An Bhruiséil,4.5.2016

COM(2016) 271 final

2016/0131(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n
aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An 6 Aibreán 2016, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal "I dtreo athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn agus bealaí dlíthiúla chuig an Eoraip a fheabhsú" 1 , ina leagtar amach tosaíochtaí an Choimisiúin chun feabhas a chur ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn (CET). D’fhógair an Coimisiún, ar iarratais ón gComhairle Eorpach 2 , go ndéanfadh sé athchóiriú de réir a chéile ar chreat reatha an Aontais trí chóras inbhuanaithe agus cothrom a chur ar bun lena gcinntear cé na Ballstáit atá freagrach as iarrthóirí tearmainn, trí chóras Eurodac a neartú, trí theacht ar chóineasú níos fearr sa chóras tearmainn agus, ar an gcaoi sin, bac a chur ar ghluaiseachtaí tánaisteacha, agus trí shainordú feabhsaithe a fhorbairt don Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO). Tá an togra seo á chur i láthair mar chuid den chéad phacáiste le haghaidh athchóiriú CET in éineacht le dhá thogra eile, mar atá togra chun athchóiriú a dhéanamh ar chóras Bhaile Átha Cliath agus togra eile lena leasaítear córas Eurodac.

Is é is aidhm don togra seo ról EASO a neartú agus gníomhaireacht a dhéanamh de a éascóidh cur chun feidhme CET agus a fheabhsóidh an dóigh a bhfeidhmíonn sé. Ó chuaigh sé i mbun oibre in 2011, thacaigh EASO ar bhonn leanúnach leis na Ballstáit na rialacha reatha a chur i bhfeidhm agus feidhmiú na nuirlisí a bhí ann cheana a fheabhsú. Tá taithí faighte ag an nGníomhaireacht agus meas ar a cuid oibre maidir le comhar praiticiúil idir na Ballstáit agus maidir le cuidiú leo a noibleagáidí faoi CET a chur chun feidhme. Le himeacht aimsire, tháinig forbairt de réir a chéile ar chúraimí EASO sa dóigh go mbeifí in ann freastal ar riachtanais na mBallstát agus CET ina iomláine, ar riachtanais iad a bhfuil fás fúthu i gcónaí. Tá méadú ag teacht ar an méid a bhraitheann na Ballstáit ar thacaíocht oibríochtúil agus theicniúil na Gníomhaireachta. Is mór an teolas agus an taithí atá ag an nGníomhaireacht ar réimse an tearmainn agus is mithid lárionad saineolais aisti féin a dhéanamh di seachas í a bheith ag brath go mór ar fhaisnéis agus ar shaineolas a chuireann na Ballstáit ar fáil.

Dar leis an gCoimisiún, tá an Ghníomhaireacht ar cheann de na huirlisí sin a fhéadfar a úsáid go héifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar na laigí struchtúracha in CET, laigí ar géire anois iad mar gheall ar theacht isteach imirceach agus iarrthóirí tearmainn san Aontas ar mórscála agus go neamhrialaithe, go háirithe i rith na bliana seo caite. Is amhlaidh nach bhféadfaí athchóiriú a dhéanamh ar CET gan sainordú a bheith ag an nGníomhaireacht a fhreagraíonn do na héilimh a bheidh ann de bharr an athchóirithe. Is den riachtanas é go mbeidh na hacmhainní is gá ag an nGníomhaireacht chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit i gcás géarchéime, ach is riachtanaí fós creat láidir dlí atá oibríochtúil agus praiticiúil a cheapadh don Ghníomhaireacht chun gur féidir tacaíocht bhreise a thabhairt do chóras tearmainn agus glactha na mBallstát agus chun gur féidir iad a chomhlánú.

Is léiriú é ar an bhforbairt sin go mbeartaítear leis an togra Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a thabhairt ar EASO feasta. Is leis an sainordú feabhsaithe, atá leagtha amach sa togra seo, a dhéantar gníomhaireacht chuimsitheach as EASO, gníomhaireacht a bhfuil sé de chumas aici an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil is gá a thabhairt do na Ballstáit, comhar praiticiúil agus malartú faisnéise idir na Ballstáit a mhéadú, tacú le dáileadh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar bhealach inbhuanaithe cothrom, faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme CET agus ar acmhainn na gcóras tearmainn agus glactha sna Ballstáit, agus cóineasú i measúnú na niarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chumasú ar fud an Aontais.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

An 19 Feabhra 2016, mheas an Chomhairle Eorpach go gcaithfí dul chun cinn a dhéanamh chun creat reatha an Aontais a athchóiriú d'fhonn beartas tearmainn a bheadh daonnúil éifeachtúil a áirithiú. I dTeachtaireacht uaidh an 6 Aibreán 2016, dúirt an Coimisiún gurb é cuspóir foriomlán bheartas imirce agus tearmainn an Aontais imeacht ó chóras a leagann freagracht dhíréireach ar Bhallstáit áirithe agus a spreagann gluaiseachtaí neamhrialaithe i dtreo Ballstáit eile, cibé acu an trí dhrochdhearadh nó trí dhroch-chur chun feidhme is cúis leis. Is é an aidhm go mbeidh córas láidir éifeachtach ag an Aontas chun go ndéanfar bainistiú ar an imirce ar bhealach inbhuanaithe atá bunaithe ar phrionsabail na freagrachta agus na dlúthpháirtíochta.

Sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce 3 , d'aithin an Coimisiún an tábhacht a bhain le ról EASO i dtaobh comhbheartas láidir tearmainn a fhorbairt agus a chothabháil. Mheas an Coimisiún go bhféadfadh EASO an comhar praiticiúil a fheabhsú, ról a fhorbairt mar theach imréitigh d'fhaisnéis faoi thír thionscnaimh sa chaoi gur aonfhoirmí na cinntí a spreagfaí, bearta tábhachtacha a ghlacadh maidir le hoiliúint agus líonraí tiomnaithe d'údaráis náisiúnta a chur ar bun chun comhar oibríochtúil maidir le cúrsaí tearmainn a fheabhsú. I dTeachtaireacht an 6 Aibreán 2016, d'fhógair an Coimisiún go mbeadh sainordú níos láidre á mholadh aige do EASO i dtreo is go bhféadfaidh sé ról nua maidir le cur chun feidhme beartais agus ról oibríochtúil treisithe a tharraingt air féin. Bhainfí sin amach trí bhíthin sásra faireacháin a chur ar bun chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais CET mar aon le cúraimí tábhachtacha eile amhail faisnéis faoi thír thionscnaimh a chur ar fáil agus a anailísiú, eochair dáileacháin chóras Bhaile Átha Cliath a oibriú agus idirghabháil a dhéanamh chun tacú leis na Ballstáit in éigeandálaí nó i gcásanna nach mbeadh na bearta riachtanacha ceartaitheacha déanta.

Is é is aidhm don togra seo na huirlisí is gá a chur ar fáil do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann chun gníomhaireacht a dhéanamh de a éascóidh cur chun feidhme CET agus a fheabhsóidh an dóigh a bhfeidhmíonn sé. I ndáil leis sin, is comhlánú é ar na hionstraimí dlí agus beartais i réimse an tearmainn, go háirithe i dtaca le nósanna imeachta tearmainn, caighdeáin i dtaca le hincháilitheacht daoine aonair le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, córas Bhaile Átha Cliath agus athshuíomh agus athlonnú.

Comhsheasmhacht le beartais eile an Aontais

Tá an togra seo i gcomhréir leis an mbeartas cuimsitheach fadtéarmach maidir le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an imirce atá leagtha amach sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce ón gCoimisiún, clár oibre ina ndearnadh de Threoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin Juncker sraith de thionscnaimh chomhleanúnacha, atá atreisitheach ar bhonn frithpháirteach, bunaithe ar cheithre cholún. Is iad na ceithre cholún sin: an dreasacht don imirce neamhrialta a laghdú, teorainneacha seachtracha a dhaingniú agus beatha daoine a shábháil, beartas láidir maidir le tearmann agus beartas nua maidir le himirce dhlíthiúil. Leis an togra cuirtear an Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce chun feidhme a thuilleadh, go háirithe i dtaca leis an gcuspóir beartas tearmainn an Aontais a neartú de bhrí go náiritheoidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann go gcuirfear CET chun feidhme go hiomlán agus go comhleanúnach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra reachtach bunaithe ar Airteagal 78(1) agus (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht

Is iad seo cuspóirí an togra seo: cur chun feidhme CET a éascú agus feidhmiú an chórais a fheabhsú; comhar praiticiúil agus malartú faisnéise a neartú idir na Ballstáit maidir le cúrsaí tearmainn; dlí an Aontais agus caighdeáin oibríochtúla a chur chun cinn sa chaoi go náiritheofar ardleibhéal aonfhoirmeachta maidir le nósanna imeachta tearmainn, coinníollacha glactha agus measúnú riachtanas cosanta ar fud an Aontais; faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil dhlí an Aontais maidir le tearmann agus breis tacaíochta, idir thacaíocht oibríochtúil agus tacaíocht theicniúil, a chur ar fáil do na Ballstáit chun go bhféadfaidh siad bainistiú a dhéanamh ar na córais tearmainn agus glactha, go háirithe tacaíocht do na Ballstáit sin a bhfuil a gcórais tearmainn agus glactha faoi bhrú díréireach.

Ós rud é gur leis an leas coiteann é a áirithiú go ndéantar an creat dlíthiúil maidir le tearmann a chur i bhfeidhm go cuí, trí ghníomhaíochtaí comhbheartaithe idir na Ballstáit le tacaíocht ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, d'fhonn cobhsaíocht agus ord i bhfeidhmiú CET a dhaingniú, ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra seo a bhaint amach go leordhóthanach agus is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais agus féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Comhréireacht

Is trí na huirlisí is gá a chur ar fáil do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann chun is go bhféadfaidh sí aghaidh a thabhairt ar an mbrú díréireach ar chórais tearmainn agus glactha na mBallstát agus ar na laigí bunúsacha sna córais sin san fhadtéarma, atá an togra ceaptha freagairt do na réaltachtaí agus na dúshláin pholaitiúla atá os comhair an Aontais i réimse na himirce agus an tearmainn.

Leis an togra seo, féachtar lena áirithiú go gcuireann na Ballstáit na caighdeáin reachtaíochta agus oibríochtúla maidir le tearmann i bhfeidhm go hiomlán agus go cuí, go gcuirtear feabhas ar an gcomhar praiticiúil agus ar an malartú faisnéise idir na Ballstáit agus le tríú tíortha, go ndéantar beart iomchuí chun feidhmiú rianúil CET a chaomhnú agus chun aghaidh a thabhairt ar bhrú díréireach ar bhealach éifeachtach le cúnamh ón nGníomhaireacht agus i gcomhar léi. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt do na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta arna iarraidh sin do na Ballstáit agus laistigh de chreat atá leagtha amach go soiléir sa phlean oibríochta. Ní fhéadfaidh an Ghníomhaireacht idirghabháil a dhéanamh agus cúnamh a thabhairt do Bhallstát, mar thoradh ar fhaireachán nó i gcás brú díréireach ar na córais tearmainn agus glactha, ach amháin sna cásanna sin nuair nach ndéanann an Ballstát lena mbaineann beart nó nuair nach bhfuil bearta leordhóthanacha déanta aige agus go gcuirtear, ar an ábhar sin, feidhmiú CET i mbaol. I bhfianaise a chuspóra agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

Rogha na hionstraime

Is le rialachán amháin a fhéadtar an leibhéal éifeachtúlachta agus aonfhoirmeachta is gá a chur ar fáil chun dlí an Aontais maidir le tearmann a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, ag féachaint dó gur bunaíodh EASO, nó Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann mar a thugtar anois uirthi, le Rialachán, is é an ionstraim dlí chéanna is iomchuí le haghaidh an togra seo.

3.COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

Agus an togra seo á ullmhú aige, bhí an Coimisiún ag brath ar an gcomhphlé rialta a bhí ann idir an Chomhairle Eorpach agus Comhairle na nAirí, mar aon le Parlaimint na hEorpa, maidir le forbairt bheartas imirce agus tearmainn an Aontais agus maidir leis an úsáid a bhaintear as gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an imirce. Maidir le ról EASO, bhí air na dualgais maidir le tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil do na Ballstáit a chomhlíonadh roinnt uaireanta lena náirítear ag na teorainneacha seachtracha i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Is é tuairim ghinearálta na mBallstát go bhfuil ról tábhachtach ag EASO ó thaobh cúnamh a thabhairt dóibh i dtaca le hathshuíomh agus le hathlonnú.

Ó ghlac EASO a cuid freagrachtaí chuici féin an 1 Feabhra 2011, bhí comhphlé leantach ann leis na geallsealbhóirí ábhartha ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta. Bhí comhphlé rialta ann go háirithe i gcomhthéacs tuairiscí ón nGníomhaireacht i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle. Tugann an Ghníomhaireacht tuairisc ar a gníomhaíochtaí trí chruinnithe rialta leis an mBord Bainistíochta agus trí bhíthin na dtuarascálacha éagsúla a chuireann sí amach i gcaitheamh na bliana. Lena chois sin bíonn malartú faisnéise ann go rialta le gníomhaireachtaí eile an Aontais go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Eagraíodh cuid mhór comhphlé freisin leis an tsochaí shibhialta agus le lucht acadúil.

Rinneadh meastóireacht ar EASO ar bhonn Airteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 lena ndéantar foráil maidir le meastóireacht neamhspleách sheachtrach lena gcumhdaítear tionchar EASO ar chomhar praiticiúil maidir le tearmann agus ar CET. Rinne an Coimisiún meastóireacht inmheánach ar EASO in 2013. In 2014, rinne conraitheoir neamhspléach seachtrach meastóireacht sheachtrach a chumhdaigh an tréimhse ó mhí Feabhra 2011 go Meitheamh 2014. Cuireadh síneadh le tréimhse na meastóireachta seachtraí ina dhiaidh sin chun an tréimhse iomlán ó chuaigh an Ghníomhaireacht i mbun a cúraimí a chumhdach. Rinneadh an mheastóireacht idir Deireadh Fómhair 2014 agus Iúil 2015 agus cumhdaíodh inti na gníomhaíochtaí uile a rinne EASO ar fud na mBallstát uile. Cuirtear san áireamh na moltaí a d'eascair as an meastóireacht sin agus tuairimí EASO maidir le todhchaí na Gníomhaireachta sa togra seo.

Cearta bunúsacha

Urramaíonn an togra seo cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear go sainráite le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Déanfar gníomhaíochtaí uile Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus na cearta bunúsacha faoi mar atá cumhdaithe sa Chairt a urramú ina niomláine, lena náirítear an ceart chun tearmainn (Airteagal 18 den Chairt), cosaint ar refoulement (Airteagal 19 den Chairt), an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7 den Chairt), an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 den Chairt), agus an ceart chun leigheas éifeachtach (Airteagal 47 den Chairt). Sa togra cuirtear san áireamh go hiomlán cearta an linbh agus riachtanais speisialta daoine soghonta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Cuirtear de chúram ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, gníomhaireacht a bheidh bunaithe ar EASO atá ann faoi láthair, cur chun feidhme CET a éascú agus a fheidhmiú a fheabhsú.

EUR 363.963 milliún don tréimhse 2017-2020 méid iomlán na nacmhainní airgeadais is gá chun cur ar chumas na Gníomhaireachta a misean a chomhlíonadh faoin sainordú leathnaithe atá beartaithe. Ionas go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann a cúraimí nua a dhéanamh go héifeachtach, beidh gá le 275 ghníomhaire shealadacha agus 82 ghníomhaire ar conradh nó 357 mball foirne san iomlán thar an tréimhse 2017-2020 le cois an lín post do ghníomhairí sealadacha agus do ghníomhairí ar conradh atá údaraithe faoi bhuiséad 2016, rud a fhágann go mbeidh 500 duine ar an iomlán ar fhoireann na Gníomhaireachta faoi 2020.

Tá na riachtanais airgeadais comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha agus d'fhéadfadh sé go mbeidh úsáid ionstraimí speisialta mar atá sainmhínithe sa Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle 4 i gceist.

5.EILIMINTÍ EILE

Socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní mór do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann tuarascáil bhliantúil gníomhaíochtaí ar staid an tearmainn a tharraingt suas, tuarascáil inar gá meastóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a dhéanann sí le linn na bliana. Ní mór anailís chomparáideach ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a bheith sa tuarascáil ionas go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht cáilíocht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht CET a fheabhsú. Ní mór don Ghníomhaireacht an tuarascáil bhliantúil gníomhaíochtaí sin a chur ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Ní mór don Choimisiún meastóireacht a choimisiúnú laistigh de thrí bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, chun measúnú a dhéanamh go háirithe ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na Gníomhaireachta agus a cleachtais oibre. Ní mór tionchar na Gníomhaireachta ar chomhar praiticiúil maidir le cúrsaí tearmainn agus ar CET a chumhdach sa mheastóireacht sin. Ní mór don Choimisiún an tuarascáil mheastóireachta mar aon lena chonclúidí maidir leis an tuarascáil a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Ní mór torthaí na meastóireachta a chur ar fáil don phobal.

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 bunaítear an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) agus de réir an tsainmhínithe ar ról EASO tá sí ceaptha an comhar praiticiúil idir Ballstáit a neartú agus tacaíocht oibríochtúil a chur ar fáil do na Ballstáit nó an tacaíocht sin a chomhordú. D'fhéadfadh EASO na cuspóirí sin a bhaint amach trí mhalartú faisnéise agus comhthiomsú dea-chleachtas a chumasú, trí thacaíocht a chur ar fáil i dtaca le hoiliúint agus athshuíomh, trí ghníomhaíochtaí a bhaineann le faisnéis faoin tír thionscnaimh a chomhordú, trí thacaíocht a chur ar fáil i dtaca le cur chun feidhme agus gné sheachtrach CET, trí dhoiciméid theicniúla maidir le cur chun feidhme ionstraimí tearmainn an Aontais a leagan amach agus trí thacaíocht oibríochtúil a chur ar fáil do na Ballstáit sin a bhfuil brú ar leith orthu.

Sa togra seo, cuirtear leis an sainordú atá ag EASO faoi láthair agus leathnaítear é d'fhonn gníomhaireacht iomlán cuimsitheach a dhéanamh de EASO a bhfuil na huirlisí riachtanacha aici chun: (1) comhar praiticiúil agus malartú faisnéise i ndáil le tearmann a fheabhsú; (2) dlí an Aontais agus caighdeáin oibríochtúla a chur chun cinn d'fhonn ardleibhéil aonfhoirmeachta a áirithiú i gcur i bhfeidhm an chreata dhlíthiúil i ndáil le tearmann; (3) cóineasú níos fearr a áirithiú agus measúnú á dhéanamh ar riachtanais chosanta ar fud an Aontais; (4) faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme CET; (5) cúnamh breise oibríochtúil agus teicniúil a thabhairt do na Ballstáit chun na córais tearmainn agus glactha a bhainistiú, go háirithe i gcás brú díréireach. Sa togra, beartaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a thabhairt ar EASO feasta chun sainordú níos leithne na Gníomhaireachta a léiriú.

(1)Feabhas a chur ar chomhar praiticiúil agus ar mhalartú faisnéise maidir le tearmann

Cumhdaítear an ghné seo i gCaibidil 2 den togra maidir le comhar praiticiúil agus malartú faisnéise idir na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht. Sa togra leagtar amach conas a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht a cúraimí i dtaca le comhar praiticiúil agus malartú faisnéise idir na Ballstáit a éascú, a chomhordú agus a neartú i leith gnéithe éagsúla a bhaineann le cúrsaí tearmainn. I gcás na Gníomhaireachta ní cúraimí iomlán nua iad de bharr go bhfuil EASO freagrach cheana féin as malartú faisnéise a chumasú agus as comhar praiticiúil a éascú. B'éigean do EASO, áfach, brath ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar ar bhonn deonach. Faoin togra seo, beidh dualgas ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit comhoibriú le chéile agus beidh sé d'oibleagáid orthu faisnéis a mhalartú.

Le go mbeidh sí ina lárionad saineolais, beidh ar an nGníomhaireacht a hinniúlacht féin a fhorbairt ó thaobh faisnéis faoi staid an tearmainn san Aontas agus i dtríú tíortha a bhailiú agus a anailísiú sa mhéid go bhféadfaidh sé sin tionchar a bheith aige ar an Aontas agus ar chur chun feidhme CET. Ba cheart go gcuirfeadh an anailís faisnéise ar staid an tearmainn ar chumas na Gníomhaireachta cúnamh a thabhairt do na Ballstáit tuiscint níos fearr a fháil ar na fachtóirí i ndáil le himirce a bhaineann le tearmann isteach san Aontas agus laistigh de, agus chun go bhfaighidh na Ballstáit rabhadh go luath agus go mbeidh siad ullamh. I ndáil leis sin, níor cheart don Ghníomhaireacht a bheith ag obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit amháin, ach freisin le gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail UNHCR.

I gcomhthéacs athchóiriú ar chóras Bhaile Átha Cliath, beidh cúraimí agus oibleagáidí breise ar an nGníomhaireacht a thiocfaidh chun tosaigh mar gheall ar an athchóiriú sin. Chun an tacaíocht is gá a chur ar fáil do na Ballstáit le go bhféadfaidh siad an sásra ceartaitheach a fheidhmiú agus a bhainistiú, is é an Ghníomhaireacht an rogha nádúrtha.

Beidh ról tábhachtach ag an nGníomhaireacht in oiliúint a fhorbairt agus a sholáthar do bhaill na riarachán náisiúnta, na gcúirteanna agus na mbinsí, agus do bhaill na seirbhísí náisiúnta atá freagrach as cúrsaí tearmainn sna Ballstáit. De bharr go dtiocfaidh méadú ar rannpháirtíocht fhoireann na Gníomhaireachta féin i gcúnamh oibríochtúil agus teicniúil a thabhairt do na Ballstáit, beidh ar an nGníomhaireacht oiliúint iomchuí a áirithiú dá foireann féin freisin. Ina theannta sin, ní mór don Ghníomhaireacht a áirithiú go bhfaighidh na saineolaithe sin ar fad a bheidh rannpháirteach sna foirne tacaíochta tearmainn agus sa díorma um idirghabháil tearmainn sainoiliúint atá ábhartha maidir lena ndualgais agus a bhfeidhmeanna sula nglacfaidh siad páirt i ngníomhaíochtaí oibríochtúla.

(2)Cóineasú níos fearr a áirithiú agus measúnú á dhéanamh ar riachtanais chosanta ar fud an Aontais

Sna conclúidí uaithi an 21 Aibreán 2016 maidir le cóineasú i gcleachtais chinnteoireachta tearmainn 5 , dúirt an Chomhairle go bhfuil éagothromaíochtaí móra ann fós idir na Ballstáit, d'ainneoin an dul chun cinn atá déanta i dtaca le CET, maidir leis na rátaí aitheantais, cineál agus cáilíocht na cosanta idirnáisiúnta a dheonaítear agus, go ginearálta, maidir le toradh na nósanna imeachta. D'aithin an Chomhairle an gá atá ann próiseas a cheapadh do EASO maidir le faisnéis faoi thíortha tionscnaimh a chur ar fáil a bheidh níos struchtúrtha agus níos cuíchóirithe agus lena gcumhdófar na príomhthíortha tionscnaimh uile agus na saincheisteanna téamacha tríd na hacmhainní atá ar fáil do EASO a neartú i dtaobh faisnéis faoi thíortha tionscnaimh COI a chur ar fáil, agus thug an Chomhairle cuireadh do EASO cúnamh a thabhairt maidir leis an bpróiseas forbartha beartais ar leibhéal an Aontais ar bhonn faisnéis chomhpháirteach faoi thíortha tionscnaimh.

Chun cóineasú níos fearr a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí i measúnú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, cuirtear de chúram ar an nGníomhaireacht leis an togra iarrachtaí na mBallstát a chomhordú chun go dtabharfaidh siad faoi anailís choiteann, agus ionas go bhforbróidh siad an anailís choiteann sin agus cuirfear ar fáil a bhuí leis an anailís sin treoir maidir leis an staid i dtríú tíortha tionscnaimh mar atá leagtha amach i gCaibidil 3 den togra. Go dtí seo, bhí ar an nGníomhaireacht gníomhaíochtaí a eagrú, a chur chun cinn agus a chomhordú maidir le faisnéis faoi thíortha tionscnaimh, lena náirítear anailís ar an bhfaisnéis sin a sholáthar. Cúram é sin a leanfaidh an Ghníomhaireacht leis agus áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcomhordófar na tionscnaimh náisiúnta a chuireann faisnéis faoi thíortha tionscnaimh ar fáil trí líonraí a bhunú le haghaidh faisnéis faoi thíortha tionscnaimh. Déanfar na líonraí sin a úsáid chun tuarascálacha náisiúnta a mhalartú agus a nuashonrú, agus úsáidfear iad freisin mar chóras cuardaigh trína bhféadfaí ceisteanna sonracha fíorasacha a d'fhéadfadh a theacht as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chur chuig an nGníomhaireacht.

Cúram nua eile ar an nGníomhaireacht is ea cúnamh a thabhairt don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an staid sna tríú tíortha atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh. Nuair atáthar ag féachaint le tríú tír eile a chur le liosta sin an Aontais de thíortha sábháilte, d'fhéadfadh an Coimisiún iarraidh ar an nGníomhaireacht faisnéis faoin tríú tír áirithe sin a chur ar fáil dó.

(3)Dlí an Aontais agus caighdeáin oibríochtúla maidir le tearmann a chur chun cinn

Baineann Caibidil 4 den togra le caighdeáin oibríochtúla, le treoirlínte agus le dea-chleachtais. Faoin sainordú atá ag EASO faoi láthair, d'fhéadfadh an Ghníomhaireacht doiciméid theicniúla maidir le cur chun feidhme na nionstraimí tearmainn a ghlacadh. Sa togra déantar dealú idir na cineálacha éagsúla doiciméad teicniúil a bhféadfadh an Ghníomhaireacht a ghlacadh. Forbróidh an Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Choimisiún, caighdeáin oibríochtúla maidir le cur chun feidhme ionstraimí dhlí an Aontais maidir le tearmann agus táscairí chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán oibríochtúil sin. Beidh an Ghníomhaireacht ábalta freisin treoirlínte agus dea-chleachtais a bhaineann le cur chun feidhme ionstraimí dhlí an Aontais maidir le tearmann a fhorbairt. I gcásanna ina mbeadh cúnamh ag teastáil ó na Ballstáit chun na caighdeáin oibríochtúla, na treoirlínte agus na dea-chleachtais sin a chur chun feidhme d'fhéadfadh siad iarraidh ar an nGníomhaireacht an saineolas nó an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil is gá a thabhairt dóibh.

(4)Faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme CET

I gCaibidil 5 den togra, déantar foráil maidir le cúram nua de chuid na Gníomhaireachta, is é sin faireachán agus measúnú a dhéanamh ar ghnéithe uile CET, go háirithe nósanna imeachta tearmainn, córas Bhaile Átha Cliath, rátaí aitheantais mar aon le caighdeán agus cineál na cosanta idirnáisiúnta a dheonaítear, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán oibríochtúil agus na dtreoirlínte agus, lena chois sin, fíorú a dhéanamh ar na córais tearmainn agus glactha mar aon le hinniúlacht an Bhallstáit na córais sin a bhainistiú go héifeachtach, go háirithe le linn dóibh a bheith faoi bhrú díréireach. Is é is aidhm don fhaireachán, ar thaobh amháin, a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar aon easnamh i bhfeidhmiú CET a luaithe is féidir chun bainistiú ordúil na gcóras tearmainn agus glactha a áirithiú agus, ar an taobh eile, a áirithiú go bhfuil na huirlisí is gá faoi réir ag na Ballstáit le go bhféadfaidh siad aghaidh a thabhairt ar chásanna brú díréirigh go hiomchuí.

I gCaibidil 13, bunaítear raon feidhme an tsásra faireacháin agus measúnaithe agus i gCaibidil 14 leagtar amach an nós imeachta faireacháin sin. Féadfaidh an Ghníomhaireacht an measúnú a bhunú ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, ar anailís faisnéise ar staid an tearmainn arna forbairt ag an nGníomhaireacht, ar chuairteanna ar an láthair agus ar shampláil cásanna. Féadfaidh an Ballstát an faireachán a chlársceidealú nó féadfar é a dhéanamh ar bhonn gnéithe téamacha nó gnéithe sonracha de na córais tearmainn. Cuirfidh an Ghníomhaireacht foirne saineolaithe ar bun, foirne ar a mbeidh saineolaithe ón nGníomhaireacht agus ón gCoimisiún, chun an faireachán a dhéanamh agus chun tuarascáil a dhréachtú ina leagfar amach torthaí an fhaireacháin. Glacfaidh an Bord Bainistíochta an tuarascáil tar éis dó barúlacha an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig an gCoimisiún é. Ag an am céanna, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, dréachtmholtaí faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann chun barúlacha a fháil uaidh. Ba cheart go leagfaí amach sna dréachtmholtaí na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sa tuarascáil faireacháin. Glacfaidh an Bord Bainistíochta na moltaí agus tabharfaidh sé cuireadh don Bhallstát plean gníomhaíochta a chur isteach chun go gcuirfear chun feidhme na moltaí sin faoi cheann naoi mí ar a mhéid.

I gCaibidil 15, pléitear na cásanna sin nuair nach bhfuil na moltaí curtha chun feidhme fós ag an mBallstát lena mbaineann i ndiaidh na tréimhse sin agus ina bhfuil na heasnaimh sna córais tearmainn agus glactha chomh tromchúiseach sin go gcuireann siad feidhmiú CET i mbaol. Ag an gcéim sin, déanann an Coimisiún a mheasúnú féin ar an bplean gníomhaíochta agus ar a thromchúisí agus atá na heasnaimh. Ansin glacann an Coimisiún moltaí agus féadfaidh sé, más gá, bearta a shainaithint atá le déanamh ag an nGníomhaireacht chun tacú leis an mBallstát lena mbaineann. Beidh ar an mBallstát tuairisc a thabhairt don Choimisiún ar chur chun feidhme na moltaí. Mura bhfuil na moltaí curtha chun feidhme ag an mBallstát fós i ndiaidh an teorainn ama atá leagtha síos i moltaí an Choimisiúin, féadfaidh an Coimisiún bearta breise a dhéanamh a chuirfidh de cheangal ar an nGníomhaireacht dul i mbun idirghabhála chun tacú leis an mBallstát.

(5)Cúnamh breise oibríochtúil agus teicniúil a thabhairt do na Ballstáit

Ar cheann de na cúraimí tábhachtacha atá ar EASO tá cúnamh teicniúil a thabhairt do na Ballstáit go háirithe maidir le seirbhísí ateangaireachta, faisnéis faoi thíortha tionscnaimh agus eolas faoi láimhseáil agus bainistiú cásanna tearmainn trí fhoirne tacaíochta tearmainn a imscaradh. Faoi na Ballstáit a bhí sé i gcónaí líon agus próifíl na saineolaithe a roghnú agus tréimhse a nimscartha a chinneadh.

I gCaibidil 6 den togra, déantar ról agus feidhmeanna na Gníomhaireachta a leathnú sa mhéid go mbaineann sé le cúnamh oibríochtúil agus teicniúil, amhail an méid a mhol an Coimisiún i dtaca leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta 6 . Sa togra leagtar amach go soiléir na bearta oibríochtúla agus teicniúla a d'fhéadfadh an Ghníomhaireacht a eagrú agus a chomhordú arna iarraidh sin do na Ballstáit. D'fhéadfaí a áireamh sna bearta sin go bhféadfadh an Ghníomhaireacht scrúdú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta atá faoi scrúdú ag na húdaráis inniúla náisiúnta a éascú. Sa chás sin ba ghá foráil a dhéanamh sa phlean oibríochta maidir le socruithe mionsonraithe agus tuairisc shoiléir ar na cúraimí mar aon le tagairt don reachtaíocht is infheidhme.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht foirne tacaíochta tearmainn a imscaradh chun cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a thabhairt do na Ballstáit. Beidh ar na foirne tacaíochta tearmainn sin saineolaithe ó na Ballstáit nó saineolaithe ar iasacht ó na Ballstáit ag an nGníomhaireacht agus saineolaithe ó fhoireann na Gníomhaireachta féin. I gcásanna ina mbíonn na córais tearmainn agus glactha faoi bhrú díréireach a chuireann éilimh throma agus phráinneacha as an ngnáth ar na córais, déanfaidh an Ghníomhaireacht sraith chuimsitheach de bhearta oibríochtúla agus teicniúla a eagrú agus a chomhordú. Féadfar é sin a dhéanamh ar iarratas ó Bhallstát nó ar thogra ón nGníomhaireacht. I gcás nach niarrtar cúnamh d'ainneoin brú díréireach a bheith ann, nó ní ghlactar le tairiscint na Gníomhaireachta nó ní dhéanann an Ballstát lena mbaineann beart leordhóthanach agus go gcuirtear feidhmiú CET i mbaol, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ina sainaithnítear beart amháin nó níos mó de na bearta oibríochtúla agus teicniúla ba cheart don Ghníomhaireacht a dhéanamh chun tacú leis an mBallstát lena mbaineann. Chun na gcríoch sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht díorma um idirghabháil tearmainn ar bun ina mbeidh foireann chúltaca de 500 saineolaí ar a laghad ó na Ballstáit.

Is é an Bord Bainistíochta, ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a dhéanfaidh cinneadh maidir le líon agus próifílí na saineolaithe ar na foirne tacaíochta tearmainn. I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an líon leanaí agus ar an líon leanaí neamhthionlactha i measc na nimirceach agus na niarrthóirí tearmainn, tá sé tábhachtach go mbeadh saineolaithe a bhfuil saineolas acu ar chúrsaí a bhaineann le cosaint leanaí ar na foirne sin. Is é an Ballstát baile a chinnfidh fad an imscartha ach chun leanúnachas le linn na tréimhse imscartha a áirithiú is gá íostréimhse a bheith ann, íostréimhse nach lú ná 30 lá de réir an togra. Maidir leis na saineolaithe a bheidh sa díorma um idirghabháil tearmainn, cinnfidh an Bord Bainistíochta, ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, próifílí na saineolaithe agus an líon a chuirfidh gach Ballstát leis an bhfoireann. Foireann chúltaca de 500 saineolaí ar a laghad a bheidh ann. Tá imscaradh na saineolaithe ón díorma um idirghabháil tearmainn éigeantach do na Ballstáit gan aon fhéidearthacht ann staid eisceachtúil a agairt a d'fhéadfadh difear tromchúiseach a dhéanamh do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta. Féadfaidh an Ghníomhaireacht saineolaithe óna foireann féin a imscaradh freisin chun breis daoine a chur leis an líon saineolaithe a imscarfar ón díorma um idirghabháil tearmainn.

Le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX, déantar foráil maidir le foirne tacaíochta don bhainistiú imirce a chur ar bun ag láithreacha práinne a bhfuil sreabha imirce measctha mar shaintréith dóibh. Saineolaithe agus oifigigh arna nimscaradh ag Gníomhaireachtaí éagsúla nó trí Ghníomhaireachtaí éagsúla de chuid an Aontais, lena náirítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, atá ar na foirne tacaíochta sin don bhainistiú imirce. Ar na nithe a fhéadfar a áireamh sa tacaíocht bhreise oibríochtúil agus theicniúil a d'fhéadfadh na foirne tacaíochta tearmainn nó na saineolaithe a imscaradh ón díorma um idirghabháil tearmainn a chur ar fáil tá scagadh náisiúnach tríú tír, iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú agus, i gcás ina niarrfaidh na Ballstáit amhlaidh, scrúdú ar na hiarratais sin, mar aon le faisnéis agus cúnamh sonrach a chuirfear ar fáil d'iarratasóirí nó d'iarratasóirí féideartha a d'fhéadfadh a bheith faoi réir athshuímh.

Ba cheart go mbeadh saineolaithe ar cuid de na foirne tacaíochta tearmainn iad nó saineolaithe a imscaradh ón díorma um idirghabháil tearmainn in ann bunachair shonraí náisiúnta agus Eorpacha a cheadú chun a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtúil agus cúnamh a thabhairt do na Ballstáit. Chun na críche sin, bunaítear leis an togra oibleagáid ar na Ballstáit cead a thabhairt do na saineolaithe sin bunachair shonraí Eorpacha a cheadú agus foráiltear go bhféadfaidh siad bunachair shonraí náisiúnta a cheadú faoi réir dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta maidir le rochtain agus ceadú na mbunachar sonraí sin.

Chun a áirithiú go ndéanfar comhordú leordhóthanach agus éifeachtach ar an talamh, faoin togra déantar oifigeach comhordúcháin de chuid na Gníomhaireachta den té ar tugadh go dtí seo 'pointe teagmhála an Aontais' air, ról atá inchurtha le ról an oifigigh chomhordúcháin a úsáidtear in oibríochtaí a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Is é an ról atá ag an oifigeach comhordúcháin comhar agus comhordú idir an Ballstát aíochta agus na Ballstáit rannpháirteacha a fhorbairt. Is ón nGníomhaireacht amháin a ghlacann an toifigeach comhordúcháin treoracha agus tabharfaidh sé tuairisc don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcás nach bhfuil an plean oibríochta á chur chun feidhme go hiomchuí.

Ós rud é go mbeidh saineolaithe óna foireann féin á nimscaradh ag an nGníomhaireacht chuig na foirne tacaíochta tearmainn agus, lena chois sin, chuig an díorma um idirghabháil tearmainn, déantar foráil sa togra freisin maidir leis an deis a bheith ag an nGníomhaireacht a trealamh teicniúil féin a fháil nó a thógáil ar léas. Ní dhéanann an méid sin difear d'oibleagáid na mBallstát na saoráidí agus an trealamh is gá a sholáthar don Ghníomhaireacht chun gur féidir léi cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a thabhairt, agus beidh an trealamh sin sa bhreis ar an trealamh atá curtha ar fáil ag gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais.

(6)Gnéithe eile

I gCaibidil 7, leagtar amach forálacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus tugtar sainordú don Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil. Ní dhéanann an Ghníomhaireacht próiseáil ar shonraí pearsanta ach chun críche a cúraimí a dhéanamh i ndáil le cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a thabhairt, malartú faisnéise le Ballstáit agus le Gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a éascú go háirithe i gcomhthéacs na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce, agus faisnéis ar staid an tearmainn a anailísiú. I gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA), déanfaidh an Ghníomhaireacht córas faisnéise a fhorbairt agus a oibriú atá in ann faisnéis rúnaicmithe a mhalartú.

I dtaca le comhar na Gníomhaireachta, cumhdaítear i gCaibidil 8 comhar na Gníomhaireachta leis an Danmhairg agus le tíortha comhlachais, comhar le tríú tíortha, comhar le comhlachtaí eile de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe UNHCR. Ní gnéithe iomlán nua iad le hais an sainordaithe atá ag EASO faoi láthair, sainordú inar cuireadh béim mhór ar chomhar le geallsealbhóirí.

Baineann an tathrú is mó i gCaibidil 8 le hAirteagal 35 maidir le comhar le tríú tíortha, comhar atá níos struchtúrtha anois agus a bhfuil na forálacha maidir le deiseanna comhair idir an Ghníomhaireacht agus tríú tíortha níos soiléire ann. Leagtar síos freisin go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht comhordú ní amháin ar mhalartú faisnéise ach ar chomhar oibríochtúil idir na Ballstáit agus tríú tíortha, agus go bhféadfar iarraidh ar oifigigh ó thríú tíortha gníomhú mar bhreathnóirí sna gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanann an Ghníomhaireacht. Maidir le hathlonnú, leanfaidh an Ghníomhaireacht de chomhordú a dhéanamh ar an malartú faisnéise agus ar bhearta eile a dhéanann na Ballstáit lena náirítear scéimeanna a chuirtear i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Lena chois sin, beidh an Ghníomhaireacht in ann a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas le tríú tíortha.

I gCaibidil 9 pléitear eagrú na Gníomhaireachta. Sa chaibidil seo, déantar cur síos ar an gcaoi a bhfuil EASO eagraithe faoi láthair agus déantar an cur chuige coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe arna chomhaontú ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún a leanúint. Is é an difear leis an struchtúr atá ann faoi láthair go ndéantar foráil sa togra maidir le post mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin de bharr gur cuireadh go mór le cúraimí na Gníomhaireachta agus tiocfaidh méadú mór ar an líon ball foirne idir seo agus 2020 dá bharr sin. Difear eile i gcomparáid leis an eagrú atá ann faoi láthair baineann sé leis an bhFóram Comhchomhairleach. Ba cheart don fhóram sin a bheith neamhspléach ar an nGníomhaireacht agus chun na críche sin ní bheidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina chathaoirleach air a thuilleadh agus ba cheart don Fhóram cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Bhord Bainistíochta i gcúrsaí a bhaineann le tearmann.

I gCaibidil 10 cumhdaítear na forálacha airgeadais agus pléitear na forálacha ginearálta i gCaibidil 11. Faoi na forálacha airgeadais, foráiltear go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht deontais a thabhairt. Sna forálacha ginearálta feictear na forálacha céanna agus atá sa rialachán atá ann faoi láthair. Cumhdaítear na forálacha críochnaitheacha i gCaibidil 12. Ábhar nua sa chaibidil seo is ea an tAirteagal i dtaca leis an nós imeachta coiste atá beartaithe maidir leis an deis a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh faoin togra seo. Sa chaibidil dheireanach cumhdaítear oibleagáid na Gníomhaireachta tuairisciú go bliantúil ar a gníomhaíochtaí mar aon le meastóireacht agus athbhreithniú ar an nGníomhaireacht.

2016/0131 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(1) agus (2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is é is cuspóir do bheartas an Aontais maidir le tearmann Comhchóras Eorpach Tearmainn (CET) a fhorbairt agus a bhunú, ar córas é a bheidh i gcomhréir le luachanna agus le traidisiún daonnúil an Aontais agus a bheidh á rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chóir na freagrachta.

(2)Tá CET bunaithe ar íoschaighdeáin chomhchoiteanna le haghaidh nósanna imeachta tearmainn, sainaithint agus cosaint ar leibhéal an Aontais, coinníollacha glactha agus córas chun a chinneadh cé na Ballstáit atá freagrach as iarrthóirí tearmainn. D'ainneoin an dul chun cinn atá déanta i ndáil le CET, tá éagothromaíochtaí móra ann ó Bhallstát go Ballstát fós i dtaobh deonú cosanta idirnáisiúnta agus san fhoirm a ghlacann an chosaint idirnáisiúnta sin. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na héagothromaíochtaí sin trí chóineasú níos fearr a áirithiú agus iarratais ar chosaint idirnáisiúnta á measúnú agus trína ráthú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm ar ardleibhéal aonfhoirmeach ar fud an Aontais.

(3)I dTeachtaireacht uaidh an 6 Aibreán 2016, leag an Coimisiún amach na roghanna a bhí aige i dtaobh CET a fheabhsú, mar atá córas inbhuanaithe cóir a bhunú chun a chinneadh cé na Ballstáit a mbeidh cúram iarrthóirí tearmainn orthu, chun tacaíocht bhreise a thabhairt do chóras Eurodac, cóineasú níos fearr a bhaint amach sa chóras tearmainn agus gluaiseachtaí tánaisteacha a chosc agus chun sainordú feabhsaithe a fhorbairt le haghaidh na hOifige Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn. Tá an Teachtaireacht sin i gcomhréir le héilimh a rinne an Chomhairle Eorpach an 18 Feabhra 2016 go ndéanfaí dul chun cinn agus an creat atá ag an Aontas Eorpach cheana féin a athchóiriú d'fhonn a áirithiú go mbeidh beartas tearmainn ann a bheidh daonnúil agus éifeachtúil. Moltar inti freisin bealach chun cinn a bheadh ag teacht leis an gcur chuige iomlánaíoch a leag Parlaimint na hEorpa amach i dtaca le himirce ina tuarascáil féintionscnaimh an 12 Aibreán 2016.

(4)Bunaíodh an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 agus chuaigh sí i mbun a cúraimí an 1 Feabhra 2011. Rinne an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn an comhar praiticiúil idir na Ballstát a fheabhsú i dtaca le cúrsaí a bhaineann le tearmann agus tá cúnamh tugtha aici do na Ballstáit a noibleagáidí faoi CET a chur chun feidhme. Cuireann an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn tacaíocht ar fáil freisin do na Ballstáit sin a bhfuil a gcórais tearmainn agus glactha faoi bhrú ar leith. Mar sin féin, is gá a ról agus a feidhm a neartú a thuilleadh sa chaoi nach ag tacú leis na Ballstáit ó thaobh comhar praiticiúil amháin a bheidh sí ach go mbeidh tacaíocht bhreise á tabhairt aici do chórais tearmainn agus glactha na mBallstát agus go mbeidh na córais sin á gcomhlánú aici.

(5)Maidir le laigí struchtúracha CET a tháinig chun cinn nuair a tháinig líon mór imirceach agus iarrthóirí tearmainn isteach san Aontas gan rialú agus maidir leis an ngá le dlí an Aontais maidir le tearmann a chur i bhfeidhm sna Ballstáit go héifeachtúil, go haonfhoirmeach agus ar ardleibhéal, is gá cur chun feidhme agus feidhmiú CET a fheabhsú trí chur leis an obair atá déanta ag an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn agus í a fhorbairt a thuilleadh chun go mbeidh sí ina gníomhaireacht chuimsitheach a bheidh freagrach as feidhmiú CET a éascú agus a fheabhsú, as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a leithdháileadh ar bhealach inbhuanaithe agus cóir chun cóineasú a áirithiú i measúnú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar fud an Aontais, agus as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil dhlí an Aontais.

(6)Ba cheart cúraimí na hOifige Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn a leathnú agus i bhfianaise na nathruithe sin, ba cheart Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a thabhairt uirthi. Ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith ina lárionad saineolais agus ba cheart na cúraimí seo a leanas a bheith ina bpríomhchúraimí aici: comhar praiticiúil agus malartú faisnéise a neartú idir na Ballstáit i dtaca le cúrsaí tearmainn, dlí an Aontais agus caighdeáin oibríochtúla a chur chun cinn chun ardleibhéal aonfhoirmeachta a áirithiú i ndáil le nósanna imeachta tearmainn, le coinníollacha glactha agus le measúnú riachtanas cosanta ar fud an Aontais, faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil dhlí an Aontais i dtaca le tearmann, tacú le córas Bhaile Átha Cliath agus tuilleadh tacaíochta oibríochtúla agus teicniúla a chur ar fáil do na Ballstáit chun na córais tearmainn agus glactha a bhainistiú, go háirithe na córais sin atá faoi bhrú díréireach.

(7)Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann gníomhú i ndlúthchomhar le húdaráis tearmainn na mBallstát, leis na seirbhísí náisiúnta inimirce agus tearmainn agus le seirbhísí eile, agus leas a bhaint as inniúlacht agus as saineolas na seirbhísí sin, agus ba cheart di gníomhú i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún chomh maith. Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú leis an nGníomhaireacht chun a áirithiú gur féidir léi a sainordú a chomhlíonadh. Tá sé tábhachtach go ngníomhóidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit de mheon macánta agus go malartóidh siad faisnéis go tráthúil cruinn. Ba cheart na staitisticí uile a sholáthar i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla agus modheolaíochta Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 8 .

