AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.9.2016
COM(2016) 597 final
2016/0276(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) 2015/1017 i ndáil le síneadh a chur le ré an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha chomh maith le feabhsuithe teicniúla ar an gCiste sin agus ar an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht a thabhairt isteach
{SWD(2016) 297 final}
{SWD(2016) 298 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Foras agus cuspóirí an togra
Ón uair a cuireadh an Plean Infheistíochta don Eoraip i láthair i Samhain 2014, tá feabhas tagtha ar chúrsaí sa dóigh go bhfuil na dálaí ann anois le haghaidh méadú ar infheistiú agus tá muinín á cur athuair i ngeilleagar na hEorpa agus ina chumas chun fáis. Is í seo an ceathrú bliain as a chéile a bhfuil téarnamh measartha ar siúl san Aontas agus bhí ráta fáis 2 % faoi olltáirgeacht intíre an Aontais in 2015. Tá torthaí nithiúla cheana ar na hiarrachtaí cuimsitheacha ar cuireadh tús leo leis an bPlean Infheistíochta, cé nach féidir éifeachtaí maicreacnamaíocha a bheith ag tionscadail mhóra infheistíochta láithreach bonn. Táthar ag súil leis go dtiocfaidh feabhas ar infheistiú i rith 2016 agus 2017 cé go bhfuil sé fós faoi bhun na leibhéal stairiúla.
An 1 Meitheamh 2016 d'eisigh an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal 'An Eoraip i mbun infheistíochta athuair – Breithniú ar an bPlean Infheistíochta don Eoraip agus ar na chéad chéimeanna eile [Europe investing again – Taking stock of the Investment Plan for Europe and next steps]' ina ndearnadh cur síos ar a bhfuil bainte amach go nuige seo de thoradh an Phlean Infheistíochta agus ar na chéad chéimeanna eile atá beartaithe, lena náirítear síneadh a chur le ré an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) i ndiaidh na chéad trí bliana a beartaíodh ina chomhair, ionú na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (FBManna) a mhéadú laistigh den chreat atá ann cheana agus an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht (MCEI) a fheabhsú. An 28 Meitheamh 2016 ba é conclúid na Comhairle Eorpaí go raibh "an Plean Infheistíochta don Eoraip, go háirithe CEIS, i ndiaidh torthaí nithiúla a bhaint amach cheana féin agus gur mhór an cuidiú é le hinfheistiú príobháideach a chur chun tairbhe agus úsáid chliste a bhaint as acmhainní ganna an bhuiséid. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tograí a thíolacadh go luath maidir lena bhfuil i ndán do CEIS, agus ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle scrúdú a dhéanamh orthu mar ábhar tosaíochta".
Ré trí bliana a beartaíodh a chéaduair i gcomhair CEIS nuair a bunaíodh é agus ba é ab aidhm dó infheistíochtaí breise EUR 315 billiún, ar a laghad, a chur ar fáil. I ngeall ar an rath atá air tá an Coimisiún tiomanta ré CEIS agus an acmhainn mhaoiniúcháin atá aige a mhéadú faoi dhó. An síneadh dlíthiúil a cuireadh i láthair inniu, cumhdaítear leis sin ré an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil atá ann faoi láthair agus ba cheart go gcuirfí ar fáil dá bharr infheistíochtaí leaththrilliún euro san iomlán faoi 2020. Tá an togra seo i gcomhréir leis an athbhreithniú ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis an Rialachán Airgeadais atá á mholadh ag an gCoimisiún ag an am céanna chun creat stóinsithe a bhunú le haghaidh dliteanais airgeadais an Aontais a bhainistiú. Chun acmhainn CEIS a fheabhsú a thuilleadh agus an sprioc infheistíochta a dhúbailt, rud atá ina aidhm aige, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh leis freisin agus sin a bheith mar ábhar tosaíochta acu. Sa chomhthéacs sin, agus chun tuilleadh feabhais fós a chur ar acmhainn CEIS, ghlac an Coimisiún togra inniu lena néascaítear ranníocaíochtaí a dhéanamh i ndáil leis an gcumas atá ag CEIS riosca a sheasamh. Chuige sin tugtar an deis do na Ballstáit na hacmhainní ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) a leithdháileadh orthu mar chuid den chur chun feidhme comhroinnte, na hacmhainní sin a aistriú.
Don tréimhse ó 2020 amach, tá sé i gceist ag an gCoimisiún na moltaí is gá a dhéanamh lena áirithiú go leanfar den infheistiú straitéiseach sin ar leibhéal inbhuanaithe.
Ón uair a seoladh CEIS bliain ó shin, ar ciste é a dhéanann comhpháirtí straitéiseach an Choimisiúin le haghaidh infheistíochtaí, Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI), a chur chun feidhme agus a chomhurrú, tá ag éirí leis an cuspóir atá leagtha síos ina chomhair a bhaint amach, mar atá, infheistíochtaí breise EUR 315 billiún, ar a laghad, a chur chun tairbhe don fhíorgheilleagar faoi lár 2018 agus iarracht á déanamh aige san am céanna ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach a uasmhéadú. Faoi ionú na FBManna bhí luas nach beag faoi ionsú an mhargaidh agus tá ag éirí le CEIS sa réimse sin ar dhóigh níos fearr ná mar a bhí coinne leis. In Iúil 2016 cuireadh EUR 500 milliún le hionú na FBManna, laistigh de na paraiméadair a bhí leagtha síos cheana féin i Rialachán (AE) 2015/1017, chun a áirithiú go mbeidh fáil ar chistí leordhóthanacha ionas gur féidir leanúint de FBManna a mhaoiniú le cabhair CEIS. I dtaca leis na tionscadail a d'fhormheas grúpa BEI faoi Iúil 2016 le cumhdach ag CEIS, táthar ag súil leis go gcuirfidh siad EUR 115.7 billiún ar fáil sna 26 Bhallstát agus go gcuirfidh siad tacaíocht ar fáil do 200,000 FBM nó mar sin, rud a chuideoidh le cruthú post san Eoraip amach anseo, agus rud a chuirfidh le fostaíocht don aos óg, leis an bhfás agus leis an iomaíochas. Tá tús maith déanta freisin ag an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht (MCEI) agus ag an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta. Cheana féin tá MCEI tar éis déileáil le 230 iarraidh ó 27 mBallstát agus tá an Tairseach tar éis breis agus 100 tionscadal infheistíochta a fhoilsiú ón uair a seoladh í an 1 Meitheamh 2016, rud a chuireann ar a gcumas d'infheisteoirí teacht láithreach ar dheiseanna infheistíochta fud fad na hEorpa.
Mar chuid dá iarrachtaí chun feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta san Eoraip, tá an Coimisiún tar éis roinnt tionscnamh a chur ar an gclár oibre a bhfuil sé d'aidhm acu tacú leis an infheistiú agus maoiniú an gheilleagair a éascú, amhail na muirir chaipitil a ghearrtar ar chuideachtaí árachais agus athárachais a laghdú i gcás infheistíochtaí bonneagair agus treoir phraiticiúil a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm rialacha státchabhrach faoi chistiú poiblí a chur ar fáil don bhonneagar. Ina theannta sin, na straitéisí maidir leis an Aontas Fuinnimh, le hAontas na Margaí Caipitil, leis an Margadh Aonair agus leis an Margadh Aonair Digiteach, mar aon leis an bPacáiste don Gheilleagar Ciorclach, tá le fáil iontu sin uile bearta sonracha lena nglanfar bacainní nithiúla den bhealach agus lena gcuirfear tuilleadh feabhais ar an timpeallacht infheistíochta, má chuirtear chun feidhme iad. Mar shampla, na tograí atá ar na bacáin a bhaineann leis an margadh inmheánach leictreachais, leis an bhfuinneamh inathnuaite agus le rialachas an Aontais Fuinnimh, tiocfaidh díobh sin breis soiléire agus cobhsaíochta a chruthú sa chreat rialála san fhadtéarma, rud a éascóidh infheistíochtaí in earnáil an fhuinnimh. Sa chomhthéacs sin, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil BEI ar thús cadhnaíochta ar an leibhéal domhanda chomh fada agus a bhaineann le bannaí glasa a eisiúint chun cuidiú le tionscadail inbhuanaithe a mhaoiniú. Cuideoidh Aontas na Margaí Caipitil le bacainní airgeadais ar an infheistíocht a bhaint, cuirfidh an Straitéis maidir leis an Margadh Aonair le héifeachtúlacht na margaí soláthair phoiblí agus méadóidh an Straitéis maidir leis an Margadh Aonair Digiteach a bhfuil de chinnteacht rialála san earnáil dhigiteach.
An maoiniú a chuirtear ar fáil faoi CEIS, ní scaoileann sin na Ballstáit ón dualgas atá orthu na hathchóirithe is gá a chur chun feidhme chun na bacainní ar infheistiú a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh a bhaint i réimsí amhail an dócmhainneacht, an soláthar poiblí, na córais bhreithiúnacha agus éifeachtúlacht na gcóras riaracháin poiblí nó na rialacháin a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith. Tá an Coimisiún tar éis roinnt Moltaí Tír-shonracha a eisiúint cheana féin maidir le hathchóirithe i réimse na hinfheistíochta. Coinníoll riachtanach is ea na hathchóirithe sin ionas gur féidir na leibhéil infheistíochta sna Ballstáit a chothabháil agus a mhéadú.
Ba cheart an dul chun cinn dearfach a tháinig den Phlean Infheistíochta a choinneáil ar bun agus is gá leanúint dá bhfuil ar siúl ionas go mbeadh an tinfheistiú de réir na treochta fadtéarmaí inbhuanaithe a shamhlaítear leis. Oibríonn sásraí an Phlean Infheistíochta agus ba cheart iad a threisiú chun leanúint d'infheistíochtaí príobháideacha a chur chun tairbhe d'earnálacha atá tábhachtach do thodhchaí na hEorpa ach a bhfuil ag cliseadh ar an margadh nó a bhfuil cúrsaí infheistíochta fo-optamach iontu go fóill féin. Is é is aidhm do CEIS i gcónaí tacú le hinfheistíochtaí nach bhféadfaí a dhéanamh le linn na tréimhse céanna murach sin nó nach bhféadfadh BEI nó CEI tacú leo an oiread céanna nó nach bhféadfaí a dhéanamh faoi ghnáthionstraimí BEI murach an tacaíocht ó CEIS.
I gcomhréir leis an tréimhse infheistíochta thosaigh ba cheart an tinfheistiú príobháideach a mhealladh a oiread is féidir agus is chuig na FBManna a rachaidh cuid nach beag den tacaíocht dá bhforáiltear faoin togra seo. Tabharfar aird ar leith freisin ar thionscadail a chuidíonn le cuspóirí COP21 a bhaint amach. Ós rud é go bhfuil síneadh á chur le ré CEIS ní amháin go mbeifear in ann scéim rathúil a choinneáil ar siúl ar feadh tamall eile ach cuirfidh sin teachtaireacht thábhachtach in iúl do thionscnóirí tionscadail agus spreagfaidh iad chun tionscadail a chur faoi bhráid BEI.
Is gné thábhachtach den togra seo breisíocht na dtionscadal sin a fhaigheann tacaíocht ó CEIS a atreisiú a thuilleadh. Is ríléir anois gur gá do na tionscadail sin atá maoinithe ag CEIS dul i ngleic le cásanna infheistíochta fo-optamacha agus le bearnaí sa mhargadh mar chuid de na critéir incháilitheachta. Toisc a thábhachtaí atá siad don Eoraip aithníodh go sonrach tionscadail bhonneagair trasteorann, lena náirítear seirbhísí gaolmhara, mar fhoinse breisíochta.
Amach ón síneadh atá le cur le ré CEIS, foráiltear sa togra do roinnt feabhsúchán teicniúil ar CEIS agus ar MCEI, á chur san áireamh an méid atá foghlamtha i ndiaidh na chéad bhliana inar cuireadh CEIS chun feidhme.
Cuspóir tábhachtach atá ag an togra is ea úsáid CEIS a mhéadú sna réigiúin bheagfhorbartha agus sna réigiúin atá ag athrú. I ndáil leis sin, gné mhórthábhachtach is ea an chaoi ar féidir foinsí cistiúcháin eile ón Aontas amhail CSIE, Fís 2020 agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a chumasc le maoiniú ó CEIS ar bhealach níos réidhe anois agus tá sin ina chuidiú tuilleadh infheistíochta ón earnáil phríobháideach a chur chun tairbhe. I gcomhthráth leis sin, ghlac an Coimisiún togra inniu lena ndéantar simpliú ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna chun cumasc foinsí maoiniúcháin den sórt sin a éascú. Sa chomhthéacs sin, b'iomchuí a cheadú go bhféadfaí na sásraí rialála agus cáilíochta a ghabhann le hoibríochtaí a thairbhíonn de thacaíocht ó CEIS, go bhféadfaí iad a úsáid chun na ceanglais chomhfhreagracha maidir le cistiú eile ón Aontas Eorpach don tionscadal céanna a chomhlíonadh ionas gur féidir nósanna imeachta a chuíchóiriú agus breis éifeachtúlachta a ghnóthachan.
Is mó an tacaíocht a bheidh ar fáil do na réigiúin bheagfhorbartha agus do na réigiúin atá ag athrú de bharr na tagartha sainráite a dhéantar d'aon tionscal nach mbeadh cumhdaithe de thoradh na gcuspóirí ginearálta. Ina theannta sin, infheistíochtaí ar mhótarbhealaí arna maoiniú ag CEIS, rud nár mhór a sheachaint de ghnáth, is amhlaidh a cheadófaí iad i dtíortha an chomhtháthaithe ar choinníollacha áirithe.
Molann an Coimisiún freisin CEIS a dhíriú ar dhóigh níos fearr ar thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh i dtaca leis an athrú aeráide, mar shampla trí sprioc íosta a shocrú i gcomhair tionscadail atá neamhdhíobhálach don aeráid agus trí shrian a chur leis an tacaíocht a thugtar do mhótarbhealaí sa chaoi gur do thionscadail atá maoinithe le hinfheistiú príobháideach i dtíortha an chomhtháthaithe nó do thionscadail iompair trasteorann a bhfuil ceann amháin ar a laghad de na tíortha sin páirteach iontu a thabharfaí tacaíocht agus dóibh sin amháin. Anuas air sin, aithníonn an Coimisiún a thábhachtaí atá sé cion de bhuiséad an Aontais a úsáid, cuir i gcás an cion sin atá ar fáil faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, i bhfoirm deontas is féidir a chumasc le maoiniú ó CEIS. Cuideoidh an chaoi ar féidir deontais agus maoiniú ó CEIS a úsáid i dteannta a chéile le tionscadail sa mhéid go mbeidh siad inmharthana ón taobh eacnamaíoch agus ó thaobh airgeadais de, rud a chuirfidh le breisluach chaiteachas an Aontais trí acmhainní breise a mhealladh ó infheisteoirí príobháideacha. Thairis sin, agus an éifeacht iolraitheora eacnamaíoch a bhíonn ag infheistíochtaí san earnáil cosanta ar earnálacha eile á cur san áireamh i dtaca le cruthú seachchuideachtaí agus aistriú teicneolaíochta, mar aon le cruthú post, b'iomchuí cuimhneamh ar thionscadail infheistíochta a bhaineann le cosaint a áireamh faoi CEIS agus, ar an gcaoi sin, cuimhneamh ar athrú dá réir a dhéanamh ar chritéir incháilitheachta bheartas BEI maidir le hiasachtaí a thabhairt.
I gcás MCEI, foráiltear sa togra do sheirbhísí cúnaimh theicniúil níos spriocdhírithe do thionscadail a bhfuil roinnt Ballstát páirteach iontu agus a chuidíonn le cuspóirí COP21 a bhaint amach agus d'fhoinsí eile cistiúcháin ón Aontas, amhail CSIE, Fís 2020 agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, ar foinsí iad is féidir a chumasc le maoiniú ó CEIS. Beidh an tacaíocht seo dírithe ar riachtanais nach bhfuil cumhdaithe go leordhóthanach faoi na socruithe atá ann i láthair na huaire.
Ina theannta sin, foráiltear sa togra gur cheart do MCEI cuidiú go gníomhach leis an gcuspóir éagsúlú earnála agus geografach CEIS a bhaint amach trí thacaíocht a thabhairt do BEI tionscadail a thionscnamh nuair is gá.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann anois sa limistéar beartais
An 26 Samhain 2014 chuir an Coimisiún an Plean Infheistíochta don Eoraip i láthair, ar straitéis chuimsitheach é chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna infheistíochta san Eoraip a tháinig chun cinn de dheasca na géarchéime eacnamaíche airgeadais. An togra maidir le síneadh a chur le ré CEIS, tá sé go hiomlán comhsheasmhach le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana, go háirithe le CSIE agus le foinsí cistiúcháin eile ón Aontas lena ndírítear ar infheistíochtaí bonneagair sna Ballstáit. Féadtar na cistí sin a chumasc le maoiniú ó CEIS agus tá athruithe reachtacha á moladh ag an gCoimisiún ionas gur fusa a bheidh sé cumaisc mar sin a dhéanamh.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo comhsheasmhach le mórthosaíochtaí beartais de chuid an Aontais amhail creataí aeráide agus fuinnimh 2020, 2030 agus 2050, lena náirítear an tAontas Fuinnimh agus na gealltanais a tugadh le linn Chomhdháil Pháras maidir leis an athrú aeráide (COP21), an Pacáiste don Gheilleagar Ciorclach, an straitéis Eoraip 2020, an Margadh Aonair Digiteach, Aontas na Margaí Caipitil, an straitéis maidir leis an Margadh Aonair, an Limistéar Iompair Aonair Eorpach, an Clár Oibre do Scileanna Nua don Eoraip agus tosaíochtaí straitéiseacha fadtéarmacha eile de chuid an Aontais Eorpaigh, agus cuidíonn an togra seo leo.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is iad Airteagal 172, Airteagal 173, an tríú mír d'Airteagal 175 agus Airteagal 182(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is bunúis dlí don togra seo. Leagtar amach sa togra seo an creat reachtach is gá chun síneadh a chur le ré CEIS go dtí deireadh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil atá ann faoi láthair mar aon leis na hathruithe teicniúla ar MCEI.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a bhaint amach go leordhóthanach agus is fearr, dá bhrí sin, is féidir leis an Aontas Eorpach iad a bhaint amach. Mar gheall ar na difríochtaí i gcumas fioscach na mBallstát gníomhú, is fearr is féidir le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí. Go sonrach, dá ndéanfaí gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais bheadh barainneachtaí scála ann maidir le buiséid an Aontais a úsáid in éineacht le maoiniú ó ghrúpa BEI trí infheistíocht phríobháideach ar fud an Aontais a chatalú agus tríd an leas is fearr a bhaint as na hInstitiúidí Eorpacha agus as a gcuid saineolais agus eolais chun na críche sin. Is mó dá réir sin a bheidh éifeacht an iolraitheora agus an tionchar praiticiúil ná an méid a d'fhéadfaí a bhaint amach trí fheachtas infheistíochta a dhéanamh i mBallstát amháin nó i ngrúpa Ballstát. De bharr Mhargadh Aonair an Aontais agus de bharr nach mbeidh aon leithdháileadh tionscadal ann a bhaineann le tír nó earnáil ar leith, is mó an tarraingt a bheidh ann d'infheisteoirí agus is lú na rioscaí comhiomlánaithe.
