An Bhruiséil,25.5.2016

SWD(2016) 174 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le haghaidh a thabhairt ar an ngeobhlocáil agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach

{COM(2016) 289 final}
{SWD(2016) 173 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair i ndáil leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le haghaidh a thabhairt ar an ngeobhlocáil agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar áit chónaithe nó náisiúntacht

A. An gá le beart

Cén fáth? Cad í an fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Tá méadú ag teacht ar an spéis atá á léiriú ag custaiméirí, go háirithe tomhaltóirí, ach gnólachtaí beaga freisin, sa tsiopadóireacht thrasteorann. Mar sin féin, is minic a fheictear do na custaiméirí nach mbíonn trádálaithe atá ag feidhmiú i mBallstáit eile sásta earra a dhíol leo nó go n-athraíonn siad an praghas de bharr gur ó Bhallstát eile iad na custaiméirí. In 2015, taispeánadh le Rúnsuirbhé Siopadóireachta nár éirigh ach le beagáinín níos mó ná aon trian (37 %) de na hiarrachtaí a rinneadh rud a cheannach trasteorann. D'fhéadfadh sé go bhfuil cúiseanna maithe le gan rud a dhíol trasteorann (e.g. difríochtaí sna dlíthe tomhaltais, CBL, fadhbanna sna bealaí seachadta trasteorann etc.). Fós féin, d'fhéadfadh sé freisin nach bhfuil údar le líon mór suntasach de na srianta sin.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Is é is cuspóir don tionscnamh a áirithiú nach ndéanfar idirdhealú i gcoinne custaiméirí sa mhargadh aonair. Faoi Straitéisí DSM agus SMS, tugadh aghaidh i gcomhthreo ar roinnt de bhunchúiseanna an iompair seo ag gnólachtaí, e.g. le tionscnaimh ón gCoimisiún (maidir le conarthaí digiteacha, beartseachadadh, síneadh ar an mion-ionad ilfhreastail CBL (MOSS)). Leis an togra áirithe seo, dírítear ar chásanna nach bhfuil aon chúis oibiachtúil ann le cóir éagsúil a bheith á cur ar chustaiméirí eachtracha agus ar chustaiméirí baile.

Cad é an breisluach atá le beart ar leibhéal AE?

Is fadhb de chineál trasteorann í an fhadhb seo, mar a bheifí ag súil, agus baineann sí le gach Ballstát. Faoi láthair, níl creat dlíthiúil sách soiléir ann le go mbeadh na Ballstáit agus a núdaráis náisiúnta forfheidhmithe in ann na forálacha atá ann a fhorfheidhmiú. Dá bhrí sin, ar chúiseanna a bhaineann le fairsinge agus leis na héifeachtaí a bhfuil súil leo, is fearr is féidir na cuspóirí a ghnóthú le beart ar leibhéal an Aontais.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a rinneadh a mheas? An bhfuil rogha tosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth?

Ní bhainfí amach an cuspóir le trédhearcacht bhreise (rogha 1). Dá gcoiscfí blocáil a dhéanamh ar rochtain ar shuímh ghréasáin agus ar atreorú uathoibríoch mura dtabharfaí toiliú gníomhach (rogha 2), mar aon le ceanglas a thabhairt isteach go míneofaí cásanna eisceachtúla ina raibh údar le blocáil den sórt sin, thabharfaí aghaidh ar chuid den fhadhb. Tá rogha na tosaíochta (rogha 3), dírithe ar chásanna sonracha a shainiú nach féidir údar a thabhairt don gheo-idirdhealú (i gcás earraí inláimhsithe, má dhéanann an custaiméir féin na socruithe le haghaidh iompar trasteorann; i gcás seirbhísí a thugtar ar láthair fhisiceach ina ndéanann an trádálaí gnó; i gcás seirbhísí a sheachadtar go leictreonach, agus nach bhfuil aon fhadhb i gceist leis an seachadadh). Is éard atá i rogha 4 liosta breise a bhunú d'údair a d'fhéadfadh a bheith ann don gheobhlocáil chun na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 20(2) den Treoir um Sheirbhísí a shoiléiriú. Diúltaíodh don rogha sin i ngeall ar a chasta a bhí sí. Le rogha 5 cheanglófaí ar chuideachtaí earraí inláimhsithe a sheoladh tras teorann agus ba í an rogha ab'fhearr a bhainfeadh an cuspóir amach í ach diúltaíodh di mar go gcuirfí costais dhíréireacha ar ghnólachtaí.

Cé atá i bhfách le cén rogha?

Tá tacaíocht láidir ag rogha 1 i measc tomhaltóirí ach tá forchoimeádais ag roinnt gnólachtaí ina leith. Is léir go dtacaíonn na tomhaltóirí le rogha 2 agus n-aontaíonn na gnólachtaí léi freisin. Tá tromlach mór na dtomhaltóirí ag tacú le rogha 3, ach scoilt sna gnólachtaí ina leith, roinnt acu ina coinne agus roinnt eile ag glacadh léi, e.g. i gcás idirbhearta ina ndéanann na custaiméirí an seachadadh á eagrú iad féin. Bhí roinnt gnólachtaí i bhfách le rogha 4 ar mhaithe leis an deimhnitheacht dhlíthiúil a fheabhsú, agus roinnt eile ag cur ina coinne. Cé go raibh tomhaltóirí ag tacú le rogha 5 i bprionsabal, bhí na gnólachtaí go láidir ina coinne.

