AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.11.2016
COM(2016) 852 final
2016/0362(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le cumas ionsúcháin caillteanais agus cumas athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE, 2002/47/CE, 2012/30/AE, 2011/35/AE, 2005/56/CE, 2004/25/CE agus 2007/36/CE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2016) 377}
{SWD(2016) 378}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Na leasuithe atá sé beartaithe a dhéanamh ar Threoir (AE) 2014/59/AE (an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc nó TTRB), is cuid de phacáiste reachtaíochta iad lena náirítear freisin leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil nó CRR), ar Threoir 2013/36/AE (an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil nó CRD), agus ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 (an Rialachán maidir le Sásra Réitigh Aonair nó SRMR).
Le blianta beaga anuas tá athchóiriú suntasach curtha chun feidhme ag an Aontas Eorpach ar chreat rialála na seirbhísí airgeadais d’fhonn feabhas a chur ar athléimneacht na ninstitiúidí airgeadais san Aontas, athchóiriú atá bunaithe den chuid is mó ar chaighdeáin dhomhanda a comhaontaíodh le comhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais. Go háirithe, áiríodh sa phacáiste athchóiriúcháin Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil nó CRR) agus Treoir 2013/36/AE (an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil nó CRD) maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí agus maidir le maoirseacht a dhéanamh orthu, Treoir 2014/59/AE (an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc nó TTRB), maidir le téarnamh agus réiteach institiúidí agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 maidir leis an Sásra Réitigh Aonair (SRM).
Rinneadh na bearta sin mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais a tháinig chun cinn in 2007-2008. Toisc nárbh ann do chreata leordhóthanacha bainistithe agus réitithe géarchéime b'éigean do rialtais ar fud an domhain na bainc a tharrtháil de dhroim na géarchéime airgeadais. I bhfianaise an tionchair a bhí aige sin ar an airgeadas poiblí agus i ngeall ar an dreasacht neamh-inmhianaithe na costais a bhaineann le cliseadh bainc a phríobháidiú a tháinig de, is léir go bhfuil gá le cur chuige eile chun géarchéimeanna banc a bhainistiú agus chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint.
Bunaíodh san Aontas, agus i gcomhréir leis na bearta suntasacha a comhaontaíodh agus a rinneadh ar an leibhéal idirnáisiúnta, Treoir 2014/59/AE (an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc nó TTRB) agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 maidir leis an Sásra Réitigh Aonair (SRMR), bunaíodh creat stóinsithe um réiteach banc chun géarchéimeanna banc a bhainistiú ar bhonn éifeachtach agus chun an tionchar diúltach a bhíonn acu ar chobhsaíocht airgeadais agus ar an airgeadas poiblí a laghdú. Bunchloch de chuid an chreata nua um réiteach is ea an “tarrtháil inmheánach” arb é atá i gceist léi fiachas a dhíluacháil nó éilimh ar fhiacha nó dliteanais eile a chomhshó ina ngnáthscaireanna de réir ordlathas réamhshainithe. Is féidir feidhm a bhaint as an uirlis sin chun caillteanais institiúide a ionsú nó chun í a athchaipitliú go hinmheánach, más institiúid í atá i mbéal cliseadh nó ar dóigh di cliseadh, ionas go mbeidh sí inmharthana athuair. Dá bhrí sin, is ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe eile seachas ar cháiníocóirí a thitfidh an tualach i gcás cliseadh institiúide. Murab ionann agus dlínsí eile, tá sainordú tugtha d’údaráis réitigh cheana féin, de thoradh chreat an Aontais um théarnamh agus réiteach banc, íoscheanglas a shocrú do gach institiúid creidmheasa agus gnólacht infheistíochta (‘institiúid’), is é sin íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI), arb é atá iontu dliteanais atá an-intarrthála go hinmheánach a úsáidfear chun caillteanais a ionsú agus chun institiúidí a athchaipitliú i gcás ina gclisfidh orthu. Ghlac an Coimisiún le déanaí an reachtaíocht tharmligthe a bhaineann le cur chun feidhme praiticiúil an cheanglais seo.
Ar an leibhéal domhanda, d’fhoilsigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB) Bileog Téarmaí (‘caighdeán TLAC’) an chumais iomláin ionsúcháin caillteanais (TLAC) an 9 Samhain 2015 a glacadh seachtain ina dhiaidh sin ag cruinniú mullaigh G20 sa Tuirc. De réir chaighdeán TLAC, ní mór do na bainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (‘G-SIBanna’), dá ngairtear institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (‘GSIIanna’) i reachtaíocht an Aontais, ní mór dóibh méid leordhóthanach dliteanas ardionsúcháin caillteanais (atá intarrthála go hinmheánach) a bheith ina seilbh chun a áirithiú go nionsófar na caillteanais go rianúil agus go tapa agus go ndéanfar athchaipitliú i gcás réitigh. Sa teachtaireacht uaidh an 24 Samhain 2015, gheall an Coimisiún go gcuirfeadh sé togra reachtach chun cinn faoi dheireadh na bliana seo, ionas go bhféadfar caighdeán TLAC a chur chun feidhme faoin sprioc-am a comhaontaíodh, mar atá 2019. Ar a bharr sin, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé athbhreithniú ar na rialacha maidir leis an ICDI atá ann cheana d’fhonn is go mbeidís go hiomlán comhsheasmhach le caighdeán TLAC, a comhaontaíodh ar an leibhéal náisiúnta, trí thorthaí na tuarascála is gá don Údarás Baincéireachta Eorpach a sholáthar don Choimisiún faoi Airteagal 45(19) de TTRB a chur san áireamh. D’fhoilsigh ÚBE leagan eatramhach den tuarascáil sin cheana an 19 Iúil 2016 agus táthar ag súil leis go ndéanfar an tuarascáil deiridh a chur isteach i rith mhí na Nollag 2016.
Cé gur bailí do chreat ginearálta TTRB fós agus cé gur creat fónta fós é, is é is príomhchuspóir don togra seo caighdeán TLAC a chur chun feidhme agus ceanglas TLAC a chomhtháthú leis na rialacha ginearálta maidir leis an ICDI tríd an dúbailt a sheachaint a thiocfadh chun cinn dá gcuirfí dhá cheanglas threomhara i bhfeidhm. Ar a shon go bhfuil an cuspóir rialála céanna ag an TLAC agus atá ag an ICDI, mar sin féin tá roinnt difríochtaí eatarthu maidir leis an gcaoi ar ceapadh iad. Ní amháin go gcumhdaíonn raon feidhme ICDI na GSIIanna, cumhdaíonn sé freisin tionscal baincéireachta uile an Aontais. Murab ionann agus caighdeán TLAC, a bhfuil íosleibhéal comhchuibhithe áirithe ann, is iad na húdaráis réitigh a chinneann leibhéal an ICDI ar bhonn sainmheasúnú ar gach institiúid, ceann ar cheann. Ar deireadh, ba cheart íoscheanglas TLAC a chomhlíonadh i bprionsabal le hionstraimí fiachais fho-ordaithe, cé go bhféadfadh údaráis réitigh, chun críocha an ICDI, fo-ordú ionstraimí fiachais a éileamh ar bhonn cás ar chás a mhéid is gá sin chun a áirithiú in aon chás faoi leith nach gcaithfí níos measa le creidiúnaithe a tarrtháladh go hinmheánach seachas mar a chaithfí leo i gcás dócmhainneachta (is cás é sin atá frithfhíorasach i dtaca le réiteach de). Chun go mbeidh creat simplí trédhearcach ann lena gcuirfear deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht ar fáil, is é atá á mholadh ag an gCoimisiún caighdeán TLAC a chomhtháthú leis na rialacha ICDI atá ann cheana agus a áirithiú go ndéanfar an dá cheanglas sin a chomhlíonadh trí bhíthin ionstraimí atá mórán mar an gcéanna. De thoradh an chur chuige sin, ba ghá coigeartuithe teoranta a dhéanamh ar na rialacha ICDI atá ann cheana, chun go náiritheofaí comhsheasmhacht theicniúil le struchtúr an uile cheanglais a leagfaí ar GSIIanna.
Go háirithe, tá gá lena thuilleadh leasuithe iomchuí teicniúla a dhéanamh ar na rialacha ICDI atá ann cheana chun iad a ailíniú le caighdeán TLAC i dtaca leis na nithe seo a leanas inter alia: na hainmneoirí a úsáidtear chun cumas ionsúcháin caillteanais a thomhas, idirghníomhú le ceanglais maoláin chaipitil, nochtadh rioscaí d’infheisteoirí agus an chaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad i ndáil le straitéisí éagsúla réitigh. Agus caighdeán TLAC á chur chun feidhme ar na GSIIanna, ní dhéanfaidh an cur chuige a leanfaidh an Coimisiún difear ábhartha don ualach a bheidh ar institiúidí nach GSIIanna iad na forálacha a bhaineann leis an ICDI a chomhlíonadh.
Ó thaobh na hoibríochta, déanfar íosleibhéal comhchuibhithe chaighdeán TLAC a thabhairt isteach san Aontas le leasuithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus ar an Treoir maidir leo (CRR agus CRD) agus tabharfar isteach forlíontán institiúid-sonrach do GSIIanna agus ICDI institiúid-sonrach d’eintitis nach GSIIanna iad le leasuithe spriocdhírithe ar TTRB agus ar SRMR. Sa togra seo, cumhdaítear go sonrach leasuithe spriocdhírithe ar TTRB a bhaineann le cur chun feidhme chaighdeán TLAC san Aontas. Mar sin, is cuid d’athbhreithniú níos mó an togra seo, athbhreithniú ar reachtaíocht airgeadais an Aontais a bhfuil sé d’aidhm aige rioscaí san earnáil airgeadais a laghdú (athbhreithniú ar CRR/CRD) agus cur le hathléimneacht na hearnála.
Ina theannta sin, ar bhonn na dtuairimí a léirigh mórán de na geallsealbhóirí sin a thug freagra ar an nglao ar fhianaise a foilsíodh i Meán Fómhair 2015, leasaítear leis an togra seo TTRB d’fhonn na costais chomhlíonta atá ar bhainc a laghdú i gcás ina bhfuil a ndliteanais sin faoi rialú ag dlíthe tríú tíortha. Ó thaobh na praiticiúlachta de, ba dheacair cuid de na ceanglais atá ann faoi láthair a chomhlíonadh, rud a d’fhág breisluach teoranta ann i dtaca le hinréititheacht na mbanc. Is gá, dá bhrí sin, breis solúbthachta a bheith ann i dtaca leis an gcaidreamh conarthach a bhíonn ag bainc de chuid an Aontais le heintitis tríú tír trína cheadú d'údaráis réitigh, faoi réir bearta coimirce dochta áirithe, tarscaoileadh a dhéanamh ar an oibleagáid atá ann maidir le clásail chonarthacha a chur isteach, rud a thabharfadh aitheantas sna tríú tíortha do na héifeachtaí a bhíonn ag tarrtháil inmheánach dliteanas atá faoi rialú ag dlí na dtríú tíortha sin. Ó thaobh na praiticiúlachta de, is andeacair na rialacha atá ann faoi láthair a fhorfheidhmiú.
Ar a bharr sin, arna iarraidh sin ag Comhairle ECOFIN ina cuid conclúidí an 17 Meitheamh 2016, leasaítear leis an togra seo TTRB i dtaca le cur i bhfeidhm uirlisí moratorium ag údaráis réitigh le linn an réitigh, i.e. na cumhachtaí chun cur i gcrích gealltanas banc i leith tríú tíortha a fhionraí. Ach na cumhachtaí sin a chomhchuibhiú, ba cheart gurbh fhearr a d’fhéadfadh na húdaráis ábhartha institiúid a chobhsú roimh dhéanamh an réitigh, agus, i gcás inar gá sin, tar éis a dhéanta.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leis an gcreat um réiteach banc atá i bhfeidhm san Aontas cheana féin ceanglaítear ar na bainc Eorpacha uile méid leordhóthanach dliteanas ardionsúcháin caillteanais (atá intarrthála go hinmheánach) a bheith ina seilbh. Ach an ceanglas maidir le GSIIanna atá ann faoi láthair a ailíniú le caighdeán domhanda TLAC, tiocfaidh den togra seo feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm na rialacha atá ann faoi láthair agus an chaoi sin a éascú. Dá bhrí sin, tá an togra comhsheasmhach le cuspóir foriomlán an chreata um réiteach banc atá i bhfeidhm san Aontas, mar atá méid na tacaíochta ó cháiníocóirí a laghdú i gcás ina réitítear banc.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Is cuid d’athbhreithniú níos mó an togra seo, athbhreithniú ar reachtaíocht airgeadais an Aontais a bhfuil sé d’aidhm aige rioscaí san earnáil airgeadais a laghdú (athbhreithniú ar CRR/CRD) agus maoiniú inbhuanaithe na gníomhaíochta eacnamaíche a chur chun cinn. Tá sé go hiomlán comhsheasmhach le bunchuspóirí an Aontais Eorpaigh, mar atá cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn, méid na tacaíochta ó cháiníocóirí a laghdú i gcás ina réitítear banc agus cur le maoiniú inbhuanaithe an gheilleagair.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Sa Treoir atá beartaithe, leasaítear treoir atá ann cheana féin, mar atá TTRB. Is ionann bunús dlí an togra seo agus bunús dlí TTRB, eadhon Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ceadaítear leis an bhforáil sin bearta a ghlacadh chun forálacha náisiúnta a chomhfhogasú arb é is cuspóir dóibh bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Comhchuibhítear leis an togra na dlíthe náisiúnta maidir le téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, go háirithe i dtaca lena gcumas ionsúcháin caillteanais agus a gcumas athchaipitliúcháin i gcás réitigh, a mhéid is gá sin chun a áirithiú go bhfuil na huirlisí céanna agus an cumas céanna ag na Ballstáit agus ag bainc an Aontais d’fhonn aghaidh a thabhairt ar chliseadh banc i gcomhréir leis na caighdeáin a comhaontaíodh ar an leibhéal náisiúnta (caighdeán TLAC).
Trí cheanglais chomhchuibhiúcháin a shocrú do bhainc sa Mhargadh Inmheánach, laghdóidh an togra seo an riosca go mbeidh rialacha náisiúnta éagsúla maidir le cumas ionsúcháin caillteanais agus cumas athchaipitliúcháin i gcás réitigh i bhfeidhm ó Bhallstát go chéile, rud a d’fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh inmheánach. Is é is cuspóir don togra, dá bhrí sin, bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí cuí.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Faoi phrionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5.3 den CAE, níor cheart don Aontas gníomhú i réimsí nach dtagann faoina inniúlacht eisiach, ach amháin mura féidir agus a mhéid nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an bhirt arna bheartú a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal láir nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí an bhirt arna bheartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais.
Tá an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát tiomanta na caighdeáin idirnáisiúnta a chur chun feidhme. Mura mbeadh an ghníomhaíocht sin ar leibhéal an Aontais, ba é ab éigean do na Ballstáit a dhéanamh caighdeáin dhomhanda TLAC a chur chun feidhme as a stuaim féin ina ndlínsí féin agus gan an chaoi acu ar an gcreat atá ann faoi láthair a eascraíonn ó TTRB agus ó SRMR a leasú. Dá thoradh sin, i bhfianaise na ndifríochtaí tábhachtacha idir caighdeán TLAC agus an creat atá ann faoi láthair mar aon leis an léamh éagsúil a d’fhéadfadh rialtóirí náisiúnta a dhéanamh ar bhileog téarma TLAC, bheadh na bainc, go háirithe GSIIanna, faoi réir dhá cheanglas chomhthreomhara (agus bheadh íoscheanglas TLAC á chur i bhfeidhm ar bhealach éagsúil ó Bhallstát go chéile), rud a chuirfeadh costais bhreise ar na bainc agus ar na húdaráis phoiblí (údaráis mhaoirseachta agus réitigh) araon. Is inmhianaithe, dá bhrí sin, gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun caighdeán domhanda TLAC a chur chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe san Aontas agus chun an creat atá ann faoi láthair a ailíniú leis an gcaighdeán sin ionas go bhféadfar na costais chomhlíonta atá ar na bainc agus na húdaráis phoiblí a mhaolú oiread agus is féidir agus go bhféadfar réiteach éifeachtach a áirithiú i gcás ina gclisfidh ar na bainc.
•Comhréireacht
Faoi phrionsabal na comhréireachta, níor cheart inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais a bheith os cionn a bhfuil riachtanach chun a chuid cuspóirí a bhaint amach ar shlí atá comhsheasmhach le cuspóirí foriomlána na gConarthaí.
Agus caighdeán TLAC á chur i bhfeidhm ar na GSIIanna, ní dhéanfar difear ábhartha, de thoradh an togra, don ualach atá ar na bainc cloí leis na rialacha atá ann faoi láthair maidir le cumas ionsúcháin caillteanais agus le cumas athchaipitliúcháin ar an ábhar nach ndéantar leis an togra raon cur i bhfeidhm íosleibhéal TLAC a leathnú thar na GSIIanna. Ina theannta sin, leis an togra teorannaítear go mór na costais a chuirfear ar na bainc, go háirithe ar na GSIIanna, i dtaca le caighdeán TLAC a chomhlíonadh trí na rialacha atá ann cheana a ailíniú a oiread is féidir leis an gcaighdeán sin. Ar deireadh, leis an togra ní leathnaítear raon cur i bhfeidhm íosleibhéal TLAC thar na GSIIanna. Go deimhin, i gcás eintitis nach GSIIanna iad, coinnítear leis an togra seo an prionsabal foriomlán atá ann cheana lena néilítear go gcuirfí cáilíocht agus leibhéal an cheanglais maidir le hionsú caillteanais agus le hathchaipitliú in oiriúint do gach banc faoi leith de réir an riosca a ghabhann leis, de réir a mhéide, de réir a idirnascthachta agus de réir na straitéise réitigh a roghnaíodh. I dtaca le GSIIanna atá faoi réir íosleibhéal TLAC, leis an togra éilítear ar na húdaráis réitigh, sula niarrfaidh siad forlíontán sonrach ar aon institiúid, go measfaidh siad an bhfuil forlíontán den sórt sin riachtanach, comhréireach agus bonn cirt leis. Dá bhrí sin, tá forálacha an togra comhréireach lena bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach.
3.TORTHAÍ Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
Measúnú tionchair
Ós rud é gur cuid d’athbhreithniú níos mó é an togra seo, athbhreithniú ar reachtaíocht airgeadais an Aontais a bhfuil sé d’aidhm aige rioscaí san earnáil airgeadais a laghdú (athbhreithniú ar CRR/CRD), rinneadh measúnú tionchair cuimsitheach air. Cuireadh an dréacht-tuarascáil ar an measúnú tionchair faoi bhráid Bhord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin an 7 Meán Fómhair 2016. Thug an Bord tuairim dhiúltach uaidh [dáta]. Tar éis an bonn fianaise atá le gnéithe áirithe den phacáiste athbhreithniúcháin a neartú, d’eisigh an Bord tuairim dhearfach an 27 Meán Fómhair 2016.
I gcomhréir lena bheartas “Rialáil Níos Fearr”, rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar roinnt roghanna beartais. Rinneadh measúnú ar na roghanna beartais i gcomparáid leis na príomhchuspóirí atá ann, mar atá cur le cumas ionsúcháin caillteanais agus le cumas athchaipitliúcháin na mbanc atá faoi réiteach, an chinnteacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht an chreata réitigh. Is éard a rinneadh sa mheasúnú sin éifeachtacht na gcuspóirí thuasluaite agus cost-éifeachtúlacht cur chun feidhme na roghanna beartais éagsúla a bhreithniú.
Maidir le caighdeán TLAC a chur chun feidhme san Aontas, breithníodh trí cinn de roghanna beartais mar chuid den mheasúnú tionchair. Faoin gcéad rogha díobh sin, bheadh feidhm fós ag TTRB, mar atá sé faoi láthair. Faoin dara rogha, dhéanfaí caighdeán TLAC do GSIIanna a chomhtháthú leis an gcreat réitigh atá ann faoi láthair, agus dhéanfaí an creat sin a leasú de réir mar is iomchuí lena áirithiú go mbeadh sé go hiomlán comhoiriúnach le caighdeán TLAC. Is é a moladh faoin tríú rogha raon íosleibhéal TLAC a leathnú, sa bhreis air sin, go hinstitiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéimeach leo san Aontas (O-SIIanna) seachas na GSIIanna. Baineadh de thátal as an measúnú tionchair gur leis an dara rogha díobh sin is fearr is féidir na cuspóirí beartais a bhaint amach. Go sonrach, murab ionann agus an chéad rogha, áirithítear de thairbhe an dara rogha cur chun feidhme comhchuibhithe chaighdeán TLAC i gcás GSIIanna uile an Aontais trí laghdú a dhéanamh ar na costais a bheidh orthu de thoradh an dá cheanglas éagsúla (caighdeán TLAC agus TTRB atá ann cheana) a chomhlíonadh agus cuirtear ar fáil léirmhíniú comhsheasmhach ar bhileog téarma TLAC ar fud an Aontais Eorpaigh. De thairbhe na rogha seo, méadófar inréititheacht na GSIIanna san Aontas agus cuirfear cosc le héifeachtaí gabhála a eascraíonn ó thras-sealúchais GSIIanna a bhuí le rialacha sonracha chaighdeán TLAC nach bhforáiltear dóibh faoi láthair i TTRB (i.e. íosleibhéal TLAC i bhfoirm ionstraimí fiachais fho-ordaithe, asbhaint thras-sealúchais ionstraimí incháilithe TLAC atá ina seilbh ag na GSIIanna). Leis an rogha seo áiritheofar cur chun feidhme chaighdeán TLAC san Aontas, agus bheifí ag súil leis murab ionann agus riamh go ndéanfaí amhlaidh i ndlínsí eile d’fhonn inréititheacht na GSIIanna a neartú ar bhonn domhanda. Ar an taobh eile, is fearr an rogha beartais seo ná an tríú rogha ar an ábhar nach mbeidh de mhíbhuntáiste léi íosleibhéal TLAC a leathnú go bainc eile seachas na GSIIanna (O-SIIanna). Go deimhin, d’fhéadfaí nach mbeadh an tíosleibhéal TLAC calabraithe mar ba cheart do na heintitis sin i bhfianaise a éagsúla atá siad i dtaca le méid, samhail ghnó, idirnascthacht agus tábhacht shistéamach de.
Léiríodh sa Mheasúnú Tionchair go gcruthaítear dhá shaghas deacrachta de thoradh Airteagal 55 de TTRB a chomhlíonadh, airteagal lena néilítear aitheantas conarthach a thabhairt don tarrtháil inmheánach i gcás conarthaí atá faoi réir dlí tríú tír. Ar an gcéad dul síos, diúltaíonn contrapháirtithe tríú tír áirithe clásal conarthach a áireamh sna conarthaí airgeadais arna dtabhairt i gcrích le bainc an Aontais, clásal lena naithnítear cumhacht chun tarrthála inmheánaigh a bheith ag an Aontas. I gcásanna áirithe tugtar ar bhainc an Aontais gan conradh a dhéanamh in aon chor ionas gur féidir leo Airteagal 55 de TTRB a chomhlíonadh. I gcásanna eisceachtúla, b’fhéidir go dtiocfadh de sin nárbh fholáir dóibh sciar áirithe dá gcuid gnó a scor (e.g. creidmheas trádála). Ar an dara dul síos, fiú más toil le contrapháirtithe tríú tír glacadh le clásail maidir le tarrtháil inmheánach ina gcuid conarthaí le bainc an Aontais, d’fhéadfaí go gcuirfeadh maoirseoirí cosc leis sin, i gcásanna áirithe. Sa chás sin, ní bheadh aon bhealach eile roimh na bainc a ligfeadh dóibh Airteagal 55 de TTRB a chomhlíonadh ach trí na rialacha a d’fhorchuir an maoirseoir áitiúil a shárú nó éirí as an gcuid ábhartha sin dá ngnó. Measadh gur ghá an riail seo a leasú chun go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar an deacracht seo. Foráiltear leis an rogha tosaíochta beartais gur féidir le húdaráis réitigh an ceanglas a tharscaoileadh chomh fada agus nach ndéanfaidh sin difear ábhartha do chumas ionsúcháin caillteanais agus cumas athchaipitliúcháin na mbanc i gceist.
I dtaca leis an gcumhacht chun oibleagáidí íocaíochta a fhionraí (moratorium) leagadh béim sa mheasúnú tionchair ar an tábhacht atá le huirlis den saghas sin go sonrach le linn na céime as a dtagann an réiteach. Le moratorium ceadaítear sreabhadh na níocaíochtaí a reo ar feadh gearrthréimhse, rud a éascaíonn cainníochtú a dhéanamh ar a bhfuil ar fáil de shócmhainní agus de dhliteanais. Tá uirlis den saghas sin thar a bheith úsáideach i gcás réamhréitigh (agus go sonrach i gcás luathréitigh) agus le linn réitigh. Rinneadh anailís sa Mheasúnú Tionchair freisin ar na buntáistí féideartha a bhaineann le tuilleadh comhchuibhiúcháin a dhéanamh ar na huirlisí atá ar fáil. Sa chomhthéacs sin léirítear sa mheasúnú, ar a shon go bhfuil forálacha i TTRB cheana féin lena gceadaítear oibleagáidí íocaíochta a fhionraí, léirítear an chaoi ar cuireadh na hoibleagáidí íocaíochta sin chun feidhme ar bhealaí éagsúla ó thír go chéile. Is féidir freisin nach bhforáiltear ann dá gcur i bhfeidhm ar bhonn atá comhsheasmach go leor i dtaca le heilimintí tábhachtacha amhail raon feidhme, céim cur i bhfeidhm, dálaí tionsnaimh, agus fad na fionraí. Ar an mbonn sin, tá sé beartaithe dhá uirlis moratorium bhreise a thabhairt isteach, a ndéanfar ceann díobh a thionscnamh le linn luathréitigh agus an ceann eile le linn réitigh. Cinneadh go cruinn na coinníollacha faoina ndéanfar an moratorium sin a thionscnamh mar aon lena fhad agus lena raon feidhme d’fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme é ar bhonn comhsheasmhach ar an leibhéal náisiúnta.
Cearta bunúsacha
Leis an togra seo comhlíontar na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go sonrach na cearta chun maoine agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh, agus ní mór é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin. Go háirithe, áirithítear leis an Treoir seo nár cheart aon chur isteach a dhéanfaí ar chearta maoine na gcreidiúnaithe bainc a bheith díréireach. Níor cheart gur mhó na caillteanais a thabhódh na creidiúnaithe dá ndéantar difear ná na caillteanais a thabhóidís dá ndéanfaí an institiúid a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta tráth déanta an chinnidh maidir le réiteach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní dhéanfaidh an togra difear do bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Leis an togra ceanglaítear ar an Ballstáit na leasuithe ar TTRB a thrasuí ina ndlíthe náisiúnta laistigh de dhá mhí dhéag ón uair a thiocfaidh an Treoir leasaithe i bhfeidhm agus ceanglaítear ar na bainc na rialacha leasaithe a chomhlíonadh laistigh de shé mhí ón dáta a thrasuífear an togra. Ceanglófar ar na bainc na húdaráis ábhartha a chur ar an eolas ar bhonn rialta mar gheall ar leibhéil a nionstraimí incháilithe. Tá sé de cheangal ar ÚBE tuairisc a thabhairt don Choimisiún dhá uair sa bhliain ó dháta an trasuite i leith faoin gcaoi a mbeidh na rialacha maidir le cumas ionsúcháin caillteanais agus cumas athchaipitliúcháin na mbanc á gcur chun feidhme agus á gcur i bhfeidhm acu ar fud an Aontais.
Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Mar a míníodh thuas, áireofar sna leasuithe ar CRR, ar cuid den phacáiste reachtaíochta céanna iad, na rialacha maidir le híoscheanglas TLAC do GSIIanna agus pléann an togra seo le forlíontán institiúid-sonrach do GSIIanna agus leis na ceanglais ghinearálta is infheidhme maidir le bainc uile an Aontais. Tugtar isteach leis an togra seo roinnt leasuithe sprioc-dhírithe ar an leagan de TTRB atá ann cheana.
Leasuithe ar Airteagal 2, ar Airteagal 12 agus ar Airteagal 13 de TTRB
Aithnítear i gcaighdeán TLAC agus i TTRB straitéisí réitigh an “Phointe Iontrála Aonair” (‘SPE’) agus na “nIlphointí Iontrála” (‘MPE’). Faoi straitéis SPE, ní dhéantar réiteach ach ar aon ghrúpeintiteas amháin (go hiondúil ar an máthairchuideachta); maidir leis na grúpeintitis eile (ar fochuideachtaí oibriúcháin iad, de ghnáth) ní chuirtear iad sin faoi réiteach: aistríonn siad a gcaillteanais chuig an eintiteas réamhtheachtach lena réiteach. Faoi straitéis MPE, féadfar níos mó ná aon eintiteas amháin a réiteach. Is den tábhacht eintitis atá le réiteach (‘entitis réitigh’) agus fochuideachtaí a ghabhann leo (‘grúpaí réitigh’) a aithint go soiléir ionas gur féidir an straitéis réitigh a theastaíonn a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Ar a bharr sin, is den tábhacht iad a aithint freisin ionas gur féidir a chinneadh cén leibhéal cur i bhfeidhm ba cheart do ghnólachtaí airgeadais a chomhlíonadh i dtaca leis na rialacha maidir le cumas ionsúcháin caillteanais. Ar an ábhar sin, tugtar isteach leis na leasuithe ar Airteagal 2 de TTRB na coincheapa ‘entiteas réitigh’ agus ‘grúpa réitigh’. Leis na leasuithe ar Airteagal 12 agus ar Airteagal 13 a bhaineann le pleananna réitigh grúpa, ceanglaítear go sainráite ar na húdaráis réitigh na heintitis réitigh agus na grúpaí réitigh laistigh de ghrúpa airgeadais a aithint agus na himpleachtaí a d'fhéadfadh bheith ag aon ghníomhaíocht réitigh laistigh de ghrúpa atá beartaithe a mheas mar is iomchuí chun réiteach grúpa éifeachtach a áirithiú.
Leasuithe ar Airteagal 45 de TTRB
Déantar Airteagal 45 a aisghairm agus cuirtear na forálacha nua seo a leanas ina ionad: Airteagail 45, 45a, 45b, 45c, 45d, 45e, 45f, 45g, 45h, 45i agus 45k.
Faoi láthair, déantar an tICDI institiúid-shonrach a thomhas mar chéatadán de dhliteanais iomlán na hinstitiúide i gceist. Leis an leasú ar Airteagal 45, déantar paraiméadair thomhais an ICDI a ailíniú le paraiméadair thomhais an íoscheanglais do GSIIanna mar a fhoráiltear dóibh i gcaighdeán TLAC (‘íoscheanglas TLAC’). Ba cheart, dá bhrí sin, an tICDI institiúid-shonrach a shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca agus thomhas neamhchosanta chóimheas giarála na hinstitiúide lena mbaineann.
Le hAirteagal 45a coinnítear an díolúine ón ICDI atá ann cheana i gcás institiúidí creidmheasa morgáiste ar choinníoll go bhforáiltear sna nósanna imeachta dócmhainneachta náisiúnta nó i nósanna imeachta dá samhail do na creidiúnaithe sin a bhfuil na cuspóirí réitigh á gcomhlíonadh acu caillteanais a ionsú go héifeachtach. Soiléirítear freisin san Airteagal nár cheart institiúidí ag a bhfuil díolúine ón ICDI a áireamh mar chuid den cheanglas comhdhlúite foriomlán ar leibhéal an ghrúpa réitigh.
Sonraítear in Airteagal 45b na critéir incháilitheachta do na hionstraimí agus na hítimí a d’fhéadfaí a chur san áireamh chun an tICDI a chomhlíonadh trína nailíniú go dlúth leis na critéir incháilitheachta dá bhforáiltear i gcaighdeán TLAC d’íoscheanglas TLAC. Is ionann, dá bhrí sin, na critéir sin cé is moite díobh seo a leanas.
Maidir le raon feidhme na nionstraimí a chumhdaítear, is incháilithe ionstraimí fiachais áirithe ag a bhfuil gnéithe díorthacha, amhail nótaí struchtúrtha, is incháilithe iad chun an tICDI a chomhlíonadh ar an ábhar go bhféadfadh cumas leordhóthanach ionsúcháin caillteanais a bheith acu i gcás réitigh. Is éard is nótaí struchtúrtha ann oibleagáidí fiachais ag a bhfuil comhpháirt dhíorthach leabaithe. Déantar an toradh orthu a choigeartú i leith fheidhmíocht sócmhainní tagartha amhail gnáthscaireanna aonair, innéacsanna gnáthscaireanna, cistí, rátaí úis, tráchtearraí nó airgeadraí. Soiléirítear in Airteagal 45b gurb incháilithe nótaí struchtúrtha don ICDI sa mhéid go bhfuil príomhshuim sheasta acu is inaisíoctha tráth a haibíochta; níl nasctha leis an díorthach ach pé toradh breise a bhíonn ann agus braitheann sin ar fheidhmíocht na sócmhainne tagartha. Is é an réasúnaíocht atá leis sin gurb eol roimh ré, tráth na heisiúna, cén phríomhshuim sheasta a bheidh ann, gur cobhsaí dá luach i rith thimthriall an nóta struchtúrtha agus go bhféadfaí tarrtháil inmheánach a dhéanamh air go héasca i gcás réitigh.
Faoi chaighdeán TLAC, ba cheart íoscheanglas TLAC a chomhlíonadh trí úsáid a bhaint as ionstraimí fiachais atá fo-ordaithe den chuid is mó, ag a bhfuil rang níos ísle i dtaca le dócmhainneacht de ná mar atá ag dliteanais shinsearacha atá eisiata go sainráite ó íoscheanglas TLAC amhail taiscí faoi chumhdach, díorthaigh, dliteanais chánach nó dliteanais a bhaineann leis an dlí poiblí. Chun an tICDI institiúid-shonrach a chomhlíonadh, d'fhéadfadh na húdaráis réitigh a éileamh i láthair na huaire, ar bhonn cás ar chás, go ndéanfaí ionstraimí fiachais incháilithe a fho-ordú. Sa bhreis air sin, sonraítear i bhforálacha nua Airteagal 45b go bhféadfadh go gceanglófaí fo-ordú a dhéanamh sa mhéid go mbeidh gá leis chun cur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí a éascú, go sonrach nuair is ríléir gur dócha go niompróidh creidiúnaithe ar a ndéanfar tarrtháil inmheánach caillteanais i gcás réitigh, ar mó iad ná na caillteanais ionchasacha i gcás dócmhainneachta, agus sa mhéid go mbeidh gá leis chun sciar na gcaillteanas a chumhdach ar mó iad ná na caillteanais ionchasacha dócmhainneachta, agus sa mhéid sin amháin. Ba cheart aon fho-ordú a iarrfaidh údaráis réitigh don ICDI institiúid-shonrach a bheith gan dochar don fhéidearthacht íoscheanglas TLAC a chomhlíonadh go páirteach le hionstraimí fiachais neamh-fho-ordaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus le caighdeán TLAC.
Sonraítear in Airteagal 45c na coinníollacha maidir le hICDI na neintiteas uile a chinneadh. De bharr an ICDI ba cheart go bhféadfadh bainc na caillteanais lena bhfuiltear ag súil i gcás réitigh a ionsú agus go bhféadfaidís athchaipitliú a dhéanamh orthu féin tar éis an réitigh. Tabharfaidh na húdaráis réitigh údar iomchuí le leibhéal an ICDI a forchuireadh ar bhonn na straitéise réitigh a roghnaíodh. Mar sin, níor cheart an leibhéal sin a bheith os cionn shuim mhéid na gcaillteanas lena bhfuiltear ag súil i gcás réitigh, a chomhfhreagraíonn do cheanglais cistí dísle na ninstitiúidí féin agus do mhéid an athchaipitliúcháin lena bhféadfaidh an teintiteas, tar éis an réitigh, na ceanglais cistí dílse sin dá chuid a chomhlíonadh is gá lena ghníomhaíochtaí féin a shaothrú faoin straitéis réitigh a roghnaíodh. Ba cheart an tICDI a shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca agus thomhas neamhchosanta an chóimheasa giarála agus ba cheart d’institiúidí na leibhéil a bheidh mar thoradh ar an dá thomhas sin a chomhlíonadh in éineacht.
Maidir le GSIIanna, sonraítear in Airteagal 45d nach bhféadfaí forlíontán institiúid-sonrach le híosleibhéal TLAC dá bhforáiltear i gcaighdeán TLAC, nach bhféadfaí sin a fhorchur ach amháin i gcás nach leor an tíosleibhéal chun caillteanais GSII a ionsú agus é a athchaipitliú faoin straitéis réitigh a roghnaíodh.
Mar a bhí i gceist sa togra lena leasaítear CRD, tugtar isteach le hAirteagal 45e den togra seo coincheap na ‘treorach’ i TTRB. Dá bharr sin, is féidir le húdaráis réitigh ceangal a chur ar institiúidí leibhéil níos airde ICDI a chomhlíonadh agus is féidir ag an am céanna aghaidh a thabhairt ar bhealach níos solúbtha ar aon sáruithe ar na leibhéil sin, go háirithe trí mhaolú a dhéanamh ar éifeachtaí uathoibríocha sáruithe den sórt sin i bhfoirm teorainneacha a chur leis na hUasmhéideanna Indáilte. Go háirithe, le hAirteagal 45e ceadaítear d’údaráis réitigh a cheangal ar institiúidí méideanna breise a chomhlíonadh chun caillteanais i gcás réitigh atá níos airde ná mar a bheifí ag súil leis i ngnáthchás réitigh a chumhdach (i.e. níos airde ná leibhéal na gceanglas cistí dílse atá ann faoi láthair) agus chun a áirithiú go mbeidh muinín leordhóthanach sa mhargadh as an eintiteas tar éis an réitigh (i.e. sa bhreis ar an méid athchaipitliúcháin is gá). Ar a shon sin, sonraítear in Airteagal 45e nár cheart i gcás na coda sin den cheanglas a bhaineann le hionsú caillteanais go sáródh leibhéal na treorach leibhéal na ‘treorach caipitil’ nuair a iarrfaidh údaráis mhaoirseachta treoir den sórt sin mar chuid den tástáil struis mhaoirseachta chun caillteanais os cionn na ngnáthcheanglas a chumhdach. Maidir le cuid an athchaipitliúcháin, ba cheart do leibhéal na treorach sin lena náirithítear muinín a bheith sa mhargadh, ba cheart dó a cheadú d'institiúidí tar éis an réitigh na ceanglais údarúcháin atá orthu a chomhlíonadh ar feadh tréimhse iomchuí. Níor cheart an maolán muiníne margaidh seo a bheith os cionn an chomhcheanglais maoláin faoi Threoir 2013/36/AE, mura gá leibhéal níos airde chun a áirithiú go leanfaidh an teintiteas, tar éis dhéanamh an réitigh, de na coinníollacha maidir lena údarú a chomhlíonadh ar feadh tréimhse iomchuí.
Pléitear in Airteagal 45f agus in Airteagal 45g le leibhéal cur i bhfeidhm an ICDI. Maidir le hinstitiúidí a cháilíonn mar eintitis réitigh, beidh feidhm ag an ICDI maidir leo ar leibhéal an ghrúpa réitigh chomhdhlúite agus ar an leibhéal sin amháin. Fágann sin go mbeidh oibleagáid ar eintitis réitigh ionstraimí (fiachais) incháilithe a eisiúint chuig creidiúnaithe tríú tír seachtracha a ndéanfaí tarrtháil inmheánach orthu i gcás ina dtionscnófaí próiseas réitigh i leith an eintitis réitigh (i.e grúpa réitigh). Maidir le heintitis eile sa ghrúpa, tugtar isteach leis an togra coincheap ICDI ‘inmheánaigh’ i gcomhréir lena chomhshamhail de choincheap a tugadh isteach le caighdeán TLAC. Fágann sin gur cheart do na heintitis eile sa ghrúpa réitigh nach eintitis réitigh iad féin, gur cheart dóibh ionstraimí (fiachais) incháilithe a eisiúint ar bhonn inmheánach laistigh den ghrúpa réitigh, i.e. ba cheart d’eintitis réitigh ionstraimí den sórt sin a cheannach. I gcás ina sroicheann eintiteas sa ghrúpa réitigh, nach eintitis réitigh é féin, pointe nach mbeidh inmharthanacht ann, déanfar ionstraimí den sórt sin a dhíluacháil nó a chomhshó ina ngnáthscaireanna agus aistreofar caillteanais an eintitis sin chuig an eintiteas réamhtheachtach réitigh ansin lena réiteach. Is é an príomhbhuntáiste a bhaineann leis an ICDI inmheánach gur féidir dá bharr eintiteas sa ghrúpa réitigh (ag a bhfuil feidhmeanna criticiúla) a athchaipitliú gan próiseas foirmiúil réitigh a thionscnamh, rud a d’fhéadfadh suaitheadh a bhaint as an margadh. Ba cheart mar sin féin cur i bhfeidhm an cheanglais seo a bheith ag teacht leis an straitéis réitigh a roghnaíodh, go sonrach níor cheart dó an gaol úinéireachta idir an teintiteas agus an grúpa réitigh a athrú i ndiaidh a athchaipitlithe. Sonraítear sa togra freisin go bhféadfaí, ach bearta coimirce áirithe a dhéanamh, ráthaíochtaí comhthaobhaithe idir an teintiteas réitigh agus eintitis eile de chuid an ghrúpa réitigh a chur in ionad an ICDI inmheánaigh, ráthaíochtaí a d’fhéadfaí a thionscnamh ar na coinníollacha uainiúcháin céanna atá socraithe do na hionstraimí is incháilithe do ICDI inmheánach. Áirítear go háirithe sna bearta coimirce atá beartaithe comhaontú a fháil ó na húdaráis réitigh ábhartha i dtaca le comhthaobhacht fhíorleachtach lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh a chur in ionad an ICDI inmheánaigh agus in ionad urrús comhthaobhach a sholáthar don ráthaíocht a thug an teintiteas réitigh dá fhochuideachta. Coinnítear leis an togra freisin an deis atá ann cheana agus ar fáil d'údaráis réitigh fhochuideachtaí an eintitis réitigh an ICDI is infheidhme maidir leis na fochuideachtaí sin a tharscaoileadh sa tslánchruinne más rud é go bhfuil an teintiteas réitigh agus a fhochuideachtaí araon bunaithe sa Bhallstát céanna.
