A. An gá le beart
|
Cad é an fhadhb agus cén fáth ar fadhb ar leibhéal an Aontais Eorpaigh é?
|
Is é an phríomhfhadhb atá ann go gcuireann an córas rialála atá ann faoi láthair bac ar fhorbairt an mhargaidh ladrann. Níl gnéithe sonracha na ladrann curtha san áireamh mar is ceart sna rialacha atá ann faoi láthair agus bíonn na rialacha sin míréireach leis an riosca oibríochta nó ródheacair (róthrom) lena niompar nó bíonn costas chomh mór sin leo nach bhfuil an chuid is mó de na seirbhísí ladrann praiticiúil ó thaobh na heacnamaíochta de. Ar a bharr sin, baineann fadhbanna áirithe le hoibríochtaí ladrainn nach bhfuil ann nó nach bhfuil ann ach ar leibhéal i bhfad níos ísle san eitlíocht shibhialta 'fhoireannaithe'. Baineann siad le sábháilteacht, slándáil, príobháideachas agus cosaint sonraí, caomhnú an chomhshaoil agus dliteanas. Cé gur cosúil nach gá an córas dlithiúil a bhaineann leis sin a leasú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, tá roinnt deacrachtaí ann ó thaobh na rialacha atá ann faoi láthair a chur i bhfeidhm ar oibríochtaí ladrann de. Seo príomhchúiseanna na bhfadhbanna: (1) tá na freagrachtaí maidir le rialáil ladrann roinnte, rud a fhágann go bhfuil difríochtaí idir na ceanglais sa mhargadh inmheánach; (2) tá na húdaruithe aonair róchostasach ó thaobh airgid, ama agus acmhainní de; (3) níl gnéithe sonracha na ladrann curtha san áireamh i modhanna traidisiúnta na rialála maidir le heitlíocht shibhialta; (4) ní leor an fhaisnéis ná na huirlisí atá ag na húdaráis maoirseachta ná na húdaráis forfheidhmithe dlí. Téann na fadhbanna i bhfeidhm ar mhonaróirí agus oibreoirí ladrann agus, go neamhdhíreach, ar gach saoránach, ós rud é gurbh fhéidir go mbeadh ladrainn ag eitilt in áit ar bith.
|
Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?
|
Is é an cuspóir beartais ginearálta atá ann go bhféadfar ladrann agus seirbhísí ladrainn a fhorbairt go sábháilte slán inbhuanaithe agus gan cearta bunúsacha na saoránach a shárú ar dhóigh ar bith. Chuige sin tá an tionscnamh dírithe ar leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 agus ar roinnt gníomhartha cur chun feidhme chun córas reachtach an Aontais Eorpaigh a leathnú go dtí go cumhdóidh sé na ladrainn uile. Maidir leis sin, is é an chéad chuspóir sonrach atá ann deireadh a chur leis na bacanna rialála atá roimh mhonarú agus oibriú ladrann faoi láthair sa chaoi gur féidir le monaróirí a gcuid tairgí a chur ar an margadh gan stró agus gur féidir le hoibreoirí seirbhísí ladrann a sholáthar don gheilleagar. Ba cheart deireadh a chur leis na bacanna rialála nach bhfuil údar leo ach ba cheart rialáil a bhfuil údar léi, amhail rialacha sábháilteachta riachtanacha, a fhágáil ar bun nó a fhorbairt mura leor iad. Is é an dara cuspóir sonrach na rioscaí sonracha agus na fadhbanna sonracha a thagann as úsáid ladrann a mhaolú, go háirithe i réimsí na sábháilteachta, na slándála, an phríobháideachais agus na cosanta sonraí, agus an chomhshaoil. Ní mór aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna sin chun go nglacfaidh an pobal le ladrainn mar chuid den saol laethúil atá ag dul i méad.
|
Cad é an breisluach le bearta ar leibhéal an Aontais?
|
Déantar cuid mhór den aeriompar go trasnáisiúnta agus, dá bhrí sin, tá gá le cur chuige rialála ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ina leith chun ardleibhéal sábháilteachta a bhaint amach. Mar gheall ar na teicneolaíochtaí nua is féidir leis na ladrainn an-éadrom féin cur isteach ar “eitlíocht fhoireannaithe”, eitlíocht a bhfuil an tAontas Eorpach inniúil ina leith cheana, agus, ar an ábhar sin, ba cheart gach cineál ladrainn a chumhdach faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh chun go mbeidh comhleanúnachas ann agus nach mbeidh, mar sin, drochthionchar ag na hoibríochtaí ladrainn ar ghníomhaíochtaí eitlíochta a dhéantar cheana. Maidir le ladrann ina gcáil mar “tháirgí aerloingseoireachta”, níl na margaí náisiúnta ar scála mór go leor chun teicneolaíochtaí domhanda mar sin a fhorbairt. Tá sé deacair aitheantas frithpháirteach a bhaint amach sa mhargadh aonair mar gheall ar chaighdeáin agus rialacha atá mionsonraithe. Ní féidir creat rialála comhleanúnach le haghaidh mhonarú agus oibriú na ladrann i margadh inmheánach an Aontais Eorpaigh a bheith ann gan bunrialacha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh maidir le réimse iomlán na ladrann, gan an meáchan a chur san áireamh.
|
B. RÉITIGH
|
Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a rinneadh a mheas? An bhfuil rogha tosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth?
|
Is tionscnamh reachtach é an tionscnamh seo. Ós rud é go bhfuil tionchar ríthábhachtach ag na ladrainn ar shábháilteacht na heitlíochta, ní bheadh aon chur chuige a bheadh bunaithe ar ghníomhaíocht dheonach amháin barrmhaith ó thaobh feidhmíocht sábháilteachta a áirithiú a bheadh comhordaithe le haerthrácht eile de. Forbraíodh roghanna beartais maidir leis an gcur chuige le haghaidh rialála (gan an bhunlíne a lua), agus níor mhór roinnt gníomhartha cur chun feidhme a chur leo:
1. Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir leis na ladrainn a leathnú go dtí go gcumhdóidh sé na ladrainn uile - rialacha maidir leis na ladrainn a chur leis an gcur chuige traidisiúnta le haghaidh eitlíocht shibhialta i gcreat reachtach an Aontais Eorpaigh.
2. Reachtaíocht riosca-bhunaithe maidir leis na ladrainn - bheadh na rialacha agus na nósanna imeachta formheasa agus maoirseachta bunaithe ar an riosca sonrach agus ní leath-dhíorthófaí iad níos mó as saintréithe an ladrainn.
2.1 Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le táirgí a chur i bhfeidhm ar ladrainn íseal-riosca - d'údarófaí ladrainn íseal-riosca olltáirgthe a bheadh ar díol i siopaí miondíola agus ar an idirlíon ar bhonn “cur chuige nua” sa reachtaíocht maidir le comhchuibhiú táirgí.
Is é RB 2.1 an rogha tosaíochta ó thugann sé aghaidh ar na rioscaí sábháilteachta ar dhóigh nach bhfuil chomh trom sin. D'fhéadfaí na rialacha eitlíochta a forbraíodh faoi RB 2 a chomhlánú leis na forálacha i Rialacháin maidir le sábháilteacht táirgí atá oiriúnaithe go sonrach d'earraí olltáirgthe.
|
Cé atá i bhfách le cén rogha?
|
Tá na geallsealbhóirí uile agus na Ballstáit uile i bhfách le gníomhaíocht reachtach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (conclúidí Chruinniú Mullaigh Eorpach an 19 Nollaig 2013). Luaigh formhór mór na ngeallsealbhóirí sa chomhairliúchán poiblí nach bhfuil roinnt inniúlachta 150 kg oiriúnach níos mó agus is beag duine atá i bhfách leis an status quo. Tá cuid mhór daoine ar aon tuairim gur gá stad den mheáchan a úsáid agus tacar fachtóirí a chur san áireamh amhail cineál na hoibríochta, cáilíocht an oibreora ladrainn, ionad na hoibríochta agus iontaofacht an chórais iomláin (96 %). Mhol cuid mhór daoine, monaróirí agus oibreoirí ladrann atá níos éadroime nó níos simplí go háirithe, na rialacha a thabhairt i gcomhréir a thuilleadh le riosca na hoibríochta. Tá sé beartaithe sin a dhéanamh i rogha 2 agus i rogha 2.1 trí na ceanglais a oiriúnú do na rioscaí a bhaineann le hoibríocht ladrann.
|
C. Tionchair rogha na tosaíochta
|
Cad iad sochair rogha na tosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad sochair na bpríomhroghanna)?
|
Spreagfaidh rogha 2.1 forbairt an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh táirgí agus seirbhísí ladrainn trí rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna a leagan síos, lena n-airítear tríd an úsáid is fearr a bhaint as uirlisí maoirseachta margaidh ginearálta le haghaidh ladrann in oibríochtaí íseal-riosca. San am céanna, trí rialacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na rioscaí, níor cheart deighleog mhargaidh na ladrann is lú (deighleog ina bhfuil cuid mhór Fiontar Beag agus Meánmhéide) a phlúchadh le rórialáil. Mar gheall ar an tsolúbthacht a thagann as an rogha a bheith ann aghaidh a thabhairt ar an réimse leathan rioscaí oibríochtúla, beifear in ann teicneolaíochtaí nua a chur ar obair níos luaithe agus, dá bharr sin, gan ard-iomaitheacht chuideachtaí an Aontais Eorpaigh a chailleadh. Is mó an poitéinseal atá ag an rogha seo ná ag rogha ar bith eile maidir le costais oibríochta ar chuideachtaí a choinneáil íseal agus an obair riaracháin a laghdú trí chreat solúbtha a chur ar fáil le haghaidh réimse próiseas amhail féindearbhuithe, bailíochtú simplí nó deimhniúcháin pháirteacha. Lena chois sin, ba cheart go bhféadfaí, mar gheall ar an rogha seo, aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sábháilteachta uile, go háirithe trí chomhlíonadh a éascú, maidir le forfheidhmiú na bhforálacha slándála, príobháideachais agus comhshaoil a éascú.
|
Cad iad costais rogha na tosaíochta (más ann dóibh; murab ann, cad iad príomhchostais na bpríomhroghanna)?
|
Ba cheart costais na rogha tosaíochta a choinneáil íseal. Dá gcomhchuibheofaí na rialacha agus dá mbeadh aon fhormheas/aitheantas píolóta amháin ann, d'ísleofaí costais aon oibríochta trasteorann dá bharr. Is é is aidhm don rogha seo costais údaraithe a choinneáil íseal agus comhréireach leis an riosca, ach bheadh an tionchar foriomlán ar na costais ag brath ar na rialacha cur cun feidhme agus na ceanglais atá ann cheana sna Ballstáit. Maidir leis na costais rialála a bheadh ar údaráis náisiúnta agus Eorpacha, táthar ag súil go níocfar iad leis na hacmhainní atá ann cheana. Roinnfí na costais a thiocfadh as maoirseacht mhargaidh agus údaruithe ladrainn laistigh de chóras EASA agus úsáid optamach acmhainní á cur san áireamh, agus aistreofaí roinnt freagrachtaí chuig na póilíní agus chuig an bhfaireachas margaidh. Ar aon chor, bheadh na costais faoin rogha seo ní b'ísle ná a bheadh siad mura gcuirfidh aon tionscnamh i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
|
Cad iad na tionchair ar Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus ar iomaitheachas?
|
Tiocfaidh dea-thionchair ar chuideachtaí beaga as an gcóras rialála a bheith níos comhréirí agus níos riosca-bhunaithe, as na modhanna chun ceanglais a chomhlíonadh a bheith níos solúbtha, as méadú ar an spleáchas ar chaighdeáin tionsclaíochta, as simpliú ar na nósanna imeachta deimhniúcháin maidir le ladrainn éadroma agus, dá bharr sin, ísliú ar chostas an chomhlíonta. Bheifí ag cur na gceanglas i gcomhréir leis an riosca go díreach chun costais an chomhlíonta a choinneáil íseal agus chun nach mbeadh ualach riaracháin nach gá ann, go háirithe ar Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide nach bhfuil eolach ar an gcóras traidisiúnta sábháilteachta eitlíochta. Sin an fáth a mbeartófaí sásra chomharthú CE, a bhfuil eolas maith air, a úsáid. Ós rud é nach mbeadh údarú oifigiúil de dhíth ar ladrainn i gcatagóir an íseal-riosca, laghdófaí costais an chomhlíonta i gcás cuid mhór cuideachtaí beaga agus oibreoirí beaga atá gníomhach san earnáil mhargaidh sin, agus bheadh siad ní b'iomaithí dá bharr. Is é an t-aon drochthionchar ab fhéidir a bheadh ann an tionchar ab fhéidir a thiocfadh as an riachtanas a bheadh ann an córas náisiúnta sábháilteachta (dá mba ann dó) a chur in oiriúint do na córais nua sábháilteachta de chuid na hEorpa i gcás na ladrann a d'úsáidfí i gcatagóir an íseal-riosca.
|
An mbeidh tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
Maidir leis na costais cur chun feidhme, na Ballstáit nár thug rialacha sonracha isteach fós maidir le ladrainn faoi bhun 150 kg, beidh sé de cheangal orthu sin a dhéanamh. Tiocfaidh costais bhreise as an ngá atá le hoiliúint bhreise. Beidh ar na comhaltaí faireachais margaidh (comhaltaí dá dtugtar fógra) saineolas a fhorbairt ar ladrainn agus ar theicneolaíochtaí ladrainn ach bheadh gá leis sin freisin faoin mbunlíne féin go pointe áirithe. Lena chois sin, beidh ar na údaráis náisiúnta eitlíochta íoc as na costais a bheidh leis na rialacha nua a chur in oiriúint agus le maoirseacht ar líon ladrann/oibríochtaí ladrainn a bheidh ag dul i méad.
|
An mbeidh tionchair shuntasacha eile ann?
|
Ba cheart go méadódh an tionscnamh sábháilteacht an Aerspáis Eorpaigh go mór agus is féidir go gcuirfidh sé le glacadh an phobail leis na ladrainn trí aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní is mó a bhaineann leo. Ní fhéadfar an margadh ladrann a leathnú mura mbeidh glacadh níos fearr ag an bpobal leo.
|
Comhréireacht?
|
Ba cheart go ndéanfadh an rogha tosaíochta cothromú idir an gá atá le rialacha sábháilteachta comhchoiteanna a bheith san Eoraip agus an gá atá ann gan ualach nach bhfuil riachtanach a chur ar ghnólachtaí. Ina theannta sin, ba cheart go roinnfeadh sé na freagrachtaí go leordhóthanach idir na gníomhaithe éagsúla sa leagan athbhreithnithe de chóras comhoibríoch EASA agus an méid freagrachtaí is féidir a fhágáil ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal áitiúil.
|
D. Obair leantach
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
Déanfar measúnú éigeantach ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 gach 5 bliana, rud atá leagtha síos sa Rialachán féin. Measúnú Airteagal 62 a thugtar ar an measúnú sin de ghnáth. Beidh cuid shonrach den athbreithniú dírithe ar rialáil an mhargaidh ladrann.
|