(8)Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann faisnéis a bhailiú agus a anailísiú faoi staid an tearmainn san Aontas agus i dtríú tíortha sa mhéid go bhféadfadh sé sin tionchar a bheith aige ar an Aontas. Ar an gcaoi sin, ba cheart don Ghníomhaireacht bheith in ann cúnamh a thabhairt do na Ballstáit tuiscint níos fearr a fháil ar na fachtóirí i ndáil le himirce a bhaineann le tearmann isteach san Aontas agus laistigh de, agus chun go bhfaighidh na Ballstát rabhadh go luath agus go mbeidh siad ullamh.

(9)Maidir le hathchóiriú chóras Bhaile Átha Cliath, ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann an tacaíocht is gá a thabhairt do na Ballstáit, go háirithe tríd an sásra ceartaitheach a oibriú agus a bhainistiú.

(10)Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann cúnamh a thabhairt do na Ballstáit oiliúint a chur ar shaineolaithe ó na riaracháin náisiúnta uile, ó chúirteanna agus binsí agus ó na seirbhísí náisiúnta atá freagrach as cúrsaí tearmainn, lena náirítear croíchuraclam coiteann a fhorbairt. Ina theannta sin, ba cheart don Ghníomhaireacht a áirithiú go gcuirfear oiliúint speisialtóra ar na saineolaithe uile atá ar fhoirne tacaíochta tearmainn nó ar baill iad den díorma um idirghabháil tearmainn sula nglacfaidh siad páirt i ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna neagrú ag an nGníomhaireacht.

(11)Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a áirithiú go ndéanfar faisnéis faoi thíortha tionscnaimh a sholáthar ar bhealach níos struchtúrtha agus níos cuíchóirithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Is gá don Ghníomhaireacht faisnéis a bhailiú agus tuarascálacha a tharraingt suas ina gcuirfear faisnéis faoi thíortha tionscnaimh ar fáil trí úsáid a bhaint as líonraí Eorpacha maidir le faisnéis faoi thír tionscnaimh chun dúbláil a sheachaint agus chun sinéirgíochtaí le tuarascálacha náisiúnta a chruthú. Ina theannta sin, chun cóineasú a áirithiú agus iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus cineál agus cáilíocht na cosanta arna deonú á measúnú, ba cheart don Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit, anailís choiteann a dhéanamh agus a fhorbairt a thabharfaidh treoir i dtaobh na staide atá ann i dtíortha tionscnaimh ar leith.

(12)Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX 9 . I bhfianaise an tsaineolais atá ag an nGníomhaireacht, ba cheart í a bheith ina cúnamh don Choimisiún agus an liosta sin á athbhreithniú. Ba cheart don Gníomhaireacht freisin, arna iarraidh sin don Choimisiún, faisnéis a chur ar fáil dó faoi thríú tíortha ar leith a d'fhéadfaí a chur ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh, agus faoi thríú tíortha arna nainmniú mar thíortha sábháilte tionscnaimh nó mar thríú tíortha sábháilte nó na tríú tíortha sin lena mbaineann coincheapa na mBallstát maidir le tríú tír sábháilte, an chéad tír tearmainn nó tríú tír sábháilte Eorpach.

(13)Chun ardleibhéal aonfhoirmeachta a áirithiú i ndáil le nósanna imeachta tearmainn, coinníollacha glactha agus measúnú riachtanas cosanta ar fud an Aontais, ba cheart don Aontas gníomhaíochtaí a eagrú agus a chomhordú chun dlí an Aontais a chur chun cinn. Chun na críche sin, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt do na Ballstáit trí chaighdeáin oibríochtúla agus táscairí chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán sin a fhorbairt. Ba cheart don Ghníomhaireacht freisin treoirlínte a fhorbairt ar chúrsaí a bhaineann le tearmann agus ba cheart di malartú deachleachtas idir na Ballstáit a chumasú.

(14)Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus gan dochar do fhreagracht an Choimisiúin ina cháil mar chaomhnóir na gConarthaí, ba cheart di sásra a bhunú chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme CET, ar chomhlíonadh na gcaighdeán oibríochtúil, na dtreoirlínte agus na ndea-chleachtas i ndáil le tearmann ag na Ballstáit agus chun feidhmiú chórais tearmainn agus glactha na mBallstát a fhíorú. Ba cheart an faireachán agus an measúnú a bheith cuimsitheach agus ba cheart iad a bheith bunaithe, go háirithe, ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, ar anailís faisnéise ar staid an tearmainn arna forbairt ag an nGníomhaireacht, ar chuairteanna ar an láthair agus ar shampláil cásanna. Ba cheart don Ghníomhaireacht a cuid torthaí a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta agus ba cheart don Bhord an tuarascáil a ghlacadh. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, dréachtmholtaí a chur faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann ina leagfar amach na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh thromchúiseacha, agus glacfaidh an Bord Bainistíochta an méid sin mar mholtaí tar a éis sin.

(15)Ba cheart tuilleadh oibre a dhéanamh ar na moltaí ar bhonn plean gníomhaíochta arna ullmhú ag an mBallstát lena mbaineann. Más rud é nach ndéanann an Ballstát lena mbaineann, sa tréimhse a leagadh síos, na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí, agus go bhfuil na heasnaimh sna córais tearmainn agus glactha chomh tromchúiseach sin go gcuireann siad feidhmiú CET i mbaol, ba cheart don Choimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe féin ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta agus ar a thromchúisí agus atá na heasnaimh, ba cheart dó moltaí a ghlacadh atá dírithe ar an mBallstát sin ina leagfar amach na bearta is gá chun na heasnaimh thromchúiseacha a réiteach. D'fhéadfadh sé go mbeidh ar an gCoimisiún cuairteanna ar an láthair a eagrú chuig an mBallstát lena mbaineann chun a fhíorú go bhfuil an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme. Más gá, ba cheart don Choimisiún freisin na bearta a shainaithint is ceart don Ghníomhaireacht a dhéanamh chun tacú leis an mBallstát sin. Más rud é nach ndéanann an Ballstát na bearta sin, agus go leanann sé de gan iad a dhéanamh go ceann tréimhse áirithe, féadfaidh an Coimisiún bearta breise a dhéanamh a chuirfidh de cheangal ar an nGníomhaireacht idirghabháil a dhéanamh chun tacú leis an mBallstát sin.

(16)Chun feidhmiú cuí CET a éascú agus a fheabhsú, agus chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit a noibleagáidí a chur chun feidhme faoi chuimsiú CET, ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit, go háirithe i gcás ina bhfuil a gcórais tearmainn agus glactha faoi bhrú díréireach. Ba cheart don Ghníomhaireacht an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil is gá a sholáthar trí fhoirne tacaíochta tearmainn a imscaradh ar a mbeidh saineolaithe ó fhoireann na Gníomhaireachta féin, saineolaithe ó na Ballstáit nó saineolaithe atá ar iasacht ag an nGníomhaireacht ó na Ballstát, agus an cúnamh sin bunaithe ar phlean oibríochta. Ba cheart do na foirne sin tacú leis na Ballstáit trí bhíthin bearta oibríochtúla agus teicniúla, lena náirítear trí shaineolas a sholáthar a bhaineann le náisiúnaigh trí tír a shainaithint agus a chlárú mar aon le seirbhísí ateangaireachta agus faisnéis faoi na tíortha tionscnaimh agus eolas ar láimhseáil agus bainistiú cásanna tearmainn, agus trí chúnamh a thabhairt do na húdaráis náisiúnta is inniúil i dtaca le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú, agus trí chúnamh a thabhairt i dtaca le hathshuíomh. Ba cheart don Rialachán seo na socruithe le haghaidh na bhfoirne tacaíochta tearmainn a rialú chun a áirithiú go ndéanfar iad a imscaradh ar bhealach éifeachtúil.

(17)I gcásanna ina mbíonn córais tearmainn agus glactha Ballstáit faoi bhrú díréireach a chuireann éilimh throma agus phráinneacha as an ngnáth ar na córais tearmainn nó glactha sa Bhallstát sin, ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann cúnamh a thabhairt don Bhallstát sin arna iarraidh sin dó nó ar thionscnamh na Gníomhaireachta féin, trí bhíthin sraith chuimsitheach beart, lena náirítear saineolaithe ón díorma um idirghabháil tearmainn a imscaradh. D'fhonn a áirithiú go bhfuil na saineolaithe sin ar fáil agus gur féidir iad a imscaradh láithreach, ba cheart foireann cúltaca saineolaithe ó na Ballstáit a bheith sa díorma um idirghabháil tearmainn agus ba cheart 500 duine ar a laghad a bheith san fhoireann cúltaca sin. Ba cheart an Ghníomhaireacht féin a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh chun tacú le Ballstát i gcás nach niarrann an Ballstát lena mbaineann, in ainneoin brú díréireach a bheith air, a dhóthain cúnaimh ón nGníomhaireacht nó i gcás nach ndéanann an Ballstát beart ar leor é chun aghaidh a thabhairt ar an mbrú sin agus dá mbeadh mar thoradh air sin na córais tearmainn agus glactha a bheith neamhéifeachtúil agus feidhmiú CET á chur i mbaol dá dheasca sin. D'fhéadfadh sé gur léiriú ar bhrú díréireach é líon díréireach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, a bhfuil an Ballstát freagrach astu, a bheith á ndéanamh.

(18)Chun a áirithiú go bhfuil na foirne tacaíochta tearmainn nó na saineolaithe a imscaradh ón díorma um idirghabháil tearmainn in ann a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtúil trí na meáin is gá, ba cheart an Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a bheith in ann a trealamh teicniúil féin a fháil nó a thógáil ar léas. Níor cheart, áfach, go ndéanfadh an méid sin difear d'oibleagáid na mBallstát na saoráidí agus an trealamh is gá a sholáthar don Ghníomhaireacht chur gur féidir léi an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil is gá a chur ar fáil. Aon trealamh a gheofar mar éadáil nó ar léas, ba cheart don Ghníomhaireacht anailís chríochnúil riachtanas agus costas agus sochar a dhéanamh air.

(19)Maidir leis na Ballstáit sin a bhfuil a gcórais náisiúnta tearmainn agus glactha faoi bhrú díréireach ar leith, go háirithe i ngeall ar a suíomh geografach nó a staid dhéimeagrafach, ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann tacú le forbairt dlúthpháirtíochta laistigh den Aontas agus cúnamh a thabhairt i dtaca le tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a athshuíomh ar bhealach níos fearr sna Ballstáit éagsúla, agus a áirithiú ag an am céanna nach mbainfear mí-úsáid as na córais tearmainn agus glactha.

(20)Ag áiteanna áirithe ag na teorainneacha seachtracha áit ina bhfuil brú díréireach ón imirce, a bhfuil mórphlódú isteach de shreabha imirce measctha mar shaintréith di, ar a dtugtar láithreacha práinne, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann brath ar an tacaíocht bhreise oibríochtúil agus theicniúil ó fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce ar a bhfuil foirne saineolaithe ó na Ballstáit arna nimscaradh trí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, tríd an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus trí Europol nó gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, mar aon le saineolaithe ó fhoireann Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus na Gníomhaireachta Eorpaí chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Ba cheart don Ghníomhaireacht a áirithiú go bhfuil a gníomhaíochtaí sna foirne tacaíochta don bhainistiú imirce ag teacht le hobair an Choimisiúin agus na ngníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais.

(21)Chun a misean a thabhairt i gcrích, agus sa mhéid is gá chun a gcúraimí a dhéanamh, ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann comhoibriú le comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí an Aontais, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, i dtaobh cúrsaí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo faoi chuimsiú socruithe oibre arna gcur i gcrích i gcomhréir le dlí agus beartas an Aontais. Ba cheart formheas ón gCoimisiún a fháil do na socruithe oibre sin roimh ré.

(22)Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann comhoibriú chomh maith le Gréasán Imirce na hEorpa, arna bhunú le Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle 10 , chun sinéirgíochtaí a áirithiú agus chun dúbláil gníomhaíochtaí a sheachaint.

(23)Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, i dtaobh cúrsaí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo faoi chuimsiú socruithe oibre chun tairbhiú dá gcuid saineolais agus dá dtacaíocht. Chuige sin, ba cheart aitheantas iomlán a thabhairt do ról UNHCR agus do ról na neagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile agus ba cheart do na heagraíochtaí sin bheith páirteach in obair na Gníomhaireachta. Ba cheart formheas ón gCoimisiún a fháil do na socruithe oibre roimh ré.

(24)Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann comhar oibríochtúil a éascú idir na Ballstáit i dtaobh cúrsaí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo. Ba cheart di comhoibriú freisin le húdaráis na dtríú tíortha faoi chuimsiú socruithe oibre ar cheart formheas ón gCoimisiún a fháil dóibh roimh ré. Ba cheart don Ghníomhaireacht gníomhú i gcomhréir le beartas caidrimh sheachtraigh an Aontais agus níor cheart di aon bheartas seachtrach neamhspleách a fhoirmliú i gcás ar bith. I gcúrsaí comhair le tríú tíortha, ba cheart don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit noirm agus caighdeáin a chomhlíonadh ar noirm agus caighdeáin iad atá comhionann, ar a laghad, leo siúd atá leagtha síos le reachtaíocht an Aontais; déanfaidh siad de réir na norm agus na gcaighdeán sin i gcás comhar le tríú tíortha a dhéantar ar chríoch na dtíortha eile sin freisin.

(25)Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann dlúth-idirphlé le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chothabháil d'fhonn faisnéis a mhalartú agus d'fhonn eolas ar réimse an tearmainn a chomhthiomsú. Ba cheart don Ghníomhaireacht Fóram Comhchomhairleach a bhunú a bheidh ina shásra chun faisnéis a mhalartú agus chun eolas a chomhthiomsú. Ba cheart don Fhóram Comhchomhairleach cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Bhord Bainistíochta i dtaobh cúrsaí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo.

(26)Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go sainráite, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Déanfar gníomhaíochtaí uile Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus na cearta bunúsacha agus na prionsabail sin á nurramú ina niomláine, lena náirítear an ceart chun tearmainn, cosaint ar refoulement, an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, agus an ceart chun leigheas éifeachtach. Cuirfear san áireamh i gcónaí cearta an linbh agus riachtanais speisialta daoine soghonta.

(27)Ba cheart ionadaíocht a bheith ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar Bhord Bainistíochta Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann d'fhonn maoirseacht ar bheartais agus maoirseacht pholaitiúil a fheidhmiú i ndáil lena feidhmeanna. Ba cheart ceannairí oibríochtúla riaracháin tearmainn na mBallstát nó a nionadaithe a bheith ar an mBord Bainistíochta, a mhéid is féidir. Ba cheart na cumhachtaí is gá a thabhairt dó, go háirithe chun an buiséad a leagan síos, feidhmiú an bhuiséid a fhíorú, na rialacha airgeadais iomchuí a ghlacadh, nósanna imeachta trédhearcacha oibre a leagan síos maidir le cinnteoireacht na Gníomhaireachta agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh. Ba cheart an Ghníomhaireacht a rialú agus a oibriú i gcomhréir le prionsabail an chur chuige choitinn maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais a ghlac Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach an 19 Iúil 2012.

(28)Chun a áirithiú go mbeidh na coinníollacha i dtaca leis an Rialachán seo a chur chun feidhme aonfhoirmeach, go háirithe maidir le staideanna a éilíonn gníomhaíocht phráinneach ag na teorainneacha seachtracha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 .

(29)Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a bheith neamhspleách i dtaca le cúrsaí oibríochtúla agus teicniúla agus ba cheart neamhspleáchas dlí, riaracháin agus airgeadais a bheith aici. Chuige sin, is gá agus is iomchuí gur comhlacht de chuid an Aontais an Ghníomhaireacht a mbeidh pearsantacht dhlítheanach aici agus a feidhmeoidh na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt di leis an Rialachán seo.

(30)Chun neamhspleáchas Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a ráthú, ba cheart a buiséad féin a bheith aici ar as ranníocaíocht an Aontais go bunúsach a thiocfaidh an chuid is mó de. Ba cheart maoiniú na Gníomhaireachta a bheith faoi réir comhaontú ón údarás buiséadach mar atá leagtha amach i bpointe 31 den Chomhaontú Idir-Institiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar i gcúrsaí buiséid agus bainistíocht fhónta airgeadais 12 . Ba cheart nós imeachta buiséadach an Aontais a bheith infheidhme maidir le ranníocaíocht an Aontais agus le haon deontas eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ba cheart an Chúirt Iniúchóirí na cuntais a iniúchadh.

(31)Aon acmhainní airgeadais a chuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil i bhfoirm deontas, comhaontuithe tarmligthe nó i bhfoirm conartha i gcomhréir leis an Rialachán seo, níor cheart maoiniú dúbailte ó fhoinsí eile náisiúnta, Eorpacha nó idirnáisiúnta a bheith mar thoradh orthu.

(32)Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42), ba cheart feidhm a bheith aige maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann.

(33)Ba cheart feidhm gan srian a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 i leith Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, agus ba cheart don Ghníomhaireacht sin aontú do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise 14 .

(34)Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún 15 , ba cheart feidhm a bheith aige maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann.

(35)Aon phróiseáil a dhéanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ba cheart prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a urramú le linn na próiseála sin 16 . Féadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsana a phróiseáil chun a gcúraimí a dhéanamh maidir le cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit, d'fhonn malartú faisnéise leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, le Europol nó le Eurojust a éascú, chun faisnéis ar staid an tearmainn a anailísiú agus chun críocha riaracháin. Ba cheart toirmeasc a bheith ar phróiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta ina dhiaidh sin chun críocha seachas na críocha atá leagtha amach sa Rialachán seo.

(36)Maidir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/2016 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, tá feidhm aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann na Ballstáit agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, mura rud é gurb iad údaráis ainmnithe nó fíorúcháin na mBallstát a dhéanann an phróiseáil sin chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, lena náirítear cosaint a thabhairt ar bhagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc.

(37)Maidir le Treoir 2016/XXX/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun críocha cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú agus saorghluaiseacht na sonraí sin, tá feidhm aici maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, lena náirítear cosaint a thabhairt ar bhagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc.

(38)Na rialacha atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. XXX/2016 maidir le cearta agus saoirsí daoine aonair a chosaint, go háirithe a gceart chun na sonraí pearsanta a bhaineann leo a chosaint, i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart iad a shonrú i dtaca leis an bhfreagracht as na sonraí a phróiseáil, le cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí a chosaint, agus le maoirseacht ar chosaint sonraí, go háirithe i gcás earnálacha áirithe.

(39)Níor cheart don Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin chun críocha a gcúraimí a dhéanamh maidir le cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a chur ar fáil sna cásanna seo a leanas: sampláil cásanna chun críocha faireacháin; nuair a d'fhéadfadh sé go mbeadh uirthi déileáil le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó leanaí nó ó dhaoine soghonta; d'fhonn malartú faisnéise leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, le Europol nó le Eurojust a éascú agus faoi chuimsiú faisnéis arna fáil agus a cúraimí á ndéanamh aici sna foirne tacaíochta don bhainistiú imirce ag láithreacha práinne, agus chun faisnéis ar staid an tearmainn a anailísiú. Aon phróiseáil a dhéanfar ar shonraí pearsanta, urramóidh sí prionsabal na comhréireachta agus beidh sí srianta do na sonraí pearsanta sin is gá chun na gcríoch sin.

(40)Aon sonraí pearsanta a ndéanann an Ghníomhaireacht próiseáil orthu, cé is moite de na sonraí sin a phróiseáiltear chun críocha riaracháin, ba cheart iad a scriosadh tar éis 30 lá. Níl gá le tréimhse stórála níos faide chun na gcríoch dá bpróiseálann an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo.

(41)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh an [...] 19 .

(42)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá an gá le cur chun feidhme CET a éascú agus feidhmiú CET a fheabhsú, comhar praiticiúil agus malartú faisnéise a neartú idir na Ballstáit maidir le cúrsaí a bhaineann le tearmann, dlí an Aontais agus caighdeáin oibríochtúla a chur chun cinn chun leibhéal ard aonfhoirmeachta a áirithiú i dtaca le nósanna imeachta tearmainn, coinníollacha glactha agus measúnú ar riachtanais cosanta ar fud an Aontais, faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil dhlí agus chaighdeáin an Aontais maidir le tearmann agus breis tacaíochta oibríochtúla agus teicniúla a chur ar fáil do na Ballstáit chun na córais tearmainn agus glactha a bhainistiú, go háirithe tacaíocht do na Ballstáit sin a bhfuil brú díréireach ar a gcórais tearmainn agus glactha, nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr is féidir, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

(43)[I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an dá Bhallstát sin gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo] 

[I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an dá Bhallstát sin rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.]

[(XX) I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(XX) I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn (, le litir an ...,) gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.]

[(XX) I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe (, le litir an ...,) gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(XX) I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. 

(44)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis na Conarthaí, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(45)De bhrí gur chuidigh an Danmhairg go dtí seo leis an gcomhar praiticiúil idir na Ballstáit i réimse an tearmainn, ba cheart don Ghníomhaireacht comhar oibríochtúil leis an Danmhairg a éascú. Chuige sin, ba cheart cuireadh a thabhairt d'ionadaí ón Danmhairg páirt a ghlacadh i gcruinnithe uile an Bhoird Bainistíochta, ach gan cead vótála a bheith aige.

(46)An inniúlacht atá ag údaráis tearmainn na mBallstát cinntí a dhéanamh i dtaobh iarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta, beidh sé ag na Ballstáit fós.

(47)Is é is aidhm don Rialachán seo forálacha Rialachán (CE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú agus a leathnú. I bhfianaise a shuntasaí atá na leasuithe atá le déanamh ó thaobh a gcineáil, ba cheart an gníomh sin, ar mhaithe le breis soiléireachta , a aisghairm agus gníomh nua a chur ina nionad. Forléireofar tagairtí a dhéanfar don rialachán aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

GNÍOMHAIREACHT AN AONTAIS EORPAIGH UM THEARMANN

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1. Áiritheoidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (an Ghníomhaireacht) go gcuirfear i bhfeidhm dlí an Aontais maidir le tearmann sna Ballstáit go héifeachtúil aonfhoirmeach. Éascóidh sí cur chun feidhme an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn (CET) agus feabhsóidh sí feidhmiú an chórais sin, agus beidh sí freagrach as cóineasú a chumasú i measúnú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar fud an Aontais.

2. Lárionad saineolais a bheidh sa Ghníomhaireacht de bhua a neamhspleáchais, de bhua cháilíocht eolaíoch agus theicniúil an chúnaimh a sholáthraíonn sí agus na faisnéise a scaipeann sí, de bhua a thrédhearcaí agus atá a nósanna imeachta agus a modhanna oibríochtúla, agus de bhua a dhúthrachtaí atá sí i gcomhlíonadh na ndualgas a thugtar di agus de bhua na tacaíochta teicneolaíochta faisnéise is gá chun a sainordú a chomhlíonadh.

3. Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann an tainm nua a bheidh ar an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is ar an Rialachán seo a bheidh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta bunaithe as seo amach.

