An Bhruiséil,9.9.2015

COM(2015) 452 final

2015/0211(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh chun críocha Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, agus lena leasaítear Treoir 2013/32/AE


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.Forais agus cuspóirí an togra

   Liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh a bhunú

Thíolaic an Coimisiún Eorpach Clár Oibre Eorpach cuimsitheach maidir leis an Imirce an 13 Bealtaine 2015 1 inar leagadh amach, sa bhreis ar na bearta práinneach a mhol an Coimisiún go luath ina dhiaidh sin chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sa Mheánmhuir, tionscnaimh eile nach mór a chur i bhfeidhm chun réitigh struchtúracha a sholáthar chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar gach gné den imirce. Mar chuid de na tionscnaimh struchtúracha a measadh agus i bhfianaise an bhrú de shórt nach bhfacthas cheana atá ar chórais tearmainn Ballstát i láthair na huaire, chuir an Coimisiún béim ar an ngá le cur chuige níos éifeachtaí i ndáil le míúsáid agus chuir sé in iúl go raibh sé beartaithe aige na forálacha maidir le tíortha sábhailte tionscaimh a neartú atá i dTreoir 2013/32/AE maidir le nósanna imeachta chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar ('Treoir 2013/32/AE' anseo feasta) chun tacú le próiseáil ghasta ar iarratais ar thearmann ó dhaoine de thionscamh tíortha a ainmníodh ina dtíortha sábháilte. Mar a d'aibhsigh an Chomhairle Eorpach ina conclúidí an 25 agus an 26 Meitheamh 2015, tá bunú liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh ar áireamh leis sin.

Le Treoir 2013/32/AE cuireadh ar a gcumas do na Ballstáit rialacha nós imeachta sonracha a chur i bhfeidhm, go háirithe nósanna imeachta luathaithe agus nósanna imeachta teorann, i gcás inar náisiúnach tríú tír (nó duine gan stát i ndáil le tríú tír ina mbíodh gnáthchónaí air roimhe sin) é an t-iarratasóir, ar tír í an tríú tír sin a ainmníodh ina tír shábháilte tionscaimh faoin dlí náisiúnta agus, ina theannta sin, is féidir a mheas gur tír shábháilte í don iarratasóir i bhfianaise a chúinsí pearsanta féin. Níl liostaí náisiúnta de thíortha sábháilte tionscnaimh glactha ach ag roinnt Ballstát. Ina theannta sin, tá roinnt éagsúlachtaí idir na liostaí náisiúnta sin a d'fhéadfadh a bheith ann i ngeall ar dhifríochtaí sa chaoi a meastar sábháilteacht tríú tíortha ar leith nó ar dhifríochtaí sna sreafaí de náisiúnaigh tríú tír atá ag teacht chuig na Ballstáit.

Leagtar amach in Iarscríbhinn I de Threoir 2013/32/AE na critéir choiteanna do na Ballstáit chun tríú tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú. Tá an fhoráil seo a leanas san Iarscríbhinn sin:

"Meastar gur tír shábháilte tionscaimh tír i gcás inar féidir a léiriú go ginearálta agus go seasta, ar bhonn na staide dlíthiúla, chur i bhfeidhm an dlí laistigh de chóras daonlathach agus na gcúinsí polaitiúla ginearálta, nach ann do ghéarleanúint mar atá sainmhínithe in Airteagal 9 de Threoir 2011/95/AE 2 , do chéasadh ná d'íde ná pionós atá mídhaonna nó táireach agus nach ann d'aon bhagairt ó fhoréigean neamh-idirdhealaitheach i gcás coinbhleacht armtha idirnáisiúnta nó inmheánach.

Cuirfear san áireamh, inter alia, nuair a dhéanfar an measúnú sin an méid cosanta a thugtar ar ghéarleanúint agus ar dhrochíde trí bhíthin an méid seo a leanas:

(a) dlíthe ábhartha agus rialacháin ábhartha na tíre agus an bealach ina gcuirtear i bhfeidhm iad;

(b) urramú na gceart agus na saoirsí atá leagtha síos sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus/nó sa Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus/nó i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne an Chéasta, go háirithe na cearta nach féidir maolú a thabhairt ina leith faoi Airteagal 15(2) den Choinbhinsiún Eorpach thuasluaite;

(c) urramú phrionsabal an non-refoulement i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive;

(d) foráil maidir le córas leigheasanna éifeachtacha i gcoinne sáruithe ar na cearta agus ar na saoirsí sin."

Níl liosta coiteann de chuid an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh ar fáil i ndlí an Aontais faoi láthair. Is é aidhm an togra seo an liosta sin a bhunú, ar bhonn na gcritéar coiteann atá leagtha síos i dTreoir 2013/32/AE, ós rud é go n-éascóidh sé do na Ballstáit uile úsáid a bhaint as na nósanna imeachta a bhaineann le coincheap na tíre sábhailte tionscnaimh a chur i bhfeidhm agus, ar an dóigh sin, méadófar éifeachtúlacht iomlán a gcóras tearmainn i ndáil le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta is dóchúil a bheith gan bhunús. Laghdóidh liosta coiteann an Aontais Eorpaigh na héagsúlachtaí idir na liostaí atá ag na Ballstáit féin de thíortha sábháilte tionscnaimh, agus ar an dóigh sin, éascófar nósanna imeachta a chóineasú agus cuirfear cosc ar ghluaiseachtaí tánaisteacha iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

   Na tríú tíortha atá le cur ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh

Ar bhonn na faisnéise ábhartha ar fad atá le fáil aige, go háirithe tuairisciú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus an fhaisnéis ó na Ballstáit, ón Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (EASO), ó Chomhairle na hEorpa, ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile, is é conclúid an Choimisiúin gur tíortha sábháilte tionscnaimh de réir bhrí Threoir 2013/32/AE iad an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht IarIúgslavach na Macadóine, An Chosaiv* 3 , Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc agus gur cheart iad a chur ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábhailte tionscnaimh.

Bhain an Coimisiún Eorpach úsáid, go háirithe, as tuarascálacha ó SEGS, lena n-áirítear na tuarascálacha speisialta a bhaineann go sonrach le tíortha ar leith dar dáta an 31 Lúnasa agus an 1 Meán Fómhair 2015, as faisnéis ó na Ballstáit, lena n-áirítear reachtaíocht náisiúnta maidir le hainmniú tíortha sábháilte tionscnaimh, as faisnéis ó EASO, lena n-áirítear tuarascálacha scríofa agus an toradh a bhí ar chruinniú comhordúcháin maidir le tíortha sábháilte tionscaimh le saineolaithe na mBallstát an 2 Meán Fómhair 2015, agus as faisnéis de chuid Chomhairle na hEorpa, UNHCR agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile atá ar fáil go poiblí.

Maidir leis an Albáin, is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrith-idirdhealaithe, lena n-áirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. Ní léir go raibh aon chás refoulement i gcás a saoránach féin. I gcásanna ar leith, nach bhfuil forleathan, is ann i gcónaí d'fhíoch bunaidh, d'fhoréigean teaghlaigh, agus d'idirdhealú nó d'fhoréigean i gcoinne daoine ar de mhionlaigh eitneacha nó de ghrúpaí leochaileacha iad, lena n-áirítear Romaigh, Éigiptigh Bhalcánacha, agus LADTI 4 . Fágann rannpháirtíocht na hAlbáine sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine go bhfuil an deis ann leas a bhaint as an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, agus ráthaíonn an chosaint sin éifeachtacht an chórais leigheasanna i gcoinne sáruithe den sórt a luadh thuas ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás ceithre iarratas as 150 iarratas. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 7.8 % (1040) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh den Albáin. Tá an Albáin ainmnithe ina tír shábháilte tionscnaimh ag ocht mBallstát ar a laghad. Tá an Albáin ainmnithe ina tír is iarrthóir ag an gComhairle Eorpach. Ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar na cúinsí thuasluaite nuair atá cinneadh á dhéanamh acu, maidir le tríú tír atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh, an measfar go bhfuil an tír sin ina tír shábháilte tionscnaimh i gcás iarratasóir ar leith, agus chomh maith leis sin nuair atá scrúdú á dhéanamh acu ar iarratas ag úsáid na saoráidí nós imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2013/32/AE i ndáil le hiarratasóirí ó thír shábháilte tionscnaimh. Ar an mbonn sin, is é conclúid an Choimisiúin gur tír shábháilte tionscnaimh í an Albáin de réir bhrí Threoir 2013/32/AE.

Maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, is é an Bunreacht an bunús le haghaidh comhroinnt cumhachtaí idir na pobail a chomhdhéanann an tír sin. Is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrith-idirdhealaithe, lena n-áirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. Ní léir go raibh aon chás refoulement i gcás a saoránach féin. I gcásanna ar leith, is ann i gcónaí d'idirdhealú nó d'fhoréigean i gcoinne daoine ar chúiseanna eitneachta nó creidimh nó mar gheall ar a dtuairim pholaitiúil agus chomh maith leis sin i gcoinne grúpaí leochaileacha amhail LADTI, iriseoirí agus leanaí. Fágann rannpháirtíocht na Boisnia agus na Heirseagaivéine sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine go bhfuil an deis ann leas a bhaint as an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, agus ráthaíonn an chosaint sin éifeachtacht an chórais leigheasanna i gcoinne sáruithe den sórt a luadh thuas ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás cúig iarratas as 1 196 iarratas. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 4.6 % (330) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh den Bhoisnia agus den Heirseagaivéin. Tá an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ainmnithe ina tír shábháilte tionscnaimh ag naoi mBallstát ar a laghad. Ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar na cúinsí thuasluaite nuair atá cinneadh á dhéanamh acu, maidir le tríú tír atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh, an measfar go bhfuil an tír sin ina tír shábháilte tionscnaimh i gcás iarratasóir ar leith, agus chomh maith leis sin nuair atá scrúdú á dhéanamh acu ar iarratas ag úsáid na saoráidí nós imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2013/32/AE i ndáil le hiarratasóirí ó thír shábháilte tionscnaimh. Ar an mbonn sin, is é conclúid an Choimisiúin gur tír shábháilte tionscnaimh í an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin de réir bhrí Threoir 2013/32/AE.

Maidir le Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrith-idirdhealaithe, lena n-áirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. Ní léir go raibh aon chás refoulement i gcás a saoránach féin. I gcásanna ar leith, nach bhfuil forleathan, is ann i gcónaí d'idirdhealú nó d'fhoréigean i gcoinne daoine ar de ghrúpaí leochaileacha iad, lena n-áirítear páistí, daoine faoi mhíchumas, Romaigh agus LADTI. Fágann rannpháirtíocht Phoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine go bhfuil an deis ann leas a bhaint as an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, agus ráthaíonn an chosaint sin éifeachtacht an chórais leigheasanna i gcoinne sáruithe den sórt a luadh thuas ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás sé iarratas as 502 iarratas. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 0.9 % (70) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh d'Phoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine. Tá Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine ainmnithe ina tír shábháilte tionscnaimh ag seacht mBallstát ar a laghad. Tá Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine ainmnithe ina tír is iarrthóir ag an gComhairle Eorpach. Ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar na cúinsí thuasluaite nuair atá cinneadh á dhéanamh acu, maidir le tríú tír atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh, an measfar go bhfuil an tír sin ina tír shábháilte tionscnaimh i gcás iarratasóir ar leith, agus chomh maith leis sin nuair atá scrúdú á dhéanamh acu ar iarratas ag úsáid na saoráidí nós imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2013/32/AE i ndáil le hiarratasóirí ó thír shábháilte tionscnaimh. Ar an mbonn sin, is é conclúid an Choimisiúin gur tír shábháilte tionscnaimh í Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine de réir bhrí Threoir 2013/32/AE.

