An Bhruiséil,22.11.2016

COM(2016) 723 final

2016/0359(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, dara deis agus bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte a fheabhsú agus lena leasaítear Treroir 2012/30/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2016) 357 final}
{SWD(2016) 358 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Cumhdaíonn rialacha dócmhainneachta réimse leathan de bhearta agus ina measc sin tá luath-idirghabháil sula mbíonn deacrachtaí tromchúiseacha ag an gcuideachta, athstruchtúrú tráthúil lena áirithiú go ndéantar na codanna den ghnó atá inmharthana a chaomhnú, sócmhainní a leachtú nuair nach féidir cuideachtaí a shábháil ar shlí eile agus ar deireadh dara deis a thabhairt d'fhiontraithe macánta trí urscaoileadh fiachais.

Is cuid ríthábhachtach de dhea-thimpeallacht ghnó é creat dócmhainneachta ina gcumhdaítear na bearta sin ar fad agus a fheidhmíonn go maith mar go dtacaíonn sé le trádáil agus le hinfheistíocht 1 , go gcuidíonn sé le cruthú agus le caomhnú post, agus go gcuidíonn sé le geilleagair suaitheadh eacnamaíoch a mbíonn líon ard iasachtaí neamhthuillmheacha agus dífhostaíocht mar thoradh air a iompar ar bhealach níos éasca. Tá siad sin ar fad mar phríomhthosaíochtaí ag an gCoimisiún Eorpach.

Tá gné láidir Aontais ag baint le cúrsaí dócmhainneachta. Tá an margadh aonair ag éirí níos idirnasctha agus gné dhigiteach atá ag éirí níos láidre i gcónaí ag baint leis, rud a chiallaíonn gur beag cuideachta atá náisiúnta go hiomlán nuair a chuirtear gnéithe amhail bunachar cliant cuideachta, a slabhra soláthair, raon a cuid gníomhaíochtaí, a bonn infheisteoirí agus caipitil (gan ach roinnt bheag díobh a lua) san áireamh. Chomh maith leis sin, cuireann cúrsaí dócmhainneachta bac ar leathnú trasteorann agus ar infheistíochtaí, rud atá tábhachtach. Luann mórán infheisteoirí neamhchinnteacht maidir le rialacha dócmhainneachta nó an baol a bhaineann le nósanna imeachta dócmhainneachta atá fada agus casta i dtír eile mar an phríomhchúis atá acu gan infheistíocht a dhéanamh ná dul i mbun caidreamh gnó lasmuigh dá dtír féin. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach do mhargadh aonair atá ag feidhmiú go maith agus d’fhíor-Aontas na Margaí Caipitil comhchuibhiú níos mó a bheith sa dlí dócmhainneachta. Sin an fáth a bhfuil suim shuntasach sa cheist le fada ar leibhéal an Aontais.

Dá mbeadh níos mó teacht le chéile ar fud an Aontais ó thaobh nósanna imeachta dócmhainneachta agus athstruchtúraithe, b’fhearr an deimhneacht dhlíthiúil a bheadh ann d’infheisteoirí trasteorann agus spreagfaí athstruchtúrú tráthúil ar chuideachtaí inmharthana atá i gcruachás ó thaobh airgeadais. De bharr dlíthe dócmhainneachta atá neamhéifeachtúil agus éagsúil, tá sé níos deacra d’infheisteoirí riosca creidmheasa a mheas, go háirithe nuair a bhíonn siad ag smaoineamh ar infheistíochtaí trasteorann a dhéanamh. Má dhéantar níos mó den riosca trasteorann á chomhroinnt, má bhíonn margaí caipitil níos láidre agus níos leachtaí agus foinsí airgeadais éagsúlaithe do ghnólachtaí AE, déanfar comhtháthú airgeadais a dhoimhniú, an costas a bhaineann le creidmheas a fháil a ísliú agus iomaíochas AE a mhéadú.

Athstruchtúrú agus dócmhainneacht

San Eoraip sa lá atá inniu ann ní mhaireann leath na ngnólachtaí ar fad ach ar feadh tréimhse níos lú ná cúig bliana 2 . Tá líon na ndócmhainneachtaí corparáideacha méadaithe ó bhuaic na géarchéime eacnamaíochta in 2009 agus tá sé ard fós, cé gur cosúil anois go bhfuil an treocht ag iompú sa treo eile. Tá an claonadh i roinnt de na Ballstáit fiontair inmharthana a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu a stiúradh i dtreo leachtaithe seachas luath-athstruchtúrú a dhéanamh orthu. Meastar go mbreithnítear ina bhféimhigh 200,000 gnólacht gach bliain san Aontas Eorpach (nó 600 in aghaidh an lae), agus gurb é an toradh atá air sin go gcailltear 1.7 milliún post gach bliain. Is dócmhainneachtaí trasteorann ceann as gach ceithre cinn díobh sin, i.e. bíonn féichiúnaithe agus creidiúnaithe i mbreis agus Ballstát amháin de chuid AE i gceist leo 3 . D'fhéadfaí céatadán suntasach de ghnólachtaí agus de na poist a ghabhann leo a shábháil dá mbeadh nósanna imeachta coisctheacha sna Ballstáit ar fad ina bhfuil bunaíochtaí, sócmhainní nó creidiúnaithe acu. Ina theannta sin, dá mbeadh nósanna imeachta tráthúla um athstruchtúrú coisctheach ar fáil, d’áiritheofaí go ndéanfaí beart sula loicfeadh cuideachtaí ar a gcuid iasachtaí. Chuideodh sé sin le laghdú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfaí iasachtaí neamhthuillmheacha d’iasachtaí nuair a thagann cora timthriallacha chun donais, agus dá réir sin laghdófaí an tionchar diúltach gaolmhar ar an earnáil airgeadais. Ach tá an ghné thrasteorann agus na costais a bhaineann le creataí dócmhainneachta éagsúla i bhfad níos leithne. Ar an gcéad dul síos, cé go mb'fhéidir go mbeadh soláthraithe ag creidiúnaithe ina slabhra soláthair ar gnólachtaí intíre ina niomláine iad, d'fhéadfadh soláthraí a bhfuil deacrachtaí airgeadais aige agus nach féidir a shábháil tionchair dhiúltacha a bheith aige mar sin féin a d'fhéadfadh dócmhainneacht na cuideachta trasteorann a thionscnamh. D’fhéadfadh tionchar an-mhór a bheith ag na dócmhainneachtaí trasteorann sin mar gur mó seans gur le gnólachtaí móra a bhaineann siad. Ar an dara dul síos, d'fhéadfadh sé gurbh fhearr le creidiúnaithe trasteorann (go háirithe FBManna), éilimh thrasteorann a tharraingt siar díreach mar go bhfuil sé róchostasach dul sa tóir orthu, mar shampla, má tá comhairle dlí áitiúil ag teastáil. Ar deireadh, ceaptar go mbeidh níos mó déileálacha trasteorann ag cuideachtaí mar thoradh ar fhorbairtí sa mhargadh aonair amach anseo agus dá bhrí sin go dtarlóidh níos mó dócmhainneachtaí a mbeidh tionchar trasteorann acu. Is gá do chuideachtaí nuálacha, ach go háirithe, margadh níos mó a bheith acu chun gur féidir leo a bheith rathúil agus dócmhainneacht a sheachaint sna chéad cúig bliana.

Bíonn tionchar díreach ag creataí athstruchtúraithe agus dócmhainneachta na mBallstát ar rátaí téarnaimh creidiúnaithe. Tugann táscairí ón mBanc Domhanda le tuiscint go bhfuil difear mór idir na rátaí téarnaimh éagsúla san Aontas Eorpach, mar shampla tá thart ar 30 % sa Chróit agus sa Rómáin, agus 90 % 4 sa Bheilg agus san Fhionlainn. Tá na rátaí téarnaimh níos airde sna geilleagair inarb é an tathstruchtúrú an nós imeachta is coitianta maidir le dócmhainneacht. Ar an meán, sna geilleagair sin, is féidir le creidiúnaithe a bheith ag súil le 83 % dá gcuid éileamh a théarnamh, i gcomparáid le 57 %, ar an meán, i nósanna imeachta leachtaithe 5 . Cé go bhfuil baint ag na torthaí sin le tosca eacnamaíocha amhail sláinte fhoriomlán an gheilleagair freisin, léiríonn na torthaí a thábhachtaí atá creat cuimsitheach dócmhainneachta, atá neadaithe i suíomh láidir institiúideach agus cultúrtha, chun torthaí níos fearr a sholáthar don tsochaí.

Bíonn éagsúlachtaí suntasacha idir na Ballstáit maidir leis na gnéithe de na nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach a bhfuil tionchar acu ar a gcuid éifeachtachta agus dá réir sin ar an líon gnólachtaí a shábháiltear agus a ninmharthanacht fhadtéarmach. Mar shampla, ba cheart go néileofaí i gcreat éifeachtach go mbeadh teacht ag gnólacht a bhfuil deacrachtaí aige ar athstruchtúrú coisctheach chomh luath agus is féidir. Mar sin féin, ní féidir le féichiúnaithe i roinnt Ballstát fiachais a athstruchtúrú lena gcuid creidiúnaithe sula mbíonn siad dócmhainneach iarbhír, nó má dhéanann siad sin, bíonn coinníollacha rochtana atá an-dian nó an-chostasach os a gcomhair.

Chomh maith leis sin, baineann éagsúlacht mhór leis na coinníollacha i dtaca le bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair chun tacú le hidirbheartaíocht athstruchtúraithe: ní féidir bac mar sin a chur i bhfeidhm i roinnt tíortha, agus tá réimse leathan de thréimhsí ama agus d’eisceachtaí ag na tíortha eile. Nuair a ghlacann creidiúnaithe pleananna, bíonn an claonadh ann go mbíonn éagsúlachtaí móra sna rialacha maidir le foirmiú aicme, an fhéidearthacht nach ndéanfaí athstruchtúrú ach amháin le creidiúnaithe áirithe agus ag an am céanna nach gcuirfí isteach ar chearta na gcreidiúnaithe neamhpháirteacha, na tromlaigh atá de dhíth, agus na coinníollacha i gcomhair deimhniú ó údarás breithiúnach nó riaracháin maidir leis an bplean athstruchtúraithe. Ina theannta sin, baineann éagsúlachtaí leis an gcosaint do mhaoiniú nua agus do mhaoiniú eatramhach (atá fíor-riachtanach chun a áirithiú go néireoidh leis na pleananna athstruchtúraithe) i measc na mBallstát, ó chosaint íosta ar ghníomhaíochtaí seachanta go cineál tosaíochta ar fhiachas reatha i nósanna imeachta dócmhainneachta ina dhiaidh sin. Ar deireadh, tá éagsúlachtaí móra ann ó thaobh rannpháirtíocht na núdarás breithiúnach nó riaracháin agus na gcleachtóirí atá ceaptha ag na húdaráis bhreithiúnacha nó riaracháin, agus gan ach rannpháirtíocht íosta i mBallstáit áirithe agus rannpháirtíocht iomlán i gcinn eile.

De bharr éagsúlachtaí den chineál sin, tá sé beagnach dodhéanta plean athstruchtúraithe a bheith ann do ghrúpaí de chuideachtaí trasteorann a bhfuil fochuideachtaí acu i mbreis agus dhá Bhallstát 6 .

Dara deis

I mórán de na Ballstáit, tógann sé breis agus trí bliana ar fhiontraithe atá ina bhféimhigh ach atá macánta a gcuid fiachas a urscaoileadh agus tosú arís as an nua. Mar thoradh ar chreataí dara deis atá neamhéifeachtúil, bíonn fiontraithe ceaptha ag gaistí fiachais nó sin déantar iad a thiomáint isteach sa gheilleagar dubh, nó bíonn orthu athlonnú chuig dlínsí eile chun rochtain a fháil ar réimis atá níos cairdiúla. Tá athlonnú costasach i gcás creidiúnaithe, a bhfuil orthu an riosca breise a bhaineann leis an bhféidearthacht go bhfaigheadh fiontraí urscaoileadh níos giorra i ndlínse dhifriúil a chur san áireamh. Baineann costais arda eacnamaíocha agus dhaonna freisin le hathlonnú fiontraithe, ó tharla, faoi Rialachán (AE) Uimh. 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta 7 go mb'fhéidir go mbeadh orthu a bheith bunaithe i mBallstát ar feadh tréimhse áirithe ama sula dtabharfaí cead dóibh iarratas ar urscaoileadh a chomhdú sa dlínse sin. Ina theannta sin, taispeánann an fhianaise go mbíonn tionchar dearfach ag tréimhsí urscaoilte níos giorra ar thomhaltóirí agus ar infheisteoirí araon, mar go dtagann siad ar ais níos tapa sna timthriallta tomhaltais agus infheistíochta. Mar thoradh air sin, cuirtear borradh faoin bhfiontraíocht.

D'fhéadfadh sé nach mbeadh urscaoileadh fiachais ann féin leordhóthanach i mBallstáit áirithe chun cead a thabhairt d'fhiontraí gníomhaíocht ghnó nua a thosú, e.g. nuair atá ordú dícháilíochta ag gabháil le féimheacht, ar ordú é a mhaireann ar feadh tréimhse ama níos faide agus a fhéadfaí a eisiúint gan aon bhreithniú a dhéanamh ar an bhfiontraí a bheith ag gníomhú de mheon macánta. Chun dara deis atá éifeachtach a thabhairt d'fhiontraithe macánta, ba cheart freisin teorainn ama a chur le dícháiliú atá nasctha le rófhéichiúnas sa chaoi go dtéann siad in éag nuair a thagann deireadh leis an tréimhse urscaoilte ar a dhéanaí. Ba cheart sonraí pearsanta a úsáidtear i ndáil le rófhéichiúnas an fhéichiúnaí a bheith leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid atá riachtanach le haghaidh na gcríoch ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil agus ba cheart iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadaíonn sainaithint a dhéanamh ar ábhair na sonraí ar feadh tréimhse atá níos faide ná an tréimhse atá riachtanach le haghaidh na gcríoch ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil. Déantar soiléiriú breise ar an gcreat dlí agus ar na ceanglais nuair a bhíonn sonraí pearsanta á bpróiseáil sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 8 a thiocfaidh in ionad Threroir 95/46/CE agus a mbeidh feidhm aige ón 25 Bealtaine 2018.

Is fadhb mhór eacnamaíoch agus shóisialta é rófhéichiúnas daoine nádúrtha. Bíonn riaráistí síoraí ar 11.4 % de shaoránaigh Eorpacha i ndáil le híocaíochtaí, agus is billí fóntais a bhíonn i gceist leis na riaráistí sin go minic 9 . Cúinsí maicreacnamaíocha neamhfhabhracha is mó is cúis leis sin i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche (e.g. dífhostaíocht) chomh maith le dálaí pearsanta (e.g. colscaradh, tinneas).

Tá tionchar aige seo ar níos mó ná fiontraithe. Cé go gcaitear le tomhaltóirí mórán mar an gcéanna faoi dhlíthe dócmhainneachta náisiúnta, ní hamhlaidh an cás i ngach Ballstát. Mar thoradh air sin, cuirtear costais bhreise ar scéimeanna slándála sóisialta na mBallstát agus baineann iarmhairtí eacnamaíocha leis amhail tomhaltas agus gníomhaíocht saothair níos ísle agus deiseanna fáis ligthe thar ceal.

Éifeachtacht ghinearálta an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus dara deis

Toisc thábhachtach a spreagann rátaí ísle téarnaimh agus a stopann infheisteoirí ó ghnó a dhéanamh i ndlínsí ina bhfuil an baol go dtógfaidh nósanna imeachta rófhada is ea an rófhad ama a thógann nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte i roinnt de na Ballstáit. Sa leathchuid de na Ballstáit, déantar dócmhainneacht a réiteach laistigh de thréimhsí idir 2 bhliain agus 4 bliana 10 . Seachas i dtrí cinn de Bhallstáit, níor tháinig aon fheabhas ar fhad na nósanna imeachta le ceithre bliana anuas, agus in dhá Bhallstát, tháinig méadú ar fhad na nósanna imeachta san fhad ama céanna. Ar na gnéithe sonracha a bhfuil ról tábhachtach acu maidir le fad na nósanna imeachta, tá leibhéal speisialtóireachta na mbreithiúna agus dá réir sin an cumas atá acu cinntí tapa a dhéanamh, gairmiúlacht na gcleachtóirí i réimse an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus dara deis, agus an glacadh atá le modhanna cumarsáide digiteacha i nósanna imeachta den sórt sin. Is féidir le cleachtóirí agus breithiúna dócmhainneachta speisialaithe, chomh maith le teacht a bheith ar uirlisí digiteacha, cuidiú go mór le giorrú a dhéanamh ar fhad nósanna imeachta, costais a ísliú agus cáilíocht na cabhrach nó na maoirseachta a fheabhsú.

Ainneoin feabhas a bheith tagtha ar chúinsí timthriallacha, tá leibhéal na niasachtaí neamhthuillmheacha, a mhéadaigh go tapa i bhformhór na mBallstát tar éis na géarchéime eacnamaíche, fós ard. Bíonn tionchar díreach ag leibhéil arda d’iasachtaí neamhthuillmheacha ar chumas banc tacú le fás 11 . Bhí tionchar dearfach ag athchóirithe spriocdhírithe i roinnt de na Ballstáit. Mar sin féin, taispeánann seasmhacht na niasachtaí neamhthuillmheacha san Aontas Eorpach go bhfuil gá le gníomh breise a ghlacadh lena áirithiú nach ndéanfaí fadhb fhorleathan de lúb an aiseolais dhiúltaigh idir droch-cháilíocht sócmhainní, forbairtí creidmheasa atá chun deiridh agus fás íseal forleitheadach. Chuideodh bearta chun éifeachtacht creataí athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus dara deis a fheabhsú le bainistíocht éifeachtúil a dhéanamh ar iasachtaí mainneachtana agus laghdóidís carnadh iasachtaí neamhthuillmheacha ar chláir chomhardaithe na mbanc 12 . Chuideoidís freisin le feabhas a chur ar an luach iarmharach a mbeadh súil ag creidiúnaithe leis trí athstruchtúrú nó réiteach níos luaithe agus níos tapa a cheadú i gcomhair féichiúnaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais os a gcomhair. Ar deireadh, is féidir iad a úsáid freisin chun carnadh iasachtaí neamhthuillmheacha a sheachaint sa todhchaí mar go bhféadfaí forfheidhmiú níos éifeachtúla a dhéanamh ar iasachtaí a stopann de bheith tuillmheach. Ní sholáthróidh feabhsú ar shuíomhanna dlíthiúla na réimeas forfheidhmithe réiteach iomlán ar an gceist maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha atá ann faoi láthair sa chás ina bhfuil imeachtaí forfheidhmithe tosaithe cheana féin. Mar sin féin, d'fhéadfadh atreisiú ar shuíomh na mbreithiúna cuidiú le brostú a dhéanamh ar na céimeanna atá fanta sna himeachtaí. Ar an mbealach sin, is féidir le hathchóirithe ar na dlíthe a bhaineann le dócmhainneacht comhlánú a dhéanamh ar athchóirithe leanúnacha eile in earnáil na baincéireachta ar leibhéal an Aontais agus freisin i dtaca le margaí caipitil.

Cuspóir an togra

Is é príomhchuspóir an togra laghdú a dhéanamh ar na baic is suntasaí ar shaorshreabhadh caipitil a eascraíonn as difríochtaí i gcreataí athstruchtúraithe agus dócmhainneachta na mBallstát. Is í an aidhm go mbeadh príomhphrionsabail i bhfeidhm ag na Ballstáit go léir maidir le hathstruchtúrú coisctheach éifeachtach agus creataí dara deis, agus bearta chun gach saghas nós imeachta dócmhainneachta a dhéanamh níos éifeachtúla tríd an bhfad ama agus na costais ghaolmhara a bhaineann leo a ghiorrú agus a gcáilíocht a fheabhsú. Go sonrach, is é is aidhm le creataí den sórt sin cuidiú le hinfheistíocht agus deiseanna fostaíochta a fhás sa mhargadh aonair, leachtú gan ghá ar chuideachtaí inmharthana a laghdú, caillteanas post gan ghá a sheachaint, carnadh iasachtaí neamhthuillmheacha a chosc, athstruchtúrú trasteorann a éascú, agus costais a laghdú agus deiseanna a mhéadú d’fhiontraithe macánta chun tosú arís as an nua.

Chomh maith le príomhphrionsabail, tá gá le rialacha níos spriocdhírithe chun creataí athstruchtúraithe a dhéanamh níos éifeachtúla. Tá ról tábhachtach freisin ag rialacha a bhaineann leis an dualgas cúraim atá ar bhainisteoirí cuideachta nuair a bhíonn leachtú ar na bacáin chun cultúr tarrthála gnó seachas leachtú a fhorbairt, de bhrí go spreagann siad luath-athstruchtúrú agus go gcoisceann siad mí-iompar agus caillteanais inseachanta do chreidiúnaithe. Tá rialacha maidir le huirlisí réamhrabhaidh chomh tábhachtach céanna.

Ní dhéantar príomhghnéithe na dócmhainneachta a chomhchuibhiú sa togra, amhail rialacha maidir leis na coinníollacha a bhaineann le himeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, sainmhíniú coiteann ar dhócmhainneacht, rangú éileamh agus gníomhaíochtaí seachanta ar an iomlán. Cé go mbeadh rialacha den sórt sin úsáideach chun deimhneacht dhlíthiúil iomlán trasteorann a bhaint amach, faoi mar atá deimhnithe ag mórán páirtithe leasmhara sa chomhairliúchán poiblí 13 , is cosúil go bhfuil an éagsúlacht reatha i gcórais dlí na mBallstát maidir le himeachtaí dócmhainneachta rómhór chun deireadh a chur léi ar fad, ó tharla naisc iomadúla a bheith idir dlí na dócmhainneachta agus réimsí gaolmhara sa dlí náisiúnta, amhail an dlí a bhaineann le cáin, fostaíocht agus slándáil shóisialta. D’fhéadfadh athruithe móra ar an dlí tráchtála, ar an dlí sibhialta agus ar dhlí na gcuideachtaí a bheith riachtanach i gcomhair comhchuibhiú saintreorach, mar go bhfuil an baol ann nach néireodh le forálacha solúbtha na hathruithe inmhianaithe a bhaint amach. Ina theannta sin, baineann ábharthacht réasúnta íseal leis na rialacha a luadh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i mí na Nollag 2012 14 maidir le héilimh a chomhdú agus a fhíorú i bhfianaise na bhfeabhsúchán a rinneadh leis an Rialachán Dócmhainneachta 15 .

Ina ionad sin, tá an togra seo dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna is tábhachtaí a mbeadh sé indéanta dul i ngleic leo le comhchuibhiú. Is gá oiriúnú a dhéanamh ar nósanna imeachta dócmhainneachta chun gur féidir le féichiúnaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu athstruchtúrú go luath. I measc na rialacha a chuideodh leis an ngá sin tá an oibleagáid chun iarratas ar dhócmhainneacht a chomhdú fad agus atá an féichiúnaí fós i bpróiseas foirmiúil athstruchtúraithe, a chur i leataobh mar, mura ndéanfar sin, d’fhéadfadh comhdú den sórt sin an tathstruchtúrú a chosc óna chuid cuspóirí a bhaint amach; agus réimeas maidir le gníomhaíochtaí seachanta i nósanna imeachta dócmhainneachta chun cosaint a thabhairt d’idirbhearta a cuireadh i gcrích de mheon macánta ar mhaithe le hathstruchtúrú coisctheach féichiúnaí. Cumhdaítear sa togra freisin bearta a bhaineann le dócmhainneacht a bhfuil tionchar díreach acu ar fhad na nósanna imeachta, amhail speisialtóireacht na mbreithiúna agus gairmiúlacht na gcleachtóirí, agus iad siúd a bhfuil dlúthnasc acu leis an gcreat um athstruchtúrú coisctheach, amhail maoiniú nua a chosaint ó ghníomhaíochtaí seachanta.

Ar mhaithe le gníomhaíocht fiontraíochta a spreagadh, níor cheart dímheas a bheith ar fhiontraithe agus bainisteoirí cuideachtaí nuair a theipeann ar na hiarrachtaí macánta gnó a rinne siad. Níor cheart drogall a bheith ar dhaoine aonair tabhairt faoi ghníomhaíocht fiontraíochta ná níor cheart dara deis a dhiúltú dóibh. Meastar go gcruthófaí 3 mhilliún post ar fud na hEorpa dá dtabharfaí dara deis fírinneach d'fhiontraithe chun dul i mbun gníomhaíochtaí gnó arís. 16

Nuair a bhí an togra á dhearadh, rinne an Coimisiún iarracht a chinntiú go mbeadh cothromaíocht chuí idir leasanna féichiúnaithe agus leasanna creidiúnaithe, agus rinne sé foráil maidir le coimircí nuair a d'fhéadfadh na bearta a bhí á moladh tionchar diúltach a bheith acu ar chearta na bpáirtithe.

Thar aon ní eile, féachann an togra le feabhas a chur ar chultúr na tarrthála san Aontas Eorpach. Cuideoidh na rialacha maidir le hathstruchtúrú gnó agus cearta scairshealbhóirí le "cosc" go príomha, cuirfidh na rialacha maidir le seachaint, cleachtóirí dócmhainneachta agus údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin le ‘téarnamh luacha’ agus cuirfidh na rialacha maidir le dara deis le ‘hurscaoileadh fiachais’. I dteannta na ngnóthachan eacnamaíoch, beidh tionchair dhearfacha shóisialta i gceist freisin.

Leagtar amach cuspóirí coiteanna sa togra, i bhfoirm prionsabal nó, nuair is gá, mar rialacha mionsonraithe spriocdhírithe. Cé go bhfuil sé mar aidhm an comhtháthú creataí atá riachtanach a bhaint amach ar fud AE, tugann an togra an tsolúbthacht do na Bhallstáit chun na cuspóirí a bhaint amach trí na prionsabail agus na rialacha spriocdhírithe a chur i bhfeidhm ar bhealach a oireann dá gcomhthéacsanna náisiúnta féin. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis seo mar go bhfuil gnéithe de chreataí atá ag feidhmiú go maith curtha i bhfeidhm cheana féin ag roinnt de na Ballstáit. Is é an cuspóir atá leis gan cur isteach ar aon ní a oibríonn go maith, ach creat coiteann a bhunú ar fud AE chun athstruchtúrú éifeachtach, dara deis agus nósanna imeachta éifeachtúla a áirithiú ag an leibhéal náisiúnta agus ag an leibhéal trasteorann.

Tá cultúr tarrthála níos láidre de dhíth chun cur le poist agus le fás san Eoraip, cultúr a chuidíonn le gnólachtaí inmharthana athstruchtúrú a dhéanamh agus leanúint ag feidhmiú, agus a threoraíonn fiontair nach bhfuil aon seans maireachtála acu i dtreo leachtú tapa, agus a thugann dara deis d’fhiontraithe macánta atá i dtrioblóid. Céim thábhachtach is ea an togra seo i dtreo athrú cultúir.

Cúlra institiúideach

In 2011, ghlac Parlaimint na hEorpa Rún maidir le himeachtaí dócmhainneachta 17 ina raibh moltaí chun gnéithe sonracha den dlí substainteach dócmhainneachta a chomhchuibhiú, lena náirítear athstruchtúrú, agus dlí na gcuideachtaí. An bhliain chéanna sin, d’iarr an Chomhairle ar na Ballstáit an tréimhse urscaoilte agus an glanadh fiachais d'fhiontraithe macánta tar éis féimheachta a laghdú go dtí 3 bliana ar a mhéad faoin mbliain 2013 18 .

Ina fhianaise sin, agus ag aithint na ndifríochtaí suntasacha idir creataí dócmhainneachta náisiúnta, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht 19 i mí na Nollag 2012 inar léiríodh an gá a bhí le cur chuige céim ar chéim i réimsí áirithe nuair a d'fhéadfadh difríochtaí idir dlíthe dócmhainneachta intíre cur isteach ar fheidhmiú margaidh aonair éifeachtúil 20 . Ba é leasú Rialachán (CE) Uimh 1346/2000 an chéad ghníomh faoin gcur chuige sin 21 . Rinneadh é sin trí Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta a ghlacadh 22 . Dírítear sa Rialachán sin ar choinbhleachtaí maidir le dlínse agus dlíthe in imeachtaí dócmhainneachta trasteorann a réiteach, agus áirithítear ann aitheantas do bhreithiúnais a bhaineann le dócmhainneacht ar fud AE. Ní dhéanann sé comhchuibhiú ar dhlíthe substainteacha dócmhainneachta na mBallstát.

Mar chéad chéim eile, ghlac an Coimisiún an Moladh maidir le hathstruchtúrú agus dara deis in 2014 23 . Dhírigh an Moladh ar athstruchtúrú agus ar dhara deis, ó tharla gur measadh gur sa dá réimse sin a bhainfeadh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais an breisluach is mó amach 24 . Tugadh cuireadh do na Ballstáit sa mholadh iad seo a leanas a chur i bhfeidhm: (i) nósanna imeachta éifeachtacha réamhdhócmhainneachta chun cuidiú le féichiúnaithe inmharthana athstruchtúrú a dhéanamh agus dócmhainneacht a sheachaint, agus (ii) forálacha dara deis d'fhiontraithe a chuirfeadh ar a gcumas urscaoileadh a fháil laistigh de thréimhse nach mó ná trí bliana tar éis dócmhainneachta.

Tar éis é a ghlacadh, rinneadh dhá mheastóireacht ar a chur chun feidhme in 2015 agus 2016 25 . Thaispeáin na hathbhreithnithe sin gur thug an Moladh fócas úsáideach do na Ballstáit a bhí ag dul i mbun athchóirithe i réimse na dócmhainneachta, ach nach raibh an tionchar inmhianaithe aige maidir le hathruithe comhsheasmhacha ar fud na mBallstát go léir a d’éascódh tarrtháil a dhéanamh ar ghnólachtaí a mbeadh deacrachtaí airgeadais acu agus a thabharfadh dara deis d’fhiontraithe. Ba é an fáth a bhí leis sin nár cuireadh i bhfeidhm ach go páirteach é i líon suntasach de na Ballstáit, lena náirítear iad siúd a raibh athchóirithe seolta acu.

Tá roinnt de na Ballstáit fós nach féidir athstruchtúrú a dhéanamh ar ghnólacht iontu sula mbíonn sé dócmhainneach. Cé gur thug roinnt de na Ballstáit nósanna imeachta nua um athstruchtúrú coisctheach isteach, ní hionann roinnt gnéithe de na rialacha sin agus an Moladh. I dtaca le dara deis, ó glacadh an moladh, tá réimeas um urscaoileadh fiachais do dhaoine nádúrtha tugtha isteach ag roinnt de na Ballstáit den chéad uair. Mar sin féin, tá neamhréireachtaí tábhachtacha fós ann maidir le fad na tréimhse urscaoilte. Ciallaíonn difríochtaí den sórt sin i gcreataí dlí na mBallstát éiginnteacht dhlíthiúil atá leanúnach, costais bhreise ar infheisteoirí maidir lena gcuid rioscaí a mheas, margaí caipitil lagfhorbartha agus bacainní seasmhacha ar athstruchtúrú éifeachtúil a dhéanamh ar chuideachtaí inmharthana in AE, lena náirítear grúpaí fiontraíochta trasteorann.

Sa ‘Tuarascáil ón gCúigear Uachtarán’ ar an 22 Meitheamh 2015 maidir le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a chomhlánú, liostaíodh an dlí dócmhainneachta i measc na mbac is tábhachtaí a choisceann comhtháthú margaí caipitil i limistéar an Euro agus lasmuigh de 26 .

Sa chomhthéacs sin, fógraíodh tionscnamh reachtach maidir le dócmhainneacht ghnó, lena náirítear luath-athstruchtúrú agus dara deis, sa Phlean Gníomhaíochta i ndáil le hAontas na Margaí Caipitil 2015 27 . Tá sé i gceist go dtabharfaí aghaidh sa tionscnamh seo ar na príomhbhacainní ar shaorshreabhadh caipitil agus go dtógfaí ar réimis náisiúnta a oibríonn go maith. Chomh maith leis sin, luadh sa Straitéis don Mhargadh Aonair go dtacódh an Coimisiún le fiontraithe macánta agus go mbeartódh sé reachtaíocht a d’áiritheodh go soláthródh na Ballstáit timpeallacht rialála atá ábalta freastal do theip ach nach ndíspreagann fiontraithe ionas nach mbainfidh siad triail as smaointe nua arís 28 .

Leag Conclúidí na Comhairle, mí Iúil 2016, maidir le treochlár chun an tAontas Baincéireachta a chomhlánú, béim ar an tábhacht a bhain le hobair an Choimisiúin ar thogra reachtach do chomhchuibhiú íosta ar an dlí dócmhainneachta i gcomhthéacs Aontas na Margaí Caipitil (CMU), ag tabhairt dá naire go bhféadfadh sé sin tacú freisin le hiarrachtaí chun leibhéil na niasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú sa todhchaí. 29

Le gairid, ina Theachtaireacht maidir le dlús a chur le hathchóiriú in Aontas na Margaí Caipitil luaigh an Coimisiún arís go ngineann neamhéifeachtúlachtaí agus difríochtaí i gcreataí dócmhainneachta náisiúnta éiginnteacht dhlíthiúil, bacainní ar théarnamh luacha ag creidiúnaithe, agus bacainní ar athstruchtúrú éifeachtúil a dhéanamh ar chuideachtaí inmharthana in AE, lena náirítear ar ghrúpaí trasteorann. 30

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Rialachán maidir le himeachtaí dócmhainneachta trasteorann

Ón 26 Meitheamh 2017, tiocfaidh Rialachán (AE) 2015/848 31 in ionad Rialachán (CE) 1346/2000 ón gComhairle. Le Rialachán 2015/848 déileáiltear le ceisteanna dlínse, an dlí is infheidhme, cinntí i ndáil le dócmhainneacht a aithint agus a fhorfheidhmiú, agus le comhordú imeachtaí dócmhainneachta trasteorann . Ainmnítear ann an dlí is infheidhme, i.e. nósanna imeachta athstruchtúraithe agus dócmhainneachta ar ann dóibh cheana féin sna Ballstáit, agus áirithíonn sé go ndéantar iad a aithint ar fud AE. Cumhdaítear ann freisin mórán cineálacha nósanna imeachta dócmhainneachta, lena náirítear nósanna imeachta coisctheacha/réamhdhócmhainneachta áirithe chomh fada agus go gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe (e.g. ní mór go mbeadh nósanna imeachta réamhdhócmhainneachta ar fáil a luaithe agus atá dóchúlacht dócmhainneachta ann, ní mór go mbeadh na creidiúnaithe ar fad atá ag an bhféichiúnaí nó cuid shuntasach díobh san áireamh agus ní mór dóibh a bheith poiblí).

Mar sin féin, ní chuirtear d'oibleagáid ar na Ballstáit le Rialachán 2015/848 cineálacha sonracha nósanna imeachta a thabhairt isteach ná a áirithiú go bhfuil a gcuid nósanna imeachta éifeachtach maidir le hathstruchtúrú coisctheach agus dara deis a chur chun cinn.

Dá bhrí sin, dhéanfadh an togra comhlánú ar Rialachán 2015/848, trína cheangal ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann a nósanna imeachta náisiúnta um athstruchtúrú coisctheach íosphrionsabail éifeachtachta áirithe.

Moladh maidir le cur chuige nua i leith teip ghnó agus i leith dócmhainneachta

Bhí sé d'aidhm ag an Moladh, a bhí dírithe ar na Ballstáit, íoschaighdeáin a bhunú i gcomhair: (i) nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach a chuireann ar chumas féichiúnaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu athstruchtúrú a dhéanamh ag céim luath chun dócmhainneacht a sheachaint, agus (ii) urscaoileadh fiachais, laistigh de thréimhsí a leagtar síos, d'fhiontraithe macánta atá ina bhféimhigh, mar cheann de na céimeanna atá riachtanach chun dara deis a thabhairt dóibh. Déanann an togra atreisiú ar Mholadh 2014 agus téann sé thar a raon feidhme trí rialacha spriocdhírithe a bhunú freisin maidir le héifeachtúlacht gach cineáil nós imeachta a mhéadú, lena náirítear nósanna imeachta leachtaithe.

An creat dlí maidir le seirbhísí airgeadais

Baineann socruithe speisialta le gnóthais árachais agus athárachais mar a shainmhínítear iad i bpointe 1 agus pointe 4 d'Airteagal 13 de Threroir 2009/138/CE 32 , le hinstitiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear iad i bpointe 1 d'Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 575/2013 33 , le gnólachtaí infheistíochta agus gnóthais chomhinfheistíochta mar a shainmhínítear iad i bpointe 2 agus pointe 7 d’Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 575/2013, le contrapháirtithe lárnacha mar a shainmhínítear iad i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 34 , le taisclanna lárnacha urrús mar a shainmhínítear iad i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 909/2014 35 agus le hinstitiúidí agus eintitis airgeadais eile atá liostaithe sa chéad fhomhír d'Airteagal 1(1) de Threroir 2014/59/AE 36 . Tá cumhachtaí fairsinge idirghabhála ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ina leith siúd agus, mar sin de, is iomchuí féichiúnaithe den sórt sin a eisiamh ó na nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach a bheartaítear sa togra seo.

Tá an togra seo gan dochar freisin do Threroir 98/26/CE maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús 37 , do Threroir 2002/47/CE maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais 38 agus do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála 39 . Tá sé seo tábhachtach d'fhonn forluí idir an hionstraimí sin agus an togra reatha a sheachaint a mbeadh tionchar aige ar chumas creidiúnaithe urraithe a nurrús comhthaobhach airgeadais a sholáthair eintiteas corparáideach a fhorfheidhmiú, lena náirítear corrlaigh a soláthraíodh do chontrapháirtithe lárnacha (CPLanna) nó do bhainc cheannais/don Bhanc Ceannais Eorpach nó ar shocruithe comhthaobhachta airgeadais a chuir gnóthas neamhairgeadais corparáideach i gcrích le hinstitiúid airgeadais. Gan idirbhearta den sórt sin a ghearradh amach as forálacha baic, d'fhéadfaí dochar a dhéanamh do chobhsaíocht na margaí airgeadais.

Treoracha maidir le cosaint oibrithe

Má thugtar faisnéis d’oibrithe agus má théitear i gcomhairle leo ar bhealach atá leordhóthanach agus tráthúil, cuirtear le héifeachtacht na bpróiseas athstruchtúraithe. Ráthaítear an ceart chun faisnéise agus chun comhairliúcháin roimh athstruchtúrú agus/nó roimh chomhiomarcaíochtaí le roinnt Treoracha. Fágann an togra seo na cearta a ráthaítear le Treoracha 98/59/CE 40 , 2001/23/CE 41 , 2002/14CE 42 , 2008/94/CE 43 agus 2009/38/CE 44 , slán agus, ina theannta sin, tugann sé an ceart do na hoibrithe dá ndéantar difear vótáil ar phleananna athstruchtúraithe.

Ceanglaítear le Treroir 2008/94 go gcuirfeadh Ballstáit institiúidí ráthaíochta ar bun chun a ráthú go níocfar éilimh neamhíoctha ó fhostaithe mar thoradh ar chonarthaí fostaíochta nó ar chaidreamh fostaíochta i gcás imeachtaí foirmiúla dócmhainneachta an fhostóra. Chomh maith leis sin, féadfaidh na Ballstáit cumhdach institiúidí ráthaíochta den sórt sin a shíneadh chuig cineálacha eile nósanna imeachta agus féadfaidh an togra reatha Ballstáit a spreagadh chun cumhdach a shíneadh chuig nósanna imeachta athstruchtúraithe áit nach bhfuil sé sin réamh-mheasta fós, ach ní chuireann sé d’oibleagáid orthu é sin a dhéanamh. Tá sé mar aidhm ag an togra go gcuirfí nósanna imeachta coisctheacha i bhfeidhm i ngach Ballstát chun cuidiú le féichiúnaithe dócmhainneacht a sheachaint. Mar sin féin, má theipeann ar iarrachtaí athstruchtúraithe agus go dtagann an féichiúnaí chun bheith dócmhainneach faoin dlí náisiúnta, beidh feidhm ag Treroir 2008/94 dá réir.

Faoin togra, ba cheart éilimh neamhíoctha oibrithe faoi mar a shainmhínítear iad i dTreroir 2008/94/CE a bheith díolmhaithe i bprionsabal ó bhac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe, a mbeadh sé mar thoradh air go ndéanfaí cumas oibrithe éilimh den sórt sin a fhorfheidhmiú a chur ar fionraí go sealadach, beag beann ar iad a bheith tagtha chun cinn sular ceadaíodh an bac nó ina dhiaidh sin. Níor cheart bac i dtaca le héilimh den sórt sin a cheadú ach amháin i gcás na méideanna agus don tréimhse ama a ráthaíonn na Ballstáit go níocfar éilimh den sórt sin ar bhealaí eile.

Tá sé mar aidhm ag Treroir 2001/23 cearta oibrithe a choimirciú i gcás aistriú gnóthas. Faoin togra, d'fhéadfadh aistriú cuid de ghnóthas nó de ghnólacht a bheith i gceist le hathstruchtúrú. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm iomlán ag Treroir 2001/23/CE agus ag an leibhéal cosanta d’oibrithe a ráthaítear inti agus ní chuirfidh an togra seo isteach uirthi. Nuair a bhíonn aistriú á dhéanamh ar chuid de ghnóthas nó de ghnólacht mar chuid d’athstruchtúrú, ba cheart cearta oibrithe a choimirciú i gcomhréir le Treroir 2001/23/CE, gan dochar do na féidearthachtaí a cheadaítear le hAirteagal 5(2) den Treoir sin. Foráiltear le hAirteagal 5(2) de Threroir 2001/23/CE, i gcás ina bhfuil imeachtaí faoi mhaoirseacht údaráis phoiblí inniúil, gur féidir an taistrí a shaoradh ó dhliteanais roimhe sin má fhaigheann oibrithe cúiteamh atá ar a laghad comhionann leis an gcúiteamh a bheadh le fáil acu ón gciste ráthaíochta atá ann d’oibrithe. Ina theannta sin, is féidir coinníollacha oibre a athrú le comhaontú na noibrithe.

Bunaítear le Treroir 2002/14/CE an ceart chun faisnéis leanúnach a fháil chomh maith le comhairliúchán le hionadaithe na noibrithe sa chuideachta, lena náirítear maidir le cinntí ar dóigh go dtiocfadh athruithe substaintiúla ar eagrú na hoibre nó ar chaidreamh conarthach mar thoradh orthu. Ba cheart comhairliúchán den sórt sin a dhéanamh d'fhonn teacht ar chomhaontú maidir le cinntí dá leithéid. Ní dhéanfaidh an togra aon difear do na cearta a ráthaítear le Treroir 2002/14/CE. Thairis sin, sa bhreis ar chearta na noibrithe i dtaca le faisnéis agus comhairliúchán faoi Threroir 2002/14 agus gan dochar dóibh sin, tabharfaidh an togra an ceart d'oibrithe dá ndéantar difear vótáil ar phlean athstruchtúraithe. Ar mhaithe le vótáil ar phlean athstruchtúraithe, féadfaidh Ballstáit a chinneadh go gcuirfidh siad oibrithe in aicme ar leithligh ó aicmí eile creidiúnaithe.

Treroir 2012/30/AE maidir le dlí na gcuideachtaí

Le hAirteagail 19 (1), 29, 34, 35, 40(1)(b), 41(1) agus 42 de Threroir 2012/30/AE 45 foráiltear maidir leis an riachtanas cruinniú ginearálta de na scairshealbhóirí a thionól. Má mhéadaítear an caipiteal trí chomaoin airgid, bunaítear le hAirteagal 33 den Treoir ceart réamhcheannaigh scairshealbhóirí ar na scaireanna nua. D'fhéadfadh an ceanglas maidir le cruinniú ginearálta scairshealbhóirí a thionól agus na cearta réamhcheannaigh éifeachtacht ghlacadh agus chur chun feidhme an phlean athstruchtúraithe a chur i mbaol. Éilíonn an togra ar na Ballstáit maolú ar na forálacha sin i ndlí na gcuideachtaí sa mhéid agus ar feadh na tréimhse is gá lena áirithiú nach gcuireann scairshealbhóirí bac ar iarrachtaí athstruchtúraithe trí mhí-úsáid a bhaint as na cearta atá acu faoi Threroir 2012/30/AE. Mar sin féin, níl ar na Ballstáit maolú ar rialacha dhlí na gcuideachtaí más féidir leo a áirithiú nach gcuirfidh na ceanglais thuasluaite maidir le dlí na gcuideachtaí éifeachtacht an phróisis athstruchtúraithe i mbaol nó má tá uirlisí eile ag na Ballstáit, atá chomh héifeachtach céanna, a áirithíonn nach gcoisceann scairshealbhóirí go míréasúnta plean athstruchtúraithe, a dhéanfadh an gnó inmharthana arís, a ghlacadh nó a chur chun feidhme.

Rialacha maidir le státchabhair

Ní dhéanfaidh an togra difear do rialacha maidir le státchabhair. Ní thugann creidiúnaithe stáit uathu a gcuid éileamh agus dá bhrí sin ní féidir a mheas go dtugann siad státchabhair neamhréititheach d'fhéichiúnaithe mura ndéanann siad ach a bheith rannpháirteach i bplean athstruchtúraithe ar choinníoll go ndéanann na bearta athstruchtúraithe difear do chreidiúnaithe stáit ar an gcaoi chéanna agus a dhéanann siad difear do chreidiúnaithe príobháideacha, agus go niompraíonn siad iad féin mar a d’iompródh oibreoirí príobháideacha i ngeilleagar margaidh a bheadh sa staid is inchomparáide. Tá an togra seo gan dochar freisin do na rialacha maidir le haisghabháil iomlán a dhéanamh ar státchabhair neamhdhleathach, arna ndaingniú i gCás C-454/09 New Interline (mír 36) and Cás C-610/10 Magefesa (mír 104).

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Ceann de na bearta a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta i ndáil le hAontas na Margaí Caipitil 46 an 30 Meán Fómhair 2015 ba ea go dtáirgfidh an Coimisiún tionscnamh reachtach maidir le dócmhainneacht ghnó, lena náirítear luath-athstruchtúrú agus dara deis, ag tarraingt ar thaithí Mholadh 2014. Thógfadh an tionscnamh ar chórais náisiúnta a oibríonn go maith.

Chomh maith leis sin, fógraíodh sa Straitéis don Mhargadh Aonair 47 go dtacódh an Coimisiún le fiontraithe bona fide agus go molfadh sé reachtaíocht a d'áiritheodh go soláthródh na Ballstáit timpeallacht rialála atá ábalta freastal do theip agus nach ndíspreagann fiontraithe ionas nach mbainfidh siad triail as smaointe nua.

Tá an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann le creataí dea-fheidhmiúla dócmhainneachta ábhartha go háirithe san earnáil airgeadais nuair a bhítear ag déileáil le leibhéil arda d'fhiachas príobháideach agus d’iasachtaí neamhthuillmheacha, agus is amhlaidh atá an cás i gcuid de na Ballstáit. Sainaithníodh EUR 980 billiún de neamhchosaint neamhthuillmheach sa chóras baincéireachta i measúnú cuimsitheach an Bhainc Cheannais Eorpaigh 2015 48 . Téann iasachtaí den sórt sin i gcion go mór ar chumas na mbanc an fíorgheilleagar a mhaoiniú i roinnt de na Ballstáit. Is iad na bainc an phríomhfhoinse creidmheasa do ghnólachtaí agus do theaghlaigh agus dá bhrí sin tá siad íogair go háirithe maidir le neamhéifeachtúlachtaí i gcreataí dócmhainneachta. D'fhéadfadh creataí maithe dócmhainneachta cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna, ach ní féidir leo, astu féin, aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ar fad atá os comhair na mbanc maidir le cláir chomhardaithe lagaithe a bhainistiú. Éilítear polasaithe breise agus coinníollacha ginearálta chun déileáil leis na fadhbanna a bhaineann le hiarmharach fiachais agus le hiasachtaí neamhthuillmheacha. Ní sholáthraíonn creataí dócmhainneachta atá go maith ar pháipéar torthaí sásúla gan bonneagar breithiúnach atá leordhóthanach a bheith acu freisin nó polasaithe cánach iomchuí chun cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Thairis sin, d’fhéadfadh gá a bheith le polasaithe sonracha chun iarmharach fiachais a laghdú. I gcás creidiúnaithe, baineann bearta den sórt sin go háirithe le luacháil sócmhainní, na cuspóirí réitigh a shocraíonn an maoirseoir agus mar a dhéileálfar ó thaobh cánach le díscríobh. I gcás féichiúnaithe, dá mbeadh teacht ar líontáin sábhála sóisialta, laghdófaí an tionchar a bhíonn ag straitéisí réitigh agus ag straitéisí téarnaimh níos deimhní a mheasann creidiúnaithe a bheith riachtanach.

Cuideoidh an togra le carnadh iasachtaí neamhthuillmheacha a chosc. Is iad na gnéithe comhlántacha atá ríthábhachtach sa chomhthéacs seo, ar an gcéad dul síos, cead a thabhairt do chuideachtaí athstruchtúrú a dhéanamh ar bhealach níos éasca agus dá réir sin inmharthanacht airgeadais a bhaint amach arís ar bhealach níos tapa agus a gcuid fiachas a onórú agus, ar an dara dul síos, a dheimhniú gur féidir le bainc sócmhainní a aisghabháil sa chás nach bhfuil aon seans ag féichiúnaithe a bheith inmharthana arís.

Déanfaidh plean athstruchtúraithe a bhfuil rath air iasachtaí ar féidir le cuideachta iad a íoc ar ais iarbhír as iasachtaí neamhthuillmheacha. I gcás leachtaithe, bíonn ar chreidiúnaithe urraithe smaoineamh ar an bhféidearthacht go mbeadh laghdú substaintiúil ar luach a gcuid éileamh. I gcás athstruchtúraithe, ar an láimh eile, déantar dócmhainneacht a sheachaint, íoctar fiachais chonartha de ghnáth, agus i bhformhór na gcásanna ní bhaineann an idirbheartaíocht ach amháin leis an bhfiachas airgeadais. Taispeánann sonraí go bhfuil na rátaí téarnaimh is airde do chreidiúnaithe sna geilleagair inarb é an tathstruchtúrú an timeacht dócmhainneachta is coitianta 49 , agus gurb é an tathstruchtúrú an modh is coitianta a mbaineann 45 % de gheilleagair ECFE feidhm as chun gnólachtaí inmharthana a shábháil. Chomh maith leis sin, tá meánráta téarnaimh 83 cent in aghaidh an dollair acu, i gcomparáid le 57 cent in aghaidh an dollair i dtíortha inarb é an leachtú an toradh is forleithne 50 . Toisc thábhachtach eile chun na rátaí téarnaimh foriomlána a fheabhsú, agus dá réir sin luach iarmharach na niasachtaí a d'fhéadfadh a bheith ina niasachtaí neamhthuillmheacha a fheabhsú, is ea láimhseáil thapa a dhéanamh ar chásanna athstruchtúraithe agus dócmhainneachta 51 .

Chomh maith leis sin, cuideoidh urscaoileadh a dhéanamh ar fhiachas fiontraíochta agus b'fhéidir ar fhiachas príobháideach chun na hiasachtaí nach féidir iad a íoc ar aon nós a bhaint de chláir chomhardaithe na ninstitiúidí creidmheasa. Is féidir líon na gcásanna a atreoraítear a laghdú freisin má fhorbraítear socruithe rathúla maidir le hathstruchtúrú fiachais idir féichiúnaithe agus creidiúnaithe agus nuair nach mbíonn mórán bainte nó fiú baint ar bith ag údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin ná ag nósanna imeachta breithiúnacha leo.

Mar sin féin, níl an togra seo ceaptha chun fadhbanna forfheidhmithe na mbanc a réiteach go hiomlán agus ní dhéanfaidh sé é sin, go háirithe éifeachtacht an fhorfheidhmithe, a chuireann srian ar na bainc maidir leis an bhfíorgheilleagar a mhaoiniú. Mar a sonraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Towards the Completion of the Banking Union [I dTreo an tAontas Baincéireachta a thabhairt chun críche], an 24 Samhain 2015 52 , ní mór go bhfeabhsódh éifeachtúlacht na nimeachtaí athstruchtúraithe agus dócmhainneachta. Rinne an Coimisiún scrúdú freisin ar chreataí dócmhainneachta náisiúnta mar chuid den Seimeastar Eorpach - creat um rialachas eacnamaíoch AE. Fuarthas amach go raibh imeachtaí dócmhainneachta a bhí fada, neamhéifeachtúil agus costasach i roinnt de na Ballstáit ar cheann de na cúiseanna a bhí le díghiaráil fiachais san earnáil phríobháideach a bheith neamhleor tar éis na géarchéime agus leis an iarmharach fiachais a dhéanamh níos measa. Tá córais riaracháin phoiblí agus córais bhreithiúnacha atá éifeachtúil agus trédhearcach riachtanach chun tacú le fás eacnamaíoch agus chun seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar do ghnólachtaí agus do shaoránaigh, lena náirítear maidir le creataí dócmhainneachta. Agus é sin san áireamh aige, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair leis na Ballstáit i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh chun a gcórais bhreithiúnacha a fheabhsú.

De bhrí nach ann do chleachtais bhailithe sonraí a bhfuil comhaontú coiteann ina leith agus go bhfuil inchomparáideacht na sonraí féin idir na tíortha éagsúla íseal, ní féidir pictiúr iomlán den staid sna Ballstáit a fháil go háirithe maidir leis an tionchar ar institiúidí airgeadais. Dá bhrí sin, faoi mar a fógraíodh ina Theachtaireacht dar teideal Capital Markets Union – Accelerating Reform [Aontas na Margaí Caipitil - Dlús a chur le hAthchóiriú], tá athbhreithniú tagarmharcála ar réimis forfheidhmithe iasachtaí (lena náirítear dócmhainneacht) á sheoladh ag an gCoimisiún chun pictiúr mionsonraithe agus iontaofa de thorthaí na mbanc a bhunú nuair a bhíonn iasachtaí mainneachtana os a gcomhair, i dtéarmaí moille, costas agus aisghabháil luacha. Cuideoidh an tathbhreithniú le Ballstáit atá ag iarraidh a gcuid réimeas a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos trédhearcaí. Dá bhrí sin, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag fiosrú ceisteanna nach ndéileáiltear go díreach leo sa togra seo.