Foráiltear le hAirteagal 45h do nós imeachta lena gcinnfear an tICDI do ghrúpa réitigh. Is iad údarás réitigh an eintitis réitigh, an túdarás réitigh ar leibhéal an ghrúpa (údarás réitigh an mháthairghnóthais deiridh) agus údaráis réitigh na neintiteas eile sa ghrúpa réitigh, is iad sin atá freagrach as leibhéal an cheanglais a shocrú. Tá aon díospóidí idir na húdaráis faoi réir cumhachtaí ÚBE faoi Rialachán ÚBE.
Leasuithe ar Airteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 45k
Pléitear sna leasuithe sin le sáruithe ar an ICDI. Liostaítear in Airteagal 45k na cumhachtaí atá ag údaráis réitigh i gcás sáruithe ar an ICDI. Ó d’fhéadfadh sárú ar an ICDI bheith ina bhac ar inréititheacht institiúide nó grúpa, giorraítear le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 18 an nós imeachta atá ann faoi láthair chun deireadh a chur le baic ar inréititheacht ionas gur féidir aghaidh a thabhairt gan mhoill ar aon sáruithe ar an ICDI. Leis na hairteagail sin bronntar freisin cumhachtaí nua ar údaráis réitigh ionas gur féidir ceangal a chur ar institiúidí modhnuithe ar phróifílí aibíochta ionstraimí a dhéanamh mar aon le pleananna chun leibhéal an ICDI a athshlánú.
Leasuithe ar Airteagal 55
Is éard atá i gceist leis na leasuithe ar Airteagal 55 de TTRB go gcuirfeadh an túdarás réitigh an ceanglas dá bhforáiltear san Airteagal sin i bhfeidhm ar bhealach comhréireach. Is féidir leis an údarás réitigh, trí bhíthin tarscaoileadh, institiúidí a dhíolmhú ón oibleagáid atá orthu clásail maidir le haithint tarrthála inmheánaigh a áireamh i gcomhaontuithe nó in ionstraimí a rialaítear le dlíthe tríú tír, má chinneann sé nach gcuirfeadh sin bac ar inréititheacht an bhainc agus gur dodhéanta an ní go dlíthiúil, go conarthach, nó go heacnamaíoch do na bainc na clásail maidir le haithint tarrthála inmheánaigh a áireamh i gcás dliteanais áirithe. Sna cásanna sin, níor cheart na dliteanais sin a chur san áireamh chun críocha an ICDI agus ba cheart rang níos airde a bheith acu ná mar atá ag dliteanais is incháilithe don ICDI chun an riosca a laghdú go sárófar an prionsabal ar dá réir nach féidir aon duine de na creidiúnaithe a fhágáil faoi mhíbhuntáiste (prionsabal NCWO). I ndáil leis an méid sin, ní dhéanfar leis an togra an tarrtháil inmheánach a lagú.
Leasuithe ar Airteagal 59 agus ar Airteagal 60
Áirithítear leis na leasuithe ar Airteagal 59 agus ar Airteagal 60 go bhféadfaí ionstraimí is incháilithe don ICDI inmheánach seachas ionstraimí caipitil (ionstraimí fiachais) a dhíluacháil nó a chomhshó ina ngnáthscaireanna i gcás ina sroicheann an teintiteas réitigh sa ghrúpa, nach é an teintiteas réitigh é a d’eisigh iad, i gcás ina sroicheann sé pointe nach mbeidh inmharthanacht ann.
Leasuithe ar Airteagal 27, ar Airteagal 29a nua, agus leasuithe ar Airteagal 63 faoin moratorium
Foráiltear leis an leasú ar Airteagal 27 d’uirlis moratorium nua a úsáidfear ag céim an réamhréitigh, agus go sonrach mar chumhacht luath-idirghabhála.
Leagtar síos, in Airteagal 29a atá curtha leis, na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm an moratorium luath-idirghabhála. Cuirtear in iúl san fhoráil gur féidir an chumhacht sin a chur i bhfeidhm nuair is gá sin chun a chinneadh an bhfuil gá le bearta luath-idirghabhála nó an bhfuil ag cliseadh ar an institiúid nó an dócha go gclisfidh uirthi. Sonraítear ann raon feidhme na cumhachta fionraí agus fad na cumhachta sin nach mairfidh níos sia ná cúig lá oibre.
I measc na gcumhachtaí réitigh ginearálta a thugtar isteach leis an leasú ar Airteagal 63 tá an chumhacht chun íocaíochtaí a fhionraí nuair is gá sin ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach uirlis réitigh amháin nó níos mó nó chun críocha an mheasúnaithe de bhun Airteagal 36. Sonraítear ann raon feidhme na cumhachta fionraí agus fad na cumhachta sin nach mairfidh níos sia ná cúig lá oibre.
Forálacha eile
Tá roinnt leasuithe beartaithe chun a áirithiú go ndéanfar tuairisciú maoirseachta agus nochtadh poiblí mar is iomchuí.
Tá roinnt de na leasuithe dírithe ar an ailtireacht rialála agus an chinnteoireacht mar a bhaineann sin leis an gceanglas a chur i bhfeidhm ar institiúidí tríú tír atá bunaithe san Aontas. I leasuithe eile déantar soiléiriú maidir le láimhseáil contrapháirtithe lárnacha faoi TTRB agus faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais tar éis togra le haghaidh Creat um théarnamh agus réiteach do chontrapháirtithe lárnacha a ghlacadh, amhail láimhseáil contrapháirtithe lárnacha ag a bhfuil ceadúnas baincéireachta. Moladh leasuithe spriocdhírithe ar na Treoracha maidir le Dlí na gCuideachtaí chun réiteach éifeachtach ar na contrapháirtithe lárnacha a áirithiú.
Tá sé de cheangal ar na Ballstáit an togra seo a thrasuí ina ndlíthe náisiúnta laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm. Tá sé de cheangal ar na hinstitiúidí lena mbaineann na forálacha nua a chomhlíonadh laistigh de shé mhí ó dháta an trasuite. Tá sé de cheangal ar ÚBE tuairisc a thabhairt don Choimisiún dhá uair sa bhliain faoin gcaoi a mbeidh na ceanglais á gcur chun feidhme agus á gcur i bhfeidhm acu ar fud an Aontais.
2016/0362 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le cumas ionsúcháin caillteanais agus cumas athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE, 2002/47/CE, 2012/30/AE, 2011/35/AE, 2005/56/CE, 2004/25/CE agus 2007/36/CE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)D'fhoilsigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB) Bileog Téarmaí (‘caighdeán TLAC’) an chumais iomláin ionsúcháin caillteanais (TLAC) an 9 Samhain 2015 agus d'fhormhuinigh G-20 é i Samhain 2015. De réir chaighdeán TLAC, ní mór do na bainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (‘G-SIBanna’), dá ngairtear institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (‘GSIIanna’), i gcreat an Aontais, ní mór dóibh íosmhéid leordhóthanach dliteanas ardionsúcháin caillteanais (atá intarrthála go hinmheánach) a bheith ina seilbh chun a áirithiú go nionsófar na caillteanais agus go ndéanfar athchaipitliú go mín agus go tapúil. Sa teachtaireacht uaidh an 24 Samhain 2015, gheall an Coimisiún go gcuirfeadh sé togra reachtach chun cinn faoi dheireadh 2016, togra lena bhféadfaí caighdeán TLAC a chur chun feidhme faoin sprioc-am a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, mar atá 2019.
(2)Nuair a bheifear ag cur chaighdeán TLAC chun feidhme san Aontas, ní mór an tíoscheanglas institiúid-sonrach atá ann cheana maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (‘ICDI’) a chur san áireamh, íoscheanglas is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta uile an Aontais agus a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ós rud é go bhfuil an taon chuspóir amháin ag an TLAC agus ag an ICDI, mar atá a áirithiú go mbeidh cumas leordhóthanach ionsúcháin caillteanais ag institiúidí an Aontais, ba cheart an dá cheanglas a bheith ina ngnéithe comhlántacha de chomhchreat. Ó thaobh na hoibríochta, ba cheart íosleibhéal comhchuibhithe chaighdeán TLAC do GSIIanna (‘íoscheanglas TLAC’) a thabhairt isteach i reachtaíocht an Aontais trí leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus ba cheart an forlíontán institiúid-sonrach do GSIIanna agus an ceanglas institiúid-sonrach d'eintitis nach GSIIanna iad, dá ndéantar tagairt mar íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, ba cheart aghaidh a thabhairt orthu le leasuithe spriocdhírithe ar Threoir 2014/59/AE agus ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014. Ba cheart forálacha ábhartha na Treorach seo maidir le cumas ionsúcháin caillteanais agus cumas athchaipitliúcháin na ninstitiúidí a chur i bhfeidhm in éineacht leo sin go comhsheasmhach sna píosaí reachtaíochta thuasluaite agus i dTreoir 2013/36/AE.
(3)In éagmais rialacha comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme chaighdeán TLAC san Aontas, chuirfí costais bhreise ar institiúidí, bheadh éiginnteacht dhlíthiúil ann agus ba dheacra an uirlis tarrthála inmheánaigh le haghaidh institiúidí trasteorann a chur i bhfeidhm. In éagmais na rialacha comhchuibhithe sin ar leibhéal an Aontais thiocfadh saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach chun cinn freisin ar an ábhar go bhféadfadh na costais a bheadh ar institiúidí i dtaca leis na ceanglais atá ann faoi láthair agus caighdeán TLAC a chomhlíonadh, go bhféadfaidís sin bheith anéagsúil ó Bhallstát go chéile. Is den riachtanas, dá bhrí sin, deireadh a chur leis na baic sin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus an saobhadh iomaíochta a sheachaint a thiocfadh chun cinn in éagmais rialacha comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme chaighdeán TLAC. Dá réir sin, is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí iomchuí don Treoir seo, mar a léirmhínítear é i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
(4)I gcomhréir le caighdeán TLAC, ba cheart aitheantas a thabhairt fós i dTreoir 2014/59/AE do straitéisí réitigh an Phointe Iontrála Aonair (SPE) agus na nIlphointí Iontrála (MPE). Faoi straitéis SPE, ní dhéantar réiteach ach ar aon ghrúpeintiteas amháin, go hiondúil ar an máthairghnóthas; maidir leis na grúpeintitis eile, ar fochuideachtaí oibriúcháin iad de ghnáth, ní chuirtear iad sin faoi réiteach: aistríonn siad a gcaillteanais agus a riachtanais athchaipitliúcháin chuig an eintiteas réamhtheachtach lena réiteach. Faoi straitéis MPE, féadfar níos mó ná aon eintiteas amháin a réiteach. Is den tábhacht eintitis atá le réiteach (‘entitis réitigh’) agus fochuideachtaí a ghabhann leo (‘grúpaí réitigh’) a aithint go soiléir ionas gur féidir an straitéis réitigh a theastaíonn a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Is den tábhacht iad a aithint freisin ionas gur féidir a chinneadh cén leibhéal cur i bhfeidhm ba cheart do ghnólachtaí airgeadais a chomhlíonadh i dtaca leis na rialacha maidir le cumas ionsúcháin caillteanais agus cumas athchaipitliúcháin. Is den riachtanas, dá bhrí sin, coincheapa an ‘eintitis réitigh’ agus an ‘ghrúpa réitigh’ a thabhairt isteach agus leasú a dhéanamh ar Threoir 2014/59/AE a bhaineann le pleananna réitigh grúpa chun é a chur de cheangal go sainráite ar na húdaráis réitigh na heintitis réitigh agus na grúpaí réitigh laistigh de ghrúpa a aithint agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh bheith ag aon ghníomhaíocht réitigh laistigh de ghrúpa atá beartaithe a mheas mar is iomchuí chun réiteach grúpa éifeachtach a áirithiú.
(5)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil cumas leordhóthanach ionsúcháin caillteanais agus cumas leordhóthanach athchaipitliúcháin ag institiúidí chun a áirithiú go nionsófar na caillteanais agus go ndéanfar athchaipitliú go mín agus go tapúil sa chaoi go mbeidh an tionchar is lú is féidir ar chobhsaíocht airgeadais agus ar cháiníocóirí. Chun é sin a dhéanamh ba cheart d'institiúidí an ceanglas institiúid-sonrach maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (‘ICDI’) a chomhlíonadh dá bhforáiltear i dTreoir 2014/59/AE.
(6)Chun na hainmneoirí lena dtomhaistear cumas ionsúcháin caillteanais agus cumas athchaipitliúcháin na ninstitiúidí a ailíniú leis na hainmneoirí dá bhforáiltear i gcaighdeán TLAC, ba cheart an tICDI a shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca agus thomhas neamhchosanta chóimheas giarála na hinstitiúide lena mbaineann.
(7)Na critéir incháilitheachta i leith dliteanais atá intarrthála go hinmheánach le haghaidh an ICDI, ba cheart iad a ailíniú go dlúth leis na critéir a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh íoscheanglas TLAC, agus é sin i gcomhréir leis na coigeartuithe agus na ceanglais chomhlántacha a thugtar isteach sa Treoir seo. Ba cheart, go háirithe, go mbeadh ionstraimí fiachais áirithe ag a bhfuil comhpháirt dhíorthach leabaithe, amhail nótaí struchtúrtha áirithe, ba cheart go mbeidís sin incháilithe chun an tICDI a chomhlíonadh sa mhéid go bhfuil príomhshuim sheasta acu is inaisíoctha tráth a haibíochta; níl nasctha leis an díorthach ach pé toradh breise a bhíonn ann agus braitheann sin ar fheidhmíocht na sócmhainne tagartha. I bhfianaise a bpríomhshuime seasta, ba cheart go mbeadh cumas ardionsúcháin caillteanais ag na hionstraimí sin agus go bhféadfaí tarrtháil inmheánach a dhéanamh orthu go héasca i gcás réitigh.
(8)Tá na dliteanais uile ar toradh iad ar éilimh creidiúnaithe neamhthosaíochta gan urrús (dliteanais neamh-fho-ordaithe) san áireamh sa raon dliteanas lenar féidir an tICDI a chomhlíonadh, ach amháin i gcás nach gcomhlíonann siad na sainchritéir incháilitheachta dá bhforáiltear sa Treoir seo. Chun feabhas a chur ar inréititheacht institiúidí trí úsáid éifeachtach a bhaint as an uirlis tarrthála inmheánaí, ba cheart é a bheith ar chumas údarás réitigh a cheangal go ndéanfar an tICDI a chomhlíonadh trí bhíthin dliteanais fo-ordaithe, go háirithe nuair is ríléir gur dócha go niompróidh creidiúnaithe ar a ndéanfar tarrtháil inmheánach, go niompróidh siad caillteanais i gcás réitigh ar mó iad ná a gcaillteanais ionchasacha i gcás dócmhainneachta. An ceanglas maidir le hICDI a chomhlíonadh le dliteanais fo-ordaithe, níor cheart sin a iarraidh ach amháin a mhéid is gá chun a áirithiú nach mó caillteanais creidiúnaithe i gcás réitigh ná na caillteanais a thabhóidís i gcás dócmhainneachta. Ba cheart aon fho-ordú ar ionstraimí fiachais a iarrfaidh údaráis réitigh chun críocha an ICDI a bheith gan dochar don fhéidearthacht íoscheanglas TLAC a chomhlíonadh go páirteach le hionstraimí fiachais neamh-fho-ordaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus mar a cheadaítear de réir chaighdeán TLAC.
(9)De bharr an ICDI ba cheart go bhféadfadh institiúidí na caillteanais lena bhfuiltear ag súil i gcás réitigh a ionsú agus go bhféadfaidís athchaipitliú a dhéanamh orthu féin tar éis an réitigh. Ba cheart do na húdaráis réitigh, ar bhonn na straitéise réitigh a roghnaigh siad, údar cuí a thabhairt le leibhéal an ICDI a d’fhorchuir siad, go háirithe maidir lena riachtanaí atá an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE agus maidir le leibhéal an cheanglais sin i dtaca le méid an athchaipitliúcháin. Mar sin, is é ba cheart a bheith sa leibhéal sin suim mhéid na gcaillteanas lena bhfuiltear ag súil i gcás réitigh, a chomhfhreagraíonn do cheanglais cistí dísle na hinstitiúide féin agus do mhéid an athchaipitliúcháin lenar féidir leis an institiúid, tar éis an réitigh, na ceanglais cistí dílse sin dá chuid a chomhlíonadh is gá lena ghníomhaíochtaí féin a shaothrú faoin straitéis réitigh a roghnaíodh. Ba cheart an tICDI a shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca agus thomhas neamhchosanta an chóimheasa giarála agus ba cheart d’institiúidí na leibhéil a bheidh mar thoradh ar an dá thomhas sin a chomhlíonadh in éineacht. Ba cheart an deis a bheith ag an údarás réitigh na méideanna athchaipitliúcháin a choigeartú i gcásanna cuí-réasúnaithe chun a léiriú ar bhonn leordhóthanach freisin cé na rioscaí méadaithe a dhéanann difear don inréititheacht is toradh ar shamhail ghnó an ghrúpa réitigh, ar a phróifíl cistiúcháin agus ar a phróifíl ghinearálta riosca agus an deis a bheith acu, dá bhrí sin, i ndálaí teoranta den sórt sin, a cheangal go sárófaí na méideanna athchaipitliúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3 agus de mhír 4 d'Airteagal 45c.
(10)Chun inréititheacht na GSIIanna a fheabhsú, ba cheart an deis a bheith ag an údarás réitigh ICDI institiúid-sonrach a fhorchur orthu sin sa bhreis ar íoscheanglas TLAC a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Féadfar an tICDI institiúid-sonrach sin a fhorchur i gcás nach leor íoscheanglas TLAC chun caillteanais GSII a ionsú agus chun athchaipitliú a dhéanamh air faoin straitéis réitigh a roghnaíodh, agus sa chás sin amháin.
(11)Agus leibhéal an ICDI á shocrú, ba cheart do na húdaráis réitigh méid na tábhachta sistéamaí atá le hinstitiúid a chur san áireamh chomh maith leis an drochthionchar ar an gcobhsaíocht airgeadais a d’fhéadfadh bheith ann dá gclisfí uirthi. Ba cheart dóibh an gá atá le cothrom iomaíochta idir na GSIIanna agus institiúidí inchomparáide eile san Aontas a bhfuil tábhacht shistéamach leo a chur san áireamh. Dá bhrí sin, níor cheart go nimeodh ICDI na ninstitiúidí sin nach bhfuil aitheanta mar GSIIanna ach a bhfuil tábhacht shistéamach leo atá inchomparáide le tábhacht shistéamach na GSIIanna, níor cheart go nimeodh sin go díréireach ó leibhéal an ICDL agus óna chomhdhéanamh sin atá socraithe i gcoitinne do GSIIanna.
