An Bhruiséil,13.12.2016

COM(2016) 788 final

2016/0393(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 i dtaca leis na típeolaíochtaí críochacha (Tercet)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Cúiseanna agus cuspóirí an togra

Foilsíonn Eurostat staitisticí Eorpacha i réimsí éagsúla de chuid an staidrimh, ar an leibhéal réigiúnach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ( 1 ) maidir le rangú coiteann d'aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú. Baintear úsáid go forleathan as na staitisticí sin i gcomhthéacs bheartas réigiúnach an Aontais Eorpaigh agus chun incháilitheacht na réigiún a chinneadh i dtaca leis na cistí comhtháthaithe. Le blianta beaga anuas, tá Eurostat tar éis an raon staidrimh a fhoilsítear a leathnú i dtaca le roinnt tíopeolaíochtaí críochacha d'fhonn aghaidh a thabhairt ar an méadú atá ag teacht ar éileamh lucht déanta beartas san Aontas Eorpach ar shonraí den chineál sin agus iad ag gabháil de bheartais um chomhtháthú agus um fhorbairt chríochach. Tá an Coimisiún, i gcomhar leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), tar éis na típeolaíochtaí críochacha sin a shainmhíniú, agus tar éis modheolaíochtaí a ghlacadh chun iad a chur ar bun agus a choinneáil ar bun. Ní leagtar amach ná ní shainmhínítear fós, i Rialachán NUTS, na típeolaíochtaí críochacha sin lena gcinntear ceantair agus réigiúin uirbeacha, tuaithe, chósta bíodh is go bhfuiltear ag úsáid na dtípeolaíochtaí sin cheana féin. Ó tharla gan aon aitheantas dlíthiúil ag na típeolaíochtaí seo gona modheolaíochtaí agus nach naithnítear go foirmiúil iad faoin gCóras Staidrimh Eorpach (ESS), ní mór dul i ngleic leis an gceist sin agus típeolaíochtaí staitistiúil, atá aitheanta, neamhchlaonta agus trédhearcach, a dhéanamh díobh.

Is iad seo a leanas príomhchuspóirí oibríochtúla an tionscnaimh seo:

1. Aitheantas dlíthiúil a thabhairt do na típeolaíochtaí críochacha, lena náirítear an sainmhíniú a dhéantar ar an rud is cathair ann, ar mhaithe leis an staidreamh Eorpach

Rialachán lena leasófar Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ina ndéanfar na típeolaíochtaí críochacha a chomhtháthú le Rialachán reatha NUTS. Dá bhíthin sin, beifear in ann – i dtionscnaimh bheartas agus i rialacháin théamacha staidrimh – tagairt do na típeolaíochtaí críochacha seo d'fhonn staidreamh Eorpach a bhailiú agus/nó spriocdhíriú ar chríocha ar leith mar atá cathracha, nó limistéir uirbeacha, tuaithe nó chósta agus beartais á ndéanamh. Dá réir sin, cuimseofar sa tionscnamh seo na típeolaíochtaí críochacha reatha atá bunaithe ar leibhéal 3 NUTS (e.g. típeolaíocht uirbeach-thuaithe, réigiúin mheitreapholaiteacha), na haonaid áitiúla riaracháin (e.g. leibhéal an uirbithe, cathracha, limistéir chósta) agus greille-leibhéal dár toisí km cearnach amháin is gá chun na típeolaíochtaí eile a ríomh, atá bunaithe ar dháileadh agus ar dhlús daonra de réir greillecheall.

2. Na croí-shainmhínithe agus na critéir staitistiúla a leagan síos i dtaca leis na típeolaíochtaí críochacha éagsúla

D'fhonn an trédhearcacht mhodheolaíoch a chruthú agus cobhsaíocht na dtípeolaíochtaí críochacha a choimirciú in imeacht ama, ní mór na croí-shainmhínithe agus na critéir lena gcruthaítear agus lena nuasghrádaítear na típeolaíochtaí a shonrú sa rialachán gona fhorálacha cur chun feidhme. Chuige sin, i dtaca leis na típeolaíochtaí éagsúla, bainfear úsáid sa tionscnamh as na modheolaíochtaí sin ar ann dóibh cheana.

