52014PC0614

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle /* COM/2014/0614 final - 2014/0285 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           Comhthéacs an togra

· Forais agus cuspóirí an togra

Is stoic thábhachtacha i Muir Bhailt troisc, scadáin agus saláin. Thug comhairle eolaíoch ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM[1]) le fios nach bhfuil na rátaí saothraithe atá á gcur i bhfeidhm faoi láthair ar roinnt de na stoic sin ag teacht leis an uastáirgeacht inbhuanaithe is mian linn a bhaint amach. Tá plean bainistíochta i bhfeidhm do na stoic trosc i Muir Bhailt ó 2007[2], ach níl na stoic scadán ná na stoic salán faoi réir plean bainistíochta go fóill. Cuireann sé sin isteach ar bhainistiú inbhuanaithe na n‑iascach sin agus ní áirithítear seasmhacht ó thaobh deiseanna iascaireachta de do na hiascairí a bhíonn ag saothrú iontu.

Ní hamháin go bhfuil tionscal gabhála éisc bunaithe ar na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt, is dlúthchuid fhíorthábhachtach freisin iad na stoic sin d’éiceachóras na mara céanna, agus ina theannta sin bíonn idirghníomhaíochtaí láidre bitheolaíocha eatarthu. Itheann troisc scadáin agus saláin agus fágann sin go bhfuil tionchar ag méid an stoic trosc ar mhéid na stoc scadán agus salán, agus a mhalairt. Tugann anailísí eolaíocha le fios go bhféadfadh brú iascaireachta níos mó ná mar atá á mholadh faoi láthair a bheith inbhuanaithe i ngeall ar na hidirghníomhaíochtaí bitheolaíocha laistigh de na speicis agus idir na speicis sin i Muir Bhailt. Mhol an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI)[3], áfach, gur gá níos mó taighde eolaíoch a dhéanamh le go dtuigfear na rioscaí a bhaineann leis an mbrú iascaireachta a ardú[4].

Is féidir le dálaí timpeallachta i Muir Bhailt tionchar suntasach a imirt ar tháirgiúlacht na stoc éisc i Muir Bhailt, go háirithe na stoic trosc agus na stoic salán. Ní sceitheann troisc i Muir Bhailt Thoir ach sna limistéir dhoimhne sin ina bhfuil an tsalandacht san uisce is doimhne ard go leor le gur féidir na huibheacha a thoirchiú agus le go bhfanfaidh na huibheacha atá toirchithe ar snámh san uisce. Toisc nach dtagann ach méid teoranta uisce aigéanaigh isteach ón Muir Thuaidh, tá an ocsaigin ídithe sna huiscí salanda doimhne sin ó lár na 1980idí i leith. Dá dheasca sin, ní bhíonn rath ar atáirgeadh trosc ach i limistéir sceite an deiscirt. Dá mbeadh insreabhadh maith uisce ón Muir Thuaidh isteach i Muir Bhailt Thoir, d’fhéadfadh méadú mór teacht ar an líon trosc óg inghafa dá thoradh i gcomparáid leis an líon atá ann le blianta beaga anuas. I gcás salán, tá nasc idir an líon iasc óg inghafa agus an teocht, is é sin go mbíonn líon níos mó iasc óg sa stoc faoi dhálaí teo. Tugann an nasc sin le fios go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann don stoc salán de bharr, cuir i gcás, dhá gheimhreadh chrua a bheith ann i ndiaidh a chéile.

Ós rud é go mbíonn tionchar mór ag idirghníomhaíochtaí bitheolaíocha agus éifeachtaí comhshaoil ar na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt, ba mhaith an rud é bheith in ann rátaí agus patrúin saothraithe na stoc sin a oiriúnú má fheabhsaítear an tuiscint eolaíoch atá ar na hidirghníomhaíochtaí agus má thagann athruithe ar na dálaí timpeallachta. Bheadh cur chuige den sórt sin ag teacht freisin leis an gcur chuige éiceachórais i leith bainistíochta iascaigh. Ba é an chéad chéim i dtreo bainistíochta oiriúnaithí den chineál sin na stoic ábhartha go léir a thabhairt le chéile faoi aon phlean bainistíochta amháin. D'áireofaí faoin bplean sin spriocrátaí básmhaireachta iascaireachta arna sloinneadh i raonta do na stoic sin a bheadh mar bhonn le socrú na TACanna (gabhálacha iomlána is incheadaithe) bliantúla do na stoic sin. Dhéanfaí an t‑oiriúnú trí na pointí tagartha maidir le rátaí básmhaireachta iascaireachta agus méid na stoc a thabhairt cothrom le dáta do gach stoc más rud é gur thug comhairle eolaíoch le fios gurbh iomchuí sin a dhéanamh.

Is é cuspóir an togra creat a bhunú le haghaidh plean bainistíochta do na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt. Áiritheoidh an plean saothrú inbhuanaithe na stoc sin, agus áiritheofar seasmhacht ó thaobh deiseanna iascaireachta de, mar aon lena áirithiú go mbeidh an bainistiú bunaithe ar an bhfaisnéis eolaíoch is deireanaí ar idirghníomhaíochtaí laistigh de na stoic agus idir na stoic agus ar idirghníomhaíochtaí stoc le gnéithe eile den éiceachóras agus den chomhshaol. Is é cuspóir sonrach an tionscnaimh a áirithiú go ndéanfar na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe de réir phrionsabail na huastáirgeachta inbhuanaithe agus an chur chuige éiceachórais i leith bainistíochta iascaigh. Chuige sin, ba cheart na stoic sin a shaothrú ar leibhéil ar a saothrófaí an uastáirgeacht inbhuanaithe.

I gcás an iascaigh trosc agus iascaigh pheiligigh, bíonn fo-ghabhálacha d'éisc leathógacha ann, mar atá leathóga, leitheanna, turbaird agus broiteanna. Níor cheart inbhuanaitheacht iasc leathógach i Muir Bhailt a chur i mbaol de dheasca shaothrú na stoc trosc agus na stoc peiligeach.

Beidh feidhm ag an bplean maidir le soithí iascaireachta ar fad an Aontais i Muir Bhailt beag beann ar a bhfad foriomlán, mar tá sé i gcomhréir le rialacha an Chomhbheartais Iascaigh agus le héifeacht na soithí ar na stoic éisc lena mbaineann.

