Strasbourg, 15.12.2015

COM(2015) 667 final

2015/0313(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Faoi láthair tá breis is 300 údarás sibhialta agus míleata sna Ballstáit a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh i raon leathan réimsí, amhail an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, rialú ag teorainneacha, rialú ar iascach, forfheidhmiú dlí agus cosaint an chomhshaoil. Cuireann roinnt gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, go háirithe Frontex, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, cuireann siad tacaíocht ar fáil do na húdaráis náisiúnta chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh.

In 2014 thug an Coimisiún chun críche staidéar féidearthachta inar scrúdaíodh an gá atá le feabhas a chur ar an gcomhar agus an comhordú idir comhlachtaí náisiúnta agus gníomhaireachtaí náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh. Aithnítear sa staidéar seo raon saincheisteanna i dtaca le comhar níos dlúithe a dhéanamh, go sonrach mar a bhaineann sin le faireachas oibríochtúil agus comhroinnt sonraí, ar dhá réimse iad is bonn leis na feidhmeanna réamhráite uile.

An gá atá le feabhas a chur ar an gcomhar agus an comhordú a dhéantar idir údaráis a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh, tugadh aitheantas ina dhiaidh sin dó i reachtaíocht iompair mhuirí an Aontais, i Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh maille le Plean Gníomhaíochta a ghlac an Chomhairle in 2014 agus sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce a ghlac an Coimisiún in 2015.

Is é is cuspóir don togra reachtach seo lena dtreisítear an comhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta feabhas a chur ar an gcomhar agus an comhordú a dhéantar idir gníomhaíochtaí ábhartha an Aontais Eorpaigh chun sineirgí idir na seirbhísí ar leith a fheabhsú, ionas gur féidir leo seirbhísí ilchuspóireacha atá níos éifeachtúla agus níos costéifeachtaí a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta sin a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh.

Is cuid de shraith beart a mhol an Coimisiún chun an chosaint atáthar a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha na hEorpa a threisiú, lena náirítear an comhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta, atá sa togra seo, sraith a chuimsíonn freisin togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus togra le haghaidh leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach. Maidir leis na leasuithe substainteacha atá sa togra seo is ionann iad agus na forálacha atá beartaithe i ndáil leis an gcomhar Eorpach i measc gardaí cósta atá le fáil sa togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na leasuithe atá beartaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais seo

Tá an togra seo comhsheasmhach le cuspóirí an Bheartais Eorpaigh maidir le hIompar Muirí a bheidh i réim go dtí 2018 agus le cuspóirí beartais na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí a bunaíodh ar mhaithe le leibhéal ard, aonfhoirmeach agus éifeachtach sábháilteachta agus slándála muirí a áirithiú, agus truailliú ó longa a chosc, nó dul i ngleic leis, freisin. Mar sin téann an togra go croílár mhisean na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí, go croílár inniúlachtaí na gníomhaireachta agus go croílár na ngníomhaíochtaí a dhéanann sí le lucht riaracháin mhuirí agus le comhlachtaí muirí a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is é is cuspóir don tionscnamh seo an comhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta a fheabhsú trí chomhar trasearnála a fhorbairt idir an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA), rud a fheabhsóidh sineirgí idir na gníomhaireachtaí sin, chun seirbhísí ilchuspóireacha atá níos éifeachtúla agus níos costéifeachtaí a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta sin a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh.

Is é bunúdar na faidhbe atá ann go bhfuil breis is 300 údarás sna Ballstáit a bhíonn i mbun feidhmeanna garda cósta, amhail rialú ag teorainneacha, sábháilteacht mhuirí agus slándáil mhuirí, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, rialú ar iascach, rialú ar thruailliú, etc., san am i láthair, agus is minic nach ndéantar comhordú mar is ceart orthu ar an leibhéal náisiúnta fiú. Trí chomhar agus comhordú a chur chun cinn idir na húdaráis sin a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh, tá an togra seo ag teacht go hiomlán le beartais an Aontais maidir le himirce, le slándáil, le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe, neamhrialáilte chomh maith le hiompar agus soghluaisteacht.

Na cúraimí breise atá á dtabhairt do EMSA, tá siad i gcomhréir go hiomlán le sainorduithe na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus EFCA, rud a chuideoidh leosan a ndualgais agus a gcúraimí féin a chur i gcrích. Tá Comhaontuithe Seirbhíse déthaobhacha i bhfeidhm cheana idir EMSA agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus idir EMSA agus EFCA i dtaca le seirbhísí faisnéise muirí a chur ar fáil. I gcás na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, tá socruithe déanta ó bhí Aibreán 2013 ann maidir le malartú na sonraí sin a bhfuil fáil orthu faoi láthair agus déantar iad a shruthú go buan ó EMSA chuig EUROSUR agus chuig Lárionad Staide na Gníomhaireachta. Bainfear feidhm as na cleachtais sheanbhunaithe i gcás na sruthanna breisithe sonraí.

Tá an togra reachtach seo gan dochar do rún an Choimisiúin rialacháin bhunaitheacha ó ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais Eorpaigh a chomhchuibhiú de réir an chur chuige chomhchoitinn i leith gníomhaireachtaí díláraithe a ghlactar nuair a bhíonn leasú á dhéanamh ar na rialacháin sin ar chúiseanna a bhaineann le cúrsaí beartais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 100(2) CFAE lena mbunaítear forálacha maidir le cuspóirí an chomhbheartais muiriompair a bhaint amach.

•Coimhdeacht

Pléitear sa togra le tacaíocht a chur ar fáil d'údaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus más iomchuí, ar an leibhéal idirnáisiúnta.

•Comhréireacht

Is é is aidhm don togra an cumas atá ag gardaí cósta an Aontais Eorpaigh aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus rioscaí sa réimse muirí a threisiú trí chomhar a fheabhsú agus trí ghníomhaíochtaí costéifeachtúla trasteorann agus trasearnála a chur chun cinn. Leanfaidh de sin nach mbeidh aon dúbailt oibre ann agus áiritheofar dá bharr go bhfeidhmeoidh na príomhghníomhaithe ar shlí chomhleanúnach éifeachtúil agus go gcuirfidh siad sineirgí ar bun eatarthu féin. Cuirtear san áireamh sa togra an gá atá le tuilleadh smachta sa limistéar muirí ach gan méadú mór a chur ar an ualach oibre atá ar an lucht riaracháin náisiúnta agus ar lucht riaracháin an Aontais Eorpaigh.

