AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,22.2.2016
COM(2016) 81 final
COMMISSION OPINION
TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN
maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dlínse ag an gcéad chéim i ndíospóidí idir an tAontas agus a chuid seirbhíseach a aistriú chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh
Tuairim ón gCoimisiún
Maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dlínse ag an gcéad chéim i ndíospóidí idir an tAontas agus a chuid seirbhíseach a aistriú chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh
***
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír d'Airteagal 257 agus an dara mír d'Airteagal 281 de,
(1)Trí iarraidh a chur isteach an 17 Samhain 2015, mhol Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh don reachtóir rialachán a ghlacadh chun Binse na Seirbhíse Sibhialta a dhíscaoileadh agus an dlínse i ndíospóidí maidir leis an tseirbhís shibhialta Eorpach a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta.
(2)Tá an togra sin ina shíneadh riachtanach ar an athchóiriú ar an gCúirt Ghinearálta ar chinn reachtóir an Aontais le déanaí chun freagairt don dúshlán a bhaineann le méadú na ndíospóidí a thugtar os comhair na cúirte sin. Go deimhin, nuair a ghlac siad Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 an 16 Nollaig 2015, chinn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle líon na mbreithiúna sa Chúirt Ghinearálta a mhéadú de réir a chéile chun go mbeadh dhá bhreitheamh in aghaidh an Bhallstáit inti faoi 2019, go háirithe trí sheacht mbreitheamh Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a thabhairt isteach sa chúirt sin faoin 1 Meán Fómhair 2016.
(3)Thug an Coimisiún roimhe sin lántacaíocht do chéadiarrataí na Cúirte Breithiúnais ar líon na mbreithiúna sa Chúirt Ghinearálta a mhéadú. Leagadh na cúiseanna a bhí leis an seasamh sin amach go mionsonraithe sa tuairim a ghlac an Coimisiún an 30 Meán Fómhair 2011 (COM(2011) 596). Ina dhiaidh sin, thacaigh an Coimisiún chomh maith leis an réiteach a ghlac an reachtóir sa deireadh, mar atá, líon na mbreithiúna sa Chúirt Ghinearálta a dhúbailt, go háirithe trí phoist bhreithiúna Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a aistriú.
(4)Dá réir sin, tá an Coimisiún ag tabhairt lántacaíochta don togra sin, sa mhéid is go bhfágann sé gur féidir dara céim an leasaithe a chur chun feidhme dá bharr agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ag teacht go hiomlán leis na cinntí atá déanta cheana ag an reachtóir.
(5)Lasmuigh de sin, tá sé socraithe ag an gCoimisiún gan ach dhá bharúil bhreise a thabhairt.
(6)Baineann an chéad bharúil leis an nós imeachta maidir le próiseáil na gcásanna a aistreofar chuig an gCúirt Ghinearálta.
(7)Chomh maith leis an bprionsabal go ndíscaoilfear Binse na Seirbhíse Sibhialta faoin 1 Meán Fómhair 2016 agus go naistreofar na cásanna a bheidh ar feitheamh os comhair an bhinse sin ar an dáta sin, tá forálacha sealadacha sa togra atá ceaptha socruithe an aistrithe sin a eagrú. Foráiltear go háirithe go ndéanfar na cásanna a bheidh ar feitheamh os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta an 31 Lúnasa 2016 a aistriú sa staid ina mbeidh siad ar an dáta sin.
(8)Is cosúil, de réir léamh foriomlán ar an togra ón gCúirt Bhreithiúnais agus ar an meabhrán míniúchán a ghabhann leis, go mbeidh na cásanna a aistreofar ar an gcaoi sin faoi réir fhorálacha Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, rialacha a leasófar idir an dá linn.
(9)Maidir leis sin, is é an tuairim atá ag an gCoimisiún gurbh fhiú, ó thaobh deimhneacht dhlíthiúil de, foráil shainráite a chur sna Rialacha atá ann faoi láthair lena ndearbhófaí gur Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta ab infheidhme maidir leis an cásanna sin. Ina theannta sin, maidir leis na leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta a mbeidh gá leo chun aistriú dhlínse na gconspóidí sibhialta go Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh, ba mhaith leis an gCoimisiún a rá cheana féin go síleann sé go bhfuil sé antábhachtach go ndéanfadh an Chúirt Ghinearálta na rialacha a bhaineann go sonrach le conspóidí na seirbhíse sibhialta, amhail na rialacha atá i Rialacha Nós Imeachta Bhinse na Seirbhíse Sibhialta faoi láthair, go háirithe Airteagal 108 agus Airteagal 109, a chur isteach ina Rialacha Nós Imeachta féin.
(10)Baineann an dara barúil ón gCoimisiún le heagrú inmheánach na Cúirte Ginearálta, nuair a bheidh an méadú ar líon na mbreithiúna curtha i gcrích. Is é 47 líon na mbreithiúna atá le bheith sa Chúirt Ghinearálta ón 1 Meán Fómhair 2016 amach. Ní gá a rá nach mór feidhmiú na Cúirte Ginearálta a athrú go mór chun go mbeidh sí in ann na cúinsí nua a láimhseáil. Ar an gcéad dul síos, b'fhéidir gur dheis don Chúirt Ghinearálta a bheadh sa mhéadú sin chun líon níos mó cásanna a shannadh do dhlísheomraí níos mó (dlísheomraí cúig bhreitheamh, nó an Dlísheomra Mór fiú) de réir na tábhachta atá leo. Dá ndéanfaí sin, d'áiritheofaí go mbeadh cásdlí na Cúirte Ginearálta méadaithe comhleanúnach agus ar ardchaighdeán agus sheachnófaí méadú ar líon na n-achomharc a thabharfaí os comhair na Cúirte Breithiúnais. Ar an dara dul síos, b'fhéidir go ndéanfaí machnamh, mar gheall ar na cúinsí nua, ar na deiseanna atá ann na rialacha agus na cleachtais maidir le sannadh na gcásanna a oiriúnú trí shineirgíochtaí téamaí a chruthú, go háirithe tríd an mbaint a bhíonn idir cásanna ó thaobh ábhair de a chur san áireamh, agus an tsolúbthacht is gá chun na rialacha agus na cleachtais sin a oiriúnú do na hathruithe a thiocfaidh ar réimse na gconspóidí amach anseo.
(11)Ar deireadh, tá an Coimisiún ag iarraidh ar an reachtóir an togra ón gCúirt Bhreithiúnais a ghlacadh a luaithe is féidir. Go deimhin, chomh maith leis an spriocdháta, an 1 Meán Fómhair 2016, a luadh cheana, ba mhaith leis an gCoimisiún a lua go mbeidh gá ann fós, tar éis ghlacadh an togra reachtaíochta, na hathruithe riachtanacha a dhéanamh ar Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, breithiúna nua a cheapadh agus atheagrú inmheánach a dhéanamh ar an gcúirt sin. Is ag an bpointe sin, agus ansin amháin, a bheidh sé d'acmhainn ag an gCúirt Ghinearálta iarracht dhiongbháilte a dhéanamh an riaráiste cásanna atá os a comhair a laghdú.
* * *
Conclúid
Tá an Coimisiún ag tabhairt tuairim dhearfach uaidh maidir leis a togra ón gCúirt Bhreithiúnais.
Cuirfear an tuairim dhearfach sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann an Choimisiúin
Jean-Claude Juncker
Uachtarán an Choimisiúin