· Comhthéacs ginearálta

1.           Meastar gur dhá stoc ar leith iad an stoc trosc atá i Muir Bhailt Thoir agus an stoc atá i Muir Bhailt Thiar. Tá roinnt stoc éagsúil scadán i Muir Bhailt, agus an príomhstoc in imchuach thoir na mara sin. Tá stoic níos lú i Muir na Boitnia, i mBá na Boitnia, i Murascaill Ríge agus i Muir Bhailt Thiar. Sceitheann an stoc deireanach sin i Muir Bhailt Thiar agus ansin aistríonn sé chuig an Skagerrak agus chuig Oirthear na Mara Thuaidh chun é féin a bheathú. Sna limistéir sin, meascann an stoc le scadáin ón Muir Thuaidh agus is mar chuid d’iascach stoc measctha a dhéantar é a ghabháil ansin. Tá aon stoc salán amháin i Muir Bhailt.

2.           Tá an dá stoc trosc atá i Muir Bhailt faoi réir plean bainistíochta faoi láthair2 agus ar na bearta bainistíochta don iascach a shaothraíonn na stoic sin tá socrú TACanna bliantúla, srianta ar an iarracht iascaireachta agus bearta teicniúla lena n‑áirítear íosmhéideanna mogall, rialacha maidir le comhdhéanamh gabhálacha, íosmhéid na n‑iasc is féidir a thabhairt i dtír agus limistéir choiscthe nó séasúir choiscthe. Ar na bearta bainistíochta atá ann don iascach scadán agus don iascach salán tá TACanna bliantúla agus bearta teicniúla lena n‑áirítear bearta maidir le méid na mogall agus rialacha maidir le comhdhéanamh gabhálacha.

3.           Measann an CITM go bhfuil na sonraí a bhaineann leis an stoc beag scadán atá i mBá na Boitnia teoranta agus mar sin ní féidir meastóireacht iomlán a dhéanamh faoi láthair ar stádas an stoic sin lena úsáid mar bhonn na comhairle i ndáil le gabhálacha. Ar an ábhar sin, ní áirítear riail maidir le saothrú sa phlean don stoc sin. Ag féachaint do mhéid beag an stoic sin agus an iascaigh a bhíonn á shaothrú, níl sé réasúnta TAC ar leith a chinneadh don stoc sin. Ina áit sin, déantar foráil go mbeidh gabhálacha ón stoc sin mar chuid den TAC do scadáin i limistéar cónasctha Mhuir na Boitnia/Bhá na Boitnia.

4.           Ón 1 Eanáir 2014 tá rialacha an Chomhbheartais Iascaigh, lena n‑áirítear na forálacha maidir le pleananna ilbhliantúla agus an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás stoc atá faoi réir TAC, leagtha amach i Rialachán (AE) 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh. In Airteagal 9 agus in Airteagal 10 liostaítear prionsabail, cuspóirí agus ábhar na bpleananna ilbhliantúla. De bhun Airteagal 15, beidh feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i Muir Bhailt maidir leis an iascach peiligeach agus an t‑iascach bradán agus speicis ar bunús an iascaigh iad ó 2015 amach, agus maidir le gach speiceas eile a chumhdaítear faoi ghabháil iomlán is incheadaithe (TAC) ón 1 Eanáir 2017 amach.

5.           Sloinntear na spriocanna a fhreagraíonn don uastáirgeacht inbhuanaithe mar raonluachanna ar chomhairle ón CITM. Fágann na raonta sin gur féidir córas bainistíochta atá bunaithe ar uastáirgeacht inbhuanaithe a chur i bhfeidhm ar na stoic lena mbaineann, agus dealraíonn sé go bhféadfaí oiriúnuithe a dhéanamh dá n‑athródh an chomhairle eolaíoch, agus go bhféadfaí ardleibhéal intuarthachta a choinneáil ag an am céanna. Mar thacaíocht leis na spriocanna sin tá forálacha coimirce ann atá nasctha le truicearphointe tagartha caomhnaithe. I gcás na stoc lena mbaineann, sloinntear na pointí caomhnaithe sin mar bhithmhais stoic sceite, rud a fhaightear ón tagarmharcáil is déanaí arna déanamh ag an CITM. In éagmais comhairle maidir le leibhéal bithmhaise sceite, ba cheart gníomhnú má thugann comhairle eolaíoch le fios go bhfuil stoc i mbaol.

6.           I gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 áirítear sa phlean oibleagáid gach gabháil trosc, scadán, salán agus leathóg san iascach trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt a thabhairt i dtír chun cuidiú le cur chun feidhme an toirmisc ar ábhair mhuirí a chur ar ais san fharraige, ach amháin má tá fianaise ar rátaí arda marthanais ann. I gcomhréir le hAirteagal 16(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá sé de cheangal ar na Ballstáit TACanna a leithdháileadh ar shoithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu, ag cur san áireamh chomhdhéanamh dóchúil na gabhála agus na hoibleagáide na gabhálacha ar fad a thabhairt i dtír. Chun an méid sin a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh, amhail cuid den TAC náisiúnta atá ar fáil a choinneáil siar nó cuótaí a mhalartú le Ballstáit eile.

7.           I gcomhréir le comhairle eolaíoch ón CETEI4, níl teorainneacha bliantúla leis an iarracht iascaireachta ar áireamh sa phlean.

8.           I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 féadfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu moltaí comhpháirteacha a chur isteach le haghaidh beart áirithe, i measc rudaí eile, atá le glacadh i gcás inar tugadh an chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe a ghlacadh chun cuspóirí plean ilbhliantúil a bhaint amach. Chuige sin, bunaítear leis an bplean comhar réigiúnach i ndáil le bearta teicniúla a ghlacadh, forálacha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus bearta caomhnaithe sonracha le haghaidh na bhfo-ghabhálacha in iascach na stoc lena mbaineann.

9.           I gcomhréir le cuspóir foriomlán an Chomhbheartais Iascaigh maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus ag féachaint go sonrach d'Airteagal 9 agus d'Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013 ina gceanglaítear pleananna ilbhliantúla a fhorbairt, is iad seo a leanas príomheilimintí an phlean:

– Cuspóirí agus spriocanna (leibhéil bhásmhaireachta iascaireachta a bhaint amach a bheidh ag teacht le prionsabal na huastáirgeachta inbhuanaithe);

– Pointí tagartha caomhnaithe arna sloinneadh mar leibhéil bhithmhaise sceite agus bearta caomhnaithe sonracha;

– Forálacha a bhaineann leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír;

– Creat na mbeart teicniúil;

– Meastóireacht thréimhsiúil ar an bplean bunaithe ar chomhairle eolaíoch.

· Forálacha an Aontais atá ann cheana i réimse an togra

Leagtar amach creat ginearálta an Chomhbheartais Iascaigh agus sainítear na cásanna ina nglacfaidh an Chomhairle pleananna ilbhliantúla i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 204/585/CE ón gComhairle[5].

Leagtar amach na rialacha maidir le saothrú inbhuanaithe stoc trosc Mhuir Bhailt i Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic trosc i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 779/97.

Leagtar amach bearta caomhnaithe teicniúla i Muir Bhailt – i.e. rialacha maidir le comhdhéanamh gabhálacha, íosmhéid na mogall, íosmhéid na n‑iasc is féidir a thabhairt i dtír, limistéir choiscthe agus séasúir choiscthe i gcás iascaigh bhradán – i Rialachán (CE) Uimh. 2187/05 ón gComhairle an 21 Nollaig 2005 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla i Muir Bhailt, sna Belts agus in Øresund, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 88/98. Bunaítear sa Rialachán sin freisin cosc ar shruthlíonta i Muir Bhailt.

Leagtar amach sna Rialacháin bhliantúla ón gComhairle ina gcinntear na deiseanna iascaireachta agus na coinníollacha gaolmhara is infheidhme i Muir Bhailt le haghaidh stoc éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc leibhéal na TACanna i gcás na stoc lena mbaineann (troisc, scadáin agus saláin) agus i gcás leathóg (mar shampla don bhliain 2014 Rialachán (AE) Uimh. 1180/2013 ón gComhairle an 19 Samhain 2013 lena socraítear i gcomhair 2014 na deiseanna iascaireachta ar stoic éisc áirithe agus ar ghrúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt).

Leagtar amach na ceanglais rialaithe ghinearálta le haghaidh iascaigh mar aon le ceanglais rialaithe shonracha le haghaidh pleananna ilbhliantúla i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006.

· Comhsheasmhacht le beartais agus le cuspóirí eile an Aontais

Tá an togra agus a chuspóirí i gcomhréir le beartais an Aontais, go háirithe na beartais chomhshaoil, shóisialta, mhargaidh agus trádála.

2.           TORADH NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

· Comhairliúchán le páirtithe leasmhara

Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha a bhfuiltear ag díriú orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí

Ós rud é gur tionscal tráchtála gabhála éisc is mó a shaothraíonn na stoic trosc, scadán, salán agus iasc leathógach i Muir Bhailt, díríodh an comhairliúchán ar Chomhairle Chomhairleach Réigiúnach Mhuir Bhailt agus ar údaráis riaracháin iascaigh Bhallstáit Mhuir Bhailt. Is é atá i gComhairle Chomhairleach Réigiúnach Mhuir Bhailt ionadaithe ón earnáil iascaireachta agus ó ghrúpaí sainleasa eile a ndéanann an Comhbheartas Iascaigh difear dóibh. San earnáil iascaireachta áirítear comhlachais iascaigh, eagraíochtaí táirgeoirí, próiseálaithe agus eagraíochtaí margaidh. Ar na grúpaí sainleasa eile áirítear eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha, tomhaltóirí, gréasáin ban, iascairí áineasa nó spóirt agus iascairí a dhéanann iascaireacht leorchothaitheach.

Lean próiseas comhairliúcháin agus forbartha an tionscnaimh seo an nós imeachta seanbhunaithe atá ag Ard‑Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta chun pleananna bainistíochta fadtéarmacha a fhorbairt agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Tá dhá chéim i gceist leis an nós imeachta. Meastóireacht shiarghabhálach atá sa chéad chéim, ag féachaint siar ar an rath a bhí ar phlean bainistíochta a bhí ann cheana. Ina dhiaidh sin, más gá, déanfar meastóireacht ionchais, ag féachaint chun tosaigh ar phleananna ilbhliantúla a d'fhéadfaí a chur in áit na bpleananna reatha amach anseo agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu. Ag gach céim den nós imeachta eagraítear sraith cruinnithe de ghrúpaí saineolaithe ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI). Eagraítear na cruinnithe sin chun na téarmaí tagartha atá sonraithe ag Ard‑Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta a scrúdú. Tá fáilte ag na cruinnithe sin go léir roimh ionadaithe ó na Comhairlí Comhairleacha agus ó na Ballstáit agus is féidir leo cur leis an bplé agus saincheisteanna is dóigh leo a bheith ábhartha a tharraingt anuas. Sa chás atá idir chamáin, chuathas i gcomhairle freisin le Comhairle Chomhairleach Réigiúnach Mhuir Bhailt agus leis na Ballstáit maidir le gnéithe sonracha an phlean tar éis próiseas meastóireachta an CETEI a thabhairt i gcrích.

Na fearainn eolaíochta/saineolais lena mbaineann

Mar a míníodh thuas, thug saineolaithe an CETEI comhairle le linn an phróisis mheastóireachta. Mar chuid den chomhairle sin bhí ionchur ó eolaithe iascaigh agus ó shaineolaithe a bhaineann le disciplíní eile, an eacnamaíocht agus na heolaíochtaí sóisialta san áireamh. Fuarthas comhairle eolaíoch ón CITM freisin.

Achoimre ar na freagraí agus an dóigh ar cuireadh san áireamh iad

De thoradh meastóireachta ionchais ar phlean bainistíochta do na stoic pheiligeacha[6], agus de thoradh meastóireachta siarghabhálaí[7] agus meastóireachta ionchais[8] araon ar an bplean atá i bhfeidhm cheana don stoc trosc i Muir Bhailt, rinneadh cinneadh i mí an Mheithimh 2011 plean ilspeiceas a thabhairt isteach do na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt. Rinneadh an cinneadh sin i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara ag cruinniú an fhóraim réigiúnaigh ar a dtugtar BALTFISH. Rinneadh an cinneadh a fhoirmliú ina dhiaidh sin ag cruinniú na Comhairle um Iascach i mí Dheireadh Fómhair 2011[9]. Ba é cúlra an chinnidh sin an ceanglas a ndearnadh foráil ina thaobh mar chuid den athchóiriú ar an gComhbheartas Iascaigh i ndáil le pleananna bainistíochta níos mó ná stoc amháin a chumhdach nuair is féidir é.

Toisc gur cinneadh plean ilspeiceas do na stoic i Muir Bhailt, b'éigean babhta nua de chruinnithe an CETEI a chur ar bun. Chun bonn a thabhairt do mheastóireacht ionchais, d'eagraigh Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta roinnt cruinnithe saineolaithe, agus reáchtáil an CETEI agus an CITM formhór na gcruinnithe sin i gcomhpháirt. Bhí fáilte roimh pháirtithe leasmhara ag na cruinnithe sin, agus bhí baill Choiste Comhairleach Mhuir Bhailt páirteach i ngach ceann acu. Seo mar a eagraíodh na cruinnithe:

Cruinniú ullmhúchán ghrúpa oibre saineolaithe an CETEI maidir le pleananna ilbhliantúla, Rostock na Gearmáine, an 28 Samhain – 2 Nollaig 2011[10].

Ceardlann ICES ar chomhairle chomhtháite/ilspeiceas le haghaidh Iascach Mhuir Bhailt, arna heagrú in Charlottenlund na Danmhairge an 6-8 Márta 2012[11]. le haigh

Cruinniú grúpa oibre saineolaithe an CETEI maidir le pleananna bainistíochta ilbhliantúla, Rostock na Gearmáine, an 26 – 30 Márta 2012[12].

Tar éis na sraithe cruinnithe a bhfuil achoimre orthu thuas, mhol an CETEI go gcomhlíonfadh plean bainistíochta a bheadh bunaithe ar na spriocanna aonspeicis atá ann faoi láthair le huastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach, go gcomhlíonfadh sé na critéir maidir le táirgeacht ard fhadtéarmach a chur ar fáil, agus gur bheag an baol a bheadh ann don stoc. Go hachomair, bheadh an plean sin ag teacht le prionsabail na huastáirgeachta inbhuanaithe. Chuir siad in iúl freisin go bhféadfadh rátaí básmhaireachta a bheith níos airde i measc stoc áirithe dá mbeadh cur chuige ilspeiceas ann, ach go mbeadh tuilleadh oibre eolaíche de dhíth chun na rioscaí a bhainfeadh le cur chuige den chineál sin a mheas. I bhfianaise na comhairle sin, ullmhaíodh páipéar plé inar cuireadh an dá rogha sin agus na himpleachtaí a bheadh acu in iúl. Pléadh iad sin leis na Ballstáit ag cruinniú BALTFISH, agus le Coiste Comhairleach Mhuir Bhailt i lár mhí an Mheithimh 2012.

Nuair a glacadh an Rialachán maidir le hathchóiriú an Chomhbheartais Iascaigh in 2013 agus nuair a foilsíodh Tuarascáil Deiridh an Tascfhórsa maidir le pleananna ilbhliantúla arna bhunú ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mí Aibreán 2014[13], rinneadh tuilleadh comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara i gCoiste Comhairleach Mhuir Bhailt agus le húdaráis na mBallstát in BALTFISH. Rinneadh sin mí an Mhárta – mí an Mheithimh 2014.

Modhanna a úsáideadh chun comhairle na saineolaithe a phoibliú

Tá tuarascálacha ar na cruinnithe ábhartha go léir a reáchtáil an CETEI le haghaidh saineolaithe ar fáil ar shuíomh idirlín an CETEI: https://stecf.jrc.ec.europa.eu/.

Ina theannta sin, le linn an phróisis chomhairliúcháin bhí ról gníomhach ag na páirtithe leasmhara ag gach céim d'fhorbairt an tionscnaimh ina dhiaidh sin.

· Measúnú tionchair

· Rinneadh measúnú tionchair cuimsitheach sular dréachtadh an plean ilbhliantúil. Le linn an mheasúnaithe, rinneadh anailís bhitheolaíoch, chomhshaoil agus eacnamaíoch‑shóisialta ar thrí rogha. Ba é an rogha ba mhó a mbeadh dea-thionchar aici a úsáideadh chun an plean ilbhliantúil atá ann faoi láthair a fhorbairt. Iascaigh inbhuanaithe a áirithiú ar leibhéal uastáirgeachta inbhuanaithe faoi 2015 i gcás na stoc lena mbaineann, is ionann sin agus  tairbhí bitheolaíochta agus comhshaoil a bhaint amach. Is dócha go laghdófar an méid iascaireachta a dhéanfar ar an iomlán agus fágfaidh sin go laghdófar astaíochtaí ó innill soitheach freisin.

· Maidir leis an tionchar eacnamaíoch‑sóisialta, dá mbeadh na stoic scadán agus salán faoi réir plean bainistíochta bheadh bonn córasach ann leis na TACanna a leagan síos sa chaoi is go bhféadfaí gabhálacha a thuar san earnáil pheiligeach, rud a bheadh ina chúnamh do ghnólachtaí pleanáil a dhéanamh agus le seasmhacht an tsoláthair a áirithiú. Bheadh luach breise ag baint leis freisin mar de ghnáth bíonn pleananna bainistíochta ina réamhchoinníoll sular féidir deimhniú a fháil i gcomhair iascaigh, deimhniú ón gComhairle um Maoirseacht Mhuirí mar shampla. Féadfar praghas margaidh níos airde a fháil ar iasc a ghabhtar in iascach deimhnithe den sórt sin.

· D'fhéadfadh laghdú beag ar bhrabús a bheith ann sa ghearrthéarma d'iascairí agus don tionscal próiseála mar thoradh ar níos lú deiseanna iascaireachta, agus d'fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar thomhaltóirí, ach má athbhunaítear stádas na stoc, beidh leasanna fadtéarmacha ann i dtéarmaí brábúis agus iascaigh inbhuanaithe. Ina theannta sin, is méadú ar phraghas stoic a bhíonn mar thoradh ar laghdú sealadach ar chuóta stoic, de ghnáth.

· Má fhaightear réidh leis an gcóras iarrachta iascaireachta agus leis an gceanglas maidir le hiascaireacht i limistéar amháin, is simplí a bheidh an creat dlíthiúil, agus is lú a bheidh an t‑ualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar lucht tionscail.

3.           GNÉITHE DLÍ AN TOGRA

· Bunús dlí

Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

· Prionsabal na coimhdeachta

Baineann forálacha an togra le hacmhainní bitheolaíocha mara a chaomhnú, bearta a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

· Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann na bearta arna mbeartú prionsabal na comhréireachta toisc go bhfuil siad iomchuí, riachtanach agus toisc nach bhfuil aon bhearta eile nach bhfuil chomh sriantach sin le fáil chun na cuspóirí inmhianaithe beartais a bhaint amach.

· Rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

4.           IMPLEACHT BHUISÉIDEACH

Gan aon impleachtaí buiséadacha.

2014/0285 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[14],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[15],

Tar éis dóibh an togra a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       I gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige[16], a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, déantar foráil maidir le hoibleagáidí caomhnaithe, lena n‑áirítear an líon speiceas atá á saothrú a choinneáil ar leibhéil nó a thabhairt ar ais go leibhéil ar ar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach.

(2)       Ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe in Johannesburg in 2002, gheall an tAontas agus a Bhallstáit go ngníomhóidís chun deireadh a chur leis an meath leanúnach atá ag teacht ar a lán stoc éisc. Dá bhrí sin, is gá rátaí saothraithe trosc, scadán agus scalán i Muir Bhailt a oiriúnú lena áirithiú go ndéanann saothrú na stoc sin iad a athbhunú agus a choinneáil os cionn na leibhéal ar ar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach.

(3)       Cuideoidh an Comhbheartas Iascaigh le cosaint na muirthimpeallachta, le bainistiú inbhuanaithe na speiceas uile a ndéantar saothrú tráchtála orthu, agus go háirithe le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020, mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[17].

(4)       Bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle rialacha an Chomhbheartais Iascaigh i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Is iad cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh, inter alia, a áirithiú go bhfuil iascaireacht agus dobharshaothrú inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de, cur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i ndáil le bainistiú iascaigh agus cur chuige bunaithe ar an éiceachóras a chur chun feidhme i ndáil le bainistiú iascaigh.

(5)       Thug comhairle eolaíoch a fuarthas le déanaí ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM) agus ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) le fios go bhfuil an saothrú atá á dhéanamh ar stoic trosc, ar stoic salán agus ar roinnt stoc scadán os cionn an leibhéil a bheadh ag teacht le prionsabal na huastáirgeachta inbhuanaithe.

(6)       Tá plean bainistíochta do na stoic trosc i bhfeidhm ó 2007[18] ach níl na stoic scadán ná na stoic salán faoi réir pleananna den sórt sin go fóill. Ós rud é go bhfuil idirghníomhaíochtaí láidre bitheolaíocha ann idir na stoic trosc agus na stoic pheiligeacha, is féidir tionchar a bheith ag méid an stoic trosc ar mhéid na stoc scadán agus salán, agus a mhalairt. Ina theannta sin, tá sé curtha in iúl ag na Ballstáit agus ag páirtithe leasmhara go dtacaíonn siad le forbairt agus cur chun feidhme pleananna bainistíochta do na príomhstoic i Muir Bhailt.

(7)       Ba cheart an plean ilbhliantúil a bhunaítear leis an Rialachán seo a bheith bunaithe, i gcomhréir le hAirteagal 9 agus le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ar chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch agus ba cheart a bheith san áireamh ann cuspóirí, spriocanna inchainníochtaithe is gá a bhaint amach laistigh de thréimhse shoiléir, pointí tagartha caomhnaithe agus coimircí.

(8)       Is iomchuí plean iascaigh ilspeiceas a bhunú ina gcuirfear san áireamh na dinimicí idir na stoic trosc, scadán agus salán, agus ina gcuirfear san áireamh freisin speicis fo‑ghabhála an iascaigh i gcás na stoc sin, mar atá stoic leathóg, leitheanna, broiteanna agus turbard i Muir Bhailt. Ba cheart gurb é cuspóir an phlean seo uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach agus a choinneáil i gcás na stoc lena mbaineann.

(9)       Níor cheart, de dheasca saothrú stoc trosc agus stoc peiligeach, inbhuanaitheacht na stoc a ghabhtar mar fho-ghabhálacha san iascach sin a chur i mbaol, mar atá stoic leathóg, leitheanna, broiteanna agus turbard i Muir Bhailt. Dá bhrí sin, ba cheart an plean a bheith ceaptha lena áirithiú go gcoinneofar na stoic fo-ghabhála sin os cionn na leibhéal bithmhaise a bhaineann leis an gcur chuige réamhchúraim.

(10)     Ina theannta sin, de bhrí gur tugadh isteach oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, lena n‑áirítear na speicis ar fad atá cumhdaithe faoi TACanna, ba cheart an plean a bheith ceaptha freisin sa dóigh go gcuirfidh sé le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás trosc, scadán, salán agus leathóg.

(11)     Ceanglaítear faoi Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go socrófar deiseanna iascaireachta i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar amach sna pleananna ilbhliantúla.

(12)     Dá bhrí sin, ba cheart na spriocanna sin a leagan síos agus a shloinneadh i dtéarmaí rátaí básmhaireachta iascaireachta, ar bhonn comhairle eolaíche[19].

(13)     Is gá pointí tagartha caomhnaithe a chinneadh mar réamhchúram breise i gcás ina laghdaíonn méid stoic go leibhéal criticiúil ar leibhéal géibheannach don stoc é. Ba cheart na pointí tagartha caomhnaithe sin a shocrú ar na híosleibhéil bhithmhaise sceite atá ag stoc agus atá ag freagairt don acmhainn iomlán atáirgthe. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le bearta ceartaitheacha i gcás ina dtiteann méid an stoic faoi bhun an íosleibhéil bhithmhaise sceite.

(14)     I gcás stoc a ghabhtar mar fho-ghabhálacha, in éagmais comhairle eolaíche maidir le híosleibhéil bhithmhaise sceite na stoc sin, ba cheart sainbhearta caomhnúcháin a ghlacadh i gcás ina léirítear sa chomhairle eolaíoch go bhfuil stoc i mbaol.

(15)     Tá ráta ard marthanais ag iasc a ghabhtar le linn iascaireachta le heangacha gaiste, potaí agus cléibh a bhuí le saintréithe an trealaimh sin nach ndéanann díobháil don iasc, mar a deimhníodh le linn turais iascaireachta thurgnamhacha a rinneadh. Dá bhrí sin, i dteannta na gcásanna a leagtar amach i bpointí (a) go (c) d'Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, is iomchuí troisc, scadáin, leathóga agus saláin a dhíolmhú, san iascach sin, ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír.

(16)     Chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír arna bunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chomhlíonadh, ba cheart foráil a dhéanamh sa phlean maidir le bearta bainistíochta eile mar atá leagtha amach faoi phointí (a) go (c) d'Airteagal 15(4) den Rialachán sin. Ba cheart na bearta sin a leagan síos trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

(17)     Ba cheart foráil a dhéanamh sa phlean freisin maidir le bearta teicniúla coimhdeacha áirithe a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, chun cuidiú cuspóirí an phlean a bhaint amach, go háirithe maidir le héisc óga nó éisc sceite a chosaint. Go dtí go ndéanfar Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle[20] a athbhreithniú, ba cheart foráil a dhéanamh freisin go bhféadfaidh na bearta sin, nuair is gá chun cuspóirí an phlean a bhaint amach, maolú ar eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán sin.

(18)     Chun dul in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch ar bhealach tráthúil agus comhréireach agus chun solúbthacht a áirithiú agus chun ligean do bhearta áiritithe forbairt, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh i ndáil le bearta ceartaitheacha maidir le leathóga, leitheanna, turbaird agus broiteanna, le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus le bearta teicniúla. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(19)     I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i gcás inar tugadh cumhachtaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i ndáil le bearta caomhnaithe áirithe mar atá leagtha amach sa phlean, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu in iascach Mhuir Bhailt moltaí comhpháirteacha a chur isteach i ndáil leis na bearta sin, ionas go gceapfar bearta a bheidh iomchuí le dul i ngleic le saintréithe Mhuir Bhailt agus an iascaigh inti. An spriocdháta chun na moltaí sin a chur isteach, ba cheart é a leagan síos, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 18(1) den Rialachán sin.

(20)     D'fhonn comhlíonadh na mbeart a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart bearta rialaithe sonracha a ghlacadh sa bhreis ar na bearta sin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle[21].

(21)     I bhfianaise gur limistéar iascaireachta measartha beag í Muir Bhailt agus gur soithí beaga a dhéanann turais ghearra iascaireachta is mó atá ann, ba cheart úsáid an réamhfhógra faoi mar a iarrtar in Airteagal 17 de Rialachán (CE) 1224/2009 a shíneadh chun gach soitheach arb é ocht méadar nó níos mó a bhfad foriomlán a chumhdach agus ba cheart na réamhfhógraí sin a chur isteach uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar go mbainfear an calafort amach. Mar sin féin, i bhfianaise na héifeachta a bhíonn ag turais iascaireachta nach ngabhann ach méideanna an‑bheag éisc ar na stoic lena mbaineann agus ualach riaracháin na réamhfhógraí a bhaineann leo sin, is iomchuí tairseach a leagan síos do na réamhfhógraí sin, i gcás ina gcoinníonn na soithí sin ar a laghad 300 kg trosc nó 2 thona de stoic pheiligeacha ar bord.

(22)     Ba cheart tairseacha a leagan síos i gcomhair na stoc trosc, scadán agus salán a bhfuil  ceangal ar shoitheach iascaireachta iad a thabhairt i dtír i gcalafort ainmnithe nó in áit gar don chladach má sháraíonn siad na tairseacha sin, i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Ina theannta sin, nuair atá na calafoirt nó na háiteanna gar don chladach sin á n‑ainmniú, ba cheart do na Ballstáit na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 43(5) den Rialachán sin a chur i bhfeidhm sa chaoi is go n‑áiritheofar rialú éifeachtach na stoc arna gcumhdach faoin Rialachán seo.

(23)     I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart forálacha a bhunú maidir leis an gCoimisiún measúnú tréimhsiúil a dhéanamh ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh tar éis don CITM meastóireacht tagarmharcála a dhéanamh ar na stoic lena mbaineann agus í a bheith bunaithe ar an tagarmharcáil sin.

(24)     I gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, sular dréachtaíodh an plean, rinneadh measúnú cuí ar an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta a d'fhéadfadh a bheith aige[22].

(25)     Maidir leis an tréimhse atá i gceist, táthar ag súil go mbainfear amach an uastáirgeacht inbhuanaithe le haghaidh na stoc lena mbaineann faoi 2015. Ba cheart an uastáirgeacht sin a choinneáil as sin amach.

(26)     In éagmais córais don iarracht iascaireachta, is gá deireadh a chur leis na rialacha sonracha is infheidhme maidir le Murascaill Ríge i dtaca le ceadúnas iascaireachta speisialta agus soithí nó innill nua a fháil. Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle a leasú dá réir sin.

(27)     Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007[23] a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1. Bunaítear leis an Rialachán seo plean ilbhliantúil (dá ngairtear an 'plean' anseo feasta) do na stoic seo a leanas (dá ngairtear 'stoic lena mbaineann' anseo feasta) in uiscí an Aontais i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic lena mbaineann:

(a) troisc (Gadus morhua) i bhForanna 22-24 den CITM (troisc Mhuir Bhailt Thiar);

(b) troisc (Gadus morhua) i bhForanna 25-32 den CITM (troisc Mhuir Bhailt Thoir);

(c) scadáin (Clupea harengus) i bhForanna 25, 26, 27, 28.2, 29 agus 32 den CITM (scadáin Mhuir Bhailt Láir);

(d) scadáin (Clupea harengus) i bhForoinn 28.1 den CITM (scadáin Mhurascaill Ríge);

(e) scadáin (Clupea harengus) i bhForoinn 30 den CITM (scadáin Mhuir na Boitnia);

(f) scadáin (Clupea harengus) i bhForoinn 31 den CITM (scadáin Bhá na Boitnia);

(g) scadáin (Clupea harengus) i Roinn IIIa agus i bhForanna 22-24 den CITM (scadáin Mhuir Bhailt Thiar);

(h) saláin (Sprattus sprattus) i bhForanna 22-32 den CITM.

2. Beidh feidhm ag an bplean freisin maidir le leathóga, leitheanna, turbaird agus broiteanna i bhForanna 22-32 den CITM a ghabhtar agus na stoic lena mbaineann á n‑iascaireacht.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, i dteannta na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn 'stoic pheiligeacha' na stoic atá liostaithe in Airteagal 1(c) go (h) den Rialachán seo nó meascán díobh sin;

(b) ciallaíonn 'eangach ghaiste' eangacha móra, ar ancaire, atá ceangailte de chuaillí nó ar snámh san uisce uaireanta, atá oscailte ar an dromchla agus ar a bhfuil cineálacha éagsúla feistí chun iasc a thabhairt le chéile agus a choimeád agus a roinntear go ginearálta ina gcuasáin atá dúnta ar bun le líontán;

(c) ciallaíonn 'potaí agus cléibh' gaistí beaga le haghaidh crústaigh nó éisc a ghabháil atá i bhfoirm cásanna nó ciseanna déanta as ábhair éagsúla a chuirtear ar an ngrinneall ina n‑aonar nó i sraitheanna; ceanglaítear iad le rópaí (téada bulla) de bhullaí atá ar an dromchla chun a suíomh a léiriú agus bíonn oscailt nó bealach isteach amháin nó níos mó orthu;

(d) ciallaíonn 'na Ballstáit lena mbaineann' an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn agus an tSualainn.

CAIBIDIL II CUSPÓIRÍ AGUS SPRIOCANNA

Airteagal 3

Cuspóirí

1. Beidh sé mar aidhm ag an bplean cuidiú chun cuspóirí an chomhbheartais iascaireachta a liostaítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach agus go háirithe:

(a) uastáirgeacht inbhuanaithe na stoc lena mbaineann a bhaint amach agus a choinneáil, agus

(b) caomhnú na stoc leathóg, leitheanna, broiteanna agus turbard a áirithiú i gcomhréir leis an gcur chuige réamhchúraim.

2. Beidh sé mar aidhm ag an bplean cuidiú le cur chun feidhme chuspóirí na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a bhunaítear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na stoic lena mbaineann agus le leathóga.

Airteagal 4

Spriocanna

1. Bainfear an spriocráta básmhaireachta iascaireachta amach faoi 2015 agus coinneofar ina dhiaidh sin é i gcás na stoc lena mbaineann sna réimsí seo a leanas:

Stoc || Spriocraon básmhaireachta iascaireachta

Troisc Mhuir Bhailt Thiar || 0.23-0.29

Troisc Mhuir Bhailt Thoir || 0.41-0.51

Scadáin Mhuir Bhailt Láir || 0.23-0.29

Scadáin Mhurascaill Ríge || 0.32-0.39

Scadáin Mhuir na Boitnia || 0.13-0.17

Scadáin Bhá na Boitnia || Níor sainíodh é

Scadáin Mhuir Bhailt Thiar || 0.25-0.31

Saláin Mhuir Bhailt || 0.26-0.32

2. I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 beidh deiseanna iascaireachta i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar amach i mír 1.

CAIBIDIL III POINTÍ TAGARTHA CAOMHNAITHE

Airteagal 5

An t‑íosleibhéal bithmhaise sceite

1. I gcás na stoc lena mbaineann, seo thíos na pointí tagartha caomhnaithe arna sloinneadh mar an t‑íosleibhéal bithmhaise sceite atá ag na stoic agus atá ag freagairt don acmhainn iomlán atáirgthe:

              Stoc ||               An t‑íosleibhéal bithmhaise sceite (i dtonaí)

              Troisc Mhuir Bhailt Thiar ||               36 400

              Troisc Mhuir Bhailt Thoir ||               88 200

              Scadáin Mhuir Bhailt Láir ||               600 000

              Scadáin Mhurascaill Ríge ||               Gan sainiú

              Scadáin Mhuir na Boitnia ||               Gan sainiú

              Scadáin Bhá na Boitnia ||               Gan sainiú

              Scadáin Mhuir Bhailt Thiar ||               110 000

              Saláin Mhuir Bhailt ||               570 000

2. I gcás ina bhfuil bithmhais sceite aon cheann de na stoic lena mbaineann do bhliain ar leith faoi bhun na n‑íosleibhéal bithmhaise sceite a leagtar amach i mír 1, glacfar bearta ceartaitheacha chun a áirithiú go mbainfear amach go tapa arís leibhéil réamhchúraim an stoic lena mbaineann. Go háirithe, de mhaolú ar Airteagal 4(2) den Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, socrófar deiseanna iascaireachta ar leibhéil atá níos ísle ná na leibhéil sin a bhfuil na spriocraonta básmhaireachta iascaireachta a leagtar síos in Airteagal 4(1) mar thoradh orthu. Féadfar a áireamh sna bearta ceartaitheacha sin freisin, de réir mar is iomchuí, tograí reachtacha arna gcur isteach ag an gCoimisiún agus bearta éigeandála arna nglacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL IV

Bearta caomhnaithe sonracha le haghaidh leathóg, leitheanna, turbard agus broiteanna

Airteagal 6

Bearta i gcás leathóg, leitheanna, turbard agus broiteanna a bheith i mbaol

1. I gcás ina dtugann comhairle eolaíoch le fios go bhfuil caomhnú aon cheann de na stoic leathóg, leitheanna, turbard agus broiteanna i mbaol, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 maidir le bearta caomhnaithe sonracha i ndáil leis an stoc atá i mbaol agus maidir le haon cheann acu seo a leanas:

(c) (a)      acmhainn iascaireachta agus iarracht iascaireachta a oiriúnú

(d) (b)     bearta teicniúla, lena n‑áirítear

(1)  saintréithe trealamh iascaireachta, go háirithe méid na mogall, tiús na sreinge, méid an trealaimh;

(2) úsáid trealaimh iascaireachta, go háirithe an méid ama a bheidh sé ar maos, an doimhneacht ag a n‑úsáidfear é;

(3) toirmeasc nó teorannú le hiascaireacht i limistéir áirithe;

(4) toirmeasc nó teorannú le hiascaireacht i limistéir áirithe le linn tréimhsí sonracha;

(5) íosmhéid tagartha chaomhnaithe.

2. Beidh sé mar aidhm ag na bearta dá dtagraítear i mír 1 an cuspóir atá leagtha amach in Airteagal 3(1)(b) a bhaint amach agus beidh siad bunaithe ar chomhairle eolaíoch.

3. Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann moltaí comhpháirteacha a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le bearta caomhnaithe sonracha dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL V

OIBLEAGÁID GABHÁLACHA A THABHAIRT I dTÍR

Airteagal 7

Maolú i gcás eangacha gaiste, potaí agus cliabh

De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir leis na stoic lena mbaineann ná leathóga i gcás ina bhfuiltear ag iascaireacht leis an trealamh seo a leanas: eangacha gaiste, potaí agus cléibh.

Airteagal 8

An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme

1.         Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15, maidir leis na bearta seo a leanas:

(a) liosta na speiceas dá bhfuil toirmeasc ar iascaireacht chun críche na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(4)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b) díolúintí ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(4)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le speicis a léiríonn fianaise eolaíoch rátaí arda marthanais a bheith acu, agus saintréithe an trealaimh, na gcleachtas iascaireachta agus an éiceachórais á gcur san áireamh; agus

(c) díolúintí de minimis dá dtagraítear in Airteagal 15(4)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2. Beidh sé mar aidhm ag na bearta dá dtagraítear i mír 1 an cuspóir atá leagtha amach in Airteagal 3(2)(b) a bhaint amach agus beidh siad bunaithe ar chomhairle eolaíoch, más infheidhme. Beidh na díolúintí de minimis i gcomhréir le hAirteagal 15(5)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

3. Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann moltaí comhpháirteacha a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL VI BEARTA TEICNIÚLA

Airteagal 9

Creat na mbeart teicniúil

1. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas:

(a) sonraíochtaí saintréithe trealaimh iascaireachta agus rialacha maidir le húsáid an trealaimh sin;

(b) sonraíochtaí modhnuithe nó gléasanna breise a chuirtear leis an trealamh iascaireachta;

(c) srianta nó toirmeasc ar chineálacha áirithe trealaimh iascaireachta a úsáid, agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, i limistéir áirithe nó le linn tréimhsí áirithe;

(d) íosmhéideanna tagartha caomhnaithe le haghaidh aon cheann de na stoic a chumhdaítear faoin Rialachán seo.

2. Beidh sé mar aidhm ag na bearta dá dtagraítear i mír 1 na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 3 a bhaint amach agus go háirithe éisc óga nó éisc sceite a chosaint.

3. Féadfaidh na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a bheith de mhaolú, nuair is gá d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír 2 a bhaint amach, ar na forálacha seo a leanas de Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005:

(a) sonraíochtaí spriocspeiceas agus méideanna mogall a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005;

(b) struchtúir, saintréithe agus rialacha a rialaíonn úsáid an trealaimh ghníomhaigh a leagtar síos in Airteagal 5(2), (3) agus (4) agus in Airteagal 6 den Rialachán sin;

(c) struchtúir, saintréithe agus rialacha a rialaíonn úsáid an trealaimh éighníomhaigh a leagtar síos in Airteagal 8;

(d) comhordanáidí limistéar a bhfuil toirmeasc ar iascaireacht iontu agus na tréimhsí cur i bhfeidhm a leagtar síos in Airteagal 16 den Rialachán sin;

(e) na speicis, na limistéir gheografacha agus na tréimhsí cur i bhfeidhm a bhaineann le srianta ar iascaireacht stoc áirithe a leagtar síos in Airteagal 18a(1) den Rialachán sin, agus sonraí teicniúla an mhaolaithe a leagtar síos in Airteagal 18a(2) de;

(f) an toirmeasc ar iascaireacht le trál i Murascaill Ríge a leagtar síos in Airteagal 22 den Rialachán sin.

4. Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann moltaí comhpháirteacha a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL VII RÉIGIÚNÚ

Airteagal 10

Comhar réigiúnach

1. Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta faoin gCaibidil seo.

2. Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann moltaí comhpháirteacha a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 faoi na spriocdhátaí seo a leanas:

(a)        i gcás na mbeart atá leagtha amach in Airteagal 6(1) agus i gcás bliana féilire ar leith, tráth nach déanaí ná an 1 Meán Fómhair den bhliain roimhe sin;

(b)        i gcás na mbeart atá leagtha amach in Airteagal 8(1) agus in Airteagal 9(1), den chéad uair tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm agus ina dhiaidh sin, sé mhí tar éis meastóireacht ar an bplean a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal14.

CAIBIDIL VIII RIALÚ AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 11

Gaol le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle

Beidh feidhm leis na bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Chaibidil seo mar aon leo sin a forordaítear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, seachas i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Chaibidil seo.

Airteagal 12

Réamhfhógraí

1. De mhaolú ar Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, beidh feidhm ag oibleagáid an réamhfhógra a leagtar síos san Airteagal sin maidir le máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais arb é 8 méadar nó níos mó a bhfad foriomlán agus a choimeádann ar bord ar a laghad 300 kg de throsc nó dhá thona de stoic pheiligeacha.

2. De mhaolú ar Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, tabharfar réamhfhógra uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar go mbainfear an calafort amach.

Airteagal 13

Calafoirt ainmnithe

Seo a leanas an tairseach is infheidhme maidir le beomheáchan speiceas atá faoi réir an phlean ilbhliantúil; os a cionn sin ní mór do shoitheach iascaireachta a ghabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafort ainmnithe nó in áit gar don chladach mar atá leagtha amach in Airteagal 43 de Rialachán (CE) 1224/2009:

(a) 750 cileagram de throsc,

(b) 5 thona de stoic pheiligeacha.

CAIBIDIL IX BEARTA LEANTACHA

Airteagal 14

Meastóireacht ar an bplean

Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar meastóireacht ar thionchar an phlean seo ar na stoic a chumhdaítear faoin Rialachán seo agus ar na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin, go háirithe chun athruithe sa chomhairle eolaíoch a chur san áireamh, sé bliana tar éis don phlean teacht i bhfeidhm, agus gach sé bliana ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.

CAIBIDIL X FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 15

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Tabharfar an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6, Airteagal 8 agus Airteagal 9 don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6, in Airteagal 8 agus in Airteagal 9 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6, Airteagal 8 agus Airteagal 9 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

 

CAIBIDIL XI LEASUITHE

Airteagal 16

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle

Scriostar Airteagal 20 agus Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005.

CAIBIDIL XII AISGHAIRM

Airteagal 17

Aisghairm Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

CAIBIDIL XIII Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 18

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               http://www.ices.dk/aboutus/aboutus.asp

[2]               Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic trosc i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 779/97 (IO L 248, 22.9.2007).

[3]               Cinneadh ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2005 lena mbunaítear Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (2005/629/CE)

[4]               Tuarascáil grúpa saineolaithe an Choiste Eolaíoch, Theicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach maidir le: Pleananna bainistíochta ilspeiceas do Mhuir Bhailt (CETEI-12-06)

[5]               IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.

[6]               MRAG, Meán Fómhair 2009: Tionchar eacnamaíoch agus sóisialta na roghanna atá molta le haghaidh plean bainistíochta ilbhliantúil d'iascaigh pheiligeacha Mhuir Bhailt , FISH/2006/09— Lot 4.

[7]               Tuarascáil an Fhoghrúpa ar Chuspóirí agus Straitéisí Bainistíochta (STECF SGMOS 10-06). Cuid e) Meastóireacht ar an bplean bainistíochta ilbhliantúil do throisc i Muir Bhailt

[8]               Tuarascáil ghrúpa saineolaithe an Choiste Eolaíoch, Theicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach maidir le: Measúnú Tionchair ar phleananna ilbhliantúla don stoc trosc i Muir Bhailt STECF 11-05)

[9]               Comhairle an Aontais Eorpaigh, doiciméad 16684/11 ADD 1, http://register.consilium.europa.eu/pdf/en/11/st16/st16684-ad01.en11.pdf

[10]             Tuarascáil grúpa saineolaithe an Choiste Eolaíoch, Theicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach maidir le: Ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh Measúnuithe Tionchair ar phleananna ilbhliantúla ilspeiceas i Muir Bhailt agus ar phleananna ilbhliantúla do throisc in Kattegat, sa Mhuir Thuaidh, in Iarthar na hAlban agus i Muir Éireann. (STECF-12-05)

[11]             Tuarascáil ón gCeardlann maidir le comhairle chomhtháite/ilspeiceas le haghaidh Iascach Mhuir Bhailt, 6 – 8 Márta 20201, Charlottenlund na Danmhairge. ICES CM 2012/ACOM:43

[12]             Tuarascáil grúpa saineolaithe an Choiste Eolaíoch, Theicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach maidir le:  Pleananna bainistíochta ilspeiceas do Mhuir Bhailt (CETEI-12-06)

[13]             http://www.europarl.europa.eu/meetdocs/2009_2014/documents/pech/dv/taskfor/taskforce.pdf

[14]             IO C , , lch. .

[15]             IO C , , lch. .

[16]             IO L 179, 23.6.1998, lch. 3.

[17]             Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

[18]             Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic trosc i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 779/97 (IO L 248, 22.9.2007, lch. 1).

[19]             Seirbhísí teicniúla CITM, Meán Fómhair 2014.  http://www.ices.dk/sites/pub/Publication%20Reports/Advice/2014/Special%20Requests/EU_Fmsy_range_for_Baltic_cod_and_pelagic_stocks.pdf

 

[20]             Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle an 21 Nollaig 2005 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla i Muir Bhailt, sna Belts agus in Øresund, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 88/98 (IO L 349, 31.12.2005, lch. 1).

[21]             Rialachán (CE) 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1) .

[22]             Foilsiú an mheasúnaithe tionchair... (le cur i gcrích)

[23]             Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic trosc i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 779/97 (IO L 248, 22.9.2007, lch. 1)f