An Bhruiséil,19.7.2016

COM(2016) 477 final

2016/0229(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear (AE) Uimh. 952/2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, maidir le hearraí a d'fhág go sealadach críoch chustaim an Aontais ar muir nó san aer


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is éard is aidhm do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (CCA) 1 trádáil dhlisteanach a éascú agus san am céanna maoirseacht chustaim iomchuí agus an comhrac i gcoinne na calaoise a áirithiú.

Tháinig CCA i bhfeidhm an 30 Deireadh Fómhair 2013, ach tá feidhm aige ina iomláine ón 1 Bealtaine 2016 amach.

Is éard is aidhm don togra seo Airteagal 136 CCA a mhodhnú chun cur i bhfeidhm fhorálacha eile CCA a áirithiú, go háirithe na forálacha a bhaineann le maoirseacht chustaim. Ba cheart an leasú seo teacht i bhfeidhm chomh luath agus is féidir chun cuidiú le maoirseacht chustaim éifeachtach.

D'fhonn sreafaí trádála a éascú, sonraítear in Airteagal 136 CCA nach bhfuil feidhm ag forálacha áirithe (go háirithe na forálacha lena rialaítear na hoibleagáidí maidir le dearbhú iontrála achomair a thaisceadh, fógra a thabhairt maidir le teacht árthaigh farraige, earraí a iompar agus a thíolacadh do chustaim tráth a ndílochtaithe nó a dtrasloingsithe agus fanacht le húdarú a fháil sula ndéantar na hearraí a dhílochtú nó a thrasloingsiú, agus na forálacha sin lena rialaítear stóráil shealadach) maidir le hearraí a d'fhág críoch chustaim an Aontais go sealadach le linn dóibh a bheith ag gluaiseacht ar chonair dhíreach idir dhá phointe sa chríoch sin ar muir nó san aer gan stopadh lasmuigh den Aontas. Mar sin féin, má dhéantar na forálacha sin a dhífheidhmiú, is féidir go mbeidh baol ann nach ndéanfar maoirseacht chustaim éifeachtach ar na hearraí sin.

Le hAirteagal 136 CCA, ní fhaightear réidh leis an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 134 CCA maidir le hearraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais a bheith faoi réir maoirseacht chustaim agus, más iomchuí, faoi réir rialuithe custaim. Mar sin féin, mar thoradh ar an téacs atá ann faoi láthair in Airteagal 136, níl aon bhunús dlí soiléir ann lena gceanglaítear na hearraí sin a thíolacadh do na húdaráis chustaim. Ina éagmais sin, an mhaoirseacht a dhéanfaidh na húdaráis custaim ar earraí nach earraí de chuid an Aontais iad agus ar earraí de chuid an Aontais nach mór cruthúnas a thabhairt maidir lena stádas, is féidir go néireoidh sé níos deacra.

Dá bharr sin, ní mór deis a bheith ag na húdaráis custaim sna calafoirt nó sna haerfoirt sin chun a áirithiú go ndéanfar dleacht ar allmhairí agus muirir eile a ghearradh go hiomlán agus mar is ceart, nó go gcuirfear bearta neamhfhioscacha i bhfeidhm mar is ceart (e.g. rialuithe tréidliachta nó fíteashláintíochta) maille le rioscaí a shainaithint maidir le hearraí a thiocfaidh isteach ina gcalafoirt nó ina naerfoirt.

Chun cur i bhfeidhm iomchuí fhorálacha eile CCA a áirithiú, go háirithe na forálacha sin maidir le maoirseacht chustaim, tá sé ríthábhachtach dá bhrí sin modhnú a mholadh ar raon feidhme Airteagal 136 CCA, lena ndéantar dealú idir earraí nach earraí de chuid an Aontais iad agus earraí de chuid an Aontais, mar seo a leanas:

(1)Ar an gcéad dul síos, is iad na forálacha seo a leanas, agus na forálacha seo amháin, nach bhfuil feidhm acu maidir le hearraí nach earraí de chuid an Aontais iad a thiocfaidh ar chonair dhíreach isteach i gcríoch chustaim an Aontais arís, tar éis dóibh an tAontas a fhágáil go sealadach ar chonair dhíreach ar muir nó san aer:

(1)Na rialacha lena rialaítear an oibleagáid an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh (Airteagail 127 go 130 CCA) agus

(2)Na rialacha lena rialaítear an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le teacht árthaigh farraige nó aerárthaigh d'oifig custaim na chéad iontrála i gcríoch chustaim an Aontais (Airteagal 133 CCA).

(3)Os a choinne sin, na forálacha lena rialaítear an oibleagáid na hearraí a iompar chuig áit áirithe, iad a thíolacadh do chustaim tráth a ndílochtaithe nó a dtrasloingsithe, fanacht le húdarú a fháil sula ndéanfar na hearraí a dhílochtú nó a thrasloingsiú, agus na forálacha maidir le stóráil shealadach, ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis na cásanna sin agus, sa dóigh go mbeifí in ann maoirseacht chustaim iomchuí a dhéanamh.

(2)Ar an dara dul síos, ba cheart gur mar a gcéanna a bheadh i gcás earraí de chuid an Aontais ar gá cruthúnas a thabhairt maidir lena stádas de bhun Airteagal 153(2) CCA, sa mhéid nach mór do na húdaráis custaim bheith in ann an cruthúnas a sheiceáil maidir leis an stádas sin.

(3)Ar an tríú dul síos, na rialacha nach bhfuil feidhm acu maidir le hearraí de chuid an Aontais a bhfuil a stádas coinnithe acu de bhua Airteagal 155(2) CCA, is féidir leo na rialacha lena rialaítear an oibleagáid earraí a thíolacadh do chustaim tráth a ndílochtaithe nó a dtrasloingsithe, agus an oibleagáid fanacht le húdarú a fháil sula ndéantar na hearraí a dhílochtú nó a thrasloingsiú (139 go 140 CCA) a chur san áireamh freisin. Is amhlaidh atá, fiú amháin má d'fhág na hearraí críoch chustaim an Aontais go sealadach, toisc nár athraíodh a stádas agus ní gá cruthúnas a thabhairt maidir leis.

(4)Ar deireadh, ba cheart tagairtí áirithe a scriosadh as Airteagal 136 CCA mar seo a leanas:

(1)An tagairt d'Airteagal 135(1) agus d'Airteagal 137 CCA, ba cheart í a scriosadh mar gur cheart na hearraí a iompar chuig áiteanna áirithe a d'ainmnigh na húdaráis chustaim in aon chás;

(2)An tagairt d'Airteagal 141 CCA, ba cheart í a scriosadh mar gur cheart feidhm a bheith ag Airteagal 141(1) maidir le hearraí a aistrítear faoin nós imeachta idirthurais tráth a thiocfaidh siad isteach san Aontas custaim arís.

(3)Na tagairtí d'Airteagail 144 go 149 CCA, ba cheart iad a scriosadh mar nach bhfuil feidhm ag na forálacha faoi stóráil shealadach maidir le hearraí de chuid an Aontais in aon chás agus rinneadh a gcur i bhfeidhm maidir le hearraí nach earraí de chuid an Aontais iad a eisiamh trí bhotún.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is éard is aidhm don togra cur i bhfeidhm iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 952/2013 a áirithiú, atá i gcomhréir iomlán le beartais agus cuspóirí a bhí ann cheana a bhaineann le trádáil earraí a thabharfar isteach agus amach as an Aontas agus isteach agus amach as críoch chustaim an Aontais

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra.

 

Coimhdeacht

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais, de réir Airteagal 3(1)(e) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

 

Comhréireacht

Níl aon fhorbairtí beartais nua sa togra i gcomparáid leis an ngníomh reachtach arb é is aidhm leis a leasú; níl ann ach go ndéanann sé aon fhoráil amháin a mhodhnú chun cur i bhfeidhm iomchuí fhorálacha eile an Rialacháin chéanna a áirithiú. Ós rud é gur gníomh dlí de chuid an Aontais Eorpaigh Rialachán (CE) Uimh. 952/2013, is le gníomh dlí atá coibhéiseach leis, agus leis sin amháin, is féidir é a leasú. Ní féidir le Ballstáit gníomhú ina naonar.

 

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara

Leis an leasú seo, ní athraítear substaint Rialachán (CE) Uimh. 952/2013, dá bhrí sin, tá an comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara a rinneadh roimh ghlacadh an Rialacháin sin fós ábhartha.

