AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,31.3.2015
COM(2015) 145 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,31.3.2015
COM(2015) 145 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh
1.Réamhrá
Tá an Tionscnamh ó na Saoránaigh ar cheann de na mórthionscadail nuálaíocha a tugadh isteach le Conradh Liospóin 1 , agus tá sé ceaptha ról gníomhach a thabhairt do shaoránaigh i socrú chlár oibre an Aontais Eorpaigh. Ar cheann de phríomhbhuntáistí na huirlise seo tá na naisc atá á gcothú le daoine a bhfuil an dearcadh céanna acu ar fud na coigríche, rud a chabhróidh chun díospóireachtaí uile-Eorpacha a spreagadh ar shaincheisteanna atá ag déanamh imní do na saoránaigh. Go dtí seo, tá 6 mhilliún ráiteas tacaíochta bailithe ag eagraithe tionscnamh ó na saoránaigh dá bhfeachtais éagsúla, agus i gcás 10% de na tionscnaimh chláraithe, sroicheadh an tairseach 1 mhilliún a bhí de dhíth.
A bhuí le scéim na dtionscnamh ó na saoránaigh, tá na saoránaigh in ann dul i dteagmháil go díreach le hinstitiúidí AE chun saincheisteanna tábhachtacha a phlé ar an leibhéal Eorpach. Tá sé mar aidhm aige sin tuilleadh nirt a chur i ndlisteanacht dhaonlathach an Aontais. Creideann an Coimisiún go láidir i dtábhacht an Tionscnaimh ó na Saoránaigh agus tá sé meáite ar a chinntiú go néireoidh leis an ionstraim seo agus go mbainfear an leas is fearr is féidir aisti.
Tá na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh leagtha amach i Rialachán 2 a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i bhFeabhra 2011 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Aibreán 2012. Tá an Rialachán curtha chun feidhme ag na Ballstáit uile 3 . Foráiltear in Airteagal 22 den Rialachán go gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 1 Aibreán 2015, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin.
Tacaíonn an méid seo a leanas le hanailís an Choimisiúin, mar a leagtar amach sa tuarascáil seo í: an taiseolas leanúnach a fhaightear ó na geallsealbhóirí, mar shampla ó eagraithe tionscnamh ó na saoránaigh 4 , cibé acu go díreach ó na geallsealbhóirí féin nó trí fhiosrúchán féintionscnaimh an Ombudsman a fhaightear an taiseolas sin, staidéar Pharlaimint na Eorpa, foilseacháin éagsúla, comhdhálacha, etc. Cuirtear san áireamh chomh maith faisnéis agus tuairimí a thug na Ballstáit 5 do ghrúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh 6 .
2.An Dul Chun Cinn atá Déanta
Tá cúpla céim i gceist i bpróiséas na dtionscnamh ó na saoránaigh. Chun tionscnamh ó na saoránaigh a sheoladh, ní foláir d'eagraithe 'coiste saoránach' a bhunú. Ní foláir don Choimisiún an tionscadal beartaithe a chlárú sular féidir leis na heagraithe ráitis tacaíochta a bhailiú ó na sínitheoirí. A luaithe agus a bhíonn an clárú daingnithe, tá bliain amháin ag na heagraithe an tacaíocht is gá a fháil chun na tairseacha atá leagtha síos a shroicheadh.
Ó Aibreán 2012 i leith, tá 51 iarratas ar chlárú tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh faighte ag an gCoimisiún. Cláraíodh 31 cheann acu (16 cinn in 2012, naoi gcinn in 2013, cúig cinn in 2014 agus ceann amháin in 2015). Tá trí thionscnamh ann atá i mbun ráitis tacaíochta a bhailiú faoi láthair 7 .
Tá 18 dtionscnamh ann a bhfuil deireadh a dtréimhsí bailiúcháin bainte amach acu (tarraingíodh 10 gcinn eile siar roimh dheireadh a dtréimhse bailiúcháin 8 ). As measc na 18 dtionscnamh sin, tá an líon ráiteas tacaíochta is gá faighte ag trí thionscnamh acu, agus tá siad curtha faoi bhráid an Choimisiúin. Tá freagra foirmiúil tugtha ag an gCoimisiún do dhá cheann acu: 'Tá an ceart ag cách ar uisce agus ar shláintíocht! Tá uisce ann ar mhaithe leis an phobal, ní haon tráchtearra é!' ('Right2Water') agus 'Uno di noi' (Duine dínne). Tá an tríú ceann ('Stop vivisection') faoi scrúdú ag an gCoimisiún agus tabharfaidh sé freagra air faoin 3 Meitheamh 2015 (féach freisin pointe 3.e).
I gcás 20 tionscnamh beartaithe, níor comhlíonadh na critéir chlárúcháin agus ní fhéadfadh an Coimisiún iad a chlárú dá bhrí sin.
|
Cláraithe |
Gan a bheith cláraithe |
|||||
|
Bailiú ar siúl |
Tarraingthe siar ag na heagraithe |
Bailiú dúnta 9 |
Tionscnaimh dhúntá nach bhfuair an tacaíocht ba ghá 10 |
Curtha faoi bhráid an Choimisiúin - ag fanacht le freagra uaidh |
Freagra tugtha ag an gCoimisiún |
Clárú diúltaithe |
|
3 |
10 |
3 |
12 |
1 |
2 |
20 |
|
31 |
||||||
Chinn sé choiste saoránach imeachtaí a thionscnamh os comhair na Cúirte Ginearálta i gcoinne chinntí an Choimisiúin clárú a dtionscnamh bearthaithe a dhiúltú 11 . Chuir coiste eagrúcháin 'Uno di noi' in aghaidh na Teachtaireachta ón gCoimisiún 12 . Tá na cásanna seo ar fad ar feitheamh.
