52014SC0010

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta, rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaiseachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair /* SWD/2014/010 final */


DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta, rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaiseachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair

1.           AN FHADHB A SHAINIÚ

1.1.        Soghluaiseacht le haghaidh fáis

Tagann tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha as soghluaiseacht. Tiocfaidh níos mó deiseanna fostaíochta d'oibrithe as méadú ar shoghluaiseacht oibrithe agus cuideoidh sí le fostóirí folúntais a líonadh níos fearr agus níos tapa. Cuirfidh sin leis an bhforbairt atá á déanamh ar mhargadh Eorpach an tsaothair chun go mbeidh ardleibhéal fostaíochta ann (Airteagal 9 CFAE). Dá gcomhtáthódh margaí saothair a thuilleadh, thiocfadh le geilleagair idirspleácha an AE iad féin a chur in oiriúint níos fearr do thurraingí neamhshiméadracha.

1.2.        Tá méadú ar an líon oibrithe atá toilteanach ar ghluaiseacht, ach níl na deiseanna acu

Is mór an méadú a tháinig ar líon na n oibrithe a léiríonn 'rún daingean' aistriú agus bheith ag obair thar lear (i.e an sciar díobh atá ag brath imirce a dhéanamh sna 12 mhí amach rompu).  Léiríonn na clárúcháin ar thairseach EURES gurb amhlaidh atá.  

Sa lá atá inniu ann, ní aistríonn ach thart ar 325 000 ar an meán duine le bheith ag obair i mBallstát eile, ach léiríonn eachtarshuímh ar na suirbhéanna gur mhian le thart ar 2.9 milliún saoránach den AE (1.2 M de dhaonra an AE) aistriú sna 12 mhí amach rompu. Is ionann sin agus a rá go bhfuil acmhainneacht soghluaiseachta ann ar dúshlán roimh líonra EURES í.

Is iad na deacrachtaí praiticiúla is coiteanta a bhfuil súil leo nó a dtagtar orthu, gan na scileanna teanga ábhartha is gá chun tosú ar phost a bheith ag an duine agus deacrachtaí a bhaineann le post a aimsiú. Is féidir leis an AE cuidiú a thabhairt i dtaca leis na deacrachtaí a bhaineann le post a aimsiú trí sheirbhisí tacaíochta a fhorbairt lena spreagfar earcaíocht laistigh den AE. Is faoi líonra EURES a bheidh an cúram sin. 

1.3.        Líonra EURES

Is éard atá in EURES líonra comhair idir an Coimisiún Eorpach agus Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SFPanna) an Limistéir Eacnamaíoch Eorpaigh (LEE) agus na Ballstáit (Ballstáit an AE móide an Iorua, an Íoslainn agus Liechtenstein) a bhfuil sé de chuspóir aige folúntais a mhalartú agus soghluaiseacht laistigh den AE a éascú. Tá cúig phríomheaspa ar fheidhmiú líonra EURES faoi láthair:

– linn neamhiomlán d'fholúntais agus de CVanna a bhfuil rochtain orthu ag an Ballstáit uile ar leibhéal an AE (trédhearcacht na margaí saothair);

– ábaltacht meaitseála thairseach EURES lena dtugtar folúntais agus CVanna le chéile a bheith teoranta de dheasca teorainn a bheith le hidir inoibríocht sheimeantach sonraí a thagann as córais náisiúnta folúntas (acmhainneacht mheaitseála uathoibríithe);

– rochtain ar sheirbhísí EURES nach ionann í in áiteanna éagsúla san AE ó nach bhfaigheann cuardaitheoirí poist agus fostóirí an fhaisnéis uile is gá ó líonra EURES ar bhonn córasach agus nach bhfaigheann siad tairiscint cúnaimh bhreise ag chéad chéim na hearcaíochta (príomhshruthú);

– teorainn leis an rochtain atá ar chúnamh maidir le meatseáil, earcú agus socrúchán do na cuardaitheoirí oibre sin agus do na fostóirí sin a léirigh spéis i soghluaiseacht oibrithe laistigh den AE, lena n áirítear rochtain ar bhearta gníomhacha maidir leis an margadh oibre agus ar fhaisnéis agus comhairle maidir le slándáil shóisialta (seirbhísí tacaíochta) araon;

– an malartú faisnéise margaidh saothair idir na Ballstáit maidir le ganntanais náisiúnta oibrithe agus barrachais náisiúnta oibrithe a bheith mí éifeachtúil, rud a chuireann bac ar chomhar praiticiúil a bheadh ní ba spriocdhírithe i líonra EURES (malartú faisnéise agus comhar).

1.3.1.     Linn neamhiomlán d'fholúntais agus de CVanna a bhfuil rochtain orthu ar leibhéal an AE

De réir an mheastacháin a rinneadh ní chuirtear ach thart ar 30 %, ar an meán, de na folúntais náisiúnta ar Thairseach EURES. Is mór an t athrú ar an gcóimheas sin ó thír go tír, ó 80 % i bPoblacht na Seice go dtí 0 % sa Bhulgáir agus sa Chróit[1].

Níl malartú leictreonach uathoibrithe CVanna nó fhaisnéise eile ar chuardaitheoirí oibre ar siúl ar an leibhéal Eorpach faoi láthair. Is de láimh a mhalartaítear CVanna idir comhairleorí EURES. Is beag an líon CVanna atá cumhdaithe faoin gcleachtas sin agus, ar an gcúis sin, is mór an teorainn atá leis an ábaltacht meaitseála a thagann as sin. Tá teorainn leis na deiseanna atá ag fostóirí iarrthóirí ionchasacha a fháil a bhfuil na scileanna agus na hinniúlachtaí a theastaíonn nó atáthar a iarraidh de dheasca na heaspa trédhearcachta maidir le CVanna. Ní amháin go gcuireann sin teorainn lena ndeiseanna féinseirbhíse, ach cuireann sé teorainn le héifeachtacht na tacaíochta a thugann Comhairleorí de chuid EURES dóibh, ó fhágtar iad i dtuilleamaí rochtana neamhdhírí ar CVanna trí Chomhairleoirí de chuid EURES i dtíortha eile in ionad rochtain dhíreach a bheith acu.

1.3.2.     Teorainn le hábaltacht thairseach EURES

Chun go mbeidh an mheaitseáil idir folúntais agus cuartaitheoirí poist ar leibhéal an AE ar ardchaighdeán, is gá córas aicmithe oiriúnach agus comhchaighdeáin ar ar comhaontaíodh maidir le faisnéis ar fholúntais agus CVanna araon. Úsáideann tairseach EURES, ar nós cuid mhór córas náisiúnta, an Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach ar Ghairmeacha (ISCO).

Níl go leor mionsonraí sa ISCO le go mbeadh sé ina ionstraim le haghaidh tacaíocht a thabhairt do mheaitseáil chun críocha fostaíochta. Tá an Coimisiún Eorpach ag forbairt aicmiú Eorpach maidir le scileanna, inniúlachtaí, cáilíochtaí agus gairmeacha (ar a dtugtar an Tacsanomaíocht Eorpach um Scileanna, Inniúlachtaí agus Gairmeacha (ESCO) faoi láthair). Níl sé d'oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar mapáil idir a gcórais náisiúnta agus an t aicimiú Eorpach sin chun gur féidir meaitseáil uathoibrithe Eorpach a dhéanamh.

1.3.3.     Rochtain ar sheirbhísí EURES nach ionann í in áiteanna éagsúla san AE

Ós rud é nach bhfuil cur chuige comhsheasmhach ann maidir le faisnéis bhunúsach a thugtar d'úsáideoirí ionchasacha agus rochtain ar sheirbhísí EURES a eagrú, is féidir go mbeidh baol ann go gcaillfear deiseanna soghluaiseachta agus fostaíochta mar nach bhfuil úsáideoirí go hiomlán ar an eolas faoi cé na seirbhísí ar féidir bheith ag súil leo nó mar go mbíonn deireadh le seirbhísí ag teorainneacha náisiúnta de bhrí nach bhfuil aon chontrapháirt ann a chuirfeadh an tseirbhís a bhfuil gá léi sa tír eile ar fáil.

1.3.4.     Seirbhísí tacaíochta do shoghluaiseacht

Tá trí easpa ar sheirbhísí EURES mar atá siad faoi láthair. (a) is éard atá i bhformór na seirbhísí, faisnéis agus treoir ghinearálta agus ní thugann siad tacaíocht do mheaitseáil, do shocrúchán ná d'earcú, (b) níl rochtain ar bhearta gníomhacha i leith mhargadh an tsaothair maidir le soghluaiseacht amach cosanta agus (c) ní leor an idirghníomhaíocht agus/ná an comhordú le seirbhísí a théann i ngleic le bacainní eile ar ghluaiseacht, amhail bacainní a bhaineann le slándáil shóisialta agus le cúnamh sóisialta.

1.3.5.     Malartú faisnéise agus comhar

Féadfaidh na Balstáit a gcuid beartas soghluaiseachta a athrú i bhfianaise forbairtí eacnamaíocha a théann i gcion ar a gcuid margaí saothair náisiúnta, ach ní dhéantar sin go córasach agus is cinnte nach ndéantar é i gcomhairle le Ballstáit eile. Ba cheart uirlisí agus nósanna imeachta a bheith ann le haghaidh an fhaisnéis a bhreithniú lena dtabharfar tacaíocht do fhreagra comhbheartaithe a fhorbairt.

Chun go mbeidh comhar trasnáisiúnta ann maidir le soghluaiseacht laistigh den AE , is gá comhaontú ar chomhchuspóirí (leagan comhroinnte) agus creat le haghaidh comhordú idir na Ballstáit ar leibhéal oibríochtúil a bheith ann, rud nach féidir a bheith ann gan dlúth chomhroinnt chórasach, uirlisí coiteanna agus dáileadh soiléir freagrachtaí a bheith leis. Níl ceachtar den dá ní sin, comhaontú ar chomhchuspóirí ná creat creat le haghaidh comhordú, ar bun sa lá atá inniu ann.

1.4.        Cé air a dtéann sé i gcion agus conas a théann

Is iad na hoibrithe is mó a dtéann sé i gcion orthu, cuardaitheoirí poist go háirithe, agus fostóirí.

Níl na deiseanna is gá ag oibrithe a bhfuil rún daingean acu bheith soghluaiste chun an rún sin a chomhlíonadh. An teorainn atá le trédhearcacht maidir le folúntais agus an easpa tacaíochta atá ann do dhaoine atá i ngleic le deacrachtaí praiticiúla, amhail post a aimsiú agus iad féin a chur in oiriúint do chultúr agus teanga Ballstát eile, cuireann siad bac ar theachtadh deonach an chirt ar shaorghluaiseacht atá ag oibrithe.

Níl rochtain ag fostóirí ar an linn inniúlachtaí atá ar fáil ar mhargadh saothair na hEorpa. Is ábhar imní an méid sin ag fostóirí a bhfuil folúntais oscailte acu i slite beatha a mheastar a bheith ina slite beatha scroige ar a margadh saothair féin cé go bhfuil cuardaitheoirí poist in áiteanna eile san Aontas.a bhfuil na scileanna agus na hinniúlachtaí acu atá oiriúnach do na slite beatha sin.

1.5.        An gá atá le hidirghabháil

Baineann príomhchúiseanna na n easpaí leis an gcreat atá ann faoi láthair do EURES:

– Gan oibleagáidí na mBallstáit a bheith soiléir, rud a fhágann gurb iomaí ciall is féidir a bhaint as na rialacha agus gur féidir leis na Ballstáit gan an fhaisnéis uile ar fholúntais ná an fhaisnéis ábhartha ar an margadh saothair a chur ar aghaidh agus gan deireadh a chur le bacainní riaracháin agus le páipéarachas a bhaineann leis an rochtain atá ag cuardaitheorí poist agus fostóirí araon ar fhaisnéis ar mhargadh saothair an AE.

– Gan na Ballstáit a bheith toilteanach go leor ar sheirbhísí a bhaineann le soghluaiseacht laistigh den AE a chur ar fáil go deonach do chuardaitheoirí poist agus d'fhostóirí, maidir le folúntais a iontráil i dtairseach EURES, sofheiceacht folúntas Eorpach ar thairseacha náisiúnta post, rochtain ar sheirbhísí tacaíochta do shoghluaiseacht go háirithe;

– Go bhfuil feidhmiú líonra EURES ar an iomlán ag brath rómhór ar chomhoibriú deonach na mBallstát, rud a fhágann nach leor an dul chun cinn a dhéantar i dtreo córais chomhoibriúcháin a chur i dtoll a chéile, maidir le comhroinnt CVanna, comhthoghadh seirbhísí i gcóras EURES ar an leibhéal náisiúnta agus tosú ar comhchatalóg seirbhísí soghluaiseachta go háirithe.

– Gan cur chuige comhsheasmhach a bheith ann maidir leis an dóigh agus an áit a dtagann EURES i bhfeidhm mar líonra díláraithe le haghaidh comhoibriú trasnáisiúnta, rud a fhágann go n oibríonn na Ballstáit i gcrios liath maidir le leas na hEorpa agus an leas náisiúnta, ó nach bhfuil beartais soghluaiseachta ann lena stiúrfaí gníomhartha idir na Ballstáit laistigh de líonra EURES; 

– Teorainn a bheith le cumhachtaí comhordúcháin an Choimisiúin, rud a chuireann an iachall ar luamháin beartas aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá i bhfeidhmiú líonra EURES, maidir le uirlisí agus modhanna réitigh agus anailís ar fhaisnéis ar mhargadh an tsaothair.

2.           Anailís na coimhdeachta

Tá bonn dlí EURES le fail in Airteagal 45 agus in Airteagal 46 CFAE agus go háirithe in Airteagal 46 CFAE, ina bhfuil tagairt do dhlúthchomhar idir seirbhísí naisiúnta fostaíochta agus ina bhforáiltear d'inneallra cuí a chur ar bun chun tairiscintí fostaíochta a chuir i dteagmháil le hiarratais ar phoist.

Urrumaítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta leis an tionscnamh seo. Tá na bearta sonracha aonair sa togra seo fite fuaite le chéile. Daingníonn siad a chéile agus déanfaidh siad ionstraim éifeachtach de chóras EURES d'aon chuardaitheoir poist nó d'aon fhostóir ar spéis leis soghluaiseacht laistigh den AE. Meastar an tacar beart a bheith cuí i bhfianaise an reachta ina bhfuil daoine atá dífhostaithe ar mhargaí an tsaothair, na riachtanas a dtugann cuardaitheoirí poist aghaidh orthu ('rún daingean') agus na bhforbairtí (teicneolaíocha) maidir le margaí folúntas agus earcaíochta.

Ó nach mór comhchreat le haghaidh comhair idir eagraíochtaí i mBallstáit éagsúla a bheith ann chun gur féidir folúntais, iarratais ar phoist agus CVanna a réiteach thar theorainneacha agus oibrithe a shocrú dá bharr sin, ní féidir le Ballstáit amháin cuspóir an togra a bhaint amach mar is ceart. Tá gá le beart ar leibhéal an AE mar gheall air sin.

Ní théann na bearta thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

Ceart bunúsach is ea soghluaiseacht oibrithe agus is é is aidhm don ionstraim seo an ceart sin a neartú trí úsáid na soghluaiseachta a éascú.

3.           Cuspóirí

Is é an cuspóir ginearálta, dul chun cinn níos mó a dhéanamh i dtreo margaidh saothair Eorpaigh a bheidh níos comhtháthaithe. Leis sin a dhéanamh, is gá ionstraim éifeachtach a dhéanamh de EURES d'aon chuardaitheoir poist nó d'aon fhostóir ar spéis leis soghluaiseacht laistigh den AE.

Chun an cuspóir ginearálta sin a bhaint amach, sainíodh na cuspórí sonracha seo a leanas:

1.           Le baint amach ar thairseach EURES: lón folúntas a bheidh beagnach iomlán, agus rochtain mheandrach a bheith ag cuardaitheoirí poist ar fud na hEorpa ar na folúntais chéanna, maille le linn fhairsing CVanna a bheith ar fáil as ar feidir le fostóirí earcú.

2.           É a chur ar cumas thairseach EURES meaitseáil mhaith uathoibrithe a dhéanamh idir folúntais, iarratais ar phoist agus CVanna, iad a aistriú isteach i dteangacha uile an AE agus scileanna, inniúlachtaí, slite beatha agus cáilíochtaí a fuarthas ar an leibhéal náisiúnta a bheith san áireamh sa phróiseas sin;

3.           Faisnéis bhunúsach a chur ar fáil ar líonra EURES ar fud an Aontais d'aon chuardaitheoir poist nó d'aon fhostóir atá ar lorg seirbhísí cliant le haghaidh earcaíochta agus rochtain a chur ar fáil ar bhonn leanúnach d'aon duine ar spéis leis rochtain a fháil ar líonra EURES; 

4.           Cuidiú a thabhairt d'aon duine den chineál sin ar spéis leis meaitseáil, socrú agus earcú a dhéanamh trí líonra EURES;

5.           Tacú le feidhmiú líonra EURES trí mhalartú faisnéise ar ghanntanais agus barrachais saothair naisiúnta agus trí chomhordú beart ar fud na mBallstát.

4.           Roghanna beartais

4.1.        Rogha 1: 'Gan dul i mbun gnímh nua'

Leanfar de na hoiriúnuithe a tionscnaíodh cheana (Cinneadh EURES ón gCoimisiún 2012) ar fheidhmiú an líonra, ar eagrú na hoibre idir na gníomhaithe éagsúla, ar chuspóirí oibríochtúla EURES agus ar shainiú na dtairiscintí seirbhísí laisigh de raon feidhme Rialachán 492/2011 mar atá sé faoi láthair.

4.2.        Rogha 2: 'Liospónú'

Tá an rogha seo dírithe ar réiteach tapa na hiarrata a chuir Parlaimint na hEorpa isteach, agus sin a dhéanamh gan athruithe breise a thabhairt isteach i dtaca leis an status quo. Chun sin a dhéanamh, ba ghá dhá bheart i ndiaidh a chéile: Airteagal nua a chur in ionad Airteagal 38 de Rialachán 492/2011 ar dtús, agus an leasú ar an Rialachán sin a leanfadh sin maidir leis na cumhachtaí atá le tabhairt don Choimisiún le haghaidh Rialachán 492/2011 a chur chun feidhme i gcomhréir le forálacha nua Chonradh Liospón agus ansin an nós imeachta le haghaidh cinneadh nua  maidir le EURES a sheoladh i gcomhréir leis an Rialachán arna athbhreithniú.

4.3.        Rogha 3: 'EURES a nuachóiriú agus a neartú'

Daingneoidh an rogha seo creat rialála EURES trí nuachóiriú ar na forálacha maidir leis an inneallra a bhaineann le réiteach folúntas agus iarratas ar fhostaíocht agus daingniú sheachadadh thairiscint seirbhíse EURES agus cuíchóiriú fheidhmiú chóras EURES a chur le chéile.

Faoin rogha seo, comhtháthófar bonn dlí EURES in aon Rialachán amhain, daingneofar oibleagáidí atá ann cheana agus cuirfear oibleagáidí nua isteach maidir leis na gnéithe seo a leanas:

· Trédhearcacht margaí saothair (Trédhearcacht): Daingneofar agus soiléireofar na hoibleagáidí atá ann cheana folúntais a mhalartú trína chur d'oibleagáid ar na Ballstáit (a) na folúntais uile a fhoilsítear go náisiúnta a chur ar fáil d'EURES; (b) CVanna na gcuardaitheoirí poist uile a chur ar fáil d'EURES agus (c) tairseach EURES a nascadh leis na tairseacha náisiúnta cuardaithe post uile, í a dhéanamh soiléir sofheicthe agus inchuardaithe orthu, rud a d'éascódh an rochtain ar fholúntais Eorpacha ar leibhéal na gaire.

· Feabhas ar idir inoibrítheachta (Acmhainn meaitseáil uathoibrithe a dhéanamh) Beidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit idir inoibritheacht iomlán a airithiú de réir caighdeán agus formáidí teicniúla idir córais náisiúnta agus tairseach EURES. An oibleagáid idir inoibritheacht a áirithiú, sainítear leis córas aonfhoirmeach an Rialacháin, agus cuireann an oibleagáid sin iachall orthu caighdeáin agus formáidí teicniúla a úsáid le haghaidh seachadta folúntas agus CVanna, maidir le mapáil ó aicmithe agus chucu.

· Príomhshruthú: Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighfidh na cuardaitheoirí poist uile agus na fostóirí uile atá ag iarraidh seirbhísí cliant ar sheirbhís fostaíochta faisnéis bhunúsach ar thairseach EURES, nó iad go gcuirfear ar an eolas faoin bhfaisnéis sin agus go bhfiafrófar díobh go sainráite ar mhaith leo cúnamh breise a fháil ('tairiscint EURES').

· Feabhas ar rochtain na n oibrithe ar sheirbhísí tacaíochta do shoghluaiseacht (seirbhísí tacaíochta): Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ar chuardach poist agus ar chunamh earcaíochta ag na cuardaitheoirí poist agus na fostóirí uile a léirigh gur mhaith leo úsáid a bhaint as líonra EURES. Lena chois sin, ní mór rochtain ar bhearta maidir leis an margadh saothair gníomhach a bheith neamhspleách ar náisiúntacht oibrithe an AE agus ar an áit fostaíochta. Sa bhreis air sin, ní mó faisnéis shonrach agus cúnamh (atreoruithe chuig an údarás inniúil) a thabhairt maidir le slándáil shóisialta.

· Malartú faisnéise agus comhar  Beidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit (a) faisnéis ar mhargadh an tsaothair a mhalartú agus (b) bearta a chomhordú de réir na faisnéise a bhailítear. 

4.4.        Rogha 4: 'Rogha 3 móide comhaontuithe comhpháirtíochta leis an AE'

San áireamh i rogha 4 tá nuachóiriú líonra EURES de réir na tuairisce i rogha 3 agus sa bhreis air sin tá sainordú don Choimisiún dul isteach i gcomhpháirtíocht ar fud an AE le seirbhísí neamhphoiblí fostaíochta.

Faoi rogha 3 beidh na Ballstáit ag gníomhú mar gheatóirí ar an rochtain a bheidh ag seirbhísí neamhphoiblí fostaíochta ar líonra EURES. Faoi rogha 4 beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún ar a bharr sin comhaontuithe comhpháirtíochta a thabhairt ar comhchéim leis na Ballstáit do na soláthróirí seirbhíse sin agus ghlacfadh an Coimisiún de láimh freisin dualgais de chuid na mBallstáit a ghabhann leis sin maidir le háirithiú cáilíochta, áirithiú idir inoibritheachta etc. (liosta in 5.3).

5.           MEASÚNÚ TIONCHAR

5.1.        Rogha 1: 'Gan beart nua a dhéanamh'

Leanfar den phróiseas athchóiriúcháin a tionscnaíodh le Cinneadh EURES 2012 ar na iomlán. Os a choinne sin, laghdófar ar luas a chur chun feidhme mar gur thug an Cás Cúirte atá le bheith ann éiginnteacht dlí isteach sa phróiseas.

Má fhanann an Coimisiún go dtí go ndéanfaidh an Chúirt cinneadh, –is ionann sin– agus comhartha a thabhairt do na páirtithe lena mbaineann gur féidir go gcuirfear moill ar iarrachtaí ar athchóiriú.

Ciallaíonn sin go míchobhsódh agus go moilleodh an rogha seo an t athchóiriú measartha ar Chinneadh 2012 agus is léir nach dtabharfaí aghaidh ar aon cheann de na heaspaí atá sainithe thuas sa chás sin.

5.2.        Rogha 2: 'Liospónú'

Chun an rogha seo a chur i bhfeidhm, bheadh ar an gCoimisiún beart a dhéanamh go tapa maidir leis an nós imeachta le haghaidh Cinnidh a sheoladh i gcomhréir leis an Rialachán athbhreithnithe chun tiomantas EURES d'athchóiriú 2012 a dhearbhú.

Má leasaítear Airteagal 38 de Rialachán 492/2011 beidh dúshraith ann ar ar féidir leasuithe breise ar líonra EURES a thógáil. Cuirfidh sé ar chumas an Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme agus/nó tarmligthe a ghlacadh ar bhonn chaibidil II den Rialachán. Dá bhrí sin, is bonn é d'athchóirithe breise. Os a choinne sin, beidh na hathchóirithe sin teoranta d'eilimintí neamhríachtanacha nó do bhearta cur chun feidhme, mar nach féidir iad a dhéanamh lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin.

D'fhéadfaí bonn leordhóthanach a fháil leis an rialachán seo le haghaidh leanúint den trédhearcacht ar mhargaí saothair agus, go dtí pointe áirithe, den phríomhshruthú.

Os a choinne sin, ní leigheasfaí leis an rogha sin easpaí maidir le meaitseáil uathoibrithe, gan oibleagáid a bheith ann i ndáil le mapáil idir aicmiú náisiúnta agus an t aicmiú Eorpach, i ndail leis an bpríomhshruthú, gan oibleagáid a bheith ann faisnéis bhunúsach agus atreorú a chur ar fáil i ngach cás ina n iarrann fostóirí agus cuardaitheoirí poist seirbhísí cliant don earcaíocht, i ndail le seirbhísí tacaíochta, gan pacáiste foirmiúil comhaontaithe a bheith ann, agus i ndáil le malartú faisnéise agus comhar, gan sainiú soiléir a bheith ann ar raon an mhalartaithe faisnéise agus i ndail le faisnéis ar mhargadh an tsaothair. Dá bhrí sin, tá ceithre cinn de na heaspaí a sainíodh nach leigheasfaidh an rogha seo go hiomlán.

5.3.        Rogha 3: EURES a nuachóiriú agus a neartú

5.3.1.     Trédhearcacht

Tionchair

Cuirfidh méadú ar líon na bhfolúntas a mhalartaítear agus a scaiptear ar an leibhéal Eorpach feabhas ar na deiseanna atá ag cuardaitheoirí poist folúntais a aimsiú. Is doiligh a mheas cá mhéad folúntas breise a chuirfear ar fáil gan foramharc cuimsitheach a bheith ann ar na comhaontuithe le gníomhaithe Seirbhísí Poiblí Fostaíochta sna Ballstáit a bheith ann agus ó nach bhfuil fáil ar shonraí ó na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta i ndáil le méid na bhfolúntas ar leibheil dhíláraithe.

Cuirfidh cur chuige níos córasaigh maidir le hiarratais ar phoist agus CVanna a bhailiú agus a chomhroinnt ar thairseach EURES feabhas ar na seansanna go mbeidh iarrthóirí oiriúnacha ar fáil le folúntais na bhfostóirí a líonadh.

Má bhíonn folúntais EURES le feiceáil ar thairseacha cuardaithe poist, beidh rochtain níos fusa ag cuardaitheoirí poist ar dheiseanna fostaíochta Eorpacha. Ós iad na tairseacha náisiúnta cuardaithe poist an chéad áit is dual obair a chuardach, tabharfaidh cur i láthair sofheicthe na rogha folúntais Eorpacha a chuardach pictiúr de dheiseanna fostaíochta níos iomláine do chuardaitheoirí poist.

Costais

Tá an sásra le haghaidh folúntais a mhalartú le EURES curtha ar bun (nó ullmhaithe) ag na Ballstáit uile cheana. Beidh costais leis na sásraí sin a leathnú go gcuimseoidh siad faisnéis ar CVanna, ach beidh méid na gcostas sin ag brath ar roinnt fachtóirí. Más féidir na córais atá ann faoi láthair a leathnú go gcumhdóidh siad CVanna, is féidir go mbeidh na costais íseal go leor; más gá córas nua ar fad a chur ar bun, beidh na costais i bhfad níos airde. Tabharfaidh an Coimisiún an chuid is mó de na bogearraí uaidh saor in aisce. Mar gharbhmheastachán ar an gcostas a bheadh le córas nua a fhorbairt, b'fhéidir go mbeadh sé thart ar EUR 100 000 agus costais cothabhála bhliantúla thart ar EUR 12 000 leis sin.

Le API, is féidir le gach soláthróir seirbhíse de chuid EURES sonraí de chuid EURES a chur chun feidhme ar ais chuig a sheirbhís ar líne chun costais a laghdú. Meastar gur gá roinnt laethanta oibre ó thriúr nó ó cheathrar chun an comhtháthú a dhéanamh.

5.3.2.     Meaitseáil uathoibrithe

Tionchar

Is follas na tairbhí le comhchaigheáin Eorpacha: chuirfeadh siad ar chumas cuardaitheoirí poist agus fostóirí próifíl an chontrapháirtí margaidh a thuiscint níos fearr. Ba mhór an chéim i dtreo níos mó comhtháthaithe i margadh saothair na hEorpa é caighdeán ar an leibhéal Eorpach do thuariscí ar phoist agus do phróifílí cuardaitheoiría agus, san am céanna, bheadh úsáid thairseach EURES níos tarraingtí d'oibrithe agus d'fhostóirí as Ballstáit éagsúla dá bharr.

Má chríochnaíonn soláthróirí seirbhíse uile EURES mapáil do ESCO, beidh sé níos fusa daoine as an AE ar fad a mheaitseáil do phoist ar fud an AE agus próifílí scileanna aonair cuardaitheoirí poist agus riachtanais shonracha fostóirí á gcur san áireamh san am céanna. Ós rud é go mbeidh ESCO ilteangach, níl an oiread sin ábharthachta le teanga na faisnéise ar mhargadh an tsaothair.

Costais

Beidh costais ar dtús le córais TF a chur in oiriúint d'idir inoibritheacht sheimeantach Eorpach iomlán. I gcás na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta siúd (amhail an Fhrainc agus Poblacht na Seice) a bhfuil córais aicmiúcháin dá gcuid féin acu a bhfuil idir shlite beatha agus scileanna agus inniúlachtaí san áireamh iontu, is féidir an fardal mapála chuig ESCO agus as a theastaíonn a dhéanamh mar chuid de na nuashonruithe tráthrialata is gá a dhéanamh ar na córais sin. I gcás Seirbhísí Poiblí Fostaíochta eile (thart ar 80 % den iomlán) a úsáidean aicmithe slite beatha atá bunaithe ar ISCO, beidh gá le gníomhaíocht fardail ar leith.

Is deacair costais na mapála a ríomh go beacht agus beidh dífríocht mhór idir na costais sna Ballstáit éagsúla, de réir an chórais atá ar bun. Is é rud gur gné ríthábhachtach d'institiúidí margaí saothair córas meaitseála a bheith acu a fheidhmíonn go maith, agus níor cheart a rá gur as athchóiriú EURES amháin a thagann an costas atá le córas den chineál sin a chur ar bun agus a chothabháil. Dá bhrí sin, ba cheart glacadh leis gur deis atá in athchóiriú EURES; ní gurb é is cúis le cur chun feidhme an chórais sin.

Tá an rogha ag cách fós aistriú go hiomlán as na haicmithe atá in úsáid acu faoi láthair agus ESCO a ghlacadh go hiomlán. Chuirfeadh sin deireadh le haon chostais chothabhála agus nuashonraithe a bheadh ann amach anseo.

5.3.3.     Príomhshruthú

Tionchair

Dá mbeadh an cur chuige maidir le EURES a chomhtháthú sa tairiscint seirbhíse coiteann agus ní ba chórasaí, d'áiritheofaí go mbeadh an leibhéal rochtana céanna, a bheag nó a mhór, ag gach cuardaitheoir poist agus fostóir  ar spéis leis é ar fud an AE agus go bhfaighfeadh siad faisnéis shoiléir iomlán ar an méid is féidir a dhéanamh le EURES, cá huair agus conas.

Dá leathnófaí soláthar faisnéise bunúsaí go gcumhdódh sé na seirbhísí fostaíochta uile ina bhfuil seirbhísí cliant le fáil, mhéadófaí go mór an éifeacht a bheadh ag an tsoláthair faisnéise ar líonra EURES ar chuartaitheoirí poist agus ar fhostóirí, agus, ar an dóigh sin, mhéadófaí líon na ndeiseanna meaitseála go mbeadh sé níos mó ná an sciar atá ag Seirbhísí Poiblí Fostaíochta faoi láthair. Ós rud é go mbaineann sin leis an bpríomhuirlis le haghaidh rochtain a theorannú do na príomh spriocghrúpaí, ba cheart é a chur i bhfeidhm ní amháin ar sheirbhísí poiblí fostaíochta, is cuma cé acu a roghnaíonn na seirbhísí fostaíochta sin iarratas a dhéanamh ar bheith rannpháirteach agus a ghlactar mar sholáthróirí seirbhíse de chuid EURES (Comhpháirtithe de chuid EURES) nó nach roghnaíonn/nach nglactar.

Costais

Ós rud é gur féidir faisnéis EURES a áireamh ar na próisis chaighdeánacha le haghaidh cliaint a bhainistiú, i gcás na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta agus soláthróirí seirbhíse eile de chuid EURES, ba cheart go mbeadh na costais riaracháin íseal.

Ní thiocfaidh ardú ar chostais na mBallstáit a bhfuil líonraí EURES acu atá measartha forbartha, ós rud é go bhfuil a leibhéil seirbhíse ag na leibhéil is féidir a theastóidh cheana nó go bhfuil go leor acmhainní ar fáil cheana laistigh de líonraí náisiúnta EURES. Tá na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta ar éirigh leo EURES a phríomhshruthú ag cur cuardaitheoirí poist ar an eolas cheana trína bpróisis chaighdeánaithe. 

5.3.4.     Seirbhísí Tacaíochta

Tionchar

Má chuirtear seirbhísí tacaíochta do soghluaiseacht le tairisicint seirbhíse EURES, cuideoidh sin le hoibrithe bacainní ar shoghluaiseacht a shárú, ó nach bhfuil na hacmhainní eacnamíocha acu is gá chun an mianach atá iontu a léiriú ná chun a thaispeáint do mhargadh an tsaothair a tharraingtí atá siad ó thaobh fostaíochta de.

Má chuirtear deireadh leis na teorainneacha geografacha atá le cláir mhargaidh saothair do chuardaitheoirí poist ar spéis leo bheith ag obair i mBallstát eile de chuid an AE, beidh na huirlisí céanna (i.e uirlisí le haghaidh an t aistriú a éascú agus cuidiú a thabhairt folúntais a líonadh) ag foireann EURES agus atá ar fáil ar mhargaí saothair náisiúnta. Beidh, dá bhrí sin, níos mó deiseanna ag oibrithe.

Cuideoidh na forálacha atá beartaithe le fostóirí a bhfolúntais a líonadh níos tapa, ó chomhlánóidh líonra EURES na seirbhísí fostaíochta intíre ar dhóigh níos éifeachtaí. De bharr líonra EURES, is leithne an linn iarrthóirí a bheidh ar fáil, rud a chuirfidh leis an dóchúlacht go bhfaighfear iarrthóirí a bhfuil scileanna oiriúnacha acu. Is iad na FBManna go háirithe a bhainfidh tairbhe as neartú na seirbhísí d'fhostóirí ó laghdóidh sin an fad ama is gá chun earcú a dhéanamh agus ísleoidh sé na costais leis na hidirbhearta.

Beidh na feabhsuithe sin, ar a mbeidh an tacaíocht tar éis an earcaithe go háirithe, níos tábhachtaí do FBManna ná d'fhiontair mhóra, mar gur minic córais dá gcuid féin ar bun ag na fiontair mhóra le haghaidh oibrithe ón iasacht a earcú agus a imeascadh. Níl se chomh deacair dóibhsean íoc as an gcineál sin tacaíochta, ach ní bheadh FBManna chomh sásta sin nó chomh hábalta sin é a dhéanamh.

Costais

Tagann formhór na gcostas as seirbhísí tacaíochta do shoghluaiseacht aonair i.e cúnamh do chuardaitheoirí poist agus d'fhostóirí. Tá na costais sin ag brath ar chineál an tseachadta agus ar na riachtanais aonair. Tá siad inathraitheach dá bharr sin agus i gcoibhneas díreach le daoine a thabhairt isteach san fhostaíocht. Is féidir do chlár oiliúna EURES, a fhaigheann maoiniú ón gCoimisiún faoi Chlár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) oiliúint foirne le haghaidh gníomhaíochtaí a athdhíriú ar mheaitseáil, ar shocrú agus ar earcú.

I dtaca le rochtain ar bhearta gníomhacha margaidh saothair, agus cúrsaí teanga go háirithe, de réir na meastachán inmheánach beidh EUR 50 250 i gceist in aghaidh an rannpháirtí. Chumhdódh sin, i bprionsabal, cúrsaí ar líne a mhaireann thart ar 6 mhí agus lena mbainfeadh roinnt teagaisc ar líne (is cuma cén leibhéal). Os a choinne sin, tá laghdú ag teacht ar an gcostas i gcás gach teanga ar an margadh agus is féidir go mbeidh ról ag barainneachtaí scála.

Má ghlactar le roinnt bonn tuisceana, de réir meastacháin 'pháirce peile' beidh breischostas thart ar EUR 33,3 le faisnéis agus cúnaimh chuardaigh phost agus thart ar EUR 16 milliún le cúnamh cuardaigh phost.

Beidh na gníomhaíochtaí náisiúnta, go háirithe feidhmiú líonra EURES ar an leibhéal náisiúnta (Oifig Náisiúnta um Chomhordú) agus forbairt scéimeanna tacaíochta soghluaiseachta oiriúnaithe ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach ag ar an lebhéal trasteorann incháilithe do mhaoiniú ó Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) le linn na tréimhse 2014 2020 i gcomhréir leis na tosaíochtaí infheistíochta is cuí.

Is féidir go mbeidh deiseanna ag Ballstáit na baill foirne de chuid EURES atá ann faoi láthair a aistriú ó ghníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide ar líonra EURES atá níos ginearálta go meaitseáil, sonrú agus earcaíocht. Ba cheart i bprionsabal comhairleoirí EURES sa líonra (ar 900 a líon) a éirí ina saineolaithe ar mheaitseáil laistigh den AE agus a dhíriú ar thorthaí earcaíochta. Is féidir bheith ag súil go laghdófar ar ábharthacht a ngníomhaíochtaí faisnéise ós rud é go dtabharfaidh an príomhshruthú na custaiméirí isteach amach anseo agus, i gcás ina mbeidh gá fós le gníomhaíochtaí cur chun cinn, is féidir iad a laghdú nó iad a fhágáil i muinín na foirne duine le duine/na foirne nach bhfuil chomh saineolach sin agus/nó ríomhsheirbhísí.

5.3.5.     Rialáil EURES agus comhar idir seirbhísí fostaíochta

Tionchar

Ós rud é go mbeidh tuarisciú stuchtúrtha agus faireachán á ndéanamh agus go mbeidh an fhaisnéis mhargaidh saothair chuí maidir le barrachais agus ganntanais ar mhargadh an tsaothair á gcur isteach, beidh an fhaisnéis is gá ag SFPanna agus ag soláthróirí seirbhíse eile de chuid EURES (Comhpháirtithe EURES) chun gníomhaíochtaí comhordaithe a chomhpleanáil laistigh de líonra EURES, mar shampla, a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí spriocdhírithe ar na hearnálacha is mó a mbeidh a ranníocaíochtaí éifeachtúil iontu. Lena chois sin, áireofar le comhpleanáil go mbeidh tacaíocht contrapháirtí i mBallstát eile, e.g. go mbeidh an tacaíocht is gá ann d'oibrithe i dtír a ghlacann iad nuair a bheidh méadú ar thacaíocht soghluaiseachta spriocdhírithe do ghrúpa sonrach d'oibrithe as an AE sa tír a chuireann amach iad.

Costais

Bheadh costas ar Bhallstáit ar dtús agus iad ag cur an chórais faisneise ar bun, costais seirbhíse san áireamh (nuashonrú sásraí bunúsacha bailithe sonraí in SFPanna agus athbhreithniú ar phróisis ghnó). B'fhéidir go mbeadh costais TF agus oiliúna i gceist maidir le próisis ghnó choigeartaithe, athbhreithniú nó tabhairt isteach prótacal sonraí lena mbainean gníomhairí nach bhfuil i SPFanna agus próisis chomhairliúcháin ar an leibhéal náisiúnta.

5.4.        Rogha beartais 4: Rogha 3 móide comhpháirtíochtaí ar fud an AE le Seirbhísí Príobháideacha Fostaíochta

Tionchair

Agus an sásra údarúcháin sin ar bun ar leibhéal an AE, is fédir rochtain níos fearr ar sholáthar seirbhísí soghluaiseachta oibrithe a áirithiú gan fachtóirí náisiúnta a chur san áireamh. Is féidir glacadh leis gur mó soláthróirí sheirbhísí EURES (Comhpháirtithe EURES) a bheadh ann ná i gcás na rogha nach gcomhaontaítear dá réir cé na soláthróirí seirbhísí nua ach ar leibhéal na mBallstát laistigh de chreat na gcóras náisiúnta údarúcháin. Lasmuigh den tionchar a bheadh ag an rogha seo ar líonra EURES, bheidh dhá iarmhairt ní ba leitheadaí aici ar mhargadh na seirbhísí fostaíochta. 

Tá sraith ábhar imní a bhaineann le ról an Choimisiúin agus leis an gcaidreamh idir an Coimisiún agus Ballstáit aonair.

Sa chéad dul síos, tá baol ann go gcuirfidh an leathnú ar ról an Choimisiúin isteach ar ról Ballstát aonair. Sa dara dul síos, ghlacfadh an Coimisiún freagracht dhíreach de láimh maidir le hairithiú cáilíochta i gcás na ngníomhaíochtaí a dhéanfadh na soláthróirí seirbhíse arna n údarú, ach ní ann do na feidhmeanna sin faoi láthair laistigh de sheirbhísí an Choimisiúin. Ar an tríú dul síos, beidh na torthaí ag brath go mór ar a shásta a bheadh na gníomhaithe lena mbaineann, go háirithe gníomhaithe Chlár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta, bheith rannpháirteach i gcineál nua comhair agus a aithint go mbaineann tairbhí le bheith rannpháirteach i líonra EURES agus gur gá don Choimisiún a mhéad talamh coiteann is féidir a fháil le gníomhaithe uile Chlár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta ar féidir baint a bheith acu leis.

Costais

Bheadh sé measartha costasach an córas seo a chur ar bun ar leibhéal an AE i dtéarmaí na n impleachtaí a bheadh ann don Choimisiún ó thaobh foirne de. Cé gur dócha gur féidir caidreamh a bhainistiú leis na SPFanna móra atá gníomhach ar mhargadh saothair na hEorpa gan cur go mór leis an gcostas foirne, beidh gá le méadú ar a bhfoireann atá dírithe ar líonra EURES má éiríonn córas an AE ina rogha thosaíochta ag líon níos mó SPFanna.

6.           COMPARÁID IDIR NA ROGHANNA

Cuspóirí || Rogha 1 Gan dul i mbun gnímh || Rogha 2 'Liospónú' || Rogha 3 Rialachán Nua || Rogha 4 'Rogha 3 móide comhaontuithe comhpháirtíochta leis an AE'

Líon folúntas a bheith ar thairseach EURES atá beagnach iomlán, agus rochtain éasca ag cuardaitheoirí poist ar fud na hEorpa ar na folúntais chéanna (...) || Marbhántacht Gan súil le haon mhéadú ar an linn folúntas, seachas i gcás iarrachtaí deonacha || Dearfach + Féidearthacht go méadófar ar an linn folúntas má thugtar isteach gníomhartha cur chun feidhme maidir le níos mó sonraí a chomhroinnt   || An‑dearfach ++ Daingniú ar an oibleagáid ar na Ballstáit na folúntais uile a chur ar fáil Folúntais bhreise ina bhféidearthacht de bharr comhair le SPFanna ar an leibhéal náisiúnta || An‑dearfach ar fad +++ Daingniú ar an oibleagáid ar na Ballstáit na folúntais uile a chur ar fáil Gan féidearthacht ann, folúntais bhreise áirithithe tar éis comhaontuithe de chuid an AE le príomhSPFanna ar fud an AE

(…) maille le linn leathan CVanna a bheith ar fáil ónar féidir le fostóirí cláraithe earcú || Marbhántacht Gan aon mhéadú ar an linn folúntas a bhfuiltear ag súil leis, seachas i gcás iarrachtaí deonacha || Dearfach + Féidearthacht go méadófar ar an linn folúntas má thugtar isteach gníomhartha cur chun feidhme maidir le níos mó sonraí a chomhroinnt || An‑dearfach ++ Oibleagáid ar na Ballstáit CVanna a chur ar fáil Iarrachtaí breise ina bhféidearthacht de bharr comhair le SPF ar an leibhéal náisiúnta || An‑dearfach ar fad +++ Oibleagáid ar na Ballstáit CVanna a chur ar fáil Gan féidearthacht ann, folúntais bhreise áirithithe tar éis comhaontuithe de chuid an AE le príomhSPFanna ar fud an AE

É a chur ar cumas thairseach EURES meaitseáil mhaith uathoibrithe idir folúntais, iarratais ar phoist agus CVanna a dhéanamh, iad a aistriú isteach i dteangacha uile an AE agus scileanna, inniúlachtaí, slite beatha agus cáilíochtaí a theastaíonn ar an leibhéal náisiúnta a bheith san áireamh sa phróiseas sin; || Dearfach + Meaitseáil mhaith ina féidearthacht, má chloíonn formhór na mBallstát nó iad uile go deonach le caighdeáin ESCO  || Dearfach + Meaitseáil mhaith ina féidearthacht, má chloíonn formhór na mBallstát nó iad uile go deonach le caighdeáin ESCO || An‑dearfach ++ Oibleagáid nua mapáil go ESCO lena n áiritheofar meaitseáil mhaith uathoibrithe ar fud an AE agus le leas náisiúnta gach Ballstáit || An‑dearfach ++ Oibleagáid nua mapáil go ESCO lena n áiritheofar meaitseáil mhaith uathoibrithe ar fud an AE agus le leas náisiúnta gach Ballstáit

Faisnéis bhunúsach a chur ar fáil ar líonra EURES ar fud an Aontais d'aon chuardaitheoir poist nó d'aon fhostóir atá ar lorg seirbhísí cliant le haghaidh earcaíochta agus rochtain a chur ar fáil ar bhonn leanúnach d'aon duine ar spéis leis rochtain a fháil ar líonra EURES; || Neodrach 0 Súil go leanfar d'iarrachtaí aonair ar phríomhshruthú de réir riachtanas náisiúnta agus leagan amach náisiúnta || Neodrach 0 Súil go leanfar d'iarrachtaí aonair ar phríomhshruthú de réir riachtanas náisiúnta agus leagan amach náisiúnta || Dearfach + Cóir chomhionann oibrithe agus fostóirí agus cur chuige coiteann maidir le faisnéis bhunúsach agus cé ba cheart rochtain a fháil ar líonra EURES ar fud an AE || Dearfach + Cóir chomhionann ar oibrithe agus fostóirí agus cur chuige coiteann maidir le faisnéis bhunúsach agus cé ba cheart rochtain a fháil ar líonra EURES ar fud an AE

Cuidiú a thabhairt d'aon duine leasmhar den chineál sin  meaitseáil, socrúchán agus earcú  a dhéanamh trí líonra EURES; || Neodrach 0 Súil go leanfar d'iarrachtaí aonair seirbhísí tacaíochta soghluaiseachta a chur ar fáil de réir sainmhíniúcháin náisiúnta || Neodrach 0 Súil go leanfar d'iarrachtaí aonair seirbhísí tacaíochta soghluaiseachta a chur ar fáil de réir sainmhíniúcháin náisiúnta || Dearfach + Cóir chomhionann ar oibrithe agus fostóirí ar spéis leo agus comhshainiú ar raon na seirbhísí tacaíochta soghluaiseachta is féidir leo a fháil || Dearfach + Cóir chomhionann ar oibrithe ar spéis leo agus fhostóirí leasmhara agus comhshainiú ar raon na seirbhísí tacaíochta soghluaiseachta is féidir leo a fháil

Tacú le feidhmiú líonra EURES trí mhalartú faisnéise ar ghanntanais agus barrachais naisiúnta agus trí chomhordú beart ar fud na mBallstát. || Neodrach 0 Tógáil ar an gcur chuige coiteann maidir le clárú faoi Chinneadh 2012 ina féidearthacht || Neodrach 0 Tógáil ar an gcur chuige coiteann maidir le clárú faoi Chinneadh 2012 ina féidearthacht || Dearfach + Creat cuimsitheach maidir le malartú faisnéise agus comhordú ghníomhaíocht EURES || An‑dearfach ++ Creat cuimsitheach maidir le malartú faisnéise agus comhordú ghníomhaíocht EURES Folúntais bhreise áirithithe tar éis comhaontuithe comhpháirtíochta de chuid an Ae le príomhSPFanna ar fud an AE

Éifeachtacht || 0 || + || ++ || Ábhair imní maidir le ról an Choimisiúin agus maidir leis an gcaidreamh idir an Coimisiún agus Ballstáit aonair.

Costais || Gan aon chostais bhreise || Gan aon chostais bhreise || Costais bhreise ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún || Costais bhreise ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún

Ní bheidh dea éifeachtaí breise ach ag rogha 3 agus rogha 4. Faoi rogha 4 is mó go mór an dóchúlacht go mbeadh na héifeachtaí sin ann mar gheall an dóigh a leathnófaí rochtain ar líonra EURES. Os a choinne sin, ag an gcéim seo d'fhorbhairt EURES mar uirlis le haghaidh fheidhmiú na margaí saothair Eorpacha, baineann sraith ábhar imní le cur chun feidhme rogha 4 maidir le ról an Choimisiúin agus maidir leis an gcaidreamh idir an Coimisiún agus Ballstáit aonair. Cé nach féidir a rá nach nglacfar an rogha sin amach anseo, mar atá sí nó tar éis a coigeartaithe, meastar gur den chiall athchóiriú cuimsitheach ar EURES a chur chun feidhme ar dtús agus an gá atá le réiteach a bheadh ní ba chomhtháite a mheas tar éis athbhreithniú a dhéanamh. Dá bhrí sin, meastar gurb í rogha 3 is éifeachtaí agus gurb í an rogha is fearr í dá bharr sin.

7.           Faireachán agus Meastóireacht

Daingneofar na socruithe atá ann cheana maidir le bailiú sonraí agus comhroinnt faisnéise a bhaineann le hinchuir, le haschuir agus le torthaí laistigh de líonra EURES. Beidh tacar comhthascairí ann le haghaidh bailiú sonraí maidir le hinchuir agus aschuir a dhaingniú, agus beidh foinsí nua ann amhail suirbhéanna maidir le sástacht custaiméirí a fhorbrófar an ar leibhéal náisiúnta agus a chuirfidh leis na foinsí sonraí atá ann cheana, amhail na tuarascálacha míosúla thuasluaithe. Déanfar faireachán ar fhorbairtí laistigh de na SFPanna, lena n airítear oibriúcháin nuachóiriúcháin agus éifeachtúlachta, le gníomhaíochtaí an líonra SFPanna agus leis an gclár foghlama coitinne 'caidreamh SFP le SFP'. Foráiltear le cuimsiú maidir le EURES laistigh de na SFPanna, maidir le príomhshruthú sheirbhísí EURES go háirithe. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chur chun feidhme isteach a bheidh bunaithe ar an bhfaisnéis a bailíodh dá réir sin gach dara bliain. Déanfar meastóireacht ex post ina mbeidh plé ar a éifeachtaí atá ag an Rialachán nua cúig bliana tar éis a ghlactha.

[1]               BG, HR: Easpa idir inoibríochta teicniúla idir na córais náisiúnta agus EURES. Tá obair ar siúl le haghaidh an fhadhb a réiteach.