DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Cód an Aontais maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (athmhúnlú) /* SWD/2014/067 final */
1.
Réamhrá
Gabhann
an Measúnú Tionchair seo le togra le haghaidh Rialacháin maidir le Cód an Aontais
maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (athmhúnlú) atá mar chroí-ionstraim dhlíthiúil
den chomhbheartas víosaí toisc go mbunaítear leis nósanna imeachta agus coinníollacha
comhchuibhithe maidir le hiarratais ar víosaí a phróiseáil agus víosaí a
eisiúint. Le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le
Víosaí (Airteagal 57) ceanglaítear ar an gCoimisiún meastóireacht ar a
chur i bhfeidhm a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
dhá bhliain tar éis d’fhorálacha uile an Rialacháin teacht chun bheith
infheidhme (5 Aibreán 2011). Ar bhonn na meastóireachta sin, féadfaidh
sé freisin tograí iomchuí a chur isteach chun an Cód Víosaí a leasú.
2.
An fhadhb a shainiú
Chun
críche an mheasúnaithe tionchair, sainaithníodh trí réimse ina bhfuil
fadhbanna: (1) fad foriomlán agus costais fhoriomlána (díreach agus indíreach)
na nósanna imeachta agus a anásta atá siad; (2) cumhdach geografach nach bhfuil
leordhóthanach i bpróiseáil víosaí; (3) easpa víosaí nó údarú eile a ligfeadh
do thaistealaithe fanacht níos mó ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá i
limistéar Schengen. (1)
Meastar gurb é fad foriomlán an nós imeachta (ó ullmhú an chomhaid iarratais go
dtí go dtugtar an pas ar ais le víosa nó gan víosa) an príomhbhac agus is údar
mórcháinte é d'iarratasóirí ar víosaí. Ag an am céanna, measann na Stáit
Schengen cheana féin go bhfuil na spriocdhátaí atá ann faoi láthair an‑docht
agus bíonn fadhbanna acu iad a urramú. Measann formhór taistealaithe go bhfuil
costas foriomlán iarratais víosa chomh achrannach céanna (ní an táille
víosa go baileach ach na costais indíreacha). Maíonn na Stáit Schengen go
dteastódh tuilleadh infheistíochta in go leor áiteanna chun iarratais ar víosaí
a phróiseáil ar bhealach a bheadh gasta agus fabhrach do chliaint, rud a
mheasann siad nach mbeidís in ann a dhéanamh dá mbeadh srianta buiséadacha i
gceist. Is amhlaidh go ndeir roinnt Stáit
Schengen nach gcumhdaítear na costais riaracháin a ghabhann le hiarratais ar
víosaí a phróiseáil faoi láthair fiú faoin táille víosa. Is léir go bhfuil
coinbhleachtaí leasa idir iarratasóirí ar víosaí agus consalachtaí maidir leis
na saincheisteanna sin, agus ní dóigh go réiteofar iad amach anseo. Ar an lámh
eile, mar thoradh ar an síormhéadú ar líon na n‑iarratas ar víosaí beidh
tuilleadh moille ann, agus méadófar ar míshástacht na n‑iarratasóirí leis
an nós imeachta víosa. Baineann
na nósanna imeachta is anásta leis an gceanglas atá ann an t‑iarratas a
thaisceadh agus an t‑iarratasóir i láthair go pearsanta (mheas 50 %
d'fhreagróirí ar an gcomhairliúchán poiblí gur deacracht a bhí san oibleagáid
sin) agus líon (agus easpa comhchuibhithe) na ndoiciméad tacaíochta atá le cur
isteach le gach iarratas. Ghlac an Coimisiún le roinnt cinntí cur chun feidhme
cheana lena mbunaítear liostaí comhchuibhithe de dhoiciméid tacaíochta
atá le taispeáint ag iarratasóirí ar víosaí i dtríú tíortha éagsúla (tíortha
nach bhfuil san AE), ach bíonn frustrachas ar iarratasóirí ar víosaí a
lorgaíonn víosaí go minic agus go rialta go háirithe, de bharr nach bhfuil
feidhm ag éascuithe nós imeachta dá bhforáiltear leis an gCód Víosaí
(tarscaoileadh ar na ceanglais thuas luaite) maidir leo. Mar sin,
an phríomhfhadhb sa réimse seo is ea go bhfuil na nósanna imeachta céanna i
bhfeidhm ar na hiarratasóirí go léir, beag beann ar a gcás féin, cé go
bhforáiltear leis an gCód Víosaí bunús dlí chun éascuithe nós imeachta a chur i
bhfeidhm d'iarratasóirí a bhfuil aithne ag na consalachtaí orthu. Ní
dhéanann consalachtaí idirdhealú leordhóthanach idir iarratasóirí anaithnide
agus iad siúd a bhfuil cuntas teiste víosa dearfach acu (taistealaithe a
thaistealaíonn go minic/rialta), áfach. Is é úsáid forleithne soláthraithe
seirbhíse seachtracha agus idirghabhálaithe tráchtála is cúis leis sin chomh
maith: in an‑chuid áiteanna, bheadh sé dodhéanta idirdhealú den sórt sin
a chur i bhfeidhm toisc nach féidir le soláthraithe seirbhíse seachtracha ná
idirghabhálaithe tráchtála cás an iarratasóra a mheas trí choincheapa doiléire
amhail 'ionracas' agus 'iontaofacht' dá dtagraítear faoi láthair sa Chód
Víosaí. (2) Le
trí bliana anuas tá dul chun cinn déanta maidir le cumhdach geografach níos
fearr a áirithiú chun iarratais ar víosaí a bhailiú agus a phróiseáil. De
dheasca nach bhfuil aon áit ann le víosaí a bhailiú ná a phróiseáil i roinnt
tríú tíortha áfach, is féidir taisceadh iarratas ar víosaí a bheith an‑chostasach
agus fadálach. Go háirithe, ní foláir líon na gcásanna ina mbíonn ar
iarratasóirí taisteal thar lear chun an t‑iarratas a thaisceadh toisc
nach bhfuil consalacht ag an Stát Schengen is inniúil sa tír ina bhfuil cónaí
ar an iarratasóir, nó toisc nach bhfuil ionadaíocht acu sa tír sin, a laghdú.
Tá thart ar 900 de na 'spotaí bána' sin. Is féidir le rochtain ar
chonsalachtaí/soláthraithe seirbhíse seachtracha a bheith dúshlánach freisin i
dtíortha ina bhfuil gach ceann nó formhór de na Stáit Schengen i láthair sa
phríomhchathair, ach go bhfuil ar iarratasóirí fós achair fhada a thaisteal
chun iad a bhaint amach. Is mar sin atá sé i dtíortha ina bhfuil an margadh
turasóireachta ag dul chun cinn anois amhail an Rúis, an tSín agus an India. Ar
deireadh, tá naoi tríú tíortha ann fós atá faoi réir na hoibleagáide víosa agus
níl aon Stát Schengen i láthair iontu chun iarratais ar víosaí a bhailiú agus a
phróiseáil. Maidir
le tionscadail atá dírithe ar acmhainní a chomhthiomsú, níl mórán dul chun cinn
le tuairisciú. Is ar éigean a úsáidtear comhlonnú agus Ionaid Choiteanna
Iarratais (CACanna) mar atá sainithe sa Chód Víosaí, cé go gcuireann an
Coimisiún chun cinn cur ar bun CACanna go háirithe. Tá cúiseanna éagsúla ann
leis sin, fadhb reachtach ina measc: ní fhoráiltear le comhlonnú ná le CACanna