Fuair an tOmbudsman Eorpach dhá ghearán ó eagraithe tionscnamh. Tá ceann díobh dúnta ag an Ombudsman cheana féin 13 ; dar leis ní raibh aon drochriarachán i gceist ó thaobh an Choimisiúin de. Tá anailís á déanamh ar an dara cás ag an Ombudsman go fóill 14 .
3.Cur chun feidhme nós imeachta an Tionscnaimh ó na Saoránaigh
Anseo thíos tá faisnéis faoi chur chun feidhme nós imeachta an Tionscnaimh ó na Saoránaigh ag céimeanna éagsúla de phróiseas tionscnaimh.
a.Coiste saoránach
Is é coiste saoránach a chaithfidh tionscnamh ó na saoránaigh a eagrú agus ar an gcoiste sin beidh seachtar saoránach AE ar a laghad atá ina gcónaí i seacht mBallstát éagsula agus atá sean go leor le vóta a chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Ní chláraítear leis an gCoimisiún ach an seachtar ball is gá chun an choinníoll sin a chomhlíonadh.
Staitisticí maidir leis na coistí saoránach
— Áit chónaithe agus náisiúntacht bhaill coiste na dtionscnamh cláraithe:
Áit chónaithe
Náisiúntacht
— Aois bhaill coiste na dtionscnamh cláraithe:
b.Céim an chláraithe
Chun gur féidir tionscnamh beartaithe a chlárú, ní mór dó na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 4(2) den Rialachán a chomhlíonadh, i.e. go ndearnadh an coiste saoránach a fhoirmiú agus na daoine teagmhála a ainmniú; nach bhfuil an tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh, go follasach, lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin chun togra le haghaidh gníomh reachtach de chuid an Aontais a thíolacadh chun na Conarthaí a chur chun feidhme; nach bhfuil an tionscnamh, go follasach, míchuí, suaibhreosach ná cráiteach; agus nach bhfuil sé, go follasach, contrártha do luachanna an Aontais mar atá leagtha amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Cláraíodh 31 thionscnamh beartaithe a chumhdaíonn réimse mhór ábhar idir an comhshaol, shoghluaisteacht, oideachas, chomhar um fhorbairt agus saincheisteanna sóisialta 15 .
Ní fhéadfaí 20 tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh a chlárú 16 óir bhí siad, go follasach, lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin chun togra le haghaidh gníomh reachtach de chuid an Aontais a thíolacadh chun na Conarthaí a chur chun feidhme. Foilsíodh na cinntí ar fad lenar diúltaíodh clárú ar láithreán gréasáin an Tionscnaimh ó na Saoránaigh.
c.Céim an bhailithe
Tá 12 mhí ón dáta ar a gcláraíonn an Coimisiún na tionscnaimh bheartaithe ag na heagraithe le ráitis tacaíochta a bhailiú do na tionscnaimh sin.
Saoránach ar bith den Aontas Eorpach atá sean go leor le vóta a chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa, tá sé i dteideal tacú le tionscnamh. De réir an Rialacháin, chun na críche sin, ní foláir do shínitheoirí náisiúntacht Ballstáit ar leith a bheith acu nó a bheith ina gcónaí sa Bhallstát sin agus ní foláir dóibh sonraí pearsanta a chur ar fáil, le go bhféadfaidh an Ballstát sin a ráitis tacaíochta a fhíorú. Ní hionann na ceanglais sin ó Bhallstát go chéile 17 . I ngeall ar na héagsúlachtaí sin, tá roinnt saoránach AE ann nach féidir leo tacú le tionscnamh ó na saoránaigh 18 . Cuireann an méid sin isteach ar eagraithe agus sínitheoirí agus bíonn siad ag cáineadh an chórais dá bharr. Measann neart acu go gcuirfear go leor saoránach ó thacú le tionscnaimh i ngeall ar na difríochtaí idir an chaoi a ndéileáiltear leo i mBallstáit éagsúla agus ar an líon ard sonraí pearsanta a éilíonn roinnt Ballstát (iarrann roinnt Ballstát uimhir aitheantais phearsanta mar shampla).
Leagtar amach na ceanglais in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán, agus is féidir an Iarscríbhinn sin a mhodhnú le gníomh tarmligthe ón gCoimisiún arna iarraidh sin ag na Ballstáit lena mbaineann. Tá an Coimisiún ag iarraidh Ballstáit a spreagadh i gcónaí lena gceanglais a shimpliú.
Cheana féin tá roinnt Ballstát tar éis a gceanglais a shimpliú i ngeall ar éilimh an Choimisiúin. I modhnú a rinneadh ar Iarscríbhinn III, a tháinig i bhfeidhm an 8 Deireadh Fómhair 2013, bhí athruithe a mhol an Spáinn, Éire, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ísiltír agus an tSlóivéin. Go háirithe, tá cinneadh déanta anois ag an Ísiltír ligean do náisiúnaigh na hÍsiltíre atá ina gcónaí lasmuigh den Ísiltír a dtacaíocht a cur in iúl ar fhoirm na hÍsiltíre, agus sa Spáinn is féidir le saoránaigh AE nach Spáinnigh iad a dtacaíocht a chur in iúl ar fhoirm na Spáinne. I ngeall air sin, is lú an líon saoránach nach féidir anois tacú le tionscnamh. A bhuí le dara modhnú, a ghlac an Coimisiún i Márta 2015 agus atá faoi ghrinnscrúdú Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi láthair 19 , is simplí fós na ceanglais i gcás na Laitvia, Mhálta agus na Sualainne.
