52014PC0586

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce a allmhairiú isteach san Aontas (códú) /* COM/2014/0586 final - 2014/0272 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún an‑bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an Aontais ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so-aimsithe do na saoránaigh agus, dá réir sin, go gcruthófar deiseanna nua dóibh agus seans chun úsáid a bhaint as na cearta sonracha a bhronntar orthu .

Ní féidir an aidhm sin a bhaint amach fad is atá líon mór forálacha a leasaíodh roinnt uaireanta, agus leasuithe suntasacha a bheith i gceist go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, rud a fhágann go mbíonn gá le cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir cuid mhór ionstraimí éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a shainaithint.

Ar an gcúis sin, tá gá freisin le códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go minic má tá an dlí le bheith soiléir agus trédhearcach.

2.           Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, ar an 1 Aibreán 1987[1], treoir a thabhairt dá fhoireann á rá gur cheart gach gníomh a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur cheart féachaint le códú a dhéanamh ag eatraimh is giorra ná sin ar na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go bhfuil na forálacha atá iontu soiléir agus sothuigthe.

3.           Dearbhaíodh an méid sin i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992) [2] agus cuireadh i bhfios an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht faoin dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith.

Ní foláir an nós imeachta coitianta a bhaineann le glacadh ghníomhartha an Aontais a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán le linn an códú á dhéanamh.

Ós rud é nach ceadmhach athruithe a dhéanamh ar shubstaint na n‑ionstraimí lena mbaineann an códúchán, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, trí chomhaontú idirinstitiúideach dar dáta an 20 Nollaig 1994, go bhféadfar nós imeachta luathaithe a úsáid chun ionstraimí códaithe a ghlacadh go mear.

4.           Is é is cuspóir don togra seo códú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce a allmhairiú isteach sa Chomhphobal, lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 4115/86 agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3010/95[3]. Glacfaidh an Rialachán nua ionad na ngníomhartha éagsúla a chuimsítear ann[4]; caomhnaítear go huile agus go hiomlán inneachar na ngníomhartha atá á gcódú agus, dá bhrí sin, ní dhéantar ach iad a thabhairt le chéile agus na leasuithe foirmiúla sin amháin a bhfuil gá leo don phróiseas códúcháin féin a dhéanamh.

5.           Rinneadh an togra códúcháin a tharraingt suas ar bhonn réamh‑chomhdhlúthú, in 23 teanga oifigiúil, ar Rialachán (CE) Uimh. 779/98 agus ar an ionstraim lena leasaítear é. Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras próiseála sonraí. I gcás uimhreacha nua a bheith tugtha do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán códaithe.

ê 779/98 (oiriúnaithe)

2014/0272 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce a allmhairiú isteach san Ö Aontas Õ (códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh Ö ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Õ , agus go háirithe Airteagal Ö 207(2) Õ de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[5],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

ê

(1)       Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 779/98[6] a leasú go substaintiúil[7]. Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht ba cheart an Rialachán sin a chódú.

ê 779/98 aithris 1 (oiriúnaithe)

(2)       Bunaítear le Cinneadh Uimh. 1/98 ó Chomhairle Chomhlachais CE‑na Tuirce[8] córas na bhfabhar is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce a allmhairiú isteach san Ö Aontas Õ.

ê 779/98 aithris 2 (oiriúnaithe)

(3)       I gcás táirgí a gceanglaíonn rialacháin de chuid an Ö Aontais Õ praghas allmhairiúcháin áirithe ina leith, beidh cur i bhfeidhm an chórais fhabhraigh taraife faoi réir an praghas sin a urramú.

ê 255/2014 Airteagal 2.1

(4)       Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[9],

ê 779/98 (oiriúnaithe)

Ö TAR ÉIS Õ AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

ê 255/2014 Airteagal 2.1 (oiriúnaithe)

Airteagal 1

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha is gá a ghlacadh chun an córas allmhairiúcháin do na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, ar táirgí iad de thionscnamh na Tuirce agus a allmhairítear isteach san Aontas faoi na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 1/98 ó Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2) Ö den Rialachán seo Õ .

ê 779/98 (oiriúnaithe)

Airteagal 2

1. I gcás táirgí a gceanglaíonn rialacháin de chuid an Ö Aontais Õ praghas allmhairiúcháin áirithe ina leith, tá cur i bhfeidhm an chórais fhabhraigh taraife faoi réir an praghas sin a urramú.

ê 779/98

2. I gcás táirgí iascaigh a bhfuil praghas tagartha leagtha síos dóibh, beidh cur i bhfeidhm na taraife fabhraí faoi réir an praghas sin a urramú.

ê 255/2014 Airteagal 2.2

Airteagal 3

1. Déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta a bunaíodh le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[10] cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina bhfuil tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n‑iarrann an ceathrú cuid de chomhaltaí an choiste ar a laghad amhlaidh.

ê

Airteagal 4

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 779/98.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

ê 779/98 (oiriúnaithe)

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an Ö fichiú Õ lá Ö tar éis lá Õ a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Ö Aontais Õ Eorpaigh.

ê 779/98

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               COM(87) 868 miontuairiscí.

[2]               Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Cuid A de na Conclúidí.

[3]               Códú a cuireadh ar chlár reachtaíochta 2014.

[4]               Féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an togra seo.

[5]               IO C […], […], lch. […].

[6]               Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le hallmhairiú táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce isteach sa Chomhphobal, lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 4115/86 agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3010/95 (IO L 113, 15.4.1998, lch. 1).

[7]               Féach Iarscríbhinn I.

[8]               Cinneadh Uimh. 1/98 ó Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce an 25 Feabhra 1998 maidir leis an gcóras trádála i gcás táirgí talmhaíochta (IO L 86, 20.3.1998, lch. 1).

[9]               Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

[10]             Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

é

IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle            (IO L 113, 15.4.1998, lch. 1) || ||

|| Rialachán (AE) Uimh. 255/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle    (IO L 84, 20.3.2014, lch. 57) || Airteagal 2 amháin

_____________

IARSCRÍBHINN II

An Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 779/98 || An Rialachán seo

Airteagal 1 || Airteagal 1

Airteagal 2, an chéad mhír || Airteagal 2(1)

Airteagal 2, an dara mír || Airteagal 2(2)

Airteagal 2 a || Airteagal 3

Airteagal 3 || -

Airteagal 4 || -

||

- || Airteagal 4

Airteagal 5 || Airteagal 5

- || Iarscríbhinn I

- || Iarscríbhinn II

_____________