3. Cur chun feidhme comhchuibhithe agus trédhearcach a áirithiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sna Ballstáit

Is é aidhm an tionscnaimh inchomparáideacht agus cobhsaíocht na dtípeolaíochtaí a fheabhsú. Beidh dea-thionchar aige sin agus staitisticí réigiúnacha Eorpacha á dtiomsú agus á scaipeadh.

4. I gcomhthéacs an ailínithe atá á dhéanamh idir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 agus na rialacha nua atá sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE"), ba cheart na cumhachtaí a bhronntar ar an gCoimisiún faoi láthair faoin rialachán sin chun gníomhartha a ghlacadh arb aidhm dóibh eilimintí neamhriachtanacha de chuid an rialacháin a leasú, ba cheart na cumhachtaí sin a chomhlánú, i gcomhréir leis an nós imeachta um rialú le grinnscrúdú, trí chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann anois sa limistéar beartais

Leis an togra seo, d'ionchorprófaí i Rialachán NUTS típeolaíochtaí a bhfuil idirnasc acu le roinnt réimsí staidrimh, mar atá cuntais réigiúnacha, margadh an tsaothair, an fhorbairt tuaithe, an talmhaíocht, an turasóireacht, beartas muirí agus tuilleadh nach iad. D'fhéadfaí, leis seo, faisnéis a chur le chéile ar bhonn típeolaíochtaí glanmhínithe: d'fhéadfaí, mar shampla, OTI na tuaithe a chomparáid le hOTI na gceantar uirbeach, nó a leithéidí seo – líon na noícheanta a chaith turasóirí i gceantair cois farraige seachas i gceantair atá ar shiúl ón bhfarraige, an ráta fostaíochta/dífhostaíochta i dtaca le leibhéal an uirbithe agus rudaí go leor eile.

Is féidir úsáid a bhaint chomh maith as coincheap ar nós leibhéal an uirbithe chun sonraí a sholáthar do na Náisiúin Aontaithe i dtaobh ceantair tuaithe agus uirbeacha.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Bíonn tionchar nach beag ag na típeolaíochtaí críochacha ar bheartais réigiúnacha i dtaca leis na cuspóirí atá ag an tionscnamh darb ainm An Eoraip 2020 ( 2 ). Mar shampla, bíonn sé d'aidhm ag beartais chomhtháthaithe an Aontais Eorpaigh an éagothromaíocht a laghdú i measc réigiúin an Aontais, agus an fás eacnamaíoch, an fhostaíocht agus an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn i réigiúin agus i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste. Le roinnt blianta anuas, táthar tar éis fócas níos mó a chur ar idirghabhálacha beartais fianaise-bhunaithe agus ar chur chuige críochach atá níos comhtháite ar mhaithe le léargas a thabhairt ar an éagsúlacht atá le fáil i réigiúin an Aontais e.g. i dtaca leis an bhfostaíocht, an déimeagrafaíocht, an bhochtaineacht, leis an oideachas agus leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch. Leagtar béim sna hanailísí atá déanta ar bheartais réigiúnacha nach mór scrúdú a dhéanamh ar na difríochtaí suntasacha atá idir ceantair tuaithe agus ceantair uirbeacha, ar difríochtaí iad nach bhfuil aonfhoirmeach ó Bhallstát go Ballstát (féach, mar shampla, an Séú tuarascáil ar an gComhtháthú eacnamaíoch, sóisialta, agus críochach ( 3 )). Leagtar béim sa bheartas comhtháthaithe 2014-2020 ar straitéisí forbartha críochacha ina bhfuil fócas, ní hé amháin ar cheantair tuaithe agus uirbeacha, ach ar cheantair chósta chomh maith. I bprionsabail an Bheartais Chomhtháthaithe, mar a leagtar amach iad sa Chomhchreat Stráitéiseach ( 4 ), leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé go dtabharfaí san áireamh i ngach cur chuige a bhaineann le cur chun cinn an fháis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh, an ról a bhíonn ag cathracha, ag ceantair uirbeacha, ag ceantair tuaithe, ag ceantair chósta agus an na hidirnaisc uirbeacha/tuaithe. Baineadh leas le gairid, i Rialachán (AE) Uimh. 522/2014 ( 5 ), as leibhéal na típeolaíochta uirbiúcháin chun sainmhíniú a dhéanamh ar an incháilitheacht i dtaca le tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa chun bearta nuálacha a chur i gcrích i gcathracha nó i mbailte agus i mbruachbhailte.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 338 CFAE is bunús dlí leis an staidreamh Eorpach. Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta chun staidreamh a ullmhú, nuair is gá a leithéid ionas go mbeidh an tAontas Eorpach in ann a ról a chur i gcrích.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta a mhéid nach bhfuil an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Ní fhéadann na Ballstáit, agus iad ag gníomhú ar a gconlán féin, cuspóirí na gníomhaíochta atá á beartú a bhaint amach go leordhóthanach, mar atá, na comhpháirteanna riachtanacha a thabhairt isteach i dtaca leis na típeolaíochtaí críochacha. Is éifeachtaí go mór gníomhú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, ar bhunús gníomh dlí de chuid an Aontais, chun córais rangúcháin chomhchuibhithe staidrimh – lena náirítear típeolaíochtaí críochacha a bhfuil cuspóir staidrimh acu ar leibhéal an Aontais Eorpaigh – a bhunú, a chomhordú agus a choinneáil ar bun.