Is féidir le sínitheoirí a dtacaíocht a chur in iúl i bhfoirm páipéir nó ar líne, ar fhoirmeacha atá i gcomhréir leis an tsamhail atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán. Is féidir freisin tacú le tionscnamh trí úsáid a bhaint as 'síniú leictreonach ardleibhéil' 20 . Níor tuairiscíodh gur úsáideadh an síniú sin fós.
Bailíodh thart ar 55% de na ráitis tacaíochta a bhain leis na trí thionscnamh, 'Right2Water', 'Uno di noi' agus 'Stop vivisection', ar líne.
|
Tionscnamh |
Ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir |
Ráitis tacaíochta a bailíodh ar líne |
|
Right2Water |
Thart ar 20 % |
Thart ar 80 % |
|
Uno di noi |
Thart ar 70 % |
Thart ar 30 % |
|
Stop vivisection |
Thart ar 40 % |
Thart ar 60 % |
A luaithe agus a chláraítear a dtionscnamh beartaithe, is féidir leis na heagraithe aistriúcháin ar a dtionscnamh beartaithe a chur ar fáil don Choimisiún freisin in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Sula bhfoilsítear an tionscnamh, deimhníonn an Coimisiún nach bhfuil aon mhíréireacht shoiléir ná shuntasach idir an téacs aistrithe agus bunleagan an teidil, an ábhair agus chuspóirí an tionscnaimh bheartaithe. Nuair a fhoilsítear aistriúchán bíonn na heagraithe in ann an leagan teanga sin a úsáid sa chur síos ar a dtionscnamh beartaithe atá sna foirmeacha oifigiúla ráitis tacaíochta.
Ar an iomlán, foilsíodh níos mó ná 300 aistriúchán i gclár na dtionscnamh ó na saoránaigh. Ar an meán, aistríodh gach tionscnamh beartaithe go 11 theanga. Tá ceithre thionscnamh ann atá ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh. B'éigean do na heagraithe aon trian de na haistriúcháin a athbhreithniú (uair amháin nó roinnt uaireanta) sular foilsíodh iad.
Bailiú ar líne
De réir Airteagal 6 den Rialachán, ní foláir d'eagraithe córas bailithe ar líne a chur ar bun agus deimhniú a fháil ó údarás inniúil sa Bhallstát 21 ina stórálfar na sonraí a bhaileofar sular féidir leo ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne tríd an gcóras sin.
Chun deimhniú a fháil, ní foláir a chinntiú, i measc rudaí eile, go mbailítear agus go stóráiltear sonraí na sínitheoirí ar bhealach slán sna córais tríd na sonraíochtaí teicniúla atá leagtha amach i Rialachán Cur Chun Feidhme an Choimisiúin (AE) Uimh. 1179/2011 a chomhlíonadh.
Is féidir leis na heagraithe deimhniú a lorg sula gcláraíonn siad a dtionscnamh beartaithe leis an gCoimisiún nó ina dhiaidh sin. Mar sin féin, is é dáta clárúcháin an tionscnaimh bheartaithe leis an gCoimisiún dáta tosaigh na tréimhse bailiúcháin i gcónaí, cibé acu ar deimhníodh córas na neagraithe cheana féin nó nár deimhníodh. I bhformhór na gcásanna, ní raibh deimhniú faighte ag na heagraithe sular cláraíodh a dtionscnamh leis an gCoimisiún. Dá bhrí sin, cé go raibh siad in ann tosú ar thacaíocht i bhfoirm páipéir a bhailiú, bhí níos lú ná 12 mhí acu le bailiú ar líne a dhéanamh. Is ábhar imní d'údaráis inniúla na mBallstát go bhfuil na córais á ndeimhniú sula gcláraítear na tionscnaimh lena mbaineann toisc go gcaithfidh siad an fíorú a dhéanamh agus gan a fhios acu go cinnte an ndéanfar an tionscnamh lena mbaineann a chlárú.
Faoi mar a fhoráiltear sa Rialachán maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh agus i gcomhthéacs chlár ISA (Réitigh Idir-Inoibritheachta do Chórais Riaracháin) 22 , tá bogearraí foinse oscailte le haghaidh bailiú ar líne forbartha agus tá siad ar fáil ón 22 Nollaig 2011 saor in aisce. Tá ocht leagan de bhogearraí an Choimisiúin seolta cheana féin agus iad á bhfeabhsú de réir a chéile agus gnéithe nua agus nuashonruithe á gcur leo.
Is féidir le heagraithe bogearraí an Choimisiúin a úsáid (agus coigeartuithe a dhéanamh orthu más mian leo) nó pé bogearraí is mian leo. Chun córas iomlán a chur ar bun, ní foláir d'eagraithe freastalaithe óstacha a aimsiú (a chomhlíonann na sonraíochtaí teicniúla) chun a gcuid bogearraí a shuiteáil.
Go luath tar éis don Rialachán teacht i bhfeidhm, rinne na heagraithe a bhí i mbun na chéad tionscnamh gearán faoi a dheacra a bhí sé soláthraithe óstacha cuí ar phraghas réasúnta a fháil chun a gcóras a thógáil. Toisc gur chuir an chonstaic sin bac ar na heagraithe tús a chur le bailiú ráiteas ar líne, rinne an Coimisiún go heisceachtúil, agus sa bhreis ar na hoibleagáidí atá air faoin Rialachán, tairiscint córas bailithe ar líne na neagraíochtaí a óstáil ar a fhreastalaithe féin, saor in aisce.
