AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,22.3.2016
COM(2016) 159 final
2016/0086(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le ráta coigeartaithe i leith na n
x001e
íocaíochtaí díreacha dá bhforáiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a shocrú i ndáil leis an mbliain féilire 2016
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
Leagtar síos leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an riail bhunúsach maidir le rialú airgeadas an Aontais, is é sin go gcaithfidh buiséad bliantúil an Aontais cloí leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.
Chun tacaíocht a thabhairt don earnáil talmhaíochta i gcás géarchéimeanna tromchúiseacha a chuirfidh isteach ar tháirgeacht talmhaíochta nó ar dháileadh talmhaíochta, ba cheart cúlchiste a bhunú trí laghdú a chur i bhfeidhm, ag tús gach bliana, ar íocaíochtaí díreacha le sásra smachta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 an 17 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air. Cinntear in Airteagal 25 den Rialachán sin gur EUR 2 800 milliún an móriomlán a bheidh sa chúlchiste le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta, arna roinnt ina thráthchodanna bliantúla comhionanna de EUR 400 milliún (ag praghsanna 2011) don tréimhse 2014–2020, agus go n-áireofar é faoi Cheanntheideal 2 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil. Is é EUR 450.5 milliún i bpraghsanna reatha an méid a chuirfear in áirithe don chúlchiste i nDréachtbhuiséad an Choimisiúin don bhliain 2017, suim a gheofar trí laghdú a chur ar íocaíochtaí díreacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 an 17 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta laistigh de chreat an chomhbheartais talmhaíochta.
Fairis sin, d'fhonn a áirithiú go mbeidh na méideanna a bhaineann le maoiniú an Chomhbheartais Talmhaíochta ag cloí leis na fo-uasteorainneacha bliantúla atá leagtha síos do chaiteachas a bhaineann leis an margadh agus d’íocaíochtaí díreacha faoi cheannteideal 2 de Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020, ní foláir an sásra smachta airgeadais a chur i bhfeidhm nuair a léiríonn na réamhaisnéisí ar mhaoiniú íocaíochtaí díreacha agus ar mhaoiniú an chaiteachais a bhaineann leis an margadh, go sárófar an fho-uasteorainn bhliantúil faoi cheannteideal 2 mar atá leagtha amach sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil arna choigeartú ag aon aistrithe caipitil idir an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT). An glan-iarmhéid a bheidh ar fáil do chaiteachas CERT don bhliain 2017, socrófar é leis an Rialachán cur chun feidhme (AE) 2016/257 ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus is ionann é agus EUR 44 146 milliún.
Agus Dréachtbhuiséad 2017 á dhréachtú, ba léir ó na chéad mheastacháin bhuiséadacha ar íocaíochtaí díreacha agus ar chaiteachas a bhaineann leis an margadh, nár dhócha go sárófaí an glaniarmhéid atá ar fáil do chaiteachas CERT don bhliain 2017, agus dá bhrí sin níl gá le tuilleadh smachta airgeadais.
Ar bhonn an méid atá luaite thuas, tá an Coimisiún ag tíolacadh togra maidir leis an ráta coigeartaithe a shocrú d'íocaíochtaí díreacha na bliana féilire 2016, togra, i gcomhréir le hAirteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, atá le glacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle faoin 30 Meitheamh 2016. Mura socrófar an ráta coigeartaithe sin faoin 30 Meitheamh 2016, de bhun an Airteagail chéanna, socróidh an Coimisiún an ráta.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
Leagtar síos leis an togra seo céatadán an ráta choigeartaithe don smacht airgeadais don bhliain féilire 2016.
Ó tharla go bhféadann na Ballstáit íocaíochtaí déanacha a dhéanamh le feirmeoirí, is é sin íocaíochtaí tar éis don tréimhse rialála íocaíochta is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha dul in éag, agus ó tharla go nathraíonn an ráta coigeartaithe don smacht airgeadais ó bhliain féilire go chéile, níor cheart go ndéanfadh an smacht airgeadais difear, ar shlite éagsúla, do mhéideanna na níocaíochtaí díreacha a dheonaítear d’fheirmeoirí, de réir an trátha a dhéanann na Ballstáit íocaíochtaí d'fheirmeoirí. Dá bhrí sin, d'fhonn cóir chomhionann d'fheirmeoirí a áirithiú, ba cheart an ráta coigeartaithe a chur i bhfeidhm maidir le méideanna na níocaíochtaí díreacha atá le deonú d'fheirmeoirí i ndáil le hiarratais ar chabhair arna gcur isteach le linn na bliana féilire 2016, agus lena linn sin amháin, beag beann ar an tráth a íocfar leis na feirmeoirí iad.
In Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 tá sé leagtha síos gur cheart an ráta coigeartaithe maidir le híocaíochtaí díreacha a chur i bhfeidhm ar íocaíochtaí atá os cionn EUR 2 000 agus orthusan amháin. Sa Chróit tá íocaíochtaí díreacha á dtabhairt isteach de réir a chéile le linn na bliana féilire 2016. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag an smacht airgeadais maidir leis an mBallstát sin.
3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR
Cuireann an togra seo chun feidhme na rialacha a ndéantar foráil maidir leo le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013. Ní raibh sé riachtanach dul i gcomhairle roimh ré leis na páirtithe leasmhara ná measúnú tionchair a dhéanamh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Cuid d’ullmhúchán Dhréachtbhuiséad 2017 is ea ríomh an ráta choigeartaithe don smacht airgeadais.
Is é EUR 450.5 milliún i bpraghsanna reatha méid an chúlchiste a bhforáiltear dó le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta i nDréachtbhuiséad 2017 ón gCoimisiún. Ba léir ó na chéad mheastacháin a rinneadh ar na leithreasuithe buiséid le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus caiteachais a bhaineann leis an margadh nár dhócha go sárófaí an glaniarmhéid do chaiteachas CERT don bhliain 2017.
Dá thoradh sin, is é EUR 450.5 milliún an laghdú iomlán a bheidh mar thoradh ar chur chun feidhme an smachta airgeadais. Is é 1.366744 % an céatadán a socraíodh mar ráta coigeartaithe don smacht airgeadais. Ríomhadh é agus ar an mbonn nach gcuirfear i bhfeidhm é ach ar mhéideanna íocaíochtaí díreacha in aghaidh an fheirmeora ar mó ná EUR 2 000 iad, agus nach gcuirfear i bhfeidhm sa Chróit é.
Tríd an ráta coigeartaithe sin a chur i bhfeidhm, laghdófar méideanna na n-íocaíochtaí díreacha sna línte buiséid sin a chumhdaíonn caiteachas a bhaineann le hiarratais ar chabhair ó fheirmeoirí i dtaca leis an mbliain féilire 2016 (an bhliain airgeadais 2017).
5.EILIMINTÍ EILE
Le cois é a bheith ar chumas an Choimisiúin an ráta coigeartaithe a leagtar síos leis an Rialachán seo a chinneadh, féadfaidh sé, leis, de bharr Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ar bhonn na faisnéise nua atá aige, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an ráta coigeartaithe a oiriúnú. Agus é ag ullmhú na Litreach Leasaithí maidir le Dréachtbhuiséad 2017 i nDeireadh Fómhair 2016, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar a chuid réamhaisnéisí ar chaiteachas a bhaineann leis an margadh agus ar íocaíochtaí díreacha agus glacfaidh sé an toiriúnú ar an ráta coigeartaithe, más iomchuí, faoin 1 Nollaig 2016.
2016/0086 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le ráta coigeartaithe i leith na níocaíochtaí díreacha dá bhforáiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a shocrú i ndáil leis an mbliain féilire 2016
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)De bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tá cúlchiste atá ceaptha tacaíocht bhreise a chur ar fáil d'earnáil na talmhaíochta i gcás géarchéimeanna tromchúiseacha a dhéanann difear don táirgeacht talmhaíochta nó don dáileadh talmhaíochta, tá sé le bunú trí laghdú a chur i bhfeidhm ag tús gach bliana ar íocaíochtaí díreacha leis an sásra smachta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 26 den Rialachán sin.
(2)Le hAirteagal 26(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, d'fhonn a áirithiú go gcloítear leis na huasteorainneacha bliantúla a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle ar mhaoiniú an chaiteachais a bhaineann leis an margadh agus ar mhaoiniú íocaíochtaí díreacha, foráiltear go bhfuil ráta coigeartaithe d'íocaíochtaí díreacha le cinneadh nuair a léirítear sna réamhaisnéisí ar mhaoiniú na mbeart a mhaoinítear faoin bhfo-uasteorainn sin do bhliain áirithe airgeadais go sárófar na huasteorainneacha bliantúla is infheidhme.
(3)Is é EUR 450.5 milliún i bpraghsanna reatha an méid a mheastar a áireofar don chúlchiste le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta i nDréachtbhuiséad 2017 ón gCoimisiún. Chun an méid sin a chumhdach, ní mór don sásra smachta airgeadais feidhm a bheith aige ar íocaíochtaí díreacha faoi na scéimeanna tacaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an mbliain féilire 2016.
(4)De réir na réamhaisnéisí ar íocaíochtaí díreacha agus ar chaiteachas a bhaineann leis an margadh agus a leagfar amach i nDréachtbhuiséad an Choimisiún do 2017 níl gá le tuilleadh smachta airgeadais.
