Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cóir tharaife d'earraí de thionscnamh Eacuadór /* COM/2014/0585 final - 2014/0287 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Ar an 17 Iúil 2014 tugadh na
hidirbheartaíochtaí i gcrích le hEacuadór maidir lena aontachas leis an
gComhaontú Trádála a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach agus an
Cholóim/Peiriú. Mar thoradh ar na hidirbheartaíochtaí sin, inisilíodh Prótacal
Aontachais Eacuadór leis an gComhaontú (dá ngairtear "An Prótacal
Aontachais" anseo feasta) ar an […]. Chun suaitheadh trádála gan ghá a sheachaint
fad agus atá na nósanna imeachta chun an Prótacal Aontachais á bhformheas agus
á gcur i bhfeidhm, is gá a áirithiú nach méadófar na dleachtanna custaim is
infheidhme ar dháta inisilithe an Phrótacail Aontachais agus nach gcuirfear
dleachtanna custaim nua i bhfeidhm ar tháirgí de thionscnamh Eacuadór. Chuige
sin, déantar foráil sa Rialachán atá beartaithe maidir le leibhéil na rátaí
dleachta a choinneáil ag na leibhéil a bhí infheidhme maidir le hEacuadór ar
dháta inisilithe an Phrótacail Aontachais. Beidh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2015
agus go dtí sé mhí tar éis don Phrótacal Aontachais teacht i bhfeidhm (nó, más
iomchuí, go dtí go gcuirtear i bhfeidhm go sealadach é), nó go dtí an 31 Nollaig 2016,
cibé acu is túisce a tharlóidh. Tá an fad ama seo riachtanach le go mbeidh a
ndóthain ama ann na nósanna imeachta inmheánacha ar fad is gá a dhéanamh san
Aontas Eorpach, ach in Eacuadór freisin, chun an Prótacal Aontachais a chur i
bhfeidhm. D'fhéadfaí tuilleadh moilleanna a bheith ann i ngeall ar an ngá dul i
gcomhairle leis an gColóim agus Peiriú maidir leis an bPrótacal Aontachais,
agus an gá go ndéanfaidís formheas air, sula ndéanfaidh an Coimisiún Cinneadh faoin
togra le haghaidh Treoracha ón gComhairle maidir leis an síniú agus cur i
bhfeidhm sealadach agus maidir leis an bPrótacal Aontachais a chur i gcrích.
Meastar go bhfuil gá leis an bhforluí féideartha sé mhí idir an Rialachán seo
agus cur i bhfeidhm an Phrótacail Aontachais le go mbeidh oibreoirí
eacnamaíocha in ann dul i dtaithí ar na nósanna imeachta custaim nua. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR Neamhbhainteach. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Is é Airteagal 207(2) den Chonradh
ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Coinnítear na socruithe reatha maidir le
rochtain ar an margadh faoin Rialachán atá beartaithe agus sa mhéid sin níl aon
impleacht airgeadais bhreise aige ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Mura gcuirfí
i bhfeidhm é, áfach, d'fhéadfadh méadú teacht ar na fáltais chustaim a
bhaileofaí. Tá sé deacair méid na bhfáltas custaim
seo a bhaileofaí a thuar, ach i gcás ar bith bheadh siad cuibheasach beag. Is
thart faoi €215 milliún (bunaithe ar fhigiúirí trádála 2013) an méid a
shábháltar ar dhleachtanna de thoradh ar an gcóras rochtana ar an margadh atá
ag Eacuadór faoi láthair, córas a rachaidh in éag an 1 Eanáir 2015.
