An Bhruiséil,14.9.2016

COM(2016) 582 final

2016/0274(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an togra seo ina chuid den Phlean Infheistíochta Seachtraí, plean uaillmhianach a d'fhógair an Coimisiún i dTeachtaireacht dar dáta an 7 Meitheamh 2016 maidir le Creat Comhpháirtíochta nua a bhunú le tríú tíortha faoin gClár Oibre Eorpach maidir le hImirce 1 . Ghlac an Chomhairle Eorpach leis an bPlean Infheistíochta Seachtraí an 28 Meitheamh 2016. Is é is aidhm don phlean dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce, agus san am céanna cúnamh a thabhairt cuspóirí a bhaineann le forbairt inbhuanaithe a bhaint amach. Leis an togra seo, tugtar isteach dhá leasú ar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009. De bharr an togra seo, agus de bharr togra reachtach eile lena leasófar Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena dtugtar ráthaíocht ón Aontas Eorpach don Bhanc Eorpach Infheistíochta (BEI) in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí maoiniúcháin a thacaíonn le tograí infheistíochta lasmuigh den Aontas, cuirfear ar chumas BEI cuid iú leis an bPlean Infheistíochta Seachtraí trí mhéadú cainníochtúil agus cainníochtúil a dhéanamh ar shainordú iasachta seachtrach BEI. Cuirfidh sé sin ar chumas BEI cuid iú a thabhairt go pras chun cuspóirí an Phlean Infheistíochta Seachtraí a bhaint amach, go háirithe trí mhaoiniú breise a thabhairt do thairbhithe san earnáil phríobháideach.

Mar chuid d'iarrachtaí an Choimisiúin dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce, tá sé beartaithe sainordú iasachta nua a thabhairt do BEI i leith na hearnála príobháidí. De réir an tsainordaithe iasachta sin, beidh teideal ag an Aontas ar ioncaim biseach riosca arna nginiúint le hoibríochtaí maoiniúcháin BEI. Ba cheart na hioncaim sin a aistriú chuig an gCiste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha a rialaítear le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009.

An méid den Chiste Ráthaíochta ar barrachas é agus atá os cionn 10 % d'iomlán na niasachtaí gan íoc, aistreofar ar ais chuig an mbuiséad é. Is é is aidhm don choigeartú sin cosaint níos fearr a thabhairt don bhuiséad ar an riosca breise go bhféadfadh oibríochtaí maoiniúcháin BEI a théann i ngleic le géarchéim na himirce, go bhféadfaidís sin mainneachtain.

Go nuige seo is faoi bhainistiú EIB atá sócmhainní an Chiste Ráthaíochta. Tá seantaithí ag an gCoimisiún ar oibríochtaí airgeadais den saghas sin a bhainistiú. Tá sé inniúil, freisin, ar an gCiste Ráthaíochta a bhainistiú go neamhspleách, rud a dhéanfadh gníomhaíochtaí bainistithe sócmhainní an Choimisiúin a chuíchóiriú agus a dhaingniú, a bhuí leis na struchtúir atá ann cheana agus leis an bhfios gnó atá aige. Tá bainistiú Chiste Ráthaíochta an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha de chúram ar an gCoimisiún cheana. Dá bhrí sin, ba cheart bainistiú shócmhainní an Chiste Ráthaíochta a aistriú chuig an gCoimisiún Eorpach.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana agus le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo ina dhlúthchuid den Phlean Infheistíochta Seachtraí, ceann de phríomhthionscnaimh beartais an Aontais. Tá forálacha coimhdeacha ann nach bhfeidhmeodh an Plean Infheistíochta Seachtraí dá nuireasa, go háirithe an sainordú iasachta nua i leith na hearnála príobháidí a thabharfar do BEI.

