AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,25.5.2016
COM(2016) 285 final
2016/0149(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le seirbhísí beartseachadta trasteorann
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2016) 166 final}
{SWD(2016) 167 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
1.1.Cúlra
Ní bhaineann tomhaltóirí ná rmhiondíoltóirí an Aontais lántairbhe as an margadh aonair. Sa bhliain 2014, ní dhearna ach 15 % de thomhaltóirí ceannach ar líne ó thíortha eile AE, cé gur ndearna 44 % ceannach ar líne ina dtír féin; ba sa tír a raibh an chuideachta díolacháin lonnaithe inti a rinneadh breis agus an trí cheathrú cuid (84 %) de na díolacháin a rinneadh ar líne in 2014. I staidéar de chuid Pharlaimint na hEorpa, measadh go bhféadfaí tuairim is EUR 415 bhilliún a chur le holltáirgeacht intíre (OTI) na hEorpa dá ndéanfaí Margadh Aonair Digiteach a fheidhmíonn go hiomlán a bhaint amach. Meastar gurb ionann agus 0.27 % de OTI na sochair a thig ón rthráchtáil trasteorann. Téann an rthráchtáil trasteorann chun sochair dhírigh freisin do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, sa mhéid agus go gcuireann sí ar a gcumas réimse níos leithne d'earraí agus de sheirbhísí agus praghsanna níos ísle a theachtadh mar gheall ar iomaíocht mhéadaithe praghsanna a bheith ann.
Is iomaí cúis a bhíonn ag daoine gan ceannach ó Bhallstáit eile nó díol leo. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal "Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip", leagadh amach réimse beart chun feabhas a chur ar an rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí ar líne ar fud na hEorpa do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí araon. Áirítear leis na bearta sin: dul i ngleic le geoidirdhealú nach bhfuil údar leis agus le cineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar chónaí nó bunaithe ar náisiúntacht; tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh ar na rialacha maidir le conarthaí tomhaltóirí le haghaidh díolacháin earraí ar líne agus ciandíolacháin eile earraí agus le haghaidh soláthar ábhair dhigitigh; agus athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí.
I dTeachtaireacht 2012 ón gCoimisiún maidir le rthráchtáil sainaithníodh mar cheann de na príomheilimintí d'fhás na rthráchtála feabhas a chur ar sheachadadh fisiciúil na nearraí sin a ordaítear ar líne. Ina dhiaidh sin, i dTreochlár 2013 ón gCoimisiún maidir le Beartphost, leagadh amach gníomhartha chun trí thacar de chuspóirí a bhaint amach: (i) an trédhearcacht agus an fhaisnéis a mhéadú do na gníomhaithe uile ar feadh shlabhra luacha na rthrádála, (ii) feabhas a chur ar infhaighteacht, ar cháilíocht agus ar inacmhainneacht na réiteach maidir le seachadadh agus (iii) feabhas a chur ar na sásraí láimhseála gearán agus ar na sásraí sásaimh do na tomhaltóirí. Rinneadh roinnt feabhsuithe maidir le (i) cáilíocht na seirbhíse, lena náirítear tionscnamh idirinoibritheachta ó sholáthraithe seirbhíse uilechoitinne agus an ceathrú hiarraidh ar chaighdeánú a cuireadh chuig CEN/TC331, agus (ii) faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí trí Thrustmharcanna Eorpacha a fhorbairt le haghaidh na siopadóireachta ar líne,. Mar sin féin, tá gá le bearta comhlántacha i réimse thrédhearcacht na bpraghsanna agus i réimse na maoirseachta feabhsaithe rialála ós rud é go bhfuil na praghsanna ar roinnt seirbhísí trasteorann fós ard agus nach bhfuil sé ar chumas na núdarás náisiúnta rialála go léir na sonraí a bhailiú a theastaíonn chun faireachán a dhéanamh ar éabhlóid mhargaí an bheartseachadta mar gheall ar dhifríochtaí sna hinniúlachtaí atá acu agus sa sainmhíniú a dhéanann siad ar sheirbhísí beartseachadta. Nuair a bunaíodh an creat Eorpach rialála atá ann faoi láthair do sheirbhísí poist, i.e. Treoir 97/67/CE, bhí sé dírithe go príomha ar an litirphost agus formhór na seirbhísí beartseachadta, níor tháinig siad faoi raon feidhme na seirbhíse uilechoitinne, ach sa lá atá inniu ann is lú ná a leath an chuid d'ioncam earnáil poist na hEorpa a thagann ó litreacha.
Tuairiscíonn tomhaltóirí agus gnólachtaí beaga go mbíonn fadhbanna le beartseachadadh, go háirithe na praghsanna arda a bhíonn air, a choisceann orthu níos mó a dhíol le Ballstáit eile, nó níos mó a cheannach uathu. Léiríonn an taighde gur minic leis na praghsanna poiblí trasteorann a ghearrann soláthraithe seirbhíse uilechoitinne a bheith idir trí huaire agus cúig huaire chomh hard leis na praghsanna coibhéiseacha baile agus nach leor na costais saothair ná eile sa tír is ceann scríbe leis na difríochtaí sin a mhíniú. Tarlaíonn sé uaireanta gur mór go deo an difríocht a bhíonn idir na praghsanna a bhíonn i gceist, thar achair inchomparáide, ó Bhallstáit a sílfí go raibh cosúlacht acu le chéile, agus nach mbíonn fachtóirí follasacha costais ann leis an difríocht sin a mhíniú.
Is iomaí cúis atá leis na praghsanna arda atá ar bheartseachadadh trasteorann. Ar an gcéad dul síos, tá sé ar cheann de thréithe mhargadh an bheartseachadta trasteorann go bhfuil bacainní réasúnta arda ann ar dhul isteach sa mhargadh (e.g. costais bháite). D'fhéadfaidís seo srian a chur ar dhul isteach iomaíoch ar bhonn a bheadh leathan go geografach, mar go dtabhaíonn na hoibreoirí costais arda sheasta nuair a bhíonn líonraí móra seachadta (agus seirbhísí rialta nó seirbhísí buana) á bhforbairt acu. Nuair a bhíonn iomaíocht ann, bíonn sí dírithe ar sheoltóirí ardtoirte, ar nós na rmhiondíoltóirí móra, a bhíonn in ann praghsanna a chaibidliú leis na hoibreoirí seachadta, bunaithe ar lascainí aonair. Is airde go mór fada na praghsanna poiblí a íocann na miondíoltóirí beaga agus tomhaltóirí aonair (ar minic nach leor na toirteanna a bhíonn á seachadadh acu lena gcáiliú do lascainí caibidlithe aonair) ar bheartseachadadh trasteorann agus is lú líon na noibreoirí a dhéanann freastal orthu, go háirithe i limistéir iargúlta, áit a bhféadfadh sé tarlú, fiú, nach mbeadh ann ach an soláthraí seirbhíse uilechoitinne a dhéanfadh seachadadh gan formhuirir a ghearradh.
Ar an dara dul síos, maoirseacht rialála nach bhfuil éifeachtach, nach bhfuil leanúnachas inti nó nach bhfuil ann ar chor ar bith, cuireann sí bacainní i mbealach an mhargaidh aonair. De bharr creataí dlí náisiúnta a bheith ann atá éagsúil óna chéile agus difríochtaí a bheith ann idir an chaoi a ndéanann na Ballstáit éagsúla Treoir 97/67/CE a chur chun feidhme, is iomaí údaráis rialála náisiúnta nach bhfuil acu ach sainordú teoranta le faireachán a dhéanamh ar mhargadh an bheartseachadta trasteorann. Dá bhrí sin, níl an fhaisnéis acu a theastódh le go mbeidís in ann clistí margaidh a d'fhéadfadh tarlú nó ábhair imní rialála a d'fhéadfadh a bheith ann a shainaithint. Tá an tírdhreach rialála in earnáil an phoist ilroinnte, rud a chruthaíonn castacht do sholáthraithe seirbhísí beartseachadta trasteorann.