Maidir leis an gCosaiv*, is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrith-idirdhealaithe. Níl glactha ag an gCosaiv* leis na hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha maidir le cearta an duine amhail an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine toisc nach bhfuil comhaontú idirnáisiúnta ann maidir lena stádas mar Stát ceannasach. Ní léir go raibh aon chás refoulement i gcás a saoránach féin. I gcásanna ar leith, is ann i gcónaí d'idirdhealú nó d'fhoréigean i gcoinne daoine ar de ghrúpaí leochaileacha iad amhail mná, LADTI agus daoine ar de mhionlaigh eitneacha iad, lena n-áirítear daoine de bhunadh eitneach Seirbiach. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 6.3 % (830) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh den Chosaiv*. Tá an Chosaiv ainmnithe ina tír shábháilte tionscnaimh ag sé Bhallstát ar a laghad. Ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar na cúinsí thuasluaite nuair atá cinneadh á dhéanamh acu, maidir le tríú tír atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh, an measfar go bhfuil an tír sin ina tír shábháilte tionscnaimh i gcás iarratasóir ar leith, agus chomh maith leis sin nuair atá scrúdú á dhéanamh acu ar iarratas ag úsáid na saoráidí nós imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2013/32/AE i ndáil le hiarratasóirí ó thír shábháilte tionscnaimh. Ar an mbonn sin, is é conclúid an Choimisiúin gur tír shábháilte tionscnaimh í an Chosaiv* de réir bhrí Threoir 2013/32/AE.

Maidir le Montainéagró, is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrith-idirdhealaithe, lena n-áirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. Ní léir go raibh aon chás refoulement i gcás a shaoránach féin. I gcásanna ar leith, is ann i gcónaí d'idirdhealú nó d'fhoréigean i gcoinne daoine ar de ghrúpaí leochaileacha iad, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, iriseoirí, Romaigh agus LADTI. Fágann rannpháirtíocht Mhontainéagró sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine go bhfuil an deis ann leas a bhaint as an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, agus ráthaíonn an chosaint sin éifeachtacht an chórais leigheasanna i gcoinne sáruithe den sórt a luadh thuas ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás iarratas amháin as 447 niarratas. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 3.0 % (40) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh de Mhontainéagró. Tá Montainéagró ainmnithe ina thír shábháilte tionscnaimh ag naoi mBallstát ar a laghad. Tá Montainéagró ainmnithe ina thír is iarrthóir ag an gComhairle Eorpach agus tá tús curtha leis an idirbheartaíocht. Ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar na cúinsí thuasluaite nuair atá cinneadh á dhéanamh acu, maidir le tríú tír atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh, an measfar go bhfuil an tír sin ina tír shábháilte tionscnaimh i gcás iarratasóir ar leith, agus chomh maith leis sin nuair atá scrúdú á dhéanamh acu ar iarratas ag úsáid na saoráidí nós imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2013/32/AE i ndáil le hiarratasóirí ó thír shábháilte tionscnaimh. Ar an mbonn sin, is é conclúid an Choimisiúin gur tír shábháilte tionscnaimh é Montainéagró de réir bhrí Threoir 2013/32/AE.

Maidir leis an tSeirbia, is é an Bunreacht an bunús le haghaidh féinrialachas grúpaí mionlaigh i réimsí an oideachais, na húsáide teanga, na faisnéise agus an chultúir. Is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrith-idirdhealaithe, lena n-áirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. Ní léir go raibh aon chás refoulement i gcás a saoránach féin. Is ann i gcónaí d'idirdhealú i gcoinne daoine ar de ghrúpaí leochaileacha iad, lena n-áirítear mionlaigh eitneacha, lena n-áirítear daoine de bhunadh eitneach Albánach, mionlaigh chreidimh – lena n-áirítear Moslamaigh – Romaigh agus LADTI. Fágann rannpháirtíocht na Seirbia sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine go bhfuil an deis ann leas a bhaint as an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, agus ráthaíonn an chosaint sin éifeachtacht an chórais leigheasanna i gcoinne sáruithe den sórt a luadh thuas ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás 16 iarratas as 11 490 iarratas. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 1.8 % (400) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh den tSeirbia. Tá an tSeirbia ainmnithe ina tír shábháilte tionscnaimh ag naoi mBallstát ar a laghad. Tá an tSeirbia ainmnithe ina tír is iarrthóir ag an gComhairle Eorpach agus tá tús curtha leis an idirbheartaíocht. Ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar na cúinsí thuasluaite nuair atá cinneadh á dhéanamh acu, maidir le tríú tír atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh, an measfar go bhfuil an tír sin ina tír shábháilte tionscnaimh i gcás iarratasóir ar leith, agus chomh maith leis sin nuair atá scrúdú á dhéanamh acu ar iarratas ag úsáid na saoráidí nós imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2013/32/AE i ndáil le hiarratasóirí ó thír shábháilte tionscnaimh. Ar an mbonn sin, is é conclúid an Choimisiúin gur tír shábháilte tionscnaimh í an tSeirbia de réir bhrí Threoir 2013/32/AE.

Maidir leis an Tuirc, is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrith-idirdhealaithe, lena n-áirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. Ní léir go raibh aon chás refoulement i gcás a saoránach féin. Is ann i gcónaí d'idirdhealú agus do sháruithe ar chearta an duine i gcás daoine ar de ghrúpaí leochaileacha iad amhail mionlaigh, lena n-áirítear daoine de bhunadh eitneach Coirdíneach, iriseoirí agus LADTI. Fágann rannpháirtíocht na Tuirce sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine go bhfuil an deis ann leas a bhaint as an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, agus ráthaíonn an chosaint sin éifeachtacht an chórais leigheasanna i gcoinne sáruithe den sórt a luadh thuas ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás 94 iarratas as 2 899 n-iarratas. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 23.1 % (310) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh den Tuirc. Tá an Tuirc ainmnithe ina tír shábháilte tionscnaimh ag naoi mBallstát ar a laghad. Tá an Tuirc ainmnithe ina tír is iarrthóir ag an gComhairle Eorpach agus tá tús curtha leis an idirbheartaíocht. Ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar na cúinsí thuasluaite nuair atá cinneadh á dhéanamh acu, maidir le tríú tír atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh, an measfar go bhfuil an tír sin ina tír shábháilte tionscnaimh i gcás iarratasóir ar leith, agus chomh maith leis sin nuair atá scrúdú á dhéanamh acu ar iarratas ag úsáid na saoráidí nós imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2013/32/AE i ndáil le hiarratasóirí ó thír shábháilte tionscnaimh. Ar an mbonn sin, is é conclúid an Choimisiúin gur tír shábháilte tionscnaimh í an Tuirc de réir bhrí Threoir 2013/32/AE.

Ba cheart an togra seo a thuiscint mar an gcéad chéim i dtreo na cuspóra liosta coiteann cuimsitheach de thíortha sábháilte tionscnaimh a bhunú ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an Coimisiún a mholadh tríú tíortha eile, a chomhlíonann na critéir le haghaidh tír a ainmniú ina tír shábháilte, a chur ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh nuair a bheidh an liosta sin glactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. Tabharfar tosaíocht do thríú tíortha óna dtagann líon mór iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta chuig an Aontas Eorpach, amhail an Bhanglaidéis, an Phacastáin agus an tSeineagáil.

Mar atá curtha in iúl sa togra seo, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil, faoi cheann tréimhse trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin má ghlacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é, maidir leis an deis bearta eile comhchuibhithe a dhéanamh a d'fhéadfadh deireadh a chur leis an ngá le liostaí náisiúnta de thíortha sábháilte tionscnaimh.

1.2.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais seo

Tá an togra seo comhsheasmhach leis na nósanna imeachta coiteanna le haghaidh cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar a leagadh síos i dTreoir 2013/32/AE agus tá sé comhsheasmhach le hionstraimí eile an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn.

1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile an Aontais

An togra chun liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh a bhunú agus chun tríú tíortha, go háirithe, a chur ar an liosta sin a d'ainmnigh an Chomhairle Eorpach ina dtíortha is iarrthóirí, tá sé comhsheasmhach le beartas méadaithe an Aontais. Nuair a d'ainmnigh an Chomhairle Eorpach an Albáin, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc ina dtíortha is iarrthóirí, measadh gur chomhlíon siad na critéir a leagadh síos ag Comhairle Eorpach Chóbanhávan an 21 agus an 22 Meitheamh 1993 maidir le cobhsaíocht na n-institiúidí lena ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint mionlach agus beidh orthu leanúint de na critéir ballraíochta sin a chomhlíonadh. Déantar measúnú gach bliain ar dhul chun cinn i gcomhlíonadh na gcritéar polaitiúil agus eacnamaíoch agus ar chomhfhogasú leis an acquis i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Dul Chun Cinn. An togra seo chun an Albáin, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc a chur ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh, tá sé gan dochar don chéad Tuarascáil eile maidir le Dul Chun Cinn atá le tíolacadh ag an gCoimisiún Eorpach i ndáil le gach ceann de na tríú tíortha sin.

2.COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

Rinne an Chomhairle Eorpach ina conclúidí an 25 agus an 26 Meitheamh 2015, i ndáil leis an ngá próiseáil iarratas ar thearmann a luathú, tagairt don rún a bhí ag an gCoimisiún na forálacha maidir le tíortha sábháilte tionscnaimh atá i dTreoir 2013/32/AE a neartú, lena náirítear an fhéidearthacht go mbunófaí liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh.

Ina conclúidí maidir le tíortha sábháilte tionscnaimh an 20 Iúil 2015, chuir an Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile fáilte roimh an fhéidearthacht go mbunófaí liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh. Thug an Chomhairle dá haire "maidir le tíortha na mBalcán Thiar go bhfuil na tíortha sin ar fhormhór na liostaí náisiúnta de thíortha sábháilte tionscnaimh, gur chuir an Chomhairle Eorpach a bpeirspictíocht Eorpach in iúl go mion minic agus gur aistríodh an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht IarIúgslavach na Macadóine, Montainéagró agus an tSeirbia chuig an liosta de na tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa amhail ón 19 Nollaig 2009 agus an 15 Nollaig 2010 faoi seach. Ina theannta sin, bhí an meánráta aitheantais maidir le tearmann ar fud an Aontais do thíortha na mBalcán Thiar íseal go leor in 2014. Tugtar le tuiscint leis sin go bhféadfadh na Ballstáit go léir a mheas gur tíortha sábháilte tionscnaimh iad tíortha na mBalcán Thiar."

Mar thoradh ar na conclúidí ón gComhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, d'eagraigh EASO cruinniú do shaineolaithe ó na Ballstáit an 2 Meán Fómhair 2015 agus thángthas ar chomhaontú ginearálta gur cheart a mheas gur tíortha sábháilte tionscnaimh de réir bhrí Threoir 2013/32/AE iad an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, An Chosaiv*, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró agus an tSeirbia.

3.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT, COMHRÉIREACHT, CEARTA BUNÚSACHA

3.1.Bunús Dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 78(2)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), arb é an bunús dlí é le bearta maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas comhionann tearmainn agus cosanta coimhdí a dheonú agus a tharraingt siar. Is é aidhm an togra liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh a bhunú chun críocha Threoir 2013/32/AE agus an Treoir chéanna a leasú. Glacadh an Treoir sin ar bhonn Airteagal 78(2)(d) CFAE.

3.2.Coimhdeacht

Tugann Teideal V CFAE maidir leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais cumhachtaí áirithe don Aontas Eorpach i dtaobh na gcúrsaí seo. Ní mór na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i.e. murar féidir, agus sa mhéid nach féidir, leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach agus dá bhrí sin, gur fearr, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, is féidir leis an Aontas Eorpach iad a ghnóthú.

Is é aidhm an togra liosta coiteann de thíortha sábháilte tionscnaimh a bhunú ar leibhéal an Aontais ós rud é go n-éascóidh sé sin do na Ballstáit uile úsáid a bhaint as na nósanna imeachta a bhaineann le coincheap na tíre sábhailte tionscnaimh a chur i bhfeidhm. Tá sé d'aidhm ag an togra freisin aghaidh a thabhairt ar roinnt de na héagsúlachtaí atá ann idir na liostaí náisiúnta atá ag na Ballstáit de thíortha sábháilte tionscnaimh; faoi láthair ní i gcónaí a bhíonn iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a thagann ó na tríú tíortha céanna faoi réir na nósanna imeachta céanna sna Ballstáit éagsúla de thoradh na liostaí sin. Ní féidir leis na Ballstáit cuspóir foriomlán na gníomhaíochta atá beartaithe a ghnóthú, agus is fearr is féidir leis an Aontas Eorpach é a ghnóthú.

3.3.Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann na hathruithe atá beartaithe ar an gcreat reachtach atá ann thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Bunófar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh i gcomhréir leis na critéir atá leagtha síos cheana i dTreoir 2013/32/AE maidir le tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú, agus déanfar athbhreithniú go tráthrialta ar na tíortha ar an liosta coiteann. Maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar Threoir 2013/32/AE, tá siad teoranta dá bhfuil riachtanach lena áirithiú go bhfuil na forálacha de Threoir 2013/32/AE a bhaineann le coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh a chur i bhfeidhm, go bhfuil siad infheidhme maidir leis na tríú tíortha atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh.

3.4.An rogha ionstraime

Tá údar le Rialachán a roghnú chun liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh a bhunú mar gheall ar nádúr an liosta choitinn. Liosta é a bhunaítear ar leibhéal an Aontais agus is ceart é a bheith infheidhme go díreach i ndlíchórais na mBallstát.

3.5.Cearta bunúsacha

Urramaítear leis an togra seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an ceart chun tearmainn agus cosaint i gcoinne refoulement dá bhforáiltear in Airteagal 18 agus in Airteagal 19 den Chairt.

Meabhraítear, go háirithe, i gcomhréir le Treoir 2013/32/AE nach ionann tríú tír a bheith ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh agus deimhniú go bhfuil sábháilteacht iomlán ráthaithe do náisiúnaigh na tíre sin, agus dá bhrí sin, ní fhágfaidh sé sin nach gá scrúdú leithleach iomchuí a dhéanamh ar a n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Meabhraítear freisin, i gcás ina léireoidh iarratasóir gurb ann d'fháthanna tromchúiseacha le ceapadh nach bhfuil an tír sábháilte i gcás an duine áirithe sin, nach féidir glacadh leis a thuilleadh gur ábhartha i gcás an duine sin an tír a bheith ainmnithe ina tír shábháilte.

Comhlíonann na tríú tíortha atáthar ag moladh a chur ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh na coinníollacha atá leagtha síos i dTreoir 2013/32/AE maidir le tír a ainmniú ina tír shábháilte. Tugann sé sin le tuiscint gur féidir a léiriú go ginearálta agus go seasta, ar bhonn na staide dlíthiúla, chur i bhfeidhm an dlí laistigh de chóras daonlathach agus na gcúinsí polaitiúla ginearálta, nach ann sna tíortha sin do ghéarleanúint mar atá sainmhínithe in Airteagal 9 de Threoir 2011/95/AE, do chéasadh ná d'íde ná pionós atá mídhaonna nó táireach agus nach ann d'aon bhagairt ó fhoréigean neamhidirdhealaitheach i gcás coinbhleacht armtha idirnáisiúnta nó inmheánach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí ag an togra do bhuiséad an Aontais Eorpaigh agus ba cheart nach mbeadh aon impleachtaí buiséadacha aige do na Ballstáit.

5.EILIMINTÍ EILE

5.1.Socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Foráiltear sa togra gur cheart a mheas, trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, an bhféadfaí tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh d'fhonn fáil réidh le liostaí na mBallstát de thíortha sábháilte tionscnaimh, ar bhonn tuarascáil a bheidh le tíolacadh ag an gCoimisiún.

5.2.Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Bunaítear leis an togra le haghaidh Rialacháin liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thríú tíortha a measfar gur tíortha sábháilte tionscnaimh iad de réir bhrí Threoir 2013/32/AE. Ina theannta sin, leasaítear Treoir 2013/32/AE ionas gur féidir na forálacha maidir le tíortha sábháilte tionscnaimh sa Treoir seo a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tríú tíortha atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh.

Tá liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh le leagan amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán atá beartaithe. Comhlíonfaidh tríú tíortha a chuirfear leis an Iarscríbhinn sin na coinníollacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/32/AE maidir le tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú. Measann an Coimisiún go gcomhlíonann an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, An Chosaiv*, Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc na coinníollacha sin agus gur cheart, mar chéad chéim, iad a chur ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh.

Foráiltear sa togra maidir le hoibleagáid a bheith ar an gCoimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an staid i dtríú tíortha atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh, bunaithe ar fhoinsí faisnéise éagsúla, lena n-áirítear go háirithe tuairisciú rialta ó SEGS agus faisnéis ó na Ballstáit, ó EASO, ó UNHCR, ó Chomhairle na hEorpa agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile.

Foráiltear sa togra gur i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a ghlacfar aon leasú a dhéanfar ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh. I gcás athruithe tobanna chun donais ar staid tríú tír atá ar an liosta, áfach, foráiltear sa togra go gcumhachtófar don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE chun an tír sin a chur ar fionraí ón liosta ar feadh tréimhse bliana, i gcás ina measfaidh sé, ar bhonn measúnú réasúnaithe, nach bhfuil na coinníollacha ar a meastar gur tír shábháilte tríú tír á gcomhlíonadh a thuilleadh. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an fhionraí a fhadú go ceann tréimhse bliana ar a mhéid, i gcás ina mbeidh leasú ar an Rialachán seo beartaithe aige chun an tríú tír sin a bhaint ó liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh. Tá forálacha mionsonraithe sa togra maidir leis na coinníollacha ar a ndéantar cumhacht a tarmligean chuig an gCoimisiún, lena n-áirítear coinníollacha maidir le fad an tarmligthe, an deis a bheith ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle é a chúlghairm aon tráth, an oibleagáid ar an gCoimisiún fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i dtaobh glacadh gníomhartha tarmligthe agus nach féidir leis na gníomhartha tarmligthe teacht i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag na hinstitiúidí sin laistigh de mhí tar éis dóibh an fógra sin a fháil.

2015/0211 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh chun críocha Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, agus lena leasaítear Treoir 2013/32/AE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2)(d) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 5 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 6 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Le Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 cuireadh ar a gcumas do na Ballstáit rialacha nós imeachta sonracha a chur i bhfeidhm, go háirithe nósanna imeachta luathaithe agus nósanna imeachta teorann, i gcúinsí dea-shainithe inar dóchúil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bheith gan bhunús, lena n-áirítear i gcás inar náisiúnach tíre é an t-iarratasóir, ar tír í a ainmníodh ina tír shábháilte tionscaimh faoin dlí náisiúnta agus, ina theannta sin, is féidir a mheas gur tír shábháilte í don iarratasóir lena mbaineann i bhfianaise a chúinsí pearsanta féin. Is féidir na rialacha céanna a chur i bhfeidhm i gcás daoine gan stát i ndáil le tríú tíortha ina mbíodh gnáthchónaí orthu roimhe sin.