I dteannta an togra tá an Coimisiún ag moladh athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ("an Rialachán Airgeadais"); moltar roinn nua a thabhairt isteach a bheadh ina chreat rialála ag ráthaíochtaí an Aontais a bhfuil dliteanas coimhdeach ag dul leo, agus ciste soláthair coiteann a bheadh faoi bhainistiú an Choimisiúin. Na forálacha atá leagtha síos sa togra seo, tá siad i gcomhréir leo sin atá sa togra le haghaidh athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 209 agus Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Comhréireacht

Tá forálacha coimhdeacha sa togra nach bhfeidhmeodh an Plean Infheistíochta Seachtraí dá nuireasa, go háirithe an sainordú iasachta nua i leith na hearnála príobháidí a thabharfar do BEI.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach agus, dá bhrí sin, is fearr is féidir leis an Aontas iad a bhaint amach. Mar gheall ar na difríochtaí idir cumas institiúidí airgeadais na mBallstát gníomhú, is fearr is féidir cuspóirí an togra a shroicheadh trí ghíomhaíocht ar leibhéal an Aontais, de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta sin.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Rinne comhairleoir seachtrach staidéar in 2016 féachaint go speisialta meastóireacht a dhéanamh ar phríomhpharaiméadair an Chiste Ráthaíochta. Thángthas ar an gconclúid go bhfuil an spriocráta 9 % a leagtar amach i Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 oiriúnach i gcónaí do leibhéal riosca na punainne iasachtaí. Déanfar athbhreithniú seachtrach eile ar an spriocráta amach anseo. Is é is dóichí gur in 2019 a dhéanfar é. Ina theannta sin, is léir go bhfuil sásraí an Chiste Ráthaíochta éifeachtach ó thaobh buiséad an Aontais a chosaint agus caoi a thabhairt gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais a dhéanamh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

De réir an tsainordaithe iasachta nua i leith na hearnála príobháidí a bhunófar le gníomh reachtach eile, beidh an tAontas i dteideal ioncaim biseach riosca arna nginiúint le hoibríochtaí maoiniúcháin BEI. Clúdóidh na hioncaim biseach riosca an riosca is airde agus rannchuid eoidh siad i gcaitheamh shaolré na hionstraime le riachtanais soláthair bhreise an Chiste Ráthaíochta a mhaoiniú. Ní mheastar go mbeidh aon impleachtaí ag an togra ar an mbuiséad i ndeireadh báire arae is airgead isteach sa Chiste Ráthaíochta iad na bisigh riosca. Cuirfear de mhuirear ar BEI iad mar éiric ar na rioscaí a ndeachaigh buiséad an Aontais ina bhfiontair.

D'fhonn cosaint níos fearr a thabhairt don bhuiséad ar an riosca breise go bhféadfadh oibríochtaí maoiniúcháin BEI a théann i ngleic le géarchéim na himirce mainneachtain, aistreofar ar ais chuig an mbuiséad an méid den Chiste Ráthaíochta ar barrachas é agus atá os cionn 10 %, seachas 9 %, de na hiasachtaí gan íoc.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

De réir Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009, gach bliain faoin 31 Bealtaine cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí ar staid an Chiste Ráthaíochta agus ar a bhainistiú. Tá sé beartaithe anois go gcuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ar staid an Chiste Ráthaíochta isteach faoin 31 Márta, i gcomhthéacs ráitis airgeadais an Choimisiúin. Maidir leis an tuarascáil ar bhainistiú an Chiste Ráthaíochta, cuirfear sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí faoin 31 Bealtaine gach bliain.

Is é BEI a bhainistíonn agus a dhéanann faireachán ar oibríochtaí maoiniúcháin BEI ag a bhfuil ráthaíocht ón Aontas Eorpach, agus déantar sin i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta BEI, lena náirítear bearta iomchuí iniúchóireachta, rialaithe agus faireacháin. Ina theannta sin, déanann Bord Stiúrthóirí BEI, ar a bhfuil Stiúrthóir agus Stiúrthóir malartach ón gCoimisiún, gach ceann d'oibríochtaí maoiniúcháin BEI a fhormheas agus déanann sé faireachán chun a chinntiú go mbainistítear BEI i gcomhréir lena Reacht agus leis na treoracha ginearálta atá leagtha síos ag an mBord Gobharnóirí.

Sa chomhaontú idir an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus BEI, leagtar amach na rialacha nach mór don Chúirt Iniúchóirí a chomhlíonadh agus iniúchóireachtaí á ndéanamh aici ar oibríochtaí maoiniúcháin BEI ag a bhfuil ráthaíocht ón Aontas Eorpach.

