An Bhruiséil,10.12.2015

SWD(2015) 276 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, lena n
x001e
aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle

{COM(2015) 636 final}
{SWD(2015) 279 final}


Measúnú tionchair ar an athbhreithniú a d'fhéadfaí a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle maidir le húdaruithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Chomhphobail lasmuigh d'uiscí an Chomhphobail agus maidir leis an rochtain a bhíonn ag soithí tríú tír ar uiscí an Chomhphobail

A. An Gá le beart

Cad chuige? Cad í an fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi? 11 líne ar a mhéid

Faoin Rialachán maidir le húdaruithe iascaireachta (FAR) atá i bhfeidhm faoi láthair níl sé indéanta faireachán éifeachtach trédhearcach a dhéanamh ar chabhlach seachtrach an Aontais Eorpaigh. Is baol do shaothrú inbhuanaithe na nacmhainní iascaireachta atá sa mhéid sin agus d'fhéadfadh sé dochar a dhéanamh do chlú an Aontais Eorpaigh ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Go sonrach, tá easpa soiléireachta ag baint le cuid mhaith d'fhorálacha an Rialacháin atá ann faoi láthair agus níl siad ag teacht le rialacha eile, go háirithe na forálacha sin a bhaineann le rialú agus le hiascaigh neamhdhleathacha, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chomhrac. Tá forluí ann freisin idir na leibhéil riaracháin éagsúla, rud a fhágann go mbíonn neamhréireachtaí agus próisis achrannacha ann. I gcás údaruithe díreacha a thugann tríú tíortha do shoithí de chuid an Aontais, nach dtagann faoi raon feidhme comhaontaithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe (thart ar 150-180 údarú in aghaidh na bliana), níl aon chreat údarúcháin ná critéir i bhfeidhm, rud a fhágann go bhfuil na gníomhaíochtaí a dhéanann cabhlach seachtrach an Aontais neamh-thrédhearcach den chuid is mó. Sa deireadh, ní thugtar aghaidh ar aistriú míchuí soithí go clár loingseoireachta tíre eile ná ar chairtfhostú míchuí.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo? 8 líne ar a mhéid

Is é is príomhchuspóir don togra seo creat rialála comhsheasmhach a bhunú chun go mbeadh an tAontas in ann faireachán níos fearr a dhéanamh ar a chabhlach seachtrach – cúpla céad soitheach – is cuma cá háit a mbíonn an cabhlach ag obair agus cén creat faoina mbíonn sé ag obair. Sa chomhthéacs sin, tá an cuspóir dírithe ar dhá rud:

(1) an creat rialála atá ann faoi láthair a shoiléiriú agus a shimpliú trí dheireadh a chur le neamhréireachtaí agus éiginnteachtaí dlíthiúla agus trí shoiléiriú a dhéanamh ar cé na cúraimí a leithdháilfear ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis riaracháin náisiúnta;

(2) critéir incháilitheachta agus próisis údarúcháin a thabhairt isteach i gcás ar bith ina bhfuil soitheach de chuid an Aontais ag iascaireacht lasmuigh d'uiscí an Aontais, lena náirítear údaruithe díreacha ('ceadúnais phríobháideacha'), agus bearta a thabhairt isteach chun oibríochtaí a bhaineann le haistriú míchuí soithí go clár loingseoireachta tíre eile a thoirmeasc.

Cad é breisluach beart ar leibhéal an Aontais Eorpaigh? 7 líne ar a mhéid 

Is inniúlacht eisiach de chuid an Aontais an beartas iascaigh agus níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir le bearta a chuidíonn le caomhnú acmhainní bitheolaíocha mara. Ina theannta sin, chuirfí rialacha i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud Aontas na hEorpa dá mbeadh rialachán ann chuige sin. Chomh maith leis sin, bheadh breisluach ag baint le rialacha soiléire a thabhairt isteach, rialacha a bheadh infheidhme maidir le haon soitheach arna chlárú i gceann de Bhallstáit an Aontais, rud a d'áiritheodh cothroime iomaíochta do chabhlach uile an Aontais a oibríonn lasmuigh d'uiscí an Aontais, dá bhrí sin.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a rinneadh a mheas? An bhfuil rogha na tosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 14 líne ar a mhéid 

Rinneadh ceithre rogha a mheas sa mheasúnú tionchair:

Rogha 1: Leasú teoranta ar an Rialachán atá ann faoi láthair chun é a thabhairt i gcomhréir le forálacha Chonradh Liospóin.

Rogha 2: De bhreis ar rogha 1, d'fhéadfadh an Coimisiún treoirlínte a fhorbairt chun go bhféadfaí léirmhíniú a thabhairt ar fhorálacha Rialachán FAR atá ann faoi láthair agus nach bhfuil soiléir ná cruinn a ndóthain.

Rogha 3: Leasú teoranta ar an Rialachán atá ann faoi láthair chun dul i ngleic leis na heaspaí, na héiginnteachtaí agus na bearnaí atá sa reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair d'fhonn forálacha nach bhfuil débhríoch a chur ar fáil do na Ballstáit agus d'oibreoirí príobháideacha.

Rogha 4: Ghlacfaí Rialachán nua a mbeadh raon feidhme níos leithne aige. Bheadh critéir incháilitheachta ann freisin maidir le hiarratais ar údaruithe díreacha agus dhéanfadh sé cairtfhostú a rialú. Bheadh forálacha ann chun oibríochtaí a bhaineann le haistriú míchuí soithí go clár loingseoireachta tíre eile a thoirmeasc.

Faoi Rogha 4 thabharfaí deimhneacht dhlithiúil agus raon fheidhme le chéile agus leanfadh as sin creat iomlán lena rialófaí obair chabhlach seachtrach an Aontais ar fud an domhain. Ar an ábhar sin, meastar gurb í seo an rogha is éifeachtaí, lena bhféadfaí cuspóirí beartais a bhaint amach, cur le creidiúnacht an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta agus sochair fhadtéarmacha a sholáthar do chabhlach an Aontais.

Cé atá i bhfách cén rogha? 7 líne ar a mhéid 

Ní thacaíonn aon ghrúpa suntasach de pháirtithe leasmhara le Rogha 1 ná le Rogha 2 seachas roinnt comhlachas iascaigh nach saothraíonn an tuinnín, agus measann siadsan go bhfuil an creat atá ann faoi láthair sásúil. Ní chomhlánódh Rogha 3 ionchais na bpáirtithe leasmhara ach go pointe áirithe. Tá a bhformhór i bhfabhar athbhreithniú iomlán ar an Rialachán maidir le húdaruithe iascaireachta. Dá bhrí sin, is féidir a mheas gur ag Rogha 4 is mó atá tacaíocht, lena náirítear tacaíocht ó na Ballstáit a bhfuil cabhlach seachtrach mór acu amhail an Spáinn, an Fhrainc, an Phortaingéil, an Pholainn agus an Ísiltír, ó thromlach na gcomhlachas úinéirí báid agus ó roinnt mhaith eagraíochtaí neamhrialtasacha atá gníomhach i dtaobh acmhainní nádúrtha a chaomhnú.

C. Tionchar rogha na tosaíochta

Cad iad sochair rogha na tosaíochta (murab ann dó rogha na tosaíochta, sochair na bpríomhroghanna eile)? 12 líne ar a mhéid

I gcás rogha na tosaíochta (rogha 4), meastar go mbeadh an tionchar eacnamaíoch dearfach i ngeall ar na sochair bhreise a bheadh ann do na hoibreoirí eacnamaíocha agus do na húdaráis riaracháin phoiblí ó thaobh na deimhneachta dlíthiúla de.

Bheadh na rialacha níos soiléire agus níos cuimsithí agus ba cheart go mbeadh an próiseas iomlán níos simplí ós rud é go ndéanfaí ról gach údaráis riaracháin a shainiú, rud a chuirfeadh deireadh le haon fhorluí agus a dhéanfadh próiseas an údaraithe i leith gníomhaíochtaí iascaireachta a chuíchóiriú. Bheadh sochair níos mó ann don chomhshaol i dtaobh cosaint beo-acmhainní mara mar thiocfadh feabhas ar rialachas iascaigh agus d'áiritheofaí inbhuanaitheacht feabhsaithe acmhainní iascaigh i ngeall ar fhaireachán níos géire a dhéanamh ar chabhlach an Aontais lasmuigh d'uiscí an Aontais. Chuirfeadh sé leis an tionchar eacnamaíoch dearfach a bheadh ann do na hoibreoirí dá dtagraítear thuas.

Ní féidir meastóireacht chainníochtúil níos cruinne a dhéanamh ar na sochair atá á dtuar toisc nach leor na sonraí atá ann faoi láthair maidir le cabhlach seachtrach an Aontais agus maidir le costas cabhlach iascaireachta a bhainistiú do na húdaráis riaracháin náisiúnta. Ar deireadh, féadtar a mheas go mbeadh tionchar sóisialta na rogha seo neodrach.