mar atá sainmhínithe go dlíthiúil in Airteagal 41 den Chód Víosaí don
tsolúbthacht is gá chun struchtúir oibríochtúla a bhunú ar an toirt. (3)
Tá roinnt catagóirí de náisiúnaigh tríú tíortha ann – idir iad siúd a bhfuil
víosa de dhíth orthu agus iad siúd atá díolmhaithe ón gceanglas sin - a bhfuil
cúis agus gá dlisteanach acu taisteal i limistéar Schengen ar feadh níos mó ná
90 lá in aon tréimhse 180 lá gan iad a mheas mar 'inimircigh'
(i.e. níl sé i gceist acu dul chun cónaithe in aon Stát Schengen ar feadh
tréimhse níos faide ná 90 lá). Príomhthréith na dtaistealaithe sin, is ea
go mbíonn siad 'ar camchuairt' timpeall na hEorpa/limistéar Schengen. Ní
dhéantar foráil maidir leis an gcreat dlithiúil reatha d'údarú a d'fhreastalódh
ar riachtanais dhlisteanacha/cláir taistil na dtaistealaithe sin. An grúpa
leasa is callánaí a tharraingíonn anuas an fhadhb sheanbhunaithe sin go minic
is ea tionscal na mbeothaibhiúchán. Tá an‑spéis ag catagóirí eile de thaistealaithe
(pinsinéirí, cuairteoirí gnó, mic léinn, taighdeoirí) cead a fháil freisin
gluaiseacht i limistéar Schengen ar feadh tréimhse níos faide ná 90 lá in
aon tréimhse 180 lá freisin.
3.
Anailís na coimhdeachta
Chun
seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú tá comhbheartas víosaí, i
measc rudaí eile, de dhíth. Faoi Airteagal 77(2)(a) den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá an chumhacht ag an AE agus fiú an
oibleagáid orthu bearta a ghlacadh maidir leis an gcomhbheartas víosaí agus le
ceadanna cónaithe gearrfhanachta eile. Tá na rialacha maidir le víosaí
gearrfhanachta a phróiseáil á rialáil cheana ag rialachán atá infheidhme go
díreach, i.e. an Cód Víosaí. Ní
dóigh go mbeidh deireadh leis na fadhbanna mar a thuairiscítear iad sa Mheasúnú
Tionchair toisc go mbaineann siad go díreach le forálacha an Chóid Víosaí atá
ann cheana. Is féidir roinnt dul chun cinn a dhéanamh trí chur chun feidhme
ceart a forfheidhmiú. Tá beart ón AE de dhíth, áfach, i.e. athbhreithniú ar an
gCód Víosaí, chun éascuithe nós imeachta le haghaidh taistealaithe a thabhairt
isteach ar bhealach comhchuibhithe chomh maith le dul chun cinn suntasach a
dhéanamh i gcumhdach geografach a mhéadú i bpróiseáil víosaí. Maidir
le húdarú nua a bhunú le haghaidh tréimhsí fanachta níos faide ná 90 lá in
aon tréimhse 180 lá i limistéar foriomlán Schengen, is léir go bhfuil gá
le hidirghabháil ar leibhéal an AE: ní fhéadfaí aon údarú a bheadh bailí i
ngach Stát Schengen a thabhairt isteach ach ar leibhéal an AE amháin. Le
hAirteagal 77 den CFAE, tugtar de chumhacht don Aontas gníomhú ar
cheadanna 'gearrfhanachta' i limistéar Schengen agus le hAirteagal 79
den CFAE tugtar de chumhacht don Aontas gníomhú ar víosaí agus ar cheadanna
cónaithe i gcomhthéacs cónaithe dhlíthiúil i mBallstát de chuid an AE (i.e. le
haghaidh tréimhsí fanachta níos faide ná trí mhí i mBallstát de chuid an AE). Dá réir sin, tá an inniúlacht ag an AE údarú a tabhairt
isteach le haghaidh tréimhsí fanachta níos faide ná 90 lá in aon tréimhse
180 lá i limistéar foriomlán Schengen.
4.
Cuspóirí beartais
Is iad cuspóirí
ginearálta beartais an togra fás eacnamaíoch a chothú san AE,
tuilleadh comhchuibhithe le beartais eile de chuid an AE a áirithiú agus
slándáil an limistéir Schengen a chothabháil. Is iad
na cuspóirí sonracha gluaiseacht i dtreo comhbheartais víosaí atá
comhchuibhithe i bhfírinne, nósanna imeachta víosaí a oiriúnú níos mó le
riachtanais taistealaithe dlisteanacha, agus an nós imeachta víosaí a dhéanamh
níos éifeachtúla trí na rialacha a shruthlíniú. Is iad
na cuspóirí oibríochtúla, i bhfianaise na bhfadhbanna a thuairiscítear
thuas, éascuithe nós imeachta éigeantacha a fhoráil do thaistealaithe 'aithnidiúla'
trí úsáid a bhaint as na féidearthachtaí atá ann leis an gCóras Faisnéise Víosa
(VIS), líon na n-áiteanna chun víosaí a bhailiú nó a phróiseáil i dtríú tíortha
a mhéadú agus a réasúnú agus foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht
fanacht ar feadh tréimhse níos faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá
i limistéar Schengen.
5.
Roghanna beartais
Chun
críche an mheasúnaithe tionchair tarraingíodh suas na pacáistí beartais seo a
leanas: Pacáiste
Beartais 0 - Status quo: D'fhanfadh an creat dlithiúil atá ann
faoi láthair gan athrú agus leanfaí leis na gníomhaíochtaí leanúnacha. Pacáiste
Beartais A: Bearta neamhrialála: Maidir le réimse fadhbanna 1,
beartaítear raon de 'bhearta reachtaíochta boige' ceaptha chun an Cód Víosaí a
chur chun feidhme níos fearr. Maidir le réimse fadhbanna 2,
chuirfeadh an Coimisiún chun cinn go mór na féidearthachtaí maoiniúcháin ón
gCiste Slándála Inmheánaí a bheidh ann amach anseo. Maidir le réimse
fadhbanna 3, toisc gur bearna reachtach is cúis leis na fadhbanna,
níor forbraíodh rogha neamhrialála. Pacáiste
Beartais B‑D: Maidir leis na roghanna seo, bheadh
beart rialála ar leibhéal an AE de dhíth chun an Cód Víosaí a leasú. Déantar
na roghanna beartais a ghrúpáil de réir an leibhéil uaillmhéine a ghabhann leo
(indéantacht pholaitiúil) i dtrí phacáiste - rogha beartais íosmhéid, rogha
beartais idirmheánach agus rogha beartais uasmhéid. Maidir
le réimse fadhbanna 1, thabharfaí isteach le pacáiste beartais B
(rogha beartais íosmhéid) éascuithe nós imeachta éigeantacha (i.e.
tarscaoileadh ar an gceanglas teacht go pearsanta chun an t‑iarratas a
thaisceadh; tarscaoileadh ar dhoiciméid tacaíochta áirithe a thíolacadh) agus
eisiúint éigeantach ar víosaí dul isteach iolrach a bheidh bailí ar feadh ar a
laghad bliain amháin agus ina dhiaidh sin (tar éis dhá víosa dul isteach
iolrach a fháil in aon bhliain amháin) víosa dul isteach iolrach ar feadh trí
bliana d'iarratasóirí a d'úsáid go dleathach cheana ar a laghad trí
víosa (laistigh den 12 mhí roimhe sin roimh dháta an iarratais a chur
isteach) atá cláraithe sa Chóras Faisnéise Víosa (VIS) ('taistealaithe minice').
Maidir le réimse fadhbanna 2, d'aisghairfí leis an rogha atá molta
Airteagal 41 den Chód Víosaí (comhlonnú, Ionad Coiteann Iarratas) agus
thabharfaí isteach coincheap ginearálta 'd'Ionad Víosaí Schengen' a dhéanfadh
foráil maidir le sainiú níos réadúla agus níos solúbtha ar chineálacha áirithe
de chomhar consalach. Maidir le réimse fadhbanna 3, bhunófaí cineál
údaraithe nua, a cheadódh do chatagóirí áirithe d'iarratasóirí (i.e.
ealaíontóirí agus a gcomhaltaí foirne) fanacht ar feadh níos mó ná 90 lá ach
gan fanacht níos mó ná 360 lá i limistéar Schengen. Maidir
le réimse fadhbanna 1, beartaítear le pacáiste beartais C
(rogha beartais idirmheánach) éascuithe nós imeachta éigeantacha, cosúil
leis an rogha beartais íosmhéid, agus eisiúint éigeantach ar víosaí dul isteach
iolrach a bheadh bailí ar feadh ar a laghad trí bliana agus ina dhiaidh sin
ar feadh cúig bliana. Ina theannta sin, sainítear na tairbhithe i mbealach
níos leithne: iarratasóirí a d'úsáid go dleathach cheana ar a laghad dhá
víosa atá cláraithe sa VIS ('taistealaithe rialta'). Maidir le réimse
fadhbanna 2, i dteannta le tabhairt isteach an choincheapa sholúbtha
maidir le 'Ionaid Víosaí Schengen', thabharfaí isteach coincheap na
'hionadaíochta éigeantaí' chomh maith: nuair nach bhfuil Stát Schengen atá
inniúil chun an t‑iarratas ar víosa a phróiseáil i láthair nó nuair nach
bhfuil ionadaíocht acu (de bhua comhaontaithe) i dtríú tír áirithe, bheadh an
dualgas ar aon Stát Schengen eile a bhfuil ionadaíocht acu sa tír sin an t‑iarratas
ar víosa a phróiseáil thar ceann an Stáit sin. Maidir le réimse fadhbanna 3,
mar aon leis an rogha beartais íosmhéid, bhunófaí cineál údaraithe nua a mbeadh
feidhm aige ní hamháin maidir le catagóirí áirithe de náisiúnaigh tríú tíortha,
i.e. grúpaí beothaibhiúcháin, ach freisin maidir le gach náisiúnach tríú tír
(i.e. 'daoine aonair' chomh maith) atá in ann leas dhlisteanach a léiriú i
dtaca le taisteal ar feadh tréimhse níos faide ná 90 lá i limistéar
Schengen. Chuirfeadh
Pacáiste beartais D (rogha beartais uasmhéid) fad leis na héascuithe nós
imeachta éigeantacha agus eisiúint éigeantach na víosaí dul isteach iolrach
láithreach ar feadh cúig bliana le haghaidh thromlach na n‑iarratasóirí
trí víosa amháin a úsáideach go dleathach agus atá cláraithe sa VIS a
cheangal orthu. Maidir le réimse fadhbanna 2, chun cumhdach a
áirithiú i ndáil le víosaí a bhailiú agus a phróiseáil, shaineodh cinntí cur
chun feidhme an Choimisiúin cén chuma ar cheart a bheith ar an líonra
bailiúcháin víosa Schengen i dtríú tíortha i dtéarmaí socraithe maidir le
hionadaíocht, comhar leis na soláthraithe seirbhíse seachtracha agus acmhainní
a chomhthiomsú trí mheáin eile. Ar deireadh, maidir le réimse fadhbanna 3,
thabharfaí isteach an cineál údaraithe céanna a shonraítear sa rogha beartais idirmheánach;
mheasfaí é thar a bheith míréadúil aon rud níos uaillmhianaí a dhéanamh.
6.
Measúnú tionchair
Tá an
cumas ag na héascuithe nós imeachta, agus, go háirithe ag eisiúint víosaí dul
isteach iolrach a bhfuil bailíocht fhada acu, an t‑ualach riaracháin ar
chonsalachtaí a laghdú agus ag an am céanna éascú tábhachtach do thaistealaithe
a sholáthar. Trí limistéar Schengen a dhéanamh níos tarraingtí mar cheann
scríbe, mhéadófaí líon foriomlán na dturas a dhéanfadh náisiúnaigh tríú tíortha
a bhfuil dualgas orthu víosa a bheith acu, agus bheadh dea‑thionchar ag a
gcuid caiteachais ar gheilleagar an AE. Maidir le réimse fadhbanna 2,
mhéadófaí go suntasach ar na háiteanna ann le víosaí a eisiúint i dtríú tíortha
le coincheap na 'hionadaíochta éigeantaí'. Chinnteofaí go mbeadh cumhdach
consalach in aon tríú tír ina bhfuil ar a laghad consalacht amháin ag próiseáil
iarratas ar víosaí. Baineann sé sin le thart ar 900 'spota bán' agus d'fhéadfaí
go mbeadh dea‑thiochar aige sin ar thart ar 100 000 iarratasóir a
bheadh in ann an t‑iarratas a thaisceadh sa tír ina bhfuil cónaí orthu
seachas taisteal go tír ina bhfuil an Stát Schengen inniúil i láthair nó a
bhfuil ionadaíocht aige inti. Ar deireadh, bheadh éifeacht ag tabhairt isteach
údaraithe nua maidir le tréimhsí fanachta níos faide ná 90 lá le haghaidh
gach náisiúnach tríú tír, ar thart ar 120 000 taistealaí, agus meastar go
bhféadfadh EUR 1 billiúin in ioncam sa bhreis don limistéar Schengen
a bheith mar thoradh air sin. Maidir
leis na tionchair airgeadais agus eacnamaíocha réamh-mheasta, féach an tábla
faoi phointe 7 le haghaidh tuilleadh sonraí.
7.
Comparáid idir na roghanna
Ní
bheadh ach tionchar dearfach beag ag pacáiste beartais A maidir le dul i ngleic
le na fadhbanna a bhaineann leis na cuspóirí beartais a bhaint amach. Mar sin,
ní mheastar go bhfuil sé an-éifeachtach. Thabharfadh
pacáistí beartais B, C agus D aghaidh ar na fadhbanna de réir a chéile,
chomhlíonfaidís na cuspóirí oibríochtúla agus bheadh tionchar dearfach acu ar
thaisteal go dtí limistéar Schengen agus caiteachas ann. Bheadh an éifeacht
is lú ag pacáiste beartais B; thabharfadh sé aghaidh go páirteach ar na
fadhbanna, rud a bheadh chun tairbhe grúpa níos lú d'iarratasóirí ar víosaí. Tá
pacáistí C agus D beagnach ar chomhchéim maidir lena n‑éifeachtacht i
dtéarmaí aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí. Maidir le pacáiste D, bheifí ag
tnúth le sochair eacnamaíocha níos airde (os cionn EUR 3 billiún gach
bliain), ach d'fhéadfadh rioscaí slándála níos airde a bheith ag baint leis. Maidir
le héifeachtúlacht, ní bheadh costais shuntasacha sa bhreis ag baint le
haon cheann de na pacáistí/roghanna beartais i bprionsabal[1]. Is amhlaidh gur ceann
de na nithe is cúis leis na roghanna beartais, coigilteas a ghiniúint le
haghaidh na Stát Schengen/consalachtaí agus na n‑iarratasóirí ar víosaí.
Mar thoradh ar phacáistí beartais B, C agus D beidh coigilteas de réir a chéile
ar chostais le haghaidh iarratasóirí, mar gheall ar an síormhéadú ar líon na víosaí
dul isteach iolrach a eisítear a bhfuil bailíocht fhada acu. Ó thaobh na n‑iarratasóirí
de, is é pacáiste beartais D an pacáiste is éifeachtúla agus is é pacáiste
beartais B an ceann is lú éifeachtúlachta. Maidir le gach pacáiste, is mó
iad i bhfad na sochair eacnamaíocha don AE ina n‑iomláine ná na costais
mheasta le haghaidh Stát Schengen aonair. Léirítear
leis an tábla thíos forbhreathnú ar an tionchar a mbeifí ag súil a bheadh ag
gach pacáiste beartais[2]. Rogha beartais/ Critéir || Pacáiste neamhrialála (A) || Íosphacáiste rialála (B) || Pacáiste rialála idirmheánach (C) || Uasphacáiste rialála (D) Éifeachtacht || || || || Éascuithe nós imeachta éigeantacha le haghaidh catagóirí áirithe taistealaithe || 1 || 2 || 3 || 4 Tuilleadh áiteanna le víosaí a bhailiú nó a phróiseáil i dtríú tíortha agus iad réasúnaithe || 1 || 2 || 4 || 4 An fhéidearthacht fanacht níos mó ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá i limistéar Schengen, ar bhonn cineáil údaraithe nua || 0 || 2 || 4 || 4 Tionchar ar shlándáil limistéar Schengen || 0 || 0 || -0,5 || -2 Sochair eacnamaíocha - ioncam ó chaiteachas na dtaistealaithe (sna milliúin EUR gach bliain) || - || Ca. 800 || Níos mó ná 2 000 || Níos mó ná 3 000 Poist a dtugtar tacaíocht dóibh (líon post coibhéiseach lánaimseartha (FTEnna)) || - || Ca. 20 000 || Ca. 60 000 || Ca. 80 000 Éifeachtúlacht || || || || Costais dhíreacha coigilte ag iarratasóirí ar víosaí (sna milliúin EUR gach bliain) || - || Ca. 50 || Ca. 200 || Ca. 300 Costais indíreacha coigilte ag iarratasóirí ar víosaí (sna milliúin EUR gach bliain) || - || Ca. 120 || Ca. 500 || Ca. 800 Glantionchar airgeadais ar na Stáit Schengen (sna milliúin EUR gach bliain) || - || Ca. -1 || Ca. -5 || Ca. -9 Féidearthacht || || || || Dlíthiúil || Go maith || Go maith || Go maith || Go maith Polaitiúil || Go maith || Réasúnta || Réasúnta || Lag Praiticiúil || Go maith || Go maith || Go maith || Réasúnta Maidir le réimse fadhbanna 1
(nósanna imeachta fada, anásta agus costasacha), tá an measúnú neamhchonclúideach
maidir le céard ba cheart a bheith mar rogha na tosaíochta. Sin toisc go bhféadfadh
baol slándála i bhfad níos airde a bheith ag baint le tionchar an‑ard
eacnamaíoch ionchasach an togra i bpacáiste beartais D. Tá baol íseal slándála
ag baint leis an togra sa rogha beartais idirmheánach (C), ach meastar go
mbeadh an tionchar eacnamaíoch ionchasach a bhaineann leis beagnach EUR 1 billiúin
níos lú. Maidir le réimse fadhbanna 2 (cumhdach geografach)
agus réimse fadhbanna 3 (cineál údaraithe nua), is iad na
roghanna a sainaithníodh sa phacáiste idirmheánach roghanna na tosaíochta
(coincheap nua maidir leis an 'Ionad Víosaí Schengen' agus an ionadaíocht
'éigeantach' do réimse fadhbanna 2 a thabhairt isteach; údarú nua le
haghaidh tréimhsí fanachta níos faide ná 90 lá le haghaidh gach náisiúnach
tríú tír maidir le réimse fadhbanna 3).
8.
Faireachán agus meastóireacht
Trí
bliana i ndiaidh teacht i bhfeidhm an athmhúnlaithe ar an gCód Víosaí,
tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta. [1] Eisceacht amháin is ea an rogha beartais maidir leis an
gcumhdach geografach i bpróiseáil víosaí. [2] 0: tionchar ar bith; 0-1: tionchar beag, más ann do; 2:
tionchar meánach; 3: tionchar ard; 4: tionchar an-suntasach. Tá an rátáil
diúltach (-) má tá an tionchar diúltach.