•Comhréireacht
Is é is aidhm don togra ionchas fáis fadtéarmach na hEorpa a mhéadú trí chistí príobháideacha a chur chun tairbhe d'infheistíochtaí straitéiseacha tráth atá acmhainní an bhuiséid gann. Ní théann sin thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
3.COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASTÓIREACHTAÍ
Tar éis don Uachtarán Juncker an Plean Infheistíochta don Eoraip a chur i láthair Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2014, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach comhchodanna uile an Phlean i Nollaig 2014 agus d'éiligh sí go gcuirfí i bhfeidhm é gan mhoill. Thug Grúpa BEI aird ar éileamh na Comhairle Eorpaí agus chuir sé tús le gníomhaíochtaí infheistíochta faoin bplean in Eanáir 2015. Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ina dhiaidh sin leis an gcreat reachtach ba ghá (Rialachán (AE) 2015/1017) go hantapa i Meitheamh 2015. An 1 Meitheamh 2016 d'eisigh an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal 'An Eoraip i mbun infheistíochta athuair – Breithniú ar an bPlean Infheistíochta don Eoraip agus ar na chéad chéimeanna eile' ina ndearnadh cur síos ar a bhfuil bainte amach go nuige seo de thoradh an Phlean Infheistíochta agus ar na chéad chéimeanna eile atá beartaithe, lena náirítear síneadh a chur le ré CEIS i ndiaidh na chéad trí bliana a beartaíodh ina chomhair, ionú na FBManna a mhéadú laistigh den chreat atá ann cheana agus MCEI a fheabhsú. An 28 Meitheamh 2016, ba é conclúid na Comhairle Eorpaí go bhfuil "[…] CEIS tar éis torthaí nithiúla a bhaint amach" agus d'iarr sí ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle tograí an Choimisiúin maidir le todhchaí CEIS a scrúdú "mar ábhar tosaíochta".
Agus an togra seo á ullmhú aige, bhí an Coimisiún ag brath ar an gcomhphlé rialta a bhí ann idir an Chomhairle Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na nAirí. Pléadh an togra freisin le Grúpa BEI, le hionadaithe ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach agus le hionadaithe ó eagraíochtaí neamhrialtasacha. Bhí cruinniú leis na páirtithe leasmhara ar siúl an 7 Meán Fómhair 2016.
Leag na páirtithe leasmhara béim ar an tábhacht a bhaineann le critéir cháilíochta láidre agus le breis trédhearcachta nuair a bhíonn tionscadail á roghnú le tacaíocht a fháil ó ráthaíocht an Aontais Eorpaigh, go háirithe a mhéid a bhaineann le breisíocht a sholáthar. Ina theannta sin, moladh cumhdach geografach agus earnálach CEIS a leathnú agus aird ar leith a thabhairt ar thionscadail a chuidíonn le cuspóirí COP21 mar aon le tionscadail a bhaineann le hinfheistíochtaí bonneagair a bhfuil roinnt Ballstát páirteach iontu. D'iarr na páirtithe leasmhara freisin go mbeadh MCEI rannpháirteach ar bhonn níos gníomhaí i réimsí sonracha, agus go mbeadh ar a chumas cuidiú ar bhealach níos ginearálta le tionscadail a thionscnamh nuair ba ghá. Cuirtear san áireamh sa togra seo an taiseolas a fuarthas.
Thairis sin, fuair an Coimisiún léargas tábhachtach breise maidir le síneadh a chur le ré CEIS ón meastóireacht a rinne sé, mar a cheanglaítear le hAirteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2015/1017 maidir le húsáid ráthaíocht an Aontais Eorpaigh agus feidhmiú an chiste ráthaíochta.
I dteannta na meastóireachta inmheánaí sin, tá meastóireacht neamhspleách ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/1017 ar bun ag saineolaithe seachtracha faoi láthair. Táthar ag súil leis go mbeidh an mheastóireacht sin críochnaithe faoi Shamhain ionas go mbeidh torthaí na meastóireachta mar bhonn eolais leis an gcomhphlé reachtach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Méadófar an ráthaíocht ón Aontas a chuirtear ar fáil do CEIS ó EUR 16 billiún go EUR 26 billiún. As an EUR 26 billiún sin beidh EUR 16 billiún ar a mhéad ar fáil le haghaidh gairmeacha ráthaíochta roimh 6 Iúil 2018. I gcomhréir leis an meastóireacht dá bhforáiltear in Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2015/1017 a ghabhann leis an togra seo, socrófar an soláthar a dhéanfar do Chiste Ráthaíochta an Aontais Eorpaigh mar 35 % d'oibleagáidí iomlána ráthaíocht an Aontais Eorpaigh faoi 2020. Ag an am céanna, ionas go bhféadfaí ráthaíocht EUR 26 billiún a chur ar fáil le linn thréimhse iomlán na hinfheistíochta, ba cheart an ciste ráthaíochta a mhéadú EUR 1.1 billiún, agus, ar an gcaoi sin, sroichfidh sé EUR 9.1 billiún san iomlán.
Tiocfaidh íocaíochtaí isteach sa chiste ráthaíochta go EUR 500 milliún in 2016, EUR 2.3 billiún in 2017, EUR 1.6 billiún in 2018, EUR 1.4 billiún in 2019, EUR 2.0 billiún in 2020, EUR 450 milliún in 2021 agus EUR 400 milliún in 2022. Tiocfaidh leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí go EUR 1.35 billiún in 2015, EUR 2.104 billiún in 2016, EUR 2.641 billiún in 2017, EUR 2.010 billiún in 2018, EUR 167 mhilliún in 2019 agus EUR 378 milliún in 2020. Níor cheart go bhfágfadh soláthar céimnithe an chiste ráthaíochta go mbeadh rioscaí ann do bhuiséad an Aontais Eorpaigh i rith na chéad bhlianta, toisc gur le himeacht ama amháin a dhéanfaí aon ghairmeacha ar an ráthaíocht a bhaineann le caillteanais. Tá treisithe ar an bhféidearthacht bearta eisceachtúla a mholadh, más gá sin.
Mar a tharlaíonn le gníomhaíochtaí reatha BEI, is ar na tairbhithe a mhuirearófar costais oibríochtaí BEI faoi scáth CEIS. De thoradh na noibríochtaí sin agus de thoradh acmhainní chiste ráthaíochta an Aontais Eorpaigh a infheistiú ba cheart go mbeadh ioncam dearfach glan ann, a meastar faoi láthair gur EUR 450 milliún a bheidh ann, agus úsáidfear sin chun cur leis an gciste ráthaíochta. Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí a mbeidh gá leo don togra seo, tá siad le maoiniú go hiomlán laistigh de Chreat Ilbhliantúil Airgeadais 20142020. Déanfar EUR 500 milliún ó ionstraimí airgeadais na Saoráide um Chónascadh na hEorpa a athleithdháileadh faoi cheannteideal 1A agus cuirfear EUR 150 milliún ar fáil ón gcorrlach neamhleithdháilte.
Ar mhaithe leis an athleithdháileadh ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa tá gá le leasú ar Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, mar a áirítear faoi Airteagal 2 den togra seo.
Na clúdaigh airgeadais don earnáil iompair agus don earnáil fuinnimh a leagtar síos in Airteagal 5, ba cheart iad a laghdú EUR 155 mhilliún agus EUR 345 mhilliún faoi seach.
Ar chúiseanna a bhaineann le comhsheasmhacht dhlíthiúil, áirítear sa leasú seo faoi Airteagal 2 méadú EUR 50 milliún ar an gclúdach airgeadais don earnáil teileachumarsáide mar atá le fáil i dtogra an Choimisiúin le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 maidir le nascacht idirlín a chur chun cinn i bpobail áitiúla.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Foráiltear do na ceanglais faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe ar bhonn leordhóthanach i Rialachán (AE) 2015/1017. Coigeartaítear leis an togra seo an mheastóireacht agus an tuairisciú chun an síneadh a chuirfear leis an tréimhse infheistíochta a chur san áireamh.
•Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Áirítear sa togra seo lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 na príomheilimintí seo a leanas:
a) Maoiniú
–Síneadh a chur le ré CEIS go dtí deireadh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil atá ann faoi láthair, i.e. go dtí 31 Nollaig 2020, d'fhonn sprioc infheistíochta EUR 500 billiún ar a laghad a bhaint amach, idir infheistíocht phoiblí agus phríobháideach, le linn thréimhse iomlán na hinfheistíochta.
–Ráthaíocht an Aontais Eorpaigh a mhéadú go EUR 26 billiún, a mbeidh EUR 16 billiún di sin ar a mhéad ar fáil le haghaidh gairmeacha ráthaíochta roimh 6 Iúil 2018.
–Sprioc-ráta chiste ráthaíochta an Aontais Eorpaigh a choigeartú go 35 % d'oibleagáidí iomlána ráthaíocht an Aontais Eorpaigh.
–Ranníocaíocht BEI a mhéadú ó EUR 5 billiún go EUR 7.5 billiún le linn thréimhse iomlán na hinfheistíochta. An méadú seo agus an dáileadh a dhéanfar ar ranníocaíocht BEI idir an tionú bonneagair agus nuálaíochta agus ionú na FBManna, tá siad araon faoi réir a bhfaofa ag na comhlachtaí cinnteoireachta iomchuí de chuid BEI.
–Ranníocaíocht bhreise ó bhuiséad ginearálta an Aontais a dhéanamh le ciste ráthaíochta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na ninfheistíochtaí sin a dhéanfar le linn thréimhse iomlán na hinfheistíochta trí EUR 500 milliún a aistriú ón imchlúdach atá ar fáil don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le haghaidh ionstraimí airgeadais agus EUR 150 milliún ón gcorrlach neamhleithdháilte.
–Ioncam dearfach glan tuairim agus EUR 450 milliún a thiocfaidh ó chostais arna ngearradh ar thairbhithe agus ó infheistiú acmhainní an chiste ráthaíochta a úsáid chun cur leis an gciste ráthaíochta.
b) Rialachas agus roghnú tionscadal
–Beidh breisíocht atreisithe ann agus ní foláir d'oibríochtaí faoi CEIS, mar chritéir incháilitheachta, dul i ngleic le cliseadh sa mhargadh nó le staideanna infheistíochta fo-optamacha atá aitheanta go soiléir. Áirítear sa togra freisin sainmhíniú níos mionsonraithe ar an rud is breisíocht ann agus meastar ann go gcomhlíonfaidh tionscadail faoin ionú bonneagair agus nuálaíochta a nascann dhá Bhallstát nó níos mó, go gcomhlíonfaidh siad an ceanglas maidir le breisíocht i ngeall ar a ndeacracht shainiúil agus an breisluach mór don Aontas a bhaineann leo.
–Béim bhreise ar thionscadail a chuidíonn leis na spriocanna uaillmhianacha a socraíodh don Aontas ag Comhdháil Pháras maidir leis an athrú aeráide (COP21) a bhaint amach. Is mó a dhíreofar freisin ar thionscadail tosaíochta idirnaisc fuinnimh agus tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh. Ina theannta sin, foráiltear sa togra go seachnófar tacaíocht CEIS a thabhairt do mhótarbhealaí, ach amháin más gá sin chun tacú le hinfheistiú príobháideach san iompar i dtíortha an chomhtháthaithe nó le hinfheistiú i dtionscadail iompair trasteorann a bhfuil ceann amháin ar a laghad de na tíortha sin páirteach iontu. Foráiltear sa togra freisin go náireofar an talmhaíocht, an tiascach agus an dobharshaothrú go sainráite i measc na gcuspóirí ginearálta is incháilithe do thacaíocht CEIS. Fairis sin, ní mór sciar níos mó den mhaoiniú a bheith dírithe ar FBManna i bhfianaise an éilimh eisceachtúil ar mhaoiniú FBM faoi CEIS: Ba cheart 40 % den mhéadú ar chumas CEIS riosca a sheasamh a bheith dírithe ar rochtain ar mhaoiniú a mhéadú do FBManna.
–Trédhearcacht mhéadaithe de thoradh na hoibleagáide atá ar an gCoiste Infheistíochta sna cinntí a dhéanann sé, agus a chuirtear ar fáil don phobal, míniú a thabhairt ar na fáthanna a bhfuil sé den tuairim gur cheart ráthaíocht an Aontais Eorpaigh a thabhairt d'oibríocht áirithe agus de thoradh an scórchlár táscairí a fhoilsiú a luaithe a shínítear oibríocht a bhfuil ráthaíocht an Aontais Eorpaigh á fáil aici. Áirítear sa togra freisin an oibleagáid atá ar BEI agus ar CEI a chur in iúl do na tairbhithe deiridh, FBManna san áireamh, go bhfuil tacaíocht le fáil ó CEIS.
–Coigeartuithe ar fhorálacha a bhaineann le prionsabail an Aontais i dtaca le dearialachas cánach, agus na forálacha sin a atreisiú, chun freastal ar fhorbairtí beartais a rinneadh sa réimse sin le déanaí.
–Soiléirithe teicniúla teoranta maidir leis na nithe seo a leanas: (i) a bhfuil sa chomhaontú idir an Coimisiún agus BEI maidir le CEIS a bhainistiú, le ráthaíocht an Aontais Eorpaigh a dheonú agus leis na hionstraimí a chumhdaítear, go háirithe fo-mhaoiniú, agus (ii) caillteanais a chumhdach mar gheall ar luaineachtaí an ráta malairte i gcásanna áirithe.
c) An Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht
–Seirbhísí cúnaimh theicniúil níos spriocdhírithe do thionscadail a bhfuil roinnt Ballstát páirteach iontu agus a chuidíonn le cuspóirí COP21 a bhaint amach, do bhonneagair dhigiteacha agus d'fhoinsí eile cistiúcháin ón Aontas a chumasc le maoiniú ó CEIS. Beidh an tacaíocht seo dírithe ar riachtanais nach bhfuil cumhdaithe go leordhóthanach faoi na socruithe atá ann i láthair na huaire. Ina theannta sin, foráiltear sa togra gur cheart do MCEI cuidiú go gníomhach leis an gcuspóir éagsúlú earnála agus geografach CEIS a bhaint amach.
2016/0276 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) 2015/1017 i ndáil le síneadh a chur le ré an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha chomh maith le feabhsuithe teicniúla ar an gCiste sin agus ar an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht a thabhairt isteach
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 agus Airteagal 173, an tríú mír d'Airteagal 175 agus Airteagal 182(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Ón uair a cuireadh an Plean Infheistíochta don Eoraip i láthair i mí na Samhna 2014, tá feabhas tagtha ar chúrsaí sa dóigh go bhfuil na dálaí ann anois le haghaidh méadú ar infheistiú agus tá muinín á cur i ngeilleagar na hEorpa agus ina chumas chun fáis. Is í seo an ceathrú bliain as a chéile a bhfuil téarnamh measartha ar siúl san Aontas agus bhí ráta fáis 2 % faoi Olltáirgeacht Intíre an Aontais in 2015. Tá torthaí nithiúla cheana ar na hiarrachtaí cuimsitheacha ar cuireadh tús leo leis an bPlean Infheistíochta, cé nach féidir éifeachtaí maicreacnamaíocha a bheith ag tionscadail mhóra infheistíochta láithreach bonn. Táthar ag súil leis go dtiocfaidh feabhas ar infheistiú i rith 2016 agus 2017 cé go bhfuil sé fós faoi bhun na leibhéal stairiúla.
(2)Ba cheart an dul chun cinn dearfach sin a choinneáil ar bun agus is gá leanúint ar aghaidh leis na hiarrachtaí chun an infheistíocht a thabhairt ar ais chuig an treocht fhadtéarmach inbhuanaithe a bhaineann leis. Oibríonn sásraí an Phlean Infheistíochta agus ba cheart iad a threisiú chun leanúint d'infheistíochtaí príobháideacha a chur chun tairbhe d'earnálacha atá tábhachtach do thodhchaí na hEorpa ach a bhfuil ag cliseadh ar an margadh nó a bhfuil cúrsaí infheistíochta fo-optamach iontu go fóill féin.
(3)Ar an 1 Meitheamh 2016 d'eisigh an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal "An Eoraip i mbun infheistíochta arís – Breithniú ar an bPlean Infheistíochta don Eoraip agus na chéad chéimeanna eile [Europe investing again – Taking stock of the Investment Plan for Europe and next steps]" inar leagadh amach an méid atá bainte amach go nuige seo de thoradh an Phlean Infheistíochta agus ar na chéad chéimeanna eile atá beartaithe, lena náirítear síneadh ama a chur le ré Ciste Eorpach do Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) i ndiaidh na chéad trí bliana a beartaíodh ina chomhair, Ionú na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (FBManna) a mhéadú laistigh den chreat atá ann cheana agus an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht (MCEI) a fheabhsú.
(4)Tá CEIS, ciste a dhéanann Grúpa BEI a chur chun feidhme agus a chomhurrú, ar an mbóthar ceart lena chuspóir a bhaint amach, mar atá EUR 315 billiún ar a laghad d'infheistíochtaí breise a chur chun tairbhe san fhíorgheilleagar faoi lár 2018. Bhí luas ar leith faoi ionsú an mhargaidh faoi Ionú na FBManna agus tá CEIS ag cur i bhfad níos mó ná a raibh súil leis i gcrích sa réimse sin. Dá réir sin, méadaíodh Ionú na FBManna EUR 500 milliún i mí Iúil 2016 laistigh de na paraiméadair a bhí leagtha síos cheana féin i Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017. Ní mór sciar níos mó den mhaoiniú a bheith dírithe ar FBManna i bhfianaise an éilimh eisceachtúil ar mhaoiniú do FBManna faoi CEIS: ba cheart 40 % de chumas méadaithe CEIS riosca a sheasamh a bheith dírithe ar rochtain ar mhaoiniú a mhéadú do FBManna.
(5)An 28 Meitheamh 2016 ba é conclúid na Comhairle Eorpaí go raibh an Plean Infheistíochta don Eoraip, go háirithe an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), i ndiaidh torthaí nithiúla a bhaint amach agus gur mhór an cuidiú é le hinfheistiú príobháideach a chur chun tairbhe agus úsáid chliste a bhaint as acmhainní ganna an bhuiséid. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tograí a thíolacadh go luath maidir lena bhfuil i ndán do CEIS, agus ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle scrúdú a dhéanamh orthu mar ábhar tosaíochta.
(6)Ré trí bliana a beartaíodh a chéaduair i gcomhair CEIS nuair a bunaíodh é agus ba é ab aidhm dó EUR 315 billiún ar a laghad in infheistíochtaí breise a chur ar fáil. I ngeall ar an rath atá air tá an Coimisiún tiomanta ré CEIS agus an acmhainn maoinithe atá aige a mhéadú faoi dhó. Cumhdaítear leis an síneadh dlíthiúil ré an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil atá ann faoi láthair agus ba cheart go gcuirfí ar fáil dá bharr infheistíochtaí leaththrilliún euro san iomlán faoi 2020. Chun acmhainn CEIS a fheabhsú tuilleadh fós agus an sprioc atá leagtha amach an infheistíocht a dhúbailt a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh leis freisin agus sin a bheith mar ábhar tosaíochta acu.
(7)Don tréimhse ó 2020 amach, tá sé i gceist ag an gCoimisiún na moltaí is gá a dhéanamh lena áirithiú go leanfar den infheistíocht straitéiseach sin ar leibhéal inbhuanaithe.
(8)Ba cheart do CEIS méadaithe dul i ngleic le haon chliseadh sa mhargadh nó le staideanna infheistíochta fo-optamach atá fós ann agus leanúint ar aghaidh de bheith ag baint leas as maoiniú ón earnáil phríobháideach chun tairbhe infheistíochtaí atá ríthábhachtach do chruthú post amach anseo san Eoraip, lena náirítear don aos óg, don fhás agus don iomaíochas le breisíocht neartaithe. Ina measc siúd tá infheistíochtaí i réimsí amhail fuinneamh, an comhshaol agus gníomhú ar son na haeráide, caipiteal sóisialta agus daonna agus bonneagar a bhaineann leis sin, cúram sláinte, taighde agus nuálaíocht, iompar trasteorann agus inbhuanaithe, chomh maith leis an athrú mór i dtreo saol digiteach. Go háirithe, ba cheart treisiú a dhéanamh ar an méid a rannchuidíonn oibríochtaí a dtacaítear leo le CEIS chun spriocanna uaillmhianacha an Aontais, a leagadh amach ag Comhdháil Pháras maidir leis an Athrú Aeráide (COP21), a bhaint amach. Ba cheart díriú níos mó freisin ar thionscadail tosaíochta idirnaisc fuinnimh agus tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh de réir a chéile. Chomh maith leis sin, ba cheart tacaíocht CEIS do mhótarbhealaí a sheachaint, ach amháin má tá gá leis sin chun tacaíocht a thabhairt don infheistíocht phríobháideach i dtíortha an chomhtháthaithe nó i dtionscadail iompair trasteorann a bhfuil baint ag tír amháin acu sin ar a laghad leo. Ar mhaithe le soiléireacht, cé go bhfuil siad incháilithe cheana féin, ba cheart a leagan síos go sainráite go dtagann tionscadail i réimsí na talmhaíochta, an iascaigh agus an dobharshaothraithe laistigh de na cuspóirí ginearálta atá incháilithe do thacaíocht CEIS.