Ina theannta sin, i gcás gach tionscnaimh a cláraíodh faoin 31 Deireadh Fómhair 2012, agus mar chúiteamh ar an moill a cuireadh ar an bpróiseas i ngeall ar na fadhbanna loighisticiúla sin, rinne an Coimisiún cinneadh polaitiúil go nglacfadh sé, go heisceachtúil, le ráitis tacaíochta a bailíodh suas go dtí an 1 Samhain 2013.
Tá ráitis tacaíochta ar líne bailithe ag 21 cheann den 31 tionscnamh atá cláraithe. I gcás dhá cheann acu ('Right2Water' agus '30 km/h - making the streets liveable!') úsáideadh freastalaithe príobháideacha agus tá a gcórais deimhnithe ag an údarás inniúil sa Ghearmáin 23 . Tá an chuid eile acu tar éis leas a bhaint as tairiscint an Choimisiúin a gcórais bailithe ar líne a óstáil, agus tá a gcórais deimhnithe ag an údarás inniúil i Lucsamburg 24 .
Ina theannta sin, is bogearraí a chuir an Coimisiún ar fáil a d'úsáid na heagraithe uile a rinne bailiú ar líne.
d.Ráitis tacaíochta a fhíorú
I gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán, tá údaráis inniúla ainmnithe ag na Ballstáit 25 chun na ráitis tacaíochta a fhíorú 26 .
Iarradh ar údaráis na mBallstát uile ráitis tacaíochta a fhíorú. Tá na ráitis tacaíochta do na trí thionscnamh 'Right2Water', 'Uno di noi' agus 'Stop vivisection' fíoraithe ag 26 Bhallstát ach tá dhá Bhallstát ann nár fhíoraigh na ráitis tacaíochta ach do cheann nó dhó acu.
Ar an iomlán, dhearbhaigh na húdaráis inniúla go raibh beagnach 90% d'iomlán na ráiteas tacaíochta a bailíodh do na trí thionscnamh sin bailí. Is mar a chéile an toradh do ráitis tacaíochta a bhailítear i bhfoirm páipéir agus na ráitis tacaíochta a bhailítear trí chóras bailithe ar líne.
I gcás gach ceann de na trí thionscnamh, bhailíochtaigh formhór na núdarás os cionn 80% de na ráitis tacaíochta agus ní raibh ach údarás amháin a bhailíochtaigh níos lú ná 60% de na ráitis a cuireadh faoina bhráid.
Rinneadh fíorú trí shampláil randamach i 17 mBallstát (i gcás ceithre cinn de na Ballstáit sin ba iad na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir amháin a fíoraíodh trí shampláil randamach agus i gcás Ballstát amháin eile ba iad na ráitis tacaíochta ar líne amháin a fíoraíodh sa dóigh sin). Níor braitheadh aon neamhréireacht sna torthaí idir na Ballstáit a d'úsáid sampláil randamach agus na Ballstáit a d'fhíoraigh gach ráiteas tacaíochta.
Chun cabhrú le Ballstáit le linn an phróisis fíorúcháin, tá uirlis bailíochtaithe forbartha ag an gCoimisiún faoi chlár ISA 27 . Forbraíodh é ar bhonn uirlis a d'fhorbair BSI (Bundesamt für Sicherheit in der Informationstechnik), údarás inniúil na Gearmáine, cheana. Go dtí seo, níor úsáid ach méid beag Ballstát an uirlis sin.
e.Na tionscnaimh a fuair an líon ba ghá ráiteas tacaíochta a thíolacadh agus a scrúdú
D'éiligh an chéad tionscnamh 'Right2Water' a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 20 Nollaig 2013 "reachtaíocht ... chun an ceart atá ag cách ar uisce agus ar shláintíocht a chur i bhfeidhm, arna aithint ag na Náisiúin Aontaithe, agus chun soláthar uisce agus na sláintíochta a chur chun cinn mar sheirbhísí riachtanacha poiblí do chách".
An 17 Feabhra 2014, i gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh, d'fháiltigh Leas-Uachtarán an Choimisiúin a bhfuil Caidreamh Idirinstitiúideach de chúram air, mar aon le hionadaithe ó na hArdStiúrthóireachtaí ábhartha, roimh na heagraithe. Bhí éisteacht phoiblí ar siúl i bParlaimint na hEorpa ar an lá céanna.
Glacadh freagra an Choimisiúin an 19 Márta 2014. Freagra dearfach atá ann ar na hiarrataí ar an gCoimisiún gníomhú sa chás go bhfuil sé de chumhacht aige sin a dhéanamh faoi na Conarthaí agus go nurramaítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Mar chuid den obair leantach atá ar siúl ag an gCoimisiún tar éis dó freagra dearfach a thabhairt ar an tionscnamh 'Right2Water', tá sé tiomanta sraith beart a dhéanamh agus tá siad sin á gcur chun feidhme de réir a chéile 28 .
D'éiligh an dara tionscnamh 'Uno di noi' go gcuirfeadh an tAontas Eorpach deireadh le maoiniú gníomhaíochtaí ina nglactar leis go scriosfar suthanna daonna, go háirithe gníomhaíochtaí i réimse an taighde, an chúnaimh forbraíochta agus na sláinte poiblí.
Cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin é an 28 Feabhra 2014. An 9 Aibreán 2014, d'fháiltigh an Coimisinéir um Thaighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht mar aon le hionadaithe ó na hArdStiúrthóireachtaí ábhartha roimh eagraithe an tionscnaimh. Tharla an éisteacht phoiblí sa Pharlaimint an 10 Aibreán 2014.
