TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2001/18/CE maidir leis an bhféidearthacht atá ann do na Ballstáit saothrú OGManna ina gcríoch a shrianadh nó a thoirmeasc /* COM/2014/0570 final - 2010/0208 (COD) */
2010/0208 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun
go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
leasaítear Treoir 2001/18/CE maidir leis an bhféidearthacht atá ann
do na Ballstáit saothrú OGManna ina gcríoch a shrianadh nó a thoirmeasc 1. Cúlra An dáta a seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad 2010/0208 COD): || an 14 Iúil 2010 Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: || an 9 Nollaig 2010 Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: || an 5 Iúil 2011 An dáta a seoladh an togra leasaithe: || [*] An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle: || an 23 Iúil 2014 * Níor ullmhaigh an Coimisiún togra
leasaithe ach chuir sé a thuairimí maidir le leasuithe na Parlaiminte in iúl sa
"Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis na bearta a rinneadh i leith
tuairimí agus rúin arna nglacadh ag an bParlaimint i bpáirtseisiún Iúil 2011"
(doiciméad SP (2011)8072), arna seoladh chuig Parlaimint na hEorpa an
8 Meán Fómhair 2011. 2. Cuspóir an togra ón gCoimisiún Tá creat dlí cuimsitheach glactha ag an Aontas
Eorpach (AE) le haghaidh údarú táirgí a chuimsíonn Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe
(OGManna) nó atá díorthaithe uathu. Cumhdaítear úsáid OGManna sa nós imeachta
um údarú chun críche bia agus beatha, próiseála tionsclaíche agus saothraithe
thionsclaíoch, agus úsáid a dtáirgí díorthaithe le haghaidh úsáidí bia agus
beatha. Tá córas údaraithe AE dírithe ar éifeachtaí
díobhálacha OGManna ar shláinte daoine nó ainmhithe agus ar an gcomhshaol a
sheachaint agus ag an am céanna margadh inmheánach a bhunú le haghaidh na
dtáirgí sin. Foráiltear in dhá phíosa reachtaíochta, eadhon Treoir 2001/18/CE
maidir le scaoileadh comhshaoil OGManna[1]
agus Rialachán (CE) 1829/2003 maidir le bia agus beatha GM[2], le haghaidh údarú
réamh-mhargaíochta OGManna. Leis an dá rialachán, bunaítear caighdeáin ar bhonn
eolaíochta maidir le measúnú a dhéanamh ar rioscaí féideartha um shláinte
daoine, sláinte ainmhithe agus an gcomhshaol mar aon le ceanglais lipéadaithe.
Ina theannta sin, déantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003[3] do rialacha ar
inrianaitheacht agus lipéadú na n‑OGManna agus inrianaitheacht bia agus
beatha a tháirgtear as OGManna. I Márta 2009, dhiúltaigh an Chomhairle moltaí
an Choimisiúin inar iarradh ar an Ostair agus ar an Ungáir a mbearta cosanta
náisiúnta a aisghairm, toisc, de réir an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia
(EFSA), nach raibh an tacaíocht eolaíoch acu a bhfuil gá léi de réir
reachtaíocht AE. Ina dhiaidh sin, d’iarr grúpa de 13 Bhallstát[4] ar an gCoimisiún tograí
a ullmhú lena bhfágfar faoi na Ballstáit é cinneadh a dhéanamh ar shaothrú OGManna[5]. I Meán Fómhair 2009 rinneadh tagairt sna
treoirlínte polaitiúla don Choimisiún úr a leag an tUachtarán Barroso amach do
phrionsabal na coimhdeachta i réimse na nOGManna mar shampla de chás ina
bhféadfadh sé nach mbeadh an chothromaíocht cheart i gcónaí idir creat de chuid
AE agus an gá le héagsúlacht a chur san áireamh in AE ina bhfuil 27 Ballstát.
De réir na dtreoirlínte sin, ba cheart an deis a bheith ann córas údarúcháin de
chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh OGManna, bunaithe ar eolaíocht, a chomhcheangal
leis an deis a bheadh ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh cibé acu an mian leo
barra GM a shaothrú ar a gcríoch nó nach mian. Léiríonn an Rialachán atá beartaithe na
treoirlínte polaitiúla trí bhonn dlí a chur ar fáil i gcreat dlí AE maidir le hOGManna
chun go bhféadfaidh na Ballstáit srian nó toirmeasc, ar chuid dá gcríoch nó ar
a gcríoch go léir, a chur ar shaothrú OGManna atá údaraithe ar leibhéal AE.
Beidh na toirmisc nó na srianta sin bunaithe ar fhorais seachas iad siúd atá
cumhdaithe leis an measúnú riosca maidir le sláinte agus leis an gcomhshaol
faoi chóras údarúcháin AE. 3. Barúlacha maidir
leis an seasamh ón gComhairle 3.1. Barúlacha ginearálta Seoladh togra an Choimisiúin chuig Parlaimint na
hEorpa agus chuig an gComhairle an 14 Iúil 2010. Ghlac Parlaimint na
hEorpa a seasamh ag an gcéad léamh an 5 Iúil 2011 agus thacaigh sí le
príomhchuspóirí thogra an Choimisiúin, faoi réir 28 leasú. Níor eisíodh aon togra modhnaithe ón gCoimisiún.
Sa "Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis na bearta a rinneadh i
leith tuairimí agus rúin arna nglacadh ag an bParlaimint i bpáirtseisiún Iúil 2011"
(doiciméad SP (2011) 8072) arna chur chuig Parlaimint na hEorpa an 8 Meán
Fómhair 2011, chuir an Coimisiún in iúl go bhféadfadh sé glacadh go
hiomlán, i bpáirt, i bprionsabal nó faoi réir athscríobh le 21 cheann de
na 28 leasú, ó tharla gur mheas sé go bhféadfadh na leasuithe sin togra an
Choimisiúin a shoiléiriú nó a fheabhsú agus go raibh a leithéid ag teacht lena
chuid aidhmeanna ginearálta. Roimh ghlacadh le seasamh Pharlaimint na hEorpa ar
an gcéad léamh, agus tar éis sin, rinneadh plé sa Chomhairle d'fhonn teacht ar
chomhsheasamh. Críochnaíodh an plé sin trí chomhaontú polaitiúil a ghlacadh le
tromlach cáilithe Chomhairle Comhshaoil an 12 Meitheamh 2014, rud a
aistríodh ina chomhsheasamh ón gComhairle ag Comhairle an 23 Iúil 2014.
Measann an Coimisiún go dtagann an comhsheasamh ón
gComhairle le spriocanna bunaidh thogra an Choimisiúin. Ainneoin nach bhfuil an
comhsheasamh ag teacht le togra an Choimisiúin i gcás eilimintí ar leith, tá an
Coimisiún sásta go gcumhdaíonn sé na saincheisteanna ar fad a mheas an
Coimisiún a bhí riachtanach agus a thogra á ghlacadh aige. 3.2. Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa a nglacann an Coimisiún
leo agus atá ionchorpraithe go hiomlán, i bpáirt nó i bprionsabal sa
seasamh ón gComhairle ag an gcéad léamh ·
Na hAithrisí Ghlac an Coimisiún le leasú 2, a
mhíníonn gnéithe ar leith de mheasúnú riosca comhshaoil comhchuibhithe AE
a éilítear faoi Threoir 2001/18/CE. Cuimsíonn an comhsheasamh ón
gComhairle i bpáirt an leasú seo in aithris (2) arna leasú, trí
thagairt ghinearálta a dhéanamh d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/18/CE.
Glacann an Coimisiún le Leasú 11, lena dtagraítear
don tábhacht a bhaineann lena sheachaint go gcoiscfeadh bearta náisiúnta
a shrianann nó a thoirmeascann saothrú OGManna taighde biteicneolaíochta
a chur i gcrích. Tá an leasú seo ionchorpraithe go hiomlán san aithris nua (15)
den chomhsheasamh ón gComhairle. I leasú 44 tá glao ar threoirlínte
nuashonraithe ar mheasúnú riosca comhshaoil a ghlacadh, mar obair leantach
ar chonclúidí na Comhairle Comhshaoil an 4 Nollaig 2008. Sonraítear ann nár
cheart na treoirlínte sin a bheith bunaithe ar phrionsabal an chomhionannais
shubstaintiúil amháin nó ar choincheap an mheasúnaithe sábháilteachta
chomparáidigh. Is féidir glacadh leis an gcuid seo den leasú faoi réir
athdhréachtú a shoiléireoidh gurb í Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/18/CE
atá mar seo a leanas: "comparáid idir saintréithe an OGM/na nOGManna
agus saintréithe an orgánaigh neamh-mhodhnaithe faoi chomhdhálaí scaoilte
comhfhreagracha nó úsáide, cuideoidh sí na héifeachtaí díobhálacha a
d'fhéadfadh eascairt as an modhnú géiniteach a aithint ", gurb í an
tagairt dlí í fós le haghaidh an mheasúnaithe riosca comhshaoil. Sa mheasúnú
riosca comhshaoil, is iomchuí tarraingt as an eolas a fuarthas roimhe sin agus
as an taithí agus úsáid a bhaint as an gcomparadóir cuí chun aird a tharraingt
ar dhifríochtaí a bhaineann leis an bplanda GM sa timpeallacht/sna
timpeallachtaí ina gcuirfear é. Ina theannta sin, an treoir um measúnú riosca a
forbraíodh faoi Phrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht in 2012, leanann
sí cur chuige atá i gcomhréir le cur chuige EFSA i.e. cur chuige céimnithe agus
de réir an cháis, a bhaineann úsáid as anailís chomparáideach agus a chlúdaíonn
na seacht réimse riosca chéanna. Cuimsíonn an comhsheasamh ón gComhairle i
bpáirt an roinn seo de leasú 44 in Airteagal 2 nua na Treorach
leasaithí, a éilíonn ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn
chun stádas normatach a thabhairt don treoir neartaithe ó 2010 EFSA maidir le
measúnú riosca comhshaoil ar phlandaí GM. ·
Liosta táscach de na forais chun údar a
thabhairt le bearta rogha an diúltaithe a chur leis an Treoir An measúnú ar na rioscaí féideartha a bhaineann le
scaoileadh d'aon turas OGManna do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe
agus don chomhshaol, déantar é a chomhchuibhiú go hiomlán trí Iarscríbhinn II
a ghabhann le Treoir 2001/8/CE. Raon feidhme an mheasúnaithe ar OGManna le
haghaidh saothrú, cumhdaíonn sé na réimsí féideartha rioscaí uile comhshaoil ar
chríoch uile AE, lena n‑áirítear ar leibhéal réigiúnach nó áitiúil. Tá
san áireamh ann, mar shampla, measúnú ar ionracht nó marthanacht ócáide GM,
féidearthacht an tras-síolraithe le plandaí saothraithe nó fiáine intíre,
caomhnú na bithéagsúlachta agus an neamhchinnteacht eolaíoch leanúnach. Ní
féidir OGM a údarú ach amháin más é conclúid an mheasúnaithe riosca, go
háirithe tar éis scrúdú a dhéanamh ar na gnéithe thuasluaite, go bhfuil an OGM
sábháilte ó thaobh shláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus an
chomhshaoil. Foráiltear sa togra ón gCoimisiún nach mór do
bhearta na mBallstát a shrianann nó a thoirmeascann saothrú OGManna ar bhonn an
togra sin (ar a dtugtar "bearta rogha an diúltaithe") a bheith
bunaithe ar fhorais seachas na cinn a bhaineann leis an measúnú ar na
héifeachtaí díobhálacha ar shláinte agus ar an gcomhshaol a d'fhéadfadh
eascairt as OGManna a scaoileadh d'aon turas nó a chur ar an margadh. Dá bhrí
sin is féidir leis an gCoimisiún glacadh le leasuithe 5, 8, 10, 41 agus
47 faoi réir athdhréachtú a shoiléireoidh nach dtagann forais a agraíonn
Ballstáit chun údar a thabhairt le bearta rogha an diúltaithe, nach dtagann
siad salach ar an measúnú riosca comhshaoil a rinneadhar fud AE. Tugann an
comhsheasamh ón gComhairle in aithrisí (10) agus (11) leasaithe,
agus san Airteagal 26b(3) nua den Treoir leasaithe, sainmhíniú
difriúil ar an bhforas comhshaoil lena n‑áirithítear nach mbíonn aon chur
isteach ar an measúnú riosca a dhéantar ar fud AE ag leibhéal na mBallstát: "cuspóirí
beartais comhshaoil atá éagsúil leis na heilimintí a measúnaíodh de réir
Threoir 2001/18 /CE agus Rialachán (CE) 1829/2003". Measann
an Coimisiún go bhfuil an fhoclaíocht a mhol an Chomhairle ag teacht le sprioc
an togra. Seachas sin, is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na forais nach
mbaineann le toisí comhshaoil a mhol Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle,
toisc go bhfuil siad mórán mar an gcéanna ó thaobh a substainte de. ·
Modhnuithe eile ar an Airteagal 26b nua
den Treoir leasaithe atá beartaithe Aontaíonn an Coimisiún le Parlaimint na hEorpa go
mbaineann an‑tábhacht leis an bhfhaisnéis is gá maidir le haon
srianadh nó toirmeasc ar shaothrú OGManna i gcríoch Ballstáit a chur ar
fáil d'oibreoirí (lena n‑áirítear saothróirí), go tráthúil, agus go leor
ama a thabhairt dóibh chun an séasúr saothraithe atá ann faoi láthair a oiriúnú
agus a chríochnú, nuair a bhaineann na bearta le hOGManna atá údaraithe cheana
ar leibhéal an Aontais (leasuithe 7, 17 agus 43). Cuimsíonn an
comhsheasamh ón gComhairle forálacha na leasuithe sin san aithris nua (21),
agus sna hAirteagail nua 26b(4), 26b(5), 26c(3) agus 26c(5) den Treoir
leasaithe (cé is moite d'oibleagáidí faisnéise i leith saothróirí). Glacann an Coimisiún leis an tagairt ar leith don
tábhacht a bhaineann le bearta náisiúnta a bheith i gcomhréir le prionsabal
na comhréireachta (leasú 20). Tá an leasú sin
ionchorpraithe go hiomlán ag an gComhairle, san aithris nua (13) agus
san Airteagal 26b nua (3) den Treoir leasaithe. ·
Airteagail eile de Threoir 2001/18/CE a
Mhodhnú Glacann an Coimisiún le leasú 26 a
bhaineann le teacht i bhfeidhm an Rialacháin. Ionchorpraíonn an
comhsheasamh ón gComhairle go hiomlán an leasú seo san Airteagal 3
nua den Treoir leasaitheach. 3.3. Leasuithe
Pharlaimint na hEorpa arna ndiúltú ag an gCoimisiún agus atá ionchorpraithe go
hiomlán, i bpáirt nó i bprionsabal sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh ·
Airteagail eile de Threoir 2001/18/CE a
Mhodhnú Ní ghlacann an
Coimisiún le leasú 12 lena modhnaítear Airteagal 22 de Threoir 2001/18/CE
maidir le saorchúrsaíocht, toisc go gceadóidh an togra do na
Ballstáit saothrú OGManna a shrianadh go heisiach ar a gcríoch agus ní trádáil
nó allmhairiú GM nó síolta, bia agus beatha traidisiúnta. Aithníonn an
Coimisiún, áfach, gur fiú a rá go soiléir nach ndéanann an togra difear
d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Dá bhrí sin, glacann sé le foclaíocht
mhodhnaithe na Comhairle ar aithrisí (13) agus (18) agus ar naAirteagail
nua 26b (9) agus 26C (6) na Treorach leasaithe maidir le
saorchúrsaíocht agus allmhairiú OGManna údaraithe i ngach Ballstát agus a n‑úsáid
i mBallstát nach ndéanann saothrú OGManna a shrianadh ná a thoirmeasc, agus aithris
nua (20) maidir le saorghluaiseacht síolta traidisiúnta, ábhar
iomadaithe plandaí traidisiúnta agus táirge an fhómhair thraidisiúnta. 3.4. Leasuithe Pharlaimint na hEorpa arna nglacadh ag an
gCoimisiún go hiomlán, i bpáirt nó i bprionsabal, ach nach bhfuil
ionchorpraithe sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh ·
Na hAithrisí Glactar le leasú 4 a thagraíonn don
tábhacht a bhaineann le bailiú torthaí an taighde. Glacann an Coimisiún le forálacha leasú 44
a thagraíonn do bhunú líonra fairsing d'eagraíochtaí eolaíochta,
agus do thaighde neamhspleách ar na rioscaí a d'fhéadfadh
eascairt as OGManna a scaoileadh d'aon turas nó a chur ar an margadh. ·
Modhnuithe ar an Airteagal 26b nua den
Treoir leasaithe atá beartaithe Is féidir glacadh le leasú 40, a
shoiléiríonn an gá atá le scrúdú de réir an cháis sula nglacfar
bearta náisiúnta. Is féidir glacadh le leasú 42, a
iarrann anailís neamhspleách costais is tairbhe roimh ré ar bhearta náisiúnta,
agus roghanna éagsúla á gcur san áireamh. Is féidir glacadh le leasú 19, a éilíonn
bearta náisiúnta a bheith faoi réir ag comhairliúchán poiblí roimh ré
ar feadh 30 lá ar a laghad. Measann an Coimisiún, áfach, gur cheart
athbhreithniú a dhéanamh ar ábharthacht na dtrí leasú thuasluaite i bhfianaise
an chomhsheasaimh ón gComhairle a mholann go glcaochlófaí an Rialachán ina
Threoir, rud a fhágann roghnú na bhfoirmeacha agus na modhanna faoi na
Ballstáit. ·
Airteagail eile de Threoir 2001/18/CE a
mhodhnú Glacann an Coimisiún, i bprionsabal, leis an
modhnú ar Airteagal 26a na Treorach (leasuithe 6, 14) chun
iallach a chur ar Bhallstáit bearta comhmhaireachtála a bhunú chun láithreacht
neamhbheartaithe OGManna ar a gcríoch féin agus i limistéir teorann de chuid
Ballstát comharsanach a sheachaint, cé nach leagtar síos oibleagáidí sa réimse
sin sa reachtaíocht atá ann faoi láthair. Is féidir glacadh le leasú 9,
ina leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le bearta éifeachtacha chun
éilliú trasteorann a chosc. Tugann an comhsheasamh ón gComhairle
aghaidh freisin ar bhearta cómhaireachtála, trí thagairt a dhéanamh, san aithris
nua (22), do Mholadh an 13 Iúil 2010 ón gCoimisiún a thugann
treoir neamh-éigeantach do Bhallstáit chun bearta cómhaireachtála a fhorbairt,
lena n‑áirítear i limistéir teorann. Glacann an Coimisiún leis an
bhfoclaíocht sin, a fhreagraíonn don reachtaíocht atá ann cheana agus a
léiríonn éagsúlacht sheasaimh na mBallstát ar an scéal sin. Ba mhaith leis an
gCoimisiún a lua nach bhfuil baint idir an modhnú ar Airteagal 25 na
Treorach a thagraíonn don tábhacht a bhaineann le hábhair síl a chur ar
fáil do thaighde neamhspleách agus cuspóirí an togra (leasú 13).
Glacann an Coimisiún i bprionsabal leis an leasú seo, ámh, ar choinníoll go
bhfuil sé ag luí le bunús dlí an ghnímh. 3.5. Leasuithe Pharlaimint na hEorpa arna ndiúltú ag an
gCoimisiún agus nach bhfuil ionchorpraithe sa seasamh ón gComhairle ar an
gcéad léamh ·
Bunús dlí Measann an Coimisiún gur cheart an togra a bheith
bunaithe ar Airteagal 114 CFAE, ós rud é go leasaíonn sé Treoir 2001/18/CE,
atá bunaithe ar Airteagal 114 CFAE é féin, agus toisc gurb aidhm dó
feidhmiú níos rianúla an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, agus cosaint an
chomhshaoil á ráthú aige, ag teacht le hAirteagal 114(2) CFAE. Fiú dá
nglacfaí leasuithe 8 agus 47 ó Pharlaimint na hEorpa, lena dtugtar
isteach an deis saothrú arna ar bhonn foras a bhaineann leis an gcomhshaol a
thoirmeasc, is i bhfeidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a bheadh
meáchanlár an togra agus na Treorach leasaithe fós. Dá bhrí sin, ní ghlacann an
Coimisiún le leasú 1. ·
Na hAithrisí Is é is cuspóir don togra ón gCoimisiún srianta
nó toirmisc náisiúnta a cheadú ar bhonn cúiseanna seachas rioscaí, a
dtugtar aghaidh orthu faoin measúnú riosca comhshaoil a dhéantarar fud AE. Ba
cheart prionsabal an réamhchúraim a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm Threoir 2001/18/CE
(i gcomhréir le haithris 8 inti), ach níl sé ábhartha don Rialachán atá
beartaithe. Dá bhrí sin, ní ghlacann an gCoimisiún le leasú 46. ·
Modhnuithe ar an Airteagal 26b nua den
Treoir leasaithe atá beartaithe Tagraíonn leasú 51 d'fhéidearthacht na
réigiún laistigh de na Ballstáit srianta nó toirmisc ar a gcríoch a ghlacadh.
Is gné é sin a bhaineann le dáileadh na n‑inniúlachtaí idir rialtais láir
agus eintitis réigiúnacha/áitiúla laistigh de na Ballstáit, rud atá ina ábhar a
bhaineann lena ndlí bunreachtúil agus nach féidir le dlí AE cur isteach uirthi.
Dá bhrí sin, ní ghlacann an Coimisiún leis an leasú sin. Leasú 22 a
theorannaíonn fad bhearta na mBallstát go cúig bliana – cé gur 10 mbliana
ré an údaraithe a dheontar d'OGM ar leith faoi dhlí AE - tá sé ar neamhréir le
cuspóirí an togra –, is é sin an réimse is leithne réiteach atá ag teacht leis
an dlí chun srian nó toirmeasc a chur ar shaothrú OGManna a thairiscint do na
Ballstáit - agus tá sé ar neamhréir leis an bhfíric go bhfuil údar leis na
bearta sin ar chúiseanna leasa phoiblí, a d'fhéadfadh fanacht gan athrú le linn
na tréimhse cúig bliana sin. Dá bhrí sin, ní ghlacann an Coimisiún leis an
leasú sin. Le leasú 23 scriostar an focal
"réasúnaithe" nuair a thagraítear do na bearta arna nglacadh ag na
Ballstáit. Ní ghlacann an Coimisiún leis an scriosadh sin mar is gá go
mbeidh srianta nó toirmisc réasúnaithe go maith agus go mbeidh údar leo i
gcomhréir le coinníollacha náisiúnta. ·
Airteagal nua a chur le Treoir 2001/18/CE
Leasú 24 a thugann
isteach airteagal nua maidir le ceanglais dliteanais i dTreoir 2001/18/CE,
ní bhaineann sé go díreach le cuspóir an togra. Ba mhaith leis an gCoimisiún a
thabhairt chun cuimhne go bhfuil OGManna cumhdaithe faoi Threoir 2004/35/CE
maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáistí comhshaoil a chosc agus a
leigheas[6].
Tugann an Treoir sin aird chuí ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a
íocfaidh as mar atá léirithe sa Chonradh agus i gcomhréir le prionsabal na
forbartha inbhuanaithe. Faoi reachtaíocht reatha AE, fágtar ceisteanna
dliteanais agus cúitimh mar gheall ar chásanna a chumhdaítear faoi Airteagal 26a
de Threoir 2001/18/ CE (i.e. caillteanas eacnamaíoch na
bhfeirmeoirí/oibreoirí de dheasca láithreacht neamhbheartaithe OGManna atá
údaraithe i dtáirgí eile) faoi inniúlacht na mBallstát, mar a d'aithin an
Moladh ón gCoimisiún an 13 Iúil 2010 maidir le treoirlínte chun
bearta náisiúnta cómhaireachtála a fhorbairt le láithreacht neamhbheartaithe
OGManna a sheachaint. Go deimhin, cé go bhfuil samplaí de reachtaíocht AE a
leagann síos forálacha maidir le dliteanas airgeadais agus cúiteamh airgeadais
i réimsí áirithe a thagann faoi raon feidhme na gConarthaí, ní gnách go dtugtar
aghaidh ar na hábhair sin i ndlí AE, i bhfianaise phrionsabal na coimhdeachta
agus mar gheall ar dhifríochtaí móra idir dlíthe sibhialta agus dlíthe coiriúla
na mBallstát. Tacaíonn an Coimisiún leis go leagfadh na Ballstáit síos rialacha
le córais cúitimh a bhunú maidir le caillteanais eacnamaíochta de dheasca
láithreacht teagmhasach OGManna údaraithe. Ní mór foirmliú reatha an leasaithe
a shoiléiriú, ámh, mar meascann sé saincheisteanna a bhaineann le dliteanas
agus cúiteamh agus ní féidir dá bhrí sin glacadh leis san fhoirm seo. 3.6. Forálacha nua arna dtabhairt isteach ag an gComhairle ·
Treoir in ionad Rialacháin Claochlaíonn an comhsheasamh ón gComhairle an
Rialachán atá beartaithe ina Threoir, trí phrionsabal dlíthiúil na
comhthreomhaireachta foirmiúla a chur i bhfeidhm. Tugann an Coimisiún dá aire
gur gníomh neamhthipiciúil an togra agus nach bhforchuireann sé oibleagáidí
díreacha ar thríú páirtithe (mar a dhéanfadh Rialachán de ghnáth), agus nach
leagann sé síos toradh a bheadh ar na Ballstáit a bhaint amach (mar a dhéanfadh
Treoir de ghnáth); ní dhéanann sé ach deis a thabhairt do na Ballstáit gníomhú
más mian leo. Ós mar sin atá an cás, measann an Coimisiún gurb inghlactha
prionsabal na comhthreomhaireachta foirmiúla a chur i bhfeidhm, i.e. Treoir 2001/18/CE
a mhodhnú trí bhíthin Treorach. ·
Srian ar raon feidhme geografach an chur i
bhfeidhm (céim 1) Bunaíonn an comhsheasamh ón gComhairle nós
imeachta ina bhfuil dhá chéim i ndiaidh a chéile le go bhféadfaidh na Ballstáit
saothrú OGM a shrianadh nó a thoirmeasc: Ar dtús, foráiltear leis an gcomhsheasamh ón
gComhairle san Airteagail 26b(1) nua agus san Airteagal 26b(2) nua
den Treoir leasaithe go bhfuil ar Bhallstáit, más mian leo saothrú OGM a
shrianadh nó a thoirmeasc ar chuid dá gcríoch nó ar a gcríoch uile, a iarraidh
ar an iarratasóir, tríd an gCoimisiún, a gcríoch a eisiamh ó raon feidhme an
iarratais i ndáil le saothrú ("céim 1", mar a thugtar air). Ar an
dara dul síos, foráiltear leis an gcomhsheasamh ón gComhairle san Airteagal 26b(3)
nua den Treoir leasaithe, má dhiúltaíonn an t‑iarratasóir céim 1 go
follasach, go mbeadh cead ag na Ballstáit bearta a ghlacadh chun saothrú OGM ar
leith a shrianadh nó a thoirmeasc tar éis é a bheith údaraithe ("céim 2"
mar a thugtar uirthi, nó bearta "rogha an diúltaithe") ar bhonn
liosta foras ar leith sa mheasúnú riosca comhshaoil, i gcomhréir leis an togra
bunaidh. Glacann an Coimisiún leis an gcomhsheasamh ón
gComhairle lena mbunaítear nós imeachta an dá chéim i ndiaidh a chéile (tráth a
shainmhínigh an t‑iarratasóir raon feidhme an iarratais agus tar éis
údarú an OGM) a cheadú do Bhallstáit saothrú OGManna a shrianadh nó a
thoirmeasc toisc go leathnaíonn sé raon na n‑uirlisí chun saothrú OGManna
a shrianadh nó a thoirmeasc agus go gcaomhnaíonn sé ceart na mBallstát cinneadh
a dhéanamh maidir le saothrú OGM bunaithe ar fhorais leasa phoiblí go
neamhspleách ar sheasamh an iarratasóra/shealbhóir an údaraithe. Ina theannta
sin, fágann an spriocdháta maidir le hiarraidh ar shrianadh raoin feidhme
gheografaigh a thabhairt isteach (tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis
thuairim eolaíoch EFSA) a ndóthain ama ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an
mian leo úsáid a bhaint as an deis sin, toisc gur féidir leo iarraidh a
thabhairt isteach tráth ar bith le linn an mheasúnaithe riosca ag EFSA, atá ina
phróiseas is féidir maireachtáil roinnt míonna/blianta. ·
Bearta rogha an diúltaithe – nósanna imeachta
lena leanúint sula nglacfar iad Foráiltear leis an gcomhsheasamh ón gComhairle san
Airteagal 26b nua (4) den Treoir leasaithe go ndéanfaidh
Ballstáit a bhfuil sé i gceist acu (a) beart nó bearta rogha an diúltaithe
iar-údarúcháin a ghlacadh (céim 2) dréacht den bheart/de na bearta sin a
chur isteach ar dtús chuig an gCoimisiún, agus go mbeidh 75 lá aige chun
aon trácht a dhéanamh, más iomchuí. Le linn na tréimhse sin, ní dhéanfaidh an
Ballstát an beart sin/na bearta sin a ghlacadh ná a chur i bhfeidhm. Ar dhul in
éag na tréimhse 75 lá neamhghníomhaíochta sin, féadfaidh an Ballstát atá i
gceist an beart/na bearta a ghlacadh san fhoirm a beartaíodh de chéaduair, sin
nó arna leasú chun aon trácht a fuarthas ón gCoimisiún a chur san áireamh.
Glacann an Coimisiún leis an leasú seo sa chomhsheasamh ón gComhairle, leasú
atá ag teacht leis an gcur chuige a mhol an Coimisiúin. ·
Uastréimhse 2 bliain chun glacadh le
bearta rogha an diúltaithe Foráiltear leis an gcomhsheasamh ón gComhairle in aithris (14)
arna leasú agus in Airteagal 26b(4) nua na Treorach leasaithe go
nglacfaidh na Ballstáit bearta rogha an diúltaithe tráth nach déanaí ná 2 bhliain
tar éis an dáta a deonaíodh an toiliú/údarú um OGManna. Glacann an Coimisiún
leis an bhforáil seo a bhfuil sé mar aidhm aici infheictheacht/intuarthacht
mhéadaithe a chur ar fáil d'oibreoirí (lena n‑áirítear feirmeoirí) maidir
le bearta rogha an diúltaithe atá le glacadh ag na Ballstáit. ·
Bearta idirthréimhseacha Foráiltear leis an gcomhsheasamh ón gComhairle
in aithris (21) agus in Airteagal 26c nua na Treorach leasaithe
do bheart idirthréimhseach 6 mhí lena gceadófar do Bhallstáit forálacha na
Treorach a chur i bhfeidhm ar OGManna a bhí údaraithe roimh theacht i bhfeidhm
di (arbhar Indiach MON 810), nó a bhfuil iarratas dóibh ag céim dhéanach
cheana ag an nóiméad sin. Glacann an Coimisiún leis an bhforáil seo toisc go
bhfuil sé ag teastáil i gcomhthéacs na nascála idir céimeanna 1 agus 2: 1)
ní féidir céim 2 a chur i bhfeidhm gan céim 1 a úsáid ar dtús, agus 2) ní
féidir céim 1 a chur i bhfeidhm ach nuair a bhíonn an t‑iarratas ar
feitheamh ar feadh tréimhse teoranta ama. Foráiltear leis an gComhsheasamh ón gComhairle
freisin go bhfuil na bearta idirthréimhseacha gan dochar do shaothrú aon síol
OGM údaraithe agus ábhair iomadaithe a cuireadh go dleathach sular cuireadh
srian nó toirmeasc ar shaothrú an OGM. Tacaíonn an Coimisiún leis an bhforáil
seo, a thugann slándáil dhlíthiúil d'fheirmeoirí a chuir agus a bhain na
hOGManna lena mbaineann sular cuireadh na bearta srianta nó toirmisc ar
shaothrú i bhfeidhm. ·
Deis do Bhallstát a sheasamh ar shaothrú OGM
a athrú le linn théarma bhailíochta an údaraithe Foráiltear leis an gcomhsheasamh ón gComhairle in Airteagal 26b(5)
nua agus 26b(7) na Treorach leasaithe, tar éis údarú ar OGM agus tráth nach
luaithe ná dhá bhliain tar éis an dáta sin, go gceadófar do Bhallstát nós
imeachta céim 1-chéim 2 chun cosc ar shaothrú a chur i bhfeidhm nó a leathnú ar
chuid dá chríoch nó ar a chríoch ar fad a thionscnamh nó a ationscnamh, má
bhíonn cúinsí oibiachtúla nua ina n‑údar dó. Foráiltear leis an
gcomhsheasamh ón gComhairle freisin faoin deis atáthar a thabhairt do na
Ballstáit go mbeidh sí "gan dochar do shaothrú aon síolta agus ábhar
iomadaithe plandaí a tháinig ó OGManna údaraithe agus a bhí a bhí curtha go
dleathach sular glacadh an coigeartú". Foráiltear leis an gcomhsheasamh ón gComhairle
freisin in Airteagal 26b(6) nua agus 26b(7) nua na Treorach
leasaithe, más mian leis na Ballstáit go n‑athgcuirfí cuid dá gcríoch nó
a gcríoch ar fad faoi raon feidhme geografach údarú OGM, go bhféadfaidís é a
dhéanamh trí nós imeachta simplithe. Glacann an Coimisiún leis na forálacha nua seo de
bharr go gcuidíonn siad raon na ndeiseanna atá ar fáil do na Ballstáit chun
srian nó toirmeasc a chur ar shaothrú OGManna a leathnú, agus go gcaomhnaíonn
siad cearta na bhfeirmeoirí a chuir OGManna go dleathach roimh a dtoirmeasc. ·
Ceanglas um thuairisciú Foráiltear leis an gcomhsheasamh ón gComhairle in Airteagal 2
nua na Treorach leasaithí "tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis
theacht i bhfeidhm na Treorach, go gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi
bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an úsáid a bhain na
Ballstáit as an Treoir seo, lena n‑áirítear éifeachtacht na bhforálacha a
chuireann ar chumas na mBallstát saothrú OGManna ar a gcríoch uile nó ar chuid
dá gcríoch a shrianadh nó a thoirmeasc, agus feidhmiú rianúil ar an margadh
inmheánach. Féadfar aon tograí reachtacha is iomchuí, dar leis an gCoimisiún, a
chur leis an tuarascáil sin. Déanfaidh an Coimisiún tuairisc freisin ar an dul
chun cinn a rinneadh i dtreo stádas normatach a thabhairt do threoir neartaithe
EFSA 2010 maidir leis an measúnú riosca comhshaoil a bhaineann le plandaí
géinmhodhnaithe". Glacann an Coimisiún leis an leasú seo sa chomhsheasamh
ón gComhairle. 4. Conclúid Measann an Coimisiún gur léargas é an comhsheasamh arna ghlacadh ag an
gComhairle le tromlach cáilithe an 23 Iúil 2014 ar chuspóirí bunaidh
thogra an Choimisiúin agus go gcuirtear san áireamh ann freisin go leor
d'ábhair imní Pharlaimint na hEorpa. Ar na cúiseanna atá
leagtha amach thuas, glacann an Coimisiún leis an gcomhsheasamh ón gComhairle. [1] IO L 106, 17.4.2001, lch. 1. [2] IO L 268, 18.10.2003, lch. 1. [3] IO L 268, 18.10.2003, lch. 24. [4] AT, BG, IE, EL, CY, LV, LT, HU, LU, MT, NL, PL agus SI. [5] Tionóladh plé ag cruinnithe na Comhairle an
2 Márta, an 23 Márta agus an 25 Meitheamh 2009 faoi seach. [6] féach pointe 11 d'Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir
2004/35 /CE.