(9)Ba cheart an bhreisíocht, ar gné lárnach de CEIS í, a neartú i dtaca le roghnú na dtionscadal. Go háirithe, níor cheart d'oibríochtaí a bheith incháilithe do thacaíocht CEIS ach amháin má théann siad i ngleic le cliseadh sa mhargadh nó staideanna infheistíochta fo-optamacha atá aitheanta go soiléir. Ba cheart oibríochtaí bonneagair faoin Ionú Bonneagair agus Nuálaíochta a nascann dhá Bhallstát nó níos mó le chéile, ríomhbhonneagar san áireamh, ba cheart iad a mheas mar oibríochtaí breise i ngeall ar a ndeacracht shainiúil agus an breisluach mór don Aontas a bhaineann leo.
(10)I ngeall ar an gcumas féideartha atá acu éifeachtúlacht na hidirghabhála CEIS a mhéadú, ba cheart spreagadh a thabhairt d'oibríochtaí cumaisc lena gcuirtear foirmeacha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais neamhinaisíoctha ó bhuiséad an Aontais le chéile, amhail iad siúd atá ar fáil faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, agus don mhaoiniú ó Ghrúpa BEI, lena náirítear maoiniú BEI faoi CEIS agus ó infheisteoirí eile chomh maith. Is é is aidhm don chumasc breisluach chaiteachas an Aontais a fheabhsú trí acmhainní breise a mhealladh ó infheisteoirí príobháideacha agus a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo ina ngníomhaíochtaí atá inmharthana ón taobh eacnamaíoch agus ó thaobh airgeadais de.
(11)Chun go mbainfear níos mó úsáide as CEIS sna réigiúin bheagfhorbartha agus sna réigiúin trasdula, ba cheart raon na gcuspóirí ginearálta atá incháilithe ar thacaíocht CEIS a mhéadú.
(12)Le linn thréimhse iomlán na hinfheistíochta, ba cheart don Aontas ráthaíocht Aontais ('ráthaíocht AE') a sholáthar, ráthaíocht nár cheart a bheith níos airde ná EUR 26 000 000 000 ag aon tráth, chun go mbeifear in ann tacaíocht a thabhairt d'infheistíochtaí le CEIS, agus ba cheart EUR 16 000 000 000 ar a mhéad de sin a bheith ar fáil roimh an 6 Iúil 2018.
(13)Táthar ag súil leis, nuair a dhéanfar ráthaíocht AE a chomhcheangal le EUR 7 500 000 000 atá le soláthar ag BEI, gur cheart go nginfeadh tacaíocht CEIS infheistíocht bhreise EUR 100 000 000 000 ó BEI agus CEI. Táthar ag súil leis go nginfidh an tsuim de EUR 100 000 000 000 arna dtacú ag CEIS infheistíocht bhreise EUR 500 000 000 000 san fhíorgheilleagar roimh dheireadh 2020.
(14)Chun maoiniú a dhéanamh go páirteach ar an ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais chuig an gciste ráthaíochta AE chun na hinfheistíochtaí breise a dhéanamh, ba cheart aistriú a dhéanamh ón imchlúdach atá ar fáil don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Thairis sin, ba cheart leithreasuithe EUR 1 145 797 000 a aistriú ó ionstraimí airgeadais SCE chuig cuid an deontais de SCE d'fhonn cumasc le CEIS nó le hionstraimí airgeadais ábhartha eile a éascú, go háirithe na hionstraimí sin atá tiomanta don éifeachtúlacht fuinnimh.
(15)Ar bhonn na taithí a fuarthas i dtaca leis na hinfheistíochtaí ar tugadh tacaíocht dóibh ó CEIS, ba cheart spriocmhéid an chiste ráthaíochta a thabhairt go 35 % d'oibleagáidí iomlána ráthaíocht AE chun leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú.
(16)I gcomhréir leis an éileamh ollmhór ón margadh ar mhaoiniú do FBManna faoi CEIS, éileamh a leanfaidh ar aghaidh de réir gach cosúlachta, ba cheart Ionú na FBManna de chuid CEIS a fheabhsú. Ba cheart béim ar leith a chur ar fhiontair shóisialta, trí ionstraimí nua a fhorbairt agus a chur in úsáid.
(17)Ba cheart do BEI agus do CEI a áirithiú go gcuirfear na tairbhithe deiridh, FBManna san áireamh, ar an eolas faoin tacaíocht CEIS atá ar fáil, sa chaoi go mbeidh ráthaíocht AE a thugtar faoi Rialachán (AE) 2015/1017 níos infheicthe.
(18)D'fhonn trédhearcacht oibríochtaí CEIS a fheabhsú, ba cheart don Choiste Infheistíochta, sna cinntí a dhéanann sé, a chuirtear ar fáil don phobal, míniú a thabhairt ar na cúiseanna a bhfuil sé den tuairim gur cheart ráthaíocht AE a thabhairt d'oibríocht, agus béim ar leith á leagan aige ar chomhlíonadh na gcritéar breisíochta. Ba cheart scórchlár na dtáscairí a chur ar fáil don phobal a luaithe a shínítear oibríocht a bhfuil ráthaíocht AE á fáil aici.
(19)Ba cheart do na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CEIS cloí le prionsabail an Aontais maidir le dearialachas cánach.
(20)Chomh maith leis sin, is iomchuí soiléirithe teicniúla áirithe a dhéanamh i dtaca lena bhfuil sa chomhaontú faoi bhainistiú CEIS agus i dtaca le deonú ráthaíocht AE agus i dtaca leis na hionstraimí atá cumhdaithe aige, lena náirítear cumhdach do riosca ó ráta malartaithe airgeadraí i gcásanna áirithe. Ba cheart an comhaontú le BEI maidir le bainistiú CEIS agus maidir le deonú ráthaíocht AE a ghlacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
(21)Ba cheart an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht (MCEI) a fheabhsú agus ba cheart dá chuid gníomhaíochtaí bheith ag díriú ar riachtanais nach gcumhdaítear go leordhóthanach faoi na socruithe reatha. Ba cheart dó aird ar leith a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt do thionscadail a bhfuil baint ag dhá Ballstát nó níos mó leo a ullmhú, agus do thionscadail a chuidíonn le cuspóirí COP21 a bhaint amach a ullmhú. D'ainneoin an cuspóir atá aige cur le seirbhísí reatha comhairliúcháin de chuid BEI agus de chuid an Choimisiúin, agus gníomhú ar an gcaoi sin mar mhol comhairleach teicniúil aonair le haghaidh maoiniú tionscadal laistigh den Aontas, ba cheart do MCEI cuidiú go gníomhach leis an gcuspóir éagsúlú earnálach agus geografach CEIS a bhaint amach agus tacaíocht a thabhairt do BEI tionscadail a thionscnamh nuair is gá. Ba cheart dó rannchuidiú go gníomhach le hardáin infheistíochta a bhunú agus comhairle a thabhairt maidir le foinsí eile cistithe ón Aontas a chumasc le cistiú ó CEIS.
(22)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017 mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 4(2) mar a leanas:
(a)i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):
'(ii)
méid, nach lú ná EUR 7 500 000 000 i ráthaíochtaí nó in airgead tirim, agus téarmaí na ranníocaíochta airgeadais a bheidh le cur ar fáil ag BEI trí CEIS;';
(b)i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
'(i)
i gcomhréir le hAirteagal 11, rialacha mionsonraithe maidir le ráthaíocht AE a sholáthar, lena náirítear a cuid socruithe maidir le cumhdach agus a cumhdach sainithe ar phunanna de chineálacha sonracha ionstraimí agus na teagmhais ábhartha a spreagann gairmeacha ar ráthaíocht AE;';
(2)in Airteagal 5(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
'Chun dul i ngleic le cliseadh sa mhargadh nó staideanna infheistíochta fo-optamacha ar bhealach níos fearr, go ginearálta, beidh gnéithe amhail fo-ordú, rannpháirtíocht in ionstraimí comhroinnte riosca, tréithe trasteorann, neamhchosaint ar rioscaí sonracha nó gnéithe inaitheanta eile mar a chuirtear síos orthu in Iarscríbhinn II ag gníomhaíochtaí speisialta BEI a dtacaítear leo faoi CEIS.
Maidir le tionscadail BEI a mbaineann riosca leo is ísle ná an riosca íosta faoi ghníomhaíochtaí speisialta BEI, féadfaidh CEIS tacú leo freisin más gá ráthaíocht AE a úsáid chun breisíocht, mar a shainmhínítear í sa chéad fhomhír den mhír seo, a áirithiú.
Na tionscadail a dtacaítear leo faoi CEIS a bhaineann le bonneagar fisiceach a nascann dhá Bhallstát nó níos mó nó a bhaineann le bonneagar nó seirbhísí fisiceacha atá nasctha leis an mbonneagar fisiceach a shíneadh ó Bhallstát amháin go Ballstát amháin eile nó níos mó, measfar go bhfuil breisíocht á soláthar acu freisin.';
(3)In Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh:
'Beidh foráil i gComhaontú CEIS go dtacóidh CEIS le tionscadail a théann i ngleic le cliseadh sa mhargadh nó le staideanna infheistíochta fo-optamacha agus:';
(4)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a)Leasaítear mír 8 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
'(e)
Gníomhú ar son na haeráide, cosaint agus bainistíocht comhshaoil;';
(ii)Cuirtear an pointe (l) seo a leanas leis:
'(l)
an talmhaíocht, an tiascach agus an dobharshaothrú.';
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt de mhír 10:
'Déanfaidh gach comhalta den Choiste Infheistíochta an fhaisnéis go léir is gá chun seiceáil ar bhonn leanúnach nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann a chur in iúl don Bhord Stiúrtha, don Stiúrthóir Bainistíochta agus don LeasStiúrthóir Bainistíochta gan mhoill.';
(c)i mír 11, cuirtear an abairt seo a leanas isteach:
'Beidh sé de chúram ar an Stiúrthóir Bainistíochta an Bord Stiúrtha a chur ar an eolas faoi aon sárú den sórt sin a bhfaighidh sé eolas air agus gníomhaíocht oiriúnach a mholadh.';
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt den dara fomhír de mhír 12:
'Beidh cinntí lena bhformheastar úsáid ráthaíocht AE ar fáil go poiblí agus inrochtana, agus beidh an réasúnaíocht don chinneadh mar chuid de, le béim ar leith ar chomhlíonadh na gcritéar breisíochta. Ní bheidh faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de sa mhéid a fhoilsítear. Agus é ag teacht ar a chinneadh, beidh na doiciméid arna soláthar ag BEI mar thacaíocht don Choiste Infheistíochta.';
(5)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
(a)i mír 2, cuirtear isteach pointe (h) agus pointe (i) seo a leanas:
'(h)
an talmhaíocht, an tiascach agus an dobharshaothrú;
(i)
i gcás na réigiún beagfhorbartha agus na réigiún trasdula a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II faoi seach de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2014/99/AE ón gCoimisiún, tionscail agus seirbhísí eile atá incháilithe do thacaíocht BEI.';
(b)i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
'Beidh sé mar sprioc ag BEI go dtacóidh 40 % ar a laghad de mhaoiniú CEIS faoin ionú bonneagair agus nuálaíochta le tionscadail a bhfuil comhpháirteanna acu a rannchuidíonn le gníomhú ar son na haeráide, i gcomhréir le gealltanais COP21. Tabharfaidh an Bord Stiúrtha treoir mhionsonraithe chun na críche sin.';
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
'3.
Mairfidh an tréimhse infheistíochta ar lena linn a fhéadfar ráthaíocht AE a dheonú chun tacú le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo go dtí:
(a)
31 Nollaig 2020, i gcás oibríochtaí BEI a mbeidh conradh sínithe ina leith idir BEI agus an tairbhí nó an tidirghabhálaí airgeadais faoin 31 Nollaig 2022;
(b)
31 Nollaig 2020, i gcás oibríochtaí CEI a mbeidh conradh sínithe ina leith idir CEI agus an tidirghabhálaí airgeadais faoin 31 Nollaig 2022.';
(d)scriostar mír 4.;
(6)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d'Airteagal 10(2):
'(a)iasachtaí BEI, ráthaíochtaí, contraráthaíochtaí, ionstraimí margaidh caipitil, aon fhoirm eile d'ionstraim cistithe nó feabhsaithe creidmheasa, fofhiachas san áireamh, rannpháirtíochtaí cothromais nó cuasachothromais, lena náirítear i bhfábhar bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, ardáin infheistíochta nó cistí infheistíochta;
(7)Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
'1.
Ní bheidh ráthaíocht AE, ag aon am, níos mó ná EUR 26 000 000 000, a bhféadfar cuid de a leithdháileadh le haghaidh chistiú BEI nó ráthaíochtaí BEI do CEI i gcomhréir le mír 3. Na glaníocaíochtaí comhiomlána as buiséad ginearálta an Aontais faoi ráthaíocht AE, ní bheidh siad níos mó ná EUR 26 000 000 000 agus ní bheidh siad níos mó ná EUR 16 000 000 000 roimh an 6 Iúil 2018.';
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
'3.
I gcás ina gcuireann BEI cistiú nó ráthaíochtaí ar fáil do CEI chun oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta BEI a dhéanamh, déanfaidh ráthaíocht AE foráil le haghaidh ráthaíocht iomlán maidir le cistiú nó ráthaíochtaí den sórt sin ar choinníoll go ndéanann BEI méid EUR 4 000 000 000 ar a laghad de mhaoiniú nó ráthaíochtaí a chur ar fáil gan chumhdach ó ráthaíocht AE] suas go dtí teorainn tosaigh EUR 6 500 000 000. Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an Bord Stiúrtha an teorainn sin a choigeartú i gcás inarb iomchuí.
(c)i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):
'(a)maidir leis na hionstraimí fiachais dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(a), an phríomhshuim agus an tús go léir agus na méideanna uile a bheidh dlite do BEI ach gan a bheith faighte aige i gcomhréir le téarmaí na noibríochtaí maoiniúcháin go dtí tráth na mainneachtana; caillteanais a eascraíonn as luaineachtaí airgeadraí eile seachas an euro i margaí nach bhfuil ach féidearthachtaí teoranta iontu fálú fadtéarmach a dhéanamh; i gcás fofhiachais measfar cur siar, laghdú nó dul amach éigeantach bheith ina theagmhas mainneachtana;
(b)maidir leis na hinfheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(a), na méideanna a infheistíodh agus a gcostas cistithe gaolmhar agus caillteanais a eascraíonn as luaineachtaí airgeadraí eile seachas an euro;';
(8)Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
'5.Úsáidfear na dearlaicí leis an gciste ráthaíochta dá dtagraítear faoi mhír 2 chun leibhéal iomchuí (spriocmhéid) a bhaint amach ionas go léireofaí oibleagáidí iomlána ráthaíocht AE. Déanfar an spriocmhéid a shocrú ag 35 % d'oibleagáidí iomlána ráthaíocht AE.';
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
'7.Ón 1 Eanáir 2018, más rud é go dtiteann leibhéal an chiste ráthaíochta faoi bhun 50 % den spriocmhéid, de thoradh gairmeacha ar ráthaíocht AE, nó, de réir measúnaithe riosca ón gCoimisiún, go bhféadfadh sé go dtitfidh sé faoi bhun an leibhéil sin laistigh de bhliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil isteach faoi bhearta eisceachtúla a bhféadfadh gá a bheith leo.';
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8, mhír 9 agus mhír 10:
'8.
Tar éis gairm ar ráthaíocht AE, úsáidfear na dearlaicí leis an gciste ráthaíochta dá bhforáiltear i bpointe (b) agus i bpointe (d) de mhír 2 atá os cionn an spriocmhéid laistigh de theorainneacha na tréimhse infheistíochta dá bhforáiltear in Airteagal 9 le ráthaíocht AE a thabhairt ar ais chuig an méid iomlán a bhí aici.
9.
Déanfar na dearlaicí leis an gciste ráthaíochta dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 2 a úsáid chun ráthaíocht AE a thabhairt ar ais chuig a méid iomlán.
10.I gcás ina mbeidh ráthaíocht AE tugtha ar ais go hiomlán suas go dtí méid EUR 26 000 000 000, déanfar aon mhéid sa chiste ráthaíochta de bhreis ar an spriocmhéid a íoc le buiséad ginearálta an Aontais mar ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 d'aon línte buiséid a d'fhéadfadh a bheith úsáidte mar fhoinse athimlonnaithe chuig an gciste ráthaíochta.';
(9)Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
(a)Leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
'Beidh ar áireamh i dtacaíocht den sórt sin tacaíocht spriocdhírithe a sholáthar maidir le húsáid cúnaimh theicniúil do struchtúrú tionscadal, le húsáid ionstraimí airgeadais nuálacha agus le húsáid comhpháirtíochtaí poiblipríobháideacha, agus sainiúlachtaí agus riachtanais na mBallstát i dtaca le margaí airgeadais beagfhorbartha á gcur san áireamh.';
(ii)sa dara fomhír, cuirtear an abairt seo a leanas léi:
'Tacóidh sé freisin le tionscadail a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide nó leis an ngeilleagar ciorclach, nó comhpháirteanna díobh, a ullmhú, go háirithe i gcomhthéacs COP21, le tionscadail san earnáil dhigiteach a ullmhú, agus leis na tionscadail dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d'Airteagal 5(1) a ullmhú chomh maith.';
(b)leasaítear mír 2 mar seo a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) :
'(c)leas a bhaint as eolas áitiúil chun tacaíocht CEIS a éascú ar fud an Aontais agus rannchuidiú, nuair is féidir, le héagsúlú earnála agus geografach CEIS, cuspóir dá dtagraítear i Roinn 8 d'Iarscríbhinn II trí thacaíocht a thabhairt do BEI oibríochtaí a thionscnamh;';
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
'(e)tacaíocht réamhghníomhach a sholáthar maidir le hardáin infheistíochta a bhunú;';
(iii)Cuirtear pointe (f) a leanas isteach:
'(f)comhairle a sholáthar maidir le foinsí eile cistithe ón Aontas (amhail Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, Fís 2020 agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa) a chumasc le cistiú ó CEIS.';
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
'5.Chun an cuspóir dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú agus chun soláthar tacaíochta comhairlí a éascú ar an leibhéal áitiúil, féachfaidh MCEI le saineolas BEI, an Choimisiúin, banc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, agus údaráis bhainistíochta Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a úsáid.';
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt de mhír 6:
'Maidir le comhar idir, ar thaobh amháin MCEI agus, ar an taobh eile banc nó institiúid náisiúnta le haghaidh spreagadh, institiúid idirnáisiúnta maoiniúcháin nó institiúid nó údarás bainistíochta, lena náirítear iad siúd atá ag gníomhú mar chomhairleoir náisiúnta, ag a bhfuil saineolas is ábhartha chun críocha MCEI, féadfaidh sé a bheith i bhfoirm comhpháirtíochta conarthaí.';
(10)Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
'6.Faoin 30 Meitheamh 2018 agus faoin 30 Meitheamh 2020, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina mbeidh meastóireacht neamhspleách ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.';
(b)scriostar mír 7 agus mír 8;
(11)in Airteagal 19, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
'Cuirfidh BEI agus CEI na tairbhithe deiridh, FBManna san áireamh, ar an eolas go bhfuil tacaíocht le fáil ó CEIS, nó cuirfidh sé iallach ar idirghabhálaithe airgeadais iad a chur ar an eolas faoi sin.';
(12)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22(1):
'1.
Ina noibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ní thacóidh BEI, CEI ná aon idirghabhálaí airgeadais le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun críocha neamhdhleathacha, lena náirítear sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoirí, coireacht eagraithe, calaois cánach agus imghabháil cánach, éilliú agus calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.
Go háirithe, ní ghlacfaidh BEI ná CEI páirt in aon oibríocht maoiniúcháin ná infheistíochta trí mheán atá suite i ndlínse nach mbíonn ag comhoibriú leis an Aontas i ndáil le caighdeáin cánach maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta a chur i bhfeidhm.
Ina noibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ní bhainfidh BEI ná CEI úsáid as struchtúir seachanta cánach, agus ní ghlacfaidh siad páirt iontu, go háirithe scéimeanna i dtaca le pleanáil ionsaitheach cánach, nó cleachtais nach gcomhlíonann prionsabail an Aontais maidir le dearialachas cánach, mar a leagtar amach iad i reachtaíocht an Aontais, lena náirítear moltaí agus teachtaireachtaí ón gCoimisiún.
Soláthróidh an Coimisiún treoir mhionsonraithe, nuair is gá.';
(13)in Airteagal 23(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte agus an dara habairt den chéad fhomhír:
'Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(13) agus (14) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 4 Iúil 2015. Déanfaidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana tuarascáil a ullmhú maidir le tarmligean na cumhachta.';
(14)Déantar Iarscríbhinn II a leasú mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 mar a leanas:
(1)
In Airteagal 5, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Is é an clúdach airgeadais do chur chun feidhme na Saoráide um Chónascadh na hEorpa don tréimhse 2014 go 2020 EUR 29 992 259 000 i bpraghsanna reatha. Leithdháilfear an méid sin mar a leanas:
(a)
an earnáil iompair: EUR 23 895 582 000, as a naistreofar EUR 11 305 500 000 ón gCiste Comhtháthaithe lena chaitheamh i gcomhréir leis an Rialachán seo sna Ballstáit atá i dteideal cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe, agus sna Ballstáit sin amháin;
(b)
an earnáil teileachumarsáide: EUR 1 091 602 000;
(c)
an earnáil fuinnimh: EUR 5 005 075 000.
Tá na méideanna sin gan dochar do chur i bhfeidhm an tsásra solúbthachta dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle(*).
________________
(*)
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).’.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
1.4.Cuspóirí
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialacháin ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2015/1017
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB
Réimse beartais: Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Gníomhaíocht ABM: Oibríochtaí agus ionstraimí airgeadais
Chun cuntas mionsonraithe a fháil ar na Gníomhaíochtaí ABB, féach Roinn 3.2
Réimse beartais: Soghluaisteacht agus Iompar
Réimse beartais: Líonraí, inneachar agus teicneolaíocht na cumarsáide
Réimse beartais: Fuinneamh
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
Tacú le hinfheistíochtaí chun fás a spreagadh i gcomhréir le tosaíochtaí buiséadacha an Aontais, go háirithe sna réimsí seo a leanas:
1)
Bonneagar straitéiseach (Infheistíochtaí digiteacha agus fuinnimh i gcomhréir le beartais an Aontais Eorpaigh)
2)
Bonneagar iompair in ionaid thionsclaíocha, oideachais, taighde agus nuálaíochta
3)
Infheistíochtaí a chuireann borradh faoin bhfostaíocht, go háirithe le maoiniú do FBManna agus bearta fostaíochta don aos óg
1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann
Cuspóir sonrach Uimh. 1
Líon oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) a mhéadú i réimsí tosaíochta
Cuspóir sonrach Uimh. 2
Méid an mhaoinithe ón gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI) a mhéadú d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide
Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann:
ECFIN: Oibríochtaí agus ionstraimí airgeadais
1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Ba cheart go gcuirfeadh an tionscnamh ar chumas an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta a dhéanamh sna réimsí atá luaite faoi 1.4.1 le luach maoinithe níos mó agus, i gcás BEI, le tionscadail a bhfuil riosca níos mó ag baint leo ach atá inmharthana ar bhonn eacnamaíoch fós.
Ba cheart éifeacht iolraitheora a chruthú trí ráthaíocht AE a sholáthar do BEI, sa chaoi go bhféadfaí EUR 15 d'infheistíochtaí sna tionscadail a chruthú as gach EUR 1 den ráthaíocht AE faoin tionscnamh seo.
Ar an dóigh sin ba cheart go gcuideodh an tionscnamh chun cistiú a chur ar fáil i gcomhair tionscadail ar fiú EUR 500 billiún ar a laghad iad go dtí deireadh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil atá ann faoi láthair. Ba cheart go gcabhródh sé sin leis an méid foriomlán infheistíochta san Aontas a mhéadú, agus fás agus fostaíocht, idir fhéideartha agus iarbhír, a mhéadú dá réir.
1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar
Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
Is é an cuspóir atá ann infheistíochtaí a mhéadú sna réimsí straitéiseacha atá luaite faoi 1.4.1.
Sa chomhthéacs sin, cuirfear na táscairí seo a leanas i bhfeidhm:
- Líon na dtionscadal/FBManna a fuair maoiniú ó BEI/CEI faoin tionscnamh.
- An meánéifeacht iolraitheora a baineadh amach. Táthar ag súil le héifeacht iolraitheora thart ar 15 i dtéarmaí úsáid na ráthaíochta AE i gcomparáid leis an infheistíocht iomlán a bailíodh do na tionscadail a dtacaítear leo faoin tionscnamh agus i dtéarmaí na nidirbheart.
- An méid carnach maoinithe arna nardú do na tionscadail a dtacaítear leo
Déanfar an mhonatóireacht ar na torthaí bunaithe ar an tuairisciú a dhéanfaidh BEI agus ar thaighde margaidh.
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma
1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais Eorpaigh
Ón uair a tíolacadh an Plean Infheistíochta don Eoraip i Samhain 2014 tá feabhas tagtha ar chúrsaí sa dóigh go bhfuil na dálaí ann anois le haghaidh méadú ar infheistiú agus tá muinín á cur athuair i ngeilleagar na hEorpa agus ina chumas chun fáis. Is í seo an ceathrú bliain as a chéile a bhfuil téarnamh measartha ar siúl san Aontas agus bhí ráta fáis 2 % faoi olltáirgeacht intíre an Aontais in 2015. Tá torthaí nithiúla cheana ar na hiarrachtaí cuimsitheacha ar cuireadh tús leo leis an bPlean Infheistíochta, cé nach féidir éifeachtaí maicreacnamaíocha a bheith ag tionscadail mhóra infheistíochta láithreach bonn. Táthar ag súil leis go dtiocfaidh feabhas ar infheistiú i rith 2016 agus 2017 cé go bhfuil sé fós faoi bhun na leibhéil atá inmharthana i bhfianaise na staire.
Ba cheart leanúint den dul chun cinn sin agus níor mór tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun infheistiú a thabhairt ar ais chuig leibhéal atá inbhuanaithe go fadtéarmach. Oibríonn sásraí an Phlean Infheistíochta agus ba cheart iad a threisiú chun leanúint d'infheistíochtaí príobháideacha a chur chun tairbhe in earnálacha atá tábhacht do thodhchaí na hEorpa ach ina bhfuil ag cliseadh ar an margadh nó ina bhfuil cúrsaí infheistíochta fo-optamach.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Sa chéad bhliain de chur chun feidhme CEIS léiríodh gur plean fónta a bhí sa phlean tosaigh. Tá CEIS, ciste a dhéanann Grúpa BEI a chur chun feidhme agus a chomhurrú, ar an mbóthar ceart lena chuspóir a bhaint amach, mar atá EUR 315 billiún ar a laghad d'infheistíochtaí breise a chur chun tairbhe san fhíorgheilleagar faoi lár 2018. Bhí luas ar leith faoi ionsú an mhargaidh faoi Ionú na FBManna. Tá CEIS ag cur i bhfad níos mó ná a raibh súil leis i gcrích sa réimse sin. Dá réir sin, méadaíodh Ionú na FBManna EUR 500 milliún i mí Iúil 2016 laistigh de na paraiméadair a bhí leagtha síos cheana féin i Rialachán (AE) 2015/1017.
An 28 Meitheamh 2016 ba é conclúid na Comhairle Eorpaí go raibh an Plean Infheistíochta don Eoraip, go háirithe an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), i ndiaidh torthaí nithiúla a bhaint amach agus gur mhór an cuidiú é le hinfheistiú príobháideach a chur chun tairbhe agus úsáid chliste a bhaint as acmhainní ganna an bhuiséid.
1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann
Tá an tionscnamh iomlán comhoiriúnach leis na cláir atá ann cheana féin faoi Cheannteideal 1a, go háirithe an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, Fís 2020 agus COSME. Tá sineirgíochtaí follasacha ann le Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) freisin; cuireadh bróisiúr amach i mí Feabhra 2016 maidir leis an gcaoi a gcomhlánaíonn CSIE agus CEIS a chéile. Ina theannta sin, tá togra á mholadh, san am céanna leis an togra seo, chun leasú a dhéanamh ar na Rialacháin Forálacha Coiteanna atá ag na cistí struchtúracha chun úsáid CSIE agus CEIS le chéile a éascú.
Bainfear leas as sineirgíochtaí trí úsáid a bhaint as saineolas an Choimisiúin maidir le hacmhainní airgeadais a bhainistiú agus as an taithí a fuarthas ó ionstraimí maoinithe AEBEI atá ann cheana féin.
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
◻Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta
–◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–◻ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB
X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–X ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻ trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí poiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.
Nótaí
Beidh an Ciste Ráthaíochta faoi bhainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo
I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2015/1017, cuirfidh BEI, i gcomhar le CEI más iomchuí, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoi dhó sa bhliain faoi oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI. Chomh maith leis sin, cuirfidh BEI, i gcomhar le CEI más iomchuí, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle uair sa bhliain faoi oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI. Faoin 31 Márta gach bliain, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le staid an Chiste Ráthaíochta agus bhainistíocht an chiste sa bhliain roimhe sin a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Chúirt Iniúchóirí.
I gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán, déanfaidh BEI meastóireacht ar fheidhmiú an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) agus tabharfaidh sé a mheastóireacht do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún. Lena chois sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an úsáid a bhaintear as an ráthaíocht AE agus ar fheidhmiú an Chiste Ráthaíochta agus tabharfaidh sé faisnéis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. Tá tuarascáil chuimsitheach maidir le feidhmiú CEIS de dhíth faoin 30 Meitheamh 2018 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, chomh maith le tuarascáil chuimsitheach ar an úsáid a bhaintear as an ráthaíocht AE agus ar fheidhmiú an Chiste Ráthaíochta.
2.2.Faoin 30 Meitheamh 2018 agus faoin 30 Meitheamh 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh meastóireacht neamhspleách ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.
An riosca airgeadais a bhaineann le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI atá cumhdaithe ag an ráthaíocht AE, riosca airgeadais nach beag atá ann. Tá seans dáiríre ann go ndéanfar gairmeacha ar an ráthaíocht. Meastar, áfach, go soláthraíonn an Ciste Ráthaíochta an chosaint a theastaíonn ó bhuiséad an Aontais. D'fhéadfadh sé go mbeidh moilleanna leis na tionscadail féin a chur i bhfeidhm nó go mbeidh róchaiteachas orthu.
Fiú má dhéantar é a bhunú ar thoimhdí coimeádacha, d'fhéadfadh costéifeachtúlacht an tionscnaimh a bheith thíos leis dá mbeadh glacadh na nionstraimí sa mhargadh neamhleor nó de thoradh na ndálaí margaidh a bheith ag athrú le himeacht ama agus laghdú ar an éifeacht iolraitheora a toimhdíodh dá réir.
I gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2015/1017, déanfar acmhainní an Chiste Ráthaíochta a infheistiú. Beidh riosca infheistíochta (e.g. riosca margaidh agus creidmheasa) agus riosca áirithe oibríochtúil i gceist leis na hinfheistíochtaí sin.
2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.
Is é an Bord Stiúrtha a rialaíonn CEIS. Cinneann an bord sin an treo straitéiseach ina mbeidh CEIS dírithe, na beartais oibriúcháin agus nósanna imeachta, na rialacha is infheidhme maidir leis na hoibríochtaí in éineacht leis na hardáin infheistíochta agus na bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh, agus próifíl riosca CEIS.
Is é an Coiste Infheistíochta a dhéanfaidh na cinntí maidir le húsáid thacaíocht CEIS do bhonneagar agus do thionscadail lárchaipitlithe móra. Saineolaithe neamhspleácha is ea baill an Choiste Infheistíochta a bhfuil eolas agus taithí acu i réimsí na dtionscadal infheistíochta agus tá siad freagrach don Bhord Stiúrtha, bord a dhéanann maoirseacht ar chomhlíonadh chuspóirí CEIS.
Tá Stiúrthóir Bainistíochta ann freisin a bhfuil sé de chúram air bainistíocht a dhéanamh ar CEIS ó lá go lá agus cruinnithe an Choiste Infheistíochta a ullmhú. Beidh an Stiúrthóir Bainistíochta freagrach go díreach don Choiste Stiúrtha agus tuairisceoidh sé gach ráithe ar ghníomhaíochtaí CEIS chuig an mBord Maoirseachta. Cheap Uachtarán BEI an Stiúrthóir Bainistíochta tar éis do Pharlaimint na hEorpa an tiarrthóir a roghnaigh an Bord Stiúrtha a fhaomhadh.
Is é an Coimisiún a bhainistíonn sócmhainní an Chiste Ráthaíochta i gcomhréir leis an Rialachán agus faoina rialacha inmheánacha agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac
Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.
In Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2015/1017, tá soiléiriú ar inniúlacht na hOifige Eorpaí FrithChalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh ar oibríochtaí a dtacaítear leo faoin tionscnamh seo. I gcomhréir leis an gCinneadh ó Bhord Gobharnóirí BEI an 27 Iúil 2004 a bhaineann le comhar BEI le hOLAF, tá rialacha sonracha bunaithe ag an mBanc maidir le comhar le hOLAF i ndáil le cásanna féideartha calaoise, éillithe nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a rachfadh chun dochair leasanna airgeadais na gComhphobal.
Thairis sin, tá feidhm le rialacha agus nósanna imeachta BEI. Orthu sin, go háirithe, tá Nósanna Imeachta Imscrúdúcháin inmheánacha BEI a d'fhaomh Coiste Bainistíochta BEI i mí an Mhárta 2013. Lena chois sin, i Meán Fómhair 2013, ghlac BEI beartas maidir le hIompar Toirmiscthe a chosc agus a dhíspreagadh i ndáil le gníomhaíochtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (Beartas Frithchalaoise BEI).
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
Línte buiséid atá ann cheana
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
Ní thiocfaidh méadú, de thoradh an togra seo, ar an leibhéal iomlán caiteachais atá clársceidealta faoi Cheannteideal 1a de Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020, óir laghdófar clúdach na Saoráide um Chónascadh na hEorpa chun an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh chuig an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha a mhaoiniú.
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Foinsí maoinithe don Chiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha
|
2016
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
Iomlán
|
|
AN tSAORÁID UM CHÓNASCADH NA hEORPA, a chuimsíonn
|
73,908
|
-
|
31,277
|
106,879
|
287,936
|
500,000
|
|
06.020105 – Timpeallacht a chruthú atá níos fabhraí d'infheistíocht phríobháideach i dtionscadail bonneagair iompair.
|
|
|
|
|
155,000
|
155,000
|
|
32.020104 – Timpeallacht a chruthú atá níos fabhraí d'infheistíocht phríobháideach i dtionscadail fuinnimh.
|
73,908
|
-
|
31,277
|
106,879
|
132,936
|
345,000
|
|
Corrlach Neamhleithdháilte
|
|
|
|
60,000
|
90,000
|
150,000
|
|
Iomlán na bhfoinsí maoinithe maidir le soláthar a dhéanamh do Chiste Ráthaíochta CEIS
|
73,908
|
-
|
31,277
|
166,879
|
377,936
|
650,000
|
Chun deireadh a chur, i ngach bliain bhuiséadach ar leith, leis an neamhréir idir na foinsí maoinithe agus an sceideal gealltanas atá beartaithe, is gá an sceideal gealltanas a chuimsítear sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú mar a leanas:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Leasú ar sceideal gealltanas CEIS
|
2015
|
2016
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
Iomlán
|
|
An sceideal gealltanas atá ann cheana – 01.0405
|
1350,000
|
2030,000
|
2641,000
|
1979,000
|
|
|
8 000,000
|
|
Leasú
|
|
73,908
|
-
|
-73,908
|
|
|
000,000
|
|
An sceideal gealltanas arna athbhreithniú – 01.0405
|
1350,000
|
2 103,908
|
2 641,000
|
1 905,092
|
|
|
8000,000
|
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
1A
|
Iomaíochas le haghaidh fáis agus post
|
|
ArdStiúrthóireacht: ECFIN
|
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
IOMLÁN
|
|
• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
01.0405
|
Gealltanais
|
(1)
|
|
105,185
|
166,879
|
377,936
|
|
650,000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
|
|
150,000
|
250,000
|
250,000
|
650,000
|
|
01.0407
|
Gealltanais
|
(1)
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
|
p.m.
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
|
p.m.
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach
|
|
|
|
|
|
|
|
Uimhir na líne buiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
le haghaidh ArdStiúrthóireacht ECFIN
|
Gealltanais
|
=1
|
|
105,185
|
166,879
|
377,936
|
|
650,000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2
|
|
|
150,000
|
250,000
|
250,000
|
650,000
|
• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
105,185
|
166,879
|
377,936
|
|
650,000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
150,000
|
250,000
|
250,000
|
650,000
|
|
• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 1A
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
|
105,185
|
166,879
|
377,936
|
|
650,000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
|
|
150,000
|
250,000
|
250,000
|
650,000
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
5
|
"Caiteachas riaracháin"
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
2019
|
2020
|
IOMLÁN
|
|
ArdStiúrthóireacht: ECFIN
|
|
• Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
• Caiteachas Riaracháin eile
|
|
|
|
|
IOMLÁN ArdStiúrthóireacht ECFIN
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
|
|
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
IOMLÁN
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
|
105,185
|
166,879
|
377,936
|
|
650,000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
150,000
|
250,000
|
250,000
|
650,000
|
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–◻ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–X
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
2018
|
2019
|
2020
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
Cuspóirí Sonracha
Uimh. 1: Líon agus luach oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a mhéadú i réimsí tosaíochta
agus Uimh. 2: an Maoiniú ó CEI a mhéadú d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide
|
|
|
|
|
|
105,185
|
|
166,879
|
|
377,936
|
|
650,000
|
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.3.1.Achoimre
–X
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin sa bhreis ar a bhfuil ar áireamh cheana sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1017.
–◻ Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–X
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna sa bhreis ar a bhfuil ar áireamh cheana sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1017.
–◻ Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
–X
Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.
–◻ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.
–◻ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
–Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.
–Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamhmheasta thíos:
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–◻ Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.
–X
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
ar acmhainní dílse
Xar ioncam ilghnéitheach
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
2019
|
2020
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
|
Airteagal 660 – Ranníocaíochtaí agus aisíocaíochtaí eile
|
|
200,000
|
250,000
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.
01 04 05 soláthar a dhéanamh do Chiste Ráthaíochta CEIS Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.
Cúiteamh an ráthaíocht AE dá bhforáiltear i gcomhaontú CEIS arna shíniú le BEI.