An 28 Bealtaine 2014, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht inar míníodh nach raibh sé i gceist aige togra reachtach a thíolacadh toisc gur measadh go raibh creat dlíthiúil an Aontais a bhí i bhfeidhm cheana, creat a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle le déanaí, sásúil.
Éilíonn an tríú tionscnamh 'Stop vivisection' ar an gCoimisiún "Treoir 2010/63/AE maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíochta a chur ar ceal agus togra nua a thíolacadh a chuireann deireadh le turgnaimh ar ainmhithe agus a dhéanann éigeantach – i dtaighde bithleighis agus tocsaineolaíoch - úsáid sonraí atá ábhartha go díreach don speiceas daonna."
Tíolacadh an tionscnamh sin an 3 Márta 2015 agus gheofar freagra ón gCoimisiún faoin 3 Meitheamh 2015.
Líon agus dáileadh na sínitheoirí
'Right2Water':
|
BE |
BG |
CZ |
DK |
DE |
EE |
IE |
EL |
ES |
FR |
HR |
IT |
CY |
LV |
LT |
|
40549 |
1406 |
7575 |
0* |
1236455 |
516 |
2513 |
33220 |
58051 |
0* |
0 |
65223 |
2924 |
393 |
13252 |
|
LU |
HU |
MT |
NL |
AT |
PL |
PT |
RO |
SI |
SK |
FI |
SE |
UK |
Iomlán |
|
|
5566 |
18245 |
1635 |
21469 |
57643 |
3962 |
13964 |
3176 |
17546 |
20988 |
14589 |
11579 |
7104 |
1659543 |
|
* Fuarthas na teastais tar éis an spriocdháta. DK: 3495 FR: 17247
Dath glas: tíortha inar sroicheadh an tairseach (13)
'Uno di noi'
|
BE |
BG |
CZ |
DK |
DE |
EE |
IE |
EL |
ES |
FR |
HR |
IT |
CY |
LV |
LT |
|
5478 |
906 |
11468 |
7563 |
137874 |
2417 |
6679 |
52977 |
144827 |
83503 |
12778 |
623947 |
6407 |
9132 |
11646 |
|
LU |
HU |
MT |
NL |
AT |
PL |
PT |
RO |
SI |
SK |
FI |
SE |
UK |
Iomlán |
|
|
5469 |
45933 |
23017 |
27271 |
24973 |
235964 |
65564 |
110405 |
3481 |
31951 |
1230 |
2468 |
26298 |
1721626 |
|
Dath glas: tíortha inar sroicheadh an tairseach (18)
'Stop vivisection':
|
BE |
BG |
CZ |
DK |
DE |
EE |
IE |
EL |
ES |
FR |
HR |
IT |
CY |
LV |
LT |
|
0 |
12598 |
4075 |
4610 |
164304 |
2502 |
3333 |
1952 |
47194 |
61818 |
0 |
690325 |
533 |
3167 |
4737 |
|
LU |
HU |
MT |
NL |
AT |
PL |
PT |
RO |
SI |
SK |
FI |
SE |
UK |
Iomlán |
|
|
1291 |
26948 |
1662 |
9909 |
9208 |
38824 |
11305 |
1645 |
19507 |
12055 |
12495 |
7661 |
19472 |
1173130 |
|
Dath glas: tíortha inar sroicheadh an tairseach (9)
Léiríonn dáileadh na sínitheoirí gur dhírigh na heagraithe ar Bhallstáit áirithe (mar shampla an Ghearmáin i gcás 'Right2Water' agus an Iodáil i gcás 'Uno di noi' agus 'Stop vivisection') chun tairseach an aon mhilliún sínitheoir a bhaint amach, ach rinne siad deimhin de ag an am céanna gur sroicheadh an tairseach i seacht mBallstát. Go dtí seo, is léir go bhfuil sé dúshlánach d'eagraithe na dtionscnamh ó na saoránaigh an leibhéal céanna stocaireachta a dhéanamh sna Ballstáit uile.
Na tionscnaimh a thíolacadh don Choimisiún
Ní dhéantar foráil sa Rialachán maidir le spriocdháta do na heagraithe a dtionscnamh a thíolacadh don Choimisiún nuair a bheidh a ráitis tacaíochta fíoraithe ag na húdaráis inniúla náisiúnta. Dá bhrí sin, i gcás tionscnamh amháin, bhí tréimhse bliana ann idir deireadh na tréimhse bailiúcháin agus an uair a thíolacadh don Choimisiún é.
Éisteachtaí poiblí i bParlaimint na hEorpa
Chun Airteagal 11 den Rialachán a chur chun feidhme agus chun foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe nós imeachta is gá, rinne Parlaimint na hEorpa a rialacha nós imeachta a leasú in 2012 29 .
Dá réir sin, d'eagraigh Parlaimint na hEorpa dhá éisteacht, dá dtagraítear thuas 30 . Ba iad an Leas-Uachtarán um Chaidreamh Idirinstitiúideach (i gcás an tionscnaimh 'Right2Water') agus an Coimisinéir um Thaighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht agus an Coimisinéir um Fhorbairt (i gcás an tionscnaimh 'Uno di noi') a rinne ionadaíocht don Choimisiún ag na héisteachtaí sin.
f.Trédhearcacht: maoiniú
I gcomhréir leis an Rialachán, ní foláir d'eagraithe faisnéis a chur ar fáil maidir le haon deontóir óna bhfaightear níos mó ná 500 EUR in aghaidh na bliana. Is féidir teacht ar an bhfaisnéis ar fad a chuireann na heagraithe ar fáil i gclár na dtionscnamh ó na saoránaigh.