Comhréireacht

Ní aidhm don tionscnamh Rialachán reatha NUTS a leasú ach a mhéid is gá sin. Ó tharla a riachtanaí atá sé go naithneofaí na típeolaíochtaí críochacha don staidreamh agus don cheapadh beartas, is aidhm don tionscnamh Rialachán NUTS a leasú trí na típeolaíochtaí críochacha a ionchorprú sa chreat dlíthiúil gan modhnú do na bunphrionsabail ná struchtúr agus sainmhínithe na réigiún NUTS , ar réigiúin iad a bhfuil glacadh maith leo, teist mhaith orthu agus gan aon díospóid ina dtaobh.

Meastar gurb í an rogha seo an cur chuige is cothroime ó thaobh réiteach a aimsiú idir an gá atá le beart agus an rún atá ann raon an tionscnaimh a theorannú don mhéid is lú a theastaíonn chun na cuspóirí a bhaint amach. Ó tharla gur códú ar thípeolaíochtaí gona gcomhpháirteanna ar ann dóibh cheana atá i gceist, agus gurb é an Coimisiún (Eurostat) a dhéanfaidh bainistiú ar shannadh na dtípeolaíochtaí, ní bheidh i gceist leis ach cuid an bheagáin den chostas ar na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh agus gan aon chostas ar lucht gnó ná ar na saoránaigh.

Rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: rialachán.

I bhfianaise chuspóirí agus inneachar an togra, agus ó tharla gur togra lena leasaítear rialachán ar ann dó cheana atá i gceist leis an togra, meastar gur rialachán is feiliúnaí mar ionstraim sa chás seo.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana

Ó tharla nach náirítear leis an reachtaíocht atá ann cheana na típeolaíochtaí, is deacair dálaí aonfhoirmeacha a chur ar bun agus a áirithiú i dtaca le cur chun feidhme comhchuibhithe.

Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

I dtaca leis na geallsealbhóirí sin is mó a mbeidh tionchar ag an togra seo orthu, is iad sin institiúidí náisiúnta staidrimh na mBallstát. Thug an Coimisiún (Eurostat) lámh sa chúram luath go maith sa scéal agus bhraith siad cuid mhaith ar a gcuid aiseolais agus saineolais siúd agus an togra á dhréachtú.

