An Bhruiséil,9.11.2016

COM(2016) 709 final

2016/0355(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe maidir lena dháta cur i bhfeidhm

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais an togra

An 26 Samhain 2014, glacadh Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 agus é mar chuspóir aige cur leis an gcosaint atá ar fáil d’infheisteoirí miondíola a dhéanann infheistíocht i dtáirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna). Lena chois sin, tá sé d’aidhm aige muinín tomhaltóirí a athbhunú i dtionscal na seirbhísí airgeadais tar éis na géarchéime airgeadais.

Chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh, ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 go gcloífidh monaróirí PRIIPanna le tacar aonfhoirmeach ceanglas maidir le nochtadh faisnéise faoi tháirgí agus go bhfaighidh infheistóirí miondíola an doiciméad faisnéise bunriachtanaí i gcomhair na PRIIPanna ata ar fáil. Ba cheart go gcuirfeadh an fhaisnéis a nochtar ar chumas na ninfheisteoirí miondíola tuiscint níos fearr a bheith acu ar tháirge faoi leith, idir a chineál eacnamaíoch agus na rioscaí eacnamaíocha a bhaineann leis, agus ba cheart go bhféadfaí comparáid a dhéanamh idir tairiscintí difriúla a bhuí leis an bhfaisnéis sin. Lena chois sin, rachaidh níos mó trédhearcachta agus comhchuibhithe chun sochair an mhargaidh inmheánaigh sna seirbhísí airgeadais trí chothrom iomaíochta a chruthú do tháirgí agus do bhealaí dáileacháin difriúla.

Le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, leagtar amach foirm agus ábhar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Chun caighdeánú breise a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus chun difríochtaí tábhachtacha a chur san áireamh idir cineálacha éagsúla PRIIPanna, cuirtear de chúram ar na hÚdaráis Eorpacha Mhaoirseachta (mar atá: an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, an tÚdarás Baincéireachta Eorpach agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) caighdeáin theicniúla rialála a ullmhú ina sonraítear cur i láthair agus ábhar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, a fhormáid chaighdeánaithe, an mhodheolaíocht atá mar bhonn le cur i láthair an riosca agus na luaíochta agus le ríomh na gcostas, mar aon leis na coinníollacha agus an íosmhinicíocht i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus na coinníollacha a leagan síos chun an ceanglas maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a chur ar fáil d’infheisteoirí miondíola a chomhlíonadh.

An 6 Aibreán 2016, chuir na hÚdaráis Eorpacha Mhaoirseachta na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí i gcomhair na PRIIPanna faoi bhráid an Choimisiúin. D’fhormhuinigh an Coimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála an 30 Meitheamh 2016 tríd an Rialachán Tarmligthe maidir le doiciméad faisnéise bunriachtanaí 1 a ghlacadh.

Le linn na tréimhse grinnscrúdaithe, ní dhearna an Chomhairle aon agóid i gcoinne Rialachán Tarmligthe an Choimisiúin. An 14 Meán Fómhair 2016, áfach, dhiúltaigh an Pharlaimint don Rialachán 2 . D’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha a bhaineann le PRIIPanna ilroghanna, cásanna bunaithe ar fheidhmiú agus foláireamh tuisceana. Ina theannta sin, d’iarr Parlaimint na hEorpa agus tromlach mór na mBallstát ar an gCoimisiún dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a chur siar, agus iad ag áitiú nach bhféadfaí an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go rianúil in éagmais na gcaighdeán teicniúil.

Tá feidhm dhíreach ag Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ón 31 Nollaig 2016 agus ní bheidh soláthar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí faoi réir ghlacadh an ghnímh tharmligthe. Cé go bhféadfadh monaróirí PRIIPanna forálacha an Rialacháin a chur i bhfeidhm agus go bhféadfadh údaráis inniúla iad a fhorfheidhmiú gan an Rialachán Tarmligthe a ghlacadh, is inmhianaithe a oiread soiléireachta is féidir a sholáthar maidir leis na caighdeáin theicniúla ina sonraítear ábhar rialacha áirithe.

I bhfianaise na gcúinsí eisceachtúla a bhain moill as glacadh an Rialacháin Tharmligthe, molann an Coimisiún dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a chur siar 12 mhí chun an éiginnteacht dhlíthiúil a mhaolú agus chun tuilleadh ama a thabhairt do mhonaróirí PRIIPanna ullmhú do chur i bhfeidhm na rialacha nua.

Fad na tréimhse cuir siar

Dá gcuirfí siar dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin 12 mhí, ba cheart a ndóthain ama a bheith ag údaráis inniúla agus ag monaróirí PRIIPanna chun go bhféadfaidís cloí leis na rialacha nua sin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airtagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh mar atá Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, agus leis an togra seo féachtar leis an Rialachán a leasú.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ní fhéadfar gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a dhéanamh ach sa chás nach féidir le Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach leo féin. Tá gá le hidirghabháil an Aontais chun fáil réidh leis na bacainní atá ar mhargadh inmheánach do sheirbhísí agus táirgí airgeadais, idirghabháil lena dtugtar isteach cur chuige aonfhoirmeach maidir le nochtadh faisnéise a bhaineann le PRIIPanna. I ndáil leis sin, glactar an reachtaíocht atá á leasú i gcomhréir iomlán le prionsabal na coimhdeachta agus is le togra ón gCoimisiún is gá aon leasú uirthi a dhéanamh.

Comhréireacht

Tá an ghníomhaíocht seo ar leibhéal an Aontais riachtanach chun go bhféadfaidh údaráis inniúla agus monaróirí PRIIPanna rialacha PRIIPanna a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Áiritheoidh an togra seo, mar sin, go mbainfear amach na cuspóirí a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus cinnteoidh sé sin go mbeidh ardleibhéal trédhearcachta agus cosanta d’infheisteoirí miondíola ann.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Níl measúnú tionchair ar leith ag gabháil leis an togra seo ar an ábhar gur cuireadh measúnú tionchair le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ar fáil cheana féin. Leis an togra, ní athraítear substaint an Rialacháin agus ní chruthaítear oibleagáidí nua do rannpháirtithe sa mhargadh a thagann faoina raon feidhme. Ní bhaineann sé ach le síneadh 12 mhí a chur le dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú don tionscal agus chun go bhféadfaidh an tionscal agus na húdaráis inniúla ullmhú do na rialacha nua.

 

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh tionchar ag an togra seo ar bhuiséad an Choimisiúin Eorpaigh.

2016/0355 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe maidir lena dháta cur i bhfeidhm

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , tugadh isteach sraith beart arb é is aidhm leo cosaint d’infheisteoirí a fheabhsú agus muinín tomhaltóirí a athbhunú i dtionscal na seirbhísí airgeadais trí thrédhearcacht sa mhargadh infheistíochta miondíola a mhéadú. Faoin Rialachán, ceanglaítear ar mhonaróirí táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar.

(2)Tugann Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 de chumhacht do na hÚdaráis Eorpacha Mhaoirseachta caighdeáin theicniúla rialála a ullmhú ina sonraítear na gnéithe a bhaineann leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí.

(3)An 30 Meitheamh 2016, ghlac an Coimisiún an Rialachán Tarmligthe 4 ina sonraítear cur i láthair agus ábhar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, a fhormáid chaighdeánaithe, an mhodheolaíocht atá mar bhonn le cur i láthair an riosca agus na luaíochta agus le ríomh na gcostas, mar aon leis na coinníollacha agus an íosmhinicíocht i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus na coinníollacha a leagan síos chun an ceanglas maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a chur ar fáil d’infheisteoirí miondíola a chomhlíonadh.

(4)Chuir Parlaimint na hEorpa i gcoinne an Rialacháin Tharmligthe a ghlac an Coimisiún an 30 Meitheamh 2016 agus d’iarr sí, in éineacht le tromlach mór na mBallstát, go gcuirfí siar dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.

(5)Dá gcuirfí siar dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin 12 mhí, thabharfaí am breise dóibh siúd lena mbaineann na ceanglais nua a chomhlíonadh. I bhfianaise na gcúinsí eisceachtúla sin, is iomchuí Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a leasú dá réir agus tá údar maith leis sin.

(6)I ngeall ar an tréimhse an-ghearr atá fágtha sula gcuirfear i bhfeidhm na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm gan mhoill.

(7)Ar an ábhar sin, tá údar freisin leis an eisceacht i gcomhair cásanna práinneacha a chur i bhfeidhm sa chás seo, eisceacht dá bhforáiltear in Airtagal 4 den Phrótacal (Uimh. 1) maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 34:

“Beidh sé infheidhme ón 1 Eanáir 2018”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

Martin Schulz    

(1) C(2016) 3999 final.
(2) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le Rialachán Tarmligthe an Choimisiúin an 30 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, ábhar, athbhreithniú agus leasú doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus na coinníollacha atá le sásamh chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le doiciméid dá leithéid a sholáthar (C(2016)03999 – 2016/2816(DEA)).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch.  1).
(4) C(2016) 3999 final.