|
Níl foinse maoinithe ar bith ann |
Méid iomlán maoinithe agus tacaíochta faoi bhun 10,000 EUR |
Méid iomlán maoinithe agus tacaíochta os cionn 10,000 EUR |
|
|
An líon tionscnamh |
14 |
9 |
8 |
Tá na trí thionscnamh a d'éirigh leo i measc na nocht dtionscnamh a thuairiscigh go bhfuair siad níos mó ná 10,000 EUR i maoiniú agus tacaíocht ('Right2Water: 140,000 EUR – 'Uno di noi': 159,219 EUR – 'Stop vivisection': 23,651 EUR).
g.Pointe teagmhála
I gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Rialachán, tá pointe teagmhála bunaithe ag an gCoimisiún le faisnéis agus cúnamh a sholáthar, agus tá sé lonnaithe in Ionad Teagmhála Europe Direct. Ag an bpointe teagmhála seo déantar aon cheisteanna atá ag saoránaigh maidir le rialacha agus nósanna imeachta an Tionscnaimh ó na Saoránaigh a fhreagairt, i ngach ceann de theangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh. Ó Aibreán 2012 i leith, tá os cionn 1,080 ceist freagartha ag an bpointe teagmhála.
Iarrataí de réir an chineáil ceiste
Ceisteanna nó tráchtanna ginearálta nó nós imeachta
Ceisteanna ó shínitheoirí (féideartha) (e.g. an chaoi le síniú a thabhairt i bhfoirm páipéir/ar líne, an chaoi lena bhfíorú ar thacaigh siad leis an tionscnamh cheana féin, ábhair imní faoi shlándáil an láithreáin)
Ceisteanna maidir le tionscnaimh ar leith (e.g. stádas na dtionscnamh sin, an líon sínitheoirí, tráchtanna ar a son nó ina gcoinne)
Ceisteanna maidir le huirlisí TF (bogearraí agus clár) agus maidir le córais bailithe ar líne a chur ar bun
Raon feidhme na hionstraime (e.g. cineálacha iarrataí a d'fhéadfadh a bheith ina ábhar tionscnaimh ó na saoránaigh, ceisteanna maidir le hinniúlachtaí AE).
Ceisteanna/gearáin ó shaoránaigh nach bhfuil in ann tacaíocht a thabhairt (e.g. atá eisiata faoin Rialachán nó nach bhfuil an cárta aitheantais bailí atá de dhíth acu)
Ceisteanna maidir le cumarsáid (iriseoirí, athúsáid faisnéise agus cóipcheart)
Roimh do na heagraithe iarratas ar chlárú a thíolacadh don Choimisiún ar bhonn foirmiúil, tríd an bpointe teagmhála seo tugann an Coimisiún freagraí neamhfhoirmiúla ar cheisteanna ó eagraithe féideartha faoin dóchúlacht go gclárófaí tionscnamh ó na saoránaigh. Ó Aibreán 2012 i leith, tá thart ar 15 cheist den chineál sin freagartha ag an gCoimisiún. Tugadh na freagraí sin gan dochar d'aon fhreagra foirmiúil ón gCoimisiún tar éis dó na hiarratais ar chlárú tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh a fháil go foirmiúil.
I dteannta na seirbhíse a chuireann Ionad Teagmhála Europe Direct ar fáil, tá tacaíocht tugtha go díreach ag seirbhísí an Choimisiúin d'eagraithe tionscnamh. A luaithe agus a bhíonn a dtionscnamh beartaithe cláraithe, is féidir leo dul i dteagmháil go díreach le seirbhísí an Choimisiúin trí chuntas na neagraithe ar láithreán gréasáin an Choimisiúin (freagraíodh breis agus 85 iarraidh ó Aibreán 2012) nó trí ríomhphost (freagraíodh isteach is amach le 125 iarraidh). Cuireadh tacaíocht theicniúil ar fáil freisin trí ríomhphost (beagnach 300 iarraidh) agus trí ardán Joinup sa mhéid go mbaineann sé le bogearraí an Choimisiúin le haghaidh bailiú ar líne agus óstáil córas bailithe ar líne 31 . Eagraíodh cruinnithe sonracha, glaonna fóin agus físchomhdhálacha nuair ba ghá sin freisin chun tacaíocht a chur ar fáil.
4.An cur chun feidhme a mheas
Measann an Coimisiún go bhfuil an Tionscnamh ó na Saoránaigh curtha chun feidhme ina iomláine.
I bhfianaise go bhfuil dhá thionscnamh tar éis dul trí gach céim den phróiseas, ón tionscnamh a chlárú agus an tacaíocht is gá a bhailiú go freagra foirmiúil a fháil ón gCoimisiún, agus go bhfuil tríú tionscnamh ag fanacht ar an bhfreagra foirmiúil sin agus go bhfuil an beart leantach ar 'Right2Water' faoi lánseol, is léir go bhfuil na nósanna imeachta agus na sásraí is gá ann chun go bhfeidhmeoidh an tionscnamh ó na saoránaigh.
Ag an am céanna, tuigeann an Coimisiún gur féidir tuilleadh feabhais a dhéanamh. Le trí bliana anuas, tá dúshláin éagsúla aitheanta ag na geallsealbhóirí ndáil leis an gcreat nua institiúideach agus reachtach seo – idir dhúshláin theicniúla, loighisticiúla agus dúshláin a bhfuil gné níos polaitiúla ag baint leo. Ba mhaith leis an gCoimisiún béim a leagan orthu seo a leanas go háirithe 32 :
Easpa pearsantachta dlisteanaí i gcás na gcoistí saoránach: chuir roinnt coistí in iúl go bhfuil siad buartha faoi chúrsaí dliteanais agus faoi chonstaicí e.g. maoiniú a fháil agus cosaint sonraí a bhainistiú, go háirithe i bhfianaise go bhfuil cónaí orthu i seacht dtír éagsúla ar a laghad.