Chuathas i gcomhairle cúpla uair le hArdStiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (AS REGIO) (sa Choimisiún) – ina cáil mar an eintiteas a bhaineann an úsáid is mó as sonraí réigiúnacha – agus fuarthas aiseolas luachmhar uaithi.

I bhfianaise a theicniúla leis an togra seo, níor measadh gur ghá aon bhaint a bheith ag aon chomhlacht eile leis.

Bailiú agus úsáid saineolais

Rinneadh na coincheapanna a bhain leis na típeolaíochtaí a fhorbairt i ndlúthchomhar le Eurostat, AS REGIO agus leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde – a chuir ionchur lárnach teicniúil ar fáil – agus leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), trí thacar coincheapanna gona modheolaíochtaí éagsúla arbh ann dóibh cheana a thabhairt le chéile.

Baineann an ECFE freisin úsáid as na típeolaíochtaí comhchuibhithe chun críocha staidrimh agus anailíseacha.

Measúnú tionchair

Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair mar nach mbaineann aon iarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta ná comhshaoil ar fiú trácht orthu leis an togra agus mar nach dtarraingeoidh sé aon chostas breise ar ghnólachtaí ná ar shaoránaigh. Is é aidhm an tionscnaimh, den chuid is mó, Rialachán reatha NUTS a chomhlánú leis na heilimintí sin is gá chun na hathruithe atá tarlaithe do chóras rangúcháin na gcríoch i dtaca le staidreamh de a thabhairt san áireamh.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

De thairbhe an chódaithe a dhéantar i Rialachán NUTS ar na típeolaíochtaí críochacha, ní gá iad a shainmhíniú ná a mhíniú in aon ghníomhartha dlí sainiúla eile, i ngníomhartha a bhaineann le cathracha nó leis an bhforbairt tuaithe mar shampla. Fágann sin go ndéantar simpliú agus comhchuibhiú ar an reachtaíocht a bhaineann leis an bhforbairt uirbeach agus tuaithe agus leis an mbeartas muirí.

Cearta bunúsacha

Ní dhéanfaidh an togra seo aon difear do chearta bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí ag an togra maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Toisc go bhfuil na típeolaíochtaí in úsáid cheana féin d'ainneoin nach bhfuil aitheantas dlíthiúil acu, níl sé i gceist aon phlean cur chun feidhme ná forálacha faireacháin a ullmhú ina leith. I bprionsabal, is mar seo a leanas a dhéanfar na típeolaíochtaí a chinneadh agus a fhoilsiú:

Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) pé ríomhanna is gá chun na típeolaíochtaí a shannadh tráth a dtagann fáil ar shonraí nua faoi dháileadh agus faoi dhlús daonra sna greillechealla. Is gnách gurb amhlaidh a bhíonn ach a ndéantar daonáireamh. Is féidir nuashonrú ar bhonn níos teoranta a dhéanamh ar bhonn bliantúil ar son na mBallstát lena mbaineann i dtaca le hathruithe ar struchtúr áitiúil nó réigiúnach na mBallstát a thaifead.

Nuair a bheidh na ríomhanna tosaigh seo déanta ag an gCoimisiún (Eurostat), roinnfidh sé na torthaí leis na Ballstáit. Féadfaidh siadsan na torthaí sin a fhíorú nó a mhodhnú de réir pé dálaí geografacha is ábhartha don Bhallstát.

Nuair a bheifear ar aon fhocal leis na Ballstáit i dtaobh na dtorthaí, foilseoidh an Coimisiún (Eurostat) ar na suíomhanna gréasáin saintiomnaithe iad.