Ar an tríú dul síos, tá easpa leanúnach faisnéise ann faoi mhargadh an bheartseachadta, lena náirítear faoi na seirbhísí seachadta atá ar fáil, faoi sholáthraithe seachadta agus faoi phraghsanna. Is iomaí gnó agus duine aonair nach bhfuil eolas acu ach ar an mbeagán de na hoibreoirí a d'fhéadfaidís a úsáid agus is minic nach ndéanann siad ach filleadh go huathoibríoch ar an soláthraí seirbhíse uilechoitinne. Dá bharr seo, is deacra ag oibreoirí nua a sciar den mhargadh a ghnóthú agus is lú an brú iomaíoch a chuirtear ar na hoibreoirí atá ann cheana, rud a chiallaíonn gur lú an spreagadh a bhíonn ann feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse agus rud a chuireann freisin leis na praghsanna a ghearrtar uirthi. Le dul i ngleic leis an easnamh faisnéise, tá maoiniú COSME á úsáid ag an gCoimisiún chun tacú le forbairt ardáin faisnéise faoi sheirbhísí seachadta. Cuirfidh sé seo le cumas na rmhiondíoltóirí eolas níos fearr a bheith acu ar na roghanna seachadta a d'fhéadfadh a bheith ann agus cinntí níos fearr a dhéanamh. Táthar ag súil freisin go ndéanfaidh an tardán, sa mheántéarma, modh a fhorbairt a cheadóidh do sheoltóirí beaga a gcuid loingsithe a chomhdhlúthú, rud a d'fhéadfadh a chiallú go mbeidís incháilithe do phraghsanna níos ísle. Beidh nasc sonrach chuig an ardán sin ar an suíomh gréasáin tiomnaithe de chuid an Choimisiúin atá le bunú faoi fhorálacha an Rialacháin seo.
Ar deireadh, tá rmhiondíoltóirí ann ar mó an méid a ghearrann siad ar a gcustaiméirí as an seachadadh ná an méid a íocann siad féin air. Tá an chosúlacht air gur mó an 'mharcáil suas' a dhéantar nuair a bhíonn seachadadh chuig tíortha eile i gceist nó seachadadh chuig réigiúin atá iargúlta nó forimeallach laistigh de thír, mar shampla chuig oileáin. Cé go bhfuil oibreoirí seachadta ann a ghearrann praghsanna níos airde ar an seachadadh chuig limistéir iargúlta, ní dhéanann siad ar fad é: tá taraif aonfhoirmeach ag formhór na soláthraithe seirbhíse ar fud a gcríche náisiúnta.
1.2.Cuspóirí
Is é cuspóir ginearálta an Rialacháin seo aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha a bhaineann le seirbhísí beartseachadta trasteorann; dá bhrí sin, is comhlánú é ar na gníomhaíochtaí tionscalghaolmhara, rialála agus caighdeánaithe a leagtar amach thuas. Cuireann sé leis na rialacha maidir le seirbhísí beartseachadta trasteorann, a sholáthraítear le Treoir 97/67/CE arna leasú le Treoir 2002/39/CE agus le Treoir 2008/6/CE ('Treoir 97/67/CE' anseo feasta;).
Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an togra seo:
1) na margaí a chur ag obair ar bhealach níos éifeachtaí tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: a) an mhaoirseacht rialála ar mhargaí na mbeartán a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos comhsheasmhaí agus (b) an iomaíocht a spreagadh; agus
2) cur le trédhearcacht na dtaraifí d'fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh: na difríochtaí taraife nach bhfuil údar leo a laghdú agus b) na taraifí a íocann daoine aonair agus gnólachtaí beaga a laghdú, go háirithe i limistéir iargúlta.
Tacaíonn na cuspóirí sonracha sin le mórchuspóirí an mhargaidh aonair dhigitigh cur leis an rthráchtáil trasteorann agus leis an gcuimsiú digiteach.
1.3.An cúlra polaitiúil
Tá sé ar cheann de thrí cholún na Straitéise maidir le Margadh Aonair Digiteach, atá ar cheann de na deich gcinn de thosaíochtaí atá ag Coimisiún Juncker, feabhas a chur ar an rochtain ar líne ar earraí agus ar sheirbhísí digiteacha. Sa Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach, gheall an Coimisiún go seolfadh sé bearta, sa chéad leath den bhliain 2016, chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na bpraghsanna agus ar an maoirseacht rialála i ndáil leis an mbeartseachadadh trasteorann.
Ag an gcruinniú a bhí aici an 25 agus an 26 Meitheamh 2015, thacaigh an Chomhairle Eorpach leis an Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach agus dheimhnigh sí gur cheart í a úsáid chun an fás cuimsitheach a spreagadh sna réigiúin uile AE.
Phléigh na hairí teileachumarsáide an Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach ag cruinniú den Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh an 11 agus an 12 Meitheamh 2015. Ba dhíol sásaimh dóibh cuspóirí na Straitéise agus d'athdhearbhaigh sí an tábhacht a bhaineann le geilleagar digitithe chun an fás agus an fhostaíocht a chur chun cinn, agus borradh a chur faoi iomaíochas AE. Leagadh suntas ar an ngá atá le praghsáil an bheartseachadta a dhéanamh níos trédhearcaí ar feadh AE.
In 'I dTreo Gníomh um Margadh Aonair Digiteach', chuir Parlaimint na hEorpa in iúl go láidir go bhfuil seirbhísí inrochtana, inacmhainne, éifeachtúla, ardchaighdeáin riachtanach má tá bláth le bheith ar an rthráchtáil trasteorann. Thacaigh sí freisin le bearta chun cur le trédhearcacht na bpraghsanna agus leis an maoirseacht rialála ar mhaithe le deafheidhmiú mhargaí an bheartseachadta trasteorann.
2.TORTHAÍ Ó CHOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
2.1.Dearcadh na bPáirtithe Leasmhara
Ag ceardlann a tionóladh chun comóradh a dhéanamh ar chothrom 18 mí ó foilsíodh Treochlár na mBeartán 2013, mhínigh na rmhiondíoltóirí gur airigh siad go raibh feabhas tagtha ar na seirbhísí seachadta a bhí ar fáil, ach má bhí féin, go raibh obair fós le déanamh. Leagadh suntas faoi leith ar na taraifí arda a bhí ar sheachadtaí agus ar chur ar ais trasteorann, agus dúradh gur údar imní iad, agus leagadh suntas freisin ar an easpa idir-inoibritheachta idir na hoibreoirí seachadta éagsúla agus ar an tsócúlacht a bhaineann le hoibreoirí seachadta éagsúla a úsáid agus a bheith in ann dul ó cheann amháin go ceann eile. Ag an gcruinniú a bhí ag an gCoiste um an Treoir maidir le Post i mí Meithimh 2015, tugadh tuairisc ar na cuir chuige éagsúla a bhí ag na húdaráis náisiúnta rialála i leith mhargadh an bheartseachadta agus baineadh úsáid freisin as na cruinnithe a bhí ag an gCoiste um an Treoir maidir le Post roimhe sin chun plé a dhéanamh ar mhargadh an bheartseachadta trasteorann tar éis ghlacadh Pháipéar Uaine 2012.
2.2.Saineolas
Tháinig FTI Consulting ar fhianaise a chruthódh go raibh cumhacht mhargaidh ag soláthraithe seirbhíse uilechoitinne i margadh an bheartseachadta trasteorann do sheoltóirí beaga nach minic a sheolann. Shuigh Copenhagen Economics gur mhinic leis na praghsanna don seachadadh trasteorann a bheith idir trí huaire agus cúig huaire chomh hard leis na praghsanna coibhéiseacha baile. Tháinig Ollscoil St Louis ar an tuairim go raibh praghsanna trasteorann foilsithe na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne ar bheartseachadadh (na praghsanna a d'íoc daoine aonair agus gnólachtaí beaga) geall le bheith cúig huaire chomh hard leis na praghsanna coibhéiseacha baile agus nár dhealraigh sé go raibh tionchar staidrimh ag costais saothair ná eile ar an difreálach praghsanna trasteorann.
Tá staidéar déanta ag Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Poist (ERGP) ar roinnt saincheisteanna a bhaineann le beartseachadadh trasteorann, lena náirítear na córais dlí, nádúr an mhargaidh agus feidhmiú na hiomaíochta agus anailís ar an margadh. In 2015 bunaíodh meitheal chomhpháirteach taobh le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) féachaint an bhféadfaí na léargais rialála ó earnáil na cumarsáide leictreonaí a aistriú chuig earnáil an bheartseachadta. I staidéar a rinneadh in Ollscoil Antuairp, luadh an easpa sonraí a bhí ann maidir le margadh AE an bheartseachadadh.
2.3.Measúnú ar thionchar an Rialacháin atá beartaithe
I gcomhréir lena bheartas 'Rialáil Níos Fearr', rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais.
Scrúdaíodh cúig cinn de roghanna beartais. Bearta eile a mbeadh sé de thoradh orthu go ndéanfaí comhdhlúthú ar thoirteanna beartán ó mhiondíoltóirí beaga, diúltaíodh dóibh mar go gceaptar go ndéanfaidh an tardán faisnéise a bhfuil tacaíocht aige ó COSME an cumas seo a fhorbairt do mhiondíoltóirí beaga. Diúltaíodh do rialáil praghsanna mar rogha ós rud é go mbeadh an baol ag baint léi go saobhfaí an iomaíocht i dtimpeallacht chasta mhargaidh, go háirithe i bhfianaise na heaspa eolais rialála agus margaidh atá ar an earnáil. Ina theannta sin, is mór idir earnáil na teileachumarsáide agus earnáil an bheartseachadta, ó thaobh a struchtúr costais de mar shampla, mar a deimhníodh i dTuarascáil chomhpháirteach ERGP/BEREC. Diúltaíodh freisin don tuairim go bhféadfaí an cás bunlíne a choimeád, toisc nár chuir an ghníomhaíocht a rinneadh go dtí seo aon fheabhas ar inacmhainneacht na seirbhísí beartseachadta trasteorann ná ar an maoirseacht rialála ar na seirbhísí sin.
