AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.8.2016
COM(2016) 531 final
2016/0256(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), agus lena n
x001e
aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1. Comhthéacs an Togra
Forais agus cuspóirí an togra
Is éard is aidhm leis an togra athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán lenar bunaíodh An Forais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) in 1975. Tá dhá chúis leis an athbhreithniú.
Déanfaidh an tathbhreithniú ar an Rialachán lenar bunaíodh Eurofound forálacha áirithe an Rialacháin atá ann faoi láthair lena rialaítear Eurofound a ailíniú leis an gCur Chuige Comhchoiteann maidir le Gníomhaireachtaí Díláraithe.
San athbhreithniú, tá deis ann freisin cuspóirí agus cúraimí Eurofound a thabhairt cothom le dáta. Ón uair a bhunaithe in 1975, chuir an Foras a chuid gníomhaíochtaí in oiriúint d'fhorbairtí foriomlána na sochaí agus d'fhorbairtí institiúideacha agus eacnamaíocha agus do threochtaí a tháinig chun cinn i mbeartais Eorpacha sa réimse a bhain le dálaí maireachtála agus oibre. Cuirfear na cuspóirí agus na cúraimí in oiriúint chun léiriú níos fearr a thabhairt ar na forbairtí sin agus ar an méid a dhéanann Eurofound faoi láthair chun beartais a fhorbairt a bhaineann le cúrsaí sóisialta agus oibre, trí thaighde ábhartha d'ardchaighdeán a sholáthar i réimse na fostaíochta, an chaidrimh oibreachais, dálaí oibre agus maireachtála.
Ní athbhreithniú é seo atá faoi chuimsiú an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT).
An dá Ghníomhaireacht thríthaobhacha eile, mar a thugtar orthu, de chuid an Aontais Eorpaigh, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EUOSHA) agus an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), déanfar athbhreithniú orthu sin freisin maidir leis na Rialacháin lenar bunaíodh iad ag an am céanna le Eurofound.
Comhsheasmhacht leis na forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Rinneadh an Rialachán lenar bunaíodh Eurofound a leasú trí huaire, i 1993, in 2003 agus in 2005, go príomha chun an méadú a tháinig ar an Aontas Eorpach nó athruithe ar Chonarthaí a chur san áireamh. Mar sin féin, ba bheag athrú a rinne na leasuithe sin ar bhunphrionsabail na Gníomhaireachta.
Leis an athbhreithniú seo, tabharfar míniú níos soiléire ar an ról atá ag Eurofound maidir le tacaíocht a thabhairt don Choimisiún, d'institiúidí agus do chomhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh, do na Ballstáit agus do chomhpháirtithe sóisialta chun beartais maidir le dálaí maireachtála agus oibre a mhúnlú chomh maith leis an gcomhphlé sóisialta a chur chun cinn. Tabharfaidh sé sainordú Eurofound cothrom le dáta mar lárionad anailíse, taighde agus faireacháin ar bheartais sna réimsí beartais sin.
Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Is é ról Eurofound faisnéis a chur ar fáil agus cuidiú le beartais a cheapadh bunaithe ar fhianaise ar bhonn níos fearr i réimsí a bhaineann le hábhar ó thaobh dálaí maireachtála agus oibre de. San athbhreithniú, cuirtear beartais an Aontais Eorpaigh atá ann faoi láthair san áireamh maidir le dálaí maireachtála agus oibre, ionas go gcomhlánófar an taighde atá idir lámha faoi láthair agus an taighde atá á phleanáil sa réimse sin, agus déanfar é le maoiniú ón Aontas Eorpach, amhail taighde a fuair maoiniú faoin gclár Fís 2020.
2. Bunús dlí, Coimhdeacht agus Comhréireacht
Bunús dlí
Is é Airteagal 153 den Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí atá beartaithe, ina gcumhdaítear na gníomhaíochtaí a dhéanann Eurofound i réimse dálaí maireachtála agus oibre, i gcás ina dtagraítear do bhearta a ceapadh chun comhar idir na Ballstáit a chothú, in Airteagal 153(2)(a) CFAE.
Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Leis an togra seo tugtar aghaidh ar ghnéithe áirithe a bhaineann leis an dóigh a noibríonn an ghníomhaireacht seo de chuid an Aontais Eorpaigh go hinmheánach agus taobh istigh de chreat institiúideach an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ní féidir cuspóirí an togra seo a bhaint amach trí ghníomhú ar an leibhéal náisiúnta.
Comhréireacht
An tathbhreithniú ar an Rialachán Bunaidh, ba cheart é a mheas i dtéarmaí an tionchair a bheidh aige ar an ualach riaracháin agus ar chostais bhuiséadacha ionas go nurramófar prionsabal na comhréireachta. Prionsabal ginearálta a bheidh ina threoir don athbhreithniú is ea gur gá téacs an Rialacháin Bhunaidh a choinneáil simplí, soiléir, solúbtha, agus san am céanna bheith i dtuilleamaí cineálacha eile rialála (e.g. Rialacha Nós Imeachta) maidir le forálacha mionsonraithe. Ba cheart saolré meántéarma a bheith ag Rialachán Bunaidh agus ba cheart go ndéanfadh sé solúbacht a áirithiú chun forbairtí a d'fhéadfadh bheith ann san eagraíocht amach anseo a cheadú gan aon ghá le tuilleadh athbhreithnithe a dhéanamh.
An rogha ionstraime
Is é Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena naisghairtear an Rialachán (CEE) 1365/75 ón gComhairle atá ann faoi láthair agus a chuirtear ina ionad, an ionstraim a bheidh ann.
3.Tortha na meastóireachtai Ex-post, na gComhairliúchán leis na Pairtithe Leasmhara agus na Measúnaithe Tionchair
Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana
Is é an Ghníomhaireacht a thug an meastóireacht ex-post is déanaí i gcrích agus dhírigh sí ar Chlár Oibre Ilbhliantúil 2009-2012.
Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara
I gcomhréir le ceanglais Airteagal 154 de CFAE, chuathas i gcomhairle le lucht bainistíochta agus le lucht saothair ar leibhéal an Aontais Eorpaigh maidir leis an treo ina bhféadfadh gníomhaíocht an Aontais a dhíriú agus maidir le hinneachar an togra atá beartaithe chomh maith. Leag idir lucht bainistíochta agus lucht saothair béim ar a dtuairim agus d'áitigh siad gur cheart cineál tríthaobhach na Gníomhaireachta a choinneáil agus gur cheart sin a léiriú i gcuspóirí na Gníomhaireachta agus in ionadaíocht cothromaithe gach grúpa ina struchtúr rialála. Thairis sin, d'iarr siad feidhm Leas-Stiúrthóra a choinneáil mar a rinneadh foráil dó faoin Rialachan i 1975.
Choinnigh an Coimisiún páirtithe leasmhara ábhartha ar an eolas maidir le cinntí leathana a bhaineann leis an athbhreithniú seo agus chuaigh sé i gcomhairle leo nuair ba ghá sin.
Bailiú agus úsáid saineolais
Ní bhaineann le hábhar.
Measúnú tionchair
I bhfianaise an athbhreithnithe theoranta ar an ngníomh bunaidh, ní dhearnadh measúnú tionchair.
Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní bhaineann le hábhar. Níl aon bhaint ag an togra seo le REFIT.
Cearta bunúsacha
Ní bhaineann le hábhar.
4. Impleachtaí buiséadacha
Na himpleachtaí buiséadacha i dtéarmaí acmhainní daonna agus airgeadais, arna gcur i láthair ar dhóigh níos mionsonraithe sa Ráiteas Airgeadais Reachtach, tá siad i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún (2013)519.
5.Eilimintí Eile
Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
I gcomhréir leis an gCur Chuige Comhchoitiann, tá foráil sa togra maidir leis an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an nGníomhaireacht. Le cois an togra seo a dhéanamh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún meastóireacht chrosghearrthach a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar chuspóirí, ar shainorduithe, ar rialáil agus ar chúraimí na Gníomhaireachta, agus maidir le Gníomhaireachtaí eile a oibríonn i réimse mhargadh an tsaothair freisin, measúnú a dhéanamh ar dhálaí oibre, ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint agus ar scileanna.
Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Ní bhaineann le hábhar.
MÍNIÚ MIONSONRAITHE AR FHORÁLACHA SONRACHA AN TOGRA
Leis an athbhreithniú seo, tá deis ann cuspóirí agus cúraimí Eurofound a thabhairt cothrom le dáta chun na forbairtí laistigh den Ghníomhaireacht agus an comhthéacs ina noibríonn sí a léiriú, comhthéacs atá ann ó glacadh an chéad Rialachán Bunaidh in 1975. Beifear in ann ról Eurofound a shainiú ar dhóigh níos cruinne, ról lena dtugann sé tacaíocht don Choimisiún, do na Ballstáit agus do chomhpháirtithe sóisialta ó thaobh beartais a mhúnlú agus a chur chun feidhme arb é is aidhm leo dálaí oibre agus maireachtála a fheabhsú, agus tacú leis an gcomhphlé sóisialta a chur chun cinn.
Thairis sin, le hathbhreithniú an Rialacháin Bhunaidh cruthaítear deis chun foráil a dhéanamh do bhearta frithchalaoise, do bheartais maidir le coinbhleacht leasa, do mheastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh agus do chomhaontú maidir le ceanncheathrú a bhunú.
Déanfaidh an tathbhreithniú na forálacha maidir le clársceidealú agus tuairisciú a chomhoiriúnú arna leagan síos ag an gcreatRialachán Airgeadais. Dá bharr sin, déanfar nós imeachta ceapacháin an Stiúrthóra (An Stiúrthóir Feidhmiúcháin) a mhodhnú agus a ailíniú leis an nós imeachta dá bhforáiltear sa Chur Chuige Comhchoiteann agus cuirfear deireadh le post an Leas-Stiúrthóra, atá ann faoi láthair. Tabharfar ról an údaráis cheapacháin do Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Déanfar téarmaíocht an struchtúir bainistíochta a ailíniú leis an gCur Chuige Comhchoiteann. Ní dhéanfar athbhreithniú ar ghnéithe áirithe den Rialachán Bunaidh i bhfianaise an Chur Chuige Chomhchoiteanna i gcreat an togra seo, go dtí go ndéanfar tuilleadh meastóireachta.
Maidir leis an gComhairle comhaltaí an Bhoird Bainistíochta a cheapadh chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann eagraíochtaí fosaitheoirí agus fostaithe ó gach Ballstát, táthar a bheartú go ndéanfar sin ar bhonn liosta a thíolacfaidh eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta an Aontais Eorpaigh, Gnóthas Eorpach agus Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC).
2016/0256 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Ba le Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 a bunaíodh an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) chun rannchuidiú le dálaí maireachtála agus oibre níos fearr a phleanáil agus a chur ar bun trí ghníomhaíocht a cheaptar chun eolas, ar eolas é ar dócha go gcuideoidh sé leis an bhforbairt sin, a mhéadú agus a scaipeadh.
(2)Ón uair a bunaíodh é i 1975 bhí ról tábhachtach ag Eurofound maidir le tacaíocht a thabhairt do fheabhsú dálaí maireachtála agus oibre ar fud an Aontais Eorpaigh. Ag an am céanna, tá athrú tagtha ar na coincheapa agus ar an tábhacht a bhaineann le dálaí maireachtála agus oibre faoi anáil forbairtí sochaíocha agus bunathruithe ar na margaí saothair. Ina fhianaise sin, is gá coigeartuithe téarmaíochta a dhéanamh ar an tuairisc ar chuspóirí agus ar chúraimí Eurofound mar atá i Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75.
(3)Leasaíodh Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart é a aisghairm agus reachtaíocht nua a chur ina áit ar mhaithe le soiléireacht.
(4)Ba cheart an Ghníomhaireacht a rialú agus a oibriú i gcomhréir le prionsabail an Ráitis Chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012 a mhéid is féidir. Dá bhrí sin, tá an togra seo gan dochar d'aon leasuithe eile ar an Rialachán lenar bunaíodh Eurofound ba mhian leis an gCoimisiún a mholadh i ndiaidh tuilleadh meastóireachta, mar a fhoráiltear sa ghníomh seo nó ar a thionscnamh féin. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chuspóirí, ar shainordú, ar rialachas agus ar chúraimí na ngníomhaireachtaí uile de chuid an Aontais Eorpaigh a ghníomhaíonn i réimsí an mhargaidh saothair, na ndálaí oibre, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus scileanna.
(5)Ós rud é go ndíríonn na gníomhaireachtaí ar a dtugtar na gníomhaireachtaí trípháirteacha, mar atá an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EUOSHA) agus an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), ar shaincheisteanna a bhaineann leis an margadh saothair, leis an timpeallacht oibre agus leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus scileanna, tá gá le dlúth-chomhordú idir na trí ghníomhaireacht sin agus ba cheart leas a bhaint as bealaí le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus sineirgíochtaí. Ina theannta sin, más ábhartha, ba cheart don Ghníomhaireacht iarracht a dhéanamh comhar éifeachtúil a dhéanamh leis na seirbhísí taighde atá ag an gCoimisiún féin.
(6)Ba cheart na forálacha airgeadais agus na forálacha maidir le clársceidealú agus tuairisciú a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 a ailíniú le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún.
(7)Ba cheart na forálacha maidir le foireann Eurofound a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 a ailíniú le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh ('na Rialacháin Foirne') agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle.
(8)Ba cheart don Ghníomhaireacht na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go ndéantar faisnéis rúnda a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte. Más gá glacfaidh Eurofound rialacha slándála mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún.
(9)Is gá foráil a dhéanamh maidir le forálacha buiséadacha idirthréimhseacha agus forálacha idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an fhoireann chun leanúnachas gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a áirithiú go dtí go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Caibidil I
Cuspóirí agus cúraimí na Gníomhaireachta
Airteagal 1 – Cuspóirí na Gníomhaireachta
1.Bunaítear leis seo ina ghníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú, ('an Ghníomhaireacht'), ar a dtugtar 'Eurofound' freisin.
2.Is iad cuspóirí na Gníomhaireachta eolas a mhéadú agus a scaipeadh chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún, d'institiúidí agus do chomhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh, do na Ballstáit agus do na comhpháirtithe sóisialta le múnlú agus cur chun feidhme beartas a bhfuil sé mar aidhm acu dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú, le tacaíocht a thabhairt do bheartais fostaíochta agus le hidirphlé a chur chun cinn idir lucht bainistíochta agus lucht saothair.
Airteagal 2 – Cúraimí
1.Déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí seo a leanas i ndáil leis na réimsí beartais dá dtagraítear in Airteagal 1(2):
(a)forbairtí a anailísiú agus anailís chomparáideach a sholáthar maidir le beartais, creata institiúideacha agus cleachtais i dtíortha éagsúla;
(b)anailís a dhéanamh ar threochtaí na ndálaí maireachtála agus oibre agus ar fhorbairtí sa mhargadh saothair;
(c)anailís a dhéanamh ar na forbairtí ar chórais caidrimh thionsclaíoch agus go háirithe ar an idirphlé sóisialta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sna Ballstáit;
(d)staidéir a dhéanamh nó a choimisiúnú agus taighde a dhéanamh maidir le forbairtí socheacnamaíocha ábhartha agus na saincheisteanna gaolmhara beartais;
(e)fóraim a chur ar fáil chun taithí agus faisnéis a mhalartú idir na páirtithe leasmhara, lena náirítear na comhpháirtithe sóisialta, agus tacú le hathchóirithe agus beartais a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta;
(f)uirlisí agus tacair sonraí a bhainistiú agus a chur ar fáil do lucht déanta beartais, do na comhpháirtithe sóisialta, do lucht léinn agus do pháirtithe leasmhara eile.
2.Agus a cúraimí á ndéanamh aici, beidh idirphlé dlúth ag an nGníomhaireacht, go háirithe, le comhlachtaí speisialaithe, bídís poiblí nó príobháideach, le húdaráis phoiblí agus le heagraíochtaí oibrithe agus fostóirí. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan dochar dá haidhmeanna féin, comhar a áirithiú le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh chun forluí a sheachaint agus chun sineirgíocht agus comhlántacht ina ngníomhaíochtaí a chur chun cinn, go háirithe i dtaca leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna agus, más ábhartha, gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
Caibidil II
Eagar na Gníomhaireachta
Airteagal 3 – Struchtúr riaracháin agus bainistíochta
Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta:
(a)Bord Bainistíochta a fheidhmeoidh na feidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 5;
(b)Bord Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na feidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 10;
(c)Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na freagrachtaí atá leagtha amach in Airteagal 11.
Roinn 1: An Bord Bainistíochta
Airteagal 4 – Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta
1.Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta díobh seo a leanas:
(a)comhalta amháin a bheidh ina ionadaí don Rialtas ó gach ceann de na Ballstáit;
(b)comhalta amháin a bheidh ina ionadaí do na heagraíochtaí fostóirí ó gach ceann de na Ballstáit;
(c)comhalta amháin a bheidh ina ionadaí do na heagraíochtaí fostaithe ó gach ceann de na Ballstáit;
(d)triúr comhaltaí a bheidh ina nionadaithe don Choimisiún.
Beidh cearta vótála ag na comhaltaí uile dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d).
Is í an Chomhairle a cheapfaidh na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) ar bhonn liostaí d'iarrthóirí a chuirfidh na Ballstáit agus eagraíochtaí na bhfostóirí Eorpacha agus eagraíochtaí na bhfostaithe Eorpacha faoi seach faoina bráid. Is é an Coimisiún a cheapfaidh na comhaltaí a bheidh ina nionadaithe dó.
2.Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Déanfaidh an comhalta malartach ionadaíocht ar an gcomhalta agus é nó í as láthair. Ceapfar an comhalta malartach de réir an nós imeachta dá bhforáiltear sa chéad mhír.
3.Ceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha i bhfianaise a gcuid eolais i réimse na mbeartas sóisialta agus oibre, ag cur san áireamh scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha. Déanfaidh na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta iarracht ráta athrúcháin a nionadaithe a theorannú, chun leanúnachas obair an bhoird a áirithiú. Féachfaidh na páirtithe uile le hionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.
4.Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha. Féadfar an tréimhse sin a fhadú. Nuair a thiocfaidh deireadh lena dtéarma oifige nó i gcás dóibh éirí as oifig, fanfaidh comhaltaí in oifig go ndéanfar a gceapachán a athnuachan nó go gcuirfear comhaltaí nua ina nionad.
5.Laistigh den Bhord Bainistíocht, beidh ionadaithe na rialtas, ionadaithe na neagraíochtaí fostóirí agus ionadaithe na neagraíochtaí fostaithe ina ngrúpaí. Ainmneoidh gach grúpa comhordaitheoir chun an plé a fheabhsú laistigh de na grúpaí agus eatarthu. Ionadaithe dá neagraíochtaí ar an leibhéal Eorpach a bheidh i gcomhordaitheoirí grúpaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe agus ní gá iad a ainmniú as measc na gcomhaltaí atá ceaptha ar an mBord. Déanfaidh comhordaitheoirí nach bhfuil ceaptha ina gcomhaltaí den bhord de réir bhrí mhír 1 páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ní bheidh ceart vótála acu.
Airteagal 5 – Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta
1.Déanfaidh an Bord Bainistíochta:
(a)an treorú ginearálta a chinneadh le haghaidh ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus doiciméad clársceidealaithe na Gníomhaireachta a ghlacadh gach bliain trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí atá i dteideal vótáil agus i gcomhréir le hAirteagal 6;
(b)buiséad bliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh, trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí atá i dteideal vótáil, agus feidhmeanna eile a dhéanamh i leith bhuiséad na Gníomhaireachta de bhun Chaibidil III;
(c)an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a ghlacadh maille lena mheasúnú ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus iad a chur, faoin 1 Iúil gach bliain, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí ar fáil don phobal;
(d)na rialacha airgeadais a ghlacadh is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 17;
(e)straitéis fhrithchalaoise a ghlacadh, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise ag cur san áireamh costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme;
(f)rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i dtaca lena chomhaltaí agus le saineolaithe neamhspleácha;
(g)na pleananna cumarsáide agus scaipthe a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais;
(h)a rialacha nós imeachta a ghlacadh.
(i)i gcomhréir le mír 2, maidir le foireann na Gníomhaireachta, na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar sna Rialacháin Foirne don Údarás Ceapacháin agus i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile don Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche ("cumhachtaí an údaráis ceapacháin");
(j)rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;
(k)an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, más ábhartha, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú nó é a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 19;
(l)Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a bheidh go hiomlán neamhspleách agus é ag comhlíonadh a chuid dualgas;
(m)faireachán a dhéanamh go ndéantar obair leantach leordhóthanach i dtaca leis na torthaí agus na moltaí a eascróidh as na tuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus as na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frithchalaoise (OLAF);
(n)gach cinneadh a dhéanamh maidir le bunú struchtúir inmheánacha na Gníomhaireachta agus, más gá, maidir le modhnú na struchtúr sin, ag cur san áireamh riachtanais ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta chomh maithe le haird a thabhairt ar bhainistiú buiséadach fónta;
(o)bunú socruithe oibre i gcomhréir le hAirteagal 30 (1) a údarú.
2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.
Nuair is gá mar gheall ar chúinsí eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí mheán cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis cheapacháin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith leo siúd arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chur ar fionraí go sealadach, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
Airteagal 6 – Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil
1.Gach bliain, déanfaidh an Stiurthóir Feidhmiúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 11(5)c, doiciméad clársceidealaithe a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún agus ag cur san áireamh treoirlínte a shocróidh an Coimisiún.
2.Faoin 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir ar a dhéanaí chomh maith le haon leagan den doiciméad sin a tugadh cothrom le dáta tráth níos déanaí.
Tiocfaidh an doiciméad clársceidealaithe chun bheith críochnaitheach tar éis ghlacadh deiridh bhuiséad ginearálta an Aontais agus déanfar coigeartú air dá réir, más gá sin.
3.Beidh cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena náirítear táscairí feidhmíochta, sa chlár oibre bliantúil. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil ar aon dul leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 5. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.
4.Déanfaidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil atá glactha a leasú nuair a thabharfar cúram nua don Ghníomhaireacht. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
Is leis an nós imeachta céanna a úsáideadh don chlár oibre bliantúil tosaigh a ghlacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil.
5.Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena náirítear cuspóirí, torthaí ionchais agus táscairí feidhmíochta. Leagfar amach clársceidealú acmhainní freisin, lena náirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann. Cuimseofar ann straitéis maidir le caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, maille le sonrú na nacmhainní gaolmhara.
Tabharfar an clársceidealú acmhainní cothrom le dáta go bliantúil. Tabharfar an clársceidealú straitéiseach cothrom le dáta más iomchuí, agus go háirithe chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 28.
Airteagal 7 – Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta
1.Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach amháin agus trí Leas-Chathaoirleach mar a leanas – duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar na Ballstáit, duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar na heagraíochtaí fostóirí, duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar na heagraíochtaí fostaithe agus duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún. Toghfar an Cathaoirleach agus na Leas-Chathaoirligh trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu.
2.Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan uair amháin. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas sa Bhord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.
Airteagal 8 – Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta
1.Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta.
2.Glacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta páirt sa phlé ach ní bheidh ceart vótála aige.
3.Beidh gnáthchruinniú amháin in aghaidh na bliana ag an mBord Bainistíochta. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún nó arna iarraidh sin do thrian de na comhaltaí ar a laghad.
4.Féadfaidh an Bord Bainistíochta iarraidh ar aon duine a bhféadfadh a thuairimí a bheith ina nábhar spéise freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnadóir.
5.Is í an Ghníomhaireacht a chuirfidh rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.
Airteagal 9 – Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta
1.Gan dochar d’Airteagal 5 (1) (a) agus (b) agus d’Airteagal 19 (7), déanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí trí thromlach comhaltaí a bhfuil cearta vótála acu.
2.Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Má tá comhalta a bhfuil ceart vótála aige as láthair, beidh a chomhalta malartach i dteideal a cheart vótála a fheidhmiú.
3.Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil.
4.Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé ach ní bheidh ceart vótála aige.
5.Le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, leagfar síos socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na cúinsí ina bhféadfadh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.
Roinn 2: An Bord Feidhmiúcháin
Airteagal 10 – An Bord Feidhmiúcháin
1.Tabharfaidh Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta.
2.Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin:
(a)na cinntí atá le glacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú;
(b)faireachán a dhéanamh, maille leis an mBord Bainistíochta, go ndéantar obair leantach leordhóthanach i dtaca leis na torthaí agus na moltaí a eascróidh as na tuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus as na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frithchalaoise (OLAF);
(c)gan dochar d’fheidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, mar a leagtar amach in Airteagal 11 iad, cabhrú leis/léi agus comhairle a chur air/uirthi maidir le cinntí an Bhoird Bainistíochta a chur chun feidhme, d'fhonn an mhaoirseacht ar an mbainistíocht riaracháin agus bhuiséadach a threisiú.
3.Más gá, ar chúiseanna práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a ghlacadh thar ceann an Bhoird Bainistíochta, go háirithe maidir le cúrsaí bainistíochta riaracháin, lena náirítear tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin a chur ar fionraí agus cúrsaí buiséadacha.
4.Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, na trí Leas-Chathaoirleach, comhordaitheoirí na dtrí ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(5) agus ionadaí amháin don Choimisiún. Féadfaidh gach grúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(5) suas le dhá chomhalta mhalartacha a ainmniú chun freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta má tá na lánchomhaltaí as láthair. Beidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ina Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin freisin. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh ceart vótála aige.
5.Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin. Féadfar an tréimhse sin a fhadú. Tiocfaidh deireadh le téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin nuair a thiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta.
6.Tiocfaidh an Bord Feidhmiúcháin le chéile trí huaire sa bhliain. Féadfaidh an Cathaoirleach cruinnithe breise a thionól arna iarraidh sin do na comhaltaí.
7.Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin.
Roinn 3: An Stiúrthóir Feidhmiúcháin
Airteagal 11 – Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin
1.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht a bhainistiú. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Bainistíochta.
2.Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, agus an Bhoird Feidhmiúcháin, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú na ndualgas agus ní iarrfaidh sé ná ní thógfaidh sé treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.
3.Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a dhualgas nuair a iarrtar sin air. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le comhlíonadh a dhualgas.
4.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil na Gníomhaireachta.
5.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí a shanntar don Ghníomhaireacht leis an Rialachán seo. Go háirithe, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:
(a)riarachán laethúil na Gníomhaireachta;
(b)cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;
(c)an doiciméad clársceidealaithe a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;
(d)an doiciméad clársceidealaithe a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;
(e)an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;
(f)plean gníomhaíochta a ullmhú ag féachaint do chonclúidí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus d'imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith-chalaoise (OLAF), mar aon le tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn dhá uair sa bhliain don Choimisiún, agus go tráthrialta don Bhord Bainistíochta agus don Bhord Feidhmiúcháin;
(g)leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má aimsítear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, más iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach;
(h)straitéis frith-chalaoise don Ghníomhaireacht a ullmhú agus an straitéis sin a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;
(i)na dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ullmhú;
(j)dréachtráiteas na Gníomhaireachta ar mheastacháin ioncaim agus caiteachais a ullmhú agus a bhuiséad a chur chun feidhme.
6.Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach freisin as cinneadh a dhéanamh an gá, chun críocha cúraimí na Gníomhaireachta a dhéanamh ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach, oifig áitiúil amháin nó níos mó a bhunú i mBallstát amháin nó níos mó. Chun an cinneadh sin a dhéanamh ní mór réamhthoiliú a fháil ón gCoimisiún, ón mBord Bainistíochta agus ón mBallstát ina mbunófar an oifig áitiúil. Leis an gcinneadh sin sonrófar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanfar san oifig áitiúil sin ar dhóigh a sheachnóidh costais neamhriachtanacha agus feidhmeanna riaracháin na Gníomhaireachta a bheith á ndéanamh faoi dhó.
Roinn 4: Coistí Comhairleacha
Airteagal 12 – Coistí Comhairleacha
1.Is é an Bord Bainistíochta a bhunóidh Coistí Comhairleacha i gcomhréir leis na réimsí beartais tosaíochta a leagtar amach i ndoiciméid clársceidealaithe na Gníomhaireachta.
2.Comhlachtaí oibriúcháin is ea na Coistí Comhairleacha a bhfuil sé mar aidhm acu cáilíocht an taighde a dhéanann an Ghníomhaireacht a áirithiú, chomh maith le húinéireacht fhairsing ar na tionscadail agus ar na torthaí, trí bheith páirteach i gcur chun feidhme chláir na Gníomhaireachta agus trí chomhairle agus ionchur nua a thabhairt.
3.I gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus leis an mBord Feidhmiúcháin, déanfaidh Coistí Comhairleacha na príomhfheidhmeanna seo a leanas maidir le tionscadail taighde:
(k)comhairle a thabhairt maidir lena gceapadh agus a gcur chun feidhme;
(l)faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme;
(m)meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí taighde;
(n)comhairle a thabhairt maidir le torthaí a scaipeadh.
4.Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh Rialacha Nós Imeachta na gCoistí Comhairleacha. Déanfaidh na comhordaitheoirí grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 4(5) maoirseacht ar ainmniú agus ar rannpháirtíocht chomhaltaí na gCoistí Comhairleacha i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta thuasluaite.
5.Is é an Bord Bainistíochta a dhéanfaidh cinneadh maidir le Coistí Comhairleacha a lánscor, i gcomhréir leis na tosaíochtaí atá leagtha amach i ndoiciméid clársceidealaithe na Gníomhaireachta.
Caibidil III
Forálacha airgeadais
Airteagal 13 – Buiséad
1.Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile na Gníomhaireachta gach bliain airgeadais, de réir na bliana féilire, agus léireofar i mbuiséad na Gníomhaireachta iad.
2.Beidh buiséad na Gníomhaireachta comhardaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.
3.Gan dochar d'acmhainní eile, beidh ar áireamh in ioncam na Gníomhaireachta:
(a)ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh;
(b)aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit;
(c)táillí ar fhoilseacháin agus aon seirbhís eile a sholáthróidh an Ghníomhaireacht;
(d)aon ranníocaíocht ó thríú tíortha atá rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta, dá bhforáiltear in Airteagal 30.
4.Cuirfear luach saothair foirne, speansais riaracháin agus bonneagair agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas na Gníomhaireachta.
Airteagal 14 – An buiséad a bhunú
1.Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtmheastachán sealadach a tharraingt suas gach bliain ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn, lena náirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.
2.Ar bhonn an dréachta shealadaigh sin, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn.
3.Cuirfear an dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain.
4.Cuirfidh an Coimisiún dréachtmheastacháin chuig an údarás buiséadach maille le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais.
5.Ar bhonn na ndréachtmheastachán, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais na meastacháin sin a mheasfaidh sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus méid an fhóirdheontais a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagal 313 agus le hAirteagal 314 den Chonradh.
6.Is é an túdarás buiséadach a údaróidh na leithreasuithe i gcomhair na ranníocaíochta a thabharfar don Ghníomhaireacht.
7.Is é an túdarás buiséadach a ghlacfaidh plean bunaíochta na Gníomhaireachta.
8.Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh buiséad na Gníomhaireachta. Tiocfaidh sé chun bheith críochnaitheach tar éis ghlacadh cinntitheach bhuiséad ginearálta an Aontais. Más gá, coigeartófar é dá réir.
9.I gcás aon tionscadail ar dócha go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad na Gníomhaireachta, beidh feidhm ag forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 maidir leis.
Airteagal 15 – An buiséad a chur chun feidhme
1.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.
2.Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach.
Airteagal 16 – Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh
1.Faoin 1 Márta den bhliain airgeadais dár gcionn, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
2.Faoin 31 Márta den bhliain airgeadais dár gcionn, cuirfidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Faoin 31 Márta den bhliain airgeadais dár gcionn, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
3.Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin barúlacha Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta de bhun Airteagal 148 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh sé cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas ar a chúram féin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhord Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.
4.Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.
5.Déanfaidh an toifigeach cuntasaíochta, faoin 1 Iúil i ndiaidh gach bliana airgeadais, na cuntais chríochnaitheacha agus an tuairim ón mBord Bainistíochta a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.
6.Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dár gcionn.
7.Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir lena barúlacha faoin 30 Meán Fómhair. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.
8.Aon fhaisnéis atá ag teastáil chun an nós imeachta um urscaoileadh a chur i bhfeidhm ar bhealach rianúil don bhliain airgeadais lena mbaineann, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í, arna iarraidh sin di, i gcomhréir le hAirteagal 165(3) den Rialachán Airgeadais.
9.Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.
Airteagal 17 – Rialacha airgeadais
Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ach amháin i gcás ina mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach d’fheidhmiú na Gníomhaireachta agus go dtoileoidh an Coimisiún leis roimh ré.
Caibidil IV
An fhoireann
Airteagal 18 – Forálacha ginearálta
1.
Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir le foireann na Gníomhaireachta.
2.
Déanfaidh an Bord Bainistíochta rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.
Airteagal 19 – An Stiúrthóir Feidhmiúcháin
1.Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina bhall foirne agus is mar ghníomhaire sealadach den Ghníomhaireacht a fhostófar é faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.
2.Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann.
Chun críche an conradh a thabhairt chun críche leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, is é Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta a dhéanfaidh ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.
3.Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú a chuirfidh san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus ar dhúshláin na Gníomhaireachta amach anseo.
4.Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 3 á chur san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, ar feadh cúig bliana ar a mhéad.
5.Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar cuireadh síneadh lena chonradh páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.
6.Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.
7.Is ar bhonn tromlaigh dhá thrian dá chuid comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí faoi cheapachán, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.
Airteagal 20 – Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile
1.Féadfaidh an Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as foireann eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht.
2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht.
Chaibidil V
Forálacha Ginearálta
Airteagal 21 – Stádas dlíthiúil
1.Is comhlacht de chuid an Aontais a bheidh sa Ghníomhaireacht. Beidh pearsantacht dhlítheanach aige.
2.I ngach ceann de na Ballstáit, tabharfar don Ghníomhaireacht an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe féin. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sí bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.
3.Is i mBaile Átha Cliath, in Éirinn, a bheidh an Ghníomhaireacht lonnaithe.
4.Féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigí áitiúla a bhunú i mBallstát amháin nó níos mó, faoi réir a dtoilithe agus i gcomhréir le hAirteagal 11(6).
Airteagal 22 – Pribhléidí agus díolúintí
Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht agus maidir lena foireann.
Airteagal 23 – Socruithe teanga
1.Beidh feidhm maidir leis an nGníomhaireacht ag na forálacha atá leagtha síos i Rialachán Uimh. 1.
2.Féadfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh ar na teangacha a úsáidfidh an Ghníomhaireacht ina feidhmiú inmheánach.
3.Is é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a chuirfidh na seirbhísí aistriúcháin is gá ar fáil chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht.
Airteagal 24 – Trédhearcacht
1.Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid i seilbh na Gníomhaireachta. Laistigh de shé mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.
2.Is faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil. Laistigh de shé mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, leagfaidh an Bord Bainistíochta síos bearta don Ghníomhaireacht chun Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chur i bhfeidhm, lena náirítear bearta a bhaineann le hOifigeach um Chosaint Sonraí a cheapadh don Ghníomhaireacht. Déanfar na bearta sin a leagan síos tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
Airteagal 25 – Calaois a chomhrac
1.Chun an comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí mídhleathacha eile a éascú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, laistigh de sé mhí ón lá a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChaloise (OLAF) agus glacfaidh sí na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile na Gníomhaireachta ag úsáid an teimpléid atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.
2.Beidh cumhacht iniúchóireachta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ón nGníomhaireacht.
3.Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí gan choinne, d'fhonn a fháil amach ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a mbeadh tionchar aige ar leas an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1073/1999 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96.
4.Gan dochar do mhír 1, mír 2 agus mír 3, cuimseofar i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais na Gníomhaireachta, forálacha a thugann cumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do OLAF chun iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, de réir a gcuid inniúlachtaí féin.
Airteagal 26 – Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint
Glacfaidh an Ghníomhaireacht a rialacha slándála féin a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún. Cuimseoidh rialacha slándála na Gníomhaireachta, inter alia, forálacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.
Airteagal 27 – Dliteanas
1.Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i gceist.
2.Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.
3.I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arbh iad a ranna nó a foireann ba chúis leis agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.
4.Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as damáiste dá dtagraítear i mír 3.
5.Beidh dliteanas pearsanta a foirne i leith na Gníomhaireachta rialaithe ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir léi.
Airteagal 28 – Meastóireacht
1.Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht a choimisiúnú i gcomhlíonadh threoirlínte an Choimisiúin chun feidhmíocht na Gníomhaireachta a mheasúnú ó thaobh a chuid cuspóirí, a shainordú agus a thascanna de, tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 37, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin. Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht sin, go háirithe, ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith ann sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú agus ar na himpleachtaí airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ag aon mhodhnú den sórt sin.
2.I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil údar a thuilleadh leis an nGníomhaireacht leanúint ar aghaidh maidir leis na cuspóirí, an sainordú agus na cúraimí atá sannta di, féadfaidh sé a mholadh go ndéanfaí an Rialachán seo a leasú dá réir nó a aisghairm.
3.Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta a thuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Poibleofar torthaí na meastóireachta.
Airteagal 29 – Imscrúduithe riaracháin
Beidh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoi réir imscrúduithe an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 den Chonradh.
Airteagal 30 – Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta
1.A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d'inniúlachtaí na mBallstát, institiúidí an Aontais agus na Gníomhaireachta faoi seach, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul i gcomhar le húdaráis inniúla tríú tíortha agus/nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
Chuige sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis di réamhúdarú a fháil ón gCoimisiún, socruithe oibre a bhunú le húdaráis tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Ní chruthófar leis na socruithe sin oibleagáidí dlíthiúla ar an Aontas ná ar na Ballstáit.
2.Beidh an Ghníomhaireacht oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta acu leis an Aontas.
Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, forbrófar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíocht na dtríú tíortha lena mbaineann in obair na Gníomhaireachta, lena náirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dtabharfaidh an Ghníomhaireacht fúthu, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfaidh na socruithe sin na Rialacháin Foirne i gcás ar bith.
3.Glacfaidh an Bord Bainistíochta straitéis i gcomhair caidreamh le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí a mbeidh inniúlacht ag an nGníomhaireacht ina leith.
Airteagal 31 – Comhaontú maidir le ceanncheathrú agus coinníollacha oibriúcháin
1.Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil don Ghníomhaireacht sa Bhallstát aíochta agus na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát aíochta maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, foireann na Gníomhaireachta agus a dteaghlach, leagfar síos iad i gComhaontú Ceanncheathrún idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát ina bhfuil an suíomh lonnaithe.
2.Déanfaidh Ballstát aíochta na Gníomhaireachta na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht go hiomchuí, lena náirítear scolaíocht ilteangach a bhfuil béim ar an ngné Eorpach inti, agus naisc iomchuí iompair.
Caibidil VI
Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 32 – Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta
1.Déanfar téarma oifige chomhaltaí Bhord Rialúcháin na Gníomhaireachta mar a bunaíodh ar bhonn Airteagal 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle é a fhoirceannadh an… [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
2.Is é an Bord Rialúcháin a bunaíodh ar bhonn Airteagal 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle a dhéanfaidh, laistigh den tréimhse idir ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus ... [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo.
Airteagal 33 – Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an bhfoireann
1.Ar feadh na dtréimhsí a bheidh fágtha dá théarma oifige, is ar an Stiúrthóir ar an nGníomhaireacht a ceapadh ar bhonn Airteagal 8 de Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle a bheidh cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Rialachán seo. Ní athrófar coinníollacha eile a chonartha.
2.Ar feadh na dtréimhsí a bheidh fágtha dá théarma oifige, déanfaidh an Leas-Stiúrthóir ar an nGníomhaireacht a ceapadh ar bhonn Airteagal 8 de Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir nó don Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
3.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chearta ná d'oibleagáidí na mball foirne atá fostaithe faoi Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle.
Airteagal 34 – Forálacha buiséadacha idirthréimhseacha
Is i gcomhréir leis na rialacha a bunaíodh le Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 a chuirfear an nós imeachta urscaoilte maidir leis na buiséid arna bhformheas ar bhonn Airteagal 16 den Rialachán sin i gcrích.
Caibidil VII
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 35 – Aisghairm
Déantar Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 a aisghairm ón [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 36 – Na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a choinneáil i bhfeidhm
Fanfaidh na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Rialúcháin ar bhonn Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 i bhfeidhm tar éis an [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], mura gcinnfidh an Bord Bainistíochta a mhalairt agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.
Airteagal 37 – Teacht i bhfeidhm
1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.Beidh sé infheidhme ón [dáta an chur i bhfeidhm].
3.Beidh feidhm ag Airteagal 32, ag Airteagal 33 agus ag Airteagal 34 áfach, ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
4.Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
1.4.Cuspóirí
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair acmhainní daonna Eurofound
3.2.3.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.4.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (EUROFOUND)
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB
04: Fostaíocht, gnóthaí sóisialta agus cuimsiú
04 03: Fostaíocht, gnóthaí sóisialta agus cuimsiú
04 03 11: An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
◻Baineann an togra/tionscnamh le beart nua
◻Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
⌧Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana
◻Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
Cuspóirí/luach breise an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an straitéis d'Eoraip 2020
Borradh nua faoi Phoist, Fás agus Infheistíocht
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta níos doimhne agus níos cothroime
1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann
Cuspóir sonrach Uimh.
Eolas a mhéadú agus a scaipeadh chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún, d'institiúidí agus do chomhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh, do na Ballstáit agus do na comhpháirtithe sóisialta le múnlú agus cur chun feidhme beartas a bhfuil sé mar aidhm acu dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú, le tacaíocht a thabhairt do bheartais fostaíochta agus le hidirphlé a chur chun cinn idir lucht bainistíochta agus lucht saothair.
Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann
040311 – An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú – Rannchuidiú faoi Theideal 1, faoi Theideal 2 agus faoi Theideal 3.
1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Is é misean Eurofound eolas a sholáthar chun cúnamh a thabhairt maidir le forbairt beartas a bhaineann le cúrsaí sóisialta agus oibre.
Cuireann Eurofound comhairle ar na hinstitiúidí Eorpacha agus freastalann sé ar riachtanais lucht ceaptha beartas i rialtais, i gceardchumainn agus in eagraíochtaí fostóirí. Léirítear an cur chuige tríthaobhach sin i struchtúr a Bhoird Bainistíochta (an Bord Rialúchain roimhe seo) agus is amhlaidh gur luach breise soiléir é. Is léiriú é ar thábhacht obair Eurofound agus ar inchreideacht an rannchuidithe a thugtar do lucht déanta beartais.
Ar cheann de na príomh-spriocluchtanna éisteachta atá ag Eurofound tá údaráis phoiblí, comhpháirtithe sóisialta agus iad siúd a mbaineann beartas sóisialta a cheapadh leo ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Is é is aidhm do Eurofound faisnéis a sholáthar a bhaineann le hábhar dóibh sin a cheapann agus a chuireann beartas chun feidhme, agus sin trí thaighde a nascadh le hábhar a bhaineann le beartas. Cuireann Eurofound a chuid torthaí in iúl do shaoránach an Aontais Eorpaigh trína shuíomh gréasáin ar www.eurofound.europa.eu.
Rannchuidíonn Eurofound trína bheith ag tógáil ar na príomhréimsí saineolais atá forbartha aige. Aithnítear an Ghníomhaireacht as an mbunachar láidir eolais atá aige i réimse na ndálaí oibre. Is é an chéad údarás le haghaidh faisnéis maidir le caidrimh thionsclaíocha agus idirphlé sóisialta san Aontas Eorpach agus aithnítear é i ngeall ar thuiscint dhomhan a bheith aige ar shaincheisteanna a bhaineann le dálaí oibre agus cáilíocht beatha. Forbraíodh réimse eile saineolais, is é sin athrú struchtúrtha agus athstruchtúrú, ó bhí 2001 ann, tar éis conclúidí a fháil ón gComhairle Eorpach in Nice.
Déanann an Ghníomhaireacht a dhícheall faisnéis den cháilíocht is airde a sholáthar ina chuid réimsí saineolais: faisnéis shlán agus neamhchlaonta. Is é fís Eurofound go ndéanfar an fhaisnéis sin a úsáid le haghaidh beartais éifeachtacha a fhorbairt arb é an toradh a bheidh orthu cáilíocht beatha agus oibre a fheabhsú san Eoraip le go mbeidh sí iomaíoch agus cothrom.
1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar
Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
Tá córas cuimsitheach ann cheana féin ina ndéantar faireachán agus meastóireacht, ex-ante agus ex-post araon, ar na cláir ilbhliantúla oibre. Déanfar é a thabhairt i gcrích tríd an mheastóireacht agus an athbhreithniú a dhéanfaidh an Coimisiún gach cúig bliana.
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma
Airteagal 151 CFAE: 'Beidh de chuspóirí ag an Aontas [..] dlús a chur le fostaíocht, le dálaí feabhsaithe maireachtála agus oibre....
Deanann an Rialachan lenar bunaíodh Eurofound a ról agus a chuspóirí a shainiú mar seo a leanas: 'Is é ról Eurofound rannchuidiú le dálaí maireachtála agus oibre níos fearr a phleanáil agus a chur ar bun trí ghníomhaíocht a cheaptar chun eolas, ar eolas é ar dócha go gcuideoidh sé leis an bhforbairt sin, a mhéadú agus a scaipeadh. Ar son an chuspóra seo, ar na cúraimí a bheidh ar an bhForas, beidh smaointe a fhorbairt agus a shaothrú maidir le dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú sa mheántéarma agus san fhadtéarma i bhfianaise na taithí praiticiúla a fuarthas agus chun fachtóirí a shainaithint arb é an tathrú an toradh a bheidh orthu.'
Tacaíonn Eurofound le hobair an Choimisiúin i réimsí na fostaíochta, gnóthaí sóisialta agus cuimsiú trí thaighde agus anailís ar bheartas a dhéanamh sna réimsí sin. Tugann sé anailís fhadtéarmach maidir le fadhbanna agus tionscnaimh beartais d'fhonn 'an méid oibríonn agus an méid nach noibríonn' a shainaithint. Ina chuid suirbhéanna tugann sé anailís fhadtéarmach agus faisnéis maidir le treochtaí agus forbairtí reatha i nDálaí Oibre, Cailíocht Beatha agus Iompar gnólachtaí; tugann a chuid faireachlann stóras d'anailís thuairisciúil agus d'fhaisnéis nuashonraithe faoi Chaidrimh Thionsclaíocha agus Dálaí Oibre, Athstruchtúrú agus Bainistiú Athruithe.
Déanann Eurofound obair a thacaíonn leis an Idirphlé Sóisialta Eorpach (Airteagail 154–155 de CFAE) i bhfoirm staidéar ar ionadaíocht maidir leis na Comhpháirtithe Sóisialta Eorpacha, lena dtugtar deimhniú neamhspleách ar a gcumas bheith rannpháirteach san Idirphlé Sóisialta Eorpach agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích.