(12)Ar nós na gcumhachtaí a thugtar do na húdaráis inniúla le Treoir 2013/36/AE, ba cheart cead a thabhairt leis an Treoir seo d’údaráis réitigh ceangal a chur ar institiúidí leibhéil níos airde ICDI a chomhlíonadh agus b’fhéidir ag an am céanna aghaidh a thabhairt ar bhealach níos solúbtha ar aon sáruithe ar na leibhéil sin, go háirithe trí mhaolú a dhéanamh ar éifeachtaí uathoibríocha na sáruithe sin i bhfoirm teorainneacha a chur leis na hUasmhéideanna Indáilte. Ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis réitigh treoir a thabhairt d'institiúidí ionas go bhféadfaidís méideanna breise a sholáthar chun caillteanais a chumhdach i gcás réitigh, caillteanais is mó ná an leibhéal cistí dílse a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE agus/nó chun a áirithiú gur leor an mhuinín a bheidh ag an margadh as an institiúid tar éis an réitigh. Chun comhsheasmhacht le Treoir 2013/36/AE a áirithiú, ní fhéadfar treoir a thabhairt maidir le caillteanais bhreise a chumhdach ach i gcás inar iarr na húdaráis inniúla maoirseachta an ‘treoir chaipitil’ i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE, agus sa chás sin amháin, agus níor cheart an treoir sin a bheith os cionn an leibhéil a iarradh sa Treoir sin. Maidir le méid an athchaipitliúcháin, ba cheart, de bharr an leibhéil a iarradh sa Treoir chun muinín a áirithiú sa mhargadh, ba cheart go bhféadfadh institiúidí leanúint de na ceanglais údarúcháin atá orthu a chomhlíonadh ar feadh tréimhse iomchuí, lena náirítear tríd an deis a thabhairt don institiúid na costais a chumhdach a bhaineann le hathstruchtúrú a gníomhaíochtaí tar éis an réitigh. Níor cheart an maolán muiníne margaidh a bheith os cionn an chomhcheanglais maoláin chaipitil faoi Threoir 2013/36/AE, mura gá leibhéal níos airde chun a áirithiú go leanfaidh an teintiteas, tar éis dhéanamh an réitigh, de na coinníollacha maidir lena údarú a chomhlíonadh ar feadh tréimhse iomchuí. Má bhíonn eintiteas go leanúnach gan cistí dílse breise agus dliteanais incháilithe bhreise a bheith aige de réir mar a bhíothas ag súil leis faoin treoir, ba cheart an deis a bheith ag an údarás réitigh a cheangal go méadófar méid an ICDI chun méid na treorach a chumhdach. Chun gur féidir leis a mheas an ann do chliseadh leanúnach, ba cheart don údarás réitigh tuairisciú an eintitis maidir leis an ICDI mar a cheanglaítear leis an Treoir seo a chur san áireamh.
(13)I gcomhréir le Rialachán Uimh. 575/2013, ba cheart institiúidí a cháilíonn mar eintitis réitigh a bheith faoi réir an ICDI ar leibhéal an ghrúpa réitigh chomhdhlúite agus ar an leibhéal sin amháin. Fágann sin gur cheart oibleagáid a bheith ar eintitis réitigh ionstraimí agus ítimí is incháilithe ar mhaithe le comhlíonadh an ICDI a eisiúint chuig creidiúnaithe tríú tír seachtracha a ndéanfaí tarrtháil inmheánach orthu i gcás ina dtionscnófaí próiseas réitigh i leith an eintitis réitigh.
(14)Institiúidí nach eintitis réitigh iad ba cheart dóibh an tICDL a chomhlíonadh ar an leibhéal aonair. Ba cheart dá neintitis réitigh féin, de ghnáth, riachtanais ionsúcháin caillteanais agus riachtanais athchaipitliúcháin na ninstitiúidí sin a chumhdach agus is é ba ceart do na heintitis réitigh a dhéanamh chuige sin na dliteanais incháilithe a d'eisigh na hinstitiúidí sin a fháil agus iad a dhíluacháil agus a chomhshó ina nionstraimí úinéireachta tráth nach mbeidh na hinstitiúidí sin inmharthana a thuilleadh. Mar sin, an tICDI is infheidhme maidir le hinstitiúidí nach eintitis réitigh iad ba cheart é a chur i bhfeidhm ar dhóigh leanúnach i dteannta na gceanglas is infheidhme maidir le heintitis réitigh. Ba cheart, dá bharr sin, go bhféadfadh eintitis réitigh grúpa réitigh a réiteach gan roinnt dá fhochuideachtaí a chur faoi réiteach, rud a chuirfeadh cosc le haon suaitheadh sa mhargadh a d'fhéadfadh titim amach murach sin. Faoi réir comhaontú ina leith idir údaráis réitigh an eintitis réitigh agus a fhochuideachta, ba cheart go bhféadfaí ráthaíochtaí comhthaobhaithe idir an teintiteas réitigh agus a fhochuideachtaí a chur in ionad eisiúint dliteanas incháilithe chuig eintitis réitigh, ráthaíochtaí is féidir a thionscnamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha uainiúcháin céanna atá ann maidir le díluacháil nó comhshó dliteanas inmheánach. Ba cheart an deis a bheith ag údaráis réitigh fhochuideachtaí an eintitis réitigh cur i bhfeidhm an ICDI is infheidhme maidir le hinstitiúidí nach eintitis réitigh iad, ba cheart an deis a bheith acu an cur i bhfeidhm sin a tharscaoileadh go hiomlán más rud é go bhfuil an teintiteas réitigh agus a fhochuideachtaí araon bunaithe in aon Bhallstát amháin. Ba cheart an tICDI a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí i gcomhréir leis an straitéis réitigh a roghnaíodh agus go háirithe níor cheart an cur i bhfeidhm sin an gaol úinéireachta idir institiúidí agus a ngrúpa réitigh a athrú tar éis athchaipitliú na ninstitiúidí sin.
(15)Chun a áirithiú go mbeidh leibhéil na nICDIanna iomchuí ann chun críocha réitigh, ba cheart údarás réitigh an eintitis réitigh, an túdarás réitigh ar leibhéal an ghrúpa, mar atá údarás réitigh an mháthairghnóthais deiridh, agus údaráis réitigh na neintiteas eile atá sa ghrúpa réitigh a bheidh freagrach mar údaráis as leibhéal an ICDI a shocrú. Ba cheart aon díospóidí idir údaráis a bheith faoi réir chumhachtaí an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) faoi Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha dá bhforáiltear sa Treoir seo.
(16)Ba cheart d'údaráis inniúla agus réitigh aghaidh a thabhairt ar aon sáruithe ar íoscheanglas TLAC agus ICDI agus iad a leigheas. Ós rud é gurbh fhéidir go mbeadh sárú ar na ceanglais sin in bhacainn roimh inréititheacht institiúide nó grúpa, ba cheart na nósanna imeachta atá ann cheana chun bacainní roimh inréititheacht a ghiorrú chun go dtabharfar aghaidh go tapa ar aon sáruithe ar na ceanglais. Lena chois sin, ba cheart é a bheith ar chumas na núdarás réitigh é a chur de cheangal ar institiúidí próifílí aibíochta ionstraimí agus ítimí incháilithe a mhionathrú agus pleananna a ullmhú agus a chur chun feidhme chun leibhéal na gceanglas sin a athchóiriú.
(17)Chun a áirithiú go gcuirfear an ICDI i bhfeidhm go trédhearcach, ba cheart d'institiúidí tuairsiciú dá núdarás inniúla agus réitigh agus leibhéil na ndliteanas incháilithe agus comhdhéanamh na ndliteanas sin, lena náirítear a bpróifíl aibíochta agus a naicmiú i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta a nochtadh go tráthrialta don phobal. Ba cheart comhsheasmhacht a bheith i minicíocht an tuairiscithe maoirseachta ar a mhéid a chomhlíontar ceanglais cistí dílse agus na hICDIanna.
(18)Ba cheart a áirithiú leis an gceanglas aithint chonarthach éifeachtaí na huirlise tarrthála inmheánaí i gcomhaontuithe nó ionstraimí lena gcruthaítear dliteanais atá faoi réir dlíthe tríú tíortha gur féidir na dliteanais sin a thárrtháil go hinmheánach má dhéantar réiteach. Mura ndéanfar nó go dtí go ndéanfar creata aitheanta reachtacha chun gur féidir réiteach trasteorann éifeachtach a dhéanamh a ghlacadh sna dlínsí tríú tír uile, ba cheart go mbeadh réiteach le fáil i socruithe conarthacha, má bhíonn siad dréachtaithe mar is ceart agus glactha go forleathan. Má bhíonn creata aitheanta ar bun féin, ba cheart go gcuideodh socruithe aitheanta conarthacha an deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht aitheanta trasteorann gníomhartha réitigh a dhaingniú. Is féidir go mbeidh cásanna ann, áfach, nach mbeidh sé indéanta d'institiúidí na téarmaí conarthacha sin a chur isteach i gconarthaí nó in ionstraimí lena gcruthaítear dliteanais áirithe, go háirithe dliteanais nach bhfuil eisiata ón uirlis tarrthála inmheánaí faoi Threoir 2014/59/AE, taiscí faoi chumhdach nó ionstraimí cistí dílse. Níl sé indéanta, go háirithe, d'institiúidí téarmaí conarthacha maidir le héifeachtaí na huirlise tarrthála inmheánaí a chur isteach i gcomhaontuithe nó in ionstraimí lena gcruthaítear dliteanais áirithe, má tá na téarmaí conarthacha sin neamhdhleathach sna tríú tíortha lena a mbaineann nó mura bhfuil sé de chumhacht margaíochta ag na hinstitiúidí na téarmaí conarthacha sin a fhorchur. Dá bhrí sin, ba cheart na húdaráis réitigh a bheith in ann tarscaoileadh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an cheanglais na téarmaí conarthacha sin a chur isteach i gcás ina mbainfeadh costais mhíréireacha ar institiúidí leis na téarmaí conarthacha sin agus mura dtabharfadh na dliteanais a thiocfadh as sin cumas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitlithe suntasach sa réiteach. Mar sin féin, níor cheart brath ar an tarscaoileadh má thugann líon comhaontuithe nó dliteanas le chéile cumas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitlithe suntasach sa réiteach. Lena chois sin, chun a áirithiú nach ndéanfar difear d'inréititheacht institiúidí, níor cheart dliteanais a bhaineann tairbhe as tarscaoilte a bheith incháilithe d'ICDL.
(19)Chun an chobhsaíocht airgeadais a choimeád, tá sé tábhachtach go mbeidh na húdaráis inniúla in ann an meath ar staid airgeadais agus eacnamaíoch institiúide a leigheas sula mbeidh an institiúid sin ag céim nach bhfuil aon rogha ag na húdaráis ach í a réiteach. Chuige sin, ba cheart cumhachtaí luath-idirghabhála iomchuí a thabhairt do na húdaráis inniúla. Ba cheart an chumhacht oibleagáidí conarthacha áirithe a chur ar fionraí, ar feadh an ama is lú is gá, a bheith ar cheann de na cumhachtaí luath-idirghabhála sin. Ba cheart an chumhacht cur ar fionraí sin a dhearadh go cruinn agus níor cheart í a fheidhmiú ach más gá sin chun a shuí an bhfuil gá le cumhachtaí luath-idirghabhála nó chun a chinneadh an bhfuil ag cliseadh ar an institiúid nó an dócha go gclisfidh uirthi. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an gcumhacht cur ar fionraí sin maidir le hoibleagáidí a bhaineann le rannpháirtíocht i gcórais a ainmníodh faoi Threoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, contrapháirtithe lárnacha agus bainc ceannais lena náirítear contrapháirtithe lárnacha tríú tír a aithníonn an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA). Níor cheart feidhm a bheith léi maidir le taiscí faoi chumhdach. Is éard ba cheart a bheith sna cumhachtaí luath-idirghabhála, na cumhachtaí dá bhforáiltear cheana i dTreoir 2013/36/AE le haghaidh cásanna seachas na cásanna a mheastar a bheith ina luath-idirghabháil maille le cásanna ina meastar gur gá sláine airgeadais institiúide a athbhunú.
(20)Chun go ndéanfar réiteach éifeachtúil, agus go háirithe chun nach mbeidh coinbhleachtaí dlínse ann, is fearr gan aon ghnáthimeachtaí dócmhainneachta le haghaidh na hinstitiúide a bhfuil ag cliseadh uirthi a oscailt nó is fearr gan leanúint díobh le linn don údarás réitigh a chumhachtaí réitigh a fheidhmiú nó na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm, ach amháin ar thionscnamh an údaráis réitigh nó ar thoiliú chuige dó. Is úsáideach agus is gá, oibleagáidí conarthacha áirithe a chur ar fionraí ar feadh tréimhse theoranta chun go mbeidh go leor ama ag an údarás réitigh chun an luacháil a dhéanamh agus na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm. Ba cheart an chumhacht sin a dhearadh go cruinn agus ar feadh an ama is lú is gá chun an luacháil a dhéanamh nó na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an gcumhacht sin maidir taiscí faoi chumhdach nó oibleagáidí a bhaineann le rannpháirtíocht i gcórais a ainmníodh faoi Threoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, contrapháirtithe lárnacha agus bainc lárnacha lena náirítear contrapháirtithe lárnacha tríú tír a aithníonn ESMA. Le Treoir 98/26/CE, laghdaítear an riosca a bhaineann le bheith rannpháirteach i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús, go háirithe trí shuaitheadh a laghdú i gcás dhócmhainneacht rannpháirtí i gcóras den chineál sin. Chun a áirithiú go mbeidh feidhm iomchuí ag na cosaintí sin i gcás géarchéime, ba cheart, agus deimhneacht iomchuí á coimeád d'oibreoirí córas íocaíochta agus urrús agus rannpháirtithe margaidh eile, Treoir 2014/59/AE a leasú chun foráil a dhéanamh nár cheart a mheas gurb ionann beart coiscthe géarchéime nó beart bainistithe géarchéime ann féin agus imeachtaí dócmhainneachta de réir bhrí Threoir 98/26/CE, ar choinníoll go leantar de chomhlíonadh na noibleagáidí faoin gconradh. Mar sin féin, níor cheart aon ní i dTreoir 2014/59/AE dochar a dhéanamh d'oibriú córais arna ainmniú faoi Threoir 98/26/CE nó an ceart ar shlándáil chomhthaobhach atá ráthaithe sa Treoir chéanna.
(21)Chun nach mbeidh dúbailt ceanglas ann agus chun na rialacha iomchuí maidir le téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha], ba cheart Treoir 2014/59/AE a leasú chun nach mbeidh faoin raon a thuilleadh na contrapháirtithe lárnacha sin a gcuireann Ballstáit, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ceanglais áirithe le haghaidh údarú faoi Threoir 2013/36/AE maidir leo agus atá údaraithe freisin, dá bhrí sin, mar institiúidí creidmheasa.
(22)Ba cheart dliteanais a bhaineann le contrapháirtithe lárnacha atá suite san Aontas agus le contrapháirtithe tríú tír a aithníonn ESMA a bheith faoi chumhdach an eisiaimh a dhéantar ar dhliteanais shonracha de chuid institiúidí sonracha nó gnólachtaí infheistíochta atá eisiata ó chur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí nó ó chumhachtaí chun oibleagáidí áirithe a chur ar fionraí, chun feidhmiú leasa urrús a theorannú nó chun cearta ar fhoirceannadh a chur ar fionraí go sealadach i dTreoir 2014/59/AE.
(23)Chun a áirithiú go mbeidh comhthuiscint ann ar théarmaí a úsáidtear in ionstraimí dlí éagsúla, is iomchuí na sainmhínithe agus na coincheapa a tugadh isteach le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i ndáil le "contrapháirtí lárnach" agus "rannpháirtí" a ionchorprú i dTreoir 98/26/CE.
(24)Chun go réiteofar contrapháirtithe lárnacha go héifeachtach, ba cheart gan feidhm a bheith ag na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i dTreoir 2002/47/CE maidir le haon teorainn ar fhorfheidhmiú socraithe airgeadais chomhthaobhaigh nó ar éifeacht socraithe airgeadais chomhthaobhaigh urrús, ar aon ghlanluacháil socraíochta nó ar aon fhoráil fritháirimh a forchuireadh de bhua Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha].
(25)I dTreoir 2012/30/AE, Treoir 2011/35/AE, Treoir 2005/56/CE, Treoir 2004/25/CE agus Treoir 2007/36/CE, tá rialacha maidir le cosaint geallsealbhóirí agus creidiúnaithe conrapháirtithe lárnacha atá faoi raon feidhme na dTreoracha sin. I gcás nach mór d'údaráis réitigh gníomhú go tapa faoi Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha], is féidir go gcuirfidh na rialacha sin bac ar ghníomhaíocht réitigh éifeachtach agus ar an úsáid a bhainfidh údaráis réitigh as uirlisí agus cumhachtaí réitigh. Dá bhrí sin, ba cheart maoluithe faoi Threoir 2014/59/AE a leathnú go dtí go gcumhdóidh siad gníomhartha a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha]. Chun a áirithiú go mbeidh an méid is mó is féidir deimhneachta dlíthiúla ann do gheallsealbhóirí, ba cheart na maoluithe a shainmhíniú go soiléir cúng, agus níor cheart iad a úsáid ach le leas an phobail agus nuair a bheidh na truicir réitigh bainte amach. Má úsáidtear uirlisí réitigh, táthar ag glacadh leis gur baineadh amach na spriocanna réitigh agus na coinníollacha a bhaineann le réiteach a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha]. Chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis smachtbhannaí a fhorchur nuair nár comhlíonadh forálacha Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha] agus chun go mbeidh na cumhachtaí smachtbhannaí sin comhsheasmhach le creat téárnaimh agus réitigh institiúidí airgeadais eile, ba cheart sáruithe ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha] a bheith faoi raon feidhme Theideal VII de Threoir 2014/59/AE freisin.
(26)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, mar atá ceanglais aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le creat téarnaimh agus réitigh, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(27)Chun go mbeidh go leor ama acu chun an Treoir seo a aistriú agus a chur i bhfeidhm, ba cheart dhá mhí dhéag a thabhairt do na Ballstáit chun an Treoir seo a aistriú isteach ina ndlí náisiúnta ó dháta a theacht i bhfeidhm agus ba cheart é a bheith de cheangal ar na hinstitiúidí lena mbaineann na forálacha nua a chomhlíonadh faoi cheann sé mhí ó dháta an trasuí.
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE1
1.In Airteagal 1, cuirtear isteach an mhír 3 seo a leanas:
‘3. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na contrapháirtithe lárnacha sin a gcuireann Ballstáit, de bhun Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ceanglais áirithe le haghaidh údarú faoi Threoir 2013/36/AE maidir leo.
Mar sin féin, beidh feidhm freisin ag na forálacha a leagtar síos i dTeideal VIII den Treoir seo maidir le pionóis infheidhmithe i gcás nár comhlíonadh Rialachán [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha]’
2.In Airteagal 2(1) pointe (71), cuirtear 'dliteanais tarrthála inmheánaí' in ionad 'dliteanais incháilithe':
3.Cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 2(1):
'(71a)
ciallaíonn 'dliteanais incháilithe' dliteanais tarrthála inmheánaí a chomhlíonann, de réir mar is infheidhme, coinníollacha Airteagal 45b nó pointe (a) d'Airteagal 45g(3).'
4.In Airteagal 2(1), cuirtear isteach pointí (83a) agus (83b), (109) agus (110) mar seo a leanas:
"(83a) ciallaíonn 'eintiteas réitigh' eintiteas atá suite san Aontas agus a shainaithníonn an túdarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 12 mar eintiteas i gcomhthéacs an phlean réitigh lena bhforáiltear maidir le gníomhaíocht réitigh;
(83b)
ciallaíonn 'grúpa réitigh' eintiteas réitigh agus a fhochuideachtaí nach eintitis réitigh iad féin iad agus nach fochuideachtaí de chuid eintitis réitigh eile iad;
"(109) ciallaíonn "comhalta imréitigh" comhalta imréitigh mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(14) de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012;
(110)
ciallaíonn 'an bord' an bord riaracháin nó maoirseachta, nó an dá rud, a bunaíodh de bhun an dlí náisiúnta maidir le cuideachtaí i gcomhréir le hAirteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012 ".
5.In Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (1):
"1.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis réitigh, in éineacht le húdaráis réitigh fochuideachtaí agus tar éis dóibh dul i gcomhairle le húdaráis réitigh brainsí suntasacha a mhéid is ábhartha ar leith an bhrainse shuntasaigh, pleananna réitigh grúpaí a tharraing suas. Sainaithneofar sa phlean réitigh grúpa na bearta le déanamh ina leith seo a leanas:
(a)an máthairghnóthas de chuid an Aontais;
(b)na fochuideachtaí ar cuid den ghrúpa iad agus atá suite san Aontas;
(c)na heintitis dá dtagraítear i bpointe (c) agus pointe (d) d'Airteagal 1(1); agus
(d)faoi réir Theideal VI, na fochuideachtaí ar cuid den ghrúpa iad agus atá suite lasmuigh den Aontas.
I gcomhréir leis na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, sainaitheoidh an plean réitigh i leith gach grúpa:
(a)na heintitis réitigh;
(b)na grúpaí réitigh.".
