52015PC0083

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar an seasamh ón gComhairle maidir leis an togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2001/18/CE maidir leis an bhféidearthacht atá ann do na Ballstáit saothrú orgánach géinmhodhnaithe ina gcríoch a shrianadh nó a thoirmeasc /* COM/2015/083 final - 2010/0208 (COD) */


2010/0208 (COD)

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar an seasamh ón gComhairle

maidir leis an togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2001/18/CE maidir leis an bhféidearthacht atá ann do na Ballstáit saothrú orgánach géinmhodhnaithe ina gcríoch a shrianadh nó a thoirmeasc

1.           Réamhrá

I bpointe (c) d'Airteagal 294 (7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh foráiltear go bhfuil ar an gCoimisiún tuairim a thabhairt ar na leasuithe arna moladh ag Parlaimint na hEorpa ar an dara léamh. Tá a thuairim leagtha amach thíos ag an gCoimisiún ar na leasuithe atá molta ag an bParlaimint.

2.           Cúlra

An dáta a seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: || 14 Iúil 2010

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: || 9 Nollaig 2010

Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: || 5 Iúil 2011

An dáta a seoladh an togra leasaithe: || [*]

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle, an chéad leámh**: || 23 Iúil 2014

Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa, an dara léamh: || 13 Eanáir 2015

*       Níor ullmhaigh an Coimisiún togra leasaithe ach chuir sé a chuid tuairimí ar leasuithe na Parlaiminte in iúl sa 'Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis na bearta a rinneadh i leith na dtuairimí agus na rún a ghlac an Pharlaimint i bpáirtseisiún Iúil 2011' (doiciméad SP(2011)8072), a seoladh chuig Parlaimint na hEorpa an 8 Meán Fómhair 2011.

**     Chuir an Coimisiún a chuid tuairimí ar leasuithe na Comhairle in iúl sa 'Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2001/18/CE maidir leis an bhféidearthacht atá ann do na Ballstáit saothrú orgánach géinmhodhnaithe ina gcríoch a shrianadh nó a thoirmeasc' (doiciméad COM(2014) 570 final) a seoladh chuig Parlaimint na hEorpa an 10 Meán Fómhair 2014.

3.           Cuspóir an togra

Tá creat dlíthiúil cuimsitheach glactha ag an Aontas Eorpach (AE) chun táirgí ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna) nó táirgí a fhaightear uathu a údarú. Sa nós imeachta um údarú cumhdaítear úsáid OGManna i mbia agus i mbeatha, i bpróiseáil thionsclaíoch agus i saothrú tionsclaíoch, agus úsáid na dtáirgí a fhaightear ó OGManna i mbia agus i mbeatha.

Tá córas údaraithe an Aontais Eorpaigh dírithe ar éifeachtaí díobhálacha OGManna ar shláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol a chosc agus, san am céanna, margadh inmheánach a bhunú le haghaidh na dtáirgí sin. In dhá phíosa reachtaíochta, eadhon Treoir 2001/18/CE maidir le scaoileadh comhshaoil OGManna[1] agus Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 maidir le bia agus beatha géinmhodhnaithe[2], déantar foráil maidir le húdarú réamh‑mhargaíochta OGManna. Leis an dá rialachán, bunaítear caighdeáin eolaíochtbhunaithe maidir le measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a d'fhéadfadh bheith ann do shláinte an duine, sláinte ainmhithe agus don chomhshaol mar aon le ceanglais lipéadaithe. Ina theannta sin, leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003[3] rialacha maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú OGManna agus maidir le hinrianaitheacht bia agus beatha a dhéantar as OGManna.

I Márta 2009, dhiúltaigh an Chomhairle moltaí an Choimisiúin go n‑iarrfaí ar an Ostair agus ar an Ungáir a mbearta cosanta náisiúnta a aisghairm, toisc nach raibh an tacaíocht eolaíoch acu, de réir an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA), a bhfuil gá léi de réir reachtaíocht AE. Ina dhiaidh sin, d’iarr grúpa de 13 Bhallstát[4] ar an gCoimisiún tograí a ullmhú faoina bhfágfaí faoi na Ballstáit é cinneadh a dhéanamh faoi shaothrú OGManna[5].

D’fhonn córas údaraithe de chuid AE le haghaidh OGManna, a bheadh eolaíocht bhunaithe, a bhunú agus, san am céanna, saoirse a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh cibé acu an mian leo barra géinmhodhnaithe a shaothrú ar a gcríoch nó nach mian, ghlac an Coimisiún an togra reachtach sin in Iúil 2010. Leis sin cuirtear bunús dlí ar fáil i gcreat dlíthiúil AE maidir le hOGManna chun go bhféadfaidh na Ballstáit saothrú OGManna atá údaraithe ar leibhéal AE a shrianadh nó a thoirmeasc i gcuid dá gcríoch nó ina gcríoch ina hiomláine. Beidh na toirmisc nó na srianta sin bunaithe ar fhorais nach iad na forais atá cumhdaithe sa mheasúnú riosca don chomhshaol agus don tsláinte faoi chóras údaraithe AE.

4.           An tuairim ón gCoimisiún ar na leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa ar an dara léamh

Vótáil Parlaimint na hEorpa, ar an dara léamh, ar son téacs comhdhlúite ina bhfuil roinnt leasuithe ar théacs an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh. Toradh na caibidlíochta idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún atá sa téacs sin. Glacann an Coimisiún leis na leasuithe uile ar vótáil Parlaimint na hEorpa ar a son.

[1]               IO L 106, 17.4.2001, lch. 1.

[2]               IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.

[3]               IO L 268, 18.10.2003, lch. 24.

[4]               An Bhulgáir, an Chipir, Éire, an Ghréig, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin agus an Ungáir.

[5]               Tionóladh plé ag cruinnithe na Comhairle an 2 Márta, an 23 Márta agus an 25 Meitheamh 2009 faoi seach.