4.11.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


SEASAMH (AE) Uimh. 14/2015 ÓN gCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta maidir leis an idirlíon oscailte agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas

A ghlac an Chomhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(2015/C 365/01)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm leis an Rialachán seo rialacha comhchoiteanna a bhunú chun go ndéanfaí an chóir chomhionann agus neamh-idirdhealaitheach a chuirtear ar thrácht indáil le soláthar seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus cearta gaolmhara úsáideoirí deiridh achoimirciú. Is é is aidhm leisúsáideoirí deiridh a chosaint agusag an am céanna feidhmiú leanúnach éiceachóras an idirlín mar inneall donnuálaíocht a ráthú. Trí athchóirithe a dhéanamh i réimse na fánaíochta, bacheart go mbeadh an mhuinín ag úsáideoirí deiridh leanúint de bheith nasctha agus iad agtaisteal laistighden Aontas, agus ba cheart, in imeacht na haimsire, go mbeadh na hathchóirithe sin ina spreagadh do chóineasú na praghsála agus na gcoinníollacha eile san Aontas.

(2)

Leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, urramaítear prionsabal na neodrachta teicneolaíche, eadhon ní dhéantar leo cineál áirithe teicneolaíochta a bhrú chun cinn nánídhéantar leo idirdhealú i bhfabhar cineál áirithe teicneolaíochta a úsáid.

(3)

Tá forbairt tagtha ar an idirlíon le roinnt mhaith blianta anuas mar ardán oscailte donnuálaíocht agus nach bhfuil ach bacainní beaga ar an rochtain air d’úsáideoirí deiridh, dosholáthraithe ábhair agus feidhmchlár agus seirbhísí agus do sholáthraithe sheirbhísírochtana ar an idrlíon. Is é isaidhm leis an gcreat rialála atá ann cheana cumas úsáideoirí deiridh teacht ar fhaisnéis agus ábharagus an méid sin a scaipeadh nó a rogha feidhmchlár agus seirbhísí a reáchtáil, a chur chun cinn. Marsin féin, tá líon suntasach úsáideoirí deiridh thíos le cleachtais bainistithe tráchta lenamblocáiltear feidhmchláir áirithe nó lena gcuirtear moill orthu. I ngeall arnatreochtaí sin, tá gá le rialacha comhchoiteanna ar leibhéal an Aontais chun oscailteacht an idirlín a áirithiú agus chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a bheadh mar thoradh ar bhearta a ghlacfadh Ballstáit aonair a sheachaint.

(4)

Ba cheart go mbeadh sé de cheart ag úsáideoirí deiridh rochtain a bheith acu ar fhaisnéis agus ar ábhar agus iad a scaipeadh, agus feidhmchláir agus seirbhísí a úsáid agusasholáthar, gan aon idirdhealú, trína seirbhís rochtana ar an idrlíon. Ba cheart go mbeadh feidhmiú an chirt seo gan dochar do dhlí anAontais nó don dlí náisiúnta a chomhlíonann dlí anAontais, maidir le dlíthiúlacht an ábhair, na bhfeidhmchlár nó na seirbhísí. Mar sin féin, níl sé d’aidhm leis an Rialachán seo rialáil a dhéanamh ar dhlíthiúlacht anábhair, na bhfeidhmchlár ná na seirbhísí, ná ar na nósanna imeachta, ar na ceanglais ná ar na coimircí gaolmhara. Dá bhrí sin, tá na hábhair sin fós faoi réir reachtaíocht anAontais, nó faoi réir reachtaíochta náisiúnta a chomhlíonann dlí an Aontais, lena n-áirítear bearta lena dtugtar feidhm do reachtaíocht den sórt sin de chuid an Aontais nódoreachtaíocht náisiúnta den sórt sin (mar shampla orduithe cúirte, cinntí riaracháin nó bearta eile lena ndéantar comhlíonadh reachtaíocht den sórt sin a chur chun feidhme, a chur ibhfeidhm nó a áirithiú).

(5)

Chun rochtain abheith acu ar an idirlíon, ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag úsáideoirí deiridh rogha a dhéanamh idir cineálacha éagsúla trealamh teirminéil mar a shainmhínítear i dTreoir 2008/63/CE ón gCoimisiún (4). Níor cheart go bhforchuirfeadh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon srianta maidir le trealamh teirminéil atá nasctha leis an líonra a úsáid, sa bhreis orthu siúd arna bhforchur ag monaróirí nó ag dáileoirí trealaimh teirminéil i gcomhréir le dlí anAontais.

(6)

Soláthraíonn seirbhís rochtana ar an idrlíon rochtain ar an idirlíon, agus i bprionsabal ar na pointí deiridh go léir aige, beag beann ar an teicneolaíocht líonra agus ar an trealamh teirminéil a bhíonn in úsáid ag úsáideoirí deiridh. Mar sin féin, ar chúiseanna nach bhfuil smacht ag na soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon orthu, féadfaidh sé nach mbeidh rochtain i gcónaí ar phointí deiridh áirithe ar an idirlíon. Dá bhrí sin, maidir lenan-oibleagáidi a bhaineann le seirbhísírochtana ar an idrlíon a sholáthar de réir bhrí an Rialacháin seo, ba cheart a mheas go bhfuil siad comhlíonta ag soláthraitheden sórt sin i gcás ina ndéantar lúdracht leis an seirbhís sin le beagnach gach pointe deiridh ar an idirlíon. Dá bhrí sin, níor cheart do sholáthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon srianta a chur maidir le lúdracht le haon phointe deiridh ar an idirlíon a bhfuil rochtain air.

(7)

D’fhonn a gceartarochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar ábhar agus an fhaisnéis agus an t-ábhar sin a dháileadh, feidhmchláir agus seirbhísí a sholáthar agus a úsáid,a fheidhmiú, ba cheart go mbeadh antsaoirse ag úsáideoirí deiridh teacht ar chomhaontú le soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíonle haghaidh taraifí agus toirteanna sonracha sonraí agus luasanna sonracha na seirbhíse rochtana ar an idrlíon. Le comhaontuithe den sórt sin, mar aon le cleachtais tráchtála na soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, níor cheart go gcuirfí teorainneacha maidir leis na ceartasina fheidhmiú agus, ar an gcaoi sinteacht timpeall ar fhorálacha an Rialacháin seo maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon a choimirciú. Ba cheart go dtabharfaí an chumhacht do na húdaráis náisiúnta rialála idirghabháil a dhéanamh i gcoinne comhaontuithe nó i gcoinne cleachtas tráchtála arb é is toradh orthu, i ngeall arabhfairsinge, cásanna ina laghdaítear rogha na n-úsáideoirí deiridh ar bhonn ábharach agus go praiticiúil. Chun na críche sin, ba cheart, inter alia, go gcuirfí san áireamh leis anmeasúnú a dhéanfar ar chomhaontuithe agus ar chleachtais tráchtála na suímh faoi seach ar an margadh atá ag na soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus atá ag na soláthraithe ábhair, feidhmchlár agus seirbhísí lena mbaineann. Ba cheart go mbeadh ceanglas arúdaráis náisiúnta rialála agus ar údaráis inniúla eile, mar chuid den fheidhm atá acu indáil le faireachán agus le forfheidhmiú, idirghabháil a dhéanamh i gcás ina mbainfí anbonn ó bhunbhrí nagceart sin mar thoradh ar shocruithe nó ar chleachtais tráchtála.

(8)

Agus seirbhísí rochtana ar an idirlín á soláthar, ba cheart cóir chomhionann a chur ar an trácht ar fad, gan idirdhealú, srianadh ná cur isteach air, go neamhspleách ar an seoltóir, aran bhfaighteoir, ar an ábhar, ar an bhfeidhmchlár, ar an tseirbhís náar an treamlamhteiriminéil. De réir phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus de réir an chásdlí shocraithe, níorcheart caitheamh le cásanna inchomparáide ar bhealach difriúil agus níor cheart caitheamh le cásanna difriúla ar an mbealach céanna ach amháin más féidir bonn cirte athabhairt go hoibiachtúil leis.

(9)

Is é is cuspóir le bainistiú réasúnta tráchta cur le húsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní líonra agus leis an gcáilíocht fhoriomlán tarchuir a bharrfheabhsú, ag freagairt do na ceanglais cáilíochta seirbhíse atá difriúil go hoibiachtúil a bhaineann le catagóirí sonracha tráchta, agus dá bhrí sin na ceanglais a bhaineann leis an ábhar, leis nafeidhmchláir agus leis na seirbhísí a tharchuirtear Ba cheart go mbeadh na bearta bainistithe tráchta afheidhmíonn soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus níor cheart iad a bhunú ar chúinsí tráchtála.Na ceanglais le go mbeadh na bearta bainistithe tráchta neamh-idirdhealaitheach, ní chuirtear cosc leo ar sholáthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon bearta bainistithe tráchta a chur chunfeidhme lena ndéantar catagóirí sonracha tráchta a idirdhealú chun an cháilíocht fhoriomlán tarchuir a bharrfheabhsú. Maidir le haon idirdhealú den sórt sin, chun an cháilíocht fhoriomlán agus eispéireas an úsáideora abharrfheabhsú, níor cheart é a dhéanamh ach amháin ar bhonn ceanglais teicniúla oibiachtúla cáilíochta seirbhíse (mar shampla, i ndáil le haga folaigh, giodam, caillteanas paicéid, agusleathanbhanda) na gcatagóirí difriúla tráchta, agus ní ar bhonn cúinsí tráchtála. Bacheart go mbeadh bearta bainistithe tráchta idirdhealaitheacha den sórt sin comhréireach i ndáil leis an gcuspóir an cháilíocht fhoriomlán a bharrfheabhsúagus ba cheart go gcuirfidís cóirchomhionannar thrácht coibhéiseach. Níor cheart bearta bainistithe tráchta a choimeád ar bun níos faide ná mar isgá.

(10)

Ní gá, le bainistiú réasúnta tráchta teicnící a úsáid lena ndéantar faireachán arábharsonrach na sonraí tráchta a tharchuirtear tríd an tseirbhís rochtana ar an idrlíon.

(11)

Aon chleachtais bainistithe tráchta a théann níos faide ná bearta bainistithe tráchta réasúnta idirdhealaitheacha den sórt sin, trí bhlocáil, moilliú, athrú, srianadh, cur isteach ar ábhar, feidhmchláir nó seirbhísí sonracha, nó trí dhíghrádú nó idirdhealú a dhéanamh idir aicmí sonracha ábhair, feidhmchlár nó seirbhísí, ba cheart toirmeasc a chur orthu, faoi réir nan-eisceachtaí sainithe, a mbeidh údar maith leo atá leagtha síos sa Rialachán seo. Ba cheart gombeadh na heisceachtaí sin faoi réir léirmhíniú dian agus cheanglais na comhréireachta. Ba cheart ábhar sonrach, feidhmchláir shonracha agus seirbhísí sonracha a chosaint, agus catagóirí sonracha de na nithe sin freisin, de dheasca an tionchar diúltach ar roghanna anúsáideora deiridh agus ar an nuáil a bhaineann le blocáil nó bearta sriantacha eile nachdtagann faoi raon feidhme na n-eisceachtaí a bhfuil údar leo. Rialacha i gcoinne athrú a dhéanamh ar ábhar, seirbhísí nó feidhmchláirtagraítear leo d’ábhar nacumarsáide a mhodhnú, ach ní chuirtear toirmeasc leo ar theicnící comhbhrúite neamh-idirdhealaitheacha lena laghdaítear méid an chomhaid sonraí gan aon mhodhnú aranábhar. Cumasaítear leis an gcomhbhrú sin úsáid níos éifeachtaí a bhaint as acmhainní ganna agus is chun leasa na n-úsáideoirí deiridh é maidir le toirteanna sonraí alaghdú, an luas a mhéadú agus le heispéireas an t-ábhar, na feidhmchláir nó na seirbhísí lena mbaineannán-úsáid.

(12)

Ba cheart go bhféadfaí bearta bainistithe tráchta a théann thar bearta bainistithe tráchta réasúntaa chur i bhfeidhm, ach sin amháingo feadh an méid is gá iad agus chomh fada agus is gá iad naheisceachtaí a bhfuil údar leo atá leagtha síossa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(13)

Féadfaidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon bheith faoi réir reachtaíocht de chuid anAontais nó reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonann dlí an Aontais (mar shampla, reachtaíocht a bhaineann le dlíthiúlacht ábhair, feidhmchlár nó seirbhísí, nó reachtaíocht a bhaineann le sábháilteacht phoiblí a chomhlíonadh, lena n-áirítear dlí coiriúil, lena gceanglaítear, mar shampla, ábhar sonrach, feidhmchláir shonracha nó seirbhísí sonracha a bhlocáil, nó le bearta lena gcuirtear anreachtaíocht sin i bhfeidhm nó chun feidhme, amhail bearta náisiúnta a bhfuil feidhm ghinearálta acu, orduithe cúirte, cinntí ó údaráis phoiblí ag a bhfuil na cumhachtaí ábhartha, nó bearta eile lena n-áirithítear go gcomhlíontar an reachtaíocht sin (mar shampla, oibleagáidí chun orduithe cúirte a chomhlíonadh nó orduithe ó údaráis phoiblí lenagceanglaítear ábhar neamhdhlíthiúil a bhlocáil). An ceanglas maidir le dlí an Aontais a chomhlíonadh, baineann sé, interalia, le comhlíonadh cheanglais Chairt umChearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i ndáil le feidhmiú cearta agus saoirsí bunúsacha atheorannú. Mar a fhoráiltear i dTreoir2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), aon bhearta ar dóigh dóibh cearta bunúsacha nó shaoirsí bunúsacha a shrianadh, ní bheidhsiad le forchur ach amháin má tá siad iomchuí, comhréireach agus riachtanachi sochaí dhaonlathach, agus beidh a gcur chun feidhme faoi réir coimircí leordhóthanacha nós imeachta i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, lena n-áirítear cosaint éifeachtach bhreithiúnach agus próis chuí.

(14)

Ba cheart go gceadófaí do sholathraithe seirbhísí rochatan idirlín bearta bainistithe tráchta a théann thar bhearta bainistithe tráchta réasúnta a úsáid nuair a fhéadfar údar maith a thabhairt leo chun sláine agusslándáil an líonra a chosaint, mar shampla, trí chibear-ionsaithe a tharlaíonn trí leathadh bogearraí mailíseacha nó goid aitheantais úsáideoirí deiridh a tharlaíonn trí spiairearraía úsáid a chosc.

(15)

Féadfaidh sé go mbeidh gá freisin le bearta a théann thar na bearta bainistithe tráchta réasúnta chun plódú líonra atá ag bagairt a chosc, is é sin, cásanna ina mbeidh plódú ar tí tarlú, agus chun maolú a dhéanamh ar éifeachtaí an phlódaithe líonra, i gcás nach dtarlaíonn plódú den sórt sin ach go sealadach agus in imthosca eisceachtúla. Le prionsabal na comhréireachta, ceanglaítear, le bearta bainistithe tráchta bunaithe ar an eisceacht sin, go gcuirfí cóir chomhionann ar chatagóirí coibhéiseacha tráchta. Ba cheart plódú sealadach athuiscint mar thagairt do staideanna sonracha gearrthéarmacha, i gcás ina bhfuil méadú tobann ar líon na n-úsáideoirí sa bhreis ar na húsáideoirí rialta, nó méadú tobann ar an éileamh ar sheirbhís shonracha, fheidhmchláir shonracha, nó ar ábharsonrach, a d’fhéadfadh bheith mar chúis le róshreabhadh inacmhainn tarchurtha roinnt de na heilimintí den líonra agus frithghníomhacht cuid eile denlíonra a laghdú. D’fhéadfadh plódú sealadach a titim amach go háirithe i líonraí teileafón soghluaiste, atá faoi réir coinníollacha atá níos athraithí, amhail bacainní fisiceacha, cumhdach faoi dhíon níos ísle, nó líon athraitheach úsáideoirí gníomhacha le suíomh atá agathrú. D’fhéadfadh sé a bheith intuartha go dtarlóidh plódú sealadach den sórt sin ó am goham ag pointí áirithe sa líonra — den sórt sin nach féidir a mheas mar rud eisceachtúil, gané a bheith ag tarlú arís is arís eile nó ar feadh tréimhsí fada a mbeadh bonn cirt leis anacmhainn a leathnú ón taobh eacnamaíoch de. Ba cheart plódú eisceachtúil a thuiscint marthagairt do staideanna neamh-intuartha agus dosheachanta plódaithe, i líonraí fosaithe agus soghluaiste araon.

Áirítear ar na nithe a d’fhéadfadh a bheith ina gcúiseanna leis na staideanna sin, teip theicniúil amhail éaradh seirbhíse mar gheall ar cháblaí briste nó eilimintí bonneagair eile briste, athruithe gan choinne i ródú tráchta nó méaduithe móra ar líonra tráchta i ngeall ar staideanna éigeandála nó eile nach bhfuil neart ag soláthraithe seirbhíse rochtana ar an idrlíon orthu. Fadhbanna plódaithe den sórt sin, is dóchúil go mbeadh siad annamh ach dian, agus ní gá go mbeadh siad gearrthéarmach. An gá atá le bearta bainistithe tráchta a chur i bhfeidhm a théann thar bearta bainistithe tráchta réasúnta chun éifeachtaí plódaithe líonra sealadacha nó eisceachtúla achosc nó a mhaolú, níor cheart go dtabharfaí an deis leo do sholáthraithe seirbhísí rochatan idirlín teacht timpeall arantoirmeasc ginearálta arbhlocáil, moilliú, athrú, teorannú cur isteach díghrádú nó idirdhealú a dhéanamh idir ábhar sonrach, feidhmchláir shonracha nó seirbhísí sonracha, nó aicmí sonracha díobh. Plódú sa líonra a mhaireann níos faide nó a tharlaíonn arís agus arís eile agus nach bhfuil eisceachtúil nó sealadach, ba cheart nach mbeifí in ann, leis, leas a bhaint as eisceacht densórt sin agus ba cheart dul i ngleic leo trí acmhainn an líonra a leathnú.

(16)

Teastaíonn ó sholáthraithe ábhair, feidhmchlár agus seirbhísí go mbeadh siad in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon, a bhfuil leibhéil shonracha cáilíochta ag teastáil ina leith, nach n-áirithítear leis na seirbhísírochtana ar an idrlíon. Teastaíonn ó roinnt seirbhísí a fhónann don leas poiblí nó ó roinnt seirbhísí nua cumarsáide meaisín-go-meaisín na leibhéil shonracha cháilíochta sin. Maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus soláthraithe ábhair, feidhmchlár nó seirbhísí, ba cheart go mbeadh cead acu seirbhísí a thairiscint seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon atá barrfheabhsaithe d’ábhar sonrach, d’feidhmchláir shonracha nó do sheirbhísí sonracha, nó teaglaim díobh sin, i gcás ina bhfuil an-barrfheabhsú riachtanach le go gcomhlíonfar na riachtanais le go mbainfeadh an t-ábhar, na feidhmchláir nó na seirbhísí leibhéal sonrach cáilíochta amach. Bacheart donahúdaráis rialála náisiúnta fíorú an bhfuil gá leis an mbarrfheabhsú sin gohoibiachtúil agus a mhéid a bhfuil gá leis má tá chun príomhghnéithe an ábhair, an fheidhmchláir nó na seirbhíse a áirithiú agus chun dearbhú cáilíochta comhfhreagrach do na húsáideoirí deiridh a chumasú, seachas tosaíocht ghinearálta idtaca le hábhar inchomparáide a dheonú ar ábhar, feidhmchláir nó seirbhísí atá ar fáil tríd an tseirbhís rochtana ar an idrlíon agus, ar an gcaoi sin, teacht timpeall arnaforálacha maidir leis na bearta bainistithe tráchta is infheidhme maidir leisnatseirbhísírochtana ar an idrlíon.

(17)

Chun drochthionchar ar sholáthar seirbhísí den chineál sin maidir le infhaighteacht nó cáilíocht ghinearálta sheirbhísí rochtana ar an idrlíond’úsáideoirí deiridh a sheachaint, isgá acmhainn leordhóthanach a áirithiú. Maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí donphobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, níor cheart dóibh, mar sin, seirbhísí eile den sórt sin a thairiscint, nó comhaontuithe comhfhreagracha a thabhair i gcrích le soláthraithe ábhair, feidhmchlárnó seirbhísí lena n-éascaítear seirbhísí den chineál sin, ach amháin má tá dóthain acmhainne líonra ann chun iad a sholáthar de bhreis ar aon seirbhísí rochtana ar an idrlíon a sholáthraítear. Níor cheart do sheirbhísí eile inúsáidte nó a thairgtear inionad seirbhísí rochtana ar an idrlíonteacht timpeall ar fhorálacha an Rialacháin seo maidir le rochtain idirlín oscailte a choimirciú. Mar sin féin, cé go bhféadfaidh seirbhísí corparáide amhail líonraí fíorúla príobháideacha rochtain a thabhairt ar an idirlíon, níor cheart iad a mheas mar sheirbhís athiocfadh in ionad na seirbhíse rochtana ar an idrlíon, ar choinníoll go mbeidh sóláthar rochtana den chineál sin ar an idirlíon ó sholáthraí cumarsáide leictreonaí don phobal i gcomhréir le hAirteagal 3(1) go (4) den Rialachán seo agus, dá bhrí sin, nach bhféadfar a mheas gur teacht timpeall ar na forálacha sin a bheadh ann. Maidir le seirbhísí den chineál sin seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon a sholáthar, níor cheart go ndéanfadh sin díobháil d’infhaighteacht ná docáilíocht ghinearálta sheirbhísí rochtana ar an idrlíond’úsáideoirí deiridh. I gcás líonraí teileafón soghluaiste, bíonn sé deacair toirt an tráchta i gcill raidió ar leith a thuar toisc gon-athraíonn líon gníomhach na n-úsáideoirí deiridh agus ar an gcúis sin d’fhéadfaí gombeadh tionchar ag cúinsí nárbh fhéidir a thuar ar cháilíocht sheirbhís rochtana ar an idrlíon na n-úsáideoirí deiridh.

I gcás líonraí teileafón soghluaiste, níor cheart a mheas gondéantar díobháil do cháilíocht ghinearálta sheirbhís rochtana ar an idrlíon na n-úsáideoirí deiridh i gcás ina mbeadh tionchar diúltach comhiomlán na seirbhísí seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon dosheachanta, íosta agus teoranta do thréimhse ghearr. Ba cheart gon-áiritheodh na húdaráis rialála náisiúnta go gcomhlíonfaidh soláthraithe na cumarsáide leictreonaí don phobal an ceanglas seo, mar atá leagtha amach in Airteagal4. I ndáil leis seo, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta measúnú a dhéanamh ar an tionchar arinfhaighteacht agus ar cháilíocht ghinearálta seirbhísí rochtana ar an idrlíon trí anailís adhéanamh interalia, ar pharaiméadair cháilíocht na seirbhíse (amhail folaigh, giodam, caillteanas paicéid), leibhéil agus éifeachtaí an phlódaithe sna líonraí, an luas iarbhír i gcoinne a fógraíodh, feidhmíocht na seirbhísí rochtana ar an idrlíon i gcomparáid le seirbhísí seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon, agus cáilíocht mar a bhraitheann úsáideoirí deiridh í.