Ag seo cur síos ar an mbreisluach atá ag sainghníomhaíochtaí EMSA ar leibhéal an Aontais Eorpaigh:

–cuirtear ar fáil faisnéis luachmhar chun faireachas ar theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh a fheabhsú trí bhíthin seirbhísí nua de chórais aerárthaí cianrialaithe (RPAS nó ladrainn) agus trí bhíthin seirbhísí leanúnacha SAT-AIS, ar faisnéis í nach gcuirfí ar fáil, nó a chuirfí ar fáil ar bhealach níos lú (faireachas ón spéir, rud atá anchostasach), murach sin;

–is costéifeachtaí seirbhísí agus sonraí a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ná ar an leibhéal náisiúnta i ngeall ar bharainneachtaí scála nach bhféadfaí a ghnóthú ar an leibhéal náisiúnta de thoradh na ngníomhaíochtaí céanna;

–is féidir sonraí a athúsáid agus a chomhroinnt le Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh lena mbaineann agus le gníomhaireachtaí uile an Aontais Eorpaigh lena mbaineann, rud a fhágann nach mbeidh aon dúbailt oibre i gceist agus gur féidir ilúsáid a bhaint as na sonraí céanna agus na seirbhísí céanna, agus go mbeifear in ann teicneolaíochtaí nua-aimseartha agus úrnua a úsáid;

–is féidir na sonraí muirí ábhartha uile a bhaineann le gníomhaíochtaí an duine ar muir a bhailiú le chéile ar aon láthair amháin, rud a chuirfidh réiteach de chineál "ionad ilfhreastail" ar fáil, agus beifear in ann na sonraí sin a sholáthar d'údaráis eile ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Tá bonneagar TFC agus gréasán dáileacháin TFC i gcóir cheana den chuid is mó sa dóigh nach gá iad a fhorbairt athuair. Tá tacair shonraí mhuirí éagsúla á gcur ar fáil cheana ag EMSA don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus do EFCA, agus tá comhéadain curtha ar bun le haghaidh na sonraí sin;

–is féidir feidhm a bhaint as na córais um fhaisnéis mhuirí atá curtha ar bun ag EMSA cheana, agus is féidir na córais agus na seirbhísí reatha maidir le malartú faisnéise idir údaráis gharda cósta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a chomhchuibhiú;

–is féidir cur le scileanna comhchoiteanna agus leis an acmhainn chomhchoiteann i leith feidhmeanna garda cósta agus is féidir tacú leo comhar a dhéanamh agus gníomhú i bpáirt le chéile arna mbunú sin ar chur chuige comhchuibhithe.

•An rogha ionstraime

Ós é is cuspóir don togra leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, is gá Rialachán a mholadh.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach (is é is aidhm don tionscnamh seo oibleagáidí a chur chun feidhme atá leagtha síos sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce agus is infheidhme do ghníomhaíochtaí garda cósta).

•Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

Neamhbhainteach

•Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Neamhbhainteach

•Measúnú tionchair

Neamhbhainteach

Mar sin féin, choimisiúnaigh Ardstiúrthóireacht MOVE staidéar féidearthachta 1 dá bhforáiltear in aithris (30) de Rialachán Uimh. 100/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 .

Sainaithníodh sa staidéar 316 údarás shibhialta agus mhíleata de chuid na mBallstát a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh agus is trí bhíthin 70 struchtúr éagsúil a oibríonn siad le chéile. Leagadh béim sa staidéar ar na heasnaimh is mó dá bhfuil le sonrú ar an gcomhar atá ann faoi láthair, mar atá:

–easpa faisnéise maidir le raon feidhme, cumhachtaí agus cumas na núdarás eile;

–acmhainní daonna, srianta airgeadais agus líon teoranta na sócmhainní oibríochtúla;

–comhordú ad hoc agus easpa idir-inoibritheachta i dtaca le córais, próisis agus sócmhainní;

–comhphleanáil theoranta agus comhoibríochtaí teoranta.

Áiríodh ar cheann de phríomhthorthaí an staidéir an ról lárnach atá ag an bhfaireachas oibríochtúil reatha agus ag comhroinnt sonraí, ar dhá réimse iad is bonn leis na feidhmeanna uile agus atá bunaithe ar chórais EMSA.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní cuid de chlár oibre REFIT an tionscnamh seo ach ba cheart príomhphrionsabail an chláir sin a chur i bhfeidhm air.

•Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Éilíonn an tionscnamh seo go dtiocfaidh méadú is comhionann le tuairim is EUR 22 milliún in aghaidh na bliana (is é sin tuairim is EUR 87 milliún le haghaidh na tréimhse idir 2017 agus 2020) ar ranníocaíocht an Aontais Eorpaigh le ESMA agus go nearcófar 17 mball foirne TA.

Is éard atá i gceist leis sin caiteachas oibríochtúil (teideal 3) is comhionann le tuairim is EUR 81 milliún chun an costas a chumhdach a ghabhann le seirbhísí RPAS (EUR 67 milliún), le sonraí agus seirbhísí SAT-AIS agus le sonraí agus seirbhísí Satcom a sholáthar ionas go méadófar ar chumas faireachais na 3 ghníomhaireacht agus na núdarás náisiúnta, rud a thacóidh le teorainneacha seachtracha muirí an Aontais Eorpaigh a neartú mar a bheadh príomhchuspóir ann.

(Féach freisin an ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis seo).

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ós rud é gurb é EMSA a chuirfidh an beart seo chun feidhme, cuimseofar meastóireacht an bhirt sin mar chuid de mheastóireacht 5 bliana na gníomhaireachta, agus cuirfear torthaí na meastóireachta mar aon leis na moltaí a eascróidh aisti ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus cuirfear ar fáil don phobal iad.

•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach

•Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is é is aidhm don togra seo an comhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta a fhorbairt trí chineálacha comhair a fhorbairt idir an Ghníomhaireacht Eorpach um Theorainneacha agus Garda Cósta, EMSA agus EFCA, rud a fheabhsóidh sineirgí idir na gníomhaireachtaí sin, chun seirbhísí ilchuspóireacha atá níos éifeachtúla agus níos costéifeachtaí a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta sin a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh.

Beidh EMSA ar thús cadhnaíochta maidir le feabhas suntasach a chur ar an gcumas faireachais atá ann chun teorainneacha seachtracha muirí an Aontais Eorpaigh a neartú trí na gníomhaíochtaí seo a leanas:

a.    Faisnéis a chomhroinnt ar faisnéis í atá bunaithe ar chomhtháthú agus anailísiú a dhéanamh ar shonraí atá le fáil i gcórais tuairiscithe long agus i gcórais faisnéise eile arna nóstáil ag na Gníomhaireachtaí nó atá ar fáil dóibh, i gcomhréir le bunúis dlí na nGníomhaireachtaí féin agus gan dochar d'úinéireacht na mBallstát ar na sonraí sin;

Aschur: feabhas a chur ar an gcaoi a scaiptear sonraí faireachais mhuirí fíor-ama agus sonraí faireachais mhuirí atá gar d'fhíor-am ar na trí ghníomhaireacht agus ar na húdaráis ábhartha

Déantar faisnéis mhuirí a shruthú chuig córais na nGníomhaireachtaí eile ar chaoi atá bunaithe ar na comhaontuithe seirbhíse atá ag EMSA i láthair na huaire leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus le EFCA faoi seach. Agus feabhas á chur ar an gcumas faireachais atá ann, ba cheart sonraí ó bhraiteoirí nua, go sonrach ó RPAS (lena náirítear fís-shonraí nó sonraí infridhearga) a thabhairt san áireamh i gcás an réimse mhuirí; teastóidh feidhmiúlachtaí nua sa chóras reatha chuige sin chun an chaoi a gcuirtear faisnéis ar fáil agus a gcomhroinntear í le Gníomhaireachtaí agus leis na húdaráis ábhartha a fheabhsú. Is gá bogearraí a fhorbairt agus comhéadain a uasghrádú chun na córais a thabhairt cothrom le dáta ionas gur féidir leo an fhaisnéis ó bhraiteoirí nua a láimhseáil.

b.    Seirbhísí faireachais agus seirbhísí cumarsáide a chur ar fáil arna mbunú sin ar theicneolaíocht úrscothach, lena náirítear bonneagar spás-bhunaithe agus bonneagar ar an talamh, agus braiteoirí atá suite ar ardán de chineál ar bith, amhail córais aerárthaí cianrialaithe;

Aschur: seirbhísí solúbtha RPAS chun faireachas a dhéanamh don rialú ag teorainneacha

In ainneoin a bhfuil ann de theicneolaíochtaí saitilít-bhunaithe agus de theicneolaíochtaí ar an talamh, is deacair fós báid bheaga atá déanta as rubar nó as adhmad, agus a mbaintear feidhm astu le himircigh a thabhairt trasna na Meánmhara, a bhrath. Ní gnách go gcaitheann na cineálacha sin bád scáil atá láidir go leor le go bhfeicfí í ar íomhánna satailíte radair. Limistéir bheaga andírithe amháin is féidir a chlúdach trí bhíthin íomhánna optúla, a fhad is gur i rith an lae a ghlactar na híomhánna sin agus nach bhfuil aon scamaill sa spéir. De ghnáth ní bhíonn fáil ar fhaisnéis satailíte ach ag amanna ar leith agus é sin de réir chonair eitilte na satailítí. Is féidir na laincisí sin a shárú trí sheirbhísí breise arna mbunú ar RPAS (ladrainn) a chur ar fáil.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht, ina cáilíocht mar sholáthraí seirbhísí institiúideacha, oibríochtaí seirbhísí RPAS a eagrú agus a chur ar fáil chun tacú leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus le húdaráis um rialú ag teorainneacha. Lena chois sin, déanfaidh EMSA, ina cháilíocht mar ghníomhaireacht sábháilteachta muirí, a chion féin ionas nach mbeidh tuairim chomh diúltach céanna ann i leith an teicneolaíocht seo a úsáid. Tá gné ilchuspóireach ag roinnt leis an teicneolaíocht sin agus is féidir í a úsáid le haghaidh cúraimí poiblí éagsúla ar muir (rialú ag teorainneacha, sábháilteacht loingseoireachta, Cuardach agus Tarrtháil, brath truailliúcháin, rialú ar iascach, gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí). Beidh de thoradh ar an gcomhar idir na Gníomhaíochtaí a neartú go gcuirfear a thuilleadh feabhais ar shineirgí agus ar úsáid ilchineálach na sócmhainní céanna sin.

A bhuí le seirbhísí RPAS a bheith á soláthar ag EMSA, beidh ar chumas na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus na núdarás um rialú ag teorainneacha leas suntasach a bhaint as an tseirbhís ar an ábhar go bhfuil EMSA i mbun sonraí maidir le gníomhaíochtaí an duine ar muir a bhailiú, a phróiseáil, a chomhtháthú agus a chomhghaolú cheana féin. Chaithfí le faisnéis a thagann ó RPAS mar fhoinse bhreise sonraí, a chuirfear leis an bhfaisnéis a dhéanfar a shruthú chuig EUROSUR. Seirbhís inscálaithe a mheastar a bheidh ann agus roinnfear líon na noibríochtaí comhuaineacha RPAS sa Mheánmhuir, cuir i gcás, ina gceithre réimse leasa, mar atá: An teorainn idir an Ghréig agus an Tuirc (An Mhuir Aeigéach), an Mheánmhuir Láir (an Libia), an Mheánmhuir Thiar (Caolas Ghiobráltar) agus an Mheánmhuir Thoir (réigiún na Cipire). Ba cheart go ndéanfaí an t-imlonnú ar bhonn aonaid shoghluaiste is féidir a athshuíomh de réir mar a thiocfaidh "láithreacha práinne" nua chun cinn le himeacht ama.

Ba cheart gur saoire na seirbhísí RPAS ná aerárthaí patróil foireannaithe agus ba cheart caitheamh leo mar a bheadh uirlis chomhlántach ann atá le húsáid sa slabhra foriomlán faireachais, lena náirítear íomhánna satailíte, sonraí suiteála soitheach agus faireachas trí bhíthin aerárthaí patróil muirí agus soithí patróil muirí.

Aschur: leanúint de bheith ag bailiú sonraí AIS trí bhíthin satailíte

Go nuige seo tá seirbhísí sonraí Satailíte-AIS (SAT-AIS) á gcur ar fáil ag EMSA, i gcomhar le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, saor in aisce do Ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh trí bhíthin a chuid aipeanna muirí. Tá maoiniú i gcomhair na sonraí sin curtha ar fáil ag Gníomhaireacht Spáis na hEorpa go dtí an 31 Lúnasa 2016, tráth a thiocfaidh deireadh leis an gclár taighde agus forbartha. Foinse fhíorluachmhar faisnéise atá sna sonraí SAT-AIS a chuireann feabhas mór ar fheasacht ar dhálaí éagsúla muirí. Tá na sonraí sin ina gcuidiú ag na Ballstáit agus ag gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh (i.e. an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, EFCA, MAOC-N) agus cúraimí faireachais idir lámha acu. Ní féidir a lán soithí a rianú de cheal na sonraí sin toisc nach bhfuil fáil ar fhoinsí sonraí eile, go sonrach ar an taobh ó dheas den Mheánmhuir, nó toisc go ngabhann soithí lasmuigh de raon clúdaigh na stáisiún AIS cois cladaigh rud a fhágann nach féidir faireachán a dhéanamh orthu trí bhíthin córais talún AIS (faoi mar a tharlaíonn i gcás gníomhaíochtaí soithí iascaireachta faoi bhrat an Aontais Eorpaigh nuair is lasmuigh den Aontas a bhíonn siad ag feidhmiú).

Caillfear mórán breisluacha de cheal sonraí SAT-AIS agus laghdófar go suntasach ar fheasacht ar dhálaí éagsúla muirí, agus beidh toradh diúltach aige sin ar an bhfaireachas is féidir a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha. Is den riachtanas é, dá réir sin, sonraí SAT-AIS a fháil.

Aschur: seirbhísí cumarsáide, go sonrach SAT-COM, chun tacú le comhoibríochtaí.

Tá gá le cumarsáid satailíte chun sonraí faireachais mhuirí ó RPAS agus ó bhraiteoirí eile a chomhordú agus a chur ar fáil. Úsáidtear cumarsáid satailíte chun an RPAS a stiúradh agus chun na sonraí arna mbailiú ag pálasta na gcóras sin a tharchur. Bíonn costais mhóra i gceist leis. Ní mór don Ghníomhaireacht infheistíocht a dhéanamh i gcomhéadain ar chun críche sonraí a fháil ó shatailítí cumarsáide, agus ón gCóras Eorpach Athsheachadta Sonraí go sonrach, iad. Beidh gá, is cinnte, le bogearraí a fhorbairt chun go bhféadfar ilshruthanna sonraí a ionchur i bhformáidí éagsúla sonraí. Níl costais tarchuir satailíte san áireamh sna costais a cuireadh i láthair.

