An Bhruiséil,11.4.2016

COM(2016) 214 final

2012/0011(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis an

seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le
saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)
agus lena n
x001e
aisghairtear Treoir 95/46/CE


2012/0011 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis an

seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le
saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)

agus lena n
aisghairtear Treoir 95/46/CE

1.Cúlra

An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2012) 11 final – 2012/11 COD):

25 Eanáir 2012.

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:

SOC/455 EESC-2012-1303

23 Bealtaine 2012.

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

12 Márta 2014.

An dáta a tíolacadh an togra leasaithe:

Neamhbhainteach.

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

8 Aibreán 2016.

2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

Ó thaobh cosaint sonraí de, ba chloch mhíle é Treoir 95/46/CE 1 , an ionstraim reachtach lárnach maidir le cosaint sonraí pearsanta san Eoraip. Tá cuspóirí na Treorach, eadhon feidhmiú an Mhargaidh Aonair a áirithiú agus cosaint éifeachtach a dhéanamh ar chearta bunúsacha agus ar shaoirsí daoine aonair, fós bailí. Tá 21 bhliain caite, áfach, ó glacadh an Treoir tráth nach raibh an tidirlíon ach seal ar an bhfód. I dtimpeallacht dhigiteach an lae inniu, ar timpeallacht í atá nua agus dúshlánach, ní thugann na rialacha atá ann faoi láthair an leibhéal comhchuibhithe ná an éifeachtúlacht is gá chun an ceart maidir le cosaint sonraí pearsanta a áirithiú.

I bhfianaise an méid sin, mhol an Coimisiún an 25 Eanáir 2012 Rialachán atá ceaptha ionad Threoir 95/46/CE a ghabháil agus lena leagtar amach creat ginearálta ón Aontas maidir le cosaint sonraí. Déanann an togra maidir le Rialachán nuachóiriú ar phrionsabail Threoir 1995 agus le cois iad a shaincheapadh don ré dhigiteach, déantar comhchuibhiú ar an dlí maidir le cosaint sonraí san Eoraip. Is gá rialacha daingne cosanta sonraí a bheith ann má táthar chun muinín a chothú arís i measc daoine aonair sa chaoi ina núsáidtear a sonraí pearsanta.

Sa togra maidir le Rialachán, dírítear ar an méid seo a leanas: cearta daoine aonair a dhaingniú, margadh inmheánach an Aontais a neartú, forfheidhmiú daingean na rialacha a áirithiú, aistrithe idirnáisiúnta sonraí pearsanta a chuíchóiriú agus caighdeáin dhomhanda i dtaca le cosaint sonraí a leagan síos.

De bharr na nathruithe sin, is mó an smacht a bheidh ag daoine ar a sonraí pearsanta féin agus is fusa dóibh rochtain a fháil orthu. Ceapadh na rialacha chun a áirithiú go ndéanfaí faisnéis phearsanta daoine a chosaint - is cuma cén áit a bhfuil an fhaisnéis. Sna rialacha nua, tugtar aghaidh ar na hábhair imní trí na prionsabail seo thíos:

Gur fusa do dhuine rochtain a bheith aige ar a shonraí féin – is mó faisnéis a bheidh ag an duine aonair, faisnéis atá soiléir agus intuigthe, ar an gcaoi a ndéantar a shonraí a phróiseáil;

An "ceart chun ligean i ndearmad" - nuair nach mian le duine a thuilleadh go ndéantar a shonraí a phróiseáil, agus ar an gcoinníoll nach bhfuil foras dlisteanach ann an teolas sin a choinneáil, déanfar na sonraí a scriosadh;

An ceart eolas a bheith ag duine nuair a dhéantar a shonraí a haiceáil - ní mór do chuideachtaí fógra a chur chuig an údarás maoirseachta maidir le sáruithe ar shonraí a chuireann an duine aonair i mbaol agus ní mór freisin na sáruithe ardriosca a chur in iúl don duine is ábhar do na sonraí a luaithe agus is féidir ionas gur féidir leis na bearta iomchuí a dhéanamh;

An ceart maidir le hiniomparthacht sonraí - fágfaidh sé seo gur fusa don duine aonair a shonraí pearsanta a tharchur idir soláthraithe seirbhíse.

Sa Rialachán atá beartaithe, tacaítear freisin leis an Margadh Aonair Digiteach a acmhainneacht a bhaint amach trí na critéir seo a leanas:

Mórroinn amháin, dlí amháin: dlí amháin uileEorpach maidir le cosaint sonraí, dlí a thiocfaidh in ionad a bhfuil ann cheana, is é sin meascán neamhréireach de dhlíthe náisiúnta i 28 Ballstát;

Ionad ilfhreastail: 'ionad ilfhreastail' le haghaidh gnólachtaí: ní bheidh ar chuideachtaí deileáil ach le húdarás maoirseachta amháin, le hais 28, agus is simplí agus is saoire a bheidh sé dóibh gnó a dhéanamh san Aontas dá bharr;

Cothroime iomaíochta – faoi láthair is gá do chuideachtaí Eorpacha cloí le caighdeáin atá níos doichte ná cuideachtaí atá bunaithe taobh amuigh den Aontas ach atá i mbun gnó taobh istigh den Mhargadh Aonair. I gcomhréir leis an athchóiriú, beidh ar chuideachtaí atá bunaithe taobh amuigh den Eoraip na rialacha céanna a chur i bhfeidhm nuair atá earraí nó seirbhísí á dtairiscint acu ar mhargadh an Aontais;

Neodracht theicneolaíoch: fágann an Rialachán sin go leanfar den bhorradh atá faoin nuálaíocht agus na rialacha nua á gcur i bhfeidhm.

Ar deireadh, foráiltear sa Rialachán atá beartaithe go mbeidh na húdaráis mhaoirseachta in ann fíneáil suas le 2 % dá láimhdeachas bliantúil domhanda a ghearradh ar ghnóthais nach gcomhlíonann rialacha an Aontais.

3.Tuairimí maidir leis an seasamh ón gComhairle

Tá an seasamh ón gComhairle de réir an chomhaontaithe pholaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air in idirphlé trípháirteach an 15 Nollaig 2015, seasamh a d'fhormhuinigh an Chomhairle ina dhiaidh sin an 8 Aibreán 2016.

Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhaontú sin de bharr go bhfuil sé ag teacht le cuspóirí an togra ón gCoimisiún.

Caomhnaítear sa chomhaontú tréithe na hionstraime reachtaí mar a mhol an Coimisiún, is é sin le rá gur Rialachán a roghnaíodh seachas Treoir, treoir ar ghá í a thrasuí ina dhiaidh sin isteach i 28 gcóras náisiúnta dlí. Lena chois sin, áirithíonn sé an leibhéal comhchuibhithe is gá ach ag an am céanna fágann sé solúbthacht ag na Ballstáit maidir le sonraíochtaí na rialacha cosanta sonraí don earnáil phoiblí.

Deimhníonn seasamh na Comhairle cur chuige an Choimisiúin maidir le raon feidhme críche an Rialacháin, a mbeidh feidhm aige freisin maidir le rialaitheoirí agus próiseálaithe atá bunaithe sa tríú tír má thairgeann siad earraí nó seirbhísí san Aontas nó má dhéanann siad faireachán ar iompar na ndaoine is ábhar do na sonraí san Aontas.

I gcomhréir le cur chuige an Choimisiúin, neartaíonn an comhaontú prionsabail na próiseála sonraí (e.g. íoslaghdú sonraí) agus cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí trí cheart chun ligean i ndearmad agus ceart maidir le hiniomparthacht a chumhdach agus trí bhíthin tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na cearta atá ann cheana amhail an ceart chun faisnéis a fháil agus an ceart rochtana.

Leis an gcomhaontú, caomhnaítear agus forbraítear tuilleadh an cur chuige bunaithe ar riosca atá i dtogra an Choimisiúin cheana féin, cur chuige a éilíonn go gcuireann na rialaitheoirí agus, i gcásanna áirithe na próiseálaithe, san áireamh cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine is ábhar do na sonraí. Chomh maith leis sin, tá an comhaontú ar thángthas air maidir leis an sásra "ionaid ilfhreastail" slán ó thaobh an dlí agus ó thaobh na ninstitiúidí, agus gabhann breisluach suntasach leis i gcás cuideachtaí agus daoine is ábhar do na sonraí. Is ar bhonn an phrionsabail "an túdarás is inniúla" a bheidh feidhm ag an sásra chun go ndéanfar an cinneadh agus ní dhíreofar ach ar chásanna a bhfuil gné thábhachtach trasteorann ag baint leo. Mar thoradh ar an bplé sa Chomhairle, coinnítear mar ghné lárnach den phróiseas gur fusa má dhéantar aon chinneadh amháin don Aontas ar fad agus nach mbeidh ach idirghabhálaí amháin ann do lucht gnó agus don duine aonair.

Lena chois sin, maidir leis na critéir, cuir i gcás, atá le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta sa tríú tír nó na hionstraimí a sholáthraíonn cosaintí iomchuí le haghaidh aistrithe idirnáisiúnta, déantar breis soiléirithe ar na rialacha maidir le haistrithe idirnáisiúnta agus sonraítear iad sa chomhaontú.

Tugann an seasamh ón gComhairle an chumhacht do na húdaráis mhaoirseachta smachtbhannaí airgeadais a ghearradh ar ghnóthas as sáruithe ar an Rialachán, fíneáil ar fiú idir 2 %-4 % dá láimhdeachas bliantúil domhanda.

Ar deireadh, leis an seasamh ón gComhairle, murab ionann agus an togra ón gCoimisiún, ní mheastar gur forbairt ar acquis Schengen an Rialachán. Ar an ábhar sin, measann an Coimisiún gur gá ráiteas a dhéanamh maidir leis sin.

4.Conclúid

Tacaíonn an Coimisiún le torthaí na caibidlíochta idirinstitiúidí agus, dá bhrí sin, is féidir leis glacadh leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh.

5.Ráiteas ón gCoimisiún - Ábharthacht Schengen maidir leis an Rialachán

Is oth leis an gCoimisiún gur scriosadh óna thogra tosaigh na haithrisí a bhaineann le acquis Schengen, is iad sin aithrisí 136, 137 agus 138. Measann an Coimisiún, go háirithe de bharr gur víosaí, rialuithe ag teorainneacha agus filleadh atá faoi chaibidil, gur forbairt ar acquis Schengen an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí sna ceithre Stát a mbaineann cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt an acquis sin leo.

(1) Treoir 95/46/CE maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).