6.In Airteagal 12(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):
"(a)
na gníomhaíochtaí réitigh a leagan amach a bhfuil sé beartaithe iad a dhéanamh le haghaidh eintitis réitigh sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) agus impleachtaí na ngníomhaíochtaí réitigh sin i leith eintitis grúpa eile dá dtagraítear i bpointe (b), pointe (c) agus pointe (d) d'Airteagal 1(1), le haghaidh an mháthairghnóthais agus fo-institiúidí;
(b)
scrúdú a dhéanamh ar an méid a d'fhéadfaí na huirlisí agus cumhachtaí réitigh a chur i bhfeidhm agus a fheidhmiú ar bhealach comhordaithe maidir le heintitis réitigh atá suite san Aontas, lena náirítear bearta a chuideodh le grúpa ina iomláine a bheith á cheannach ag tríú páirtí, nó línte gnó nó gníomhaíochtaí ar leithligh a sheachadann roinnt grúpeintiteas, nó grúpeintitis nó eintitis réitigh ar leith, agus aon bhaic fhéideartha ar réiteach comhordaithe a shainaithint;".
7.In Airteagal 12(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
"(e)
aon ghníomhaíochtaí breise nach dtagraítear dóibh sa Treoir seo a bhfuil sé beartaithe ag na húdaráis réitigh ábhartha iad a dhéanamh i leith na neintiteas réitigh;".
8.Cuirtear an pointe (a1) seo a leanas le hAirteagal 12(3):
"(a1) má bhíonn níos mó na grúpa réitigh amháin i ngrúpa, gníomhaíochtaí réitigh a leagan amach a bheidh beartaithe i leith eintitis réitigh gach grúpa réitigh maille le himpleachtaí na ngníomhaíochtaí sin ina leith seo a leanas:
(i) grúpeintitis eile atá sa ghrúpa réitigh céanna;
(ii) grúpaí réitigh eile.".
9.In Airteagal 13(4), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:
"Má bhíonn níos mó ná grúpa réitigh amháin i ngrúpa, is i bhfoirm cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanfar pleanáil na ngníomhaíochtaí réitigh dá dtagraítear i bpointe (a1) d'Airteagal 12(3).".
10.In Airteagal 13(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre:
"Mura ndéanfar cinneadh comhpháirteach idir na húdaráis réitigh faoi cheann ceithre mhí, déanfaidh gach údarás réitigh atá freagrach as fochuideachta agus a easaontaíonn leis an bplean réitigh grúpa a chinneadh féin agus, más iomchuí, sainaithneoidh sé an teintiteas réitigh agus tarraingeoidh suas agus cothabhálfaidh sé plean réitigh le haghaidh an ghrúpa réitigh ina bhfuil eintitis atá faoina dhlínse féin. Tabharfar bunús iomlán le gach ceann de na cinntí ó údaráis réitigh a easaontaíonn trí na cúiseanna atá leis an easaontas leis an plean réitigh grúpa atá beartaithe agus trí thuairimí agus ábhair amhrais atá ag na húdaráis réitigh eile agus na húdaráis inniúla eile, agus le modhanna eile chomh maith. Tabharfaidh gach údarás réitigh fógra faoina chinneadh chuig comhaltaí eile an choláiste réitigh.".
11.In Airteagal 16(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
"Measfar go bhfuil grúpa inréitithe má bhíonn sé indéanta agus inchreidte ag na húdaráis réitigh grúpeintitis a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta nó an grúpa sin a réiteach trí uirlisí réitigh agus cumhachtaí a fheidhmiú maidir le heintitis réitigh an ghrúpeintitis sin agus a mhéid is mó is féidir, aon iarmhairtí díobhálacha suntasacha a sheachaint i gcórais airgeadais na mBallstát ina bhfuil eintitis ar cuid de ghrúpa iad suite, nó na mBallstát eile, nó an Aontais, lena náirítear i gcásanna ina bhfuil éagobhsaíocht airgeadais níos leithne nó teagmhais shistéamacha, chun a áirithiú go leanfar d'fheidhmeanna criticiúla a dhéanann na grúpeintitis sin, i gcás inar féidir iad a dheighilt go héasca agus go tráthúil nó ar bhealach eile. Tabharfaidh údaráis réitigh leibhéal an ghrúpa fógra d'ÚBE go tráthúil i gcás ina measfar nach mbeidh grúpa inréitithe.".
12.In Airteagal 16, cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:
"4.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 1, má bhíonn níos mó ná grúpa réitigh amháin i ngrúpa, inréititheacht gach grúpa réitigh a mheasúnú i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Déanfar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír le cois an mheasúnaithe ar inréititheacht an ghrúpa ina iomláine.
13.Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 17(3):
"Má bhíonn bac substaintiúil ar inréititheacht ann de dheasca cás dá dtagraítear in Airteagal 141a(2) de Threoir 2013/36/AE, déanfaidh an institiúid, faoi cheann dhá sheachtain den dáta a fuarthas fógra a tugadh i gcomhréir le mír 1, bearta féideartha a mholadh don údarás réitigh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an institiúid Airteagal 45f nó Airteagal 45g agus an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 128(6) de Threoir 2013/36/AE.".
14.In Airteagal 17(5), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
"(h1)
é a chur de cheangal ar institiúid nó eintiteas dá dtagraítear i bpointe (b), pointe (c) nó pointe (d) d’Airteagal 1(1) plean a chur isteach chun comhlíonadh Airteagal 45f agus Airteagal 45g agus an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 128(6) de Threoir 2013/36/AE a thabhairt ar ais.
15.In Airteagal 17(5), cuirtear isteach an pointe (j1) seo a leanas:
"(j1)
é a chur de cheangal ar institiúid nó eintiteas dá dtagraítear i bpointe (b), pointe (c) nó pointe (d) d’Airteagal 1(1), próifíl aibíochta ítimí dá dtagraítear in Airteagal 45b nó i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 45g(3) chun comhlíonadh leantach Airteagal 45f nó Airteagal 45g a áirithiú.".
16.I bpointe (i) agus pointe (j) d'Airteagal 17(5), cuirtear "Article 45f agus Article 45g" in ionad "Airteagal 45"
17.In Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go mír 7:
"1.
Déanfaidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa, in éineacht le húdaráis réitigh na bhfochuideachtaí, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gcoláiste maoirseachta agus údaráis mhaoirseachta na ndlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha suite a mhéid is ábhartha don bhrainse suntasach, machnamh faoin measúnú a leagtar síos mar cheangal in Airteagal 16 laistigh den choláiste réitigh agus tabharfaidh siad na céimeanna uile atá réasúnta chun cinneadh comhpháirteach a dhéanamh faoi bheart a chur i bhfeidhm a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 17(4) i ndáil leis na heintitis réitigh uile agus lena bhfochuideachtaí ar eintitis iad sa ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 1(1).
2.
Déanfaidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa, in éineacht leis an maoirseoir comhdhlúthaithe agus le ÚBE i gcomhréir le Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, tuarascáil a ullmhú agus a thíolacadh don mháthairghnóthas de chuid an Aontais agus d'údaráis réitigh fochuideachtaí, agus tabharfaidh siadsan an tuarascáil sin do na fochuideachtaí atá faoina maoirseacht, agus d'údaráis réitigh dlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha suite. Ullmhófar an tuarascáil tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, agus beidh anailísiú ann ar na baic shubstaintiúla ar chur i bhfeidhm éifeachtach na nuirlisí réitigh agus ar fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh i ndáil leis an ngrúpa agus le grúpaí réitigh má bhíonn níos mó ná grúpa réitigh amháin sa ghrúpa sin. Breithneofar sa tuarascáil sin freisin an tionchar ar shamhail ghnó na hinstitiúide agus molfar inti aon bhearta comhréireacha agus spriocdhírithe is gá nó is iomchuí, i dtuairim an Bhoird, chun na baic sin a bhaint.
Má bhíonn bac ar inréititheacht ann de dheasca cás dá dtagraítear in Airteagal 141a(2) de Threoir 2013/36/AE, tabharfaidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa fógra don mháthairghnóthas de chuid an Aontais tar éis dó dul i gcomhairle le húdarás réitigh an eintitis réitigh agus le húdaráis réitigh a fho-institiúidí go ndearna sé measúnú ar an mbac sin.
3.
Faoi cheann ceithre mhí tar éis dó an tuarascáil a fháil, féadfaidh an máthairghnóthas de chuid an Aontais barúlacha a chur isteach agus bearta malartacha a mholadh don Bhord chun na baic atá sainaitheanta sa tuarascáil a leigheas.
Más cás dá dtagraítear in Airteagal 141a(2) de Threoir 2013/36/AE is cúis leis na baic sin, déanfaidh an máthairghnóthas de chuid an Aontais, faoi cheann dhá sheachtain tar éis an dáta a fuarthas an fógra a tugadh i gcomhréir le mír 2, bearta féideartha chun aghaidh a thabhairt ar na baic sin nó chun deireadh a chur leo a mholadh d'údarás réitigh leibhéal an ghrúpa.
4.
Cuirfidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa in iúl aon bheart a mhol an máthairghnóthas de chuid an Aontais don mhaoirseoir comhdhlúthaithe, d'ÚBE, d'údaráis réitigh na bhfochuideachtaí agus d'údaráis réitigh na ndlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha suite a mhéid is ábhartha don bhrainse ábhartha. Déanfaidh údaráis réitigh leibhéal an ghrúpa agus údaráis réitigh na bhfochuideachtaí, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla agus le húdaráis réitigh dlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha suite, déanfaidh siad a bhfuil ar a gcumas chun cinneadh comhpháirteach a dhéanamh laistigh den choláiste réitigh i ndáil le baic ábhartha a shainaithint, agus, más gá, leis an measúnú ar bhearta arna moladh ag an máthairghnóthas de chuid an Aontais agus leis na bearta arna gceangal ag na húdaráis chun aghaidh a thabhairt ar na baic nó deireadh a chur leo, agus sa mheasúnú sin beidh tionchar féideartha na mbeart sna Ballstáit uile ina noibríonn an grúpa curtha san áireamh.
5.
Déanfar an cinneadh comhpháirteach faoi cheann ceithre mhí ó chuir an máthairghnóthas de chuid an Aontais nó nuair a rachaidh an tréimhse ceithre mhí dá dtagraítear i mír 3 in éag, cibé acu is luaithe.
Déanfar an cinneadh comhpháirteach faoin mbac ar inréititheacht de dheasca cás dá dtagraítear in Airteagal 141a(2) de Threoir 2013/36/AE faoi cheann dhá sheachtain ó chuir an máthairghnóthas de chuid an Aontais aon bharúlacha isteach i gcomhréir le mír 3.
Cuirfear an réasúnú a bhaineann leis an gcinneadh comhpháirteach i ndoiciméad a chuirfidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa ar fáil don mháthairghnóthas de chuid an Aontais agus leagfar an cinneadh comhpháirteach amach sa doiciméad sin.
Féadfaidh ÚBE, ar iarratas ó údarás réitigh, cuidiú leis na húdaráis réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
6.
Mura ndéanfar cinneadh comhpháirteach faoi cheann na tréimhse dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an máthairghnóthas de chuid an Aontais a chinneadh féin faoi bhearta iomchuí atá le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 17(4) ar leibhéal an ghrúpa nó ar leibhéal an ghrúpa réitigh.
Beidh réasúnú iomlán leis an gcinneadh agus cuirfear tuairimí agus ábhair amhrais údarás réitigh eile san áireamh ann. Tabharfaidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa an cinneadh don mháthairghnóthais de chuid an Aontais.
Más rud é, ag deireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5, gur chuir aon údarás réitigh ábhar atá luaite i mír 9 den Airteagal faoi bhráid ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa a chinneadh siar agus fanfaidh sé le haon chinneadh a ghlacfaidh ÚBE de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lena chinneadh, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Measfar gurb í an tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh ÚBE a chinneadh faoi cheann mí amháin nó seachtain amháin nuair a bhaineann cur na ceiste faoi bhráid ÚBE le bac ar inréititheach de dheasca cás dá dtagraítear in Airteagal 141a(2) de Threoir 2013/36/AE. Ní chuirfear an tábhar faoi bhráid ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 ná tar éis cinneadh comhpháirteach a dhéanamh. Mura mbeidh cinneadh déanta ag ÚBE, beidh feidhm ag cinneadh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa.
7.
Mura mbeidh cinneadh comhpháirteach déanta, déanfaidh údaráis réitigh fochuideachtaí a gcinntí féin faoi na bearta iomchuí atá le déanamh ag fochuideachtaí, gach ceann léi féin, i gcomhréir le hAirteagal 17(4). Beidh réasúnú iomlán leis an gcinneadh agus cuirfear tuairimí agus ábhair amhrais na núdarás réitigh eile san áireamh ann. Tabharfar an cinneadh don fhochuideachta lena mbaineann agus d'údarás réitigh leibhéal an ghrúpa.
Más rud é, ag deireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5, gur chuir aon údarás réitigh ábhar atá luaite i mír 9 den Airteagal faoi bhráid ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh údarás na fochuideachta a chinneadh siar agus fanfaidh sé le haon chinneadh a ghlacfaidh ÚBE de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lena chinneadh, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Measfar gurb í an tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh ÚBE a chinneadh faoi cheann aon mhí nó aon seachtain nuair a bhaineann cur na ceiste faoi bhráid ÚBE le bac ar inréititheacht de dheasca sárú ar Airteagail 45 go 45i. Ní chuirfear an tábhar faoi bhráid ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 ná tar éis cinneadh comhpháirteach a dhéanamh. Mura mbeidh cinneadh déanta ag ÚBE, beidh feidhm ag cinneadh údarás réitigh na fochuideachta.".
18.Cuirtear an pointe (i) seo a leanas le hAirteagal 27(1):
"(h) má chomhlíontar na coinníollach a leagtar síos in Airteagal 29a, aon oibleagáid íocaíochta nó seachadta ina bhfuil institiúid nó eintiteas dá dtagraítear i bpointe (b), pointe (c) nó pointe (d) d'Airteagal 1(1) ina comhphairtí/chomhpháirtí.
19.Cuirtear isteach an tAirteagal 29a seo a leanas:
"Airteagal 29a
An chumhacht oibleagáidí áirithe a chur ar fionraí
1.Cinnfidh na Ballstáit nach féidir a n-údarás inniúil féin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh, an chumhacht dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 27 (1) ach más gá an chumhacht cur ar fionraí a fheidhmiú chun an measúnú dá bhforáiltear sa chéad abairt d'Airteagal 27(1) a dhéanamh nó chun an cinneadh a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 32(1).
2.Ní mhairfidh an cur ar fionraí dá dtagraítear i mír 1 níos mó ná an tréimhse is lú a mheasann an túdarás inniúil a bheith riachtanach chun an measúnú a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(1) nó chun an cinneadh a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 32(1), agus ní mhairfidh sé níos mó ná cúig lá oibre in aon chás.
3.Ní bheidh feidhm ag aon chur ar fionraí faoi mhír 1(n) maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)oibleagáidí íocaíochta agus seachadta dlite do chórais nó d'oibreoirí a ainmníodh i gcomhréir le Treoir 98/26/CE, contrapháirtithe lárnacha agus contrapháirtithe lárnacha tríú tír a aithníonn ESMA de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus do bhainc ceannais;
(b)éilimh incháilithe chun críocha Threoir 97/9/CE;
(c)taiscí faoi chumhdach;
4.Agus iad ag feidhmiú cumhachta faoin Airteagal seo, cuirfidh údaráis inniúla san áireamh an tionchar is féidir a bheidh ag an gcumhacht sin ar feidhmiú ordúil margaí airgeadais.
5.Oibleagáid íocaíochta nó seachadta a bheadh dlite le linn na tréimhse cur ar fionraí, beidh sí dlite láithreach nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag.
6.Nuair a chuirfear ar fionraí oibleagáidí íocaíochta nó seachadta faoi chonradh de bhun mhír 1, cuirfear oibleagáidí íocaíochta nó seachadta contrapháirtithe an eintitis faoin gconradh sin ar fionraí le linn na tréimhse céanna.
7.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do na húdaráis réitigh faoi fheidhmiú aon chumhachta dá dtagraítear i mír 1 gan mhoill.
8.Áiritheoidh na Ballstáit a bhainfidh úsáid as an rogha a leagtar síos in Airteagal 32(2) gur féidir leis an údarás réitigh an chumhacht cur ar fionraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fheidhmiú chomh maith, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, más gá feidhmiú na cumhachta cur ar fionraí chun an cinneadh dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 32(1) a dhéanamh."
20.In Airteagal 32(1) cuirtear an méid a leanas in ionad pointe (b):
"(b) ag féachaint d'uainiú agus d'imthosca ábhartha eile, níl aon ionchas réasúnta ann go gcuirfeadh aon bhearta malartacha ón earnáil phríobháideach lena náirítear bearta ó IPS nó aon ghníomhaíocht mhaoirseachta, lena náirítear bearta luath-idirghabhála nó díluachála nó comhshó ionstraimí caipitil ábhartha nó dliteanas incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 59(2), a dhéanfaí i ndáil leis an institiúid, cosc ar chliseadh na hinstitiúide faoi cheann tréimhse réasúnta;
21.In Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4:
2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) nó pointe (d) d'Airteagal 1(1), má chomhlíonann an teintiteas sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(1).
3.Má bhíonn fo-institiúidí cuideachta sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha is seilbh, go díreach nó go hindíreach, ag cuideachta sealbhaíochta airgeadais idirmheánach, forálfar sa phlean réitigh go sainaithneofar an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mar eintiteas réitigh agus áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gníomhaíochtaí réitigh chun críocha réitigh grúpa i ndáil leis an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais idirmheánach. Áiritheoidh na Ballstát nach ndéanfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíochtaí réitigh chun críocha réitigh grúpa i ndáil leis an cuideachta sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha.
4.Faoi réir mhír 3 den Airteagal seo fiú i gcás nach gcomhlíonann eintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) nó pointe (d) d'Airteagal 1(1) na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(1), féadfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) nó pointe (d) d'Airteagal 1(1), má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
(a)is eintiteas réitigh é an teintiteas;
(b)comhlíonann ceann amháin nó níos mó d'fhochuideachtaí an eintitis sin ar institiúidí iad, ach nach eintitis réitigh iad, na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(1);
(c)tá an oiread sin sócmhainní agus dliteanas ag na fochuideachtaí sin go gcuirfeadh a gcliseadh i mbaol an grúpa réitigh ar an iomlán agus is gá gníomhaíocht réitigh a dhéanamh i ndáil leis an eintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) nó pointe (d) d'Airteagal 1(1) chun go réiteofar na fochuideachtaí sin ar institiúidí iad nó chun go réiteofar an grúpa réitigh ábhartha ar an iomlán.".
22.In Airteagal 44(2), cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (f):
"(f) dliteanais a bhfuil aibíocht níos lú ná seacht lá fágtha iontu, atá dlite do chórais nó d'oibreoirí córas atá ainmnithe i gcomhréir le Treoir 98/26/CE nó dá rannpháirtithe agus a thagann as rannpháirtíocht i gcóras den chineál sin, nó contrapháirtithe lárnacha a aithníonn ÚEUM;'.
23.Cuirtear na hAirteagail seo a leanas in ionad Airteagal 45:
"Airteagal 45
An tíoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a ríomh agus a chur i bhfeidhm
24.Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh institiúidí agus eintitis dá dtagraítear i bpointe (b), pointe (c) agus pointe (d) d’Airteagal 1(1), i gcónaí, ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 45 go 45i.
25.Ríomhfar an ceanglas dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagal 45c(3) nó Airteagal 45(c)(4), de réir mar is infheidhme, mar méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe agus sloinnfear iad mar chéatadáin de na méideanna seo a leanas:
(a)méid iomlán neamhchosaintí ar riosca an eintitis ábhartha dá dtagraítear i mír 1, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013,
(b)tomhas neamhchosaint chóimheas giarála an eintitis ábhartha dá dtagraítear i mír 1, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013,
Airteagal 45a Díolmhú ón íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe
1.D'ainneoin Airteagal 45, déanfaidh na húdaráis réitigh institiúidí creidmheasa morgáiste a mhaoinítear le bannaí faoi chumhdach nach bhfuil cead acu, de réir an dlí náisiúnta, taiscí a fháil a dhíolmhú ón gceanglas a leagtar síos in Airteagal 45(1) má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
(a)foirceannfar na hinstitiúidí sin le nósanna imeachta náisiúnta dócmhainneachta, nó le cineálacha eile nós imeachta a chuirfear chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 38, Airteagal 40 nó Airteagal 42 atá leagtha síos do na hinstitiúidí sin;
(b)áiritheofar leis na nósanna imeachta náisiúnta dócmhainneachta sin, nó le cineálacha eile nósanna imeachta, go niompróidh creidiúnaithe na ninstitiúidí sin, lena náirítear sealbhóirí bannaí faoi chumhdach, i gcás inarb ábhartha, caillteanais ar shlí a chomhlíonfadh cuspóirí réitigh.