1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais Eorpaigh
Cuireann Eurofound comhairle ar na hinstitiúidí Eorpacha agus freastalann sé ar riachtanais lucht ceaptha beartas i rialtais, i gceardchumainn agus in eagraíochtaí fostóirí. Léirítear an cur chuige tríthaobhach sin i struchtúr a Bhoird Bainistíochta (an Bord Rialúcháin roimhe seo) agus is amhlaidh gur luach breise soiléir é. Is léiriú é ar thábhacht obair Eurofound agus ar inchreideacht an rannchuidithe a thugtar do lucht déanta beartais. Le faireachlanna agus suirbhéanna Eurofound tugtar foinse uathúil d'fhaisnéis neamhspleách maidir le forbairtí ar fud na hEorpa, rud nach bhfuil ar fáil ó aon áit eile. Is beag institiúid náisiúnta eile den chineál céanna atá ann sna Ballstáit, agus is cinnte nach bhfuil aon cheann ann a chuireann faisnéis chomparáideach ar fáil maidir leis na Ballstáit ar fad.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Tá taighde, faireachán agus suirbhéanna á ndéanamh ag Eurofound ó 1975 i leith. Is trína bheith ag tógáil ar na príomhréimsí saineolais atá forbartha aige gur féidir le Eurofound an rannchuidiú is luachmhara da chuid a thabhairt. Aithnítear an Ghníomhaireacht as an mbunachar láidir eolais atá aige i réimse na ndálaí oibre. Is é an chéad údarás le haghaidh faisnéis maidir le caidrimh thionsclaíocha agus idirphlé sóisialta san Aontas Eorpach agus aithnítear é i ngeall ar thuiscint dhomhan a bheith aige ar shaincheisteanna a bhaineann le dálaí oibre agus cáilíocht beatha.
Déanann an Ghníomhaireacht a dhícheall faisnéis den cháilíocht is airde a sholáthar ina chuid réimsí saineolais: faisnéis shlán agus neamhchlaonta. Is é fís Eurofound go ndéanfar an fhaisnéis sin a úsáid le haghaidh beartais éifeachtacha a fhorbairt arb é an toradh a bheidh orthu cáilíocht beatha agus oibre a fheabhsú san Eoraip le go mbeidh sí iomaíoch agus cothrom.
1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann
Oibríonn Eurofound i gcomhar le Gníomhaireachtaí eile an Aontais Eorpaigh i réimsí gaolmhara. Tá comhaontuithe comhair ann leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EUOSHA), an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF), agus an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Chearta Bunúsacha. Leis na comhaontuithe sin déantar foráil go háirithe don luathchomhairliúchán maidir le forbairt na gclár oibre agus déantar iad a chomhlánú le pleananna gníomhaíochta ina gcomhaontaítear foirmeacha breise malartaithe agus, más iomchuí, gníomhaíochtaí comhpháirteacha. Áirithítear leis sin go mbeidh gníomhaíochtaí ag comhlánú a chéile ionas go mbeifear in ann sineirgí a bhaint amach.
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
◻Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta
–◻
Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–◻
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB
⌧Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
◻Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún trí
–◻
ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
⌧ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
⌧comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 208 agus Airteagal 209;
◻ comhlachtaí dlí poiblí;
◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
Nótaí
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo
Tá gníomhaireachtaí uile an Aontais Eorpaigh ag obair faoi dhianchóras faireacháin lena mbaineann comhordaitheoir um rialú inmheánach, Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin, an Bord Rialúcháin, an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus an tÚdarás Buiséadach. Leanfar d'fheidhm a bheith ag an gcóras sin mar a leagtar síos sa Rialachán lenar bunaíodh Eurofound.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.
2.2.2.Modhanna rialaithe atá beartaithe
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.
Ní dhearnadh foráil shonrach do bhearta frithchalaoise sa rialachan lenar bunaíodh Eurofound atá ann faoi láthair, ach tá bearta iomchuí déanta ag an Stiúrthóir agus ag an mBord Rialúcháin i gcomhréir le Caighdeáin Rialaithe Inmheánaigh a chuirtear i bhfeidhm ar fud institiúidí uile an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir leis an gCur Chuige Comhchoiteann, ghlac an Ghníomhaireacht straitéis frithchalaoise i Samhain 2014.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghascaiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Ceannteideal 1A – Iomaíochas ar mhaithe le fás agus poist
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
|
04 03 11 An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (EUROFOUND)
|
Difreáilte
|
TÁ
|
TÁ
|
NÍL
|
|
Línte nua buiséid atá á niarraidh N/B
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghascaiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir[Ceannteideal…...….]
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
An tionchar ar chaiteachas de réir mar a léirítear thíos, tá sé i gcomhréir le Teachtaireacht (2013)519 ón gCoimisiún.
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
1A
|
Iomaíochas le haghaidh fáis agus post
|
|
An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (EUROFOUND)
|
|
|
2013
|
2014
|
2015
|
2016
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
IOMLÁN
|
|
• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uimhir na líne buiséid
|
Gealltanais
|
(1)
|
20,371
|
20,371
|
20,371
|
20,371
|
20,371
|
20,371
|
20,779
|
21,195
|
143,829
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
20,371
|
20,371
|
20,371
|
20,371
|
20,371
|
20,371
|
20,779
|
21,195
|
143,829
|
|
Uimhir na líne buiséid
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2 a)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
|
|
Uimhir na líne buiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
don Fhoras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (EUROFOUND)
|
Gealltanais
|
=1+1a +3
|
20,371
|
20,371
|
20,371
|
20,371
|
20,371
|
20,371
|
20,779
|
21,195
|
143,829
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2+2a
+3
|
20,371
|
20,371
|
20,371
|
20,371
|
20,371
|
20,371
|
20,779
|
21,195
|
143,829
|
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair acmhainní daonna Eurofound
3.2.2.1.Achoimre
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–⌧
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
2016
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
|
|
IOMLÁN
|
|
Oifigigh (Gráid AD)
|
8
|
8
|
8
|
8
|
8
|
|
|
|
|
Oifigigh (Gráid AST)
|
10
|
9
|
9
|
9
|
9
|
|
|
|
|
Baill foirne ar conradh
|
14
|
14
|
14
|
14
|
14
|
|
|
|
|
Baill foirne shealadacha
|
77
|
76
|
74
|
74
|
74
|
|
|
|
|
Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht
|
1
|
1
|
1
|
1
|
1
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
114
|
108
|
106
|
106
|
106
|
|
|
|
3.2.2.2.Na riachtanais acmhainní daonna a mheastar a bheidh ag an máthair-Ard-Stiúrthóireacht
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.
–⌧
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
|
|
2016
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
|
|
|
Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
0.8
|
0.8
|
0.8
|
0.8
|
0.8
|
|
|
|
XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 01 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 04 yy
|
- sa Cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- i dToscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Seasamh an Choimisiúin i leith na Gníomhaireachta a chomhordú agus ionadaíocht a dhéanamh dó.
|
|
Pearsanra seachtrach
|
|
3.2.3.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
–⌧
Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.
–◻
Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.
Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.4.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
–Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.
–Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
BliainN
|
BliainN+1
|
BliainN+2
|
BliainN+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–⌧
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.
–◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
Maidir le hacmhainní dílse
ar ioncam ilghnéitheach
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
BliainN
|
BliainN+1
|
BliainN+2
|
Bliain N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.
Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.