Airteagal 2

Cúraimí

1. Is iad na cúraimí seo a leanas a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht:

(a)comhar praiticiúil agus malartú faisnéise idir na Ballstáit ar ghnéithe éagsúla den tearmann a éascú, a chomhordú agus a neartú;

(b)faisnéis faoi staid an tearmainn agus faoi chur chun feidhme CET a bhailiú agus a anailísiú;

(c)tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit CET a chur chun feidhme;

(d)cúnamh a thabhairt do na Ballstáit oiliúint a chur ar shaineolaithe ó na riaracháin náisiúnta uile, ó chúirteanna agus binsí agus ó na seirbhísí náisiúnta atá freagrach as cúrsaí tearmainn, lena náirítear croíchuraclam coiteann a fhorbairt;

(e)tuarascálacha agus doiciméid eile lena gcuirtear faisnéis ar fáil faoi thíortha tionscnaimh ar leibhéal an Aontais a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta;

(f)iarrachtaí na mBallstát a chomhordú maidir le hanailísiú coiteann a dhéanamh agus a fhorbairt ar an staid atá ann i dtríú tíortha tionscnaimh;

(g)cúnamh éifeachtach oibríochtúil agus teicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit, go háirithe nuair atá brú díréireach ar a gcórais tearmainn agus glactha;

(h)tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a athshuíomh nó a aistriú laistigh den Aontas;

(i)foirne tacaíochta tearmainn agus díorma um idirghabháil tearmainn a bhunú agus a imscaradh;

(j)an trealamh teicniúil is gá a chur ar fáil do na foirne tacaíochta tearmainn agus na saineolaithe ón díorma um idirghabháil tearmainn;

(k)caighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte agus deachleachtais a bhunú i ndáil le cur chun feidhme ionstraimí uile dhlí an Aontais maidir le tearmann;

(l)faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme CET mar aon le chórais tearmainn agus glactha na mBallstát;

(m)cuidiú leis na Ballstáit comhoibriú le tríú tíortha i gcúrsaí a bhaineann le tearmann, athlonnú go háirithe.

2. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tacaíocht do na Ballstáit maidir le gné sheachtrach CET. Chuige sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, comhordú ar an malartú faisnéise agus ar bhearta eile a dhéanfar a bhaineann le saincheisteanna a eascróidh as cur chun feidhme na nionstraimí agus na sásraí a bhaineann le gné sheachtrach CET.

3. Féadfaidh an Ghníomhaireacht dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide ar a thionscnamh féin sna réimsí a thagann faoina sainordú. Ní chuirfidh gníomhaíochtaí cumarsáide isteach ar na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus déanfar iad i gcomhréir leis na pleananna ábhartha cumarsáide agus scaipthe arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta.

CAIBIDIL 2

COMHAR PRAITICIÚIL AGUS FAISNÉIS FAOI THEARMANN

Airteagal 3

Dualgas maidir le comhoibriú de mheon macánta agus maidir le faisnéis a mhalartú

1. Beidh an Ghníomhaireacht agus údaráis tearmainn, seirbhísí náisiúnta inimirce agus tearmainn agus seirbhísí náisiúnta eile faoi réir dualgas maidir le comhoibriú de mheon macánta agus oibleagáid faisnéis a mhalartú.

2. Oibreoidh an Ghníomhaireacht i ndlúthchomhar le húdaráis tearmainn na mBallstát, le seirbhísí náisiúnta inimirce agus tearmainn agus le seirbhísí náisiúnta eile agus leis an gCoimisiún. Déanfaidh an Ghníomhaireacht a dualgais gan dochar do na dualgais sin atá sannta do chomhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, agus oibreoidh sí i ndlúthchomhar leis na comhlachtaí sin agus le hArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe.

3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí a eagrú, a chur chun cinn agus a chomhordú d'fhonn malartú faisnéise a chumasú idir na Ballstáit, lena náirítear trí líonraí a bhunú de réir mar is iomchuí. Chun na gcríoch sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht agus údaráis tearmainn, seirbhísí náisiúnta inimirce agus tearmainn agus seirbhísí náisiúnta eile na mBallstát an fhaisnéis uile is gá a roinnt ar bhealach tráthúil cruinn.

Airteagal 4

Anailís faisnéise ar staid an tearmainn

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis faoi staid an tearmainn san Aontas agus i dtríú tíortha a bhailiú agus a anailísiú sa mhéid go bhféadfaidh sé sin tionchar a bheith aige ar an Aontas, lena náirítear faisnéis cothrom le dáta faoi bhunchúiseanna, sreabha imirce agus sreabha dídeanaithe agus faoi aon mhórtheacht isteach tobann líon mór náisiúnach tríú tír a d'fhéadfadh brú díréireach a chur ar chórais tearmainn agus glactha, d'fhonn malartú tapa agus iontaofa faisnéise frithpháirtí chuig na Ballstáit a fhorbairt agus rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann do chórais tearmainn na mBallstát a shainaithint.

2.Bunóidh an Ghníomhaireacht a hanailís ar an bhfaisnéis a sholáthróidh na Ballstáit, institiúidí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, go háirithe.

Chun na críche sin, oibreoidh an Ghníomhaireacht i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus beidh sí ag brath, go háirithe, ar an anailís riosca arna déanamh ag an nGníomhaireacht sin chun an leibhéal comhsheasmhachta agus cóineasaithe is airde is féidir a áirithiú san fhaisnéis a sholáthraíonn an dá Ghníomhaireacht.

3.Áiritheoidh an Ghníomhaireacht malartú tapa na faisnéise is ábhartha idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún. Chomh maith leis sin, cuirfidh sé torthaí a hanailíse faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta ar bhealach tráthúil cruinn.

Airteagal 5

Faisnéis faoi chur chun feidhme CET

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht malartú faisnéise a eagrú, a chomhordú agus a chur chun cinn idir na Ballstáit agus idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le cur chun feidhme ionstraimí uile dhlí an Aontais maidir le tearmann.

2. Ceapfaidh an Ghníomhaireacht bunachair shonraí fhíorasacha, dhlíthiúla agus bunachair shonraí cásdlí maidir le cur i bhfeidhm agus forléiriú ionstraimí an Aontais agus ionstraimí náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann úsáid as na socruithe atá ann faoi láthair go háirithe. Ní stórálfar aon sonraí pearsanta sna bunachair shonraí sin mura fuair an Ghníomhaireacht na sonraí sin ó dhoiciméid a bhfuil rochtain phoiblí orthu.

3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis a bhailiú maidir leis an méid seo a leanas, go háirithe:

(n)próiseáil na niarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag lucht riaracháin náisiúnta agus ag údaráis náisiúnta;

(o)an dlí náisiúnta agus forbairtí dlíthiúla i réimse an tearmainn, lena náirítear cásdlí;

(p)cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Airteagal 6

Tacaíocht do chóras Bhaile Átha Cliath

Déanfaidh an Ghníomhaireacht a cúraimí agus a hoibleagáidí faoi mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX 20 .

Airteagal 7

Oiliúint

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht oiliúint a chur ar bun agus a fhorbairt dá baill foirne féin, do bhaill na riarachán náisiúnta, na gcúirteanna agus na mbinsí uile, agus do bhaill na seirbhísí náisiúnta atá freagrach as cúrsaí tearmainn sna Ballstáit.

2. Forbróidh an Ghníomhaireacht an oiliúint sin i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus i gcomhar leis na heintitis oiliúna iomchuí sna Ballstáit, lena náirítear institiúidí acadúla agus eagraíochtaí ábhartha eile.

3. Forbróidh an Ghníomhaireacht uirlisí oiliúna ginearálta, sonracha nó téamacha, agus d'fhéadfaí an mhodheolaíocht "cúrsaí oiliúna d'oiliúnóirí" agus ríomhfhoghlaim a bheith mar chuid den oiliúint sin.

4. Déanfaidh an Ghníomhaireacht curaclam Eorpach tearmainn a bhunú agus a fhorbairt, ag féachaint don chomhar atá ann cheana féin san Aontas sa réimse sin. Déanfaidh na Ballstát an croíchuraclam coiteann a chomhtháthú in oiliúint fhoireann na seirbhísí náisiúnta agus oiliúint na núdarás atá freagrach as cúrsaí tearmainn de bhun a noibleagáide faoi Airteagal 4(3) de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 a áirithiú go gcuirfear oiliúint chuí ar a gcuid foirne.

5. Áireofar sna gníomhaíochtaí oiliúna sonracha nó téamacha maidir le tearmann:

(q)caighdeáin idirnáisiúnta agus caighdeáin an Aontais maidir le cearta bunúsacha, go háirithe forálacha Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus an dlí idirnáisiúnta agus dlí an Aontais maidir le tearmann, lena náirítear saincheisteanna ar leith a bhaineann le dlí agus le cásdlí;

(r)saincheisteanna a bhaineann le láimhseáil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe na hiarratais sin ó dhaoine soghonta a bhfuil riachtanais speisialta acu agus ó leanaí, lena náirítear measúnú ar leas an linbh, cosaintí sonracha nós imeachta amhail ceart an linbh chun éisteachta a urramú, agus gnéithe a bhaineann le cosaint leanaí amhail teicnící chun aois a mheas;

(s)teicnící agallaimh, lena náirítear aird ar leith a thabhairt ar leanaí, ar ghrúpaí soghonta agus ar íospartaigh céastóireachta;

(t)sonraí méarlorg, lena náirítear cáilíocht sonraí agus riachtanais slándála;

(u)úsáid tuarascálacha liachta agus dlí ó shaineolaithe sna nósanna imeachta tearmainn;

(v)saincheisteanna a bhaineann le soláthar agus le húsáid faisnéise faoi na tíortha tionscnaimh;

(w)coinníollacha glactha, lena náirítear aird ar leith a thabhairt ar leanaí neamhthionlactha agus leanaí in éineacht lena dteaghlaigh, ar ghrúpaí soghonta agus ar íospartaigh chéastóireachta.

6. Beidh an oiliúint a chuirfear ar fáil ar ardcháilíocht agus aithneoidh sí na príomhphrionsabail agus na dea-chleachtais d'fhonn cur le cóineasú níos fearr na modhanna agus cinntí riaracháin agus an chleachtais dhlíthiúil, agus lánurraim á tabhairt do neamhspleáchas na gcúirteanna náisiúnta agus na mbinsí náisiúnta.

7. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na tionscnaimh is gá chun a áirithiú go bhfuil sainoiliúint faighte ag na saineolaithe a bheidh ar na foirne tacaíochta tearmainn agus sa díorma um idirghabháil tearmainn, oiliúint atá ábhartha maidir lena ndualgais agus a bhfeidhmeanna, sula nglacfaidh siad páirt i ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna neagrú ag an nGníomhaireacht. Déanfaidh an Ghníomhaireachta cleachtaí tráthrialta leis na saineolaithe sin i gcomhréir le sceideal na sainoiliúna agus na gcleachtaí dá dtagraítear ina clár oibre bliantúil.

8. Féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú i gcomhar leis na Ballstáit nó le tríú tíortha ar a gcríoch féin.

CAIBIDIL 3

FAISNÉIS FAOI THÍORTHA THIONSCNAIMH

Airteagal 8

Faisnéis faoi thíortha tionscnaimh ar leibhéal an Aontais

1. Beidh sa Ghníomhaireacht lárionad chun faisnéis ábhartha iontaofa chruinn cothrom le dáta a bhailiú faoi thíortha tionscnaimh daoine atá ag déanamh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, lena náirítear faisnéis a bhaineann le leanaí go sonrach agus faisnéis atá dírithe ar dhaoine ar chuid de ghrúpaí soghonta iad. Déanfaidh sí tuarascálacha agus doiciméid eile a chuireann faisnéis ar fáil faoi thíortha tionscnaimh ar leibhéal an Aontais, lena náirítear faisnéis faoi shaincheisteanna téamacha, a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, an méid a leanas:

(x)úsáid a bhaint as na foinsí faisnéise ábhartha uile, lena náirítear anailís faisnéise ar staid an tearmainn agus faisnéis eile a fhaightear ó eagraíochtaí rialtasacha, neamh-rialtasasacha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena náirítear faisnéis a fhaightear trí na líonraí dá dtagraítear in Airteagal 9 agus ó institiúidí, gníomhaireachtaí, comhlachtaí agus oifigí de chuid an Aontais agus ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí;

(y)bainistiú agus breis forbartha a dhéanamh ar thairseach chun faisnéis faoi thíortha tionscnaimh a bhailiú;

(``)formáid choiteann agus modheolaíocht choiteann a fhorbairt, lena náirítear téarmaí tagartha, i gcomhréir le riachtanais dhlí an Aontais maidir le tearmann, chun tuarascálacha agus doiciméid eile a fhorbairt ina mbeidh faisnéis faoi thíortha tionscnaimh ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 9

Líonraí Eorpacha le haghaidh faisnéis faoi thíortha tionscnaimh

1. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcomhordófar na tionscnaimh náisiúnta sin a chuireann faisnéis faoi thíortha tionscnaimh ar fáil trí líonraí a bhunú agus a bhainistiú i measc na mBallstát le haghaidh faisnéis faoi thíortha tionscnaimh.

2. Is é is cuspóir do na líonraí dá bhforáiltear i mír 1 go ndéanfaidh na Ballstáit:

(aa)tuarascálacha náisiúnta agus táirgí eile maidir le tíortha tionscnaimh a mhalartú agus a thabhairt cothrom le dáta lena náirítear saincheisteanna téamacha is sonrach do thíortha tionscnaimh;

(bb)iarratais a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta maidir le ceisteanna sonracha fíorasacha a d'fhéadfadh eascairt as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, gan dochar do rialacha rúndachta mar atá leagtha síos sa dlí náisiúnta.

Airteagal 10

Anailís choiteann ar fhaisnéis faoi thíortha tionscnaimh

1. Chun cóineasú a fhorbairt agus na critéir mheasúnaithe arna leagan síos le Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 á gcur i bhfeidhm, déanfaidh an Ghníomhaireacht iarrachtaí na mBallstát a chomhordú chun gur féidir leo anailís choiteann a dhéanamh, agus ionas go bhforbróidh siad an anailís choiteann sin, a chuirfidh treoir ar fáil maidir leis an staid atá ann i dtíortha tionscnaimh ar leith.

2. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, an anailís choiteann sin a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formhuiniú. Is gá do na Ballstáit an anailís choiteann sin a thabhairt san áireamh agus iarratais ar chosaint idirnáisiúnta á scrúdú acu, gan dochar dá ninniúlacht cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratais aonair.

3. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar síor-athbhreithniú ar an anailís choiteann agus go ndéanfar í a thabhairt cothrom le dáta sa mhéid is gá. I dtaca le haon athbhreithniú den sórt sin, is gá dul i gcomhairle leis an gCoimisiún roimh ré agus formhuiniú a fháil ón mBord Bainistíochta chun é a dhéanamh.

4. Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid na Gníomhaireachta, go míosúil, an fhaisnéis ábhartha faoi na cinntí arna nglacadh i dtaobh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a thagann ó thríú tíortha atá faoi réir na hanailíse coitinne. Beidh san áireamh san fhaisnéis sin, go háirithe:

(cc)staitisticí faoin líon cinntí lena ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta d'iarratasóirí ó gach tír tionscnaimh atá ar a ndéantar an anailís choiteann agus sonrú ar an gcineál cosanta sin;

(dd)staitisticí faoin líon cinntí lena ndiúltaítear cosaint idirnáisiúnta d'iarratasóirí ó gach tír tionscnaimh ar a ndéantar an anailís choiteann;

(ee)staitisticí faoin líon cinntí arna ndéanamh i dtaobh iarratasóirí ó gach tír tionscnaimh ar a ndéantar an anailís choiteann i gcás nár cloíodh leis an anailís choiteann sin agus na cúiseanna nár cloíodh léi.

Airteagal 11

Tíortha sábháilte tionscnaimh agus tríú tíortha sábháilte a ainmniú

1. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an staid atá ann sna tríú tíortha sin atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX, lena náirítear na tíortha sin atá curtha ar fionraí den liosta ag an gCoimisiún agus na tíortha a baineadh den liosta sin.

2.Cuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, faisnéis faoi thríú tíortha ar leith a d'fhéadfaí a chur ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX.

3.Agus fógra á thabhairt aici don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 37(4), Airteagal 38(5) agus Airteagal 39(7) de Threoir 2013/32/AE, cuirfidh na Ballstáit an Ghníomhaireacht ar an eolas freisin i dtaobh tríú tíortha arna nainmniú mar thíortha sábháilte tionscnaimh nó mar thríú tíortha sábháilte, a mbaineann na coincheapa seo leo de bhun Airteagal 35, Airteagal 38 agus Airteagal 39 de Threoir 2013/32/AE faoi seach: an chéad tír tearmainn, tríú tír sábháilte nó tríú tír sábháilte Eorpach.

Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an nGníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar an staid atá ann in aon cheann de na tríú tíortha sin d'fhonn a mheas an bhfuil na coinníollacha agus na critéir ábhartha atá leagtha amach sa Treoir sin á nurramú.

CAIBIDIL 4

CAIGHDEÁN OIBRÍOCHTÚLA AGUS TREOIRLÍNTE

Airteagal 12

Caighdeáin oibríochtúla, treoirlínte agus dea-chleachtais

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí a eagrú agus a chomhordú a chuirfidh chun cinn cur chun feidhme cuí agus éifeachtúil dhlí an Aontais, lena náirítear trí chaighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte nó dea-chleachtais a fhorbairt i dtaobh cúrsaí a bhaineann le tearmann agus trí dhea-chleachtais a mhalartú idir na Ballstáit maidir le cúrsaí a bhaineann le tearmann.

2.Forbróidh an Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Choimisiún, agus i gcomhairle leis an gCoimisiún, forbróidh sí caighdeáin oibríochtúla maidir le cur chun feidhme ionstraimí dhlí an Aontais maidir le tearmann agus táscairí chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán oibríochtúil sin, agus forbróidh sí treoirlínte agus dea-chleachtais a bhaineann le cur chun feidhme ionstraimí dhlí an Aontais maidir le tearmann. Tar éis di dul i gcomhar leis an gCoimisiún agus tar éis don Bhord Bainistíochta iad a ghlacadh, cuirfidh an Ghníomhaireacht na caighdeáin, táscairí, treoirlínte nó dea-chleachtais sin in iúl do na Ballstáit.

3. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, na caighdeáin oibríochtúla, treoirlínte agus dea-chleachtais a chur i bhfeidhm ar a gcórais tearmainn agus glactha tríd an saineolas is gá nó cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a chur ar fáil.

CAIBIDIL 5

FAIREACHÁN AGUS MEASÚNÚ

Airteagal 13

Sásra chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na córais tearmainn agus glactha

1. Bunóidh an Ghníomhaireacht, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, sásra chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(ff)faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme gach gné de CET sna Ballstáit, go háirithe: córas Bhaile Átha Cliath, coinníollacha glactha, nósanna imeachta tearmainn, cur i bhfeidhm critéar lena gcinntear riachtanais cosanta agus cineál agus cáilíocht na cosanta a thugtar do dhaone a bhfuil cosaint idirnáisiúnta ó na Ballstáit de dhíth orthu, lena náirítear maidir le cearta bunúsacha a urramú, cosaintí do leanaí agus riachtanais daoine soghonta;

(gg)faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh caighdeán oibríochtúil, táscairí, treoirlínte agus dea-chleachtais maidir le tearmann;

(hh)na córais tearmainn agus glactha, a nacmhainneacht, an bonneagar, an trealamh, an fhoireann atá ar fáil –lena náirítear foireann le haghaidh aistriúcháin agus ateangaireachta – na hacmhainní airgeadais agus inniúlacht údaráis tearmainn na Ballstát a fhíorú, lena náirítear an córas breithiúnach, i dtaca le cásanna tearmainn a láimhseáil agus a bhainistiú go héifeachtúil agus go cuí.

2. Féadfaidh an Ghníomhaireacht an measúnú a bhunú, go háirithe, ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, ar anailís faisnéise ar staid an tearmainn arna forbairt ag an nGníomhaireacht, ar chuairteanna ar an láthair agus ar shampláil cásanna.

Chun na críche sin, cuirfidh na Ballstáit ar fáil, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, an fhaisnéis is gá maidir le nósanna imeachta tearmainn, trealamh, bonneagar, coinníollacha glactha, rátaí aitheantais agus cáilíocht cosanta mar aon le hacmhainní foirne agus airgeadais ar leibhéal na mBallstát chun bainistiú éifeachtúil an chórais tearmainn agus glactha a áirithiú. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an nGníomhaireacht freisin agus éascóidh siad aon chuairt ar an láthair a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht chun críocha an fhaireacháin.

3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht ullmhacht Ballstát le dul i ngleic le dúshláin a d'fhéadfadh brú díréireach a chur ar a gcórais tearmainn agus glactha a mheasúnú. Féadfaidh an Ghníomhaireacht a iarraidh ar na Ballstáit pleanáil theagmhasach le haghaidh bearta a dhéanfar chun déileáil leis an mbrú díréireach féideartha sin a chur ar fáil, agus tabharfaidh sí cúnamh do na Ballstáit a bpleanáil theagmhasach a ullmhú agus a athbhreithniú, nuair is gá.

Airteagal 14

Nós imeachta maidir leis an bhfaireacháin agus an measúnú a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht

1. Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos, i gcomhairle leis an gCoimisiún, an clár chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na córais tearmainn agus glactha i ngach Ballstát ar leith, nó sna Ballstáit uile ar bhonn gnéithe téamacha nó sonracha de na córais tearmainn. Cuid den chlársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 41 a bheidh sa chlár sin.

Liostóidh an clár ilbhliantúil na Ballstáit sin a ndéanfar faireachán ar a gcórais tearmainn agus glactha gach bliain, rud a áiritheoidh go ndéanfar faireachán ar gach Ballstát uair amháin ar a laghad gach cúig bliana.

Sa chlár oibre bliantúil liostófar na Ballstáit sin a ndéanfar faireachán orthu an bhliain dar gcionn i gcomhréir leis an gclár ilbhliantúil agus leis na measúnuithe téamacha. Áireofar ann eolas faoina mbeidh san fhaireachán agus sceideal le haghaidh aon chuairteanna ar an láthair a dhéanfar.

Féadfar an clár oibre bliantúil a choigeartú, más gá, i gcomhréir le hAirteagal 41.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht tús a chur le faireachán chun measúnú a dhéanamh ar chórais tearmainn nó glactha Ballstáit ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Choimisiún i gcás ina bhfuil amhras mór ann faoi fheidhmiú aon ghné de chórais tearmainn nó glactha an Bhallstáit sin.

2. Bunóidh an Ghníomhaireacht foirne saineolaithe gach uair a dhéanfar faireachán, cuairteanna ar an láthair san áireamh, de réir mar is gá. Ar na foirne saineolaithe sin beidh saineolaithe ó fhoireann na Gníomhaireachta féin agus ionadaithe ón gCoimisiún. Beidh an fhoireann saineolaithe freagrach as tuarascáil a tharraingt suas ar bhonn thorthaí na gcuairteanna ar an láthair agus na faisnéise arna cur ar fáil ag na Ballstáit.

3. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachttuarascáil na foirne saineolaithe a tharchur chuig an mBallstát lena mbaineann, agus tabharfaidh sé a bharúil i dtaobh na dréachttuarascála sin. Ansin, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dréachttuarascáil faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta, agus beidh barúlacha an Bhallstáit lena mbaineann curtha san áireamh inti. Glacfaidh an Bord Bainistíochta an tuarascáil faireacháin agus déanfaidh sé é a tharchur chuig an gCoimisiún.

4. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, dréachtmholtaí a chur faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann ina leagfar amach na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh thromchúiseacha. Tabharfar mí don Bhallstát lena mbaineann a bharúil a thabhairt i dtaobh na ndréachtmholtaí. Tar éis na barúlacha sin a mheas, glacfaidh an Bord Bainistíochta na moltaí agus tabharfaidh sé cuireadh don Bhallstát lena mbaineann plean gníomhaíochta a tharraingt suas ina leagfar amach na bearta is gá chun aon easnaimh a leigheas.

5.Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann plean gníomhaíochta ar fáil don Ghníomhaireacht faoi cheann mí amháin ó ghlacadh na moltaí dá dtagraítear i mír 4. Tabharfaidh an Ballstát tuairisc don Ghníomhaireacht faoi chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta faoi cheann trí mhí ó ghlacadh na moltaí agus leanfaidh sé de thuairisc a thabhairt gach mí ina dhiaidh sin go ceann sé mhí ar a mhéid.

6.Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta.

Airteagal 15

Bearta leantacha agus faireachán

1. Más rud é nach ndéanann an Ballstát lena mbaineann, sa tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 14(5), an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme ina iomláine, agus go bhfuil na heasnaimh sna córais tearmainn agus glactha chomh tromchúiseach sin go gcuireann siad feidhmiú CET i mbaol, glacfaidh an Coimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe féin ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta agus ar a thromchúisí agus atá na heasnaimh, moltaí atá dírithe ar an mBallstát sin ina leagfar amach na bearta is gá chun na heasnaimh thromchúiseacha a réiteach agus, nuair is gá, ina leagfar síos na bearta is gá don Ghníomhaireacht a dhéanamh chun tacú leis an mBallstát sin.

2.Féadfaidh an Coimisiún, agus é ag cur sa áireamh a thromchuisí agus atá na heasnaimh a shainaithneofar, cuairteanna ar an láthair chuig an mBallstát lena mbaineann a eagrú chun cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta a fhíorú.

3. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann tuairisc don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na moltaí sin dá dtagraítear i mír 1 laistigh den teorainn ama atá leagtha síos sna moltaí sin. Más rud é, tar éis na teorann ama sin, nach bhfuil an Coimisiún sásta gur chomhlíon an Ballstát na moltaí sin ina niomláine, féadfaidh sé bearta breise a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 22(3).

4.Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoin dul chun cinn atá déanta ag an mBallstát lena mbaineann.

CAIBIDIL 6

CÚNAMH OIBRÍOCHTÚIL AGUS TEICNIÚIL

Airteagal 16

Cúnamh oibríochtúil agus teicniúil ón nGníomhaireacht

1. Féadfaidh na Ballstáit cúnamh a iarraidh ar an nGníomhaireacht chun a noibleagáidí maidir le tearmann a chur chun feidhme, go háirithe i gcás ina bhfuil a gcórais tearmainn agus glactha faoi bhrú díréireach.

2. Cuirfidh na Ballstáit iarraidh ar chúnamh faoi bhráid an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ina mbeidh tuairisc ar an staid agus ar chuspóir na hiarrata. Beidh ag gabháil leis an iarraidh measúnú mionsonraithe ar na riachtanais. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin iarrataí ar chúnamh a mheas, a fhormheas agus a chomhordú. Déanfar measúnú cuimsitheach iontaofa ar gach iarraidh a chuirfidh ar chumas na Gníomhaireachta sraith beart a shainaithint agus a mholadh, mar atá luaite i mír 3, a d'fhéadfadh riachtanais an Bhallstáit lena mbaineann a chomhlíonadh.

3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, ar feadh tréimshe teoranta, ceann amháin nó níos mó de na bearta oibríochtúla agus teicniúla seo a leanas a eagrú agus a chomhordú:

(ii)cúnamh a thabhairt do na Ballstáit náisiúnaigh tríú tír a shainaithint agus a chlárú;

(jj)an scrúdú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta atá á scrúdú ag na húdaráis inniúla náisiúnta a éascú;

(kk)cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú;

(ll)tionscnaimh na mBallstáit i dtaca le comhar teicniúil a éascú i bpróiseáil na niarratas ar chosaint idirnáisiúnta;

(mm)cúnamh a thabhairt faisnéis a chur ar fáil faoi nós imeachta na cosanta idirnáisiúnta;

(nn)comhairle a thabhairt do na Ballstáit saoráidí glactha a chur ar bun nó a chur ar fáil agus an méid sin a chomhordú, go háirithe cóiríocht éigeandála, modhanna iompair agus cúnamh liachta;

(oo)tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a athshuíomh nó a aistriú laistigh den Aontas;

(pp)seirbhísí ateangaireachta a chur ar fáil;

(qq)cúnamh a thabhairt do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na cosaintí ar fad is gá do chearta leanaí agus cosaint leanaí i bhfeidhm;

(rr)páirt a ghlacadh sna foirne tacaíochta don bhainistiú imirce ag na láithreacha práinne dá dtagraítear i Rialachán Uimh. XXX/XXX 23 .

4. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na gníomhaíochtaí atá leagtha amach i mír 3 a mhaoiniú nó a chómhaoiniú óna buiséad i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht.

5.Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúchán toradh na mbeart oibríochtúil agus teicniúil a mheas agus tuarascálacha meastóireachta mionsonraithe a tharchur chuig an mBord Bainistíochta faoi cheann 60 lá ón uair a thiocfaidh deireadh leis na bearta sin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís chomparáideach chuimsitheach ar na torthaí sin agus áireofar iad sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 65.

Airteagal 17

Foirne tacaíochta tearmainn

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht foirne tacaíochta tearmainn a imscaradh go dtí na Ballstáit chun cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 16.

2. Ar na foirne tacaíochta tearmainn sin beidh saineolaithe ó fhoireann na Gníomhaireachta féin, saineolaithe ó na Ballstáit nó saineolaithe ar iasacht ó na Ballstáit ag an nGníomhaireacht.

3. Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus trí thromlach glan dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh faoi phróifílí agus faoin líon iomlán saineolaithe a chuirfear ar fáil do na foirne tacaíochta tearmainn. Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna maidir le haon athruithe ar na próifílí agus ar an líon foriomlán saineolaithe a dhéanfar ina dhiaidh sin.

4. Cuirfidh na Ballstáit leis an díorma um idirghabháil tearmainn trí bhíthin díorma náisiúnta saineolaithe ar bhonn na bpróifíl a shaineofar agus déanfaidh siad saineolaithe a fhreagraíonn do na próifílí a theastaíonn a mholadh.

5. Mar chuid de na foirne tacaíochta tearmainn, cuirfidh an Ghníomhaireacht liosta ateangairí le chéile. Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh don Ghníomhaireacht ateangairí a shainaithint don liosta ateangairí. Féadfaidh na Ballstáit a roghnú go nimscarfar ateangairí nó go gcuirfear ar fáil iad trí fhíschomhdáil.

6. Déanfar an cuidiú a thabharfaidh na Ballstáit maidir lena saineolaithe féin nó saineolaithe atá ar iasacht ar an nGníomhaireacht don bhliain dár gcionn, déanfar é a phleanáil ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus comhaontuithe idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit. I gcomhréir leis na comhaontuithe sin, déanfaidh na Ballstáit na saineolaithe a imscaradh láithreach, mura rud é nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar staid eisceachtúil a dhéanfaidh difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta.

7. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na saineolaithe agus na baill foirne ábhartha eile a chuireann siad ar fáil ag teacht leis na próifílí agus an líon ar a chinn an Bord Bainistíochta. Is é an Ballstát baile a shocróidh fad thréimhse an imscartha ach ní mhairfidh an tréimshe sin níos lú ná 30 lá.

8. Cuideoidh an Ghníomhaireacht leis na foirne tacaíochta tearmainn trí shaineolaithe a chur ar fáil óna foireann féin a fhostófar go sonrach don obair allamuigh agus trí ateangairí a chur ar fáil freisin.

Airteagal 18

An Díorma um Idirghabháil Tearmainn

1. Chun críocha Airteagal 22, bunóidh an Bord Bainistíochta, ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, díorma um idirghabháil tearmainn ina mbeidh foireann cúltaca saineolaithe a bheith ar fáil láithreach ag an nGníomhaireacht. Chun na críche sin, cuirfidh na Ballstáit 500 saineolaí ar a laghad ar fáil gach bliain don Ghníomhaireacht.

2. Cinnfidh an Bord Bainistíochta, ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, próifílí na saineolaithe agus an chion a chuirfidh gach Ballstát leis an díorma um idirghabháil tearmainn. Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna maidir le haon athruithe ar na próifílí agus ar an líon foriomlán saineolaithe a dhéanfar ina dhiaidh sin.

3.Cuirfidh na Ballstáit leis an díorma um idirghabháil tearmainn trí bhíthin díorma náisiúnta saineolaithe ar bhonn na bpróifílí éagsúla a shaineofar agus ainmneoidh siad saineolaithe a fhreagraíonn do na próifílí a theastaíonn. Is é an Ballstát baile a chinnfidh fad thréimhse an imscartha ach ní bheidh an tréimshe sin níos lú ná 30 lá.

Airteagal 19

Plean oibríochta

1. Tiocfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Ballstát aíochta ar chomhaontú maidir le plean oibríochta. Beidh an plean oibríochta ina cheangal ar an nGníomhaireacht, ar an mBallstát aíochta agus ar na Ballstáit rannpháirteacha.

2.Leagfar amach go mionsonraithe sa phlean oibríochta na coinníollacha maidir le cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a chur ar fáil agus maidir le foirne tacaíochta tearmainn nó saineolaithe ón díorma um idirghabháil tearmainn a imscaradh, lena náirítear an méid seo a leanas:

(ss)tuairisc ar an staid maille le modus operandi agus cuspóirí an imscartha, lena náirítear an cuspóir oibríochta;

(tt)an fad tréimhse atá tuartha don imscaradh;

(uu)an áit sa Bhallstát aíochta a ndéanfar na foirne tacaíochta tearmainn nó na saineolaithe ón díorma um idirghabháil teorainn a imscaradh chuici;

(vv)socruithe lóistíochtúla lena náirítear eolas faoi dhálaí oibre agus faoin timpeallacht san áit ina ndéanfar na foirne tacaíochta tearmainn nó na saineolaithe ón díorma um idirghabháil teorainn a imscaradh chuici;

(ww)tuairisc mhionsonraithe agus shoiléir ar na cúraimí agus treoracha speisialta do na foirne tacaíochta tearmainn nó do na saineolaithe ón díorma um idirghabháil teorainn, lena náirítear na bunachair shonraí náisiúnta agus na bunachair shonraí Eorpacha atá siad údaraithe a cheadú agus an trealamh a fhéadfaidh siad a úsáid nó a iompar sa Bhallstát aíochta;

(xx)comhdhéanamh na bhfoirne tacaíochta tearmainn nó na saineolaithe atá le himscaradh ón díorma um idirghabháil teorainn;

(yy)an trealamh teicniúil atá le húsáid, lena náirítear forálacha sonracha amhail coinníollacha úsáide, iompar agus lóistíocht eile, agus forálacha airgeadais;

(```)maidir le cúnamh le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta, lena náirítear i ndáil le scrúdú na niarratas sin, faisnéis shonrach ar na cúraimí a fhéadfaidh an fhoireann tacaíochta tearmainn nó saineolaithe ón díorma um idirghabháil teorainn a dhéanamh mar aon le tagairt don dlí náisiúnta nó do dhlí an Aontais is infheidhme;

(aaa)scéim tuairiscithe agus meastóireachta ina bhfuil tagarmharcanna don tuarascáil mheastóireachta agus dáta deiridh chun an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a chur isteach;

(bbb)rialacha mionsonraithe maidir le comhar le tríú tíortha, le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, comhlachtaí, oifigí nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(ccc)nósanna imeachta lena dtreoraítear daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, íospartaigh gáinneála ar dhaoine, mionaosaigh neamhthionlactha agus daoine soghonta chuig na húdaráis inniúla náisiúnta chun an cúnamh iomchuí a fháil.

3. Ag féachaint do phointe (e) de mhír 2, udaróidh an Ballstát aíochta saineolaithe ó na foirne tacaíochta tearmainn nó saineolaithe ón díorma um idirghabháil teorainn na bunachair shonraí Eorpacha a cheadú agus féadfaidh sé iad a údarú a bhunachar sonraí náisiúnta a cheadú i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le rochtain agus ceadú na mbunachar sonraí sin, agus de réir mar is gá chun na cuspóirí a bhaint amach agus chun na cúraimí atá leagtha amach sa phlean oibríochta a dhéanamh.

4. Is gá comhaontú ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ón mBallstát aíochta a fháil chun aon leasú nó oiriúnú a dhéanamh ar an bplean oibríochta. Cuirfidh an Ghníomhaireacht cóip den phlean oibríochta leasaithe nó oiriúnaithe chuig na Ballstáit rannpháirteacha láithreach.

Airteagal 20

Nós imeachta maidir le foirne tacaíochta tearmainn a imscaradh

1. Más gá, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin saineolaithe a sheoladh ón nGníomhaireacht chun measúnú a dhéanamh ar an staid atá sa Bhallstát a bhfuil cúnamh á iarraidh aige. Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra don Bhord Bainistíochta láithreach faoi aon iarraidh ar fhoirne tacaíochta tearmainn a imscaradh.

2. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh faoin iarraidh ar fhoirne tacaíochta tearmainn a imscaradh faoi cheann trí lá oibre ón dáta a fuarthas faighte na hiarrata. Ag an am céanna, tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra i scríbhinn don Bhallstát atá ag iarraidh cúnaimh agus don Bhord Bainistíochta agus beidh na príomhchúiseanna leis an gcinneadh san fhógra sin.

3. Nuair a bheidh comhdhéanamh gach foirne tacaíochta tearmainn á shocrú, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin san áireamh imthosca sonracha an Bhallstáit a bhfuil cúnamh á iarraidh aige agus measúnú ar a riachtanais. Cuirfear an fhoireann tacaíochta tearmainn le chéile i gcomhréir leis an bplean oibríochta.

4. Tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Ballstát aíochta suas plean oibríochta faoi cheann trí lá oibre ón lá dhéanfar an cinneadh foirne tacaíochta teorainn a imscaradh.

5. A luaithe a chomhaontófar an plean oibríochta, iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar na Ballstáit na saineolaithe a imscaradh faoi cheann seacht lá oibre ar a mhéad. Sonróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an líon agus na próifílí is gá a fháil ó na Ballstáit. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, i scríbhinn, ag na pointí teagmhála náisiúnta agus sonrófar inti an dáta atá socraithe le haghaidh an imscartha. Cuirfear cóip den phlean oibríochta chuig na pointí teagmhála náisiúnta freisin.

6.Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, tar éis dó an Ballstát aíochta a chur ar an eolas faoi, imscaradh na bhfoirne tacaíochta tearmainn a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh más rud é nach bhfuil na coinníollacha maidir leis na bearta oibríochtúla agus teicniúla a dhéanamh á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an mBallstát aíochta nó mura bhfuil an plean oibríochta á urramú aige.

Airteagal 21

Foirne tacaíochta don bhainistiú imirce

1. I gcás ina niarrfaidh Ballstát an tacaíocht bhreise oibríochtúil agus theicniúil ó fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce mar atá luaite in Airteagal 17 de Rialachán Uimh. XXX/XXX nó i gcás ina nimscarfar foirne tacaíochta don bhainistiú imirce chuig láithreacha práinne mar atá luaite in Airteagal 18 de Rialachán Uimh. XXX/XXX, áiritheoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go ndéanfar gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta sna foirne tacaíochta don bhainistiú imirce a chomhordú leis an gCoimisiún agus le gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Choimisiúin, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha an Aontais Eorpaigh.

2. Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, de réir mar is iomchuí, an nós imeachta chun foirne tacaíochta don bhainistiú imirce nó saineolaithe ón díorma um idirghabháil teorainn a imscaradh i gcomhréir le hAirteagal 17 agus Airteagal 18. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh sa tacaíocht bhreise oibríochtúil agus theicniúil a chuirfidh na foirne tacaíochta tearmainn nó na saineolaithe ón díorma um idirghabháil teorainn ar fáil faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce:

(ddd)scagadh ar náisiúnaigh tríú tír, lena náirítear iad a shainaithint, a chlárú agus, i gcás ina niarrfaidh na Ballstáit amhlaidh, a méarloirg a thógáil;

(eee)iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú agus, i gcás ina niarrfaidh na Ballstáit sin, na hiarratais sin a scrúdú;

(fff)faisnéis faoi nósanna imeachta tearmainn a chur ar fáil, lena náirítear eolas faoi athlonnú agus cúnamh sonrach a chuirfear ar fáil d'iarratais nó d'iarratasóirí féideartha a d'fhéadfadh a bheith faoi réir athshuíomh.

Airteagal 22

Brú díréireach ar an gcóras tearmainn agus glactha

1. I gcás ina bhfuil córais tearmainn agus glactha Ballstáit faoi bhrú díréireach a chuireann éilimh throma agus phráinneacha as an ngnáth ar na córais sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann nó ar a thionscnamh féin, déanfaidh sí sraith chuimsitheach de bhearta oibríochtúla agus teicniúla a eagrú agus a chomhordú, mar atá luaite in Airteagal 16, agus saineolaithe ón díorma um idirghabháil tearmainn dá dtagraítear in Airteagal 18 agus saineolaithe óna foireann féin a imscaradh chun tacaíocht bhreise a thabhairt do na córais tearmainn agus glactha faoi cheann tréimhse ghearr.

2. Déanfar na saineolaithe ón díorma um idirghabháil teorainn a imscaradh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 20 ar choinníoll go ndéanfar saineolaithe a imscaradh ó gach Ballstát faoi cheann trí lá oibre ón dáta a dhéanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Ballstát atá ag iarraidh cúnaimh an plean oibríochtúil a shocrú. Ní fhéadfaidh na Ballstáit an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 17(6) a úsáid.

3. Más rud é, i gcás brú díréireach ar na córais tearmainn nó glactha, nach niarrann Ballstát cúnamh oibríochtúil agus teicniúil nó nach nglacann Ballstát le tairiscint cúnaimh ón nGníomhaireacht nó nach ndéanann sé beart ar leor é chun dul i ngleic leis an mbrú sin, nó más rud é nach gcomhlíonann sé moltaí an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 15(3), rud a fhágfaidh go mbeidh na córais tearmainn nó glactha chomh mí-éifeachtach sin agus go gcuirfidh siad feidhmiú CET i mbaol, sa chás sin féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, lena sainaithneofar ceann amháin nó níos mó de na bearta atá leagtha amach in Airteagal 16(3) a bheidh le glacadh ag an nGníomhaireacht chun tacú leis an mBallstát lena mbaineann. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 64.

4. Chun críocha mhír 3, cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, faoi cheann dhá lá oibre ón dáta a ghlacfar cinneadh an Choimisiúin, na bearta is gá a dhéanamh chun na bearta atá sainaitheanta i gcinneadh an Choimisiúin a chur i bhfeidhm go praiticiúil. Ag an am céanna, aontóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Ballstát lena mbaineann ar chinneadh maidir leis an bplean oibríochta.

5. Imscarfaidh an Ghníomhaireacht, gan mhoill agus ar aon chor faoi cheann trí lá oibre ón dáta a bunaíodh an plean oibríochta, na saineolaithe is gá ón díorma um idirghabháil tearmainn, mar aon le saineolaithe óna foireann féin. Más gá, imscarfar foirne tacaíochta tearmainn a luaithe agus a imscarfar saineolaithe ón díorma um idirghabháil tearmainn.

6. Comhoibreoidh an Ballstát lena mbaineann láithreach leis an nGníomhaireacht agus déanfaidh sé an beart is gá le cur chun feidhme an chinnidh sin agus forghníomhú praiticiúil na mbeart atá leagtha amach sa chinneadh sin agus sa phlean oibríochta a éascú.

7. Cuirfidh na Ballstáit na saineolaithe is gá ón díorma um idirghabháil tearmainn ar fáil de réir mar a chinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 23

Trealamh teicniúil

1. Gan dochar d'oibleagáid na mBallstát na saoráidí agus an trealamh is gá a sholáthar don Ghníomhaireacht d'fhonn an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil atá de dhíth a sholáthar, féadfaidh an Ghníomhaireacht a trealamh féin a chur chuig na Ballstáit sa mhéid is gá do na foirne tacaíochta tearmainn nó ar na saineolaithe ón díorma um idirghabháil tearmainn agus sa mhéid go gcomhlánfaidh sin an trealamh atá curtha ar fáil cheana féin ag na Ballstáit nó ag gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais.

2. Féadfaidh an Ghníomhaireacht trealamh teicniúil a fháil nó a thógáil ar léas le cinneadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta. Déanfar anailís chríochnúil riachtanas agus costas agus sochar sula bhfaighfear trealamh nó sula dtógfar ar léas é. Déanfar foráil i mbuiséad na Gníomhaireachta, arna ghlacadh ag an mBord Bainistíochta, agus i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme don Ghníomhaireacht maidir le aon chaiteachas den sórt sin.

Airteagal 24

Pointe teagmhála náisiúnta

Ceapfaidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta chun cumarsáid a dhéanamh leis an nGníomhaireacht maidir leis na hábhair uile a bhaineann leis an gcúnamh oibríochtúil agus teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 16 agus in Airteagal 22.

Airteagal 25

Oifigeach comhordúcháin na Gníomhaireachta

1. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht cur chun feidhme oibríochtúil na ngnéithe oibríochtúla ar fad, lena náirítear an fhoireann a bheith i láthair sa Ghníomhaireacht, imscaradh foirne tacaíochta tearmainn nó saineolaithe ón díorma um idirghabháil tearmainn agus an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 16 agus in Airteagal 22 á sholáthar aici.

2.Ceapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin saineolaí amháin nó níos mó ó fhoireann na Gníomhaireachta a ghníomhóidh mar oifigeach comhordúcháin nó a imscarfar mar oifigeach comhordúcháin chun críocha mhír 1. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ballstát aíochta ar an eolas faoi na hainmniúcháin sin.

3. Forbróidh an toifigeach comhordúcháin comhar agus comhordú idir an Ballstát aíochta agus na Ballstáit rannpháirteacha. Déanfaidh an toifigeach comhordúcháin an méid seo a leanas go háirithe:

(ggg)gníomhóidh sé mar idirghabhálaí idir an Ghníomhaireacht, an Ballstát aíochta agus saineolaithe ó na foirne tacaíochta tearmainn nó saineolaithe ón díorma um idirghabháil tearmainn, agus cuirfidh sé cúnamh ar fáil, thar ceann na Gníomhaireachta, maidir le gach ábhar a bhaineann le coinníollacha a nimscartha;

(hhh)déanfaidh sé faireachán ar chur chun feidhme cuí an phlean oibríochta;

(iii)gníomhóidh sé thar ceann na Gníomhaireachta maidir le gach gné d'imscaradh na bhfoirne tacaíochta tearmainn nó na saineolaithe ón díorma um idirghabháil tearmainn agus tabharfaidh sé tuairisc don Ghníomhaireacht faoi na gnéithe sin uile;

(jjj)tabharfaidh sé tuairisc don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcás nach bhfuil an plean oibríochta á chur chun feidhme go hiomchuí.

4. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an toifigeach comhordúcháin a údarú cúnamh a thabhairt aon díospóidí i ndáil le cur chun feidhme an phlean oibríochta a réiteach agus na foirne tacaíochta tearmainn nó saineolaithe ón díorma um idirghabháil tearmainn a imscaradh.

5. Agus a chúraimí á ndéanamh aige, is ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin amháin a ghlacfaidh an toifigeach comhordúcháin treoracha.

Airteagal 26

Dliteanas sibhialta

1. I gcás ina mbeidh saineolaithe ó fhoireann tacaíochta tearmainn ag feidhmiú i mBallstát aíochta, is é an Ballstát sin a bheidh faoi dhliteanas i gcomhréir lena dhlí náisiúnta as aon damáiste a dhéanfaidh siad agus iad i mbun a noibríochtaí.

2. Más de thoradh mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil a rinneadh an damáiste sin, féadfaidh an Ballstát aíochta dul i dteagmháil leis an mBallstát baile nó leis an nGníomhaireacht chun aisíocaíocht a fháil ón mBallstát baile nó ón nGníomhaireacht ar aon airgead a d'íoc sé leis na híospartaigh nó le daoine a bhfuil teideal acu thar a gceann.

3. Gan dochar d'fheidhmiú a cheart i leith tríú páirtithe, déanfaidh gach Ballstát a éilimh in aghaidh an Bhallstáit aíochta nó in aghaidh aon Bhallstáit eile i leith aon damáiste a rinneadh dó a tharscaoileadh, seachas i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil.

4. Aon díospóid idir na Ballstáit nó leis an nGníomhaireacht a bhaineann le feidhmiú mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo nach féidir a réiteach trí chaibidlíocht eatarthu, cuirfidh siad faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh í i gcomhréir le hAirteagal 273 den Chonradh.

5. Gan dochar d'fheidhmiú a ceart i leith tríú páirtithe, seasfaidh an Ghníomhaireacht na costais a bhaineann le damáiste a rinneadh do threalamh na Gníomhaireachta le linn imscaradh, seachas i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil.

Airteagal 27

Dliteanas coiriúil

Le linn imscaradh foirne tacaíochta tearmainn nó saineolaithe ón díorma um idirghabháil teorainn, caithfear leis na saineolaithe sin ar an mbealach céanna a gcaithfear le hoifigigh de chuid an Bhallstáit aíochta maidir le haon chionta coiriúla a d'fhéadfaí a dhéanamh ina naghaidh nó a d'fhéadfadh siadsan a dhéanamh.

Airteagal 28

Costais

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na costais a thabhaigh na Ballstáit a sheasamh nuair a chuirfidh siad saineolaithe ar fáil lena nimscaradh chuig foirne tacaíochta tearmainn nó mar chuid den díorma um idirghabháil tearmainn, na costais seo a leanas go háirithe:

(kkk)taisteal ón mBallstát baile go dtí an Ballstát aíochta agus ón mBallstát aíochta go dtí an Ballstát baile;

(lll)vaicsíní;

(mmm)an cumhdach speisialta árachais is gá;

(nnn)cúram sláinte;

(ooo)liúntais chothabhála laethúla, lena náirítear liúntais chóiríochta;

(ppp)trealamh teicniúil na Gníomhaireachta;

(qqq)táillí na saineolaithe.

2. Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos rialacha mionsonraithe agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad de réir mar is gá maidir le híocaíocht liúntas cothaithe laethúil saineolaithe arna nimscaradh ag na Ballstáit chuig na foirne tacaíochta tearmainn.

CAIBIDIL 7

MALARTÚ FAISNÉISE AGUS COSAINT SONRAÍ

Airteagal 29

Córais mhalartaithe faisnéise

1. Féadfaidh an Ghníomhaireacht na bearta uile is gá a dhéanamh chun malartú na faisnéise is ábhartha maidir lena cúraimí a éascú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit agus, más iomchuí, leis na Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais.

2. I gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011, 24 déanfaidh an Ghníomhaireacht córas faisnéise a fhorbairt agus a oibriú atá in ann faisnéis rúnaicmithe a mhalartú leis na gníomhaithe sin, mar aon leis an bhfaisnéis phearsanta dá dtagraítear in Airteagal 31 agus in Airteagal 32 i gcomhréir le Cinneadh 2013/488 25 ón gComhairle agus le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 26 ón gCoimisiún.

Airteagal 30

Cosaint Sonraí

1. Cuirfidh an Ghníomhaireacht Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 i bhfeidhm agus sonraí pearsanta á bpróiseáil aici.

2. Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos bearta don Ghníomhaireacht chun Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chur i bhfeidhm, lena náirítear bearta a bhaineann le hOifigeach um Chosaint Sonraí a cheapadh don Ghníomhaireacht. Déanfar na bearta sin a leagan síos tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

3. Gan dochar d’Airteagal 31 agus d'Airteagal 32, féadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha riaracháin.

4. Beidh cosc ar shonraí pearsanta arna bpróiseáil ag an nGníomhaireacht a aistriú, agus beidh cosc ar na Ballstáit sonraí pearsanta a próiseáladh faoi chuimsiú an Rialacháin seo a aistriú ina dhiaidh sin chuig údaráis tríú tíortha nó chuig tríú páirtithe, lena náirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 31

Cuspóirí na próiseála ar shonraí pearsanta

1. Is chun na gcríoch seo a leanas amháin a fhéadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil:

(rrr)chun a cúraimí a dhéanamh ó thaobh cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 16(3) agus le hAirteagal 21(2);

(sss)i gcás ina ndéantar sampláil cásanna chun críocha an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 13;

(ttt)i gcás ina ndéantar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó leanaí nó ó dhaoine soghonta a láimhseáil, arna iarraidh sin do na Ballstáit, atá luaite in Airteagal 13(2) agus in Airteagal 16(3)(b) agus (c);

(uuu)chun malartú faisnéise leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha na mBallstát, le Europol nó le Eurojust a éascú i gcomhréir le hAirteagal 36 agus faoi chuimsiú na faisnéise arna fáil agus na cúraimí atá liostaithe in Airteagal 21(2) á ndéanamh;

(vvv)chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le staid an tearmainn i gcomhréir le hAirteagal 4;

2. I gcás ina ndéantar aon phróiseáil den sórt sin ar shonraí pearsanta, urramófar prionsabal na comhréireachta agus beidh sí teoranta do na sonraí pearsanta is gá chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1.

3. Na Ballstáit nó na gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a chuirfidh sonraí pearsanta ar fáil don Ghníomhaireacht, ní fhéadfaidh siad sonraí a aistriú go dtí an Ghníomhaireacht ach chun na gcríoch sin dá dtagraítear i mír 1. Beidh cosc ar aon phróiseáil bhreise ar shonraí pearsanta arna gcoinneáil chun críoch seachas na críocha dá dtagraítear i mír 1.

4. Tráth a aistreofar sonraí pearsanta, féadfaidh na Ballstáit nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais aon srian ar rochtain nó ar úsáid na faisnéise sin, go ginearálta nó go sonrach, lena náirítear a haistriú, a scriosadh nó a díothú, a chur in iúl. Ar aistriú na faisnéise sin, i gcás inar léir gá a bheith lena leithéid de shrian, cuirfidh na Ballstáit an Ghníomhaireacht ar an eolas dá réir. Cloífidh an Ghníomhaireacht leis na srianta sin.

Airteagal 32

Próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bhailítear agus cúnamh oibríochtúil agus teicniúil á thabhairt

1. An úsáid a bhainfidh an Ghníomhaireacht as sonraí pearsanta a bhailíonn sí nó a tharchuireann na Ballstáit nó a foireann féin chuici agus cúnamh oibríochtúil nó teicniúil á thabhairt aici do na Ballstáit, déanfar í a theorannú d'ainm, dáta breithe, inscne, náisiúntacht, gairm nó oideachas, méarloirg agus do ghrianghraf digitithe náisiúnach tríú tír.

2. Maidir leis na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Ghníomhaireacht iad a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

(www)más gá le haghaidh an tsainaitheanta nó an chlárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3)(a);

(xxx)más gá chun na hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú atá á scrúdú freisin ag na húdaráis inniúla náisiúnta atá luaite in Airteagal 16(3)(b);

(yyy)más gá chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú atá luaite in Airteagal 16(3)(c);

(````)más gá ar mhaithe le cúnamh a thabhairt chun tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a athshuíomh nó a aistriú laistigh den Aontas atá luaite in Airteagal 16(3)(g);

(aaaa)más gá sonraí a tharchur chuig an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha na mBallstát, chuig Europol nó chuig Eurojust chun a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir lena sainorduithe féin agus i gcomhréir le hAirteagal 30;

(bbbb)más gá sonraí a tharchur chuig údaráis na mBallstát nó chuig seirbhísí imirce nó tearmainn chun a núsáide i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus le rialacha na mBallstát agus an Aontais um chosaint sonraí;

(cccc)más gá chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le staid an tearmainn.

3. Scriosfar na sonraí pearsanta chomh luath agus a tharchuirfear iad chuig an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha na mBallstát, chuig Europol nó chuig Eurojust nó chuig údaráis inniúla na mBallstát nó chomh luath agus a úsáidfear iad chun anailís faisnéise a dhéanamh maidir le staid an tearmainn. Ní rachaidh an tréimhse stórála thar 30 lá tar éis an dáta ar a mbaileoidh nó ar a bhfaighidh an Ghníomhaireacht na sonraí sin i gcás ar bith. I dtaca le toradh na hanailíse faisnéise ar staid an tearmainn, ní cheadófar duine nádúrtha a shainaithint le sonraí ag aon tráth.

CAIBIDIL 8

COMHAR NA GNÍOMHAIREACHTA

Airteagal 33

Comhar leis an Danmhairg

Éascóidh an Ghníomhaireacht comhar oibríochtúil leis an Danmhairg, lena náirítear faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le cúrsaí a chumhdaítear lena gníomhaíochtaí.

Airteagal 34

Comhar le tíortha comhlachais

1. Beidh an Ghníomhaireacht toilteanach deis a thabhairt don Íoslainn, do Lichtinstéin, don Iorua, agus don Eilvéis a bheith rannpháirteach.

2. Saineofar cineál, méid agus modh rannpháirtíocht na dtíortha sin in obair na Gníomhaireachta sna socruithe oibre ábhartha go fóill.

Áireofar sna socruithe sin forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dtugann an Ghníomhaireacht fúthu, ranníocaíochtaí, rannpháirtíocht i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta agus na foirne. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfaidh na socruithe sin na Rialacháin Foirne i gcás ar bith.

Airteagal 35

Comhar le tríú tíortha

1. I dtaca le cúrsaí a bhaineann lena gníomhaíochtaí agus sa mhéid is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh, déanfaidh an Ghníomhaireacht comhar oibríochtúil idir na Ballstáit agus tríú tíortha a éascú agus a spreagadh, faoi chuimsiú bheartas caidrimh sheachtraigh an Aontais, lena náirítear maidir le cearta bunúsacha a chosaint, agus i gcomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit noirm agus caighdeáin a chomhlíonadh agus a chur chun cinn atá coibhéiseach leis na noirm agus na caighdeáin sin atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais, lena náirítear nuair atá gníomhaíochtaí á ndéanamh acu ar chríoch na dtríú tíortha sin.

2. Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú le húdaráis tríú tíortha is inniúil maidir le cúrsaí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo le tacaíocht ó thoscaireachtaí de chuid an Aontais, agus i gcomhar leo, go háirithe d'fhonn caighdeáin an Aontais maidir le tearmann a chur chun cinn agus chun cúnamh a thabhairt do thríú tíortha i dtaca le saineolas agus fothú acmhainní dá gcóras tearmainn agus glactha féin, mar aon le cláir forbartha agus cosanta réigiúnacha agus bearta eile a chur chun feidhme. Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhar den sórt sin a dhéanamh faoi chuimsiú na socruithe oibre a tugadh chun críche leis na húdaráis sin i gcomhréir le reachtaíocht agus beartas an Aontais. Iarrfaidh an Ghníomhaireacht formheas ón gCoimisiún roimh ré le haghaidh socruithe oibre den sórt sin agus cuirfidh sí Parlaimint na hEorpa ar an eolas ina leith.

3.Le comhaontú ón mBallstát aíochta, féadfaidh an Ghníomhaireacht cuireadh a thabhairt d'oifigigh ó thríú tíortha breathnú ar na bearta oibríochtúla agus teicniúla atá leagtha amach in Airteagal 16(3), más rud é nach gcuirfear baint amach chuspóirí na mbeart sin i mbaol de bharr iad a bheith i láthair, agus i gcás ina bhféadfaidh sé cuidiú chun comhar agus malartú dea-chleachtas a fheabhsú.

4.Déanfaidh an Ghníomhaireacht bearta a dhéanann na Ballstáit nó an tAontas maidir le hathlonnú a chomhordú, lena náirítear faisnéis a mhalartú, chun riachtanais chosanta idirnáisiúnta na ndídeanaithe i dtríú tíortha a chomhlíonadh agus chun dlúthpháirtíocht a léiriú lena dtíortha aíochta. Baileoidh an Ghníomhaireacht faisnéis, déanfaidh sí faireachán ar athlonnú i dtreo na mBallstát agus tacóidh sí le fothú acmhainní sna Ballstáit sa mhéid a bhaineann le hathlonnú. Ina theannta sin, faoi réir comhaontú leis an tríú tír agus i gcomhaontú leis an gCoimisiún, féadfaidh an Ghníomhaireacht aon mhalartú faisnéise dá shórt nó aon bhearta eile a chomhordú idir na Ballstáit agus tríú tír, ar chríoch an tríú tír sin.

5.Beidh an Ghníomhaireacht rannpháirteach i gcur chun feidhme comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt chun críche ag an Aontas le tríú tíortha, faoi chuimsiú bheartas caidrimh sheachtraigh an Aontais, agus maidir le cúrsaí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo.

6. Féadfaidh an Ghníomhaireacht tairbhiú de chistiú ón Aontas i gcomhréir le forálacha na nionstraimí ábhartha lena dtugtar tacaíocht do bheartas caidrimh sheachtraigh an Aontais. Féadfaidh sí tionscadail um chúnamh teicniúil a sheoladh agus a mhaoiniú i dtríú tíortha maidir le cúrsaí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo.

Airteagal 36

Comhar le gníomhaireachtaí, comhlachtaí agus oifigí an Aontais

1. Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht le gníomhaireachtaí, le comhlachtaí agus le hoifigí an Aontais a bhfuil a ngníomhaíochtaí sa réimse céanna gníomhaíochta, go háirithe Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha na mBallstát agus leo siúd is inniúil maidir le cúrsaí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo.

2. Is faoi chuimsiú na socruithe oibre a tugadh chun críche leis na comhlachtaí sin thuas a dhéanfar an comhoibriú sin, i ndiaidh dóibh formheas ón gCoimisiún a fháil. Cuirfidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le haon socrú den sórt sin.

3. Cruthófar leis an gcomhar sin sineirgíochtaí idir comhlachtaí ábhartha an Aontais agus seachnófar aon dúbláil oibre maidir leis an obair a dhéanfaidh gach ceann díobh de bhun a sainorduithe féin.

Airteagal 37

Comhar le UNHCR agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile

Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht le heagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe UNHCR, sna limistéir atá cumhdaithe ag an Rialachán seo, faoi chuimsiú na socruithe oibre a tugadh chun críche i gcomhar leis na comhlachtaí sin, i gcomhréir leis an gConradh agus leis na forálacha maidir le hinniúlacht na gcomhlachtaí sin. Cinnfidh an Bord Bainistíochta na socruithe oibre a bheidh faoi réir formheas a fháil ón gCoimisiún roimh ré.

CAIBIDIL 9

EAGRÚCHÁN NA GNÍOMHAIREACHTA

Airteagal 38

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta

Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta:

(b)Bord Bainistíochta, a fheidhmeoidh na feidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 40;

(c)Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chomhlíonfaidh na freagrachtaí atá leagtha amach in Airteagal 46;

(d)Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin, mar atá leagtha síos in Airteagal 47.

Airteagal 39

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1. Ar an mBord Bainistíochta beidh ionadaí amháin ó gach Ballstát agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún a mbeidh ceart vótála acu.

2. Beidh ionadaí amháin ó UNHCR ar an mBord Bainistíochta ach gan ceart vótála aige.

3. Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Déanfaidh an comhalta malartach ionadaíocht don chomhalta nuair a bheidh sé as láthair.

4. Ceapfar comhaltaí an Bhoird agus a gcomhaltaí malartacha i bhfianaise a gcuid eolais ar réimse an tearmainn, agus a gcuid scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha á gcur san áireamh. Déanfaidh na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta iarracht ráta athrúchán a nionadaithe a theorannú, chun leanúnachas obair an bhoird a áirithiú. Díreoidh na páirtithe uile ar ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

5. Ceithre bliana a mhairfidh téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin. Tráth a éagfaidh a dtéarma oifige nó i gcás ina néiríonn siad as oifig, fanfaidh na comhaltaí in oifig go dtí go ndéanfar síneadh a chur lena gceapachán nó go dtí go gceapfar daoine ina nionad.

Airteagal 40

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1. Déanfaidh an Bord Bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)tabharfaidh sé treoracha ginearálta i dtaca le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus glacfaidh sé doiciméad clársceidealaithe na Gníomhaireachta gach bliain trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí atá i dteideal vótála agus i gcomhréir le hAirteagal 41;

(b)glacfaidh sé buiséad bliantúil na Gníomhaireachta trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí atá i dteideal vótála agus feidhmeoidh sé feidhmeanna eile i dtaca le buiséad na Gníomhaireachta de bhun Chaibidil 10;

(c)glacfaidh sé tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus seolfaidh sé í, faoin 1 Iúil gach bliain, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí ar fáil don phobal;

(d)glacfaidh sé na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 53;

(e)déanfaidh sé na cinntí uile chun sainordú na Gníomhaireachta a chomhlíonadh de réir mar atá leagtha síos sa Rialachán seo;

(f)glacfaidh sé straitéis frithchalaoise a bheidh comhréireach leis na rioscaí calaoise agus costais agus sochair na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;

(g)glacfaidh sé rialacha chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i dtaca lena chomhaltaí;

(h)glacfaidh sé na pleananna cumarsáide agus scaipthe dá dtagraítear in Airteagal 2(3) agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad ar bhonn rialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais;

(i)glacfaidh sé a rialacha nós imeachta;

(j)feidhmeoidh sé, i gcomhréir le mír 2, maidir le foireann na Gníomhaireachta, na cumhachtaí atá tugtha don Údarás Ceapacháin faoi na Rialacháin Foirne agus faoi Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile ar an Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche 27 (an túdarás ceapacháin);

(k)glacfaidh sé rialacha iomchuí cur chun feidhme chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(l)ceapfaidh sé an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin, feidhmeoidh sé údarás araíonachta air agus, más gá, cuirfidh sé síneadh lena théarma oifige nó cuirfidh sé as oifig é i gcomhréir le hAirteagal 45 agus le hAirteagal 47;

(m)glacfaidh sé tuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 65. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

(n)glacfaidh sé na cinntí uile maidir le forbairt na gcóras faisnéise dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena náirítear an tairseach faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(b);

(o)glacfaidh sé na rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 58;

(p)glacfaidh sé beartas foirne na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 55;

(q)glacfaidh sé an doiciméad clársceidealaithe, tar éis dó tuairim a iarraidh ón gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 41;

(r)glacfaidh sé na cinntí uile maidir le struchtúir inmheánacha na Gníomhaireachta a leagan síos agus, más gá, maidir lena modhnú;

(s)áiritheoidh sé go ndéanfar obair leantach leormhaith ag féachaint do thorthaí agus moltaí na dtuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus na meastóireachtaí, agus imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith-chalaoise (OLAF);

(t)glacfaidh sé na caighdeáin oibríochtúla, na táscairí, na treoracha agus na dea-chleachtais atá forbartha ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 12(2);

(u)déanfaidh sé an anailís choiteann maidir le faisnéis faoin tír tionscnaimh agus aon athbhreithniú a dhéanfar ar an anailís choiteann sin a fhormhuiniú i gcomhréir le hAirteagal 10(2) agus (3);

(v)leagfaidh sé síos an clár le haghaidh faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na córais tearmainn agus glactha i gcomhréir le hAirteagal 14(1);

(w)glacfaidh sé dréachttuarascáil na foirne saineolaithe atá i mbun an fhaireacháin i gcomhréir le hAirteagal 14(3);

(x)glacfaidh sé na moltaí tar éis faireachán a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 14(4);

(y)déanfaidh sé próifílí agus líon foriomlán na saineolaithe a chuirfear ar fáil do na foirne tacaíochta tearmainn a leagan síos agus a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 17(3);

(``)déanfaidh sé próifílí agus líon foriomlán na saineolaithe a chuirfear ar fáil don díorma um idirghabháil tearmainn a leagan síos agus a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 18(2);

(aa)glacfaidh sé straitéis maidir le caidrimh le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le cúrsaí a bhfuil inniúlacht ag an nGníomhaireacht ina leith, chomh maith le socrú oibre i gcomhar leis an gCoimisiún le haghaidh cur chun feidhme na straitéise sin;

(bb)údaróidh sé tabhairt chun críche socruithe oibre i gcomhréir le hAirteagal 35.

2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

Nuair is gá i ngeall ar chúinsí eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na gcumhachtaí sin atá á bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúchán a chur ar fionraí go sealadach agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó dá fhoireann seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

3. Féadfaidh an Bord Bainistíochta Bord Feidhmiúcháin a bhunú ar a bhfuil Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, an bheirt ionadaithe ón gCoimisiún atá ar an mBord Bainistíochta agus triúr comhaltaí eile ón mBord Bainistíochta, chun cuidiú leis agus leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le cinntí, an clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil agus na gníomhaíochtaí sin a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta a ullmhú. Nuair is gá, ar chúiseanna práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a dhéanamh thar ceann an Bhoird Bainistíochta, go háirithe maidir le cúrsaí bainistithe riaracháin.

Airteagal 41

Clársceidealú ilbhliantúil agus cláir oibre bhliantúla

1. Faoin 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta doiciméad clársceidealaithe ina mbeidh an clársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil, bunaithe ar dhréacht arna thíolacadh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus an tuairim ón gCoimisiún á cur san áireamh aige agus, maidir leis an gclársceidealú ilbhliantúil, tar éis dó dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Cuirfidh an Bord Bainistíochta ar aghaidh é chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Beidh an doiciméad clársceidealaithe cinntitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach an bhuiséid ghinearálta agus, más gá, coigeartófar é dá réir.

Cuirfear dréachtleagan den doiciméad clársceidealaithe chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain ar a dhéanaí chomh maith le haon leagan den doiciméad sin a tugadh cothrom le dáta tráth níos déanaí.

2. Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán meántéarmach agus fadtéarmach, lena náirítear cuspóirí, na torthaí a mbeifear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta. Leagfar amach clársceidealú acmhainní freisin, lena náirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann.

Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil na limistéir straitéiseacha idirghabhála agus míneofar ann a mbeidh de dhíth chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Áireofar ann an straitéis maidir le caidrimh le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 34 agus in Airteagal 37, faoi seach, agus na bearta a bhaineann leis an straitéis sin, agus sonrófar ann na hacmhainní comhlacha.

Cuirfear an clársceidealú ilbhliantúil chun feidhme trí bhíthin cláir oibre bhliantúla agus tabharfar cothrom le dáta é ar bhonn bliantúil. Tabharfar an clársceidealú ilbhliantúil cothrom le dáta nuair is iomchuí, agus go háirithe chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 66.

3.Sa clár oibre bliantúil beidh cuspóirí mionsonraithe agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena náirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na bearta atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe gníomhaíochtbhunaithe. Beidh an clár oibre bliantúil i gcomhréir leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 2. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe.

4. Leasóidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil arna ghlacadh nuair a thabharfar cúram nua don Ghníomhaireacht.

Déanfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil a ghlacadh tríd an nós imeachta céanna lenar glacadh an clár oibre bliantúil tosaigh. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 42

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1. Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a gcomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu. Toghfar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu.

Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh i gcás ina gcuirfear bac air a dhualgais a chomhlíonadh.

2. Mairfidh tréimhse oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh ceithre bliana. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan uair amháin. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh lena mballraíocht sa Bhord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.

Airteagal 43

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1. Tionólfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

2. Glacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé ach ní bheidh ceart vótála aige.

3. Ní ghlacfaidh ionadaí UNHCR páirt sa chruinniú i gcás ina mbeidh na feidhmeanna atá leagtha síos i bpointí (l), (o), (p), (q) agus (r) d'Airteagal 40(1) agus in Airteagal 40(2) á gcomhlíonadh ag an mBord Bainistíochta, agus i gcás ina gcinnfidh an Bord Bainistíochta acmhainní airgeadais a chur ar fáil chun gníomhaíochtaí UNHCR a mhaoiniú lena gcuirfear ar chumas na Gníomhaireachta tairbhiú dá chuid saineolais, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 49.

4. Tionólfar ar a laghad dhá ghnáthchruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, reáchtálfaidh sé cruinnithe ar thionscnamh a Chathaoirligh, nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó do thrian dá chomhaltaí.

5. Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí cuireadh a thabhairt d'aon duine a bhféadfadh tuairimí ábhartha a bheith aige freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóir.