(5)Le hAirteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ceanglaítear ar an gCoimisiún togra maidir leis an ráta coigeartaithe a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná an 31 Márta den bhliain féilire a bhfuil feidhm ag an ráta coigeartaithe sin i ndáil léi.
(6)Is é is gnáthaí, nuair a chuireann feirmeoirí iarratas isteach ar chabhair i bhfoirm íocaíochtaí díreacha i ndáil leis an mbliain féilire (N), go dtugtar an íocaíocht dóibh laistigh de thréimhse sheasta íocaíochta den bhliain airgeadais (N+1). Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí déanacha a dhéanamh le feirmeoirí tar éis na tréimhse íocaíochta sin, laistigh de theorainneacha áirithe. Féadfar íocaíochtaí déanacha den sórt sin a dhéanamh i mbliain airgeadais dá éis sin. Nuair a chuirtear smacht airgeadais i bhfeidhm maidir le bliain féilire ar leith, níor cheart an ráta coigeartaithe a chur i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí ar cuireadh iarratais ar chabhair isteach ina leith le linn blianta féilire nach iad an bhliain féilire a bhfuil feidhm ag an smacht airgeadais maidir léi. Dá bhrí sin, d'fhonn cóir chomhionann d'fheirmeoirí a áirithiú, is iomchuí féachaint chuige nach gcuirfear an ráta coigeartaithe i bhfeidhm ach amháin maidir le híocaíochtaí ar cuireadh iarratais ar chabhair isteach ina leith le linn na bliana féilire a bhfuil feidhm ag an smacht airgeadais maidir léi, beag beann ar an tráth a dhéanfar an íocaíocht leis na feirmeoirí.
(7)Le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, foráiltear nach bhfuil feidhm ag an ráta coigeartaithe a chuirtear i bhfeidhm ar íocaíochtaí díreacha arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ach maidir le híocaíochtaí díreacha atá os cionn EUR 2 000 atá le deonú d'fheirmeoirí sa bhliain chomhfhreagrach féilire. Ina theannta sin, toisc gur de réir a chéile a thabharfar na híocaíochtaí isteach, foráiltear le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 nach mbeidh feidhm ag an ráta coigeartaithe maidir leis an gCróit ach amháin ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an ráta coigeartaithe atá le cinneadh leis an Rialachán seo maidir le híocaíochtaí le feirmeoirí sa Bhallstát sin.
(8)Féadfaidh an Coimisiún an ráta coigeartaithe arna shocrú ag an Rialachán seo a ghlacadh go dtí an 1 Nollaig 2016, ar bhonn na faisnéise nua atá aige, de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1.Chun an ráta coigeartaithe a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 25 agus Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, agus i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, maidir le méideanna na n-íocaíochtaí díreacha faoi na scéimeanna tacaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 atá le deonú d'fheirmeoirí os cionn EUR 2 000 le haghaidh iarratas ar chabhair arna chur isteach i ndáil leis an mbliain féilire 2016, déanfar iad a laghdú de réir ráta coigeartaithe 1.366744 %.
2.Ní bheidh feidhm maidir leis an gCróit ag an laghdú dá bhforáiltear i mír 1.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
|
RÁITEAS AIRGEADAIS
|
FS/16/RB/
|
|
|
6.15.2016.1
|
|
|
DÁTA:
|
|
1.
|
CEANNTEIDEAL BUISÉID:
Seo thíos, an réamhaisnéis bhuiséadach i ndiaidh an smachta airgeadais de réir míre:
05 03 01 02 (An Scéim Íocaíochta Aonair Limistéir)
05 03 01 07 (Íocaíocht athdháilte)
05 03 01 10 (An Scéim Íocaíochta Aonair)*
05 03 01 11 (Íocaíocht do chleachtais talmhaíochta chun leasa na haeráide agus an chomhshaoil)
05 03 01 12 (Íocaíochtaí le haghaidh limistéar a bhfuil srianta nádúrtha iontu)
05 03 01 13 (Íocaíocht d'fheirmeoirí óga)
05 03 02 40 (Cabhair limistéir don chadás)
05 03 02 50 (Clár de roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánacht – cláir thacaíochta pobail)
05 03 02 52 (Clár de roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánacht – na hOileáin Aeigéacha)
05 03 02 60 (Tacaíocht chúpláilte dheonach)
05 03 02 61 (Scéim na bhfeirmeoirí beaga)
05 03 10 (Cúlchiste le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta)
* sula gcuirtear san áireamh ioncam sannta
|
LEITHREASUITHE:
EUR milliún
4 504.0
1 646.0
17 871.0
12 211.0
3.0
507.0
247.0
412.0
17.0
4 063.0
p.m.
450.5
|
|
2.
|
TEIDEAL:
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an ráta coigeartaithe dá bhforáiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 i leith íocaíochtaí díreacha a shocrú i ndáil leis an mbliain féilire 2016
|
|
3.
|
BUNÚS DLÍ:
Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
4.
|
AIDHMEANNA:
Leis an Rialachán seo socraítear an ráta coigeartaithe don smacht airgeadais atá le cur i bhfeidhm ar mhéid na níocaíochtaí díreacha atá os cionn EUR 2 000 agus atá le deonú d'fheirmeoir as iarratas ar chabhair arna chur isteach i ndáil leis an mbliain féilire 2016.
|
|
5.
|
IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS
|
TRÉIMHSE 12 MHÍ
(EUR milliún)
|
AN BHLIAIN AIRGEADAIS REATHA
2016
(EUR milliún)
|
AN CHÉAD BHLIAIN AIRGEADAIS EILE
2017
(EUR milliún)
|
|
5.0
|
CAITEACHAS
-
ARNA MHUIREARÚ AR BHUISÉAD AN AE
(AISÍOCAÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLACHA)
-
ÚDARÁIS NÁISIÚNTA
-
EILE
|
- 450.5
+ 450.5
|
n.b.
|
- 450.5
+ 450.5
|
|
5.1
|
IONCAM
-
ACMHAINNÍ DÍLSE AN AE FÉIN
(TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM)
-
NÁISIÚNTA
|
|
|
|
|
|
|
2016
|
2017
|
2018
|
2019
|
|
5.0.1
|
CAITEACHAS MEASTA
|
|
|
|
|
|
5.1.1
|
IONCAM MEASTA
|
|
|
|
|
|
5.2
|
MODHANNA RÍOMHA:
Féach na nótaí thíos
|
|
6.0
|
AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ Ó LEITHREASUITHE A CUIREADH ISTEACH SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD REATHA?
|
n.b.
|
|
6.1
|
AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ TRÍ AISTRIÚ A DHÉANAMH IDIR CAIBIDLÍ AN BHUISÉID REATHA?
|
n.b.
|
|
6.2
|
AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH?
|
NÍ BHEIDH
|
|
6.3
|
AN GÁ LEITHREASUITHE A CHUR ISTEACH I mBUISÉID AMACH ANSEO?
|
NÍ GÁ
|
|
NÓTAÍ:
Cuid d’ullmhúchán Dhréachtbhuiséad 2017 is ea ríomh an ráta choigeartaithe don smacht airgeadais.
Is é EUR 450.5 milliún i bpraghsanna reatha méid an chúlchiste a bhforáiltear dó le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta i nDréachtbhuiséad 2017 ón gCoimisiún. Bunaithe ar na chéad mheastacháin a rinneadh ar na leithreasuithe buiséid le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus caiteachas a bhaineann leis an margadh, ní dócha go sárófaí an glan-iarmhéid do chaiteachas CERT don bhliain 2017.
Dá thoradh sin, is é EUR 450.5 milliún an laghdú iomlán a bheidh mar thoradh ar chur chun feidhme an smachta airgeadais. Is é XXX % an céatadán a socraíodh mar ráta coigeartaithe don smacht airgeadais. Ríomhadh é agus é á chur san áireamh go gcuirfear i bhfeidhm é ar mhéideanna os cionn EUR 2 000 agus sin i ngach Ballstát seachas an Chróit. Toisc go bhfuil íocaíochtaí díreacha na bliana féilire 2016 á dtabhairt isteach de réir a chéile sa Chróit, ní bheidh feidhm ag an smacht airgeadais maidir leis an mBallstát sin.
Tríd an ráta coigeartaithe sin a chur i bhfeidhm, laghdófar méideanna na n-íocaíochtaí díreacha sna línte buiséid sin a chumhdaíonn caiteachas a bhaineann le hiarratais ar chabhair ó fheirmeoirí i dtaca leis an mbliain féilire 2016 (an bhliain airgeadais 2017). Seo a leanas méideanna measta an laghduithe de bharr smachta airgeadais in aghaidh na míreanna buiséid:
Tá impleachtaí buiséadacha ag an Rialachán atá beartaithe sa mhéid gur laghdaíodh na chéad mheastacháin ar na leithreasuithe buiséid i gcomhair íocaíochtaí díreacha (roimh smacht airgeadais a chur san áireamh), gur laghdaíodh iad leis na méideanna thuasluaite tar éis an ráta coigeartaithe atá beartaithe sa Dréacht-Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Mar thoradh air sin, na leithreasuithe a iarradh do Chaibidil 05 03 (íocaíochtaí díreacha) agus dá bhforáiltear i nDréachtbhuiséad 2017 (féach pointe 1 den ráiteas airgeadais seo mar a bhfuil liosta de na míreanna buiséid atá faoi réir smachta airgeadais), áiritheoidh siad go socrófar an méid don chúlchiste le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta.
|