An Bhruiséil,25.5.2016

SWD(2016) 167 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le seirbhísí beartseachadta trasteorann

{COM(2016) 285 final}
{SWD(2016) 166 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar bheartseachadadh trasteorann

A. An gá le beart

Cén fáth? Cad í an fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Is bac ar an r-thráchtáil trasteorann iad na praghsanna arda i gcomhair seachadadh trasteorann le haghaidh rmhiondíoltóirí agus le haghaidh tomhaltóirí, go háirithe i limistéir iargúlta agus le haghaidh FBManna. Is é is cúis leis na praghsanna arda, bacainní réasúnta ard ar dhul isteach sa mhargadh, rud a d'fhéadadh teorainn a chur le forbairt na hiomaíochta a mbeadh cuimsiú leathan geografach i gceist léi, agus líon íseal na seoltóirí beaga, rud a laghdaíonn a chumhacht margála atá acu, agus rud a fhágann gurb airde na praghsanna agus gur lú na roghanna seachadta a bhíonn ar fáil do r-mhiondíoltóirí beaga agus do dhaoine aonair. Ina theannta sin, de bharr nach bhfuil ag cuid mhaith de na húdaráis náisiúnta rialála ach sainordú teoranta chun faireachán a dhéanamh ar mhargadh na mbeartán trasteorann, ní bhíonn an fhaisnéis atá riachtanach acu chun clistí a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh nó ábhair imní eile a shainaithint. Bíonn easpa faisnéise ar mhiondíoltóirí agus ar thomhaltóirí, freisin, maidir leis an réimse roghanna seachadta atá ar fáil dóibh. Fágann na héagsúlachtaí atá idir na Ballstáit maidir le raon feidhme na hoibleagáide seirbhíse uilechoitinne nach leor an Treoir um Sheirbhísí Poist (97/67/EC) 1 aisti féin chun praghsanna inacmhainne a áirithiú le haghaidh na seirbhísí a úsáidtear i gcomhair na r-thráchtála.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Is iad na cuspóirí atá ann a áirithiú go mbeidh an mhaoirseacht rialála níos éifeachtaí ná mar a bhí; feabhas a chur ar an trédhearcacht maidir le hinfhaighteacht agus praghas na seirbhísí éagsúla seachadta trasteorann; agus an iomaíocht a spreagadh. Ba cheart go laghdódh an méid sin na praghsanna a íocann tomhaltóirí aonair agus rmhiondíoltóirí beaga, go háirithe i limistéir iargúlta, ar bheartseachadadh trasteorann. Táthar ag díriú aisti féin ar cháilíocht na seirbhísí seachadta trasteorann.

Cad é an breisluach atá le beart ar leibhéal AE?

In éagmais cur chuige comhbheartaithe ar leibhéal AE, ní dócha go ndíreofar ar na saincheisteanna trasteorann a shainaithnítear thuas mura ndéanfar beart ach ar an leibhéal náisiúnta. Mar thoradh ar na cineálacha éagsúla cur chuige atá ann i leith an creata rialála reatha, agus ar na léirmhínithe éagsúla a dhéantar air (go háirithe an Treoir um Sheirbhísí Poist), níl cothrom na Féinne á thabhairt do na hoibreoirí seachadta a fheidhmíonn i mBallstáit éagsúla agus tá leibhéil éagothroma cosanta ann do FBManna agus do shaoránaigh a bhíonn ag iarraidh leas a bhaint as an margadh aonair (digiteach). Ní fhéadfaidh Ballstáit aonair díriú go héifeachtach ar bhaic ar an margadh inmheánach, toisc go gcumhdaítear líonraí tras-Eorpacha seachadta le dlínsí éagsúla.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a rinneadh a mheas? An bhfuil rogha tosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth?

Scrúdaíodh roghanna éagsúla le haghaidh trédhearcacht praghsanna agus cumhachtaí rialála. Is é rogha na tosaíochta:

(1) An trédhearcacht a fheabhsú trí phraghsanna táirgí roghnaithe de chuid soláthraithe éagsúla seirbhísí beartseachadta trasteorann a fhoilsiú ar roinn ar leith de shuíomh gréasáin EUROPA de chuid an Choimisiúin agus trína cheangal ar na húdaráis náisiúnta rialála a n-inacmhainneacht a mheas.

(2) An mhaoirseacht rialála a fheabhsú trína shoiléiriú gur gá do gach oibreoir beartseachadta (os cionn méid áirithe) tacar bunúsach de shonraí staidrimh a chur faoi bhráid na n-údarás náisiúnta rialála.

(3) An iomaíocht a spreagadh, trína cheangal go mbeach rochtain ag tríú páirtithe ar na líonraí trasteorann agus ar chomhaontuithe iltaobhacha praghsanna idir na hoibreoirí náisiúnta poist.

Bhí na roghanna seo a leanas i measc na roghanna eile a scrúdaíodh agus ar diúltaíodh dóibh: cur le trédhearcacht na bpraghsanna a chaibidlítear go leithleach agus/nó le trédhearcacht na bpraghsanna a íocann r-mhiondíoltóirí le hoibreoirí seachadta, agus fógra a thabhairt roimh ré (do na rialálaithe) maidir le hathruithe ar an bpraghas.

Trí Rialachán neamhspleách, féadfar rialacha atá spriocdhírithe agus infheidhme go díreach a chur chun feidhme go pras, rud a laghdóidh an ilroinnt. Thabharfaí deimhneacht dhlíthiúil do gach oibreoir ar an margadh trí rialacha comhionanna. Níor chuir na bearta neamhreachtacha a glacadh go dtí seo, mar shampla Treochlár 2013 chun an margadh aonair don bheartseachadadh a chomhlánú 2 , aon fheabhas ar an inacmhainneacht ná ar an maoirseacht rialála. Leis na hathruithe gasta atá ag tarlú i gcodanna áirithe den mhargadh agus an t-eolas teoranta atá ar an margadh, ní bheartaítear rialáil praghsanna a dhéanamh.

Cé atá i bhfách le cén rogha?

Tá na miondíoltóirí agus na tomhaltóirí i bhfách le bearta lena laghdaítear praghsanna. Tá na hoibreoirí náisiúnta poist i gcoinne idirghabháil rialála agus creideann siadsan go bhfuil na margaí iomaíoch. Tá an mearthionscal ag iarraidh go ndéanfaí creataí rialála a chomhchuibhiú, ach mar sin féin, bheadh locht acu ar bhreis maoirseachta ó na húdaráis náisiúnta rialála. Aithníonn na húdaráis náisiúnta rialála nach leor na sonraí margaidh atá ann ach mholfadh siad nár cheart cumhachtaí ex ante nua a bheith i gceist. D'iarr Parlaimint na hEorpa go nglacfaí beart a bheadh cothrom spriocdhírithe. Níl na Ballstáit ag iarraidh go mbeadh rialáil praghsanna ann.

C. Tionchar rogha na tosaíochta

Cad iad sochair rogha na tosaíochta (más ann do rogha na tosaíochta; murab ann di cad iad sochair na bpríomhroghanna)?

Ach eolas níos fearr ar an margadh a bheith ag na húdaráis náisiúnta rialála, is fearr an mhaoirseacht a bheidh acu ar an margadh agus beidh siad in ann faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ar an margadh. Trí shuíomh gréasáin na bpraghsanna agus measúnuithe inacmhainneachta na n-údarás náisiúnta rialála, leagfar suntas ar phraghsanna atá (ró-)ard, agus beidh brú ann praghsanna níos réasúnta a chur ar fáil. Rachadh an méid sin chun sochair do na r-mhiondíoltóirí agus do na tomhaltóirí beaga go háirithe. Rachadh méadú ar an éileamh ar sheirbhísí seachadta trasteorann chun sochair do na hoibreoirí seachadta. Ach rochtain a bheith acu ar chomhaontuithe iltaobhacha, cuideofar le hoibreoirí seachadta dul isteach sa mhargadh agus laghdófar an costas a bhíonn ar na hoibreoirí náisiúnta poist.

Cad iad costais rogha na tosaíochta (más ann do rogha na tosaíochta, murab ann di cad iad costais na bpríomhroghanna)?

Tá an costas measta faoi bhun €500 000 (€221 000 le haghaidh rialálaithe, €20,000 le haghaidh oibreoirí náisiúnta poist agus €170,000 le haghaidh oibreoirí seachadta eile), bunaithe ar mhúnla costais chaighdeánaigh AE agus ar thaithí sonraí an Choimisiúin.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Ba cheart go ndéanfadh an togra praghsanna seachadta a laghdú chun go bhféadfadh r-mhiondíoltóirí beaga níos mó a dhíol. Oibreoirí seachadta a bhfuil níos lú ná 50 fostaí acu agus nach bhfuil bunaithe ach i mBallstát amháin; díolmhófar iad ón gceanglas sonraí a sholáthar d’údaráis náisiúnta rialála.

An mbeidh tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

D’fhéadfadh sé go mbeadh costais bhreise le híoc ag na Ballstáit má dhéantar údaráis náisiúnta rialála a chistiú trí bhuiséid náisiúnta agus má bhíonn acmhainní breise ag teastáil uathu.

An mbeidh tionchar suntasach eile ann?

Ní bheidh. Beidh ar oibreoirí seachadta ó thríú tíortha atá toilteanach seirbhísí a sholáthar in AE na rialacha céanna a chomhlíonadh.

D. Obair leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Déanfar athbhreithniú ar an Rialachán trí thuarascáil, dhá bhliain i ndiaidh a ghlactha, agus áireofar inti an dul chun cinn atá á dhéanamh le tionscnaimh eile chun an margadh aonair don bheartseachadadh a chomhlánú.

(1) Arna leasú le Treoir 2002/39/EC agus le Treoir 2008/6/EC
(2) COM(2013) 886 críochnaitheach