Rinneadh an leasú ábhartha a phlé freisin leis na Ballstáit agus le hionadaithe trádála i gcruinnithe comhpháirteacha de chuid an tSainghrúpa Chustaim agus Ghrúpa Teagmhála na Trádála, áit ar thángthas ar chomhdhearcadh maidir le substaint an leagain atá á mholadh.

Measúnú tionchair

Ní gá Measúnú Tionchair breise a dhéanamh. Déanann an togra seo aon fhoráil amháin a mhodhnú le go mbeidh sí comhleanúnach le forálacha eile Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, ar athmhúnlú é de Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 agus a bhfuil measúnú tionchair déanta ag an gCoimisiún maidir leis.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níor cheart aon impleachtaí buiséadacha díreacha a bheith ag an leasú atá beartaithe ach déanfaidh sé tiomsú a chuid acmhainní féin a éascú.

2016/0229 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear (AE) Uimh. 952/2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, maidir le hearraí a d'fhág go sealadach críoch chustaim an Aontais ar muir nó san aer

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)D'fhonn sreafaí trádála a éascú, déanann Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle 2 cur i bhfeidhm forálacha áirithe den Rialachán sin a eisiamh maidir le hearraí a d'fhág go sealadach críoch chustaim an Aontais le linn dóibh a bheith ag gluaiseacht idir dhá chalafort nó aerfort san Aontas gan stopadh lasmuigh den Aontas. Is éard atá sna forálacha sin, na rialacha lena rialaítear an oibleagáid an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh, na rialacha lena rialaítear an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le teacht árthaigh farraige nó aerárthaigh, na rialacha lena rialaítear an oibleagáid earraí a iompar chuig áiteanna áirithe agus iad a thíolacadh do na húdaráis chustaim ag an bpointe ag a ndéanfar iad a dhílochtú nó a thrasloingsiú, agus na rialacha lena rialaítear stóráil shealadach.

(2)Dá thoradh sin, níl aon bhunús dlí lena gceanglófaí na hearraí a dhílochtaítear nó a thrasloingsítear a thíolacadh ag an bpointe ag a dtagann na hearraí isteach arís i gcríoch custaim an Aontais arís tar éis dóibh é a fhágáil go sealadach. Gan an tíolacadh sin, is féidir go mbeidh sé níos deacra ag údaráis chustaim maoirseacht ar na hearraí sin a áirithiú, agus tá an baol ann nach ngearrfar dleacht allmhairí agus muirir eile mar is ceart, agus nach gcuirfear bearta neamhfhioscacha, amhail rialuithe tréidliachta agus fíteashláintíochta, i bhfeidhm go hiomchuí.

(3)Ba cheart Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a leasú chun cásanna éagsúla earraí nach earraí de chuid an Aontais iad agus earraí de chuid an Aontais a chur san áireamh.

(4)Chun maoirseacht chustaim éifeachtach a áirithiú ar earraí nach earraí de chuid an Aontais iad, na forálacha sin lena rialaítear an oibleagáid earraí a iompar chuig áiteanna áirithe, iad a thíolacadh do chustaim tráth a ndílochtaithe nó a dtrasloingsithe, fanacht le húdarú a fháil sula ndéantar an dílochtú nó an trasloingsiú, maille leis na forálacha lena rialaítear stóráil shealadach, ba cheart a leanúint d'fheidhm a bheith acu maidir le hearraí nach earraí de chuid an Aontais iad. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh in Airteagal 136 gurb iad na rialacha lena rialaítear an oibleagáid an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh agus an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le teacht árthaigh farraige nó aerárthaigh, agus na rialacha sin amháin, atá eisiata maidir le hearraí nach earraí de chuid an Aontais iad.

(5)Chun maoirseacht éifeachtach a áirithiú ar earraí de chuid an Aontais, ba cheart dealú a dhéanamh in Airteagal 136 idir staid earraí de chuid an Aontais ar gá cruthúnas a thabhairt maidir lena stádas de bhun Airteagal 153(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus earraí de chuid an Aontais a bhfuil a stádas coinnithe acu de bhua Airteagal 155(2) den Rialachán sin.

(6)Maidir le hearraí de chuid an Aontais ar gá cruthúnas a thabhairt maidir lena stádas de bhun Airteagal 153(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, níor cheart a eisiamh ach na rialacha lena rialaítear an oibleagáid an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh agus an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le teacht árthaigh farraige nó aerárthaigh, sa dóigh go mbeifí in ann maoirseacht chustaim iomchuí a dhéanamh.

(7)Na rialacha a leagtar síos in Airteagal 139 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena rialaítear an oibleagáid na hearraí a thíolacadh do chustaim tráth a dhéantar iad a dhílochtú nó a thrasloingsiú agus an oibleagáid fanacht le húdarú a fháil sula ndéantar na hearraí a dhílochtú nó a thrasloingsiú, a leagtar síos in Airteagal 140 den Rialachán sin, níor cheart feidhm a bheith acu ach oiread maidir le hearraí de chuid an Aontais a bhfuil a stádas coinnithe acu de bhua Airteagal 155(2) den Rialachán sin ag féachaint don fhíoras nár athríodh a stádas agus ní gá cruthúnas a thabhairt maidir leis, fiú má d'fhág na hearraí críoch chustaim an Aontais go sealadach.

(8)Na tagairtí in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 d'Airteagal 135(1) agus d'Airteagal 137 den Rialachán sin, ba cheart iad a scriosadh chun ceangal a chur ar an duine atá ag tabhairt earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais iad a iompar chuig an áit atá ainmnithe ag na húdaráis custaim, ionas go mbeidh an deis acu a sheiceáil an earraí de chuid an Aontais iad nó an earraí nach earraí de chuid an Aontais iad, más gá.

(9)In Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 tá tagairt d'Airteagal 141 den Rialachán sin, ba cheart an tagairt sin a scriosadh chun a shoiléiriú maidir le hAirteagal 141(1), Airteagal ina ndéantar cur i bhfeidhm forálacha áirithe a eisiamh i dtaca le hearraí a aistrítear faoin nós imeachta idirthurais, go bhfuil feidhm aige freisin tráth a thagann earraí isteach arís i gcríoch chustaim an Aontais tar éis dóibh é a fhágáil go sealadach ar chonair dhíreach ar muir nó san aer.

(10)In Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 tá tagairt d'Airteagal 144 go hAirteagal 149 den Rialachán sin maidir le stóráil shealadach, ba cheart an tagairt sin a scriosadh freisin. Níl feidhm ag na rialacha sin maidir le hearraí de chuid an Aontais in aon chás agus is botún a bhí ann iad a eisiamh maidir le hearraí nach earraí de chuid an Aontais iad, botún ar cheart a cheartú.

(11)Ba cheart an Rialachán teacht i bhfeidhm chomh luath agus is féidir chun maoirseacht éifeachtach ar earraí a áirithiú gan a thuilleadh moille,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

 I Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 136:

"Airteagal 136

Earraí a d'fhág go sealadach críoch chustaim an Aontais ar muir nó san aer 

1.    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 127 go hAirteagal 130 agus ag Airteagal 133 tráth a thabharfar earraí nach earraí de chuid an Aontais iad isteach i gcríoch custaim an Aontais tar éis dóibh an chríoch sin a fhágáil go sealadach ar muir nó san aer agus tar éis a niompair ar chonair dhíreach gan stopadh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.

2.    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 127 go hAirteagal 130 agus ag Airteagal 133 tráth a thabharfar earraí de chuid an Aontais isteach i gcríoch chustaim an Aontais, earraí ar gá cruthúnas a thabhairt maidir lena stádas mar earraí de chuid an Aontais de bhun Airteagal 153(2), tar éis dóibh an chríoch sin a fhágáil go sealadach ar muir nó san aer agus tar éis a niompair ar chonair dhíreach gan stopadh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.

3.    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 127 go hAirteagal 130 agus ag Airteagal 133, ag Airteagal 139 agus ag Airteagal 140 tráth a thabharfar earraí de chuid an Aontais isteach i gcríoch chustaim an Aontais, earraí a aistreofar gan aon athrú ar a stádas custaim i gcomhréir le hAirteagal 155(2), tar éis dóibh an chríoch sin a fhágáil go sealadach ar muir nó san aer agus tar éis a niompair ar chonair dhíreach gan stopadh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais. "

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch.1).