Tá onnmhairí Eacuadór chuig AE thar a bheith comhchruinnithe agus baineann 95%
den mhéid sin a shábháltar le honnmhairí 5 ghrúpa táirgí, go bunúsach, ar
a ngearrtar meándleacht chustaim 16%. Dá bhrí sin, dá gcuirfí dleachtanna erga
omnes na dtáirgí sin i bhfeidhm, laghdófaí onnmhairiú na dtáirgí sin chuig
AE go mór, rud a laghdódh an tionchar iarbhír ar bhuiséad AE tuilleadh. 2014/0287 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN
gCOMHAIRLE maidir le cóir tharaife d'earraí de
thionscnamh Eacuadór TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Sa Chomhaontú Trádála idir an
tAontas agus a mBallstáit, ar thaobh amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, ar an
taobh eile (dá ngairtear "an Comhaontú" anseo feasta) a síníodh an 26 Meitheamh 2012,
tá foráil in Airteagal 329 de maidir le haontachas féideartha Balltíortha
eile Chomhphobal na nAindéas leis an gComhaontú. (2) Ag leanúint ó iarratas
Eacuadór na hidirbheartaíochtaí leis an Aontas le bheith ina Pháirtí sa
Chomhaontú a atosú, rinneadh idirbheartaíochtaí idir an tAontas agus Eacuadór
in 2014. Mar thoradh ar na hidirbheartaíochtaí sin, inisilíodh Prótacal
Aontachais Eacuadór leis an gComhaontú (dá ngairtear "an Prótacal
Aontachais" anseo feasta) an […]. (3) Tar éis an Prótacal
Aontachais a inisiliú, tá comhaontú idirthréimhseach cómhalartach riachtanach
chun limistéar saorthrádála le hEacuadór a bhunú sa chaoi nach gcuirfear
isteach ar thrádáil gan ghá. Dá bhrí sin, amhail ón 1 Eanáir 2015, ní
mhéadófar na dleachtanna custaim a bhí i bhfeidhm ar dháta inisilithe an
Phrótacail Aontachais agus ní chuirfear dleachtanna custaim nua i bhfeidhm ar
tháirgí de thionscnamh Eacuadór. (4) Dá bhrí sin, déantar foráil
sa Rialachán seo maidir le leibhéal na rátaí dleachta is infheidhme maidir le
hEacuadór ar an [dáta inisilithe an Phrótacail Aontachais] a choinneáil ag an
leibhéal sin amhail ón 1 Eanáir 2015. (5) Tá an beart seo gan dochar do
bhearta arna ndéanamh faoi Rialachán (CE) Uimh. 597/2009[1], Uimh. 1225/2009[2] nó Uimh. 260/2009[3] ón gComhairle. (6) Mar choinníoll chun an chóir
tharaife arna deonú faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart d'Eacuadór
staonadh ó aon dleachtanna nua nó muirir nua a mbeadh éifeacht choibhéiseach
leo a thabhairt isteach nó ó aon srianta cainníochtúla nua nó ó bhearta nua a
mbeadh éifeacht choibhéiseach leo maidir le hallmhairí de thionscnamh an
Aontais a thabhairt isteach, nó ó na leibhéil ag a bhfuil na dleachtanna nó na
muirir faoi láthair a ardú nó ó aon srianta eile a thabhairt isteach ón [dáta
inisilithe an Phrótacail Aontachais]. (7) Lena áirithiú go leanfaidh
Eacuadór lena thiomantas do phríomhchoinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le
cearta an duine agus cearta saothair, cosaint an chomhshaoil agus
dea-rialachas, ba cheart cur i bhfeidhm an bhirt seo a bheith faoi réir chur
chun feidhme leanúnach éifeachtach na gcoinbhinsiún sin. (8) Chun aon bhaol calaoise a
chosc, chun a bheith i dteideal leas a bhaint as an gcóir tharaife arna deonú
faoin Rialachán seo, ba cheart go mbeadh sé mar choinníoll go gcomhlíonfadh
Eacuadór na rialacha ábhartha maidir le tionscnamh táirgí agus na nósanna
imeachta a bhaineann leis sin. (9) Is gá foráil a dhéanamh go
gcuirfear dleachtanna Comhtharaife Custaim i bhfeidhm i gcás aon táirgí de
thionscnamh Eacuadór is cúis nó is baol a bheith ina gcúis le deacrachtaí móra
do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht
dhíreach leo, faoi réir imscrúdaithe ag an gCoimisiún. (10) I gcás ina sáraítear aon
cheann de na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart
cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an chóir tharaife
dá bhforáiltear ann a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach go ceann
tréimhse shealadach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle[4].
(11) Tá an Rialachán seo le cur i
bhfeidhm go dtí sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm nó dháta cur i bhfeidhm
sealadach fhorálacha ábhartha an Phrótacail Aontachais, agus go dtí an 31 Nollaig 2016
ar a dhéanaí, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo: (a) ciallaíonn 'cóir tharaife' an ráta
agus cóir dhleachta a chuirtear i bhfeidhm ar earraí de thionscnamh Eacuadór dá
bhforáiltear in Airteagal 2; (b) ciallaíonn 'dleachtanna Comhtharaife
Custaim' na dleachtanna atá sonraithe i gCuid a Dó d'Iarscríbhinn I a ghabhann
le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87[5]
arna leasú, seachas na dleachtanna sin arna mbunú mar chuid de chuótaí taraife; (c) ciallaíonn 'táirge/táirgí de
thionscnamh Eacuadór' táirge/táirgí a chomhlíonann na ceanglais maidir le
tionscnamh faoi Theideal II, Caibidil 2 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92
ón gComhairle[6]
agus, ag brath ar an gcóir tharaife arna lorg, de bhun fhorálacha Airteagal 2,
Teideal IV, Caibidil 1 nó Roinn 1 de Chaibidil 2 de Rialachán
(CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún[7].
Airteagal 2 Cóir tharaife 1. Dleachtanna custaim a
chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí de thionscnamh Eacuadór ar an [dáta inisilithe
an Phrótacail], ní mhéadófar iad agus ní chuirfear aon dleacht chustaim nua a
thabharfar isteach tar éis an dáta sin i bhfeidhm ar na táirgí sin. 2. Cuirfear an cóir tharaife dá
bhforáiltear i mír 1 i bhfeidhm gan dochar d'aon bheart arna dhéanamh faoi
Rialacháin (CE) Uimh. 597/2009, Uimh. 1225/2009 nó Uimh. 260/2009.
Airteagal 3 Coinníollacha chun
bheith i dteideal na córa taraife Beidh teidlíocht chun leas a bhaint as an gcóir tharaife atá
sainmhínithe in Airteagal 2 faoi réir an méid seo a leanas: (a) comhlíonadh na rialacha maidir le
tionscnamh dá tagraítear in Airteagal 1(c) agus na nósanna imeachta a
mbaineann leo, lena n‑áirítear, de réir mar is iomchuí, forálacha maidir
le comhar riaracháin éifeachtach is infheidhme ar an [dáta inisilithe an
Phrótacail Aontachais]; (b) staonadh Eacuadór ó aon dleachtanna
nua nó muirir nua a mbeadh an éifeacht choibhéiseach acu a thabhairt isteach
agus aon srianta cainníochtúla nua nó bearta nua a thabhairt isteach a mbeadh
an éifeacht choibhéiseach leo ar allmhairí ón Aontas nó ó na leibhéil ag a
bhfuil na dleachtanna nó na muirir faoi láthair a ardú nó ó aon srianta eile a
thabhairt isteach ón [dáta inisilithe an Phrótacail Aontachais]; (c) daingniú agus cur chun feidhme
éifeachtach a choinneáil ar thaobh Eacuadór ar na cúnaint, coinbhinsiúin agus
prótacail atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhainn leis an Rialachán seo,
agus glacadh gan forchoimeádas leis na ceanglais maidir le tuairisciú, faireachán
agus athbhreithniú rialta ar a theist cur chun feidhme i gcomhréir le forálacha
na gcúnant, na gcoinbhinsiún agus na bprótacal atá daingnithe aige; (d) comhoibriú leis an gCoimisiún
Eorpach agus gach eolas is gá a sholáthar chun measúnú a dhéanamh go bhfuil
ceanglais mhír (c) á n‑urramú ag Eacuadór; (e) go ndéanfaidh Eacuadór iarrachtaí
leanúnacha chun an Prótacal Aontachais leis an gComhaontú Trádála idir an
tAontas Eorpach agus a mBallstáit, ar thaobh amháin, agus an Cholóim agus
Peiriú, ar an taobh eile, a shíniú agus a dhaingniú. Airteagal 4 Fionraí shealadach Má chinneann sé go bhfuil dóthain fianaise ann nár comhlíonadh na
coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3, féadfaidh an Coimisiún
gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an chóir tharaife a chur ar
fionraí go ceann tréimhse shealadach, i ndáil le gach táirge nó le táirgí
áirithe de thionscnamh Eacuadór. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a
ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).
Airteagal 5 Clásal cosanta I gcás ina ndéantar táirge de thionscnamh
Eacuadór a allmhairiú i méideanna agus/nó ar phraghsanna is cúis nó is baol a
bheith ina gcúis le deacrachtaí móra do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann
táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leis an táirge sin, féadfar
na dleachtanna Comhtharaife Custaim ar an táirge sin a thabhairt isteach
athuair ag leanúint na rialacha nós imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 19/2013
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[8],
mutatis mutandis. Airteagal 6 Nós
imeachta coiste 1. Chun críocha chur chun
feidhme Airteagal 4 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um an
gCód Custaim arna bhunú le hAirteagal 248a de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92
ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina
choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéantar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Airteagal 7 Teacht
i bhfeidhm, cur i bhfeidhm agus dul in éag 1. Tiocfaidh an Rialachán seo
i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 2. Beidh an Rialachán seo
infheidhme amhail ón 1 Eanáir 2015. 3. Rachaidh an Rialachán seo in
éag sé mhí tar éis don Phrótacal Aontachais theacht i bhfeidhm nó, de réir mar
is iomchuí, a chur i bhfeidhm go sealadach, nó ar an 31 Nollaig 2016,
cibé acu is túisce a tharlóidh. Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh má scoireann an Rialachán seo d'fheidhm a
bheith aige roimh an 31 Nollaig 2016. Beidh
an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme
go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an
11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais
ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.07.2009,
Lch. 93). [2] Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009
maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den
Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, Lch. 51). [3] Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 an 26 Feabhra 2009
ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 84,
31.3.2009, Lch. 1). [4] Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na
rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le
rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún
(IO L 55, 28.2.2011, Lch. 13). [5] Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987
maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhthairif
Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, Lch. 1). [6] Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh
Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 302,
19.10.1992, Lch. 1). [7] Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an
2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha maidir le cur chun feidhme
Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód
Custaim an Chomhphobail (IO L 253, 11.10.1993, Lch. 1). [8] Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun
feidhme an clásal cosanta déthaobhach agus an sásra cobhsaíochta um bananaí sa
Chomhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit, ar thaobh amháin
de, agus an Cholóim agus Peiriú ar an taobh eile (IO L 17, 19.1.2013,
Lch. 1). IARSCRÍBHINN Cúnaint,
Coinbhinsiúin agus Prótacail dá dtagraítear in Airteagal 3(c) Coinbhinsiúin
NA/EIS i dtaca le bunchearta daonna agus saothair 1. An Coinbhinsiún maidir le
Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú (1948) 2. An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta
maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú (1965) 3. An Cúnant Idirnáisiúnta
maidir le Cearta Sibhialta agus Polaitiúla (1966) 4. An Cúnant Idirnáisiúnta
maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (1966) 5. An Coinbhinsiún maidir le
Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (1979) 6. An Coinbhinsiún in aghaidh
Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis Eile atá Cruálach, Mídhaonna nó
Táireach (1984) 7. An Coinbhinsiún um Chearta an
Linbh (1989) 8. An Coinbhinsiún maidir le
hObair Éigeantais nó Éigeantach, Uimh. 29 (1989) 9. An Coinbhinsiún maidir le
Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, Uimh. 87 (1948) 10. An Coinbhinsiún maidir leis na
Prionsabail a Chur i bhFeidhm i dtaca leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an
gCómhargáil, Uimh. 98 (1949) 11. An Coinbhinsiún maidir le
Luach Saothar Comhionann d'Oibrithe Fireanna agus Baineanna ar Obair arb Ionann
a Luach , Uimh. 100 (1951) 12. An Coinbhinsiún maidir le
Saothar Éigeantach a chur ar ceal, Uimh. 105 (1957) 13. An Coinbhinsiún maidir le
hIdirdhealú i gcúrsaí Fostaíochta agus Slí Bheatha, Uimh. 111 (1958) 14. An Coinbhinsiún maidir leis an
Aois Íosta ag a nGlacfar Duine Isteach i bhFostaíocht, Uimh. 138 (1973) 15. An Coinbhinsiún maidir leis na
Cineálacha is measa de Shaothar Leanaí a Thoirmeasc agus le Beart Láithreach
chun iad a Dhíchur, Uimh. 182 (1999) Coinbhinsiúin
maidir leis an gcomhshaol agus maidir le prionsabail rialachais 16. An Coinbhinsiún maidir
le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine
i mBaol (1973) 17. Prótacal Montréal um
Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin (1987) 18. Coinbhinsiún Basel maidir le
Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt
(1989) 19. An Coinbhinsiún maidir leis an
Éagsúlacht Bhitheolaíoch (1992) 20. Creat‑Choinbhinsiún na
Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (1992) 21. Prótacal Cartagena ar an
mBithshábháilteacht (2000) 22. Coinbhinsiún Stócólm ar
Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (2001) 23. Prótacal Kyoto a ghabhann le
Creat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (1998) 24. Coinbhinsiún Aonair na Náisiún
Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha (1961) 25. Coinbhinsiún na Náisiún
Aontaithe um Shubstaintí Síceatrópacha (1971) 26. Coinbhinsiún na Náisiún
Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí
Síceatrópacha (1988) 27. Coinbhinsiún na Náisiún
Aontaithe i gcoinne an Éillithe (2004)