|
22.11.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
3 |
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 18/2016 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle maidir le comhrialacha chun cuntais na ngnóthas iarnróid a normalú
(2016/C 430/02)
I. RÉAMHRÁ
|
1. |
Ar an 30 Eanáir 2013, chuir an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle maidir le comhrialacha chun cuntais na ngnóthas iarnróid a normalú (1). |
|
2. |
Cuireadh an togra seo i láthair mar chuid den Cheathrú Pacáiste Iarnróid, mar a thugtar air, in éineacht le cúig thogra eile. Cuireadh na tograí in dhá ghrúpa le haghaidh na n-idirbheartaíochtaí, colún teicniúil agus colún margaidh. Tá an togra seo mar chuid den cholún margaidh. |
|
3. |
Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim maidir leis an togra ar an 10 Iúil 2013. Ghlac Coiste na Réigiún a thuairim ar an 8 Deireadh Fómhair 2013. |
|
4. |
Ar an 26 Feabhra 2014, ghlac Parlaimint na hEorpa a tuairim ar an gcéad léamh. |
|
5. |
Ar an 3 Nollaig 2014, tháinig an Chomhairle (Iompar, Teileachumarsáid agus Fuinneamh) ar chomhaontú (an “cur chuige ginearálta”) (2) maidir leis an togra lena n-aisghairtear Rialachán 1192/69. |
|
6. |
Ar an 19 Aibreán 2016, thángthas ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir le téacs comhréitigh. |
|
7. |
Ar an 20 Meán Fómhair 2016, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil (3) maidir leis an téacs comhréitigh. |
|
8. |
Agus na comhaontuithe thuas á gcur san áireamh aici agus tar éis an athbhreithnithe ó thaobh dlí agus teanga, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh ar an 17 Deireadh Fómhair 2016, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a leagtar síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
II. CUSPÓIR
|
9. |
Is é is cuspóir aonair don togra rialachán atá as dáta a aisghairm, ar rialachán é a glacadh nuair a chomhlíon eagraíochtaí a chuireann seirbhísí iarnróid ar fáil cúraimí áirithe atá ar an earnáil phoiblí. Cuireadh creat ar fáil leis an rialachán do chúiteamh ar na costais agus ar na tairbhí a eascraíonn as freagrachtaí den chineál sin. |
III. ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH
|
10. |
Measann an Chomhairle nach bhfuil Rialachán (CEE) 1192/69 comhoiriúnach le heagraíocht nua-aimseartha na hearnála iarnróid níos mó. Mar sin féin, is eol don Chomhairle go bhfuil an Rialachán fós á úsáid, go háirithe i gcás cúiteamh ar chostais a bhaineann le saoráidí crosairí comhréidh. Is ceart mar sin idirthréimhse a bheith ann chun go dtabharfar cúiteamh ar na costais a bhaineann le crosaire comhréidh le go bhféadfaí aistriú go réidh chuig an gcóras nua. |
IV. CONCLÚID
|
11. |
Léirítear leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach ar thángthas air idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, agus tacaíocht á fáil acu ón gCoimisiún. |
|
12. |
Deimhnítear an comhréiteach sin le litir ó Chathaoirleach an Choiste um Iompar agus um Thurasóireacht de chuid Pharlaimint na hEorpa, ar litir í a seoladh chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe (Cuid 1) ar an 13 Iúil 2016. |
|
13. |
Cuirtear an togra ón gCoimisiún agus na leasuithe a mhol Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh san áireamh ina n-iomláine leis an seasamh ón gComhairle. Creideann an Chomhairle gur pacáiste cothrom é an seasamh seo aici ar an gcéad léamh. |
(1) IO L 156, 28.6.1969, lch. 283.
(2) Féach 15790/14 TRANS 545 CODEC 2307.
(3) Féach 11202/16 TRANS 299 CODEC 1059.