Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla /* COM/2014/0715 final - 2014/0339 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS
AN TOGRA Is tosaíocht ag an gCoimisiún a áirithiú go
gcoinnítear acquis reachtach AE cothrom le dáta agus oiriúnach dá
fheidhm. Sa chomhaontú idirinstitiúideach an 16.12.2003 maidir le
reachtóireacht níos fearr[1]
d'aontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gur cheart an
líon dlíthe atá ag an Aontas Eorpach a laghdú trí na gníomhartha nach bhfuil á
gcur i bhfeidhm níos mó a aisghairm. Ba cheart na gníomhartha sin a bhaint as acquis dlí
an Aontais Eorpaigh chun trédhearcacht a fheabhsú agus níos mó cinnteachta a
thabhairt do na saoránaigh uile agus na Ballstáit uile. Tá an méid sin i
gcomhréir le beartas an Choimisiúin maidir le hOiriúnacht Rialála. I
dTeachtaireacht uaidh i mí an Mheitheamh 2014 maidir le 'Clár um
Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT): An Staid mar atá agus mar a
bheidh'[2],
chuir an Coimisiún in iúl go raibh sé ag déanamh scagadh ar an acquis i
ndáil le comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla chun
na gníomhartha a d'fhéadfaí a aisghairm a aithint i bhfianaise na
hidirthréimhse atá leagtha amach sna Conarthaí a bheith istigh. Tá measúnú curtha i gcrích ag an gCoimisiún ar na
gníomhartha dlíthiúla a bhaineann le réimse na saoirse, na slándála agus an
cheartais, lena n‑áirítear an acquis tríú colún a bhí ann roimhe
seo. Is ann do roinnt gníomhartha a glacadh le fiche nó tríocha bliain anuas
nach bhfuil aon éifeacht leo a thuilleadh. Níl siad ábhartha a thuilleadh mar
ba ghníomhartha sealadacha iad nó tá a bhfuil iontu le fáil i ngníomhartha eile
a tháinig ina ndiaidh. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, tá sé molta ag an
gCoimisiún go gcúlghairfeadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na bearta
dá dtagraítear sa togra seo. I. Le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/610/CGB ón
gComhairle[3]
cruthaíodh Eolaire inniúlachtaí, scileanna agus saineolais speisialaithe
frithsceimhlitheoireachta sa chaoi go mbeadh fáil níos forleithne orthu
agus go mbeidís ar fáil go héasca do ghníomhaireachtaí i ngach Ballstát, rud a
chuirfeadh le hacmhainn frithsceimhlitheoireachta na mBallstát. Tá an
Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin imithe as feidhm ó cuireadh an cúram ar
Europol, le Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle[4],
tacú le bearta agus comhar coiteann údaráis inniúla na mBallstát agus iad a
neartú, chun sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, agus ó tugadh creat
nua isteach le Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle[5] (ar a dtugtar Cinneadh
Prüm), ar mhaithe le comhar trasteorann chun sceimhlitheoireacht a chomhrac. II.
Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/699/CGB ón gComhairle[6] maidir
le malartú faisnéise faoi phróifíliú ceimiceach drugaí chun comhrac na
gáinneála aindleathaí drugaí a éascú. Tá an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach
sin imithe as feidhm ó tháinig Cinneadh 2009/371/CGB ón
gComhairle[7] i
bhfeidhm, cinneadh lena mbunaítear Europol agus inar ionchorpraíodh an tAonad
Drugaí a bhíodh ann agus ó tháinig
an Coinbhinsiún maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais
Eorpaigh[8] i bhfeidhm, coinbhinsiún ina
ndéantar foráil maidir le comhar níos forleithne idir na Ballstáit i réimse an
bheartais drugaí. III.
Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/747/CGB ón gComhairle[9] chun an
comhar idir na gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí sna Ballstáit a neartú
trí chúnamh a thabhairt sa chomhar maidir le coireacht a chomhrac ar fud an
Aontais Eorpaigh. Tá an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin imithe as feidhm ó
cuireadh an cúram ar Europol, le Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle[10], eolas speisialaithe a
chur ar nósanna imeachta imscrúdaitheacha údaráis inniúla na mBallstát agus
comhairle a thabhairt do na húdaráis náisiúnta faoi imscrúduithe. Ina theannta
sin, tar éis gur cheap Europol Ardán Europol do Shaineolaithe (EPE), rinne
ceannairí Aonad Náisiúnta Europol sna Ballstáit (HENU) an cinneadh an
16 Feabhra 2012 an t‑eolaire dár foráladh i nGníomhaíocht
Chomhpháirteach 96/747/CGB a dhúnadh. IV. Gníomhaíocht
Chomhpháirteach 96/750/CGB ón gComhairle[11] maidir le comhfhogasú na ndlíthe
agus na gcleachtas chun an andúil i ndrugaí a chomhrac agus an gháinneáil
aindleathach drugaí a chomhrac. Tá an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin imithe as
feidhm ó tháinig an
Coinbhinsiún um Chúnamh
Frithpháirteach in
Ábhair
Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh[12] i bhfeidhm, coinbhinsiún ina
ndéantar foráil maidir le comhar níos forleithne idir na Ballstáit i réimse an
bheartais drugaí
agus ó tháinig Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle[13] i bhfeidhm, cinneadh maidir le
forálacha íosta i dtaca le gníomhartha coiriúla agus pionóis i réimse na
gáinneála aindleathaí drugaí lenar leagadh síos rialacha níos déine maidir le
sainmhínithe ar ghníomhartha áirithe coiriúla i réimse an bheartais drugaí agus
smachtbhannaí ina leith. V. Le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/339/CGB ón
gComhairle[14]
bhí na Ballstáit in ann obair i gcomhar le chéile agus tugadh an t‑údarás
dóibh faisnéis a roinnt maidir le himeachtaí mórscála chun riail agus reacht a
chaomhnú agus cionta coiriúla a chosc. Tá an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach
sin imithe as feidhm ó tháinig Cinneadh 2008/615/CGB (ar a dtugtar Cinneadh
Prüm) ón gComhairle[15]
isteach, cinneadh lenar tugadh isteach creat nua maidir le comhar chun an t‑ord
poiblí agus an tslándáil a chaomhnú i gcás mórimeachtaí agus sonraí a mhalartú.
Ina theannta sin, le Cinneadh 2002/348/CGB ón gComhairle[16] agus
Cinneadh 2007/412/CGB ón gComhairle[17]
bunaíodh Pointí Náisiúnta Faisnéise Sacair chun comhar idirnáisiúnta póilíneachta
agus malartú faisnéise i dtaca le cluichí sacair lena mbaineann gné
idirnáisiúnta a chomhordú agus a éascú. VI. Bhí sé d'aidhm ag Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/372/CGB ón
gComhairle[18]
malartú faisnéise agus eolais a mhéadú idir údaráis chustaim agus údaráis
eile um fhorfheidhmiú an dlí, go háirithe maidir le drugaí. Tá an
Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin imithe as feidhm ó tháinig Coinbhinsiún
Napoli[19]
i bhfeidhm, coinbhinsiún ina ndéantar foráil maidir le rialacha níos
mionsonraithe i ndáil leis an gcúnamh agus comhar frithpháirteach idir na
Ballstáit chun sáruithe forálacha náisiúnta custaim a chosc agus a bhrath, agus
sáruithe forálacha custaim Comhphobail agus náisiúnta a ionchúiseamh agus
pionós a ghearradh ina leith. Ina theannta sin, le Cinneadh 2009/917/CGB
ón gComhairle[20]
méadaíodh ar éifeachtacht nósanna imeachta comhair agus rialaithe na n‑údarás
custaim trí chóras faisnéise custaim (CIS) a bhunú chun sáruithe reachtaíocht
custaim nó talmhaíochta an Chomhphobail a chosc, a imscrúdú agus a
ionchúiseamh. Anuas air sin, le Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle,
cuireadh an cúram ar Europol tacú le comhar custaim. VII. Tá Gníomhaíocht
Chomhpháirteach 98/427/CGB ón gComhairle[21] maidir le dea‑chleachtas i gcúnamh
frithpháirteach dlíthiúil in Ábhair Choiriúla as feidhm ó tháinig an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh[22] i bhfeidhm, coinbhinsiún ina ndéantar
foráil maidir le comhar níos forleithne in ábhair choiriúla idir na Ballstáit. VIII. Gníomh ón gComhairle an 3 Nollaig 1998 lena
leagtar síos na rialacháin foirne is infheidhme maidir le fostaithe Europol[23] a bhfuil feidhm acu
maidir leis na baill foirne a d'fhostaigh Europol sular tháinig
Cinneadh 2009/371/CGB i bhfeidhm. Mar sin féin, tiocfaidh deireadh go
luath leis na conarthaí fostaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair, rud a
fhágfaidh nach mbeidh feidhm ag na rialacháin foirne sin níos mó. Faoi na
forálacha idirthréimhseacha atá beartaithe faoin togra seo áirithítear go
mbeidh na conarthaí fostaíochta sin fós á rialú ag an ngníomh sin go dtí go
dtiocfaidh deireadh leo. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR An Coimisiún agus ionadaithe na mBallstát agus ionadaithe Ardrúnaíocht
na Comhairle laistigh de Mheitheal Chairde na hUachtaránachta, meitheal a
bunaíodh d'fhonn gach ceist a bhaineann le deireadh na hidirthréimhse 5 bliana
atá leagtha amach in Airteagal 10 de Phrótacal 36 a ghabhann leis na
Conarthaí a scrúdú, bhí siad i mbun idirphlé le linn 2014 d'fhonn na bearta
dlíthiúla san acquis tríú colún a bhí ann roimhe seo, ar bearta iad atá
imithe as feidhm, a aithint. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Achoimre ar na bearta atá beartaithe Déantar roinnt beart dlíthiúil san acquis tríú colún a bhí ann roimhe seo, ar bearta iad atá imithe as feidhm, a aisghairm leis an togra seo. Bunús dlí Is é Airteagal 87(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/610/CGB ón gComhairle a aisghairm. Is é Airteagal 87(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/699/CGB ón gComhairle a aisghairm. Is é Airteagal 88(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/747/CGB ón gComhairle a aisghairm. Is é Airteagal 83(1) agus Airteagal 87(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/750/CGB ón gComhairle a aisghairm. Is é Airteagal 87(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/339/CGB ón gComhairle a aisghairm. Is é Airteagal 87(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/372/CGB a aisghairm. Is é Airteagal 82(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/427/CGB ón gComhairle a aisghairm. Is é Airteagal 88(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá leis an nGníomh ón gComhairle an 3 Nollaig 1998 lena leagtar síos na rialacháin foirne is infheidhme maidir le Europol a aisghairm. Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta Tá na bearta lena mbaineann an togra seo an togra seo imithe as feidhm, mar tá a bhfuil iontu le fáil i gníomhartha eile a tháinig ina ndiaidh nó níl siad ábhartha níos mó mar ba ghníomhartha sealadacha iad. Dá bhrí sin, tá sé i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta na bearta sin a aisghairm. Is faoi reachtóir an Aontais atá sé na bearta is gá a ghlacadh chuige sin. Rogha ionstraime An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Foráiltear in Airteagal 88(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go gcinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle struchtúr, oibríocht, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Europol trí bhíthin rialachán. Dá bhrí sin, is é rialachán an cineál gnímh dá bhforáiltear go sainráite san fhoráil seo de chuid an dlí phríomha. 4. IMPLEACHT
BHUISÉADACH Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra. 2014/0339 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN
gCOMHAIRLE lena n‑aisghairtear gníomhartha áirithe
i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 82(1), 83(1), 87(2) agus
88(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[24], Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Is gné riachtanach den
straitéis um reachtóireacht níos fearr atá á cur chun feidhme ag institiúidí an
Aontais trédhearcacht dhlí an Aontais a fheabhsú . Sa chomhthéacs sin, is
iomchuí na gníomhartha sin nach bhfuil aon chuspóir acu a thuilleadh a bhaint
as an reachtaíocht atá i bhfeidhm. (2) Is ann do roinnt gníomhartha
a glacadh i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in
ábhair choiriúla agus atá imithe as feidhm mar ba ghníomhartha sealadacha iad nó tá a
bhfuil iontu le fáil i
ngníomhartha eile a tháinig ina ndiaidh, cé nár aisghaireadh iad. (3) Le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/610/CGB
ón gComhairle[25]
cruthaíodh Eolaire inniúlachtaí, scileanna agus saineolais speisialaithe
frithsceimhlitheoireachta sa chaoi go mbeadh fáil níos forleithne orthu agus go
mbeidís ar fáil go héasca do ghníomhaireachtaí i ngach Ballstát. Tá an
Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin imithe as feidhm ó cuireadh an cúram ar
Europol, le Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle[26], tacú le bearta agus
comhar coiteann údaráis inniúla na mBallstát agus iad a neartú chun
sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, agus ó tugadh creat nua isteach le
Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle[27],
ar mhaithe le comhar trasteorann chun sceimhlitheoireacht a chomhrac. (4) Faoi Ghníomhaíocht
Chomhpháirteach 96/699/CGB ón gComhairle[28]
ainmníodh Aonad Drugaí Europol mar an t‑údarás ar cheart faisnéis ó na
Ballstáit i dtaca le próifíliú ceimiceach a sheoladh chuige. Tá an
ghníomhaíocht chomhpháirteach sin imithe as feidhm ó tháinig
Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle[29]
agus an Coinbhinsiún um Chúnamh
Frithpháirteach in Ábhair
Choiriúla idir na Ballstáit i bhfeidhm[30]. (5) Bhí sé d'aidhm ag
Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/747/CGB ón gComhairle[31] an comhar idir na
gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí sna Ballstáit a neartú trí eolaire
réimsí inniúlachtaí, scileanna agus saineolais speisialaithe a chruthú. Tá an
ghníomhaíocht chomhpháirteach sin imithe as feidhm ó tháinig
Cinneadh 2009/371/CGB i bhfeidhm, cinneadh lenar cuireadh an cúram ar
Europol eolas speisialaithe a chur ar nósanna imeachta imscrúdaitheacha údaráis
inniúla na mBallstát agus comhairle a thabhairt do na húdaráis náisiúnta faoi
imscrúduithe. (6) Bhí sé d'aidhm ag
Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/750/CGB ón gComhairle[32]
dó an comhar idir údaráis ábhartha na mBallstát sa chomhrac i gcoinne na
handúile i ndrugaí a neartú agus iarraidh ar na Ballstáit a ndlíthe a
chomhfhogasú agus iad a chur i gcomhréir le chéile a mhéid is gá chun an
gháinneáil aindleathach drugaí a chosc agus a chomhrac san Aontas. Tá an ghníomhaíocht chomhpháirteach sin imithe as
feidhm ó tháinig an Coinbhinsiún
um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir
Ballstáit an Aontais Eorpaigh i
bhfeidhm agus ó tháinig Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle[33] i bhfeidhm. (7) Le Gníomhaíocht
Chomhpháirteach 97/339/CGB ón gComhairle[34],
bhí na Ballstáit in ann obair i gcomhar le chéile agus tugadh an t‑údarás
dóibh faisnéis a roinnt maidir le himeachtaí ar mhórscála ar a bhfreastalaíonn
líon mór daoine ó níos mó ná Ballstáit amháin, chun riail agus reacht a
chaomhnú, daoine agus a gcuid maoine a chosaint, agus cionta coiriúla a chosc.
Tá an ghníomhaíocht chomhpháirteach sin imithe as feidhm ó tháinig
Cinntí 2008/615/CGB[35],
2002/348/CGB[36]
agus 2007/412/CGB[37]
i bhfeidhm, cinntí ina ndearnadh foráil maidir le rialacha nua i ndáil le
malartú sonraí pearsanta agus neamhphearsanta agus cineálacha eile comhair chun
an t‑ord poiblí agus an tslándáil a chaomhnú i gcás mórimeachtaí. (8) Bhí sé d'aidhm ag Gníomhaíocht
Chomhpháirteach 97/372/CGB ón gComhairle[38]
malartú faisnéise agus eolais a mhéadú idir údaráis chustaim agus údaráis
eile um fhorfheidhmiú an dlí, go háirithe maidir le drugaí. Tá an ghníomhaíocht
chomhpháirteach sin imithe as feidhm ó tháinig Gníomh 98/C 24/01 ón
gComhairle[39]
i bhfeidhm, gníomh lenar dréachtaíodh Coinbhinsiún Napoli, lenar tugadh
rialacha mionsonraithe isteach maidir le cúnamh agus comhar frithpháirteach
idir na Ballstáit chun sáruithe forálacha náisiúnta custaim a chosc agus a bhrath,
agus ó tháinig Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle[40] i bhfeidhm, cinneadh
lenar méadaíodh ar éifeachtacht nósanna imeachta comhair agus rialaithe na n‑údarás
custaim trí chóras faisnéise custaim (CIS) a bhunú agus ó tháinig
Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle i bhfeidhm, cinneadh lenar cuireadh an
cúram ar Europol tacú le comhar custaim. (9) Bhí sé d'aidhm ag
Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/427/CGB ón gComhairle[41] maidir le dea‑chleachtas i gcúnamh
frithpháirteach dlíthiúil
in Ábhair Choiriúla dea‑chleachtas a mhalartú idir na
Ballstáit ar mhaithe le hiarrataí ar chúnamh dlíthiúil in ábhair choiriúla a
chomhlíonadh. Tá an ghníomhaíocht
chomhpháirteach sin imithe as feidhm.