2.Ní bheidh institiúidí a díolmhaíodh ón gceanglas a leagtar síos in Airteagal 45(1) ina gcuid den chomhdhlúthú dá dtagraítear in Airteagal 45f(1).
Airteagal 45b Dliteanais incháilithe le haghaidh eintitis réitigh
1.Ní chuimseofar dliteanais incháilithe i méid chistí dílse agus dhliteanas na neintiteas réitigh ach má chomhlíonann siad na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 72a, ach amháin i gcás phointe (d) d'Airteagal 72b(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
2.De mhaolú ar phointe (1) d'Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní chuimseofar dliteanais a thagann as ionstraimí fiachais ag a bhfuil gnéithe díorthacha, amhail nótaí struchtúrtha, i méid cistí dílse agus dliteanas na neintiteas réitigh ach má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
(a)tá méid áirithe den dliteanas a thagann as an ionstraim fiachais ar eolas roimh ré tráth na heisiúna, tá sé socraithe agus níl tionchar ag gné dhíorthach air;
(b)níl an ionstraim fiachais, lena náirítear a gné dhíorthach, faoi réir aon comhaontú glanluachála agus níl a luacháil faoi réir Airteagal 49(3);
Ní chuimseofar na dliteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír i méid na gcistí dílse agus dliteanas ach i gcás na coda a chomhfhreagraíonn don mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír.
3.Féadfaidh údaráis réitigh a chinneadh go gcomhlíonann eintitis réitigh ag a bhfuil ionstraimí a chomhlíonann na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45f chun a áirithiú gur féidir an teintiteas réitigh ar chaoi atá oiriúnach ó thaobh bhaint amach na spriocanna réitigh de.
I gcinneadh an údaráis réitigh faoin mír sin beidh cúiseanna an chinnidh sin ar bhonn na neilimintí seo a leanas:
(a)tá an taicmiú tosaíochta céanna ag dliteanais neamh-fho-ordaithe san ordlathas dócmhainneachta náisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír agus atá ag dliteanais atá eisiata ó chur i bhfeidhm na gcumhachtaí díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagal 44(2) nó Airteagal 44(3);
(b)an riosca go dtabhóidh creidiúnaithe éileamh a tháinig as dliteanais neamh-fho-ordaithe nach bhfuil eisiata ó chur i bhfeidhm cumhachtaí díluachála ná comhshó i gcomhréir le hAirteagal 44(2) nó Airteagal 44(3), go dtabhódh siad caillteanais níos mó ná a thabhódh siad i bhfoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta mar gheall ar chur i bhfeidhm beartaithe cumhachtaí díluachála agus comhshó maidir leis na dliteanais sin;
(c)ní bheidh méid na ndliteanas fo-ordaithe os cionn an méid is gá chun a áirithiú nach dtabhóidh creidiúnaithe dá dtagraítear i bpointe (b) caillteanais os cionn leibhéal na gcaillteanas a thabhóidís ina mhalairt de chás i bhfoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.
4.Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir le bearta chun na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 2 a shonrú a thuilleadh.
Airteagal 45c An tíoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinneadh
1.Is é an túdarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, a chinnfidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i gcás gach eintitis, agus déanfaidh sé sin ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
(a)an gá atá ann a áirithiú gur féidir an teintiteas réitigh a réiteach trí na huirlisí, lena náirítear, an uirlis tarrthála inmheánaí, a chur i bhfeidhm ar chaoi a chomhlíonann na cuspóirí réitigh;
(b)an gá atá ann a áirithiú, i gcásanna iomchuí, go mbeidh dliteanais incháilithe leordhóthanacha ag an eintiteas réitigh agus ag a fhochuideachtaí ar institiúidí iad ach nach eintitis réitigh iad, chun a áirithiú, dá gcuirfí an uirlis tarrthála inmheánaí nó na cumhachtaí díluacháil agus comhshó maidir leo, faoi seach, gurbh fhéidir caillteanais a ionsú agus cóimheas caipitil iomlán agus cóimheas giarála i bhfoirm Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na neintiteas ábhartha a thabhairt ar ais go dtí an leibhéal is gá chun gur féidir leo leanúint de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE nó Treoir 2014/65/AE;
(c)an gá atá ann a áirithiú gur leor, má tá coinne sa phlean réitigh gur féidir go mbeidh aicmí áirithe dliteanas incháilithe eisiata ón tarrtháil inmheánach de bhun Airteagal 44(3) nó go naistreofar iad chuig faighteoir go hiomlán faoi pháirt-aistriú, gur leor na dliteanais incháilithe eile atá ag eintiteas chun a áirithiú gur féidir caillteanais a ionsú agus gur féidir ceanglais chaipitil, nó más infheidhme, cóimheas giarála i bhfoirm Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an eintitis réitigh a thabhairt ar ais go dtí an leibhéal is gá chun gur féidir leis leanúint de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil sé údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE nó Treoir 2014/65/AE;
(d)méid, samhail ghnó, samhail mhaoinithe agus próifíl riosca na hinstitiúide agus an eintitis;
(e)a mhéid a d’fhéadfadh an Scéim Ráthaithe Taiscí rannchuidiú le maoiniú réitigh i gcomhréir le hAirteagal 109;
(f)a mhéid a dhéanfadh cliseadh an eintitis dochar do chobhsaíocht airgeadais, lena náirítear, mar gheall ar idirnascthacht an eintitis le hinstitiúidí nó eintitis eile nó leis an gcuid eile den chóras airgeadais trí éifeacht tógálachta ar institiúidí nó eintitis eile.
2.Má fhoráiltear sa phlean réitigh go bhfuil an ghníomhaíocht réitigh le déanamh i gcomhréir leis an gcás réitigh dá dtagraítear in Airteagal 10(3), beidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) cothrom le méid ar leor é chun a áirithiú:
(a)go nionsúfar go hiomlán na caillteanais ar féidir go mbeifí ag súil go dtabhódh an teintiteas iad ('ionsú caillteanas');
(a)go nathchaipitleofar an teintiteas nó a fhochuideachtaí ar institiúidí iad, ach nach eintitis réitigh, go dtí an leibhéal is gá chun gur féidir leo leanúint de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE nó Treoir 2014/65/AE ('athchaipitliú');
má fhoráiltear sa phlean réitigh go bhfoirceannfar an teintiteas faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, nach mbeidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) le haghaidh an eintitis sin os cionn méid ar leor é chun caillteanais a ionsú i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír.
3.Gan dochar don fhomhír dheireanach, i gcás eintitis réitigh, ní bheidh an méid dá dtagraítar i mír 2 os cionn an chinn is mó de na méideanna seo a leanas:
(a)suim:
(i) an méid caillteanas atá le hionsú i réiteach a chomhfhreagraíonn do cheanglais an eintitis réitigh dá dtagraítear in Airteagal 92(1)(a),(b) agus (c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ar leibhéal an ghrúpa réitigh fo-chomhdhlúite,
(ii) méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an ngrúpa réitigh a tháinig as réiteach a chóimheas caipitil iomlán dá dtagraítear in Airteagal 92(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a thabhairt ar ais agus a cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ar leibhéal an ghrúpa réitigh fo-chomhdhlúite;
(b)suim:
(i) an méid caillteanas atá le hionsú i réiteach a chomhfhreagraíonn do chóimheas giarála an eintitis dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar leibhéal an ghrúpa réitigh fo-chomhdhlúite; agus
(ii) méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an ngrúpa réitigh a tháinig as réiteach an cóimheas giarála dá dtagraítear in Airteagal 92(1)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a thabhairt ar ais ar leibhéal an ghrúpa réitigh fo-chomhdhlúite.
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 45(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (a) den mhír seo roinnte ar mhéid na neamhchosanta ar riosca iomlán.
Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 45(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (b) den mhír seo roinnte ar thomhas an chóimheasa giarála.
Socróidh an túdarás réitigh na méideanna athchaipitliúcháin dá dtagraítear sna fomhíreanna roimhe seo i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí réitigh dá bhforáiltear sa phlean réitigh agus féadfaidh sé na méideanna athchaipitliúcháin sin a choigeartú chun na rioscaí a léiriú go leordhóthanach a dhéanann difear d'inréititheacht a thagann as samhail ghnó an ghrúpa, as a phróifíl chistiúcháin agus as a phróifíl riosca fhoriomlán.
4.Gan dochar don fhomhír dheireanach, i gcás eintitis nach eintitis réitigh iontu féin iad, ní bheidh an méid dá dtagraítear i mír 2 os cionn an chinn is mó de na méideanna seo a leanas:
(a)suim:
(i) an méid caillteanas atá le hionsú i réiteach a chomhfhreagraíonn do cheanglais an eintitis réitigh dá dtagraítear in Airteagal 92(1)(a),(b) agus (c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE agus
(ii) méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an ngrúpa réitigh a tháinig as réiteach a chóimheas caipitil iomlán dá dtagraítear in Airteagal 92(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a thabhairt ar ais agus a cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ar leibhéal an ghrúpa réitigh fo-chomhdhlúite;
(b)suim:
(i) an méid caillteanas atá le hionsú i réiteach a chomhfhreagraíonn do chóimheas giarála an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 92(1)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus
(ii) méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an eintitieas a chóimheas giarála dá dtagraítear in Airteagal 92(1)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a thabhairt ar ais;
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 45(2)(a), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (a) roinnte ar mhéid na neamhchosanta ar riosca iomlán.
Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 45(2)(b), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (b) den mhír seo roinnte ar thomhas an chóimheasa giarála.
Socróidh an túdarás réitigh na méideanna athchaipitliúcháin dá dtagraítear sna fomhíreanna roimhe seo i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí réitigh dá bhforáiltear sa phlean réitigh agus féadfaidh sé na méideanna athchaipitliúcháin sin a choigeartú chun na rioscaí a léiriú go leordhóthanach a dhéanann difear do na riachtanais athchaipitliúcháin a thagann as samhail ghnó an eintitis athchaipitliúcháin, as a phróifíl chistiúcháin agus as a phróifíl riosca fhoriomlán.
5.Má bhíonn údarás réitigh ag súil gur féidir go neisiafar aicmí áirithe dliteanas incháilithe ón tarrtháil inmheánach de bhun Airteagal 44(3) nó go naistreofar iad go iomlán chuig faighteoir in aistriú páirteach, ní bheidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) os cionn méid ar leor é chun:
(a)méid na ndliteanas eisiata a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 44(3) a chumhdach;
(b)a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2.
6.I gcinneadh an údaráis réitigh íoscheangal cistí dílse agus dliteanas incháilithe a fhorchur faoin Airteagal seo, beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin, lena náirítear measúnú iomlán ar na heilimintí dá dtagraítear i míreanna 2 go dtí 5.
7.Chun críocha mhír 3 agus mhír 4, léirmhíneofar na ceanglais chaipitil i gcomhréir leis an gcur i bhfeidhm a dhéanann an túdarás inniúil ar fhorálacha idirthréimhseacha a leagtar síos i gCaibidil 1, Caibidil 2 agus Caibidil 4 de Theideal I de Chuid a Deich de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i bhforálacha na reachtaíochta náisiúnta a fheidhmíonn na roghanna a tugadh do na húdaráis inniúla leis an Rialachán sin.
Féadfaidh an túdarás réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a laghdú chun an méid atáthar ag súil a ranníocfaidh scéim ráthaithe taiscí isteach i maoiniú straitéis réitigh na tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 109 de Threoir 2014/59/AE.
Beidh méid aon laghdaithe den chineál sin bunaithe ar mheasúnú inchreidte ar an ranníocaíocht fhéideartha ón scéim ráthaithe taiscí, agus, ar a laghad:
(a)beidh sí níos lú ná meastachán stuama ar na caillteanais fhéideartha a bheadh ar scéim ráthaithe taiscí a iompar dá bhfoirceannfaí an institiúid faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, ina mbeadh aicmiú tosaíochta na scéime ráthaithe taiscí curtha san áireamh de bhun Airteagal 108 de Threoir 2014/59/AE;
(b)beidh sí níos lú ná an teorainn le ranníocaíochtaí na scéime ráthaithe taiscí a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 109(5) de Threoir 2014/59/AE;
(c)cuirfear san áireamh inti an riosca foriomlán go nídeofar modhanna airgeadais ar fáil na scéime ráthaithe taiscí de dheasca ranníocaíochtaí a bheith ag teacht uaithi isteach san iomad clistí bainc nó reiteach bainc; agus
(d)beidh sí comhsheasmhach le haon fhorálacha ábhartha eile sa dlí náisiúnta agus le dualgais agus freagrachtaí an údaráis atá freagrach as an scéim ráthaithe taiscí.
(e)Déanfaidh an túdarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás atá freagrach as an scéim ráthaithe taiscí, a chur chuige a dhoiceaméadú i ndáil leis an riosca foriomlán go nídeofar modhanna airgeadais ar fáil na scéime ráthaithe taiscí agus laghduithe a chur i bhfeidhm i gcomhréir le fomhír 1, ar choinníoll nach bhfuil riosca iomarcach ann.
8.Dréachtfaidh ÚBE caighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar a thuilleadh na critéir dá dtagraítear i mír 1 agus tá an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incheadaithe le cinneadh ar bhonn na gcaighdeán sin i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [1 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1090/2010.
Airteagal 45d An tíoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinneadh maidir le heintitis GS-IIanna
1.Beidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) d'eintiteas réitigh ar GSII nó cuid de GSII é déanta de na nithe seo a leanas:
(a)an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus
(b)aon cheanglas breise maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe arna chinneadh ag an údarás réitigh a bhaineann go sonrach leis an eintiteas i gcomhréir le mír 2, agus comhlíonfar an ceanglas sin le dliteanais a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 45b.
2.Ní fhéadfaidh údarás réitigh ceanglas breise maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a fhorchur dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 údarás réitigh ceanglas breise ach:
(a)mura leor an ceanglas dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 chun na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45c; agus
(b)a mhéid nach mbeidh méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe os cionn leibhéal atá riachtanach chun coinníollacha Airteagal 45c a chomhlíonadh.
3.Más eintitis réitigh iad níos mó ná eintiteas GSII amháin ar leis an GSII de chuid an Aontais Eorpaigh iad, ríomhfaidh na húdaráis réitigh an méid dá dtagraítear i mír 2,
(a)le haghaidh gach eintitis réitigh,
(b)le haghaidh an mháthaireintitis de chuid an Aontais Eorpaigh amhail dá mba é an taon eintiteas réitigh ag an GSII de chuid an Aontais Eorpaigh é.
4.I gcinneadh an údaráis réitigh ceangal breise cistí dílse agus dliteanas incháilithe a fhorchur faoi phointe (b) de mhír 1, beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin, lena náirítear measúnú iomlán ar na heilimintí dá dtagraítear i mír 2.
Airteagal 45e Treoir maidir le híoscheanglas na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe
1.Féadfaidh an túdarás réitigh treoir a thabhairt d'eintiteas cistí dílse agus dliteanais incháilithe a bheith aige a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 45b nó Airteagal 45g(3) os cionn na leibhéal a leagtar amach in Airteagal 45c agus Airteagal 45d lena bhforáiltear maidir le méideanna breise chun na gcríoch seo a leanas:
(a)chun caillteanais fhéideartha de chuid an eintitis a chumhdach sa bhreis ar na caillteanais faoi chumhdach Airteagal 45c agus/nó
(b)chun a áirithiú go mairfidh, i gcás réitigh, muinín mhargaidh leordhóthanach as an eintiteas le hionstraimí caipitil sa bhreis ar an gceanglas i bpointe (b) d'Airteagal 45c(2) (maolán muiníne margaidh').
Ní thabharfar ná ní ríomhfar an treoir sin ach i ndáil leis an gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) arna ríomhadh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 45(2).
2.Ní fhéadfar an méid treorach a thabharfar i gcomhréir le mír 1 a shocrú ach má shocraigh an túdarás inniúil a threoir féin i gcomhréir le hAirteagal 104b de Threoir 2013/36/AE agus ní bheidh sí os cionn leibhéal na treorach sin.
Ní bheidh an méid treorach a thabharfar i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1 os cionn méid an chomhcheanglais maoláin dá dtagraítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/ AE, seachas an ceanglas dá dtagraítear i bpointe (a) den fhoráil sin, mura gá leibhéal níos airde chun a áirithiú go leanfaidh an teintiteas, tar éis dhéanamh an réitigh, de na coinníollacha maidir lena údarú a chomhlíonadh ar feadh tréimhse iomchuí nach faide ná bliain amháin.
Déanfaidh an túdarás réitigh na cúiseanna atá leis an riachtanas sin agus leis an leibhéal treorach a tugadh i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur in iúl don eintiteas agus measúnú iomlán orthu.
3.Má bhíonn eintiteas gan cístí dílse breise agus dliteanais incháilithe bhreise a bheith aige de réir mar a rabhthas ag súil leis faoin treoir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an túdarás réitigh é a cheangal go méadófar méid an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45c(2) chun méid na treorach a tugadh de bhun an Airteagail seo a chumhdach.
4.Eintiteas a bhíonn gan cístí dílse breise agus dliteanais incháilithe bhreise a bheith aige de réir mar a rabhthas ag súil leis faoin treoir, ní bheidh sé faoi réir na sriantaí dá dtagraítear in Airteagal 141 de Threoir 2013/36/AE.
Airteagal 45f An tíoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinneadh a chur i bhfeidhm maidir le heintitis réitigh
1.Comhlíonfaidh eintitis réitigh na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 45c go 45e ar bhonn comhdhlúite ar leibhéal an ghrúpa réitigh.
2.Cinnfear ceanglas eintitis réitigh dá dtagraítear in Airteagal 45(1) ar leibhéal an ghrúpa chomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 45h ar bhonn na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 45c go 45e agus ar bhonn cé acu atá nó nach bhfuil fochuideachtaí tríú tír an ghrúpa le réiteach in éineacht leis an eintiteas réitigh de réir an phlean réitigh.
Airteagal 45g Íoscheanglais cistí dílse agus dliteanais eintitis incháilithe nach eintitis réitigh iad féin
1.Comhlíonfaidh institiúidí ar fochuideachtaí d'eintiteas imréitigh iad agus nach eintitis réitigh iad féin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45c go hAirteagal 45e ar bhonn aonair. Féadfaidh údarás imréitigh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, cinneadh an ceanglas a leagtar síos san Airteagal sin a chur i bhfeidhm ar eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b) (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) ar fochuideachta d'eintiteas réitigh é agus nach eintiteas réitigh é féin.
Déanfar an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) in eintiteas dá dtagraítear sa chéad mhír a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 45h agus ar bhonn na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 45c go 45e.
2.Beidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) maidir le heintitis dá dtagraítear sa chéad mhír faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a)comhlíonfaidh an teintiteas réitigh an ceanglas comhdhlúite dá dtagraítear in Airteagal 45f;
(b)cumhdófar suim na gceanglas go léir atá le cur i bhfeidhm ar fhochuideachtaí an ghrúpa imréitigh agus ní sháróidh sí an ceanglas comhdhlúite dá dtagraítear in Airteagal 45f murar iad éifeachtaí an comhdhlúite ar leibhéal an ghrúpa réitigh i gcomhréir le hAirteagal 45f(1) agus iad sin amháin is cúis leis sin.
(c)ní sháróidh an ceanglas ranníocaíocht na fochuideachta leis an gceanglas comhdhlúite dá dtagraítear in Airteagal 45f(1).
(d)comhlíonfaidh sé na critéir incháilithe dá bhforáiltear i mír 3.
3.Comhlíonfar an ceanglas le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
(a)dliteanais
(i) a eisítear don eintiteas imréitigh agus ar cheannaigh an teintiteas réitigh sin iad;
(ii) a chomhlíonfaidh na critéir incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72a, ach amháin maidir le pointe (b) d'Airteagal 72b(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(iii) a rangaítear i ngnáthnósanna imeachta dócmhainneachta níos ísle ná dliteanais cé is moite de dhliteanais atá incháilithe do cheanglais cistí dílse a eisítear d'eintitis eile nach an teintiteas réitigh iad agus a gceannaíonn na heintitis sin iad.
(iv) atá faoi réir ag an gcumhacht díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagail 59 go hAirteagal 62 atá comhsheasmhach le straitéis réitigh an ghrúpa réitigh, is é sin go háirithe gan difear a dhéanamh don rialú a dhéanann an teintiteas réitigh ar an bhfochuideachta.
(b)cistí dílse a eisítear d'eintitis eile cé is moite den eintiteas réitigh agus a gceannaíonn an teintiteas sin iad i gcás nach ndéanann feidhmiú cumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagail 59 go hAirteagal 62 difear don rialú a dhéanann an teintiteas réitigh ar an bhfochuideachta.