6. Tabharfar cuireadh don Danmhairg freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

7. Faoi réir fhorálacha a rialacha nós imeachta, féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe a bheith de chúnamh ag comhaltaí agus ag comhaltaí malartacha an Bhoird Bainistíochta ag na cruinnithe.

8. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 44

Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

1. Mura bhforáiltear a mhalairt, déanfaidh an Bord Bainistíochta a chinntí a ghlacadh trí thromlach dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu.

2. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. In éagmais comhalta a bhfuil ceart vótála aige, beidh a chomhalta malartach i dteideal a cheart vótála a fheidhmiú.

3. Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil.

4. Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa vótáil.

5. Le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, leagfar síos socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na cúinsí ina bhféadfadh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.

Airteagal 45

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina chomhalta foirne agus ceapfar é mar ghníomhaire sealadach den Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2. Ceapfaidh an Bord bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. Ceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin de bhua tuillteanais, de bhua inniúlachtaí deimhnithe ardleibhéil i réimsí an riaracháin agus na bainistíochta, agus de bhua taithí ghairmiúil shinsearach ar bhainistiú sa réimse imirce agus tearmainn.

Chun críche an conradh a thabhairt chun críche leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.

3. Sula ndéanfar an ceapachán, féadfar a iarraidh ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.

4. Mairfidh téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin cúig bliana. Roimh dheireadh na tréimhse sin, tabharfaidh an Coimisiún faoi mheasúnú a chuirfidh san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus ar dhúshláin na Gníomhaireachta amach anseo.

5. Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 4 á chur san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, ar feadh cúig bliana ar a mhéad.

6. Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas má tá sé ar intinn aige síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Sa mhí sula gcuirfear síneadh lena théarma oifige, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus aon cheisteanna a chuirfidh comhaltaí an choiste a fhreagairt.

7. Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar cuireadh síneadh lena chonradh, bheith rannpháirteach i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

8. Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.

9. Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinntí faoi cheapachán, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.

Airteagal 46

Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ghníomhaireacht a bhainistiú. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntasach don Bhord Bainistíochta.

2. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin agus an Bhoird Bainistíochta, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i gcomhlíonadh a dhualgas agus ní iarrfaidh sé ná ní ghlacfaidh sé le treoracha ó aon rialtas, institiúid, duine ná ó aon chomhlacht eile.

3. Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a dhualgas nuair a iarrtar sin air. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le comhlíonadh a dhualgas.

4. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tionadaí dlíthiúil a bheidh ag an nGníomhaireacht.

5. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí arna sannadh don Ghníomhaireacht leis an Rialachán seo. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach go háirithe as:

(cc)riarachán laethúil na Gníomhaireachta;

(dd)cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(ee)an doiciméad clársceidealaithe a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(ff)an doiciméad clársceideálaithe a chur chun feidhme agus tuaraisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;

(gg)an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena glacadh;

(hh)plean gníomhaíochta a ullmhú ag féachaint do chonclúidí na dtuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus do chonclúidí na meastóireachtaí, agus ó imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith-chalaoise (OLAF), mar aon le tuairisc ar an dul chun cinn a chur chuig an gCoimisiún dhá uair sa bhliain, agus chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an mBord Feidhmiúcháin ar bhonn rialta;

(ii)gan dochar d'inniúlacht imscrúdaitheach OLAF, lena gcosnaítear leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha in aghaidh calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, i gcás ina naimsítear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna á íocadh go mícheart a aisghabháil agus, más iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;

(jj)straitéis frith-chalaoise don Ghníomhaireacht a ullmhú agus an straitéis sin a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;

(kk)na dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ullmhú;

(ll)dréachtráiteas na Gníomhaireachta ar mheastacháin ioncaim agus caiteachais a ullmhú agus a bhuiséad a chur chun feidhme;

(mm)na cumhachtaí atá leagtha síos in Airteagal 55 a fheidhmiú i dtaca le foireann na Gníomhaireachta;

(nn)na cinntí uile a dhéanamh maidir leis na córais faisnéise dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhainistiú, agus go háirithe an tairseach faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(b);

(oo)na cinntí uile a dhéanamh maidir le struchtúir inmheánacha na Gníomhaireachta a bhainistiú;

(pp)an anailís choiteann a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 10(2);

(qq)dréachttuarascálacha agus dréachtmholtaí i gcomhthéacs an fhaireacháin a chur faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann agus faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) agus (4);

(rr)iarratais a fhormheas, a chomhordú agus meastóireacht a dhéanamh orthu ó thaobh cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 16(2) agus le hAirteagal 20;

(ss)cur chun feidhme an phlean oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 19 a áirithiú;

(tt)comhordú ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a áirithiú sna foirne tacaíochta don bhainistiú imirce i gcomhar leis an gCoimisiún agus le gníomhaireachtaí ábhartha eile an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 21(1);

(uu)cur chun feidhme chinneadh sin an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a áirithiú;

(vv)cinneadh a dhéanamh, i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta, maidir le trealamh teicniúil a fháil mar éadáil nó ar léas i gcomhréir le hAirteagal 23(2);

(ww)oifigeach comhordúcháin na Gníomhaireachta a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 25(1).

Airteagal 47

Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1. Beidh Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin de chúnamh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

2. Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 45 maidir leis an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 48

Fóram Comhchomhairleach

1. Cothóidh an Ghníomhaireacht dlúth-idirphlé idir í féin agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta agus comhlachtaí inniúla ábhartha a bhíonn ag feidhmiú i réimse an bheartais tearmainn ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta. Chuige sin, bunóidh an Ghníomhaireacht Fóram Comhchomhairleach.

2. Is éard a bheidh san Fhóram Comhchomhairleach sásra chun faisnéis a mhalartú agus chun eolas a roinnt. Áiritheoidh sé dlúth-idirphlé idir an Ghníomhaireacht agus na heagraíochtaí nó comhlachtaí ábhartha dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh sé cúnamh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Bhord Bainistíochta maidir le cúrsaí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo.

3. Cuirfidh an Ghníomhaireacht cuireadh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus ar an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha na mBallstát, ar UNHCR agus ar eagraíochtaí agus comhlachtaí ábhartha eile atá luaite i mír 1.

Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le comhdhéanamh agus modhanna oibre an Fhóraim Chomhchomhairligh, lena náirítear grúpaí comhairliúcháin téamacha nó grúpaí comhairliúcháin atá dírithe ar áit ar leith, agus maidir leis an gcur chuige a bhaineann le faisnéis a tharchur chuig an bhFóram Comhchomhairleach.

4. Beidh an Fóram Comhchomhairleach de chúnamh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ag an mBord Bainistíochta i gcúrsaí tearmainn, i gcomhréir le riachtanais shonracha i réimsí a shainaithnítear mar thosaíocht ó thaobh obair na Gníomhaireachta de.

5. Déanfaidh an Fóram Comhchomhairleach, go háirithe, an méid seo a leanas:

(xx)moltaí a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir leis an gclársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 41;

(yy)aiseolas a thabhairt don Bhord Bainistíochta agus bearta leantacha a mholadh maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 65; agus

(```)conclúidí agus moltaí ag eascairt as comhdhálacha, seimineáir agus cruinnithe a chur in iúl don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Bhord Bainistíochta, mar aon le torthaí aon staidéar nó oibre allamuigh a dhéanfaidh aon cheann de na heagraíochtaí nó comhlachtaí ar baill iad den Fhóram Comhchomhairleach is ábhartha ó thaobh obair na Gníomhaireachta de.

6. Dhá uair sa bhliain ar a laghad a thiocfaidh an Fóram Comhchomhairleach le chéile.

CAIBIDIL 10

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 49

Buiséad

1. Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile na Gníomhaireachta gach bliain airgeadais, de réir na bliana féilire, agus léireofar iad i mbuiséad na Gníomhaireachta.

2. Beidh buiséad na Gníomhaireachta comhardaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

3. Gan dochar d'acmhainní eile, beidh ar áireamh in ioncam na Gníomhaireachta:

(aaa)ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh;

(bbb)cistiú ón Aontas i bhfoirm comhaontuithe tarmligin nó deontais ad hoc i gcomhréir leis na rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 53 agus le forálacha na nionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais;

(ccc)aon ranníocaíocht deonach ó na Ballstáit;

(ddd)aon ranníocaíocht ó na tíortha comhlachais;

(eee)táillí a bhaineann le foilseacháin agus le haon seirbhís eile a sholáthróidh an Ghníomhaireacht;

4. Cuirfear luach saothair foirne, speansais riaracháin agus bonneagair agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas na Gníomhaireachta.

Airteagal 50

An buiséid a bhunú

1. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtráiteas sealadach a tharraingt suas uair sa bhliain ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn, lena náirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.

2. Ar bhonn an dréachta shealadaigh sin, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn.

3. Cuirfear an dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Eanáir gach bliain.

4. Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh chuig an údarás buiséadach.

5. Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na meastacháin sin a mheasfaidh sé is gá don phlean bunaíochta agus méid an fhóirdheontais a bhainfear as an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagal 313 agus le hAirteagal 314 den Chonradh.

6. Údaróidh an túdarás buiséadach na leithreasuithe i gcomhair na ranníocaíochta a thabharfar don Ghníomhaireacht.

7. Glacfaidh an túdarás buiséadach plean bunaíochta na Gníomhaireachta.

8. Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad na Gníomhaireachta. Beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Más gá, déanfar é a choigeartú dá réir.

9. I gcás aon tionscadail ar dócha go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad na Gníomhaireachta, beidh feidhm ag forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 28 ón gCoimisiún maidir leis.

Airteagal 51

An buiséad a chur chun feidhme

1. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gach faisnéis ábhartha a bhaineann le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach uair sa bhliain.

Airteagal 52

Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1. Faoin 1 Márta den bliain airgeadais dár gcionn, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

2. Faoin 31 Márta den bliain airgeadais dár gcionn, cuirfidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil faoin mbainistiú buiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

Faoin 31 Márta den bliain airgeadais dár gcionn, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí.

3. Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, de bhun Airteagal 148 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 29 déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas faoina fhreagracht féin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

4. Tabharfaidh an Bord Bainistithe tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

5. Faoin 1 Iúil tar éis gach bliana airgeadais, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha sin, in éineacht le tuairim an Bhoird Bainistíochta, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí.

6. Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dár gcionn.

7. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena barúlacha faoin 30 Meán Fómhair. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta freisin.

8. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis is gá faoi bhráid na Parlaiminte, arna iarraidh sin di, chun an nós imeachta um urscaoileadh a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais i dtrácht, i gcomhréir le hAirteagal 165(3) den Rialachán Airgeadais.

9. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a urscaoileadh roimh an 15 Bealtaine den bhliain N + 2, i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain N.

Airteagal 53

Rialacha airgeadais

1.Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Déanfaidh siad Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 a chomhlíonadh ach amháin i gcás ina mbeidh gá le maolú ar fhorálacha an Rialacháin sin go sonrach le haghaidh fheidhmiú na Gníomhaireachta agus más rud é gur thoiligh an Coimisiún leis roimh ré.

2.Féadfaidh an Ghníomhaireacht deontais a thabhairt a bhaineann le comhlíonadh na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 2, i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le tarmligean an Choimisiúin de bhun Airteagal 58(1)(c)(iv) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. 30  Beidh feidhm ag forálacha ábhartha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012  31 ón gCoimisiún.

CAIBIDIL 11

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 54

Stádas dlíthiúil

1. Beidh an Ghníomhaireacht ina comhlacht de chuid an Aontais. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2. I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an nGníomhaireacht an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe na mBallstát. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sí bheith ina páirtí in imeachtaí dlí.

3. Beidh an Ghníomhaireacht neamhspleách i ndáil le cúrsaí oibríochtúla agus teicniúla.

4. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.

5. Is i Málta a bheidh an Ghníomhaireacht lonnaithe.

Airteagal 55

Foireann

1. Beidh feidhm ag Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais Eorpaigh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir le foireann na Gníomhaireachta.

2. Déanfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun feidhme iomchuí a ghlacadh ionas go mbeidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

3. Feidhmeoidh an Ghníomhaireacht na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin faoi na Rialacháin Foirne agus don údarás atá i dteideal conarthaí a thabhairt chun críche le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach eile i dtaca lena foireann féin.

4. Féadfaidh an Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as foireann eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht. Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe naisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht.

5. Féadfaidh an Ghníomhaireacht foireann a fhostú chun dul ag obair ar an láthair sna Ballstáit.

Airteagal 56

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht agus maidir lena foireann.

Airteagal 57

Socruithe teanga

1. Beidh feidhm maidir leis an nGníomhaireacht ag na forálacha atá leagtha síos i Rialachán Uimh. 1 32 ón gComhairle.

2. Gan dochar do chinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 342 den Chonradh, déanfar an tuarascáil chomhdhlúthaithe bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus an doiciméad clársceidealaithe a fhoilsiú i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais Eorpaigh.

3. Is é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a chuirfidh na seirbhísí aistriúcháin is gá ar fáil chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht.

Airteagal 58

Trédhearcacht

1. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.

2. Féadfaidh an Ghníomhaireacht ábhar a chur in iúl ar a tionscnamh féin sna réimsí a thagann faoina dualgas. Déanfaidh sí an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a chur ar fáil don phobal agus áiritheoidh sí, go sonrach, go ndéanfar eolas oibiachtúil iontaofa sothuigthe faoina cuid oibre a thabhairt don phobal agus d’aon pháirtí leasmhar go luath.

3. Laistigh de shé mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe maidir le mír 1 agus mír 2 a chur i bhfeidhm.

4. Beidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach i dteideal cumarsáid a dhéanamh i scríbhinn leis an nGníomhaireacht in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais. Beidh sé de cheart ag an duine sin freagra a fháil sa teanga chéanna.

5. Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina nábhar gearáin chuig an Ombudsman nó a bheith mar pháirt de chaingean os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 263 den Chonradh faoi seach.

Airteagal 59

Calaois a chomhrac

1. Chun an comhrac in aghaidh calaoise, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a éascú, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  33 . Aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus glacfaidh sí na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le foireann uile na Gníomhaireachta agus an teimpléad atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú á úsáid aici.

2. Beidh cumhacht iniúchóireachta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ón nGníomhaireacht.

3. Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna chistiú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle. 34

4. Gan dochar do mhír 1, mír 2 agus mír 3, cuimseofar i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais na Gníomhaireachta, forálacha a thugann cumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do OLAF chun iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, de réir a gcuid inniúlachtaí féin.

Airteagal 60

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht rialacha slándála an Choimisiúin a chur i bhfeidhm mar atá leagtha síos i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 35 agus i gCinneadh (EU, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún. 36 Beidh feidhm ag na rialacha sin, go háirithe, i dtaca le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

2. Ina theannta sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht na prionsabail slándála i bhfeidhm a bhaineann le faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a phróiseáil mar atá leagtha amach sna Cinntí dá dtagraítear i mír 1 agus de réir mar atá curtha chun feidhme ag an gCoimisiún. Déanfaidh an Bord Bainistíochta bearta a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm na bprionsabal slándála sin.

Airteagal 61

Dliteanas

1. Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i dtrácht.

2. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána atá i gconradh arna thabhairt chun críche ag an nGníomhaireacht.

3.I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arbh iad a ranna nó a foireann ba chúis leis agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

4. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as damáiste dá dtagraítear i mír 3.

5. Beidh dliteanas pearsanta a foirne i leith na Gníomhaireachta á rialú ag na forálacha atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir léi.

Airteagal 62

Faireachán riaracháin

Beidh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoi réir imscrúduithe an Ombudsman i gcomhréir le hAirteagal 228 den Chonradh.

Airteagal 63

Comhaontú maidir le ceanncheathrú agus dálaí oibríochta

1. Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil don Ghníomhaireacht sa Bhallstát aíochta agus na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát aíochta maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, foireann na Gníomhaireachta agus a gclann, leagfar síos iad i gComhaontú Ceanncheathrún idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát aíochta a thabhafar chun críche i ndiaidh formheas a fháil ón mBord Bainistíochta.

2. Déanfaidh Ballstát aíochta na Gníomhaireachta na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht mar is ceart, lena náirítear córas oideachais ilteangach a bhfuil gné Eorpach ag baint leis agus naisc iomchuí iompair a chur ar fáil.

CAIBIDIL 12

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 64

Nós Imeachta Coiste

1. Beidh Coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh.182/2011 37 a bheidh sa choiste sin.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina bhfaightear tuairim an choiste trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go niarrann tromlach dhá thrian de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

4. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

5. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 65

Tuairisciú

1.Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas Eorpach a tharraingt suas, agus aird chuí á tabhairt aici ar fhaisnéis atá ar fáil cheana féin ó fhoinsí ábhartha eile. Mar chuid den tuarascáil sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar thorthaí na ngníomhaíochtaí a rinneadh faoin Rialachán seo agus déanfaidh sí anailís chomparáideach chuimsitheach orthu d'fhonn cáilíocht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht CET a fheabhsú.

2.Déanfaidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a tharchur chuig an mBord Bainistíochta, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 66

Meastóireacht agus athbhreithniú

1. Tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis lá theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, coimisiúnóidh an Coimisiún meastóireacht chun measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar fheidhmíocht na Gníomhaireachta maidir lena cuspóirí, a sainordú agus a cúraimí. Cumhdófar leis an meastóireacht sin tionchar na Gníomhaireachta ar chomhar praiticiúil maidir le cúrsaí tearmainn agus ar CET. Sa mheastóireacht, tabharfar aird chuí ar an dul chun cinn a bheidh déanta aici, faoina sainordú, lena náirítear measúnú a dhéanamh an bhfuil gá le bearta breise d'fhonn dlúthpháirtíocht éifeachtach a áirithiú agus d'fhonn a áirithiú go ndéanfar freagrachtaí a roinnt leis na Ballstáit atá faoi réir brú ar leith.

Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht sin, go háirithe, ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith ann sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú agus ar na himpleachtaí airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ag aon mhodhnú den sórt sin. Ina theannta sin, scrúdófar an struchtúr bainistíochta féachaint an bhfuil sé iomchuí chun dualgais na Gníomhaireachta a chomhlíonadh. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht tuairimí na ngeallsealbhóirí, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

2. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta mar aon lena chonclúidí maidir leis an tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Cuirfear torthaí na meastóireachta ar fáil don phobal.

3. Tráth a dhéanfar gach dara meastóireacht, déanfaidh an Coimisiún a mheas, i dtaca le cuspóirí, sainordú agus cúraimí na Gníomhaireachta, an bhfuil údar leis an nGníomhaireacht a thuilleadh agus féadfaidh sé a mholadh an Rialachán seo a leasú dá réir nó é a aisghairm.

Airteagal 67

Aisghairm

1. Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 le héifeacht ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá leagtha amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 68

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra

1.2.Réimse beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA

1.1.Teideal an togra

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 439/2010

1.2.Réimse beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 38  

Réimse beartais: Tearmann agus Imirce (Teideal 18)

Gníomhaíocht: Tearmann

1.3.An cineál togra

Baineann an togra le beart nua 

Baineann an togra le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 39  

Baineann an togra le síneadh ar bheart atá ann cheana 

Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóir

1.4.1.Cuspóir straitéiseach ilbhliantúil an Choimisiúin ar a bhfuil an togra dírithe

Is é is aidhm don togra seo ról EASO a neartú agus gníomhaireacht iomlán cuimsitheach a dhéanamh de a éascóidh cur chun feidhme CET agus a fheabhsóidh an dóigh a bhfeidhmíonn sé.

Is léiriú é ar an bhforbairt sin go mbeartaítear leis an togra Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a thabhairt ar EASO feasta.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh. 1: Cur chun feidhme CET a éascú agus an dóigh a bhfeidhmíonn sé a fheabhsú.

– Faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme CET

– Gníomhaíochtaí tacaíochta do chur chun feidhme CET

– Gníomhaíochtaí tacaíochta do chomhar praiticiúil idir na Ballstáit

– Faisnéis faoin tír thionscnaimh agus anailís choiteann

– Dlí an Aontais agus caighdeáin oibríochtúla maidir le tearmann a chur chun cinn

Cuspóir sonrach Uimh. 2: Cúnamh breise oibríochtúil agus teicniúil a thabhairt do na Ballstáit

– Feabhas a chur ar chomhar praiticiúil agus ar mhalartú faisnéise

– Gníomhaíochtaí um thacaíocht oibríochtúil

– Comhar le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí

– Caighdeáin oibríochtúla, treoirlínte agus dea-chleachtais maidir le tearmann

– Cumarsáid, malartú faisnéise

Gníomhaíocht ABM/ABB lena mbaineann

Gníomhaíocht 18 03: Tearmann agus Imirce

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is é an aidhm atá ann gníomhaireacht iomlán cuimsitheach a dhéanamh de EASO a mbeidh sé de chumas aici:

– an cúnamh teicniúil agus oibríochtúil is gá a sholáthar do na Ballstáit;

– comhar praiticiúil agus malartú faisnéise a mhéadú idir na Ballstáit;

– tacú le dáileadh inbhuanaithe cothrom na niarratas ar chosaint idirnáisiúnta;

– faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme CET agus ar acmhainn chórais tearmainn agus glactha sna Ballstáit; agus

– cóineasú a chumasú i measúnú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar fud an Aontais.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra.

– An líon easnamh a fuarthas tráth a rinneadh faireachán agus measúnú ar chur chun feidhme CET in aghaidh na bliana

– An líon gníomhaíochtaí tacaíochta do chur chun feidhme CET in aghaidh na bliana

– An líon gníomhaíochtaí tacaíochta do chomhar praiticiúil idir na Ballstáit in aghaidh na bliana

– An líon tíortha tionscnaimh dá ndréachtaítear tuarascálacha ar fhaisnéis faoin tír thionscnaimh agus dá ndéantar anailís choiteann in aghaidh na bliana

– An líon caighdeán oibríochtúil, an líon treoirlínte agus an líon dea-chleachtas i ndáil leis an tearmann in aghaidh na bliana

– An líon gníomhaíochtaí agus líonraí um chomhar praiticiúil in aghaidh na bliana

– An líon socruithe i ndáil le malartú faisnéise in aghaidh na bliana

– An líon gníomhaíochtaí tacaíochta in aghaidh na bliana

– An líon gníomhaíochtaí agus socruithe i gcomhar le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí ábhartha in aghaidh na bliana

–An líon gníomhaíochtaí cumarsáide in aghaidh na bliana

1.5.Foras an togra

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Sa togra seo, cuirtear leis an sainordú atá ag EASO faoi láthair agus leathnaítear é d'fhonn gníomhaireacht iomlán cuimsitheach a dhéanamh de EASO a bhfuil na huirlisí riachtanacha aici chun: (1) comhar praiticiúil agus malartú faisnéise i ndáil le tearmann a fheabhsú; (2) dlí an Aontais agus caighdeáin oibríochtúla a chur chun cinn d'fhonn ardleibhéal aonfhoirmeachta a áirithiú i gcur i bhfeidhm an chreata dhlíthiúil i ndáil le tearmann; (3) cóineasú níos fearr a áirithiú agus measúnú á dhéanamh ar riachtanais chosanta ar fud an Aontais; (4) faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme CET; (5) cúnamh breise oibríochtúil agus teicniúil a thabhairt do na Ballstáit chun na córais tearmainn agus glactha a bhainistiú, go háirithe i gcás brú díréireach.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Is iad seo cuspóirí an togra seo: cur chun feidhme CET a éascú agus feidhmiú an chórais a fheabhsú; comhar praiticiúil agus malartú faisnéise a neartú idir na Ballstáit maidir le cúrsaí tearmainn; dlí an Aontais agus caighdeáin oibríochtúla a chur chun cinn sa chaoi go náiritheofar ardleibhéal aonfhoirmeachta maidir le nósanna imeachta tearmainn, coinníollacha glactha agus measúnú riachtanas cosanta ar fud an Aontais; faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil dhlí an Aontais maidir le tearmann agus breis tacaíochta, idir thacaíocht oibríochtúil agus tacaíocht theicniúil, a chur ar fáil do na Ballstáit chun go bhféadfaidh siad bainistiú a dhéanamh ar na córais tearmainn agus glactha, go háirithe tacaíocht do Bhallstáit a bhfuil a gcórais tearmainn agus glactha faoi brú díréireach.

Ós rud é gur leis an leas coiteann é a áirithiú go ndéantar an creat dlíthiúil i ndáil le tearmann a chur i bhfeidhm go cuí, trí ghníomhaíochtaí comhbheartaithe idir na Ballstáit le tacaíocht ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, d'fhonn cobhsaíocht agus ord i bhfeidhmiú CET a dhaingniú, ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra seo a bhaint amach go leordhóthanach agus is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Ó chuaigh sé i mbun oibre in 2011, thacaigh EASO ar bhonn leanúnach leis na Ballstáit na rialacha reatha a chur i bhfeidhm agus feidhmiú na nuirlisí a bhí ann cheana a fheabhsú. Tá taithí faighte ag an nGníomhaireacht agus meas ar a cuid oibre maidir le comhar praiticiúil idir na Ballstáit agus maidir le cuidiú leo a noibleagáidí faoi CET a chur chun feidhme. Le himeacht aimsire, tháinig forbairt de réir a chéile ar chúraimí EASO, sa dóigh go mbeifí in ann freastal ar riachtanais na mBallstát agus CET ina niomláine, ar riachtanais iad a bhfuil fás fúthu i gcónaí. Tá méadú ag teacht ar an méid a bhraitheann na Ballstáit ar thacaíocht oibríochtúil agus theicniúil na Gníomhaireachta. Is mór an teolas agus an taithí atá ag an ngníomhaireacht ar réimse an tearmainn agus is mithid lárionad saineolais aistí féin a dhéanamh di, seachas í a bheith ag brath go mór ar fhaisnéis agus ar shaineolas a chuireann na Ballstáit ar fáil.

Dar leis an gCoimisiún, tá an Ghníomhaireacht ar cheann de na huirlisí sin a fhéadfaidh a úsáid go héifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar na laigí struchtúracha in CET, laigí ar géire anois iad mar gheall ar theacht isteach imirceach agus iarrthóirí tearmainn san Aontas ar mórscála agus go neamhrialaithe, go háirithe i rith na bliana seo caite. Is amhlaidh nach bhféadfaí athchóiriú a dhéanamh ar CET gan sainordú a bheith ag an nGníomhaireacht a fhreagraíonn do na héilimh a bheidh ann de bharr an athchóirithe. Is den riachtanas é go mbeidh na hacmhainní is gá ag an nGníomhaireacht chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit i gcás géarchéime, ach is riachtanaí fós creat láidir dlí atá oibríochtúil agus praiticiúil a chruthú don Ghníomhaireacht chun gur féidir tacaíocht bhreise a thabhairt do chórais tearmainn agus glactha na mBallstát agus chun gur féidir iad a chomhlánú.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá an togra seo i gcomhréir leis an mbeartas cuimsitheach fadtéarmach maidir le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an imirce atá leagtha amach sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce ón gCoimisiún, clár oibre ina ndearnadh de Threoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin Juncker sraith de thionscnaimh chomhleanúnacha, atá atreisitheach ar bhonn frithpháirteach, bunaithe ar cheithre cholún. Is iad na ceithre cholún sin: an dreasacht don imirce neamhrialta a laghdú, teorainneacha seachtracha a dhaingniú agus beatha daoine a shábháil, beartas láidir maidir le tearmann agus beartas nua maidir le himirce dhlíthiúil. Leis an togra cuirtear an Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce chun feidhme a thuilleadh, go háirithe i dtaca leis an gcuspóir beartas tearmainn an Aontais a neartú de bhrí go náiritheoidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann go gcuirfear CET chun feidhme go hiomlán agus go comhleanúnach.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

◻Togra a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

◻ Togra a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

◻ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

Togra a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 40  

Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

◻ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

◻ trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí atá faoi réir an dlí phríobháidigh agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí atá faoi réir dhlí phríobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

- I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Tá sé de dhualgas ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a gníomhaíochtaí a thuairisciú. Ní mór do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann tuarascáil bhliantúil gníomhaíochtaí ar staid an tearmainn a tharraingt suas, tuarascáil inar gá di meastóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a dhéanann sí le linn na bliana. Ní mór anailís chomparáideach ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a bheith sa tuarascáil ionas go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht cáilíocht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht CET a fheabhsú. Ní mór don Ghníomhaireacht an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí sin a chur ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Ní mór don Choimisiún meastóireacht a choimisiúnú faoi cheann trí bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, chun measúnú a dhéanamh go háirithe ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na Gníomhaireachta agus a cleachtais oibre. Ní mór tionchar na Gníomhaireachta ar chomhar praiticiúil maidir le cúrsaí tearmainn agus ar CET a chumhdach sa mheastóireacht sin. Ní mór don Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta mar aon lena chonclúidí maidir leis an tuarascáil a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Ní mór torthaí na meastóireachta a chur ar fáil don phobal.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

- Is gá cur le hinniúlachtaí na Gníomhaireachta arb ann dóibh cheana d'fhonn cur chun feidhme CET agus chóras athchóirithe Bhaile Átha Cliath a áirithiú. Is gá tacaíocht bhreise a thabhairt d'fhoireann agus d'acmhainní na Gníomhaireachta chun a áirithiú go gcomhlíonfar a misean siúd. Cuirfear an Comhchóras Eorpach Tearmainn (CET) i mbaol mura ndéanfar na athruithe seo.

- Sreabha mór imirce neamhrialaithe, a chuirfidh brú leanúnach ar na córais tearmainn agus glactha agus, dá dheasca sin, a chuirfidh moill ar an aistriú ó mhodh éigeandála go staid ina ndéantar na córais imirce agus tearmainn a bhainistiú mar is iomchuí.

- Earcaíocht foirne: d'fhéadfadh baol a bheith ann ó thaobh luas na hearcaíochta de toisc go bhfuil acmhainn laghdaithe ag an nGníomhaireacht faoi láthair, tá an próiseas earcaíochta mall go maith agus tá an líon cúraimí atá le déanamh ag dul i méid. Tá an Coimisiún ag iarraidh teacht timpeall ar an méid sin trí thacaíocht a thabhairt agus faireachán rialta a dhéanamh.

- D'fhéadfadh sé nach mbeidh an Ghníomhaireacht in ann a cúraimí nua a dhéanamh de dheasca moill ar ghlacadh an bhunúis dlí do chóras leasaithe Bhaile Átha Cliath agus forbairtí gaolmhara a bhaineann le teicneolaíocht na faisnéise is ceart don Ghníomhaireacht a oibriú agus a bhainistiú.

- Tá ró-spleáchas fós ar eolas na mBallstát agus tá moill ar an nGníomhaireacht a bonn faisnéise féin a fhorbairt agus feidhmiú mar fhíor-lárionad saineolais aisti féin.

2.2.2.Modhanna rialaithe atá beartaithe

Cuirfear cuntais na Gníomhaireachta faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí lena bhformheas, agus beidh siad faoi réir an nós imeachta urscaoilte. Déanfaidh Seirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach a cuid iniúchtaí féin i gcomhar le hiniúchóir inmheánach na Gníomhaireachta.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

- An Ghníomhaireacht: Is é an Stiúrthóireacht Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme. Gach bliain, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais mhionsonraithe ar an ioncam agus ar an gcaiteachas uile ón mbliain airgeadais roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta agus na Cúirte Iniúchóirí. Ina theannta sin, tabharfaidh Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin cúnamh chun oibríochtaí airgeadais na Gníomhaireachta a bhainistiú trí rioscaí a rialú, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh trí thuairim neamhspleách a thabhairt ar cháilíocht na gcóras bainistíochta agus rialaithe agus trí mholtaí a dhéanamh chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht na noibríochtaí a fheabhsú agus chun a áirithiú go mbainfear úsáid thíosach as acmhainní na Gníomhaireachta.

Glacfaidh an Ghníomhaireacht a Rialachán Airgeadais tar éis Rialachán Tarmligthe Uimh. 1271/2013, tar éis di comhaontú a fháil ón gCoimisiún agus ón gCúirt Iniúchóirí. Cuirfidh an Ghníomhaireacht córas iniúchóireachta inmheánaí i bhfeidhm a bheidh ar aon dul leis an gceann a thug an Coimisiún isteach mar chuid dá athstruchtúrú féin.

- Comhar le OLAF: comhoibreoidh na baill foirne atá faoi réir Rialacháin Foirne an Choimisiúin le OLAF chun calaois a chomhrac.

- An Chúirt Iniúchóirí: Scrúdóidh an Chúirt Iniúchóirí na cuntais i gcomhréir le hAirteagal 248 den Chonradh agus foilseoidh sí tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne buiséid ar a nimreofar tionchar

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghascaiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal 3]

LD/LN 41 .

ó thíortha de chuid CSTE 42

ó thíortha is iarrthóirí 43

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

18.03.02 an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EAS)

LD/LN

NÍL

NÍL

TÁ*

NÍL

Faigheann EASO ranníocaíochtaí ó thíortha comhlachais.

Línte nua buiséid atá á niarraidh

Ní gá líne buiséid nua a iarraidh ach ba cheart líne buiséid 18 03 02 a athainmniú dá réir

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghascaiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal………………………………………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

3

Slándáil agus Saoránacht

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann

Bliain2017 44

Bliain2018

Bliain2019

Bliain2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

 Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1)

Íocaíochtaí

(2)

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2 a)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 45  

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe
do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann

Gealltanais

=1+1a +3

66.206

86.971

96.686

114.100

363.963

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

66.206

86.971

96.686

114.100

363.963







Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain2017

Bliain2018

Bliain2019

Bliain2020

IOMLÁN

COIMISIÚN

 Acmhainní daonna

0,536

0,536

0,536

0,536

2,144

 Caiteachas riaracháin eile

0,030

0,030

0,030

0,030

0,120

IOMLÁN, COIMISIÚN

Leithreasuithe

0,566

0, 566

0, 566

0, 566

2,264

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0, 566

0, 566

0, 566

0, 566

2,264

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain2017 46

Bliain2018

Bliain2019

Bliain2020

IOMLÁN

TOTAL
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

66.206,5

86.971,5

96.686,5

114.100,5

363.963,5

Íocaíochtaí

66.206,5

86.971.5

96.686,5

114.100,5

363.963,5

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann

◻ Ní éilíonn an togra go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Éilíonn an togra go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain2017

Bliain2018

Bliain2019

Bliain2020

IOMLÁN

Saghas 47

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 48 : Cur chun feidhme CET a éascú agus an dóigh a bhfeidhmíonn sé a fheabhsú

Aschur

Gníomhaíochtaí tacaíochta i ndáil le cur chun feidhme CET

90.104,922

70

7.810.000,00

120

10.810.000,00

150

13.810.000,00

170

13.523.510,20

510

45.953.510,200

- Aschur

Gníomhaíochtaí tacaíochta i ndáil le comhar praiticiúil idir na Ballstáit

40.586,80

100

6.081.250

150

6.081.250

200

6.981.250

200

7.237.654

650

26.381.404,080

Aschur

Faisnéis faoin tír thionscnaimh agus anailís choiteann

494.651,327

8

4.306.250,00

10

4.645.000,00

10

4.845.000,00

12

5.989.803,06

40

19.786.053,060

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

625.343,05

178

18.197.500,000

280

21.536.250,000

360

25.636.250,000

382

26.750.967,340

1200

92.120.967,340

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2: Cúnamh breise oibríochtúil agus teicniúil a thabhairt do na Ballstáit

- Aschur

Gníomhaíochtaí um thacaíocht oibríochúil

572.666,823

70

28.633.341,16

70

28.633.341,16

70

28.633.341,16

70

28.633.341,16

280

114.533.364,620

Aschur

Comhar le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí

73.281,678

15

1.240.000,00

20

1.740.000,00

25

1.740.000,00

30

1.875.351,02

90

6.595.351,020

Aschur

Caighdeáin oibríochtúlaagus dea-chleachtais maidir le tearmann

43.969,007

15

500.000

20

700.000

20

800.000

20

1.297.675,51

75

3.297.675,510

- Aschur

Cumarsáid, malartú faisnéise

82.441,888

10

500.000

10

700.000

10

800.000

10

1.297.675,51

40

3.297.675,510

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

772.359,40

110

30.873.341,155

120

31.773.341,155

125

31.973.341,155

130

33.104.043,195

485

127.724.066,660

COSTAS IOMLÁN

1.309.064,436

288

49.070.841,155

400

53.309.591,155

485

57.609.591,155

512

59.855.010,535

1685

219.845.034,000

*Ní ar taispeáint sa tábla seo ach caiteachas oibríochtúil de réir Theideal 3                

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

◻ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

☑ Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Acmhainní daonna

2017

2018

2019

2020

C(2013)519 bonnlíne

51

51

51

51

Leasuithe

40

40

40

40

Bonnlíne leasaithe

91

91

91

91

Poist bhreise a iarradh (ní liosta carnach é)*

64

59

70

82

Poist bhunaíochta (de réir an líon daoine)

155

214

284

366

Ar AD iad

107

135

179

231

Ar AST iad

48

79

105

135

Pearsanra seachtrach (FTE)

52

83

106

134

Ar gníomhairí ar conradh iad

41

72

95

123

Ar saineolaithe náisiúnta ar iasacht iad

11

11

11

11

Líon iomlán na mball foirne

207

297

390

500

* Don bliain 2017, iarrtar 34 phost faoi shainordú 2017, agus iarrtar 30 post breise i bhfianaise an tsainordaithe nua.

Caiteachas foirne

2017

2018

2019

2020

Poist don phlean bunaíochta
(de réir an líon daoine)

16.482.000

24.723.000

33.366.00

43.550.000

- Ar AD iad

12.060.000

16.214.000

21.038.000

27.470.000

- Ar AST iad

4.422.000

8.509.000

12.328.000

16.080.000

Foireann sheachtrach (FTE)

3.238.000

4.813.000

6.703.000

8.488.000

- Ar gníomhairí ar conradh iad

2.380.000

3.955.000

5.845.000

7.630.000

- Ar saineolaithe náisiúnta ar iasacht iad

858.000

858.000

858.000

858.000

Líon iomlán na mball foirne

19.720.000

29.536.000

40.069.000

52.038.000

Faoin togra, leantar an laghdú 5 % ar an líon ball foirne idir 2013 agus 2017 atá beartaithe faoin athchóiriú trí laghdú a dhéanamh ar fhoireann na Gníomhaireachta de réir a chéile ag ráta 1 % le haghaidh an phlean bunaíochta do 2017 (cuireadh ráta laghdaithe den sórt céanna i bhfeidhm sna blianta 2013-2016).

I rith na bliana 2014-2015, rinneadh atreisiú ar phlean bunaíochta na Gníomhaireachta agus cuireadh 40 post breise leis chun go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann dul i ngleic le riachtanais na mBallstát éagsúil i ndáil leis an tearmann ar an mbealach ab éifeachtaí. Mar sin féin, chun go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann na cúraimí nua dá bhforáiltear sa Rialachán a chur chun feidhme, beidh 275 phost breise de dhíth ar an nGníomhaireacht faoi 2020. Go háirithe, tá na poist bhreise seo de dhíth:

Foireann bhreise atá de dhíth ar EASO chun a cúraimí a nua a dhéanamh faoin sainordú nua

(tabhair sonraí de réir an chuspóra oibríochtúil)

Líon iomlán na mball foirne (FTE)

AD

AST

CA

Cuspóir

55

36

8

11

Cuspóir 1: Sásra chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na córais tearmainn agus glactha agus nós imeachta maidir leis an nGníomhaireacht faireachán agus measúnú a dhéanamh; bainistiú agus oibriú chóras Bhaile Átha Cliath

44

21

12

11

Cuspóir 2: Faisnéis faoi chur chun feidhme CET: Faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit; Anailís faisnéise ar staid an tearmainn; Próisis cháilíochta agus saineolas

32

13

8

11

Cuspóir 3: Líonraí Eorpacha le haghaidh faisnéis faoi thíortha tionscnaimh; Anailís choiteann ar fhaisnéis faoi thíortha tionscnaimh; Tíortha sábháilte tionscnaimh agus tríú tíortha sábháilte a ainmniú

126

66

29

31

Cuspóir 4: Plean oibríochta: Díorma um idirghabháil tearmainn Foirne tacaíochta tearmainn; Gníomhaíochtaí i ndáil le hathlonnú; Brú díréireach ar na córais tearmainn agus glactha; Trealamh teicniúil; Foirne tacaíochta bainistithe imirce

34

16

13

5

Cuspóir 5: Comhar le EASO maidir le tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa .(curtha in áirithe); Cooperation DK, tíortha comhlachais, tríú tíortha, gníomhaireachtaí, comhlachtaí agus oifigí de chuid an Aontais, UNHCR agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, tacaíocht do na Ballstáit i ndáil le CET, Fóram Comhchomhairleach

23

11

9

3

Cuspóir 6: Caighdeáin oibríochtúla, treoirlínte agus dea-chleachtais

15

2

7

6

Cuspóir 7: Tionscnaimh chumarsáide ar a tionscnamh féin sna réimsí atá laistigh dá sainordú.

28

9

15

4

Tacaíocht bhainistíochta agus riaracháin do na cúraimí nua

357

174

101

82

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

◻ Ní éilíonn an togra go núsáidfear acmhainní daonna.

☑ Éilíonn an togra go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

2017

2018

2019

2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

•P oist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

4

4

4

4

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 49

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  50

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

4

4

4

4

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Tuairim an Choimisiúin ar an gclár oibre bliantúil a ullmhú agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Maoirseacht a dhéanamh ar ullmhú bhuiséad na Gníomhaireachta agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid. Cúnamh a thabhairt don Ghníomhaireacht a gníomhaíochtaí a fhorbairt i gcomhréir le beartais an Aontais Eorpaigh, lena náirítear trí bheith rannpháirteach i gcruinnithe le saineolaithe.

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

Tá an togra comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha agus d'fhéadfadh sé go mbeidh úsáid ionstraimí speisialta mar atá sainmhínithe i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle 51 i gceist.

◻ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ina chuid den togra seo.

Cuireadh go mór le buiséid na Gníomhaireacht do na blianta 2015 agus 2016. I mbuiséad 2015 rinneadh foráil maidir le 40 ball foirne breise sa phlean bunaíochta i bhfianaise an ról níos mó a bhí ag an nGníomhaireacht i dtacaíocht a thabhairt do na Ballstáit i ndáil le cúrsaí tearmainn. I gcás bhuiséad 2016, cuireadh go mór leis i dtaobh caiteachas oibríochtúil agus tá idirghabhálacha EASO chun tacú leis na Ballstáit ag dul i méid i gcónaí.

Éilíonn an togra go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 52 .

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

◻ Ní dhéantar foráil sa togra maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

☑ Tá foráil déanta sa togra maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

2017

2018

2019

2020

Iontráil na mblianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Ranníocaíochtaí ó Tíortha Comhlachaithe Schengen

pm

pm

pm

pm

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe




An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra 53

BliainN

BliainN+1

BliainN+2

BliainN+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1) COM(2016) 197 final.
(2) EUCO 19.02.2016, SN 1/16
(3) COM(2015) 240 final.
(4) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014–2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
(5) Conclúidí ón gComhairle maidir le cóineasú i gcleachtais chinnteoireachta tearmainn, 21 Aibreán 2016, 8210/16.
(6) COM(2015) 671 final.
(7) Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (IO L 132, 29.5.2010, lch. 11).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 23).
(9) IO L […]
(10) Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008 lena mbunaítear Gréasán Imirce na hEorpa (IO L 131, 21.5.2008, lch 7).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(12) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(13) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Méan Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, Lch. 1).
(14) IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.
(15) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(16) Rialachán (CE) Uimh.45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(17) IO L […]
(18) IO L […]
(19) IO C […]
(20) IO L […]
(21) Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (athmhúnlú) (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).
(22) Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar (IO L 337, 20.12.2011, lch. 9).
(23) IO L […]
(24) Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 286, 1.11.2011, lch. 1).
(25) Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).
(26) Cinneadh 2015/444 (AE, Euratom) ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, Lch. 53).
(27) Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1)
(28) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).
(29) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch.1).
(30) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch.1).
(31) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).
(32) Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).
(33) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Méan Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, Lch. 1).
(34) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, Lch. 2).
(35) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).
(36) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
(37) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(38) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(39) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(40) Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin ArdStiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(41) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
(42) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(43) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(44) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra.
(45) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(46) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra.
(47) Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.)
(48) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. "Cuspóirí sonracha..."
(49) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(50) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(51) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014–2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
(52) Féach Airteagal 11 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020.
(53) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,4.5.2016

COM(2016) 271 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010


IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010

Tábla Comhghaoil

Rialachán (AE) Uimh. 439/2010.

An Rialachán seo

Airteagal 1 agus Airteagal 2(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2(1) (seachas Airteagal 2(1)(g) agus (h))

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(1)(g)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(4)

Airteagal 1(2)

Airteagal 3(1) agus Airteagal 3(3)

Airteagal 2(5)

Airteagal 3(2)

Airteagal 2(6)

Airteagal 3

Airteagal 12(1)

Airteagal 4

Airteagal 8

Airteagal 5

Airteagal 2(1)(h)

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 12(3)

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 7, mír 1

Airteagal 2(2)

Airteagal 7, mír 2

Airteagal 35(4)

Airteagal 7, mír 3

Airteagal 35(2)

Airteagal 8

Airteagal 22(1)

Airteagal 9

Airteagal 4

Airteagal 10

Airteagal 16(3)

Airteagal 11

Airteagal 5

Airteagal 12(1)

Airteagal 65

Airteagal 12(2)

Airteagal 12(2)

Airteagal 13(1)

Airteagal 16(1)

Airteagal 16(2)

Airteagal 13(2)

Airteagal 16(3)

Airteagal 14

Airteagal 16(3)

Airteagal 15

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagal 18

Airteagal 17

Airteagal 20

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 21

Airteagal 22(2)-(7)

Airteagal 23

Airteagal 19

Airteagal 24

Airteagal 20

Airteagal 25

Airteagal 21

Airteagal 26

Airteagal 22

Airteagal 27

Airteagal 23

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 24

Airteagal 38

Airteagal 25

Airteagal 39

Airteagal 41

Airteagal 26

Airteagal 42

Airteagal 27

Airteagal 43

Airteagal 28

Airteagal 44

Airteagal 29

Airteagal 40

Airteagal 30

Airteagal 45

Airteagal 31

Airteagal 46

Airteagal 32

Airteagal 47

Airteagal 33

Airteagal 49

Airteagal 34

Airteagal 50

Airteagal 35

Airteagal 51

Airteagal 36

Airteagal 52

Airteagal 37

Airteagal 53(1)

Airteagal 53(2)

Airteagal 38

Airteagal 55

Airteagal 39

Airteagal 56

Airteagal 40

Airteagal 54

Airteagal 41

Airteagal 57

Airteagal 42

Airteagal 58

Airteagal 43

Airteagal 60

Airteagal 44

Airteagal 59

Airteagal 45

Airteagal 61

Airteagal 46

Airteagal 66

Airteagal 47

Airteagal 62

Airteagal 48

Airteagal 33

Airteagal 49(1)

Airteagal 34

Airteagal 49(2)

Airteagal 35(1)

Airteagal 35(3), (5) agus (6)

Airteagal 50, mír 1

Airteagal 37

Airteagal 50, mír 2

Airteagal 51

Airteagal 48

Airteagal 52

Airteagal 36

Airteagal 53

Airteagal 63

Airteagal 64

Airteagal 54

Airteagal 67

Airteagal 55

Airteagal 68