Chun na típeolaíochtaí a chomhchuibhiú, ní mór dálaí aonfhoirmeacha a chur i bhfeidhm. Ba chóir an Coimisiún a chumhachtaí sin a dhéanamh ionas na típeolaíochtaí a chur chun feidhme trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ó tharla nach nathróidh an togra substaint Rialachán NUTS, a bhfuil glactha go forleathan leis agus dea-theist dá réir air, ní leasaítear leis an togra seo ach a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an togra a bhaint amach.

Tá sé beartaithe roinnt forálacha de chuid Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 a leasú nó forálacha nua a chur ina nionad ar na cúiseanna a leanas:

- Airteagal 1

Leathnaítear, leis an Airteagal nua, ábhar Rialacháin NUTS tríd na típeolaíochtaí críochacha agus na greillí staidrimh sin is gá chun iad a ríomh a chur leis, bunaithe ar an dáileadh agus dlús daonra sin a léirítear sna greillechealla aonair. Soiléirítear leis chomh maith ról agus lipéadú na naonad áitiúil riaracháin (AÁRanna), a bhfuil an lipéadú acu i míréir le Rialachán reatha NUTS (mar atá ‘comhpháirteanna de NUTS’ agus aonaid riaracháin is lú ná sin’).

- Airteagal 2

In Airteagal 2, scriostar mír 5. Tagraítear ansin do theachtaireacht ba dhlite in 2005, dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm do chéad Rialachán NUTS in 2003. Fágann sin go bhfuil sé imithe i léig.

- Airteagal 3

In Airteagal 3, cuirtear mír 4 in oiriúint do na nósanna imeachta institiúideacha nua a tugadh isteach de bhun Chonradh Liospóin (trí imeacht ón nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chuig gníomhartha tarmligthe).

I mír 5, scriostar an abairt deiridh mar nach gá aon chumhacht ina leith sin a thabhairt don Choimisiún.

- Airteagal 4

Leagtar amach in Airteagal 4 an AÁR. Déantar freisin soiléiriú agus simpliú ar na forálacha a bhaineann leis na ceanglais tarchuir. Is amhlaidh nár tuigeadh iad seo go dtí seo ar shlí chomhleanúnach.

Ar deireadh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh d’fhonn liostaí na naonad áitiúil riaracháin atá in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán NUTS a ghlacadh.

- Airteagal 4a

Cuirtear isteach Airteagal 4a d’fhonn na greillí staitistiúla sin a chuirfidh an Coimisiún ar bun agus a fhoilseoidh sé a thabhairt isteach, ar greillí iad lena ríomhfar na típeolaíochtaí críochacha do na réigiúin agus do na ceantair.

- Airteagal 4b

Tugtar isteach leis an Airteagal 4b nua na típeolaíochtaí féin agus tugtar don Choimisiúin cumhachtaí cur chun feidhme chun dálaí aonfhoirmeacha a chur ar bun i dtaca leis na típeolaíochtaí a chur i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe.

- Airteagal 5

Sa leagan nua d’Airteagal 5, déantar an fhoclaíocht a shoiléiriú agus a shimpliú. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh d’fhonn an rangú de réir NUTS atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán NUTS a oiriúnú.

- Airteagal 7 agus Airteagal 7a

Déantar Airteagal 7 a nuashonrú chun tagairt a dhéanamh don choiste inniúil a chuidíonn leis an gCoimisiún agus é ag glacadh gníomhartha cur chun feidhme; baineann an leagan nua d’Airteagal 7a le feidhmiú an tarmligin i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fear.

- Airteagal 8

Scriostar Airteagal 8. Tagraíodh ansin do thuairisc ar chur chun feidhme Rialachán NUTS, ba dhlite in 2006, trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm do chéad Rialachán NUTS in 2003. Fágann sin go bhfuil sé imithe i léig.

2016/0393 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 i dtaca leis na típeolaíochtaí críochacha (Tercet)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa( 6 ),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún( 7 ),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle( 8 ) an 26 Bealtaine 2003 lena mbunaítear rangú coiteann d'aonaid chríochacha le haghaidh staidrimh (Ainmníocht na naonad críochach le haghaidh staidrimh, NUTS) d’fhonn bailiú, tiomsú, agus scaipeadh an staidrimh réigiúnaigh chomhchuibhithe a éascú san Aontas Eorpach.

