Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 /* COM/2015/010 final - 2015/0009 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Mar thoradh ar an
ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais, thit an leibhéal infheistíochta AE
thart ar 15% óna bhuaic i 2007. Tá an leibhéal faoi láthair go maith faoi bhun
an méid a mbeadh súil leis ó threochtaí stairiúla, agus - mura ngníomhaítear -
meastar nach mbeidh ach teacht aniar páirteach ann sna blianta amach romhainn.
Mar thoradh air sin, tá bac á chur ar an téarnamh eacnamaíoch, ar chruthú post,
ar fhás fadtéarmach eacnamaíoch agus ar iomaíochas. Mar gheall ar an mbearna
infheistíochta seo, tá baol ann nach mbainfear amach na spriocanna atá leagtha
síos sa Straitéis Eoraip 2020. Mar sin, d'aithin Uachtarán an Choimisiúin
Eorpaigh ina Threoirlínte Polaitiúla don Choimisiún 2014‑2019 an cheist
seo a bheith ina mhórdhúshlán beartais, mar a rinne an Chomhairle Eorpach an 18 Nollaig 2014
(EUCO 237/14) agus Cruinniú Mullaigh Ghrúpa na bhfiche Ceannaire an 15‑16 Samhain 2014.
Éiginnteacht
ghinearálta maidir leis an staid eacnamaíoch, leibhéil arda fiachas, idir
phoiblí agus phríobháideach, i gcodanna de gheilleagar AE agus a dtionchar ar
riosca creidmheasa, cuireann siad teorainn leis an tsolúbthacht. Mar sin féin,
tá leibhéil shuntasacha coigiltis agus leibhéil arda leachtachta airgeadais
ann. Thairis sin, dheimhnigh fiosrúcháin a rinne an Coimisiún Eorpach, an Banc
Eorpach Infheistíochta agus Ballstáit AE go comhpháirteach le déanaí go bhfuil
líon suntasach tionscadal infheistíochta atá inmharthana ach nár maoiníodh. Agus na cúrsaí sin
amhlaidh, mhol an Coimisiún tionscnamh ar leibhéal AE chun aghaidh a thabhairt
ar an gceist seo ina Theachtaireacht "Plean Infheistíochta don
Eoraip", a foilsíodh an 26 Samhain 2014. Tá an Plean bunaithe ar
thrí shnáithe a neartaíonn a chéile. Ar dtús, EUR 315 billiún ar a
laghad in infheistíocht bhreise a chur ar fáil sna trí bliana atá romhainn, rud
a mhéadóidh tionchar na n‑acmhainní poiblí agus dhéanfaidh infheistíocht
phríobháideach a dhíghlasáil. Sa dara háit, tionscnaimh spriocdhírithe chun a
áirithiú go gcomhlíonfaidh an infheistíocht bhreise riachtanais an
fhíorgheilleagair. Agus sa tríú háit, bearta chun intuarthacht rialála níos
fearr a chur ar fáil agus chun bacainní ar infheistíocht a bhaint, rud a
fhágfaidh an Eoraip níos tarraingtí agus sa tslí sin a iolróidh tionchar an
Phlean. Cruthaíonn an
togra seo an creat dlí is gá agus tugann sé na leithdháiltí buiséid don chéad
dhá shraith den Phlean faoi chuimsiú dhlíchóras AE. Agus an rialachán atá
beartaithe arna ghlacadh, is iad an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta
(BEI) a chuirfidh i bhfeidhm go comhpháirteach é, mar chomhpháirtithe
straitéiseacha, agus é mar aidhm shoiléir acu páirtithe leasmhara ar gach
leibhéal a mhisniú. Don tríú sraith den Phlean Infheistíochta, a bhaineann leis
an timpeallacht rialála agus bacainní ar infheistíocht a bhaint, leag an
Coimisiún amach an chéad sraith gníomhartha ina Chlár Oibre, a glacadh an 16 Nollaig 2014
(COM(2014) 910). Beidh an Coimisiún ag obair i gcomhar leis na hInstitiúidí
eile AE agus leis na Ballstáit i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh a mhéid a
bhfuil na hábhair sin i gceist. Mar gheall ar ról
lárnach na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) sa gheilleagar AE, go
háirithe i gcruthú fostaíochta, is chucu a rachaidh cuid mhaith den tacaíocht
dá bhforáiltear faoin togra seo. Sa réimse seo
chomh maith, tá dearadh agus na gnéithe na sásraí sin bunaithe ar an taithí atá
ann cheana féin le hionstraimí nuálacha maoinithe a úsáideann AE agus Grúpa BEI
i gcomhpháirt. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR Thíolaic an tUachtarán Juncker an Plean
Infheistíochta do Parlaimint na hEorpa an 26 Samhain. Thairis sin,
d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an Plean Infheistíochta an 18 Nollaig 2014.
D'iarr an Chomhairle Eorpach freisin ar reachtóirí an Aontais an téacs dlí is
gá a aontú faoi Mheitheamh, ionas go bhféadfar na hinfheistíochtaí nua a chur i
ngníomh faoi lár na bliana 2015. Na coincheapa dlítheanacha, eacnamaíocha agus
airgeadais atá mar bhonn leis an togra seo, pléadh go mion iad le Grúpa na
mBanc Eorpach Infheistíochta agus go neamhfhoirmiúil le hionadaithe ón earnáil
phoiblí agus ón earnáil phríobháideach. Páirtithe Leasmhara ón earnáil
phríobháideach, leag siad béim go háirithe ar an tábhacht a bhaineann le critéir
cháilíochta láidre agus rogha neamhspleách tionscadal lena bhféadfadh an Plean
tacú. Go sonrach, moladh gur chóir go mbeadh na tionscadail a (1) inmharthana
go heacnamaíoch le tacaíocht an tionscnaimh, (2) sách aibí chun iad a mheas ar
bhonn domhanda nó áitiúil, (3) breisluach Eorpach acu agus iad i gcomhréir le
tosaíochtaí beartais AE (mar shampla, pacáiste aeráide agus fuinnimh 2030,
Straitéis Eoraip 2020 agus tosaíochtaí straitéiseacha fadtéarmacha eile AE).
Thairis sin, níor chóir tionscadail a bheith teoranta do thionscadail
trasteorann (ar nós na dtionscadal GTE‑F agus GTE‑I). Fuair an Coimisiún léargas tábhachtach freisin
óna rannpháirtíocht sa Tascfhórsa Speisialta ar Infheistíocht AE. Is é ba
chuspóir foriomlán don Tascfhórsa forbhreathnú ar na treochtaí infheistíochta
agus na riachtanais is mó a chur ar fáil; anailís a dhéanamh ar na príomh‑bhacainní
agus na scroigeanna ar an infheistíocht; réitigh phraiticiúla a mholadh chun na
bacainní agus na scroigeanna a shárú; infheistíochtaí straitéiseacha agus
breisluach AE acu a aithint, a d'fhéadfaí a dhéanamh sa ghearrthréimhse; agus
moltaí a dhéanamh chun píblíne inchreidte, thrédhearcach a fhorbairt don
mheántéarma agus go fadtéarmach. Tá an obair seo san áireamh sa togra seo. Tá tuarascáil dheiridh an tascfhórsa ar fáil ar an suíomh gréasáin seo
a leanas: http://ec.europa.eu/priorities/jobs‑growth‑investment/plan/docs/special-task-force-report‑on‑investment‑in‑the-eu_ga.pdf 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Is iad Airteagail 172, 173, Airteagal 175
(3) agus Airteagal 182 (1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
is bunúis dlí don togra seo. Leagann an togra seo amach an creat dlí is gá chun
an chéad dá shraith den "Plean Infheistíochta don Eoraip" a chur i
bhfeidhm. I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta
agus na comhréireachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an
Aontas Eorpach, ní féidir cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go
leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus is fearr, dá bhrí sin, is féidir
iad a bhaint amach ag AE. Mar gheall ar na difríochtaí i gcumas fioscach na
mBallstát gníomhú, is fearr is féidir le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais na
cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach, de bharr a fairsinge agus a
héifeachtaí. Go sonrach, ar leibhéal AE, bainfear barainneachtaí scála amach in
úsáid na n‑ionstraimí airgeadais nuálacha trí infheistíocht
phríobháideach AE a chatalú agus an úsáid is fearr a bhaint as na hInstitiúidí
Eorpacha agus a gcuid saineolais agus eolais chun na críche sin. Is airde dá
réir sin a bheidh éifeacht an iolraitheora agus an tionchar praiticiúil ná an
méid a d'fhéadfaí a bhaint amach trí fheachtas infheistíochta a dhéanamh i
mBallstát amháin nó i nGrúpa Ballstát. Margadh Aonair an Aontais, mar aon leis
an bhfíric nach mbeidh aon leithdháileadh tionscadal ann a bhaineann le tír nó
earnáil ar leith, forálfaidh siad do bhreis tarraingteachta d'infheisteoirí
agus rioscaí comhiomlánaithe níos ísle. Ní théann an Rialachán seo thar a
bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach. 3.1. Ciste Eorpach d'Infheistíochtaí
Straitéiseacha a chruthú agus Mol Comhairleach um Infheistíocht Eorpach a bhunú
(Airteagail 1‑3) Cumhachtaíonn Airteagal 1 den togra don
Choimisiún comhaontú a thabhairt i gcrích le BEI maidir le "Ciste Eorpach
do Infheistíochtaí Straitéiseacha" a bhunú. Is éard is aidhm le CEIS tacú
le hinfheistíochtaí san Aontas agus rochtain mhéadaithe ar mhaoiniú a áirithiú
do chuideachtaí a bhfuil suas le 3 000 fostaí iontu, agus béim ar leith a
leagan ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, trí chumas riosca a sheasamh a thabhairt
do BEI. Le hAirteagal 2 den togra leagtar síos go bhfuil an ráthaíocht ó
AE le leithdháileadh ar oibríochtaí infheistíochta maoinithe shonracha BEI trí
CEIS. Tá úsáid na ráthaíochta AE le CEIS le bheith
faoi réir na struchtúr rialachais a chinnfear ansin istigh. Go háirithe, beidh
ag CEIS Bord Stiúrtha (Airteagal 3) a chinnfidh an treoshuíomh
straitéiseach, an leithdháileadh straitéiseach sócmhainní agus na beartais agus
na nósanna imeachta oibríochta, lena n‑áirítear beartas infheistíochta na
dtionscadal ar féidir le CEIS tacú leo agus próifíl riosca CEIS. Beidh Coiste
Infheistíochta, ar a mbeidh daoine gairmiúla neamhspleácha, freagrach as
oibríochtaí ionchasacha a scrúdú agus as tacaíocht le haghaidh oibríochtaí a
fhaomhadh beag beann ar shuíomh geografach an tionscadail lena mbaineann. Rannpháirtithe ar cumas dóibh riosca a
sheasamh, agus cumhacht vótála acu a bheidh comhréireach le méid a
ranníocaíochtaí, a cheapfaidh comhaltaí an Bhoird Stiúrtha. Fad agus nach
mbeidh de ranníocóirí ag CEIS ach an tAontas agus BEI, leithdháilfear líon na
gcomhaltaí agus líon na vótaí laistigh den Bhord Stiúrtha bunaithe ar mhéid na
ranníocaíochtaí faoi seach i bhfoirm airgid thirim nó ráthaíochtaí agus is de
chomhthoil a ghlacfar gach cinneadh. Nuair a aontaíonn páirtithe eile do Chomhaontú
CEIS, leithdháilfear líon na gcomhaltaí agus líon na vótaí laistigh den Bhord
Stiúrtha bunaithe ar mhéid na ranníocaíochtaí faoi seach ó ranníocóirí i
bhfoirm airgid thirim nó ráthaíochtaí. Déanfar an líon comhaltaí agus vótaí atá
ag an gCoimisiún agus ag BEI a ríomh dá réir. Féachfaidh an Bord Stiúrtha le
cinntí a dhéanamh de chomhthoil. Mura bhfuil an Bord Stiúrtha in ann cinneadh a
dhéanamh de chomhthoil laistigh de spriocdháta arna shocrú ag an
gCathaoirleach, déanfaidh an Bord Stiúrtha cinneadh trí thromlach simplí. Ní
ghlacfar aon chinneadh den Bhord Stiúrtha má vótálann an Coimisiún nó BEI ina
choinne. Seisear saineolaithe margaidh neamhspleácha
agus Stiúrthóir Bainistíochta a bheidh ina gcomhaltaí den Choiste
Infheistíochta. Beidh Leas‑Stiúrthóir Bainistíochta de chúnamh ag an
Stiúrthóir Bainistíochta. Ullmhóidh an Stiúrthóir Bainistíochta cruinnithe an
Choiste Infheistíochta agus beidh sé ina chathaoirleach orthu. Beidh cinntí sa
dá chomhlacht le glacadh trí thromlach simplí, ach, sa Bhord Stiúrtha, lorgófar
comhaontú. Roghnófar na tionscadail ar a bhfiúntas féin, gan aon leithdháileadh
réamhbhunaithe earnála ná geografach chun breisluach an Chiste a uasmhéadú.
Beidh deis ag CEIS freisin ardáin infheistíochta ar an leibhéal náisiúnta,
réigiúnach nó earnála a mhaoiniú, fairis na Ballstáit agus infheisteoirí
príobháideacha. Seachas forálacha sonracha lena rialófar
cruthú, gníomhaíochtaí agus rialachas CEIS, bunóidh Comhaontú CEIS freisin Mol
Comhairleach Eorpach um Infheistíocht (MCEI, Airteagal 2 (2)) freisin. Ag
tógáil ar sheirbhísí comhairleacha an Choimisiúin agus BEI atá ann cheana,
cuirfidh MCEI tacaíocht chomhairleach ar fáil le tionscadail infheistíochta a
aithint, a ullmhú agus a fhorbairt agus feidhmiú mar mhol comhairleach
teicniúil aonair – lena n‑áireofar ceisteanna dlí – le haghaidh maoiniú
tionscadal laistigh den Aontas. Áireofar leis sin tacaíocht le húsáid cúnaimh
theicniúil do struchtúrú tionscadal, úsáid ionstraimí airgeadais nuálacha, agus
úsáid comhpháirtíochtaí príobháideacha-poiblí. 3.2. Ráthaíocht ó AE a dheonú agus Ciste
Ráthaíochta AE a bhunú (Airteagail 4‑8) Cruthaíonn Airteagal 4 den togra
ráthaíocht tosaigh AE EUR 16bn le haghaidh oibríochtaí maoinithe agus
infheistíochta BEI. I gcomhréir le hAirteagal 5, is gá na hoibríochtaí sin
chun tacú le forbairt an bhonneagair; nó infheistíocht san oideachas, sa
tsláinte, sa taighde agus san fhorbairt, sa teicneolaíocht faisnéise agus
cumarsáide agus sa nuálaíocht; nó forbairt ar fhuinneamh in‑athnuaite
agus éifeachtúlacht fuinnimh; nó tionscadail bhonneagair i réimsí an chomhshaoil,
na n‑acmhainní nádúrtha, na forbartha uirbí agus sna réimsí sóisialta; nó
FBManna agus cuideachtaí lárchaipitlithe, lena n‑áireofar trí mhaoiniú
riosca a sholáthar do chaipitil oibriúcháin. Is féidir an tacaíocht a chur ar
fáil go díreach ó BEI nó tríd an gCiste Eorpach Infheistíochta. Cuirfidh na
hinstitiúidí sin maoiniú ar fáil lena ngabhfaidh leibhéal ard d'ionsú ar
rioscaí airgeadais (cothromas, gar-cothromais, etc.), rud a cheadóidh
d'infheisteoirí na hearnála príobháidí infheistiú chomh maith. D'fhonn feidhmiú ordúil bhuiséad AE a
áirithiú, fiú má dhéantar an ráthaíocht a ghairm, bunaítear le hAirteagal 8
ciste ráthaíochta (an Ciste). Ón taithí a fuarthas ar chineál na n‑infheistíochtaí
atá le tacaíocht a fháil ó CEIS is léir gur leordhóthanach cóimheas 50% idir na
híocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais agus ó oibleagáidí ráthaíochta iomlána an
Aontais. Sa staid sheasta, sroichfear an sprioc 50% seo ó bhuiséad AE, ó na
méideanna atá dlite don Aontas as na hinfheistíochtaí, na méideanna a gheofar ó
aon chreidiúnaithe mainneachtana agus na fáltais ó acmhainní an chiste
ráthaíochta a infheistiú. Mar sin féin, ar feadh tréimhse tosaigh, déanfar EUR 8bn
a chur ar fáil trí íocaíochtaí ón mbuiséad amháin. Ó 2016 ar aghaidh, cuirfidh
na híocaíochtaí sin ón mbuiséad de réir a chéile le dearlaic an Chiste agus ba
cheart suim charntha EUR 8bn a bheith sa dearlaic sin faoi 2020. Mar sin
féin, má dhéantar gairmeacha ar an ráthaíocht ó AE, is iomchuí go gcuirfí
foinsí eile an chiste ráthaíochta san áireamh chomh maith i ríomh an leibhéil
sprice chun teorainn a chur leis an tionchar féideartha ar bhuiséad AE.
Teorannófar cur san áireamh an ríomha sin do mhéid na ráthaíochta ó AE a
gaireadh. Chun uasleibhéal costéifeachtúlachta a bhaint
amach, beidh de chúram ar an gCoimisiún na hacmhainní sin a infheistiú. Thairis
sin, cumhachtófar don Choimisiún, trí ghníomh tarmligthe, spriocmhéid an Chiste
a athrú 10% tar éis 2018. Ba cheart go ligfeadh sé sin don Choimisiún cur leis
an taithí phraiticiúil a fuarthas agus cailliúintí neamhriachtanacha ón
mbuiséad a chosc, agus cosaint leanúnach a áirithiú. Ach amháin i gcás aon chaillteanas ar
chothromas, má dhéanann BEI gairm ráthaíochta láithreach, níor cheart go
dtarlódh gairmeacha ráthaíochta ach uair amháin sa bhliain tar éis brabúis agus
caillteanais uile na n‑oibríochtaí atá gan réiteach a ríomh. Dá ndéanfaí an ráthaíocht a ghairm, laghdófaí
méid na ráthaíochta faoi bhun an EUR 16bn bunaidh. Mar sin féin, maidir le
hioncam atá ag dul don Aontas as na gníomhaíochtaí CEIS amach anseo, ba cheart
cead a thabhairt dóibh an ráthaíocht ó AE a thabhairt ar ais chuig an méid
bunaidh sin. 3.3. Lena mbunaítear Píblíne na
dtionscadal infheistíochta Eorpach (Airteagal 9) Mar a thugann geallsealbhóirí le fios go
minic, cuireann easpa eolais ar thionscadail leanúnacha agus amach anseo
infheistíochta laistigh den Aontas bac ar leibhéil infheistíochta níos mó san
Aontas. Chomh maith le hobair CEIS, foráiltear leis an togra freisin píblíne na
dtionscadal infheistíochta Eorpach a chruthú mar mhodh chun a áirithiú go
mbeidh eolas faoi thionscadail fhéideartha trédhearcach agus ar fáil
d'infheisteoirí. 3.4. Tuairisciú, Cuntasacht,
Meastóireacht agus Athbhreithniú Oibríochtaí CEIS (Airteagail 10‑12) Toisc go n‑úsáideann BEI an ráthaíocht ó
AE, is iomchuí do BEI tuairisciú ar bhonn rialta don Choimisiún, do Pharlaimint
na hEorpa agus don Chomhairle maidir le oibríochtaí atá ar siúl agus atá
clúdaithe ag an ráthaíocht ó AE. In Airteagal 12 leagtar amach roinnt
meastóireachtaí rialta de chuid BEI agus an Choimisiúin chun a áirithiú go
bhfuil CEIS, an ráthaíocht ó AE agus feidhmiú an chiste ráthaíochta á n‑úsáid
mar a bhí beartaithe. Tá tábhacht ar leith leis an gcuntasacht do Pharlaimint
na hEorpa sa chomhthéacs seo. 3.5. Forálacha Ginearálta (Airteagail
13‑17) Is iomchuí go mbeadh roinnt rialacha
ginearálta infheidhme i gcomhthéacs na húsáide a bhaineann BEI as an ráthaíocht
ó AE. Leagtar síos le hAirteagal 13 go gcuirfear ar fáil go poiblí eolas a
bhaineann le gníomhaíochtaí atá faoi rialú ag an ráthaíocht ó AE. Cuirtear
Airteagal 14 agus Airteagal 15 ar fáil i ndáil le hinniúlachtaí na
Cúirte Iniúchóirí agus OLAF faoi seach, agus déanann Airteagal 16
cineálacha áirithe gníomhaíochtaí a eisiamh. Ar deireadh, cumhachtaíonn
Airteagal 17 don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir
leis an nós imeachta ábhartha. 3.6. Leasuithe (Airteagail 18‑19) Forálann Airteagal 18 agus Airteagal 19
d'athdháileadh leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí ón gClár Fís 2020
(Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013) agus ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa
(Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013). 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Is ionann an ráthaíocht ó AE a chuirtear ar
fáil do CEIS agus EUR 16bn agus beidh sé ar fáil go hiomlán ón uair a
thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. D'fhonn feidhmiú ordúil an bhuiséid a
áirithiú in ainneoin gairmeacha féideartha ar an ráthaíocht, cruthaítear ciste
ráthaíochta agus foráiltear 50% de na hoibleagáidí ráthaíochta AE iomlán dó
faoi 2020. Tiocfaidh íocaíochtaí isteach sa chiste ráthaíochta go EUR 500m in
2016, EUR 1bn in 2017, EUR 2bn in 2018. Braithfidh íocaíochtaí EUR 2.25bn
in 2019 agus 2020 ar spriocmhéid an chiste ráthaíochta a bheith á choimeád gan
athrú ag 50% tar éis 2018. Tiocfaidh leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí
go EUR 1.35bn in 2015, EUR 2.03bn in 2016, EUR 2.641bn in 2017
agus EUR 1.979bn in 2018. Níor cheart go gcruthódh maoiniú comhleanúnach
an chiste ráthaíochta rioscaí don Bhuiséad AE i rith na chéad bhlianta, toisc
nach ndéanfar gairmeacha ráthaíochta féideartha a bhaineann le caillteanais ach
le himeacht ama. Mar a tharlaíonn le gníomhaíochtaí reatha BEI,
muirearófar costais na n‑oibríochtaí BEI faoi CEIS ar thairbhithe. Ba
cheart go dtabharfadh úsáid BEI na ráthaíochta agus infheistiú acmhainní an
chiste ráthaíochta toradh ioncaim dearfach glan. Déanfar fáltais CEIS a roinnt pro
rata i measc na rannpháirtithe ar cumas dóibh riosca a sheasamh. Féadfar
dearlaic bhreise an chiste ráthaíochta a úsáid chun an ráthaíocht ó AE a
thabhairt ar ais chuig a méid tosaigh. Mar sin féin, déanfaidh dhá ghníomh costais a
chruthú do BEI agus ní fhéadfar na tairbhithe a mhuirearú astu: 1. An Mol Comhairleach Eorpach um
Infheistíocht, a cruthaíodh i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den togra seo,
maoineofar go príomha é ó chlúdaigh atá ann cheana féin le haghaidh cúnaimh
theicniúil BEI faoi chláir AE atá ann cheana (an tSaoráid um Chónascadh na
hEorpa, Fís 2020 ...). Mar sin féin, d'fhéadfadh cistiú breise suas go
huasmhéid EUR 20m in aghaidh na bliana (EUR 10m in 2015) a bheith
riachtanach agus déanfar é a bhuiséadú de réir an Ráitis Airgeadais a ghabhann
leis an togra seo. Déanfar aon chostais a d'fhéadfadh a bheith ann don phíblíne
tionscadal a chlúdach chomh maith. 2. Tabhóidh BEI caiteachais riaracháin
chun a mhaoiniú trí CEI a mhéadú d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Arna
bhunú ar na boinn tuisceana atá ann faoi láthair mar gheall ar an cineál
ionstraimí agus luas na sínithe le haghaidh oibríochtaí nua, éileoidh sé sin go
n‑íocfar táillí thart ar iomlán carntha EUR 105m, agus go n‑íocfar
thart ar EUR 48m den méid sin go dtí 2020. Toisc gur féidir íocaíocht a
chur siar – go dtí go bhféadfar ioncam a fuarthas a úsáid chun na críche sin –
níl na híocaíochtaí sin buiséadaithe fós ach tá cur síos orthu san iarscríbhinn
a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais. Costais le haghaidh BEI nár aisghabhadh ó na
tairbhithe nó nár baineadh as luach saothair na ráthaíochta arna dheonú ag AE,
féadfar iad a chlúdach leis an ráthaíocht ó AE, laistigh de theorainn charnach
arb ionann í agus 1% dá méideanna gan réiteach. Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí a
mbeidh gá leo don togra seo, tá siad le maoiniú go hiomlán laistigh den Chreat
Ilbhliantúil Airgeadais 2014‑2020. Tá EUR 6bn le hathdháileadh
laistigh de cheannteideal 1A. Déanfar EUR 2.11 billiún a mhaoiniú trí
úsáid a bhaint as an gCorrlach gan leithdháileadh, lena n‑áirítear an
Corrlach Domhanda faoi chomhair Gealltanas. Laghdófar maoiniú deontais ón Áis
um Chónascadh na hEorpa agus Fís 2020, fágfaidh éifeacht an iolraitheora a
ghineann CEIS méadú suntasach foriomlán ar infheistíocht sna réimsí beartais a
thagann faoin dá chlár atá ann cheana féin. 5. EOLAS BREISE Ní chuireann clúdach airgeadais an togra seo
san áireamh go sainráite ranníocaíochtaí ó na Ballstáit ná ó thríú páirtithe
eile le haon cheann de na struchtúir a chruthaíonn sé. Mar sin féin, fágtar le
hAirteagal 1(2) go sonrach gur féidir leis na páirtithe leasmhara a bheith
páirteach sa chomhaontú CEIS trí ranníocaíochtaí caipitil a dhéanamh don
Chiste. Má shocraíonn na Ballstáit ranníocaíochtaí a
dhéanamh do CEIS, thug an Coimisiún le fios go bhféachfaidh sé go fabhrach ar
ranníocaíochtaí den sórt sin i gcomhthéacs an mheasúnaithe aige ar chúrsaí
airgeadais poiblí i gcomhréir le hAirteagal 126 den Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh agus le Rialachán (CE) Uimh. 1467/1997. I
dTeachtaireacht an 13 Eanáir, 2015 ón gCoimisiún maidir leis an úsáid
is fearr a bhaint as an tsolúbthacht laistigh de na rialacha atá sa Chomhshocrú
Cobhsaíochta agus Fáis, leagtar síos na cúinsí sonracha is infheidhme sa chás
seo. 2015/0009 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN
gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh
Infheistíochtaí Straitéiseacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013
agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE
AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172, Airteagal 173 agus
Airteagal 175(3) agus Airteagal 182(1) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Fágann
an géarchéim eacnamaíoch agus airgeadais go bhfuil laghdú ar an leibhéal
infheistíochta laistigh den Aontas. Tá laghdú thart ar 15% tagtha ar an
infheistíocht ó bhuaicphointe infheistíochta 2007. Tá an tAontas buailte go
háirithe le heaspa infheistíochta de thoradh éiginnteacht sa mhargadh i dtaca
leis an todhchaí eacnamaíoch agus na srianta fioscacha atá ar Bhallstáit. I
ngeall ar an easpa infheistíochta sin tá moill ar an téarnamh eacnamaíoch agus
tá drochthionchar aige ar chruthú post, ar ionchais maidir le fás san
fhadtéarma agus ar an iomaíochas. (2) Tá beart
cuimsitheach de dhíth chun an fáinne fí sin de thoradh easpa infheistíochta a
iompú droim ar ais. Ar na réamhchoinníollacha is gá le hinfheistíocht a spreagadh
tá athchóirithe struchtúracha agus freagracht fhioscach. I dteannta le
spreagadh athnuaite fá choinne infheistíocht airgeadais, d'fhéadfadh na
réamhchoinníollacha sin cuidiú le fáinne óir a bhunú, ina dtacóidh tionscadail
infheistíochta le fostaíocht agus éileamh agus lena dtagann méadú inbhuanaithe
ar an acmhainneacht fáis. (3) D'aithin
G20, tríd an Tionscnamh um Bonneagar Domhanda, a thábhachtaí is atá an
infheistíocht leis an éileamh a spreagadh agus le táirgiúlacht agus fás a
mhéadú agus tá siad tiomanta do thimpeallacht a chruthú a éascaíonn leibhéil
infheistíochta níos airde. (4) Le linn
na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais, d'fhéach an tAontas le fás a
spreagadh, go háirithe trí thionscnaimh atá leagtha amach sa straitéis Eoraip
2020 lenar bunaíodh cur chuige le haghaidh fás cliste, inbhuanaithe agus
cuimsitheach. Tá ról níos mó ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) i
dtionscain agus cur chun cinn na hinfheistíochta laistigh den Aontas, i bpáirt
trí mhéadú ar chaipiteal i mí Eanáir 2013. Tá gá le tuilleadh
gníomhaíochta lena áirithiú go dtabharfar aghaidh ar riachtanais infheistíochta
an Aontais agus go n‑úsáidfear an leachtacht atá ar fáil ar an margadh go
héifeachtúil agus go ndíreofar í i dtreo cistiú tionscadal infheistíochta
inmharthana. (5) An 15 Iúil 2014,
chuir Uachtarán tofa an Choimisiúin Eorpaigh sraith Treoirlínte Polaitiúla don
Choimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Sna Treoirlínte
Polaitiúla sin iarradh go ndéanfaí "suas le EUR 300 billiún in
infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a úsáid sa gheilleagar réadúil thar
na trí bliana seo romhainn" chun infheistíocht a spreagadh chun críche
cruthú post. (6) An 26 Samhain 2014,
thíolaic an Coimisiún teachtaireacht dar teideal "Plean Infheistíochta don
Eoraip"[1]
ina mbeartaíodh Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha
('CEIS') , píblíne thrédhearcach de thionscadail infheistíochta ar leibhéal na
hEorpa a bhunú, mol comhairleach a chruthú (Mol Comhairleach um Infheistíocht
Eorpach – 'MCIE') agus clár oibre uaillmhianach chun bacainní ar infheistíocht
a bhaint agus chun an Margadh Aonair a chomhlánú. (7) Ba é
tátal na Comhairle Eorpaí an 18 Nollaig 2014 gur "príomhdhúshlán
beartais é an infheistíocht a chothú agus díriú ar theip an mhargaidh san
Eoraip" agus gurb é "An fócas nua ar infheistíocht, i dteannta le
gealltanas na mBallstát dlús a chur le hathchóirithe struchtúracha agus cloí le
comhdhlúthú fioscach a thaobhódh le fás, a chuirfidh bonn maith faoin bhfás
agus poist san Eoraip agus iarrann sí Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí
Straiteiseacha a bhunú i nGrúpa BEI leis an aidhm EUR 315 billiún
a úsáid in infheistíochtaí nua idir 2015 agus 2017". (8) Is éard
atá sa Chiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha cuid de chur
chuige cuimsitheach le díriú ar éiginnteacht faoi infheistíochtaí poiblí agus
príobháideacha. Tá trí cholún sa straitéis sin: maoiniú a úsáid le haghaidh
infheistíochta, rud a fhágfaidh go mbeidh tionchar ag an infheistíocht ar an
bhfíorgheilleagar agus go gcuirfear feabhas ar thimpeallacht infheistíochta an
Aontais. (9) Ba
cheart feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta laistigh den Aontas trí
bhacainní ar an infheistíocht a bhaint, an Margadh Aonair a threisiú agus tríd
an intuarthacht rialála a fheabhsú. Ba cheart go mbainfeadh obair CEIS, agus
infheistíochtaí ar fud na hEorpa i gcoitinne, tairbhe as an obair bhreise sin. (10) Ba cheart
é bheith d'aidhm ag CEIS cuidiú le réiteach na ndeacrachtaí maidir le
hinfheistíochtaí táirgiúla san Aontas a mhaoiniú agus a chur chun feidhme agus
rochtain níos fearr ar mhaoiniú a áirithiú. Tá sé beartaithe go mbeadh rochtain
níos fearr ar mhaoiniú chun tairbhe d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide, go
háirithe. Is iomchuí freisin an rochtain mhéadaithe sin ar mhaoiniú a chur ar
fáil do chuideachtaí lárchaipitlithe; ar cuideachtaí iad a bhfuil suas le
3 000 fostaí iontu. Má sháraítear na deacrachtaí infheistíochta atá
ag an Eoraip faoi láthair ba cheart go gcuideodh sé le comhtháthú eacnamaíoch,
sóisialta agus críochach an Aontais a neartú. (11) Ba cheart
do CEIS tacaíocht a thabhairt d'infheistíochtaí straitéiseacha ag a bhfuil ard‑bhreisluach
eacnamaíoch a chuideoidh le cuspóirí bheartais an Aontais a bhaint amach. (12) Tá cúnamh
de dhíth ar roinnt mhaith fiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar chuideachtaí
lárchaipitlithe freisin, ar fud an Aontais, chun maoiniú margaidh a mhealladh,
go háirithe i dtaca le hinfheistíochtaí a bhfuil riosca níos mó ag baint leo.
Ba cheart do CEIS cuidiú leis na gnólachtaí sin ganntanais chaipitil a shárú
trína a cheadú do BEI agus do Chiste Eorpach Infheistíochta ('CEI') instealladh
cothromais díreach agus indíreach a sholáthar, chomh maith le ráthaíochtaí a
sholáthar le haghaidh iasachtaí ardcháilíochta , agus táirgí eile a dheonaítear
de bhun aidhmeanna CEIS abhaint amach, a urrasú. (13) Ba cheart
CEIS a bhunú laistigh de BEI chun leas a bhaint as a thaithí agus a chuntas
teiste cruthaithe agus chun gur féidir go mbeidh dea-thionchar lena chuid
oibríochtaí a luaithe agus is féidir. Ba cheart obair CEIS maidir le maoiniú a
thabhairt d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do chuideachtaí
lárchaipitlithe a sheoladh tríd an gCiste Eorpach Infheistíochta leis an
tairbhe a bhaint óna thaithí sna gníomhaíochtaí sin. (14) Ba cheart
do CEIS díriú ar thionscadail a bhfuil ardluach sochaíoch agus eacnamaíoch ag
baint leo. Go háirithe, ba cheart do CEIS díriú ar thionscadail a chuireann
cruthú post, fás fadtéarmach agus an t‑iomaíochas chun cinn. Ba cheart do
CEIS tacaíocht a thabhairt do réimse leathan táirgí airgeadais, lena n‑áiritear
cothromas, fiachas nó ráthaíochtaí, chun riachtanais an tionscadail ar leith a
shásamh ar an mbealach is fearr. Leis an réimse leathan sin de tháirgí ba
cheart go bhféadfadh CEIS freastal ar riachtanais an mhargaidh agus
infheistíocht phríobháideach sna tionscadail á spreagadh aige ag an am céanna
aige. Níor cheart CEIS a chur in ionad maoiniú príobháideach don mhargadh
príobháideach ach, ina ionad sin, ba cheart dó maoiniú príobháideach a
spreagadh trí aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh lena áirithiú go
mbainfear an úsáid is éifeachtaí agus is straitéisí as airgead poiblí. Ba
cheart go gcuirfeadh an ceanglas maidir le comhleanúnachas leis na bprionsabail
a bhaineann le Státchabhair leis an úsáid éifeachtach agus straitéiseach sin. (15) Ba cheart
do CEIS díriú ar thionscadail a bhfuil próifíl riosca-toraidh níos airde acu ná
mar atá ag ionstraimí BEI agus Aontais atá ann cheana chun breisíocht thar
oibríochtaí reatha a áirithiú. Ba cheart do CEIS tionscadail ar fud an Aontais
a mhaoiniú, sna tíortha is mó atá thíos leis an ngéarchéim airgeadais chomh
maith. Níor cheart CEIS a úsáid ach amháin i gcás nach bhfuil maoiniú ar fáil ó
fhoinsí eile ar théarmaí réasúnacha. (16) Ba cheart
do CEIS díriú ar infheistíochtaí a mheastar a bheidh inmharthana go
heacnamaíoch agus go teicniúil, a bhféadfadh leibhéal áirithe riosca iomchuí
bheith ag gabháil leo, agus ceanglais shonracha CEIS maidir le maoiniú á
gcomhlíonadh ag an am céanna. (17) Ba cheart
do Choiste Infheistíochta cinntí a dhéanamh maidir le tacaíocht CEIS a úsáid le
haghaidh bonneagair agus thionscadail lárchaipitlithe. Ba cheart saineolaithe
neamhspleácha a bhfuil sáreolas agus taithí i réimsí na dtionscadal
infheistíochta acu a bheith ar an gCoiste Infheistíochta. Ba cheart don Choiste
Infheistíochta bheith freagrach do Bhord Stiúrtha de chuid CEIS, ar cheart dó
maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh cuspóirí CEIS. D'fhonn tairbhe
éifeachtach a bhaint ó thaithí CEI, ba cheart do CEIS tacú le maoiniú a
thabhairt do CEI chun go bhféadfaidh CEI tabhairt faoi thionscadail aonair i
réimsí fiontar beag agus meánmhéide agus cuideachtaí lárchaipitlithe beaga. (18) Le go
bhféadfadh CEIS tacaíocht a thabhairt d'infheistíochtaí, ba cheart don Aontas
ráthaíocht a thabhairt i leith suim arb ionann í agus EUR 16 000 000 000.
Nuair a thugtar cumhdach na ráthaíochta ar bhonn punainne, ba cheart é bheith
caidhpeáilte ag brath ar an gcineál ionstraime, amhail fiachas, cothromas nó
ráthaíochtaí, mar chéatadán de mhéid phunann na gceanglas gan íoc. Táthar ag
súil go nginfidh tacaíocht CEIS EUR 60 800 000 000 in
infheistíocht bhreise ó BEI agus CEI, nuair a bheidh an ráthaíocht curtha le EUR 5 000 000 000
atá le soláthar ag BEI. Táthar ag súil go nginfidh an EUR 68 000 000 000
seo arna dtacú ag CEIS suim EUR 315 000 000 000 san iomlán
in infheistíocht san Aontas laistigh den tréimhse 2015 go 2017. Na ráthaíochtaí
a ghabhann leis na tionscadail a chuirtear i gcrích gan ráthaíocht a ghairm,
beidh siad ar fáil chun tacú le hoibríochtaí nua. (19) Le go
bhféadfadh acmhainní CEIS méadú tuilleadh, ba cheart go bhféadfadh tríú
páirtithe, lena n‑áirítear Ballstáit, bainc spreagtha náisiúnta nó
gníomhaireachtaí poiblí faoi úinéireacht nó rialú Ballstát, eintitis ón earnáil
phríobháideach agus eintitis lasmuigh den Aontas a bheith rannpháirteach ann,
faoi réir toiliú a fháil ó na ranníocóirí atá ann cheana féin. Féadfaidh tríú
páirtithe rannchuidiú go díreach le CEIS agus páirt a ghlacadh i struchtúr
rialachais CEIS. (20) Ar
leibhéal na dtionscadal, féadfaidh tríú páirtithe i dteannta le CEIS comhaoiniú
a chur ar fáil ar bhonn tionscadal i ndiaidh tionscadail nó trí ardáin
infheistíochta a bhaineann le hearnálacha geografacha nó téamacha sonracha. (21) Ar
choinníoll go mbeidh na critéir incháilitheachta uile comhlíonta, féadfaidh na
Ballstáit Cistí Eorpacha Struchtúracha agus Infheistíochta a úsáid chun cur le
maoiniú tionscadal incháilithe arna dtacú leis an Ráthaíocht ó AE. Ba cheart do
solúbthacht an chur chuige sin cur go mór leis an deis infheisteoirí a
mhealladh chuig na réimsí infheistíochta ar a bhfuil CEIS dírithe. (22) I
gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart
d'infheistíochtaí bonneagair agus tionscadail a fhaigheann tacú faoi CEIS a
bheith i gcomhréir le rialacha státchabhrach. Chuige sin, tá sé fógartha ag an
gCoimisiún go leagfaidh sé amach sraith croíphrionsabal, chun críocha
measúnuithe Státchabhrach, nach mór do thionscadal a chomhlíonadh le bheith
incháilithe do thacaíocht faoi CEIS. Má chomhlíonann tionscadal na critéir sin
agus má fhaigheann sé tacaíocht ó CEIS, tá sé fógartha ag an gCoimisiún go
ndéanfar aon tacaíocht chomhlántach náisiúnta a mheasúnú faoi mheasúnú
Státchabhrach simplithe agus luathaithe nach mbeidh ach aon cheist bhreise le
fíorú ag an gCoimisiún, eadhon comhréireacht na tacaíochta poiblí (easpa
róchúitimh). Tá sé fógartha ag an gCoimisiún freisin go dtabharfaidh sé
tuilleadh treorach maidir leis an tsraith croíphrionsabal d'fhonn úsáid
éifeachtach cistí poiblí a áirithiú. (23) I
bhfianaise an ghá le beart práinneach laistigh den Aontas, féadfaidh sé go
mbeidh tionscadail bhreise maoinithe ag BEI agus CEI, lasmuigh dá
ngnáthphróifíl, i rith 2015 roimh don Rialachán seo teacht i bhfeidhm. D'fhonn
tairbhe na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán sin a uasmhéadú, ba cheart gur
féidir na tionscadail bhreise sin a áireamh faoin gcumhdach ráthaíochta ó AE má
chomhlíonann siad na critéir shubstainteacha atá leagtha amach sa Rialachán
sin. (24) Ba cheart
oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a fhaigheann tacú ó CEIS a
bhainistiú i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta BEI féin, lena n‑áirítear
bearta rialaithe iomchuí agus bearta arna ndéanamh chun imghabháil cánach a
sheachaint, chomh maith le rialacha agus nósanna imeachta ábhartha na hOifige
Eorpaí Frith‑Chalaoise (OLAF) agus na Cúirte Iniúchóirí, lena n‑áirítear
an comhaontú tríthaobhach idir an Coimisiún Eorpach, an Chúirt Iniúchóirí agus
an Banc Eorpach Infheistíochta. (25) Ba cheart
do BEI meastóireacht a dhéanamh go rialta ar ghníomhaíochtaí arna dtacú ag CEIS
d'fhonn a n‑ábharthacht, a bhfeidhmíocht agus a dtionchar a mheasúnú agus
d'fhonn gnéithe díobh a d'fhéadfadh feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí amach
anseo a aithint. Ba cheart do na meastóireachtaí sin cur le cuntasacht agus
anailís ar inmharthaineacht. (26) I
dteannta na n‑oibríochtaí maoinithe a sheolfar trí CEIS, ba cheart Mol
Comhairleach um Infheistíocht Eorpach ('MCIE') a bhunú. Ba cheart do MCIE
tacaíocht threisithe a thabhairt d'fhorbairt agus d'ullmhú tionscadal ar fud an
Aontais, trí chur le saineolas an Choimisiúin, BEI, bainc spreagtha náisiúnta
agus údaráis bhainisíochta na gCistí Eorpacha Struchtúracha agus
Infheistíochta. Ba cheart leis sin ionad iontrála aonair a bhunú do cheisteanna
a bhaineann le cúnamh teicniúil d'infheistíochtaí laistigh den Aontas. (27) D'fhonn
na rioscaí a bhaineann leis an ráthaíocht ó AE do BEI a chumhdach, ba cheart
ciste ráthaíochta a bhunú. Ba cheart an ciste ráthaíochta a chomhdhéanamh le
híocaíocht chéimnitheach ó bhuiséad an Aontais. Ba cheart don chiste
ráthaíochta ioncaim agus aisíocaíochtaí a fháil ina dhiaidh sin ó thionscadail
a bhain leas thacaíocht CEIS agus ó shuimeanna arna n‑aisghabháil ó
fheichiúnaithe mainneachtana i gcás ina bhfuil an ráthaíocht do BEI urramaithe
cheana ag an gciste ráthaíochta. (28) Tá sé
beartaithe leis an gciste ráthaíochta cúlchiste leachtachta a sholáthar do
bhuiséad an Aontais in aghaidh caillteanais arna dtabhú ag CEIS agus a
gcuspóirí á mbaint amach aige. Ón taithí a fuarthas ar chineál na n‑infheistíochtaí
atá le tacaíocht a fháil ó CEIS is léir gur leordhóthanach cóimheas 50% idir na
híocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais agus ó oibleagáidí ráthaíochta iomlána an
Aontais. (29) Chun
maoiniú páirteach a dhéanamh ar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais ba
cheart na clúdaigh de chuid Fhís 2020 atá ar fáil a laghdú– an Clár Réime um
Thaighde agus Nuálaíocht 2014‑2020, dá bhforáiltear i Rialachán
(AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[2], agus an tSaoráid um
Chónascadh na hEorpa, dá bhforáiltear i Rialachán
(AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[3]. .Déanann na cláir sin
foráil maidir le cuspóirí nach ndéanann CEIS foráil maidir leo. Mar sin féin,
fágann laghdú an dá chlár chun an ciste ráthaíochta a mhaoiniú go bhfuiltear ag
súil le hinfheistíocht níos mó a áirithiú i réimsí áirithe a gcuid sainorduithe
faoi seach ná mar a thiocfadh as na cláir atá ann cheana. Ba cheart do CEIS
bheith in ann an ráthaíocht ón Aontais Eorpaigh a ghiaráil leis an éifeacht
airgeadais laistigh de na réimsí taighde, forbartha agus nuálaíochta agus
iompair, teileachumarsáide agus bonneagair fuinnimh a iolrú i gcomparáid le
caitheamh na n‑acmhainní sin trí dheontais laistigh de na cláir Fís 2020
agus an tSaoráide um Chónascadh na hEorpa, de réir mar a bhí beartaithe. Is
iomchuí, dá bhrí sin, cuid den mhaoiniú atá beartaithe faoi láthair do na cláir
sin a aththreorú chun tairbhe CEIS. (30) I
bhfianaise a gcineáil comhdhéanaimh, ní 'ionstraimí airgeadais' iad an
ráthaíocht ó AE do BEI ná an ciste ráthaíochta de réir bhrí Rialachán
(AE) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[4]. (31) Laistigh
den Aontas, tá líon suntasach tionscadal inmharthana nach bhfaigheann maoiniú i
ngeall ar easpa cinnteachta agus trédhearcachta i ndáil leis na tionscadail
sin. Is minic go dtarlaíonn sé mar nach bhfuil infheisteoirí príobháideacha ar
an eolas faoi na tionscadail nó nach bhfuil a ndóthain faisnéise acu chun
measúnú a dhéanamh ar na rioscaí infheistíochta. Ba cheart don Choimisiún agus do
BEI, le tacaíocht ó na Ballstáit, taobhú le bunú píblíne trédhearcach de
thionscadail infheistíochta reatha agus todhchaí san Aontas a oireann don
infheistíocht. Ba cheart a áirithiú leis an 'bpíblíne tionscadal ' sin go
mbeidh faisnéis ar fáil go poiblí i dtaca le tionscadail infheistíochta ar
bhonn rialta agus struchtúrtha lena áirithiú go mbeidh faisnéis iontaofa ag
infheisteoirí a ndéanfaidh siad a gcinntí infheistíochta dá réir. (32) Tá obair
tosaithe ag Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta chun píblínte tionscadal a bhunú
agus a chur chun cinn do thionscadail atá tábhachtach ar an leibhéal náisiúnta.
Ba cheart don fhaisnéis arna hullmhú ag an gCoimisiún agus BEI naisc a
sholáthar do na píblínte tionscadal náisiúnta tionlacain. (33) Cé gur
féidir le BEI na tionscadail a aithnítear faoin bpíblíne tionscadal a úsáid
chun tionscadail arna dtacú ag CEIS a aithint agus a roghnú, ba cheart scóip
níos leithne bheith ag an bpíblíne tionscadal maidir le tionscadail ar fud an
Aontais a shainaithint. D'fhéadfaí tionscadail ar féidir iad a mhaoiniú go
hiomlán ón earnáil phríobháideach nó le cúnamh ó ionstraimí eile a
sholáthraítear ar leibhéal na hEorpa nó náisiúnta a bheith san áireamh sa scóip
sin. Ba cheart do CEIS bheith in ann tacú le maoiniú agus infheistíocht do
thionscadail arna n‑aithint ag an bpíblíne tionscadal, ach níor cheart go
mbeadh rochtain ar thacaíocht CEIS go huathoibríoch mar thoradh ar a bheith ar
an liosta agus ba cheart é bheith de dhiscréid ag CEIS tionscadail nach bhfuil
ar an liosta a roghnú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. (34) Le
cuntasacht do shaoránaigh na hEorpa a áirithiú, ba cheart do BEI tuairisciú go
rialta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi dhul chun cinn
agus tionchar CEIS. (35) D'fhonn
cumhdach iomchuí ar oibleagáidí na ráthaíochta ó AE a áirithiú agus lena
áirithiú go leanfar den ráthaíocht ó AE a chur ar fáil, ba cheart an chumhacht
gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith
choigeartú na suimeanna atá le híoc isteach ón mbuiséad ginearálta agus le
hIarscríbhinn I a leasú dá réir. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go
rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre
ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don
Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas,
a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa
agus chuig an gComhairle ar bhealach atá comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. (36) Ós rud é
nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon tacú le
hinfheistíochtaí san Aontas agus rochtain níos fearr ar mhaoiniú a áirithiú do chuideachtaí
a bhfuil suas le 3 000 fostaí iontu, a bhaint amach go leordhóthanach i
ngeall ar éagothromaíochtaí ina n‑acmhainn fhioscach chun dul i mbun
gnímh ach gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, is
féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a
ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in
Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal
na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo
thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I – Ciste Eorpach le haghaidh
Infheistíochtaí Straitéiseacha Airteagal 1
Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí
Straitéiseacha 1. Tabharfaidh an Coimisiún
comhaontú chun críche leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) maidir le
Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) a bhunú. Is éard is aidhm le CEIS tacú le hinfheistíochtaí
san Aontas agus rochtain níos fearr ar mhaoiniú a áirithiú do chuideachtaí a
bhfuil suas le 3 000 fostaí iontu, agus béim ar leith a leagan ar
fhiontair bheaga agus mheánmhéide, trí chumas riosca a sheasamh a thabhairt do
BEI (Comhaontú 'CEIS'). 2. Beidh Ballstáit ar oscailt
chun aontachas a ghlacadh le Comhaontú CEIS. Faoi réir toiliú ó na ranníocóirí
atá ann cheana, beidh tríú páirtithe eile, lena n‑áirítear bainc
spreagtha náisiúnta nó gníomhaireachtaí poiblí faoi úinéireacht nó rialú
Ballstát, agus eintitis ón earnáil phríobháideach, oscailte chun aontachas a
ghlacadh le Comhaontú CEIS Airteagal 2
Téarmaí Chomhaontú CEIS 1. Beidh an méid seo a leanas,
go háirithe, i gComhaontú CEIS: (a)
forálacha lena rialaítear bunú CEIS mar shaoráid
ráthaíochta trédhearcach ar leith, atá inaitheanta go soiléir agus mar chuntas
ar leithligh arna bhainistiú ag BEI; (b)
méid agus téarmaí na ranníocaíochta airgeadaid a
dhéanfaidh BEI trí CEIS; (c)
téarmaí an mhaoinithe a thabharfaidh BEI trí CEIS
don Chiste Eorpach Infheistíochta ('CEI'); (d)
socruithe rialachais maidir le CEIS, i gcomhréir le
hAirteagal 3, gan dochar do Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta; (e)
rialacha mionsonraithe maidir leis an ráthaíocht ó
AE a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 7, lena n‑áirítear an
cumhdach caidhpeáilte a dhéantar ar phunanna ionstraimí de chineálacha
sonracha, gairmeacha ar an ráthaíocht ó AE nach dtarlóidh – ach amháin i gcás
aon chaillteanas ar chothromas a d'fhéadfadh a bheith ann – ach uair amháin sa
bhliain tar éis brabús agus caillteanas a ghlanluacháil agus ar a cúiteamh agus
an ceanglais maidir le cúiteamh ar ghlacadh riosca a bheith leithdháilte ar
ranníocóirí i gcomhréir lena gcion riosca faoi seach; (f)
forálacha agus nósanna imeachta a bhaineann le
héilimh a aisghabháil; (g)
ceanglais a rialaíonn úsáid na ráthaíochta ó AE,
lena n‑áirítear laistigh de thréimhsí ama sonracha agus príomhtháscairí
feidhmíochta; (h)
forálacha maidir leis an maoiniú is gá do MCIE i
gcomhréir leis an tríú fomhír de mhír 2; (i)
forálacha a rialaíonn an dóigh ina bhféadfaidh tríú
páirtithe comhinfheistíocht a dhéanamh le maoiniú BEI agus le hoibríochtaí infheistíochta
arna dtacú ag CEIS; (j)
rialacha mionsonraithe maidir le cumhdach na
ráthaíochta ó AE. Forálfar i gComhaontú CEIS go mbeidh idirdhealú
soiléir idir oibríochtaí a dhéanfar le tacaíocht ó CEIS agus oibríochtaí eile
BEI. Forálfar i gComhaontú CEIS go rialóidh comhlachtaí
rialála CEI gníomhaíochtaíCEIS arna ndéanamh ag CEI. Forálfar i gComhaontú CEIS go soláthrófar cúiteamh
is inchurtha i leith an Aontais ó ghníomhaíochtaí a dtacaíonn CEIS leo tar éis
íocaíochtaí i ngeall ar gairmeacha ar an ráthaíocht ó AE agus, ina dhiaidh sin,
costais i gcomhréir leis an tríú fomhír de mhír 2 agus le
hAirteagal 5(3), a bhaint. 2. Forálfar i gComhaontú CEIS do
Mhol Comhairleach um Infheistíocht Eorpach ('MCIE') a bhunú laistigh de BEI.
Beidh sé d'aidhm ag EIAH cur le seirbhísí comhairleacha BEI agus an Choimisiúin
atá ann cheana chun tacaíocht chomhairleach a thabhairt le tionscadail
infheistíochta a aithint, a ullmhú agus a fhorbairt agus feidhmiú mar mhol
comhairleach teicniúil aonair le haghaidh maoiniú tionscadal laistigh den
Aontas. Áireofar leis sin tacaíocht maidir le cúnamh teicniúil a úsáid le
tionscadail a struchtúrú, maidir le hionstraimí airgeadais nuálacha a úsáid,
maidir le comhpháirtíochtaí príobháideacha-poiblí a úsáid, agus, de réir mar is
iomchuí, maidir le comhairle a bhaineann le ceisteanna ábhartha faoi
reachtaíocht AE. Leis an gcuspóir sin a bhaint amach, úsáidfidh
MCIE saineolas BEI, an Choimisiúin, na mbanc spreagtha náisiúnta agus údaráis
bhainistíochta na gCistí Eorpacha Struchtúracha agus Infheistíochta. Beidh MCIE á mhaoiniú go páirteach ag an Aontas
suas le huasmhéid EUR 20 000 000 in aghaidh na bliana i rith na
tréimhse dar críoch 31 Nollaig 2020 le haghaidh na seirbhísí breise
dá bhforáiltear le MCIE sa bhreis ar chúnamh teicniúil BEI atá ann cheana. I
gcás na mblianta tar éis 2020 beidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas
ceangailte go díreach leis na forálacha a áireofar sna creata airgeadais
ilbhliantúla sa todhchaí. 3. Beidh Ballstáit a bheidh ina
bpáirtithe do Chomhaontú CEIS in ann a ranníocaíocht a thabhairt, go háirithe,
i bhfoirm airgid thirim nó i bhfoirm ráthaíochta a mbeadh BEI sásta glacadh
leis. Ní bheidheidh tríú páirtithe eile in ann a ranníocaíocht a thabhairtach
in airgead tirim amháin. Airteagal 3
Rialachas CEIS 1. Forálfar i gComhaontú CEIS go
ndéanfaidh Bord Stiúrtha CEIS a rialú, bord a chinnfidh an treoshuíomh
straitéiseach, leithdháileadh straitéiseach sócmhainní agus beartais agus
nósanna imeachta oibriúcháin, lena n‑áirítear beartas infheistíochta
tionscadal ar féidir le CEIS tacú leo agus próifíl riosca CEIS, i gcomhréir
leis na cuspóirí faoi Airteagal 5(2). Toghfaidh an Bord Stiúrtha duine dá
chomhaltaí le bheith ina chathaoirleach air. 2. Fad agus nach mbeidh de
ranníocóirí ag CEIS ach an tAontas agus BEI, leithdháilfear líon na gcomhaltaí
agus líon na vótaí laistigh den Bhord Stiúrtha bunaithe ar mhéid na
ranníocaíochtaí faoi seach ó ranníocóirí i bhfoirm airgid thirim nó
ráthaíochtaí. Déanfaidh an Bord
Stiúrtha cinntí de chomhthoil. 3. Nuair a aontaíonn páirtithe
eile do Chomhaontú CEIS i gcomhréir le hAirteagal 1(2), leithdháilfear
líon na gcomhaltaí agus líon na vótaí laistigh den Bhord Stiúrtha bunaithe ar
méid na ranníocaíochtaí faoi seach ó ranníocóirí i bhfoirm airgid thirim nó
ráthaíochtaí. I gcomhréir le mír 2, déanfar an líon comhaltaí agus vótaí
atá ag an gCoimisiún agus ag BEI a athríomh dá réir. Féachfaidh an Bord
Stiúrtha le cinntí a dhéanamh de chomhthoil. Mura bhfuil an Bord Stiúrtha in
ann cinneadh a dhéanamh de chomhthoil laistigh de spriocdháta arna shocrú ag an
gCathaoirleach, déanfaidh an Bord Stiúrtha cinneadh trí thromlach simplí. Ní ghlacfar aon
chinneadh den Bhord Stiúrtha má vótálann an Coimisiún nó BEI ina choinne. 4. Forálfar i gComhaontú CEIS go
mbeidh Stiúrthóir Bainistíochta ag CEIS, a bheidh freagrach as bainistiú
laethúil CEIS agus as ullmhú agus cathaoirleacht chruinnithe an Choiste
Infheistíochta dá dtagraítear i mír 5. Beidh Leas‑Stiúrthóir
Bainistíochta de chúnamh ag an Stiúrthóir Bainistíochta. Tuairisceoidh an Stiúrthóir Bainistíochta gach
ráithe ar ghníomhaíochtaí CEIS chuig an mBord Stiúrtha. Ceapfaidh an Bord Stiúrtha an Stiúrthóir
Bainistíochta agus an Leas‑Stiúrthóir Bainistíochta ar chomhthogra ón
gCoimisiún agus ó BEI ar feadh tréimhse socruithe in‑athnuaite trí bliana. 5. Forálfar i gComhaontú CEIS go
mbeidh Coiste Infheistíochta ag CEIS, a bheidh freagrach as oibríochtaí
ionchasacha a scrúdú i gcomhréir le beartais infheistíochta CEIS agus as
tacaíocht ráthaíocht an Aontais Eorpaigh d'oibríochtaí a fhormheas i gcomhréir
le hAirteagal 5, beag beann ar a suíomh geografach. Beidh an Coiste Infheistíochta comhdhéanta de
sheisear saineolaithe neamhspleácha agus an Stiúrthóir Bainistíochta. Beidh
ardleibhéal taithí margaíochta sa mhaoiniú tionscadal ag saineolaithe neamhspleácha
agus ceapfaidh an Bord Stiúrtha iad ar feadh tréimhse socruithe in‑athnuaite
trí bliana. Déanfar cinntí an Choiste Infheistíochta trí
thromlach simplí. CAIBIDIL II – Ráthaíocht ó AE agus
Ciste Ráthaíochta de chuid AE Airteagal 4
Ráthaíocht ó AE Tabharfaidh an tAontas ráthaíocht do BEI le
haghaidh oibríochtaí maoinithe nó infheistíochta a dhéantar laistigh den Aontas
arna gcumhdach faoin Rialachán seo ('ráthaíocht ó AE'). Ráthaíocht ar éileamh a
bheidh sa ráthaíocht a thabharfaidh AE i ndáil le hionstraimí dá dtagraítear in
Airteagal 6. Airteagal 5
Na ceanglais maidir leis an ráthaíocht ó AE a úsáid 1. Tabharfar an ráthaíocht ó AE
faoi réir theacht i bhfeidhm Chomhaontú CEIS (an Ciste Eorpach le haghaidh
Infheistíochtaí Straitéiseacha). 2. Tabharfar an ráthaíocht ó AE
ar mhaithe le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI arna bhformheas ag
an gCoiste Infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(5) nó ar mhaithe
le maoiniú do CEI chun oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a dhéanamh
i gcomhréir le hAirteagal 7(2). Beidh na hoibríochtaí lena mbaineann i
gcomhréir le beartais an Aontais agus cuirfidh siad le haon cheann de na
cuspóirí ginearálta seo a leanas: (a)
an bonneagar a fhorbairt, lena n‑áirítear i
réimsí an iompair, go háirithe in ionaid thionsclaíocha; fuinneamh, go háirithe
idirnaisc fuinnimh; agus an bonneagar digiteach; (b)
an infheistíocht san oideachas agus san oiliúint,
sa tsláinte, sa taighde agus san fhorbairt, sa teicneolaíocht faisnéise agus
cumarsáide agus sa nuálaíocht; (c)
an fhorbairt ar fhuinneamh in‑athnuaite agus
éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní; (d)
tionscadail bhonneagair i réimsí an chomhshaoil, na
n‑acmhainní nádúrtha, na forbartha uirbí agus sna réimsí sóisialta; (e)
tacaíocht airgeadais a thabhairt do na cuideachtaí
dá dtagraítear in Airteagal 1(1), lena n‑áirítear maoiniú an riosca
caipitil oibre. Ina theannta sin, tabharfar an ráthaíocht ó AE
chun tacú le hardáin infheistíochta thiomanta agus bainc spreagtha náisiúnta,
trí mheán BEI, a dhéanann infheistíocht in oibríochtaí atá i gcomhréir le
ceanglais an Rialacháin seo. Sa chás sin, sonróidh an Bord Stiúrtha na beartais
maidir leis na hardáin infheistíochta incháilithe. 3. I gcomhréir le
hAirteagal 17 de Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, muirearóidh BEI
tairbhithe na n‑oibríochtaí maoinithe chun na costais atá air a bhaineann
le CEIS a chumhdach. Gan dochar d'fhomhír 2 ná fomhír 3, ní úsáidfear
buiséad an Aontais chun aon chaiteachas riaracháin ná aon táillí eile de chuid
BEI ar oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta arna ndéanamh ag BEI faoin
Rialachán seo a chumhdach. Féadfaidh BEI an ráthaíocht
ó AE a ghairm, i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(e), laistigh d'uasteorainn
charnach a chomhfhreagraíonn do 1% d'oibleagáidí iomlána na ráthaíochta ó AE
atá gan réiteach chun costais a chumhdach nach bhfuil aisghafa, cé gur gearradh
na costais sin ar thairbhithe na n‑oibríochtaí maoinithe. Féadfar buiséad an Aontais a
úsáid chun táillí BEI a chumhdach i gcás ina dtabharfadh BEI maoiniú do CEI
thar ceann CEIS a ráthaíonn an ráthaíocht ó AE i gcomhréir le
hAirteagal 7(2). 4. Ar choinníoll go gcomhlíontar
na critéir incháilitheachta uile, féadfaidh na Ballstáit Cistí Eorpacha
Struchtúracha agus Infheistíochta a úsáid chun cur le maoiniú tionscadal
incháilithe a bhfuil BEI ag déanamh infheistíochta iontu le tacaíocht na
Ráthaíochta ó AE. Airteagal 6
Ionstraimí Incháilithe Chun críocha Airteagal 5(2), is ar bhonn
punainne a úsáidfidh BEI an Ráthaíocht ó AE chun rioscaí d'ionstraimí a
chumhdach de ghnáth. Féadfaidh na hionstraimí aonair atá i dteideal
cumhdaigh nó punanna na hIonstraimí seo a leanas a chuimsiú: (a)
Iasachtaí BEI, ráthaíochtaí, frithráthaíochtaí,
ionstraimí margaidh caipitil, aon fhoirm eile d'ionstraim maoinithe nó
feabhsaithe creidmheasa, ranníocaíochtaí cothromais nó cuasachothromais.
Tabharfar, gheofar nó eiseofar na hIonstraimí sin ar mhaithe le hoibríochtaí
arna ndéanamh san Aontas, lena n‑áirítear oibríochtaí trasteorann idir
Ballstát agus tríú tír, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcás inar
tugadh maoiniú BEI i gcomhréir le comhaontú sínithe nach bhfuil imithe in éag
ná curtha ar ceal; (b)
Maoiniú BEI do CEI ionas gur féidir leis tabhairt
faoi iasachtaí, ráthaíochtaí, frithráthaíochtaí, aon fhoirm eile d'ionstraim
feabhsaithe creidmheasa, ionstraimí margaidh caipitil agus ranníocaíochtaí
cothromais nó cuasachothromais. Tabharfar, gheofar nó eiseofar na hIonstraimí
sin ar mhaithe le hoibríochtaí arna ndéanamh san Aontas, i gcomhréir leis an
Rialachán seo agus i gcás inar tugadh maoiniú CEI i gcomhréir le comhaontú
sínithe nach bhfuil imithe in éag ná curtha ar ceal. Airteagal 7
Cumhdach agus téarmaí na Ráthaíochta ó AE 1. Suim ar fiú EUR 16 000 000 000
í a bheidh sa ráthaíocht ó AE do BEI; féadfar EUR 2 500 000 000
den tsuim sin ar a mhéad a leithdháileadh le haghaidh mhaoiniú BEI do CEI i
gcomhréir le mír 2. Gan dochar d'Airteagal 8(9), ní bheidh
íocaíochtaí comhiomlána ón Aontas faoin ráthaíocht do BEI níos mó ná méid na
ráthaíochta. 2. Cinnfear cumhdach na
ráthaíochta thar phunann ionstraime de chineál ar leith, dá dtagraítear in
Airteagal 6, trí bhíthin an riosca a ghabhann leis an bpunann sin. Leis an
ráthaíocht ó AE beifear in ann ráthaíochtaí céadchaillteanais ar bhonn punainne
nó ráthaíocht iomlán a thabhairt. Féadfar an ráthaíocht ó AE a thabhairt ar
bhonn pari passu i dteannta ranníocóirí eile. I gcás ina dtugann BEI maoiniú do CEI chun
oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a dhéanamh, déanfar foráil leis
an ráthaíocht ó AE maidir le ráthaíocht iomlán i leith maoiniú ó BEI ar
choinníoll go dtugann BEI cóimhéid maoinithe gan ráthaíocht ó AE. An méid a
chumhdófar leis an ráthaíocht ó AE, ní bheidh sé níos mó ná EUR 2 500 000 000.
3. I gcás ina ngaireann BEI an
ráthaíocht ó AE i gcomhréir le Comhaontú CEIS, íocfaidh an tAontas ar éileamh i
gcomhréir le téarmaí an Chomhaontaithe sin. 4. I gcás ina ndéanann an
tAontas aon íocaíocht faoin ráthaíocht ó AE, is é BEI a thabharfaidh faoi na
héilimh ar na méideanna a íocadh a aisghabháil agus cúiteoidh sé na suimeanna a
aisghabhtar leis an Aontas. Airteagal 8
Ciste Ráthaíochta de chuid AE 1. Bunófar Ciste Ráthaíochta de
chuid AE ('ciste ráthaíochta') óna bhféadfar BEI a íoc i gcás gairm ar an
ráthaíocht ó AE. 2. Leis na nithe seo a leanas a
mhaoineofar an ciste ráthaíochta: (a)
íocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais, (b)
toradh ar acmhainní an chiste ráthaíochta arna n‑infheistiú, (c)
méideanna arna n‑aisghabháil ó fhéichiúnaithe
mainneachtana i gcomhréir leis an nós imeachta aisghabhála a leagtar síos i
gComhaontú CEIS dá bhforáiltear in Airteagal 2(1)(f), (d)
aon íocaíochtaí eile arna bhfáil ag an Aontas i
gcomhréir le Comhaontú CEIS. 3. Is é a bheidh sna dearlaicí
don chiste ráthaíochta dá bhforáiltear i bpointe (c) agus pointe (d)
ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 21(4) de Rialachán (AE)
Uimh. 966/2012. 4. Acmhainní an chiste
ráthaíochta arna dtabhairt dó faoi mhír 2, déanfaidh an Coimisiún
bainistiú díreach orthu agus infheisteofar iad i gcomhréir le prionsabal na
bainistíochta fónta airgeadais agus i gcomhréir leis na rialacha stuamachta
iomchuí. 5. Úsáidfear dearlaicí don
chiste ráthaíochta dá dtagraítear i mír 2 chun leibhéal iomchuí a bhaint
amach chun oibleagáidí iomlána na ráthaíochta ó AE a léiriú ('spriocmhéid').
50 % d'oibleagáidí iomlána ráthaíochta an Aontais a bheidh sa spriocmhéid.
Chun an spriocmhéid a bhaint amach ar dtús báire íocfar na hacmhainní
dá dtagraítear i mír 2(a) de réir a chéile. Má rinneadh gairmeacha ar an
ráthaíocht le linn chruthú tosaigh an chiste ráthaíochta, na dearlaicí don
chiste ráthaíochta dá bhforáiltear i bpointí (b), (c) agus (d) de
mhír 2, ranníocfar iad chun an spriocmhéid a ardú go dtí méid arb ionann é
agus na gairmeacha ar an ráthaíocht. 6. Faoin
31 Nollaig 2018, agus gach bliain dá éis, déanfaidh an Coimisiún
athbhreithniú ar leordhóthanacht leibhéal an chiste ráthaíochta agus
tabharfaidh sé aird ar aon laghdú ar acmhainní de thoradh chur i bhfeidhm na
ráthaíochta agus ar mheasúnú BEI arna chur faoina bhráid i gcomhréir le
hAirteagal 10(3). Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe
a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an spriocmhéid dá
bhforáiltear i mír 5 a choigeartú 10 % ar a mhéad chun an riosca go
ngairfí an ráthaíocht ó AE a léiriú. 7. Tar éis an spriocmhéid a
choigeartú i mbliain n nó tar éis measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht
leibhéal an chiste ráthaíochta i gcomhréir leis an athbhreithniú dá
bhforáiltear i mír 6: (e)
íocfar aon bharrachas in aon idirbheart amháin faoi
cheannteideal speisialta sa ráiteas ioncaim i mbuiséad ginearálta an Aontais
Eorpaigh don bhliain n+1, (f)
íocfar aon athshlánú ar an gciste ráthaíochta i
dtráinsí bliantúla le linn uastréimhse trí bliana a thosóidh ar bhliain n+1. 8. Ón 1 Eanáir 2019,
má thiteann leibhéal an chiste ráthaíochta faoi bhun 50 % den
sprioc-mhéid, de thoradh gairmeacha ar an ráthaíocht, cuirfidh an Coimisiún
tuarascáil isteach faoi bhearta eisceachtúla a d'fhéadfadh gá a bheith leo chun
é a athshlánú. 9. Tar éis
gairm ar an ráthaíocht ó AE, úsáidfear dearlaicí don chiste ráthaíochta dá
bhforáiltear i bpointí (b), (c) agus (d) de mhír 2 atá os cionn an
spriocmhéid chun an ráthaíocht ó AE a ardú go dtí méid tosaigh na ráthaíochta. CAIBIDIL III – Píblíne na dtionscadal
infheistíochta Eorpach Airteagal 9
Píblíne na dtionscadal infheistíochta Eorpach 1. Taobhóidh an Coimisiún agus
BEI, i dteannta tacaíocht ó na Ballstáit, le píblíne thrédhearcach a bhunú de
thionscadail infheistíochta reatha agus tionscadail a d'fhéadfadh bheith ann
amach anseo san Aontas. Tá an phíblíne gan dochar do na tionscadail deiridh
arna roghnú le haghaidh tacaíochta de réir Airteagal 3(5). 2. Déanfaidh an Coimisiún agus
BEI, ar bhonn rialta agus struchtúrach, faisnéis faoi infheistíochtaí reatha
agus infheistíochtaí amach anseo a chabhródh go mór cuspóirí bheartais AE a
bhaint amach a chur i dtoll a chéile, a thabhairt cothrom le dáta agus a
scaipeadh. 3. Déanfaidh na Ballstáit, ar
bhonn rialta agus struchtúrach, faisnéis faoi thionscadail reatha agus
tionscadail amach anseo ina gcríoch a chur i dtoll a chéile, a thabhairt
cothrom le dáta agus a scaipeadh. CAIBIDIL IV – Tuairisciú, cuntasacht
agus meastóireacht Airteagal 10
Tuairisciú agus cuntasaíocht 1. Cuirfidh BEI, i gcomhar le
CEI más iomchuí, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoi dhó sa bhliain faoi
oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI faoin Rialachán seo. Sa
tuarascáil beidh measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid na
ráthaíochta ó AE agus na príomhtháscairí feidhmíochta arna mbunú de bhun
Airteagal 2(1)(g). Sa tuarascáil freisin beidh mionsonraí staidrimh, airgeadais
agus cuntasaíochta faoi gach oibríocht maoinithe agus infheistíochta de chuid
BEI agus ar bhonn comhiomlán. 2. Cuirfidh BEI, i gcomhar le
CEI más iomchuí, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle
uair sa bhliain faoi oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI. Cuirfear an
tuarascáil ar fáil go poiblí agus beidh na nithe seo a leanas mar chuid di: (a)
measúnú ar oibríochtaí maoinithe agus
infheistíochta BEI de réir oibríochta, earnála, tíre agus réigiúin agus ar mar
a chomhlíonann siad an Rialachán seo, i dteannta measúnú ar leithdháileadh
oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI idir na cuspóirí in
Airteagal 5(2); (b)
measúnú ar an mbreisluach, ar úsáid acmhainní na
hearnála príobháidí, ar an aschur measta agus iarbhír, ar thorthaí agus ar
thionchar oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI ar bhonn comhiomlán; (c)
measúnú ar an leas airgeadais a thugtar do
thairbhithe oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI ar bhonn comhiomlán; (d)
measúnú ar cháilíocht oibríochtaí maoinithe agus
infheistíochta BEI; (e)
mioneolas ar ghairmeacha ar an ráthaíocht ó AE; (f)
na ráitis airgeadais ó CEIS. 3. Chun críocha chuntasaíocht
agus thuairisciú an Choimisiúin ar na rioscaí a chumhdaítear faoin ráthaíocht ó
AE agus chun críocha bhainistiú an chiste ráthaíochta, cuirfidh BEI, i gcomhar
le CEI más iomchuí, na nithe seo a leanas ar fáil don Choimisiún gach bliain: (a)
measúnú riosca agus faisnéis ghrádaithe BEI agus
CEI maidir le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI; (b)
oibleagáid airgeadais AE atá gan íoc maidir leis na
ráthaíochtaí a tugadh d'oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI arna
miondealú de réir na n‑oibríochtaí aonair; (c)
an brabús nó an caillteanas iomlán a thagann as
oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI laistigh de na punanna arna
dtabhairt faoi Chomhaontú CEIS de bhun Airteagal 2(1)(e). 4. Cuirfidh BEI aon fhaisnéis
bhreise is gá ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin ionas gur féidir leis an
gCoimisiún a chuid oibleagáidí maidir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh. 5. Cuirfidh BEI, agus CEI más
iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 ar fáil ar a
gcostas féin. 6. Cuirfidh an Coimisiún, faoin
30 Meitheamh gach bliain, tuarascáil bhliantúil faoi staid an chiste
ráthaíochta agus faoi bhainistiú an chiste sin sa bhliain féilire roimhe sin
chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt
Iniúchóirí. Airteagal 11
Cuntasacht 1. Ar iarraidh ó Pharlaimint na
hEorpa, beidh an Stiúrthóir Bainistíochta rannpháirteach in éisteacht de chuid
Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmíocht CEIS. 2. Tabharfaidh an Stiúrthóir
Bainistíochta freagra ó bhéal nó freagra i scríbhinn ar cheisteanna Pharlaimint
na hEorpa ar CEIS, agus i gcás ar bith laistigh de chúig seachtaine tar éis an
cheist a fháil. 3. Ar iarraidh ó Pharlaimint na
hEorpa, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa faoi chur i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Airteagal 12
Meastóireacht agus Athbhreithniú 1. Déanfaidh BEI meastóireacht
ar fheidhmiú CEIS faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta: 18 mí
tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dheireanaí. Cuirfidh BEI
an mheastóireacht a rinne sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle
agus an Choimisiúin; Faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach
dáta: 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dheireanaí,
déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar úsáid na ráthaíochta ó AE agus ar
fheidhmiú an chiste ráthaíochta, lena n‑áirítear úsáid dearlaicí de réir
Airteagal 8(9). Cuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht a rinne sé faoi
bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. 2. Faoin
30 Meitheamh 2018 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin: (a)
foilseoidh BEI tuarascáil chuimsitheach faoi
fheidhmiú CEIS; (b)
foilseoidh an Coimisiún tuarascáil chuimsitheach
faoi úsáid na ráthaíochta ó AE agus feidhmiú an chiste ráthaíochta. 3. Beidh BEI, i gcomhar le CEI
más iomchuí, rannpháirteach i meastóireacht an Choimisiúin agus cuirfidh sé nó
siad an fhaisnéis is gá ar fáil don mheastóireacht agus tuarascáil faoi mhír 1
agus mír 2 faoi seach ar fáil. 4. Cuirfidh BEI agus CEI gach
tuarascáil neamhspleách mheastóireachta dá gcuid ina ndéantar measúnú ar na
torthaí praiticiúla a baineadh amach le gníomhaíochtaí sonracha BEI agus CEI
faoin Rialachán seo ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don
Choimisiún ar bhonn rialta. 5. Faoin [Oifig na
bhFoilseachán: cuir isteach dáta 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin
seo] ar a dheireanaí, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm
an Rialacháin seo agus aon mholadh ábhartha ag gabháil léi faoi bhráid
Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. CAIBIDIL V – Forálacha ginearálta Airteagal 13
Trédhearcacht agus nochtadh poiblí faisnéise I gcomhréir lena bheartais trédhearcachta féin
maidir le rochtain ar dhoiciméid agus faisnéis, cuirfidh BEI ar fáil go poiblí
ar a shuíomh gréasáin faisnéis a bhaineann le hoibríochtaí maoinithe agus
infheistíochta uile BEI agus an chaoi a gcuireann siad leis na cuspóirí
ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 5(2). Airteagal 14
Iniúchóireacht ag an gCúirt Iniúchóirí Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí iniúchadh ar an
ráthaíocht ó AE agus ar na híocaíochtaí agus aisghabhálacha faoin ráthaíocht
atá inchurtha i leith bhuiséad ginearálta an Aontais. Airteagal 15
Bearta frithchalaoise 1. Tabharfaidh BEI fógra gan
mhoill agus an fhaisnéis is gá don Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) i
gcás ina bhfuil foras ann a chreidiúint, tráth ar bith le linn oibríochtaí a
bheith á n‑ullmhú, á gcur chun feidhme nó á dtabhairt i gcrích faoi réir
na ráthaíochta ó AE, go bhféadfadh calaois, éilliú, sciúradh airgid nó
gníomhaíocht neamhdhleathach eile a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna
airgeadais an Aontais a bheith ar bun. 2. Féadfaidh OLAF imscrúduithe,
lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, a dhéanamh i
gcomhréir leis na forálacha agus nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán
(AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle([5]), Rialachán ón
gComhairle (Euratom, CE) Uimh. 2185/96([6])
agus Rialachán ón gComhairle (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ([7]) chun leasanna
airgeadais an Aontais a chosaint, d'fhonn a shuí an raibh calaois, éilliú,
sciúradh airgid nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a d'fhéadfadh difear
a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais ar bun i dtaca leis na
hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ón ráthaíocht ó AE. Féadfaidh OLAF faisnéis
a aimsítear le linn na n‑imscrúduithe a chur chuig údaráis inniúla na
mBallstát lena mbaineann. I gcás ina gcruthaítear gurb ann do
ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha den chineál sin, tabharfaidh BEI faoi
iarrachtaí aisghabhála i ndáil lena oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ón
ráthaíocht ó AE. 3. Sna comhaontuithe maoinithe
arna síniú i ndáil le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Rialachán seo
beidh forálacha lena gceadaítear eisiamh ó oibríochtaí maoinithe agus
infheistíochta BEI agus, más gá, bearta iomchuí aisghabhála i gcás calaois,
éilliú nó gníomhaíocht neamhdhleathach eile a bheith ar bun i gcomhréir le
Comhaontú CEIS, beartais BEI agus ceanglais rialála is infheidhme. Déanfar an
cinneadh faoi eisiamh ó oibríocht maoinithe agus infheistíochta de chuid BEI a
dhéanamh i gcomhréir leis an gcomhaontú maoinithe nó infheistíochta ábhartha. Airteagal 16
Gníomhaíochtaí eisiata agus dlínsí nach bhfuil ag comhoibriú 1. Ina chuid oibríochtaí
maoinithe agus infheistíochta, ní thacóidh BEI le haon ghníomhaíocht a dhéantar
chun críocha neamhdhleathacha, lena n‑áirítear sciúradh airgid, maoiniú
sceimhlitheoireachta, calaois chánach agus imghabháil chánach, éilliú, nó
calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Go háirithe ní
bheidh BEI rannpháirteach in aon oibríocht maoinithe ná infheistíochta trí
mheán atá lonnaithe i ndlínse nach bhfuil ag comhoibriú, i gcomhréir lena
bheartas i leith dlínsí ina bhfuil rialáil lag nó nach bhfuil ag comhoibriú de
réir bheartais an Aontais, na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt
Eacnamaíochta nó an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais. 2. Ina chuid oibríochtaí
maoinithe agus infheistíochta, cuirfidh BEI i bhfeidhm na prionsabail agus na
caighdeáin atá leagtha amach i ndlí an Aontais maidir le húsáid an chórais
airgeadais ar mhaithe le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chosc,
lena n‑áirítear ceanglas maidir le bearta réasúnacha a dhéanamh chun na
húinéirí tairbhiúla a shainaithint más infheidhme. Airteagal 17
An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na
gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Tabharfar an chumhacht
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(6) don
Choimisiún go ceann tréimhse trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh
dheireadh na tréimhse trí bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le
tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe
go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh
dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in
Airteagal 8(6) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a
dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh
sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa
chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe
atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus
don Chomhairle ina leith an tráth céanna. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(6) i bhfeidhm ach amháin mura
mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle
laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na
tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a
chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse
sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. CAIBIDIL VI – Leasuithe Airteagal 18
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013
mar a leanas: (1) In Airteagal 6, cuirtear an
méid a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3: '1. Is é an clúdach airgeadais do chur
chun feidhme an chláir Fís 2020 EUR 74 328,3 milliún i
bpraghsanna reatha, as a leithdháilfear EUR 71 966,9 milliún ar
a mhéad ar ghníomhaíochtaí faoi Theideal XIX CFAE. Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle na leithreasuithe bliantúla faoi theorainn an chreata airgeadais
ilbhliantúil. 2. Dáilfear an méid do ghníomhaíochtaí
faoi Theideal XIX CFAE i measc na dtosaíochtaí a leagtar amach in
Airteagal 5(2) den Rialachán seo mar a leanas: (a) Eolaíocht den scoth, EUR 23 897,0 milliún
i bpraghsanna reatha; (b) Ceannaireacht thionsclaíoch, EUR 16 430,5 milliún
i bpraghsanna reatha; (c) Dúshláin shochaíocha, EUR 28 560,7 milliún
i bpraghsanna reatha. Uasmhéid foriomlán ranníocaíocht airgeadais an
Aontais ón gclár Fís 2020 le haghaidh na gcuspóirí sonracha a leagtar
amach in Airteagal 5(3) agus do ghníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha
an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC), beidh sé mar a leanas: (i) Barr feabhais a leathnú agus
rannpháirtíocht a ardú, EUR 782,3 milliún i bpraghsanna reatha; (ii) Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus
le haghaidh na sochaí, EUR 443,8 milliún i bpraghsanna reatha; (iii) Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha
JRC, EUR 1 852,6 milliún i bpraghsanna reatha. An miondealú táscach do na tosaíochtaí agus
cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 5(2) agus (3), leagtar
amach in Iarscríbhinn II é. 3. Maoineofar an Institiúid Eorpach um
Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) le huasranníocaíocht EUR 2 361,4 milliún
i bpraghsanna reatha ón gclár Fís 2020 mar a leagtar amach in
Iarscríbhinn II.' (2) Cuirtear an téacs a leagtar amach
in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad
Iarscríbhinn I. Airteagal 19
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 In Airteagal 5 de Rialachán (AE)
Uimh. 1316/2013, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1: '1. Is é an clúdach airgeadais do chur
chun feidhme na Saoráide um Chónascadh na hEorpa don tréimhse 2014 go 2020 EUR 29 942 259 000 (*)
i bpraghsanna reatha. Dáilfear an méid sin mar a leanas: (a) earnáil an iompair: EUR 23 550 582 000,
as a n‑aistreofar EUR 11 305 500 000 ón gCiste
Comhtháthaithe lena chaitheamh i gcomhréir leis an Rialachán seo sna Ballstáit
atá i dteideal maoiniú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe, agus sna Ballstáit sin
amháin; (b) earnáil na teileachumarsáide: EUR 1 041 602 000;
(c) earnáil an fhuinnimh: EUR 5 350 075 000.
Tá na
méideanna sin gan dochar do chur i bhfeidhm an tsásra solúbthachta dá
bhforáiltear faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón
gComhairle(*). (*) Rialachán (AE, Euratom)
Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar
síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L
347, 20.12.2013, lch. 884).' CAIBIDIL VII – Forálacha
idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha Airteagal 20
Forálacha idirthréimhseacha Oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta arna
síniú ag BEI nó CEI le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2015 go dtí
tabhairt i gcrích Chomhaontú CEIS, féadfaidh BEI nó CEI iad a chur faoi
bhráid an Choimisiúin lena gcumhdach faoin ráthaíocht ó AE. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na
hoibríochtaí sin agus, i gcás ina gcomhlíonann siad na ceanglais
shubstainteacha a leagtar amach in Airteagal 5 agus i
gComhaontú CEIS, cinnfidh sé go gcumhdófar iad faoin ráthaíocht ó AE. Airteagal 21
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh
an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme
go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh in Strasbourg, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Foras
an togra/tionscnaimh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A
MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.2. An tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair
oibríochtaí 3.2.3. An tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál
riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht don
chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó
thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN
TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Togra
le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an
gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus lena leasaítear
Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán
(AE) Uimh. 1316/2013 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[8] Réimse
beartais: Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais Gníomhaíocht
ABM: Oibríochtaí agus ionstraimí airgeadais Chun
cuntas mionsonraithe a fháil ar na Gníomhaíochtaí ABB, féach Mír 3.2 Réimse
beartais: Soghluaisteacht agus Iompar Réimse
beartais: Líonraí, inneachar agus teicneolaíocht chumarsáide Réimse
beartais: Fuinneamh 1.3. An cineál togra/tionscnaimh X Baineann an togra/tionscnamh le beart nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[9] ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana Baineann an togra/tionscnamh le beart a
atreoraíodh i dtreo beart nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Tacú le hinfheistíochtaí chun fás a spreagadh i
gcomhréir le tosaíochtaí buiséadacha an Aontais, go háirithe sna réimsí seo a
leanas: 1) Bonneagar straitéiseach (Infheistíochtaí
digiteacha agus fuinnimh i gcomhréir le beartais an Aontais Eorpaigh) 2) Bonneagar iompair in ionaid
thionsclaíocha, oideachais, taighde agus nuálaíochta 3) Infheistíochtaí a chuireann borradh faoin
bhfostaíocht, go háirithe le maoiniú do FBManna agus bearta fostaíochta don aos
óg 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Cuspóir sonrach Uimh. 1 Líon
oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta
(BEI) a mhéadú i réimsí tosaíochta Cuspóir sonrach Uimh. 2 Méid
an mhaoinithe ón gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI) a mhéadú d'fhiontair
bheaga agus mheánmhéide Cuspóir sonrach Uimh. 3 Mol
Comhairleach um Infheistíocht Eorpach a chruthú Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann: ECFIN:
Oibríochtaí agus ionstraimí airgeadais 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leo Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Ba
cheart go gcuirfeadh an tionscnamh ar chumas an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta
agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta oibríochtaí maoinithe agus
infheistíochta a dhéanamh sna réimsí atá luaite faoi 1.4.1 le luach maoinithe
níos mó agus, i gcás BEI, le tionscadail a bhfuil riosca níos mó ag baint leo
ach atá "inmharthana ar bhonn eacnamaíoch" fós. Ba
cheart éifeacht iolraitheora a chruthú trí ráthaíocht ó AE a sholáthar do BEI,
sa chaoi go bhféadfaí €15 d'infheistíochtaí sna tionscadail a chruthú as gach
€1 den ráthaíocht ó AE faoin tionscnamh seo. Ar
an gcaoi sin ba cheart don tionscnamh maoiniú €315bn ar a laghad a chur i
gcúrsaíocht go dtí 2020. Ba cheart go gcabhródh sé sin leis an méid foriomlán
infheistíochta san Aontas a mhéadú, agus fás agus fostaíocht, idir fhéideartha
agus iarbhír, a mhéadú dá réir. 1.4.4. Táscairí lena léireofar toradh
agus tionchar Sonraigh na táscairí
lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is
é an cuspóir atá ann infheistíochtaí a mhéadú sna réimsí straitéiseacha atá
luaite faoi 1.4.1. Sa
chomhthéacs sin, cuirfear na táscairí seo a leanas i bhfeidhm: -
Líon na dtionscadal/FBManna a fuair maoiniú ó BEI/CEI faoin tionscnamh. -
An meánéifeacht iolraitheora a baineadh amach. Táthar ag súil le héifeacht
iolraitheora thart ar 15 i dtéarmaí úsáid na ráthaíochta ó AE i gcomparáid leis
an infheistíocht iomlán a bailíodh do na tionscadail a dtacaítear leo faoin
tionscnamh agus i dtéarmaí na n‑idirbheart. -
An méid carnach maoinithe arna n‑ardú do na tionscadail a dtacaítear leo Déanfar
an mhonatóireacht ar na torthaí bunaithe ar an tuairisciú a dhéanfaidh BEI agus
ar thaighde margaidh. 1.5. Foras an togra/tionscnaimh 1.5.1. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Forálfaidh
an tionscnaimh do bharainneachtaí scála in úsáid na n‑ionstraimí
airgeadais nuálacha trí bheith ina chatalaíoch d'infheistíocht phríobháideach
san Aontas ar fad agus an úsáid is fearr a bhaint as na hInstitiúidí Eorpacha
agus a gcuid saineolais agus eolais chun na críche sin. Mar gheall nach bhfuil
teorainneacha geografacha laistigh den Aontas, beidh na tionscadail a thacófar
leo níos mealltaí agus beidh baol níos ísle i gceist leo ná mar a d'fhéadfaí a
bhaint amach sna Ballstáit aonair. 1.5.2. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart Tá
taithí luachmhar faighte ag an gCoimisiún ar ionstraimí nuálaíocha maoinithe,
go háirithe leis an gCéim Phíolótach den Tionscnamh Bannaí Tionscadal agus leis
an úsáid a baineadh as ionstraimí airgeadais AE-BEI atá ann cheana cosúil leo
siúd a forbraíodh faoi COSME, Fís 2020 nó an Tionscnamh Bannaí Tionscadal. 1.5.3. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Tá
an tionscamh iomlán comhoiriúnach leis na cláir atá ann cheana féin faoi
Cheannteideal 1a, go háirithe an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, Fís
2020 agus COSME. Bainfear
leas as sineirgí trí úsáid a bhaint as saineolas an Choimisiúin maidir le
hacmhainní airgeadais a bhainistiú agus as an taithí a fuarthas ó ionstraimí
maoinithe AE‑BEI atá ann cheana féin. 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse theoranta –
¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an
[LL/MM]BBBB –
¨ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh
tréimhse neamhtheoranta –
Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh
BBBB go BBBB, –
agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh
sin é. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[10] X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an
Coimisiún –
X ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den
fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais; –
¨ trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin; ¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh
dóibh seo a leanas: –
¨ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad; –
¨ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí); –
¨BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta; –
¨ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus
Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais; –
¨ comhlachtaí dlí poiblí; –
¨ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean
seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha
airgeadais ar fáil; –
¨ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de
chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus
a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais; –
¨ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme
in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh
ábhartha. – I gcás ina sonraítear níos mó ná modh
bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn 'Nótaí' le do thoil. Nótaí Beidh an Ciste
Ráthaíochta faoi bhainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún. 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh minicíocht na
mbeart agus na coinníollacha atá leo I
gcomhréir le hAirteagal 10 den togra, cuirfidh BEI, i gcomhar le CEI más
iomchuí, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoi dhó sa bhliain faoi
oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI. Chomh maith leis sin, cuirfidh
BEI, i gcomhar le CEI más iomchuí, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa
agus na Comhairle uair sa bhliain faoi oibríochtaí maoinithe agus
infheistíochta BEI. Faoin 30 Meitheamh gach bliain, ceanglaítear ar an
gCoimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le staid an Chiste Ráthaíochta agus
bhainistíocht an chiste sa bhliain roimhe sin a sheoladh chuig Parlaimint na
hEorpa, an Chomhairle agus an Chúirt Iniúchóirí. I
gcomhréir le hAirteagal 12 den togra, déanfaidh BEI meastóireacht ar
fheidhmiú an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS)
agus tabharfaidh sé a mheastóireacht do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle
agus don Choimisiún. Lena chois sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an
úsáid a bhaintear as ráthaíocht ó AE agus ar fheidhmiú an Chiste Ráthaíochta
agus tabharfaidh sé faisnéis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
Tá tuarascáil chuimsitheach maidir le feidhmiú CEIS de dhíth faoin 30 Meitheamh 2018
agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, chomh maith le tuarascáil chuimsitheach
ar an úsáid a bhaintear as ráthaíocht ó AE agus ar fheidhmiú an Chiste
Ráthaíochta. 2.1.1. Córas bainistíochta agus
rialaithe Faoi
Airteagal 14 den togra, bunaítear go ndéanfaidh an Chúirt Iniúchóirí
iniúchadh ar ráthaíocht ó AE agus ar na híocaíochtaí agus aisghabhálacha faoin
ráthaíocht a chuirtear chuig buiséad ginearálta an Aontais. Déanfaidh
BEI bainistiú ar oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI i gcomhréir lena
rialacha agus nósanna imeachta féin, lena n‑áirítear bearta
leordhóthanacha iniúchta, rialaithe agus faireacháin. Mar a fhoráiltear sa
Reacht BEI, tá sé mar chúram ag Coiste Iniúchta BEI, agus tacaíocht aige ó
iniúchóirí seachtracha, a fhíorú go bhfuil oibríochtaí agus cuntais BEI i
gceart. Déanann Bord Gobharnóirí BEI a chuid cuntais a fhormheas gach bliain. Lena
chois sin, déanann Bord Stiúrthóirí BEI, ar a bhfuil Stiúrthóir agus Stiúrthóir
malartach a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin, déanann sé gach
oibríocht maoinithe agus infheistíochta BEI a fhormheas agus déanann sé
faireachán air go bhfuil BEI á bhainistiú i gcomhréir lena Reacht agus leis na
treoracha ginearálta atá leagtha síos ag an mBord Gobharnóirí. Tá
cur síos sa chomhaontú tríthaobhach atá ann faoi láthair idir an Coimisiún, an
Chúirt Iniúchóirí agus BEI ó Dheireadh Fómhair 2003 ar na rialacha faoina
ndéanfaidh an Chúirt Iniúchóirí a cuid iniúchtaí ar Oibríochtaí Maoinithe BEI
faoin ráthaíocht ó AE. 2.1.2. Na rioscaí a aithníodh. An
riosca airgeadais a bhaineann le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI
atá cumhdaithe ag an ráthaíocht ó AE, riosca airgeadais nach beag atá ann. Tá
seans dáiríre ann go ndéanfar gairmeacha ar an ráthaíocht. Meastar, áfach, go
soláthraíonn an Ciste Ráthaíochta an cosaint a theastaíonn ó bhuiséad an
Aontais. D'fhéadfadh sé go mbeidh moilleanna leis na tionscadail féin a chur i
bhfeidhm nó go mbeidh róchaiteachas orthu. Fiú
má dhéantar é a bhunú ar thoimhdí coimeádacha, d'fhéadfadh costéifeachtúlacht
an tionscnaimh a bheith thíos leis dá mbeadh glacadh na n‑ionstraimí sa
mhargadh neamhleor nó ó dhálaí margaidh a bheith ag athrú le himeacht ama agus
laghdú ar an éifeacht iolraitheora a toimhdíodh dá réir. I
gcomhréir le hAirteagal 8(4) den togra, déanfar acmhainní an Chiste
Ráthaíochta a infheistiú. Beidh riosca infheistíochta (m.sh. riosca margaidh
agus creidmheasa) agus riosca áirithe oibríochtúil i gceist leis na
hinfheistíochtaí sin. 2.1.3. Faisnéis maidir leis an gcóras
rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm. Beidh
CEIS á rialú ag Bord Stiúrtha, bord a chinnfidh an treoshuíomh straitéiseach,
an leithdháileadh straitéiseach sócmhainní agus na beartais agus na nósanna
imeachta oibríochta, lena n‑áirítear beartas infheistíochta na
dtionscadal ar féidir le CEIS tacú leo agus próifíl riosca CEIS. Déanfaidh
Coiste Infheistíochta cinntí maidir le húsáid thacaíocht CEIS do bhonneagar
agus do thionscadail lárchaipitlithe móra. Ba cheart go mbeadh saineolaithe
neamhspleácha ar an gCoiste Infheistíochta a bhfuil eolas agus taithí acu i
réimsí na dtionscadal infheistíochta agus beidh siad freagrach don Bhord
Stiúrtha, bord a dhéanann maoirseacht ar chomhlíonadh chuspóirí CEIS. Beidh
Stiúrthóir Bainistíochta ann freisin a mbeidh de chúram air bainistíocht a
dhéanamh ar CEIS ó lá go lá agus cruinnithe an Choiste Infheistíochta a ullmhú.
Beidh an Stiúrthóir Bainistíochta freagrach go díreach don Choiste Stiúrtha
agus tuairisceoidh sé gach ráithe ar ghníomhaíochtaí CEIS chuig an mBord Maoirseachta.
Ceapfaidh an Bord Stiúrtha an Stiúrthóir Bainistíochta ar thogra ó BEI ar feadh
tréimhse socruithe in‑athnuaite trí bliana. Déanfaidh
an Coimisiún bainistíocht ar shócmhainní an Chiste Ráthaíochta i gcomhréir leis
an Rialachán agus faoina rialacha inmheánacha agus na nósanna imeachta atá i
bhfeidhm. 2.2. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. In
Airteagal 15 den togra, tá soiléiriú ar inniúlacht na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise
(OLAF) imscrúduithe a dhéanamh ar oibríochtaí a dtacaítear leo faoin tionscnamh
seo. I gcomhréir leis an gCinneadh ó Bhord Gobharnóirí BEI an 27 Iúil 2004
a bhaineann le comhar BEI le hOLAF, tá rialacha sonracha bunaithe ag an mBanc maidir
le comhar le hOLAF i ndáil le cásanna féideartha calaoise, éillithe nó aon
ghníomhaíocht mhídhleathach eile a rachfadh chun dochair leasanna airgeadais na
gComhphobal. Thairis
sin, tá feidhm le rialacha agus nósanna imeachta BEI. Orthu sin, go háirithe,
tá Nósanna Imeachta Imscrúdúcháin inmheánacha BEI arna bhformheas ag Coiste
Bainistíochta BEI i mí an Mhárta 2013. Lena chois sin, i Meán Fómhair 2013,
ghlac BEI beartas maidir le hIompar Toirmiscthe a chosc agus a dhíspreagadh i
ndáil le gníomhaíochtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (Beartas
Frithchalaoise BEI). 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A
MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar · I gcás na línte buiséid atá ann cheana, féach Mír 3.2 · Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceann‑teideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht || LD/LN[11] || ó thíortha de chuid CSTE[12] || ó thíortha is iarrthóirí[13] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais 1a || 01.0404 – Ráthaíocht do CEIS || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL 1a || 01.0405 – Soláthar do Chiste Ráthaíochta CEIS || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL 1a || 01.0406 – An Mol Comhairleach um Infheistíocht Eorpach || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) Foinsí maoinithe don Chiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Iomlán AN tSAORÁID UM CHÓNASCADH NA hEORPA, a chuimsíonn || 790 || 770 || 770 || 970 || || || 3300 06.020101 – Deireadh a chur le scrogaill, idir-inoibritheacht an iarnróid a fheabhsú, bearnaí a líonadh sna naisc agus codanna trasteorann a fheabhsú 06.020102 – Córais iompair inbhuanaithe agus éifeachtúla a áirithiú 06.020103 – Comhtháthú agus idirnascadh na modhanna iompair a bharrfheabhsú agus idir-inoibritheacht a fheabhsú || 560.3 34.9 104.8 || 520.3 32.4 97.3 || 480.3 29.9 89.8 || 600.3 37.4 112.3 || || || 2161.2 134.6 404.2 09.0303 – Idir-inoibritheacht, úsáid inbhuanaithe, oibriú agus uasghrádú bhonneagair thras‑Eorpacha na seirbhísí digiteacha a chur chun cinn, chomh maith le comhordú ar an leibhéal Eorpach || || || 50 || 50 || || || 100 32.020101 – Comhtháthú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus idir-inoibritheacht gréasán leictreachais agus gáis thar theorainneacha 32.020102 – Cinnteacht soláthair fuinnimh an Aontais a fheabhsú 32.020103 – Rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe agus le cosaint an chomhshaoil || 30 30 30 || 40 40 40 || 40 40 40 || 56.7 56.6 56.7 || || || 166.7 166.6 166.7 FÍS 2020, a chuimsíonn || 70 || 860 || 871 || 479 || 150 || 270 || 2700 02.040201 – Ceannaireacht sa spás 02.040203 – Nuálaíocht a mhéadú i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) 02.040301 – Geilleagar a bhfuil éifeachtúlacht acmhainní ann agus atá díonach ar athrú aeráide agus soláthar inbhuanaithe amhábhar a bhaint amach 02.040302 – Sochaithe Eorpacha slána a chothú || 11 1.8 3.7 7.5 || 29.9 2.1 7.0 25 || 27.9 6.1 7 25 || 11.6 6.5 17.5 10.4 || || || 80.4 16.5 35.2 67.9 05.090301 – Soláthairtí leordhóthanacha bia agus táirgí eile bithbhunaithe sábháilte d'ardchaighdeán a dhaingniú || || 30 || 37 || 33 || || || 100 06.030301 – Córas iompair Eorpach sábháilte gan uaim atá tíosach ar acmhainní agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a bhaint amach || || 37 || 37 || 26 || || || 100 08.020101 – Taighde beag beann ar theorainneacha a neartú sa Chomhairle Eorpach um Thaighde 08.020103 – Bonneagair taighde Eorpacha, ríomh‑bhonneagair san áireamh, a neartú 08.020201 - Ceannaireacht sna nanaitheicneolaíochtaí, ardábhair, an teicneolaíocht léasair, an bhiteicneolaíocht agus an ardmhonaraíocht agus ardphróiseáil 08.020203 – Nuálaíocht a mhéadú i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) 08.020301 – Sláinte agus folláine a fheabhsú ar feadh an tsaoil 08.020302 – Soláthairtí leordhóthanacha bia agus táirgí eile bithbhunaithe sábháilte sláintiúil d'ardchaighdeán a dhaingniú 08.020303 – Aistriú go dtí córas fuinnimh atá iontaofa, inbhuanaithe agus iomaíoch 08.020304 – Córas iompair Eorpach sábháilte gan uaim atá tíosach ar acmhainní agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a bhaint amach 08.020305 – Geilleagar a bhfuil éifeachtúlacht acmhainní ann agus atá díonach ar athrú aeráide agus soláthar inbhuanaithe amhábhar a bhaint amach 08.020306 – Sochaithe Eorpacha cuimsitheacha, nuálaíocha agus machnamhacha a chothú 08.0204 – Barr feabhais a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú 08.0206 – Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí || || 91.3 17.7 38.3 3.4 51.3 8.5 30.9 12.5 28.1 10.7 9.3 5.1 || 91.0 17.6 38.5 3.4 43.3 10.7 31.2 17.6 27.9 10.6 10.1 5.1 || 14.2 3.9 10.0 0.8 11.9 3.3 6.5 4.2 5.8 2.3 2.0 1.1 || 0.5 8.8 32.6 1.7 26.8 12.6 14.7 26.9 13.0 5.3 4.6 2.6 || 24.2 15.4 49.6 3.0 47.6 18.2 25.9 41.4 22.8 9.3 8.1 4.5 || 221.2 63.3 169.1 12.3 180.9 53.2 109.1 102.4 97.7 38.3 34.2 18.4 09.040101 – Teicneolaíochtaí sa todhchaí agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a neartú 09.040102 – An bonneagar taighde Eorpach, an ríomh‑bhonneagar san áireamh, a neartú 09.040201 – Ceannaireacht sa teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide 09.040301 – Sláinte agus folláine a fheabhsú ar feadh an tsaoil 09.040302 – Sochaithe Eorpacha cuimsitheacha, nuálaíocha agus machnamhacha a chothú 09.040303 – Sochaithe Eorpacha slána a chothú || || 35 15.9 120.3 19.2 6.1 7.4 || 45.4 15.3 114.8 15.5 5.8 7.1 || 37.4 10.4 71.7 13.6 3.9 4.9 || || || 117.9 41.6 306.8 48.3 15.9 19.5 10.0201 – Fís 2020 — Tacaíocht eolaíochta agus teicneolaíochta atá dírithe ar chustaiméirí a thabhairt do bheartais an Aontais || 11 || 12 || 13 || 14 || || || 50 15.030101 - Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie — scileanna nua, eolas agus an nuálaíocht a chruthú, a fhorbairt agus a aistriú 15.0305 - An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht – triantán an ardoideachais, an taighde, agus na nuálaíochta a chomhtháthú || 25 || 30 136 || 60 107 || 70 22 || -30 30 || -30 30 || 100 350 32.040301 – Aistriú go dtí córas fuinnimh atá iontaofa, inbhuanaithe agus iomaíoch || 10 || 40 || 40 || 60 || || || 150 ÁTHCHLÁRÚ AR ITER Ó 2015 – 2020 08.040102 – Na háiseanna ITER a thógáil, a oibriú agus a shaothrú – An Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá (F4E) a Fhorbairt || 490 || || || -70 || -150 || -270 || - An Corrlach gan Leithdháileadh (an Corrlach Domhanda faoi chomhair Gealltanas san áireamh) || || 400 || 1000 || 600 || || || 2000 Iomlán na bhfoinsí maoinithe maidir le soláthar a dhéanamh do Chiste Ráthaíochta CEIS || 1350 || 2030 || 2641 || 1979 || || || 8000 An Mol Comhairleach um Infheistíocht Eorpach a mhaoiniú – 08.040102 – Na háiseanna ITER a thógáil, a oibriú agus a shaothrú – An Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá (F4E) a Fhorbairt || 10 || || || -10 || || || - An Mol Comhairleach um Infheistíocht Eorpach a mhaoiniú – Corrlach gan leithdháileadh || || 20 || 20 || 30 || 20 || 20 || 110 AN RANNÍOCAÍOCHT IOMLÁN DO CEIS || 1360 || 2050 || 2661 || 1 999 || 20 || 20 || 8110 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil: || 1A || Iomaíochas le haghaidh Fáis agus Post Ard‑Stiúrthóireacht: ECFIN || || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || 01.0405 || Gealltanais || (1) || 1350 || 2030 || 2641 || 1979 || 0 || 0 || 8000 Íocaíochtaí || (2) || 0 || 500 || 1000 || 2000 || 2250 || 2250 || 8000 01.0406 || Gealltanais || (1a) || 10 || 20 || 20 || 20 || 20 || 20 || 110 Íocaíochtaí || (2 a) || 10 || 20 || 20 || 20 || 20 || 20 || 110 Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach[14] || || || || || || || Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe i gcomhair Ard‑Stiúrthóireacht ECFIN || Gealltanais || =1+1a +3 || 1360 || 2050 || 2661 || 1999 || 20 || 20 || 8110 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 10 || 520 || 1020 || 2020 || 2270 || 2270 || 8110 IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || 1360 || 2050 || 2661 || 1999 || 20 || 20 || 8110 Íocaíochtaí || (5) || 10 || 520 || 1020 || 2020 || 2270 || 2270 || 8110 IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach || (6) || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 1A den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || 1360 || 2050 || 2661 || 1999 || 20 || 20 || 8110* Íocaíochtaí || =5+ 6 || 10 || 520 || 1020 || 2020 || 2270 || 2270 || 8110* *NB: Féadfaidh leithreasuithe breise a
bheith de dhíth mar atá sonraithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas
Airgeadais seo. Má tá
tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin: IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach || (6) || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithefaoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Gealltanais || =4+ 6 || || || || || || || Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin" EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) || || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN Ard‑Stiúrthóireacht: ECFIN || Acmhainní daonna || 0.264 || 0.528 || 0.792 || 0.924 || 0.924 || 1.056 || 4.488 Caiteachas riaracháin eile || 0.36 || 0.725 || 0.495 || 0.615 || 0.4 || 0.42 || 3.015 IOMLÁN Ard‑Stiúrthóireacht ECFIN || || 0.624 || 1.253 || 1.287 || 1.539 || 1.324 || 1.476 || 7.503 IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0.624 || 1.253 || 1.287 || 1.539 || 1.324 || 1.476 || 7.503 EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) || || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 1360.624 || 2051.253 || 2662.287 || 2000.539 || 21.324 || 21.476 || 8117.503 Íocaíochtaí || 10.624 || 521.253 || 1021.287 || 2021.539 || 2271.324 || 2271.476 || 8117.503 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe
faoi chomhair oibríochtaí –
X Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin
(go dtí an tríú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN || || Saghas[15] || Meánchostas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon iomlán || Costas iomlán || Cuspóirí Sonracha Uimh. 1: Líon agus luach oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a mhéadú i réimsí tosaíochta agus Uimh. 2: Méid an mhaoinithe ó CEI a mhéadú d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide || || || || || 1350 || || 2030 || || 2641 || || 1979 || || || || || || 8000 || Uimh. 3: mol comhairleach um infheistíocht eorpach a chruthú || || || || || 10 || || 20 || || 20 || || 20 || || 20 || || 20 || || 110 || COSTAS IOMLÁN || || 1360 || || 2050 || || 2661 || || 1999 || || 20 || || 20 || || 8110 || 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de
chineál riaracháin –
X Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos: EUR milliúin (go
dtí an tríú deachúil) || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || Acmhainní daonna || 0.264 || 0.528 || 0.792 || 0.924 || 0.924 || 1.056 || 4.488 Caiteachas riaracháin eile || 0.36 || 0.725 || 0.495 || 0.615 || 0.4 || 0.42 || 3.015 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0.624 || 1.253 || 1.287 || 1.539 || 1.324 || 1.476 || 7.503 Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[16]den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || || Fo-iomlánlasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || IOMLÁN || 0.624 || 1.253 || 1.287 || 1.539 || 1.324 || 1.476 || 7.503 Cumhdófar na hacmhainní
daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard‑Stiúrthóireacht
a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe
laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a
d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta
faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise
na srianta buiséadacha. 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar
a bheidh riachtanach –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
–
X Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
acmhainní daonna mar a mhínítear thíos: Sloinnfear an meastachán in aonaid de
choibhéis lánaimseartha || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) || || || || XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 2 || 4 || 6 || 7 || 7 || 8 || XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[17] || || XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch) || || || || || || || XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí) || || || || || || || XX 01 04 yy [18] || - sa cheanncheathrú || || || || || || || - toscaireachtaí || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach) || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || IOMLÁN || 2 || 4 || 6 || 7 || 7 || 8 Is é XX an réimse beartais nó an
teideal buiséid lena mbaineann. Soláthrófar na hacmhainní
daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht
an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath‑imlonnófar laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht,
mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht
atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh
bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus pearsanra sealadach || · Bainistiú sócmhainní: bainistiú punainne, anailís chainníochtúil, tacaíocht a thabhairt d'obair anailíse maidir le riosca freisin; · Feidhm thacaíochta a bhaineann le bainistíocht dhíreach, go háirithe bainistiú rioscaí agus feidhmeanna íocaíochta lároifige; · Bainistiú, tuairisciú agus obair leantach ar na ráthaíochtaí (píblíne na dtionscadal); · Gníomhaíochtaí tuairiscithe airgeadais/cuntasaíochta agus tuairiscithe; Pearsanra seachtrach || 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
X Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. […] –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i
bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil. Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na
ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. […] 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
X Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú le tríú páirtithe. –
¨ Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta
thíos: Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú
deachúil) || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || || 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
X Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an
togra ar ioncam. –
¨ Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliúin
(go dtí an tríú deachúil) Líne buiséid ioncaim: || Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha || Tionchar an togra/tionscnaimh[19] Bliain N || BliainN+1 || BliainN+2 || BliainN+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) Airteagal …………. || || || || || || || || I gcás ioncam
ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear
tionchar orthu. […] Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. […] Iarscríbhinn
a ghabhann leis an Ráiteas
airgeadais reachtach a ghabhann
leis an Togra
le haghaidh RIALACHÁN
Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir
leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha I gcomhréir le hAirteagal 8(2) den togra,
leithdháilfear ioncam ó na hacmhainní sa Chiste Ráthaíochta agus sa Chiste
Eorpach um Infheistíochtaí Straitéiseacha don Chiste Ráthaíochta. Féadfar na hoibleagáidí íocaíochta seo a
leanas a chomhlíonadh tríd an ioncam sin a úsáid. Sa chás nach leor na
hacmhainní sin chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, áfach, comhlíonfar iad
ó bhuiséad an Aontais. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh sé go cuirfidh siad leis na
leithreasuithe íocaíochta agus gealltanais de réir mar a thugtar le fios sa
Ráiteas Airgeadais seo. EUR milliúin || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Iomlán Méadú ar an gCúnamh ón gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI) || 11.5 || 3.6 || 5.7 || 6.8 || 9.0 || 11.7 || 48.3* *NB: Táillí
riaracháin atá le n‑íoc ag BEI, ag gníomhú dó faoin ráthaíocht ón Aontas
Eorpach, le CEI. Tar éis 2020, táthar ag súil leis go mbeidh costais bhreise
thart ar €57m ann. Tá na figiúirí bunaithe ar thoimhdí maidir le meascán táirgí
agus toimhdí CEI tráth na scríofa ach d'fhéadfadh sé go ndéanfar athruithe
suntasacha orthu céim níos faide anonn. [1] Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, an
Chomhairle, an Banc Ceannais Eorpach, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na
hEorpa, Coiste na Réigiún agus Banc Eorpach Infheistíochta dar teideal
"Plean Infheistíochta don Eoraip". COM(2014) 903 final [2] Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020
- an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena
n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013,
lch. 104). [3] Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an
tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE)
Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007
agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129). [4] Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012
maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta
an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002
ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1). [5] Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Méan Fómhair 2013
maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise
(OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom)
Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1). [6] Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle
an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an
láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal
Eorpach a chosaint ar chalaois agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292,
15.11.1996, lch. 2). [7] Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle
an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal
Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1). [8] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: Buiséadú de
réir gníomhaíochtaí. [9] Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b)
den Rialachán Airgeadais. [10] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus
tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin
Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [11] LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe
neamhdhifreáilte [12] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [13] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na
Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina n‑iarrthóirí. [14] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur
chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach. [15] Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí a bheidh le
soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km
de bhóithre a rinneadh, etc.). [16] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur
chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach. [17] CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE=
Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED =
Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht. [18] Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA"). [19] A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta
(dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a
bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25% de na costais
bhailiúcháin a bheith bainte astu. Iarscríbhinn I Iarscríbhinn II Miondealú ar an
mbuiséad Is é seo a
leanas an miondealú táscach don chlár Fís 2020: || EUR milliúin i bpraghsanna reatha I Eolaíocht den scoth, arna miondealú mar seo: || 23 897,0 1. An Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC) || 12 873,6 2. Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn (FET) || 2 578,1 3. Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska‑Curie || 6 062,3 4. Bonneagair taighde || 2 383,1 II Ceannaireacht thionsclaíoch, arna miondealú mar seo: || 16 430,5 1. Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha (*), (****) || 13 000,7 2. Rochtain ar mhaoiniú riosca || 2 842,3 3. Nuálaíocht in FBManna (***) || 587,4 III Dúshláin shochaíocha, arna miondealú mar seo (****): || 28 560,7 1. An tsláinte, an t-athrú déimeagrafach agus an fholláine || 7 242,6 2. Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí mara, ar chúrsaí muirí agus ar uisce intíre, agus an bithgheilleagar; || 3 698,2 3. Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil || 5 672,1 4. Iompar atá cliste, glas agus comhtháite || 6 137,0 5. Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, an comhshaol, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair || 2 948,3 6. An Eoraip i ndomhan atá ag athrú - sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus machnamhacha || 1 255,2 7. Sochaithe slána – Saoirse agus slándáil na hEorpa agus a cuid saoránach a chosaint || 1 607,3