I gcomhréir le Cinneadh 466/2014/AE, ullmhaítear tuarascálacha tráthrialta. Gach bliain, cuireann an Coimisiún tuarascáil ar an dóigh a bhfuil an sainordú á chur chun feidhme ag BEI faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

An tuairisciú a dhéanfar ar thorthaí, beidh sé bunaithe ar chomhiomlánú iomchuí táscairí i ngach cuid den phunann nuair is féidir é, sin nó in earnáil amháin. Déanfar na táscairí sin a thomhais, mar chuid de chreat tomhaiste torthaí BEI, ó thús deireadh an timthrialla tionscadail ag céim an bhreithmheasa agus le linn chéim an fhaireacháin go dtí go mbeidh an tionscadal curtha chun feidhme ina iomláine. Tomhaisfear na táscairí sin a luaithe a bheidh na chéad torthaí forbartha ar fáil, is é sin, go ceann oiread is trí bliana i ndiaidh an tionscadal a bheith curtha i gcrích. A oiread is féidir, úsáidfear iad don tuarascáil deiridh a cheanglaítear le Cinneadh 466/2014/AE.

Ina theannta sin, tugann BEI don Choimisiún sonraí staitistiúla, airgeadais agus cuntasaíochta i dtaobh gach ceann de na hoibríochtaí maoiniúcháin ag a bhfuil ráthaíocht ón Aontas Eorpach, de réir mar is gá chun a chuid dualgas tuairiscithe nó iarrataí ón gCúirt Iniúchóirí a chomhlíonadh. Tugann sé deimhniú iniúchóra dó freisin ar an méid atá gan íoc de na hoibríochtaí maoiniúcháin a clúdaíodh.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I láthair na huaire seo iad foinsí maoiniúcháin an Chiste Ráthaíochta: (1) íocaíocht bhliantúil amháin ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (2) an tús a thugann acmhainní infheisithe an Chiste Ráthaíochta agus (3) méideanna a aisghabhtar ó fheichiúnaithe mainneachtana. Beidh an ceathrú foinse ioncaim ag an gCiste Ráthaíochta, mar atá ioncaim biseach riosca arna nginiúint le sainordú iasachta nua BEI i leith na hearnála príobháidí. Tá sé beartaithe Airteagal 2 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 a mhodhnú dá réir.

Go nuige seo is faoi bhainistiú EIB atá sócmhainní an Chiste Ráthaíochta. Tá seantaithí ag an gCoimisiún ar oibríochtaí airgeadais den saghas sin a bhainistiú. Tá sé inniúil, freisin, ar an gCiste Ráthaíochta a bhainistiú go neamhspleách, rud a dhéanfadh gníomhaíochtaí bainistithe sócmhainní an Choimisiúin a chuíchóiriú agus a dhaingniú, a bhuí leis na struchtúir atá ann cheana agus leis an bhfios gnó atá aige. Tá bainistiú Chiste Ráthaíochta an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha de chúram ar an gCoimisiún cheana. Dá bhrí sin, ba cheart bainistiú shócmhainní an Chiste Ráthaíochta a aistriú chuig an gCoimisiún Eorpach.

Tá sé beartaithe Airteagal 7 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 a leasú dá réir.

2016/0274 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209 agus Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle 2 a rialaítear an Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha.

(2)Tá foinsí maoiniúcháin éagsúla ag an gCiste Ráthaíochta, mar atá íocaíocht bhliantúil amháin ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, leis an ús a thugann acmhainní infheistithe an Chiste Ráthaíochta agus le méideanna a aisghabhtar ó fhéichiúnaithe mainneachtana.

(3)Ioncaim biseach riosca a ghintear le hoibríochtaí maoiniúcháin an Bhainc Infheistíochta Eorpaigh (BEI) agus a thairbhíonn de ráthaíocht bhuiséadach ón Aontas, ba cheart iad a íoc leis an gCiste Ráthaíochta.

(4)An méid den Chiste Ráthaíochta ar barrachas é agus atá os cionn 10 % de dhliteanais chaipitil iomlána gan íoc an Aontais, ba cheart é a aistriú ar ais chuig buiséad ginearálta an Aontais chun gur fearr a chosnófar an buiséad ar an riosca breise go bhféadfadh oibríochtaí maoiniúcháin BEI a théann i ngleic le bunchúiseanna na himirce, go bhféadfaidís mainneachtain.

(5)Ba cheart bainistiú airgeadais an Chiste Ráthaíochta a aistriú ó BEI chuig an gCoimisiún arae tá cleachtadh ag an gCoimisiún ar infheistíochtaí den saghas sin a bhainistiú. Dá nglacfadh an Coimisiún bainistiú sócmhainní an Chiste Ráthaíochta de chúram air féin, ba cheart go ndéanfaí gníomhaíochtaí bainistithe sócmhainní an Choimisiúin a chuíchóiriú agus a dhaingniú dá bharr, a bhuí leis na struchtúir atá ann cheana agus leis an bhfios gnó atá ag an gCoimisiún.

(6)Ba cheart Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 mar seo a leanas:

(1)    In Airteagal 2, cuirtear an ceathrú fleasc seo a leanas isteach:

‘— ioncaim biseach riosca arna nginiúint le hoibríochtaí maoiniúcháin BEI a dtugann an tAontas ráthaíocht ina leith’;

(2)    In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír :

"Má tá méid an Chiste Ráthaíochta os cionn 10 % de dhliteanais chaipitil iomlána gan íoc an Aontais, aistreofar an barrachas ar ais chuig buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Íocfar an barrachas sin in aon idirbheart amháin faoi cheannteideal speisialta sa ráiteas ioncaim i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na bliana n+1 ar bhonn na difríochta, i ndeireadh bliana n1, idir 10 % de mhéid iomlán na ndliteanas caipitil gan íoc agus luach ghlansócmhainní an Chiste, arna ríomh i dtosach na bliana n.";

(3)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

"Airteagal 7

Áiritheoidh an Coimisiún bainistiú airgeadais an Chiste. Déanfaidh an Coimisiún acmhainní an Chiste Ráthaíochta a bhainistiú agus a infheistiú i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus cuirfidh sé rialacha stuamachta iomchuí i bhfeidhm.';

(4)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

"Airteagal 8

Faoin 31 Márta gach bliain, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhthéacs a ráiteas airgeadais, an fhaisnéis riachtanach ar staid an Chiste Ráthaíochta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí.

Ina theannta sin, faoin 31 Bealtaine gach bliain, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí tuarascáil bhliantúil ar bhainistiú an Chiste Ráthaíochta le linn na bliana féilire roimhe sin. Sa tuarascáil bhliantúil sin, cuirfear i láthair staid airgeadais an Chiste Ráthaíochta i ndeireadh na bliana féilire roimhe sin, sreafaí airgeadais na bliana féilire roimhe sin mar aon leis na hidirbhearta móra a rinneadh agus aon fhaisnéis ábhartha maidir leis na cuntais airgeadais. Beidh sa tuarascáil freisin faisnéis faoi bhainistiú airgeadais, feidhmíocht agus riosca an Chiste Ráthaíochta i ndeireadh na bliana féilire roimhe sin."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 3  

Teideal 01 – Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Gníomhaíocht ABB: "Rathúnas a chothú taobh amuigh den Aontas Eorpach" agus

Gníomhaíocht ABB: "Oibríochtaí agus ionstraimí airgeadais"

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 4  

X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Tá an togra seo ina chuid den Phlean Infheistíochta Seachtraí, plean uaillmhianach a d'fhógair an Coimisiún i dTeachtaireacht dar dáta an 7 Meitheamh 2016 maidir le Creat Comhpháirtíochta nua a bhunú le tríú tíortha faoin gClár Oibre Eorpach maidir le hImirce. Ghlac an Chomhairle Eorpach leis an bPlean Infheistíochta Seachtraí an 28 Meitheamh 2016. Is é is aidhm don phlean sin dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce, agus san am céanna, cúnamh a thabhairt cuspóirí eile a bhaineann le forbairt a bhaint amach. Tá an togra seo ina dhlúthchuid den Phlean Infheistíochta Seachtraí, ceann de phríomhthionscnaimh beartais an Aontais. Tá forálacha coimhdeacha ann nach bhfeidhmeodh an Plean Infheistíochta Seachtraí dá nuireasa, go háirithe an sainordú iasachta nua i leith na hearnála príobháidí do BEI, rud a bhfuil foráil déanta maidir leis sa togra ón gCoimisiún maidir le Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh. 

Cuspóir sonrach Uimh. 2: "Feabhas a chur ar phróifíl an Aontais, ionadaíocht sheachtrach an Aontais agus a chaidreamh le BEI, leis an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, lena náirítear feabhas a chur ar chlú an Aontais le fóraim eacnamaíocha ábhartha d'fhonn straitéisí agus oibríochtaí na ndreamanna sin, ar thaobh, agus, ar an taobh eile, tosaíochtaí seachtracha an Aontais a chur ar an iúl céanna."

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Teideal 01.03 – Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

An leasú atá sé beartaithe a dhéanamh ar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009, tá sé ceaptha nithe a shocrú sa chaoi is go bhféadfaidh an Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha glacadh leis na bisigh riosca arna nginiúint le hoibríochtaí maoiniúcháin arna ndéanamh faoin sainordú i leith na hearnála príobháidí a bhaineann le tionscadail arb é is aidhm dóibh tacú le dídeanaithe agus/nó le hóstphobail. Ina theannta sin, dá nglacfadh an Coimisiún bainistiú shócmhainní an Chiste Ráthaíochta de chúram air féin, ba cheart gníomhaíochtaí bainistithe sócmhainní an Choimisiúin a chuíchóiriú agus a dhaingniú dá bharr, a bhuí leis na struchtúir atá ann cheana agus leis an bhfios gnó atá aige. Is é BEI a dhéanfaidh measúnú ar an tionchar a imrítear orthu siúd san earnáil phríobháideach a bhfuil oibríochtaí BEI dírithe orthu. Is i gcomhthéacs chreat tomhaiste torthaí BEI a dhéanfar sin, agus chuige sin ceapfaidh BEI táscairí nua do thionscadail ar freagairt straitéiseach ar an ngéarchéim imirce iad.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Maidir leis na bisigh riosca, is é íocaíocht ordúil na nioncam leis an gCiste Ráthaíochta an táscaire a bheadh ann.

Maidir le cúram bhainistiú sócmhainní an Chiste Ráthaíochta a aistriú, is é an táscaire a bheadh ann go ndéanfaí an taistriú go réidh agus go mbainisteofaí an Ciste ina dhiaidh sin i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais.

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Glacadh an togra ón gCoimisiún maidir le Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar ráthaíocht ón Aontas Eorpach don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí maoiniúcháin a thacaíonn le tograí infheistíochta lasmuigh den Aontas.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais Eorpaigh

Breisluach na ráthaíochta ón Aontas a bhfuil an Ciste Ráthaíochta mar thaca leis, tá cur síos air sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún lena leasaítear Cinneadh 466/2014/AE. A bhuí le sainordú iasachta seachtrach BEI, tá tacaíocht pholaitiúil agus airgeadais ann do BEI iasachtaí a thabhairt i dtíortha agus do thionscadail infheistíochta nach gcomhlíonann gnáththreoirlínte agus critéir BEI ar an ábhar go bhfuil ardriosca ag baint leo.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt céanna san am a chuaigh thart

Neamhbhainteach

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann:

Sineirgíocht leis an togra ón gCoimisiún maidir le Cinneadh lena leasaítear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar ráthaíocht ón Aontas Eorpach don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí maoiniúcháin a thacaíonn le tograí infheistíochta lasmuigh den Aontas.

An oibríocht mhaoiniúcháin a bhfuil a riosca cumhdaithe ag an gCiste Ráthaíochta, comhlánaíonn sé na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi ionstraimí cúnaimh sheachtraigh an Aontais Eorpaigh.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

◻Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

◻Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

◻X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Maidir leis an gCoimisiún bainistiú chur chun feidhme an Chiste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha a ghlacadh de chúram air féin, cuirfear sin i bhfeidhm in 2017–2018.

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe 5  

◻x Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

◻ x ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme i CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

 

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Faoi mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Bealtaine den chéad bhliain airgeadais eile, tuarascáil bhliantúil faoi staid an Chiste Ráthaíochta agus faoi bhainistiú an chiste sin le linn na bliana roimhe sin, a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. Leagtar síos in Airteagal 9 den Rialachán go mbeidh an cuntas ioncaim agus caiteachais agus an clár comhardaithe a bhaineann leis an gCiste Ráthaíochta, go mbeidh sin i gceangal le cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe na gComhphobal.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh

I gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán 480/2009, infheisteofar acmhainní an Chiste Ráthaíochta. Beidh riosca infheistíochta (e.g. riosca margaidh agus creidmheasa) agus riosca áirithe oibríochtúil i gceist leis na hinfheistíochtaí sin.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

Bainisteoidh an Coimisiún sócmhainní an Chiste Ráthaíochta i gcomhréir le Rialachán 480/2009 agus de réir a rialacha inmheánacha agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm. Déanfar iniúchóireachtaí seachtracha go tráthrialta.

