52014PC0379

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch i ndáil le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun bearta áirithe a ghlacadh /* COM/2014/0379 final - 2014/0194 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar idirdhealú idir na cumhachtaí is féidir a tharmligean chuig an gCoimisiún d'fhonn gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe a fhorlíonadh nó a leasú i ngníomh reachtach ar leith, mar atá leagtha síos in Airteagal 290(1) den CFAE (gníomhartha tarmligthe), agus na cumhachtaí a thabharfar don Choimisiún má tá gá le coinníollacha aonfhoirmeacha chun gníomhartha de chuid an Aontais atá ina gceangal dlí a chur chun feidhme, mar atá leagtha síos in Airteagal 291(2) den CFAE (gníomhartha cur chun feidhme).

I bhfianaise Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[1], tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún[2] athbhreithniú a dhéanamh, i bhfianaise na gcritéar atá leagtha síos sa Chonradh, ar ghníomhartha reachtacha a bhfuil tagairtí iontu faoi láthair don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú.

Is é an cuspóir foriomlán gach foráil ina ndéantar tagairt don nós imeachta rialacháin lena ngabhann grinnscrúdú a bhaint de gach ionstraim reachtach roimh dheireadh sheachtú téarma na Parlaiminte (Meitheamh 2014).

I gcomhthéacs Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch[3] a ailíniú le rialacha nua an Chonartha, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na cumhachtaí cur chun feidhme atá tugtha don Choimisiún faoi láthair leis an Rialachán sin trí cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe agus/nó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Chuathas i gcomhairle le Cruinniú na Stiúrthóirí le haghaidh staidrimh mhaicreacnamaíoch (CSSM), an meitheal oibre um chomhardú na n‑íocaíochtaí agus an Coiste um Chomhardú na nÍocaíochtaí.

Ní raibh aon ghá le measúnú tionchair.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

· Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe

Is é cuspóir an togra seo Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 a leasú chun é a ailíniú leis an gcomhthéacs institiúideach nua.

Is í an aidhm atá ann go háirithe na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún a aithint agus an nós imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm chun bearta a ghlacadh ar bhonn na gcumhachtaí sin.

Tá sé beartaithe an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh más rud é, ar chúiseanna a bhaineann le hathruithe eacnamaíocha agus teicniúla, go bhfuil gá ceanglais a bhaineann le sonraí a thabhairt bord ar bord leis an aimsir, lena n‑áirítear sprioc-amanna d'aighneachtaí agus athbhreithnithe, faduithe agus díchur na sreafaí sonraí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, agus nuair is gá na sainmhínithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a thabhairt bord ar bord leis an aimsir.

Lena chois sin, tá coinníollacha aonfhoirmeacha de dhíth chun Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 a chur chun feidhme ó thaobh tuarascálacha cáilíochta de. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin atá leagtha síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, d'fhonn caighdeáin cháilíochta chomhchoiteanna a ghlacadh agus ábhar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta a chomhchuibhiú.

· Cuíchóiriú an Chórais Staidrimh Eorpach

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach[4] sainmhíníodh an Córas Staidrimh Eorpach (CSE) mar chomhpháirtíocht idir údarás staidrimh an Aontais, arb é an Coimisiún (Eurostat) é, agus na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh (INSanna) agus údaráis náisiúnta eile a bhfuil freagracht orthu i ngach Ballstát as staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

Féachtar ar an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE), arna bhunú le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, mar bhratchoiste laistigh den CSE. Cuidíonn sé leis an gCoimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú i réimsí staidrimh áirithe. Ní chuimsíonn siad comhardú íocaíochtaí, trádáil idirnáisiúnta seirbhísí ná infheistíocht dhíreach ón gcoigríoch.

Sna réimsí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 184/2005, tugann an Coiste um Chomhardú na nÍocaíochtaí (Coiste CnaÍ) cúnamh don Choimisiún.

Tá an Coimisiún ag beartú struchtúr nua a thabhairt don CSE chun comhordú agus comhpháirtíocht a fheabhsú i struchtúr pirimide soiléir laistigh den CSE, leis an CCSE mar an comhlacht straitéiseach is airde. Gné amháin den chuíchóiriú sin is ea cumhachtaí coisteolaíochta a chomhchruinniú sa CCSE. Thug an CCSE tacaíocht don chur chuige nua sin i mí Feabhra 2012[5].

Dá bhrí sin, tá sé beartaithe Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 a leasú trí thagairt don CCSE a chur in ionad na dtagairtí do Choiste CnaÍ.

· Bunús dlí

Airteagal 338(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

· Rogha ionstraime

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon impleachtaí ag an togra do bhuiséad an Aontais.

5.           EILIMINTÍ ROGHNACHA

Ceann ar bith

· An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Ábhar a bhaineann leis an LEE atá sa ghníomh atá beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chuimsiú ann.

2014/0194 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch i ndáil le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun bearta áirithe a ghlacadh

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("an Conradh"), ba cheart na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh.

(2)       I bhfianaise Rialachán (AE) Uimh. 182/2011[6], tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún[7] athbhreithniú a dhéanamh, i bhfianaise na gcritéar atá leagtha síos sa Chonradh, ar ghníomhartha reachtacha a bhfuil tagairtí iontu faoi láthair don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú.

(3)       Ba cheart cumhacht a bheith ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE chun gnéithe áirithe neamhriachtanacha de ghníomhartha reachtacha ar leith a fhorlíonadh nó a leasú, go háirithe chun forbairtí eacnamaíocha, sóisialta agus teicniúla a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin ualach suntasach riaracháin breise ar Bhallstáit ná ar na freagróirí.

(4)       Tá tagairtí i Rialachán (CE) Uimh. 184/2005[8] a bhaineann le comhardú na n‑íocaíochtaí (CnaÍ), le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí (TIS) agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch (IDC) don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhrí sin ba cheart athbhreithniú a dhéanamh air i bhfianaise na gcritéar atá leagtha síos sa Chonradh.

(5)       I gcomhthéacs Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 a ailíniú le rialacha nua an Chonartha, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na cumhachtaí cur chun feidhme atá tugtha don Choimisiún faoi láthair trí cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

(6)       Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean don Choimisiún más rud é, ar chúiseanna a bhaineann le hathruithe eacnamaíocha agus teicniúla, go bhfuil gá ceanglais a bhaineann le sonraí a thabhairt bord ar bord leis an aimsir, lena n‑áirítear sprioc-amanna d'aighneachtaí mar aon le hathbhreithnithe, faduithe agus díchur na sreafaí sonraí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, agus nuair is gá na sainmhínithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a thabhairt bord ar bord leis an aimsir.

(7)       Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(8)       Le coinníollacha comhionanna a áirithiú chun Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún d'fhonn caighdeáin cháilíochta chomhchoiteanna a ghlacadh agus ábhar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta a chomhchuibhiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(9)       Cuireann an Coiste um Chomhardú na nÍocaíochtaí (Coiste CnaÍ) dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 comhairle ar fáil agus tugann sé cúnamh don Choimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú.

(10)     De réir na straitéise maidir le struchtúr nua don Chóras Staidrimh Eorpach (CSE) a bhfuil sé i gceist leis comhordú agus comhpháirtíocht a fheabhsú i struchtúr pirimide soiléir laistigh den CSE, ba cheart ról comhairleach a bheith ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE), ar coiste é a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009[9], agus ba cheart dó cúnamh a thabhairt don Choimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú.

(11)     Chuige sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 a leasú, agus an tagairt don CCSE a chur in ionad na dtagairtí do Choiste CnaÍ.

(12)     An comhar maith oibríoch atá ann faoi láthair idir na Bainc Cheannais Náisiúnta (BCN) agus na hInstitiúidí Staidrimh Náisiúnta agus idir Eurostat agus an Banc Ceannais Eorpach, is mór an cúnamh é agus ba cheart leanúint leis agus forbairt bhreise a dhéanamh air i bhfianaise feabhsú a bhaint amach ar chomhchuibhiú agus caighdeáin sa staidreamh ar chomhordú na n‑íocaíochtaí, staidreamh airgeadais, staidreamh airgeadais rialtais, staidreamh maicreacnamaíoch agus cuntais náisiúnta. Bheadh dlúthbhaint ag na BCN fós le hullmhú na gcinntí ar fad a bhaineann le CnaÍ, TIS agus IDC, trí bheith rannpháirteach i ngrúpaí saineolais ábhartha an Choimisiúin atá freagrach as CnaÍ, TIS agus IDC. Déantar comhardú ar an gcomhar straitéiseach idir CSE agus CEBC san Fhóram Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Meamram Tuisceana maidir leis an gcomhar idir comhaltaí an Chórais Staidrimh Eorpaigh agus comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais[10] a síníodh an 24 Aibreán 2013.

(13)     Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta arna dtionscnamh ach nach bhfuil críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a ghlacadh.

(14)     Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 mar seo a leanas:

(1)          In Airteagal 2, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘3. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10, más rud é, ar chúiseanna a bhaineann le hathruithe eacnamaíocha agus teicniúla, go bhfuil gá ceanglais a bhaineann le sonraí a thabhairt bord ar bord leis an aimsir, lena n‑áirítear sprioc-amanna d'aighneachtaí mar aon le hathbhreithnithe, faduithe agus díchur na sreafaí sonraí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, agus nuair is gá na sainmhínithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a thabhairt bord ar bord leis an aimsir.’

(2)          In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na caighdeáin cháilíochta chomhchoiteanna, chomh maith le hábhar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta, ag cur san áireamh na himpleachtaí maidir leis an gcostas a bhaineann leis na sonraí a bhailiú agus a thiomsú chomh maith le hathruithe tábhachtacha a bhaineann le bailiú sonraí.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Ar bhonn na dtuarascálacha cáilíochta, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cháilíochtaí na sonraí arna dtarchur, le cúnamh ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 11(1).

Seolfar measúnú sin an Choimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa mar eolas.’

(3)          Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 10:

‘Airteagal 10 Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú

1.         Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.         Agus na cumhachtaí atá tarmligthe in Airteagal 2(3) á bhfeidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach riaracháin breise ar Bhallstáit ná ar na freagróirí.

3.         Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(3) a ghlacadh don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón [Publication office: please insert the exact date of the entry into force of the amending Regulation].

4.         Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3) a chúlghairm tráth ar bith.

Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

5.         A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.         Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 2(3) i bhfeidhm ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a dtabharfar fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go mbeidh sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

'Airteagal 11

Coiste

1.         Tabharfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach, cúnamh don Choimisiún(*). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún(**).

2.         I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’

_______________________

(*) IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

(**) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

Airteagal 2

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta a ghlacadh dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 arna dtionscnamh ach nach bhfuil críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[2]               IO L 55, 28.2.2011, lch. 19.

[3]               IO L 35, 8.2.2005, lch. 23.

[4]               IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

[5]               12ú cruinniú den CCSE, 12 Feabhra 2012.

[6]               Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

[7]               IO L 55, 28.2.2011, lch. 19.

[8]               Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch (OJ L 35, 8.2.2005, p. 23).

[9]               Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

[10]             http://epp.eurostat.ec.europa.eu/cache/ITY_PUBLIC/MOU_ESS_ESCB/EN/MOU_ESS_ESCB-EN.PDF