Ina theannta sin, cuideoidh neartú agus cóineasú i dtaca le feidhmiú creataí náisiúnta i gcomhair athstruchtúrú fiachais, forfheidhmiú iasachtaí agus i gcomhair dócmhainneachta agus urscaoileadh fiachais le feidhmiú an mhargaidh aonair agus go háirithe le hAontas na Margaí Caipitil. Beidh cóineasú prionsabal agus muinín i gcur chun feidhme éifeachtach na bprionsabal sin sna Ballstáit ríthábhachtach maidir leis na dálaí a chruthú chun go dtabharfaidh creidiúnaithe iasachtaí d'fhéichiúnaithe i mBallstáit eile. Staonfaidh creidiúnaithe ó iasachtú trasteorann mura mbíonn siad muiníneach gur féidir leo iad féin a chosaint i gás neamhíoca agus gur féidir leo luach nó cúlbhannaí a aisghabháil de réir mar is gá. Trí phrionsabail choiteanna a bhunú chun tacú le hailíniú creataí náisiúnta um athstruchtúrú agus dócmhainneacht, cuidíonn an togra seo tuilleadh le hathstruchtúrú fiachais.

Is minic a bhíonn fiachais phearsanta agus ghnó na bhfiontraithe aonair fite fuaite ina chéile. Faigheann fiontraithe iasachtaí pearsanta chun a ngnólacht a thosú agus a rith, mar shampla, de bhrí go ráthaíonn siad a niasacht ghnó lena sócmhainní pearsanta amhail carr, agus úsáideann daoine nádúrtha creidmheasanna tomhaltóra chun sócmhainní a cheannach dá ngníomhaíocht ghairmiúil. Faoin togra, is féidir an dá chineál fiachais a chomhdhlúthú, más infheidhme, nuair a thabhaíonn daoine aonair é ina ngníomhaíocht fiontraíochta.

Ag an am céanna, tugann an togra cuireadh do na Ballstáit cur i bhfeidhm na bprionsabal urscaoilte a shíneadh chuig daoine nádúrtha nach fiontraithe iad, .i.e. tomhaltóirí. Le blianta beaga anuas, tá dlíthe náisiúnta maidir le dócmhainneacht tomhaltóirí glactha nó athchóirithe ag mórán de na Ballstáit agus aitheantas á thabhairt acu don tábhacht a bhaineann le tomhaltóirí a chumasú le go mbeidh siad ábalta a gcuid fiachas a urscaoileadh agus dara deis a fháil. Mar sin féin, níl dlíthe den sórt sin ag na Ballstáit go léir agus tá na tréimhsí urscaoilte i gcomhair tomhaltóirí a bhfuil rófhéichiúnas acu an-fhada fós. Is cuid thábhachtach de mhargaí atá ag feidhmiú go maith agus de sheirbhísí airgeadais miondíola cabhrú le tomhaltóirí teacht ar ais i dtimthriall an chaiteachais eacnamaíche. Leanfaidh an Coimisiún dá chuid fiosraithe maidir leis an mbealach a bhfuil athchóiriú déanta ag na Ballstáit ar a gcreataí náisiúnta agus déanfaidh sé faireachán ar an mbealach a gcuireann siad an fhoráil shonrach seo atá sa togra maidir le dara deis chun feidhme, d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás a bhaineann le rófhéichiúnas tomhaltóirí.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 53 agus Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Leagtar amach sa togra sraith chuimsitheach de phrionsabail agus, i gcás inar gá, rialacha spriocdhírithe do chreat éifeachtach um athstruchtúrú coisctheach agus dara deis. Chomh maith leis sin, soláthraítear ann bearta chun nósanna imeachta a dhéanamh níos éifeachtúla, lena náirítear nósanna imeachta dócmhainneachta foirmiúla (nósanna imeachta leachtaithe) agus é mar aidhm acu a bhfad a ghiorrú. Thabharfadh dara deis éifeachtach le tuiscint freisin go mbeadh teorainn le fad na norduithe dícháilithe a eisítear maidir le fiontraithe macánta a bhfuil rófhéichiúnas acu, le go mbeidís ábalta dul i mbun gníomhaíocht fiontraíochta agus leanúint de tar éis tréimhse réasúnta ama.

Is é cuspóir an togra seo bacainní ar fheidhmiú saoirsí bunúsacha a bhaint, amhail saorghluaiseacht chaipitil agus saoirse bhunaíochta, a eascraíonn ó dhifríochtaí idir dlíthe agus nósanna imeachta náisiúnta maidir le hathstruchtúrú coisctheach, dócmhainneacht agus dara deis. Go sonrach, bainfidh an togra costais bhreise ex ante d'infheisteoirí nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar rioscaí féichiúnaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais rompu i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit agus na costais ex post a bhaineann le hathstruchtúrú a dhéanamh ar chuideachtaí a bhfuil bunaíocht, creidiúnaithe nó sócmhainní acu i mBallstáit eile, go hiondúil nuair a bhíonn athstruchtúrú á dhéanamh ar ghrúpaí idirnáisiúnta cuideachtaí. Chomh maith leis sin, cuirfidh an togra deireadh leis na costais bhreise a bhaineann le measúnú riosca agus le forfheidhmiú trasteorann i gcás creidiúnaithe agus fiontraithe a bhfuil rófhéichiúnas acu agus a athlonnaíonn chuig Ballstát eile chun dara deis a fháil i dtréimhse ama atá i bhfad níos giorra. Chuirfeadh sé deireadh freisin le costais bhreise ar na fiontraithe féin a athlonnaíonn chuig Ballstát eile chun dara deis a fháil.

Níl fadhbanna an mhargaidh aonair teoranta do shuíomhanna trasteorann amháin. D’fhéadfadh dócmhainneachtaí, ar dócmhainneachtaí náisiúnta amháin iad, éifeacht an domanó a bheith acu ar fheidhmiú an mhargaidh aonair. Bíonn soláthraithe, ar gnólachtaí intíre amháin iad, ina slabhraí soláthair ag cuideachtaí a mbíonn gníomhaíochtaí trasteorann acu. Nuair a bhíonn deacrachtaí airgeadais ag soláthraí agus nach féidir é a shábháil, d'fhéadfadh tionchair dhiúltacha a bheith aige sin, rud a spreagfadh dócmhainneacht na cuideachta trasteorann.

Ní réiteodh ionstraim a bheadh teoranta do dhócmhainneachtaí trasteorann amháin fadhbanna an mhargaidh aonair, ná ní bheadh sé indéanta ag infheisteoirí cineál trasteorann nó intíre na ndeacrachtaí airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ag féichiúnaí sa todhchaí a dhéanamh amach roimh ré. Téann an togra thar ábhair a bhaineann le comhoibriú breithiúnach agus bunaítear leis íoschaighdeáin shubstainteacha. Ar na cúiseanna sin, ní bheadh sé iomchuí Airteagal 81 a úsáid mar bhunús dlí.

Ghníomhaigh roinnt de na Ballstáit go neamhspleách nó tá siad tar éis gníomhú agus le gairid tá réamhobair déanta nó tosaithe acu maidir le rialacha nua a ghlacadh chun feabhas a chur ar an gcreat um athstruchtúrú coisctheach agus dara deis. Mar sin féin, tá difríochtaí móra idir na rialacha náisiúnta sin ó thaobh inneachair de, agus mar thoradh air sin, cuireann siad leibhéal míchothrom trédhearcachta agus cosanta ar fáil d'infheisteoirí. D'fhéadfaí infheisteoirí a bhac ó infheistíocht trasteorann a dhéanamh mar go bhfuil na costais a bhaineann léi i bhfad níos airde ná mar is gá dóibh a bheith. Mura ngníomhaíonn an tAontas Eorpach, bheifí ag súil go leanfadh Ballstáit eile atá ag athchóiriú creataí athstruchtúraithe agus dara deis nó a bhfuil creataí den sórt sin á dtabhairt isteach acu den chéad uair treocht na héagsúlachta. Tá an togra seo ceaptha freisin chun forbairtí reachtacha éagsúla den sórt sin agus bacainní iarmhartacha sa todhchaí a chosc.

Coimhdeacht

Ó tharla go bhfuil éagsúlachtaí substaintiúla idir creataí náisiúnta athstruchtúraithe agus dara deis san Aontas Eorpach agus nach bhfuil aon treochtaí cóineasaithe sna hathruithe reachtacha is déanaí ag an leibhéal náisiúnta, ní cosúil ar chor ar bith go mbeadh na Ballstáit astu féin ábalta comhleanúnachas foriomlán a gcuid reachtaíochta le reachtaíocht dócmhainneachta na mBallstát eile a áirithiú.

Maidir le dara deis, chun ceist na coimhdeachta a mheas, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir daoine nádúrtha atá ina bhfiontraithe agus iad siúd atá ina dtomhaltóirí. Murab ionann agus fiontraithe, a bhíonn de shíor sa tóir ar fhoinsí infheistíochta d’aon chineál (foinsí trasteorann go minic), bíonn an claonadh ag tomhaltóirí, ag an tráth seo, maoiniú áitiúil a fháil (iasachtaí ó bhainc áitiúla) 53 . Dá bhrí sin, ba cheart dul i ngleic leis an bhfadhb a bhaineann le rófhéichiúnas tomhaltóirí ag an leibhéal náisiúnta ar dtús. Mar sin féin, sna freagraí is déanaí uathu ar an bPáipéar Uaine maidir le seirbhísí airgeadais 54 , thug cuid mhór freagróirí ó earnáil na tionsclaíochta le fios go raibh dlíthe náisiúnta éagsúla maidir le dócmhainneacht tomhaltóirí mar bhac ar tháirgí airgeadais miondíola trasteorann a dhíol. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit smaoineamh ar na prionsabail chéanna i leith urscaoilte a chur i bhfeidhm maidir leis na daoine nádúrtha go léir, lena náirítear tomhaltóirí.

Tá sé riachtanach do mhargadh aonair AE a fheidhmíonn go maith creat athstruchtúraithe agus dara deis comhleanúnach a bheith ann atá ábalta aghaidh a thabhairt ar an ngné thrasteorann a bhaineann le gnólachtaí, mar go bhfuil idirghníomhaíocht idir cuideachtaí atá lonnaithe i mBallstáit éagsúla tar éis éirí níos coitianta. Dá bhrí sin, cuirfidh gníomhaíocht ar leibhéal AE leis an margadh aonair trí infheistíocht trasteorann in AE a éascú, a áirithiú go mbeidh gnólachtaí inmharthana a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu, cibé áit sa mhargadh aonair a bhfuil siad lonnaithe, ábalta tairbhe a bhaint as réimse níos leithne d’uirlisí inrochtana chun a ndócmhainneacht a chosc. Ag an am céanna, rachaidh sí chun tairbhe fiontraithe ós rud é go mbeidh siad ábalta feidhm a bhaint as tréimhsí réasúnta urscaoilte ina gcuid Ballstát. I ndáiríre, ní fhéadfadh na Ballstáit é sin a bhaint amach dá mbeidís ag gníomhú astu féin. Ina theannta sin, beidh tionchair dhearfacha eacnamaíocha ag baint lena áirithiú go bhfuil coimircí iomchuí ar fáil do chreidiúnaithe agus d'infheisteoirí trasteorann atá rannpháirteach i bpróiseas athstruchtúraithe den sórt sin. Cruthóidh na rialacha atá molta deimhneacht dhlíthiúil do chreidiúnaithe agus d'infheisteoirí atá ag iarraidh iasachtaí a thabhairt i mBallstáit eile. Beidh an fhaisnéis atá riachtanach ar fáil chun gur féidir leo cinntí eolasacha a dhéanamh.

Ar deireadh, urramaítear prionsabal na coimhdeachta sa togra mar nach moltar gníomhaíocht ach amháin nuair is gá sin agus a mhéid nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí a bhaint amach astu féin.

Comhréireacht

Tá an togra ceaptha chun meas a léiriú ar phrionsabal na comhréireachta. Beidh na modhanna a úsáidtear ann oiriúnaithe chun an sprioc a bhaineann le feidhmiú cuí an mhargaidh aonair a áirithiú. Ba cheart cuspóirí coiteanna agus rialacha ginearálta a leagan síos san ionstraim AE, agus ag an am céanna saoirse a fhágáil ag na Ballstáit a chinneadh conas na cuspóirí sin a bhaint amach.

Rogha na hionstraime agus leibhéal an chomhchuibhithe

Is cosúil go bhfuil gá le hionstraim cheangailteach i bhfoirm Treorach lena mbunaítear creat comhchuibhithe íosta chun na cuspóirí beartais maidir le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus dara deis a bhaint amach. Níor éirigh leis an Moladh ón gCoimisiún in 2014 a áirithiú go bhfuil freagairt chomhleanúnach agus láidir ag na Ballstáit do na fadhbanna a sainaithníodh ann. Thairis sin, thug an Coimisiún tuilleadh suntais do na heasnaimh i bhfeidhmiú mhargadh aonair AE, mar gheall ar easpa cóineasaithe sna creataí dócmhainneachta, sa Phlean Gníomhaíochta i ndáil le hAontas na Margaí Caipitil agus sa Straitéis don Mhargadh Aonair. Chuirfeadh Treoir ar chumas na Ballstát solúbthacht a choinneáil maidir leis na modhanna is iomchuí chun prionsabail a chur chun feidhme ina gcomhthéacs náisiúnta amhail infhaighteacht uirlisí réamhrabhaidh nó dualgais stiúrthóirí i dtaobh dócmhainneachta. D'fhéadfaidís rialacha spriocdhírithe níos mionsonraithe a shocrú atá riachtanach chun cuspóirí an togra a bhaint amach, amhail uastréimhsí do bhac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe nó tromlaigh chun pleananna athstruchtúraithe a ghlacadh.

Tá athstruchtúrú, dócmhainneacht agus dara deis ardrialaithe ag an leibhéal náisiúnta agus tá siad nasctha le réimsí eile den dlí amhail dlí na gcuideachtaí, dlí na fostaíochta, an dlí cánach, agus an dlí maidir le státchabhair. Ina theannta sin, caitear ar bhealaí éagsúla le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus dara deis sna Ballstáit, ní hamháin mar gheall ar fhorbairtí stairiúla agus eacnamaíocha éagsúla, ach freisin mar gheall ar chuir chuige éagsúla maidir le luachanna sóisialta a chosaint, amhail cearta oibrithe agus an ceart chun maoine. Dá bhrí sin, is iad na híoschaighdeáin na modhanna is iomchuí chun creat comhleanúnach a áirithiú sna Ballstáit go léir agus ag an am céanna cuireann siad ar chumas na mBallstát dul thar fhorálacha na Treorach. Mar shampla, féadfaidh na Ballstáit maoiniú nua agus maoiniú eatramhach a chothú tuilleadh i nósanna imeachta athstruchtúraithe má rangaíonn siad é chun tosaigh ar éilimh réamh-athstruchtúraithe i nósanna imeachta leachtaithe ina dhiaidh sin. Féadfaidh na Ballstáit creataí dara deis a fheabhsú freisin trína raon feidhme sa Bhallstát a leathnú chun gach duine nádúrtha a chumhdach, lena náirítear tomhaltóirí. Féadfaidh na Ballstáit feabhas a chur ar an gcóir d’oibrithe freisin ag an gcéim a bhfuil pleananna athstruchtúraithe á nglacadh, má éilíonn siad go gcuirfí oibrithe in aicme leo féin, ar leithligh ó chreidiúnaithe eile.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tógann an togra ar Mholadh 2014 maidir le cur chuige nua i leith teip ghnó agus i leith dócmhainneachta 55 . Thángthas ar an gconclúid i meastóireacht de chuid an Choimisiúin nár ghlac roinnt de na Ballstáit an Moladh ach go páirteach, lena náirítear iad siúd a fuair moltaí a bhain le dócmhainneacht faoin Seimeastar Eorpach. Fiú na Ballstáit a chuir an Moladh chun feidhme, rinne siad é ar bhealach roghnaitheach, agus dá bhrí sin tá difríochtaí suntasacha fanta fós. 56 Dá bhrí sin, níor leor an Moladh ann féin chun cuspóirí an chóineasaithe a bhaint amach agus laghdú a dhéanamh ar neamhéifeachtúlachtaí i dtaca le rialacha a dhéanfadh athstruchtúrú luath ar fhiachas agus dara deis a chumasú.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúchán forleathan le páirtithe leasmhara. I gcomhairliúchán poiblí ón 23 Márta 2016 go dtí an 14 Meitheamh 2016 fuarthas breis agus 260 freagra ó 27 mBallstát (go háirithe an Ghearmáin, agus ina diaidh sin an Ríocht Aontaithe, an Bheilg agus an Liotuáin). Tionóladh cruinnithe tiomnaithe le saineolaithe rialtais na mBallstát. Cruthaíodh grúpa neamhfhoirmiúil ina raibh páirtithe leasmhara a raibh suim faoi leith acu i gceisteanna a bhain le hathstruchtúrú fiachais, dócmhainneacht agus dara deis agus tháinig siad le chéile trí huaire in 2016. 57 Ar deireadh, eagraíodh Comhdháil ar chóineasú creataí dócmhainneachta laistigh den Aontas Eorpach faoi Uachtaránacht na Slóvaice ar an 11 Iúil 2016.

Thacaigh formhór na mBallstát le cuspóirí an Choimisiúin maidir le creataí luath-athstruchtúraithe agus dara deis a fheabhsú, ach d’áitigh siad gur cheart comhchuibhiú a fhágáil ar leibhéal na bprionsabal go príomha mar gheall ar naisc chasta le réimsí eile den dlí amhail dlí na gcuideachtaí. Maidir leis na páirtithe leasmhara, thacaigh eagraíochtaí gnó, cumainn gairmithe, eagraíochtaí tomhaltóirí, ceardchumainn agus acadóirí i gcoitinne le rialacha comhchuibhithe íosta maidir le luath-athstruchtúrú agus cur chuige dara deis agus d'fháiltigh siad roimh an smaoineamh go mbeadh creat dócmhainneachta éifeachtúil agus cost-éifeachtúil AE ann d’fhonn gnólachtaí inmharthana a shábháil. Chuir siad in iúl go láidir freisin gur cheart cur chuige cothrom a bheartú, a dhéanfadh leasanna na bpáirtithe leasmhara go léir a choimirciú agus a choiscfeadh baol morálta. Bhí earnáil na baincéireachta agus roinnt eile de na páirtithe leasmhara den tuairim gur cheart rialacha AE maidir le hurscaoileadh tomhaltóirí, dá ndéanfaí iad a bhreithniú, a chumhdach in ionstraim ar leith. Thacaigh Parlaimint na hEorpa le comhchuibhiú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den athstruchtúrú agus leag sí béim ar dhara deis a áirithiú do gach duine nádúrtha.

Bailiú agus úsáid saineolais

Bhí sé cinn de chruinnithe sainghrúpa ag an sainghrúpa maidir le hathstruchtúrú agus dlí dócmhainneachta idir mí Eanáir agus mí Iúil 2016. Rinneadh staidéar cuimsitheach comparáideach dlí ar na dlíthe substainteacha dócmhainneachta sna Ballstáit go léir chun na réimsí go léir a shainaithint ina bhféadfadh difríochtaí sna dlíthe náisiúnta bacainní a chur ar an margadh aonair 58 . Chomh maith leis sin, rinneadh staidéar eacnamaíoch ar thionchar íoschaighdeán i ndáil le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus dara deis 59 .

Measúnú tionchair

Rinneadh na roghanna ardleibhéil seo a leanas a bhreithniú:

Rogha 1: An status quo (cás bonnlíne) a choinneáil

Rogha 2: Nós imeachta um athstruchtúrú coisctheach atá comhchuibhithe go hiomlán agus creat dara deis a bhunú

Rogha 3: Réimeas malartach roghnach AE um athstruchtúrú agus dara deis a thabhairt isteach

Rogha 4: Creat dlí íosta comhchuibhithe a bhunú i réimse an athstruchtúraithe agus an dara deis d'fhiontraithe

Ba é an rogha a roghnaíodh faoin measúnú tionchair go gcuirfí creat dlí íosta comhchuibhithe ar bun d'athstruchtúrú agus do dhara deis d’fhiontraithe, go mbeadh foráil neamhcheangailteach ann maidir le dara deis do thomhaltóirí, agus go ndéanfaí nósanna imeachta níos éifeachtúla. Tairgtear na buntáistí seo a leanas faoin rogha thosaíochta:

(i) féidearthachtaí éifeachtúla i ndáil le luath-athstruchtúrú;

(ii) deiseanna idirbheartaíochta a fheabhsú trí ‘spás anála’ a thabhairt don fhéichiúnaí le bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe (moratorium);

(iii) leanúnachas ghnó an fhéichiúnaí a éascú fad agus atá an tathstruchtúrú ar siúl;

(iv) creidiúnaithe easaontacha mionlaigh a chosc ón iarracht athstruchtúraithe a chur i mbaol, agus ag an am céanna a leasanna a choimirciú;

(v) na dóchúlachtaí go néireoidh leis na pleananna athstruchtúraithe a mhéadú;

(vi) costais agus fad na nósanna imeachta athstruchtúraithe a laghdú;

(vi) urscaoileadh i leith fiontraithe a bhfuil rófhéichiúnas acu a chumasú laistigh de thréimhse ama réasúnta (3 bliana);

(vii) éifeachtacht an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus dara deis a mhéadú.

Cuideoidh rogha na tosaíochta chun bacainní ar infheistíocht trasteorann a laghdú. Is é a bheadh mar thoradh air go ndéanfaí níos mó gnólachtaí inmharthana a shábháil ná mar a dhéantar faoi láthair mar nach mbeidh creidiúnaithe mionlaigh ábalta an próiseas idirbheartaíochta a dhíchobhsú le súil go bhféadfaidís buntáiste tráchtála éigin a bhaint amach, e.g. trí iallach a chur téarnamh luath a dhéanamh ar a gcuid fiachais. Féadfaidh nósanna imeachta coisctheacha éifeachtúla cuidiú le teorainn a chur le hiasachtaí neamhthuillmheacha nuair a thagann cora timthriallacha chun donais agus ag an am céanna áiritheofar ráta ard téarnaimh maidir le hiasachtaí a bhfuil a luach lagaithe. Ba cheart go dtiocfadh ardú ar na rátaí téarnaimh mar thoradh ar an rogha thosaíochta agus, dá réir sin, go dtiocfadh ísliú ar chostais iasachtaí. Faoin rogha thosaíochta déanfar laghdú ar chostais a bhaineann le deiseanna do dhaoine nádúrtha (fiontraithe) tosú arís as an nua agus méadófar na deiseanna atá ann dóibh chun é sin a dhéanamh. Titfidh an costas a bhaineann le rioscaí infheistíochta a mheas ex ante agus feabhsóidh na rátaí téarnaimh in imeachtaí dócmhainneachta. Dá mhéad comhfhogasú a dhéantar ar réimis athstruchtúraithe, is ea is ísle an costas ar chomhairle dlí a theastaíonn faoi láthair chun cur i bhfeidhm na gcreataí iomadúla náisiúnta um athstruchtúrú agus um dhócmhainneacht a sheachaint.

Tiocfaidh méadú ar fhéinfhostaíocht leis an rogha thosaíochta, mar go méadaítear an ráta féinfhostaíochta nuair a laghdaítear na tréimhsí urscaoilte. Chomh maith leis sin, cuideoidh an rogha thosaíochta le tomhaltóirí agus fás.

Beidh de thoradh ar an rogha thosaíochta go dtabhóidh roinnt de na Ballstáit costais nuair a bhíonn a gcreataí athstruchtúraithe agus dara deis á leasú acu. Beidh ar roinnt de na Ballstáit nós imeachta coisctheach a chur i bhfeidhm nó oiriúnú a dhéanamh ar nós imeachta atá fógartha cheana féin faoi Iarscríbhinn A den Rialachán Dócmhainneachta. D’fhéadfadh gá a bheith le roinnt athruithe a dhéanamh ar dhlí na gcuideachtaí chun na forálacha maidir le suíomh scairshealbhóirí in athstruchtúrú a chur chun feidhme.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Déanfar na bacainní ar chreidmheas trasteorann a sholáthar do FBManna a laghdú sa rogha thosaíochta. Chuirfeadh athstruchtúrú éifeachtúil ar chumas FBManna atá ina gcreidiúnaithe níos mó a théarnamh ná mar a dhéanfaidís dá mbeadh an féichiúnaí dócmhainneach. Is í an chúis atá leis sin go mbíonn na rátaí téarnaimh níos airde de ghnáth nuair a cheadaíonn an creat dócmhainneachta agus athstruchtúraithe luath-athstruchtúrú éifeachtúil a dhéanamh ar ghnólachtaí inmharthana agus réiteach tapa i dtaca le gnólachtaí nach bhfuil inmharthana. Mar fhéichiúnaithe, beidh teacht ag FBManna ar uirlisí réamhrabhaidh agus mar thoradh air sin ba cheart go ndéanfaí níos mó den athstruchtúrú a chomhdú go luath. Bainfidh FBManna go háirithe tairbhe freisin as samhlacha de phleananna athstruchtúraithe arna bhforbairt go náisiúnta mar go bhfágfaidís sin go mbeadh sé níos éasca d'fhéichiúnaithe dréachtphleananna athstruchtúraithe a dhréachtú leis an eolas iomchuí. Trí chreat athstruchtúraithe níos solúbtha agus coinníollacha níos fearr do thús nua tar éis teipe a chur chun cinn, is féidir ráta báis cuideachtaí a laghdú, chomh maith leis na héifeachtaí iarmhartacha diúltacha a bhíonn ag dócmhainneachtaí gaolmhara sa slabhra soláthair. Cuidíonn coinníollacha urscaoilte níos éasca i gcomhair fiontraithe le rátaí breithe níos airde i gcomhair cuideachtaí.

Ach éifeachtúlacht na nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte a fheabhsú agus go háirithe na nósanna imeachta dócmhainneachta go léir a dhigitiú, cuideofar le fad na nósanna imeachta a ghiorrú agus cuirfear feabhas ar a gcuid éifeachtúlachta, rud a chiallódh go mbeadh costais níos ísle ag baint le hathstruchtúrú agus go mbeadh rátaí téarnaimh níos airde ag creidiúnaithe.

Cearta bunúsacha

Saoirse chun gnó a sheoladh agus an ceart a bheith páirteach i bhfostaíocht shochrach (Airteagal 16 agus Airteagal 15 den Chairt um Chearta Bunúsacha): tá na cearta sin ráthaithe. Féadfaidh féichiúnaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu leanúint orthu ag feidhmiú le linn idirbheartaíocht athstruchtúraithe agus smacht iomlán nó smacht páirteach ar a laghad a bheith acu ar a gcuid sócmhainní agus ar a gcuid gnóthaí. D’fhéadfadh fiontraithe a bhfuil rófhéichiúnas acu tosú an athuair tar éis urscaoileadh iomlán fiachais.

An ceart chun maoine agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 17 agus Airteagal 47 den Chairt): cé go bhféadfadh tionchar a bheith ag codanna áirithe den nós imeachta ar na cearta sin, tá siad riachtanach agus comhréireach chun gur féidir pleananna athstruchtúraithe atá ábalta inmharthanacht féichiúnaithe a athbhunú go tapa. Cuireadh coimircí iomchuí san áireamh i ngach cás chun a áirithiú go ndéanfaí leasanna dlisteanacha na bpáirtithe a chosaint ar mhí-úsáid.

Ceart oibrithe chun faisnéise agus comhairliúcháin (Airteagal 27 den Chairt): beidh tionchar dearfach ag na bearta atá beartaithe orthu sin ó tharla go bhfuil an togra gan dochar do reachtaíocht an Aontais atá ann cheana sa réimse sin agus, ina theannta sin, tugann siad an ceart d'oibrithe dá ndéanann sé difear vótáil ar phleananna athstruchtúraithe.

Ceart chun comhargántaíochta agus chun gníomhaíochta comhchoitinne (Airteagal 28 den Chairt): tá an togra seo gan dochar do chearta oibrithe agus fostóirí, nó dá gcuid eagraíochtaí faoi seach, chun comhaontuithe comhchoiteanna a idirbheartú agus a chur i gcrích ag na leibhéil iomchuí agus, i gcásanna ina mbíonn coinbhleachtaí leasa, gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh chun a gcuid leasanna a chosaint, lena náirítear gníomhaíocht stailce i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleachtaí ag an togra do bhuiséad AE. Cumhdófar na costais a bhaineann leis an Treoir a chur chun feidhme agus a thrasuí go hiomlán leis an leithdháileadh buiséid ar vótáladh ina fhabhar sa Chlár um Cheartas. Cumhdófar an costas a bhaineann le tuarascáil chur chun feidhme a ullmhú 5 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm na Treorach agus gach 7 mbliana ina dhiaidh sin le leithdháileadh buiséid na nionstraimí sa réimse beartais um Cheartas agus Tomhaltóirí do na blianta atá i gceist.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Éascóidh an Coimisiún cur chun feidhme na Treorach sna Ballstáit:

trí chúnamh trasuite a sholáthar;

trí dhá cheardlann trasuite a eagrú agus bearta stocáirimh eatramhacha;

trí chruinnithe déthaobhacha a eagrú lena náirítear ar éileamh ó Bhallstáit;

trí theimpléid maidir le bearta trasuite náisiúnta a chur in iúl a sholáthar do na Ballstáit.

Tabharfar cuireadh freisin do na Ballstáit bearta cur chun feidhme áirithe a ghlacadh, amhail pointe teagmhála tiomnaithe a thabhairt, na bearta náisiúnta trasuite go léir a chur in iúl agus feasacht a mhúscailt.

Chun faireachán agus cur chun feidhme na rialacha a áirithiú, d'éileofaí sa togra go mbaileodh na Ballstáit sonraí bunaithe ar mhodheolaíocht chaighdeánach, ar tháscairí amhail líon na gcomhdúchán maidir le gach cineál nós imeachta (athstruchtúrú, dócmhainneacht, dara deis), fad na nósanna imeachta, toradh na nósanna imeachta, costais riaracháin na nósanna imeachta, rátaí téarnaimh agus an rath a bhí ar na nósanna imeachta sin. Déanfar na sonraí a bhriseadh síos de réir mhéid agus chineál na bhféichiúnaithe sa chaoi gur féidir éifeachtacht nósanna imeachta na mBallstát a mheas go hoibiachtúil. Tá ceangal ar na Ballstáit sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún go bliantúil.

Déanfar an chéad athbhreithniú ar fheidhmiú na Treorach 5 bliana tar éis di teacht i bhfeidhm agus gach 7 mbliana ina dhiaidh sin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá trí chuid shonracha sa Treoir: creataí um athstruchtúrú coisctheach (Teideal II), dara deis d'fhiontraithe (Teideal III) agus bearta chun éifeachtúlacht athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus dara deis a fheabhsú (Teideal IV). Tá Teidil I, IV agus VI cothrománach maidir lena raon feidhme.

Teideal I Forálacha ginearálta: tá forálacha ann maidir le raon feidhme an chur i bhfeidhm, rationae materiae agus rationae personae, roinnt sainmhínithe agus foráil maidir le hinfhaighteacht uirlisí réamhrabhaidh i gcomhair féichiúnaithe, bídís ina ndaoine dlítheanacha nó ina ndaoine nádúrtha atá rannpháirteach i gceird, i ngnó nó i ngníomhaíocht ghairmiúil (fiontraithe).

Cé go bhfuil na forálacha i dTeideal III teoranta d'fhiontraithe, tá sé sonraithe go sainráite ann go bhféadfaidh na Ballstáit na forálacha sin a shíneadh chuig na daoine nádúrtha go léir chun a áirithiú go gcaitear go comhsheasmhach le fiachas pearsanta. Go deimhin, ní dhéanann roinnt de na Ballstáit aon idirdhealú idir fiachais phearsanta a tabhaíodh tar éis gníomhaíocht ghnó agus iad siúd a tabhaíodh lasmuigh de ghníomhaíocht den sórt sin. Ní thugann dada sa Treoir seo le tuiscint gur cheart idirdhealú den sórt sin a dhéanamh nó go bhfuil sé iomchuí. Tugtar cuireadh do na Ballstáit leis an Treoir na prionsabail chéanna maidir le dara deis a chur i bhfeidhm i leith na ndaoine nádúrtha go léir.

Teideal II Creataí um athstruchtúrú coisctheach: cuirtear gnéithe coiteanna, bunúsacha maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach i bhfeidhm anseo chun rochtain éifeachtach a thabhairt d’fhéichiúnaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu, bídís ina ndaoine dlítheanacha nó ina ndaoine nádúrtha, ar nósanna imeachta a éascaíonn luath-idirbheartaíocht i dtaca le pleananna athstruchtúraithe, glacadh ag creidiúnaithe agus deimhniú féideartha ag údarás breithiúnach nó riaracháin.

Airteagal 4: féadfaidh nós imeachta nó beart amháin nó níos mó a bheith i gcreataí um athstruchtúrú coisctheach ar choinníoll gur féidir le féichiúnaí na gnéithe ar fad atá liostaithe iontu a chur le chéile chun plean athstruchtúraithe a idirbheartú agus a ghlacadh go héifeachtach.

Airteagal 5: ba cheart an féichiúnaí a fhágáil i seilbh a chuid sócmhainní agus a chuid gnóthaí. D'fhéadfadh ról a bheith ag eadránaithe nó ag maoirseoirí (cleachtóirí i réimse an athstruchtúraithe), ach níor cheart d’údarás breithiúnach nó riaracháin cleachtóirí den sórt sin a cheapadh i ngach cás.

Airteagal 6 agus Airteagal 7: tugtar cead sna hAirteagail seo idirbheartaíocht a dhéanamh agus creidiúnaithe dobhogtha a chur ó dhoras agus leagtar síos gur cheart teacht a bheith ag féichiúnaí ar bhac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair. Tugtar aghaidh ar an imní go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an mbac ar chreidiúnaithe i bhforálacha maidir le fad an bhaic, na coinníollacha a bhaineann lena athnuachan agus na coinníollacha chun an bac a chur i leataobh. Tá éilimh neamhíoctha oibrithe díolmhaithe ón mbac a mhéid agus nach bhforálann na Ballstáit maidir le cosaint iomchuí ar bhealaí eile. Níor cheart ach oiread an féichiúnaí a bheith faoi oibleagáid nó faoi bhagairt go dtosófaí nósanna imeachta dócmhainneachta de shórt eile, go háirithe nósanna imeachta leachtaithe, ar feadh tréimhse an bhaic, ionas gur féidir leis fanacht i mbun gnó. Ba cheart freisin go bhféadfadh sé brath ar chomhlíonadh conarthaí le soláthraithe agus le creidiúnaithe eile ar bhonn leanúnach ar choinníoll go gcomhlíonann sé a chuid oibleagáidí faoi chonarthaí den sórt sin.

Airteagal 8: foráiltear ann go náireofar faisnéis shainordaitheach íosta i bpleananna athstruchtúraithe. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis shainordaitheach sa bhreis a éileamh ar choinníoll nach gcuireann sé sin ualach díréireach ar fhéichiúnaithe. Ba cheart do na Ballstáit samhlacha de phleananna athstruchtúraithe ar líne a fhorbairt chomh maith le faisnéis phraiticiúil faoin gcaoi ar féidir le moltóir plean samhlacha den sórt sin a úsáid.

Airteagal 9: foráiltear ann maidir le glacadh pleananna athstruchtúraithe ag creidiúnaithe dá ndéantar difear nó ag aicmí creidiúnaithe dá ndéantar difear. Nuair atá creidiúnaithe a bhfuil leasanna éagsúla acu i gceist, ba cheart caitheamh leosan freisin in aicmí ar leithligh. Ar a laghad ar bith, ba cheart caitheamh le creidiúnaithe urraithe ar leithligh ó chreidiúnaithe neamhurraithe. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil freisin go gcaithfear le hoibrithe in aicme ar leithligh ó chreidiúnaithe eile.

Airteagal 10: liostaítear ann cásanna ina bhfuil sé riachtanach deimhniú a fháil ó údarás breithiúnach nó riaracháin i gcomhair plean athstruchtúraithe chun go mbeadh sé ceangailteach agus sonraítear ann na coinníollacha a bhaineann le deimhniú den sórt sin.

Airteagal 11: leagtar síos ann na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh lena áirithiú, i gcás plean athstruchtúraithe nach dtacaíonn na haicmí creidiúnaithe go léir leis, go ndeimhníonn údarás breithiúnach nó riaracháin é.

Airteagal 12: leagtar síos ann an prionsabal nár cheart cead a thabhairt do scairshealbhóirí agus do shealbhóirí cothromais eile bac a chur ar ghlacadh pleananna athstruchtúraithe i gcomhair gnólacht inmharthana, ar choinníoll go bhfuil a leasanna dlisteanacha cosanta.

Airteagal 13: foráiltear ann maidir le rialacha maidir luachála, agus cathain agus conas is gá luacháil a chinneadh chun cosaint chóir a áirithiú do pháirtithe easaontacha.

Airteagal 14: mínítear go soiléir ann na tionchair atá ag pleananna athstruchtúraithe ar pháirtithe dá ndéantar difear agus ar pháirtithe nach ndéantar difear.

Airteagal 15: leagtar síos ann rialacha íosta maidir le hachomhairc mar choimircí chun leasanna dlisteanacha na bpáirtithe a chosaint, agus ag an am céanna áirithítear nach gcuireann coimircí den sórt sin moill ar dheimhniú ná ar chur chun feidhme na bpleananna athstruchtúraithe.

Airteagal 16 agus Airteagal 17: foráiltear iontu maidir le cosaint íosta do mhaoiniú nua atá riachtanach chun plean athstruchtúraithe a chur chun feidhme, do mhaoiniú eatramhach a tabhaíodh lena áirithiú go leanfadh gnólacht ar aghaidh le linn idirbheartaíocht athstruchtúraithe, agus d’idirbhearta eile a cuireadh i gcrích agus a bhfuil dlúthbhaint acu le plean athstruchtúraithe.

Airteagal 18: tá oibleagáid ann go leagfaidh na Ballstáit dualgais shonracha ar stiúrthóirí fiontar atá cóngarach do dhócmhainneacht a thabharfadh dreasú dóibh tabhairt faoi luath-athstruchtúrú nuair atá an gnólacht inmharthana.

Teideal III Dara deis d'fhiontraithe: leagtar síos forálacha íosta ann maidir le hurscaoileadh fiachais i gcomhair fiontraithe a bhfuil rófhéichiúnas acu ar coinníollacha bunúsacha iad chun dara deis a áirithiú d'fhiontraithe. Féadfaidh Ballstáit dul thar an gcosaint íosta sin, trína cheadú go gcaithfí níos fearr fós le fiontraithe, e.g. trí rialacha maidir le rochtain ar mhaoiniú dóibh siúd atá ag tosú an athuair.

Airteagal 19: leagtar síos ann an prionsabal gur cheart rochtain éifeachtach a bheith ag fiontraithe a bhfuil rófhéichiúnas acu ar urscaoileadh iomlán gan méid aisíocaíochta íosta ná céatadán den fhiachas.

Airteagal 20: ba cheart fiontraithe a bheith ábalta buntáiste a bhaint as urscaoileadh iomlán fiachas tar éis trí bliana ar a mhéad agus, níor cheart iachall a bheith orthu iarratas a dhéanamh arís chuig údarás breithiúnas nó riaracháin. Baineann éagsúlacht le túsphointe na tréimhse trí bliana, ag brath ar cé acu an ndéanann an fiontraí íocaíochtaí le creidiúnaithe faoi phlean aisíocaíochta nó an réadú na sócmhainní amháin atá i gceist leis an nós imeachta. Tá teorainneacha le tréimhse gearr urscaoilte san áireamh in Airteagal 22.

Airteagal 21: ba cheart freisin go bhféadfadh fiontraithe atá dícháilithe ar fhorais atá nasctha lena rófhéichiúnas tairbhe a bhaint as orduithe dícháilithe gearra chun dara deis éifeachtach a thairiscint dóibh. Ba cheart feidhm a bheith ag na teorainneacha in Airteagal 22.

Airteagal 22: tugtar corrlach lánroghnach leathan do na Ballstáit ann nuair a bhíonn teorainneacha leis na forálacha maidir le rochtain ar urscaoileadh agus maidir le tréimhsí urscaoilte á leagan síos, ar choinníoll go ndéantar teorainneacha den sórt sin a shonrú go soiléir agus go bhfuil siad riachtanach chun leas ginearálta a chosaint.

Airteagal 23: de bhrí gur minic a bhíonn fiachais phearsanta de chineál gairme agus neamhghairme fite fuaite ina chéile, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh, i gcás inarb infheidhme, comhdhlúthú a dhéanamh ar na nósanna imeachta ar leithligh chun rochtain éifeachtach ar dhara deis d’fhiontraithe a bhaint amach.

Teideal IV Bearta chun éifeachtúlacht na nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte a fheabhsú: tá feidhm aige seo ní hamháin maidir le nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach agus urscaoileadh ach freisin maidir le nósanna imeachta dócmhainneachta.

Airteagal 24: ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil breithiúna agus údaráis inniúla eile oilte i gceart agus speisialaithe i gcúrsaí a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus dara deis.

Airteagal 25: ceanglaítear ar na Ballstáit an oiliúint tosaigh agus oiliúint sa bhreis a chur chun cinn, chomh maith le cóid iompair a bhunú i gcomhair cleachtóirí a bhíonn ag plé leis an athstruchtúrú, dócmhainneacht agus dara deis.

Airteagal 26: tá íoschaighdeáin ann maidir le cleachtóirí a cheapadh, a mhaoirsiú agus a íoc i réimse an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus dara deis.

Airteagal 27: foráiltear ann d’úsáid modhanna cumarsáide leictreonaí i gcomhthéacs an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus dara deis.

Teideal V Faireachán ar nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus dara deis: tá rialacha íosta ann maidir le bailiú sonraí ag na Ballstáit agus maidir le sonraí den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún agus maidir le húsáid teimpléid chaighdeánaithe chun sonraí a chur in iúl.

Teideal VI Forálacha deiridh: rialacha maidir leis an ngaol atá ag an Treoir le hionstraimí eile de chuid an Aontais, maidir le feidhmiú na Treorach a athbhreithniú, maidir le foirmeacha caighdeánacha a ghlacadh, maidir le teacht i bhfeidhm agus le cur i bhfeidhm.



2016/0359 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, dara deis agus bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte a fheabhsú agus lena leasaítear Treroir 2012/30/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53 agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 60 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún, 61  

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is é cuspóir na Treorach seo bacainní ar fheidhmiú saoirsí bunúsacha a bhaint, amhail saorghluaiseacht chaipitil agus saoirse bhunaíochta, ar bacainní iad a eascraíonn as difríochtaí idir dlíthe agus nósanna imeachta náisiúnta um athstruchtúrú coisctheach, dócmhainneacht agus dara deis. Tá sé mar aidhm leis an Treoir seo bacainní den sórt sin a bhaint trína áirithiú go bhfuil rochtain ag fiontair inmharthana a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu ar chreataí éifeachtacha náisiúnta um athstruchtúrú coisctheach a chuireann ar a gcumas leanúint de bheith ag feidhmiú; go mbeidh dara deis ag fiontraithe macánta a bhfuil rófhéichiúnas acu tar éis urscaoileadh iomlán fiachais tar éis tréimhse réasúnta ama; agus go bhfeabhsaítear éifeachtacht na nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte, go háirithe d'fhonn a bhfad a ghiorrú.

(2)Ba cheart go gcuirfeadh athstruchtúrú ar chumas fiontair a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu leanúint i mbun gnó go hiomlán nó go páirteach, trí athrú a chur ar chomhdhéanamh, ar choinníollacha nó ar struchtúr na sócmhainní agus na ndliteanas nó ar a struchtúr caipitil, lena náirítear sócmhainní nó cuid den ghnólacht a dhíol. Thar aon ní eile, ba cheart go gcuirfeadh creataí um athstruchtúrú coisctheach ar chumas na bhfiontar luath-athstruchtúrú a dhéanamh agus a ndócmhainneacht a sheachaint. Ba cheart do na creataí sin uasmhéadú a dhéanamh ar an luach iomlán do chreidiúnaithe, d'úinéirí agus don gheilleagar ina iomláine agus caillteanas post gan ghá agus caillteanas eolais agus scileanna a chosc. Sa bhreis air sin, ba cheart go gcoiscfidís carnadh iasachtaí neamhthuillmheacha. Ba cheart cearta na bpáirtithe ar fad sa phróiseas athstruchtúraithe a chosaint agus ag an am céanna, ba cheart gnólachtaí nach bhfuil aon ionchas go mairfidh siad a leachtú chomh tapa agus is féidir.

(3)Tá difríochtaí idir na Ballstáit maidir le réimse na nósanna imeachta atá ar fáil d'fhéichiúnaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu chun athstruchtúrú a dhéanamh ar a ngnólacht. Tá réimse teoranta de nósanna imeachta ag roinnt de na Ballstáit, rud a chiallaíonn nach féidir le gnólachtaí athstruchtúrú a dhéanamh ach amháin ag céim réasúnta déanach, i gcomhthéacs nósanna imeachta dócmhainneachta. I mBallstáit eile, is féidir athstruchtúrú a dhéanamh ag céim níos luaithe ach níl na nósanna imeachta atá ar fáil chomh héifeachtach agus a d'fhéadfaidís a bheith nó tá siad an-fhoirmiúil, agus, go háirithe, cuirtear teorainn le feidhm a bhaint as próisis lasmuigh den chúirt. Ar an gcuma chéanna, tá éagsúlachtaí idir na Ballstáit maidir leis na rialacha náisiúnta lena dtugtar dara deis d'fhiontraithe, go háirithe maidir leis na fiachais a thabhaigh siad agus iad i mbun gnó a urscaoileadh, i dtaca le fad na tréimhse urscaoilte agus na coinníollacha a bhaineann le hurscaoileadh den sórt sin a dheonú.

(4)I mórán de na Ballstáit, tógann sé breis agus trí bliana ar fhiontraithe atá ina bhféimhigh ach atá macánta a gcuid fiachas a urscaoileadh agus tosú arís as an nua. Mar thoradh ar chreataí dara deis atá neamhéifeachtúil, bíonn ar fhiontraithe athlonnú i ndlínsí eile chun buntáiste a bhaint as tús nua i dtréimhse réasúnta ama, rud a chuireann costais shuntasacha sa bhreis ar a gcuid creidiúnaithe agus ar na féichiúnaithe féin. Cuireann na horduithe fada dícháilithe a ghabhann go minic le nós imeachta as a dtiocfaidh urscaoileadh bacainní ar an tsaoirse gabháil i mbun gníomhaíocht fiontraíochta féinfhostaithe agus í a shaothrú.

(5)Toisc thábhachtach a spreagann rátaí ísle téarnaimh agus a stopann infheisteoirí ó ghnó a dhéanamh i ndlínsí ina bhfuil an baol go dtógfaidh nósanna imeachta rófhada is ea an rófhad ama a thógann nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte i roinnt de na Ballstáit.

(6)Eascraíonn costais bhreise d'infheisteoirí as na difríochtaí sin ar fad nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le deacrachtaí airgeadais a bheith os comhair féichiúnaithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit agus na costais a bhaineann le hathstruchtúrú a dhéanamh ar chuideachtaí a bhfuil bunaíocht, creidiúnaithe nó sócmhainní acu i mBallstáit eile, cás atá an soiléir nuair atá athstruchtúrú á dhéanamh ar ghrúpaí idirnáisiúnta cuideachtaí. Luann mórán infheisteoirí gur neamhchinnteacht maidir le rialacha dócmhainneachta nó an baol a bhaineann le nósanna imeachta dócmhainneachta atá fada agus casta i dtír eile an phríomhchúis atá acu gan infheistíocht a dhéanamh ná dul i mbun caidreamh gnó le contrapháirt lasmuigh dá dtír féin.

(7)Mar thoradh ar na difríochtaí sin, bíonn coinníollacha míchothroma ag baint le rochtain ar chreidmheas agus rátaí téarnaimh atá míchothrom sna Ballstáit. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach do mhargadh aonair dea-fheidhmiúil i gcoitinne agus go háirithe d'fheidhmiú Aontas na Margaí Caipitil go mbeadh comhchuibhiú níos mó i réimse an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus dara deis.

(8)Ba cheart deireadh a chur freisin leis na costais bhreise a bhaineann le measúnú riosca agus le forfheidhmiú trasteorann a bhíonn ar chreidiúnaithe fiontraithe a bhfuil rófhéichiúnas acu agus a athlonnaíonn chuig Ballstát eile chun dara deis a fháil i dtréimhse ama atá i bhfad níos giorra. Chomh maith leis sin, ba cheart na costais bhreise a bhíonn ar fhiontraithe a laghdú a eascraíonn as an ngá atá le hathlonnú chuig Ballstát eile chun tairbhe a bhaint as dara deis. Ina theannta sin, cuireann na bacainní a eascraíonn as orduithe fada dícháilithe atá nasctha le rófhéichiúnas fiontraí fiontraíocht faoi chois.

(9)Níl na bacainní ar fheidhmiú saoirsí bunúsacha teoranta do shuíomhanna trasteorann agus dóibh sin amháin. Ós rud é go bhfuil an margadh aonair ag éirí níos idirnasctha - de bharr saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus oibrithe - agus go bhfuil an ghné dhigiteach den mhargadh ag dul i neart i gcónaí, níl ach fíorbheagán cuideachtaí atá náisiúnta amach is amach má chuirtear na gnéithe ábhartha ar fad san áireamh, amhail an bunachar cliant atá acu, an slabhra soláthair, réimse gníomhaíochtaí agus a mbonn infheisteoirí agus caipitil. D’fhéadfadh dócmhainneachtaí, ar dócmhainneachtaí náisiúnta amháin iad fiú, tionchar a bheith acu ar fheidhmiú an mhargaidh aonair tríd an éifeacht a bhíonn ag dócmhainneachtaí, ar a dtugtar éifeacht an domanó, trínar féidir le dócmhainneacht fiontair tuilleadh dócmhainneachtaí a spreagadh sa slabhra soláthair.

(10)Le Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 62 déileáiltear le ceisteanna dlínse, le haitheantas agus forfheidhmiú, leis an dlí is infheidhme agus comhoibriú i nósanna imeachta dócmhainneachta trasteorann chomh maith leis an idirnasc idir cláir dhócmhainneachta. Cumhdaíonn an Rialachán sin raon feidhme nósanna imeachta coisctheacha a chuireann tarrtháil féichiúnaí atá inmharthana go heacnamaíoch chun cinn chomh maith le nósanna imeachta a thugann dara deis d'fhiontraithe. Mar sin féin, le Rialachán (AE) 215/848 ní théitear i ngleic leis na neamhréitigh idir na nósanna imeachta sin sa dlí náisiúnta. Ina theannta sin, ní bhainfeadh ionstraim a bheadh teoranta do dhócmhainneachtaí trasteorann amháin na bacainní go léir ar shaorghluaiseacht, ná ní bheadh sé indéanta ag infheisteoirí cineál trasteorann nó intíre na ndeacrachtaí airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ag féichiúnaí sa todhchaí a chinneadh roimh ré. Is gá, dá bhrí sin, dul thar ábhair a bhaineann le comhoibriú breithiúnach agus íoschaighdeáin shubstainteacha a bhunú.

(11)Is gá na costais a bhaineann le hathstruchtúrú a laghdú d’fhéichiúnaithe agus do chreidiúnaithe. Dá bhrí sin, ba cheart laghdú a dhéanamh ar na difríochtaí a chuireann isteach ar luath-athstruchtúrú fiontar inmharthana a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu agus ar an bhféidearthacht a bhaineann le dara deis d’fhiontraithe macánta. Ba cheart gurbh fhearrde trédhearcacht, deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht san Aontas dá bharr sin. Chomh maith leis sin, ba cheart go ndéanfadh sé na sochair a uasmhéadú do gach cineál creidiúnaí agus infheisteora agus go spreagfaí infheistíocht trasteorann. Ba cheart go gcuideodh níos mó comhleanúnachais le hathstruchtúrú grúpaí cuideachtaí beag beann ar an áit a bhfuil comhaltaí an ghrúpa suite san Aontas.

(12)Cuidíonn baint na mbacainní ar athstruchtúrú éifeachtach a dhéanamh ar fhiontair inmharthana a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu le híoslaghdú a dhéanamh ar chaillteanas post, ar chaillteanais do chreidiúnaithe sa slabhra soláthair agus caomhnaíonn sé saineolas agus scileanna agus dá réir sin baineann an geilleagar i gcoitinne tairbhe as. Má éascaítear dara deis d'fhiontraithe seachnaítear a neisiamh ón margadh fostaíochta agus cuirtear ar a gcumas gníomhaíochtaí fiontraíochta a atosú, agus ciall cheannaithe acu ón taithí a fuair siad roimhe sin. Ar deireadh, mar thoradh ar fhad na nósanna imeachta athstruchtúraithe a ghiorrú, bheadh na rátaí téarnaimh do chreidiúnaithe níos airde mar nár ghnách tarlú le himeacht ama ach go gcaillfeadh an fiontar níos mó luacha. Thairis sin, de bharr creataí éifeachtacha dócmhainneachta a bheith ann d’fhéadfaí measúnú níos fearr a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le cinntí i dtaca le hiasachtaí a thabhairt agus a fháil, chomh maith le maolú a dhéanamh ar an gcoigeartú i gcás fiontair a bhfuil rófhéichiúnas acu, agus dhéanfaí na costais eacnamaíocha agus shóisialta a bhainfeadh lena bpróiseas díghiarála a íoslaghdú.

(13)Ba cheart go mbainfeadh fiontair bheaga agus mheánmhéide, ach go háirithe, tairbhe as cur chuige níos comhleanúnaí ar leibhéal an Aontais, ó tharla nach bhfuil na hacmhainní riachtanacha acu chun dul i ngleic le costais athstruchtúraithe atá an-ard ná le leas a bhaint as nósanna imeachta níos éifeachtúla i roinnt de na Ballstáit. Go minic, ní bhíonn na hacmhainní ag fiontair bheaga agus mheánmhéide chun comhairle ghairmiúil a cheannach, go háirithe nuair a bhíonn deacrachtaí airgeadais os a gcomhair, agus dá bhrí sin, ba cheart uirlisí réamhrabhaidh a chur i bhfeidhm chun an phráinn a bhaineann le gníomhú a chur ar a súile d'fhéichiúnaithe. Chun cabhrú le fiontair den sórt sin athstruchtúrú a dhéanamh ar chostas íseal, ba cheart samhlacha de phleananna athstruchtúraithe a fhorbairt go náisiúnta agus iad a chur ar fáil ar líne. Ba cheart go bhféadfadh féichiúnaithe iad a úsáid agus iad a chur in oiriúint dá gcuid riachtanas féin agus do shainiúlacht a ngnólachta féin.

(14)Is iomchuí go neisiafaí ó raon feidhme na Treorach seo féichiúnaithe ar gnóthais árachais agus athárachais iad mar a shainmhínítear i bpointe1 agus pointe 4 d'Airteagal 13 de Threroir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 63 , institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 64 , gnólachtaí infheistíochta agus gnóthais chomhinfheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe 2 agus pointe 7 d'Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 575/2013, contrapháirtithe lárnacha mar a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 65 , taisclanna lárnacha urrús mar a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 66 agus institiúidí agus eintitis airgeadais eile atá liostaithe sa chéad fhomhír d'Airteagal 1(1) de Threroir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 67 . Tá siad seo faoi réir socruithe speisialta agus tá cumhachtaí fairsinge idirghabhála ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta.

(15)Baineann imní mhór eacnamaíoch agus shóisialta le rófhéichiúnas tomhaltóirí agus tá dlúthbhaint aige le hiarmharach fiachais a laghdú. Thairis sin, is minic nach féidir idirdhealú soiléir a dhéanamh idir fiachas tomhaltais agus fiachas gnó fiontraí. Ní bheadh réimeas dara deis d’fhiontraithe éifeachtach dá mbeadh ar an bhfiontraí dul trí nósanna imeachta ar leithligh, le coinníollacha rochtana agus tréimhsí urscaoilte éagsúla, chun a chuid fiachas pearsanta gnó agus a chuid fiachas pearsanta nach fiachais ghnó a urscaoileadh. Ar na cúiseanna sin, cé nach bhfuil rialacha ceangailteacha maidir le rófhéichiúnas tomhaltóirí san áireamh sa Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na forálacha maidir le hurscaoileadh a fheidhmiú freisin maidir le tomhaltóirí.

(16)Dá luaithe is féidir leis an bhféichiúnaí a chuid deacrachtaí airgeadais a bhrath agus beart iomchuí a dhéanamh, is amhlaidh is airde an dóchúlacht go seachnóidh sé an dócmhainneacht atá in aicearracht nó, i gcás gnólachta a bhfuil a inmharthanacht lagaithe go buan, is amhlaidh is ordúla agus is éifeachtúla an próiseas leachtaithe. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis shoiléir maidir leis na nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach atá ar fáil chomh maith le huirlisí réamhrabhaidh a chur i bhfeidhm chun féichiúnaithe a thosaíonn ag brath deacrachtaí airgeadais a dhreasú chun beart a dhéanamh go luath. Ba cheart dualgais chuntasaíochta agus faireacháin don fhéichiúnaí nó do bhainistíocht an fhéichiúnaí a áireamh sna sásraí réamhrabhaidh a d'fhéadfadh a bheith i gceist chomh maith le dualgais tuairiscithe faoi chomhaontuithe iasachta. Ina theannta sin, d’fhéadfaí tríú páirtithe a mbeadh faisnéis ábhartha acu amhail cuntasóirí, údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialaí a dhreasú faoin dlí náisiúnta chun forbairt dhiúltach a nótáil nó a chur d'oibleagáid orthu é sin a dhéanamh.

(17)Ba cheart creat athstruchtúraithe a bheith ar fáil d'fhéichiúnaithe chun go mbeadh ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar a gcuid deacrachtaí airgeadais ag an tús, nuair atá an chosúlacht ann go bhféadfaí a ndócmhainneacht a chosc agus go bhféadfaí a chinntiú go leanfaidís i mbun gnó. Ba cheart creat athstruchtúraithe a bheith ar fáil sula dtagann an féichiúnaí chun bheith dócmhainneach de réir an dlí náisiúnta, i.e. sula sásaíonn an féichiúnaí na coinníollacha chun a bheith rannpháirteach i nós imeachta comhchoiteann dócmhainneachta a mbíonn dífheistiú iomlán an fhéichiúnaí agus ceapadh leachtaitheora i gceist leo de ghnáth. Níor cheart, mar sin, tástáil inmharthanachta a bheith mar réamhchoinníoll chun dul i mbun idirbheartaíochta agus chun bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe a cheadú. Ina ionad sin, ba cheart inmharthanacht fiontair a mheas, den chuid is mó, ag creidiúnaithe dá ndéantar difear, a aontaíonn an tromlach acu go ndéanfaí roinnt coigeartaithe ar a gcuid éileamh. Mar sin féin, chun nach mbainfí mí-úsáid as na nósanna imeachta, ba cheart go léireodh deacrachtaí airgeadais an fhéichiúnaí dóchúlacht na dócmhainneachta agus ba cheart don phlean athstruchtúraithe a bheith in ann dócmhainneacht an fhéichiúnaí a chosc agus inmharthanacht an ghnólachta a áirithiú.

(18)Ar mhaithe le héifeachtúlacht a chur chun cinn agus moilleanna agus costais a laghdú, ba cheart nósanna imeachta solúbtha a áireamh sna creataí um athstruchtúrú coisctheach, nach mbeadh na húdaráis bhreithiúnacha nó riaracháin rannpháirteach iontu ach sa mhéid agus go bhfuil sé sin riachtanach agus comhréireach chun cosaint a dhéanamh ar leasanna creidiúnaithe agus páirtithe leasmhara eile ar dócha go ndéanfadh sé difear dóibh. Chun costais neamhriachtanacha a sheachaint agus cineál luath an nós imeachta a léiriú, ba cheart, i bprionsabal, sócmhainní na bhféichiúnuithe agus feidhmiú a ngnólachtaí ó lá go lá a fhágáil faoi smacht na bhféichiúnaithe féin. Níor cheart é a bheith éigeantach i ngach cás go gceapfaí cleachtóir athstruchtúraithe, pé acu eadránaí a thacódh leis an idirbheartaíocht maidir le plean athstruchtúraithe nó cleachtóir dócmhainneachta a dhéanfadh maoirseacht ar ghníomhaíochtaí an fhéichiúnaí a bheadh i gceist, ach go ndéanfaí é ar bhonn gach cáis faoi leith ag brath ar chúinsí an cháis agus ar shainriachtanais an fhéichiúnaí. Thairis sin, ní gá go mbeadh ordú cúirte i gceist chun tús a chur leis an bpróiseas athstruchtúraithe, ar féidir leis a bheith neamhfhoirmiúil, fad agus nach gcuirtear isteach ar chearta tríú páirtithe. Mar sin féin, ba cheart roinnt maoirseachta a áirithiú nuair atá sin riachtanach chun na leasanna dlisteanacha atá ag creidiúnaí amháin nó níos mó nó ag páirtí leasmhar eile a choimirciú. D’fhéadfadh sé sin a bheith i gceist, go háirithe, nuair a cheadaíonn an túdarás breithiúnach nó riaracháin bac ginearálta ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair nó nuair is cosúil go bhfuil sé riachtanach plean athstruchtúraithe a fhorchur ar aicmí creidiúnaithe easaontacha.

(19)Ba cheart go bhféadfadh féichiúnaí bac sealadach ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a iarraidh ar an údarás breithiúnach nó riaracháin agus go gcuirfeadh sé sin an dualgas maidir le hiarratas ar nósanna imeachta dócmhainneachta a chomhdú ar fionraí freisin sa chás go bhféadfadh gníomhaíochtaí den sórt sin tionchar diúltach a bheith acu ar idirbheartaíocht agus cur isteach ar an bhféidearthacht go ndéanfaí athstruchtúrú ar ghnólacht an fhéichiúnaí. D'fhéadfadh an bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe a bheith ginearálta, is é sin le rá go mbainfeadh sé le gach creidiúnaí, é sin nó go mbeadh sé dírithe ar chreidiúnaithe aonair. Chun foráil a dhéanamh maidir le cothromaíocht chóir idir cearta an fhéichiúnaí agus cearta na gcreidiúnaithe, níor cheart an bac a cheadú ach ar feadh tréimhse nach faide ná ceithre mhí. D’fhéadfadh sé go dteastódh níos mó ama, áfach, i gcás athstruchtúrú casta. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gur féidir le húdarás breithiúnach nó riaracháin síneadh a chur leis an tréimhse sin, ar choinníoll go bhfuil fianaise ann go bhfuil an idirbheartaíocht maidir leis an bplean athstruchtúraithe ag dul chun cinn agus nach bhfuil dochar míchuí á dhéanamh do chreidiúnaithe. Má cheadaítear síntí breise, ba cheart an túdarás breithiúnach nó riaracháin a bheith sásta go bhfuil seans maith ann go nglacfar plean athstruchtúraithe. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar aon iarratas maidir le síneadh a chur le fad tosaigh an bhaic laistigh de spriocdháta réasúnta chun gur féidir leis na húdaráis bhreithiúnacha nó riaracháin cinneadh a sholáthar in am tráth. Sa chás nach ndéanann údarás breithiúnach nó riaracháin cinneadh maidir le síneadh a chur le bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe sula dtéann an bac i léig, ba cheart go scoirfeadh an bac d'éifeachtaí a bheith leis an lá a dtéann tréimhse an bhaic as feidhm. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart teorainn dhá mhí dhéag a bheith le tréimhse iomlán an bhaic.

(20)Lena áirithiú nach ndéantar díobháil do na creidiúnaithe, níor cheart an bac a cheadú nó, má cheadaítear é, níor cheart síneadh a chur leis nó ba cheart é a chur i leataobh má tá dochar míchuí á dhéanamh do chreidiúnaithe ag an mbac sin ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe. Chun a dheimhniú an bhfuil dochar míchuí á dhéanamh do chreidiúnaithe nó nach bhfuil, féadfaidh údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin a chur san áireamh an ndéanfadh an bac luach foriomlán an eastáit a chaomhnú, an bhfuil an féichiúnaí ag gníomhú de mheon mímhacánta nó go bhfuil sé mar aidhm aige dochar a dhéanamh nó an ngníomhaíonn sé go ginearálta in aghaidh ionchais dhlisteanacha na gcreidiúnaithe i gcoitinne. Dhéanfadh an bac dochar míchuí do chreidiúnaí aonair nó d’aicme creidiúnaithe, mar shampla, dá mbeadh a néilimh níos measa as go mór de dheasca an bac a cheadú ná mar a bheidís mura gceadófaí an bac, nó dá gcuirfí an creidiúnaí faoi mhíbhuntáiste níos mó ná creidiúnaithe eile atá sa staid chéanna.

(21)Níor cheart a cheadú ach oiread do chreidiúnaithe a bhfuil feidhm ag an mbac maidir leo comhlíonadh conarthaí le comhlíonadh a choinneáil siar, ná iad a fhoirceannadh, a luathú nó a mhodhnú ar bhealach ar bith eile le linn thréimhse an bhaic, ar choinníoll go leanann an féichiúnaí de bheith ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí reatha faoi chonarthaí den sórt sin. Chuirfeadh foirceannadh luath cumas an ghnólachta leanúint ag feidhmiú le linn idirbheartaíocht athstruchtúraithe i mbaol, go háirithe nuair a bhaineann sé le conarthaí i gcomhair soláthairtí bunriachtantacha amhail gás, leictreachas, uisce, teileachumarsáid agus seirbhísí íocaíochta cárta. Mar sin féin, chun leasanna dlisteanacha creidiúnaithe a chosaint agus chun a áirithiú go ndéanfar a laghad cur isteach agus is féidir ar oibríocht na gcreidiúnaithe sa slabhra soláthair, níor cheart feidhm a bheith ag an mbac ach amháin maidir le héilimh a tháinig chun cinn sular ceadaíodh an bac. Chun athstruchtúrú rathúil a bhaint amach, ba cheart don fhéichiúnaí na héilimh atá ag creidiúnaithe nó atá ag dul do chreidiúnaithe nach ndéanann an bac difear dóibh a íoc sa ghnáthchúrsa gnó chomh maith leis na héilimh atá ag creidiúnaithe a ndéanann an bac difear dóibh a thagann chun cinn tar éis don bhac a bheith ceadaithe.

(22)Nuair a ghlacann féichiúnaí páirt i nós imeachta dócmhainneachta, d'fhéadfadh cearta conarthacha a bheith ag roinnt soláthraithe a thugann cead dóibh an conradh soláthair a fhoirceannadh mar gheall ar an dócmhainneacht amháin (ar a dtugtar clásail ipso facto). D’fhéadfadh an rud céanna a bheith fíor nuair a dhéanann an féichiúnaí iarratas ar bhearta um athstruchtúrú coisctheach. I gcás ina ndéantar clásail den sórt sin a ghairm nuair nach bhfuil an féichiúnaí ach ag idirbheartú plean athstruchtúraithe nó nuair nach bhfuil á dhéanamh aige ach bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe a iarraidh, nó i dtaca le haon imeacht a bhaineann leis an mbac, d'fhéadfadh luathfhoirceannadh tionchar diúltach a bheith aige ar ghnólacht an fhéichiúnaí agus ar tharrtháil rathúil an ghnólachta. Dá bhrí sin, nuair a cheadaíonn údarás breithiúnach nó riaracháin an bac, tá sé riachtanach nach gceadófaí do chreidiúnaithe a bhfuil feidhm ag an mbac maidir leo clásail ipso facto a ghairm a thagraíonn d'idirbheartaíocht maidir le plean athstruchtúraithe nó do bhac nó d'aon imeacht den sórt sin a bhfuil baint aige leis an mbac.

(23)Ba cheart a bheith de cheart ag creidiúnaithe cur i gcoinne an bhaic nuair a bhíonn sé ceadaithe ag údarás breithiúnach nó riaracháin. Nuair nach bhfuil gá a thuilleadh leis an mbac d'fhonn plean athstruchtúraithe a ghlacadh, mar shampla, de bhrí go bhfuil sé soiléir go bhfuil easpa tacaíochta don athstruchtúrú ó thromlach de na creidiúnaithe mar a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta, ba cheart freisin go bhféadfadh creidiúnaithe a iarraidh go gcuirfí an bac i leataobh.

(24)Ba cheart a bheith de cheart ag aon chreidiúnaithe dá ndéanann an plean athstruchtúraithe difear agus ag sealbhóirí cothromais, nuair a cheadaítear é sin faoin dlí náisiúnta, vótáil ar ghlacadh plean athstruchtúraithe. Níor cheart aon cheart vótála i dtaca leis an bplean a bheith ag páirtithe nach ndéanann an plean athstruchtúraithe difear dóibh, ná níor cheart a dtacaíocht a bheith riachtanach chun aon phlean a fhaomhadh. Is féidir an vótáil a dhéanamh trí phróiseas vótála foirmiúil nó trí chomhairliúchán agus comhaontú leis an tromlach is gá de na páirtithe dá ndéantar difear. Mar sin féin, nuair a bhíonn an vótáil i bhfoirm chomhairliúcháin agus chomhaontaithe, ba cheart deis a thabhairt, ina ainneoin sin, do pháirtithe nach raibh a gcomhaontú riachtanach, a bheith páirteach sa phlean athstruchtúraithe.

(25)Chun a áirithiú go gcaitear go cothrom le cearta atá comhchosúil go substaintiúil agus gur féidir pleananna athstruchtúraithe a ghlacadh gan dochar míchothrom a dhéanamh do chearta na bpáirtithe dá ndéantar difear, ba cheart caitheamh leis na páirtithe dá ndéantar difear in aicmí ar leithligh a léiríonn na critéir um fhoirmiú aicmí faoin dlí náisiúnta. Ba cheart, ar a laghad, caitheamh le creidiúnaithe urraithe agus le creidiúnaithe neamhurraithe in aicmí faoi leith. Féadfar a fhoráil leis an dlí náisiúnta gur féidir éilimh urraithe a roinnt ina néilimh urraithe agus ina néilimh neamhurraithe, bunaithe ar luacháil na comhthaobhachta. Chomh maith leis sin, féadfar rialacha sonracha a ordú leis an dlí náisiúnta a thacaíonn le foirmiú aicmí i gcás ina rachadh foirmiú aicmí den sórt sin chun tairbhe do chreidiúnaithe neamhéagsúlaithe nó do chreidiúnaithe a bheadh an-leochaileach seachas sin, amhail oibrithe agus soláthraithe beaga. Ba cheart a áirithiú leis na dlíthe náisiúnta ar aon nós go gcaithfí go leordhóthanach le hábhair atá tábhachtach, go háirithe ar mhaithe le foirmiú aicmí, amhail éilimh ó pháirtithe nasctha, agus ba cheart rialacha a bheith iontu a théann i ngleic le héilimh theagmhasacha agus le héilimh a chonspóidtear. Ba cheart don údarás breithiúnach nó riaracháin foirmiú aicmí a scrúdú nuair a chuirtear isteach plean athstruchtúraithe lena dheimhniú, ach d'fhéadfadh na Ballstáit a ordú gur féidir le húdaráis den sórt sin scrúdú a dhéanamh freisin ar fhoirmiú aicmí ag céim níos luaithe dá niarrfadh moltóir an phlean bailíochtú nó treoir roimh ré.

(26)Ba cheart tromlaigh riachtanacha a bhunú leis an dlí náisiúnta chun a áirithiú nach féidir le mionlach de pháirtithe dá ndéantar difear i ngach aicme bac a chur ar ghlacadh plean athstruchtúraithe nach laghdaíonn a gcearta agus a leasanna go míchothrom. Mura mbeadh rialú tromlaigh ina cheangal ar chreidiúnaithe easaontacha urraithe, ní fhéadfaí luath-athstruchtúrú a dhéanamh i mórán cásanna, mar shampla, i gcás ina bhfuil athstruchtúrú airgeadais riachtanach ach go bhfuil an gnólacht inmharthana seachas sin. Chun a áirithiú go bhfuil tionchar ag páirtithe ar ghlacadh pleananna athstruchtúraithe i gcomhréir leis na leasanna atá acu sa ghnólacht, ba cheart an tromlach is gá a bheith bunaithe ar mhéid éilimh na gcreidiúnaithe nó ar leasanna na sealbhóirí cothromais in aon aicme faoi leith.

(27)Is féidir a áirithiú le tástáil 'leas na gcreidiúnaithe' nach bhfuil aon chreidiúnaí easaontach níos measa as faoin bplean athstruchtúraithe ná mar a bheidís i gcás leachtaithe, pé acu leachtú ina phíosaí a bheadh i gceist nó an gnólacht a dhíol mar ghnóthas leantach. Ba cheart an tástáil a fheidhmiú ar aon nós i gcás inar gá plean a dheimhniú chun go mbeadh sé ina cheangal ar chreidiúnaithe easaontacha, nó, de réir mar is iomchuí, ar aicmí de chreidiúnaithe easaontacha.

(28)Cé gur cheart a mheas i gcónaí go bhfuil plean athstruchtúraithe glactha má thacaíonn an tromlach is gá i ngach aicme dá ndéantar difear leis an bplean, féadfaidh údarás breithiúnach nó riaracháin plean nach dtacaíonn an tromlach is gá i ngach aicme dá ndéanann sé difear leis a dheimhniú fós, ar choinníoll go dtacaíonn ar a laghad ceann amháin de na haicmí creidiúnaithe dá ndéantar difear leis agus nach ndéantar dochar míchothrom do na haicmí easaontacha faoin bplean atá molta (an sásra um athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí). Go háirithe, ba cheart an plean a bheith i gcomhréir le riail na dearbhthosaíochta, a áirithíonn go níoctar aicme easaontach creidiúnaithe go hiomlán sular féidir le haicme níos sóisearaí aon dáileadh a fháil ná aon leas a choinneáil faoin bplean athstruchtúraithe. Feidhmíonn riail na dearbhthosaíochta mar bhunús leis an luach atá le dáileadh i measc na gcreidiúnaithe san athstruchtúrú. Mar atoradh ar riail na dearbhthosaíochta, ní féidir le haicme creidiúnaithe ar bith luachanna eacnamaíocha nó buntáistí atá níos mó ná méid iomlán na néileamh nó na leasanna atá ag aicme den sórt sin a fháil ná a choinneáil faoin bplean athstruchtúraithe. De bharr riail na dearbhthosaíochta, is féidir an leithdháileadh luacha a gheobhaidh páirtithe faoin bplean athstruchtúraithe a chinneadh, nuair a chuirtear i gcomparáid le struchtúr caipitil an fhiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh air é, ar bhonn luach an fhiontair mar ghnóthas leantach.

(29)Cé gur cheart leasanna dlisteanacha na scairshealbhóirí agus na sealbhóirí cothromais eile a chosaint, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach féidir le scairshealbhóirí bac míréasúnta a chur ar ghlacadh pleananna athstruchtúraithe a dhéanfadh an féichiúnaí inmharthana arís. Mar shampla, níor cheart glacadh plean athstruchtúraithe a bheith ag brath ar chomhaontú na sealbhóirí cothromais atá as an airgead, is é sin sealbhóirí cothromais nach bhfaigheadh aon íocaíocht ná aon chomaoin eile dá gcuirfí an gnáthrangú ar thosaíochtaí leachtaithe i bhfeidhm nuair a dhéanfaí luacháil ar an bhfiontar. Is féidir leis na Ballstáit bealaí éagsúla a úsáid chun an sprioc sin a bhaint amach, mar shampla, gan ceart vótála ar phlean athstruchtúraithe a thabhairt do shealbhóirí cothromais. Mar sin féin, i gcás ina mbíonn sé de cheart ag sealbhóirí cothromais vótáil ar phlean athstruchtúraithe, ba cheart d’údarás breithiúnach nó riaracháin a bheith in ann an plean a dheimhniú ainneoin easaontas ceann amháin nó níos mó de na haicmí de shealbhóirí cothromais, trí shásra um athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí. D'fhéadfadh gá a bheith le haicmí breise de shealbhóirí cothromais nuair is ann d’aicmí éagsúla scairshealbh a bhfuil cearta éagsúla ag gabháil leo. D’fhéadfadh sé, i gcás sealbhóirí cothromais i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide, nach infheisteoirí amháin iad ach gurb iad úinéirí an ghnólachta iad agus go gcuireann siad leis an ngnólacht ar bhealaí eile amhail saineolas bainistíochta, d’fhéadfadh sé nach mbeidís dreasaithe chun athstruchtúrú a dhéanamh faoi choinníollacha den sórt sin. Ar an gcúis sin, ba cheart an sásra um athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí a bheith roghnach do mholtóir an phlean.

(30)Tá sé riachtanach go ndeimhneodh údarás breithiúnach nó riaracháin an plean athstruchtúraithe chun a áirithiú go bhfuil an laghdú ar chearta creidiúnaithe agus ar leasanna sealbhóirí cothromais comhréireach le buntáistí an athstruchtúraithe agus go bhfuil rochtain acu ar leigheas éifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart don údarás breithiúnach nó riaracháin plean a dhiúltú i gcás ina bhfuil sé deimhnithe go laghdaíonn an tathstruchtúrú a bhfuiltear ag tabhairt faoi cearta na gcreidiúnaithe easaontacha nó na sealbhóirí cothromais faoin méid a d'fhéadfaidís a bheith ag súil leis le réasún dá ndéanfaí gnólacht an fhéichiúnaí a leachtú, trí leachtú i bpíosaí nó trína dhíol mar ghnóthas leantach, ag brath ar imthosca faoi leith gach féichiúnaí. Mar sin féin, nuair a dhéantar an plean a dheimhniú trí shásra um athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí, ba cheart riail na dearbhthosaíochta a chur i bhfeidhm agus tagairt á déanamh do luacháil an fhiontair, a fhéachann ar luach ghnólacht an fhéichiúnaí san fhadtéarma, seachas luacháil leachtaithe an fhiontair mar ghnóthas leantach. De ghnáth, bíonn luacháil an fhiontair níos airde ná an luacháil leachtaithe mar ghnóthas leantach mar go gcuirtear san áireamh inti go leanann an gnólacht dá chuid gníomhaíochta agus dá chuid conarthaí leis an gcur isteach is lú is féidir, go bhfuil muinín na gcreidiúnaithe airgeadais, na scairshealbhóirí agus na gcliant aige, go leanann sé de bheith ag giniúint ioncaim agus go ndéanann sé an tionchar ar oibrithe a theorannú.

(31)Is minic a d'fhéadfadh rath plean athstruchtúraithe a bheith ag brath ar an gcéad dul síos ar acmhainní airgeadais a bheith ann chun tacú le feidhmiú an ghnólachta le linn idirbheartaíocht athstruchtúraithe agus ar an dara dul síos ar chur chun feidhme an phlean athstruchtúraithe tar éis dó a bheith deimhnithe. Dá bhrí sin, ba cheart maoiniú nua nó maoiniú eatramhach a bheith díolmhaithe ó ghníomhaíochtaí seachanta a fhéachann lena dhearbhú go bhfuil maoiniú den sórt sin ar neamhní, in-neamhnithe nó do-infheidhmithe mar ghníomh atá díobhálach do na creidiúnaithe i gcoitinne i gcomhthéacs nósanna imeachta dócmhainneachta ina dhiaidh sin. Na dlíthe náisiúnta dócmhainneachta lena bhforáiltear do ghníomhaíochtaí seachanta má thagann nó nuair a thagann an féichiúnaí chun a bheith dócmhainneach ar deireadh nó lena nordaítear go bhféadfaidh iasachtóirí nua pionóis shibhialta, riaracháin nó choiriúla a thabhú as ucht creidmheas a chur ar fáil d'fhéichiúnaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu, cuireann siad infhaighteacht an mhaoinithe atá riachtanach chun plean athstruchtúraithe a idirbheartú agus a chur chun feidhme go rathúil i mbaol. I gcodarsnacht le maoiniú nua, ar cheart é a bheith deimhnithe ag údarás breithiúnach nó riaracháin mar chuid de phlean athstruchtúraithe, nuair a chuirtear maoiniú eatramhach ar fáil, ní bhíonn a fhios ag na páirtithe an ndéanfar an plean a dheimhniú ar deireadh nó nach ndéanfar. Dhéanfaí soláthar an mhaoinithe eatramhaigh a dhíspreagadh dá ndéanfaí an chosaint ar mhaoiniú eatramhach a theorannú do chásanna ina bhfuil an plean glactha ag creidiúnaithe nó deimhnithe ag údarás breithiúnach nó riaracháin. Chun mí-úsáid fhéideartha a sheachaint, níor cheart cosaint a thabhairt ach amháin do mhaoiniú atá riachtanach go réasúnta agus láithreach chun go leanfadh gnólacht an fhéichiúnaí ag feidhmiú nó go mairfeadh sé, nó chun go ndéanfaí luach an ghnólachta sin a chaomhnú nó a fheabhsú go dtí go ndeimhneofar an plean. Is ráthaíochtaí íosta iad an chosaint ar ghníomhaíochtaí seachanta agus an chosaint ar dhliteanas pearsanta a thugtar do mhaoiniú eatramhach agus do mhaoiniú nua. Mar sin féin, má táthar chun iasachtóirí nua a spreagadh chun glacadh leis an riosca breise a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i bhféichiúnaí inmharthana a bhfuil deacrachtaí airgeadais aige, d'fhéadfadh dreasachtaí breise a bheith riachtanach, amhail, mar shampla, tosaíocht a thabhairt do mhaoiniú den sórt sin thar éilimh neamhurraithe ar a laghad i nósanna imeachta dócmhainneachta ina dhiaidh sin.

