Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile, a fheidhmiú (códú) /* COM/2014/0375 final - 2014/0191 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine,
cuireann an Coimisiún an‑bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an
Aontais ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so-aimsithe do na saoránaigh
agus dá réir sin, go gcruthófar deiseanna nua dóibh agus seans chun úsáid a
bhaint as na cearta sonracha a bhronntar orthu. Ní féidir an aidhm sin a bhaint amach fad is atá
líon mór forálacha a leasaíodh roinnt uaireanta, agus leasuithe suntasacha a
bheith i gceist go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, rud a fhágann go mbíonn
gá le cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh
agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí
sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir cuid mhór ionstraimí
éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a shainaithint. Ar an gcúis sin, tá gá freisin le códú a dhéanamh ar
rialacha a leasaíodh go minic má tá an dlí le bheith soiléir agus trédhearcach. 2. Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, ar
an 1 Aibreán 1987[1],
treoir a thabhairt dá fhoireann á rá gur cheart gach gníomh a chódú i
ndiaidh deich leasú ar a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur
bunriachtanas é seo agus gur cheart féachaint le códú a dhéanamh ag eatraimh is
giorra ná sin ar na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go
bhfuil na forálacha atá iontu soiléir agus sothuigthe. 3. Dearbhaíodh an méid sin i gConclúidí
Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992)[2], agus cuireadh i bhfios
an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht faoin dlí
is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith. Ní foláir an nós imeachta coitianta a bhaineann le
glacadh ghníomhartha an Aontais a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán le linn
an códú á dhéanamh. Ós rud é nach ceadmhach athruithe a dhéanamh ar
shubstaint na n‑ionstraimí lena mbaineann an códúchán, tháinig
Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, trí chomhaontú
idirinstitiúideach dar data an 20 Nollaig 1994, go bhféadfar nós
imeachta luathaithe a úsáid chun ionstraimí códaithe a ghlacadh go mear. 4. Is é is cuspóir don togra seo códú a
dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2006
maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus
Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus
Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú
Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hAlbáine a fheidhmiú[3].
Glacfaidh an Rialachán nua ionad na ngníomhartha éagsúla a chuimsítear ann[4]; caomhnaítear go huile
agus go hiomlán inneachar na ngníomhartha atá á gcódú agus, dá bhrí sin, ní
dhéantar ach iad a thabhairt le chéile agus na leasuithe foirmiúla sin
amháin a bhfuil gá leo don phróiseas códúcháin féin a dhéanamh. 5. Rinneadh an togra códúcháin a
tharraingt suas ar bhonn réamh‑chomhdhlúthú, i 22 teanga
oifigiúil, ar Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 agus ar an ionstraim lena
leasaítear é. Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú
sin trí chóras próiseála sonraí. I gcás uimhreacha nua a bheith tugtha
do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir
nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán códaithe. ê 1616/2006
(oiriúnaithe) 2014/0191 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le nósanna imeachta áirithe chun an
Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a
mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile, a fheidhmiú
(códú) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh Ö ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh Õ, agus go háirithe
Airteagal Ö 207(2) Õ de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[5], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: ê (1) Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006[6] a leasú go
substaintiúil[7].
Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a
chódú. ê 1616/2006
aithris 1 (oiriúnaithe) (2) An 12 Meitheamh 2006,
síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais i Lucsamburg idir na
Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine,
den pháirt eile ('an CCC') Ö agus tháinig sé
i bhfeidhm an 1 Aibreán 2009 Õ. ê 1616/2006
(oiriúnaithe) (3) Is gá na nósanna imeachta
maidir le cur i bhfeidhm forálacha áirithe de chuid an CCC a leagan síos. (4) Ö Ordaítear Õ sa CCC go bhféadfar
táirgí iascaigh de thionscnamh na hAlbáine a allmhairiú isteach san Ö Aontas Õ ar dhleacht chustaim
laghdaithe, laistigh de theorainneacha na gcuótaí taraife. Is gá, dá bhrí sin,
forálacha a leagan síos lena rialaíltear bainistiú na gcuótaí taraife sin. Is
gá, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos lena rialaíltear bainistiú na gcuótaí
taraife Ö sin Õ . (5) I gcás ina bhfuil gá le
bearta cosanta trádála, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis na forálacha
ginearálta a leagadh amach i Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle[8], Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009
ón gComhairle[9],
Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle[10] nó, Rialachán (CE) Uimh. 597/2009
ón gComhairle[11]
de réir mar a bheidh. (6) I gcás ina dtugann Ballstát
faisnéis don Choimisiún faoi chalaois a d'fhéadfadh a bheith ann nó faoi
mhainneachtain comhar riaracháin a sholáthar, beidh feidhm ag an reachtaíocht
ábhartha Ö Aontais Õ , go háirithe
Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle[12]. (7) Chun na forálacha iomchuí den
Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart don Choiste um an gCód Custaim a
bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle[13]
cúnamh a thabhairt don Choimisiún. ê 37/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 13 (oiriúnaithe) (8) Is gá coinníollacha
aonfhoirmeacha chun bearta cosanta agus bearta eile nach iad a ghlacadh i ndáil
le clásail dhéthaobhacha chosanta an Ö CCC Õ a chur chun feidhme.
Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14]. (9) Ba cheart don Choimisiún
gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i
gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le himthosca eisceachtúla agus
géibheannacha a thagann chun cinn de réir bhrí Airteagal 39(4) den Ö CCC Õ , go n-éilítear amhlaidh
ar mhórchúiseanna práinne, ê 1616/2006
(oiriúnaithe) TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: Airteagal 1 Ábhar Sa Rialachán seo, leagtar síos nósanna
imeachta áirithe maidir le rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur chun
feidhme forálacha áirithe den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na
Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine,
den pháirt eile (Ö 'an CCC' Õ). ê 37/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 13(1) (oiriúnaithe) Airteagal 2 Lamháltais
d'iasc agus do tháirgí iascaigh Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe
maidir le cur chun feidhme Airteagal 28(1) den CCC, maidir leis na
taraif-chuótaí d'iasc agus do tháirgí iascaigh, a ghlacadh i gcomhréir leis an
nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán
seo. ê 1616/2006
(oiriúnaithe) Airteagal 3 Laghduithe
taraife 1. Faoi réir mhír 2, déanfar rátaí
dleachta fabhraí a shlánú síos go dtí an chéad ionad deachúlach. 2. Más rud é gurb ionann toradh ríomh an ráta
dleachta fabhraí Ö de bhun Õ mhír 1 agus ceann
díobh seo a leanas, measfar an ráta fabhrach mar dhíolúine iomlán: (a) 1% nó níos lú i gcás dleachtanna ad
valorem; nó (b) EUR 1 nó níos lú in aghaidh an méid
aonair i Ö gcás Õ dleachtanna
sonracha. ê 37/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 13(2) Airteagal 4 Oiriúnuithe
teicniúla I gcás leasuithe agus oiriúnuithe teicniúla ar
na forálacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a bhfuil gá leo tar éis
athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC nó a
thig as Comhaontuithe, Prótacail, Malartuithe Litreacha nó Gníomhartha eile,
idir nua agus mhodhnaithe, a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Albáin,
glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3). ê 37/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 13(3) Airteagal 5 Clásal
cosanta ginearálta I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar
a fhoráiltear in Airteagal 38 den CCC, glacfar an beart sin i gcomhréir
leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den
Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 38 den CCC. ê 37/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 13(4) (oiriúnaithe) Airteagal 6 Clásal
ganntanais I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar
a fhoráiltear in Airteagal 39 den CCC, glacfar an beart sin i gcomhréir
leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den
Rialachán seo. ê 1616/2006
(oiriúnaithe) Airteagal 7 Imthosca
eisceachtúla agus géibheannacha I gcásanna ina dtagann imthosca eisceachtúla
agus géibheannacha chun cinn de réir bhrí Airteagal 39(4) den CCC,
féadfaidh an Coimisiún gníomhartha atá infheidhme láithreach a ghlacadh mar a
fhoráiltear in Airteagal 39 den CCC. Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó
Bhallstát, glacfaidh an Coimisiún cinneadh ina thaobh laistigh de chúig lá
oibre tar éis an iarraidh a fháil. ê 37/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 13(5) (oiriúnaithe) Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3)
Ö den Rialachán
seo Õ , nó i gcásanna
práinne, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) Ö den Rialachán
seo Õ. ê 1616/2006
(oiriúnaithe) Airteagal 8 Clásal
cosanta do tháirgí talmhaíochta agus iascaigh 1. D'ainneoin na nósanna imeachta dá
dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 den Rialachán seo, i
gcás inar gá don Ö Aontas Õ beart cosanta a
dhéanamh Ö dá Õ bhforáiltear in Airteagal 38
den CCC maidir le táirgí talmhaíochta agus iascaigh, déanfaidh an Coimisiún, arna
iarraidh sin ó Bhallstat nó ar a thionscnamh féin, na bearta is gá a chinneadh
tar éis dó, más infheidhme, dul ar iontaoibh an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear
in Airteagal 38 den CCC. Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó
Bhallstát, déanfaidh sé cinneadh fúithi: (a) laistigh de thrí lá oibre tar éis an
iarraidh sin a fháil, i gcás nach bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin
dá bhforáiltear in Airteagal 38 den CCC; nó (b) laistigh de thrí lá roimh dheireadh
na tréimhse 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 38(5)(a) den CCC, i gcás ina
bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in
Airteagal 38 den CCC. Cuirfidh an Coimisiún na bearta a cinneadh in
iúl do na Ballstáit. ê 37/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 13(6) 2. Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3),
nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 9(4). ê 37/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 13(7) (oiriúnaithe) Airteagal 9 Nós
imeachta coiste 1. Chun críocha Airteagal 2, Airteagal 4 agus
Airteagal 11 déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 285
de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste
de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin. 2. Chun críocha Airteagal 5, Airteagal 6
Airteagal 7 agus Airteagal 8, déanfaidh an Coiste Ö um
Choimircí Õ a bunaíodh le Ö hAirteagal 4(1)
de Õ Rialachán (CE) Uimh. 260/2009
cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011
a bheidh sa Choiste sin. 3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo,
beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 4. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo,
beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i
dteannta Airteagal 5 den Rialachán sin. ê 1616/2006
(oiriúnaithe) Airteagal 10 Dumpáil
agus fóirdheontas I gcás cleachtais ar dóchúil gur gá don Ö Aontas Õ na bearta dá
bhforáiltear in Airteagal 37(2) den CCC a chur i bhfeidhm ina leith,
déanfar tabhairt isteach bearta frithdhumpála agus/nó frithchúitimh a chinneadh
i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009
Ö agus/ Õ nó i Rialachán
(CE) Uimh. 597/2009 faoi seach. Airteagal 11 Iomaíocht 1. I gcás cleachtais a d'fhéadfadh údar cuí a
thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 71 den
CCC ag an Ö Aontas Õ , déanfaidh an
Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, ar a thionscnamh féin nó arna
iarraidh sin do Bhallstát, an bhfuil an cleachtas ag luí leis an Ö CCC Õ . Na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 71(9)
den CCC, glacfar iad i gcásanna cabhrach i gcomhréir leis na nósanna imeachta a
leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 agus, i gcásanna eile nach
iad, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal Ö 207 Õ den Chonradh. 2. I gcás cleachtais lena bhféadfadh Poblacht
na hAlbáine bearta a chur i bhfeidhm maidir leis an Ö Aontas Õ ar bhonn Airteagal 71
den CCC, cinnfidh an Coimisiún, tar éis dó an cás a scrúdú, an bhfuil an
cleachtas ag luí leis na prionsabail a leagtar síos sa CCC. I gcás inar gá,
déanfaidh Ö an
Coimisiún Õ na cinntí iomchuí ar
bhonn critéar a thig as cur i bhfeidhm Airteagal 101, Airteagal 102 agus Airteagal
107 den Chonradh. Airteagal 12 Calaois
nó mainneachtain comhar riaracháin a sholáthar I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn
faisnéise arna soláthar ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, gur comhlíonadh
na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 43 den CCC, déanfaidh Ö sé Õ an méid seo a leanas
gan mhoill: (a) an Chomhairle a chur ar an eolas;
agus (b) fógra faoina chinntí a thabhairt don
Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, mar aon leis an bhfaisnéis
oibiachtúil, agus rachaidh sé i gcomhairle laistigh den Choiste um Chobhsaíocht
agus Comhlachas. Aon rud a fhoilseofar faoi Airteagal 43(5)
den CCC, Ö foilseoidh Õ an Coimisiún in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é. ê 37/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 13(8) (oiriúnaithe) Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3)
den Rialachán seo, cóir fhabhrach ábhartha na dtáirgí dá bhforáiltear in Airteagal 43(4)
den CCC, a chur ar fionraí go sealadach. ê 1616/2006
(oiriúnaithe) Airteagal 13 Fógra a
thabhairt Ö Beidh an
Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, freagrach as Õ fógra a thabhairt
don Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais agus don Choiste um Chobhsaíocht
agus Comhlachas, mar a cheanglaítear faoin CCC. ê Airteagal 14 Aisghairm Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a
fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an
tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II. ê 1616/2006
(oiriúnaithe) Airteagal 15 Teacht
i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an Ö fichiú Õ lá Ö tar éis lá Õ a fhoilsithe in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach
Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] COM(87) 868 miontuairiscí. [2] Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Cuid A de na
Conclúidí. [3] Códú a cuireadh ar chlár reachtaíochta 2014. [4] Féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an togra seo. [5] IO C […], […], lch. […]. [6] Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 ón gComhairle an
23 Deireadh Fómhair 2006 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an
Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a
mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine den pháirt eile, a fheidhmiú,
agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na
hAlbáine a fheidhmiú (IO L 300, 31.10.2006, lch. 1). [7] Féach Iarscríbhinn I. [8] Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 an 26 Feabhra 2009 ón
gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 84,
31.3.2009, lch. 1). [9] Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009 ón gComhairle an
19 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear comhrialacha le
haghaidh onnmhairí (IO L 291, 7.11.2009, lch. 1). [10] Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30
Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach
baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009,
lch. 51). [11] Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11
Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha
nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009,
lch. 93). [12] Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997
maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus
maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún lena áirithiú go gcuirfear
an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82,
22.3.1997, lch. 1). [13] Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an
Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch.1). [14] Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na
prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na
Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55,
28.2.2011, lch. 13). IARSCRÍBHINN I An
Rialachán aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 ón gComhairle (IO L 300, 31.10.2006, lch. 1) || || || Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 18, 21.1.2014, lch. 1) || Iarscríbhinn, pointe 13 amháin. _____________ IARSCRÍBHINN II Tábla
comhghaoil Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 || An Rialachán seo Airteagail 1 go 8 || Airteagail 1 go 8 Airteagal 8a || Airteagal 9 Airteagal 9 || Airteagal 10 Airteagal 10 || Airteagal 11 Airteagal 11 || Airteagal 12 Airteagal 13 || Airteagal 13 - || Airteagal 14 Airteagal 14 || Airteagal 15 - || Iarscríbhinn I - || Iarscríbhinn II _____________