(2)Leagtar amach i dTreoir 2013/32/AE na critéir choiteanna chun tríú tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú ar leibhéal na mBallstát. Mar sin féin, níl tíortha sábháilte tionscnaimh ainmnithe ach ag Ballstáit áirithe ina ndlí náisiúnta, agus fágann sé sin nach féidir leis na Ballstáit uile tairbhe a bhaint as na saoráidí gaolmhara nós imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2013/32/AE. Ina theannta sin, fágann na héagsúlachtaí atá ann idir na liostaí náisiúnta de thíortha sábháilte tionscnaimh atá glactha ag na Ballstáit, éagsúlachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann i ngeall ar dhifríochtaí sa chaoi a meastar sábháilteacht tríú tíortha ar leith nó ar dhifríochtaí sna sreafaí de náisiúnaigh tríú tír atá ag teacht chucu, nach i gcónaí a chuireann na Ballstáit coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh mar atá sainmhínithe i dTreoir 2013/32/AE i bhfeidhm i ndáil leis na tríú tíortha céanna.

(3)I bhfianaise an mhéadaithe mhóir atá tagtha ó 2014 i leith ar an líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéantar san Aontas, agus i bhfianaise an bhrú de shórt nach bhfacthas cheana atá ar chórais tearmainn Ballstát i ngeall air sin, d'aithin an tAontas gur gá na forálacha maidir le tíortha sábháilte tionscnaimh atá i dTreoir 2013/32/AE a neartú, mar gur uirlis riachtanach iad na forálacha sin chun tacú le próiseáil ghasta ar iarratais ar thearmann is dóchúil a bheith gan bhunús. Go háirithe, rinne an Chomhairle Eorpach ina conclúidí an 25 agus an 26 Meitheamh 2015, i ndáil leis an ngá próiseáil iarratas ar thearmann a luathú, tagairt don rún a bhí ag an gCoimisiún, mar atá leagtha amach ina Theachtaireacht maidir le Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce 8 , na forálacha sin a neartú, lena náirítear an fhéidearthacht go mbunófaí liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh. Thairis sin, ina conclúidí maidir le tíortha sábháilte tionscnaimh an 20 Iúil 2015, chuir an Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile fáilte roimh an rún a bhí ag an gCoimisiún na forálacha maidir le tíortha sábháilte tionscnaimh i dTreoir 2013/32/AE a neartú, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mbunófaí liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh.

(4)Ba cheart liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh a bhunú ar bhonn na gcritéar coiteann atá leagtha amach i dTreoir 2013/32/AE, ós rud é go n-éascóidh sé do na Ballstáit uile úsáid a bhaint as na nósanna imeachta a bhaineann le coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh a chur i bhfeidhm agus, ar an dóigh sin, méadófar éifeachtúlacht iomlán a gcóras tearmainn i ndáil le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta is dóchúil a bheith gan bhunús. Ina theannta sin, le bunú liosta coiteann an Aontais Eorpaigh tabharfar aghaidh ar roinnt de na héagsúlachtaí atá ann idir liostaí na mBallstát de thíortha sábháilte tionscnaimh; faoi láthair ní i gcónaí a bhíonn iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a thagann ó na tríú tíortha céanna faoi réir na nósanna imeachta céanna sna Ballstáit éagsúla de thoradh na liostaí sin. Cé gur cheart do na Ballstát an ceart a choinneáil reachtaíocht a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach lenar féidir tríú tíortha, ar tíortha iad nach bhfuil ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh cheana, a ainmniú ar an leibhéal náisiúnta ina dtíortha sábháilte tionscnaimh, áiritheofar le bunú an liosta choitinn sin go ndéanfaidh na Ballstáit an choincheap a chur i bhfeidhm ar an mbealach céanna i ndáil le hiarratasóirí a bhfuil a dtíortha tionscnaimh ar an liosta sin. Dá réir sin, éascófar cóineasú ar chur i bhfeidhm na nósanna imeachta agus cuirfear cosc, ar an dóigh sin, ar ghluaiseachtaí tánaisteacha iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a mheas, trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, an bhféadfaí tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh d'fhonn fáil réidh le liostaí na mBallstát de thíortha sábháilte tionscnaimh, ar bhonn tuarascáil a bheidh le tíolacadh ag an gCoimisiún.

(5)Ba cheart na forálacha sin de Threoir 2013/32/AE a bhaineann le coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh a chur i bhfeidhm, ba cheart iad a bheith infheidhme maidir le tríú tíortha atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh arna bhunú leis an Rialachán seo. Ciallaíonn sé sin, go háirithe, nach ionann tríú tír a bheith ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh agus deimhniú go bhfuil sábháilteacht iomlán ráthaithe do náisiúnaigh na tíre sin agus, dá bhrí sin, ní fhágfaidh sé nach gá scrúdú leithleach iomchuí a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Ina theannta sin, ba cheart a mheabhrú, i gcás ina léireoidh an t-iarratasóir gurb ann d'fháthanna tromchúiseacha le ceapadh nach bhfuil an tír shábháilte i gcás an duine áirithe sin, nach féidir glacadh leis a thuilleadh gur ábhartha i gcás an duine sin an tír a bheith ainmnithe ina tír shábháilte.

(6)Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an staid sna tríú tíortha atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh. I gcás athrú tobann chun donais ar staid tríú tír atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an tríú tír sin a chur ar fionraí ó liosta coiteann an Aontais Eorpaigh ar feadh tréimhse bliana i gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn measúnú réasúnaithe, nach bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach i dTreoir 2013/32/AE ar a meastar gur tír shábháilte tionscnaimh tríú tír á gcomhlíonadh a thuilleadh. Chun críche an mheasúnaithe réasúnaithe sin, ba cheart don Choimisiún na foinsí faisnéise éagsúla atá le fáil aige a chur sna áireamh lena n-áirítear, go háirithe, na Tuarascálacha Bliantúla ar Dhul Chun Cinn le haghaidh tríú tíortha arna n-ainmniú ag an gComhairle Eorpach ina dtíortha is iarrthóirí, tuarascálacha rialta ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), agus an fhaisnéis a fhaightear ó na Ballstáit, ón Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO), ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR), ó Chomhairle na hEorpa agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann fionraí tríú tír ó liosta coiteann an Aontais Eorpaigh a fhadú go ceann tréimhse bliana ar a mhéid, i gcás ina mbeidh leasú ar an Rialachán seo beartaithe aige chun an tríú tír sin a bhaint ó liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(7)Mar thoradh ar na conclúidí ón gComhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an 20 Iúil 2015 maidir le tíortha sábháilte tionscnaimh, inar tháinig na Ballstáit ar chomhaontú gur cheart tosaíocht a thabhairt do mheasúnú a dhéanfadh gach Ballstát ar shábháilteacht na mBalcán Thiar, d'eagraigh EASO cruinniú do shaineolaithe ó na Ballstáit an 2 Meán Fómhair 2015 agus thángthas ar chomhaontú ginearálta gur cheart a mheas gur tíortha sábháilte tionscnaimh de réir bhrí Threoir 2013/32/AE iad an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, An Chosaiv* 9 , Montainéagró, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine agus an tSeirbia.

(8)I gcomhréir le Treoir 2013/32/AE, meastar gur tír shábháilte tionscaimh tír i gcás inar féidir a léiriú go ginearálta agus go seasta, ar bhonn na staide dlíthiúla, chur i bhfeidhm an dlí laistigh de chóras daonlathach agus na gcúinsí polaitiúla ginearálta, nach ann do ghéarleanúint mar atá sainmhínithe in Airteagal 9 de Threoir 2011/95/AE 10 , do chéasadh ná d'íde ná pionós atá mídhaonna nó táireach agus nach ann d'aon bhagairt ó fhoréigean neamh-idirdhealaitheach i gcás coinbhleacht armtha idirnáisiúnta nó inmheánach.

(9)Ar bhonn foinsí faisnéise éagsúla, lena n-áirítear go háirithe tuairisciú SEGS agus faisnéis ó na Ballstáit, ó EASO, ó UNHCR, ó Chomhairle na hEorpa agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, tá roinnt tríú tíortha a mheastar a bheith incháilithe mar thíortha sábháilte tionscnaimh.

(10)Maidir leis an Albáin, is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrith-idirdhealaithe, lena n-áirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás 4 iarratas as 150 iarratas. Ní léir go raibh aon chás refoulement i gcás a saoránach féin. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 7.8 % (1040) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh den Albáin. Tá an Albáin ainmnithe ina tír shábháilte tionscnaimh ag ocht mBallstát ar a laghad. Tá an Albáin ainmnithe ina tír is iarrthóir ag an gComhairle Eorpach. Measadh an uair sin gur chomhlíon an Albáin na critéir a leagadh síos ag Comhairle Eorpach Chóbanhávan an 21 agus an 22 Meitheamh 1993 maidir le cobhsaíocht institiúidí lena ráthaítear daonlathas, smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint mionlach, agus beidh ar an Albáin leanúint de na critéir ballraíochta sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis na moltaí dá bhforáiltear sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn.

(11)Maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, is é an Bunreacht an bunús le haghaidh comhroinnt cumhachtaí idir na pobail a chomhdhéanann an tír sin. Is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrith-idirdhealaithe, lena n-áirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás 5 iarratas as 1 196 iarratas. Ní léir go raibh aon chás refoulement i gcás a saoránach féin. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 4.6 % (330) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh den Bhoisnia agus den Heirseagaivéin. Tá an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ainmnithe ina tír shábháilte tionscnaimh ag naoi mBallstát ar a laghad.

(12)Maidir le Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrithidirdhealaithe, lena n-áirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás 6 iarratas as 502 iarratas. Ní léir go raibh aon chás refoulement i gcás a saoránach féin. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 0.9 % (70) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh de Phoblacht IarIúgslavach na Macadóine. Tá Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine ainmnithe ina tír shábháilte tionscnaimh ag seacht mBallstát ar a laghad. Tá Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine ainmnithe ina tír is iarrthóir ag an gComhairle Eorpach. Measadh an uair sin gur chomhlíon Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine na critéir a leagadh síos ag Comhairle Eorpach Chóbanhávan an 21 agus an 22 Meitheamh 1993 maidir le cobhsaíocht institiúidí lena ráthaítear daonlathas, smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint mionlach, agus beidh ar Phoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine leanúint de na critéir ballraíochta sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis na moltaí dá bhforáiltear sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn.

(13)Maidir leis an gCosaiv* is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrith-idirdhealaithe. Níl glactha ag an gCosaiv* leis na hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha maidir le cearta an duine amhail an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine toisc nach bhfuil comhaontú idirnáisiúnta ann maidir lena stádas mar Stát ceannasach. Ní léir go raibh aon chás refoulement i gcás a saoránach féin. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 6.3 % (830) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh den Chosaiv*. Tá an Chosaiv* ainmnithe ina tír shábháilte tionscnaimh ag sé Bhallstát ar a laghad.

(14)Maidir le Montainéagró, is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrith-idirdhealaithe, lena n-áirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás iarratas amháin as 447 n-iarratas. Ní léir go raibh aon chás refoulement i gcás a shaoránach féin. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 3.0 % (40) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh de Mhontainéagró. Tá Montainéagró ainmnithe ina thír shábháilte tionscnaimh ag naoi mBallstát ar a laghad. Tá Montainéagró ainmnithe ina thír is iarrthóir ag an gComhairle Eorpach agus tá tús curtha leis an idirbheartaíocht. Measadh an uair sin gur chomhlíon Montainéagró na critéir a leagadh síos ag Comhairle Eorpach Chóbanhávan an 21 agus an 22 Meitheamh 1993 maidir le cobhsaíocht institiúidí lena ráthaítear daonlathas, smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint mionlach, agus beidh ar Mhontainéagró leanúint de na critéir ballraíochta sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis na moltaí dá bhforáiltear sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn.

(15)Maidir leis an tSeirbia, is é an Bunreacht an bunús le haghaidh féinrialachas grúpaí mionlaigh i réimsí an oideachais, na húsáide teanga, na faisnéise agus an chultúir. Is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrith-idirdhealaithe, lena n-áirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás 16 iarratas as 11 490 iarratas. Ní léir go raibh aon chás refoulement i gcás a saoránach féin. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 1.8 % (400) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh den tSeirbia. Tá an tSeirbia ainmnithe ina tír shábháilte tionscnaimh ag naoi mBallstát ar a laghad. Tá an tSeirbia ainmnithe ina tír is iarrthóir ag an gComhairle Eorpach agus tá tús curtha leis an idirbheartaíocht. Measadh an uair sin gur chomhlíon an tSeirbia na critéir a leagadh síos ag Comhairle Eorpach Chóbanhávan an 21 agus an 22 Meitheamh 1993 maidir le cobhsaíocht institiúidí lena ráthaítear daonlathas, smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint mionlach, agus beidh ar an tSeirbia leanúint de na critéir ballraíochta sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis na moltaí dá bhforáiltear sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn.

(16)Maidir leis an Tuirc, is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrith-idirdhealaithe, lena n-áirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás 94 iarratas as 2 899 n-iarratas. Ní léir go raibh aon chás refoulement i gcás a saoránach féin. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 23.1 % (310) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh den Tuirc. Tá an Tuirc ainmnithe ina tír shábháilte tionscnaimh ag naoi mBallstát ar a laghad. Tá an Tuirc ainmnithe ina tír is iarrthóir ag an gComhairle Eorpach agus tá tús curtha leis an idirbheartaíocht. Measadh an uair sin gur chomhlíon an Tuirc na critéir a leagadh síos ag Comhairle Eorpach Chóbanhávan an 21 agus an 22 Meitheamh 1993 maidir le cobhsaíocht institiúidí lena ráthaítear daonlathas, smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint mionlach, agus beidh ar an Tuirc leanúint de na critéir ballraíochta sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis na moltaí dá bhforáiltear sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn.

(17)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(18)Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(19)[I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an dá Bhallstát sin gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo]

[I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl na Ballstáit sin rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán ina cheangal orthu ná níl siad faoi réir a chur i bhfeidhm.]

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn (, le litir an ...,) gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.]

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe (, le litir an ...,) gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(20)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm,



TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thríú tíortha a measfar gur tíortha sábháilte tionscnaimh iad de réir bhrí Threoir 2013/32/AE.

Airteagal 2

Liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh

1.    Is tíortha sábháilte tionscnaimh iad na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.    Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta ar an staid sna tríú tíortha atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh, bunaithe ar fhoinsí faisnéise éagsúla, lena n-áirítear go háirithe tuairisciú rialta ó SEGS agus faisnéis ó na Ballstáit, ó EASO, ó UNHCR, ó Chomhairle na hEorpa agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile.

3.    Is i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a ghlacfar aon leasú a dhéanfar ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh.

4.    Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 3 chun tríú tír a chur ar fionraí ó liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh.

Airteagal 3

Tríú tír a bhaint ó liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh i gcás athrú tobann ar an staid inti

1.    Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.    I gcás athruithe tobanna ar an staid i dtríú tír atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh, déanfaidh an Coimisiún measúnú réasúnaithe féachaint an gcomhlíonann an tír sin na coinníollacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn I de Threoir 2013/32/AE agus, mura bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh aici a thuilleadh, glacfaidh sé, i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, Cinneadh lena gcuirfear an tríú tír sin ar fionraí ó liosta coiteann an Aontais Eorpaigh ar feadh tréimhse bliana.

3.    I gcás ina mbeidh leasú ar an Rialachán seo beartaithe ag an gCoimisiún chun tríú tír a bhaint ó liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh, féadfaidh sé, ar bhonn an mheasúnaithe réasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, tréimhse bailíochta an chinnidh tarmligthe a glacadh de bhun mhír 2 a fhadú go ceann tréimhse bliana ar a mhéid.

4.    Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear san Airteagal seo a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón [dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

5.    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear san Airteagal seo a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

6.      A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

7.      Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse aon mhíosa amháin tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid.

Airteagal 4

Leasuithe ar Threoir 2013/32/AE

Leasaítear Treoir 2013/32/AE mar a leanas:

(1)    In Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1.  Tríú tír a ainmneofar ina tír shábháilte tionscnaimh sa dlí náisiúnta i gcomhréir leis an Treoir seo, nó tríú tír atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. XXXX/2015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [an Rialachán seo], féadfar a mheas, tar éis scrúdú leithleach a dhéanamh ar an iarratas, gur tír shábháilte tionscnaimh í i gcás iarratasóir ar leith sna cásanna seo a leanas amháin:

(a) tá náisiúntacht na tíre sin ag an iarratasóir; nó

(b)

is duine gan stát é agus bhíodh gnáthchónaí air sa tír sin roimhe sin,

agus níl aon fhoras tromchúiseach tugtha ag an iarratasóir le ceapadh nach tír shábháilte tionscnaimh í an tír sin i gcás an iarratasóra áirithe sin agus i dtaca le bheith incháilithe mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Treoir 2011/95/AE."

(2)    In Airteagal 37, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1.  Féadfaidh na Ballstáit reachtaíocht a choinneáil nó a thabhairt isteach faoinar féidir le Ballstát, i gcomhréir le hIarscríbhinn I, tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú ar tíortha iad nach bhfuil ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. XXXX/2015 [an Rialachán seo] chun críocha iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú."

(3)    In Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

 "Tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú chun críocha Airteagal 36 agus Airteagal 37(1)".

____________

*    Rialachán (AE) Uimh. XXXX/2015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [dáta] lena mbunaítear liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh chun críocha Threoir 2013/32/AE, agus lena leasaítear Treoir 2013/32/AE.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) COM (2015) 240 final, 13.5.2015.
(2) Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus inneachar na cosanta a thugtar (IO L 337, 20.12.2011, lch. 9).
(3) * Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/99 agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(4) Daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirinscneacha.
(5) IO C , , lch. .
(6) IO C , , lch. .
(7) Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).
(8) COM (2015) 240 final, 13.5.2015.
(9) * Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/99 agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(10) Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar (IO L 337, 20.12.2011, lch. 9).

An Bhruiséil,9.9.2015

COM(2015) 452 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh chun críocha Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, agus lena leasaítear Treoir 2013/32/AE


IARSCRÍBHINN

Liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 2

An Albáin,

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin,

Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine,

An Chosaiv* 1 ,

Montainéagró,

An tSeirbia,

An Tuirc.

(1) * Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/99 agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.