AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,27.4.2015
COM(2015) 188 final
2013/0025(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
2013/0025 (COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
1.Cúlra
|
An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2013) 45 final – 2013/0025 COD):
|
6 Feabhra 2013.
|
|
Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:
|
23 Bealtaine 2013.
|
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:
|
11 Márta 2014.
|
|
An dáta a tíolacadh an togra leasaithe:
|
Neamhbhainteach.
|
|
An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:
|
20 Aibreán 2015.
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
Is iad príomhchuspóirí an togra le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí:
–an Margadh Inmheánach a neartú trí chastacht a laghdú ar bhonn trasteorann, sa dóigh go ndéanfar leas na sochaí a chosaint ar choiriúlacht agus ar ghníomhartha sceimhlitheoireachta, cobhsaíocht airgeadais a mhéadú trí stóinseacht, deafheidhmiú agus iomláine an chórais airgeadais a chosaint agus rathúnas eacnamaíoch an Aontais Eorpach a chosaint trí thimpeallacht éifeachtúil gnó a áirithiú, agus
–an treoir a chur i gcomhréir, más iomchuí, leis na caighdeáin idirnáisiúnta maidir leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a ghlac an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) i mí Feabhra 2012.
Faoin togra, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit, ar údaráis mhaoirseachta agus ar eintitis atá faoi oibleagáid riosca a mheas agus bearta maolaitheacha leordhóthanacha a dhéanamh a bheadh i gcomhréir leis an riosca sin.
Ag an am céanna, tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar chreat an Aontais Eorpaigh, mhol an Coimisiún athbhreithniú freisin ar Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 maidir le faisnéis ar an íocóir a ghabhann le haistrithe cistí, agus na moltaí athchóirithe a ghlac FATF maidir le haistrithe de shreang curtha san áireamh aige.
3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle
Tá an seasamh ón gComhairle de réir an chomhaontaithe pholaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air an 16 Nollaig 2014 agus tá eilimintí a mhol an dá institiúid ann. Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhaontú sin.
Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na heilimintí breise a cuireadh leis an seasamh ón gComhairle, go háirithe:
ceangal a bheith ar gach soláthróir seirbhíse cearrbhachais, agus ní ar lucht casino amháin, bearta díchill chuí don chustaiméir a chur i bhfeidhm i gcás idirbhearta aonair dar luach EUR 2000 nó níos mó. In imthosca atá teoranta go docht agus a bhfuil údar cuí leo agus ar chuntar go bhfuil sé cruthaithe gur beag an riosca sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta atá ann, beidh cead ag na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúintí áirithe.
toradh cothrom is ea an fhoráil maidir leis an sainmhíniú ar úinéireacht thairbhiúil agus beidh tuiscint ghinearálta ar úinéireacht thairbhiúil ann dá barr;
i bhfianaise an ghá le comhréireacht i gcreat an Aontais Eorpaigh d'airgead tirim, tacaíonn an Coimisiún le hardú na tairsí is infheidhme maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ag trádáil earraí nó seirbhísí ó EUR 7 500 go EUR 10 000;
maidir le deireadh a chur leis an dealú idir daoine 'ón iasacht' agus 'ón mbaile' atá faoi riteacht pholaitiúil, a fhágann feabhsú uathfheidhmeach ar na bearta díchill chuí atá le héileamh i gcás aon duine atá faoi riteacht pholaitiúil, gan beann ar an áit arb as iad, cothromaíocht cheart is ea é idir ábhar imní na Comhairle, ábhar amhrais Pharlaimint na hEorpa agus na moltaí a bhí déanta ag FATF cheana; agus
an ról a tugadh don Choimisiún measúnú riosca fornáisiúnta a dhéanamh ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a d'fhéadfadh difear a dhéanamh don mhargadh inmheánach agus i ndáil le feiniméin trasteorann, de thoradh an róil sin beidh cur chuige comhsheasmhach ann maidir le ceanglas i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta ar an leibhéal Eorpach.
Aithníonn an Coimisiún go bhfuil an téacs de réir an chomhaontaithe pholaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air; cothromaíocht atá íogair ach inghlactha is ea an comhaontú sin, mar chuid den chomhréiteach foriomlán, maidir leis an méid seo a leanas:
na forálacha a bhaineann le faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil: coimeádfar an fhaisnéis sin i gclár lárnach i ngach Ballstát. Feabhsú trédhearcachta is ea é sin atá ag luí le beartais an Choimisiúin i gcoitinne. Maidir leis na forálacha sonracha i ndáil le rochtain ar an bhfaisnéis seo, áfach, measann an Coimisiún nach mór coincheap an 'leasa dhlisteanaigh' a fhorléiriú agus a thuiscint i bhfianaise ceanglais a eascraíonn ó Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha, agus na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus an ceart chun príobháideachta á nurramú ina niomláine. Beidh ar na Ballstáit, agus an Treoir á trasuí acu, aird ar leith a thabhairt ar na ceanglais sin chun a áirithiú gur chun leasa ghinearálta é rochtain tríú páirtithe agus go bhfuil an riachtanas agus an chomhréireacht a thabharfadh údar le srian a chur ar an gcosaint ar shonraí pearsanta agus ar an gceart chun príobháideachta, go bhfuil siad leagtha amach ina niomláine;
na forálacha maidir le leibhéal na smachtbhannaí riaracháin airgid is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais agus le hinstitiúidí neamhairgeadais: i gcás institiúidí airgeadais, maidir le daoine dlítheanacha, EUR 5 mhilliún nó 10% den láimhdeachas bliantúil a bheidh in uasmhéid na smachtbhannaí airgid, agus maidir le daoine nádúrtha, EUR 5 mhilliún ar a laghad a bheidh ann; i gcás institiúidí neamhairgeadais, a dhá oiread na tairbhe a fuarthas de thoradh an tsáraithe a bheidh sna smachtbhannaí uasta airgid, nó EUR 1 mhilliún ar a laghad; agus
úsáid gníomhartha tarmligthe, de rogha ar ghníomhartha cur chun feidhme, chun dlínsí tríú tír a shainaithint a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcórais i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.
4.Conclúid
Tacaíonn an Coimisiún le torthaí na caibidlíochta idirinstitiúidí agus, dá bhrí sin, is féidir leis glacadh leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh.