An Bhruiséil,30.9.2015

SWD(2015) 186 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le hurrúsú agus lena mbunaítear creat Eorpach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, Rialachán (CE) 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh 648/2012

agus

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochtaí

{COM(2015) 472 final}
{SWD(2015) 185 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar an togra le haghaidh Rialachán maidir le hUrrúsú

A. An gá le beart

Cén fáth? Cad í an fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Roimh an ngéarchéim is éard a bhí sa mhargadh urrúsúcháin ná sruth maoinithe, a bhí ag méadú an tam go léir, do gheilleagar na hEorpa. D'fheidhmigh an margadh seo go maith le linn na géarchéime agus ba dhiomaibhseach na caillteanais a gineadh. Mar sin féin, rinne cleachtais agus imeachtaí a bhí ar siúl in áiteanna eile, na Stáit Aontaithe go háirithe, dochar mór dá chlú tar éis na géarchéime. Léirítear an stiogma sin leis an tuiscint atá ag infheisteoirí ar an riosca a bhaineann le hurrúsuithe an Aontais agus lena láimhseáil rialála chomh maith, atá calabraithe den chuid is mó ar chaillteanais i margaí na Stát Aontaithe. De bhrí gur mó i bhfad iad sin ná na caillteanais ar urrúsuithe an Aontais, tá na cinn dheireanacha seo faoi mhíbhuntáiste de bharr na láimhseála rialála.

Mar thoradh ar an stiogma agus an láimhseáil rialála, tá stop curtha le margadh urrúsúcháin an Aontais. Dá bhrí sin tá sruth maoinithe a bhí ann do gheilleagar an Aontais caillte. Gan urrúsú, tá srian ar chumas na mbanc sócmhainní a dhíol. Mar thoradh air sin, cuireann an gá atá ann le díghiaráil faoi láthair brú ar bhainc a gcláir chomhardaithe a chrapadh tríd an soláthar creidmheasa a laghdú. I gcomhthéacs na hEorpa, áit a ndéantar 80% d'idirbheartú airgeadais trí bhainc, tá impleachtaí móra aige sin don fhás. Tá an téarnamh gan creidmheas fadálach, rud a chuireann moill ar fhás agus cruthú fostaíochta.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Is é is cuspóir ginearálta don tionscnamh margadh urrúsúcháin sábháilte a athnuachan, rud a fhágfaidh go bhfeabhsófar maoiniú an gheilleagair san Aontas, go ndéanfar lagú ar an nasc idir díghiaráil banc agus srianta creidmheasa sa ghearrthéarma agus go gcruthófar struchtúr maoinithe atá níos cobhsaí cothroime don gheilleagar san Aontas san fhadtéarma. Cuirfear é seo i gcrích go sonrach trí idirdhealú a dhéanamh idir táirgí urrúsúcháin simplí trédhearcacha caighdeánaithe (STC) ar féidir leo sruth maoinithe inbhuanaithe a sholáthar do gheilleagar na hEorpa agus cinn atá níos casta agus níos míshoiléire. Ar an dara dul síos, díreofar ar chaighdeánú ar na próisis agus cleachtais i margaí urrúsúcháin agus ar dhul i ngleic le neamhréireachtaí rialála. Déanfar rath na gcuspóirí sin a thomhas bunaithe ar an difríocht idir praghas agus cainníochtaí na dtáirgí STC a eisítear agus praghas agus cainníochtaí na dtáirgí nach táirgí STC iad a eisítear.

Cad é an breisluach le bearta ar leibhéal an Aontais? 

Is cuid de mhargaí airgeadais an Aontais iad táirgí urrúsúcháin atá oscailte agus comhtháite. Nascann an turrúsú institiúidí airgeadais difriúla ó Bhallstáit éagsúla agus ó Stáit nach Ballstáit iad: is minic a thionscnaíonn bainc na hiasachtaí atá urrúsaithe, agus is iad institiúidí airgeadais amhail árachóirí agus cistí infheistíochta a infheistíonn sna táirgí sin agus déanann siad amhlaidh thar theorainneacha Eorpacha. Ina theannta sin, tá an creat rialála maidir le hurrúsuithe bunaithe den chuid is mó ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Dá réir sin ní féidir difreáil maidir le táirgí STC a thabhairt isteach ach amháin trí thionscnamh ar leibhéal an Aontais.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a rinneadh a mheas? An bhfuil rogha tosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth?

Cuireadh réimse roghanna san áireamh chun critéir STC a thabhairt isteach: creat rialála a ghlacadh chun próifíl riosca dhifriúil táirgí STC a léiriú agus chun bunchlocha na reachtaíochta maidir le hurrúsú a chaighdeánú (i.e sainmhínithe, ceanglais maidir le nochtadh agus ceanglais an díchill chuí). I ngach réimse cuireadh rogha gan beart a dhéanamh, beart neamhreachtach agus beart reachtach san áireamh.

Is éard atá i rogha na tosaíochta beart reachtach lena dtabharfar isteach critéir STC agus creat rialála difreáilte maidir le táirgí STC agus lena gcaighdeánófar bunchlocha na reachtaíochta maidir le hurrúsú (i.e. sainmhínithe, ceanglais maidir le nochtadh agus ceanglais an díchill chuí). Ba cheart go mbainfear difreáil amach leis an rogha sin agus go mbeidh an láimhseáil rialála níos íogaire ó thaobh riosca ná mar atá sí faoi láthair. Ina theannta sin, ba cheart go gcaighdeánódh sí forálacha atá ilchineálach faoi láthair i reachtaíocht an Aontais maidir le sainmhínithe, ceanglais maidir le nochtadh agus ceanglais an díchill chuí. Ba cheart go rachadh an méid sin go léir i ngleic leis an stiogma atá ann faoi láthair agus go gcothódh sé athnuachan sa mhargadh urrúsúcháin atá sábháilte agus inbhuanaithe.

Cé atá i bhfách cén rogha?

Tá formhór mór na ngeallsealbhóirí ar son an togra. Níl aon difríochtaí ann i dtaobh chatagóirí na bhfreagróirí sa mhéid go bhfuil formhór mór na reachtóirí, na mbanc ceannais, na rialtóirí, na maoirseoirí, na ngníomhairí margaidh agus na meithleacha smaointe sásta leis an tionscnamh seo.

C. Tionchair rogha na tosaíochta

Cad iad sochair rogha na tosaíochta (más ann do rogha tosaíochta; murab ann, cad iad sochair na bpríomhroghanna)?

Sa mhéid go gcruthóidh na beartais atá molta sruth maoinithe nua do gheilleagar an Aontais, ceann a bheadh ag brath níos lú ar shrianta in earnáil na baincéireachta, maolóidh siad an éifeacht a bhíonn ag géarchéimeanna airgeadais ar an soláthar creidmheasa agus dá bhrí sin ar fhás agus ar fhostaíocht. Tiocfaidh laghdú ar na costais shóisialta a bhaineann leis na géarchéimeanna sin. Ina theannta sin, cothófar leis na roghanna beartais sin margadh urrúsúcháin a thacaíonn níos fearr le maoiniú an gheilleagair i gcomhthéacs cobhsaíochta airgeadais, trí bhíthin struchtúir urrúsúcháin a chothú, ar féidir na rioscaí a bhaineann leo a anailísiú, a thuiscint agus a phraghsáil.

Níl aon fhianaise ann go mbeidh aon tionchair dhíreacha nó indíreacha ag an mbeartas atá molta ar shaincheisteanna comhshaoil. 

Cad iad costais rogha na tosaíochta (más ann do rogha tosaíochta; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Seachas na costais a bheidh ar rannpháirtithe margaidh agus ar údaráis phoiblí agus iad ag oiriúnú don chreat rialála nua, níor cheart aon chostas ábhartha sóisialta nó eacnamaíoch a bheith ann. Níl aon fhianaise ann go mbeidh aon tionchair dhíreacha nó indíreacha ag an mbeartas atá molta ar shaincheisteanna comhshaoil. 

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Ba cheart go mbeadh roinnt deaéifeachtaí ar mhaoiniú FBManna ag na roghanna beartais atá roghnaithe. Ar an gcéad dul síos, má chuirtear urrúsuithe gearrthéarmacha amhail páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe sa chreat STC agus má fheabhsaítear an láimhseáil caipitil dá bharr, ba cheart go gcothódh sé sin fás na foinse maoinithe tábhachtaí seo do FBManna.

Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh ag na bainc, de bharr an tionscnaimh seo, uirlis a cheadóidh dóibh riosca a aistriú amach as a gcuid clár comhordaithe. Dá bhrí sin, ba cheart go mbainfeadh bainc úsáid níos mó as caipiteal léirscaoilte chun creidmheas nua a chur ar fáil do theaghlaigh agus do chuideachtaí, ar FBManna a bhformhór san Aontas.

Ar deireadh, ach aon chreat urrúsúcháin comhsheasmhach trasEorpach a thabhairt isteach agus ugach a thabhairt don mhargadh a bheith páirteach ina thuilleadh caighdeánaithe, ba chóir go dtiocfadh laghdú ar na costais oibríochtúla a bhaineann le hurrúsuithe de bharr an tionscnaimh. Ó tharla gur airde ná an meán na costais a bhaineann le hurrúsú iasachtaí FBManna, ba cheart go mbeadh tionchar thar a bheith tairbheach ag an laghdú sin ar chostas an chreidmheasa a thugtar do FBManna.

An mbeidh tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

Ní bheidh

An mbeidh tionchair shuntasacha eile ann? 

Ní bheidh

D. Obair leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Beidh an reachtaíocht atá le cur chun tosaigh faoi réir measúnú iomlán (thart ar cheithre bliana tar éis an spriocdháta don chur chun feidhme), lena héifeacht agus a héifeachtúlacht i dtaca le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear sa tuarascáil seo a mheas, i measc nithe eile, agus le cinneadh an bhfuil bearta nua nó leasuithe ag teastáil.