4.Faoi réir chomhaontú údarás réitigh na fochuideachta agus an eintitis réitigh, féadfar an ceanglas a chomhlíonadh le ráthaíocht ón eintiteas réitigh arna thabhairt dá fhochuideachta, lena chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)cuirtear an ráthaíocht ar fáil maidir leis an méid atá coibhéiseach le méid an cheanglais a dtéann sé ina ionad;
(b)déantar an ráthaíocht a thionscnamh nuair nach bhfuil sé ar chumas na fochuideachta a fiacha nó dliteanais eile a ghlanadh nuair a bheidh siad dlite nó nuair a dhéantar cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 59(3) i dtaca le fochuideachta, cibé acu is túisce a tharlóidh;
(c)déantar an ráthaíocht a comhthaobhú le socrú airgeadais comhthaobhach mar a shainítear i bpointe (a) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/EC ar 50 faoin gcéad dá méid ar a laghad;
(d)déantar an ráthaíocht agus an socrú airgeadais comhthaobhach a rialú faoi dhlíthe an Bhallstáit ina bhfuil an fhochuideachta bunaithe murar shainigh údarás réitigh na fochuideachta a mhalairt;
(e)comhlíonann an chomhthaobhacht lena thacaítear an ráthaíocht ceanglais Airteagal 197 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, méid atá leordhóthanach, agus caolchorrlaigh atá coimeádach go hiomchuí curtha i bhfeidhm, chun an méid a rathaítear a chumhdach go hiomlán;
(f)tá an chomhthaobhacht lena dtacaítear leis an ráthaíocht neamhualaithe agus ní úsáidtear go háirithe í chun tacú le haon ráthaíocht eile;
(g)tá aibíocht éifeachtach ag an gcomhthaobhacht a chomhlíonann an coinníoll aibíochta céanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus
(h)níl aon bhacainní dlíthiúla, rialála nó oibríochtúla ar aistriú na comhthaobhachta ón eintiteas réitigh chuig an bhfochuideachta ábhartha, i gcás ina ndéantar an gníomh réitigh i dtaca leis an eintiteas réitigh san áireamh.
5.Féadfaidh údarás réitigh fochuideachta nach eintiteas réitigh é cur i bhfeidhm an Airteagail seo ar an bhfochuideachta a tharscaoileadh go hiomlán i gcás:
(a)ina bhfuil an fhochuideachta agus an teintiteas réitigh ar aon faoi réir údarúcháin agus maoirsiú an Bhallstáit chéanna
(b)ina gcomhlíonann an teintiteas réitigh ar bhonn fo-chomhdhlúite an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45f;
(c)nach ann do bhac ábhartha praiticiúil nó dlíthiúil, ná súil le bac den sórt sin, ar an eintiteas réitigh cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras leis an bhfochuideachta i dtaca lena ndearnadh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 59(3), go háirithe nuair a dhéantar gníomh réitigh i dtaca leis an eintiteas réitigh;
(d)ina sásaíonn an teintiteas réitigh an túdarás inniúil maidir le bainistíocht stuama na fochuideachta agus tá sé fógartha aige, le toiliú an údaráis inniúil, go ráthaíonn sé na gealltanais arna ndéanamh ag an bhfochuideachta, nó nach mbaineann tábhacht ar bith leis na rioscaí san fhochuideachta;
(e)cuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhas agus meastóireachta riosca eintitis réitigh na fochuideachta freisin;
(f)tá os cionn 50 % de na cearta vótála a bhaineann le scaireanna i gcaipiteal na fochuideachta i seilbh an eintitis réitigh nó tá sé de cheart ag an eintiteas réitigh formhór comhaltaí chomhlacht bainistíochta na fochuideachta a cheapadh nó a chur as oifig.
(g)rinne údarás inniúil na fochuideachta cur i bhfeidhm na gceanglas caipitil a tharscaoileadh go hiomlán don fhochuideachta faoi Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Airteagal 45h Nós imeachta maidir leis an gceanglas a chinneadh
1.Údarás réitigh an eintitis réitigh, an túdarás réitigh ar leibhéal grúpa, i gcás nach ionann é agus údarás réitigh an eintitis réitigh, agus na húdaráis réitigh atá freagrach as fochuideachtaí an ghrúpa réitigh ar bhonn aonair, déanfaidh siad sin gach dá bhfuil ar a gcumas chun teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir le:
(a)méid an cheanglais atá le cur i bhfeidhm ar an leibhéal comhdhlúite maidir le gach eintiteas réitigh;
(b)méid an cheanglais atá le cur i bhfeidhm maidir le gach fochuideachta de chuid an eintitis réitigh ar leibhéal aonair.
Áiritheofar leis an gcinneadh comhpháirteach go mbeidh comhlíonadh Airteagal 45f agus Airteagal 45g lánréasúnaithe agus go gcuirfidh:
(a)an túdarás réitigh ar fáil don údarás réitigh é;
(b)a núdarás réitigh féin ar fáil d'fhochuideachtaí an eintitis réitigh é;
(c)údarás réitigh an eintitis réitigh ar fáil do mháthairghnóthas an Aontais an ghrúpa é, nuair nach eintiteas réitigh sa ghrúpa réitigh céanna an máthairghnóthas an Aontais féin.
2.I gcás inar eintitis réitigh níos mó ná GS-II amháin a bhaineann le GS-II an Aontais, déanfaidh na húdaráis réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír cur i bhfeidhm Airteagal 72e de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a phlé agus a chomhaontú, i gcás ina bhfuil sin iomchuí agus comhsheasmhach le straitéis réitigh GS-II, agus aon choigeartú a dhéanfar chun an difríocht idir suim na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 45d(3) agus in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le heintitis réitigh aonair agus suim na méideanna dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 45d(3) agus in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, an difríocht sin a íoslaghdú nó a dhíothú.
Féadfar coigeartú de chineál sin a chur i bhfeidhm faoi na coinníollacha seo a leanas:
(a)féadfar an coigeartú a chur i bhfeidhm i dtaca leis na difríochtaí i ríomh méideanna neamhchosanta riosca iomlána idir na Ballstáit ábhartha trí leibhéal an cheanglais a choigeartú;
(b)ní chuirfear an coigeartú i bhfeidhm chun difríochtaí a eascraíonn ó neamhchosaintí idir grúpaí réitigh a dhíothú.
Ní bheidh suim na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 45d(3) agus in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le heintitis réitigh aonair níos lú ná suim na méideanna dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 45d(3) agus in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
3.Mura dtagtar ar chinneadh comhpháirteach laistigh de cheithre mhí, déanfar cinneadh i gcomhréir le míreanna 4 go 6.
4.I gcás nach dtagtar ar chinneadh comhpháirteach laistigh de cheithre mhí de thoradh easaontú maidir leis an gceanglas comhdhlúite, déanfaidh údarás réitigh an eintitis réitigh cinneadh maidir leis an gceanglas comhdhlúite tar éis an méid seo a chur san áireamh go hiomchuí:
(f)measúnú ar na fochuideachtaí a rinne ag na húdaráis réitigh lena mbaineann,
tuairim an údaráis réitigh ar leibhéal grúpa, i gcás nach ionann é sin agus tuairim údaráis réitigh an eintitis réitigh.
Más rud é, ag deireadh na tréimhse ceithre mhí, gur chuir aon cheann de na húdaráis an tábhar a chur faoi bhráid ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh údarás réitigh an eintitis réitigh a chinneadh siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a ghlacfaidh ÚBE de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lena chinneadh, agus glacfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE.
Cuirfidh cinneadh ÚBE pointí (a) agus (b) den chéad fhomhír san áireamh.
Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin.
Ní chuirfear an tábhar ar aghaidh chuig ÚBE má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach.
Mura dtiocfaidh ÚBE ar chinneadh laistigh d'aon mhí amháin, beidh feidhm ag cinneadh údarás réitigh an eintitis réitigh.
5.Mura dtagtar ar chinneadh comhpháirteach laistigh de cheithre mhí de thoradh easaontú maidir le leibhéal an cheanglais a bheidh le cur i bhfeidhm ar fhochuideachtaí an ghrúpa réitigh ar bhonn aonair, déanfaidh údaráis réitigh na bhfochuideachtaí faoi seach an cinneadh i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:
(a)tá na tuairimí agus na forchoimeádais a chuir údarás réitigh an eintitis réitigh curtha san áireamh go hiomchuí, agus
(b)tá tuairim an údaráis réitigh ar leibhéal grúpa curtha san áireamh go hiomchuí i gcás nárbh é údarás réitigh an eintitis réitigh an túdarás sin;
(c)tá measúnú déanta ar chomhlíonadh Airteagal 45g(2).
Más rud é, ag deireadh na tréimhse ceithre mhí, go bhfuil údarás réitigh an eintitis réitigh nó an túdarás réitigh ar leibhéal grúpa tar éis an tábhar a chur faoi bhráid ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh na húdaráis réitigh atá freagrach as na fochuideachtaí ar bhonn aonair a gcinntí siar agus fanfaidh siad ar aon chinneadh a fhéadfaidh ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin, agus déanfaidh siad a gcinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Cuirfidh cinneadh ÚBE pointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír san áireamh.
Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin.
Ní chuirfear an tábhar ar aghaidh chuig ÚBE má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach.
Mura dtagann ÚBE ar chinneadh laistigh de mhí amháin, beidh feidhm ag cinntí údarás réitigh na bhfochuideachtaí.
Déanfar an cinneadh comhpháirteach agus aon chinntí a dhéanfar mura ndéantar cinneadh comhpháirteach a athbhreithniú agus a nuashonrú ar bhonn rialta i gcás inarb ábhartha.
6.Mura dtagtar ar chinneadh comhpháirteach laistigh de cheithre mhí de thoradh easaontú maidir le leibhéal an cheanglais chomhdhlúite agus leibhéal an cheanglais a bheidh le cur ar fhochuideachtaí an ghrúpa réitigh ar bhonn aonair, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)déanfar cinneadh maidir leis an gceanglas comhdhlúite i gcomhréir le mír 4;
(b)déanfar cinneadh maidir le leibhéal an cheanglais a bheidh le cur ar fhochuideachtaí an ghrúpa réitigh ar bhonn aonair i gcomhréir le mír 4 tar éis:
(i) tar éis an cinneadh dá dtagraítear i bpointe (a) a mheas go hiomchuí;
(ii) tar éis comhlíonadh Airteagal 45g(2) a mheasúnú.
7.Beidh an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1 agus aon chinntí a dhéanfaidh na húdaráis réitigh dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 6 mura ndéantar cinneadh comhpháirteach, beidh siad sin ina gceangal ar na húdaráis réitigh lena mbaineann.
Déanfar an cinneadh comhpháirteach agus aon chinntí a dhéanfar mura ndéantar cinneadh comhpháirteach a athbhreithniú agus a nuashonrú ar bhonn rialta i gcás inarb ábhartha.
8.Éileoidh údaráis réitigh, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, agus fíoróidh siad go gcomhlíonfaidh eintitis an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1), agus déanfaidh siad aon chinneadh de bhun an Airteagail seo i gcomhthráth le forbairt agus cothabháil na bpleananna réitigh.
9.Cuirfidh údarás réitigh an eintitis réitigh ÚBE ar an eolas faoi na híoscheanglais a shocrófar maidir le cistí dílse agus dliteanais
(a)ar leibhéal an ghrúpa réitigh chomhdhlúite;
(b)ar leibhéal fhochuideachtaí an ghrúpa réitigh ar bhonn aonair.
Airteagal 45i Tuairisciú maoirseachta agus nochtadh poiblí a dhéanamh ar an gceanglas
1.Tabharfaidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) tuairisc dá núdaráis inniúla agus dá núdaráis réitigh ar an méid seo a leanas ar bhonn bliantúil ar a laghad:
(a)leibhéal na nítimí atá ar fáil lena gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 45b nó Airteagal 45g(3) agus na méideanna cistí dílse agus dliteanas incháilithe arna sloinneadh i gcomhréir le hAirteagal 45(2) tar éis asbhaintí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 72e go hAirteagal 72j de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(b)comhdhéanamh na nítimí dá dtagraítear i bpointe (a), lena náirítear a bpróifíl aibíochta agus a rangú i ngnáthnósanna imeachta dócmhainneachta.
2.Cuirfidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) an fhaisnéis seo a leanas ar fáil go poiblí ar bhonn bliantúil ar a laghad:
(a)leibhéil na nítimí atá ar fáil a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 45b nó Airteagal 45g(3);
(b)comhdhéanamh na nítimí dá dtagraítear i bpointe (a), lena náirítear a bpróifíl aibíochta agus a rangú i ngnáthnósanna imeachta dócmhainneachta.
3.Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáidí aonfhoirmeacha, teimpléid agus minicíocht a shonrú agus teimpléid maidir leis an tuairisciú maoirseachta agus an nochtadh poiblí dá dtagraítear i mír (1) agus mír (2) den Airteagal seo.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
4.Beidh feidhm ag na ceanglais maidir le nochtadh poiblí an dáta a chomhlíonfar go hiomlán don chéad uair an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1).
Airteagal 45j Tuairisc a thabhairt do ÚBE
1.Cuirfidh na húdaráis réitigh in iúl d'ÚBE, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, na híoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a shocraigh siad do gach institiúid atá faoina ndlínse.
2.Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáidí aonfhoirmeacha, teimpléid agus sainmhínithe a shonrú le haghaidh sainaithint agus traschur faisnéise ag údaráis réitigh, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, chuig ÚBE chun críocha mhír 1.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]....*.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 45k Sáruithe ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe
1.Tabharfaidh na húdaráis ábhartha aghaidh ar aon sárú ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe ar bhonn ceann amháin den mhéid seo a leanas:
(a)na cumhachtaí aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar inréititheacht nó iad a dhíothú i gcomhréir le hAirteagal 17 agus Airteagal 18;
(b)bearta dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/CE.
(c)bearta luath-idirghabhála i gcomhréir le hAirteagal 27;
(d)pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile i gcomhréir le hAirteagal 110 agus Airteagal 111;
2.Rachaidh údaráis réitigh agus údaráis inniúla i gcomhairle le chéile nuair a fheidhmeoidh siad a gcumhachtaí féin dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de mhír 1.
Airteagal 45 l Tuarascálacha
1.Cuirfidh ÚBE, i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiún ina bheidh measúnuithe ar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)an chaoi inar cuireadh an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incheadaithe chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, agus féachaint an raibh dibhéirseachtaí sna leibhéil a leagadh síos d'eintitis sna Ballstáit;
(b)an chaoi inar fheidhmigh na húdaráis réitigh an chumhacht ceanglas a chur ar institiúidí an ceanglas a chomhlíonadh le hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 45b(2) agus féachaint an raibh dibhéirseachtaí i bhfeidhmiú na cumhachta sin sna Ballstáit.
2.Tabharfaidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 aird ar na nithe seo a leanas:
(a)tionchar an íoscheanglais, agus aon leibhéil comhchuibhithe den íoscheanglas arna moladh maidir leis na nithe seo a leanas;
(i)
margaí airgeadais go ginearálta agus margaí i gcomhair fiacha neamhurraithe agus díorthach go háirithe;
(ii)
samhlacha gnó agus struchtúir cláir chomhardaithe institiúidí, próifíl maoiniúcháin agus straitéis maoiniúcháin go háirithe, agus struchtúr dlíthiúil agus oibríochtúil grúpaí;
(iii)
brabúsacht institiúidí, a gcostais maoiniúcháin go háirithe;
(iv)
imirce neamhchosaintí chuig eintitis nach bhfuil faoi réir maoirseachta stuamachta;
(v)
nuálaíocht airgeadais;
(vi)
leitheadúlacht ionstraimí tarrthála inmheánaí conarthacha, agus cineál agus indíoltacht na nionstraimí sin;
(vii)
iompar glactha riosca institiúidí;
(viii)
leibhéal ualú sócmhainní institiúidí;
(ix)
na gníomhartha a dhéanann institiúidí chun íoscheanglais a chomhlíonadh, agus go háirithe an méid a comhlíonadh íoscheanglais trí shócmhainní a dhíghiaráil, fiacha fadtéarmacha a eisiúint agus caipiteal a chruinniú; agus
(x)
leibhéal iasachtaithe ag institiúidí creidmheasa, agus fócas faoi leith ar iasachtú le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair meánmhéide, le húdaráis áitiúla, le rialtais réigiúnacha agus le heintitis san earnáil phoiblí agus ar mhaoiniú trádála, lena náirítear iasachtú faoi scéimeanna árachais chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúla;
(b)idirghníomhaíocht na níoscheanglas leis an gcoibhneas giarála cistí dílse agus na ceanglais leachtachta a leagtar síos i Rialachán Uimh. 575/2013 agus i Rialachán 2013/36/AE;
(c)cumas na ninstitiúidí caipiteal nó maoiniú a thógáil ar na margaí chun aon íoscheanglais chomhchuibhithe atá beartaithe a chomhlíonadh;
3.Cumhdóidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 dhá bhliain féilire agus déanfar í a chur in iúl don Choimisiún faoi 30 Meán Fómhair na bliana féilire tar éis na bliana féilire a chumhdófar sa tuarascáil. "
24.
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagal 55:
"Airteagal 55
Tarrtháil inmheánach chonarthach a aithint
1.Cuirfidh na Ballstáit de cheanglas ar institiúidí agus eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) téarma conarthach a chur san áireamh trína naithneoidh an creidiúnaí nó an páirtí sa chomhaontú nó san ionstraim lena gcruthaítear an dliteanas go bhféadfaidh an dliteanas sin a bheith faoi réir na gcumhachtaí díluachála agus comhshó agus go dtoileoidh sé a bheith faoi réir aon laghdú ar an bpríomhshuim nó aon mhéid gan íoc atá dlite, comhshó nó cealú a bhfuil tionchar ag feidhmiú na gcumhachtaí sin orthu ag údarás réitigh, ar choinníoll go gcomhlíonann an dliteanas sin na coinníollacha seo uile a leanas:
(a)ní eiseofar an dliteanas faoi Airteagal 44(2);
(b)ní taisce an dliteanas dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 108;
(c)rialófar an dliteanas faoi dhlí tríú tír;
(d)eiseofar an dliteanas nó téitear ina bhun tar éis an dáta a chuireann Ballstát na forálacha i bhfeidhm arna nglacadh chun an Roinn sin a thrasuí.
2.Féadfaidh nach mbeidh feidhm ag an gceanglas dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina gcinneann údarás réitigh Ballstáit gur comhlíonadh na coinníollacha seo uile a leanas:
(a)féadfaidh na dliteanais nó na hionstraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír bheith faoi réir na gcumhachtaí díluachála agus comhshó ag údarás réitigh Ballstáit de bhun dlí tríú tír nó comhaontú ceangailteach a dhéanfar leis an tríú tír sin;
(b)beidh sé dodhéanta go dlíthiúil go conarthach, nó go heacnamaíoch d'institiúid nó d'eintiteas dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) nó i bpointe (d) d'Airteagal 1(1) téarma conarthach den chineál sin a chur san áireamh i ndliteanais áirithe;
(c)ní chuirfidh tarscaoileadh ón gceanglas dá dtagraítear i mír 1 maidir le dliteanais áirithe bac ar inréititheacht na ninstitiúidí agus na neintiteas dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 1 (1).
Ní bheidh sna dliteanais dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) ionstraimí fiachais ar dliteanais neamhurraithe, ionstraimí de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Leibhéal 2 iad. Anuas air sin, is dliteanais shinsearacha a bheidh iontu a fhéadtar a chur san áireamh san íoscheanglas i gcomhair cistí dílse agus dliteanais incheadaithe.
Ní chuirfear na dliteanais, i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b), nach gcuimsítear leo an téarma conarthach dá dtagraítear i mír 1 san íoscheanglas i gcomhair cistí dílse agus dliteanais incheadaithe.
3.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh ceanglas a chur ar institiúidí agus eintitis dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 1(1) tuairim dhlíthiúil a chur ar fáil do na húdaráis maidir le hinfhorghníomhaíocht dhlíthiúil agus éifeachtacht an téarma chonarthaigh dá dtagraítear i mír 1.
4.I gcás ina gcliseann ar institiúid nó eintiteas dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) nó i bpointe (d) d'Airteagal 1(1) téarma conarthach a chur sna forálacha conarthacha lena rialaítear dliteanas ábhartha mar a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1, ní chuirfidh an cliseadh sin cosc ar an údarás réitigh a chumhachtaí díluachála agus comhshó a fheidhmiú i dtaca leis an dliteanas sin.
5.Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an liosta dliteanas lena mbaineann an teisiamh i mír 1agus inneachar an téarma chonarthaigh dá gceanglaítear sa mhír sin a chinneadh a thuilleadh, agus samhlacha gnó difriúla institiúidí á gcur san áireamh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
6.Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú faoi nach mbeadh sé dodhéanta go dlíthiúil go conarthach, nó go heacnamaíoch d'institiúid nó d'eintiteas dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) nó i bpointe (d) d'Airteagal 1(1) téarma conarthach den chineál sin dá dtagraítear i mír 1 a chur san áireamh i ndliteanais áirithe; agus faoi nach gcuirfeadh tarscaoileadh ón gceanglas dá dtagraítear i mír 1 bac ar inréititheacht na hinstitiúide nó an eintitis sin.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. "
25.Cuirtear an pointe (n) seo a leanas le hAirteagal 63(1):
"(n)
an chumhacht oibleagáidí íocaíochta nó seachadta a chur ar fionraí dá bhfuil an institiúid nó eintiteas dá dtagraítear i mír 1 ina pháirtí, nuair an chinneann an túdarás réitigh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, gur gá an chumhacht cur ar fionraí a fheidhmiú chun measúnú éifeachtach a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na huirlisí réitigh nó chun críocha na luachála de bhun Airteagal 36.
26.Cuirtear míreanna 1 a agus 1b le hAirteagal 63(1) mar seo a leanas:
"1a.
Ní rachaidh an tréimhse fionraíochta de bhun mhír 1(n) thar an íostréimhse ama a measann an túdarás a bheith riachtanach chun uirlis réitigh amháin nó níos mó a chur i bhfeidhm go héifeachtach nó chun críche na luachála de bhun Airteagal 36 agus i gcás ar bith ní rachaidh sí thar chúig lá oibre.
1b.
Ní bheidh feidhm ag aon chur ar fionraí faoi mhír 1(n) maidir le:
(a)oibleagáidí íocaíochta agus seachadta atá dlite do chórais agus d'oibreoirí córas chun críocha Threoir 98/26/CE, contrapháirtithe lárnacha agus contrapháirtithe lárnacha tríú tír arna naithint ag ÚEUM de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh.648/2012, agus bainc ceannais.".
(b)éilimh incháilithe chun críocha Threoir 97/9/CE;
(c)taiscí cumhdaithe mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1)(94)."
27.Cuirtear "agus dliteanais incháilithe" i dteidil Airteagal 59 agus Airteagal 60.
28.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 59 mír 1:
"1.
Féadtar na cumhachtaí ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó a fheidhmiú:
(a)gan beann ar ghníomhú réitigh nó
(b)i gcomhar le gníomhaíocht réitigh, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le réiteach a shainítear in Airteagal 32 agus in Airteagal 33.
Ní fhéadtar na cumhachtaí dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó beag beann ar ghníomhaíocht réitigh a fheidhmiú ach maidir le dliteanais incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 45g(3)(a), ach amháin an coinníoll maidir le haibíocht dliteanas atá fágtha.".
29.Cuirtear "ionstraimí caipitil agus dliteanais dá dtagraítear i mír 1" in ionad "Ionstraimí Caipitil" in Airteagal 59(2) agus Airteagal 59(3)".
30.Cuirtear "ionstraimí caipitil nó dliteanais dá dtagraítear i mír 1" in ionad "Ionstraimí Caipitil" in Airteagal 59(4) agus Airteagal 59(10)".
31.In Airteagal 60(1) cuirtear isteach an pointe (d) seo a leanas:
"(d)
díluachálfar príomhshuim na nionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 59(1) nó comhshófar iad in ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó an dá rud, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a leagtar amach in Airteagal 31 a bhaint amach nó suas go dtí méid acmhainneacht na ndliteanais incháilithe ábhartha, cibé acu is ísle.".
32.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 60 mír 2:
"2.
I gcás ina ndíluachálfar príomhshuim ionstraime caipitil ábhartha nó dliteanais incháilithe:
(a)is laghdú buan a bheidh sa laghdú ar an bpríomhshuim sin, faoi réir aon uasluacháil a dhéanfar i gcomhréir leis an sásra aisíoca in Airteagal 46(3);
(b)ní fhanfaidh aon dliteanas do shealbhóir na hionstraime caipitlí ábhartha agus fanfaidh an dliteanas dá dtagraítear in Airteagal 59(1) faoi mhéid na hionstraime sin a dhíluacháladh, nó i dtaca leis, cé is moite d'aon dliteanas a fabhraíodh cheana, agus aon dliteanas i leith damáiste a d'fhéadfadh tarlú de bhíthin achomhairc mar thoradh ar agóid in aghaidh dlíthiúlacht fheidhmiú na gcumhachtaí díluachála;
(c)ní íocfar aon chúiteamh le haon sealbhóir ionstraimí agus dliteanas caipitil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 59(1) seachas i gcomhréir le mír 3.".
33.In Airteagal 60(3), cuirtear " na hionstraimí caipitil agus dliteanais ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 59(1)" in ionad "na hionstraimí caipitil ábhartha".
34.In Airteagal 69(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
oibleagáidí íocaíochta agus seachadta atá dlite do chórais nó oibreoirí córais arna nainmniú chun críocha Threoir 98/26/CE, contrapháirtithe lárnacha, contrapháirtithe lárnacha tríú tír arna naithint ag ÚEUM de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus ag bainc ceannais;'.
35.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 70 mír 2:
"2. Ní fheidhmeoidh na húdaráis réitigh na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 i dtaca le haon leas urrúis córas nó le hoibreoirí córas a ainmneofar chun críocha Threoir 98/26/CE, contrapháirtithe lárnacha nó contrapháirithe tríú tír arna aithint ag ÉUEM de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus bainc ceannais maidir le sócmhainní a gheallfar nó a sholáthrófar mar chorrlach nó mar chomhthaobhacht ag an institiúid atá faoi réiteach.
36.In Airteagal 71, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
"3. Ní bheidh feidhm ag aon chur ar fionraí faoi mhír 1 nó mír 2 maidir le córais agus oibreoirí córas chun críche Threoir 98/26/CE, contrapháirtithe lárnacha agus contrapháirtithe lárnacha tríú tír arna naithint ag ÚEUM de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh.648/2012 nó bainc ceannais.".
37.In Airteagal 88, cuirtear "airteagail 45 go 45i" in ionad "Airteagal 45".
38.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 88(1):
Faoi réir Airteagal 89, déanfaidh údaráis réitigh ar leibhéal grúpa na coláistí réitigh a bhunú chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail, 12, 13, 16, 18, 45 go 45i, 91 agus 92 a dhéanamh, agus, i gcás inarb iomchuí, chun comhar agus comhordú le húdaráis réitigh tríú tír a áirithiú.".
39.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 89:
"Airteagal 89
Coláistí réitigh Eorpacha
1.I gcás ina bhfuil fochuideachtaí san Aontas nó máthairghnóthais san Aontas ag institiúid tríú tír nó máthairghnóthas tríú tír, atá bunaithe i ndá Bhallstát nó níos mó, nó dhá bhrainse nó níos mó san Aontas a measann dhá Bhallstát nó níos mó go bhfuil siad suntasach, déanfaidh údaráis réitigh na mBallstát ina bhfuil na heintitis bunaithe nó ina bhfuil na brainsí sin lonnaithe aon choláiste réitigh Eorpach amháin a bhunú.
2.Déanfaidh an coláiste réitigh Eorpach dá dtagraítear i mír 1 na feidhmeanna agus na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 88 i dtaca leis na heintitis dá dtagraítear i mír 1 agus, sa mhéid is go bhfuil na cúraimí sin ábhartha, i dtaca le brainsí.
Cuimseofar sna cúraimí a bheidh le déanamh ag an gcoláiste réitigh Eorpach dá dtagraítear i mír 2 leagadh amach an cheanglais dá dtagraítear in Airteagail 45 go hAirteagal 45i.
Nuair a bheidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagail 45 go hAirteagal 45i á leagan amach cuirfidh comhaltaí an choláiste réitigh Eorpaigh san áireamh an straitéis réitigh dhomhanda, más ann dí, arna glacadh ag údaráis tríú tír.
I gcás nach eintitis réitigh fochuideachtaí an Aontais nó máthairghnóthas an Aontais, i gcomhréir leis an straitéis réitigh dhomhanda, agus ina gcomhaontaíonn comhaltaí an choláiste réitigh Eorpaigh leis an straitéis sin, comhlíonfaidh fochuideachtaí an Aontais nó máthairghnóthas an Aontais ceanglas Airteagal 45g(1) ar bhonn comhdhlúite trí ionstraimí incháilithe a eisiúint dá dtagraítear in Airteagal 45g(3) (a) agus Airteagal 45g(3)(b) don eintiteas réitigh tríú tír.
3.I gcás ina shealbhaíonn máthairghnóthas amháin san Aontas fochuideachtaí uile an Aontais tríú tír nó máthairghnóthas tríú tír, is é údarás réitigh an Bhallstáit, ina bhfuil an máthairghnóthas san Aontas bunaithe, a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an gcoláiste réitigh Eorpach.
I gcás nach mbeidh feidhm ag an gcéad fhomhír, is é údarás réitigh máthairghnóthais an Aontais nó fochuideachta an Aontais, ar airde luach na sócmhainní cláir chomhardaithe a shealbhaíonn sé, is é an túdarás réitigh a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an gcoláiste réitigh Eorpach.
4.Féadfaidh na Ballstáit, trí chomhaontú frithpháirteach na bpáirtithe ábhartha, tarscaoileadh a dhéanamh ar an gceanglas coláiste réitigh Eorpach a bhunú má dhéanann grúpa nó coláiste eile na feidhmeanna agus na cúraimí céanna a shonraítear san Airteagal seo agus má chomhlíonann sé na coinníollacha agus na nósanna imeachta, na coinníollacha agus na nósanna imeachta lena gcumhdaítear ballraíocht agus rannpháirtíocht i gcoláistí réitigh Eorpacha san áireamh, a bhunaítear san Airteagal seo agus in Airteagal 90. I gcás den chineál sin, tuigfear gur tagairt do na grúpaí nó na coláistí sin gach tagairt do choláistí réitigh Eorpacha sa Treoir seo.
5.Faoi réir mhíreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, feidhmeoidh an coláiste réitigh Eorpach ar shlí eile i gcomhréir le hAirteagal 88.
40.Leasaítear Airteagal 110 mar seo a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
Gan dochar do cheart na mBallstát foráil do phionóis choiriúla agus iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile is infheidhme i gcás nár comhlíonadh na forálacha náisiúnta lena trasuitear an Treoir seo nó forálacha an Rialacháin [maidir le téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha], agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
ʻ2. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le hinstitiúidí, institiúidí airgeadais nó máthairghnóthais san Aontas de réir bhrí na Treorach seo nó maidir le contrapháirtithe lárnacha nó comhaltaí réitigh de chontrapháirtithe lárnacha de réir bhrí Rialacháin [maidir le téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha], nó, i gcás sáraithe, gur féidir pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta de réir bhrí an Rialacháin seo nó ar chomhaltaí an bhoird de réir bhrí Rialacháin [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha], nó ar dhaoine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.';
(c)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
'Déanfar na cumhachtaí pionóis riaracháin a fhorchur dá bhforáiltear sa Rialachán Treorach a shannadh d'údaráis réitigh nó, i gcás nach ionann iad, d'údaráis inniúla, de réir an chineál sárú atá ann. ʼ;
41.Leasaítear Airteagal 111 mar seo a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a), phointe (b) agus phointe (c):
'(a) cliseadh pleananna athghabhála agus pleananna athghabhála grúpa a tharraingt suas, lena sáraítear Airteagal 5 agus Airteagal 7 den Treoir seo agus Airteagal 9 de Rialachán [maidir le téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha];
(b) cliseadh a chur in iúl don údarás inniúil go bhfuil sé beartaithe tacaíocht airgeadais grúpa a chur ar fáil lena sáraítear Airteagal 25 den Treoir seo;
'(c) cliseadh an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil maidir le pleananna réitigh a fhorbairt, lena sáraítear Airteagal 11 den Treoir seo agus Airteagal 14 de Rialachán [maidir le téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha];
(d) cliseadh ag comhlacht bainistíochta institiúide nó eintitis dá dtagraítear i bpointe (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) den Treoir seo nó ag bord contrapháirtí lárnaigh de réir bhrí Rialachán [maidir le téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha] an túdarás inniúil a chur ar an eolas nuair a bheidh an institiúid nó an teintiteas dá dtagraítear i bpointe (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) den Treoir seo an contraphairtí lárnach ag cliseadh nó nuair is dóchúil go mbeidh sé ag cliseadh, agus ar an mbealach sin Airteagal 81 den Treoir seo nó Airteagal 68(1) de Rialachán [maidir le téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha] a shárú.ʼ;
(b)leasaítear mír 2 mar seo a leanas:
(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) ráiteas poiblí lena léirítear an duine nádúrtha, institiúid, institiúid airgeadais, máthairghnóthas an Aontais, contrapháirtí lárnach nó aon duine dlítheanach atá freagrach agus cineál an tsáraithe;ʼ;
(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
ʻ(c) cosc sealadach in aghaidh aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta nó de bhainistíocht shinsearach na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear i bpointe (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) nó in aghaidh bhoird an chontrapháirtí lárnaigh nó aon duine nádúrtha eile, a bheidh freagrach, feidhmeanna a fheidhmiú in institiúidí nó in eintitis dá dtagraítear i bpointe (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) nó i gcontrapháirtithe lárnacha; ʼ
42.Leasaítear Airteagal 112 mar seo a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
ʻÁiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis inniúla ar a láthair gréasáin oifigiúil ar a laghad aon phionóis riaracháin a fhorchuirfidh siad maidir le sárú na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo nó na forálacha a leagtar síos i Rialachán [maidir le téranamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha] i gcás nach raibh na pionóis sin faoi réir achomhairc nó ina bhfuil an ceart achomhairc tar éis teacht chun deiridhʼ;
(b) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) i gcás ina ndéanfadh foilsiú, a mhéid is féidir sin a chinneadh, dochar díréireach do na hinstitiúidí nó na heintitis i bpointe (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) den Treoir seo nó don chontrapháirtí lárnach nó do na daoine nádúrtha lean mbaineann.ʼ;
(c)leasaítear mír 4 mar seo a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
Faoin 3 Iúil 2016, cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin i dtaobh pionóis a fhoilsiú ar bhonn anaithnid dá bhforáiltear faoi mhír 2 maidir le neamhchomhlíontacht forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus go háirithe féachaint an raibh dibhéirseachtaí idir na Ballstáit ina thaobh sin.ʼ;
(ii) cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
faoin […], cuirfidh ÚEUM tuarascáil den chineál céanna faoi bhráid an Choimisiúin faoi fhoilsiú pionós maidir le neamhchomhlíontacht na bhforálacha a leagtar síos i Rialachán [maidir le téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha]ʼ;
43.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 113:
"Airteagal 113
Bunachair sonraí lárnacha a chothabháil ag ÚBE agus ÚEUM
1.Faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 84, cuirfidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi na pionóis riaracháin uile a d'fhorfheidhmigh siad faoi Airteagal 111maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus faoi stádas an achomhairc sin agus an toradh a bhí air.
Faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán [téarnamh agus réiteach Contrapháirtithe Lárnacha], cuirfidh údaráis réitigh agus údaráis inniúla ÚEUM ar an eolas dá réir sin i dtaca le pionóis riaracháin arna bhforchur maidir le sáruithe ar an Rialacháin sin.
2.Coimeádfaidh ÚBE agus ÚEUM bunachair sonraí lárnacha de na pionóis a chuirtear in iúl dóibh chun críche faisnéis nach mbeidh rochtain uirthi ach ag údaráis réitigh amháin a mhalartú idir údaráis réitigh agus déanfar ina bunachair sin a nuashonrú ar bhonn an eolais arna sholáthar ag na húdaráis inniúla.
3.Coimeádfaidh ÚBE agus ÚEUM bunachair sonraí lárnacha de na pionóis a chuirtear in iúl dóibh chun críche faisnéis nach mbeidh rochtain uirthi ach ag údaráis inniúla amháin a mhalartú idir údaráis inniúla agus déanfar na bunachair sin a nuashonrú ar bhonn an eolais a sholáthróidh na húdaráis réitigh.
4.Coimeádfaidh ÚBE agus ÚEUM leathanaigh gréasáin ina mbeidh naisc chuig na pionóis a fhoilsíonn gach údarás réitigh agus chuig na pionóis a fhoilsíonn gach údarás inniúil faoi Airteagal 112 agus léireoidh siad an tréimhse dá bhfoilsíonn gach Ballstát pionóis.
Airteagal 2
Leasú ar Threoir 98/26/CE
In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
"(c) ciallóidh "contrapháirtí lárnach" contrapháirtí lárnach mar atá sainmhínithe i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimhir 648/2012;".
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2, pointe (f):
(f) 'ciallóidh rannpháirtí institiúid, contrapháirtí lárnach, gníomhaire socraíochta, teach imréitigh, oibreoir córais nó comhalta imréitigh de chontrapháirtí lárnach arna údarú de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012,".
Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir 2002/47/CE
Leasaítear Treoir 2002/47/CE mar a leanas:
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 mír 6:
“6. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 4 go 7 den Treoir seo maidir le haon teorainn ar fhorfheidhmiú na socruithe airgeadais comhthaobhaigh nó ar éifeacht socraithe airgeadais chomhthaobhaigh urrús, ar aon ghlanluacháil socraíochta nó ar aon fhoráil fritháirimh a forchuireadh de bhua Theideal IV, Caibidil V nó Caibidil VI de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó de bhua Theideal V, Caibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha] nó maidir le haon teorainn den chineál sin a fhorchuirtear de bhua cumhachtaí den chineál céanna i ndlí Ballstáit chun cuidiú le réiteach ordúil aon eintitis dá dtagraítear i bpointe (c) (iv) de mhír 2 atá faoi réir coimircí ar coibhéiseach iad ar a laghad leo sin a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil VII de Threoir 2014/59/AE agus i dTeideal V de Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha].'
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9 a:
‘Airteagal 9a
Treoracha 2008/48/CE, Treoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha]
Beidh an Treoir seo gan dochar do Threoracha 2008/48/CE, Treoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha].’
Airteagal 4
Leasú ar Threoir 2004/25/CE
In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
"5.
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag Airteagal 5(1) den Treoir seo i gcás ina núsáidfear uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i dTeideal V de Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha]."
Airteagal 5
Leasú ar Threoir 2005/56/CE
In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
"4.
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an gcuideachta nó na cuideachtaí atá faoi réir úsáid uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i dTeideal V de Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha]."
Airteagal 6
Leasuithe ar Threoir 2007/36/CE
Leasaítear Treoir 2007/36/AE mar a leanas:
(a)In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
"4.
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an Treoir seo i gcás ina núsáidfear uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i dTeideal V de Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha]."
(b)In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an cruinniú ginearálta, chun críocha Threoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha], trí thromlach dhá dtrian de na vótaí arna gcaitheamh go bailí, comhghairm chuig cruinniú ginearálta a eisiúint, nó na reachtanna a mhodhnú le forordú go neiseofar comhghairm chuig cruinniú ginearálta, ar fhógra níos giorra ná mar a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, chun méadú ar an gcaipiteal a chomhaontú, ar choinníoll nach dtionóltar an cruinniú laistigh de dheich lá féilire is a chomhghairm, go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 27 nó Airteagal 29 de Threoir 2014/59/AE agus Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha] agus go bhfuil an méadú ar an gcaipiteal ag teastáil chun na coinníollacha maidir le réiteach a leagtar síos in Airteagal 32 agus Airteagal 33 de Threoir 2014/59/AE nó in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha], chun na coinníollacha sin a sheachaint.
Airteagal 7
Leasú ar Threoir 2011/35/AE
In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
"4.
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an gcuideachta nó na cuideachtaí atá faoi réir úsáid uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i dTeideal V de Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe árnacha]."
Airteagal 8
Leasú ar Threoir 2012/30/AE
In Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
"4.
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag Airteagal 10, Airteagal 19(1), Airteagal 29(1), (2) agus (3), an chéad fhomhír d'Airteagal 31(2), Airteagail 33 go hAirteagal 36 agus Airteagail 40, 41 agus 42 i gcás ina núsáidfear uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i dTeideal V de Rialachán (AE) Uimh. [téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha].".
Airteagal 9
Trasuí
1.Na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [12 mhí ón dáta a thiocfaidh sí i bhfeidhm]. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm ón [dáta – 6 mhí ó dháta an trasuímh].
2.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1, beidh iontu tagairt don Treoir seo nó gabhfaidh tagairt den chineál sin leo tráth a bhfoilsithe go hoifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
3.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún agus d'ÚBE.
Airteagal 10
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Tiocfaidh Airteagail 1(1), 1(40), 1(41), 1(42), 1(43), 2, 3, 4, 5, 6, 7 agus 8 i bhfeidhm an [dáta – a thiocfaidh Rialachán [maidir le Téarnamh agus Réiteach Contrapháirtithe Lárnacha i bhfeidhm].
Airteagal 11
Seolaithe
Díreofar an Treoir seo chuig na Ballstáit uile.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán