Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear chun feidhme an sásra frith-imchéimniúcháin lena ndéantar foráil maidir le fabhair taraife an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a chur ar fionraí go sealadach. /* COM/2015/0155 final - 2015/0080 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Forais agus cuspóirí an togra Baineann an togra seo leis an sásra
frith-imchéimniúcháin dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais AE-an tSeoirsia
a ionchorprú i ndlí an Aontais Eorpaigh. Comhthéacs ginearálta Tá sásra frith-imchéimniúcháin, mar a thugtar
air, sa Chomhaontú Comhlachais leis an tSeoirsia áirítear lena bhforáiltear gur
féidir an ráta dleachta custaim MFN a thabhairt isteach arís i gcás ina
sáraíonn earraí talmhaíochta áirithe ón tSeoirsia tairseach áirithe gan údar
maith leis an áit tionscnaimh atá acu go díreach. Is gá rialachán cur chun feidhme ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle chun an ionstraim riachtanach a chur i ndlíchóras
inmheánach an Aontais Eorpaigh le bheith in ann an sásra frith-imchéimniúcháin
a chur i bhfeidhm. 2. TORTHAÍ COMHAIRLIÚCHÁN LE
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Tá an togra le haghaidh Rialachán cur chun
feidhme díorthaithe go díreach ó théacs an Chomhaontaithe a caibidlíodh leis an
tSeoirsia. Dá bharr sin, níl gá le comhairliúchán ar leith le páirtithe
leasmhara ná le haon mheasúnú tionchair. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe Is é atá sa togra le haghaidh Rialachán ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghabhann leis seo ionstraim dlí chun
sásra frith-imchéimniúcháin an Chomhaontaithe, a tugadh chun críche leis an
tSeoirsia, a chur chun feidhme. Bunús dlí Airteagal 207(2) den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 2015/0080 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN
gCOMHAIRLE lena gcuirtear chun feidhme an sásra
frith-imchéimniúcháin lena ndéantar foráil maidir le fabhair taraife an
Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach
do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an
tSeoirsia, den pháirt eile, a chur ar fionraí go sealadach. TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach[1],
De bharr an méid seo a leanas: (1) Ar an 10 Bealtaine 2010,
thug an Chomhairle údarás don Choimisiún caibidlíochtaí a thosú leis an
tSeoirsia chun comhaontú nua idir an tAontas agus an tSeoirsia a thabhairt chun
críche. (2) Tugadh na caibidlíochtaí sin
chun críche agus síníodh an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus
an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an
tSeoirsia, den pháirt eile[2],
('an Comhaontú') an 27 Meitheamh 2014 agus cuireadh i bhfeidhm é go
sealadach ón 1 Meán Fómhair 2014 i leith. (3) Is gá na nósanna imeachta a
leagan amach le go ráthófar cur i bhfeidhm éifeachtach an tsásra
frith-imchéimniúcháin chun fabhair taraife atá sa Chomhaontú a chur ar fionraí
go sealadach. (4) Ba cheart go bhféadfaí na
dleachtanna custaim fabhracha a chur ar fionraí ar feadh uastréimhse sé mhí
nuair a shroicheann allmhairiú táirgí talmhaíochta áirithe agus táirgí
talmhaíochta próiseáilte áirithe na méideanna atá sainithe do na hallmhairí
bliantúla. (5) Ar chúiseanna trédhearcachta,
ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint
na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus
maidir le cur i bhfeidhm an tsásra frith-imchéimniúcháin. (6) Maidir le cur chun feidhme an
tsásra frith-imchéimniúcháin chun fabhair taraife a chur ar fionraí go
sealadach, dá bhforáiltear sa Chomhaontú, ní mór coinníollacha aonfhoirmeacha a
bheith ag gabháil leis. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir
leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme
a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir
le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle[3].
(7) Ba cheart an nós imeachta
comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i bhfianaise
gur gá na gníomhartha sin a cur chun feidhme go tapa a luaithe is a shroichtear
an tairseach ábhartha do na catagóirí táirgí atá liostaithe in
Iarscríbhinn II-C a ghabhann leis an gComhaontú toisc nach bhfuil ach
tréimhse cur i bhfeidhm an-teoranta acu. (8) Chun tionchar diúltach ar
mhargadh an Aontais mar thoradh ar mhéadú ar allmhairí a chosc, ba cheart don
Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i
gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann leis na taraifí fabhracha faoin
sásra frith-imchéimniúcháin dá bhforáiltear sa Chomhaontú a chur ar fionraí go
sealadach, más gá ar mhórchúiseanna práinne. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme 1. Sa Rialachán seo leagtar síos
forálacha maidir le chur chun feidhme an tsásra frith-imchéimniúcháin lena
bhforáiltear do fhabhair taraife atá sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas
Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de
pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a chur ar fionraí go
sealadach. 2. Tá feidhm ag an Rialachán seo
maidir le táirgí de thionscnamh na Seoirsia. Airteagal 2 Sásra frith-imchéimniúcháin do tháirgí
talmhaíochta áirithe agus táirgí talmhaíochta próiseáilte áirithe 1. Tá méid bliantúil áirithe
allmhairí socraithe d'allmhairí táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn II-C
a ghabhann leis an gComhaontú, atá faoi réir an tsásra frith-imchéimniúcháin
atá leagtha amach in Airteagal 27 den Chomhaontú. Ar mhórfhorais práinne a
bhfuil údar cuí leo a bhaineann le méid allmhairí de chatagóir amháin táirgí nó
níos mó a shroicheann an méid atá sonraithe in Iarscríbhinn II-C a
ghabhann leis an gComhaontú, in aon bhliain ar leith a thosaíonn ar an
1 Eanáir, agus mura bhfuil údar maith tugtha ina leith ag an tSeoirsia,
glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme is infheidhme láithreach i
gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den
Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an dleacht fhabhrach is infheidhme
ar an táirge/na táirgí lena mbaineann a chur ar fionraí go sealadach nó a
chinneadh nach bhfuil an fionraí sin iomchuí. 2. Beidh an fionraí sealadach ar
an dleacht fhabhrach infheidhme ar feadh uastréimhse sé mhí ón dáta a
fhoilsítear an cinneadh maidir leis an dleacht fhabhrach a chur ar fionraí.
Sula dtéann an tréimhse sé mhí sin in éag agus ar mhórfhorais phráinne a bhfuil
údar cuí leo a bhaineann le dleachtanna fabhracha a chur ar fionraí, féadfaidh
an Coimisiún gníomh cur chun feidhme is infheidhme láithreach a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den
Rialachán seo chun deireadh a chur leis an bhfionraí sealadach, má tá sé sásta
gur de thoradh athrú i leibhéal táirgeachta agus acmhainn onnmhairiúcháin na Seoirsia
do na táirgí lena mbaineann an méid den chatagóir ábhartha táirgí a
allmhairítear sa bhreis ar an méid dá dtagraítear in Iarscríbhinn II-C a
ghabhann leis an gComhaontú. Airteagal 3 Tuarascáil 1. Déanfaidh an Coimisiún
tuarascáil bhliantúil ar chur i bhfeidhm, cur chun feidhme agus comhlíonadh
oibleagáidí atá leagtha síos i dTeideal IV den Chomhaontú agus an
Rialacháin, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. 2. Déanfar achoimre ar an
staidreamh agus ar na hathruithe ar an trádáil leis an tSeoirsia a leagan amach
sa tuarascáil freisin. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa, laistigh de mhí amháin ó thaisceadh thuarascáil an Choimisiúin, a
iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú ad hoc de choiste freagrach na
Parlaiminte chun aon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an
Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú. 4. Tráth nach déanaí ná trí mhí
tar éis a thuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na
Comhairle, déanfaidh an Coimisiún í a phoibliú. Airteagal 4 An nós imeachta coiste 1. Déanfaidh an Coiste um
Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, a bunaíodh le hAirteagal 229(1) de
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 cúnamh a thabhairt don
Choimisiún, agus, i dtaca le táirgí talmhaíochta próiseáilte, déanfaidh an Coiste
maidir le ceisteanna cothrománacha a bhaineann le trádáil i dtáirgí
talmhaíochta próiseáilte nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a
bunaíodh le hAirteagal 44(1) de
Rialachán (AE) Uimh. 510/2014[4],
cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coistí de réir bhrí Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011 a bheidh sna coistí sin. 2. I gcás ina ndéantar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011, i dteannta Airteagal 4 de. Airteagal 5 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá
tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh sé i bhfeidhm maidir le hallmhairí ón
tSeoirsia ó dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] [2] Cinneadh 2014/494/AE ón gComhairle an
16 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh,
agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Chomhlachais idir an tAontas
Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de
pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (IO L 261, 30.8.2014,
lch. 4). [3] Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na
prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na
Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO
L
55, 28.2.2011, lch. 13). [4] Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na
socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar
phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE)
Uimh. 1216/2009 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ón
gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 1).