Clárú: dúshlán mór do na heagraithe is ea an clárú toisc go bhfuil sé soiléir go bhfuil líon mór tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh lasmuigh de raon feidhme inniúlachtaí an Choimisiúin.
Riachtanais do shínitheoirí: is ábhar imní go fóill iad na héagsúlachtaí idir na coinníollacha agus na sonraí pearsanta a éilítear ó Bhallstáit éagsúla, go háirithe i gcás ina neisiatar saoránaigh óna gceart tacaíocht a thabhairt do thionscnamh mar thoradh ar na héagsúlachtaí sin. Fáiltíonn an Coimisiún roimh chur chuige cuiditheach na mBallstát sin a ghlac go dearfach go dtí seo le héilimh an Choimisiúin a gceanglais (sonraí) a shimpliú agus a thabhairt i gcomhréir le chéile. Mar sin féin, tá gá breis iarracht a dhéanamh chun go mbeidh uirlis an Tionscnaimh ó na Saoránaigh níos inrochtana.
Amlíne phróiseas na dtionscnamh ó na saoránaigh: luaigh na heagraithe go bhfuil níos lú ná 12 mhí acu le sínithe a bhailiú i ngeall ar an am atá de dhíth orthu chun a gcóras bailithe ar líne a chur ar bun, agus ba cheart an fhadhb sin a réiteach. D'fhéadfaí mearbhall a chur ar na hinstitiúidí agus ar an bpobal ar aon agus neamhchinnteacht a chothú ina measc freisin i ngeall ar gan spriocdháta sonrach a bheith leagtha síos le tionscnamh ar éirigh leis a thíolacadh don Choimisiún.
Próiseas ciotach é fíorú na naistriúchán ar na tionscnaimh bheartaithe a sholáthraíonn eagraithe na dtionscnamh sin. Bhí deacrachtaí ag na heagraithe a chinntiú go raibh na haistriúcháin chomh cruinn agus ba ghá, fiú amháin ar bhonn na dtráchtanna a fuair siad ón gCoimisiún ar na chéad leaganacha.
Maidir le bailiú ar líne, baineadh an chonstaic ba mhó nuair a rinne an Coimisiún tairiscint é a óstáil. Mar sin féin, tá na geallsealbhóirí cáinteach go fóill i dtaobh a chasta agus atá an nós imeachta deimhniúcháin atá ann faoi láthair, agus níl siad iomlán sásta le gnéithe áirithe de bhogearraí an Choimisiúin. Ina theannta sin, seirbhís shealadach agus eisceachtúil é óstáil an Choimisiúin, agus níl foráil déanta maidir leis sa Rialachán. Níl údaráis inniúla roinnt Ballstát sásta go bhféadfadh na heagraithe a iarraidh a gcóras a dheimhniú sula gcláraítear a dtionscnamh beartaithe leis an gCoimisiún. Deimhníodh dhá chóras ach níor úsáideadh riamh iad toisc nach bhféadfadh an Coimisiún na tionscnaimh lenar bhain siad a chlárú.
I bhfianaise an méid sin thuas, choimisiúnaigh an Coimisiún le déanaí staidéar ar thionchar Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide na dtionscnamh ó na saoránaigh 33 , agus cuirfear sin san áireamh nuair a bheidh an Coimisiún ag déanamh breithiúnas ar an bpróiseas bailithe ar líne.
Níor tugadh cuireadh d'aon gheallsealbhóir ná d'aon saineolaí seachas eagraithe na dtionscnamh ó na saoránaigh iad féin páirt ghníomhach a ghlacadh i gceachtar de na héisteachtaí poiblí a eagraíodh i bParlaimint na hEorpa.
Ba cheart iarracht a dhéanamh an éisteacht phoiblí a eagrú sa chaoi go gcinnteofar go néistítear geallsealbhóirí a bhfuil dearcaí agus tuairimí éagsúla acu. Is tábhachtaí ná riamh an méid sin toisc gur tréimhse ghairid í an tréimhse 3 mhí dá bhforáiltear sa Rialachán maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh don Choimisiún freagra a thabhairt ar thionscnamh ar éirigh leis, agus is beag ama atá ann le comhairliúchán foirmiúil a eagrú do na geallsealbhóirí.
Measann cuid d'eagraithe na dtionscnamh ó na saoránaigh (agus geallsealbhóirí eile) nach bhfuil go leor plé ná idirghníomhaíocht leis an gCoimisiún ag céimeanna éagsúla an phróisis agus go háirithe tar éis don Choimisiún Teachtaireacht a ghlacadh maidir le tionscnamh ar leith. Ba mhian leo an scrúdú agus na bearta leantacha a bheith níos struchtúrtha agus páirt níos mó a ghlacadh iontu.
5.Conclúidí
Tá sé ró-luath fós measúnú a dhéanamh ar thionchar fadtéarmach an Tionscnaimh ó na Saoránaigh ar phróiseas institiúideach agus reachtach an Aontais Eorpaigh. Tá an Coimisiún tiomanta do leanúint le monatóireacht agus plé a dhéanamh ar réimse saincheisteanna a bhaineann leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh, go háirithe iad sin atá ainmnithe thuas, i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí agus institiúidí éagsúla, d'fhonn an ionstraim a fheabhsú.
Chuige sin, thug an Coimisiún dá aire an staidéar a rinne Parlaimint na hEorpa 34 , conclúidí an fhiosrúcháin féintionscnaimh a rinne an tOmbudsman Eorpach 35 , agus toradh 'laethanta na dtionscnamh ó na saoránaigh' atá á neagrú gach bliain ó 2012 i leith ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ag roinnt comhpháirtithe na sochaí sibhialta 36 .
Cé go mbeidh toradh an staidéir atá ar siúl ag an gCoimisiún maidir le ceist an bhailithe ar líne ina threoir do sheasamh an Choimisiúin amach anseo i ndáil leis an gceist thábhachtach seo, leanfaidh sé air ag soláthar na seirbhíse eisceachtúla óstála d'eagraithe saor in aisce a fhad is gá.
Cuireadh na próisis éagsúla sin san áireamh agus na hinstitúidí ag machnamh ar an Tionscnamh ó na Saoránaigh, agus cuirfear san áireamh amach anseo iad freisin. Tá an Coimisiún ag súil le dul i mbun pléití níos doimhne leis an reachtóir agus le tuarascáil féintionscnaimh a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, ina gcuirfear san áireamh na pléití a tharla ag an éisteacht phoiblí maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh a d'eagraigh na Coistí um Ghnóthaí Bunreachtúla agus um Achainíocha i bhFeabhra 2015.
Airteagal 11(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le saoránacht an Aontais
Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh (IO L 65/1, 11.3.2011).
I ngeall ar na forálacha a ghlac roinnt Ballstát tháinig ceisteanna maidir le comhréireacht chun cinn. Réitíodh iad ach i gcás dhá Bhallstát.
Tá na figiúirí a bhaineann le bailiú na ráiteas tacaíochta bunaithe ar na trí thionscnamh a tíolacadh, agus orthu sin amháin, mar níl aon fhigiúirí oifigiúla eile ar fáil don Choimisiún ná do na Ballstáit.
I bhfianaise na ndifríochtaí atá idir cleachtais na mBallstát, ní hionann a mhionsonraithe agus a bhíonn an fhaisnéis atá le fáil uathu. Féach, mar shampla, nach raibh an Tionscnamh ó na Saoránaigh infheidhme sa Chróit go dtí go ndeachaigh sí isteach san Aontas Eorpach (Iúil 2013).
Féach http://ec.europa.eu/citizens-initiative/public/legislative-framework?lg=ga chun tuilleadh eolais a fháil.
http://ec.europa.eu/citizens-initiative/public/initiatives/ongoing
Tharraing ceithre cinn acu siar ionas go mbeidís in ann clárú arís.
Go foirmiúil, ní fios don Choimisiún ar éirigh nó nár éirigh leis na heagraithe an líon ráiteas tacaíochta ba ghá a bhailiú.
Go hoifigiúil, ní fios don Choimisiún cé an líon beacht ráiteas tacaíochta a bailíodh i gcás na dtionscnamh sin.
Cásanna T-754/14, T-361/14, T-44/14, T-529/13, T-450/12, T-646/13
Cás T-561/14
Gearán 2013/2071
Gearán 2014/402
Tá an liosta iomlán le fáil i gclár na dtionscnamh ó na saoránaigh: http://ec.europa.eu/citizens-initiative
http://ec.europa.eu/citizens-initiative/public/initiatives/nonregistered
Ar an lámh eile, foráladh sa togra bunaidh ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin go mbeadh ceanglais aonfhoirmeacha ar na Ballstáit uile agus sa chaoi sin go mbeadh aon saoránach Eorpach a raibh an aois cheart aige in ann tacú le tionscnamh ó na saoránaigh. Mar sin féin, i bhfianaise thoradh na caibidlíochta idirinstitiúidí, foráiltear sa Rialachán deiridh maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh go bhfuil ceanglais éagsúla ann ó Bhallstát go chéile.
Faoi láthair, baineann sé den chuid is mó le saoránaigh na hÉireann agus na Breataine atá ag cur fúthu sa Bhulgáir, i bPoblacht na Seice, sa Fhrainc, san Ostair, sa Phortaingéil agus lasmuigh den Aontas Eorpach.
Tá an ceart ag an bParlaimint agus ag an gComhairle agóid a dhéanamh sa dá mhí tar éis an mhodhnaithe a ghlacadh.
De réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE.
http://ec.europa.eu/citizens-initiative/public/authorities-online-systems?lg=ga
Bundesamt für Sicherheit in der Informationstechnik (BSI)
Centre des technologies de l'information de l’Etat
http://ec.europa.eu/citizens-initiative/public/authorities-verification?lg=ga
Fíoraíonn gach Ballstát na ráitis tacaíochta arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán.
Tá tuilleadh eolais anseo:
http://ec.europa.eu/dgs/secretariat_general/followup_actions/citizens_initiative_ga.htm
http://www.europarl.europa.eu/news/en/news-room/content/20140210IPR35552/html/The-'Right2Water'-campaignEP-hearing-onfirstEuropeanCitizens'-Initiative agus http://www.europarl.europa.eu/news/en/news-room/content/20140407IPR42621/html/EuropeanParliamenthearing-on%E2%80%9COne-of-Us%E2%80%9D-EuropeanCitizens%E2%80%99-Initiative
Liostaítear iad san ord a leantar i gCaibidil 2, a léiríonn céimeanna éagsúla phróiseas na dtionscnamh ó na saoránaigh.
Staidéar arna mhaoiniú ag Clár ISA.
'Tionscnaimh ó na Saoránaigh - Na Chéad Cheachtanna maidir le Cur chun feidhme', féach:
http://www.europarl.europa.eu/thinktank/en/document.html?reference=IPOL_STU(2014)509982
OI/9/2013/TN
http://www.eesc.europa.eu/?i=portal.en.events-and-activities-eci-day-2014