(18)

Ba cheart go gcomhlánófaí na forálacha maidir le rochtain oscailte idirlín a choimirciú le forálacha éifeachtacha an úsáideora dheiridh a thugann aghaidh ar shaincheisteanna abhaineann go háirithe le seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus a chuireann ar chumas úsáideoirí deiridh roghanna eolasacha a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha sin debhreis ar na forálacha is infheidhme de Threoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agusba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag na Ballstáit bearta atá níos forleithne a choimeád ar bun nó a ghlacadh. Bacheart go gcuirfeadh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon úsáideoirí deiridh aran eolas ar bhealach soiléir maidir leis an gcaoiabhféadfadh tionchar a bheith agna cleachtais bainistithe tráchta a chuirtear i bhfeidhm ar cháilíocht na seirbhísírochtana ar an idrlíon, arphríobháideachas úsáideoirí deiridh agus ar chosaint sonraí pearsanta agus maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar sheirbhísí seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon a bhfuil síntiús acu leo, maidir le cáilíocht agus infhaighteacht seirbhísí rochtana ar an idrlíon atá acu faoi seach. D’fhonn cumhacht a thabhairt do úsáideoirí deiridh i gcásanna densórt sin, dá bhrí sin, ba cheart go gcuirfeadh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon úsáideoirí deiridh ar an eolas sa chonradhfaoin luas atá siad inann a sholáthar go réadúil. Tuigtear gurb é an luas atá ar fáil de ghnáthmar an luas ad’fhéadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leis an chuid is mó den am agus é nó í ag fáil rochtana ar an tseirbhís. Ba cheart go gcuirfeadh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon úsáideoirí deiridh ar an eolas freisin maidir leis na réitigh atá ar fáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás nach gcomhlíontar an fheidhmíocht. Ba cheart aon difríocht shuntasach agus leanúnach nó aon difríocht a athfhilleann go rialta, arna deimhniú le sásra faireacháin atá deimhnithe ag an údarás rialála náisiúnta, idir feidhmíocht iarbhír na seirbhíse agus an fheidhmíocht arna cur in iúl sa Chonradh, a mheas a bheith inaneamhchomhréireacht feidhmíochta chun críocha na réitigh atá ar fáil dontomhaltóir a chinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart anmhodheolaíocht a bhunú idtreoirlínte BEREC agus ba cheart í a athbhreithniú agus athabhairt chun dáta de réir mar is gá chun aon dul chun cinn teicneolaíochta agusbonneagair a léiriú. Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta comhlíonadh na rialacha sa Rialachán seomaidir le bearta trédhearcachta chun rochtain oscailte idirlín a fhorfheidhmiú.

(19)

Tá ról fíor-riachtanach ag údaráis náisiúnta rialála lena áirithiú gur féidir le húsáideoirí deiridh úsáid éifeachtach a bhaint as a gceartafaoin Rialachán seo agusgogcomhlíontar na rialacha maidir le rochtain idirlín oscailte a choimirciú. Chun na críche sin, ba cheart oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a bheith ar údaráis náisiúnta rialála, agus ba cheart dóibh aáirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal, lenan-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, a n-oibleagáidí a chomhlíonadh a bhaineann le rochtain idirlín oscailte a choimirciú. Áirítear orthu sin an oibleagáid acmhainn leordhóthanach idirlín aáirithiú chun seirbhísí rochtana neamh-idirdhealaitheacha idirlín ar ardchaighdeán asholáthar agus níor cheart don chaighdeán ginearálta sin díobháil a fhorchur margheall ar sholáthar seirbhísí ar leibhéal sonrach cáilíochta, seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon. Ba cheart go mbeadh cumhachtaí agúdaráis náisiúnta rialála ceanglais maidir le saintréithe teicniúla, íoscheanglais cáilíochta seirbhíse a fhorchur agus bearta iomchuí eile ar gach soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal nó ar sholáthraithe aonair seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal, más gá é sin a dhéanamh chun comhlíonadh foralácha an Rialacháin seo maidir le rochtain idirlín oscailte a choimirciúnó chun díghrádú cháilíocht ghinearálta na seirbhísí rochtana ar an idrlíon d’úsáideoirí deiridh a chosc. Agus sin á dhéanamh, ba cheart d’údaráis náisiúnta rialála lánaird athabhairt ar an treoir ábhartha a fhaigheann siad ó Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC).

(20)

Tá an margadh don chumarsáid shoghluaiste ilroinnte i gcónaí san Aontas, agus níl aonlíonra soghluaiste a chumhdaíonn na Ballstáit uile. Mar gheall air sin, d’fhonn seirbhísí cumarsáide soghluaiste a sholáthar dá gcustaiméirí baile a bhíonn ag taisteal laistigh denAontas, ní mór do sholáthraithe fánaíochta seirbhísí fánaíochta mórdhíola a cheannach óoibreoirí i mBallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air, nó seirbhísí fánaíochta mórdhíola amhalartú leo.

(21)

Bunaítear i Rialachán (AE) Uimh.531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) an cuspóir beartais gur chóir don difríocht idir taraifí fánaíochta agus baile druidim le nialas. Mar sin féin, ní féidir an aidhm chríochnaitheach maidir le fáil réidh leis an difríocht idir muirir bhaile agus muirir fhánaíochta abhaint amach ar bhealach inbhuanaithe leis an leibhéal muirear mórdhíola a fheictear anois. Leagtar amach mar sin leis an Rialachán seo gur cheart deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola ón 15 Meitheamh 2017 ar aghaidh, ar an gcoinníoll gur tugadh aghaidh ar na ceisteanna a thugtar faoi deara sna margaí fánaíochta mórdhíola faoi láthair. Indáil leis an méid sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an margadh fánaíochta mórdhíola, agus togra reachtach a chur ar aghaidh bunaithe ar thoradh anathbhreithnithe sin.

(22)

Ag an am céanna, ba cheart go mbeadhsoláthraithe seirbhísí fánaíochta “beartas maidir le húsáid chóir” a chur i bhfeidhm maidir le tomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthraítear ar an bpraghas miondíola intíre is infheidhme. Tá sé mar aidhm leis an ‘mbeartas maidir le húsáid chóir’ go gcuirfear cosc ar chustaiméirí seirbhísí fánaíochta nó leas a bhaint as na seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, ar mí-úsaid nó úsáid aimhrialta í, amhail úsáid na seirbhísí sin ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta in aon Bhallstát nach é Ballstát a sholáthraí intíre é chun críocha eile seachas taisteal tréimhsiúil. Mar thoradh ar aon bheartas maidir le húsáid chóir ba cheart go gcuirfear ar chumas chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta toirteanna seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, a bheidh comhsheasmhach leis napleananna taraife atá acu faoi seach, a úsáid ag an bpraghas miondíola baile isinfheidhme.

(23)

In imthosca sonracha agus eisceachtúla i gcás nach bhfuilsoláthraí seirbhísí fánaíochta in ann a chuid costas iomlán iarbhír agus réamh-mheasta a bhaineann le seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar a aisghabháil as a ioncam iomlán iarbhír agus réamh-mheasta ó na seirbhísí sin a sholáthar, ba cheart go mbeadh an soláthraí seirbhísí fánaíochta sin in ann iarratas a dhéanamh ar údarú formhuirear a chur i bhfeidhm d’fhonn inbhuanaitheacht an mhúnla muirearaithe bhaile a áirithiú. Beidh an measúnú ar inbhuanaitheacht an mhúnla muirearaithe bhaile bunaithe ar ghnéithe oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis an soláthraí seirbhísí fánaíochta, lena n-áirítear éagsúlachtaí oibiachtúla idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta sa Bhallstát lena mbaineann agus leibhéal na bpraghsanna náisiúnta agus na n-ioncam náisiúnta. Féasdfaidh sé gurb amhlaidh an cás, mar shampla, le haghaidh múnlaí cothromráta miondíola baile oibreoirí a bhfuil neamhchothromaíochtaí suntasacha diúltacha acu, áit a bhfuil an praghas baile intuigthe in aghaidh an aonaid íseal i gcoibheis le hioncaim iomlána an oibreora íseal freisin nó áit a bhfuil a bhfuil an praghas baile intuigthe in aghaidh an aonaid íseal agus ina bhfuil tomhaltas seirbhísí fánaíochta iarbhír nó réamh-mheasta ard. A luaithe a bheidh na margaí fánaíochta mórdhíola agus miondíola araon tar éis oiriúnú go hiomlán do ghinearálú na fanaíochta ar leibhéil phraghsanna baile agus dá ionchorprú mar ghnáththréith pleananna taraife miondíola, níltear ag súil leis go n-éireoidh imthosca eisceachtúla den sórt sin a thuilleadh. Chun an staid a sheachaint ar dá réir a fhágfaidh fadhbanna i dtaca le costais a aisghabháil go mbeidh múnla miondíola baile soláthraithe seirbhísí fanaíochtaneamhinbhuanaithe, rud a ghinfidh riosca go mbeidh eifeacht suntasach aige ar an tslí ina dtarlaíonn forás ar phraghsanna baile nó “éifeacht an leaba uisce” mar a thugtar air, ba cheart go mbeadh soláthraithe seirbhísí fánaíochta, sna himthosca sin, a bheith in ann formhuirear a fhorchur ar sheirbhísí miondíola fánaíochta rialáilte ach sin ach amháin go feadh an méid is gá chun na costais iarbhíré ábhartha uile a bhaineann le soláthar na seirbhísí sin a sholáthar.

(24)

Chun na críche sin, ba cheart na costais a tabhaíodh chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar, a chinneadh trí thagairt a dhéanamh do na muirir fánaíochta mórdhíola iarbhír a chuirtear i bhfeidhm maidir le trácht fánaíochta amach an tsoláthraí seirbhísí fánaíochtalena mbaineann, sa bhreis ar a thrácht fánaíochta isteach, chomh maith le le tagairt a dhéanamh dosholáthar réasúnach do chostais chomhpháirteacha agus comhchoiteanna. Ba cheart ioncam ó sheirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a chinneadh trí thagairt a dhéanamh d’ioncam ar leibhéil praghsanna baile atá inchurtha i leith tomhaltasseirbhísífánaíochta, bíodhs é ar bhonn phraghas an aonaid nó mar chion de bhuntáille, lena léirítear cion iarbhír agus réamh-mheasta faoi seach an tomhaltais fánaíochta ag custaiméirí laistigh denAontas mar aon le tomhaltas baile. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar thomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte agus ar thomhaltas baile chustaiméirí antsoláthraí seirbhísí fánaíochta, agus ar an leibhéal iomaíochta, ar phraghsanna agusarioncam sa mhargadh baile, agus ar aon riosca inbhraite go ndéanfaí difear suntasach d’fhorbairt ar na praghsanna sin trí fhánaíocht ar phraghsanna miondíola baile.

(25)

D’fhonn aistriú réidh ó Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 chuig deireadh a churle formhuirir fánaíochta a áirithiú, ba cheart go dtabharfaí isteach leis an Rialachán seo idirthréimhse, inarcheart go mbeadh na soláthraithe seirbhísí fánaíochta in ann formhuirear a chur leis praghsanna baile ar na seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthraítear. Ba cheart gondéanfaí ullmhúchán leis an gcóras idirthréimhseach sin don athrú ó bhonn ar an gcur chuige a úsáidfear, sa mhéid is go dtabharfar isteach seirbhísí fánaíochta ar fud anAontais mar chuid lárnach de na pleananna taraife baile a chuirfear ar fáil sna margaí éagsúla baile. Ar an gcaoi sin, ba cheart gurbh iad na praghsanna miondíola baile faoi seach, afhéadfaidh a bheith faoi réir formhuirear nach mbeidh níos mó ná an muirear uasta mórdhíola fánaíochta a bhí infheidhme le linn na hidirthréimhse díreach roimh an aistriú, abheith mar phointe tosaigh an chórais idirthréimhsigh. Ba cheart go n-áiritheofaí leis angcóras idirthréimhseach sin freisin laghduithe praghais suntasacha i gcomhair custaiméirí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus níor cheart in imthosca ar bith, nuair a chuirfear leis an bpraghas miondíola baile é, go dtiocfadh praghas fánaíochta miondíola níos airde as ná an muirear uasta fánaíochta miondíola rialáilte a bhí infheidhme sanidirthréimhse díreach roimh an aistriú.

(26)

Ba cheart go mbeadh an praghas miondíola baile ábhartha cothrom leis an muirear miondíola baile in aghaidh an aonaid. Mar sin féin, i gcás nach bhfuil praghsanna miondíola baile sonracha a d’fhéadfaí a úsáid mar bhonn chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte (marshampla, i gcás pleananna taraife neamhtheoranta baile, cuachta nó taraifí baile nachn-áirítear sonraí iontu), ba cheart an praghas miondíola baile a mheas a bheith marangcéanna leis an sásra muirearaithe amhail is dá mbeadh an custaiméir ag baint úsáid asan bplean taraife baile i mBallstátan chustaiméara.

(27)

D’fhonn feabhas a chur ar iomaíocht sa mhargadh fánaíochta miondíola, le Rialachán (AE) Uimh.531/2012, ceanglaítear ar sholáthraithe baile cur ar chumas a gcuid custaiméirí rochtain a fháil arsheirbhísí fánaíochta rialáilteguthghlaonna, SMS agus seirbhísí fánaíochta sonraí marchuach, arna soláthar ag aon soláthraí seirbhísí fánaíochta malartach. Ós rud é go go bhfuiltear leis an Rialachán seo chun deireadh a chur le muirir miondíola fánaíochta atá leagtha amach in Airteagal 8, Airteagal 10 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 go gairid amach anseo, ní bheadh sé comhréireach a thuilleadh ceangal ar sholáthraitheseirbhísí fánaíochta an cineál seo díola ar leithligh seirbhísí fánaíochta rialáiltea chur chun feidhme. Féadfaidh soláthraithe a chuir ar chumas agcuid custaiméirí cheana féin rochtain a fháil ar sheirbhísí guthghlaonna, SMS agusfánaíochta sonraí, arna soláthar ag aon soláthraí malartach seirbhísí fánaíochta mar chuach, leanúint leis sin. Ar an taobh eile de, ní féidir a eisiamh gur féidir le custaiméirí seirbhísí fánaíochta leas a bhaint as praghsanna miondíola atá níos iomaíche, go háirithe maidir le sonraí, i margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu. Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar éileamh agusarthábhacht na seirbhísí fánaíochta sonraí, ba cheart bealaí malartacha chun rochtain afháil ar sheirbhísí fánaíochta sonraí a sholáthar do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta agus iad agtaisteal. Dá bhrí sin, ba cheart go gcoimeádfaí ar bun an oibleagáid ar sholáthraithe baile agusseirbhísí fánaíochta gan custaiméirí a chosc ó rochtain a fháil ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí a sholáthraíonnsoláthraí malartach seirbhísí fánaíochta go díreach ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air ag mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 531/2012.

(28)

I gcomhréir leis an bprionsabal go n-íocann an páirtí a ghlaonn, ní íocann custaiméirí soghluaiste chun glaonna soghluaiste baile a fháil, ach cumhdaítear an costas a bhaineann le glaoch a chríochnú i líonra an pháirtí a glaodh i muirear miondíola an pháirtí aghlaoigh. Le cóineasú na rátaí críochnaithe soghluaiste ar fud na mBallstát, ba cheart gombeifear in ann an prionsabal céanna a chur i bhfeidhm maidir le glaonna fánaíochta miondíola rialáilte. Mar sin féin, ós rud é nach amhlaidh atá go fóill, i gcásanna atá leagtha amach sa Rialachán seo ina bhfuil cead ag soláthraithe seirbhísí fánaíochta formhuirear a chur i bhfeidhm i leith seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, níor cheart go mbeadh anformhuirear a chuirfí i bhfeidhm le haghaidh glaonna fánaíochta a fuarthas níos mó námeán ualaithe na rátaí uasta críochnaithe soghluaiste mórdhíola atá socraithe ar fud an Aontais. Meastar gur córas idirthréimhseach é seo go dtí go dtabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar an tsaincheist sin atá fós gan réiteach.

(29)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán(AE)Uimh.531/2012 a leasú dá réir.

(30)

Ba cheart go mbeadh sa Rialachán seo beart sonrach de réir bhrí Airteagal 1(5) deThreoir20012/21/CE. Dá bhrí sin, i gcás ina ndéanann soláthraithe seirbhísí fánaíochta uile-Aontais athruithe ar a dtaraifí miondíola fánaíochta agus ar bheartais úsáide seirbhísí fánaíochta d’fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, níor cheart go dtiocfadh dethairbhe athruithe den sórt sin do chustaiméirí teileafón soghluaiste faoi na dlíthe náisiúnta lena dtrasuítear an creat rialúcháin reatha do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí aon cheart tarraingt siar as a gconarthaí.

(31)

D’fhonn cearta custaiméirí seirbhísí fánaíochta, a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, a neartú, ba cheart go leagfaí síos sa Rialachán seo, maidir le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, ceanglais shonracha trédhearcachta ailínithe leis nacoinníollacha sonracha taraife agus toirte a bheidhle cur i bhfeidhm a luaithe a chuirfear deireadh le formhuirir fánaíochta. Go háirithe, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le fógraa thabhairt go tráthúil, saor in aisce, do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta a bhaineann le seirbhísí fánaíochta faoinmbeartas is infheidhme maidir le húsáid chóir, agus maidir leis an tráth ambainfear amach toirt chóir tomhalta seirbhísí guthghlaonna, SMS nó sonraí rialáilte, faoi aon fhormhuirear, agus faoi tomhailt charntha ar sheirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte.

(32)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leisan meán ualaithe uasta ar rátaí críochnaithe soghluaiste, agus na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm bheartas na húsáide córa agus maidir leis anmhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht deireadh a chur le formhuirir fánaíochta, agus ar an iarratas a bheidh le déanamh ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin a leagan amach. Ba cheart na cumhachtaí sin afheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agusóngComhairle (8).

(33)

Comhlíonann an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus urramaíonn sé na prionsabail aaithnítear go sonrach sa Chairt, go háirithe cosaint sonraí pearsanta, saoirse cainte agus saoráil faisnéise, saoirse chun gnó a sheoladh, neamh-idirdhealú agus cosaint tomhaltóirí.

(34)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rialacha comhchoiteanna a bhunú isgá chun rochtain idirlín oscailte a choimirciúa bhunú agus deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola, a bhaint amach go leordhóthanach ach, gur fearr dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, igcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal nacomhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar abhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(35)

Chuathas i gcomhairle leis an Rialtóir Eorpachar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 45/2001 ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus thug sé tuairim an 24 Samhain 2013,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha comhchoiteanna chun gondéanfar an chóir chomhionann agus neamh-idirdhealaitheach a chuirtear ar thrácht i ndáil le soláthar seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus cearta úsáideoirí deiridh achoimirciú.

2.   Leis an Rialachán seo bunaítear sásra nua maidir le praghsanna miondíola do sheirbhísí fánaíochta rialáilte ar fud an Aontais d’fhonn deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola ganmargaí baile agus margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu a shaobhadh.

Airteagal2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 idTreoir2002/21/CE.

Tá feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal”gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal;

(2)

ciallaíonn “seirbhís rochtana ar an idrlíon” seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal agus asholáthraíonn rochtain ar an idirlíon, agus dá bhrí sin lúdracht le beagnach gach pointe deiridh aran idirlíon, beag beann ar an teicneolaíocht líonra agus ar an trealamh teirminéil atá in úsáid.

Airteagal 3

Rochtain an idirlín oscailte a choimirciú

1.   Beidh sé de cheart ag úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar ábhar agus anfhaisnéis agus an t-ábhar sin a dháileadh, feidhmchláir agus seirbhísí a fheidhmiú, agus a úsáid agus an trealamh teirminéil is rogha leo a úsáid, beag beann ar shuíomh an úsáideora dheiridh nó an tsoláthraí, ar shuíomh, ar thionscnamh nó ar cheann scríbe na faisnéise,an ábhair, an fheidhmchlair nó na seirbhíse, trína seirbhís rochtana ar an idrlíon.

Tá an mhír seo gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta,a chomhlíonann dlí an Aontais abhaineann le dlíthiúlacht anábhair, nabhfeidhmchlár nó na seirbhísí.

2.   Ní chuirfear teorainn ar fheidhmiú chearta úsáideoirí deiridh a leagtar síos i mír 1 le comhaontuithe idir soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus úsáideoirí deiridh a bhaineann le coinníollacha tráchtála agus teicniúla agus le saintréithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon amhail praghas, toirteanna sonraí nó luas sonraí, agus aon chleachtais tráchtála arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon.

3.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idirlíon cóir chomhionann ar antrácht ar fad, agus seirbhísí rochtana ar an idirlíon á soláthar, gan idirdhealú, srianadh ná cur isteach air, agus beag beann ar an seoltóir, ar an bhfaighteoir, ar an ábhar ar a bhfuarthas rochtain nó a leithdháileadh, ar na feidhmchláir nó na seirbhísí a úsáideadh nó a soláthraíodh, nó ar an trealamh teirminéil a úsáideadh.

Ní chuirfidh an chéad fhomhír cosc ar sholáthraithe seirbhísí rochtana ar an idirlíon bearta bainistithe tráchta réasúnta a chur chun feidhme. D’fhonn a mheas go bhfuil siad réasúnta, beidh bearta den sórt sin trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus ní bheidh siad bunaithe ar chúinsí tráchtála ach ar cheanglais cháilíochta seirbhíse chatagóirí sonracha tráchta atá éagsúil gohoibiachtúil. Leis na bearta sin ní chumhdófarfaireachán aranábhar sonrach agus ní choimeádfar iad níos faide ná mar is gá.

Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon bearta bainistithe tráchta a chur ibhfeidhm a théann níos faide ná na bearta a leagtar amach sadara fomhír, agus go háirithe nídhéanfaidh siad ábhar sonrach, feidhmchláir shonracha nó seirbhísí sonracha, nó cineálacha sonracha díobh sin, abhlocáil, a mhoilliú, a athrú, cur isteach air nó orthu, a shrianadh, a dhíghrádú nó idirdhealú a dhéanamh eatarthu, ach amháingo feadh an méid is gá, agus do thréimhse nach faide ná mar is gá, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

reachtaíocht an Aontais nó an reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonadh, i gcomhréir le dlí an Aontais, ar faoina réir atá soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, nó bearta a chomhlíonann dlí an Aontais lena dtugtar éifeacht do reachtaíocht an Aontais nó do reachtaíocht náisiúnta den sórt sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear orduithe ó chúirteanna nó ó údaráis phoiblí ag a bhfuil na cumhachtaí ábhartha;

b)

sláine agus slándáil an líonra, na seirbhísí a sholáthraítear tríd an líonra sin, agus trealamh terminéilna n-úsáideoirí deiridh a chaomhnú;

c)

plódú líonra atá ag bagairt a chosc agus maolú a dhéanamh ar éifeachtaí a éiríonn asplódú eisceachtúil nó sealadach ar an líonra, ar choinníoll go gcuirtearcóir chomhionann ar chatagóirí coibhéiseacha tráchta.

4.   Ní dhéanfaraon bheart bainistithe tráchta ach amháin beart arb é atá ann sonraí pearsanta atá riachtanach agus comhréireach a phróiseáil chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 3 a bhaint amach. Déanfar próiseáil den sórt sin i gcomhréir le Treoir95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Comhlíonfaidh bearta bainistithe tráchta Treoir 2002/58/CE ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle (11) freisin.

5.   Maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus soláthraithe ábhair, feidhmchlár nó seirbhísí, beidhan tsaoirse acu seirbhísí a thairiscint seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon atá barrfheabhsaithe d’ábhar sonrach, d’feidhmchláir shonracha nó do sheirbhísí sonracha, nó teaglaim díobh sin, i gcás ina bhfuil an barrfheabhsú riachtanach le go gcomhlíonfaidh siad ceanglais an ábhair, na bhfeidhmchlár nó na seirbhísí le haghaidh leibhéal sonrach cáilíochta a bhaint amach.

Maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, ní fhéadfaidh siad seirbhísí den sórt sin a thairiscint nó a éascú ach amháin má tá dóthain acmhainne líonra ann chun iad a sholáthar de bhreis ar aon seirbhísí rochtana ar an idrlíon asholáthraítear. Ní bheidh seirbhísí den sórt sin inúsáidte ná ní thairgfear iad in ionad seirbhísí rochtana ar an idrlíon, agus ní dhéanfar dochar leo d’infhaighteacht seirbhísí rochtana ar an idrlíon nádá gcaighdeán ginearálta d’úsáideoirí deiridh.

Airteagal 4

Bearta trédhearcachta chun rochtain oscailte idirlín a áirithiú.

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon go sonrófar inaon chonradh ina n-áirítear seirbhís rochtana ar an idrlíon an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

faisnéis maidir leis an mbealach ina bhféadfadh bearta bainistithe tráchta arna gcur i bhfeidhm agansoláthraí sin tionchar a bheith acu ar cháilíocht na seirbhísírochtana ar an idrlíon, arphríobháideachas na n-úsáideoirí deiridh agus ar chosaint a sonraí pearsanta;

(b)

míniú soiléir sothuigthe ar an gcaoi ina bhféadfadh aon teorainn le toirt, luas agusair eile i leith cháilíocht na seirbhíse, tionchar a bheith acu i bpraitic ar na seirbhísí rochtana ar an idrlíon, go háirithe ar úsáid an ábhair, na bhfeidhmchlár agus na seirbhísí;

(c)

míniú soiléir sothuigthe ar an gcaoi ina bhféadfadh aon seirbhísí seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon dá dtagraítear in Airteagal3(5), dásuibscríobhann an t-úsáideoir deiridh a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu i bpraitic ar sheirbhísí rochtana ar an idrlíon an úsáideora deiridhsin;

(d)

míniú soiléir sothuigthe maidir le h uasluas íoslódála agus uaslódála agus fógraithena seirbhísí rochtana ar an idrlíon a bhíonn ar fáil de ghnáth i gcás líonraí fosaithe, nó uasluas measta íoslódála agus uaslódálafógraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon i gcás líonraí soghluaiste, agus faoin tslí arbh fhéidir lehimeachtaí suntasacha ó na luasanna uaslódála agus íoslódála a fhógraítear faoi seach tionchar a imirt ar fheidhmiú chearta na n-úsáideoirí deiridh a leagtar síos in Airteagal3(1);

(e)

míniú soiléir sothuigthe ar na réitigh atá ar fáil don tomhaltóir i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás aon neamhréireachta atá leanúnach nó a athfhilleann go rialta, idir feidhmíocht iarbhír seirbhíse rochtana ar an idirlíon maidir le luas nó paraiméadair eile i leith cháilíocht na seirbhíse agus an fheidhmíocht arna cur in iúl i gcomhréir le pointí (a) go (d).

Foilseoidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Cuirfidh soláthraithe na seirbhísí rochtana ar an idrlíon nósanna imeachta atá trédhearcach, simplí agus éifeachtach i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar ghearáin ó úsáideoirí deiridh a bhaineann leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 3 agus i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Tá na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear i dTreoir 2002/22/CE agus ní chuirfidh siad cosc ar na Ballstáit ceanglais bhreise faireacháin, faisnéise agus trédhearcachta a thabhairt isteach nó a choimeád, lenan-áirítear iad siúd a bhaineann le hábhar, foirm agus modh na faisnéise atá le foilsiú. Beidh na ceanglais sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na forálacha ábhartha i dTreoir 2002/21/CE agusTreoir 2002/22/CE.

4.   Maidir le haon neamhréireacht shuntasach, atá leanúnach nó a athfhilleann go rialta, idir feidhmíocht iarbhír na seirbhíse rochtana ar an idirlíon maidir le luas nó le paraiméadair eile i leith cháilíocht na seirbhíse agus feidhmíocht na seirbhíse rochtana ar an idirlíon arna cur in iúl ag an soláthraí seirbhísí rochtana ar an idirlíon i gcomhréir le pointí (a) go (d) de mhír 1, i gcás ina suífidh sásra faireacháin, arna deimhniú ag údarás náisiúnta rialála, na fíricí ábhartha, measfar í a bheith ina neamhchomhréireacht feidhmíochta chun críocha na réitigh atá ar fáil don tomhaltóir a ghníomhachtú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir leis na conarthaí a thabharfar i gcrích nó adhéanfar a athnuachan tar éis an … (12).

Airteagal 5

Maoirsiú agus forfheidhmiú

1.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta dlúthfhaireachán ar chomhlíonadh Airteagal3 agus Airteagal 4, agus ar mhír 3 agusmír 6 den Airteagal seo agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar iad, agus déanfaidh siad fáil leanúnach ar sheirbhísí rochtana ar an idrlíon neamh-idirdhealaitheacha a chur chun cinn ar leibhéil cháilíochta a léiríonn an dul chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta. Chun na críocha sin, féadfaidh nahúdaráis rialála náisiúnta ceanglais maidirle saintréithe teicniúla agus íoscheanglais maidir le cáilíocht naseirbhíse agus bearta eile is iomchuí agus is gá a fhorchur ar cheann amháin nó níos mó denasoláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon.

Foilseoidh na húdaráis rialála náisiúnta tuarascálacha ar bhonn bliantúil i ndáil lena bhfaireachán agus lena dtorthaí, agus cuirfidh siad na tuarascálacha sin ar fáil don Choimisiún agus do BEREC.

2.   Arna iarraidh sin don údarás naisiúnta rialála, déanfaidh na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, faisnéis a chur ar fáil a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 don údarás rialála náisiúnta, go háirithe faisnéis faoin gcaoi a bhainistítear a n-acmhainn líonra agus a dtrácht líonra, mar aon le boinn cirt le haon bhearta bainistithe tráchta a cuireadh i bhfeidhm. Soláthróidh na soláthraithe sin an fhaisnéis a iarradh i gcomhréir leis na teorainneacha ama agus le leibhéal na mionsonraí a cheanglaíonn an t-údarás náisiúnta rialála.

3.   Faoin… (13) …, d’fhonn rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo, déanfaidh BEREC, tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí atá ag na húdaráis rialála náisiúnta faoin Airteagal seo.

4.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do na cúraimí a dhéanann na Ballstáit a shannadh dona húdaráis naisiúnta rialála nó d’údaráis inniúla eile i gcomhlíonadh dhlí an Aontais.

Airteagal 6

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe arAirteagal 3 agus Airteagal 4 agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú gogcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na rialacha agus na bearta sin don Choimisiún faoin30 Aibreán 2016 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú inadhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh.

Airteagal 7

Leasuithe ar Rialachán(AE) Uimh.531/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh.531/2012 mar a leanas:

(1)

In Airteagal2, leasaítear mír2 mar a leanas:

(a)

déantar pointí (i), (l) agus (n) a scriosadh;

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(r)

ciallaíonn ‘praghas miondíola baile’ muirear miondíola baile sholáthraí seirbhísí fánaíochta in aghaidh an aonaid atá infheidhme maidir le glaonna a dhéantar agus teachtaireachtaí SMS a sheoltar (a thosaítear agus a chríochnaítear araon ar líonraí cumarsáide poiblí éagsúla laistigh den Bhallstát céanna), agus maidir le sonraí arna dtomhailt ag custaiméir;i gcás nach bhfuil aonmhuirear sonrach miondíola baile in aghaidh an aonaid ann, measfar gurb é an praghas miondíola baile an sásra muirearaithe céanna leis an sásra muirearaithe a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gcustaiméar i gcás glaonna a dhéantar agus teachtaireachtaí SMS a sheoltar (a thosaítear agus a chríochnaítear araon ar líonraí cumarsáide poiblí éagsúla laistigh den Bhallstát céanna), agus maidir le sonraí arna dtomhailt i mBallstát an chustaiméara sin;

(s)

ciallaíonn ‘seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte a dhíol arleithligh’ an soláthar seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a sholáthraíonn soláthraí fánaíochta malartach go direachdo chustaiméirí seirbhísí fánaíochta ar líonra a bhfuil cuairt átabhairt air.”.

(2)

In Airteagal3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír6:

“6.   Déanfar an tairiscint tagartha dá dtagraítear i mír 5 a mhionsonrú go leordhóthanach agus áireofar inti na compháirteanna uile atá riachtanach do rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola faoi mar a thagraítear di i mír 3, agus déanfar cur síos ann ar na tairiscintí ábhartha maidir le rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola agus maidir le rochtain arfhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol, agus ar na téarmaí gaolmhara agus arnacoinníollacha gaolmhara. Féadfar coinníollacha a chur san áireamh sa tairiscint tagartha sin chun cosc a chur ar bhuanfhánaíocht nó ar leas a bhaint as anrochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, ar úsáid aimhrialta nó mí-úsáid í, chun críocha eile seachas chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí na soláthraithe seirbhísí fánaíochta fad atá na custaiméirí sin ag taisteal laistigh den Aontas ar bhonn tréimhsiúil. Másgá, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta athruithe a fhorchur ar thairiscintí tagartha chun éifeacht a thabhairt d’oibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo.”.

(3)

Leasaítear Airteagal4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Airteagal4:

“Seirbhísí fánaíochta sonraí miondíolarialáilte a dhíol ar leithligh”;

(b)

scriostar an chéad fhomhír de mhír 1;

(c)

scriostar mír4 agus mír5.

(4)

Leasaítear Airteagal5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Airteagal5:

“Díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte a chur chun feidhme”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír1:

“1.   Déanfaidh na soláthraithe baile an oibleagáid a bhaineann le díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte, dá bhforáiltear in Airteagal 4, achur chun feidhme i dtreo is gur féidir le custaiméirí seirbhísí fánaíochta leas a bhaint as seirbhísí fánaíochta sonraí rialáiltea dhíol ar leithligh. Freastalóidh na soláthraithe baile dona hiarrataí réasúnacha uile ar rochtain ar shaoráidí agus ar sheirbhísí tacaíochta gaolmhara, ar saoráidí agus seirbhísí iad atá ábhartha i dtaca le seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte a dhíol ar leithligh. Maidir le rochtain ar na saoráidí sin agus ar na seirbhísí tacaíochta sin is gá chun seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte adhíol ar leithligh, lena n-áirítear seirbhísí fíordheimhnithe úsáideora, beidh sí saor in aisce agus ní chuirfear aon mhuirir dhíreacha ar na custaiméirí seirbhísí fánaíochta i ngeall air.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír2:

“2.   Lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme go comhsheasmhach agus go comhuaineach ar fud an Aontais díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agustaréis dul i gcomhairle le BEREC, rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le réiteach teicniúil chun díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte achur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh igcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal6(2).”;

(d)

i mír 3, leasaítear an réamhrá mar a leanas:

“3.   Maidir leis an réiteach teicniúil chun díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte a chur chun feidhme, comhlíonfaidh sé na critéir seo a leanas:”.

(5)

Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 6a

Deireadh a chur le formhuirir fánaíochta mhiondíola

Le héifeacht ón 15 Meitheamh 2017, ar an gcoinníoll go mbeidh an gníomh reachtach a ghlactar i ndiaidh an togra dádtagraítear in Airteagal19(2) is infheidhme ar an dáta sin, ní thoibheoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta aon fhormhuirearde bhreis ar an bpraghas miondíola baile maidir le custaiméirí seirbhísí fánaíochta i mBallstát ar bith as aon ghlao fánaíochta rialáilte a dhéantar nóafhaightear, as aon teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte a sheolfar agus asaonseirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a úsáidfear, lena n-áirítear teachtaireachtaí MMS, ná aon mhuirear ginearálta chun gombeifear in ann an trealamh nó an tseirbhís teirminéil a úsáid thar lear, faoi réir Airteagal6b agus 6c.

Airteagal 6b

Úsáid chóir

1.   Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta ‘beartas maidir le húsáid chóir’ a chur ibhfeidhm, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus leis na gníomhartha cur chun feidhme dádtagraítear in Airteagal6d, maidir le tomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte asholáthraítear ar an leibhéal praghais miondíola baile is infheidhme, d’fhonn cosc a chur archustaiméirí seirbhísí fánaíochta leas a bhaint as seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, ar mí-úsáid nó úsáid aimhrialta í, amhail úsáid na seirbhísí sin ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta i mBallstát eile seachas Ballstát a soláthraí baile chun críocha seachas críocha taistil thréimhsiúil.

Mar thoradh ar aon bheartas maidir le húsáid chóir cuirfear ar chumas chustaiméirí antsoláthraí seirbhísí fánaíochta toirteanna seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, abheidh comhsheasmhach leis na pleananna taraife atá acu faoi seach, a úsáid ag an bpraghas miondíola baile is infheidhme.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal6e maidir le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte lenarachfar thar aon bheartas maidir le húsáid chóir.

Airteagal 6c

Inbhuanaitheacht deireadha chur le formhuirir fánaíochta miondíola

1.   In imthosca sonracha agus eisceachtúla, d’fhonn inbhuanaitheacht a mhúnla muirearaithe bhaile a áirithiú, i gcás nach féidir le soláthraí seirbhísí fánaíochta a chuid costas iomlán iarbhír agus a chuid costas réamh-mheasta, a bhaineann le seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 6a agus 6b, a aisghabháil, asaioncam iomlán iarbhír agus réamh-mheasta ó na seirbhísí sin a sholáthar, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta sin iarratas a dhéanamh ar údarú formhuirear a chur ibhfeidhm. Ní chuirfear an formhuirear sin i bhfeidhm ach go feadh an méid is gá sin chun na costais, abhaineann le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar, a aisghabháil, ag féachaint do na muirir uasta mhórdhíola is infheidhme.

2.   I gcás ina gcinneann soláthraí seirbhísí fánaíochta leas a bhaint as mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh sé iarratas achur faoi bhraidan údaráis náisiúnta rialála gan mhoill agus tabharfaidh sé an fhaisnéis uile is gá dó igcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6d. Gach 12 mhí ina dhiaidh sin, tabharfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta anfhaisnéis sin cothrom le dáta agus cuirfidh sé í faoi bhráid an údaráis náisiúnta rialála.

3.   Chomh luath agus a gheobhaidh sé iarratas de bhun mhír 2, déanfaidh an t-údarás náisiúnta rialála measúnú le fíorú an bhfuil sé suite ag an soláthraí seirbhísí fánaíochta nach mbeidh sé in ann a chostais a aisghabháil i gcomhréir le mír 1, agus é maréifeacht leis sin go ndéanfaí dochar d’inbhuanaitheacht an mhúnla muirearaithe bhaile. Beidh an measúnú ar inbhuanaitheacht an mhúnla muirearaithe bhaile bunaithe ar ghnéithe oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis an soláthraí seirbhísí fánaíochta, lena n-áirítear éagsúlachtaí oibiachtúla idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta atá sa Bhallstát i dtrácht agus leibhéal na bpraghsanna náisiúnta agus na n-ioncam náisiúnta. Déanfaidh an t-údarás náisiúnta rialála an formhuirear a údarú i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha aleagtar síos i mír 1 agus sa mhír seo.

4.   Déanfaidh an t-údarás náisiúnta rialála an formhuirear a údarú laistigh d’aon mhí amháin tar éis iarratas a fháil ósholáthraí seirbhísí fánaíochta, mura rud é go bhfuil an t-iarratas go follasach gan bhunús.I gcás ina measann an t-údarás náisiúnta rialála gurfollasach go bhfuil an t-iarratas gan bhunús, nó má tá sé den tuairim nach leor anfhaisnéis atá curtha ar fáil ina leith, déanfaidh sé cinneadh críochnaitheach, laistigh dethréimhse dhá mhí breise tar éis dó deis éisteachta a thabhairt don soláthraí seirbhísí fánaíochta, chun an formhuirear a údarú, a leasú nó chun diúltú dó.

Airteagal 6d

An beartas maidir le húsáid chóir agus inbhuanaitheacht deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola a chur chun feidhme

1.   D’fhonn a áirithiú go ndéanfar Airteagal 6b agusAirteagal 6c, a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, faoin 15 Nollaig 2016, déanfaidh an Coimisiún, taréis dó dul i gcomhairle le BEREC, ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe,, maidir le cur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh arinbhuanaitheacht deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola, agusaran iarratas a bheidh le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha anmheasúnaithe sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

2.   Le linn dó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síósrialacha mionsonraithe i ndáil leis an mbeartas maidir lehúsáid chóir a leagtar amach in Airteagal6b, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

an fhorbairt ar phatrúin na praghsála agus an tomhaltais sna Ballstáit;

(b)

an méid cóineasaithe atá idir na praghasleibhéil bhaile sna tíorthaar fud an Aontais;

(c)

na patrúin taistil san Aontas;

(d)

aon riosca go saobhfar na dreasachtaí iomaíochta agus infheistíochta a bheidh inbhraite snamargaí baile nó sna margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu.

3.   Le linn dó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola le haghaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a leagtar amach in Airteagal 6c,bunóidh an Coimisiún iad ar na nithe seo a leanas:

(a)

cinneadh na gcostas iomlán iarbhír agus réamh-mheasta a bhaineann le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar trí thagairt do na rátaí éifeachtacha fánaíochta mórdhíola do thrácht neamhchothromaithe agus cion réasúnach na gcostas comhpháirteach agus na gcostas comhchoiteann is gá chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar;

(b)

cinneadh na n-ioncam iomlán iarbhír agus réamh-mheasta ó sheirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar;

(c)

tomhaltas na seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte agus tomhaltas baile agcustaimeirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta;

(d)

leibhéal na hiomaíochta, na bpraghsanna agus na n-ioncam sa mhargadh baile, agusaon riosca inbhraite go ndéanfaí difear suntasach d’fhorbairt ar na praghsanna sin trí fhánaíocht ar phraghsanna miondíola baile.

4.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 go tráthrialta i bhfianaise na bhforbairtí ar an margadh.

5.   Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta dlúthfhaireachán agus dianmhaoirseacht ar chur ibhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus na mbeart i ndáil le hinbhuanaitheachtdeireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola, agus lánaird á tabhairt ar na gnéithe oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis anmBallstát lena mbaineann agus ar na héagsúlachtaí ábhartha oibiachtúla idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta. Gan dochar don nós imeachta a leagtar amach in Airteagal6c(3), déanfaidh an t-údarás náisiúnta rialála ceanglais Airteagal 6b agus Airteagal 6c agus na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar de bhun anAirteagail seo, a fhorfheidhmiú ar bhonn tráthúil. Féadfaidh an t-údarás náisiúnta rialála, tráth ar bith, a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta an formhuirear aleasú nó gan leanúint de más rud é nach gcomhlíontar Airteagal 6b nó Airteagal 6c leis. Cuirfidh an t-údarás náisiúnta rialála an Coimisiún Eorpach ar an eolas, go bliantúil, idtaca le cur i bhfeidhm Airteagal 6b, Airteagal 6c agus Airteagal 6d.

Airteagal 6e

Seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar

1.   Gan dochar don dara fomhír, i gcás ina gcuireann soláthraí seirbhísí fánaíochta formhuirear i bhfeidhm maidir le tomhaltas seirbhísí fánaíochta rialáiltemiondíola atá sa bhreis araon teorainneacha a shocraítear leis anmbeartas maidir le húsáid chóir, comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas (gan CBL aáireamh):

(a)

aon fhormhuirear atá i bhfeidhm chun glaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh, teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a sheoladh agus seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, ní rachaidh sé thar an muirear uasta mórdhíola dá bhforáiltear in Airteagail 7(2), 9(1) agus 12(1), faoi seach;

(b)

suim na bpraghsanna miondíola baile agus aon fhormhuirear atá i bhfeidhm chun glaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh, teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte asheoladh nó seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, ní rachaidh sé thar EUR 0,19 inaghaidh an nóiméid, EUR 0,06 in aghaidh teachtaireacht SMS agus EUR 0,20 inaghaidh an mheigibhirt a úsáidtear, faoi seach;

(c)

aon fhormhuirear atá i bhfeidhm chun glaonna fánaíochta rialáilte a fhaightear, nírachaidh sé thar an meán ualaithe uasta ar rátaí críochnaithe soghluaiste ar fud anAontais a leagtar amach i gcomhréir le mír 2.

Ní chuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta aon fhormhuirear i bhfeidhm maidir le teachtaireacht fánaíochta SMS rialáilte nó le teachtaireacht ghlórphoist fánaíochta a gheofar. Beidh an méid sin gan dochar d’aon mhuirir eile is infheidhme, amhail muirir chun éisteacht le teachtaireachtaí den sórt sin.

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta muirear a ghearradh ar ghlaonna fánaíochta adhéantar agus a fhaightear in aghaidh an tsoicind. Féadfaidh na soláthraithe seirbhísí fánaíochta tréimhse íosta muirir tosaigh a chur i bhfeidhm nach mó ná 30 soicind maidir le glaonna a dhéantar. Gearrfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta muirear ar a gcustaiméirí as seirbhís fánaíochta rialáilte a sholáthar ar bhonn ráta in aghaidh an chilibhirt, seachas teachtaireachtaí MMS a bhféadfar muirear aghearradh ina leith in aghaidh an aonaid. I gcás den sórt sin, an muirear fánaíochta miondíola afhéadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a thobhach ar a chustaiméir seirbhísí fánaíochta as teachtaireacht MMS fánaíochta a tharchur nó a fháil, ní rachaidh sé thar anmuirear uasta fánaíochta miondíola a leagtar amach sa chéad fhomhír i gcás seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí.

Le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal6f(1), ní dhéanfaidh an mhír seo cosc a chur ar thairiscintí a chumasóidh do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta, le haghaidh muirir perdiem nó aon mhuirir sheasta thréimhsiúil, toirt áirithe tomhaltais seirbhísí fánaíochta rialáilte ar choinníoll go dtiocfaidh as tomhaltas méid iomlán na toirte sin praghas in aghaidh an aonaid ar ghlaonna fánaíochta rialáilte, glaonna a dhéanamh, teachtaireachtaí SMS a sheoladh agus ar sheirbhísí fánaíochta sonraí nach mó ná an praghas miondíola baile faoi seach agus na muirir uasta a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo.

2.   Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le BEREC agus faoi réir an dara fomhír den mhír seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach meán ualaithe na rátaí críochnaithe soghluaiste uasta dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír demhír 1.Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha cur chun feidhme sin gach bliain. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

Maidir le meán ualaithe na rátaí críochnaithe soghluaiste uasta, bunófar ar na critéir seo aleanas iad:

(a)

leibhéal uasta na rátaí críochnaithe soghluaiste a fhorchuirna húdaráis náisiúnta rialála ar an margadh dochríochnú glao gutha mórdhíola ar líonraí soghluaiste aonair i gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 16 den Treoir Réimeagusle hAirteagal13 deThreoirna Rochtana, agus

(b)

líon iomlán na síntiúsóirísna Ballstáit.

3.   Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif fánaíochta seachas an ceann a leagtar amach i gcomhréir lehAirteagail 6a, 6b, 6c, agus mír 1 den Airteagal seo a thairiscint agusféadfaidh custaiméirí seirbhísí fánaíochta taraif fánaíochta seachas an ceann a shocraítear inAirteagal 6a, 6b, 6c, agus mír 1 den Airteagal seo a roghnú d’aon ghnó, ar dá bhun ambainfidh custaiméirí seirbhísí fánaíochta leas as taraif dhifriúil ar sheirbhís fánaíochta rialáilteseachas an ceann a thabharfaí dóibh mura mbeadh rogha den sórt ann. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta i gcuimhne do na custaiméirí seirbhísí fánaíochta sin cineál na mbuntáistí ar sheirbhísí fánaíochta a chaillfí dá ndéanfaí amhlaidh.

Gan dochar don chéad fhomhír, cuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif atá leagtha amach in Airteagal 6a agus 6b, agus i mír 1 den Airteagal seo i bhfeidhm gohuathoibríoch maidir leis na custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar fad atá ann cheana agus atá nua.

Féadfaidh aon chustaiméir seirbhísí fánaíochta, tráth ar bith, a iarraidh go n-athrófaí go dtí nó ón taraif a shocraítear in Airteagal 6a, 6b, 6c agus i mír 1 den Airteagal seo. I gcás custaiméirí seirbhísí fánaíochta a dhéanann an rogha athrú d’aon ghnó chuig taraif a shocraíteari gcomhréir le hAirteagal 6a, 6b, 6c, agus le mír 1 den Airteagal seo nó athrú ar ais chuig an taraif sin, déanfar aon athrú laistigh de lá amháin oibre tar éis an iarraidh afháil agus déanfar é saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta ag gabháil leis maidir le gnéithe eile dena síntiúis seachas fánaíocht. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta moill a chur arathrú go dtí go mbeidh an taraif fánaíochta a bhí ann roimhe sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse íosta sonraithe nach rachaidh thar dhá mhí.

4.   Maidir le conradh ina chuimsítear seirbhís fánaíochta miondíola rialáilte d’aon chineál, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta go sonrófar na príomhthréithe den tseirbhís fánaíochta miondíola rialáilte sin a sholáthraítear, lena n-áirítear go háirithe:

(a)

an plean taraife nó na pleananna taraife ar leith, agus, do gach ceann de na pleananna taraife, na cineálacha seirbhísí a thairgtear agus toirteanna na cumarsáide san áireamh;

(b)

aon srianta arna bhforchur ar úsáid seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthraítear ar an leibhéal praghais bhaile mhiondíola is infheidhme, go háirithe faisnéis chainníochtaithé maidir leis an gcaoi a chuirtear an beartas maidir le húsáid chóir i bhfeidhm é trí thagairt a dhéanamh do na príomhpharaiméadair praghsála, toirte nó eile a bhaineann leis an tseirbhís fánaíochta miondíola rialáilte lena mbaineann.

Foilseoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 6f

Muirir fánaíochta miondíola idirthréimhseacha

1.   Ón 30 Aibreán 2016 go dtí an 14 Meitheamh 2017, féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta formhuirear a chur i bhfeidhm de bhreis ar an bpraghas miondíola baile chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar.

2.   Le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír1 den Airtegal seo, beidh feidhm ag Airteagal6emutatismutandis.”.

(6)

Scriostar Airteagail 8, 10 agus 13.

(7)

Leasaítear Airteagal14 mar a leanas,

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionadna chéad míre agus an dara fomhír:

1.   Chun foláireamh a thabhairt do chustaiméiri seirbhísí fánaíochta go bhféadfaidh muirir fánaíochta a ghearradh acu nuair a bheidh glao á dhéanamh nó á fháil acu, nó nuair a bheidh teachtaireacht SMS á seoladh acu, déanfaidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta ar leith, ach amháin i gcás ina mbeidh fógra tugtha ag an gcustaiméir dá sholáthraí seirbhísí fánaíochta nach bhfuil an tseirbhís sin ag teastáil uaidh, faisnéis bhunúsach phearsantaithe praghsála maidir leis na muirir fánaíochta (agus CBL a áireamh) a bhfuil feidhm acu maidir le déanamh agus fáil glaonna agus maidir le seoladh teachtaireachtaí SMS ag an gcustaiméir sin saBhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air a sholáthar don chustaiméir go huathoibríoch, ganaonmhoill mhíchuí agus saor in aisce, trí Sheirbhís Teachtaireachta nuair a rachaidh sé isteach i mBallstát seachas Ballstát a sholáthraí baile.

Cuimseoidh an fhaisnéis bhunúsach phearsantaithe sin faisnéis faoi dháta chur i bhfeidhm Airteagal6a, faoin mbeartas maidir le húsáid chóir a bhfuil an custaiméir seirbhísí fánaíochta faoinaréir laistigh den Aontas. Cuimseofar san fhaisnéis bhunúsach phearsantaithe sin freisin faisnéis maidir leis na muirir a bhféadfaidh an custaiméir a bheith faoina réir faoina scéim taraife, agus ó dháta chur i bhfeidhm Airteagal6a, maidir leis na muirir a bhfuil feidhm acu sabhreis ar anmbeartas maidir le húsáid chóir nó le haon fhormhuirear a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le Airteagal6b bis laistigh den Aontas (in airgeadra an bhille bhaile arna sholáthar ag soláthraí baile an chustaiméara) a bhféadfaidh an custaiméir a bheith faoina réir faoina scéim taraife maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

glaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh laistigh den Bhallstát a bhfuil cuairt átabhairt air agus glaonna a dhéanamh ar ais chuig Ballstát a sholáthraí baile, chomh maith leis na glaonna fánaíochta rialáilte a gheofar; agus

(b)

teachtaireachtaí fánaíochta SMS rialáilte asheoladh lelinn dó abheith saBhallstát abhfuil cuairt átabhairt air.

(b)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fomhír:

“Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír, ag an dara fomhír, ag an gceathrú fomhír agus agangcúigiú fomhír i leith guthsheirbhísí fánaíochta, seachas an tagairt iontu don bheartas maidir le húsáid chóir, agus le seirbhísí fánaíochta SMS arna n-úsáid ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta ag taisteal dóibh lasmuigh den Aontas agus arna soláthar ag soláthraí seirbhísí fánaíochta.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Ó dháta chur i bhfeidhm Airteagal6a, seolfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta fógra don chustaiméirseirbhísí fánaíochta nuair a bheidh an toirt is infheidhme maidir le húsáid chóir tomhaltas seirbhísí fánaíochta guthghlaonna agus SMSrialáiltetomhaltanó nuair a bheidh aon teorainn úsáide bainte amach gcomhréir le hAirteagal6c. Léireoidh an fógra sin an formhuirear fánaíochta rialáilte a chuirfear ibhfeidhm ar aon tomhaltas breise ar sheirbhísí guthghlaonna agus SMS fánaíochta rialáilte ag an gcustaiméir seirbhísífánaíochta. Beidh sé de cheart ag gach custaiméir a éileamh aran soláthraí seirbhísí fánaíochta stopadh d’fhógraí den sórt sin a sheoladh chucu agusbeidh sé de cheart acu, ag aon tráth agus saor in aisce, a éileamh ar an soláthraí seirbhísí miondíola antseirbhís a sholáthar arís.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta an fhaisnéis iomlán a thabhairt do chustaiméirí faoi na muirir fánaíochta a bheidh i bhfeidhm, an tráth a mbeidh síntiúis á nglacadh. Soláthróidh siad faisnéis uasdátaithe dá gcuid custaiméiríseirbhísí fánaíochta freisin maidir le muirir fánaíochta is infheidhme gan aon mhoill mhíchuí gach uair a tharlaíonn athrú ar na muirir sin.

Seolfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta meabhrúchán ag eatraimh réasúnacha ina dhiaidh sin chuig na custaiméirí goléir a roghnaigh taraif eile.”.

(8)

Leasaítear Airteagal15 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionadna chéad fomhíre agus an dara fomhír:

“2.   Trí theachtaireacht uathoibríoch ón soláthraí seirbhísí fánaíochta, cuirfear in iúl don chustaiméirseirbhísí fánaíochta go bhfuil sé ag baint úsáide as seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, agusó dháta chur i bhfeidhm Airteagal6a, soláthrófar faisnéis bhunúsach phearsantaithe faoinmbeartas maidir le húsáid chóir a mbeidh an custaiméir seirbhísí fánaíochta faoina réir laistigh denAontas. Áireofar san fhaisnéis sin freisin faisnéis maidir leis na muirir a bhfuil na custaiméirí fánaíochta faoina réir laistigh den AE, agus ó dháta chur i bhfeidhm Airteagal6a, maidir leis namuirir a bhfuil feidhm acu sa bhreis ar an mbeartas maidir le húsáid chóir nó ar aonfhormhuirear a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le Airteagal6b bis (in airgeadra an bhille bhaile arna sholáthar ag soláthraí baile an chustaiméara), a shloinntear i bpraghas in aghaidh an mheigibhirt, is infheidhme i leith sholáthar seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí donchustaiméirseirbhísí fánaíochta sin sa Bhallstát lena mbaineann, ach amháin i gcás ina bhfuil fógra tugtha ag an gcustaiméir don soláthraí seirbhísí fánaíochta nach dteastaíonn an fhaisnéis sin uaidh.

Déanfar an fhaisnéis a sheachadadh ar ghléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta, mar shampla le teachtaireacht SMS, le ríomhphost nó le fuinneog aníos aranngléas soghluaiste, gach uair a théann custaiméir seirbhísí fánaíochta isteach i mBallstát seachas Ballstát a sholáthraí baile agus a chuireann sé tús den chéad uair le seirbhís fánaíochta rialáilte sonraí sa Bhallstát áirithe sin. Soláthrófar an fhaisnéis sin saor in aisce tráth achuireann an custaiméir seirbhísí fánaíochta tús le seirbhís fánaíochta rialáilte sonraí, armhodh iomchuí arna oiriúnú chun go bhfuil sé éasca í a fháil agus a thuiscint.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Ón dáta a gcuirfear Airteagal 6a i bhfeidhm ar aghaidh, tabharfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta fógra nuair a shroichfear toirt na húsáide córa is infheidhme de thomhaltas seirbhís fánaíochta sonraí rialaithe nó aon tairseach úsáide eile, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir lehAirteagal 6c. Léireofar leis an bhfógra sin formhuirear rialaithe na fánaíochta agcuirfear i bhfeidhm maidir le haon tomhaltas sa bhreis de sheirbhísí fánaíochta sonraí ag an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta. Beidh sé de cheart ag gach custaiméir a éileamh aransoláthraí seirbhísí fánaíochta stopadh d’fhógraí den sórt sin a sheoladh chucu agus beidh sé de cheart acu, ag aon tráth agus saor in aisce, a éileamh ar an soláthraí an tseirbhís sin asholáthar arís.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír3:

“3.   Tabharfaidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta an deis dá chuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir chun an rogha a dhéanamh d’aon ghnó, agus saor in aisce, glacadh le saoráid lena soláthraítear ar bhealach tráthúil faisnéis faoin úsáid charnaithe arnasloinneadh de réir toirte nó san airgeadra ina ndéantar an custaiméir seirbhísí fánaíochta a bhilleáil i leith seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí agus ar saoráid í trínaráthaítear nach dtarlóidh sé, gan toiliú sainráite ón gcustaiméir, go rachaidh ancaiteachas carnaithe ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí i rith tréimhse sonraithe úsáide, seachas MMS a dtugtar bille in aghaidh an aonaid ina leith, thar theorainn shonraithe airgeadais.”;

(d)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre:

“6.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin, cé is moite de mhír 5 agus den tagairt donbheartas maidir le húsáid chóir i mír 2, agus faoi réir an dara agus an tríú fomhír den mhír seo, maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí a úsáideann custaiméirí seirbhísí fánaíochta agtaisteal dóibh lasmuigh den Aontas agus a sholáthraíonn soláthraí seirbhísí fánaíochta.”.

(9)

Leasaítear Airteagal16 mar a leanas:

(a)

sa chéad mhír, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta dianmhaoirseacht agus dianfhaireachán arnasoláthraithe seirbhísí fánaíochta agus leas á bhaint acu as Airteagal 6b, 6c agus6e(3).”;

b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír2:

“2.   Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta faisnéis atá cothrom le dáta maidir le cur i bhfeidhm anRialacháin seo, go háirithe Airteagail 6a, 6b, 6c, 6e, 7, 9 agus 12, a chur ar fáil gopoiblí ar shlí ina gcuirtear ar chumas páirtithe leasmhara rochtain éasca a bheith acu uirthi.”.

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

“Airteagal 19

Athbhreithniú

1.   Faoin … (14) déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú aranmargadh fánaíochta mórdhíola d’fhonn a mheas cad iad na bearta is gá chun gur féidir deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola faoin 15 Meitheamh 2017. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, interalia, ar an leibhéal iomaíochta i margaí mórdhíola náisiúnta, agus déanfaidh sé measúnú,go háirithe, ar leibhéal na gcostas mórdhíola a thabhaítear agusnamuirear mórdhíola a chuirtear i bhfeidhm, agus ar staid iomaíochta oibreoirí a bhfuil raon feidhme geografach teoranta acu, lena n-áirítear an tionchar a bhíonn ag comhaontuithe tráchtála ar an iomaíocht chomh maith le cumas oibreoirí tairbhe a bhaint as barainneachtaí scála. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an dul chun cinn maidir leis an iomaíocht sna margaí fánaíochta miondíola agus ar aon rioscaí inbhraite go saobhfaran iomaíocht agusna dreasachtaí infheistíochta sa mhargadh baile agus i margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu. Agus measúnú á dhéanamh ar na bearta is gá chun gur féidir deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola, cuirfidh an Coimisiún san áireamh gur gá a áirithiú go mbeidh oibreoirí na líonraí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu in ann na costais uile a eascraíonn as seirbhísí fánaíochta mórdhíola rialáilte a sholáthar a aisghabháil, lena n-áirítear comhchostais agus costais comhchoiteanna. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin gur gá cosc a chur ar bhuanfhánaíocht nó ar leasa bhaint as rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, ar úsáid aimhrialta nó ar mí-úsáid í, chun críocha eile seachas chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar d’úsáideoirí deiridh na soláthraithe seirbhísí fánaíochta fad agus atá an dream deiridh sin ag taisteal laistigh den Aontas ar bhonn tréimhsiúil.

2.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus naComhairle faoin 15 Meitheamh 2016 ar thorthaí an athbhreithnithe sin dá dtagraítear i mír 1.

In éineacht leis an tuarascáil sin beidh togra reachtach iomchuí a thiocfaidh as comhairliúchán poiblí roimh ré, chun na muirir mórdhíol a leasú do sheirbhísí fánaíochta rialáilte a leagtar amach saRialachán seo, nó chun réiteach eile a chur ar fáil lena dtabharfar aghaidh ar na ceisteanna a sainaithníodh ar leibhéal na mórdhíola d’fhonn deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola faoin 15 Meitheamh 2017.

3.   De bhreis air sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid PharlaimintnahEorpa agus na Comhairle gach dhá bhliain i ndiaidh na tuarascála dádtagraítear i mír 2. Áireofar le gach tuarascáil, interalia, measúnú ar na meid seo a leanas:

(a)

infhaighteacht agus cáilíocht seirbhísí lena n-áirítear iad sin atá mar mhalairt ar sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí miondíola rialáilte, go háirithe i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha;

(b)

an méid iomaíochta atá sa mhargadh fánaíochta miondíola agus sa mhargadh fánaíochta mórdhíola araon, go háirithe staid iomaíochta oibreoirí beaga, oibreoirí neamhspleácha nó oibreoirí atá díreach tar éis tosú, lena n-áirítear éifeachtaí comhaontuithe tráchtála araniomaíocht agus an méid idirnasctha idir oibreoirí;

(c)

a mhéid a d’eascair torthaí de bharr chur chun feidhme na mbeart struchtúrach dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 maidir le hiomaíocht a fhorbairt sa mhargadh inmheánach igcomhair seirbhísí fánaíochta rialáilte.

4.   D’fhonn measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí iomaíocha sna margaí fánaíochta uile-Aontais, déanfaidh BEREC sonraí a bhailiú ó údaráis rialála náisiúnta ar bhonn tráthrialta faoinbhforbairt atá ann maidir le muirir mhiondíola agus mhórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta rialáilteguthghlaonna, SMS agus sonraí. Cuirfear na sonraí sin in iúl don Choimisiún dhá uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún iad a chur ar fáil go poiblí.

Ar bhonn na sonraí a bhaileofar, tuairisceoidh BEREC go rialta maidir le forás patrún praghsála agus úsáide sna Ballstáit do sheirbhísí baile agus fánaíochta araon agus maidir le forás rátaí iarmhír fánaíochta mórdhíola do thrácht neamhchothrom idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta.

Déanfaidh BEREC sonraí a bhailiú ar bhonn bliantúil freisin ó údaráis rialála náisiúnta maidir le trédhearcacht agus le hinchomparáideacht taraifí éagsúla arna dtairiscint ag oibreoirí dágcuid custaiméirí. Déanfaidh an Coimisiún na sonraí agus na torthaí sin a chur ar fáil gopoiblí.”

Airteagal 8

Leasuithe ar Threoir2002/22/CE

In Airteagal1 de Threoir 2002/22/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír3:

“3.   Leis na bearta náisiúnta maidir le rochtain ag úsáideoirí deiridh ar sheirbhísí agusarfheidhmchláir nó a n-úsáid dóibh sin trí líonraí cumarsáide leictreonaí, urramófar cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, lena n-áirítear i ndáil le príobháideachas agus próis chuí, mar a shainmhínítear in Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.”.

Airteagal 9

Clásal athbhreithnithe

Faoin 30 Aibreán 2019 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Airteagail 3, 4, 5 agus 6 agus cuirfidh sé tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis, lena ngabhfaidh, más gá,tograí iomchuí d’fhonn anRialachán seo a leasú.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil anAontaisEorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 30 Aibreán 2016, seachas maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

pointe 5 d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 6a go 6d de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, agus pointe 8(b) d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 a mbeidh feidhm aige ón 15 Meitheamh 2017 ar choinníoll go bhfuil angníomh reachtach dá dtagraítear i bpointe 10 d’Airteagal 7den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 infheidhme ar an dáta sin.

I gcás nach bhfuil an gníomh reachtach sin infheidhme ar an 15 Meitheamh 2017, beidh feidhm ag pointe 5 d’Airteagal 7 den Rialachán seoa mhéid a bhaineann le hAirteagail 6a go 6d de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, agus pointe 8(b) d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 go dtí go mbeidh an gníomh reachtach sin infheidhme.

I gcás go mbeidh an gníomh reachtach sin infheidhme tar éis an 15 Meitheamh 2017, beidh feidhm ag pointe 5 d’Airteagal 7den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagail 6a go 6d de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, agus pointe 8(b) d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó dháta teacht i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh sin;

(b)

tabhairt cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún a leagtar amach i bpointe 4(c) d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, agus i bpointe 5 d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagal 6d agus Airteagal 6e(2) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, a mbeidh feidhm acu ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(c)

cúram BEREC dá bhforáiltear in Airteagal 5(3), a mbeidh feidhm aige ó dháta theacht ibhfeidhm an Rialacháin seo;

(d)

pointe 10 d’Airteagal 7 den Rialachan seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, a mbeidh feidhm aige ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   Féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta, lena n-áirítear scéimeanna féinrialála, a bhí ibhfeidhm roimh … (15) agus nach gcomhlíonann Airteagal 3(2) nó (3) a choimeád ar bungo dtí an 31 Nollaig 2016. Tabharfaidh na Ballstáit ábhartha fógra donChoimisiún maidir leis na bearta sin faoin 30 Aibreán 2016.

4.   Leanfaidh forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1203/2012ón gCoimisiún (16) abhaineann leis an módúlacht theicniúil do chur chun feidhme na rochtana ar sheirbhísí áitiúla fánaíochta sonraí ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air d’fheidhm a bheith acu chun go ndíolfar ar leithligh seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte go dtí go nglacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe 4(c) d’Airteagal 7 den Rialachán seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh seinfheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 177, 11.6.2014, lch. 64.

(2)  IO C 126, 26.4.2014, lch. 53.

(3)  Seasamh ó PharlaimintnahEorpa an 3 Aibreán 2014 (nárfoilsíodhfós san Iris Oifigiúil)

agusseasamhóngComhairlear an gcéadléamh an ... Seasamh ó PharlaimintnahEorpa... (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Treoir 2008/63/CE ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2008 maidir le hiomaíocht sna margaí i dtrealamh teirminéil teileachumarsáide (IO L 162, 21.6.2008, lch. 20).

(5)  Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir Réime) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 33).

(6)  Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002

maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide

leictreonaí (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 51)

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 172, 30.6.2012, lch. 10).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agusóngComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit agus feidhmiú nagcumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na hinstitiúidí agus na comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(10)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281,23.11.1995, lch. 31).

(11)  Treoir 2002/58/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(12)  An dáta ar a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(13)  Naoi mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(14)  An dáta ar a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(15)  An dáta ar a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1203/2012 an 14 Nollaig 2012 ón gCoimisiún maidir le díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte laistigh den Aontas IO L 347, 15.12.2012, lch. 1)