Láimhseálfar na hioncaim i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

I bhfianaise a chostéifeachtaí a bhí rialuithe ar ghníomhaíochtaí bainistithe sócmhainní in 2015, rud a tomhaiseadh de réir an chion den chostas foriomlán a bhain le rialú (bunaithe ar an gcoibhneas idir an líon FTE i mbun gnímh agus sócmhainní iomlána an chisteáin faoi bhainistiú), is é tuairim an Choimisiúin go bhfuil na rialuithe éifeachtúil agus costéifeachtach a ndóthain. Cuirfear na córais rialuithe chéanna i bhfeidhm maidir leis na sócmhainní breise atá faoi bhainistiú.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Is é BEI go príomha atá freagrach as bearta frithchalaoise a ghlacadh, go háirithe tríd an méid seo a chur i bhfeidhm maidir lena hoibríochtaí maoiniúcháin: "Beartas BEI maidir le héilliú, calaois, claonpháirteachas, comhéigean, sciúradh airgid, agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a dhíspreagadh i ngníomhaíochtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta". Tá beartas curtha ar bun ag BEI maidir le dlínsí lagrialála, neamhthrédhearcacha agus neamhchomhoibríocha freisin.

Tá BEI meáite i gcónaí ar bheartas dian a chur i bhfeidhm in aghaidh calaois chánach, seachaint chánach agus cleachtais díobhála cánach ina cuid gníomhaíochtaí ar fad, iasachtaí a thugann sé trí idirghabhálaithe airgeadais san áireamh. Déanann BEI síorfhaireachán ar fhorás caighdeán idirnáisiúnta chun go gcaomhnófar an ról ceannais atá aige i measc institiúidí idirnáisiúnta airgeadais sa chomhrac in aghaidh na gcleachtas díobhálach sin a chaomhnú, agus chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh ina bheartas maidir le dlínsí lagrialála, neamhthrédhearcacha agus neamhchomhoibríocha aon ní a thiteann amach a bhaineann le hábhar.

An creat atá ag Grúpa BEI maidir leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (AML-CFT), a nuashonraíodh in 2014 agus atá foilsithe ar shuíomh gréasáin BEI, leagtar síos ann na príomhphrionsabail lena rialaítear an comhrac sin agus gnéithe ionracais eile de ghníomhaíochtaí Ghrúpa BEI, agus is é is aidhm dó cosc a chur ar Ghrúpa BEI, ar a chomhlachtaí rialaithe, ar a bhaill foirne, agus ar a chontrapháirtithe baint a bheith acu nó úsáid a bheith á baint astu chun críocha sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta nó gníomhaíochtaí coiriúla eile.

Maidir le cúram bhainistiú an Chiste Ráthaíochta a aistriú, tá feidhm ag rialacha inmheánacha an Choimisiúin, na nósanna imeachta sonracha atá bunaithe i leith bainistiú sócmhainní airgeadais san áireamh.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghascaiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir[…][Ceannteideal………………………...……………]

LD/LN 6 .

ó thíortha de chuid CSTE 7

ó thíortha is iarrthóirí 8

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

01.0305 Ráthaíocht ón Aontas d'iasachtaí EIB

agus ráthaíochtaí iasachta d'oibríochtaí i

dtríú tíortha

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

[…][XX.YY.YY.YY]

01.0306 Soláthar na Ráthaíochta

Ciste

LD/LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghascaiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir[…][Ceannteideal………………………………………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[…][XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
 

Uimhir

[Ceannteideal……………...……………………………………………………………….]

ArdStiúrthóireacht: <…….>

Bliain
N 9

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

 Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1)

Íocaíochtaí

(2)

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2a)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach 10  

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN na leithreasuithe i gcomhair na ArdStiúrthóireachta <…….>

Gealltanais

=1+1a +3

Íocaíochtaí

=2+2a

+3






 IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

 IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL <….> den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

 IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

 IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6





Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
 

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ArdStiúrthóireacht: <…….>

 Acmhainní daonna

 Caiteachas Riaracháin eile

IOMLÁN na leithreasuithe i gcomhair na hArdStiúrthóireachta <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na níocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 11

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

Íocaíochtaí

NB: is ó ioncaim an Chiste Ráthaíochtaí agus ní hé ón mbuiséad a choinneofar siar costais riaracháin a bhaineann le bainistiú punann. Costais oibriúcháin atá sna costais seo (e.g. táillí bainc, Swift, Clearstream): meastachán don bhliain 2017: EUR 200 000; meastar gur 250 000 a bheidh ann faoi 2020.

Táillí iniúchóireachta: EUR 10 000

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

◻ ◻ Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 12

Meánchostas

NÍL

Costas

NÍL

Costas

NÍL

Costas

NÍL

Costas

NÍL

Costas

NÍL

Costas

NÍL

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 13 ...

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Foiomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 ...

- Aschur

Foiomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

BliainN 14

BliainN+1

BliainN+2

BliainN+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Foiomlán CHEANNTEIDEAL 5den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 15 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eilede chineál riaracháin

Foiomlánlasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistiú an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athimlonnaithe laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise srianta buiséadacha.

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

     Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

BliainN

BliainN+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha) 16  

XX 01 02 01 (AC, END, INT as an 'gclúdach iomlánaíoch')

XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  17

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

XX 01 05 02 (AC, END, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (AC, END, INT – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a athimlonnófar laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

   Bainistiú sócmhainní: bainistiú punainne, anailís chainníochtúil, tacaíocht a thabhairt d'obair anailíse maidir le riosca freisin;

   Feidhm thacaíochta a bhaineann le bainistíocht dhíreach, go háirithe bainistiú rioscaí agus feidhmeanna íocaíochta lároifige;

   Bainistiú, tuairisciú agus obair leantach ar na ráthaíochtaí (píblíne na dtionscadal);

   Gníomhaíochtaí tuairiscithe airgeadais/cuntasaíochta agus tuairiscithe;

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

X    Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

x Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú ó thríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir leis an gcómhaoiniú atá réamhmheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

BliainN

BliainN+1

BliainN+2

BliainN+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

◻ maidir le hacmhainní dílse

◻ ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 18

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

 

I gcás ioncam ilghnéitheach sannta, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

NB: na hioncaim a mheastar a thiocfaidh as praghsáil riosca BEI, ní bheidh aon tionchar acu ar an mbuiséad. Íocfar go díreach leis an gCiste Ráthaíochta iad.

Siod iad na hioncaim a mheastar a bheidh ann:

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

-

0.504

1.366

2.718

Eolas breise: Is ag bonnphointe 50 a mheastar ioncaim biseach riosca agus ríomhtar iad ar bhonn an méid gan íoc d'iasachtaí a thug BEI do thionscadail san earnáil phríobháideach mar fhreagairt ar an ngéarchéim dídeanaithe.

NB: i láthair na huaire íocann an Coimisiún táillí bainistíochta as bainistiú airgeadais an Chiste Ráthaíochta. An moladh atá déanta an bainistiú sin a chur de chúram ar an gCoimisiún, tiocfaidh coigilteas isteach is amach le EUR 900 000 as in aghaidh na bliana (íocadh EUR 860 000 le BEI in 2015).

(1) COM(2016) 385 an 7.6.2016.
(2) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10).
(3) ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: buiséadú de réir gníomhaíochtaí;
(4) Dá dtagraítear in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(5) Tá sonraí na modhanna bainistíochta agus na dtagairtí don Rialachán Airgeadais le fáil ar shuíomh gréasáin ArdStiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(6) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(7) Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(8) Tíortha is iarrthóirí agus, más infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(9) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(10) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (línte "BA" tráth) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(11) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(12) Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh).
(13) Féach pointe 1.4.2. “Cuspóirí sonracha...”.
(14) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(15) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (línte "BA" tráth) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(16) AC = Ball foirne ar conradh; AL = Baill foirne áitiúla; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT = Baill foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(17) Fouasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (línte "BA" tráth).
(18) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána a bhfuil 25 % bainte díobh as costais bhailiúcháin.