a bhaint amach faoi 2020 ar a dhéanaí" agus "tréimhse téarnaimh 5 bliana". Go praiticiúil, laghdófar an riosca a bhaineann le cliseadh stoic agus beidh na meánbhithmhaiseanna níos airde. Ó thaobh an gheilleagair de, ar an meán, beidh sé níos brabúsaí, a bhuí sin ar an iomlán le costais laghdaithe ar athróga agus a bhuí le hacmhainní iascaireachta a bheith ar fáil. Go sóisialta, is lú a bheidh an tualach riaracháin ar FBManna agus coinneofar poist.

Ní bheidh aon chostas nua eacnamaíoch nó sóisialta ag gabhail leis na fo-roghanna tosaíochta FUTI a bhaint amach faoi 2020 ar a dhéanaí" agus "tréimhse aisghabhála 5 bliana".

Is FBManna nó micreaghnólachtaí iad tromlach mór na ngnólachtaí (98 %) in earnáil gabhála agus próiseála na niascach grinnill sa Mhuir Thuaidh. Sa chóras atá ann faoi láthair, déantar costas trom eacnamaíoch a bhrú ar ghnólachtaí agus go háirithe ar FBManna; is é rialáil róchasta is cúis leis na caillteanais sin agus seachnófar iad amach anseo (na leasanna díreacha a bhaineann le simpliú). A bhuí le saothrú inbhuanaithe beidh tuilleadh brabúis á dhéanamh agus beidh feidhmíocht fheabhsaithe eacnamaíoch ann dá bharr. Beidh tuilleadh saoirse ag iascairí a chinneadh cén áit ar féidir dul i mbun iascaireachta agus cén uair. Na costais uile a bhaineann le cur chun feidhme CBI nua, tá siad incháilithe do chistiú faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI).

Déanfar reachtaíocht a shimpliú mar gheall ar na pleananna bainistíochta atá ann faoi láthair a bheith á mbaint agus a nionad a ghabháil le haon phlean amháin. Cuirfear le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí agus na mBallstát mar, leis an bplean nua, déantar an ionstraim le haghaidh réigiúnaithe a chur ar obair, ionstraim atá nuálaíoch agus bunaithe ar thorthaí.

Is den tábhacht go mbeidh an beartas faoi réir athbhreithnithe tar éis 5 bliana agus sin amháin tar éis cur chun feidhme iomlán na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír chun an tionchar a fhéadfaidh a bheith aici ar an gcomhleanúnachas idir na forálacha beartais agus cuspóirí CBI a chur san áireamh.