(2)Ar mhaithe le ceapadh beartais níos spriocdhírithe a bhaint amach, tá an Coimisiún, i gcomhar le hECFE, tar éis tacar de thípeolaíochtaí críochacha a shainmhíniú lenar féidir na haonaid staidrimh a bunaíodh faoi Rialachán NUTS a rangú.

(3)Baintear úsáid cheana as na típeolaíochtaí sin faoin gCóras Staidrimh Eorpach (ESS), go háirithe leibhéal an uirbithe, lena náirítear an sainmhíniú a thugtar ar an rud is ‘cathair’ ann, chun, mar shampla, sainmhíniú a dhéanamh ar an incháilitheacht i dtaca le tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa chun bearta nuálacha a chur i gcrích i gcathracha nó i mbailte agus i mbruachbhailte( 9 ).

(4)Ní mór códú a dhéanamh ar na típeolaíochtaí ionas gur féidir sainmhínithe agus dálaí gan débhrí a leagan amach i dtaca le típeolaíochtaí críochacha; áiritheofar leis sin go gcuirfear na típeolaíochtaí i bhfeidhm ar shlí chomhchuibhithe thrédhearcach, agus go gcuirfear bonn daingean fúthu. Ba cheart an méid sin a bheith ina chúnamh agus staidream Eorpach á thiomsú agus á scaipeadh.

(5)Ba cheart úsáid a bhaint as córas ina bhfuil greillí staidrimh chun típeolaíochtaí críochacha na réigiún agus na gceantar atá i gceist a ríomh agus a aitreabúidiú ó tharla iad seo ag brath ar an dáileadh agus dlús daonra a bhíonn i ngreillechealla dár toisí km cearnach amháin.

(6)Is ceart soiléiriú a thabhairt ar roinnt mionghnéithe a bhaineann leis na haonaid áitiúla riaracháin (AÁRanna) chun téarmeolaíocht liostaí na naonad áitiúil riaracháin a shimpliú agus sásra seachadta na liostaí ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) a shimpliú freisin.

(7)Chun teacht chun oiriúna le forbairtí comhfhreagracha sna Ballstáit, is ceart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i dtaca leis na nithe seo a leasú: an rangú de chuid Rialachán NUTS atá in Iarscríbhinn I, liosta na naonad reatha riaracháin atá in Iarscríbhinn II, agus liosta na naonad áitiúil riaracháin atá in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016( 10 ). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna a bhfaighidh saineolaithe na mBallstát iad, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(8)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le cur i bhfeidhm na dtípeolaíochtaí críochacha agus leis an amshraith nach mór do na Ballstáit a thabhairt don Choimisiún i gcás ina leasaítear rangú NUTS. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle( 11 ).

(9)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 mar seo a leanas:

(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

Airteagal 1

Ábhar

1. Bunaítear leis an Rialachán seo rangú coiteann d'aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) d’fhonn bailiú, tiomsú, agus scaipeadh an staidrimh réigiúnaigh chomhchuibhithe a éascú ar leibhéil chríochacha éagsúla ar fud an Aontais Eorpaigh.

2. Leagtar amach an rangú NUTS in Iarscríbhinn I.

3. Beidh na haonaid áitiúla riaracháin (AÁRanna), dá dtagraítear in Airteagal 4, ina gcomhlánú ar an rangú NUTS.

4. Beidh na greillí staitistiúla, dá dtagraítear in Airteagal 4a, ina gcomhlánú ar an rangú NUTS. Bainfear úsáid astu chun típeolaíochtaí daonra-bhunaithe a ríomh.