Cad iad costais rogha na tosaíochta (murab ann dó rogha na tosaíochta, costais na bpríomhroghanna eile) 12 líne ar a mhéid

I gcás rogha na tosaíochta (rogha 4), d'fhéadfadh sé go mbeadh ualach oibre breise ar údaráis riaracháin na mBallstát agus an Aontais i ngeall ar phróiseáil údaruithe iascaireachta le haghaidh gach cineál gníomhaíochta iascaireachta a dhéantar lasmuigh d'uiscí an Aontais (i.e. bheadh níos mó údaruithe iascaireachta i gceist) agus critéir níos cuimsithí a bheith á gcur i bhfeidhm. Mar sin féin, is léir gur leor na hacmhainní daonna agus airgeadais atá ann cheana chun an obair a dhéanamh sna Ballstáit ina bhfuil an córas sin ag feidhmiú cheana, agus nach mbeadh aon chostais bhreise i gceist. Ina theannta sin, más féidir uirlisí ríomhaireachta feabhsaithe agus caighdeánaithe a úsáid, ba cheart iad a bheith ina gcúnamh chun na tascanna sin a chur i gcrích agus an próiseas a shimpliú.

Maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha, bheadh orthu faisnéis níos cuimsithí a chur ar fáil agus iad ag cur isteach ar údarú iascaireachta, ach bheadh sé bunaithe ar an bhfaisnéis atá ina seilbh acu cheana agus bheadh na próisis soiléirithe caighdeánaithe, agus dhéanfaí aon ualach oibre breise a mhaolú ar an gcaoi sin. Ar deireadh, ní bheadh aon drochthionchar i dtéarmaí sóisialta ná comhshaoil i gceist leis an rogha seo agus ní bheadh tionchar aige ach an oiread ar iomaíochas oibreoirí de chuid an Aontais ná ar thrádáil idirnáisiúnta.

 

Cén difear a dhéanfaí do ghnólachtaí, d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do mhicrifhiontair? 8 líne ar a mhéid

Soithí iascaireachta tionsclaíocha, a bhíonn ag iascaireacht lasmuigh d'uiscí an Aontais, is mó atá sa chabhlach i dtrácht. De ghnáth bíonn seilbh ag úinéirí na soithí sin ar chabhlach ina bhfuil roinnt mhaith soithí agus is annamh a bheidís ag teacht le critéir FBM. Ar an mbonn nach mbeadh aon chostas breise ar oibreoirí príobháideacha ní dhéantar aon fhoráil ar leith don chatagóir eintiteas eacnamaíoch sin.

An mbeadh tionchar suntasach ag an athbhreithniú ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 4 líne ar a mhéid

Ní bheadh aon tionchar suntasach aige ar bhuiséid ná ar údaráis riaracháin náisiúnta, seachas tionchar beag ar an údarás riaracháin a bhíonn i bhfeighil iascaigh, de chineál eagraíochtúil den chuid is mó. Mar sin féin, d'fhéadfaí foráil a dhéanamh maidir le buiséad teoranta bainistíochta i réimse na teicneolaíochta faisnéise don Choimisiún.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile ag an athbhreithniú? 6 líne ar a mhéid

An taon tionchar suntasach eile a d'fhéadfadh a bheith ann, bhainfeadh sé le tríú tíortha a dheonaíonn ceadúnais iascaireachta ar shoithí de chuid an Aontais. Tionchar dearfach a bheadh ann, de bhrí go bhféadfadh sochair bhreise a bheith ann do thríú tíortha de thoradh creat feabhsaithe a bheith ann chun cabhlach seachtrach an Aontais a bhainistiú (bainistiú feabhsaithe ar acmhainní iascaigh, trédhearcacht fheabhsaithe agus an comhrac i gcoinne an éillithe). Trí rialú ar shoithí an Aontais a fheabhsú, chuideodh an Rialachán atá beartaithe tagarmharc a chruthú ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le cabhlaigh sheachtracha a bhainistiú agus a rialú agus, dá bhrí sin, bheadh ról aige i rialachas níos fearr a bhaint amach d'iascaigh ar fud an domhain.

D. Obair leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas? 4 líne ar a mhéid 

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún meitheal saineolaithe a thabhairt le chéile ó na húdaráis riaracháin náisiúnta éagsúla chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin. Sa bhreis air sin, déanfar meastóireacht air 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm.