Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste neamhbhóthair /* COM/2014/0581 final - 2014/0268 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. Comhthéacs
an togra · Comhthéacs ginearálta Cuimsíonn innealra soghluaiste neamhbhóthair
(ISNB) réimse leathan inneall dócháin i meaisíní, mar shampla trealamh beag
láimhe, innealra foirgníochta agus foireann ginte chomh maith le carranna
iarnróid, innill fhéinghluaiste agus soithí uisce intíre. Cuireann na hinnill
sin go mór le truailliú aeir agus tá siad freagrach as timpeall 15 %
d’astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) agus 5 % d’astaíochtaí ábhair
cháithnínigh in AE. Tá na teorainneacha
astaíochtaí do na hinnill sin leagtha síos faoi láthair i
dTreoir 97/68/CE. Rinneadh leasú ar an Treoir sin roinnt uaireanta, ach de
réir roinnt athbhreithnithe teicniúla a rinneadh tá easnaimh ar an reachtaíocht
mar atá sí faoi láthair. Tá raon feidhme na Treorach róshrianta mar fágtar
catagóirí áirithe innill ar lár. Tugadh céimeanna nua astaíochtaí isteach go
deireanach nuair a leasaíodh an Treoir in 2004 ach ní léiriú iad a thuilleadh
ar staid reatha na teicneolaíochta. Ina theannta sin, ní hionann na
teorainneacha astaíochtaí do chatagóirí áirithe innill. Ar deireadh, tháinig fianaise dhochloíte chun cinn
le déanaí go mbaineann éifeachtaí díobhálacha sláinte le hastaíochtaí sceite
díosail agus go háirithe ábhar cáithníneach (i.e. súiche díosail). Fuarthas
amach go háirithe go bhfuil dlúthbhaint ag méid na gcáithníní leis na
héifeachtaí sláinte a chonacthas. Ní féidir aghaidh a thabhairt ar an gceist
sin ach trí teorainnluachanna atá bunaithe ar áireamh líon na gcáithníní (i.e.
teorainn LC). Dá bhrí sin, agus i gcomhréir leis na forbairtí san earnáil
bhóithre, dhealraigh sé go mbeadh sé oiriúnach céim nua astaíochta
(Céim V) a thabhairt isteach le haghaidh na gcatagóirí innill is ábhartha,
céim a bheadh dírithe ar theorainneacha ar líon na gcáithníní chomh maith le
teorainneacha ar mhais na gcáithníní. ·
Forais agus cuspóirí an
togra Is é is aidhm don togra sláinte an duine agus an
comhshaol a chosaint, agus feidhmiú cuí mhargadh inmheánach na n‑inneall
in innealra soghluaiste neamhbhóthair a áirithiú. Leis an togra freisin táthar
ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar ghnéithe a bhaineann leis an iomaíochas agus
an comhlíonadh. I gcomhréir le beartas AE maidir le cáilíocht an
aeir, táthar ag iarraidh na hastaíochtaí ó innill nua a chuirtear ar an margadh
a laghdú diaidh ar ndiaidh, agus ar an gcaoi sin iad a chur in ionad na
seaninneall a dtagann an truailliú is mó uathu de réir a chéile. Táthar ag súil
go mbeidh laghdú suntasach ar astaíochtaí dá thoradh sin, ach beidh an laghdú
in aghaidh an chatagóra innill éagsúil de réir a dhéine atá na ceanglais
shonracha atá ann cheana féin. Táthar ag súil leis an togra chomh maith go
laghdófar an brú atá ar na Ballstáit bearta breise rialála a dhéanamh a
chuirfeadh isteach ar an margadh inmheánach. Ar deireadh, táthar ag iarraidh
leis an togra deireadh a chur leis na constaicí sa trádáil sheachtrach trí
rialacha comhchuibhithe agus trí na baic rialála a eascraíonn as ceanglais
astaíochtaí difriúla a laghdú. Go háirithe d'fhonn an bhearna idir ceanglais AE
agus na Stát Aontaithe a laghdú. Ar deireadh, cuireann an togra le hiomaíochas
thionscal na hEorpa tríd an reachtaíocht maidir le cineálcheadú atá ann faoi
láthair a shimpliú, trédhearcacht a fheabhsú agus an t‑ualach riaracháin
a mhaolú. · Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Tá na ceanglais astaíochtaí atá ann faoi láthair
maidir le hinnill in innealra soghluaiste neamhbhóthair á rialáil i
dTreoir 97/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
16 Nollaig 1997 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann
le bearta in aghaidh astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill dócháin
inmheánaigh atá le cur in innealra soghluaiste neamhbhóthair (IO L 59
27.2.1998 , lch. 1). Sa dréacht‑togra agus a ghníomhartha cur
chun feidhme agus tarmligthe beidh na ceanglais atá ann cheana atá leagtha síos
sa ghníomh thuas agus cuirfear feabhas orthu, tar éis athbhreithniú teicniúil a
dhéanamh ina dtiocfar ar chinneadh faoi roinnt easnamh substaintiúil. I
gcomparáid leis an ngníomh atá ann faoi láthair, déanfar an méid seo a leanas
leis an togra le haghaidh rialacháin: –
tabharfar isteach
teorainneacha nua astaíochtaí a léireoidh an dul chun cinn teicneolaíochta agus
beartais AE san earnáil bhóithre, d’fhonn spriocanna AE maidir le cáilíocht an
aeir a bhaint amach; –
cuirfear leis an raon
feidhme, d’fhonn comhchuibhiú an mhargaidh a fheabhsú (margadh AE agus an
margadh idirnáisiúnta) agus an riosca go mbeidh saobhadh margaidh ann a
íoslaghdú; –
tabharfar bearta isteach
le nósanna imeachta riaracháin a shimpliú agus leis an gcur i bhfeidhm a
fheabhsú, lena n‑áirítear coinníollacha ar mhaithe le faireachas níos
fearr ar an margadh. · Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile
an Aontais Is é is aidhm don togra
atá á mheas cosaint an chomhshaoil a fheabhsú trí na teorainneacha astaíochtaí
atá ann faoi láthair a thabhairt cothrom le dáta agus cur lena raon feidhme,
nuair is cuí. Ag an am céanna, tá sé dírithe ar fheidhmiú ceart an mhargaidh
aonair a áirithiú, agus ar an ualach neamhriachtanach atá ar chuideachtaí atá
ag feidhmiú ann agus go hidirnáisiúnta a bhaint díobh. Dá bhrí sin, tá sé go
hiomlán i gcomhréir leis an straitéis Eoraip 2020 agus ag teacht go hiomlán le
Straitéis AE um Fhorbraíocht
Inbhuanaithe. Sa chomhthéacs sin, tá an
togra atá á mheas ag réiteach leis na beartais agus na cuspóirí níos sonraí seo
a leanas: –
6ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil AE, inar moladh
"leibhéil cháilíochta an aeir nach n‑imreoidh tionchar suntasach
diúltach ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol" a bhaint amach.[1] –
An Straitéis Théamúil maidir le Truailliú Aeir[2] ina bhfuil creat
cuimsitheach beartais de chuid AE chun tionchar díobhálach an truaillithe aeir
ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaoil a laghdú don tréimhse go dtí 2020. –
An Treoir um Uasteorainneacha Astaíochta Náisiúnta 2001/81/CE
lena mbunaítear teorainneacha a bhfuil ceangal dlí leo maidir leis na
hastaíochtaí iomlána incheadaithe ar leibhéal na mBallstát i dtaca le
truailleáin éagsúla aeir. De réir na sonraí oifigiúla atá tugtha faoin Treoir
sin, sháraigh 12 Bhallstát na teorainneacha sin in 2010 agus, in ainneoin
feabhais éigin, is dócha go mbeidh fadhbanna maidir le comhlíonadh fós ann. –
An Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir
Chomhthimpeallaigh 2008/50/CE ina leagtar síos teorainneacha a bhfuil
ceangal dlí leo maidir le tiúchain mórthruailleán aeir san aer lasmuigh amhail
ábhar cáithníneach agus dé‑ocsaíd nítrigine. –
An Páipéar Bán maidir le hIompar 2011[3], go háirithe maidir le
hiompar uiscebhealaí intíre agus iarnróid níos glaine. Dhéanfadh ceanglais níos
déine maidir le hinnill dócháin in innealra soghluaiste neamhbhóthair tairbhe
do chuspóirí na mbeartas uile thuas. Ar deireadh, tá an togra
ag teacht leis an mbeartas tionsclaíoch a tugadh cothrom le dáta in 2012[4] agus d'fhéadfadh sé tairbhe tábhachtach a
dhéanamh don chomhchuibhiú teicniúil i gcomhthéacs na gcaibidlíochtaí trádála
idir AE agus na Stáit Aontaithe (TTIP – an Chomhpháirtíocht Thrasatlantach
Trádála agus Infheistíochta). 2. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus measúnú tionchair · Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara Modhanna
comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta
na bhfreagróirí. Agus an togra á fhorbairt
chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ar bhealaí
éagsúla: –
Rinneadh comhairliúchán
oscailte poiblí ar an idirlíon, agus clúdaíodh gach gné den togra. Fuarthas
freagraí ó údaráis náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát (aireachtaí,
gníomhaireachtaí), cumainn ghairmiúla, cuideachtaí tionsclaíocha, eagraíochtaí
neamhrialtais agus comhpháirtithe sóisialta. –
Eagraíodh éisteacht do
pháirtithe leasmhara i gcomhar leis an gcomhairliúchán oscailte poiblí idirlín
an 14 Feabhra 2013 sa Bhruiséil, agus d'fhreastail timpeall 80
rannpháirtí air. –
I gcomhthéacs na
Measúnaithe Tionchair éagsúla a rinne comhairleoirí seachtracha roimhe sin,
tugadh cuireadh do na páirtithe leasmhara a bheith páirteach agus a mbarúlacha
a thabhairt. –
Pléadh an togra ag
cruinnithe éagsúla de chuid Mheitheal Saineolaithe an Choimisiúin um
Astaíochtaí Innealra (GEME), a thugann an tionscal, Eagraíochtaí Neamhrialtais
agus ionadaithe na mBallstát agus an Choimisiúin le chéile. Achoimre ar na
freagraí agus an tslí ar cuireadh san áireamh iad Cuireadh tús le
comhairliúchán oscailte poiblí an 15 Eanáir 2013 agus cuireadh
deireadh leis an 8 Aibreán 2013 (tréimhse 12 sheachtain). Chun
na críche seo, bunaíodh leathanach gréasáin tiomnaithe[5] agus d'ullmhaigh seirbhísí an Choimisiúin
cáipéis chomhairliúcháin 15 leathanach ina bhfuil forléargas ar na príomh‑shaincheisteanna,
ar thorthaí an staidéir agus ar na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh. Fuarthas 69 freagra
san iomlán. Tá mionanailís ar na
torthaí le fáil in Iarscríbhinn II a ghabhann tuarascáil an Measúnaithe
Tionchair agus is féidir na freagraí aonair a léamh ar leathanach gréasáin an
chomhairliúcháin. · Saineolas a bhailiú agus a úsáid Na fearainn eolaíochta/saineolais lena
mbaineann Faoin togra b’éigean
measúnú a dhéanamh ar roghanna éagsúla beartais chomh maith leis an tionchar
eacnamaíoch, sochaíoch agus comhshaoil lena mbaineann. An mhodheolaíocht a
úsáideadh Rinne an Coimisiún
staidéir éagsúla agus chuaigh sé i gcomhairle go rialta leis na páirtithe
leasmhara, maidir le teorainnluachanna nua a thabhairt isteach agus an gá
céimeanna nua a chur san áireamh le haghaidh astaíochtaí sceite a bheadh
bunaithe ar an dul chun cinn teicniúil. Tá an Measúnú Tionchair bunaithe ar na
staidéir sheachtracha seo a leanas[6]: –
Athbhreithniú Teicniúil ar an Treoir, a chuir an
tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) isteach ina dhá chuid, ina bhfuil forléargas
ar fhardail astaíochtaí maidir le hinnealra soghluaiste neamhbhóthair i gcuid 1.
I measc nithe eile, díríodh i gCuid 2 ar innill spréachadhainte (innill bheaga
peitril agus innill mhótair sneachta), agus rinneadh anailís ar fhardail
astaíochtaí agus ar dhíolacháin margaidh innealra foirgníochta agus
talmhaíochta. –
I staidéar Measúnaithe Tionchair a rinne ARCADIS
N.V, rinneadh anailís ar thionchar na roghanna beartais a forbraíodh in
Athbhreithniú Teicniúil an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde. Dhírigh staidéar
forlíontach a rinne na conraitheoirí céanna go sonrach ar an tionchar ar
fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Chomh maith leis an tionchar
sóisialta agus eacnamaíoch rinneadh meastóireacht ar an tionchar comhshaoil
agus sláinte sa staidéar sin. –
I staidéar ó Risk & Policy Analysis (RPA) agus
Arcadis rinneadh meastóireacht ar an mbaint atá ag earnáil an innealra
shoghluaiste neamhbhóthair le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa. Sa staidéar sin
freisin scrúdaíodh arbh fhéidir na teorainneacha astaíochtaí d'innill faoi luas
inathraithe a chur i bhfeidhm i gcás inneall faoi luas seasmhach agus rinneadh
measúnú ar an rogha teorainnluachanna na n‑astaíochtaí sceite a ailíniú
le luachanna na Stát Aontaithe. –
Sa staidéar ó PANTEIA[7] a choimisiúnaigh Ard‑Stiúrthóireacht
na Soghluaisteachta agus an Iompair rinneadh anailís ar an gcaoi a bhfuil
cúrsaí in earnálacha na loingseoireachta intíre agus rinneadh anailís ar
bhearta sonracha le hastaíochtaí ón iompar uiscebhealaí intíre a laghdú. Bhí
an obair ar an measúnú tionchair á leanúint agus á treorú ag grúpa stiúrtha
idirsheirbhíse agus bhí ceithre chruinniú aige in 2013. Tugadh cuireadh do gach
seirbhís ábhartha de chuid an Choimisiúin a bheith rannpháirteach sa ghrúpa.
Chuir an tAirmheán Comhpháirteach
Taighde leis an obair anailíseach
trí thionscadal taighde faoi éifeachtaí theorainneacha líon na gcáithníní
maidir le catagóirí áirithe innill. Modhanna a úsáideadh chun comhairle na
saineolaithe a chur ar fáil go poiblí Tá tuarascálacha na
staidéar thuasluaite le fáil, faoi seach, ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht na Fiontraíochta
agus na Tionsclaíochta. · Measúnú Tionchair Rinneadh
anailís mhion ar thrí phríomhrogha beartais. Cuimsíonn gach rogha fo‑roghanna
éagsúla maidir leis na catagóirí innill agus feidhmeanna atá clúdaithe cheana i
reachtaíocht AE maidir le hinnealra soghluaiste neamhbhóthair, agus maidir leo
siúd a d’fhéadfadh teacht faoina raon feidhme amach anseo. Mar aon leis an
rogha gan aon athrú a dhéanamh ar bheartais, is iad seo a leanas na roghanna: Rogha
2: Ailíniú le caighdeáin na Stát Aontaithe maidir le raon feidhme agus
teorainnluachanna. Rogha
3: Dul i dtreo leibhéil uaillmhianacha na hearnála bóithre, maidir leis na
foinsí astaíochtaí is ábhartha. Rogha
4: Leibhéal breise uaillmhéine trí fhorálacha faireacháin breisithe. Bhí
sé curtha san áireamh cheana féin, áfach, sa cheapadh anailíseach go bhféadfadh
gnéithe ó chúpla rogha éagsúil a bheith i gceist i rogha na tosaíochta.
Rinneadh an anailís ar chostais agus ar an tairbhe i modúil aonair inar féidir
gnéithe a athghrúpáil. Breathnaíodh
ar roghanna neamhreachtúla (e.g. comhaontú deonach leis an tionscal), ach
cinneadh san anailís tosaigh nach mbeadh cur chuige mar sin oiriúnach le
cuspóirí an togra a bhaint amach. Tá an cinneadh seo bunaithe ar an tuiscint
nach dócha go mbeadh éifeacht le teorainneacha astaíochtaí d’innill in innealra
soghluaiste neamhbhóthair agus nach féidir cothrom iomaíochta a áirithiú do
gach oibreoir eacnamaíoch mura mbeadh ceangal dlí leo. Ghlac
an Bord um Measúnú Tionchair leis an measúnú tionchair tar éis é a bheith
curtha faoina bhráid an 20 Samhain 2013. 3. Eilimintí dlí an togra · Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe Déanann an togra
uasghrádú suntasach ar chóras cineálcheadaithe innill ISNB maidir le ceanglais
theicniúla i dtaca le hastaíochtaí trí leibhéil níos déine a ghlacadh, chomh
maith leis an ‘gcur chuige ilchodach’ a thabhairt isteach. Leagfar síos go mion sa
togra, trí na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear ann, na ceanglais
éigeantacha nua maidir le teorainneacha astaíochtaí innill Chéim V. Go
háirithe, cuimseoidh na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin togra seo, i
measc nithe eile, na nithe seo a leanas: –
ceanglais theicniúla
mhionsonraithe na dtimthriallta tástála; –
nósanna imeachta tomhais
agus tástála teicniúla; –
socruithe mionsonraithe
agus riachtanais mhionsonraithe maidir leis na heisceachtaí a dhéanfar faoin
Rialachán seo; –
forálacha mionsonraithe
maidir le nósanna imeachta cineálcheadaithe. · Bunús Dlí Is é Airteagal 114
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra. · Prionsabal na Coimhdeachta Tá feidhm ag prionsabal
na coimhdeachta mar nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Ós rud é go bhfuil
leasuithe ar reachtaíocht reatha AE i gceist sa togra, ní féidir ach leis an
Aontas Eorpach aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna. Ina theannta sin, ní
féidir cuspóirí an bheartais a bhaint amach go leordhóthanach trí ghníomhartha
na mBallstát. Is gá bearta ón Aontas
Eorpach ionas nach dtiocfaidh baic chun cinn sa mhargadh aonair, go háirithe i
réimse na n‑inneall in innealra soghluaiste neamhbhóthair, agus mar
gheall ar chineál trasnáisiúnta an truaillithe aeir. Cé go mbíonn an tionchar
is déine ag na mórthruailleáin aeir in aice lena bhfoinse, ní ar an leibhéal
áitiúil amháin a imrítear tionchar ar cháilíocht an aeir; is fadhb
thromchúiseach chomhshaoil é an truailliú trasteorann agus is féidir leis an
toradh a bhaint de na réitigh náisiúnta. Is gá gníomhaíocht chomhaontaithe ar
leibhéal an Aontais le fadhb an truaillithe aeir a réiteach. Dá socrófaí teorainneacha
astaíochtaí agus nósanna imeachta cineálcheadaithe ar an leibhéal náisiúnta,
d'fhéadfadh 28 córas éagsúil a bheith ann, rud a chuirfeadh bac tromchúiseach
ar thrádáil laistigh den Aontas. Fairis sin, d'fhéadfadh sé ualach suntasach
riaracháin agus airgeadais a chur ar mhonaróirí atá gníomhach i níos mó ná aon
mhargadh amháin. Dá bhrí sin, ní féidir cuspóirí an togra atá á mheas a bhaint
amach gan gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Ar deireadh, glactar leis
gurb é cur chuige comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais an tslí is éifeachtaí ó
thaobh costais de do mhonaróirí agus d'úsáideoirí deiridh le laghduithe ar
astaíochtaí a bhaint amach. Comhlíonann an togra
prionsabal na coimhdeachta dá bhrí sin. · Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra
prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas. Mar atá léirithe sa
mheasúnú tionchair, comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta mar nach
dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun feidhmiú ceart an mhargaidh
inmheánaigh a áirithiú agus foráil a dhéanamh san am céanna maidir le
hardleibhéal sábháilteachta poiblí agus cosanta comhshaoil. Tríd an timpeallacht
rialála a shimpliú déanfar laghdú suntasach ar na costais riaracháin a bhíonn
ar na húdaráis náisiúnta agus ar an tionscal. · Rogha na n‑ionstraimí Na hionstraimí atá
beartaithe: rialachán. Níor leor modhanna eile
ar na cúiseanna seo a leanas. Tá leasuithe
substaintiúla déanta roinnt uaireanta ar Threoir 97/68/CE. Ar mhaithe le
soiléire, intuarthacht, réasúnaíocht agus simpliú, tá sé beartaithe ag an
gCoimisiún Rialachán agus líon beag gníomhartha tarmligthe agus cur chun
feidhme a chur in ionad Threoir 97/68/CE. Ina theannta sin, trí
Rialachán a úsáid áiritheofar go mbeidh na forálacha lena mbaineann infheidhme
go díreach maidir le monaróirí, údaráis cheadaithe agus seirbhísí teicniúla,
agus gur féidir iad a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach níos tapa agus níos
éifeachtaí chun an dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh. Sa togra úsáidtear an
‘cur chuige ilchodach’ atá in úsáid i reachtaíocht eile i réimse chineálcheadú
feithiclí mótair AE. Déantar foráil sa chur chuige sin maidir le dhá chéim
reachtaíochta: · ar dtús, leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus
an Chomhairle forálacha bunúsacha síos i Rialachán a bheidh bunaithe ar
Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tríd an
ngnáthnós imeachta reachtach; · ina dhiaidh sin, na sonraíochtaí teicniúla
lena gcuirtear na forálacha bunúsacha chun feidhme, leagfar síos i ngníomhartha
tarmligthe iad a ghlacfaidh an Coimisiún de réir Airteagal 290 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 4. Impleachtaí
buiséadacha Rinneadh an costas a bhaineann le bunachar sonraí leictreonach a bhunú
chun faisnéis cineálcheadaithe a mhalartú a mheas cheana féin i staidéar
féidearthachta[8] a choimisiúnaigh Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don
Eoraip i mí an Mheithimh 2006,
agus maidir le carranna, tá córas Eorpach chun faisnéis cineálcheadaithe a
mhalartú (ETAES) i bhfeidhm san Aontas Eorpach cheana féin. Cé nach ndearnadh an staidéar féidearthachta ar bhunachar sonraí a bhí
ar fáil go poiblí, is féidir glacadh leis mar sin féin go dtugtar léiriú bailí
sa mheasúnú costais ar na costais a bheadh i gceist. Rinneadh a thuar sa staidéar go mbeadh costais tionscnaimh idir
EUR 50 000 agus EUR 150 000 agus costais oibriúcháin idir
EUR 5 000 agus EUR 15 000 sa mhí i gceist, ag brath ar fhad
an chonartha leis an soláthraí seirbhíse. Déantar foráil maidir le raon míosúil
den chineál céanna le haghaidh seirbhís deasc cabhrach a oibriú, más gá. 5. Faisnéis
bhreise · Ionsamhladh, treoirthréimhse agus
idirthréimhse Tá idirthréimhsí
ginearálta agus sonracha sa togra ar mhaithe le haga tionscanta leordhóthanach
a thabhairt do mhonaróirí inneall agus innealra, agus do riarthóirí chomh
maith. Don idirthréimhse ó na
caighdeáin reatha astaíochtaí go dtí an chéim nua astaíochtaí, tá scéim
idirthréimhse nua beartaithe atá i bhfad níos simplí ó thaobh riaracháin de do
mhonaróirí inneall agus innealra, a laghdóidh ualach na n‑údarás
ceadaithe náisiúnta san am céanna. Maidir le faireachán a
dhéanamh ar fheidhmíocht astaíochtaí inseirbhíse na n‑inneall, tá cláir
phíolótacha beartaithe d'fhonn nósanna imeachta tástála iomchuí a fhorbairt. · Simpliú Déantar foráil sa togra
maidir le reachtaíocht a shimpliú. Déanfar Treoir fíorchasta
maidir le hastaíochtaí innill ISNB, lena ngabhann 15 Iarscríbhinn, a
leasaíodh 8 n‑uaire gan athmhúnlú, a aisghairm. Déanann an togra foráil
maidir le simpliú na nósanna imeachta riaracháin d'údaráis phoiblí. Tá an togra
áirithe i gclár rollach an Choimisiúin leis an 'aquis communautaire' agus a
Chlár Oibre Reachtach a thabhairt cothrom le dáta agus a shimpliú faoin tagairt
2010/ENTR/001. · Aisghairm na reachtaíochta atá ann cheana Nuair a ghlacfar leis an
togra déanfar an reachtaíocht atá ann cheana a aisghairm. · An Limistéir Eorpach Eacnamaíoch Ábhar a bhaineann leis an
LEE atá sa ghníomh atá beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, an Limistéar
Eorpach Eacnamaíoch a chuimsiú ann. 2014/0268 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN
gCOMHAIRLE maidir le ceanglais a bhaineann le
teorainneacha astaíochtaí agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin
inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste neamhbhóthair
(téacs atá ábhartha maidir le LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontaigh Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[9], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach[10], De bharr an méid seo a leanas: (1) Cuimsíonn an margadh inmheánach
limistéar gan teorainneacha inmheánacha nach mór saorghluaiseacht earraí,
daoine, seirbhísí agus caipitil a áirithiú ann. Chun na críche sin bunaíodh
bearta le truailliú aeir ó innill atá le suiteáil in innealra soghluaiste
neamhbhóthair le Treoir 97/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle. Is iomchuí iarrachtaí a dhéanamh margadh inmheánach an Aontais a
fhorbairt agus a oibriú.[11] (2) Ba cheart an mhargadh
inmheánach a bheith bunaithe ar rialacha trédhearcacha simplí comhleanúnacha
lena gcuirtear deimhneacht agus soiléire dhlíthiúil ar fáil ar féidir le
gnólachtaí agus tomhaltóirí araon tairbhe a bhaint astu. (3) Ar mhaithe le glacadh
reachtaíocht an Aontais maidir le cineálcheadú innill a shimpliú agus a
bhrostú, tá cur chuige nua rialála tugtha isteach. Dá réir sin, leagann an
reachtóir amach rialacha agus prionsabail bhunúsacha agus cumhachtaíonn sé an
Coimisiún gníomhartha tarmligthe maidir le sonraí teicniúla eile a ghlacadh. Dá
bhrí sin, maidir le ceanglais shubstaintiúla, níor cheart a leagan síos sa
Rialachán seo ach forálacha bunúsacha maidir le hastaíochtaí ó thruailleáin
gháis agus cháithníneacha agus ba cheart an Coimisiún a chumhachtú sonraíochtaí
teicniúla a leagan síos i ngníomhartha tarmligthe. (4) Tá creat rialála bunaithe
cheana féin le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle[12]
maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus
foraoiseachta. Mar gheall ar an gcosúlacht idir na réimsí agus an taithí
dhearfach a fuarthas as Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 a chur i bhfeidhm,
ba cheart cuid mhaith de na cearta agus na hoibleagáidí a bunaíodh leis an
Rialachán sin a chur san áireamh maidir le hinnealra neamhbhóthair. Is gá tacar
rialacha ar leithligh a ghlacadh, áfach, le riachtanais shonracha na n‑inneall
a shuiteálfar in innealra neamhbhóthair a chur san áireamh. (5) Ba cheart ceanglais
shubstaintiúla a bheith sa Rialachán seo a bhaineann le teorainneacha
astaíochtaí agus nósanna imeachta cineálcheadaithe AE maidir le hinnill atá le
suiteáil in innealra soghluaiste neamhbhóthair. Tá príomhghnéithe na gceanglas
ábhartha den Rialachán seo bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe tionchair den
20 Samhain 2013 a rinne an Coimisiún, ina ndearnadh anailís ar
roghanna éagsúla trí liosta a dhéanamh de na buntáistí agus míbhuntáistí a
d’fhéadfadh bheith ann ó thaobh gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil,
sábháilteachta agus sochaíocha. Cuireadh idir ghnéithe cáilíochtúla agus
ghnéithe cainníochtúla san áireamh san anailís sin. Tar éis comparáid a dhéanamh
idir na roghanna éagsúla, sainaithníodh na roghanna tosaíochta agus roghnaíodh
iad mar bhonn don Rialachán seo. (6) Is é is aidhm don Rialachán
seo rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le cineálcheadú AE maidir le
hinnill atá le suiteáil in innealra soghluaiste neamhbhóthair, d’fhonn feidhmiú
an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Chun na gcríoch sin, ba cheart
teorainneacha nua astaíochtaí a bhunú leis an dul chun cinn teicneolaíochta a
léiriú agus le cóineasú le beartais an Aontais san earnáil bhóithre a áirithiú, d’fhonn
spriocanna an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a bhaint amach agus
astaíochtaí ó innealra soghluaiste neamhbhóthair a laghdú; dá thoradh sin,
bheadh an méid astaíochtaí innealra níos comhréirí i gcomparáid le hastaíochtaí
feithiclí bóthair. Ba cheart raon feidhme reachtaíocht an Aontais sa réimse sin
a leathnú, d’fhonn comhchuibhiú margaidh ar leibhéal AE agus ar an leibhéal
idirnáisiúnta a fheabhsú agus riosca go mbeidh saobhadh margaidh ann a
íoslaghdú. Ina theannta sin, tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo an creat
dlíthiúil atá ann faoi láthair a shimpliú, lena n‑áirítear bearta chun
nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, agus na coinníollacha ginearálta maidir
le forfheidhmiú a fheabhsú, go háirithe trí na rialacha maidir le faireachán
margaidh a neartú. (7) Ba cheart do na ceanglais a
leagtar amach maidir le hinnill d'innealra soghluaiste neamhbhóthair agus
innill thánaisteacha d'fheithiclí paisinéirí agus earraí cloí leis na
prionsabail a leagadh síos sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an
5 Meitheamh 2002 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta: An timpeallacht
rialála a shimpliú agus a fheabhsú’. (8) I Seachtú Clár Gníomhaíochta
Comhshaoil Ginearálta an Aontais a glacadh le Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[13]
meabhraítear gur aontaigh an tAontas leibhéil cháilíocht an aeir a bhaint amach
nach mbeadh tionchar suntasach diúltach acu ar shláinte an duine ná ar an
gcomhshaol agus nach gcuirfeadh sláinte an duine ná an comhshaol i mbaol. Le
reachtaíocht an Aontais tá teorainneacha iomchuí astaíochtaí bunaithe maidir le
cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh ar mhaithe le sláinte an duine, agus
daoine leochaileacha go háirithe, a chosaint, agus maidir le huasteorainneacha
náisiúnta astaíochtaí freisin[14].
Tar éis na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2001, lenar
bunaíodh an clár dar teideal ‘Aer Glan don Eoraip (CAFE)’, ghlac an Coimisiún
Teachtaireacht eile an 21 Meán Fómhair 2005 dar teideal ‘An Straitéis
théamúil maidir le truailliú aeir’. Ceann de chonclúidí na straitéise téamúla
sin is ea go bhfuil gá le laghduithe eile ar astaíochtaí ón earnáil iompair
(iompar aeir, muirí agus talún), ó theaghlaigh agus ó na hearnálacha fuinnimh,
talmhaíochta agus tionsclaíochta le cuspóirí AE maidir le cáilíocht an aeir a
bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart tabhairt faoi astaíochtaí a laghdú
ó innill atá suite in innealra soghluaiste neamhbhóthair (ISNB) mar chuid den
straitéis fhoriomlán. Tá teorainneacha astaíochtaí Chéim V ar cheann de na bearta
atá ceaptha astaíochtaí in‑úsáide iarbhír ó thruailleáin aeir amhail
truailleáin cháithníneacha chomh maith le réamhtheachtaithe ózóin amhail
ocsaídí nítrigine (NOx) agus hidreacarbóin a laghdú. (9) An
12 Meitheamh 2012, rinne an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), trína
Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse , athaicmiú ar an sceitheadh
ó innill díosail mar 'carcanaigineach don duine' (Grúpa 1), bunaithe ar
fhianaise leordhóthanach go méadaítear an riosca ailse scamhóg a tholgadh i
gcás nochtadh. (10) Is gá iarracht leanúnach
astaíochtaí innill a laghdú le cuspóirí an Aontais maidir le cáilíocht an aeir
a bhaint amach. Ar an gcúis sin, ba cheart faisnéis shoiléir a sholáthar do
mhonaróirí faoi na teorainnluachanna astaíochtaí a bheidh ann amach anseo agus
ba cheart tréimhse ama iomchuí a thabhairt dóibh inar féidir iad a bhaint amach
agus na forbairtí teicniúla riachtanacha a dhéanamh. (11) Nuair a bhíonn teorainneacha
astaíochtaí á socrú tá sé tábhachtach a chur san áireamh na himpleachtaí a bheidh
acu d’iomaíochas na margaí agus na monaróirí, na costais dhíreacha agus
indíreacha a leagfar ar ghnólachtaí agus an tairbhe ó thaobh nuálaíocht a
spreagadh, cáilíocht an aeir a fheabhsú, costais sláinte a laghdú agus ionchas
saoil a mhéadú. (12) Tá astaíochtaí ó innill
innealra shoghluaiste neamhbhóthair ina gcodán suntasach d'iomlán na n‑astaíochtaí
de dhéantús an duine ó thruailleáin atmaisféaracha díobhálacha áirithe. Ba
cheart innill atá freagrach as sciar mór den truailliú aeir de dheasca ocsaídí
nítrigine (NOx) agus ábhair cháithnínigh a bheith laistigh de raon feidhme na
rialacha nua faoi theorainneacha astaíochtaí. (13) Ba cheart don Choimisiún
athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar astaíochtaí atá neamhrialaithe, go fóill,
agus a eascraíonn as foirmlithe nua breosla, teicneolaíocht innill agus córais
rialaithe astaíochtaí a úsáid ar bhealach níos leithne. Ba cheart don
Choimisiún freisin, nuair is gá, togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa
agus na Comhairle d'fhonn na hastaíochtaí sin a rialáil. (14) Is iomchuí úsáid feithiclí
breosla mhalartaigh a spreagadh, a mbeadh astaíochtaí ísle NOx agus
cáithníneacha acu. Dá réir sin, ba cheart teorainnluachanna do na hidreacarbóin
iomlána a oiriúnú le hidreacarbóin neamh‑mheatáin agus astaíochtaí meatáin
a chur san áireamh. (15) Chun a áirithiú go rialófar
astaíochtaí ó thruailleáin cháithníneacha sármhíne (méid 0.1 μm agus
faoina bhun), ba cheart an Coimisiún a chumhachtú cur chuige líonbhunaithe a
ghlacadh maidir le hastaíochtaí ó thruailleáin cháithníneacha, de bhreis ar an
gcur chuige maisbhunaithe atá in úsáid faoi láthair. Ba cheart an chur chuige
líonbhunaithe i leith astaíochtaí cáithníneacha a bheith bunaithe ar thorthaí
Chlár Tomhais Cháithnínigh (CTC) Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe
don Eoraip agus a bheith i gcomhréir leis na cuspóirí uaillmhianacha atá ann
cheana don chomhshaol. (16) Chun na cuspóirí comhshaoil
sin a bhaint amach, is iomchuí a lua gur dócha go léireoidh na teorainneacha ar
líon na gcáithníní na leibhéil is airde feidhmíochta a bhaintear amach faoi
láthair le scagairí cáithníní trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht is fearr
atá ar fáil. (17) Ba cheart don Choimisiún
timthriallta comhchuibhithe domhanda tástála a ghlacadh sna nósanna imeachta
tástála atá mar bhonn do rialacháin maidir le cineálcheadú AE i ndáil le
hastaíochtaí. Ba cheart cur i bhfeidhm córas iniompartha um tomhas astaíochtaí chun faireachán a
dhéanamh ar astaíochtaí in‑úsáide iarbhír a mheas freisin. (18) Chun rialú níos fearr a
dhéanamh ar astaíochtaí in‑úsáide iarbhír agus an próiseas comhréireachta
inseirbhíse a ullmhú, ba cheart modheolaíocht tástála le faireachán a dhéanamh
ar na ceanglais feidhmíochta astaíochtaí atá bunaithe ar úsáid córas
iniompartha um tomhas astaíochtaí a ghlacadh laistigh de thréimhse ama iomchuí. (19) Tá feidhmiú ceart an chórais
iarchóireála, agus go háirithe i gcás NOx, ina bhunriachtanas leis na
teorainneacha bunaithe d'astaíochtaí truailleán a chomhlíonadh. Sa chomhthéacs
sin, ba cheart bearta a thabhairt isteach le hoibriú ceart na gcóras a
bhraitheann ar úsáid imoibrí a áirithiú. (20) Innill a chuimsíonn raon
feidhme na rialacha nua maidir le teorainneacha astaíochtaí agus nósanna
imeachta cineálcheadaithe AE agus atá faoi chumhdach an raoin feidhme sin, ba
cheart cead a thabhairt iad a chur ar an margadh sna Ballstáit; níor cheart na
hinnill sin a bheith faoi réir aon cheanglais náisiúnta eile maidir le
hastaíochtaí. Na Ballstáit a thugann ceaduithe, ba cheart dóibh na bearta
riachtanacha fíoraithe a dhéanamh chun a áirithiú go sainaithneofar na hinnill
a tháirgfear faoi gach cineálcheadú de chuid AE. (21) Ba cheart líon teoranta
díolúintí a thabhairt le freastal ar na riachtanais shonracha a bhaineann le
fórsaí armtha, srianta soláthar lóistíochta, tástáil allamuigh ar
fhréamhshamhlacha agus úsáid innealra in atmaisféir phléascacha. (22) Tá oibleagáidí na n‑údarás
náisiúnta atá leagtha síos i bhforálacha an Rialacháin seo maidir le faireachas
margaidh níos sonraí ná forálacha comhfhreagracha Rialachán (CE) Uimh. 765/2008
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15]. (23) Chun a áirithiú go bhfuil an
nós imeachta maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh táirgthe, arb é
ceann de bhunchlocha chóras cineálcheadaithe AE é, curtha chun feidhme mar is
ceart agus ag feidhmiú i gceart, ba cheart don údarás inniúil atá ainmnithe
monaróirí a sheiceáil go rialta nó ba cheart do sheirbhís theicniúil cháilithe
atá ainmnithe chun na críche sin iad a sheiceáil. (24) Is páirtí conartha é an
tAontas de Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíoch na Náisiún Aontaithe don Eoraip
maidir le saintreoracha aonfhoirmeacha teicniúla a ghlacadh d'fheithiclí
rothaithe, trealamh agus páirteanna is féidir a shuiteáil agus/nó a úsáid ar
fheithiclí rothaithe agus na coinníollacha i dtaca le haitheantas cómhalartach
ceaduithe a thugtar ar bhonn na saintreoracha sin ('Comhaontú Leasaithe 1958’). (25) Dá dheasca sin, ba cheart
rialacháin Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip agus
leasuithe ar na rialacháin sin ar vótáil an tAontas ar a son nó ar aontaigh an
tAontas dóibh, i gcur i bhfeidhm Chinneadh 97/836/CE, a aithint mar choibhéis
chineálcheaduithe AE arna dtabhairt faoin Rialachán seo. Dá réir sin, ba cheart
an Coimisiún a chumhachtú gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun a chinneadh cé
na rialacháin ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a
mbeidh feidhm acu maidir le cineálcheaduithe AE. (26) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba
cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na
cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.[16] (27) Chun an Rialachán seo a
fhorlíonadh le sonraí breise teicniúla, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha
a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le haicmí innill,
crioscaíl, faireachán ar fheidhmíocht astaíochtaí inseirbhíse, tástálacha
teicniúla agus nósanna imeachta tomhais, comhréireacht táirgthe, seachadadh ar
leithligh córais iarchóireála sceite innill, innill le haghaidh tástáil
allamuigh, innill lena n‑úsáid in atmaisféir ghuaiseacha, coibhéis
cineálcheaduithe innill, faisnéis do mhonaróirí buntrealaimh agus d'úsáideoirí
deiridh, féintástáil, caighdeáin agus measúnú seirbhísí teicniúla, innill
gásbhreosla iomláin nó pháirtigh, tomhas líon na gcáithníní agus timthriallta
tástála. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachadh an
Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena
n‑áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú
agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig
Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach,
tráthúil agus iomchuí. (28) Ba cheart do na Ballstáit
rialacha a leagan síos maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe an
Rialacháin seo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na
pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. (29) D'fhonn an dul chun cinn
leanúnach teicniúil agus na torthaí is déanaí i réimsí an taighde agus na
nuálaíochta a chur san áireamh, is iomchuí na deiseanna eile ar laghdú astaíochtaí
truailleán ó innill atá suiteáilte in innealra soghluaiste neamhbhóthair a
aithint. Ba cheart na measúnuithe sin a dhíriú ar na catagóirí innill sin atá
áirithe den chéad uair i raon feidhme an Rialacháin seo agus orthu siúd a
bhfuil a dteorainnluachanna astaíochtaí gan athrú faoin Rialachán seo. (30) Ar mhaithe le soiléire,
intuarthacht, réasúnaíocht agus simpliú agus chun an t‑ualach ar
mhonaróirí innill agus innealra a laghdú, níor cheart ach líon teoranta
céimeanna cur chun feidhme a bheith sa Rialachán seo le leibhéil nua
astaíochtaí agus nósanna imeachta cineálcheadaithe a thabhairt isteach. Tá sé
riachtanach sainmhíniú tráthúil a dhéanamh ar cheanglais le haga tionscanta
leordhóthanach a áirithiú chun gur féidir le monaróirí réitigh theicniúla a
fhorbairt, a thástáil agus a chur chun feidhme le haghaidh inneall a tháirgtear
i sraitheanna, agus do mhonaróirí agus chun gur féidir le monaróirí agus
údaráis cheadaithe sna Ballstáit na córais riaracháin is gá a bhunú. (31) Tá leasuithe déanta roinnt uaireanta
ar Threoir 97/68/CE. Ar mhaithe le soiléire, intuarthacht, réasúnaíocht
agus simpliú, ba cheart Rialachán agus líon beag gníomhartha tarmligthe agus
cur chun feidhme a chur in ionad Threoir 97/68/CE. Le húsáid Rialacháin ba
cheart a áirithiú go mbeidh na forálacha lena mbaineann infheidhme go díreach
maidir le monaróirí, údaráis cheadaithe agus seirbhísí teicniúla, agus gur
féidir iad a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach níos tapa agus níos
éifeachtúla leis an dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh. (32) De thoradh chur i bhfeidhm an
chórais nua rialála a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart
Treoir 97/68/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2017. Leis
an dáta sin ba cheart go dtabharfaí am leordhóthanach don tionscal oiriúnú do na
forálacha nua a leagtar síos sa Rialachán seo agus oiriúnú do na sonraíochtaí
teicniúla agus na forálacha riaracháin atá le leagan amach sna gníomhartha
tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlactar de bhun an Rialacháin seo. (33) Ós rud é
nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir leis na riachtanais
riaracháin agus theicniúla a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí agus
nósanna imeachta cineálcheadaithe AE i dtaca le hinnill atá le suiteáil in
innealra soghluaiste neamhbhóthair, a bhaint amach go
leordhóthanach agus gur fearr, de bharr a scála agus a n‑éifeachtaí, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an
tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a
leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I
gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní
théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint
amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE Airteagal 1 Ábhar Leis an Rialachán seo, bunaítear teorainneacha
astaíochtaí le haghaidh truailleán gásacha agus ábhar cáithníneach agus na
ceanglais riaracháin agus theicniúla a bhaineann le cineálcheadú AE do gach
cineál innill agus aicme innill dá dtagraítear in Airteagal 2(1). Bunaítear na ceanglais le haghaidh faireachas
margaidh ar innill atá le suiteáil nó ceaptha a bheith suiteáilte in innealra
soghluaiste neamhbhóthair, atá faoi réir ag cineálcheadú AE leis an Rialachán
seo freisin. Airteagal 2 Raon
feidhme 1. Beidh feidhm leis an
Rialachán seo maidir le gach inneall atá leagtha amach in Airteagal 4 agus
atá suiteáilte, nó beartaithe a bheith suiteáilte, in innealra soghluaiste neamhbhóthair,
seachas innill atá le honnmhairiú chuig tríú tíortha. 2. Ní bheidh feidhm leis an
Rialachán seo maidir le hinnill mar seo a leanas: (a)
tiomáint feithiclí mar atá sainmhínithe i
bpointe (13) d'Airteagal 3 de Threoir 2007/46/EC ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle[17]; (b)
tiomáint feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta
mar atá sainmhínithe i bpointe (11) d'Airteagal 3 de Rialachán(AE)
Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18]; (c)
innealra do‑aistrithe; (d)
soithí farraige, a bhfuil teastas bailí
loingseoireachta muirí nó teastas sábháilteachta ag teastáil dóibh; (e)
tiomáint soithí uiscebhealaí intíre a bhfuil
glanchumhacht níos lú ná 37 kW acu; (f)
árthaí áineasa mar atá sainmhínithe i
dTreoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [19]; (g)
aerárthaí; (h)
aon fheithiclí áineasa, seachas mótair sneachta,
feithiclí uile‑thír‑raon (ATV) agus feithiclí taobh le taobh (SbS); (i)
feithiclí agus innealra atá beartaithe iad a úsáid
go heisiach i gcomórtais; (j)
samhlacha ar scála laghdaithe nó macasamhla
d'fheithiclí nó d'innill nuair atá glanchumhacht níos lú ná 19 kW ag na
samhlacha nó na macasamhla sin. Airteagal 3 Sainmhínithe Chun
críche an Rialacháin seo, beidh feidhm leis na sainmhínithe seo a leanas: (1)
Ciallaíonn "innealra soghluaiste neamhbhóthair" aon inneall
soghluaiste, trealamh iniompair nó feithicil le nó gan cabhalra nó rothaí, nach
bhfuil le húsáid chun paisinéirí nó earraí a iompar ar bhóithre; áirítear
innealra suiteáilte ar chabhail fheithiclí atá beartaithe le haghaidh iompar paisinéirí
nó earraí ar bhóithre; (2)
Ciallaíonn "cineálcheadú AE" an nós imeachta faoina dheimhníonn
údarás ceadaithe go gcomhlíonann cineál innill nó aicme innill forálacha agus
ceanglais theicniúla ábhartha an Rialacháin seo; (3)
Ciallaíonn "truailleáin ghásacha" aonocsaíd charbóin (CO),
hidreacarbóin iomlána (HC) agus ocsaídí nítrigine (NOx), arb ionann na cinn
dheireannacha atá ainmnithe agus ocsaíd nítreach (NO) agus dé‑ocsaíd
nítrigine (NO2), arna sloinneadh mar choibhéis dhé‑ocsaíd nítrigine
(NO2); (4)
Ciallaíonn "Ábhar Cáithníneach" aon ábhar a bhailítear mar mheán
sonraithe scagaire tar éis gás sceite innill a chaolú le haer glan scagtha
ionas nach sáraíonn an teocht 325 K (52°C); (5)
Ciallaíonn "Líon na gCáithníní" líon na gcáithníní soladacha a bhfuil
trastomhas níos mó ná 23nm acu; (6)
Ciallaíonn "inneall" iompaitheoir fuinnimh seachas tuirbín gáis ina
dtarlaíonn dóchán breosla i spás teoranta, a tháirgeann gáis fhairsinge a
úsáidtear go díreach le cumhacht mheicniúil a sholáthar, ar féidir cineálcheadú
AE a dheonú ar a son; áirítear córas rialaithe astaíochta agus comhéadan
cumarsáide (crua‑earra agus teachtaireachtaí) idir aonaid rialaithe
leictreonacha chóras an innill (ECU) agus aon ghléasra cumhachta nó aonad
rialaithe feithicle atá riachtanach le Caibidlí II agus III a chomhlíonadh; (7)
Ciallaíonn "cineál innill" sonraíocht innill nach bhfuil éagsúil ó
thaobh saintréithe riachtanacha an innill; (8)
Ciallaíonn "aicme innill" grúpáil cineálacha éagsúla innill ag
monaróir a bhfuil saintréithe cosúla astaíochta acu mar gheall ar a ndearadh,
agus a chloíonn leis na teorainnluachanna astaíochtaí atá infheidhme; (9)
ciallaíonn "máthair‑inneall" cineál innill atá roghnaithe as
aicme innill sa chaoi go bhfuil a shaintréithe astaíochta ionadaíoch don aicme
innill sin; (10)
Ciallaíonn "Inneall Adhainte Comhbhrúite (CI)" inneall a oibríonn ar
an bprionsabal adhainte comhbhrúite; (11)
Ciallaíonn "Inneall Spréachadhainte (SI)" inneall a oibríonn ar an
bprionsabal spréachadhainte; (12)
Ciallaíonn "inneall débhreosla" inneall a dearadh le hoibriú i
gcomhthráth le breosla leachtach agus breosla gásach, agus méadrú ar leith don
dá bhreosla, an méid de cheann de na breoslaí i gcoibhneas leis an ceann eile
in ann athrú ag brath ar an oibriú; (13)
Ciallaíonn "inneall aonbhreosla" inneall nach inneall débhreosla é
mar atá sainmhínithe i bpointe (12); (14)
Ciallaíonn "breosla leachtach" breosla a bhíonn i riocht leachtach
faoi choinníollacha caighdeánacha timpeallachta[20]; (15)
Ciallaíonn "breosla gásach" aon bhreosla a bhíonn gásach go hiomlán
faoi choinníollacha caighdeánacha timpeallachta20; (16)
Ciallaíonn an "an Cóimheas Gáis (GER)" i gcás innill débhreosla
cóimheas chion fuinnimh an bhreosla ghásaigh thar cion fuinnimh an dá bhreosla;
i gcás inneall aonbhreosla, sainmhínítear GER mar 1 nó 0 de réir an chineáil
bhreosla; (17)
Ciallaíonn "inneall faoi luas inathraithe" inneall nach inneall faoi
luas seasmhach é mar atá sainmhínithe i bpointe 18; (18)
Ciallaíonn "inneall faoi luas seasmhach" inneall a bhfuil a
chineálcheadú teoranta d'oibríocht ar luas seasmhach, seachas innill a bhfuil a
bhfeidhm rialtóra luas seasmhach bainte amach nó díchumasaithe; féadfaidh luas
réchasta a bheith ag inneall ar luas seasmhach le húsáid le linn tosú nó
múchadh; féadfaidh rialtóir a bheith ar inneall ar luas seasmhach ar féidir é a
shocrú ag luasanna malartacha nuair a stoptar an t‑inneall; (19)
Ciallaíonn "oibríocht faoi luas seasmhach" oibríocht innill le
rialtóir a dhéanann rialú uathoibríoch ar éileamh an oibritheora luas innill a
chothabháil, fiú faoi ualach atá ag athrú; (20)
Ciallaíonn "inneall spréachadhainte láimhe" inneall spréachadhainte a
comhlíonann ceann amháin ar a laghad de na ceanglais seo a leanas: (a)
úsáidtear é i bpíosa trealaimh a iompraíonn an t‑oibritheoir i rith
feidhmiú a fheidhme(anna) beartaithe, (b)
úsáidtear é i bpíosa trealaimh a oibríonn go hil‑ionadach, ar nós bun os
cionn nó cliathánach, lena fheidhm(eanna) beartaithe a chur i gcrích, (c)
ní mór an t‑inneall a úsáid i bpíosa trealaimh a bhfuil cómheáchain an
innill agus an trealaimh faoi bhun 20 cileagram agus a chomhlíonann ceann
amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas: (i)
soláthraíonn a oibritheoir tacaíocht, nó ina mhalairt de chás, iompraíonn sé an
trealamh ar feadh fheidhmiú a fheidhm(eanna) beartaithe, (ii)
soláthraíonn a oibritheoir tacaíocht, rialú dearcaidh don trealamh ar feadh
fheidhmiú a fheidhm(eanna) beartaithe, (iii)
úsáidtear é i nginteoir nó i gcaidéal; (21)
Ciallaíonn "inneall tiomána" inneall atá beartaithe le tiomáint a
sholáthar go díreach nó go hindíreach le haghaidh cineál innill shoghluaiste
neamhbhóthair mar atá sainmhínithe i (1); (22)
Ciallaíonn "inneall cúnta" inneall atá beartaithe le suiteáil in
inneall soghluaiste neamhbhóthair, nach inneall tiomána é, nó ar an inneall
sin; (23)
Ciallaíonn "glanchumhacht" an chumhacht innill a fhaightear ar bhinse
tástála ag deireadh cromfhearsaide, nó a choibhéis, tomhaiste de réir modh
tomhaiste cumhachta innill dhócháin inmheánaigh sonraithe i Rialachán UNECE
Uimh. 120 ag úsáid breosla tagartha atá leagtha amach in Airteagal 24(2); (24)
Ciallaíonn "cumhacht tagartha" an ghlanchumhacht a úsáidfear leis na
teorainnluachanna astaíochtaí is infheidhme don inneall a shocrú; (25)
Ciallaíonn "glanchumhacht rátaithe" glanchumhacht mar atá rátaithe ag
monaróir innill ag luas rátaithe; (26)
Ciallaíonn "uas‑ghlanchumhacht" an luach glanchumhachta is
airde ar an gcuar cumhachta lánlóid don chineál innill; (27)
Ciallaíonn "luas rátaithe" an luas innill ag a seachadtar an luas
rátaithe, de réir ráiteas an mhonaróra; (28)
Ciallaíonn "dáta táirgthe an innill" an dáta (luaite mar mhí agus
bliain) nuair a phasálann inneall an seiceáil dheireanach tar éis dó an líne
tháirgeachta a fhágáil agus é a bheith réidh le cur ar stoc; (29)
Ciallaíonn "idirthréimhse" an chéad ocht mí dhéag tar éis an dáta
fhorfheidhmithe éigeantach Chéim V dá dtagraítear in Airteagal 17(2); (30)
Ciallaíonn "idirinneall" inneall a bhfuil dáta táirgeachta innill
aige atá roimh na dátaí le hinnill a dtagraítear dóibh in Airteagal 17(2)
a chur ar an margadh agus a chomhlíonann na riachtanais seo a leanas: (a) tá sé i gcomhréir leis na teorainneacha
astaíochtaí infheidhme is déanta atá sainithe sa reachtaíocht ábhartha atá
infheidhme ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, nó (b) ní raibh sé rialáilte ar leibhéal an
Aontais ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo; (31)
Ciallaíonn "dáta táirgthe meaisín" an bhliain atá luaite ar mharcáil
reachtach an mheaisín nó, mura bhfuil marcáil éigeantach, an bhliain a
bpasálann an meaisín an tseiceáil dheireanach tar éis dó an líne tháirgthe a
fhágáil; (32)
Ciallaíonn "soitheach uiscebhealaí intíre" soitheach a thagann
laistigh de raon feidhme Threoir 2006/87/CE; (33)
Ciallaíonn "foireann ginte" meaisín soghluaiste neamhbhóthair
neamhspleách nach cuid de ghléasra cumhachta é, atá ceaptha cumhacht leictreach
a tháirgeadh go príomha; (34)
Ciallaíonn "innealra do‑aistrithe" innealra atá beartaithe a
bheith suiteáilte go buan in aon ionad amháin ina chéad úsáid agus nach bhfuil
sé beartaithe é a bhogadh, ar bhóthar nó ar bhealach eile, ach amháin le linn
loingseoireachta ó áit a dhéanta go háit a chéadsuiteála; (35)
Ciallaíonn "suiteáilte go buan" boltáilte, nó socruithe go
héifeachtúil ar bhealach eile ionas nach féidir é a bhaint amach gan uirlisí nó
trealamh a úsáid, le dúshraith nó bac malartach atá beartaithe ionas go n‑oibreoidh
an t‑inneall in aon ionad amháin i bhfoirgneamh, struchtúr, áis nó
suiteáil; (36)
Ciallaíonn "macasamhail ar scála laghdaithe" samhail nó macasamhail
d'inneall nó d'fheithicil atá déanta ar scála níos lú ná an bunearra le
haghaidh cuspóirí siamsaíochta; (37)
Ciallaíonn "mótar sneachta" meaisín féinghluaiste atá beartaithe le
haghaidh taisteal as bóthar go príomha ar sneachta, arna thiomáint ag rianta
atá i dteagmháil le sneachta agus arna stiúradh le scí nó scíonna atá i
dteagmháil leis an sneachta, le huasmhais neamhualaithe, in ord reatha,
454 kg (lena n‑áirítear trealamh caighdeánach, fuarthán, bealaí,
breosla, uirlisí agus tiománaí 75 kg ach gan oiriúintí roghnacha san
áireamh); (38)
Ciallaíonn "feithicil uile‑thír‑raoin (ATV)" feithicil
mótair, arna thiomáint le hinneall, atá beartaithe go príomha le taisteal ar
dhromchlaí gan phábháil ar cheithre roth nó níos mó a bhfuil boinn ísealbhrú
orthu, le suíochán atá deartha do thiománaí a shuíonn gabhalscartha, nó le
suíochán atá deartha do thiománaí a shuíonn gabhalscartha agus suíochán do
phaisinéir amháin eile ar a mhéid, agus hanla mar stiúir; (39)
Ciallaíonn "Feithicil taobh le taobh (SbS)" feithicil féinghluaiste,
oibritheoir rialaithe, neamhaltach atá beartaithe go príomha le taisteal ar
dhromchlaí gan phábháil ar cheithre roth nó níos mó, le híosmhais
neamhualaithe, in ord reatha, 300 kg (lena n‑áirítear trealamh
caighdeánach, fuarthán, bealaí, breosla, uirlisí agus tiománaí 75 kg ach
gan oiriúintí roghnacha san áireamh) agus uasluas deartha níos lú ná 25 km/u;
chomh maith leis sin, tá sé deartha le daoine agus/nó lastas agus trealamh
tarraingthe agus brú a iompar agus tá sé stiúrtha le rialtán nach hanla é, deartha
le haghaidh cuspóirí áineasa nó fóntais agus ní iompróidh sé níos mó ná seisear
agus an tiománaí san áireamh, ag suí taobh le taobh ar shuíochán neamh‑ghabhalscartha
amháin nó níos mó; (40)
Ciallaíonn "carr iarnróid" feithicil iarnróid atá deartha le cumhacht
ghluaisne a sholáthar, go díreach trína rothaí féin nó go hindíreach trí rothaí
fheithiclí iarnróid eile, chun é féin a thiomáint, agus atá deartha go sonrach
le hearraí nó paisinéirí a iompar, nó earraí agus paisinéirí araon, agus nach
inneall féinghluaiste é; (41)
Ciallaíonn "inneall féinghluaiste" feithicil iarnróid atá deartha le
cumhacht ghluaisne a sholáthar go díreach trína rothaí féin nó go hindíreach
trí rothaí fheithiclí iarnróid eile, le é féin a thiomáint agus feithiclí
iarnróid eile a thiomáint atá deartha le lastas, paisinéirí agus trealamh eile
a iompar, agus atá deartha nó beartaithe gan lastas ná paisinéirí (seachas iad
siúd atá ag oibriú an innill fhéinghluaiste) a iompar é féin; (42)
Ciallaíonn "feithicil chúnta iarnróid" feithicil iarnróid nach carr
iarnróid mar atá sainmhínithe i bpointe (40) ná inneall féinghluaiste mar
atá sainmhínithe i bpointe (41) é, lena n‑áirítear, feithicil
iarnróid atá deartha go sonrach le cothabháil nó obair fhoirgníochta nó
oibríochta ardaithe a bhaineann leis an rian nó le bonneagar an iarnróid a
dhéanamh, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin; (43)
Ciallaíonn "feithicil iarnróid" cineál innill soghluaiste
neamhbhóthair a oibríonn go heisiach ar ráillí iarnróid; (44)
Ciallaíonn "cur ar fáil ar an margadh" aon soláthar innill mar atá
sainmhínithe i bpointe (6) le dáileadh nó le húsáid ar mhargadh an Aontais
le linn gníomhaíocht tráchtála, ar son íocaíochta nó saor in aisce; (45)
Ciallaíonn 'cur ar an margadh' an chéad uair a chuirtear inneall mar a
shainmhínítear i bpointe (6) é ar fáil ar mhargadh an Aontais; (46)
Ciallaíonn "monaróir" aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach
don údarás ceadaithe as gach gné de chineálcheadú AE nó den phróiseas
údaraithe, as comhréireacht táirgthe innill a áirithiú agus atá freagrach
freisin as cúraimí a bhaineann le faireachas margaidh maidir leis na hinnill a
tháirgtear, is cuma cé acu atá baint dhíreach aige le gach céim de cheapadh
agus de thógáil an innill is ábhar don phróiseas ceadaithe, nó nach bhfuil; (47)
Ciallaíonn "ionadaí monaróra" aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá
bunaithe san Aontas agus atá ceaptha go hiomchuí ag an monaróir a bheith ina
ionadaí thar ceann an mhonaróra i nithe a bhaineann leis an údarás ceadaithe nó
leis an údarás um fhaireachas margaidh agus gníomhú thar ceann an mhonaróra i
nithe atá cumhdaithe faoin Rialachán seo; (48)
Ciallaíonn "allmhaireoir" aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá
bunaithe san Aontas a chuireann ar an margadh inneall mar atá sainmhínithe i
bpointe (6) ó thír threasach, cibé acu atá an t‑inneall suiteáilte
cheana féin in innealra, nó nach bhfuil; (49)
Ciallaíonn "dáileoir" aon duine nádúrtha nó dlítheanach i slabhra an
tsoláthair, cé is moite den mhonaróir nó den allmhaireoir, a chuireann ar an
margadh inneall mar atá sainmhínithe i bpointe (6); (50)
Ciallaíonn "oibreoir eacnamaíoch" an monaróir mar atá sainmhínithe i
bpointe (46), ionadaí an mhonaróra mar atá sainmhínithe i
bpointe (47), an t‑allmhaireoir mar atá sainmhínithe i
bpointe (48) nó an dáileoir mar atá sainmhínithe i bpointe (49); (51)
Ciallaíonn "Monaróir Buntrealaimh" (OEM) monaróir chineál innill
soghluaiste neamhbhóthair; (52)
Ciallaíonn 'údarás ceadaithe' údarás Ballstáit arna bhunú nó arna cheapadh ag
an mBallstát, ar chuir an Ballstát an Coimisiún ar an eolas ina leith agus atá
inniúil maidir le gach gné a bhaineann le cineál innill nó aicme innill a
cheadú, maidir leis an bpróiseas údaraithe, maidir le deimhnithe ceadaithe a
eisiúint agus, más iomchuí, iad a tharraingt siar nó a dhiúltú, maidir le gníomhú
mar phointe teagmhála d’údaráis ceadaithe Ballstát eile, maidir leis na
seirbhísí teicniúla a ainmniú agus maidir lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an
monaróir a chuid oibleagáidí i leith chomhréireacht an táirgthe; (53)
Ciallaíonn 'seirbhís theicniúil' eagraíocht nó comhlacht arna hainmniú nó arna
ainmniú ag údarás ceadaithe Ballstáit mar shaotharlann tástála chun tástálacha
a dhéanamh, nó mar chomhlacht um measúnú comhréireachta chun an measúnú tosaigh
agus tástálacha nó cigireachtaí eile a dhéanamh, thar ceann an údaráis
cheadaithe, agus is féidir leis an údarás ceadaithe féin na feidhmeanna sin a
dhéanamh; (54)
Ciallaíonn 'faireachas margaidh' gníomhaíochtaí agus bearta a dhéanann údaráis
náisiúnta chun a áirithiú go gcomhlíonann innill a chuirtear ar fáil ar an
margadh na ceanglais a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an
Aontais agus nach bhfuil siad ina mbaol don tsláinte, ná don chomhshaol, ná
d’aon ghné eile de chosaint an leasa phoiblí; (55)
Ciallaíonn 'údarás um fhaireachas margaidh' údarás Ballstáit atá freagrach as
faireachán margaidh a dhéanamh ar a chríoch; (56)
Ciallaíonn 'údarás náisiúnta' údarás ceadaithe nó aon údarás eile a bhfuil
baint aige le faireachas margaidh, rialú teorann nó cur ar an margadh i
mBallstát, nó atá freagrach astu, i ndáil le hinnill atá le suiteáil in
innealra soghluaiste neamhbhóthair; (57)
Ciallaíonn "úsáideoir deiridh" aon duine nádúrtha nó dlítheanach
seachas an monaróir, OEM, allmhaireoir nó dáileoir atá freagrach as inneall a
oibriú nuair atá sé suiteáilte i gcineál innealra soghluaiste neamhbhóthair; (58)
Ciallaíonn "doiciméad faisnéise" an doiciméad a fhorordaíonn an
fhaisnéis atá le soláthar ag iarratasóir; (59)
Ciallaíonn "fillteán faisnéise" iomláine an fhillteáin nó an chomhad
sonraí, líníochtaí, grianghraf, srl, a sholáthraíonn an t‑iarratasóir don
seirbhís theicniúil nó don údarás ceadaithe; (60)
Ciallaíonn "pacáiste faisnéise" an fillteán faisnéise agus aon
tuarascálacha tástála nó doiciméid eile atá curtha ag an seirbhís theicniúil nó
ag an údarás ceadaithe leis an bhfillteán faisnéise le linn a gcuid feidhmeanna
a chomhlíonadh; (61)
Ciallaíonn "innéacs an phacáiste faisnéise" an doiciméad ina bhfuil
clár an phacáiste faisnéise, le huimhriú oiriúnach nó marcáilte ar bhealach
eile le gach leathanach a shainaithint go soiléir, liostaithe; (62)
Ciallaíonn "straitéis uathmhaolaithe" straitéis rialaithe astaíochtaí
lena laghdaítear éifeachtacht na rialuithe astaíochtaí faoi dhálaí
comhthimpeallacha oibrithe nó faoi dhálaí oibrithe innill a bhíonn ann le linn
ghnáthoibriú feithicle nó lasmuigh de nósanna imeachta tástála cineál‑cheadaithe
an AE; (63)
Ciallaíonn "córas rialaithe astaíochtaí" aon ghaireas, córas nó gné
deartha a rialaíonn nó a laghdaíonn astaíochtaí; (64)
Ciallaíonn "córas breosla" gach comhpháirt atá rannpháirteach i
méadrú agus i meascadh an bhreosla; (65)
Ciallaíonn "aonad rialaithe leictreonaigh" gaireas leictreonach
innill atá ina chuid den chóras rialaithe astaíochtaí agus a úsáideann sonraí ó
bhraiteoirí innill le paraiméadair innill a rialú; (66)
Ciallaíonn "córas iarchóireála sceite" catalaíoch, scagaire
cáithníní, córas de NOx, scagaire comhcheangailte cáithníneach de NOx nó aon
ghaireas laghdaithe astaíochtaí eile atá ina chuid den chóras rialaithe
astaíochtaí ach atá suiteáilte laistíos de sceithchomhlaí an innill, seachas
athchúrsáil gás sceite (EGR) agus turbaluchtairí; (67)
Ciallaíonn "athchúrsáil gás sceite" (EGR) teicneolaíocht atá ina cuid
de chóras rialaithe sceite agus a laghdaíonn astaíochtaí trí gháis sceite atá
díchurtha ón gcuasán/ ó na cuasáin dó a threorú ar ais isteach san inneall le
meascadh le haer atá ag teacht isteach roimh nó le linn dócháin, seachas
comhuainiú comhla a úsáid le méid an ghás iarmhartach sceite sa chuasán / sna
cuasáin dó a mheasctar leis an aer atá ag teacht isteach roimh nó le linn
dócháin; (68)
ciallaíonn 'crioscaíl' córas rialála astaíochtaí na feithicle nó córas tiomána
na feithicle, lena n‑áirítear aon bhogearra nó aon mhíreanna rialaithe
loighistice eile de chuid na gcóras sin, a dhíghníomhú, a choigeartú nó a
mhodhnú, arb é an toradh, bíodh sé beartaithe nó ná bíodh, gur chun donais a
théann feidhmíocht astaíochta an innill; (69)
Ciallaíonn "timthriall tástála" seicheamhach pointí tástála, lena
luas agus torc sainmhínithe féin ag gach ceann, le leanúint ag inneall nuair a
bhíonn sé á thástáil faoi fhoistine nó coinníollacha neamhbhuana oibriúcháin; (70)
Ciallaíonn "timthriall tástála foistine" timthriall tástála ina
gcoinnítear luas innill agus torc ag foireann chríochta luachanna ainmniúla
tairiseacha. Is ionann tástálacha foistine tástálacha mód scoite nó tástálacha
modúla rampáilte; (71)
Ciallaíonn "timthriall tástála diomuan" timthriall tástála le
seicheamh luas normalaithe agus luachanna toirc a athraíonn go measartha mear
le ham; (72)
Ciallaíonn 'féintástáil' tástálacha a dhéanamh i saoráidí an mhonaróra féin,
torthaí na dtástálacha sin a chlárú agus tuarascáil ina bhfuil conclúidí a chur
faoi bhráid an údaráis ceadaithe, agus a dhéanann monaróir a ainmníodh mar
sheirbhís theicniúil chun comhlíonadh ceanglas áirithe a mheasúnú; (73)
Ciallaíonn 'cás an chromáin' na spásanna iata istigh san inneall, nó lasmuigh
de, a bhíonn ceangailte le humar na hola trí dhuchtanna istigh san umar nó
lasmuigh de a thugann deis astaithe do gháis agus do ghal; (74)
Ciallaíonn "athghiniúint" teagmhas ina n‑athraíonn leibhéil
astaíochtaí le linn don fheidhmíocht iarchóireála a bheith á athchóiriú de
dhearadh, rangaithe mar athghiniúint leanúnach nó athghiniúint thréimhsiúil; (75)
Ciallaíonn tréimhse mharthanachta astaíochtaí" an líon uaireanta a
úsáidtear le tosca meatha a shocrú; (76)
Ciallaíonn "tosca meatha" an fhoireann tosca a léiríonn an gaol atá
idir astaíochtaí ag tús agus deireadh an tréimhse mharthanachta astaíochtaí; (77)
Ciallaíonn "tástáil fhíorúil" samhail ríomhaire, lena n‑áirítear
ríomh, a dhéantar le leibhéal feidhmíochta innill a thaispeáint mar chúnamh don
chinnteoireacht gan úsáid an innill fhisicí a bheith riachtanach; (78)
Ciallaíonn "feidhm luais idirmheánaigh" feidhm d'innill spréachadhainte
seachas innill láimhe spréachadhainte ina bhfuil an t‑inneall suiteáilte
beartaithe le haghaidh oibríocht ag luasanna atá i bhfad níos ísle ná 3600 rpm; (79)
Ciallaíonn "feidhm luais rátaithe" feidhm d'innill spréachadhainte
seachas innill láimhe spréachadhainte ina bhfuil an t‑inneall suiteáilte
beartaithe le haghaidh oibríocht ag luasanna ainmniúla de 3600 rpm nó níos
airde. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 a bhaineann le sonraíocht mhionsonraithe
teicniúla na sainmhínithe i bpointí (7), (8), (19), (27), (74) agus (76).
Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin [31 Nollaig 2016]. Airteagal 4 Catagóirí Innill Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm
leis na catagóirí innill seo a leanas, fo-roinnte i bhfochatagóirí atá leagtha
amach in Iarscríbhinn I: (1) 'Catagóir NRE', a chuimsíonn: (k)
innill le haghaidh innealra soghluaiste
neamhbhóthair agus atá oiriúnach le bogadh, nó a bheith bogtha ar bhóthar nó ar
bhealach eile nach bhfuil eisiata faoi Airteagal 2(2) agus nach n‑áirítear
in aon chatagóir eile atá leagtha amach i bpointí (2) go (10), (l)
innill a bhfuil cumhacht thagartha níos lú ná 560
kW acu a úsáidtear in áit inneall d'e chatagóir IWP, RLL nó RLR; (2) 'Catagóir NRG',
a chuimsíonn innill a bhfuil cumhacht thagartha níos mó ná 560 kW acu, atá le
húsáid i bhfoireann ginte amháin. Áireofar
innill d'fhoireann ginte, seachas innill a bhfuil na saintréithe atá leagtha
amach sa chéad fhomhír acu, i gcatagóir NRE nó NRS, bunaithe ar na saintréithe
atá acu; (3) 'Catagóir
NRSh', a chuimsíonn innill spréachadhainte láimhe a bhfuil cumhacht thagartha
níos lú ná 19 kW acu, atá le húsáid go heisiach in innealra láimhe; (4) 'Catagóir NRS',
a chuimsíonn innill spréachadhainte, a bhfuil cumhacht thagartha níos lú ná 56
kW acu, nach bhfuil áirithe i gcatagóir NRSh; (5) 'Catagóir IWP',
a chuimsíonn: (m)
innill atá le húsáid go heisiach i soithí
uiscebhealaí intíre, le haghaidh tiomána nó beartaithe le haghaidh tiomána, a
bhfuil glanchumhacht níos mó ná 560 kW acu, (n)
innill a bhfuil cumhacht thagartha níos mó ná 560
kW acu a úsáidtear in áit inneall de chatagóir IWA faoi réir ag ceanglais
Airteagal 23(8) a chomhlíonadh; (6) 'Catagóir
IWA',a chuimsíonn innill atá le húsáid go heisiach i soithí uiscebhealaí intíre,
chun críocha cúntacha nó beartaithe chun críocha cúntacha, a bhfuil
glanchumhacht níos mó ná 560 kW acu. Áireofar
innill chúntacha le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre seachas innill a bhfuil
na saintréithe atá leagtha amach sa chéad fho-mhír acu i gcatagóir NRE nó NRS,
bunaithe ar na saintréithe atá acu; (7) 'Catagóir RLL',
a chuimsíonn innill le húsáid go heisiach in innill fhéinghluaiste, le haghaidh
tiomána nó beartaithe le haghaidh tiomána; (8) 'Catagóir RLR',
a chuimsíonn innill le húsáid go heisiach i gcarranna iarnróid, le haghaidh
tiomána nó beartaithe le haghaidh tiomána; (9) 'Catagóir SMB',
a chuimsíonn innill spréachadhainte atá le húsáid go heisiach i mótair
sneachta. Áireofar
innill do mhótair sneachta, seachas innill a bhfuil na saintréithe atá leagtha
amach sa chéad fhomhír acu, sa catagóir NRE; (10) 'Catagóir
ATS', a chuimsíonn innill spréachadhainte atá le húsáid go heisiach i
bhfeithiclí uile-thír-raoin agus taobh le taobh (ATV agus SbS). Áireofar
innill le haghaidh ATV agus SbS seachas innill a bhfuil na saintréithe atá
leagtha amach sa chéad fhomhír acu, sa catagóir NRE. Féadfar inneall de chatagóir ar leith, atá
beartaithe le húsáid i bhfeidhm luais inathraithe, a úsáid freisin in áit
innill den chatagóir chéanna atá beartaithe le húsáid i bhfeidhm luas
seasmhach. Comhlíonfaidh innill faoi luas inathraithe de chatagóir IWP a
úsáidtear i bhfeidhmeanna luais seasmhaigh ceanglais Airteagail 23(7) nó
Airteagail 23(8), de réir mar atá infheidhme. Áireofar
innill le haghaidh feithiclí cúntacha iarnróid agus innill chúntacha le
haghaidh carranna iarnróid i gcatagóir NRE nó NRS, bunaithe ar na saintréithe
atá acu. CAIBIDIL II OIBLEAGÁIDÍ GINEARÁLTA Airteagal 5 Oibleagáidí na mBallstát 1. Bunóidh nó ceapfaidh na
Ballstáit na húdaráis cheadaithe a bheith inniúil in ábhair maidir le ceadú
agus na húdaráis um fhaireachas margaidh inniúla in ábhair a bhaineann le
faireachán margaidh i gcomhréir leis an Rialacháin seo. Tabharfaidh na
Ballstáit fógra don Choimisiún faoi bhunú agus ceapadh na n‑údarás seo. 2. Áireofar ainm, seoladh, lena n‑áirítear
seoladh leictreonach, agus réimse freagrachta na n‑údarás ceadaithe agus
faireachas margaidh san fhógra. Foilseoidh an Coimisiún liosta agus sonraí na n‑údarás
ceadaithe ar a shuíomh gréasáin. 3. Ní cheadóidh Ballstáit innill
a chur ar an margadh, bíodh siad suiteáilte in innealra cheana féin nó ná
bíodh, ach amháin má bhíonn siad cumhdaithe ag cineálcheadú bailí AE a
deonaíodh i gcomhréir leis an Rialacháin seo. Ní cheadóidh Ballstáit innealra a chur ar an margadh,
ach amháin má bhíonn innill atá cumhdaithe ag cineálcheadú bailí AE a deonaíodh
i gcomhréir leis an Rialacháin seo suiteáilte ann. 4. Ní dhéanfaidh na Ballstáit
toirmeasc, srianadh ná bac a chur ar innill a chur ar an margadh ar chúinsí a
bhaineann le gnéithe dá dtógáil agus dá bhfeidhmeanna atá cumhdaithe ag an
Rialachán seo, má chomhlíonann siad na ceanglais. 5. Eagróidh na Ballstáit
cuirfidh siad i gcrích faireachas margaidh agus rialú inneall a théann isteach
sa mhargadh i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (CE)
Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[21]. Airteagal 6 Oibleagáidí na n‑údarás
ceadaithe 1. Áiritheoidh údaráis
cheadaithe go mbeidh monaróirí a dhéanann iarratas ar chineálcheadú AE ag
comhlíonadh a n‑oibleagáidí faoin Rialachán seo. 2. Ní dhéanfaidh údaráis
cheadaithe cineálcheadú AE a dheonú ach do chineálacha innill nó aicmí innill a
chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo. 3. Ag úsáid as ardán riaracháin
lárnach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 41, cuirfidh na húdaráis
cheadaithe clár de gach cineál innill agus aicme innill a bhfuil cineálcheadú
AE deonaithe ina leith ar fáil go poiblí, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas
ar a laghad: trádmharc, ainm an mhonaróra, catagóir an innill, uimhir an
chineálcheadaithe agus dáta an chineálcheadaithe. Airteagal 7 Bearta um fhaireachas margaidh Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh
seiceáil ar dhoiciméid, ar scála oiriúnach agus ar bhonn samplaí imleora, agus,
de réir mar is cuí, seiceáil fhisiceach agus saotharlainne ar innill, le
haghaidh gach inneall cineálcheadaithe AE. Agus é sin á dhéanamh acu, cuirfidh
siad prionsabail sheanbhunaithe an measúnaithe riosca san áireamh, chomh maith
le haon ghearán, agus aon fhaisnéis ábhartha eile. Féadfaidh údaráis um fhaireachas margaidh a
éileamh ar oibritheoirí eacnamaíocha aon doiciméadú agus faisnéis a mheastar a
bheith riachtanach lena ngníomhaíochta a dhéanamh a chur ar fáil. Nuair a chuireann oibritheoirí eacnamaíocha
tuarascálacha tástála nó deimhnithe chomhréireachta faoina mbráid, tabharfaidh
na húdaráis um fhaireachas margaidh aird chuí ar na tuarascálacha nó na
deimhnithe sin. Airteagal 8 Oibleagáidí na monaróirí 4. Áiritheoidh monaróirí nuair a
chuirtear a gcuid inneall ar an margadh, go bhfuil siad monaraithe agus
ceadaithe i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach i gCaibidil II
agus Caibidil III den Rialachán seo. 5. Chun críocha cheadú na n‑inneall,
ceapfaidh monaróirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí amháin atá
bunaithe laistigh den Aontas le hionadaíocht a dhéanamh ar a son agus iad ag
plé leis an údarás ceadaithe. 6. Ceapfaidh monaróirí atá
bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí amháin atá bunaithe laistigh den Aontas
chun críocha fhaireachas margaidh, agus d'fhéadfadh an t‑ionadaí sin a
bheith mar an gcéanna leis an ionadaí dá dtagraítear i mír 2, nó
d'fhéadfadh ionadaí eile a bheith ann. 7. Beidh monaróirí freagrach do
na húdaráis cheadaithe as gach gné den phróiseas ceadaithe agus as
comhréireacht táirgeachta a áirithiú, bíodh siad páirteach go díreach i ngach
céim de thógáil an innill nó ná bíodh. 8. I gcomhréir leis an Rialachán
seo, áiritheoidh monaróirí go bhfuil nósanna imeachta ann ionas go bhfanfaidh
táirgeacht sraithe i gcomhréir leis an gcineál atá ceadaithe. Cuirfear
athruithe i ndearadh nó ar shaintréithe innill agus athruithe sna cheanglais a
fhógraítear go bhfuil innill á gcomhlíonadh san áireamh i gcomhréir le
Caibidil VI. 9. Chomh maith leis an mharcáil
a bheidh greamaithe dá n‑innill i gcomhréir Airteagail 31, cuirfidh
monaróirí a n‑ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus
an seoladh san Aontas ar féidir teagmháil a dhéanamh leo ar a gcuid inneall atá
ar fáil ar an margadh nó, mura bhfuil sé sin indéanta, ar phacáistiú an innill
nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an inneall. 10. Áiritheoidh monaróirí, a fhad
is a bhíonn siad freagrach as inneall, nach gcuirfidh coinníollacha stórála ná
iompair comhlíonadh na riachtanas atá leagtha amach i gCaibidlí II agus III i
mbaol. Airteagal 9 Oibleagáidí monaróirí maidir leis na
táirgí dá gcuid nach bhfuil comhréireach 11. Má mheasann monaróirí nó má tá
cúis acu a chreidiúint nach bhfuil inneall atá curtha ar an margadh acu i
gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh siad fiosrú ar bun láithreach faoin
gcineál neamhchomhréireachta agus faoin dóchúlacht go dtarlóidh sé. Déanfaidh
siad gníomh ceartaitheach go tráthúil, bunaithe ar thoradh an fhiosraithe, lena
áirithiú go mbeidh na hinnill atá á dtáirgeadh i gcomhréir leis an gcineál nó
an aicme cheadaithe. Beidh feidhm le forálacha Airteagal 38, mura mbeidh
sin as alt le cineál na neamhchomhréireachta agus an dóchúlacht go dtarlóidh
sé. D'ainneoin cheanglais na chéad fomhíre, ní bheidh
ar an monaróir bearta ceartaitheacha a ghlacadh maidir le hinnill nach bhfuil i
gcomhréir leis an Rialachán seo mar thoradh ar mhodhnuithe a rinneadh gan údarú
an mhonaróra tar éis don inneall a bheith curtha ar an margadh. 12. Cuirfidh an monaróir an t‑údarás
ceadaithe a dheonaigh an ceadú ar an eolas láithreach, agus tabharfaidh sé
sonraí, go háirithe, faoin neamhchomhréireacht agus aon bhearta ceartaitheacha
a rinneadh. 13. Coinneoidh monaróirí an
pacáiste faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 21(9) agus cóip de na
deimhnithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 30 ar fáil do na
húdaráis cheadaithe ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis inneall a chur ar an
margadh. 14. Cuirfidh monaróirí cóip den
deimhniú cineálcheadaithe AE don inneall ar fáil d'údarás náisiúnta, tar éis
iarratas réasúnta a fháil ón údarás sin, i dteanga a mbeidh an t‑údarás a
iarrann é in ann a thuiscint go héasca. Airteagal 10 Oibleagáidí ionadaithe an mhonaróra
maidir le faireachas margaidh Comhlíonfaidh ionadaí um fhaireachas margaidh
an mhonaróra na tascanna atá sonraithe sa sainordú a fhaightear ón monaróir.
Leis an sainordú sin beidh ionadaí in ann na nithe seo a leanas ar a laghad a
dhéanamh: (1) rochtain a fháil ar an bpacáiste
faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 20 agus ar na deimhnithe
comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 30 ionas go mbeidh sé ar a
gcumas iad a chur ar fáil do na húdaráis cheadaithe ar feadh tréimhse 10
mbliana tar éis inneall a chur ar an margadh; (2) tar éis iarratas réasúnta a fháil ó
údarás ceadaithe, an fhaisnéis agus an doiciméadú go léir atá riachtanach lena
léiriú go bhfuil táirgeadh innill i gcomhréireacht a chur ar fáil don údarás
sin; (3) comhoibriú leis na húdaráis
cheadaithe nó faireachas margaidh, ar iarratas uathu, maidir le haon
ghníomhaíocht a dhéantar le haon riosca tromchúiseach sábháilteachta a
bhaineann le hinneall atá cumhdaithe ag a sainordú a dhíothú. Airteagal 11 Oibleagáidí allmhaireoirí 15. Ní chuirfidh allmhaireoirí ar
an margadh ach innill chomhréireacha a bhfuil cineálcheadú AE faighte acu. 16. Sula gcuirfear inneall
cineálcheadaithe AE ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh pacáiste
faisnéise a chomhlíonann Airteagal 21(9) ar fáil agus go mbeidh an
mharcáil riachtanach ar an inneall agus go gcomhlíonann sé Airteagal 8(6). 17. Coinneoidh allmhaireoirí cóip
den deimhniú comhréireachta ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis inneall a chur
ar margadh, a bheidh ar fáil do na húdaráis cheadaithe agus faireachas margaidh
agus áiritheoidh siad gur féidir an pacáiste faisnéise dá dtagraítear in
Airteagal 21(9) a chur ar fáil do na húdaráis sin, ar iarratas. 18. Beidh a n‑ainm, a n‑ainm
cláraithe trádála nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh ar féidir teagmháil
a dhéanamh leo curtha ar an inneall ag allmhaireoirí, nó mura bhfuil sé sin
indéanta, ar phacáistiú an innill nó i ndoiciméad a ghabhann leis an inneall. 19. Cuirfidh allmhaireoirí
treoracha agus faisnéis ar fáil mar a cheanglaítear i gcomhréir le
hAirteagal 41. 20. Áiritheoidh allmhaireoirí, a
fhad is a bhíonn siad freagrach as inneall, nach gcuirfidh coinníollacha
stórála ná iompair comhlíonadh na riachtanas atá leagtha amach i gCaibidlí II
agus III i mbaol. Airteagal 12 Oibleagáidí allmhaireoirí maidir leis
na táirgí dá gcuid nach bhfuil comhréireach 21. Ní dhéanfaidh allmhaireoirí a
mheasann nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint nach bhfuil inneall i gcomhréir le
ceanglais an Rialacháin seo, agus go háirithe nach bhfuil sé ag réiteach lena
chineálcheadú, an t‑inneall a dháileadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun
comhréireachta. Ina theannta sin, cuirfidh siad é sin in iúl don mhonaróir agus
do na húdaráis um fhaireachas margaidh, agus don údarás ceadaithe a thug an
cead. 22. Má mheasann allmhaireoirí nó
má tá cúis acu a chreidiúint nach bhfuil inneall atá curtha ar an margadh i
gcomhréir leis an Rialachán seo cuirfidh siad fiosrú ar bun láithreach faoin
gcineál neamhchomhréireachta agus faoin dóchúlacht go dtarlóidh sé. Déanfaidh
siad gníomh ceartaitheach go tráthúil, bunaithe ar thoradh an fhiosraithe, lena
áirithiú go mbeidh na hinnill atá á dtáirgeadh i gcomhréir leis an gcineál nó
an aicme cheadaithe. Féadfaidh feidhm a bheith le forálacha Airteagal 38,
mura mbeidh sin as alt le cineál na neamhchomhréireachta agus an dóchúlacht go
dtarlóidh sé. 23. Tar éis iarratas réasúnta a
fháil ó údarás náisiúnta, cuirfidh allmhaireoirí gach faisnéis agus doiciméadú
atá riachtanach le comhréireacht innill a léiriú ar fáil i dteanga ar féidir
leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Airteagal 13 Oibleagáidí
dáileoirí 24. Nuair a chuireann siad inneall
ar fáil ar an margadh gníomhóidh dáileoirí le haire chuí ar cheanglais an
Rialacháin seo. 25. Roimh inneall a chur ar an
margadh, deimhneoidh dáileoirí go bhfuil marcáil reachtúil nó marc
cineálcheadaithe AE ar an inneall, go bhfuil na doiciméid, na treoracha agus an
fhaisnéis sábháilteachta ar fáil i dteanga atá intuigthe don OEM, agus go
bhfuil na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 11(2) agus (4) agus in
Airteagal 31(1) agus (2) comhlíonta ag an allmhaireoir agus ag an
monaróir. 26. Áiritheoidh dáileoirí, a fhad
is a bhíonn siad freagrach as inneall, nach gcuirfidh coinníollacha stórála ná
iompair comhlíonadh na riachtanas atá leagtha amach i gCaibidlí II agus III i
mbaol. Airteagal 14 Oibleagáidí
dáileoirí maidir leis na táirgí dá gcuid nach bhfuil comhréireach 27. Ní dhéanfaidh dáileoirí, a
mheasann nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint nach bhfuil inneall i gcomhréir le
ceanglais an Rialacháin seo, an t‑inneall a dháileadh go dtí go mbeidh sé
tugtha chun comhréireachta. 28. Má mheasann dáileoirí, nó má
tá cúis acu a chreidiúint, nach bhfuil inneall atá dáilte acu i gcomhréir leis
an Rialachán seo cuirfidh siad é sin in iúl don mhonaróir nó d'ionadaí an
mhonaróra lena áirithiú go nglacfar na bearta ceartaitheacha atá riachtanach le
hinnill atá á dtáirgeadh a thabhairt chun comhréireacht leis an gcineál nó an
aicme ceadaithe i gcomhréir le hAirteagal 9(1) nó Airteagal 12(2). 29. Tar éis iarratas réasúnaithe a
fháil ó údarás náisiúnta, áiritheoidh dáileoirí go gcuirfidh an monaróir an
fhaisnéis atá sonraithe in Airteagal 9(3) ar fáil don údarás náisiúnta nó
go gcuirfidh an t‑allmhaireoir an fhaisnéis atá sonraithe in
Airteagal 11(3) ar fáil don údarás náisiúnta. Airteagal 15 Cásanna
ina mbíonn oibleagáidí monaróirí i bhfeidhm maidir le hallmhaireoirí agus
dáileoirí Measfar allmhaireoir nó dáileoir mar mhonaróir
chun críocha an Rialacháin seo agus beidh siad faoi réir ag oibleagáidí an
mhonaróra faoi Airteagail 8, 9 agus 10, nuair a chuireann an t‑allmhaireoir
nó an dáileoir inneall ar fáil ar an margadh faoina ainm nó a thrádmharc nó má
mhodhnaíonn sé an t‑inneall ar bhealach a d'fhéadfadh cur isteach ar
chomhréireacht leis na ceanglais is infheidhme. Airteagal 16 Oibreoirí
eacnamaíocha a shainaithint Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, ar iarratas,
na nithe seo a leanas a shainaithint do na húdaráis cheadaithe agus faireachas
margaidh, ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta a gcuirtear ar an margadh: (a) aon oibritheoir eacnamaíoch a
rinne inneall a sholáthar dóibh; (b) aon oibritheoir eacnamaíoch a
ndearna siad inneall a sholáthar dóibh. CAIBIDIL III CEANGLAIS SHUBSTAINTEACHA Airteagal 17 Ceanglais
maidir le hastaíochtaí sceite le haghaidh cineálcheadú AE 30. Áiritheoidh monaróirí go
mbeidh cineálacha agus aicmí innill deartha, tógtha agus cóimeáilte d'fhonn na
ceanglais atá leagtha amach i gCaibidil II agus Caibidil III den
Rialachán seo a chomhlíonadh. 31. Ní sháróidh cineálacha agus
aicmí innill, ón dáta a chuirtear innill atá leagtha amach in
Iarscríbhinn III ar an margadh, na teorainnluachanna astaíochtaí sceite a
luaitear mar "Chéim V" in Iarscríbhinn II. Nuair a chlúdaíonn aicme amháin innill níos mó ná
banna cumhachta amháin de réir na bparaiméadar a shainmhíníonn aicme innill sa
ghníomh tarmligthe, beidh an máthairinneall (ar son cuspóirí cineálcheadaithe)
agus gach cineál innill san aicme chéanna (ar son cuspóirí comhréireacht
táirgeachta), maidir leis na bannaí cumhachta infheidhme: –
ag cloí leis na teorainnluachanna astaíochtaí is
déine; –
déanfar iad a thástáil ag úsáid na dtimthriallta
tástála a fhreagraíonn do na teorainnluachanna astaíochtaí is déine; –
faoi réir ag na dátaí is luaithe is infheidhme le
haghaidh cineálcheadaithe agus cur ar an margadh atá leagtha amach in
Iarscríbhinn III. 32. Déanfar astaíochtaí sceite
cineálacha innill agus aicmí innill a thomhas ar bhonn na dtimthriallta tástála
atá leagtha amach in Airteagal 23 agus i gcomhréir leis na forálacha faoi
thástálacha agus tomhais a dhéanamh atá leagtha amach in Airteagal 24. 33. Déanfar cineálacha innill agus
aicmí innill a dhearadh le cur i gcoinne crioscaíola agus ní bhainfear úsáid as
straitéis uathmhaolaithe. 34. Cumhachtófar don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 a bhaineann
le sonraíochtaí mionsonraithe teicniúla i dtaca le paraiméadair a úsáidtear le
haghaidh aicme innill a shainmhíniú agus na forálacha mionsonraithe teicniúla
le cur in aghaidh crioscaíola dá dtagraítear i mír 4. Glacfar na gníomhartha
tarmligthe sin faoin [31 Nollaig 2016]. Airteagal 18 Faireachán
ar astaíochtaí inneall i seirbhís 35. Déanfar faireachán ar
thruailleáin ghásacha agus astaíochtaí cineálacha innill nó aicmí innill i
seirbhís le hinnill tástála suiteáilte in Innealra Soghluaiste Neamhbhóthair a
oibrítear thar a ngnáth‑thimthriallta dualgais oibriúcháin. Déanfar an
tástáil seo ar innill a cothabháladh i gceart agus beidh sé i gcomhréir leis na
forálacha maidir le roghnú inneall, nósanna imeachta tástála agus torthaí do na
catagóirí éagsúla innill a thuairisciú. Eagróidh an Coimisiún cláir phíolótacha d'fhonn
nósanna imeachta tástála iomchuí a fhorbairt do na catagóirí agus na
fochatagóirí innill nach bhfuil na nósanna imeachta tástála sin ann dóibh. 36. Cumhachtófar don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 a bhaineann
le socruithe mionsonraithe i dtaca le hinnill, nósanna imeachta tástála agus
tuairisciú rothaí a dtagraítear dóibh i mír 1 a roghnú. Glacfar na
gníomhartha tarmligthe sin faoin [31 Nollaig 2016]. CAIBIDIL IV NÓSANNA IMEACHTA CINEÁLCHEADAITHE AE Airteagal 19 Iarratas ar chineálcheadú AE 37. Cuirfidh monaróirí iarratas
isteach le haghaidh cineálcheadú AE do chineál innill nó d'aicme innill chuig
údarás ceadaithe Ballstáit. Beidh an fillteán faisnéise a dtagraítear in
Airteagal 20 ag gabháil le hiarratais. 38. Cuirfear ineall atá i
gcomhréir le cineál innill, nó i gcás aicme innill, saintréithe an
mháthairinnill a bhfuil a thuairisc san fhillteán faisnéise ar fáil don
tseirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha ceadaithe a reáchtáil. 39. I gcás iarratais le haghaidh
cineálcheadú AE d’aicme innill, má dheimhníonn an t‑údarás ceadaithe, maidir
leis an máthairinneal dá dtagraítear i mír 2, nach bhfuil an t‑iarratas
atá curtha faoina bhráid ionadaíoch go hiomlán don aicme innill a bhfuil a
thuairisc san fhillteán faisnéise, cuirfear inneall malartach, agus más gá,
máthairinneall breise a mheasann an t‑údarás ceadaithe a bheith
ionadaíoch don aicme innill, ar fáil le ceadú. 40. Ní cheadaítear iarratas maidir
le cineál innill nó aicme innill amháin a chur faoi bhráid níos mó ná aon
Bhallstát amháin. Seolfar iarratas ar leith isteach le haghaidh gach cineál
innill nó aicme innill atá le ceadú. Airteagal 20 Fillteán faisnéise 41. Cuirfidh an t‑iarratasóir
fillteán faisnéise ar fáil don údarás ceadaithe. 42. Déanfar ábhar an fhillteán
faisnéise a shainmhíniú i ngníomh cur chun feidhme agus beidh na nithe seo a
leanas áirithe ann: (o)
doiciméad faisnéise; (p)
na sonraí, líníochtaí, grianghraif agus an
fhaisnéis ábhartha eile maidir leis an inneall; (q)
aon fhaisnéis bhreise a iarrann an t‑údarás
ceadaithe i gcomhthéacs nós imeachta an iarratais. 43. Is féidir an fillteán
faisnéise a chur ar fáil ar pháipéar nó i bhformáid leictreonach atá inghlactha
ag an tseirbhís theicniúil agus ag an údarás ceadaithe. 44. Cumhachtófar don Choimisiún
teimpléid a leagan síos don doiciméad faisnéise agus don bhfillteán faisnéise
trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun
feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 54(2) faoin [31 Nollaig 2016]. CAIBIDIL V NÓSANNA IMEACHTA CINEÁLCHEADAITHE AE A
DHÉANAMH Airteagal 21 Forálacha Ginearálta 45. Ach an t‑údarás
ceadaithe an t‑iarratas a fháil, deonóidh sé cineálcheadú AE do gach
cineál innill nó aicme innill atá i gcomhréir le gach ceann de na nithe seo a
leanas: (r)
na sonraí san fhillteán faisnéise; (s)
ceanglais an Rialacháin seo; (t)
na socruithe táirgthe dá dtagraítear in
Airteagal 25. 46. Ní dhéanfaidh na húdaráis
cheadaithe aon cheanglais chineálcheadaithe eile a fhorchur i ndáil le
hastaíochtaí sceite d’innealra soghluaiste neamhbhóthair i gcás go suiteáiltear
inneall má chomhlíonann an t‑inneall na ceanglais a shonraítear sa
Rialachán seo. 47. Ní dheonóidh na húdaráis
cheadaithe aon chineálcheadú AE don chineál innill nó aicme innill nach
gcomhlíonann na ceanglais a shonraítear sa Rialachán seo, i ndiaidh na ndátaí
do chineálcheadú na n‑inneall dá dtagraítear in Iarscríbhinn III do
gach fochatagóir innill. 48. Beidh deimhnithe ar
chineálcheadú AE uimhrithe i gcomhréir le córas comhchuibhithe arna bhunú ag an
gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. 49. Déanfaidh údarás ceadaithe
gach Ballstáit: (u)
Liosta de na cineálcheaduithe AE a dheonaigh sé, a
dhiúltaigh sé a dheonú nó a tharraing sé siar i rith na míosa sin a sheoladh go
míosúil chuig údaráis cheadaithe na mBallstát eile, maille leis na cúiseanna
atá leis an gcinneadh; (v)
údaráis cheadaithe na mBallstát eile a chur ar an
eolas gan mhoill faoi dhiúltú nó tarraingt siar aon cheadú innill a rinne sé,
maille leis na cúiseanna dá chinneadh; (w)
ach iarratas a fháil ó údarás ceadaithe aon
Bhallstáit eile, seolfaidh sé taobh istigh de mhí: –
cóip de dheimhniú ar chineálcheadú AE an innill nó
an aicme innill más ann di, maille leis an bpacáiste faisnéise do gach cineál
innill nó aicme innill a cheadaigh sé nó a dhiúltaigh sé a cheadú nó a
tharraing sé siar, agus / nó –
liosta na n‑inneall a táirgeadh de réir na
gcineálcheaduithe AE a deonaíodh, mar atá sonraithe in Airteagal 35. 50. Déanfaidh údarás ceadaithe
gach Ballstáit go bliantúil, nó anuas ar sin, ach iarratas comhfhreagrach a
fháil, cóip den bhileog faisnéise a sheoladh chuig an gCoimisiún i ndáil leis
na cineálacha innill nó aicmí innill a ceadaíodh ó rinneadh an fógra is
deireanaí. 51. Má iarrann an Coimisiún air,
déanfaidh an t‑údarás ceadaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 a
sheoladh chuig an gCoimisiún chomh maith. 52. Measfar na ceanglais dá
dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7 a bheith comhlíonta má dhéantar an fhaisnéis
ábhartha a uaslódáil chuig ardán riaracháin lárnach an Aontais dá dtagraítear
in Airteagal 42. Féadfaidh an chóip a bheith i bhfoirm chomhaid shlán
leictreonaigh freisin. 53. Cuirfidh an t‑údarás
ceadaithe le chéile pacáiste faisnéise ina mbeidh an fillteán faisnéise maille
leis na tuarascálacha tástála agus gach doiciméad eile a chuir an tseirbhís
teicniúil nó an t‑údarás ceadaithe leis an bhfillteán faisnéise agus iad
i mbun a gcuid feidhmeanna. Beidh san áireamh sa phacáiste faisnéise innéacs
ina mbeidh liosta den ábhar atá ann, uimhrithe go hoiriúnach nó marcáilte ar
chaoi eile d’fhonn na leathanaigh uile agus formáid gach doiciméid a shainaithint
go soiléir ar chaoi a chuireann i láthair taifead ar na céimeanna leanúnacha i
mbainistiú an chineálcheadaithe AE, dátaí na n‑athbhreithnithe agus na
nuashonruithe go háirithe. Coinneoidh an t‑údarás ceadaithe faisnéis atá
ar áireamh sa phacáiste faisnéise ar bhonn infhaighte do thréimhse 10 bliain
ach bailíocht an chineálcheadaithe AE ábhartha a dhul in éag. 54. Cumhachtófar don Choimisiún
cinneadh mar a leanas a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme: (x)
an modh chun an córas uimhrithe comhchuibhithe dá
dtagraítear i mír 4 a bhunú; (y)
formáid aonair an bhileog faisnéise atá le líonadh
isteach ag údarás ceadaithe gach Ballstáit dá dtagraítear i bpointe (a) de
mhír 5 i ndáil le gach cineál innill nó aicme innill a bhí AE cineálcheadaithe; (z)
an teimpléid do liosta na n‑inneall a
táirgeadh de réir na gcineálcheaduithe AE a deonaíodh atá le líonadh isteach ag
údarás ceadaithe gach Ballstáit dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 5; (aa)
Formáid aonair an bhileog faisnéise i ndáil le
cineálacha gaolmhara innill nó aicmí innill arna gceadú ó rinneadh an fógra is
deireanaí, a bheith líonta isteach ag údarás ceadaithe gach Ballstáit dá
dtagraítear i mír 6. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a
ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 54(2) faoin [31 Nollaig 2016]. Airteagal 22 Forálacha
sonracha maidir leis an deimhniú ar chineálcheadú AE 55. Beidh san áireamh sa deimhniú
ar chineálcheadú AE, mar cheangaltáin, iad seo a leanas: (bb)
An pacáiste faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 21(9); (cc)
Torthaí na tástála; (dd)
Ainm / ainmneacha agus sampla / samplaí de shíniú /
sínithe na pearsan / bpearsan atá údaraithe chun deimhnithe comhréireachta a
shíniú agus ráiteas maidir lena ról sa chuideachta. 56. Leagfaidh an Coimisiún síos
teimpléad don deimhniú ar cineálcheadú AE. 57. I ndáil le gach cineál innill,
déanfaidh an t‑údarás ceadaithe: (ee)
Ranna uile ábhartha an deimhnithe ar chineálcheadú
AE a chomhlánú, lena n‑áirítear bileog na dtorthaí tástála atá
iarcheangailte leis; (ff)
An t‑innéacs leis an bpacáiste faisnéise a
thiomsú; (gg)
An deimhniú comhlánaithe a eisiúint don iarratasóir
gan mhoill, maille leis na ceangaltáin. 58. I gcás cineálcheadú AE ar
cuireadh srianta i bhfeidhm maidir lena bhailíocht i gcomhréir le
hAirteagal 33 nó ar tarscaoileadh forálacha áirithe an Rialacháin seo ina
leith, sonróidh an deimhniú ar chineálcheadú AE na srianta nó na tarscaoiltí
sin. 59. Cumhachtófar don Choimisiún
teimpléid don deimhniú ar chineálcheadú AE agus don bhileog torthaí tástála dá
dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur
chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 54(2) faoin [31 Nollaig 2016]. Airteagal 23 Tástálacha
is gá do chineálcheadú AE 1. Léireofar comhlíonadh na n‑orduithe teicniúla ar
cinneadh orthu sa Rialachán seo trí bhíthin tástálacha iomchuí arna ndéanamh ag
seirbhísí teicniúla ainmnithe. Na nósanna imeachta tástála teicniúla agus tomhais agus an trealamh
agus na huirlisí sonracha atá forordaithe chun na tástálacha sin a dhéanamh, is
ionann iad agus iad sin atá leagtha síos in Airteagal 24. 2. Féachfaidh an monaróir chuige
go mbeidh a oiread inneall agus is gá faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha
curtha ar fáil don údarás ceadaithe chun na tástálacha is gá a dhéanamh. 3. Déanfar na tástálacha is gá
ar innill atá ionadaíoch ar an gcineál atá le ceadú. In ainneoin cheanglais na chéad fomhíre, féadfaidh
an monaróir, má aontaíonn an t‑údarás ceadaithe, inneall a roghnú a
chomhcheanglaíonn roinnt de na gnéithe is míbhuntáistí i ndáil leis an leibhéal
feidhmíochta is gá, cé nach ineall ionadaíoch é ar an gcineál atá le ceadú.
Féadfar modhanna tástála fíorúla a úsáid chun cabhrú leis an gcinnteoireacht i
rith an phróisis roghnaithe. 4. Chun críocha tástálacha
cineálcheadaithe AE a dhéanamh, tá na timthriallta is infheidhme leagtha amach
in Iarscríbhinn IV. Taispeánfar sa doiciméad faisnéise ar chineálcheadú AE
na timthriallta tástála is infheidhme maidir le gach cineál innill atá san
áireamh sa chineálcheadú AE. 5. Tástálfar an máthairinneall
ar dhinimiméadar ag úsáid an timthriall tástála oiriúnach NRSC a sonraíodh in
Iarscríbhinn IV ar Thablaí IV-1 go IV-10. De rogha an mhonaróra is féidir
an tástáil seo a dhéanamh leis an modh tástála scoite nó leis an modh tástála
ramp-mhódúil. Ach amháin i gcásanna a sonraíodh i míreanna 7 agus 8, ní gá
inneall luais athraithigh de chatagóir áirithe, arna fheidhmiú i bhfeidhm
bhuanluais den chatagóir chéanna, ní gá é a thástáil ag feidhmiú an timthriall
tástála buanluais chobhsaí is infheidhme. 6. I gcás innill bhuanluais le
rialtóir is féidir a shocrú ag luasanna malartacha, freastalófar ar cheanglais
mhír 5 ag gach buanluas fóirsteanach agus taispeánfaidh an doiciméad faisnéise
cineálcheadaithe na luasanna is infheidhme do gach cineál innill. 7. I gcás innill de chatagóir
IWP atá ceaptha chun úsáide d’fheidhmeanna idir luas athraitheach agus
bhuanluas, freastalófar go leithleach ar cheanglais mhír 5 do gach timthriall
tástála cobhsaí fóirsteanach agus taispeánfaidh an doiciméad faisnéise
cineálcheadaithe AE gach timthriall tástála cobhsaí ar comhlíonadh an ceanglas
seo ina leith. 8. I gcás innill de chatagóir
IWP a bhfuil cumhacht tagartha is mó ná 560 kW aige agus atá ceaptha, de bhreis
ar sin, chun úsáide in áit innill de chatagóir IWA i gcomhréir leis an dara
fomhír d'Airteagal 4, comhlíonfar ceanglais mhír (5) ar leithligh do gach
timthriall tástála cobhsaí fóirsteanach a shonraítear ar Tháblaí IV-5 agus
IV-6 d’Iarscríbhinn IV agus taispeánfaidh an doiciméad faisnéise
cineálcheadaithe gach timthriall tástála cobhsaí ar comhlíonadh an ceanglas seo
ina leith. 9. Ach amháin d’innill a
cineálcheadaíodh de bhun Airteagail 32(4), de bhreis ar cheanglais mhír 5
a chomhlíonadh, tástálfar freisin ar dhinimiméadar, ag úsáid an timthriall
tástála díomuan atá sonraithe ar Thabla IV-11 d’Iarscríbhinn IV, innill
luais athraithigh de chatagóir NRE a bhfuil glanchumhacht acu is mó nó is
ionann agus 19kW ach nach mó ná 560kW. 10. De bhreis ar cheanglais mhír 5
a chomhlíonadh, tástálfar freisin ar dhinimiméadar innill d’fhochatagóirí
NRS-v-2b agus NRS-v-3 a bhfuil uasluas is lú nó is ionann agus 3400 rpm acu, ag
úáid an timthriall tástála díomuan atá sonraithe ar Thábla IV-12
d’Iarscríbhinn IV. 11. Cumhachtófar don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 lena
leagfar síos sonraíochtaí agus saintréithe mionsonraithe teicniúla na
dtimthriallta tástála idir chobhsaí agus díomuan dá dtagraítear sa Airteagal
seo. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin [31 Nollaig 2016]. 12. Cumhachtófar don Choimisiún
formáid aonair na dtástálacha is gá don chineálcheadú AE a ghlacadh trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a
ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 54(2) faoin [31 Nollaig 2016]. Airteagal 24 Tomhas agus tástálacha a dhéanamh don chineálcheadú AE 60. Coigeartófar torthaí tástála
astaíochtaí saotharlainne do gach inneall atá faoi réir an Rialacháin seo, chun
dálaí meathlaithe is iomchuí i leith na dtréimhsí buanfais astaíochta arna
sonrú in Iarscríbhinn V a chur san áireamh. 61. Comhlíonfaidh an cineál innill
nó aicme innill teorainneacha astaíochtaí atá leagtha amach sa Rialachán seo maidir
leis na breoslaí tagartha iomchuí nó na comhbhreoslaí atá san áireamh ar an
liosta seo a leanas: –
díosal; –
peitreal; –
meascán peitril / ola d’innill débhuille
spréachadhainte; –
gás nádúrtha / bithmheatán; –
gás peitriliam leachtach (GPL); –
eatánól. 62. Maidir leis na tomhais agus na
tástálacha a dhéanamh, comhlíonfar na ceanglais theicniúla i ndáil leis na
gnéithe seo a leanas: (hh)
Gléas agus nósanna imeachta chun na tástálacha a
dhéanamh; (ii)
Gléas agus nósanna imeachta chun na hastaíochtaí a
thomhas agus a shampláil; (jj)
Modhanna le haghaidh luacháil sonraí agus
ríomhanna; (kk)
Modh chun dálaí meathlaithe a bhunú; (ll)
Maidir le hinnill de chatagóir NRE, NRG, IWP, IWA,
RLR, NRS, NRSh a chomhlíonann teorainneacha astaíochtaí "Chéim V" mar
atá sainmhínithe in Iarscríbhinn II: i. modh
chun astaíochtaí gás ó chás an chromáin a chur sa chuntas, ii. modh
chun athghiniúint neamhchoitianta na gcóras iarchóireála a chur sa chuntas; (mm)
Maidir le hinnill a stiúrtar go leictreonach de na
catagóirí NRE, NRG, IWP, IWA, RLL agus RLR a chomhlíonann teorainneacha
astaíochtaí ‘’Chéim V’’ mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn II agus a
úsáideann rialú leictreonach chun idir chainníocht agus uainiú insteallta an
bhreosla a shocrú nó a úsáideann rialú leictreonach chun an córas rialaithe
astaíochtaí a úsáidtear chun NOx a laghdú a ghníomhachtú, a dhíghníomhachtú nó
a mhodhnú: i. ceanglais
theicniúla ar straitéisí rialaithe astaíochtaí lena n‑áirítear soláthar
fianaise doiciméadaí is gá chun na straitéisí sin a léiriú, ii. ceanglais
theicniúla ar bhearta rialaithe NOx lena n‑áirítear an modh chun na
ceanglais theicniúla sin a léiriú, iii. ceanglais
theicniúla ar an limistéar atá bainteach leis an timthriall NRSC ábhartha,
limistéar ina ndéantar rialú ar an méid faoina gceadófar go sáróidh na
hastaíochtaí na teorainnluachanna in Iarscríbhinn II, iv. an
tseirbhís theicniúil do roghnú pointí tomhais breise ó thaobh istigh den
limistéar rialaithe i rith tagarthástáil na hastaíochtaí. 63. Cumhachtófar don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 a bhaineann
leis na nithe seo a leanas a shocrú: (nn)
An mhodheolaíocht chun na torthaí tástála
saotharlainne astaíochta a oiriúnú chun na ndálaí meathlaithe dá dtagraítear i
mír 1 a chur san áireamh; (oo)
Tréithe teicniúla na mbreoslaí tagartha atá sa
liosta sa mhír seo maidir le tástálacha ceadaithe agus comhréireacht an
táirgthe dá dtagraítear i mír 2 a fhíorú; (pp)
Na ceanglais agus na tréithe mionsonraithe
teicniúla chun na tomhais agus na tástálacha dá dtagraítear i mír 3 a dhéanamh; (qq)
An modh chun líon na gcáithníní a thomhas, ag
féachaint do na sonruithe a tugadh i sraith 06 de Rialachán UNECE
Uimh. 49; (rr)
Na ceanglais mhionsonraithe theicniúla do thástáil
na n‑inneall lán‑ nó páirt‑ghásbhreoslaithe dá dtagraítear in
Iarscríbhinn II. Airteagal 25 Comhréireacht
na socruithe táirgthe 1. Glacfaidh údarás ceadaithe a
dheonaíonn cineálcheadú AE na bearta riachtanacha chun a dhearbhú, i gcomhar le
húdaráis cheadaithe na mBallstát eile más gá, go ndearnadh socruithe iomchuí
chun a dheimhniú go mbeidh na hinnill atá á dtáirgeadh i gcomhréir leis an
gcineál ceadaithe maidir le ceanglais an Rialacháin seo. 2. Glacfaidh údarás ceadaithe a
dheonaíonn cineálcheadú AE d’aicme innill na bearta riachtanacha chun a
dhearbhú go mbeidh deimhnithe comhréireachta arna n‑eisiúint ag an
monaróir i gcomhréir le ceanglais Airteagal 30. Chun na críche sin,
dearbhóidh an t‑údarás ceadaithe go bhfuil líon dóthanach samplaí de
dheimhnithe comhréireachta i gcomhréir le ceanglais Airteagal 30 agus go
ndearna an monaróir socruithe oiriúnacha chun a dheimhniú go bhfuil na sonraí
ar na deimhnithe comhréireachta i gceart. 3. Glacfaidh údarás ceadaithe a
dheonaigh cineálcheadú AE na bearta riachtanacha i ndáil leis an gceadú sin
chun a fhíorú, i gcomhar le húdaráis cheadaithe na mBallstát eile más gá, go
mbíonn na socruithe dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal
seo i gcónaí oiriúnach sa chaoi go mbeidh innill atá á dtáirgeadh i gcomhréir
leis an gcineál ceadaithe i gcónaí agus go gcomhlíonfaidh deimhnithe
comhréireachta ceanglais Airteagal 30 i gcónaí. 4. D’fhonn a dhearbhú go
ndéanann an t‑inneall de réir an chineáil cheadaithe, bheartódh an t‑údarás
ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE ceann ar bith de na promhaidh nó na
tástálacha is gá don chineálcheadú AE ar shamplaí a glacadh ag áitreabh an
déantóra lena n‑áirítear áiseanna táirgthe an déantóra. 5. Nuair a shuíonn údarás
ceadaithe a dheonaigh cineálcheadú AE nach bhfuil na socruithe dá dtagraítear i
mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo á gcur i bhfeidhm, go n‑imíonn
siad go suntasach ó na socruithe agus na pleananna rialaithe aontaithe, gur
éiríodh as iad a chur i bhfeidhm nó nach meastar iad a bheith oiriúnach a
thuilleadh, in ainneoin go bhfuil an táirgeadh ar siúl i gcónaí, glacfaidh sé
na bearta is gá chun a áirithiú go leanfar an nós imeachta do chomhréireacht an
táirgthe i gceart, é sin nó an cineálcheadú AE a tharraingt siar. 6. Cumhachtófar don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 lena
leagfar síos na bearta mionsonraithe atá le glacadh agus na nósanna imeachta
atá le leanúint ag na húdaráis cheadaithe d’fhonn a áirithiú go mbeidh innill
atá á dtáirgeadh i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe. Glacfar na gníomhartha
tarmligthe sin faoin [31 Nollaig 2016]. CAIBIDIL VI LEASUITHE AGUS BAILÍOCHT NA
gCINEÁLCHEADUITHE AE Airteagal 26 Forálacha Ginearálta 1. Cuirfidh an monaróir aon
athrú maidir leis na sonraí sa phacáiste faisnéise in iúl don údarás ceadaithe
a dheonaigh an cineálcheadú AE gan mhoill. Socróidh an t‑údarás ceadaithe sin cé acu de
na nósanna imeachta ar cinneadh orthu in Airteagal 27 atá le leanúint. Nuair is gá, féadfaidh go socródh an t‑údarás
ceadaithe, i ndiaidh dul i gcomhairle leis an monaróir, go bhfuil cineálcheadú
nua AE le deonú. 2. Ní sheolfar iarratas ar leasú
ar an gcineálcheadú AE ach chuig an t‑údarás ceadaithe amháin a dheonaigh
an bun‑chineálcheadú AE. 3. Má chinneann an t‑údarás
ceadaithe, chun críocha leasú a dhéanamh, gur gá an t‑iniúchadh nó na
tástálacha a athdhéanamh, cuirfidh sé sin in iúl don mhonaróir dá réir sin. Ní bheidh na nósanna imeachta dá dtagraítear in
Airteagal 27 infheidhme ach amháin, má shocraíonn an t‑údarás
ceadaithe, ar bhonn na n‑iniúchtaí nó na dtástálacha sin, go bhfuil
ceanglais an chineálcheadaithe AE á gcomhlíonadh i gcónaí. Airteagal 27 Athbhreithnithe agus síneadh ar
chineálcheaduithe AE 1. Más rud é gur athraigh na
sonraí a taifeadadh sa phacáiste faisnéise, gan gá iniúchtaí nó tástálacha a
athdhéanamh, ainmneofar an leasú mar ‘athbhreithniú’. I gcásanna dá sórt eiseoidh an t‑údarás ceadaithe
leathanaigh athbhreithnithe an phacáiste faisnéise mar is gá, ag cur comhartha
ar gach ceann de na leathanaigh athbhreithnithe chun an cineál athraithe agus
dáta na hatheisiúna a thaispeáint go soiléir . Measfar go gcomhlíonfaidh leagan
comhdhlúite nuashonraithe, a mbeidh tuairisc mhionsonraithe ar na hathruithe ar
na hathruithe, an ceanglas seo. 2. Ainmneofar an leasú mar
‘síneadh’ más rud é gur athraigh na sonraí a taifeadadh sa phacáiste faisnéise
agus má tharlaíonn aon cheann díobh seo a leanas: (ss)
Is gá iniúchtaí nó tástálacha breise a dhéanamh; (tt)
D’athraigh aon fhaisnéis maidir leis an deimhniú ar
chineálcheadú AE, lasmuigh dá cheangaltáin; (uu)
Ba infheidhme ceanglais nua arna sonrú i
ngníomhartha tarmligthe an Rialacháin seo maidir leis an gcineál innill nó an
aicme innill atá ceadaithe. I gcás sínte, eiseoidh an t‑údarás ceadaithe
deimhniú ar chineálcheadú AE nuashonraithe arna chomharthú le uimhir an tsínte,
arna méadú i gcomhréir le líon na sínte leanúnacha atá deonaithe cheana féin.
Taispeánfaidh an deimhniú ceadaithe sin an chúis atá leis an síneadh agus dáta
na hatheisiúna go soiléir. 3. Gach uair a eisítear
leathanaigh leasaithe nó leagan nuashonraithe comhdhlúite leasófar dá réir sin
an t‑innéacs a ghabhann leis an bpacáiste faisnéise atá ceangailte leis
an deimhniú ceadaithe, chun dáta an tsínte nó an athbhreithnithe is deireanaí,
nó dáta an chomhdhlúthaithe ar an leagan nuashonraithe is deireanaí, a
thaispeáint. 4. Ní bheidh aon ghá le leasú ar
chineálcheadú AE innill nó aicme innill mura mbainfidh na ceanglais nua dá
dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 leis an gcineál sin innill nó aicme
innill i ndáil le feidhmíocht astaíochta, ón taobh teicniúil de. Airteagal 28 Leasuithe a eisiúint agus fógra a
thabhairt ina leith 1. I gcás sínte, nuashonrófar
míreanna uile ábhartha an deimhnithe ar chineálcheadú AE, na ceangaltáin a
ghabhann leis agus an t‑innéacs a ghabhann leis an bpacáiste faisnéise.
Eiseofar an deimhniú nuashonraithe agus a cheangaltáin don iarratasóir gan
mhoill. 2. I gcás athbhreithnithe,
eiseoidh an t‑údarás ceadaithe don iarratasóir gan mhoill, na doiciméid
athbhreithnithe nó an leagan nuashonraithe comhdhlúite mar is cuí, lena n‑áirítear
an t‑innéacs athbhreithnithe atá leis an bpacáiste faisnéise. 3. Cuirfidh an t‑údarás
ceadaithe aon leasú a dhéantar ar chineálcheaduithe AE in iúl d’údaráis
cheadaithe na mBallstát eile i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear
in Airteagal 21. Airteagal 29 Críoch na bailíochta 1. Eiseofar cineálcheaduithe AE
ar feadh tréimhse neamhtheoranta. 2. Féadfaidh cineálcheadú innill
a bheith neamhbhailí má tharlaíonn aon cheann de na cásanna seo a leanas: (vv)
Is éigeantach feasta ceanglais nua is infheidhme
maidir leis an gcineál innill ceadaithe chun go mbeidh sé ar fáil ar an margadh
agus ní féidir an cineálcheadú AE a nuashonrú dá réir sin; (ww)
Scoirtear go cinnte agus go deonach de tháirgeadh
an chineáil innill nó aicme innill ceadaithe; (xx)
Téann bailíocht an cheadaithe in éag i ngeall ar
shrian i gcomhréir le hAirteagal 33(6); (yy)
Tarraingíodh an ceadú siar i gcomhréir le
hAirteagal 25(5), Airteagal 37(1) nó Airteagal 38(3). 3. Nuair bhfuil ach cineál
amháin innill taobh istigh d’aicme innill bailí a thuilleadh, ní chaillfidh
cineálcheadú AE an aicme innill atá i gceist bailíocht ach amháin a mhéid agus
a bhaineann leis an gcineál áirithe innill. 4. Nuair a scoirtear go cinnte
de tháirgeadh cineál áirithe innill, cuirfidh an monaróir é sin in iúl don
údarás ceadaithe a dheonaigh cineálcheadú AE don inneall sin. Taobh istigh de mhí amháin tar éis fógra dá
dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, cuirfidh an t‑údarás ceadaithe a
dheonaigh cineálcheadú AE don inneall é sin in iúl d’údaráis cheadaithe na
mBallstát eile dá réir sin. 5. Gan dochar do mhír 4, i
gcásanna a bhfuil cineálcheadú AE innill nó aicme innill in am a bheith
neamhbhailí, cuirfidh an monaróir é sin in iúl don údarás ceadaithe a dheonaigh
an cineálcheadú AE. Seolfaidh an t‑údarás ceadaithe AE a
dheonaigh an cineálcheadú AE gach faisnéis ábhartha chuig údaráis cheadaithe na
mBallstát eile gan mhoill. Sonróidh an scéala dá dtagraítear sa dara fomhír
go háirithe, dáta táirgthe agus uimhir aitheantais an innill dheireanaigh a
táirgeadh. 6. Measfar na ceanglais dá
dtagraítear i mír 4 agus mír 5 a bheith comhlíonta má dhéantar an fhaisnéis
ábhartha a uaslódáil chuig ardán riaracháin lárnach an Aontais dá dtagraítear
in Airteagal 42. Féadfaidh na doiciméid chumarsáide seo i bhfoirm chomhaid
shlán leictreonaigh. CAIBIDIL VII DEIMHNIÚ COMHRÉIREACHTA AGUS COMHARTHAÍ Airteagal 30 Deimhniú comhréireachta 1. Soláthróidh an monaróir, ina
cháil mar shealbhóir chineálcheadú AE cineál innill nó aicme innill, deimhniú
comhréireachta a ghabhann le gach inneall a tháirgtear de réir cineál an innill
atá ceadaithe. Soláthrófar deimhniú dá shórt saor in aisce in
éineacht leis an inneall agus gabhfaidh sé leis an inneallra ina suiteáiltear
an t‑inneall. Ní fhéadfar gá a bheith lena iarraidh go sainráite ná le
tuilleadh faisnéise a sheoladh chuig an monaróir chun an deimhniú a
sheachadadh. Ar feadh tréimhse 10 mbliana i ndiaidh dáta
táirgthe an innill, eiseoidh monaróir an innill, ar iarraidh shealbhóir an
innill, macasamhail den deimhniú comhréireachta in aghaidh íocaíochta nach
sáraíonn costas a eisiúna. Beidh an focal ‘macasamhail’ infheicthe go soiléir
ar éadan aon deimhniú macasamhla. 2. Leagfaidh an Coimisiún amach
an teimpléid don deimhniú comhréireachta atá le húsáid ag an monaróir. 3. Déanfar an deimhniú
comhréireachta a tharraingt suas in aon teanga amháin ar a laghad de theangacha
oifigiúla an Aontais. Féadann aon Bhallstát a iarraidh go n‑aistreofar an
deimhniú comhréireachta ina theanga nó ina theangacha oifigiúla féin. 4. Beidh na pearsana atá
údaraithe chun deimhnithe comhréireachta a shíniú ina mbaill d’eagraíocht an
mhonaróra agus beidh údarás mar is iomchuí acu ón lucht bainistíochta chun
gabháil do fhreagracht dhleathach an mhonaróra go hiomlán maidir leis an
dearadh agus an déanamh nó maidir le comhréireacht táirgthe an innill. 5. Comhlánófar an deimhniú
comhréireachta ina iomláine agus ní bheidh san áireamh ann teorainneacha i
ndáil le húsáid an innill seachas iad sin a bhforáiltear dóibh sa Rialachán seo
nó in aon cheann de na gníomhartha tarmligthe a glacfar de bhun an Rialacháin
seo. 6. Taispeánfaidh an deimhniú
comhréireachta ina theideal, i ndáil le gach cineál innill nó aicme innill a
ceadaíodh i gcomhréir le hAirteagal 33(2), an leagan ‘Do gach inneall a
cineálcheadaíodh i bhfeidhmiú Airteagail 31 de Rialachán (AE) Uimh. xx/xx
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [dáta] maidir le ceanglais a
bhaineann le teorainneacha astaíochtaí agus cineálcheadú d'innill dócháin
inmheánaigh i gcomhair innealra soghluaiste neamhbhóthair (ceadú sealadach)’. 7. Cumhachtófar don Choimisiún
an teimpléid don deimhniú comhréireachta a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur
chun feidhme, lena n‑áirítear na gnéithe teicniúla a dearadh chun an
brionnadh a chosc. Chun na críche sin, cuirfidh na gnéithe clódóireachta
slándála a chosnaíonn an páipéar a úsáidtear sa deimhniú ar fáil i ngníomhartha
cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 54(2) faoin [31 Nollaig 2016]. Airteagal 31 Comharthú na n‑inneall 1. Greamóidh monaróir an innill
comhartha de gach aonad a monaraítear i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe. 2. Ní mór do na hinnill an
comhartha a cheanglaítear faoin Rialachán seo a bheith orthu sula bhfágfaidís
an líne tháirgthe. 3. Maidir le hinneall atá
suiteáilte cheana féin san innealra, féadfar go ngabhfar ionad an innill nó an
bhaill innill a bhfuil an comhartha reachtúil air. 4. Cumhachtófar don Choimisiún
an teimpléid don chomharthú dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, lena n‑áirítear an fhaisnéis éigeantach
riachtanach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir
leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2) faoin
[31 Nollaig 2016]. 5. Cumhachtófar freisin don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55
a bhaineann leis na dálaí agus na ceanglais mhionsonraithe theicniúla chun na
hinnill nó na comhpháirteanna innill a bhfuil an comhartha dá dtagraítear i mír
3 orthu a athsholáthar. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin
[31 Nollaig 2016]. CAIBIDIL VIII DÍOLÚINTÍ Airteagal 32 Díolúintí ginearálta 1. Ní bheidh ceanglais
Airteagal 5(2) agus (3) agus Airteagail 17(2) infheidhme maidir le
hinnill a úsáideann an t‑arm. 2. Gan dochar d’fhorálacha
Airteagail 31, féadann monaróir inneall a sholáthar, neamhspleách ar a chóras
iarchóireála sceite, do OEM. 3. Ainneoin ceanglais
Airteagal 5(3), údaróidh Ballstáit inneall nach bhfuair cineálcheadú AE i
gcomhréir leis an Rialachán seo a chur ar an margadh go sealadach, chun críocha
tástála allamuigh. 4. D'ainneoin ceanglais Airteagal 17(2)
féadann Ballstáit cineálcheadú AE agus cur ar an margadh na n‑inneall a
chomhlíonann teorainnluachanna astaíochtaí ATEX atá sonraithe ar Iarscríbhinn V
a údarú, ar choinníoll go mbeidh na hinnill beartaithe lena suiteáil i meaisín
atá le húsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, mar a
sainmhíníodh i dTreoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle[22],
agus deimhniú acu go gcomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas go léir: (zz)
Catagóir trealaimh 2 nó 3; (aaa)
Grúpa innill I nó Grúpa innill II; (bbb)
Aicme Teochta T3 nó níos airde (nach mó ná 200°C). 5. Cumhachtófar don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 a bhaineann
le na sonraí beachta teicniúla agus na coinníollacha: (ccc)
Faoina ndéanfaidh monaróir inneall a sholáthar do
OEM neamhspleách ar a chóras iarchóireála sceite, dá dtagraítear i mír 2; (ddd)Faoina gcuirfear
innill nach bhfuil cineálcheadú AE acu a chur ar an margadh go sealadach, chun
críocha tástála allamuigh, dá dtagraítear i mír 3; (eee)
cineálcheadú AE agus cur ar an margadh na n‑inneall
a chomhlíonann teorainnluachanna astaíochtaí ATEX atá leagtha amach in
Iarscríbhinn V, dá dtagraítear i mír 4. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin
[31 Nollaig 2016]. Airteagal 33 Díolúintí
do theicneolaíochtaí nua nó coincheapa nua 1. Féadfaidh monaróir iarratas a
dhéanamh ar chineálcheadú i ndáil le cineál innill nó aicme innill a
chorpraíonn teicneolaíochtaí nó coincheapa nach bhfuil ag teacht le ceann
amháin nó níos mó de cheanglais an Rialacháin seo. 2. Deonóidh an t‑údarás
ceadaithe an cineálcheadú dá dtagraítear i mír 1 má comhlíontar na
coinníollacha uile seo a leanas: (fff)
Luann an t‑iarratas na cúiseanna nach dtagann
an chineál innill nó aicme innill le ceanglais an Rialacháin seo, de bharr na
dteicneolaíochtaí nó na gcoincheap atá i gceist; (ggg)
Cuireann an t‑iarratas síos ar impleachtaí
comhshaoil na teicneolaíochta nua agus na bearta a rinneadh d’fhonn leibhéal
coibhéiseach cosanta comhshaoil a áirithiú, ar a laghad, agus a sholáthraíonn
na ceanglais óna n‑iarrtar an díolúine; (hhh)
Cuirtear tuairiscí ar na tástálacha agus torthaí i
láthair a chruthaíonn go gcomhlíontar an choinníoll i bpointe (b). 3. Beidh deonú cineálcheadaithe
dá shórt ag díolmhú teicneolaíochtaí nua nó coincheapa nua faoi réir údarú an
Choimisiúin. Tabharfar an t‑údarú sin trí bhíthin gnímh cur chun feidhme. 4. Féadfaidh an t‑údarás
ceadaithe an cineálcheadú a eisiúint agus an cinneadh ar údarú ón gCoimisiún ar
feitheamh, ach beidh sé sealadach, ní bheidh sé bailí ach amháin i gcríoch an
Bhallstáit sin agus ní bheidh sé bailí ach i ndáil leis an gcineál innill a
chuimsíonn an díolúine a iarrtar. Cuirfidh an t‑údarás ceadaithe in iúl
don Choimisiún agus do na Ballstáit eile gur eisigh sé cineálcheadú sealadach
dá shórt gan mhoill trí bhíthin comhaid a bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2
san áireamh ann. Beidh an nádúr sealadach agus an bhailíocht
chríochach teoranta soiléir ó theideal an deimhnithe ar chineálcheadú agus ó
theideal an deimhnithe chomhréireachta. 5. Féadfaidh go mbeartódh
údaráis cheadaithe eile glacadh leis an gceadú sealadach dá dtagraítear i mír 4
taobh laistigh dá chríoch féin. Má dhéanann siad amhlaidh, ba cheart dóibh é
sin a chur in iúl don údarás ceadaithe ábhartha agus don Choimisiún, i
scríbhinn. 6. Nuair is iomchuí, sonróidh an
t‑údarú ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 3 freisin an bhfuil sé faoi
réir aon srianta. I ngach cás beidh an cineálcheadú bailí ar feadh 36 mí ar a
laghad. 7. Má bheartaíonn an Coimisiún
údarú a dhiúltú, cuirfidh an t‑údarás scéala láithreach chuig sealbhóir
an chineálcheadaithe shealadaigh dá dtagraítear i mír 3, má eisíodh ceadú dá
shórt, go gcúlghairfear an ceadú sealadach sé mhí i ndiaidh dáta diúltaithe an
Choimisiúin. In ainneoin cinneadh an Choimisiúin an t‑údarú
a dhiúltú, is féidir innill a monaraíodh i gcomhréir leis an gceadú sealadach,
sula rachaidh a bhailíocht in éag, a chur ar an margadh in aon Bhallstát a
ghlac leis an gceadú sealadach. 8. Measfar na ceanglais dá
dtagraítear i mír 4 agus mír 5 a bheith comhlíonta má dhéantar an fhaisnéis
ábhartha a uaslódáil chuig ardán riaracháin lárnach an Aontais dá dtagraítear
in Airteagal 42. Féadfaidh na doiciméid chumarsáide seo i bhfoirm chomhaid
shlán leictreonaigh. 9. Cumhachtófar don Choimisiún
an t‑údarú dá dtagraítear i mír 3 a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur
chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 54(2). 10. Cumhachtófar don Choimisiún na
teimpléid chomhchuibhithe don deimhniú ar chineálcheadú agus don deimhniú
comhréireachta dá dtagraítear i mír 4 a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur
chun feidhme, lena n‑áirítear an fhaisnéis éigeantach riachtanach.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós
imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2) faoin
[31 Nollaig 2016]. Airteagal 34 Oiriúnú
iardain ar ghníomhartha tarmligthe agus ar ghníomhartha cur chun feidhme 1. Nuair a údaraíonn an
Coimisiún díolúine a dheonú de bhun Airteagal 33, glacfaidh sé láithreach
na bearta is gá chun na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme ábhartha a
chur in oiriúint d'fhorbairtí teicneolaíocha. Nuair a bhaineann an díolúine a údaraíodh faoi
théarmaí Airteagal 33 le ceist atá shainmhínithe i rialachán UNECE, molfaidh
an Coimisiún leasú ar an rialachán UNECE ábhartha i gcomhréir leis an nós
imeachta infheidhme faoi Aontú Athbhreithnithe 1958. 2. A luaithe agus a dhéanfar
leasú ar na gníomhartha ábhartha, cuirfear deireadh le haon srian a
forchuireadh i gcinneadh an Choimisiúin ag údarú na díolúine. Mura ndéanfar na bearta riachtanacha chun na
gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a oiriúnú, féadann an Coimisiún, ar
iarraidh an Bhallstáit a dheonaigh an ceadú, an Ballstát a údarú chun an
cinealcheadú a shíneadh, trí bhíthin cinneadh i bhfoirm gnímh cur chun feidhme
arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 54(2). CAIBIDIL IX CUR AR AN MARGADH Airteagal 35 Oibleagáidí tuairiscithe ar mhonaróirí Seolfaidh monaróir chuig an údarás ceadaithe a
dheonaigh an cineálcheadú AE, taobh istigh de 45 lá i ndiaidh dheireadh gach
bliana féilire, agus gan mhoill i ndiaidh gach dáta iarratais nuair a athraíonn
ceanglais an Rialacháin seo, agus go díreach i ndiaidh aon dáta breise a shonródh
an t‑údarás sin, liosta ina bhfuil raon na n‑uimhreacha aitheantais
san áireamh ann do gach cineál innill a táirgeadh i gcomhréir le ceanglais an
Rialacháin seo agus i gcomhréir leis an gcineálcheadú AE ó rinneadh an
tuarascáil is deireanaí, nó ó bhí feidhm maidir le ceanglais an Rialacháin seo
infheidhme den chéad uair. Nuair nach n‑aithníonn córas códaithe an
innill é seo, ní mór don liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhghaolta na n‑uimhreacha
aitheantais do chineálacha innill nó aicmí innill comhfhreagracha agus
d’uimhreacha cineálcheadaithe AE a shonrú. Léireoidh an liosta dá dtagraítear sa chéad
fhomhír go soiléir freisin aon chás ina scoireann an monaróir de chineál
ceadaithe innill nó aicme cheadaith innill a tháirgeadh. Coinneoidh an monaróir cóipeanna de na liostaí
ar feadh íosthréimhse 20 bliain ta éis deireadh le bailíocht an
chineálcheadaithe AE ábhartha. Airteagal 36 Bearta fíoraithe 1. Glacfaidh údarás ceadaithe
Ballstáit a dheonaíonn cineálcheadú AE na bearta is gá i ndáil leis an gceadú
sin, i gcomhar le húdaráis cheadaithe na mBallstát eile nuair is cuí, chun
uimhreacha aitheantais na n‑inneall sin a táirgeadh de réir ceanglais an
Rialacháin seo a fhíorú. 2. D’fhéadfadh fíorú breise ar
na huimhreacha aitheantais a bheith ann in éineacht leis an rialú ar
chomhréireacht an táirgthe arna shonrú in Airteagal 25. 3. I ndáil le fíorú na n‑uimhreacha
aitheantais, tabharfaidh an monaróir nó gníomhairí an mhonaróra arna mbunú san
Aontas, gan mhoill, ar iarratas, an fhaisnéis uile is gá don údarás ceadaithe
freagrach maidir le ceannaitheoirí an mhonaróra maille le huimhreacha
aitheantais na n‑inneall a thuairiscítear mar innill tháirgthe i
gcomhréir le hAirteagal 35. I gcás go ndíoltar innill le monaróir
innealra, níl gá le tuilleadh faisnéise. 4. Mura mbíonn an monaróir, ar
iarratas ón údarás ceadaithe, in ann ceanglais maidir le comharthaí innill a
shonraítear in Airteagal 31 a fhíorú, féadfar an ceadú a deonaíodh a
tharraingt sin i ndáil leis an gcineál nó an aicme innill comhfhreagrach de bhun
an Rialacháin seo. Déanfar an nós imeachta faisnéise mar a shonraítear in
Airteagal 36(4). CAIBIDIL X CLÁSALACHA COSANTA Airteagal 37 Innill nach bhfuil i gcomhréir leis an
gcineál ceadaithe 1. Nuair nach bhfuil innill, a
ngabhann deimhniú comhréireachta leo nó a bhfuil comhartha ceadaithe orthu, i
gcomhréir le cineál nó le haicme ceadaithe, glacfaidh an t‑údarás
ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE na bearta is gá, lena n‑áirítear
tarraingt siar an chineálcheadaithe AE nuair nach imleor an ghníomhaíocht a
rinne an monaróir, chun a áirithiú go dtabharfar na hinnill atá a dtáirgeadh
chun comhréireachta leis an gcineál nó an aicme cheadaithe. Inseoidh údaráis
cheadaithe an Bhallstáit sin d'údaráis cheadaithe na mBallstát eile na bearta a
glacadh. 2. Chun críocha mhír 1,
measfar ina dteip chun déanamh de réir an chineáil nó na haicme ceadaithe,
imeacht ó na sonraí arna leagan amach sa deimhniú ar chineálcheadú AE nó sa
phacáiste faisnéise nuair nár údaraíodh imeacht den sórt sin seo i gcomhréir le
forálacha Chaibidil VI. 3. Má shuíonn údarás ceadaithe
nach bhfuil innill a ngabhann deimhniú comhréireachta leo nó a bhfuil comhartha
ceadaithe orthu, i gcomhréir leis an gcineál nó leis an aicme ceadaithe,
féadfaidh sé iarraidh ar an údarás ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE a
fhíorú go bhfuil innill atá á dtáirgeadh i gcomhréir leis an gcineál nó an
aicme ceadaithe i gcónaí. Ach iarraidh den sórt sin a fháil, déanfaidh an t‑údarás
ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE an ghníomhaíocht riachtanach a luaithe
agus is féidir, agus taobh istigh de thrí mhí ó dháta na hiarrata ar a
dheireanaí. 4. Cuirfidh údaráis cheadaithe
na mBallstát in iúl dá chéile taobh istigh de mhí amháin faoi aon tarraingt
siar cineálcheadaithe AE agus na cúiseanna atá le beart dá shórt. 5. Má dhíospóideann an t‑údarás
ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE an neamhchomhréireacht a cuireadh in
iúl dó, déanfaidh na Ballstáit ábhartha a ndícheall an díospóid a réiteach.
Coinneofar an Coimisiún ar an eolas i gcónaí agus, nuair is gá, tionólfaidh sé
comhairlí iomchuí chun a díospóid a réiteach. Airteagal 38 Innill a athghairm 1. Nuair a thugtar ar mhonaróir
ar deonaíodh cineálcheadú AE dó, i gcomhréir le hAirteagal 20(1) de
Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, innill a cuireadh ar an margadh a
athghairm, bídís suiteáilte nó ná bídís in innealra, toisc go bhfuil na hinnill
ina sárú tromchúiseach ar an Rialachán seo i ndáil le cosaint an chomhshaoil,
cuirfidh an monaróir sin scéala láithreach chuig an údarás ceadaithe a
dheonaigh an cineálcheadú innill AE. 2. Molfaidh an monaróir don
údarás ceadaithe sraith de leigheasanna iomchuí chun an sárú tromchúiseach dá
dtagraítear i mír 1 a chur ó éifeacht. Cuirfidh an t‑údarás
ceadaithe na leigheasanna molta in iúl d’údaráis cheadaithe na mBallstát eile gan
mhoill. Áiritheoidh na húdaráis cheadaithe go gcuirfear na
leigheasanna i gcrích go héifeachtach ina mBallstáit féin. 3. Má mheastar na leigheasanna a
bheith neamhleor nó mura gcuirfidh an t‑údarás ceadaithe ábhartha i
gcrích iad sách tapa, cuirfidh sé an méid sin in iúl don údarás ceadaithe a
dheonaigh an cineálcheadú AE gan mhoill. Cuirfidh an t‑údarás ceadaithe a dheonaigh
an cineálcheadú AE scéala ansin chuig an monaróir. Mura ndéanfaidh an monaróir
bearta ceartaitheacha éifeachtacha a mholadh agus a chur i gcrích ansin,
glacfaidh an t‑údarás ceadaithe a dheonaigh an cineálcheadú AE gach beart
cosanta is gá, lena n‑áirítear tarraingt siar an chineálcheadaithe AE. I
gcás go dtarraingítear siar an cineálcheadú AE, cuirfidh an t‑údarás
ceadaithe, taobh istigh de mhí i ndiaidh tarraingt siar den sórt sin, scéala
chuig an monaróir, chuig údaráis cheadaithe na mBallstát eile agus chuig an
gCoimisiún le litir chláraithe nó le modh leictreonach coibhéiseach. Airteagal 39 Fógra a thabhairt faoi na cinntí agus
na leigheasanna atá ar fáil 1. Na cinntí uile a glacfar de
bhun an Rialacháin seo agus na cinntí uile lena ndiúltaítear nó lena
dtarraingítear siar cineálcheadaithe AE, lena dtoirmiscfear nó lena ndéanfar
teorannú ar innill a chur ar an margadh nó a éilíonn innill a tharraingt siar
ón margadh, luafaidh siad go sonrach na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. 2. Cuirfear scéala chuig an
duine ábhartha faoi aon chinneadh den sórt sin agus cuirfear an duine sin ar an
eolas, ag an am céanna, faoi na leigheasanna atá ar fáil dó, faoi na dlithe atá
i bhfeidhm sa Bhallstát ábhartha agus faoi na teorainneacha ama is ceadaithe
d’fheidhmiú leigheasanna den sórt sin. CAIBIDIL XI RIALACHÁIN IDIRNÁISIÚNTA AGUS SOLÁTHAR
FAISNÉISE TEICNIÚLA Airteagal 40 Glacadh le cineálcheaduithe innill
choibhéisigh 1. Féadann an tAontas, i
bhfianaise comhaontuithe iltaobhacha nó déthaobhacha idir an Aontas agus tríú
tíortha, an choibhéis a admháil idir na coinníollacha agus na forálacha do
chineálcheadú inneall arna mbunú faoin Rialachán seo agus na nósanna imeachta
arna mbunú ag rialacháin idirnáisiúnta agus rialacháin thríú tíortha. 2. Cineálcheaduithe a deonaíodh
agus comharthaíocht atá ceadaithe i gcomhréir le rialachán UNECE nó leasuithe
orthu sin ar vótáil an tAontas ar a son nó ar ghlac an tAontas leo mar a
sonraíodh sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4(a), aithneofar iad a
bheith coibhéiseach le cineálcheaduithe a deonaíodh agus le comharthaíocht atá
ceadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. 3. Aithneofar cineálcheaduithe, a
deonaíodh de réir gníomhartha Aontais mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe
dá dtagraítear i mír 4(b), a bheith coibhéiseach le cineálcheaduithe a
deonaíodh i gcomhréir leis an Rialachán seo. 4. Cumhachtófar don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 ina leagfar
amach na nithe seo a leanas: (iii)
Liosta de rialacháin UNECE nó leasuithe orthu sin
ar vótáil an tAontas ar a son nó ar ghlac an tAontas leo a mbeidh feidhm acu
maidir le cineálcheadú inneall nó aicmí inneall atá le suiteáil in innealra
soghluaiste neamhbhóthair; (jjj)
Liosta de ghníomhartha an Aontais faoina
ndeonaítear cineálcheaduithe. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin
[31 Nollaig 2016]. Airteagal 41 Faisnéis atá dírithe ar OEManna agus
ar úsáideoirí deiridh 1. Ní féidir le monaróir aon
fhaisnéis theicniúil a bhaineann leis na sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán
seo, a imíonn ó na sonraí a cheadaíonn an t‑údarás ceadaithe, a sholáthar
do OEManna ná d'úsáideoirí deiridh. 2. Cuirfidh an monaróir ar fáil
do OEManna an fhaisnéis agus na treoracha uile ábhartha is gá do shuiteáil
cheart an innill isteach san innealra, lena n‑áirítear tuairisc ar aon
choinníollacha nó srianta speisialta atá ceangailte le suiteáil nó úsáid
innill. 3. Cuirfidh monaróirí an
fhaisnéis uile ábhartha agus na treoracha riachtanacha atá dírithe ar an
úsáideoir deiridh ar fáil do OEManna, go háirithe cinn atá ag cur síos go
sonrach ar aon choinníollacha speisialta nó srianta atá ceangailte le húsáid
innill. 4. In ainneoin ceanglais mhír 3,
cuirfidh monaróirí luach na n‑astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2)
a socraíodh i rith an phróisis chineálcheadaithe AE ar fáil do OEManna agus
tabharfaidh siad treoir do OEManna an fhaisnéis seo a thabhairt d’úsáideoir
deiridh an innealra nuair atá an t‑inneall ceaptha le bheith suiteáilte. 5. Cumhachtófar don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 lena
leagfar amach na sonraí faoin bhfaisnéis ábhartha agus na treoracha dá
dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin
[31 Nollaig 2016]. Airteagal 42 Ardán riaracháin agus bunachar sonraí
lárnach an Aontais 1. Bunóidh an Coimisiún ardán
digiteach riaracháin lárnach an Aontais do mhalartú na sonraí agus na faisnéise
a bhaineann le cineálcheaduithe AE i bhformáid leictreonach. Úsáidfear an t‑ardán
do mhalartú na sonraí agus na faisnéise idir údaráis cheadaithe nó idir údaráis
cheadaithe agus an Coimisiún a dhéantar i bhfianaise an Rialacháin seo. 2. Cuimseoidh ardán digiteach
riaracháin lárnach an Aontais bunachar sonraí freisin ina dtiomsófar aon
fhaisnéis ábhartha i ndáil le cineálcheaduithe AE a deonaíodh i gcomhréir leis
an Rialachán seo go lárnach agus cuirfear ar fáil do na húdaráis cheadaithe
agus don Choimisiún í. Nascfaidh an bunachar sonraí bunachair sonraí náisiúnta
le bunachar sonraí lárnach an Aontais, nuair a aontaítear é seo leis na
Ballstáit lena mbaineann. 3. Tar éis mír 1 agus mír 2
a chur i gcrích, leathnóidh an Coimisiún ardán digiteach riaracháin lárnach an
Aontais le módúil lena mbeifear in ann: (kkk)
Na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa
Rialachán seo a mhalartú idir monaróirí, seirbhísí teicniúla, údaráis
cheadaithe agus an Coimisiún; (lll)
rochtain a chur ar fáil don phobal ar fhaisnéis
agus ar shonraí áirithe a bhaineann le torthaí cineálcheaduithe agus tástálacha
comhréireachta inseirbhíse. 4. Cumhachtófar na ceanglais
mhionsonraithe theicniúla agus na nósanna imeachta is gá chun ardán riaracháin
lárnach an Aontais agus an bunachar sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo a
ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur
chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 54(2) faoin [31 Nollaig 2016]. CAIBIDIL XII SEIRBHÍSÍ TEICNIÚLA A AINMNIÚ AGUS FÓGRA
A THABHAIRT INA LEITH Airteagal 43 Ceanglais i ndáil le seirbhísí
teicniúla 1. Áiritheoidh údaráis
cheadaithe, sula n‑ainmneoidh siad seirbhís theicniúil de bhun
Airteagal 45, go gcomhlíonann an tseirbhís theicniúil na ceanglais a
shonraítear i mír 2 go mír 9 den Airteagal seo. 2. Gan dochar
d’Airteagal 46(1) bunófar seirbhís theicniúil faoi dhlí náisiúnta
Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici. 3. Beidh seirbhís theicniúil ina
chomhlacht triú páirtí a bheidh neamhspleách ar phróiseas an deartha, na
monaraíochta, an tsoláthair nó cothabhála innill a mheasúnaíonn sí. Comhlacht, ar le cumann gnó nó cónaidhm ghairmiúil
é, ag feidhmiú thar ceann gnóthas a bhaineann le dearadh, monarú, soláthar,
cóimeáil, úsáid nó cothabháil inneall a mheasúnaíonn, a thástálann nó a
iniúchann sé, féadfar a mheas go gcomhlíonann sé ceanglais na chéad fhomhíre,
ar choinníoll go léirítear a neamhspleáchas agus easpa aon choinbhleacht leasa. 4. Ní bheidh an tseirbhís
theicniúil ná an bhainistíocht ardleibhéil ná an pearsanra atá freagrach as na
catagóirí gníomhaíochtaí dá n‑ainmnítear iad i gcomhréir le
hAirteagal 45(1) a dhéanamh a bheith ina dearthóir, soláthraí nó
cothabhálaí ar na hinnill a mheasúnaíonn sí agus ní fheidhmeoidh sí thar ceann
páirtithe a bhíonn ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin. Ní choiscfidh sé seo
úsáid na n‑inneall measúnaithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo,
is gá d’oibriú na seirbhíse teicniúla nó úsáid inneall dá sórt chun críocha
pearsanta. Áiritheoidh seirbhís theicniúil nach ndéanfar
imeachtaí a fhochuideachtaí ná a fhochonraitheoirí difear do rúndacht,
oibiachtúlacht nó neamhchlaontacht na gcatagóirí gníomhaíochtaí dár ainmníodh
í. 5. Déanfaidh seirbhís theicniúil
agus an pearsanra na catagóirí gníomhaíochtaí dár ainmníodh í leis an ionracas
gairmiúil is mó is féidir agus an inniúlacht theicniúil riachtanach sa réimse
sonrach agus beidh sí saor ó gach brú agus mealladh, ó thaobh airgid ach go
háirithe, a mbeadh tionchar acu ar a bhreithiúnas nó ar thorthaí a imeachtaí
measúnaithe, brú agus mealladh go háirithe ó dhaoine nó grúpaí daoine ar leas
dóibh torthaí na n‑imeachtaí sin. 6. Taispeánfaidh seirbhís
theicniúil go bhfuil sí in ann an réimse uile catagóirí gníomhaíochtaí dár
ainmníodh í i gcomhréir le hAirteagal 45(1) a dhéanamh, trí thaispeáint
chun sástachta a údaráis cheadaithe ainmnithe go bhfuil na nithe seo a leanas
aici: (mmm)
Pearsanra a bhfuil na scileanna iomchuí agus eolas
teicniúil sonrach agus oiliúint ghairmeach acu, chomh maith le taithí imleor
chuí, chun an tasc a chur i gcrích; (nnn)
tuairiscí ar na nósanna imeachta atá ábhartha do na
catagóirí gníomhaíochtaí dá n‑iarann sé a bheith ainmnithe, ag áirithiú
trédhearcacht agus in‑atáirgtheacht na nósanna imeachta sin dá réir sin; (ooo)
Nósanna imeachta d’fheidhmíocht na gcatagóirí
gníomhaíochtaí dá n‑iarrann sé a bheith ainmnithe, a chuireann san
áireamh go cuí céim chastachta theicneolaíocht an innill atá i gceist, bíodh an
t‑inneall á mhonarú in ollphróiseas táirgthe nó i bpróiseas táirgthe
srathach; agus (ppp)
An modh is gá chun na tascanna atá bainteach leis
na gcatagóirí gníomhaíochtaí dá n‑iarrann sé a bheith ainmnithe a
fheidhmiú ar mhodh iomchuí agus go mbíonn rochtain aige ar an trealamh uile nó
na háiseanna is gá. De bhreis ar sin, taispeánfaidh sé don údarás
ceadaithe ainmnithe a chomhréireacht leis na caighdeáin a shonraítear sna
gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun Airteagail 46 atá ábhartha maidir
leis na catagóirí gníomhaíochtaí dá n‑ainmnítear é. 7. Ráthófar neamhchlaontacht na
seirbhísí teicniúla, an bhainistíocht ardleibhéil agus an pearsanra
measúnaithe. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíocht a thiocfaidh salach ar
neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n‑ionracais i ndáil leis na catagóirí
imeachtaí dá n‑ainmnítear iad. 8. Rachaidh na seirbhísí
teicniúla faoi árachas dliteanais a bhaineann lena ngníomhaíochtaí mura
ndéanfaidh an Ballstát talamh slán den dliteanas i gcomhréir leis an dlí
náisiúnta, nó go bhfuil an Ballstát féin freagrach go díreach as an measúnú
comhréireachta. 9. Coinneoidh pearsanra
seirbhíse teicniúla rúndacht ghairmiúil i ndáil le gach faisnéis a fuarthas
agus iad i mbun a gcuid tascanna faoin Rialachán seo nó aon fhoráil den dlí
náisiúnta a thugann feidhm di, ach amháin, i ndáil leis an údarás ceadaithe
ainmnithe nó nuair a éilíonn dlí an Aontais nó dlí náisiúnta é. Cosnófar cearta
dílseánaigh. Airteagal 44 Fochomhlachtaí agus fochonraitheoirí
na seirbhísí teicniúla 1. Ní fhéadfaidh seirbhísí
teicniúla roinnt de na gníomhaíochtaí dár ainmníodh iad i gcomhréir le
hAirteagal 45(1) a ligean ar fhochonradh nó a thabhairt d'fhochomhlacht
lena ndéanamh ach amháin le comhaontú an údaráis cheadaithe ainmnithe. 2. Nuair a ligeann seirbhís
theicniúil tascanna sonracha a bhaineann leis na catagóirí gníomhaíochtaí dár
ainmníodh é ar fhochonradh, nó má théann sí i muinín fochomhlachta, deimhneoidh
sí go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fochomhlacht na ceanglais atá
leagtha amach in Airteagal 43 agus cuirfidh sé scéala chuig an údarás
ceadaithe dá réir sin. 3. Beidh seirbhísí teicniúla
lánfhreagrach as tascanna a dhéanann aon cheann dá bhfochonraitheoirí nó dá
bhfochomhlachtaí, cibé áit ina bhfuil siad bunaithe. 4. Coinneoidh seirbhísí
teicniúla na doiciméid ábhartha ar fáil don údarás ceadaithe ainmnithe a
bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó an fhochomhlachta
agus na tascanna a dhéanann siad. Airteagal 45 Ainmniú na seirbhísí teicniúla 1. Ainmneofar seirbhísí
teicniúla do cheann amháin nó níos mó de na catagóirí gníomhaíochtaí seo a
leanas ag brath ar réimse na hinniúlachta: (qqq)
catagóir A: seirbhísí teicniúla a dhéanann na
tástálacha dá dtagraítear sa Rialachán seo ina n‑áiseanna féin; (rrr)
catagóir B: seirbhísí teicniúla a mhaoirsíonn na
tástálacha dá dtagraítear sa Rialachán seo, nuair a dhéantar tástálacha den
sórt sin in áiseanna an mhonaróra nó in áiseanna tríú páirtí; (sss)
catagóir C: seirbhísí teicniúla a mheasúnaíonn nó a
dhéanann faireachán, ar bhonn rialta, ar nósanna imeachta an mhonaróra chun
comhréireacht an táirgthe a rialú; (ttt)
catagóir D: seirbhísí teicniúla a mhaoirsíonn nó a
dhéanann tástálacha nó iniúchtaí chun faireachas a dhéanamh ar chomhréireacht
an táirgthe. 2. Féadfaidh údarás ceadaithe a
ainmniú ina sheirbhís theicniúil maidir le ceann amháin nó níos mó de na
gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1. 3. Féadfar fógra a thabhairt do
sheirbhísí teicniúla tríú tíre, seachas iad sin a ainmníodh i gcomhréir le
hAirteagal 45, ar chuntar amháin go bhfuil foráil i gcomhaontú déthaobhach
idir an Aontas agus an tríú tír ábhartha maidir le seirbhísí teicniúla a
ghlacadh ar an gcaoi sin. Ní choiscfidh sé seo seirbhís theicniúil arna bhunú
faoi dhlí náisiúnta Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 43(2) ó
fhochomhlachtaí a bhunú i dtríú tíortha ar chuntar go ndéanann an tseirbhís
theicniúil ainmnithe bainistiú agus rialú díreach orthu. Airteagal 46 Seirbhísí creidiúnaithe inmheánacha an
mhonaróra 1. Ní ainmneofar seirbhís
theicniúil inmheánach chreidiúnaithe monaróra ach amháin i gcás gníomhaíochtaí
chatagóir A i ndáil le ceanglais theicniúla lena gceadaítear féintástáil ina
leith faoi ghníomh tarmligthe a glacadh de bhun an Rialacháin seo. Beidh an
tseirbhís theicniúil sin ina chuid ar leith agus éagsúil den ghnóthas agus ní
bheidh aon pháirt aige i ndearadh, monarú, soláthar nó cothabháil na n‑inneall
a mheasúnaíonn sí. 2. Comhlíonfaidh seirbhís
theicniúil inmheánach chreidiúnaithe na ceanglais seo a leanas: (uuu)
De bhreis ar a bheith ainmnithe ag údarás ceadaithe
Ballstáit, beidh sé creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta mar a
shainmhínítear i bpointe 11 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008
agus i gcomhréir leis na caighdeáin agus an nós imeachta dá dtagraítear in
Airteagal 47 den Rialachán seo; (vvv)
Beidh an tseirbhís theicniúil inmheánach
chreidiúnaithe inaitheanta ó thaobh na heagraíochta agus beidh aige modhanna
tuairiscithe ar cuid iad de na modhanna seo agus iad á mbeartú a áiritheoidh a
neamhchlaontacht agus a thaispeánann é don chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta
ábhartha; (www)
Ní ghabhfaidh an tseirbhís theicniúil inmheánach
chreidiúnaithe ná an pearsanra d’aon ghníomhaíocht a thiocfadh salach ar a neamhspleáchas
breithiúnais nó ionracais i ndáil leis na catagóirí gníomhaíochtaí dár
ainmníodh iad; (xxx)
Cuirfidh an tseirbhís theicniúil inmheánach
chreidiúnaithe a sheirbhísí ar fáil go heisiach don ghnóthas ar cuid de í. 3. Ní gá fógra a thabhairt don
Choimisiún i ndáil le seirbhís theicniúil inmheánach chreidiúnaithe ach amháin
chun críocha Airteagal 49, ach tabharfaidh an gnóthas ar cuid de í nó an
comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, faisnéis a bhaineann lena chreidiúnú, don
údarás ceadaithe ainmniúcháin, ar iarraidh an údaráis sin. 4. Cumhachtófar don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 lena
leagfar síos na ceanglais theicniúla a bhfuil féintástáil,ceadaithe ina leith,
dá dtagraítear i mír 1. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin
[31 Nollaig 2016]. Airteagal 47 Nósanna imeachta do chaighdeáin
feidhmíochta agus do mheasúnú na seirbhísí teicniúla D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na
seirbhísí teicniúla an leibhéal ard céanna de chaighdeáin feidhmíochta i ngach
Ballstát, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 55 a bhaineann leis na caighdeáin nach mór do na
seirbhísí teicniúla a chomhlíonadh agus an nós imeachta don mheasúnú orthu i
gcomhréir le hAirteagal 48 agus dá chreidiúnú i gcomhréir le
hAirteagal 46. Airteagal 48 Measúnú ar scileanna na seirbhísí
teicniúla 1. Tarraingeoidh an t‑údarás
ceadaithe ainmniúcháin suas tuarascáil mheasúnaithe ag taispeáint gur
measúnaíodh an tseirbhís theicniúil is iarrthóir maidir lena chomhréireacht le
ceanglais an Rialacháin seo agus na gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun an
Rialacháin seo. Féadfaidh deimhniú creidiúnaithe a d’eisigh comhlacht
creidiúnaithe a bheith san áireamh sa tuarascáil sin. 2. Déanfar an measúnú ar a
bhfuil an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 bunaithe i gcomhréir leis na
forálacha arna sonrú i ngníomh tarmligthe a glacfar de bhun Airteagail 55.
Athbhreithneofar an tuarascáil mheasúnaithe gach trí bliana ar a laghad. 3. Cuirfear an tuarascáil chuig
an gCoimisiún ar iarraidh. I gcásanna den sórt sin, nuair nach bhfuil an
measúnú bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe arna eisiúint ag comhlacht
náisiúnta creidiúnaithe ag dearbhú go gcomhlíonann an tseirbhís theicniúil
ceanglais an Rialacháin seo, cuirfidh an t‑údarás ceadaithe ainmniúcháin
ar fáil don Choimisiún fianaise dhoiciméadach a dhearbhaíonn inniúlacht na
seirbhíse teicniúla agus na socruithe atá suite chun a dheimhniú go ndéanann an
t‑údarás ceadaithe ainmniúcháin faireachán rialta ar an tseirbhís
theicniúil agus go gcomhlíonann sé ceanglais an Rialacháin seo agus na
gníomhartha a glacfar de bhun an Rialacháin seo. 4. Soláthróidh údarás ceadaithe
a bhfuil sé ar intinn aige a bheith ainmnithe mar sheirbhís theicniúil i
gcomhréir le hAirteagal 45(2), doiciméid ar chomhréireacht trí mheasúnú á
sheoladh ag iniúchóirí, neamhspleách ar an ngníomhaíocht atá á measúnú. Is
féidir d’iniúchóirí den sórt sin a bheith san eagraíocht chéanna ar chuntar go
ndéantar iad a bhainistiú ar leithligh ón bpearsanra atá i mbun na gníomhaíochta
measúnaithe. 5. Comhlíonfaidh seirbhís
theicniúil inmheánach chreidiúnaithe forálacha ábhartha an Airteagail seo. Airteagal 49 Nósanna imeachta maidir le fógra a
thabhairt 1. Tabharfaidh Ballstáit fógra
don Choimisiún maidir le hainm agus seoladh, lena n‑áirítear seoladh
leictreonach, na pearsana freagracha agus an chatagóir gníomhaíochtaí i ndáil
le gach seirbhís theicniúil a d’ainmnigh siad, chomh maith le haon mhodhnuithe
ina dhiaidh sin ar na hainmnithe sin. 2. Ní sheolfaidh seirbhís theicniúil
na himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 45(1) thar ceann an údaráis
cheadaithe ainmniúcháin atá freagrach as cineálcheadú AE, ach amháin má
cuireadh in iúl é roimh ré don Choimisiún i gcomhréir le mír 1 den
Airteagal seo. 3. Féadfaidh go n‑ainmneodh
a lán údarás ceadaithe ainmniúcháin an tseirbhís theicniúil chéanna agus go
dtabharfaidh Ballstáit na n‑údarás sin fógra ina leith, beag beann ar an
gcatagóir nó catagóirí gníomhaíochtaí a dhéanfaidh sé i gcomhréir le
hAirteagal 45(1). 4. Cuirfear scéala chuig an
gCoimisiún faoi aon athruithe ábhartha ina dhiaidh sin ar an ainmniú. 5. Nuair is gá d’eagraíocht
sonrach nó do chomhlacht inniúil, a dhéanann gníomhaíochtaí nach n‑áirítear
orthu siúd dá dtagraítear in Airteagal 45(1), a ainmniú chun gníomh tarmligthe
a chur i bhfeidhm, déanfar an fógra a thabhairt i gcomhréir leis an Airteagal
seo. 6. Foilseoidh an Coimisiún ar a
shuíomh idirlín liosta agus mionsonraí na seirbhísí teicniúla ar tugadh fógra
ina leith i gcomhréir leis an Airteagal seo. Airteagal 50 Athruithe ar na hainmnithe 1. Nuair atá sé faighte amach ag
údarás ceadaithe nó nuair a insíodh dó nach gcomhlíonann seirbhís theicniúil a
d’ainmnigh sé na ceanglais arna sonrú sa Rialachán seo a thuilleadh nó nach
bhfuil ag éirí leis a chuid dualgas a chomhlíonadh, déanfaidh an t‑údarás
ceadaithe ainmniúcháin an t‑ainmniú a theorannú, a chur ar fionraí nó a
tharraingt siar mar is iomchuí, ag brath ar thromchúis na teipe na ceanglais
sin nó na dualgais sin a chomhlíonadh. Cuirfidh an Ballstát a thug fógra faoin
tseirbhís theicniúil seo scéala láithreach chuig an gCoimisiún dá réir sin.
Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis fhoilsithe dá dtagraítear in
Airteagal 49(6) a mhodhnú dá réir sin. 2. I gcás ainmniú a theorannú, a
chur ar fionraí nó a tharraingt siar nó nuair a scoir an tseirbhís theicniúil
dá ghníomhaíocht, glacfaidh an t‑údarás ceadaithe ainmiúcháin na bearta
cuí chun a áirithiú go bpróiseálann seirbhís theicniúil eile comhaid na
seirbhíse teicniúla sin nó go gcoinnítear ar fáil don údarás ceadaithe ainmniúcháin
iad nó do na húdaráis um fhaireachas margaidh má iarrann sé sin. Airteagal 51 Dúshlán d’inniúlacht na seirbhísí
teicniúla 1. Fiosróidh an Coimisiún gach
cás ina mbíonn amhrais air nó ina dtugtar dá aire cúis amhrais i ndáil le
hinniúlacht seirbhíse teicniúla nó comhlíonadh na gceanglas agus na
bhfreagrachtaí a bhfuil sé faoina réir do sheirbhís theicniúil. 2. Soláthróidh Ballstát an
údaráis cheadaithe ainmniúcháin, don Choimisiún, ar iarraidh, gach faisnéis a
bhaineann leis an mbonn atá le hainmniú na seirbhíse teicniúla ábhartha nó leis
an ainmniú sin a choinneáil. 3. Áiritheoidh an Coimisiún go
bpléifear go rúnda le gach faisnéis íogair a gheofar le linn a chuid
fiosruithe. 4. Má fhaigheann an Coimisiún
amach nach gcomhlíonann seirbhís theicniúil na ceanglais atá ann dá ainmniú, nó
nach gcomhlíonann sí a thuilleadh iad, cuirfidh sé scéala chuig Ballstát an
údaráis cheadaithe ainmniúcháin dá réir sin d’fhonn na bearta ceartaitheacha is
gá a bhunú, i gcomhar leis an mBallstát sin agus iarrfaidh sé ar an mBallstát
sin na bearta ceartaitheacha sin a ghlacadh, lena n‑áirítear tarraingt
siar an ainmnithe más gá. Airteagal 52 Oibleagáidí oibríochtúla na seirbhísí
teicniúla 1. Tabharfaidh seirbhísí
teicniúla faoi na catagóirí gníomhaíochtaí dár ainmníodh iad thar ceann an
údaráis cheadúchain ag ainmniú agus i gcomhréir leis an measúnú agus na nósanna
imeachta tástála dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus ina ghníomhartha
tarmligthe. Déanfaidh seirbhísí teicniúla maoirseacht ar na
tástálacha is gá don cheadú nó d’iniúchtaí atá leagtha amach sa Rialachán seo
nó i gceann amháin de na gníomhartha tarmligthe a ghabhann leis, nó déanfaidh
siad féin iad, ach amháin i gcás go gceadaítear a mhalairt de nósanna imeachta.
Ní dhéanfaidh na seirbhísí teicniúla tástálacha, measúnuithe ná iniúchtaí nach
ndearna an t‑údarás ceadaithe iad a ainmniú cuí ina leith. 2. Déanfaidh seirbhísí teicniúla
na nithe seo a leanas i gcónaí: (yyy)
Cead a thabhairt don údarás ceadaithe ainmniúcháin
an tseirbhís theicniúil a fhianú i rith an mheasúnú chomhréireachta mar is cuí;
agus (zzz)
Gan dochar d’Airteagal 43(9) agus
d’Airteagal 53, an cineál faisnéise maidir leis na catagóirí
gníomhaíochtaí a thagann faoin Rialachán seo a sholáthar don údarás ceadaithe
ainmniúcháin, de réir mar a iarrtar sin. 3. Nuair a fhaigheann seirbhís
theicniúil amach nár chomhlíon monaróir na ceanglais atá leagtha síos sa
Rialachán seo, cuirfidh sí é sin in iúl don údarás ceadaithe ainmniúcháin sa
chaoi go ndéanfaidh t‑údarás sin éileamh ar an monaróir bearta
ceartaitheacha oiriúnacha a ghlacadh agus gan deimhniú ar chineálcheadú AE a
eisiúint ina dhiaidh sin murar glacadh bearta ceartaitheacha iomchuí chun
sástacht an údaráis cheadaithe. 4. Nuair a fhaigheann seirbhís
theicniúil, ag feidhmiú thar ceann an údaráis cheadaithe ag ainmniú, amach le
linn faireachán a dhéanamh ar chomhréireacht an táirgthe i ndiaidh deimhniú ar
chineálcheadú AE a eisiúint, nach gcomhlíonann inneall an Rialachán seo a
thuilleadh, cuirfidh sí é in iúl don údarás ceadaithe ainmniúcháin. Déanfaidh
an t‑údarás ceadaithe na bearta cuí dá bhforáiltear in Airteagal 25. Airteagal 53 Oibleagáidí faisnéise na seirbhísí
teicniúla 1. Cuirfidh seirbhísí teicniúla
an méid seo a leanas in iúl don údarás ceadaithe ainmniúcháin: (aaaa)
Aon neamhchomhréireacht ar thángthas roimhe lena
bhféadfadh gá a bheith le deimhniú ar chineálcheadú AE a dhiúltú, a theorannú,
a chur ar fionraí nó a tharraingt siar; (bbbb)
Aon chúinsí a théann i bhfeidhm ar raon feidhme nó
coinníollacha a n‑ainmnithe; (cccc)
Aon iarraidh ar fhaisnéis a fuair siad ó údaráis um
fhaireachas margaidh i ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí. 2. Ar iarraidh ón údarás
ceadaithe ainmniúcháin, soláthróidh seirbhísí teicniúla faisnéis ar na
gníomhaíochtaí laistigh de raon feidhme a n‑ainmniú agus ar aon
ghníomhaíocht eile a rinneadh, lena n‑áirítear imeachtaí trasteorann agus
fochonrú. CAIBIDIL XIII GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME AGUS
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE Airteagal 54 Nós imeachta coiste 1. Tabharfaidh an 'Coiste
Teicniúil - Mótarfheithiclí' a bunaíodh faoi Airteagal 40(1) de
Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh don
Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh.
182/2011. 2. I gcás ina ndéantar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. Airteagal 55 An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na
gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don
Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3,
Airteagal 17(5), Airteagal 18(2), Airteagal 23(11),
Airteagal 24(4), Airteagal 25(6), Airteagal 31(5),
Airteagal 32(5), Airteagal 40(4), Airteagal 41(5),
Airteagal 46(4) agus Airteagal 47 a thabhairt don Choimisiún go ceann
tréimhse cúig bliana amhail ón [iontráil dáta: teacht i bhfeidhm]. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in
Airteagal 3, Airteagal 17(5), Airteagal 18(2),
Airteagal 23(11), Airteagal 24(4), Airteagal 25(6), Airteagal 31(5),
Airteagal 32(5), Airteagal 40(4), Airteagal 41(5),
Airteagal 46(4) agus Airteagal 47 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh
cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta
atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú
an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a
shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha
tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus
don Chomhairle ina leith an tráth céanna. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3, Airteagal 17(5),
Airteagal 18(2), Airteagal 23(11), Airteagal 24(4), Airteagal 25(6),
Airteagal 31(5), Airteagal 32(5), Airteagal 40(4),
Airteagal 41(5), Airteagal 46(4) agus Airteagal 47 i bhfeidhm
ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an
gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a
thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh
dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle
araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar
an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na
Comhairle. CAIBIDIL XIV FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 56 Pionóis 1. Déanfaidh na Ballstáit foráil
do phionóis i leith sárú an Rialacháin seo ó oibritheoirí eacnamaíocha nó ó
OEManna. Déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na
pionóis chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach,
comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don
Choimisiún maidir leis na forálacha sin faoin [iontráil dáta: 2 bliain tar éis
a theacht i bhfeidhm] agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill
faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanann difear dóibh. 2. I measc na cineálacha
saruithe atá faoi réir pionóis, beidh: (dddd)
Ráitis bhréige a dhéanamh, go háirithe i rith
nósanna imeachta ceadaithe, nósanna imeachta a dtagann athghairm dá mbarr nó
nósanna imeachta a bhaineann le díolúintí; (eeee)
Torthaí tástála don chineálcheadú AE nó don
chomhréireacht inseirbhíse a bhréagnú; (ffff)
Dálaí nó sonraí teicniúla a choinneáil siar a
dtiocfadh athghairm, diúltú nó tarraingt siar cineálcheadaithe AE dá bharr; (gggg)
straitéisí uathmhaolaithe a úsáid; (hhhh)
rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú; (iiii)
innill atá faoi réir ceadaithe a chur ar an margadh
gan cheadú den sórt sin nó doiciméid nó comharthaí a bhréagnú chun na críche
sin; (jjjj)
inneall idirthréimhse agus innealra ina
suiteáiltear na hinnill seo a chur ar an margadh, ag sárú forálacha díolúine; (kkkk)
srianta úsáide an innill, mar atá leagtha amach in
Airteagal 4, a shárú; (llll)
inneall a mhodhnú sa chaoi nach bhfuil an t‑inneall
i gcomhréir le sonraíochtaí a chineálcheadaithe a thuilleadh; (mmmm)
inneal a shuiteáil in innealra i gcomhair úsáide
nach í an úsáid eisiach dá bhforáitlear in Airteagal 4 í; (nnnn)
inneall a chur ar an margadh faoi
Airteagal 32(4) le húsáid i bhfeidhm nach raibh coinne leis san Airteagal
sin. Airteagal 57 Forálacha idirthréimhseacha 1. Gan dochar do na forálacha i
gCaibidil II agus Caibidil III ní fhágfaidh an Rialachán seo
neamhbhailí aon chineálcheadú AE roimh na dátaí chun na hinnill dá dtagraítear
in Iarscríbhinn III a chur ar an margadh. 2. Féadfaidh údaráis cheadaithe
leanúint orthu ag deonú cineálcheaduithe, i gcomhréir leis an reachtaíocht
ábhartha is infheidhme ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo go dtí na
dátaí éigeantacha do chineálcheadú AE na n‑inneall dá dtagraítear in
Iarscríbhinn III. 3. De mhaolú ón Rialachán seo,
is féidir innill a bhfuil cineálcheadú AE faighte acu cheana féin de bhun na
reachtaíochta ábhartha is infheidhme ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin
seo, nó a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach ag an gCoimisiún Lárnach
um Loingseoireacht na Réine (CCNR) agus a glacadh mar CCNR Céim II, i
bhfianaise Choinbhinsiún Mannheim do loingseoireacht na Réine, is féidir
leanúint á gcur ar an margadh go dtí na dátaí chun innill a chur ar an margadh
dá dtagraítear in Iarscríbhinn III. I gcás den sórt sin, ní chuirfidh na húdaráis
náisiúnta toirmeasc, bac ná srianadh ar innill atá i gcomhréir leis an gcineál
ceadaithe a chur ar an margadh. 4. Is féidir leanúint d’innill
nach bhfuil faoi réir cineálcheadaithe ar leibhéal an Aontais ar dháta theacht
i bhfeidhm an Rialacháin seo, a chur ar an margadh ar bhonn na rialacha
náisiúnta atá i bhfeidhm, más ann dóibh, go dtí na dátaí chun innill a chur ar
an margadh dá dtagraítear in Iarscríbhinn III. 5. Gan dochar
d’Airteagal 5(3) agus Airteagal 17(2) is féidir innill
idirthréimhseacha agus, nuair is infheidhme, an t‑innealra ina
suiteáiltear na hinnill idirthréimhseacha sin, a chur ar an margadh i gcónaí i
rith na hidirthréimhse ar choinníoll go bhfuil dáta táirgthe roimh bhliain
amháin i ndiaidh tús na hidirthréimhse ag an inneall ina suiteáiltear an t‑inneall
idirthréimhseach. I gcás innill den chatagóir NRE, údaróidh na
Ballstáit síneadh ar an idirthréimhse agus ar an tréimhse 12 mí dá dtagraítear
sa chéad fho-alt, de 12 mí breise do OEManna a bhfuil táirgeadh iomlán
bliantúil acu is lú ná 50 aonad d’innealra soghluaiste neamhbhóthair atá
feistithe le hinnill dócháin. Chun críocha áirimh an táirgthe iomláin bhliantúil
dá dtagraítear sa mhír seo, measfar gach OEM faoi stiúir an duine nádúrtha nó
dlítheanach chéanna a bheith ina OEM aonair. 6. Faoi réir na bhforálacha atá
leagtha amach i mír 5, is féidir innill idirthréimhseacha atá i gcomhréir le
cineálacha innill nó aicmí innill nach bhfuil a gcineálcheadú bailí a
thuilleadh de bhun Airteagail 29(2)(a) a chur ar an margadh ar na cúinsí
seo a leanas : (oooo)
Go bhfuil siad cumhdaithe ag
cineálcheadú AE a bhí bailí thráth a dtáirgthe agus nár cuireadh ar an margadh
iad roimh dhul in éag an chineálcheadaithe AE sin, nó (pppp)
ní raibh sé rialáilte ar leibhéal an Aontais ar
dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. 7. Ní bheidh feidhm ag mír 6
ach ar feadh tréimhse: (qqqq)
18 mí ón dáta chun innill a chur ar an margadh atá
leagtha amach in Iarscríbhinn III, sa chás atá leagtha amach sa chéad
fhomhír de mhír 5; (rrrr)
30 mí ón dáta chun innill a chur ar an margadh atá
leagtha amach in Iarscríbhinn III, sa chás atá leagtha amach sa dara
fhomhír de mhír 5. 8. Áiritheoidh monaróirí go
mbeidh comhartha ar na hinnill idirthréimhseacha ag taispeáint dáta táirgthe an
innill. Féadfar an fhaisnéis seo a ghreamú de phláta reachtúil an innill nó a
mharcáil air. Airteagal 58 Tuarascáil 1. Faoin
31 Nollaig 2021, cuirfidh na Ballstáit scéala chuig an gCoimisiún
faoi fheidhmiú nósanna imeachta an chineálcheadaithe AE atá leagtha síos sa
Rialachán seo. 2. Ar bhonn na faisnéise a
chuirfear ar fáil faoi mhí1, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fheidhmiú an
Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin
31 Nollaig 2022. Airteagal 59 Athbhreithniú 1. Faoin
31 Nollaig 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid
Pharlaiminte na hEorpa agus na Comhairle i ndáil le: (ssss)
Measúnú ar an gcumas astaíochtaí truailleán a
laghdú tuilleadh, ar bhonn na dteicneolaíochtaí atá ar fáil agus anailís
chostais / sochair; (tttt)
Cineálacha truailleán a d'fheadfadh a bheith
ábhartha, nach dtagann faoin raon feidhme an Rialacháin seo faoi láthair, a
shainaithint. 2. Faoin
31 Nollaig 2025, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid
Pharlaiminte na hEorpa agus na Comhairle i ndáil le: (uuuu)
Úsáid na gclásal díolúine dá bhforáiltear in
Airteagal 32(3) agus (4); (vvvv)
Faireachán a dhéanamh ar thorthaí na dtástálacha
astaíochta atá leagtha amach in Airteagal 17(18) agus na conclúidí uathu. 3. Beidh na tuarascálacha dá
dtagraítear i mír 1 agus mír 2 bunaithe ar chomhairliúchán leis na
geallsealbhóirí ábhartha agus cuirfidh siad san áireamh caighdeáin ghaolmhara
Eorpacha agus idirnáisiúnta atá ann cheana. Beidh tograí reachtacha ag gabháil
leis, de réir mar is iomchuí. Airteagal 60 Aisghairm Gan dochar do mhír 1 go mír 4
d’Airteagal 57, déantar Treoir 97/68/CE a aisghairm le héifeacht ón
1 Eanáir 2017. Airteagal 61 Teacht
i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm 1. Tiocfaidh an Treoir seo i
bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais
Eorpaigh. 2. Beidh sé infheidhme amhail ón
1 Eanáir 2017. Ón dáta dá dtagraítear i mír 1, ní dhiúltóidh
údaráis náisiúnta iarratas monaróra cineálcheadú AE a dheonú do chineál nua
innill nó aicme nua innill nó a gcur ar an margadh a thoirmeasc má tá an t‑inneall
sin nó an aicme innill sin i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach i
gCaibidlí II, III, IV agus VIII. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach
Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Cinneadh Uimh. 1600/2002/CE an 22 Iúil 2002 [2] COM(2005)446 an 21 Meán Fómhair 2005 [3] COM(2011)144 an 28 Márta 2011 [4] COM(2012)582 an 10 Deireadh Fómhair 2012 [5] http://ec.europa.eu/enterprise/sectors/automotive/documents/consultations/2012-emissions-nrmm/index_en.htm [6] http://ec.europa.eu/enterprise/sectors/mechanical/non‑road‑mobile-machinery/publications-studies/index_en.htm [7] http://ec.europa.eu/transport/modes/inland/studies/inland_waterways_en.htm [8] T‑Systems 2006, Database for
the Exchange of Type Approval Documentation (DETA),
staidéar féidearthachta [9] IO L … [10] IO L … [11] Treoir 97/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 16 Nollaig 1997 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a
bhaineann leis na bearta atá le glacadh in aghaidh astaíocht truailleán gásach
agus cáithníneach ó innill dócháin inmheánaigh atá le suiteáil in innealra soghluaiste
neamhbhóthair (IO L 59 27.2.1998, lch. 1). [12] Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus faireachas
margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch.
1). [13] Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le Clár Gníomhaíochta Comhshaoil
Ginearálta an Aontais go dtí 2020 ‘Beo beathach, laistigh de theorainneacha ár
bpláinéid’ (IO L 354, 28.12.2013, lch. 171). [14] Cinneadh Uimh. 1600/2002/CE; Treoir 2008/50/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir
le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L
152, 11.6.2008, lch. 1). [15] Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le
creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú (IO
L 218, 13.8.2008, lch. 30). [16] Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na
prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit
ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011,
lch. 13). [17] Treoir 2007/46/EC Pharlaimint na hEorpa agus na
Comhairle den 5 Meán Fómhair 2007 ag bunú creat le haghaidh feithiclí mótair
agus a leantóirí a cheadú, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid teicniúla
leithleacha atá ceaptha do na feithiclí sin (IO L 263, 9.10.2007,
lch. 1). [18] Rialachán (AE) Uimh 167/2013 ó Pharlaimint Eorpach agus ón
gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le ceadú agus faireachas a dhéanamh ar fheithiclí
talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1). [19] Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí siamsaíochta agus árthaí
pearsanta uisce agus lena n‑aisghairmtear Treoir 94/25/CE (IO L 354,
28.12.2013, lch. 90). [20] 298K, brú iomlán comhthimpeallach 101,3 kPa. [21] Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach ceanglais creidiúnaithe
agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n‑aisghairtear
Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30). [22] Treoir 2014/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a
bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha chun úsáid in atmaisféir
phléascacha féideartha (athmhúnlú) (IO L 96, 29.3.2014, lch 309 ) IARSCRÍBHINNÍ IARSCRÍBHINN
I Sainmhíniú
ar fhochatagóirí innill dá dtagraítear in Airteagal 4 Tábla I-1:
Fochatagóirí na catagóire innill NRE atá sainmhínithe in Airteagal 4
pointe (1) Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Cumhacht tagartha NRE || CI || inathraithe || 0<P<8 || NRE-v-1 || Glanchumhacht uasta CI || 8≤P<19 || NRE-v-2 CI || 19≤P<37 || NRE-v-3 CI || 37≤P<56 || NRE-v-4 gach ceann || 56≤P<130 || NRE-v-5 130≤P≤560 || NRE-v-6 P>560 || NRE-v-7 CI || seasmhach || 0<P<8 || NRE-c-1 || Glanchumhacht rátaithe CI || 8≤P<19 || NRE-c-2 CI || 19≤P<37 || NRE-c-3 CI || 37≤P<56 || NRE-c-4 gach ceann || 56≤P<130 || NRE-c-5 130≤P≤560 || NRE-c-6 P>560 || NRE-c-7 Tábla I-2:
Fochatagóirí na catagóire innill NRG atá sainmhínithe in Airteagal 4
pointe (2) Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Cumhacht tagartha NRG || gach ceann || inathraithe || P>560 || NRG-v-1 || Glanchumhacht uasta seasmhach || P>560 || NRG-c-1 || Glanchumhacht rátaithe Tábla I-3: Fochatagóirí na catagóire
innill NRSh atá sainmhínithe in Airteagal 4 pointe (3) Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Scuab‑thoirt (cm3) || Fochatagóir || Cumhacht tagartha NRSh || SI || inathraithe nó seasmhach || 0<P<19 || SV<50 || NRSh-v-1a || Glanchumhacht uasta SV≥50 || NRSh-v-1b Tábla I-4: Fochatagóirí na catagóire
innill NRS atá sainmhínithe in Airteagal 4 pointe (4) Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Scuab‑thoirt (cm3) || Fochatagóir || Cumhacht tagartha NRS || SI || inathraithe, rátaithe; nó seasmhach || 0<P<19 || 80≤SV<225 || NRS-vr-1a || Glanchumhacht uasta SV≥225 || NRS-vr-1b inathraithe, idirmheánach || 80≤SV<225 || NRS-vi-1a SV≥225 || NRS-vi-1b inathraithe nó seasmhach || 19≤P<30 || SV≤1000 || NRS-v-2a || Glanchumhacht uasta SV>1000 || NRS-v-2b 30≤P<56 || ceann ar bith || NRS-v-3 || Glanchumhacht uasta I gcás inneall
<19kW ag a bhfuil SV<80cm3 in innealra seachas innealra láimhe, úsáidfear
innill na catagóire NRSh. Tábla I-5: Fochatagóirí na catagóire
innill IWP atá sainmhínithe in Airteagal 4 pointe (5) Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Cumhacht tagartha IWP || gach ceann || inathraithe || 37≤P<75 || IWP-v-1 || Glanchumhacht uasta 75≤P<130 || IWP-v-2 130≤P<300 || IWP-v-3 300≤P<1000 || IWP-v-4 P≥1000 || IWP-v-5 seasmhach || 37≤P<75 || IWP-c-1 || Glanchumhacht rátaithe 75≤P<130 || IWP-c-2 130≤P<300 || IWP-c-3 300≤P<1000 || IWP-c-4 P≥1000 || IWP-c-5 Tábla I-6: Fochatagóirí na catagóire
innill IWA atá sainmhínithe in Airteagal 4 pointe (6) Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Cumhacht tagartha IWA || gach ceann || inathraithe || 560≤P<1000 || IWA-v-1 || Glanchumhacht uasta P≥1000 || IWA-v-2 seasmhach || 560≤P<1000 || IWA-c-1 || Glanchumhacht rátaithe P≥1000 || IWA-c-2 Tábla I-7: Fochatagóirí na catagóire
innill RLL atá sainmhínithe in Airteagal 4 pointe (7) Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Cumhacht tagartha RLL || gach ceann || inathraithe || P>0 || RLL-v-1 || Glanchumhacht uasta seasmhach || P>0 || RLL-c-1 || Glanchumhacht rátaithe Tábla I-8: Fochatagóirí na catagóire
innill RLR atá sainmhínithe in Airteagal 4 pointe (8) Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Cumhacht tagartha RLR || gach ceann || inathraithe || P>0 || RLR-v-1 || Glanchumhacht uasta seasmhach || P>0 || RLR-c-1 || Glanchumhacht rátaithe Tábla I-9: Fochatagóirí na catagóire
innill SMB atá sainmhínithe in Airteagal 4 pointe (9) Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Cumhacht tagartha SMB || SI || inathraithe nó seasmhach || P>0 || SMB-v-1 || Glanchumhacht uasta Tábla I-10: Fochatagóirí na catagóire
innill ATS atá sainmhínithe in Airteagal 4 pointe (10) Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Cumhacht tagartha ATS || SI || inathraithe nó seasmhach || P>0 || ATS-v-1 || Glanchumhacht uasta IARSCRÍBHINN
II Teorainneacha
astaíochtaí sceite dá dtagraítear in Airteagal 17(2) Tábla II-1: Teorainneacha astaíochtaí
Chéim V don chatagóir innill NRE atá sainmhínithe in Airteagal 4
pointe (1) Céim astaíochta || Fochatagóir innill || Raon cumhachta || Cineál adhainte an innill || CO || HC || NOx || Mais na gcáithníní || Líon na gcáithníní || A || || kW || || g/kWh || g/kWh || g/kWh || g/kWh || #/kWh || Céim V || NRE-v-1 NRE-c-1 || 0<P<8 || CI || 8,00 || (HC+NOx≤7,50) || 0,401) || - || 1,10 Céim V || NRE-v-2 NRE-c-2 || 8≤P<19 || CI || 6,60 || (HC+NOx≤7,50) || 0,40 || - || 1,10 Céim V || NRE-v-3 NRE-c-3 || 19≤P<37 || CI || 5,00 || (HC+NOx≤4,70) || 0,015 || 1x1012 || 1,10 Céim V || NRE-v-4 NRE-c-4 || 37≤P<56 || CI || 5,00 || (HC+NOx≤4,70) || 0,015 || 1x1012 || 1,10 Céim V || NRE-v-5 NRE-c-5 || 56≤P<130 || gach ceann || 5,00 || 0,19 || 0,40 || 0,015 || 1x1012 || 1,10 Céim V || NRE-v-6 NRE-c-6 || 130≤P≤560 || gach ceann || 3,50 || 0,19 || 0,40 || 0,015 || 1x1012 || 1,10 Céim V || NRE-v-7 NRE-c-7 || P>560 || gach ceann || 3,50 || 0,19 || 3,50 || 0,045 || - || 6,00 1) 0,6 i gcás
inneall insteallta dhírigh aerfhuaraithe is féidir a adhaint de láimh Tábla II-2: Teorainneacha astaíochtaí
Chéim V don chatagóir innill NRG atá sainmhínithe in Airteagal 4
pointe (2) Céim astaíochta || Fochatagóir innill || Raon cumhachta || Cineál adhainte an innill || CO || HC || NOx || Mais na gcáithníní || Líon na gcáithníní || A || || kW || || g/kWh || g/kWh || g/kWh || g/kWh || #/kWh || Céim V || NRG-v-1 NRG-c-1 || P>560 || gach ceann || 3,50 || 0,19 || 0,67 || 0,035 || - || 6,00 Tábla II-3: Teorainneacha astaíochtaí
Chéim V don chatagóir innill NRSh atá sainmhínithe in Airteagal 4
pointe (3) Céim astaíochta || Fochatagóir innill || Raon cumhachta || Cineál adhainte an innill || CO || HC + NOx || || kW || || g/uaireanta kW || g/uaireanta kW Céim V || NRSh-v-1a || 0<P<19 || Spréachadhaint || 805 || 50 Céim V || NRSh-v-1b || 603 || 72 Tábla II-4: Teorainneacha astaíochtaí
Chéim V don chatagóir innill NRS atá sainmhínithe in Airteagal 4
pointe (4) Céim astaíochta || Fochatagóir innill || Raon cumhachta || Cineál adhainte an innill || CO || HC + NOx || || kW || || g/kWh || g/kWh Céim V || NRS-vr-1a NRS-vi-1a || 0<P<19 || Spréachadhaint || 610 || 10 Céim V || NRS-vr-1b NRS-vi-1b || 610 || 8 Céim V || NRS-v-2a || 19≤P≤30 || 610 || 8 Céim V || NRS-v-2b NRS-v-3 || 19≤P<56 || 4,40* || 2,70* *Mar rogha air
seo, aon chomhcheangal luachanna a chomhlíonann an chothromóid (HC+NOX)
× CO0.784 ≤ 8,57 chomh maith leis na
coinníollacha: CO ≤ 20,6 g/kWh agus (HC+NOX) ≤ 2,7 g/kWh Tábla II-5: Teorainneacha astaíochtaí
Chéim V don chatagóir innill IWP atá sainmhínithe in Airteagal 4
pointe (5) Céim astaíochta || Fochatagóir innill || Raon cumhachta || Cineál adhainte an innill || CO || HC || NOx || Mais na gcáithníní || Líon na gcáithníní || A || || kW || || g/kWh || g/kWh || g/kWh || g/kWh || #/kWh || Céim V || IWP-v-1 IWP-c-1 || 37≤P<75 || gach ceann || 5,00 || (HC+NOx≤4,70) || 0,30 || - || 6,00 Céim V || IWP-v-2 IWP-c-2 || 75≤P<130 || gach ceann || 5,00 || (HC+NOx≤5,40) || 0,14 || - || 6,00 Céim V || IWP-v-3 IWP-c-3 || 130≤P<300 || gach ceann || 3,50 || 1,00 || 2,10 || 0,11 || - || 6,00 Céim V || IWP-v-4 IWP-c-4 || 300≤P<1000 || gach ceann || 3,50 || 0,19 || 1,20 || 0,02 || 1x1012 || 6,00 Céim V || IWP-v-5 IWP-c-5 || P>1000 || gach ceann || 3,50 || 0,19 || 0,40 || 0,01 || 1x1012 || 6,00 Tábla II-6: Teorainneacha astaíochtaí
Chéim V don chatagóir innill IWA atá sainmhínithe in Airteagal 4
pointe (6) Céim astaíochta || Fochatagóir innill || Raon cumhachta || Cineál adhainte an innill || CO || HC || NOx || Mais na gcáithníní || Líon na gcáithníní || A || || kW || || g/kWh || g/kWh || g/kWh || g/kWh || #/kWh || Céim V || IWA-v-1 IWA-c-1 || 560≤P<1000 || gach ceann || 3,50 || 0,19 || 1,20 || 0,02 || 1x1012 || 6,00 Céim V || IWA-v-2 IWA-c-2 || P≥1000 || gach ceann || 3,50 || 0,19 || 0,40 || 0,01 || 1x1012 || 6,00 Tábla II-7: Teorainneacha astaíochtaí
Chéim V don chatagóir innill RLL atá sainmhínithe in Airteagal 4
pointe (7) Céim astaíochta || Fochatagóir innill || Raon cumhachta || Cineál adhainte an innill || CO || HC || NOx || Mais na gcáithníní || Líon na gcáithníní || A || || kW || || g/kWh || g/kWh || g/kWh || g/kWh || #/kWh || Céim V || RLL-c-1 RLL-v-1 || P>0 || gach ceann || 3,50 || (HC+NOx≤4,00) || 0,025 || - || 6,00 Tábla II-8: Teorainneacha astaíochtaí
Chéim V don chatagóir innill RLR atá sainmhínithe in Airteagal 4
pointe (8) Céim astaíochta || Fochatagóir innill || Raon cumhachta || Cineál adhainte an innill || CO || HC || NOx || Mais na gcáithníní || LÍON NA GCÁITHNÍNÍ || A || || kW || || g/kWh || g/kWh || g/kWh || g/kWh || #/kWh || Céim V || RLR-c-1 RLR-v-1 || P>0 || gach ceann || 3,50 || 0,19 || 2,00 || 0,015 || 1x1012 || 6,00 Tábla II-9: Teorainneacha astaíochtaí
Chéim V don chatagóir innill SMB atá sainmhínithe in Airteagal 4
pointe (9) Céim astaíochta || Fochatagóir innill || Raon cumhachta || Cineál adhainte an innill || CO || NOx || HC || || kW || || g/kWh || g/kWh || g/kWh Céim V || SMB-v-1 || P>0 || SI || 275 || - || 75 Tábla II-10: Teorainneacha astaíochtaí
Chéime V don chatagóir innill ATS atá sainmhínithe in Airteagal 4 pointe
(10) Céim astaíochta || Fochatagóir innill || Raon cumhachta || Cineál adhainte an innill || CO || HC + NOx || || kW || || g/kWh || g/kWh Céim V || ATS-v-1 || P>0 || SI || 400 || 8 Forálacha
sonracha maidir le teorainneacha hidreacharbón (HC)
d’innill gásbhreosla iomláin nó pháirtigh 1. Maidir leis na fochatagóirí ina bhfuil A‑fhachtóir
sainithe, cuirtear an teorainn HC d’innill gásbhreosla
iomláin nó pháirtigh atá léirithe sa Tábla in
ionad na teorann HC a ríomhtar leis an bhfoirmle seo a leanas: HC = 0,19 + (1,5*A*GER) Is é GER an meánchóimheas gáis i rith an
timthrialla iomchuí. I gcás ina bhfuil feidhm ag timthriall tástála foistine
agus díomuan araon, dearbhófar an GER ón timthriall tástála díomuan
teodhúiseachta. I gcás ina bhfuil níos mó ná timthriall tástála foistine
amháin i gceist dearbhófar an meánchóimheas gáis do gach timthriall ar
leithligh. I gcás ina sáraíonn an teorainn ríofa HC an
luach 0,19 + A athrófar an teorainn HC go dtí 0,19 + A. Fíor 1. Scéimléaráid den teorainn astaíochtaí
HC de réir an mheánchóimheasa gáis (GER) 2. Maidir le fochatagóirí lena mbaineann
teorainn comhcheangailte HC agus NOx, déanfar an teorainnluach comhcheangailte
HC agus NOx a laghdú 0.19g/kWh agus ní bheidh feidhm aige ach maidir le NOx
amháin. 3. Níl feidhm ag an bhfoirmle maidir le
hinnill nach innill gásbhreosla iad. IARSCRÍBHINN
III Amchlár
do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo
maidir le cineálcheaduithe AE agus cur ar an margadh Tábla III-1: Dátaí chur i bhfeidhm an
Rialacháin seo maidir leis an gcatagóir innill NRE Catagóir || Cineál adhainte || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Dáta éigeantach chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis na nithe seo a leanas: Cineálcheadú AE maidir le hinnill || Innill a chur ar an margadh NRE || CI || 0<P<8 || NRE-v-1 NRE-c-1 || 1 Eanáir 2018 || 1 Eanáir 2019 CI || 8≤P<19 || NRE-v-2 NRE-c-2 CI || 19≤P<37 || NRE-v-3 NRE-c-3 || 1 Eanáir 2018 || 1 Eanáir 2019 37≤P<56 || NRE-v-4 NRE-c-4 gach ceann || 56≤P<130 || NRE-v-5 NRE-c-5 || 1 Eanáir 2019 || 1 Eanáir 2020 130≤P≤560 || NRE-v-6 NRE-c-6 || 1 Eanáir 2018 || 1 Eanáir 2019 P>560 || NRE-v-7 NRE-c-7 || 1 Eanáir 2018 || 1 Eanáir 2019 Tábla III-2:
Dátaí chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis an gcatagóir innill NRG Catagóir || Cineál adhainte || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Dáta éigeantach chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis na nithe seo a leanas: || || || || Cineálcheadú AE maidir le hinnill || Innill a chur ar an margadh NRG || gach ceann || P>560 || NRG-v-1 NRG-c-1 || 1 Eanáir 2018 || 1 Eanáir 2019 Tábla III-3: Dátaí chur i bhfeidhm an
Rialacháin seo maidir leis an gcatagóir innill NRSh Catagóir || Cineál adhainte || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Dáta éigeantach chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis na nithe seo a leanas: || || || || Cineálcheadú AE maidir le hinnill || Innill a chur ar an margadh NRSh || Spréachadhaint || 0<P<19 || NRSh-v-1a NRSh-v-1b || 1 Eanáir 2018 || 1 Eanáir 2019 Tábla III-4:
Dátaí chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis an gcatagóir innill NRS Catagóir || Cineál adhainte || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Dáta éigeantach chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis na nithe seo a leanas: || || || || Cineálcheadú AE maidir le hinnill || Innill a chur ar an margadh NRS || Spréachadhaint || 0<P<56 || NRS-vr-1a NRS-vi-1a NRS-vr-1b NRS-vi-1b NRS-v-2a NRS-v-2b NRS-v-3 || 1 Eanáir 2018 || 1 Eanáir 2019 Tábla III-5:
Dátaí chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis an gcatagóir innill IWP Catagóir || Cineál adhainte || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Dáta éigeantach chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis na nithe seo a leanas: || || || || Cineálcheadú AE maidir le hinnill || Innill a chur ar an margadh IWP || gach ceann || 37<P<300 || IWP-v-1 IWP-c-1 IWP-v-2 IWP-c-2 IWP-v-3 IWP-c-3 || 1 Eanáir 2018 || 1 Eanáir 2019 300≤P<1000 || IWP-v-4 IWP-c-4 || 1 Eanáir 2019 || 1 Eanáir 2020 P≥1000 || IWP-v-5 IWP-c-5 || 1 Eanáir 2020 || 1 Eanáir 2021 Tábla III-6:
Dátaí chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis an gcatagóir innill IWA Catagóir || Cineál adhainte || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Dáta éigeantach chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis na nithe seo a leanas: || || || || Cineálcheadú AE maidir le hinnill || Innill a chur ar an margadh IWA || gach ceann || 560≤P<1000 || IWA-v-1 IWA-c-1 || 1 Eanáir 2019 || 1 Eanáir 2020 P≥1000 || IWA-v-2 IWA-c-2 || 1 Eanáir 2020 || 1 Eanáir 2021 Tábla III-7: Dátaí chur i bhfeidhm an
Rialacháin seo maidir leis an gcatagóir innill RLL Catagóir || Cineál adhainte || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Dáta éigeantach chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis na nithe seo a leanas: || || || || Cineálcheadú AE maidir le hinnill || Innill a chur ar an margadh RLL || gach ceann || P>0 || RLL-v-1 RLL-c-1 || 1 Eanáir 2020 || 1 Eanáir 2021 Tábla III-8: Dátaí chur i bhfeidhm an
Rialacháin seo maidir leis an gcatagóir innill RLR Catagóir || Cineál adhainte || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Dáta éigeantach chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis na nithe seo a leanas: || || || || Cineálcheadú AE maidir le hinnill || Innill a chur ar an margadh RLR || gach ceann || P>0 || RLR-v-1 RLR-c-1 || 1 Eanáir 2020 || 1 Eanáir 2021 Tábla III-9: Dátaí chur i bhfeidhm an
Rialacháin seo maidir leis an gcatagóir innill SMB Catagóir || Cineál adhainte || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Dáta éigeantach chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis na nithe seo a leanas: || || || || Cineálcheadú AE maidir le hinnill || Innill a chur ar an margadh SMB || Spréachadhaint || P>0 || SMB-v-1 || 1 Eanáir 2018 || 1 Eanáir 2019 Tábla III-10:
Dátaí chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis an gcatagóir innill ATS Catagóir || Cineál adhainte || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || Dáta éigeantach chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis na nithe seo a leanas: || || || || Cineálcheadú AE maidir le hinnill || Innill a chur ar an margadh ATS || Spréachadhaint || P>0 || ATS-v-1 || 1 Eanáir 2018 || 1 Eanáir 2019 IARSCRÍBHINN IV Timthriallta tástála foistine
neamhbhóthair (NRSC) Tábla IV-1: Timthriallta tástála NRSC
d’innill na catagóire NRE Catagóir || Modh luais || Cuspóir || || NRSC NRE || inathraithe || Inneall luais inathraithe a bhfuil cumhacht tagartha faoi bhun 19 kW aige || NRE-v-1 NRE-v-2 || G2 nó C1 Inneall luais inathraithe a bhfuil cumhacht tagartha atá cothrom le 19 kW nó níos mó aige ach nach bhfuil níos mó ná 560 kW || NRE-v-3 NRE-v-4 NRE-v-5 NRE-v-6 || C1 Inneall luais inathraithe a bhfuil cumhacht tagartha níos mó ná 560 kW aige || NRE-v-7 || C1 seasmhach || Inneall luais sheasmhaigh || NRE-c-1 NRE-c-2 NRE-c-3 NRE-c-4 NRE-c-5 NRE-c-6 NRE-c-7 || D2 Tábla IV-2: Timthriallta tástála NRSC
d’innill na catagóire NRG Catagóir || Modh luais || Cuspóir || || NRSC NRG || inathraithe || Inneall luais inathraithe d’fhoireann gineadóireachta || NRG-v-1 || C1 seasmhach || || NRG-c-1 || D2 Tábla IV-3: Timthriallta tástála NRSC
d’innill na catagóire NRSh Catagóir || Modh luais || Cuspóir || || NRSC NRSh || inathraithe nó seasmhach || Inneall ag a bhfuil cumhacht tagartha nach mó ná 19 kW, lena úsáid in innealra láimhe || NRSh-v-1a NRSh-v-1b || G3 Tábla IV-4: Timthriallta tástála NRSC
d’innill na catagóire NRS Catagóir || Modh luais || Cuspóir || || NRSC NRS || Inathraithe, idirmheánach || Inneall luais inathraithe ag a bhfuil cumhacht tagartha nach mó ná 19 kW, atá beartaithe d’feidhmeanna luais inathraithe || NRS-vi-1a NRS-vi-1b || G1 inathraithe, rátaithe; nó seasmhach || Inneall luais inathraithe ag a bhfuil cumhacht tagartha nach mó ná 19 kW, atá beartaithe d’fheidhmeanna luais inathraithe; inneall luais sheasmhaigh ag a bhfuil cumhacht tagartha nach mó ná 19 kW || NRS-vr-1a NRS-vr-1b || G2 inathraithe nó seasmhach || Inneall ag a bhfuil cumhacht tagartha idir 19 kW agus 30 kW agus scuab‑thoirt iomlán faoi bhun aon lítir amháin || NRS-v-2a || G2 Inneall ag a bhfuil cumhacht tagartha níos mó ná 19 kW, seachas inneall ag a bhfuil cumhacht tagartha idir 19 kW agus 30 kW agus scuab‑thoirt iomlán faoi bhun aon lítir amháin || NRS-v-2b NRS-v-3 || C2 Tábla IV-5: Timthriallta tástála NRSC
d’innill na catagóire IWP Catagóir || Modh luais || Cuspóir || || NRSC IWP || inathraithe || Inneall luais inathraithe atá beartaithe lena thiomáint agus a oibrítear trí chuar liáin céime fosaithe || IWP-v-1 IWP-v-2 IWP-v-3 IWP-v-4 || E3 seasmhach || Inneall luais sheasmhaigh atá beartaithe lena thiomáint agus a oibrítear trí lián céime inrialaithe nó trí lián atá cúpláilte go leictreach. || IWP-c-1 IWP-c-2 IWP-c-3 IWP-c-4 || E2 Tábla IV-6: Timthriallta tástála NRSC
d’innill na catagóire IWA Catagóir || Modh luais || Cuspóir || || NRSC IWA || inathraithe || Inneall luais inathraithe a bhfuil cumhacht tagartha níos mó ná 560 kW aige atá beartaithe lena úsáid mar inneall cúnta ar shoithí uiscebhealaí intíre || IWA-v-1 IWA-v-2 || C1 seasmhach || Inneall luais sheasmhaigh a bhfuil cumhacht tagartha níos mó ná 560 kW aige atá beartaithe lena úsáid mar inneall cúnta ar shoithí uiscebhealaí intíre || IWA-c-1 IWA-c-2 || D2 Tábla IV-7: Timthriallta tástála NRSC
d’innill na catagóire RLL Catagóir || Modh luais || Cuspóir || || NRSC RLL || inathraithe || Inneall luais inathraithe chun innill féinghluaiste a thiomáint || RLL-v-1 || F seasmhach || Inneall luais sheasmhaigh chun innill féinghluaiste a thiomáint || RLL-c-1 || D2 Tábla IV-8: Timthriallta tástála NRSC
d’innill na catagóire RLR Catagóir || Modh luais || Cuspóir || || NRSC RLR || inathraithe || Inneall luais inathraithe chun cairr iarnróid a thiomáint || RLR-v-1 || C1 seasmhach || Inneall luais sheasmhaigh chun cairr iarnróid a thiomáint || RLR-c-1 || D2 Tábla IV-9: Timthriallta tástála NRSC
d’innill na catagóire SMB Catagóir || Modh luais || Cuspóir || || NRSC SMB || inathraithe nó seasmhach || Innill chun mótair sneachta a thiomáint || SMB-v-1 || H Tábla IV-10: Timthriall tástála NRSC
d’innill na catagóire ATS Catagóir || Modh luais || Cuspóir || || NRSC ATS || inathraithe nó seasmhach || Innill chun feithiclí uile‑thír‑raoin nó feithiclí taobh le taobh a thiomáint || ATS-v-1 || G1 Timthriallta tástála díomuana
d’innealra soghluaiste neamhbhóthair Tábla IV-11: Timthriall tástála díomuana
d’innill neamhbhóthair na catagóire NRE Catagóir || Modh luais || Cuspóir || || NRE || inathraithe || Inneall luais inathraithe a bhfuil cumhacht tagartha atá cothrom le 19 kW nó níos mó aige ach nach bhfuil níos mó ná 560 kW || NRE-v-3 NRE-v-4 NRE-v-5 NRE-v-6 || NRTC Tábla IV-12: Timthriall tástála díomuana
d’innill neamhbhóthair na catagóire NRS(1) Catagóir || Modh luais || Cuspóir || || NRS || inathraithe nó seasmhach || Inneall ag a bhfuil cumhacht tagartha níos mó ná 19 kW seachas inneall ag a bhfuil cumhacht tagartha idir 19 kW agus 30 kW agus scuab‑thoirt iomlán faoi bhun aon lítir amháin || NRS-v-2b NRS-v-3 || LSI-NRTC (1) Níl sé infheidhme ach amháin maidir le hinnill lena
mbaineann luas tástála uasta ≤
3400rpm. IARSCRÍBHINN
V Tréimhsí
marthanachta astaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 24(1) Tábla V-1:
Tréimhsí marthanachta astaíochtaí (EDP) maidir leis an gcatagóir innill NRE Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || EDP (uaireanta) NRE || CI || inathraithe || 0<P<8 || NRE-v-1 || 3000 CI || 8≤P<19 || NRE-v-2 CI || 19≤P<37 || NRE-v-3 || 5000 CI || 37≤P<56 || NRE-v-4 || 8000 gach ceann || 56≤P<130 || NRE-v-5 130≤P≤560 || NRE-v-6 P>560 || NRE-v-7 CI || seasmhach || 0<P<8 || NRE-c-1 || 3000 CI || 8≤P<19 || NRE-c-2 CI || 19≤P<37 || NRE-c-3 CI || 37≤P<56 || NRE-c-4 || 8000 gach ceann || 56≤P<130 || NRE-c-5 130≤P≤560 || NRE-c-6 P>560 || NRE-c-7 Tábla V-2:
Tréimhse mharthanachta astaíochtaí (EDP) maidir leis an gcatagóir innill NRG Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || EDP (uaireanta) NRG || gach ceann || seasmhach || P>560 || NRG-v-1 || 8000 inathraithe || NRG-c-1 Tábla V-3:
Tréimhse mharthanachta astaíochtaí (EDP) maidir leis an gcatagóir innill NRSh Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Scuab‑thoirt (cm3) || Fochatagóir || EDP (uaireanta) NRSh || Spréachadhaint || inathraithe nó seasmhach || 0<P<19 || SV<50 || NRSh-v-1a || 50/125/3001) SV≥50 || NRSh-v-1b 1) Freagraíonn uaireanta EDP do na catagóirí EDP
Cat 1/Cat 2/Cat 3 mar atá sainmhínithe sna gníomhartha tarmligthe. Tábla V-4: Tréimhse mharthanachta
astaíochtaí (EDP) maidir leis an gcatagóir innill NRS Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Scuab‑thoirt (cm3) || Fochatagóir || EDP (uaireanta) NRS || SI || inathraithe, rátaithe; nó seasmhach || 0<P<19 || 80≤SV<225 || NRS-vr-1a || 125/250/5001) inathraithe, idirmheánach || NRS-vi-1a inathraithe, rátaithe; nó seasmhach || SV≥225 || NRS-vr-1b || 250/500/10001) inathraithe, idirmheánach || NRS-vi-1b inathraithe nó seasmhach || 19≤P<30 || SV≤1000 || NRS-v-2a || 1000 SV>1000 || NRS-v-2b || 5000 30≤P<56 || ceann ar bith || NRS-v-3 || 5000 1)
Freagraíonn uaireanta EDP do na catagóirí EDP Cat 1/Cat 2/Cat 3 mar atá
sainmhínithe sna gníomhartha tarmligthe. Tábla V-5:
Tréimhse mharthanachta astaíochtaí (EDP) maidir leis an gcatagóir innill IWP Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || EDP (uaireanta) IWP || gach ceann || inathraithe || 37≤P<75 || IWP-v-1 || 10000 75≤P<130 || IWP -v-2 130≤P<300 || IWP -v-3 300≤P<1000 || IWP -v-4 P≥1000 || IWP -v-5 seasmhach || 37≤P<75 || IWP -c-1 || 10000 75≤P<130 || IWP -c-2 130≤P<300 || IWP -c-3 300≤P<1000 || IWP -c-4 P≥1000 || IWP -c-5 Tábla V-6: Tréimhse mharthanachta
astaíochtaí (EDP) maidir leis an gcatagóir innill IWA Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || EDP (uaireanta) IWA || gach ceann || inathraithe || 560≤P<1000 || IWA-v-1 || 10000 P≥1000 || IWA-v-2 seasmhach || 560≤P<1000 || IWA-c-1 P≥1000 || IWA-c-2 Tábla V-7:
Tréimhse mharthanachta astaíochtaí (EDP) maidir leis an gcatagóir innill RLL Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || EDP (uaireanta) RLL || gach ceann || inathraithe || P>0 || RLL-v-1 || 10000 seasmhach || P>0 || RLL-c-1 Tábla V-8: Tréimhse mharthanachta
astaíochtaí (EDP) maidir leis an gcatagóir innill RLR Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || EDP (uaireanta) RLR || gach ceann || inathraithe || P>0 || RLR-v-1 || 10000 seasmhach || P>0 || RLR-c-1 Tábla V-9:
Tréimhse mharthanachta astaíochtaí (EDP) maidir leis an gcatagóir innill SMB Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || EDP (uaireanta) SMB || Spréachadhaint || inathraithe nó seasmhach || P>0 || SMB-v-1 || [400] Tábla V-10: Tréimhse mharthanachta
astaíochtaí (EDP) maidir leis an gcatagóir innill Catagóir || Cineál adhainte || Modh luais || Raon cumhachta (kW) || Fochatagóir || EDP (uaireanta) ATS || SI || inathraithe nó seasmhach || P>0 || ATS-v-1 || [500/1000]2) 2)Freagraíonn uaireanta EDP do na scuab‑thoirteanna
iomlána innill seo a leanas: <100 cm3 / ≥100 cm3. IARSCRÍBHINN
VI Teorainnluachanna
astaíochtaí ATEX dá dtagraítear in Airteagal 32(4) Tábla VI-1: Teorainnluachanna astaíochtaí
ATEX don chatagóir innill NRE Céim astaíochta || Fochatagóir innill || Raon cumhachta || Cineál adhainte an innill || CO || THC || NOx || Mais na gcáithníní || A || || kW || || g/kWh || g/kWh || g/kWh || g/kWh || ATEX || NRE-v-1 NRE-c-1 || 0<P<8 || CI || 8 || 7,5 || 0,4 || 6,0 ATEX || NRE-v-2 NRE-c-2 || 8≤P<19 || CI || 6,6 || 7,5 || 0,4 || 6,0 ATEX || NRE-v-3 NRE-c-3 || 19≤P<37 || CI || 5,5 || 7,5 || 0,6 || 6,0 ATEX || NRE-v-4 NRE-c-4 || 37≤P<56 || CI || 5,0 || 4,7 || 0,4 || 6,0 ATEX || NRE-v-5 NRE-c-5 || 56≤P<130 || gach ceann || 5,0 || 4,0 || 0,3 || 6,0 ATEX || NRE-v-6 NRE-c-6 || 130≤P≤560 || gach ceann || 3,5 || 4,0 || 0,2 || 6,0 ATEX || NRE-v-7 NRE-c-7 || P>560 || gach ceann || 3,5 || 6,4 || 0,2 || 6,0 Tábla VI-2: Teorainnluachanna astaíochtaí
ATEX don chatagóir innill NRG Céim astaíochta || Fochatagóir innill || Raon cumhachta || Cineál adhainte an innill || CO || HC || NOx || Mais na gcáithníní || A || || kW || || g/kWh || g/kWh || g/kWh || g/kWh || ATEX || NRG-c-1 || P>560 || gach ceann || 3,5 || 6.4 || 0,2 || 6,0 NRG-v-1 Tábla VI-3: Teorainnluachanna astaíochtaí
ATEX don chatagóir innill RLL Céim astaíochta || Fochatagóir innill || Raon cumhachta || Cineál adhainte an innill || CO || THC || NOx || Mais na gcáithníní || A || || kW || || g/kWh || g/kWh || g/kWh || g/kWh || ATEX || RLL-v-1 RLL-c-1 || P≤560 || gach ceann || 3,5 || (HC+NOx≤4,0) || 0,2 || 6,0 ATEX || RLL-v-1 RLL-c-1 || P>560 kW || gach ceann || 3,5 || 0,5 || 6,0 || 0,2 || 6,0 ATEX || RLL-v-1 RLL-c-1 || P>2000 kW agus SV1)>5 lítear || gach ceann || 3,5 || 0,4 || 7,4 || 0,2 || 6,0 1) Scuab‑thoirt in
aghaidh an tsorcóra