5. Trí thípeanna a leagan amach do na haonaid chríochacha, beidh típeolaíochtaí críochacha an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 4b, ina gcomhlánú ar an rangú NUTS.’;

(2)in Airteagal 2, scriostar mír 5;

(3)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Leagtar síos in Iarscríbhinn II na haonaid reatha riaracháin a úsáidtear don rangú NUTS. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7a d’fhonn Iarscríbhinn II a oiriúnú i bhfianaise forbairtí comhfhreagracha sna Ballstáit.’;

(b)    i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Féadfaidh cuid de na haonaid neamhriaracháin, áfach, imeacht ó na tairseacha sin de bharr cúinsí geografacha, socheacnamaíocha, stairiúla, cultúrtha nó comhshaoil, go háirithe i gcás na noileán agus na réigiún is forimeallaí.’;

(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

Airteagal 4

Aonaid áitiúla riaracháin

1. I ngach aon Bhallstát, déanfaidh na haonaid áitiúla riaracháin (AÁRanna) leibhéal 3 de chuid NUTS a fhoroinnt i gceann nó i bpéire de leibhéil eile arna mbunú ar aonaid chríochacha. Beidh ceann amháin ar a laghad de leibhéil na naonad áitiúil riaracháin ina aonad riaracháin mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) agus a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7a d’fhonn liosta na naonad áitiúil riaracháin in Iarscríbhinn III a oiriúnú i bhfianaise forbairtí comhfhreagracha sna Ballstáit.

2. Le linn an chéad leath de gach bliain, seolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat), maille le tagairt do 31 Nollaig na bliana roimhe sin, liosta AÁRanna (agus aon athrú a cuireadh orthu) agus an réigiún de chuid NUTS 3 lena mbaineann. Agus sin á dhéanamh aige, leanfaidh sé an fhormáid do shonraí leictreonacha a éilíonn an Coimisiún (Eurostat).

3. Faoi 31 Nollaig gach bliain, foilseoidh an Coimisiún (Eurostat), ar an gcuid sin dá shuíomh gréasáin lena mbaineann, liosta na naonad áitiúil riaracháin.’

(5)cuirtear isteach Airteagal 4a agus Airteagal 4b mar seo a leanas:

Airteagal 4a

Greillí staitistiúla

Foilseoidh an Coimisiún (Eurostat) agus coinneoidh sé ar bun, ar an gcuid sin dá shuíomh gréasáin lena mbaineann, córas ina bhfuil greillí staitistiúla ar leibhéal an Aontais. Beidh na greillí staitistiúla sin i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1089/2010 ón gCoimisiún( 12 ).

Airteagal 4b

Típeolaíochtaí críochacha de chuid an Aontais

1. Foilseoidh an Coimisiún (Eurostat) agus coinneoidh sé ar bun, ar an gcuid sin dá shuíomh gréasáin lena mbaineann, típeolaíochtaí arna dtáirgeadh as aonaid chríochacha ar leibhéal NUTS, liosta na naonad áitiúil riaracháin agus greillechealla.

2. Bunófar an típeolaíocht ghreillebhunaithe ag an leibhéal greilleghléine dár toisí 1 km2 mar leanas:

‘lárionaid uirbeacha’,

‘cnuasionaid uirbeacha’,

‘greillechealla tuaithe’.

3. Bunófar na típeolaíochtaí seo a leanas ar leibhéal na naonad áitiúil riaracháin:

(a) leibhéal an uirbithe (DEGURBA):

‘Ceantair uirbeacha’:

‘Cathracha’ nó ‘Ceantair dhlúsdhaonra’,

‘Bailte agus bruachbhailte’ nó ‘Dlúscheantair idirmheánacha’,

‘Ceantair tuaithe’ nó ‘Ceantair tearcdhaonra’;

(b) ceantair uirbeacha fheidhmiúla:

‘Cathracha’ gona ‘Zóin chomaitéireachta’;

(c) ceantair cois cósta:

‘Ceantair cois cósta’,

‘Ceantair i bhfad ón gcósta’.