Rannchuideoidh EMSA freisin le:

c.    Forbairt acmhainní ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais trí threoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais a chur i dtoll a chéile agus trí thacú le hoiliúint foirne agus malartú foirne, d'fhonn feabhas a chur ar mhalartú faisnéise agus ar chomhar maidir le feidhmeanna garda cósta;

Aschur: Oiliúint, cianfhoghlaim agus malartú dea-chleachtas, agus caighdeáin oibríochtaí comhchoiteanna nó idir-inoibritheacha a fhorbairt atá bunaithe ar thionscadail

Maidir le feidhmeanna garda cósta na núdarás náisiúnta a neartú, is gá oideachas agus oiliúint a chur ar fáil ina chomhair sin. Tá punann shuntasach oiliúna curtha ar bun ag an nGníomhaireacht cheana, lena náirítear modúil ríomhfhoghlama le haghaidh saineolaithe ó na Ballstáit, ó na tíortha aontachais agus ó thíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa. Tarraingeofar ar an mbonn sin chun modúil nua agus seisiúin nua oiliúna a fhorbairt, rud a chuirfidh lena bhfuil ann cheana de scileanna agus d'inniúlachtaí ar an leibhéal náisiúnta.

Na cúrsaí oiliúna nuafhorbartha, na ceardlanna ina bhféadfaí dea-chleachtais a mhalartú, na modúil ríomhfhoghlama maille leis na saintionscadail nua a bhaineann le limistéar ar leith, cuideoidh siad sin le hacmhainní na ngardaí cósta a mhéadú, agus cruthóidh siad caighdeáin chomhchoiteanna agus cur chuige comhchoiteann ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, rud a éascóidh an comhar ilnáisiúnta agus comhoibríochtaí ilnáisiúnta.

2015/0313 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Na húdaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh, tá freagracht orthu i leith raon leathan cúraimí, lena náirítear an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, rialú ag teorainneacha, rialú ar iascach, forfheidhmiú dlí agus cosaint an chomhshaoil inter alia. Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, don Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach agus don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí an comhar a neartú dá bhrí sin le chéile agus le húdaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh chun feasacht ar dhálaí éagsúla muirí a mhéadú agus chun tacú le gníomhaíocht chomhleanúnach chost-éifeachtúil.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 mar a leanas:

(1) In Airteagal 2, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"4a. Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach chun tacú leis na húdaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh trí sheirbhísí, faisnéis, trealamh agus oiliúint a chur ar fáil agus trí oibríochtaí ilchuspóireacha a chomhordú."

(2) Cuirtear isteach Airteagal 2b seo a leanas:

"Airteagal 2b

An comhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta

1. Tacóidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, tacóidh sí le húdaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus más iomchuí, ar an leibhéal idirnáisiúnta tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)    faisnéis a chomhroinnt ar faisnéis í atá bunaithe ar chomhtháthú agus anailísiú a dhéanamh ar shonraí atá le fáil i gcórais tuairiscithe long agus i gcórais faisnéise eile arna nóstáil ag na Gníomhaireachtaí nó atá ar fáil dóibh, i gcomhréir le bunúis dlí na nGníomhaireachtaí féin agus gan dochar d'úinéireacht na mBallstát ar na sonraí sin;

(b)    seirbhísí faireachais agus seirbhísí cumarsáide a chur ar fáil arna mbunú sin ar theicneolaíocht úrscothach, lena náirítear bonneagar spás-bhunaithe agus bonneagar ar an talamh chomh maith le braiteoirí atá suite ar ardán de chineál ar bith, amhail córais aerárthaí cianrialaithe;

(c)    acmhainní a fhorbairt trí threoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais a chur i dtoll a chéile agus trí thacú le hoiliúint foirne agus malartú foirne, d'fhonn feabhas a chur ar mhalartú faisnéise agus ar chomhar maidir le feidhmeanna garda cósta;

(d)    acmhainní a chomhroinnt, lena náirítear oibríochtaí ilchuspóireacha a phleanáil agus a chur chun feidhme chomh maith le sócmhainní agus inniúlachtaí a chomhroinnt ó earnáil go chéile agus ar bhonn trasteorann.

2. Rialacha mionsonraithe an chomhair maidir le feidhmeanna garda cósta a dhéanann an Ghníomhaireacht leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, déanfar iad a chinneadh le linn socrú oibre, i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis na Gníomhaireachtaí.

3. Féadfaidh an Coimisiún lámhleabhar praiticiúil ar an gcomhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta a ghlacadh i bhfoirm molta, lámhleabhar ina mbeidh treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais i ndáil le malartú faisnéise agus i ndáil le comhar ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta."

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (arna leasú ag Rial. 1644/2003; 724/2004; 2038/2006; 100/2013)

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 3  

Réimse beartais: Beartas iompair na hEorpa

06: Soghluaisteacht agus Iompar

06 02: Beartas iompair intíre, d'aer, agus ar muir

06 02 03: An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí

06 02 03 01: An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí — Rannchuidiú le Teidil 1, 2 agus 3 seachas na bearta frith-truaillithe

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

☒ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 4  

◻ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

An clár maidir leis an Imirce

Beartas iompair na hEorpa

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach

Iompar slán sábháilte a chur chun cinn trí chaighdeáin Eorpacha aontaithe beartais a fhorbairt i gcomhair sábháilteacht agus slándáil agus leibhéal ard cur chun feidhme a áirithiú

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

0602 Beartas iompair intíre, d'aer, agus ar muir

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is é an toradh is ceart a bheith ag an gcomhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta feabhas suntasach ar an gcumas faireachais chun smacht ar theorainneacha seachtracha (muirí) an Aontais Eorpaigh a neartú.

a.    Faisnéis a chomhroinnt ar faisnéis í atá bunaithe ar chomhtháthú agus anailísiú a dhéanamh ar shonraí atá le fáil i gcórais tuairiscithe long agus i gcórais faisnéise eile arna nóstáil ag na Gníomhaireachtaí nó atá ar fáil dóibh, i gcomhréir le bunúis dlí na nGníomhaireachtaí féin agus gan dochar d'úinéireacht na mBallstát ar na sonraí sin;

Aschur: feabhas a chur ar an gcaoi a scaiptear sonraí faireachais mhuirí fíor-ama agus sonraí faireachais mhuirí atá gar d'fhíor-am ar na trí ghníomhaireacht agus ar na húdaráis ábhartha

Déantar faisnéis mhuirí a shruthú chuig córais na nGníomhaireachtaí eile ar chaoi atá bunaithe ar na comhaontuithe seirbhíse atá ag EMSA i láthair na huaire leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus le EFCA faoi seach. Agus feabhas á chur ar an gcumas faireachais atá ann, ba cheart sonraí ó bhraiteoirí nua, go sonrach ó Chórais Aerárthaí Cianrialaithe (lena náirítear fís-shonraí nó sonraí infridhearga) a thabhairt san áireamh i gcás an réimse mhuirí; teastóidh feidhmiúlachtaí nua sa chóras reatha chuige sin chun an chaoi a gcuirtear faisnéis ar fáil agus a gcomhroinntear í le Gníomhaireachtaí agus leis na húdaráis ábhartha a fheabhsú. Is gá bogearraí a fhorbairt agus comhéadain a uasghrádú chun na córais a thabhairt cothrom le dáta ionas gur féidir leo an fhaisnéis ó bhraiteoirí nua a láimhseáil.

b.    Seirbhísí faireachais agus seirbhísí cumarsáide a chur ar fáil arna mbunú sin ar theicneolaíocht úrscothach, lena náirítear bonneagar spás-bhunaithe agus bonneagar ar an talamh, agus braiteoirí atá suite ar ardán de chineál ar bith, amhail córais aerárthaí cianrialaithe;

Aschur: seirbhísí solúbtha RPAS (Córais Aerárthaí Cianrialaithe) chun faireachas a dhéanamh don rialú ag teorainneacha

In ainneoin a bhfuil ann de theicneolaíochtaí saitilít-bhunaithe agus de theicneolaíochtaí ar an talamh, is deacair fós báid bheaga atá déanta as rubar nó as adhmad, agus a mbaintear feidhm astu le himircigh a thabhairt trasna na Meánmhara, a bhrath. Ní gnách go gcaitheann na cineálacha sin bád scáil atá láidir go leor le go bhfeicfí í ar íomhánna satailíte radair. Limistéir bheaga andírithe amháin is féidir a chlúdach trí bhíthin íomhánna optúla, a fhad is gur i rith an lae a ghlactar na híomhánna sin agus nach bhfuil aon scamaill sa spéir. De ghnáth ní bhíonn fáil ar fhaisnéis satailíte ach ag amanna ar leith agus é sin de réir chonair eitilte na satailítí. Is féidir na laincisí sin a shárú trí sheirbhísí breise arna mbunú ar Chórais Aerárthaí Cianrialaithe (RPAS, nó ladrainn) a chur ar fáil.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht, ina cáilíocht mar sholáthraí seirbhísí institiúideacha, oibríochtaí seirbhísí RPAS a eagrú agus a chur ar fáil chun tacú leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus le húdaráis um rialú ag teorainneacha. Lena chois sin, déanfaidh EMSA, ina cháilíocht mar ghníomhaireacht sábháilteachta muirí, a chion féin ionas nach mbeidh tuairim chomh diúltach céanna ann i leith an teicneolaíocht seo a úsáid. Tá gné ilchuspóireach ag roinnt leis an teicneolaíocht sin agus is féidir í a úsáid le haghaidh cúraimí poiblí éagsúla ar muir (rialú ag teorainneacha, sábháilteacht loingseoireachta, Cuardach agus Tarrtháil, brath truailliúcháin, rialú ar iascach, gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí). Beidh de thoradh ar an gcomhar idir na Gníomhaíochtaí a neartú go gcuirfear a thuilleadh feabhais ar shineirgí agus ar úsáid ilchineálach na sócmhainní céanna sin.

A bhuí le seirbhísí RPAS a bheith á soláthar ag EMSA, beidh ar chumas na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus na núdarás um rialú ag teorainneacha leas suntasach a bhaint as an tseirbhís ar an ábhar go bhfuil EMSA i mbun sonraí maidir le gníomhaíochtaí an duine ar muir a bhailiú, a phróiseáil, a chomhtháthú agus a chomhghaolú cheana féin. Chaithfí le faisnéis a thagann ó RPAS mar fhoinse bhreise sonraí, a chuirfear leis an bhfaisnéis a dhéanfar a shruthú chuig EUROSUR. Seirbhís inscálaithe a mheastar a bheidh ann agus roinnfear líon na noibríochtaí comhuaineacha RPAS sa Mheánmhuir, cuir i gcás, ina gceithre réimse leasa, mar atá: An teorainn idir an Ghréig agus an Tuirc (An Mhuir Aeigéach), an Mheánmhuir Láir (an Libia), an Mheánmhuir Thiar (Caolas Ghiobráltar) agus an Mheánmhuir Thoir (réigiún na Cipire). Ba cheart go ndéanfaí an t-imlonnú ar bhonn aonaid shoghluaiste is féidir a athshuíomh de réir mar a thiocfaidh "láithreacha práinne" nua chun cinn le himeacht ama.

Ba cheart gur saoire na seirbhísí RPAS ná aerárthaí patróil foireannaithe agus ba cheart caitheamh leo mar a bheadh uirlis chomhlántach ann atá le húsáid sa slabhra foriomlán faireachais, lena náirítear íomhánna satailíte, sonraí suiteála soitheach agus faireachas trí bhíthin aerárthaí patróil muirí agus soithí patróil muirí.

Aschur: leanúint de bheith ag bailiú sonraí AIS trí bhíthin satailíte

Go nuige seo tá seirbhísí sonraí Satailíte-AIS (SAT-AIS) á gcur ar fáil ag EMSA, i gcomhar le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, saor in aisce do Ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh trí bhíthin a chuid aipeanna muirí. Tá maoiniú i gcomhair na sonraí sin curtha ar fáil ag Gníomhaireacht Spáis na hEorpa go dtí an 31 Lúnasa 2016, tráth a thiocfaidh deireadh leis an gclár taighde agus forbartha. Foinse fhíorluachmhar faisnéise atá sna sonraí SAT-AIS a chuireann feabhas mór ar fheasacht ar dhálaí éagsúla muirí. Tá na sonraí sin ina gcuidiú ag na Ballstáit agus ag gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh (i.e. an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, EFCA, MAOC-N) agus cúraimí faireachais idir lámha acu. Ní féidir a lán soithí a rianú de cheal na sonraí sin toisc nach bhfuil fáil ar fhoinsí sonraí eile, go sonrach ar an taobh ó dheas den Mheánmhuir, nó toisc go ngabhann soithí lasmuigh de raon clúdaigh na stáisiún AIS cois cladaigh rud a fhágann nach féidir faireachán a dhéanamh orthu trí bhíthin córais talún AIS (faoi mar a tharlaíonn i gcás gníomhaíochtaí soithí iascaireachta faoi bhrat an Aontais Eorpaigh nuair is lasmuigh den Aontas a bhíonn siad ag feidhmiú).

Caillfear mórán breisluacha de cheal sonraí SAT-AIS agus laghdófar go suntasach ar fheasacht ar dhálaí éagsúla muirí, agus beidh toradh diúltach aige sin ar an bhfaireachas is féidir a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha. Is den riachtanas é, dá réir sin, sonraí SAT-AIS a fháil.

Aschur: seirbhísí cumarsáide, go sonrach SAT-COM, chun tacú le comhoibríochtaí.

Tá gá le cumarsáid satailíte chun sonraí faireachais mhuirí ó RPAS agus ó bhraiteoirí eile a chomhordú agus a chur ar fáil. Úsáidtear cumarsáid satailíte chun an RPAS a stiúradh agus chun na sonraí arna mbailiú ag pálasta na gcóras sin a tharchur. Bíonn costais mhóra i gceist leis. Ní mór don Ghníomhaireacht infheistíocht a dhéanamh i gcomhéadain ar chun críche sonraí a fháil ó shatailítí cumarsáide, agus ón gCóras Eorpach Athsheachadta Sonraí go sonrach, iad. Beidh gá, is cinnte, le bogearraí a fhorbairt chun go bhféadfar ilshruthanna sonraí a ionchur i bhformáidí éagsúla sonraí. Níl costais tarchuir satailíte san áireamh sna costais a cuireadh i láthair.

c.    Forbairt acmhainní ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais trí threoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais a chur i dtoll a chéile agus trí thacú le hoiliúint foirne agus malartú foirne, d'fhonn feabhas a chur ar mhalartú faisnéise agus ar chomhar maidir le feidhmeanna garda cósta;

Aschur: Oiliúint, cianfhoghlaim agus malartú dea-chleachtas, agus caighdeáin oibríochtaí comhchoiteanna nó idir-inoibritheacha a fhorbairt atá bunaithe ar thionscadail

Maidir le feidhmeanna garda cósta na núdarás náisiúnta a neartú, is gá oideachas agus oiliúint a chur ar fáil ina chomhair sin. Tá punann shuntasach oiliúna curtha ar bun ag an nGníomhaireacht cheana, lena náirítear modúil ríomhfhoghlama le haghaidh saineolaithe ó na Ballstáit, ó na tíortha aontachais agus ó thíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa. Tarraingeofar ar an mbonn sin chun modúil nua agus seisiúin nua oiliúna a fhorbairt, rud a chuirfidh lena bhfuil ann cheana de scileanna agus de chumas ar an leibhéal náisiúnta.

Na cúrsaí oiliúna nuafhorbartha, na ceardlanna ina bhféadfaí dea-chleachtais a mhalartú, na modúil ríomhfhoghlama maille leis na saintionscadail nua a bhaineann le limistéar ar leith, cuideoidh siad sin le hacmhainní na ngardaí cósta a mhéadú, agus cruthóidh siad caighdeáin chomhchoiteanna agus cur chuige comhchoiteann ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, rud a éascóidh an comhar ilnáisiúnta agus comhoibríochtaí ilnáisiúnta.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Feabhas a chur ar an gcaoi a scaiptear sonraí faireachais mhuirí fíor-ama agus sonraí faireachais mhuirí atá gar d'fhíor-am ar na trí ghníomhaireacht agus ar na húdaráis ábhartha:

Leis an uasghrádú agus na feabhsuithe ar na comhéadain agus ar na feidhmiúlachtaí:

- beifear in ann sonraí ó bhraiteoirí nua a chomhroinnt (ag úsáid formáidí sonraí nua);

- rannchuideoidh sé chun sonraí méadaithe faireachais a chomhroinnt i measc na ngeallsealbhóirí ábhartha go léir.

Seirbhísí solúbtha RPAS chun faireachas a dhéanamh don rialú ag teorainneacha:

Ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas mar thoradh ar an méadú ar fhaireachas muirí ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh:

- imeachtaí imirceach a bhrath ag céim níos luaithe;

- imircigh atá i nguais ar muir a bhrath ar bhealach níos fearr (a dhéanfaidh níos mó daoine a thabhairt slán), agus a thacóidh le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir;

- aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a bhrath ag céim níos luaithe agus ar bhealach níos fearr agus teorainneacha seachtracha muirí an Aontais Eorpaigh á dtrasnú;

- úsáid a bhaint as na misin sin ar ilchuspóirí (garda cósta), ag tabhairt cúnamh don fhaireachas muirí chun:

   - iascaireacht neamhdhleathach a bhrath,

   - gáinneáil agus smuigleáil drugaí a bhrath agus a thascradh,

   - truailliú a bhrath agus faireachán a dhéanamh air,

   - tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí um fhorfheidhmiú an dlí.

Is “cúnamh teicniúil” atá i gceist le sonraí faireachais agus déanfar é a sholáthar do na húdaráis inniúla ábhartha, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, chun obair leantach oiriúnach a dhéanamh.

Leanúint de bheith ag bailiú sonraí AIS trí bhíthin satailíte:

A bhuí leis an bhfaisnéis seo, beifear in ann soithí a shainaithint lasmuigh de raon na stáisiún AIS ar an gcladach sna Ballstáit agus tabharfaidh sí cúnamh d'úsáideoirí pictiúr muirí níos iomláine a fháil ar mhaithe le hoibríochtaí rialaithe ag teorainneacha. Mar thoradh ar an bhfaisnéis seo:

- beifear in ann idirdhealú a dhéanamh idir gnáth-thrácht agus gníomhaíochtaí daonna ar muir nach naithnítear a bhféadfadh sé gur gá fíorú níos grinne a dhéanamh orthu, trí chomhghaol a aimsiú idir an fhaisnéis sin agus faisnéis ó fhoinsí sonraí eile atá ar fáil ag EMSA;

- beidh cumas níos fearr ann suíomh sócmhainní atá imlonnaithe ag rialtais náisiúnta nó ag an Aontas Eorpach a leanúint ar bhealach níos fearr le linn oibríochtaí Cuardaigh agus Tarrthála chun comhordú barrfheabhsaithe a dhéanamh;

- beidh cumas níos fearr ann sócmhainní a imlonnú chuig suíomh cruinn geografach na soithí ar aithníodh go bhfuil tacaíocht de dhíth orthu, agus an méid ama a thógfaidh sé ar na húdaráis/oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála teacht ar an láthair a íoslaghdú dá bharr;

- beidh féidearthacht ann faisnéis gheospásúil a sholáthar chun faireachán cruinn tráthúil a dhéanamh ar shoithí ar bhonn domhanda.

Mura bhféadfaí na sonraí SAT-AIS seo a sholáthar, ní bheadh faisnéis chomh cuimsitheach céanna á soláthar faoina bhfuil ag tarlú ag na teorainneacha seachtracha mara.

Seirbhísí cumarsáide, go sonrach SAT-COM, chun tacú le comhoibríochtaí:

Bíonn ról ríthábhachtach ag sonraí satailíte agus teicneolaíochtaí nua á úsáid, amhail córais aerárthaí cianrialaithe. Is trí theicneolaíochtaí cumarsáide satailíte den sórt sin a chuirtear faireachas muirí feabhsaithe ar fáil i bhfíor-am (nó gar d'fhíor-am).

Oiliúint, cianfhoghlaim agus malartú dea-chleachtas, agus caighdeáin oibríochtaí comhchoiteanna nó idir-inoibritheacha a fhorbairt atá bunaithe ar thionscadail:

Ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas ann mar thoradh ar infheistíocht a dhéanamh ar oiliúint, cianfhoghlaim agus malartú dea-chleachtas, agus caighdeáin oibríochtaí comhchoiteanna nó idir-inoibritheacha a fhorbairt atá bunaithe ar thionscadail:

- méadú ar scileanna agus cumas i réimse na bhfeidhmeanna garda cósta ar an leibhéal náisiúnta, a fhágfaidh go mbeidh feabhas ar fheidhmíocht sna hoibríochtaí;

- méadú ar leibhéal an chomhchuibhithe agus ar chineálacha cur chuige i leith faireachais mhuirí agus i leith feidhmeanna garda cósta eile, a mbeidh idir-inoibritheacht agus caighdeáin choiteanna oibríochtaí mar thoradh leis, agus ba cheart go ndéanfaí comhoibríochtaí a éascú dá bharr.

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Is é an próiseas is casta agus is criticiúla é eagrú na seirbhísí píolótacha RPAS.

In 2016, tá sé beartaithe ag an nGníomhaireacht seirbhís phíolótach RPAS a dhéanamh chun an tseirbhís a thaispeáin do na Ballstáit agus do Ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Ó thaobh na rialála de, tá sé beartaithe ag an nGníomhaireacht go mbeadh baint ag EASA agus Eurocontrol leis, agus ó thaobh na núsáideoirí, tabharfar cuireadh don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht phíolótach seo. Chomh maith léis sin, ba cheart go rannchuideodh an comhairliúchán le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa le forbairt bhreise a dhéanamh ar réitigh RPAS i réimse an fhaireachais shibhialta mhuirí.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais Eorpaigh

Ag seo cur síos ar an mbreisluach atá ag na gníomhaíochtaí sin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh:

cuirtear ar fáil faisnéis luachmhar chun faireachas ar theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh a fheabhsú trí bhíthin seirbhísí nua RPAS agus trí bhíthin seirbhísí leanúnacha SAT-AIS, ar faisnéis í nach gcuirfí ar fáil, nó a chuirfí ar fáil ar bhealach níos lú (faireachas ón spéir, rud atá anchostasach), murach sin;

- is costéifeachtaí seirbhísí agus sonraí a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ná ar an leibhéal náisiúnta i ngeall ar bharainneachtaí scála nach bhféadfaí a ghnóthú ar an leibhéal náisiúnta de thoradh na ngníomhaíochtaí céanna;

- is féidir sonraí a athúsáid agus a chomhroinnt le Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh lena mbaineann agus le gníomhaireachtaí uile an Aontais Eorpaigh lena mbaineann, rud a fhágann nach mbeidh aon dúbailt oibre i gceist agus gur féidir ilúsáid a bhaint as na sonraí céanna agus na seirbhísí céanna, agus go mbeifear in ann teicneolaíochtaí nua-aimseartha agus úrnua a úsáid;

- is féidir na sonraí muirí ábhartha uile a bhaineann le gníomhaíochtaí an duine ar muir a bhailiú le chéile ar aon láthair amháin, rud a chuirfidh réiteach de chineál "ionad ilfhreastail" ar fáil, agus beifear in ann na sonraí sin a sholáthar d'údaráis eile ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Tá bonneagar TFC agus gréasán dáileacháin TFC i gcóir cheana den chuid is mó sa dóigh nach gá iad a fhorbairt athuair. Tá tacair shonraí mhuirí éagsúla á gcur ar fáil cheana ag EMSA don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus do EFCA, agus tá comhéadain curtha ar bun le haghaidh na sonraí sin;

- is féidir feidhm a bhaint as na córais um fhaisnéis mhuirí atá curtha ar bun ag EMSA cheana, agus is féidir na córais agus na seirbhísí reatha maidir le malartú faisnéise idir údaráis gharda cósta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a chomhchuibhiú;

- is féidir cur le scileanna comhchoiteanna agus leis an acmhainn chomhchoiteann le haghaidh comhlachtaí garda cósta agus is féidir tacú leo comhar a dhéanamh agus gníomhú i bpáirt le chéile arna mbunú sin ar chur chuige comhchuibhithe.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Bunaithe ar na feidhmeanna míleata a baineadh as teicneolaíocht RPAS roimhe seo, d'fhoghlaim EMSA faoina bhfuil indéanta ó thaobh acmhainn shibhialta RPAS agus faoin gcaoi go bhféadfadh RPAS a bheith úsáideach chun feabhas a chur ar fhaireachas muirí ar choibhéis praghas/cáilíocht níos fearr chun feasacht níos fearr a fháil ar a bhfuil ag tarlú ag teorainneacha seachtracha muirí an Aontais Eorpaigh.

Bunaithe ar an gcomhar leanúnach le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, léiríodh go bhfeabhsaíonn úsáid na sonraí SAT-AIS an fheasacht ar dhálaí muirí go mór. Léirigh go leor úsáideoirí sna Ballstáit agus i ngníomhaireachtaí Eorpacha an úsáid oibríochtúil a bhaineann le sonraí SAT-AIS i bhfíorchásanna sa mhéid agus go mbunaíonn siad a noibríochtaí laethúla go mór ar úsáid sonraí SAT-AIS sa lá atá inniu ann. Bailíodh teistiméireachtaí úsáideoirí tar éis roinnt cruinnithe úsáideoirí le trí bliana anuas. Is léir, mar sin, go gcuirfí teorainn shoiléir ar cháilíocht na feasachta ar an réimsí muirí gan sonraí SAT-AIS, rud a mbeadh toradh diúltach aige ar chumas na núsáideoirí gníomhú ar bhealach éifeachtach.

I dtaca le Rialú ag Stát an Chalafoirt, tacaíonn an Ghníomhaireacht le scéim ar fud na hEorpa chun íosleibhéal oiliúna a sholáthar a fheabhsóidh forbairt cumais ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Lena chois sin, léiríodh ón taithí go raibh breisluach ag baint leis na seisiúin oiliúna "Croíscileanna" a forbraíodh le haghaidh feidhmeanna áirithe i dtaca le cumas náisiúnta a chomhlánú agus malartú dea-chleachtais a chothú, agus dá bhrí sin d'fhéadfadh breisluach a bheith i gceist leo i gcás feidhmeanna éagsúla garda cósta.

Tá taithí leathan ag an nGníómhaireacht de bheith ag obair le húdaráis náisiúnta a dhéanann feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh agus de chomhar trasteorann a chur chun cinn. Bhí sampla den mhéid sin ann le déanaí a bhain le cúnamh a thabhairt do shoithí i nguais, inar ndearna an Ghníomhaireacht, in éineacht leis an gCoimisún, treoirlínte oibríochtúla a fhorbairt maidir le háiteanna tearmainn ar bhonn reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, rud a cuirfidh freagairt chomhchuibhithe éifeachtach ó na húdaráis náisiúnta chun cinn. D'fhéadfaí forbairt na dtreoirlínte oibríochtúla agus na gcaighdeán/próiseas comhchoiteann / idir-inoibritheach a dhéanamh i réimsí eile ar an gcaoi chéanna.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Na cúraimí breise seo atá á dtabhairt do EMSA, tá siad i gcomhréir go hiomlán le sainorduithe na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus EFCA, rud a chuideoidh leosan a ndualgais agus a gcúraimí féin a chur i gcrích. Cuirfidh na sonraí a gheofar ó mhodhanna RPAS agus SAT-AIS araon go mór leis an bhfeasacht ar dhálaí a bheidh acu. Tá Comhaontuithe Seirbhíse déthaobhacha i bhfeidhm cheana idir EMSA agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus idir EMSA agus EFCA i dtaca le seirbhísí faisnéise muirí a chur ar fáil. I gcás na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, tá socruithe déanta ó bhí Aibreán 2013 ann maidir le malartú na sonraí sin a bhfuil fáil orthu faoi láthair agus déantar iad a shruthú go buan ó EMSA chuig EUROSUR agus chuig Lárionad Staide na Gníomhaireachta. Bainfear feidhm as na cleachtais sheanbhunaithe i gcás na sruthanna breisithe sonraí.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

–◻Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

–◻Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

⌧ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 5  

◻ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

–◻ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

–◻ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

⌧ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

–◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

–⌧ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

–◻ comhlachtaí dlí poiblí;

–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Déanann an Chúirt Iniúchóirí Eorpach iniúchadh bliantúil ar an nGníomhaireacht agus déanann Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin iniúchadh bliantúil uirthi freisin. Déanann an Bord Riaracháin, lena náirítear ionadaithe ón gCoimisiún, maoirseacht ar ghníomhaíochtaí, ar chlársceidealú agus ar bhuiséid. Beidh feidhm fós ag an gcóras seo mar a leagadh síos é sa Rialachán lenar bunaíodh EMSA.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

Níl aon riosca breise ann i gcomparáid leis na cúraimí agus gníomhaíochtaí atá ag an nGníomhaireacht cheana féin.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

Beidh an buiséad breise faoi réir na bhforálacha agus cosaintí céanna a bhíonn i gceist i dtaca le gníomhaíochtaí eile ar fad de chuid na Gníomhaireachta.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Tá bearta frithchalaoise san áireamh sa Rialachán lenar bunaíodh EMSA faoi Airteagal 20, ina ndéantar rialáil ar údarás OLAF i dtaca le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus beidh feidhm leo fós. Ghlac Bord Riaracháin EMSA straitéis shonrach fhrithchalaoise i mí na Samhna 2015.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir [Ceannteideal………………………...……………]

LD/LN 6 .

ó thíortha de chuid CSTE 7

ó thíortha is iarrthóirí 8

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1A

060203 An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí

Neamhdhifreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir [Ceannteideal………………………………………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

1A

060203 An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí

An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí

2017

2018

2019

2020

2021*1

IOMLÁN*2

Teideal 1:

Gealltanais

(1)

€1.034

€1.423

€1.385

€1.408

€0.000

€5.250

Íocaíochtaí

(2)

€1.034

€1.423

€1.385

€1.408

€0.000

€5.250

Teideal 2:

Gealltanais

(1a)

€0.086

€0.182

€0.185

€0.190

€0.000

€0.643

Íocaíochtaí

(2 a)

€0.086

€0.182

€0.185

€0.190

€0.000

€0.643

Teideal 3:

Gealltanais

(3a)

€16.550

€21.502

€21.578

€21.678

€0.000

€81.308

Íocaíochtaí

(3b)

€9.930

€19.521

€21.548

€21.638

€8.671

€72.637

IOMLÁN leithreasuithe
don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí

Gealltanais

=1+1a +3a

€17.670

€23.107

€23.148

€23.276

€0.000

€87.201

Íocaíochtaí

=2+2a

+3b

€11.050

€21.126

€23.117

€23.236

€8.671

€78.530



*1 lasmuigh den CAI reatha

*2 Iomlán don CAI reatha





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

•Acmhainní daonna

•Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

0

0

0

0

0

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0

0

0

0

0

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2017

2018

2019

2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

€17.670

€23.107

€23.148

€23.276

€87.201

Íocaíochtaí

€11.050

€21.126

€23.117

€23.236

€78.530

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

–◻Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

–⌧Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

 

 

2017

2018

2019

2020

Iomlán

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

⇩

ASCHUIR

Saghas

Meánchostas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

N

Costas

Cuspóir Sonrach 1 (Airteagal 1a):
Anailís ar shonraí, comhthiomsú agus comhroinnt

- Anailís ar Shonraí, Seirbhísí comhthiomsaithe agus comhroinnte

-

-

€0.800

-

€0.400

-

€0.400

-

€0.400

€2.000

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

-

-

€0.800

-

€0.400

-

€0.400

-

€0.400

€2.000

Cuspóir Sonrach 2 (Airteagal 1b):
Oibríochtaí RPAS

- Suiteáil

€0.263

-

€0.150

-

€0.300

-

€0.300

-

€0.300

-

€1.050

- Athshuíomh

€0.050

-

€0.050

-

€0.050

-

€0.050

-

€0.050

-

€0.200

- Feidhmiú

€16.463

4250

€12.750

5900

€17.700

5900

€17.700

5900

€17.700

21950

€65.850

- Misin

€0.053

15

€0.030

30

€0.060

30

€0.060

30

€0.060

105

€0.210

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

-

-

€12.980

-

€18.110

-

€18.110

-

€18.110

€67.310

Cuspóir Sonrach 3 (Airteagal 1b):
Cumarsáid Satailíte

- Sonraí cumarsáide satailíte agus seirbhísí satailíte

-

-

€0.500

0

€0.500

0

€0.500

0

€0.500

€2.000

- Misin

€0.014

4

€0.010

8

€0.015

8

€0.015

8

€0.015

28

€0.055

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3

-

-

€0.510

-

€0.515

-

€0.515

-

€0.515

€2.055

Cuspóir Sonrach 4 (Airteagal 1b):
AIS Satailíte

- Seirbhís Dhomhanda AIS Satailíte a sholáthar

-

-

€2.000

-

€2.000

-

€2.000

-

€2.000

€8.000

- Misin

€0.014

4

€0.010

8

€0.015

8

€0.015

8

€0.015

28

€0.055

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 4

-

-

€2.010

-

€2.015

-

€2.015

-

€2.015

€8.055

Cuspóir Sonrach 5 (Airteagal 1c):
Forbairt acmhainní

- Oiliúint, ríomhfhoghlaim agus forbairt acmhainí

-

-

€0.230

-

€0.422

-

€0.498

-

€0.598

€1.748

- Misin

€0.035

10

€0.020

20

€0.040

20

€0.040

20

€0.040

70

€0.140

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 5

-

-

€0.250

-

€0.462

-

€0.538

-

€0.638

€1.888

IOMLÁN

-

-

€16.550

-

€21.502

-

€21.578

0

€21.678

€81.308

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

–◻    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

–⌧    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2017*

2018

2019

2020

IOMLÁN

TA 2f (poist AD)

13

15

15

15

15

TA 2f (poist AST)

1

2

2

2

2

Baill foirne ar conradh

(Poist CA)

0

0

0

0

0

Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

(Poist SNI)

0

0

0

0

0

Baill foirne shealadacha (2f) Costais (AD+AST)

€1.120

€1.605

€1.570

€1.598

€5.893

IOMLÁN

€1.120

€1.605

€1.570

€1.598

€5.893

* Glactar leis gurb é an 1 Meitheamh an dáta earcaíochta in 2017

* Glactar leis gurb é an 1 Eanáir an dáta earcaíochta in 2018

2016

2017

2018

2019

2020

Bonnlíne - Cumarsáid

202

198

195

195

195

Poist bhreise

-

14

17

17

17

Iomlán

202

212

212

212

212

3.2.3.2.Na riachtanais acmhainní daonna a mheastar a bheidh ag an máthair-Ard-Stiúrthóireacht

–⌧    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

–◻    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

•Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 9

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  10

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

–◻    Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

–⌧    Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

060203 An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí

–◻    Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

–Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

–Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

–⌧    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

–◻    Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

–◻    ar acmhainní dílse

–◻    ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 11

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1) Staidéar féidearthachta maidir le feabhas a chur ar an gcomhar idir comhlachtaí a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh (94 leathanach), http://ec.europa.eu/transport/modes/maritime/studies/doc/2014-06-icf-coastguard.pdf
(2) Rialachán Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (Aithris 30).
(3) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(4) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(5) Tá mionsonraí na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(6) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(7) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(8) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(9) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(10) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(11) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.