Ní dhearnadh meastóireacht riamh uirthi agus níl
sí ábhartha a thuilleadh, de facto, ó tháinig an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir na Ballstáit. (10) Tá feidhm ag
Gníomh 1999/C 26/07 ón gComhairle[42]
fós maidir leis na baill foirne a d'fhostaigh Europol sular tháinig
Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle i bhfeidhm. Mar sin féin, tiocfaidh
deireadh go luath leis na conarthaí fostaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair,
rud a fhágfaidh nach mbeidh feidhm ag na rialacháin foirne sin níos mó. (11) Ar mhaithe le deimhneacht agus
soiléire dhlithiúil, ba cheart na gníomhaíochtaí comhpháirteacha sin atá imithe
as feidhm agus an Gníomh sin ón gComhairle a aisghairm. (12) Ós rud é nach féidir leis na
Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon aisghairm roinnt gníomhartha de
chuid an Aontais i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair
bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla atá imithe as feidhm, a bhaint amach agus
nach féidir é a bhaint amach ach ar leibhéal an Aontais, comhlíonann an
Rialachán seo ceanglais phrionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5
den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san
Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an
cuspóir sin a bhaint amach. (13) I gcomhréir le
hAirteagal 1 den Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge,
atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh
ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach
i nglacadh an Rialacháin seo. (14) I gcomhréir le hAirteagal 1
agus le hAirteagal 2 den Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na
Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar Saoirse, Slándála
agus Ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis
an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4
den Phrótacal sin, níl na Ballstáit sin rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin
seo, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1
Gníomhartha atá imithe as feidhm a aisghairm Aisghairtear Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha
96/610/CGB, 96/699/CGB, 96/747/CGB, 96/750/CGB, 97/339/CGB, 97/372/CGB, 98/427/CGB agus
Gníomh 1999/C 26/07 ón gComhairle. Airteagal 2
Forálacha idirthréimhseacha Beidh na conarthaí a tugadh i gcrích faoi
Ghníomh 1999/C 26/07 ón gComhairle fós á rialú ag an ngníomh sin. Airteagal 3 Teacht
i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach
Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] IO C 321, 31.12.2003, lch. 1. [2] COM(2014) 368 final, 18.6.2014. [3] Gníomhaíocht
Chomhpháirteach 96/610/CGB an 15 Deireadh Fómhair 1996 a
ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach maidir le hEolaire inniúlachtaí, scileanna agus saineolais
speisialaithe frithsceimhlitheoireachta a chruthú agus a choinneáil chun comhar
frithsceimhlitheoireachta idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh a éascú (IO L 273,
25.10.1996, lch. 1). [4] Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle an 6 Aibreán 2009
lena mbunaítear an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) (IO L 121, 15.5.2009, lch. 37). [5] Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008
maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun
sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008,
lch. 1). [6] Gníomhaíocht
Chomhpháirteach 96/699/CGB ón gComhairle an 29 Samhain 1996 a
ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach, maidir le malartú faisnéise faoi phróifíliú ceimiceach drugaí chun
comhar feabhsaithe a éascú idir na Ballstáit sa chomhrac i gcoinne na gáinneála
aindleathaí drugaí (IO L 322, 12.12.1996, lch. 5). [7] Cinneadh 2009/371/CGB
ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 lena mbunaítear an Oifig Eorpach
Póilíní (Europol) (IO L 121, 15.5.2009, lch. 37). [8] Coinbhinsiún
an 29 Bealtaine 2000,
a bhunaigh an Chomhairle i
gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an
Aontas Eorpach, maidir le Cúnamh
Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir
Ballstáit an Aontais Eorpaigh. [9] Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/747/CGB ón
gComhairle an 29 Samhain 1996 a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3
den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le heolaire inniúlachtaí, scileanna
agus saineolais speisialaithe a chruthú agus a choinneáil i dtaca leis an
gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe idirnáisiúnta, chun comhar i
bhforfheidhmiú an dlí idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh a éascú (IO L 342, 31.12.1996,
lch. 2). [10] Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle an 6 Aibreán 2009
lena mbunaítear an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) (IO L 121, 15.5.2009, lch. 37). [11] Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/750/CGB ón gComhairle
an 17 Nollaig 1996 a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3
den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le comhfhogasú dhlíthe agus
chleachtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh chun an andúil i ndrugaí a chomhrac
agus chun an gháinneáil aindleathach drugaí a chosc agus a chomhrac (IO L 342, 31.12.1996,
lch. 6). [12] Coinbhinsiún
an 29 Bealtaine 2000,
a bhunaigh an Chomhairle i
gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an
Aontas Eorpach, Coinbhinsiún um
Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontas Eorpaigh agus an Prótacal a ghabhann
leis an gCoinbhinsiún um Chúnamh
Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, a
bhunaigh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an
Aontas Eorpach (IO C 326, 21.11.2001). [13] Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón
gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos
forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla
agus pionóis i réimse na gáinneála aindleathaí drugaí (IO L 335, 11.11.2004,
lch. 8). [14] Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/339/CGB ón gComhairle
an 26 Bealtaine 1997 a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3
den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le comhar i dtaca le riail agus reacht
agus slándáil (IO L 147, 5.06.1997, lch. 1). [15] Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008
maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun
sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008,
lch. 1). [16] Cinneadh 2002/348/CGB ón gComhairle an 25 Aibreán 2002
maidir le slándáil i dtaca le cluichí sacair idirnáisiúnta (IO L 121, 8.5.2002,
lch. 1). [17] Cinneadh 2007/412/CGB ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007
lena leasaítear Cinneadh 2002/348/CGB maidir le slándáil i dtaca le
cluichí sacair idirnáisiúnta (IO L 155, 15.6.2007, lch. 76). [18] Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/372/CGB ón gComhairle
an 9 Meitheamh 1997 a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3
den Chonradh ar an Aontas Eorpach, chun critéir spriocdhírithe, modhanna
roghnúcháin, etc. a scagadh agus faisnéis chustaim agus phóilíneachta a bhailiú
(IO L 159, 17.6.1997, lch. 1). [19] Gníomh 98/C 24/01 ón gComhairle an 18 Nollaig 1997
lena ndréachtaítear, ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach, an Coinbhinsiún um chúnamh agus comhar frithpháirteach idir lucht
riaracháin custaim (IO C 24, 23.1.1998). [20] Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009
maidir le húsáid teicneolaíochta faisnéise chun críocha custaim (IO L 323, 10.12.2009,
lch. 20). [21] Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/427/CGB ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998
a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le dea‑chleachtas i gcúnamh frithpháirteach dlíthiúil in
ábhair choiriúla. [22] Coinbhinsiún
an 29 Bealtaine 2000,
a bhunaigh an Chomhairle i
gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an
Aontas Eorpach, Coinbhinsiún um
Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontas Eorpaigh agus an Prótacal a ghabhann
leis an gCoinbhinsiún um Chúnamh
Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, a
bhunaigh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an
Aontas Eorpach (IO C 326, 21.11.2001). [23] IO C 026, 30.1.1999, lch. 23. [24] XXX [25] Gníomhaíocht
Chomhpháirteach 96/610/CGB an 15 Deireadh Fómhair 1996 a
ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach maidir le hEolaire inniúlachtaí, scileanna agus saineolais speisialaithe
frithsceimhlitheoireachta a chruthú agus a choinneáil chun comhar
frithsceimhlitheoireachta idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh a éascú (IO L 273,
25.10.1996, lch. 1). [26] Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle an 6 Aibreán 2009
lena mbunaítear an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) (IO L 121, 15.5.2009, lch. 37). [27] Cinneadh ón gComhairle 2008/615/CGB an 23 Meitheamh 2008
maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun
sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008,
lch. 1). [28] Gníomhaíocht
Chomhpháirteach 96/699/CGB ón gComhairle an 29 Samhain 1996 a
ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach, maidir le malartú faisnéise faoi phróifíliú ceimiceach drugaí chun
comhar feabhsaithe a éascú idir na Ballstáit sa chomhrac i gcoinne na gáinneála
aindleathaí drugaí (IO L 322, 12.12.1996, lch. 5). [29] Cinneadh 2009/371/CGB
ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 lena mbunaítear an Oifig Eorpach
Póilíní (Europol), (IO L 121, 15.5.2009, lch. 37). [30] Coinbhinsiún
an 29 Bealtaine 2000,
a bhunaigh an Chomhairle i
gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an
Aontas Eorpach, Coinbhinsiún um
Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontas Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lch. 3) agus an Prótacal a ghabhann
leis an gCoinbhinsiún um Chúnamh
Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, a
bhunaigh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an
Aontas Eorpach (IO C 326, 21.11.2001, lch. 1). [31] Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/747/CGB an 29 Samhain 1996
a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach, maidir le heolaire inniúlachtaí, scileanna agus saineolais
speisialaithe a chruthú agus a choinneáil i dtaca leis an gcomhrac i gcoinne na
coireachta eagraithe idirnáisiúnta, chun comhar i bhforfheidhmiú an dlí idir
Ballstáit an Aontais Eorpaigh a éascú (IO L 342, 31.12.1996, lch. 2). [32] Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/750/CGB ón gComhairle
an 17 Nollaig 1996 a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3
den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le comhfhogasú dhlíthe agus
chleachtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh chun an andúil i ndrugaí a chomhrac
agus chun an gháinneáil aindleathach drugaí a chosc agus a chomhrac (IO L 342, 31.12.1996,
lch. 6). [33] Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004
lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann
gníomhartha coiriúla agus pionóis i réimse na gáinneála aindleathaí drugaí (IO
L 335, 11.11.2004, lch. 8). [34] Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/339/CGB an 26 Bealtaine 1997
a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach maidir le comhar i dtaca le riail agus reacht agus slándáil (IO L 147, 5.6.1997,
lch. 1). [35] Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008
maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun
sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008,
lch. 1). [36] Cinneadh 2002/348/CGB ón gComhairle an 25 Aibreán 2002
maidir le slándáil i dtaca le cluichí sacair idirnáisiúnta (IO L 121, 8.5.2002,
lch. 1). [37] Cinneadh 2007/412/CGB ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007
lena leasaítear Cinneadh 2002/348/CGB maidir le slándáil i dtaca le
cluichí sacair idirnáisiúnta (IO L 155, 15.6.2007, lch. 76). [38] Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/372/CGB ón gComhairle
an 9 Meitheamh 1997 a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3
den Chonradh ar an Aontas Eorpach, chun critéir spriocdhírithe agus modhanna
roghnúcháin a scagadh agus chun faisnéis chustaim agus phóilíneachta a bhailiú
(IO L 159, 17.6.1997, lch. 1). [39] Gníomh 98/C 24/01 ón gComhairle an 18 Nollaig 1997
lena ndréachtaítear, ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach, an Coinbhinsiún um chúnamh agus comhar frithpháirteach idir lucht
riaracháin custaim (Coinbhinsiún Napoli) (IO C 24, 23.1.1998). [40] Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009
maidir le húsáid teicneolaíochta faisnéise chun críocha custaim (IO L 323, 10.12.2009,
lch. 20). [41] Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/427/CGB ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998
a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le dea‑chleachtas i gcúnamh
frithpháirteach dlíthiúil in ábhair choiriúla (IO L 191, 7.7.1998,
lch. 1). [42] Gníomh 1999/C 26/07 ón gComhairle an 3 Nollaig 1998
lena leagtar síos na rialacháin foirne is infheidhme maidir le fostaithe
Europol (IO C 26, 30.1.1999, p. 23).