Má tá níos mó ná leibhéal amháin riaracháin de chuid na naonad áitiúil riaracháin sa Bhallstát, rachaidh an Coimisiún (Eurostat) i gcomhairle leis an mBallstát chun a chinneadh cén leibhéal riaracháin de chuid liosta na naonad áitiúil riaracháin a úsáidfear chun na típeolaíochtaí a leagan síos ina leith.

4. Bunófar na típeolaíochtaí seo a leanas ar leibhéal 3 de chuid NUTS:

a) típeolaíocht uirbeach-thuaithe:

‘Réigiúin uirbeacha den chuid is mó’,

‘Réigiúin eatramhacha’,

‘Réigiúin tuaithe den chuid is mó’;

b) típeolaíocht mheitreapholaiteach:

‘Réigiúin mheitreapholaiteacha’,

‘Réigiúin neamhmheitreapholaiteacha’;

c) típeolaíocht chósta:

‘Ceantair chósta’,

‘Réigiúin i bhfad ón gcósta’.

5. Leagfaidh an Coimisiún amach, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dálaí aonfhoirmeacha chun go gcuirfear i bhfeidhm na típeolaíochtaí go comhchuibhithe ar fud na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7.’;

(6)Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Déanfar aon leasuithe a chuirfear ar an rangú NUTS a ghlacadh i ndara leath na bliana féilire, gach trí bliana ar a luaithe, de réir na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 3; Ina ainneoin sin, má dhéantar atheagrú nach beag ar struchtúr ábhartha riaracháin an Bhallstáit, féadfar na leasuithe a chuirfear ar an rangú NUTS a ghlacadh laistigh de thréimhse is giorra ná sin thuas.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7a d’fhonn an rangú NUTS in Iarscríbhinn I a oiriúnú i bhfianaise forbairtí comhfhreagracha sna Ballstáit. Ó 1 Eanáir na dara bliana ó glacadh an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh pé sonraí réigiúnacha a sheolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) bunaithe ar an rangú NUTS leasaithe.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5. Nuair a leasófar an rangú NUTS, tarchuirfidh an Ballstát sin lena mbaineann an amshraith don mhiondealú réigiúnach nua chuig an gCoimisiún (Eurostat), le cur in ionad na sonraí sin a tarchuireadh cheana.

Leagfaidh an Coimisiún amach, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dálaí aonfhoirmeacha don amshraith gona fad, agus a indéanta atá sé sin a chur ar fáil á thabhairt san áireamh aige. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7.

Cuirfear an amshraith ar fáil go dtí Lá Caille na ceathrú bliana ó glacadh gníomh tarmligthe, mar a shonraítear i mír 4.’;

(7)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

Airteagal 7

Nós imeachta coiste

1. Beidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán 182/2011.’;

(8)cuirtear Airteagal 7a isteach mar a leanas:

Airteagal 7a

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(4), Airteagal 4(1) agus Airteagal 5(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón[Publications Office: please insert exact date of entry into force of this Regulation].

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(4), in Airteagal 4(1) agus in Airteagal 5(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. Sula nglaca sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(4), Airteagal 4(1) agus Airteagal 5(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’;

(9)Scriostar Airteagal 8.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d'aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú. (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
(2) http://ec.europa.eu/europe2020/index_en.htm.
(3) http://ec.europa.eu/regional_policy/en/information/publications/reports/2014/6th-report-on-economic-social-and-territorial-cohesion.
(4) IO L 347, 20.12.2013, lch. 320.
(5) IO L 148, 20.5.2014, lch. 1.
(6) IO C , , lch. .
(7) IO C , , lch. .
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d'aonaid chríochacha le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
(9) IO L 148, 20.5.2014, lch. 1.
(10) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(11) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(12) Rialachán (AE) Uimh. 1089/2010 ón gCoimisiún 23 Samhain 2010 lena gcuirtear i bhfeidhm Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí agus tacair shonraí spásúla.