(32)Ba cheart go bhféadfadh na páirtithe leasmhara dá ndéantar difear achomharc in aghaidh cinneadh maidir le deimhniú plean athstruchtúraithe. Mar sin féin, chun éifeachtacht an phlean a áirithiú, chun neamhchinnteacht agus moilleanna dochosanta a laghdú, níor cheart éifeachtaí fionraíochta a bheith ag achomhairc maidir le cur chun feidhme plean athstruchtúraithe. I gcás ina ndeimhnítear gur fhulaing creidiúnaithe mionlaigh díobháil dhochosanta faoin bplean, ba cheart do na Ballstáit, mar mhalairt ar an bplean a chur i leataobh, smaoineamh ar chúiteamh airgid a chur ar fáil do na creidiúnaithe easaontacha faoi seach, a bheadh iníoctha ag an bhféichiúnaí nó ag na creidiúnaithe a vótáil ar son an phlean.

(33)Chun cultúr ina dtéitear i muinín luath-athstruchtúrú coisctheach a chur chun cinn, is inmhianaithe go dtabharfaí cosaint freisin d'idirbhearta a gabhadh de láimh de mheon macánta agus a bhfuil dlúthbhaint acu le glacadh nó cur chun feidhme plean athstruchtúraithe in aghaidh gníomhaíochtaí seachanta i nósanna imeachta dócmhainneachta ina dhiaidh sin. Ar na hidirbhearta atá in oirchill agus a bhfuil dlúthbhaint acu le plean athstruchtúraithe tá, mar shampla, díol fochuideachta chun airgead a fháil a theastaíonn ón bhfiontar a bhfuil deacrachtaí airgeadais aige chun leanúint ag feidhmiú le linn idirbheartaíocht athstruchtúraithe. D'fhéadfadh idirbhearta ar mhaithe le téarmaí an phlean athstruchtúraithe a chur chun cinn nó idirbhearta a bhfuil dlúthbhaint acu leis na téarmaí sin tarlú nuair a gheallann an féichiúnaí na scaireanna i bhfochuideachta chun iasacht nua a fháil atá san áireamh sa phlean nó nuair a dhéanann sé babhtáil fiachais ar chothromas a bhí beartaithe sa phlean. Ba cheart go bhfeabhsódh cosaint den sórt sin deimhneacht maidir le hidirbhearta le gnólachtaí a thuigtear a bheith i dtrioblóid agus chuirfeadh sé deireadh leis an bhfaitíos a bhíonn ar chreidiúnaithe agus ar infheisteoirí go bhféadfaí a dhearbhú go bhfuil na hidirbhearta go léir den sórt sin ar neamhní i gcás ina dteipfeadh ar an athstruchtúrú.

(34)Ba cheart cosaint iomlán a bheith le fáil ag oibrithe faoin dlí saothair le linn do na nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach a bheith ar siúl. Go háirithe, tá an Treoir seo gan dochar do chearta oibrithe atá ráthaithe le Treroir 98/59/CE ón gComhairle 68 , Treroir 2001/23/CE ón gComhairle 69 , Treroir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 70 , Treroir 2008/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 71 agus Treroir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 72 . Fanann na hoibleagáidí maidir le faisnéis a thabhairt d’oibrithe agus comhairliúchán le hoibrithe faoin dlí náisiúnta lena gcuirtear an Treoracha a luaitear thuas chun feidhme slán go hiomlán. Cumhdaíonn sé sin oibleagáidí a bhaineann leis an gcinneadh dul i muinín creat um athstruchtúrú coisctheach a chur in iúl d'ionadaithe na noibrithe agus dul i gcomhairle leo faoin gcinneadh i gcomhréir le Treroir 2002/14/CE. I bhfianaise an riachtanais leibhéal cosanta iomchuí a áirithiú d'oibrithe, ba cheart do na Ballstáit, i bprionsabal, éilimh oibrithe neamhíoctha a dhíolmhú ó aon bhac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe, mar a shainmhínítear i dTreroir 2008/94/CE, beag beann ar na héilimh sin a bheith tagtha chun cinn sula gceadaítear an bac nó ina dhiaidh sin. Níor cheart bac den sórt sin a cheadú ach amháin do na méideanna agus don tréimhse a bhfuil íoc éileamh den sórt sin ráthaithe go héifeachtach ar bhealaí eile faoin dlí náisiúnta. I gcás ina ndéanann Ballstáit cumhdach na ráthaíochta a bhaineann le héilimh neamhíoctha oibrithe a íoc arna bhunú le Treroir 2008/94/CE a shíneadh chuig nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach arna mbunú leis an Treoir seo, níl údar a thuilleadh le héilimh oibrithe a bheith díolmhaithe ón mbac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe a mhéid atá siad cumhdaithe ag an ráthaíocht sin. I gcás ina bhfuil teorainneacha le dliteanas institiúidí ráthaíochta faoin dlí náisiúnta, i dtaca le fad na ráthaíochta nó leis an méid a íoctar le hoibrithe, ba cheart d’oibrithe a bheith in ann a gcuid éileamh maidir le haon easnamh a fhorfheidhmiú i gcoinne an fhostóra, fiú le linn na tréimhse ina bhfuil bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe.

(35)I gcás ina mbíonn aistriú cuid de ghnóthas nó de ghnólacht i gceist i bplean athstruchtúraithe, ba cheart cearta oibrithe a eascraíonn as conradh fostaíochta nó as caidreamh fostaíochta, lena náirítear go háirithe an ceart chun pá a fháil, ba cheart na cearta sin a choimirciú i gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4 de Threroir 2001/23/CE, gan dochar do na rialacha sonracha a bhfuil feidhm leo i gcás imeachtaí dócmhainneachta faoi Airteagal 5 den Treoir sin agus go háirithe na féidearthachtaí a cheadaítear faoi Airteagal 5(2) den Treoir sin. Ina theannta sin, sa bhreis ar na cearta i dtaca le faisnéis a thabhairt agus comhairliúchán a fháil agus gan dochar dó na cearta sin, lena náirítear maidir le cinntí ar dócha go mbeidh athruithe substaintiúla ar eagrú oibre nó ar chaidreamh conarthach mar thoradh orthu d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le cinntí den sórt sin, ar cearta iad a ráthaítear le Treroir 2002/14/CE, ba cheart, faoin Treoir seo, é a bheith de cheart ag oibrithe a ndéanann an plean athstruchtúraithe difear dóibh vótáil ar an bplean. Ar mhaithe le vótáil ar an bplean athstruchtúraithe, féadfaidh Ballstáit a chinneadh go gcuirfidh siad oibrithe in aicme ar leithligh ó aicmí eile creidiúnaithe.

(36)Chun athstruchtúrú coisctheach a chur chun cinn tuilleadh, tá sé tábhachtach a áirithiú nach ndíspreagtar stiúrthóirí sa dóigh agus nach bhfeidhmeoidís breithiúnas réasúnta gnó nó nach nglacfaidís rioscaí réasúnta tráchtála, go háirithe nuair ba mhó an dóchúlacht go bhféadfaí gnólachtaí a d'fhéadfadh a bheith inmharthana a athstruchtúrú dá ndéanfaidís na nithe sin. Nuair a bhíonn deacrachtaí airgeadais ag an bhfiontar, ba cheart do na stiúrthóirí céimeanna a ghlacadh amhail comhairle ghairmiúil a lorg, lena náirítear comhairle maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht, trí úsáid a bhaint as uirlisí réamhrabhaidh, cuir i gcás, más infheidhme; sócmhainní na cuideachta a chosaint d'fhonn luach a uasmhéadú agus caillteanas príomhshócmhainní a sheachaint; struchtúr agus feidhmeanna an ghnólachta a mheas chun inmharthanacht a scrúdú agus caiteachas a laghdú; gan ceangal a chur ar an gcuideachta maidir leis na cineálacha idirbhirt a d'fhéadfadh a bheith faoi réir seachanta mura bhfuil údar gnó iomchuí leis sin; leanúint de bheith ag trádáil nuair is iomchuí sin a dhéanamh chun an luach mar ghnóthas leantach a uasmhéadú; dul i mbun idirbheartaíochta le creidiúnaithe agus páirt a ghlacadh i nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach. Nuair atá an féichiúnaí cóngarach do dhócmhainneacht, tá sé tábhachtach freisin leasanna dlisteanacha na gcreidiúnaithe a chosaint ar chinntí bainistíochta a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chomhdhéanamh eastát an fhéichiúnaí, go háirithe dá mbeadh sé d'éifeacht ag na cinntí sin luach an eastáit a bheadh ar fáil i gcomhair iarrachtaí athstruchtúraithe nó le dáileadh ar chreidiúnaithe a laghdú tuilleadh. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach i gcásanna den sórt sin go seachnódh stiúrthóirí aon ghníomhaíochtaí a dhéanfaí in aon turas nó a mbeadh mórfhaillí ag baint leo agus a mbeadh gnóthachan pearsanta mar thoradh orthu a bheadh chun aimhleas na bpáirtithe leasmhara, aontú le hidirbhearta faoina luach, nó gníomhaíochtaí a dhéanamh a chuirfeadh páirtí leasmhar amháin nó níos mó chun tosaigh ar pháirtithe leasmhara eile ar bhealach atá míchothrom. Chun críocha na Treorach seo, ba cheart gur daoine iad stiúrthóirí a bheadh freagrach as cinntí a dhéanamh a bhaineann le bainistíocht na cuideachta.

(37)D'fhéadfadh féidearthachtaí éagsúla sna Ballstáit i dtaca le dara deis fiontraithe a bhfuil rófhéichiúnas acu a dhreasú chun athlonnú chuig Ballstáit d'fhonn buntáiste a bhaint as tréimhsí urscaoilte níos giorra nó as coinníollacha níos tarraingtí i gcomhair urscaoilte, agus bíonn sin ina chúis le neamhchinnteacht dhlíthiúil agus costais bhreise ar chreidiúnaithe agus a néilimh á dtéarnamh acu. Ina theannta sin, is dídhreasachtaí tábhachtacha iad éifeachtaí na féimheachta d’fhiontraithe atá ag iarraidh gnólacht a bhunú nó dara deis a bheith acu, go háirithe an smál sóisialta, na hiarmhairtí dlíthiúla amhail fiontraithe a dhícháiliú ó ghabháil do ghníomhaíocht fiontraíochta agus an ghníomhaíocht sin a shaothrú agus an neamhábaltacht leanúnach fiachais a ghlanadh, fiú má léiríonn fianaise gur dóchúla go mbeidh fiontraithe a bhí ina bhféimhigh rathúil an dara huair. Ba cheart céimeanna a ghlacadh, dá bhrí sin, chun éifeachtaí diúltacha an rófhéichiúnais agus na féimheachta ar fhiontraithe a laghdú, go háirithe trí urscaoileadh iomlán fiachas thar thréimhse áirithe ama a cheadú agus trí fhad orduithe dícháilithe a eisítear i ndáil le rófhéichiúnas an fhéichiúnaí a theorannú.

(38)Ní bhíonn urscaoileadh iomlán ná deireadh a chur le dícháiliú tar éis tréimhse gearr ama iomchuí i ngach cás, mar shampla i gcásanna ina bhfuil an féichiúnaí mímhacánta nó inar ghníomhaigh sé de mheon mímhacánta. Ba cheart do na Ballstáit treoir shoiléir a chur ar fáil d'údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin maidir le conas macántacht fiontraí a mheas. Mar shampla, nuair a bhítear ag deimhniú an bhfuil féichiúnaí mímhacánta nó nach bhfuil, féadfaidh údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin imthosca mar chineál agus fairsinge na bhfiachas, nuair a tabhaíodh iad, na hiarrachtaí atá déanta ag an bhféichiúnaí na fiachais a ghlanadh agus oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, lena náirítear ceanglais maidir le ceadúnú poiblí agus leabharchoimeád ceart, agus gníomhaíochtaí a rinne sé chun cúlárach creidiúnaithe a bhac. D'fhéadfadh orduithe dícháilithe seasamh níos faide nó ar feadh tréimhse gan teorainn i gcás ina bhfuil gairmeacha áirithe á gcleachtadh ag an bhfiontraí a mheastar a bheith íogair sna Ballstáit nó i gcás inar ciontaíodh an fiontraí i dtaca le gníomhaíochtaí coiriúla. I gcásanna den sórt sin, d'fhéadfadh fiontraithe tairbhe a bhaint as urscaoileadh fiachais, ach go mbeidís dícháilithe fós ó ghairm faoi leith a chleachtadh ar feadh tréimhse níos faide nó ar feadh tréimhse gan teorainn.

(39)Is gá trédhearcacht agus intuarthacht na nósanna imeachta a choinneáil agus a fheabhsú maidir le torthaí a sholáthar atá fabhrach do chaomhnú gnólachtaí agus chun dara deis a thabhairt d'fhiontraithe nó a cheadaíonn leachtú éifeachtúil a dhéanamh ar fhiontair nach bhfuil inmharthana. Is gá freisin fad iomarcach na nósanna imeachta dócmhainneachta i mórán de na Ballstáit a laghdú, a mbíonn neamhchinnteacht dhlíthiúil i gcomhair creidiúnaithe agus infheisteoirí agus rátaí téarnaimh atá íseal mar thoradh orthu. Ar deireadh, i bhfianaise na sásraí feabhsaithe maidir le comhoibriú idir cúirteanna agus cleachtóirí i gcásanna trasteorann, arna mbunú le Rialachán (AE) 2015/848, is gá gairmiúlacht na ngníomhaithe ar fad atá i gceist a thabhairt go dtí na leibhéil arda chéanna ar fud an Aontais. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil oiliúint cheart ar chomhaltaí na gcomhlachtaí breithiúnacha agus riaracháin go léir agus go bhfuil eolas agus taithí speisialaithe acu maidir le cúrsaí dócmhainneachta. De bharr speisialtóireacht den chineál sin a bheith ann i measc breithiúna ba cheart go bhféadfaí cinntí, a bhféadfadh tionchair shuntasacha shóisialta agus eacnamaíocha a bheith acu, a dhéanamh laistigh de tréimhse ghearr ama agus níor cheart go bhfágfaí go mbeadh ar bhreithiúna déileáil go heisiach le cúrsaí a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus dara deis. Mar shampla, d'fhéadfadh cruthú cúirteanna nó dlísheomraí speisialaithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a rialaíonn eagrú an chórais bhreithiúnaigh a bheith ina bhealach éifeachtúil chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(40)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil oiliúint cheart ar na cleachtóirí a cheapann údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin i réimse an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus dara deis agus go ndéantar maoirseacht orthu agus iad i mbun a gcuid tascanna, go ndéantar iad a cheapadh ar bhealach trédhearcach agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le nósanna imeachta éifeachtúla a áirithiú agus go ndéanfaidh siad a gcuid tascanna a chomhlíonadh go macánta. Ba cheart freisin do chleachtóirí cloí le cóid iompair dheonacha a bhfuil sé mar aidhm acu a áirithiú go bhfuil leibhéal cáilíochta agus oiliúna iomchuí ag cleachtóirí, go bhfuil na dualgais atá orthu agus na rialacha a bhaineann lena luach saothair trédhearcach, go nglactar le cumhdach ó árachas slánaíochta gairmiúla agus go mbunaítear sásraí maoirseachta agus rialála inar cheart réimeas atá iomchuí agus éifeachtach a áireamh chun pionós a ghearradh orthu siúd ar theip orthu ina gcuid dualgas. Féadfar caighdeáin den sórt sin a bhaint amach gan gá i bprionsabal a bheith le gairmeacha nó cáilíochtaí nua a chruthú.

(41)Chun fad na nósanna imeachta a ghiorrú tuilleadh agus ag an am céanna rannpháirtíocht níos fearr ó chreidiúnaithe i dtaca le nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte a áirithiú agus chun coinníollacha comhchosúla a áirithiú do chreidiúnaithe, beag beann ar an áit a bhfuil siad lonnaithe san Aontas, ba cheart do na Ballstáit modhanna cumarsáide ó chian a chur i bhfeidhm i nósanna imeachta cúirte. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfaí céimeanna a bhaineann le nósanna imeachta, amhail éilimh chreidiúnaithe a chomhdú, na fógraí a sheolann an féichiúnaí nó na cleachtóirí i réimse an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus dara deis, vótáil ar phlean athstruchtúraithe nó achomhairc a thaisceadh, a ghlacadh go leictreonach. Ba cheart an taitheantas trasteorann do chumarsáid den sórt sin a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 73 .

(42)Tá sé tábhachtach sonraí iontaofa a bhailiú maidir le feidhmiú nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus dara deis d'fhonn faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm na Treorach seo. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit sonraí a bhailiú agus a chomhiomlánú atá sách gráinneach chun gur féidir measúnú cruinn a dhéanamh ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an Treoir de réir cleachtais.

(43)Braitheann cobhsaíocht na margaí airgeadais go mór ar shocruithe comhthaobhachta airgeadais, go háirithe, nuair a thugtar comhthaobhacht urrúis i dtaca le rannpháirtíocht i gcórais ainmnithe nó in oibríochtaí bainc ceannais agus nuair a chuirtear corrlaigh ar fáil do chontrapháirtithe lárnacha (CPLanna). Ó tharla gur féidir le luach na nionstraimí airgeadais a thugtar mar urrús a bheith luaineach, tá sé ríthábhachtach a luach a réadú go tapa sula dtiteann sé. Dá bhrí sin, ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do Threroir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 74 , Treroir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 75 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 76 .

(44)Níor cheart rialacha dhlí na gcuideachtaí éifeachtacht an phróisis a bhaineann le glacadh agus cur chun feidhme an phlean athstruchtúraithe a chur i mbaol. Dá bhrí sin, níor cheart iachall a bheith ar na Ballstáit maolú ar na ceanglais a leagtar síos le Treroir 2012/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 77 i dtaca leis na hoibleagáidí atá orthu cruinniú ginearálta a thionól agus na scaireanna a thairiscint do na scairshealbhóirí reatha ar bhonn réamhghabhálach, sa mhéid agus ar feadh na tréimhse is gá lena áirithiú nach gcuireann scairshealbhóirí bac ar iarrachtaí athstruchtúraithe trí mhí-úsáid a bhaint as na cearta atá acu faoi Threroir 2012/30/AE. Níor cheart a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit maolú ar rialacha dhlí na gcuideachtaí, go hiomlán nó ar feadh tréimhse theoranta, más féidir leo a áirithiú nach gcuirfidh na ceanglais maidir le dlí na gcuideachtaí éifeachtacht an phróisis athstruchtúraithe i mbaol nó má tá uirlisí eile ag na Ballstáit atá chomh héifeachtach céanna a áirithíonn nach gcoisceann scairshealbhóirí, go míréasúnta, plean athstruchtúraithe, a dhéanfadh an gnó inmharthana arís, a ghlacadh nó a chur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit tábhacht faoi leith a leagan ar éifeachtacht na bhforálacha a bhaineann le bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe agus deimhniú an phlean athstruchtúraithe, ar forálacha iad nár cheart a bheith lagaithe ag glaonna ar chruinnithe ginearálta scairshealbhóirí nó ar thorthaí na gcruinnithe sin. Dá bhrí sin, ba cheart Treroir 2012/30/CE a leasú dá réir.

(45)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 78 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(46)Maidir le bunú na foirme um shonraí a chur in iúl agus aon athruithe a dhéanamh uirthi ina dhiaidh sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 79 .

(47)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí beartaithe an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach ina naonar mar go leanfaí de bheith ag cur bacainní ar shaorghluaiseacht chaipitil agus ar shaoirse bhunaíochta mar gheall ar na difríochtaí idir creataí athstruchtúraithe agus dócmhainneachta náisiúnta, ach gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir le:

(a)nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach i gcomhair féichiúnaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu nuair is ann do dhóchúlacht dócmhainneachta;

(b)nósanna imeachta as a dtiocfaidh urscaoileadh fiachas a thabhaigh fiontraithe a bhfuil rófhéichiúnas acu agus a cheadóidh dóibh dul i mbun gníomhaíocht nua;

(c)bearta chun éifeachtúlacht na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) chomh maith le héifeachtúlacht nósanna imeachta dócmhainneachta a fheabhsú.

2.Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhaineann le féichiúnaithe den chineál seo a leanas:

(a)féichiúnaithe ar gnóthais árachais agus athárachais iad mar a shainmhínítear i bpointe 1 agus pointe 4 d'Airteagal 13 de Threroir 2009/138/CE;

(b)féichiúnaithe ar institiúidí creidmheasa iad mar a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 575/2013;

(c)féichiúnaithe ar gnólachtaí infheistíochta agus gnóthais chomhinfheistíochta iad mar a shainmhínítear i bpointe 2 agus pointe 7 d'Airteagal 4(1) de Rialachán 575/2013;

(d)féichiúnaithe ar contrapháirtithe lárnacha iad mar a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 648/2012;

(e)féichiúnaithe ar taisclanna lárnacha urrús iad mar a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 909/2014;

(f)féichiúnaithe ar institiúidí agus eintitis airgeadais eile iad atá liostaithe sa chéad fhomhír d'Airteagal 1(1) de Threroir 2014/59/AE;

(g)féichiúnaithe ar daoine nádúrtha iad nach bhfuil ina bhfiontraithe.

3.Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a shíneadh chuig daoine nádúrtha a bhfuil rófhéichiúnas acu agus nach fiontraithe iad.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn 'nós imeachta dócmhainneachta' nós imeachta comhchoiteann dócmhainneachta a bhfuil dífheistiú páirteach nó iomlán an fhéichiúnaí agus ceapadh leachtaitheora i gceist leis;

(2)ciallaíonn 'athstruchtúrú' athrú a dhéanamh ar chomhdhéanamh, ar choinníollacha, nó ar struchtúr shócmhainní agus dhliteanais an fhéichiúnaí nó ar aon chuid eile de struchtúr caipitil an fhéichiúnaí, lena náirítear scairchaipiteal, nó teaglaim de na gnéithe sin, lena náirítear sócmhainní nó cuid den ghnólacht a dhíol, d’fhonn é a chur ar chumas an fhiontair leanúint ar aghaidh ina iomláine nó go páirteach;

(3)ciallaíonn 'páirtithe a ndéantar difear dóibh' creidiúnaithe nó aicmí creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme faoin dlí náisiúnta, sealbhóirí cothromais a ndéantar difear dá gcuid éileamh nó dá gcuid leasanna faoi phlean athstruchtúraithe;

(4)ciallaíonn 'bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair' an ceart atá ag creidiúnaí éileamh in aghaidh féichiúnaí a fhorfheidhmiú a chur ar fionraí go sealadach, arna ordú ag údarás breithiúnach nó riaracháin.

(5)ciallaíonn 'conarthaí le comhlíonadh' conarthaí idir an féichiúnaí agus ceann amháin nó níos mó de na creidiúnaithe, faoina bhfuil oibleagáidí le comhlíonadh fós ag an dá thaobh tráth a nordaítear an bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair;

(6)ciallaíonn 'foirmiú aicmí' creidiúnaithe agus sealbhóirí cothromais a ndéantar difear dóibh a ghrúpáil i bplean athstruchtúraithe ar bhealach a léiríonn cearta agus sinsearacht na néileamh agus na leasanna a ndéantar difear dóibh, agus teidlíochtaí, liain nó comhaontuithe féideartha a bhí ann roimhe sin idir creidiúnaithe á gcur san áireamh, agus mar a chaitear leo faoin bplean athstruchtúraithe; 

(7)ciallaíonn 'athchóiriú éigeantach fiachais i leith creidiúnaithe easaontacha' deimhniú plean athstruchtúraithe a dhéanann údarás breithiúnach nó riaracháin, ar plean é a bhfuil tacaíocht aige ó thromlach creidiúnaithe de réir luacha nó ó thromlach de réir luacha i ngach aon aicme creidiúnaithe thar easaontas mhionlach na gcreidiúnaithe nó thar easaontas mhionlach na gcreidiúnaithe laistigh de gach aicme;

(8)ciallaíonn 'athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí' deimhniú plean athstruchtúraithe a dhéanann údarás breithiúnach nó riaracháin thar easaontas aicme amháin nó roinnt aicmí creidiúnaithe dá ndéanann sé difear;

(9)ciallaíonn 'tástáil leas na gcreidiúnaithe' nach mbeadh aon chreidiúnaí easaontach níos measa as faoin bplean athstruchtúraithe ná mar a bheidís i gcás leachtaithe, pé acu leachtú ina phíosaí a bheadh i gceist nó díol mar ghnóthas leantach;

(10)ciallaíonn 'riail na dearbhthosaíochta' nach mór aicme easaontach creidiúnaithe a shásamh go hiomlán sular féidir le haicme níos sóisearaí aon dáileadh a fháil nó aon leas a choinneáil faoin bplean athstruchtúraithe;

(11)ciallaíonn 'maoiniú nua' aon chistí nua, pé acu creidiúnaí atá ann cheana féin nó creidiúnaí nua a sholáthraíonn iad, atá riachtanach chun plean athstruchtúraithe a chur chun feidhme agus atá comhaontaithe sa phlean athstruchtúraithe sin agus deimhnithe ag údarás breithiúnach nó riaracháin ina dhiaidh sin;

(12)ciallaíonn 'maoiniú eatramhach' aon chistí pé acu creidiúnaí atá ann cheana féin nó creidiúnaí nua a sholáthraíonn iad, atá riachtanach go réasúnta agus láithreach chun go leanfadh gnólacht an fhéichiúnaí ag feidhmiú nó go mairfeadh sé, nó chun go ndéanfaí luach an ghnólachta sin a chaomhnú nó a fheabhsú go dtí go ndeimhneofar an plean athstruchtúraithe; 

(13)ciallaíonn 'fiontraí a bhfuil rófhéichiúnas aige' duine nádúrtha a chleachtann ceird, gnó, ceardaíocht nó gairm agus nach bhfuil ábalta fiachais a íoc, seachas go sealadach, de réir mar a bhíonn siad dlite;

(14)ciallaíonn 'urscaoileadh iomlán fiachais' fiachas neamhíoctha a chur ar ceal tar éis nós imeachta a chuimsíonn réadú sócmhainní agus/nó plean aisíocaíochta/glanta;

(15)ciallaíonn 'cleachtóir i réimse an athstruchtúraithe' duine nó comhlacht arna cheapadh ag údarás breithiúnach nó riaracháin chun ceann amháin nó níos mó de na tascanna seo a leanas a dhéanamh:

(a)cuidiú leis an bhféichiúnaí nó leis na féichiúnaithe chun plean athstruchtúraithe a dhréachtú nó a idirbheartú;

(b)maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht an fhéichiúnaí le linn na hidirbheartaíochta maidir le plean athstruchtúraithe agus tuairisciú d’údarás breithiúnach nó riaracháin;

(c)smacht páirteach a ghlacadh ar shócmhainní nó ar ghnóthaí an fhéichiúnaí le linn na hidirbheartaíochta.

Airteagal 3

Réamhrabhadh

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil teacht ag féichiúnaithe agus ag fiontraithe ar uirlisí réamhrabhaidh a bhfuil ar a gcumas forbairt a léiríonn go bhfuil gnó ag dul in olcas a bhrath agus fógra a thabhairt don fhéichiúnaí nó don fhiontraí gur gá gníomhú ar bhonn práinne.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil teacht ag féichiúnaithe agus ag fiontraithe ar fhaisnéis atá cothrom le dáta, soiléir, beacht agus áisiúil don úsáideoir faoi infhaighteacht uirlisí réamhrabhaidh agus aon mhodhanna atá ar fáil dóibh chun athstruchtúrú a dhéanamh ag céim luath nó urscaoileadh fiachas pearsanta a fháil.

3.Féadfaidh na Ballstáit an rochtain dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2 a theorannú d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide nó d'fhiontraithe.

TEIDEAL II

Creataí um athstruchtúrú coisctheach

Caibidil 1

Infhaighteacht creataí um athstruchtúrú coisctheach

Airteagal 4

Infhaighteacht creataí um athstruchtúrú coisctheach

1.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil dóchúlacht dócmhainneachta ann, go mbeidh teacht ag féichiúnaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu ar chreat éifeachtach um athstruchtúrú coisctheach a chuireann ar a gcumas athstruchtúrú a dhéanamh ar a gcuid fiachas nó ar a ngnólacht, a bheith inmharthana arís agus dócmhainneacht a sheachaint.

2.Féadfaidh nós imeachta nó beart amháin nó níos mó ná sin a bheith i gcreataí um athstruchtúrú coisctheach.

3.Cuirfidh na Ballstáit forálacha i bhfeidhm a chuireann teorainn le rannpháirtíocht údaráis bhreithiúnaigh nó riaracháin le nach mbeidh siad rannpháirteach ach amháin i gcás ina bhfuil sé sin riachtanach agus comhréireach chun cearta aon pháirtithe dá ndéanann sé difear a choimirciú.

4.Beidh creataí um athstruchtúrú coisctheach ar fáil ar iarratas ó fhéichiúnaithe, nó ó chreidiúnaithe le comhaontú na bhféichiúnaithe.

Caibidil 2

Idirbheartaíocht maidir le pleananna um athstruchtúrú coisctheach a éascú

Airteagal 5

Féichiúnaí i seilbh

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh smacht iomlán nó ar a laghad smacht páirteach fós ag féichiúnaithe a bhfuil rochtain acu ar nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach ar a gcuid sócmhainní agus ar fheidhmiú a ngnólachta ó lá go lá.

2.Ní bheidh ceapadh cleachtóra i réimse an athstruchtúraithe ag údarás breithiúnach nó riaracháin éigeantach i ngach cás.

3.Féadfaidh na Ballstáit ceapadh cleachtóra i réimse an athstruchtúraithe a éileamh sna cásanna seo a leanas:

(a)nuair a cheadaítear bac ginearálta ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair d’fhéichiúnaí i gcomhréir le hAirteagal 6;

(b)nuair is gá go ndeimhneodh údarás breithiúnach nó riaracháin an plean athstruchtúraithe trí athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí, i gcomhréir le hAirteagal 11.

Airteagal 6

Bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh féichiúnaithe atá ag idirbheartú plean athstruchtúraithe lena gcuid creidiúnaithe tairbhe a bhaint as bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair má tá bac den sórt sin riachtanach agus a mhéid atá bac den sórt sin riachtanach chun tacú leis an idirbheartaíocht maidir le plean athstruchtúraithe.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a ordú maidir le gach cineál creidiúnaí, lena náirítear creidiúnaithe urraithe agus creidiúnaithe tosaíochta. Féadfaidh an bac a bheith ginearálta, ag cumhdach na gcreidiúnaithe go léir, nó teoranta, ag cumhdach creidiúnaí aonair amháin nó níos mó, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

3.Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le héilimh neamhíoctha oibrithe ach amháin má áirithíonn agus sa mhéid agus a áirithíonn na Ballstáit ar bhealaí eile go bhfuil íoc na néileamh sin ráthaithe ag leibhéal cosanta atá ar a laghad coibhéiseach leis an leibhéal cosanta a bhforáiltear dó faoin dlí náisiúnta ábhartha lena dtrasuitear Treroir 2008/94/CE.

4.Déanfaidh na Ballstáit fad an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a theorannú d'uastréimhse ceithre mhí ar a mhéad.

5.Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin a chumasú chun síneadh a chur le fad tosaigh an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair, nó bac nua ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a cheadú, ar iarratas ón bhféichiúnaí nó ó chreidiúnaithe. Ní cheadófar síneadh den sórt sin ná tréimhse nua maidir le bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair ach amháin má tá fianaise ann:

(a)go ndearnadh dul chun cinn ábhartha san idirbheartaíocht maidir leis an bplean athstruchtúraithe; agus

(b)nach ndéanann an bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair dochar míchothrom do chearta ná do leasanna aon pháirtithe dá ndéantar difear.

6.Ní thabharfar aon síntí breise ach amháin má shásaítear na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 5 agus go dtaispeánann dálaí an cháis go bhfuil dóchúlacht láidir ann go nglacfar plean athstruchtúraithe.

7.Ní rachaidh fad iomlán an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair, lena náirítear sínte agus athnuachaintí, thar dhá mhí dhéag.

8.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin an bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a chur i leataobh, go hiomlán nó go páirteach:

(a)más léir nach dtacaíonn cuid de na creidiúnaithe, a d’fhéadfadh glacadh an phlean athstruchtúraithe a bhac faoin dlí náisiúnta, le leanúint den idirbheartaíocht; nó

(b)ar iarratas ón bhféichiúnaí nó ó chleachtóir i réimse an athstruchtúraithe.

9.Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a dhéanann nó nuair a dhéanfadh bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair dochar míchothrom do chreidiúnaí aonair nó d'aicme amháin creidiúnaithe, go bhféadfaidh an túdarás breithiúnach nó riaracháin cinneadh gan an bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a cheadú nó go bhféadfaidh sé bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a ceadaíodh cheana féin maidir leis an gcreidiúnaí sin nó leis an aicme creidiúnaithe sin a chur i leataobh, ar iarratas ó na creidiúnaithe lena mbaineann.

Airteagal 7

Iarmhairtí an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair

1.I gcás ina dtagann an oibleagáid atá ar an bhféichiúnaí iarratas ar dhócmhainneacht a chomhdú faoin dlí náisiúnta chun cinn le linn thréimhse an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair, cuirfear an oibleagáid sin ar fionraí ar feadh thréimhse an bhaic.

2.Coiscfidh bac ginearálta faoina gcumhdaítear na creidiúnaithe go léir tosú nósanna imeachta dócmhainneachta ar iarratas ó chreidiúnaí amháin nó níos mó.

3.Féadfaidh na Ballstáit maolú ar mhír 1 nuair a éiríonn an féichiúnaí neamhleachtach agus nach bhfuil ar a chumas, dá bhrí sin, a chuid fiachas a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite le linn thréimhse an bhaic. Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar nósanna imeachta a fhoirceannadh sa ghnáthchúrsa agus, nuair a scrúdaíonn údarás breithiúnach nó riaracháin na hionchais a bhaineann le plean athstruchtúraithe rathúil a chomhaontú laistigh de thréimhse an bhaic, féadfaidh an túdarás cinneadh go gcuirfidh sé siar tús an nós imeachta dócmhainneachta agus go gcoinneoidh sé tairbhe an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair i bhfeidhm.

4.Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh creidiúnaithe lena mbaineann an bac, le linn thréimhse an bhaic, comhlíonadh conarthaí a choinneáil siar, ná conarthaí le comhlíonadh a fhoirceannadh, a luathú nó a mhodhnú ar bealach ar bith eile a bheadh chun aimhleas an fhéichiúnaí i dtaca le fiachais ar tháinig ann dóibh roimh an mbac. Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm na forála sin a theorannú do chonarthaí bunriachtanacha atá riachtanach chun go leanfadh an gnólacht ar aghaidh ag feidhmiú ó lá go lá.

5.Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh creidiúnaithe comhlíonadh conarthaí a choinneáil siar, ná conarthaí le comhlíonadh a fhoirceannadh, a luathú nó a mhodhnú ar bealach ar bith eile a bheadh chun aimhleas an fhéichiúnaí de bhua clásal conarthach lena bhforáiltear do bhearta den sórt sin, de bharr iontráil an fhéichiúnaí in idirbheartaíocht athstruchtúraithe, iarratas ar bhac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair, ordú an bhaic ann féin nó aon imeacht comhchosúil a bhaineann leis an mbac, agus dá mbarr amháin.

6.Áiritheoidh na Ballstáit nach gcoiscfidh rud ar bith an féichiúnaí ar éilimh creidiúnaithe nó éilimh atá dlite do chreidiúnaithe nach ndéantar difear dóibh agus éilimh creidiúnaithe a ndéantar difear dóibh a íoc sa ghnáthchúrsa gnó, ar éilimh iad a thagann chun cinn tar éis don bhac a bheith ceadaithe agus a leanann de bheith ag teacht chun cinn le linn thréimhse an bhaic.

7.Ní éileoidh na Ballstáit go ndéanfaidh féichiúnaithe iarratas ar nósanna imeachta dócmhainneachta a chomhdú má théann tréimhse an bhaic as feidhm gan teacht ar chomhaontú maidir le plean athstruchtúraithe, ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha eile i gcomhair iarratas a chomhdú atá leagtha síos sa dlí náisiúnta.

Caibidil 3

Pleananna athstruchtúraithe

Airteagal 8

Ábhar na bpleananna athstruchtúraithe

1.Éileoidh na Ballstáit go mbeidh an méid seo a leanas ar a laghad sna pleananna athstruchtúraithe a chuirtear faoi bhráid údarás breithiúnach nó riaracháin lena ndeimhniú:

(a)céannacht an fhéichiúnaí nó céannacht ghnólacht an fhéichiúnaí a bhfuil an plean athstruchtúraithe á mholadh ina leith;

(b)luacháil ar luach reatha an fhéichiúnaí nó ar luach reatha ghnólacht an fhéichiúnaí chomh maith le ráiteas réasúnaithe ar na cúiseanna atá le deacrachtaí airgeadais an fhéichiúnaí agus ar a bhfairsinge;

(c)céannacht na bpáirtithe dá ndéantar difear, pé acu an ainmnítear ina naonar iad nó trí thagairt d'aicme amháin fiachais nó níos mó, chomh maith leis na héilimh nó na leasanna atá acu atá cumhdaithe ag an bplean athstruchtúraithe;

(d)na haicmí a ndearnadh na páirtithe dá ndéantar difear a ghrúpáil iontu ar mhaithe le glacadh an phlean, chomh maith leis an réasúnaíocht a bhain leis sin a dhéanamh agus faisnéis faoi luachanna creidiúnaithe agus faoi na comhaltaí i ngach aicme faoi seach;

(e)céannacht na bpáirtithe nach ndéantar difear dóibh, pé acu an ainmnítear iad ina naonar nó trí thagairt d'aicme amháin fiachais nó níos mó, chomh maith le ráiteas de na cúiseanna nach bhfuil sé beartaithe go ndéanfar difear dóibh;

(f)téarmaí an phlean, lena náirítear, ach nach bhfuil teoranta dóibh seo a leanas:

(i)an fad atá beartaithe dó;

(ii)aon togra lena ndéantar fiachais a athsceidealú nó a tharscaoileadh nó a chomhshó ina gcineálacha eile oibleagáide;

(iii)aon mhaoiniú nua a bhfuiltear ag súil leis mar chuid den phlean athstruchtúraithe;

(g)tuairim nó ráiteas réasúnaithe ón duine atá freagrach as an bplean athstruchtúraithe a mholadh a mhíníonn an chúis a bhfuil an gnólacht inmharthana, conas a bheidh sé mar thoradh ar chur chun feidhme an phlean atá beartaithe gur dócha go seachnóidh an féichiúnaí dócmhainneacht agus go ndéanfar a inmharthanacht fhadtréimhseach a aischur, agus go luaitear ann aon réamhchoinníollacha ionchais atá riachtanach chun go mbeadh rath air.

2.Cuirfidh na Ballstáit samhail i gcomhair pleananna athstruchtúraithe ar fáil ar líne. Beidh an fhaisnéis a éilítear faoin dlí náisiúnta ar a laghad sa tsamhail sin agus cuirfear faisnéis atá ginearálta ach praiticiúil ar fáil inti maidir leis an gcaoi a bhfuil an tsamhail le húsáid. Cuirfear an tsamhail ar fáil i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit. Déanfaidh na Ballstáit iarracht an tsamhail a chur ar fáil i dteangacha eile, go háirithe i dteangacha a úsáidtear sa ghnó idirnáisiúnta. Déanfar í a dhearadh ar bhealach ina bhféadfar í a oiriúnú do na riachtanais agus do na dálaí a bhaineann le gach cás.

3.Beidh sé de rogha ag na páirtithe an tsamhail don phlean athstruchtúraithe a úsáid nó gan í a úsáid.

Airteagal 9

Glacadh pleananna athstruchtúraithe

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ceart vótála ar ghlacadh plean athstruchtúraithe ag aon chreidiúnaithe dá ndéantar difear. Féadfaidh na Ballstáit cearta vótála den sórt sin a thabhairt do shealbhóirí cothromais dá ndéantar difear, i gcomhréir le hAirteagal 12(2).

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcaitear le páirtithe dá ndéantar difear in aicmí ar leithligh a léiríonn na critéir um fhoirmiú aicmí. Déanfar aicmí a fhoirmiú sa chaoi go mbeidh éilimh agus leasanna i ngach aicme le cearta atá sách cosúil lena chéile go mbeadh údar maith le go measfaí gur grúpa aonchineálach iad comhaltaí na haicme a bhfuil leas chomhchoiteann acu. Ar a laghad ar bith, caithfear le héilimh urraithe agus neamhurraithe in aicmí ar leithligh chun críocha plean athstruchtúraithe a ghlacadh. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil freisin go gcaithfear le hoibrithe in aicme ar leithligh dá gcuid féin.

3.Scrúdóidh an túdarás breithiúnach nó riaracháin foirmiú aicmí nuair a dhéantar iarratas a chomhdú i dtaca leis an bplean athstruchtúraithe a dheimhniú.

4.Measfar go bhfuil plean athstruchtúraithe glactha ag páirtithe dá ndéantar difear, ar choinníoll go bhfaightear tromlach i méid a gcuid éileamh agus a gcuid leasanna i ngach aon aicme. Leagfaidh na Ballstáit síos na tromlaigh a éilítear chun plean athstruchtúraithe a ghlacadh, nach mbeidh níos airde ar aon nós ná 75 % de mhéid na néileamh nó na leasanna i ngach aicme.

5.Féadfaidh na Ballstáit a ordú go mbeidh vóta ar ghlacadh plean athstruchtúraithe i bhfoirm chomhairliúcháin agus chomhaontaithe ó thromlach riachtanach de na páirtithe dá ndéantar difear i ngach aicme.

6.I gcás nach sroichtear an tromlach riachtanach i gceann amháin nó níos mó de na haicmí vótála easaontacha, féadfar an plean a dheimhniú fós má chomhlíonann sé na ceanglais um athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí atá leagtha amach in Airteagal 11.

Airteagal 10

Deimhniú pleananna athstruchtúraithe

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na pleananna athstruchtúraithe seo a leanas ina gceangal ar na páirtithe ach amháin má dheimhníonn údarás breithiúnach nó riaracháin iad:

(a)pleananna athstruchtúraithe a bhfuil tionchar acu ar leasanna páirtithe easaontacha dá ndéantar difear;

(b)pleananna athstruchtúraithe lena gcuirtear maoiniú nua ar fáil.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go sonraítear go soiléir na coinníollacha faoinar féidir le húdarás breithiúnach nó riaracháin plean athstruchtúraithe a dheimhniú agus go mbeidh siad seo a leanas ar a laghad san áireamh iontu:

(a)gur glacadh an plean athstruchtúraithe i gcomhréir le hAirteagal 9 agus go ndearnadh é a fhógairt do na creidiúnaithe go léir a bhfuiltear ar an eolas fúthu agus ar dócha go mbeidh tionchar aige orthu;

(b)go gcomhlíonann an plean athstruchtúraithe tástáil leas na gcreidiúnaithe;

(c)go bhfuil aon mhaoiniú nua riachtanach chun an plean athstruchtúraithe a chur chun feidhme agus nach ndéanann sé dochar míchothrom do leasanna creidiúnaithe.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin deimhniú plean athstruchtúraithe a dhiúltú i gcás nach bhfuil ionchas réasúnta sa phlean sin go seachnófar dócmhainneacht an fhéichiúnaí ná go ndéanfar inmharthanacht an ghnólachta a áirithiú.

4.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina néilítear ar údarás breithiúnach nó riaracháin plean athstruchtúraithe a dheimhniú d'fhonn é a bheith ina cheangal, go nglacfar cinneadh gan moill mhíchuí tar éis don iarratas ar dheimhniú a bheith comhdaithe agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an tiarratas a chomhdú.

Airteagal 11

Athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh údarás breithiúnach nó riaracháin plean athstruchtúraithe a dheimhniú nach bhfuil faofa ag gach aon aicme creidiúnaithe dá ndéantar difear ar mholadh ó fhéichiúnaí nó ó chreidiúnaí le comhaontú an fhéichiúnaí agus go mbeidh sé ina cheangal ar cheann amháin nó níos mó de na haicmí easaontacha sna cásanna seo a leanas:

(a)má chomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 10(2) sa phlean;

(b)má tá an plean faofa ag aicme amháin ar a laghad de chreidiúnaithe dá ndéantar difear cé is moite d’aicme sealbhóirí cothromais agus aon aicme eile nach bhfaigheadh, nuair a dhéanfaí luacháil ar an bhfiontar, aon íocaíocht ná aon chomaoin eile dá gcuirfí an gnáthrangú ar thosaíochtaí leachtaithe i bhfeidhm;

(c)má chomhlíonann an plean riail na dearbhthosaíochta.

2.Féadfaidh na Ballstáit athrú a dhéanamh ar líon íosta na naicmí dá ndéantar difear a éilítear chun an plean a leagtar síos i bpointe (b) de mhír (1) a fhaomhadh.

Airteagal 12

Sealbhóirí cothromais

1.Áiritheoidh na Ballstáit, nuair atá dóchúlacht dócmhainneachta ann, nach bhféadfaidh scairshealbhóirí agus sealbhóirí cothromais eile a bhfuil leasanna acu i bhféichiúnaí, cosc míréasúnta a chur ar ghlacadh nó ar chur chun feidhme plean athstruchtúraithe a dhéanfadh inmharthanacht an ghnólachta a aischur.

2.Chun an cuspóir i mír 1 a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gcuirfidh sealbhóirí cothromais aicme shonrach amháin nó níos mó le chéile astu féin agus go dtabharfar ceart vótála dóibh maidir le glacadh pleananna athstruchtúraithe. Sa chás sin, beidh glacadh agus deimhniú pleananna athstruchtúraithe faoi réir an tsásra um athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí dá bhforáiltear in Airteagal 11.

Airteagal 13

Luacháil ag an údarás breithiúnach nó riaracháin

1.Déanfaidh an túdarás breithiúnach nó riaracháin luach leachtaithe a chinneadh i gcás ina ndéantar agóid in aghaidh plean athstruchtúraithe mar gheall ar shárú líomhnaithe ar thástáil leas na gcreidiúnaithe.

2.Déanfaidh an túdarás breithiúnach nó riaracháin luach fiontair a chinneadh ar bhonn luach an fhiontair mar ghnóthas leantach sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina bhfuil iarratas ar athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí riachtanach chun an plean athstruchtúraithe a ghlacadh;

(b)i gcás ina ndéantar agóid in aghaidh plean athstruchtúraithe mar gheall ar shárú líomhnaithe ar riail na dearbhthosaíochta.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar saineolaithe atá cáilithe go cuí a cheapadh chun cuidiú leis an údarás breithiúnach nó riaracháin, nuair atá sé sin riachtanach agus iomchuí, chun críocha na luachála, lena náirítear i gcás ina ndéanann creidiúnaí agóid in aghaidh luach na comhthaobhachta.

4.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na hagóidí dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 a thaisceadh leis an údarás breithiúnach nó riaracháin a niarrtar air plean athstruchtúraithe a dheimhniú nó i gcomhthéacs achomharc in aghaidh cinneadh maidir le deimhniú plean athstruchtúraithe.

Airteagal 14

Éifeachtaí pleananna athstruchtúraithe

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh pleananna athstruchtúraithe atá deimhnithe ag údarás breithiúnach nó riaracháin ina gceangal ar gach páirtí a shainaithnítear sa phlean.

2.Ní dhéanfaidh an plean difear do chreidiúnaithe nach bhfuil baint acu le glacadh plean athstruchtúraithe.

Airteagal 15

Achomhairc

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cinneadh maidir le deimhniú plean athstruchtúraithe arna dhéanamh ag údarás breithiúnach a achomharc os comhair údarás breithiúnach níos airde agus go bhféadfar cinneadh den sórt sin arna dhéanamh ag údarás riaracháin a achomharc os comhair údarás breithiúnach.

2.Déanfar achomhairc a réiteach ar bhealach brostaithe.

3.Ní bheidh aon éifeachtaí fionraíochta ag achomharc in aghaidh cinneadh lena ndeimhnítear plean athstruchtúraithe ar fhorghníomhú an phlean sin.

4.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina seastar le hachomharc de bhun mhír 3, go bhféadfaidh an túdarás breithiúnach:

(a)an plean athstruchtúraithe a chur i leataobh; nó

(b)an plean a dheimhniú agus cúiteamh airgid a cheadú do na creidiúnaithe easaontacha, iníoctha ag an bhféichiúnaí nó ag na creidiúnaithe a vótáil ar son an phlean.

Caibidil 4

Cosaint do mhaoiniú nua, do mhaoiniú eatramhach agus d'idirbhearta eile a bhaineann le hathstruchtúrú

Airteagal 16

Cosaint do mhaoiniú nua agus do mhaoiniú eatramhach

1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar maoiniú nua agus maoiniú eatramhach a spreagadh agus a chosaint go leordhóthanach. Go háirithe, ní dhearbhófar go bhfuil maoiniú nua agus maoiniú eatramhach ar neamhní, in-neamhnithe nó do-infheidhmithe mar ghníomh a bheadh chun aimhleas na gcreidiúnaithe i gcoitinne i gcomhthéacs nósanna imeachta dócmhainneachta ina dhiaidh sin, ach amháin má dhearnadh idirbhearta den sórt sin go calaoiseach nó de mheon mímhacánta.

2.Féadfaidh na Ballstáit an ceart a thabhairt do dheontóirí maoinithe nua nó eatramhaigh íocaíocht tosaíochta a fháil i gcomhthéacs nósanna imeachta leachtaithe ina dhiaidh sin i dtaca le creidiúnaithe eile a mbeadh éilimh uachtair nó éilimh chomhionanna acu ar airgead nó ar shócmhainní seachas sin. I gcásanna den sórt sin, rangóidh na Ballstáit maoiniú nua agus maoiniú eatramhach níos sinsearaí, ar a laghad, ná éilimh ó ghnáthchreidiúnaithe neamhurraithe.

3.Beidh deontóirí maoinithe nua agus eatramhaigh díolmhaithe ó dhliteanas sibhialta, riaracháin, nó coiriúil i gcomhthéacs dhócmhainneacht an fhéichiúnaí ina dhiaidh sin, ach amháin má tugadh maoiniú den sórt sin go calaoiseach nó de mheon mímhacánta.

 

Airteagal 17

Cosaint d'idirbhearta eile a bhaineann le hathstruchtúrú

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach ndearbhófar go bhfuil idirbhearta a dhéantar chun idirbheartú plean athstruchtúraithe, atá deimhnithe ag údarás breithiúnach nó riaracháin, a chur chun cinn nó a bhfuil dlúthbhaint acu le hidirbheartaíocht den sórt sin, nach ndearbhófar go bhfuil siad ar neamhní, in-neamhnithe nó do-infheidhmithe mar ghníomhartha a bheadh chun aimhleas na gcreidiúnaithe i gcoitinne i gcomhthéacs nósanna imeachta dócmhainneachta ina dhiaidh sin, ach amháin má dhearnadh idirbhearta den sórt sin go calaoiseach nó de mheon mímhacánta.

2.Áirítear iad seo a leanas i measc na nidirbheart a bhfuil an chosaint dá dtagraítear i mír 1 acu:

(a)táillí agus costais réasúnta a bhaineann le hidirbheartú, glacadh, deimhniú nó cur chun feidhme an phlean athstruchtúraithe a íoc;

(b)táillí agus costais réasúnta a bhaineann le comhairle ghairmiúil a lorg i dtaca le haon ghné den phlean athstruchtúraithe a íoc;

(c)pá oibrithe a íoc i gcomhair obair atá curtha i gcrích cheana féin;

(d)aon íocaíochtaí agus aon eisíocaíochtaí eile atá riachtanach agus réasúnta agus a dhéantar sa ghnáthchúrsa gnó.

(e)idirbhearta amhail creidmheas nua, ranníocaíochtaí airgeadais agus aistriú páirteach sócmhainní lasmuigh den ghnáthchúrsa gnó a dhéantar in oirchill idirbheartaíocht maidir le plean athstruchtúraithe agus a bhfuil dlúthbhaint acu leis an idirbheartaíocht sin.

3.Féadfaidh na Ballstáit a éileamh go ndéanfaidh cleachtóir i réimse an athstruchtúraithe nó údarás breithiúnach nó riaracháin na hidirbhearta dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 2 a fhaomhadh chun tairbhe a bhaint as an gcosaint dá dtagraítear i mír 1.

4.Áiritheoidh na Ballstáit nach ndearbhófar go bhfuil idirbheart, íocaíocht, babhtáil fiachais ar chothromas, ráthaíocht nó urrús a dhéantar chun idirbheartú plean athstruchtúraithe, atá deimhnithe ag údarás breithiúnach nó riaracháin, a chur chun cinn nó a bhfuil dlúthbhaint acu le cur chun feidhme den sórt sin, nach ndearbhófar go bhfuil siad ar neamhní, in-neamhnithe nó do-infheidhmithe mar ghníomh a bheadh chun aimhleas na gcreidiúnaithe i gcoitinne i gcomhthéacs nósanna imeachta dócmhainneachta ina dhiaidh sin, ach amháin má dhearnadh idirbhearta den sórt sin go calaoiseach nó de mheon mímhacánta, beag beann ar idirbhearta den sórt sin a bheith measta mar idirbhearta a rinneeadh sa ghnáthchúrsa gnó.

Caibidil 5

Dualgais stiúrthóirí i dtaca le hidirbheartaíocht maidir le plean um athstruchtúrú coisctheach

Airteagal 18

Dualgais stiúrthóirí 

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha lena áirithiú, i gcás ina bhfuil dóchúlacht dócmhainneachta ann, go bhfuil na hoibleagáidí seo a leanas ar stiúrthóirí:

(a)céimeanna a ghlacadh láithreach chun íoslaghdú a dhéanamh ar an gcaillteanas do chreidiúnaithe, oibrithe, scairshealbhóirí agus páirtithe leasmhara eile;

(b)aird mar is cuí a thabhairt ar leasanna creidiúnaithe agus páirtithe leasmhara eile;

(c)céimeanna réasúnta a ghlacadh chun dócmhainneacht a sheachaint;

(d)iompar de bhun tola nó iompar atá mórfhaillíoch agus atá ina bhagairt d'inmharthanacht an ghnólachta a sheachaint.

TEIDEAL III

DARA DEIS d'FHIONTRAITHE

Airteagal 19

Rochtain ar Urscaoileadh

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh fiontraithe a bhfuil rófhéichiúnas acu urscaoileadh iomlán a fháil óna gcuid fiachas i gcomhréir leis an Treoir seo.

2.Sna Ballstáit ina bhfuil urscaoileadh iomlán fiachais ag brath ar aisíoc páirteach an fhiachais ag an bhféichiúnaí, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an oibleagáid aisíocaíochta i gceist bunaithe ar chás aonair an fhiontraí agus go bhfuil sí comhréireach go háirithe lena ioncam indiúscartha thar an tréimhse urscaoilte.

Airteagal 20

Tréimhse urscaoilte

1.Ní bheidh an tréimhse ama ar féidir féichiúnaithe a bhfuil rófhéichiúnas acu a urscaoileadh go hiomlán óna gcuid fiachas ina diaidh níos faide ná trí bliana ag tosú:

(a)    ón dáta ar a ndearna údarás breithiúnach nó riaracháin cinneadh maidir leis an iarratas ar nós imeachta den sórt sin a thosú, i gcás nós imeachta a mbeadh leachtú sócmhainní fiontraí a bhfuil rófhéichiúnas aige mar thoradh air; nó

(b)ón dáta ar ar thosaigh cur chun feidhme an phlean aisíocaíochta, i gcás nós imeachta a bhfuil plean aisíocaíochta san áireamh ann.

2.Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bhíonn deireadh leis an tréimhse urscaoilte, go ndéanfar féichiúnaithe a bhfuil rófhéichiúnas acu a urscaoileadh óna gcuid fiachas gan aon ghá iarratas a dhéanamh an athuair chuig údarás breithiúnach nó riaracháin.

Airteagal 21

Tréimhse dhícháilithe

Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a fhaigheann fiontraí a bhfuil rófhéichiúnas aige urscaoileadh fiachas i gcomhréir leis an Treoir seo, go scoirfidh aon dícháiliú ó ghabháil do cheird, gnó, ceardaíocht nó gairm a bhfuil baint acu le rófhéichiúnas an fhéichiúnaí agus uathu sin a shaothrú d’éifeacht a bheith aige ag deireadh na tréimhse urscaoilte ar a dhéanaí, gan aon ghá iarratas a dhéanamh an athuair chuig údarás breithiúnach nó urscaoilte.

Airteagal 22

Teorainneacha

1.De mhaolú ar Airteagal 19, Airteagal 20 agus Airteagal 21, féadfaidh na Ballstáit forálacha a choinneáil nó a thabhairt isteach a shrianann rochtain ar urscaoileadh nó lena leagtar síos tréimhsí níos faide chun urscaoileadh iomlán a fháil nó tréimhsí dícháilithe níos faide i ndálaí áirithe atá dea-shainithe agus i gcás ina bhfuil údar maith le teorainneacha den sórt sin mar gheall ar leas ginearálta, go háirithe:

(a)i gcás ina ndearna an féichiúnaí a bhfuil rófhéichiúnas aige é féin a iompar go mímhacánta nó de mheon mímhacánta i leith creidiúnaithe nuair a bhí rófhéichiúnas aige nó le linn fiachais a bheith á mbailiú;

(b)i gcás nach gcloíonn an féichiúnaí a bhfuil rófhéichiúnas aige le plean aisíocaíochta ná le haon oibleagáid dhlíthiúil eile a bhfuil sé mar aidhm aici leasanna creidiúnaithe a choimirciú;

(c)i gcás rochtain mhíchuí ar nósanna imeachta urscaoilte;

(d)i gcás ilrochtain ar nósanna imeachta urscaoilte laistigh de thréimhse áirithe ama.

2.Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do thréimhsí urscaoilte níos faide i gcásanna ina bhfuil príomháras cónaithe fiontraí a bhfuil rófhéichiúnas aige díolmhaithe ón bhféidearthacht go ndéanfaí sócmhainní a réadú, d'fhonn slí bheatha an fhiontraí ag a bhfuil rófhéichiúnas agus a theaghlach a choimirciú.

3.Féadfaidh na Ballstáit catagóirí sonracha d'fhiachas den sórt sin, amhail fiachais urraithe, nó fiachais a eascraíonn as pionóis choiriúla nó as dliteanas de dhroim torta, a eisiamh ó urscaoileadh nó tréimhse urscaoilte níos faide a leagan síos i gcás ina bhfuil údar maith le heisiaimh nó le tréimhsí níos faide den sórt sin mar gheall ar leas ginearálta.

4.De mhaolú ar Airteagal 21, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do thréimhsí dícháilithe níos faide nó do thréimhsí dícháilithe éiginnte i gcás inar comhalta de ghairm, a bhfuil feidhm ag rialacha sonracha eiticiúla maidir léi, é an fiontraí nó i gcás inar ordaigh cúirt dícháiliú in imeachtaí coiriúla.

Airteagal 23

Comhdhlúthú nósanna imeachta i dtaca le fiachais ghairme agus fiachais phearsanta

1.Áiritheoidh na Ballstáit, nuair atá fiachais ghairme ag féichiúnaí a bhfuil rófhéichiúnas aige a tabhaíodh i gceird, gnólacht, ceardaíocht nó gairm a bhí aige chomh maith le fiachais a tabhaíodh lasmuigh de na gníomhaíochtaí sin, go gcaithfear leis na fiachais go léir in aon nós imeachta amháin chun críocha urscaoileadh a fháil.

2.Féadfaidh na Ballstáit maolú ar mhír 1 agus a ordú go gcaithfear le fiachais ghairme agus le fiachais phearsanta i nósanna imeachta ar leithligh, ar choinníoll gur féidir na nósanna imeachta sin a chomhordú chun críocha urscaoileadh a fháil i gcomhréir leis an Treoir seo.

TEIDEAL IV

Bearta chun éifeachtúlacht athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus dara deis a fheabhsú:

Airteagal 24

Údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh breithiúna agus baill den údarás riaracháin atá ag déileáil le cúrsaí a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus dara deis oiliúint tosaigh agus oiliúint sa bhreis chuig leibhéal atá oiriúnach dá gcuid freagrachtaí.

2.Gan dochar do neamhspleáchas breithiúnach ná do dhifríochtaí in eagrú na mbreithiúna ar fud an Aontais, i gcás ina ndéileálann údaráis bhreithiúnacha le cúrsaí a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht nó dara deis, áiritheoidh na Ballstáit go ndéileáiltear leis na cúrsaí sin ar bhealach éifeachtúil a áirithíonn go ndéileáiltear go gasta leis na nósanna imeachta agus go bhfuil an saineolas agus an speisialtóireacht is gá ag na breithiúna atá i bhfeighil.

Airteagal 25

Cleachtóirí i réimse an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta, agus dara deis

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh eadránaithe, cleachtóirí dócmhainneachta agus cleachtóirí eile a cheaptar i gcúrsaí athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus dara deis an oiliúint tosaigh agus an oiliúint bhreise is gá chun a áirithiú go ndéantar a gcuid seirbhísí a sholáthar ar bhealach atá éifeachtach, neamhchlaonta, neamhspleách agus inniúil i dtaca leis na páirtithe.

2.Spreagfaidh na Ballstáit, ar aon bhealaí a mheasann siad a bheith iomchuí, cleachtóirí i réimse an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus dara deis chun cóid iompair dheonacha a fhorbairt agus cloí leo, chomh maith le sásraí éifeachtacha maoirseachta eile i dtaca le seirbhísí den sórt sin a sholáthar.

Airteagal 26

Cleachtóirí a cheapadh i réimse an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta, agus dara deis

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an próiseas a bhaineann le ceapadh, baint, agus éirí as cleachtóirí i réimse an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus dara deis soiléir, intuartha agus cothrom agus go gcomhlíonann sé, go háirithe, na ceanglais a leagtar amach i mír 2, mír 3, agus mír 4.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na coinníollacha i gcomhair incháilitheachta agus na forais ar a bhféadfadh cleachtóir dócmhainneachta a bheith neamh-incháilithe i gcomhair ceaptha soiléir agus trédhearcach.

3.I gcás ina gceapann an túdarás breithiúnach nó riaracháin cleachtóirí i réimse an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus dara deis, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na critéir a bhaineann leis an modh ina roghnaíonn údarás breithiúnach nó riaracháin cleachtóir den sórt sin soiléir agus trédhearcach. Nuair a bhíonn cleachtóir i réimse an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus dara deis á roghnú i gcomhair cás faoi leith, tabharfar aird chuí ar thaithí agus ar shaineolas an chleachtóra. Nuair is iomchuí, rachfar i gcomhairle leis na féichiúnaithe agus leis na creidiúnaithe maidir le roghnú cleachtóra.

4.I nósanna imeachta athstruchtúraithe agus dócmhainneachta a bhfuil gnéithe trasteorann ag baint leo, tabharfar aird chuí ar chumas an chleachtóra cumarsáid a dhéanamh le cleachtóirí dócmhainneachta ón iasacht agus le húdaráis bhreithiúnacha nó riaracháin ón iasacht agus comhoibriú leo agus ar a acmhainní daonna agus riaracháin.

Airteagal 27

Maoirseacht agus luach saothair na gcleachtóirí i réimse an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus dara deis

1.Cuirfidh na Ballstáit struchtúir chuí i gcomhair maoirseachta agus luach saothair i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéantar maoirseacht chuí ar obair na gcleachtóirí i réimse an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus dara deis. Beidh réimeas atá cuí agus éifeachtach san áireamh freisin sa mhaoirseacht agus sa rialúchán seo chun pionós a chur ar chleachtóirí ar theip orthu ina gcuid dualgas.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na táillí a ghearrann cleachtóirí i réimse an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus dara deis faoi rialú rialacha a dhreasaíonn réiteach tráthúil agus éifeachtúil ar nósanna imeachta agus aird chuí á tabhairt ar chastacht an cháis. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta atá cuí agus a bhfuil coimircí ionsuite iontu ar fáil chun a áirithiú gur féidir aon díospóidí maidir le luach saothair a réiteach go tráthúil.

Airteagal 28

Úsáid modhanna cumarsáide leictreonaí

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh go leictreonach, lena náirítear i gcásanna trasteorann:

(a)éilimh a chomhdú;

(b)pleananna athstruchtúraithe nó aisíocaíochta a chomhdú le húdaráis bhreithiúnacha nó riaracháin inniúla;

(c)fógraí chuig creidiúnaithe;

(d)vótáil ar phleananna athstruchtúraithe;

(e)achomhairc a thaisceadh.

TEIDEAL V

Faireachán ar nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte

Airteagal 29

Bailiú sonraí

1.D'fhonn teacht ar staitisticí bliantúla atá iontaofa, baileoidh na Ballstáit sonraí agus déanfaidh siad iad a chomhiomlánú ag leibhéal an Bhallstáit maidir leis an méid seo a leanas:

(a)líon na nósanna imeachta a tionscnaíodh, atá ar feitheamh nó atá réitithe, arna mbriseadh síos de réir:

(i)nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach,

(ii)nósanna imeachta dócmhainneachta amhail nósanna imeachta leachtaithe,

(iii)nósanna imeachta a mbíonn urscaoileadh iomlán fiachais i gcomhair daoine nádúrtha mar thoradh orthu;

(b)fad an nós imeachta ó thionscnamh go híocaíocht, idirdhealaithe de réir chineálacha na nósanna imeachta (nós imeachta um athstruchtúrú coisctheach, nós imeachta dócmhainneachta, nós imeachta urscaoilte);

(c)an sciar de gach cineál toraidh laistigh de gach nós imeachta athstruchtúraithe nó dócmhainneachta, lena náirítear líon na nósanna imeachta a ndearnadh iarratas orthu ach nár tosaíodh mar nach raibh dóthain cistí ar fáil in eastát an fhéichiúnaí.

(d)na meánchostais a bhain le gach nós imeachta arna ndeonú ag an údarás bhreithiúnach nó riaracháin, in euro;

(e)na rátaí téarnaimh i gcomhair creidiúnaithe urraithe agus neamhurraithe, chomh maith le líon na nósanna imeachta a raibh ráta téarnaimh iomlán nialais nó ráta téarnaimh nach mó ná dó faoin gcéad ag baint leo maidir le gach cineál nós imeachta dá dtagraítear i bpointe (a);

(f)líon na bhféichiúnaithe faoi réir nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (a)(i) atá, laistigh de thrí bliana ó chríoch nósanna imeachta den sórt sin, faoi réir aon cheann de na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (a)(i) agus pointe (a)(ii);

(g)líon na bhféichiúnaithe, tar éis dóibh nós imeachta dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) den mhír seo a chur i gcrích, atá faoi réir nós imeachta eile den sórt sin dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo.

Chun críocha phointe (e) den chéad fhomhír, beidh na rátaí téarnaimh tar éis costas agus taispeánfaidh réimsí sonraí atá anaithnidithe an ráta téarnaimh deiridh chomh maith le forás an ráta téarnaimh le linn an nós imeachta.

2.Déanfaidh na Ballstáit na staitisticí dá dtagraítear i mír 1 a bhriseadh síos dá réir seo a leanas:

(a)méid na bhféichiúnaithe atá i gceist, de réir líon na noibrithe;

(b)pé acu ar daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha iad na féichiúnaithe;

(c)i dtaca le hurscaoileadh agus i gcás ina ndéantar an tidirdhealú sin faoin dlí náisiúnta,    pé acu an mbaineann na nósanna imeachta le fiontraithe amháin nó leis na daoine nádúrtha go léir.

3.Tiomsóidh na Ballstáit staitisticí ó na sonraí comhiomlánaithe dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 do na blianta féilire iomlána dar críoch an 31 Nollaig gach bliain, ag tosú leis na sonraí a bailíodh don chéad bhliain féilire iomlán tar éis [dáta thús chur i bhfeidhm na mbeart cur chun feidhme]. Cuirfear na staitisticí sin in iúl don Choimisiún go bliantúil ar bhonn foirm chaighdeánach um shonraí a chur in iúl, faoin 31 Márta den bhliain féilire tar éis na bliana ar bailíodh na sonraí ina leith.

4. Bunóidh an Coimisiún an fhoirm sin um shonraí a chur in iúl dá dtagraítear i mír 3 trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Airteagal 30

Coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

TEIDEAL VI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 31

Gaol le gníomhartha eile

1.Beidh an Treoir seo gan dochar do na gníomhartha seo a leanas:

(a)Treroir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús 80 ;

(b)Treroir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais 81 ; agus

(c)Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála 82 .

2.Beidh an Treoir seo gan dochar do chearta oibrithe a ráthaítear le Treoracha 98/59/CE, 2001/23/CE, 2002/14CE, 2008/94/CE agus 2009/38/CE.

Airteagal 32

Leasú ar Threroir 2012/30/AE

In Airteagal 45 de Threroir 2012/30/AE, cuirtear mír 4 seo a leanas leis:

"4. Maolóidh na Ballstáit ar Airteagal 19(1), Airteagal 29, Airteagal 33, Airteagal 34, Airteagal 35, Airteagal 40(1)(b), Airteagal 41(1) agus Airteagal 42 sa mhéid agus ar feadh na tréimhse ina bhfuil maolú den sórt sin riachtanach chun an creat um athstruchtúrú coisctheach a bhunú, dá bhforáiltear i dTreoir .... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach agus dara deis ]*.

*Treoir […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach agus dara deis (IO L ...)".

Airteagal 33

Clásal athbhreithnithe

Tráth nach déanaí ná [5 bliana ó dháta thús chur i bhfeidhm na mbeart cur chun feidhme] agus gach 7 mbliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, lena náirítear ar chóir breithniú a dhéanamh ar bhearta breise chun an creat dlí maidir le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus dara deis a chomhdhlúthú agus a neartú, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Airteagal 34

Cur chun feidhme

1.Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit faoin [dhá bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí, na rialacha, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá riachtanach chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [dhá bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], seachas na forálacha lena gcuirtear Teideal IV chun feidhme a mbeidh feidhm acu ón (trí bliana ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 35

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 36

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Aithníodh go sainráite an tábhacht a bhaineann le "creataí dócmhainneachta a fheidhmíonn go maith" i Suirbhé Bliantúil Fáis an Choimisiúin 2016 (COM(2015) 690, final, 26.11.2015).
(2) De réir Flash Eurobarometer 354 (2012), a thaispeáin freisin nach gcuirfeadh 43 % d’Eorpaigh gnólacht ar bun ar fhaitíos go dteipfeadh air (lch. 72).
(3) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Measúnú Tionchair a ghabhann leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le cur chuige nua i leith teip ghnó agus i leith dócmhainneachta, SWD(2014) 61 final, 12.3.2014, lch.2.
(4) An Banc Domhanda ag Déanamh Gnó Innéacs 2016.
(5) An Banc Domhanda ag Déanamh Gnó Innéacs 2016.
(6) Robert van Galen, Stephan Madaus, Corporate Rescue, 2013, lch. 52.
(7) Rialachán (AE) Uimh. 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta, IO L 141/19, 5.6.2015.
(8) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE, IO L 119/1, 4.5.2016.
(9) http://ec.europa.eu/consumers/financial_services/reference_studies_documents/docs/part_1_synthesis_
of_findings_en.pdf.
(10) Scórchlár Ceartais AE 2016.
(11) De réir athbhreithniú CAI Airteagal IV ar limistéar an Euro, “tá iasachtú bainc coinnithe siar ag leibhéil arda Iasachtaí Neamhthuillmheacha (NPLanna) agus fiachais, a chuireann teorainn le teacht chun cinn cúinsí airgeadais atá níos éasca;  CAI: Polasaithe Limistéar an Euro – Saincheisteanna Roghnaithe, Tuarascáil Tíre CAI Uimh. 15/205, Iúil 2015, Polasaithe Limistéar an Euro, Tuarascáil Tíre CAI Uimh. 15/2014, Iúil 2015, lch. 61.
(12) Towards the completion of the Banking Union’ an Coimisiún Eorpach, COM (2015) 587 final, 24 Samhain 2015.
(13) http://ec.europa.eu/justice/newsroom/civil/opinion/160321_en.htm
(14) An Coimisiún Eorpach: Teachtaireacht "Cur chuige nua Eorpach i ndáil le teip ghnó agus dócmhainneacht" COM(2012) 742.
(15) IO L 141/19.
(16) Tuarascáil Bhliantúil FBManna Eorpacha 2015/2016, lch. 54.
(17) Tuarascáil le moltaí don Choimisiún maidir le himeachtaí dócmhainneachta i gcomhthéacs dhlí na gcuideachtaí in AE, 2011/2006(INI), 17 Deireadh Fómhair 2011.
(18) Conclúidí na Comhairle maidir leis an athbhreithniú ar an 'nGníomh um Ghnólachtaí Beaga', don Eoraip, arna ghlacadh an 30 Bealtaine 2011, 10975/2011, ar fáil ag http://register.consilium.europa.eu/doc/srv?l=EN&f=ST%2010975%202011%20INIT.
(19) An Coimisiún Eorpach: "Cur chuige nua Eorpach i ndáil le teip ghnó agus dócmhainneacht" COM(2012) 742, 12 Nollaig 2012.
(20) Dara deis d'fhiontraithe, tréimhsí urscaoilte, imeachtaí dócmhainneachta agus athstruchtúraithe a thosú, éilimh a chomhdú agus a fhíorú, pleananna athstruchtúraithe a chur chun cinn.
(21) IO L 160, 30.6.2000, lch. 1.
(22) IO L 141, 5.6.2015, lch. 19.
(23) C(2014) 1500 final, 12 Márta 2014.
(24) Measúnú Tionchair a ghabhann leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le cur chuige nua i leith teip ghnó agus i leith dócmhainneachta, SWD(2014) 61 final, 12 Márta 2014.
(25) Meastóireacht ar chur chun feidhme an Mholta ón gCoimisiún maidir le cur chuige nua i leith teip ghnó agus i leith dócmhainneachta, 30.9.2015, (ar fáil ag: http://ec.europa.eu/justice/civil/commercial/insolvency/index_en.htm )
(26) 'Completing Europe’s Economic and Monetary Union' , tuarascáil ó Jean-Claude Juncker i ndlúthchomhar le Donald Tusk, Jeroen Dijsselbloem, Mario Draghi agus Martin Schulz (An Cúigear Uachtarán mar a thugtar orthu), 22 Meitheamh 2015, lch. 10.
(27) Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a thógáil COM(2015) 468 final, lch. 25.
(28) An Margadh Aonair a Uasghrádú: níos mó deiseanna do dhaoine agus don ghnó, An Coimisiún Eorpach, COM (2015) 550 final, lch. 6.
(29) Conclúidí na Comhairle an 17 Meitheamh 2016 http://www.consilium.europa.eu/press-releases-pdf/2016/6/47244642837_en.pdf  
(30) COM(2016) 601 final http://ec.europa.eu/finance/capital-markets-union/docs/20160913-cmu-accelerating-reform_en.pdf  
(31) Rialachán (AE) Uimh. 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta IO L 141, 5.6.2015, lch. 19-72.
(32) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun gnó an árachais agus an athárachais agus gabháil don ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(33) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176 27.6.2013, lch. 1).
(34) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201 27.7.2012, lch. 1).
(35) Rialachán (AE) uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257 28.8.2014, lch. 1).
(36) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(37) Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús IO L 166, 11.6.1998, lch. 45.
(38) Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2012 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais, IO L 168, 27.6.2002, lch. 43.
(39) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála, IO L 201 27.7.2012, lch. 1.
(40) Treoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát i leith comhiomarcaíochtaí, IO L 225, 12.8.1998, lch. 16.
(41) Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cearta fostaithe a choimirciú i gcás aistriú gnóthas nó gnólachtaí nó codanna de gnóthais nó de ghnólachtaí, IO L 82, 22.03.2001, lch. 16.
(42) Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, IO L 80, 23.3.2002, lch. 29.
(43) Treoir 2008/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le fostaithe a chosaint i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra, IO L 283, 28.10.2008, lch. 36.
(44) Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le comhairle Fostaithe Eorpach a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar scála an Chomhphobail agus i ngrúpaí de ghnóthais ar scála an Chomhphobail chun críche fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, IO L 122, 16.5.2009, lch. 28.
(45) Treoir 2012/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhordú coimircí a cheanglaíonn Ballstáit ar chuideachtaí de réir bhrí an dara mír d'Airteagal 54 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar mhaithe le leasanna comhaltaí agus daoine eile a chosaint, i leith foirmiú cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta agus cothabháil agus athrú a gcaipitil, d'fhonn coimircí den sórt sin a dhéanamh coibhéiseach, IO L 315/74, 14.11.12.
(46) Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a thógáil COM(2015) 468 final, 30.9.2015.
(47) COM (2015) 550 final, 28.10.2015
(48) An Banc Ceannais Eorpach, Staidreamh, an 23 Meitheamh 2016, https://www.bankingsupervision.europa.eu/banking/statistics/html/index.en.html
(49) Dócmhainneacht a Réiteach, an Banc Domhanda, http://www.doingbusiness.org/reports/globalreports/~/media/GIAWB/Doing%20Business/Documents/Annual-Reports/English/DB14-Chapters/DB14-Resolving-insolvency.pdf
(50) Spreagann Tionscnamh um Dhéanamh Gnó Geilleagair chun Creataí Dócmhainneachta a Athchóiriú, an Banc Domhanda, Eanáir 2013.
(51) Dócmhainneacht a Réiteach, an Banc Domhanda.
(52) COM(2015) 587 final, 24.11.2015.
(53) Iasachtaí trasteorann do theaghlaigh, arb ionann iad anois agus tuairim is 5 % d’iomlán na niasachtaí do theaghlaigh.
(54) http://ec.europa.eu/finance/consultations/2015/retail-financial-services/docs/green-paper_en.pdf
(55) C(2014) 1500 final, 12.3.2014.
(56) Chun tuilleadh mionsonraí a fháil féach an mheastóireacht ar chur chun feidhme an Mholta ón gCoimisiún maidir le cur chuige nua i leith teip ghnó agus i leith dócmhainneachta, 30 Meán Fómhair 2015. http://ec.europa.eu/justice/civil/files/evaluation_recommendation_final.pdf .
(57) Ba iad na príomh-rannpháirtithe BusinessEurope, AFME, EBF, ACCA, UEAPME, ESBA, Independent Retail Europe, EuroChambers, ETUC, EFIN, FEE, INSOL Europe, FDC, Comhairle Bharraí agus Dhlí-Chumainn na hEorpa, an Institiúid Eorpach um Dhlí.
(58) Uimhir Thairisceana JUST/2014/JCOO/PR/CIVI/0075, ar fáil ag http://ec.europa.eu/justice/civil/files/insolvency/insolvency_study_2016_final_en.pdf.
(59) Uimhir Thairisceana JUST /2015/JCOO/FWCIVI0103, le foilsiú.
(60) IO C […], […], lch. […].
(61) IO C […], […], lch. […].
(62) Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19).
(63) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun gnó an árachais agus an athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(64) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(65) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201 27.7.2012, lch. 1).
(66) Rialachán (AE) uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257 28.8.2014, lch. 1).
(67) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(68) Treoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát i leith comhiomarcaíochtaí, IO L 225, 12.08.1998, lch. 16.
(69)

   Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát maidir le cearta fostaithe a choimirciú i gcás aistriú gnóthas nó gnólachtaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnólachtaí, IO L 82, 22.03.2001, lch. 16.

(70)

   Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, IO L 80, 23.3.2002, lch. 29.

(71)

   Treoir 2008/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le fostaithe a chosaint i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra, IO L 283, 28.10.2008, lch. 36.

(72)    Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le comhairle fostaithe Eorpach a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar scála an Chomhphobail agus i ngrúpaí de ghnóthais ar scála an Chomhphobail chun críche fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, IO L 122, 16.5.2009, lch.28.
(73) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(74) Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166/45, 11.6.1998).
(75) Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2012 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais, (IO L 168/43, 27.6.2002).
(76) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála, (IO L 201/1, 27.7.2012, lch. 1).
(77) Treoir 2012/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhordú coimircí a cheanglaíonn Ballstáit ar chuideachtaí de réir bhrí an dara mír d'Airteagal 54 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar mhaithe le leasanna comhaltaí agus daoine eile a chosaint, i leith foirmiú cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta agus cothabháil agus athrú a gcaipitil, d'fhonn coimircí den sórt sin a dhéanamh coibhéiseach (IO L 315, 14.11.12. lch.74).
(78) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(79) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(80) Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús, IO L 166/45, 11.6.1998.
(81) Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2012 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais, IO L 168/43, 27.6.2002.
(82) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála, IO L 201/1, 27.7.2012.