C. Tionchar rogha na tosaíochta

Cad iad sochair rogha na tosaíochta (más ann do rogha na tosaíochta, murab ann di cad iad sochair na bpríomhroghanna)? 

Bunaithe ar na sonraí atá ar fáil, e.g. earraí leictreonacha a chiandíol, atá ar cheann de na catagóirí is mó éileamh sa díolachán ar líne, dá bhfaighfí réidh leis na srianta geobhlocála a fhorchuireann cuideachtaí i ndáil le díolacháin thrasteorann, meastar go dtiocfadh méadú de thart ar 1.1 % ar mhéid iomlán an mhargaidh (díolacháin iomlána). Ach thiocfadh laghdú ar líon na ndíolachán baile de bharr an chuid is mó den trádáil sin, agus go príomha laghdú sna díolacháin bhaile as líne. Meastar nach mbeadh ach 0.4 % de ghlanéifeacht ar fhairsingiú na trádála. Mar atoradh air sin, meastar go mbeadh meánlaghdú praghsanna ann ar fud an Aontais de -0.5 % (as líne), agus -0.6 % (ar líne). Ní mheastar go mbeadh aon mhéadú praghsanna ann i gceist d'aon Bhallstát. Má bhíonn éifeachtaí comhchosúla ann i gcás na n-earraí inláimhsithe ar fad, d'fhéadfadh sé go dtiocfadh meánmhéadú iomlán de 0.08 % ar bharrachas an tomhaltóra do AE28, cé go mbeadh roinnt éagsúlachtaí ann idir na Ballstáit. Mar sin féin, caithfear a chur san áireamh go mbeidh tionchar ag éifeachtacht na dtionscnamh rialála ar an mbunlíne.

Cad iad costais rogha na tosaíochta (más ann do rogha na tosaíochta, murab ann di cad iad costais na bpríomhroghanna)?

Má éirítear as an athródú uathoibríoch agus más gá faomhadh a fháil sula ndéantar cuairteoirí a athródú, beidh costais chomhlíonta aon uaire i gceist ach ní bhainfeadh siad ach le líon beag de na mórshuímh ghréasáin (thart ar 2 % de shuímh ghréasáin a bhfuil 7.5 % den trácht trasteorann acu). Ní bheadh costais chomhlíonta eile i gceist ach go pointe an-teoranta, ós rud é nach ndéanfadh na trádálaithe ach an chóir a chur ar chustaiméirí eachtracha a chuireann siad ar chustaiméirí náisiúnta. D'fhéadfaidís na costais bhreise a thabhófaí, mar shampla, i ndáil le córais íocaíochta nó costais eile, a fhorchúiteamh ar bhealach trédhearcach, a mhéid atá údar oibiachtúil leo.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Clúdóidh an beart seo gach gnó, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus micrifhiontair. An t-aon ualach breise a d'fhéadfadh a bheith ann, bhainfeadh sé b'fhéidir le muirear beag breise ar sheirbhísí íocaíochta agus leis an ráta CBL a aimsiú i dtír an chustaiméara i gcás díolacháin dhigiteacha (déantar an clárúchán a láimhseáil trí CBL MOSS). Faoin togra nua i leith CBL, beidh an fhaisnéis sin ar fáil go héasca. Mar sin féin, ba mhór an t-ualach é seo do chuideachtaí a bhfuil díolúine ó CBL acu i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta. Ní rogha inmharthana a bheadh ann gnóthais bheaga agus micrifhiontair a eisiamh.

An mbeidh tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

Déanfar an forfheidhmiú a chur i gcrích trí struchtúir atá ann cheana agus atá á gcomhordú faoi Rialachán CPC i ndáil le tomhaltóirí, agus mar sin ní bheadh aon chostais bhreise eagrúcháin i gceist. Tuairim agus 1500 gearán a cuireadh ar a shúile don Choimisiún in imeacht ocht mbliana (2007-2015), ach measann an Coimisiún gur mó ná an líon sin ábhair imní na dtomhaltóirí. Ceaptar go ndéanfar oibleagáidí na dtrádálaithe a shoiléiriú agus drochchleachtais a dhíspreagadh leis an Rialachán. Is dóigh dá bhrí sin nach dtiocfadh ach méadú teoranta ar ualach oibre bliantúil na mBallstát.

An mbeidh tionchar shuntasacha eile ann?

Ní bheidh. Baineann an beart leis na trádálaithe ar fad a dhíolann le custaiméirí san Aontas Eorpach, agus mar sin, ní dhéanfaidh sé aon difear don iomaíochas idirnáisiúnta.

D. Obair leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Ba cheart meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh cúig bliana tar éis don Rialachán teacht i bhfeidhm.