Coinníodh dhá ghrúpa roghanna, agus iad dírithe ar thrédhearcacht na bpraghsanna, agus ar an maoirseacht rialála. Diúltaíodh don smaoineamh go gcuirfí le trédhearcacht na bpraghsanna a dhéanann na hoibreoirí poist a chaibidliú ina gceann agus ina gceann leis na rmhiondíoltóirí móra, mar go dtarlaíonn sé go dtairbhíonn na seoltóirí móra de tharaifí lascainithe agus de tharaifí caibidlithe. Caitheadh i dtraipisí freisin an smaoineamh go gceanglófaí ar rmhiondíoltóirí na praghsanna a íocann siad le hoibreoirí seachadta a fhoilsiú. Mar gheall ar an ualach riaracháin a bheadh i gceist leis agus mar go bhféadfadh sé bac a chur ar an infheistíocht agus ar an nuálaíocht, diúltaíodh don smaoineamh go gceanglófaí ar na hoibreoirí go léir fógra a thabhairt do na húdaráis rialála náisiúnta roimh ré faoi aon athruithe a thiocfadh ar na praghsanna.
Moladh sa measúnú tionchair go nglacfaí pacáiste de bhearta a chuirfeadh feabhas ar thrédhearcacht tharaifí na soláthraithe seirbhísí agus a chuirfeadh neart leis an maoirseacht rialála ar na soláthraithe seirbhíse beartseachadta go léir, rud a dhéanfadh comhlánú ar an obair atá á déanamh go ginearálta chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar inrochtaineacht na seirbhísí seachadta trasteorann.
Ní bheadh tionchair dhiúltacha shóisialta, díreach ná indíreach, ag roghanna na tosaíochta. Go hindíreach, an méadú a bheadh ar an rthráchtáil toisc praghsanna seachadta trasteorann a bheith níos inacmhainne, bheadh tionchar dearfach aige ar fhás agus ar jabanna agus ar leas na dtomhaltóirí, go háirithe i gcás úsáideoirí leochaileacha i limistéir fhorimeallacha.
Ní mheastar go mbeidh tionchair dhíreacha ar an gcomhshaol i gceist. Go hindíreach, an éifeachtúlacht fheabhsaithe mhargaidh a bheadh ann mar thoradh ar an trédhearcacht ó thaobh praghsanna de, d'fhéadfadh sí na tionchair dhiúltacha chomhshaoil (e.g. tuilleadh astaíochtaí feithiclí) a chúiteamh le tionchair dhearfacha (e.g. comhthiomsú lastais). Ní mheastar go mbeidh tionchar diúltach ar chearta bunúsacha i gceist.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA
3.1.Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, toisc go bhfuil baint aige le margadh inmheánach na seirbhisí beartseachadta agus le feidhmiú an mhargaidh sin.
3.2.Coimhdeacht
Ní dhearnadh an creat rialála atá ann faoi láthair (Treoir 97/67/CE) a chur chun feidhme ar bhealach a chuireann beartseirbhísí inrochtana ar fáil ar fud an Aontais Eorpaigh taobh amuigh den tseirbhís uilechoiteann poist. De réir a nádúir féin, bíonn seirbhísí seachadta i mbreis agus Ballstát amháin i gceist leis an seachadadh trasteorann, agus dá bhrí sin ní fhéadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta maoirseacht a dhéanamh air, beag beann ar a chéile agus gan aon fhaisnéis a bheith acu faoi chostas an tseachadta sna Ballstáit eile, mar shampla faoi na rátaí foirceannaidh a ghearrann an toibreoir sa Bhallstát is ceann scríbe ar an oibreoir sa Bhallstát tionscnaimh. Teastaíonn bearta ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic le bunchúiseanna na faidhbe. Is iad na húdaráis rialála náisiúnta a bheidh freagrach as measúnú a dhéanamh ar inacmhainneacht na seirbhísí trasteorann, i bhfianaise na ndálaí margaidh sa Bhallstát ábhartha.
Thairis sin, na difríochtaí atá idir na rialacha náisiúnta lena rialaítear an mhaoirseacht rialála ar oibreoirí beartseachadta, cé nach bhfuil siad baileach ar neamhréir le Treoir 97/67/CE, cruthaíonn siad éiginnteacht dhlíthiúil agus cuireann siad bacainní i mbealach an mhargaidh aonair i seirbhísí poist. Tá gá le bearta ar leibhéal an Aontais chun ceanglais íosta a leagan síos don mhaoirseacht rialála ar oibreoirí poist ar fud an Aontais agus ar, ar an gcaoi sin, an ilroinnt rialála a sheachaint. Tá prionsabal na coimhdeachta á urramú mar gur gá don Aontas gníomhú chun na bacainní sonracha i mbealach an mhargaidh aonair a thógáil as an mbealach.
3.3.Comhréireacht
Tá an ghníomhaíocht Aontais a mholann an Rialachán seo a dhéanamh teoranta don mhéid atá riachtanach chun na cuspóirí a shainaithnítear ann a ghnóthú. Leis an bhféinrialú ag na hoibreoirí seirbhíse beartseachadta, níor tháinig aon athrú ar an maoirseacht rialála ná aon trédhearcacht ó thaobh taraifí, ná aon fheabhsuithe inbhraite ar inacmhainneacht na seirbhísí beartseachadta trasteorann do sheoltóirí beaga.
Tá na bearta chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na dtaraifí comhréireach agus tá siad dírithe go príomha ar na teascáin sin den mhargadh a bhfuil fianaise ina leith gur beag rogha atá iontu, agus a mbíonn sé de thoradh air sin, i dteannta thréithe struchtúrtha mhargaí an bheartseachadta trasteorann (m.sh costais bháite arda; barainneachtaí scála ) go mbíonn praghsanna arda ar sheirbhísí seachadta trasteorann do sheoltóirí beagtoirte. Na praghsanna aonair a chaibidlítear ar bhonn tráchtála, arb iad na rmhiondíoltóirí móra is mó a úsáideann iad (agus a thairgeann oibreoirí nach soláthraithe seirbhíse uilechoitinne iad freisin), ní thagann siad faoi réim feidhme an bhirt maidir le trédhearcacht na bpraghsanna, cé go leanfaidh na rialuithe ex post ar iomaíocht de bheith ag clúdach na noibreoirí go léir agus na nearnálacha margaidh go léir. Na beartáin a thagann faoi raon feidhme oibleagáid na seirbhíse uilechoitinne, lena gceanglaítear go mbeadh taraifí inacmhainne, dírithe ar chostas, trédhearcach agus neamhidirdhealaitheach, tá siad éagsúil ó Bhallstát go Ballstáit agus dá bhrí sin ní féidir na seirbhísí sin a chur i gcomparáid dhíreach lena chéile ar fud an Aontais ná ní bhainfí an toradh inmhianaithe amach le fhorfheidhmiú Threoir 97/67/CE.
Fiontair bheaga agus micrifhiontair (oibreoirí seachadta a bhfuil níos lú ná 50 fostaí acu) nach bhfuil bunaithe ach in aon Bhallstát amháin, díolmhófar ón mbeart seo iad d'fhonn an tualach riaracháin ar na cuideachtaí is lú nach noibríonn tras teorann a íoslaghdú. Dóibh siúd a thagann faoi raon feidhme an bhirt, cuirfear feabhas leis an Rialachán seo ar an gcinnteacht faoi oibleagáidí dlíthiúla agus seachnófar an ilroinnt ar fud an Aontais.
3.4.An rogha ionstraime
Rialachán is ea rogha ionstraime an Choimisiúin toisc go náirithítear leis go ndéanfar bacainní ar an margadh aonair a bhaint tríd an gcreat rialála reatha le haghaidh seirbhísí poist a chomhlánú. Áirítear leis seo, go háirithe, oibleagáidí sonracha a bheidh infheidhme go díreach, do na húdaráis rialála náisiúnta agus do sholáthraithe seirbhíse beartseachadta; áirítear leis freisin sásra ar an leibhéal Eorpach chun trédhearcacht a bhunú agus chun measúnú a dhéanamh ar inacmhainneacht na dtaraifí beartseachadta trasteorann. Thairis sin, ceadaítear gníomhaíocht mhear le Rialachán agus déantar an tualach riaracháin a bhaineann le trasuíomh a íoslaghdú do na Ballstáit, agus an ilroinnt rialála a d'fhéadfadh teacht as ionstraimí dlíthiúla eile (amhail Treoir) á seachaint ag an am céanna.
3.5.Struchtúr an togra, na príomhchearta agus na príomhdhualgais
Ábhar agus raon feidhme, sainmhínithe (Airteagal 1 agus Airteagal 2)
Tá na forálacha ginearálta maidir leis an ábhar agus maidir leis an raon feidhme, lena náirítear na sainmhínithe ábhartha, in Airteagal 1 agus in Airteagal 2. Is comhlánú iad na sainmhínithe ar na sainmhínithe atá in Airteagal 2 de Threoir 97/67/CE maidir le beartáin; tá siad ag teacht go huile agus go hiomlán leis na sainmhínithe a bhunaítear sa Treoir. Mar a leagtar síos sna forálacha ábhartha a ghlac an tAontas Poist Uilechoiteann (UPU), úsáidtear an téarma 'rátaí foirceannaidh' chun dírí foirceannaidh (atá infheidhme maidir le míreanna litirphoist) agus rátaí talún as tír isteach (atá infheidhme maidir le beartáin) a chumhdach. I gcomhréir le cleachtas ábhartha na soláthraithe beartseirbhíse agus cleachtas na mBallstát, is iad na beartáin a bhfuil meáchan uasta de 31.5 kg iontu a mheasfar do raon feidhme an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le lóistíocht; ná ní bheidh feidhm aige maidir le hiompar ina aonar, is é sin nuair nach gcuirtear an tiompar i gcrích i gcomhar le himréiteach, sórtáil nó dáileadh. I gcomhréir go hiomlán freisin leis na forálacha comhfhreagracha atá i dTreoir 97/67/CE, go háirithe Airteagal 2, mír 1 agus mír 1a, níl aon cheanglas ann gur go carnach a thabharfaí faoi na gníomhaíochtaí uile faoi Airteagal 2(2)(a) agus (b).
Faisnéis a sholáthar (Airteagal 3)
Soiléirítear leis an bhforáil seo, i ndáil leis ag an gceanglas faisnéis a sholáthar do na húdaráis rialála náisiúnta, go bhfuil feidhm aige maidir le gach soláthraí seirbhíse beartseachadta a bhfuil níos mó ná an tairseach de 50 fostaí acu, agus maidir leo siúd atá bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin. Cuireann sí oibleagáid ar na húdaráis rialála náisiúnta faireachán a dhéanamh ar an margadh agus tacar teoranta de shonraí staidrimh a bhailiú. Ní chuirfí san áireamh ach oibreoirí móra mar aon leo siúd atá bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin agus, dá bhrí sin, a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann, d'fhonn a áirithiú go mbeidh na bunsonraí ag na húdaráis rialála náisiúnta maidir leis an réimse beartán a úsáidtear le haghaidh na rthráchtála. Cuireann an fhoráil oibleagáid ar sholáthraithe beartseachadta a bhfuil os cionn 50 fostaí acu tacar teoranta faisnéise a thíolacadh ar bhonn bliantúil. Is é an aidhm atá ann na hinniúlachtaí rialála atá ilroinnte faoi láthair a aontú agus a shoiléiriú agus tógáil ar an dea-chleachtas atá ann cheana. Ina theannta sin, na hoibleagáidí sin, ar comhsheasmhaí anois ná cheana iad, is ar mhaithe le leas na soláthraithe seirbhíse beartseachadta uile-Eorpacha freisin iad, atá faoi réir iarrataí éagsúla ar fhaisnéis ó Bhallstáit éagsúla faoi láthair. Cé go sainítear na ceanglais bhunúsacha faisnéise in Airteagal 3, is trí ghníomh cur chun feidhme a ghlacfaí an fhoirm díobh a bheadh i gceist. I ndáil leis sin, ba cheart do ERGP comhairle theicniúil a sholáthar, cé gur faoin gCoimisiún a bheadh sé foirm na comhairle sin a shuí.
Trédhearcacht na dtaraifí agus rátaí foirceannaidh (Airteagal 4 agus an Iarscríbhinn)
Tá oibleagáid spriocdhírithe in Airteagal 4(1), nach mbeidh ach ar na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne liosta poiblí na dtaraifí is infheidhme an 1 Eanáir gach bliain féilire maidir le tacar sonrach seirbhísí atá san Iarscríbhinn a chur faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta ar bhonn bliantúil (faoin 31 Eanáir). Is iad na 15 mhír poist a sholáthraíonn na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne agus atá san Iarscríbhinn na míreanna is mó is ábhartha agus is mó a úsáideann custaiméirí aonair agus gnólachtaí beaga. Ní thagann soláthraithe seirbhíse beartseachadta eile faoi raon feidhme na forála spriocdhírithe seo, ós rud é go ndíríonn siad i bprionsabal ar theascáin eile den mhargadh (eadhon seirbhísí gnó le gnó, agus rmhiondíoltóirí móra). Cé go bhféadfadh sé nach mbeadh gach ceann de na míreanna atá i bpointe (a) go pointe (o) den Iarscríbhinn á soláthar ag gach soláthraí seirbhíse uilechoitinne, tá na míreanna neamh-mheara is mó is ábhartha ar an liosta, ar míreanna iad a úsáidtear sa rthráchtáil náisiúnta agus trasteorann agus atá ar fáil do shaoránaigh uile an Aontais i bprionsabal, beag beann ar an áit ina bhfuil siad lonnaithe. Le faisnéis rialta taraife a bheith á soláthar mar sin do na húdaráis rialála náisiúnta, déantar tacar doshéanta sonraí a sholáthar chun (a) iad a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin tiomnaithe arna óstáil ag an gCoimisiún agus (b) iad a úsáid chun a measúnú ar inacmhainneacht a dhéanamh faoi Airteagal 5.
Tá an oibleagáid seo teoranta do liosta poiblí na dtaraifí agus dá bhrí sin ní áirítear léi aon taraifí lascainithe ná aon taraifí a caibidlíodh ar leithligh (agus atá faoi réir breithnithe tráchtála). Foilseoidh an Coimisiún na taraifí faoin 30 Aibreán gach bliain féilire, i roinn ar leith de shuíomh gréasáin EUROPA an Choimisiúin. Ní suíomh tráchtála an suíomh gréasáin sin ná ní le haghaidh sonraí a bheith air ó sholáthraithe eile, lena náirítear soláthraithe seirbhíse mearseachadta, go príomha a ceapadh é. Mar sin féin, féadfaidh soláthraithe seirbhíse seachadta nach soláthraithe seirbhíse uilechoitinne iad taraifí a gcuid seirbhísí seachadta a chur á gcur san áireamh ar an suíomh gréasáin ar bhonn deonach, fad a bheidh na seirbhísí seachadta atá i gceist inchomparáide agus faoi réir seachadta ar bhaile nó ar áitreabh an tseolaí, agus fad a bheidh critéir eile is infheidhme á gcomhlíonadh (féach freisin aithris 14).
Thairis sin, faoi Airteagal 4(3) agus (4), ba cheart do na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne a rátaí foirceannaidh (is é sin na híocaíochtaí ón soláthraí seirbhíse uilechoitinne tionscnaimh leis an soláthraí seirbhíse uilechoitinne cinn scríbe as na costais a bhaineann leis na míreanna trasteorann a iompar, a shórtáil agus a dháileadh sa Bhallstát cinn scríbe) a chur faoi bhráid na núdarás rialála náisiúnta - agus faoi bhráid an Choimisiúin ar a sheal - gach bliain. Ós rud é go bhfuil na sonraí sin íogair ó thaobh na tráchtála de, ní fhoilseofar iad agus ní bheidh iontu ach ionchur do na taraifí foriomlána amháin. Mar sin féin, tá sé riachtanach go mbeadh rochtain agus eolas ag na húdaráis rialála náisiúnta agus an gCoimisiún ar na rátaí foirceannaidh ós rud é go soláthraíonn siad faisnéis atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar inacmhainneacht faoi Airteagal 5. Is teoranta go deo an tualach riaracháin a chuireann soláthar na dtaraifí agus na rátaí foirceannaidh ar na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne.
Measúnú a dhéanamh ar inacmhainneacht na dtaraifí (Airteagal 5)
Le hAirteagal 5(1) ceanglófar ar na húdaráis rialála náisiúnta inacmhainneacht tharaifí na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne a fhaightear faoi Airteagal 4(1) a mheas an bhonn eilimintí oibiachtúla. Déantar na heilimintí ionchuir is coitianta agus is tábhachtaí don mheasúnú sin a leagan amach i liosta neamh-uileghabhálach i bpointí (a) go (c). Áirítear leis na heilimintí sin critéir choiteanna amhail taraifí baile na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne nó an tionscnaimh agus an ceann scríbe nó leibhéal na rátaí foirceannaidh. Féadfar iad a chomhlánú le critéir eile a bhfuil ábharthacht faoi leith ag baint leo chun míniú a thabhairt ar na taraifí atá i gceist, amhail costais shonracha iompair nó láimhseála nó toirteanna déthaobhacha idir soláthraithe seirbhíse seachadta. Más é tátal an údaráis rialála náisiúnta nach bhfuil na taraifí beartseachadta trasteorann inacmhainne, iarrfaidh sé tuilleadh faisnéise agus/nó údar ar an soláthraí seirbhíse beartseachadta. Is sprioc-amanna oibríochtúla iad na sprioc-amanna atá leagtha amach agus is chun nach ndéanfar moill agus an fhaisnéis nó an túdar á sholáthar a ceapadh iad (mír 1, 3 agus 4). I gcomhréir le hAirteagal 5(4), cuirfear an measúnú mar aon leis an údar, más infheidhme, ní hamháin chuig an gCoimisiún ach freisin chuig na húdaráis rialála náisiúnta eile freisin. Ina theannta sin, ba cheart an measúnú a chur chuig na húdaráis ábhartha ar cuireadh de chúram orthu dlí na hiomaíochta a chur chun feidhme freisin, agus atá faoi cheangal ag oibleagáidí rúndachta. Leis an trédhearcacht fheabhsaithe sin, ba cheart go gcruthófaí brú suntasach chun go modhnófaí na taraifí sin atá i bhfad níos airde agus a bhféadfadh sé go measfaí go raibh siad neamh-inacmhainne nó fiú coisctheach. Ba cheart an trédhearcacht uile-Aontais a áirithiú trí Airteagal 5(4) lena bhforáiltear go bhfoilseoidh an Coimisiún ar an suíomh gréasáin tiomnaithe céanna leagan neamhrúnda de na measúnuithe agus de na húdair ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha a sholáthar dó. Leis an bhfoilsiú sin, d'fhéadfaí na páirtithe leasmhara uile, lena náirítear na húdaráis ar cuireadh de chúram orthu dlí an tomhaltóra a chur chun feidhme, a chur ar an eolas go rialta faoin tsaincheist seo.
Ní bheidh feidhm ag prionsabail rialála a bhaineann le hinacmhainneacht, leis an díriú ar chostas, le trédhearcacht agus le neamh-idirdhealú a leagtar amach in Airteagal 12 de Threoir 97/67/CE ach maidir le beartáin (agus litreacha) a thagann faoi raon feidhme oibleagáid na seirbhíse uilechoitinne. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go mbeidh na taraifí le haghaidh seirbhísí uilechoiteanna i gcomhréir leis na prionsabail sin. Mar sin féin, is mó a dhíríonn na húdaráis rialála náisiúnta ar a margaí baile ná mar a dhíríonn siad ar mhargaí trasteorann, lena náirítear nuair a bheidh siad ag áirithiú inacmhainneacht na seirbhísí faoin tseirbhís uilechoiteann. Leis an Airteagal reatha, mar sin, leathnófar maoirseacht rialála na rialálaithe náisiúnta chuig tacar de sheirbhísí trasteorann a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse uilechoitinne, atá cosúil cuid mhaith leis an oibleagáid seirbhíse uilechoitinne ach nach bhfuil comhionann léi i ngach Ballstát.
Trédhearcacht agus rochtain neamh-idirdhealaitheach
trasteorann (Airteagal 6)
Is éard atá in Airteagal 6 den chuid is mó códú ar na prionsabail a ndearnadh anailís orthu sna cinntí dá ngairtear cinntí REIMS (a bhaineann leis na comhaontuithe iltaobhacha trasteorann maidir le dírí foirceannaidh atá bunaithe ag na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne maidir le litreacha/beartáin), agus tá sé bunaithe ar na heilimintí nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 3 de Rialachán 531/2012 a bhaineann le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola. Ba cheart dó deimhneacht dhlíthiúil a soláthar do na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne - arb orthu atá an fhoráil seo dírithe - agus do sholáthraithe seirbhíse beartseachadta eile a d'fhéadfadh a bheith ag iarraidh rochtain a bheith acu ar sheirbhísí trasteorann. Ní dhíríonn an fhoráil ar shaincheisteanna ginearálta a bhaineann le rochtain iartheachtach, ar saincheisteanna iad atá faoi réir rialacha náisiúnta a d'fhéadfadh a bheith ann agus faoi réir an chúigiú fleasc d'Airteagal 12 de Threoir 97/67/CE. Ní chumhdaíonn sí ach oiread saincheisteanna sonracha maidir le rochtain ar eilimintí áirithe bonneagair mar a dhéantar faoi Airteagal 11a de Threoir 97/67/CE. Tá sé riachtanach ar chúiseanna slándála dlíthiúla agus chun prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus prionsabal na trédhearcachta a chur i bhfeidhm an rochtain chéanna a dheonú d'oibreoirí malartacha poist atá in iomaíocht lena chéile, ar na rátaí foirceannaidh is infheidhme maidir leis na páirtithe (i.e. na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne) sa chomhaontú iltaobhach maidir le rátaí foirceannaidh. Faoi réir measúnú cás ar chás, d'fhéadfaí údar a bheith ann chun gurbh airde na rátaí foirceannaidh a bheadh iníoctha ag oibreoirí poist is tríú páirtí, ná na rátaí a bheadh iníoctha ag na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne. D'fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh dá mbeadh na páirtithe in ann a léiriú nach raibh na costais a bhaineann leis an gcomhaontú a bhunú, a oibriú agus a riaradh, an costas breise a thabhaítear trí ghlacadh le míreanna ó oibreoirí poist neamhainmnithe agus trí na míreanna sin a láimhseáil, agus costais eile den sórt sin, cumhdaithe ag na rátaí foirceannaidh a íocann an toibreoir tionscnaimh. I bprionsabal, is í an oifig malartaithe isteach a chinnfidh an soláthraí seirbhíse uilechoitinne an pointe ag a soláthraítear an rochtain. Tá sé tábhachtach freisin go náireofaí leis an rochtain trasteorann na heilimintí gaolmhara líonra uile, d'ainneoin na difríochta don rochtain iartheachtach i gcoitinne, lena náirítear go háirithe eilimintí bogearraí agus faisnéise (mír 2 agus mír 3) — ós rud é gur dlúthchuid de na comhaontuithe atá ar siúl cheana, amhail Interconnect agus aon chomhaontú comhchosúil a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo.
Pionóis (Airteagal 7)
Is foráil chaighdeánach í seo lena ndírítear ar phionóis a bheadh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a sholáthar do na húdaráis rialála náisiúnta, i leith sáruithe ar dhlí AE.
Clásal athbhreithnithe (Airteagal 8)
In Airteagal 8, cuirtear oibleagáid ar an gCoimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh. Ní hiad na saincheisteanna a bhaineann go díreach leis an Rialachán (pointí (a) -(c)) amháin a áirítear leis an athbhreithniú ach áirítear leis freisin bearta eile chun feabhas a chur ar infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht an bheartseachadta trasteorann, ar bearta iad a glacadh i gcomhthéacs Threochlár na mBeartán 2013 (lena náirítear tionscnaimh tionscail, caighdeánú etc.) agus a dhéanann comhlánú ar an Rialachán seo.
4.IMPLEACHT BHUISÉADACH
Níl aon impleacht ag an Rialachán atá beartaithe do bhuiséad an Aontais.
2016/0149 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le seirbhísí beartseachadta trasteorann
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Na taraifí is infheidhme maidir le seoltóirí ísealtoirte beartán agus míreanna eile poist trasteorann, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide agus daoine aonair, tá siad fós réasúnta ard. Tá tionchar diúltach díreach aige sin ar úsáideoirí a bhíonn ag lorg seirbhísí beartseachadta trasteorann, go háirithe i gcomhthéacs na rthráchtála.
(2)Tá difríochtaí bunúsacha idir na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis na hinniúlachtaí a thugtar do na húdaráis rialála náisiúnta i ndáil le faireachán ar an margadh agus maoirseacht rialála ar sholáthraithe beartseachadta. Dearbhaíodh an méid sin i dtuarascáil chomhpháirteach a d'ullmhaigh Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Poist agus Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach, a tháinig ar an tuairim gur ghá go mbeadh na cumhachtaí iomchuí rialála ó na húdaráis rialála náisiúnta chun idirghabháil a dhéanamh agus nach léir gurb ann do na cumhachtaí sin sna Ballstáit uile. Is é an toradh a bhíonn ar na difríochtaí sin go mbíonn ualaí breise riaracháin agus costais bhreise chomhlíonta i gceist do sholáthraithe seirbhíse beartseachadta a oibríonn trasteorann. Dá bhrí sin, is bacainn iad na difríochtaí sin ar sholáthar seirbhísí beartseachadta trasteorann agus dá bharr sin tá tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
(3)Tá an margadh le haghaidh seirbhísí beartseachadta trasteorann ilghnéitheach, casta, agus soláthraithe éagsúla ag tairscint seirbhísí éagsúla agus praghsanna éagsúla ag brath ar mheáchan, ar mhéid agus ar fhormáid na míreanna a sheoltar, agus ag brath ar an gceann scríbe, ar na gnéithe breisluacha, amhail réitigh inrianaitheachta, agus líon na míreanna a sheoltar. De bharr na hilghnéitheachta sin, is deacair comparáid a dhéanamh idir soláthraithe éagsúla, ó thaobh cáilíochta de agus freisin ó thaobh praghais de. Ina theannta sin, is minic nach mbíonn seoltóirí ísealtoirte, amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide agus daoine aonair ar an eolas faoi na seirbhísí beartseachadta éagsúla atá á dtairiscint.
(4)D'fhonn feabhas a chur ar inacmhainneacht na seirbhísí beartseachadta trasteorann, go háirithe d'úsáideoirí i limistéir iargúlta nó i limistéir atá tearc i ndaonra, is gá feabhas a chur ar thrédhearcacht liostaí poiblí na dtaraifí ar líon teoranta de sheirbhísí beartseachadta trasteorann a bhíonn á dtairiscint ag soláthraithe seirbhíse uilechoitinne, ar seirbhísí iad a úsáideann fiontair bheaga agus mheánmhéide agus daoine aonair den chuid is mó. Tá trédhearcacht na liostaí poiblí riachtanach freisin chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na dtaraifí arda a bhíonn ar sheirbhísí beartseachadta trasteorann agus chun na difríochtaí taraife nach bhfuil údar leo idir seirbhísí beartseachadta náisiúnta agus seirbhísí beartseachadta trasteorann a laghdú, nuair is infheidhme.
(5)I bhformhór na mBallstát, tá roinnt mhaith soláthraithe ann a sholáthraíonn seirbhísí beartseachadta baile, ach is beag díobh a sholáthraíonn seirbhísí beartseachadta trasteorann freisin. Sa chomhthéacs sin, tá sé sárriachtanach a áirithiú go mbeadh rochtain thrédhearcach neamh-idirdhealaitheach ar na seirbhísí agus ar an mbonneagar atá riachtanach chun seirbhísí beartseachadta trasteorann a sholáthar, d'fhonn iomaíocht éifeachtach a chosaint agus a chur chun cinn agus d'fhonn úsáideoirí a chosaint.
(6)Faoi láthair, tá seirbhísí poist á rialú le Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Leis an Treoir sin bunaítear rialacha comhchoiteanna lena rialaítear soláthar na seirbhísí poist agus an tseirbhís uilechoiteann poist san Aontas. Tá an Treoir dírithe go príomha ar sheirbhísí uilechoiteanna náisiúnta, ach ní go heisiach é, agus ní thugtar aghaidh inti ar an maoirseacht rialála ar sholáthraithe seirbhísí beartseachadta, ar thrédhearcacht na dtaraifí agus na rátaí foirceannaidh le haghaidh seirbhísí áirithe beartseachadta trasteorann, ar mheasúnú ar inacmhainneacht taraifí le haghaidh seirbhísí áirithe beartseachadta trasteorann ná ar rochtain thrédhearcach neamh-idirdhealaitheach ar sheirbhísí áirithe beartseachadta trasteorann agus/nó ar bhonneagar. Dá bhrí sin, comhlánaíonn an Rialachán seo na rialacha a leagtar amach i dTreoir 97/67/CE, a mhéid a bhaineann le seirbhísí beartseachadta trasteorann.
(7)Bíonn níos lú ná dhá chileagram meacháin i dtuairim is 80% de na míreanna poist ar a bhfuil seoladh arna nginúint ag an rthráchtáil sa lá atá inniu ann, agus is minic gur i sruth an litirphoist a dhéantar iad a phróiseáil. Tá sé tábhachtach go mbeadh na míreanna poist sin faoi réir an Rialacháin seo, go háirithe go mbeidís faoi réir na gceanglas maidir le trédhearcacht na dtaraifí agus maidir le measúnú a dhéanamh ar a ninacmhainneacht.
(8)Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach sainmhíniú soiléir a sholáthar ar sheirbhísí beartseachadta agus na míreanna poist a chumhdófaí leis an sainmhíniú sin a shonrú. Baineann sé sin go háirithe le míreanna poist, seachas míreanna comhfhreagrais, ar míreanna poist iad is minic a úsáidtear, mar gheall ar an meáchan atá iontu, chun earraí agus marsantas a sheoladh. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo, i gcomhréir leis an gcleachtas comhsheasmhach, míreanna poist a chumhdach, a bhfuil suas le 31.5 kg meáchain iontu, ós rud é nach bhféadfadh an gnáthdhuine aonair míreanna níos troime ná sin a láimhseáil gan cúnamh meicniúil. I gcomhréir leis an gcleachtas reatha agus le Treoir 97/67/CE, ba cheart a mheas gur seirbhísí beartseachadta iad gach céim sa slabhra poist, i.e. imréiteach, sórtáil agus seachadadh. Maidir le hiompar ina aonar, nach ndéantar i gcomhar le ceann de na céimeanna sin, níor cheart dó teacht faoi raon feidhme na seirbhísí beartseachadta ós rud é gur féidir talamh slán a dhéanamh de sa chás sin gur cuid d'earnáil an iompair an ghníomhaíocht sin.
(9)Tá na rátaí foirceannaidh bunaithe ar chomhaontuithe iltaobhacha agus déthaobhacha idir soláthraithe seirbhíse uilechoitinne agus áirithítear leo go bhfaigheann an soláthraí seirbhíse uilechoitinne cinn scríbe luach saothair as costais na seirbhíse a sholáthraíonn sé don soláthraí seirbhíse uilechoitinne tionscnaimh. Ba cheart rátaí foirceannaidh a shainiú ar chaoi go náirítear na dírí foirceannaidh leo a shainítear i bpointe 15 d'Airteagal 2 de Threoir 97/67/CE, agus a chuirtear i bhfeidhm maidir le míreanna litirphoist agus na rátaí as tír isteach a chuirtear i bhfeidhm maidir le beartáin.
(10)Tá sé riachtanach go mbeidh eolas agus faisnéis ag na húdaráis rialála náisiúnta chun críocha staidrimh maidir leis na soláthraithe seirbhíse beartseachadta atá gníomhach ar an margadh. Mar sin féin, chun go mbeadh teorainn leis an ualach riaracháin a bheadh ar sholáthraithe beaga seirbhísí beartseachadta nach bhfuil gníomhach ach ar mhargadh náisiúnta nó réigiúnach, ba cheart tairseach a chur i bhfeidhm, bunaithe ar líon na ndaoine atá ag obair don soláthraí seirbhíse agus atá bainteach le seirbhísí beartseachadta a sholáthar.
(11)Cinnfear an áit ina mbunófar an soláthraí i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais. I gcás ina mbeadh soláthraí bunaithe i roinnt áiteanna, tá sé tábhachtach go gcinnfí an áit an áit ina bhfuil sé bunaithe arb é an áit é óna ndéantar an tseirbhís iarbhír lena mbaineann a sholáthar.
(12)Nuair a dhéantar faisnéis a sholáthar don údarás rialála náisiúnta, ba cheart a chur san áireamh go bhféadfadh sé go mbeadh faisnéis áirithe soláthartha cheana ag na soláthraithe seirbhísí beartseachadta don údarás rialála náisiúnta céanna. Tá seirbhísí beartseachadta tábhachtach d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do dhaoine aonair agus ba cheart go mbeidís in ann comparáid a dhéanamh go héasca idir soláthraithe éagsúla. Dá bhrí sin, ba cheart na seirbhísí ba cheart do na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne taraifí a sholáthar a shainiú go soiléir. Ba cheart don Choimisiún na taraifí sin a fhoilsiú ar leathanach gréasáin tiomnaithe agus ba cheart gurbh iad na taraifí sin, mar aon le soláthar rialta rúnda na rátaí foirceannaidh foluiteacha, a bheadh mar bhunús do na húdaráis rialála náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar inacmhainneacht na dtaraifí ar sheirbhísí beartseachadta trasteorann. Maidir le soláthraithe seirbhíse beartseachadta seachas soláthraithe seirbhíse uilechoitinne, féadfaidh siad na taraifí do na míreanna céanna a soláthar go deonach, i bhfoirm inchomparáide, dá núdarás rialála náisiúnta, ar choinníoll go ndéantar na míreanna sin a sheachadadh ar theach nó ar áitreabh an tseolaí.
(13)I ngeall ar an mhéid beag agus na diminsin bheaga atá iontu, tá míreanna áirithe poist ann nár cheart a bheith faoi réir na noibleagáidí a leagtar amach i ndáil le trédhearcacht na dtaraifí. Dá bhrí sin, ba cheart na míreanna poist sin a bheidh faoi réir na noibleagáidí sin a bheith 20 mm ar leithead ar a laghad.
(14)Nuair a dhéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta measúnú bliantúil ar inacmhainneacht na dtaraifí, ba cheart an measúnú a bhunú ar chritéir oibiachtúla, amhail taraifí baile na soláthraithe seirbhíse tionscnaimh agus na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne cinn scríbe agus leibhéal na rátaí foirceannaidh. Féadfar na critéir chomhchoiteanna sin a chomhlánú le critéir eile atá thar a bheith ábhartha chun míniú a thabhairt ar na taraifí atá i gceist, amhail costais shonracha iompair nó láimhseála agus toirteanna déthaobhacha idir soláthraithe éagsúla seirbhíse beartseachadta trasteorann.
(15)D'fheadfadh taraifí aonfhoirmeacha i gcomhair seachadtaí trasteorann ar dhá Bhallstát nó níos mó a bheith tábhachtach ar mhaithe le comhtháthú réigiúnach agus sóisialta a chosaint. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a chur san áireamh go gcuireann an rthráchtáil deiseanna nua a fáil do limistéir inar tearc an daonra páirt a ghlacadh sa saol eacnamaíoch. Tá sé riachtanach, mar sin, aon taraifí aonfhoirmeacha a bheadh ann a chur san áireamh go huile agus go hiomlán agus inacmhainneacht seirbhísí beartseachadta á measúnú.
(16)Aon difríochtaí suntasacha idir taraifí baile agus taraifí trasteorann do sheirbhísí beartseachadta, ba cheart údar maith a bheith leo de réir critéir oibiachtúla, amhail costais bhreise don iompar agus corrlach réasúnta brabúis. Ba cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse uilechoitinne a sholáthraíonn seirbhísí beartseachadta, an túdar sin a sholáthar gan mhoill.
(17)D'fhonn trédhearcacht a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart anailís ó údarás rialála náisiúnta a chur faoi bhráid údaráis rialála náisiúnta na mBallstát eile agus faoi bhráid an Choimisiúin. Ní foláir do na húdaráis rialála náisiúnta agus don Choimisiún rúndacht a áirithiú. Féadfaidh an Coimisiún freisin iarraidh ar Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Poist anailís uile-Aontais a sholáthar bunaithe ar na rannchuidithe náisiúnta.
(18)Féadfaidh soláthraithe seirbhíse uilechoitinne a sholáthraíonn seirbhísí beartseachadta comhaontuithe déthaobhacha agus comhaontuithe iltaobhacha a thabhairt i gcrích maidir le rátaí foirceannaidh agus féadfaidh siad cláir eile a bhunú chun idirnascacht a líonraí seachadta a éascú. Ar chúiseanna a bhaineann le neamh-idirdhealú, beidh rochtain chomhionann ag soláthraithe seirbhíse beartseachadta iomaíocha ar na rátaí foirceannaidh is infheidhme idir na páirtithe faoi chomhaontuithe iltaobhacha. I roinnt cásanna, d'fhéadfadh údar a bheith le rátaí foirceannaidh a bheith iníoctha ag soláthraithe seirbhíse beartseachadta tríú páirtí, ar mhó iad ná na rátaí a bheadh iníoctha ag soláthraithe seirbhíse uilechoitinne ar páirtithe sna comhaontuithe sin iad. D'fhéadfadh an cás bheith amhlaidh dá mbeadh na páirtithe i gcomhaontú iltaobhach maidir le rátaí foirceannaidh in ann a léiriú nach raibh na costais maidir le comhaontú a bhunú, a oibriú agus a riaradh, an costas breise a thabhaítear trí ghlacadh le míreanna ó sholáthraithe seirbhíse beartseachadta neamhainmnithe agus trína láimhseáil, agus costais eile den sórt sin, clúdaithe leis na rátaí foirceannaidh is iníoctha ag an soláthraí seirbhíse tríú páirtí sa Bhallstát tionscnaimh.
(19)I bpraitic agus ar chúiseanna oibríochtúla, is é an pointe ag ar cheart rochtain a sholáthar an oifig malartaithe isteach, ar oifig nó saoráid í arna cinneadh ag soláthraithe seirbhíse uilechoitinne sa Bhallstát cinn scríbe chun míreanna poist seachas míreanna comhfhreagrais a thabhairt ar láimh.
(20)Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a bheith in ann gníomhú go héifeachtach chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo agus chun a gcomhlíonadh a chinntiú agus maidir leis sin ba cheart dóibh a bheith in ann pionóis éifeachtacha airgeadais nó riaracháin a fhorchur má dhéantar aon sárú air.
(21)De bhrí go bhfuil na margaí i gcomhair seirbhísí beartseachadta ag athrú go gasta, ba cheart don Choimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht an Rialacháin seo agus tuarascáil rialta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. I dteanna na tuarascála sin, ba cheart, más iomchuí, tograí le haghaidh athbhreithnithe a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
(22)D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide atá ar sholáthraithe beartseachadta faisnéis a chur faoi bhráid na núdarás rialála náisiúnta, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun foirm a bhunú i dtaca leis an bhfaisnéis sin a thíolacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(23)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ba cheart é a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin.
(24)Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le próiseáil sonraí pearsanta laistigh de chreat an Rialacháin seo.
(25)Ós rud nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon na prionsabail agus na rialacha rialála atá riachtanach a bhunú chun feabhas a chur ar an maoirseacht rialála, trédhearcacht na bpraghsanna a fheabhsú agus prionsabail áirithe a bhunú maidir le seirbhísí beartseachadta trasteorann lenar cheart iomaíocht a chothú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a néifeachtaí gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Ábhar agus sainmhínithe
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha sonracha, de bhreis ar na rialacha a leagtar amach i dTreoir 97/67/CE, maidir leis na méid seo a leanas:
(a)an mhaoirseacht rialála a bhaineann le seirbhísí beartseachadta;
(b)trédhearcacht na dtaraifí agus na rátaí foirceannaidh i gcomhair seirbhísí áirithe beartseachadta trasteorann agus measúnú ar inacmhainneacht taraifí áirithe trasteorann;
(c)rochtain thrédhearcach neamh-idirdhealaitheach ar sheirbhísí agus/nó ar bhonneagar áirithe beartseachadta trasteorann.
Airteagal 2
Sainmhínithe
1.Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir 97/67/CE.
2.I dteannta na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)ciallaíonn "seirbhísí beartseachadta" seirbhísí ina ndéantar míreanna poist, seachas míreanna comhfhreagrais, a imréiteach, a shórtáil, a iompar nó a dháileadh; ní mheasfar gur seirbhís beartseachadta é iompar ina aonar; ní mheasfar gur seirbhís beartseachadta é míreanna ar mó ná 31,5 kg iad a sheachadadh;
(b)ciallaíonn "soláthraí seirbhíse beartseachadta" gnóthas a sholáthraíonn seirbhís beartseachadta amháin nó níos mó;
(c)ciallaíonn "rátaí foirceannaidh" íocaíochtaí ón soláthraí seirbhíse uilechoitinne tionscnaimh leis an soláthraí seirbhíse uilechoitinne cinn scríbe as costais seirbhísí beartseachadta trasteorann sa Bhallstát cinn scríbe.
CAIBIDIL II
Maoirseacht rialála
Airteagal 3
Faisnéis a sholáthar
1.Cuirfidh na soláthraithe seirbhíse beartseachadta uile an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe:
(a)ainm an tsoláthraí, a stádas dlíthiúil agus a fhoirm dhlíthiúil, cláruimhir i gclár trádála nó i gclár comhchosúil, uimhir CBL, seoladh na bunaíochta agus duine teagmhála;
(b)cineál na seirbhísí a thairgeann an soláthraí;
(c)coinníollacha ginearálta díola an tsoláthraí, lena náirítear cur síos mion ar an nós imeachta gearán.
2.I gcás aon athrú maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh soláthraithe seirbhíse beartseachadta an túdarás rialála náisiúnta ar an eolas faoin athrú sin laistigh de 30 lá.
3.Faoin 31 Márta gach bliain féilire, cuirfidh na soláthraithe seirbhíse beartseachadta uile an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe :
(a)an láimhdeachas bliantúil i seirbhísí beartseachadta don bhliain féilire roimhe sin sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe, arna mhiondealú de réir seirbhísí beartseachadta a bhaineann le míreanna náisiúnta poist agus míreanna trasteorann poist, isteach agus amach;
(b)líon na ndaoine a bhí ag obair don soláthraí an bhliain féilire roimhe sin agus a raibh baint acu le soláthar seirbhísí beartseachadta sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe,
(c)líon na míreanna poist seachas míreanna comhfhreagrais, nach mó ná 31,5 kg iad, a láimhseáladh an bhliain féilire roimhe sin sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe, arna mhiondealú de réir seirbhísí beartseachadta a bhaineann le míreanna náisiúnta poist agus míreanna trasteorann poist, isteach agus amach.
4.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, foirm a bhunú chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thíolacadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9.
5.Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ceanglais faisnéise a fhorchur de bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 má tá gá leo chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.
6.Ní bheidh soláthraí seirbhíse beartseachadta a fhostaíonn níos lú ná 50 duine faoi réir na noibleagáidí faoi mhír 1 ná faoi mhír 2 ach má tá an soláthraí sin bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin.
Airteagal 4
Trédhearcacht na dtaraifí agus rátaí foirceannaidh
1.Déanfaidh na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne a sholáthraíonn seirbhísí beartseachadta liosta poiblí na dtaraifí is infheidhme an 1 Eanáir gach bliain féilire chun míreanna poist a chuimsítear sna catagóirí atá liostaithe san Iarscríbhinn a sheachadadh a sholáthar d'údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe. Déanfar an fhaisnéis sin a sholáthar faoin 31 Eanáir gach bliain féilire ar a dhéanaí.
2.Déanfaidh an húdaráis rialála náisiúnta liostaí poiblí na dtaraifí a bheidh faighte acu i gcomhréir le mír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill agus faoin 28 Feabhra gach bliain féilire ar a dhéanaí. Foilseoidh an Coimisiún iad ar shuíomh gréasáin tiomnaithe faoin 30 Aibreán gach bliain féilire ar a dhéanaí.
3.Déanfaidh na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne a sholáthraíonn seirbhísí beartseachadta na rátaí foirceannaidh is infheidhme an 1 Eanáir gach bliain féilire maidir le míreanna poist de thionscnamh Ballstát eile a sholáthar don údarás rialála náisiúnta. Déanfar an fhaisnéis sin a sholáthar faoin 31 Eanáir gach bliain féilire ar a dhéanaí.
4.Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta na rátaí foirceannaidh a bheidh faighte acu i gcomhréir le mír 3 a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus faoi bhráid údaráis rialála náisiúnta na mBallstát tionscnaimh faoin 28 Feabhra gach bliain féilire ar a dhéanaí.
Airteagal 5
Measúnú ar inacmhainneacht na dtaraifí
1.Déanfaidh an túdarás rialála náisiúnta measúnú ar inacmhainneacht na dtaraifí trasteorann a áireofar ar na liostaí de tharaifí a bheidh faighte acu i gcomhréir le hAirteagal 4(1), laistigh de 3 mhí ón dáta a bhfaighidh siad an fhaisnéis sin. Cuirfear na heilimintí seo a leanas, go háirithe, san áireamh sa mheasúnú sin:
(a)taraifí baile na seirbhísí inchomparáide beartseachadta sa Bhallstát tionscnaimh agus sa Bhallstát cinn scríbe;
(b)Na rátaí foirceannaidh a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 4(3);
(c)taraif aonfhoirmeach a bheith á cur i bhfeidhm maidir le dhá Bhallstát nó níos mó.
2.I gcás inarb é tátal an údaráis rialála náisiúnta nach taraifí inacmhainne iad na taraifí trasteorann dá dtagraítear i mír 1, iarrfaidh sé tuilleadh faisnéise riachtanaí agus/nó údar ar an soláthraí seirbhíse uilechoitinne maidir le leibhéal na dtaraifí sin.
3.Soláthróidh an soláthraí seirbhíse uilechoitinne an fhaisnéis agus/nó an túdar dá dtagraítear i mír 2 laistigh de 15 lá oibre ón dáta a bhfaighidh sé an iarraidh.
4.Déanfaidh an túdarás rialála náisiúnta a mheasúnú, lena náirítear aon fhaisnéis agus/nó aon údar a soláthraíodh i gcomhréir le mír 3, a chur faoi bhráid an Choimisiúin, faoi bhráid údaráis rialála náisiúnta na mBallstát eile agus faoi bhráid na núdarás náisiúnta laistigh de Bhallstát an údaráis rialála náisiúnta a mbeidh an measúnú á chur isteach aige agus ar cuireadh de chúram air dlí na hiomaíochta a chur chun feidhme. Soláthrófar leagan neamhrúnda den mheasúnú sin freisin don Choimisiún. Déanfar an fhaisnéis sin a soláthar faoin 31 Márta gach bliain féilire ar a dhéanaí.
5.Foilseoidh an Coimisiún an leagan neamhrúnda den mheasúnú a sholáthair na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhréir le mír 4 ar an suíomh gréasáin tiomnaithe faoin 30 Aibreán gach bliain féilire ar a dhéanaí.
Airteagal 6
Rochtain trasteorann thrédhearcach neamh-idirdhealaitheach
1.Aon uair a dhéanfaidh soláthraithe seirbhíse uilechoitinne a sholáthraíonn seirbhísí beartseachadta comhaontuithe iltaobhacha maidir le rátaí foirceannaidh a thabhairt i gcrích, comhlíonfaidh siad gach iarratas réasúnta ar rochtain ar na heilimintí uile líonra agus ar na saoráidí gaolmhara agus ar na seirbhísí agus na córais faisnéise ábhartha atá riachtanach chun seirbhísí beartseachadta trasteorann a sholáthar.
2.Is é an pointe ag ar cheart rochtain a sholáthar an oifig malartaithe isteach atá sa Bhallstát cinn scríbe.
3.Foilseoidh na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne dá dtagraítear i mír 1 tairiscint tagartha. Beidh na téarmaí agus coinníollacha gaolmhara ábhartha go léir, lena náirítear na praghsanna, sa tairiscint tagartha.
4.Áireofar leis an tairiscint tagartha na comhpháirteanna go léir atá riachtanach don rochtain dá dtagraítear i mír 1, lena náirítear aon choinníollacha lena dteorannaítear rochtain ar sheirbhísí agus/nó úsáid seirbhísí i gcás ina gceadaíonn na Ballstáit na coinníollacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais.
5.Sula bhfoilseofar an tairiscint tagartha, déanfaidh an túdarás rialála náisiúnta í a fhormheas. Féadfaidh an túdarás rialála náisiúnta, i gcás inar gá, athruithe a fhorchur ar an tairiscint tagartha chun éifeacht a thabhairt do na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.
6.Déanfaidh na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne dá dtagraítear i mír 1, arna iarraidh sin agus bunaithe ar thairiscint tagartha, tairscint aonair a chur ar fáil do sholáthraí seirbhíse beartseachadta a iarrfaidh rochtain de réir bhrí na míre sin, mí, ar a dhéanaí, tar éis an iarraidh a fháil. Soláthraithe seirbhíse uilechoitinne a gheobhaidh iarraidh ar rochtain agus soláthraithe a iarrfaidh rochtain, rachaidh siad i mbun caibidlíochta de mheon macánta.
7.Mura dtiocfar ar chomhaontú ar bhonn na tairisceana aonair dá dtagraítear i mír 6, féadfaidh an soláthraí seirbhíse beartseachadta a bhfuil rochtain á hiarraidh aige, an tairiscint aonair, a dhéanfaidh an soláthraí seirbhíse uilechoitinne, a chur faoi bhráid an údaráis rialála naisiúnta. Más gá, déanfaidh an túdarás rialála náisiúnta athrú ar an tairiscint aonair chun éifeacht a thabhairt do na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo.
8.Áiritheofar an rochtain go hoibríochtúil laistigh de thréimhse réasúnach ama nach rachaidh thar thrí mhí ón tráth a dtabharfar an conradh i gcrích.
CAIBIDIL III
Cur chun feidhme, athbhreithniú agus teacht i bhfeidhm
Airteagal 7
Pionóis
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin XX agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Airteagal 8
Athbhreithniú
Roimh XX/XX/2019, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta, agus togra le haghaidh a athbhreithnithe ag gabháil léi, más iomchuí.
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)ar tháinig feabhas ar inacmhainneacht na seirbhísí beartseachadta trasteorann, lena náirítear i gcomhair úsáideoirí atá lonnaithe i limistéir atá iargúlta nó inar tearc an daonra;
(b)a mhéid a dheonaigh na soláthraithe seirbhíse uilechoitinne a sholáthraíonn seirbhísí beartseachadta an rochtain trasteorann mhórdhíola thrédhearcach neamhidirdhealaitheach dá dtagraítear in Airteagal 6;
(c)a mhéid a bhí deacrachtaí ag na húdaráis rialála náisiúnta i ndáil leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm;
(d)an dul chun cinn atá déanta i dtaca le tionscnaimh eile chun an margadh aonair a chomhlánú le haghaidh seirbhísí beartseachadta.
Airteagal 9
Nós imeachta coiste
1.Déanfaidh an Coiste um an Treoir maidir le Post, a bunaíodh le hAirteagal 21 de Threoir 97/67/CE, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 10
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán