52014PC0358

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais /* COM/2014/0358 final - 2014/0180 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Tar éis Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 ar sholáthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE[1]("an Treoir") agus Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 ar chonarthaí lamháltais a dhámhachtain[2] a ghlacadh, ba cheart foráil a dhéanamh chun na rialacha atá sna Treoracha sin a chur i bhfeidhm ar chonarthaí a thug na hinstitiúidí Eorpacha as a stuaim féin.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Toisc nach ndéanann an togra seo ach na treoracha nua maidir le soláthar poiblí agus conarthaí lamháltais a dhámhachtain a chur chun feidhme, ní dhearnadh aon chomhairliúchán poiblí.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Na modhnuithe a rinneadh ar théacs an Rialacháin Airgeadais, is féidir iad a aicmiú ina dtrí phríomhghrúpa.

Tá an chéad sraith athruithe nasctha leis an ailíniú leis an Treoir. Tugadh isteach forálacha nua, amhail comhairliúchán margaidh, an chomhpháirtíocht nua nuála mar nós imeachta, comhlíonadh dlí comhshaoil, sóisialta agus saothair a thabhairt isteach mar riachtanas lárnach, meastóireacht critéar ach gan aon ord ar leith a bheith léi, modheolaíocht na dámhachtana arna bunú ar an tairiscint is mó buntáistí eacnamaíocha. Ina theannta sin, tugadh isteach lamháltais le haghaidh oibreacha agus seirbhísí den chéad uair sa Rialacháin Airgeadais agus tá siad faoi réir na gcineálacha céanna nósanna imeachta agus atá conarthaí poiblí.

Baineann an dara grúpa athruithe leis na hairteagail maidir le heisiamh. Déantar na forais i gcomhair eisiaimh a shoiléiriú agus a ailíniú leis an Treoir mar aon leis an deis a bheith ag an oibreoir eacnamaíoch ábhartha bearta feabhais a dhéanamh. Tá eisiamh scartha go soiléir ó dhiúltú i gcás nós imeachta ar leith, chun mearbhall a sheachaint. Tá córas aonair curtha ar bun le cur le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, rud a chuireann san áireamh an Bunachar Sonraí Lárnach maidir le heisiaimh atá ann cheana féin. Is é is aidhm don chóras a áirithiú go mbraithfear agus go gcoiscfear rioscaí go luath agus go bhfoilseofar faisnéis a bhaineann leis na hoibreoirí eacnamaíocha a eisiadh. Tá painéal eisiaimh curtha ar bun chun cinntí maidir le heisiamh a dhéanamh tar éis anailísiú an cháis agus ráthaíonn sé ceart ar chosaint na n‑oibreoirí eacnamaíocha.

Tá nasc ag an tríú grúpa athruithe leis an téacs a shoiléiriú agus a shimpliú. Laistigh de theorainneacha na Treorach agus faoi bhun na dtairseach ar a bhfuil feidhm ag an Treoir, déantar athbhreithniú ar fhorálacha a bhaineann le soláthar d'fhonn comhsheasmhacht san fhoclóir a úsáidtear ar fud an Teidil a áirithiú agus rialacha áirithe a shoiléiriú. Baineann na soiléirithe agus na simplithe sin le bearta faisnéise agus poiblíochta os cionn tairseach agus faoina mbun, ceanglais maidir le hoscailt agus le meastóireacht, diúltú tairiscintí neamh-chomhlíontacha, ráthaíochtaí bainc le haghaidh oibreacha agus seirbhísí casta conarthaí, an fhíric go meastar institiúidí an Aontais a bheith ina n‑údaráis chonarthacha cheannais de réir na Treorach, an tagairt do thairseacha Treorach is infheidhme, nósanna imeachta leictreonacha agus soláthar a dhéanann institiúidí a oscailt d'eagraíochtaí idirnáisiúnta.

2014/0180 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de, i gcomhcheangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí[3],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[4] leagtar síos na rialacha maidir le bunú agus cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, tá rialacha maidir le soláthar poiblí ann freisin. An 26 Feabhra 2014 glacadh Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[5] maidir le soláthar poiblí agus Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[6] maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain. Is gá, dá bhrí sin, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a chur in oiriúint chun go gcuirfear san áireamh na Treoracha sin le haghaidh conarthaí arna ndámhachtain ag institiúidí an Aontais as a stuaim féin.

(2)       Ba cheart roinnt sainmhínithe a chur isteach, agus ba cheart soiléirithe teicniúla áirithe a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil téarmaíocht an Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ag teacht le téarmaíocht Threoir 2014/24/AE agus Threoir 2014/23/AE.

(3)       Na bearta poiblíochta agus faisnéise ex-ante agus ex-post is gá chun nós imeachta soláthair a sheoladh, ba cheart iad a shoiléiriú maidir le conarthaí atá os cionn agus faoi bhun na dtairseach atá leagtha amach i dTreoir 2014/24/AE.

(4)       Ba cheart liosta uileghabhálach de nósanna imeachta soláthair uile institiúidí an Aontais, beag beann ar an tairseach, a bheith i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

(5)       I gcomhréir le Treoir 2014/24/AE, ba cheart do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 comhairliúchán margaidh a cheadú sula seolfaí nós imeachta um sholáthar.

(6)       Ba cheart córas aonair a bhunú le cur le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, rud a chuirfeadh san áireamh an Bunachar Sonraí Lárnach maidir le hEisiamh atá ann cheana féin. Ba cheart é a bheith d'aidhm ag an gcóras rioscaí a bhrath go luath agus oibreoirí eacnamaíochta eisiata a lárú.

(7)       Cé gurb é an Coimisiún atá freagrach as feidhmiú an chórais luathbhraite agus eisiaimh, ba cheart institiúidí agus comhlachtaí eile a bheith rannpháirteach go díreach chun rioscaí a bhrath go luath.

(8)       Ba cheart na rialacha maidir le heisiamh ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta um sholáthar a fheabhsú chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a neartú.

(9)       Ba cheart painéal láraithe nuachruthaithe, arna chur ar bun ag an gCoimisiún, an cinneadh a dhéanamh oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair, go háirithe, agus pionós airgeadais a fhorchur. Ba cheart é a bheith comhdhéanta de phríomhghníomhairí an Choimisiúin agus na n‑institiúidí, na gcomhlachtaí nó na n‑oifigí Aontais lena mbaineann.

(10)     I gcomhréir le Treoir 2014/24/AE, ba cheart do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 liosta na ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha atá ina bhforas i gcomhair eisiaimh a shonrú go háirithe maidir le saothar leanaí nó foirmeacha eile gáinneála ar dhaoine. Ba cheart a shoiléiriú gur foras i gcomhair eisiaimh é sárú tromchúiseach conartha.

(11)     Níor cheart an t‑oibreoir eacnamaíoch a bheith faoi réir cinnidh eisiaimh nuair is féidir leis a iontaofacht a léiriú trí bhearta feabhais a ghlacadh. Níor cheart feidhm a bheith leis an deis sin i gcás na ngníomhaíochtaí coiriúla is tromchúisí.

(12)     Ba cheart don phainéal nuachruthaithe an t‑oibreoir eacnamaíoch a eisiamh i gcás ina bhfuil mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, calaois, éilliú, rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, cionta a bhaineann le sceimhlitheoireacht, saothar leanaí nó cineálacha eile gáinneála ar dhaoine, agus sárú tromchúiseach conartha ar bhonn na fianaise ann.

(13)     Ba cheart don phainéal ceart ar chosaint atá ag na hoibreoirí eacnamaíocha a ráthú. I gcásanna ina bhfuil calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile ann a dhéanfadh difear do leas airgeadais an Aontais nach bhfuil fós faoi réir breithiúnais deiridh, ba cheart é a chur ar chumas an phainéil an deis a tugadh don oibreoir eacnamaíoch a chuid barúlacha a chur in iúl a iarchur. Níor cheart an t‑iarchur sin a cheadú ach amháin i gcás ina bhfuil forais dhlisteanacha láidre ann i gcomhair rúndacht an imscrúdaithe a chaomhnú.

(14)     Ba cheart don údarás conarthach an t‑oibreoir eacnamaíoch a eisiamh freisin nuair a rinneadh cinneadh riaracháin críochnaitheach nó nuair a tugadh breithiúnas críochnaitheach ina leith i gcás ina bhfuil mí-iompair gairmiúil tromchúiseach, neamhchomhlíonadh na n‑oibleagáidí ann a bhaineann le ranníocaíochtaí slándála sóisialta nó le cánacha a íoc, calaois, éilliú, rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, cionta a bhaineann le sceimhlitheoireacht, saothar leanaí nó cineálacha eile gáinneála ar dhaoine.

(15)     Ba cheart na critéir maidir le heisiamh a bheith scartha go soiléir ó na critéir as a dtiocfaidh diúltú féideartha i gcás nós imeachta ar leith.

(16)     Aon eintiteas a bhfuil baint aige le cur chun feidhme an bhuiséid, ba cheart dó faisnéis faoi oibreoir eacnamaíoch a roinnt nuair a dhéanann siad cinneadh ar eisiamh faoina bhfreagracht féin chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(17)     Ba cheart an ré eisiaimh a bheith teoranta ó thaobh ama, i gcomhréir le Treoir 2014/24/AE.

(18)     Chun díspreagadh ar na rialacha um eisiamh agus um pionós airgeadais a fheabhsú, ba cheart faisnéis a bhaineann le hoibreoirí eacnamaíocha i gcás eisiaimh a fhoilsiú ar shuíomh idirlín an Choimisiúin i gcomhréir le ceanglais chosanta sonraí a leagtar amach i Rialachán Uimh. 45/2001of Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[7] agus i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[8].

(19)     I gcomhréir le Treoir 2014/24/AE, ba cheart Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 fíorú eisiaimh a cheadú, na critéir roghnúcháin agus dámhachtana a chur i bhfeidhm, chomh maith le comhlíonadh na ndoiciméad soláthair a fhíorú in aon ord. Mar thoradh air sin, ba cheart an deis a bheith ann tairiscintí ar bhonn na gcritéar dámhachtana a dhiúltú gan seiceáil roimh ré maidir le critéir eisiaimh nó roghnúcháin an tairgeora chomhfhreagraigh.

(20)     Ba cheart dámhachtain na gconarthaí a chur i gcrích ar bhonn na tairisceana is sochraí ó thaobh na heacnamaíochta i gcomhréir le Treoir 2014/24/AE.

(21)     Ba cheart a shoiléiriú gur cheart na tairiscintí go léir a oscailt agus a mheas le haghaidh aon nós imeachta agus cibé acu ar ceapadh coiste oscailte nó meastóireachta ar leith nó nár ceapadh. Ba cheart cinneadh dámhachtana a bheith ina thoradh ar mheastóireacht i gcónaí.

(22)     Ós rud é nach gcuirtear critéir i bhfeidhm in aon ord ar leith, is gá foráil a dhéanamh maidir leis an deis a bheith ag na tairgeoirí a chuir tairiscintí chomhlíontacha isteach agus a diúltaíodh saintréithe agus buntáistí coibhneasta an tairgeora ar éirigh leis a fháil má iarrann siad sin.

(23)     Ba cheart an deis a bheith ann ráthaíochtaí conarthacha a éileamh i gcás oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí casta d'fhonn comhlíonadh oibleagáidí suntasacha conarthacha a ráthú i gcomhréir leis an gcleachtas is gnách sna hearnálacha sin chun cur chun feidhme iomchuí an chonartha le linn a ré a áirithiú.

(24)     Is gá foráil a dhéanamh maidir leis an deis a bheith ann comhlíonadh conartha a chur ar fionraí d'fhonn a fháil amach ar tharla earráidí, mírialtachtaí nó calaois.

(25)     D'fhonn a chinneadh cé na tairseacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais, is gá a shoiléiriú go bhfuil institiúidí an Aontais le meas mar údaráis chonarthacha lárnacha mar atá sainmhínithe i dTreoir 2014/24/AE.

(26)     Is iomchuí tagairt a chur isteach don dá thairseach is infheidhme maidir le saothair agus le soláthairtí agus seirbhísí dá bhforáiltear i dTreoir 2014/24/AE. Ba cheart na tairseacha sin a bheith infheidhme freisin maidir le conarthaí lamháltais ar mhaithe le simpliú, chomh maith le bainistíocht fhónta airgeadais, agus sainiúlachtaí riachtanais conarthacha institiúidí an Aontais á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, bheadh an nuashonrú ar na tairseacha sin dá bhforáiltear i dTreoir 2014/24/AE infheidhme go díreach maidir le soláthar institiúidí an Aontais.

(27)     Is gá coinníollacha chur i bhfeidhm na tréimhse neamhghníomhaíochta a shoiléiriú.

(28)     Is gá a shoiléiriú cé na hoibreoirí eacnamaíocha a mbeidh rochtain acu ar sholáthar institiúidí an Aontais ag brath ar an áit a bhfuil siad bunaithe agus a fhoráil go sainráite don deis a bheith ag eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin an rochtain sin a bheith acu.

(29)     Ba cheart feidhm na bhforas eisiaimh a leathnú chuig ionstraimí eile fhorghníomhú an bhuiséid, amhail deontais, duaiseanna, ionstraimí airgeadais agus saineolaithe luach saothair agus i gcás na bainistíochta indírí.

(30)     Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 mar seo a leanas:

(1) Sa chéad fhomhír d'Airteagal 60(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

"(d) rialacha agus nósanna imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm maidir le maoiniú as cistí an Aontais a chur ar fáil trí sholáthar, deontais, duaiseanna agus ionstraimí airgeadais lena n‑áirítear na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 108(5);";

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Theideal II de Chuid a Dó:

"TEIDEAL V

SOLÁTHAR POIBLÍ AGUS LAMHÁLTAIS";

(3) I gCaibidil 1 de Theideal V de Chuid a hAon, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 1, Roinn 2 agus Roinn 3:

Roinn 1

Raon feidhme agus prionsabail dámhachtana

Airteagal 101

Sainmhínithe chun críche an Teidil seo

1. Ciallaíonn 'soláthar' sealbhú trí chonradh ar fhoirgnimh, oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí ag údarás conarthach amháin nó níos mó ná sin ó oibreoirí eacnamaíocha a roghnaigh na húdaráis chonarthacha sin.

2. Is conarthaí le haghaidh leasa airgid iad conarthaí poiblí, a thugtar i gcrích i scríbhinn idir oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó agus údarás conarthach amháin nó níos mó de réir bhrí Airteagal 117 agus Airteagal 190 ionas go ndéanfar, ar phraghas arna íoc ina iomláine nó i bpáirt as an mbuiséad, sócmhainní sochorraithe nó dochorraithe a chur ar fáil, oibreacha a chur i gcrích nó seirbhísí a sholáthar.

Is é a bheidh i gconarthaí den sórt sin:

(a) conarthaí tógála;

(b) conarthaí soláthair;

(c) conarthaí oibreacha;

(d) conarthaí seirbhíse.

3. Ciallaíonn 'conradh lamháltais' conradh le haghaidh leasa airgid a cuireadh i gcrích i scríbhinn idir oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó agus údarás conarthach amháin nó níos mó de réir bhrí Airteagal 117 agus Airteagal 190, d'fhonn oibreacha a chur i gcrích nó bainistíocht seirbhísí a chur de chúram ar oibreoir eacnamaíoch. Is é a bheidh sa luach saothair an ceart chun leas a bhaint as na hoibreacha nó na seirbhísí amháin, sin nó an ceart sin mar aon le híocaíocht. Is é a bheidh i gceist le lamháltas oibreacha nó seirbhísí riosca a dhámhachtain riosca oibriúcháin a aistriú chuig an lamháltóir chun maidir le leas a bhaint as na hoibreacha nó na seirbhísí sin, a chuimsíonn riosca éilimh nó ar soláthair nó iad araon. Measfar gur ghlac an lamháltóir riosca oibriúcháin i gcás, faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin, nach ráthaítear go n‑aisíocfar é as na hinfheistíochtaí a rinneadh nó na costais a tabhaíodh agus na hoibreacha nó na seirbhísí atá i gceist á n‑oibriú.

4. Ciallaíonn 'conradh' conradh poiblí nó conradh lamháltais.

5. Ciallaíonn 'creatchonradh' conradh poiblí a thugtar i gcrích idir oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó agus údarás conarthach amháin nó níos mó, arb é a chuspóir na téarmaí a bhunú lena rialófar conarthaí a bheidh le dámhachtain le linn tréimhse áirithe, ag féachaint go háirithe do phraghas agus, nuair is iomchuí, don mhéid atá beartaithe.

6. Ciallaíonn 'oibreoir eacnamaíoch' aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó eintiteas poiblí a thairgeann táirgí a sholáthar, oibreacha a chur i gcrích nó seirbhísí a chur ar fáil.

7. Ciallaíonn 'Doiciméad soláthair' aon doiciméad a chuir an t‑údarás conarthach ar fáil nó ar thagair sé dó chun cur síos nó cinneadh a dhéanamh ar ghnéithe den nós imeachta lena n‑áirítear na bearta poiblíochta a leagtar amach in Airteagal 103, sonraíochtaí tairisceana nó doiciméad tuairisciúil, dréachtchonradh agus cuireadh chun tairisceana.

8. Seachas i gcás Airteagal 106 go hAirteagal 108, ní bheidh feidhm ag an Teideal seo maidir le deontais, nó maidir le conarthaí i gcomhair cúnaimh theicniúil mar atá sainithe i gcomhréir le hAirteagal 125(8) arna dtabhairt i gcrích le BEI nó leis an gCiste Eorpach Infheistíochta.

9. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le sainmhíniú agus le raon feidhme conarthaí soláthair, lena n‑áirítear creatchonarthaí agus conarthaí sonracha.

Airteagal 102

Prionsabail is infheidhme maidir le nósanna imeachta soláthair agus conarthaí

1. Urramóidh na nósanna imeachta um sholáthar agus na conarthaí uile prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe.

2. Cuirfear na conarthaí soláthair go léir amach ar tairiscint ar an mbonn is leithne is féidir, ach amháin nuair a bheidh úsáid á baint as an nós imeachta idirbheartaíochta dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 104(1).

Ní fhéadfaidh na húdaráis chonarthacha na creatchonarthaí a úsáid go míchuí ná ar bhealach arb é is cuspóir nó is éifeacht dó an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh.

Roinn 2

Poiblíocht

Airteagal 103

Bearta poiblíochta

1. Maidir le nósanna imeachta atá cothrom le nó níos mó ná na tairseacha faoi Airteagal 118(1) nó in Airteagal 190, déanfaidh an t‑údarás conarthach an méid seo a leanas a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:

(a) fógra conartha maidir le nós imeachta a sheoladh, ach amháin i gcás an nós imeachta faoi Airteagal 104(1)(d).

(b) fógra dámhachtana conartha faoi thorthaí an nós imeachta.

2. Déanfar nósanna imeachta a bhfuil a luach ná na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 118 nó in Airteagal 190 a fhoilsiú le modhanna iomchuí.

3. Féadfar gan faisnéis áirithe faoi thabhairt conarthaí a dhámhachtain amach más rud é go gcuirfeadh scaoileadh na faisnéise sin bac ar fhorfheidhmiú an dlí, nó go mbeadh sé in aghaidh leas an phobail ar shlí eile, go ndéanfadh sé dochar do leasanna dlisteanacha tráchtála oibreoirí eacnamaíocha, nó dá bhféadfadh sé dochar a dhéanamh d’iomaíocht chóir idir na hoibreoirí sin.

4. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le ceanglais i ndáil le fógraíocht conarthaí agus le foilsiú fógraí.

Roinn 3

Nósanna imeachta um sholáthar

Airteagal 104

Nósanna imeachta um sholáthar

1. Nósanna imeachta soláthair maidir le conarthaí lamháltais nó poiblí a dhámachtain, lena n‑áirítear creatchonarthaí, beidh siad i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(a) nós imeachta oscailte;

(b) nós imeachta srianta lena n‑áirítear trí chóras ceannaigh dinimiciúil;

(c) comórtais um dhearadh;

(d) nós imeachta idirbheartaíochta;

(e) idirphlé iomaíoch;

(f) Nós imeachta iomaíoch fara idirbheartaíocht;

(g) comhpháirtíocht nuála;

(h) nósanna imeachta lena mbaineann glao ar léiriú spéise.

2. I gcás inar spéis le dhá institiúid nó níos mó, le dhá ghníomhaireacht feidhmiúcháin nó níos mó nó le dhá chomhlacht nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 conradh poiblí nó creatchonradh, agus aon uair a d'fhéadfaí éifeachtúlacht a mhéadú, féadfaidh na húdaráis chonarthacha ábhartha nós imeachta agus bainistiú an chonartha nó an chreatchonartha iardain a chur i gcrích ar bhonn idirinstitiúideach faoi cheannaireacht ceann de na húdaráis chonarthacha.

Féadfaidh na comhlachtaí arna mbunú ag an gComhairle faoin CBES de bhun Theideal V den CAE páirt a ghlacadh i nósanna imeachta idirinstitiúideacha freisin.

Ní fhéadfaidh téarmaí creatchonartha a bheith i bhfeidhm ach amháin idir na húdaráis chonarthacha atá aitheanta chun na críche seo ó seoladh an nós imeachta soláthair agus na hoibreoirí eacnamaíocha sin atá ina bpáirtithe sa chreatchonradh.

3. I gcás inar gá conradh poiblí nó creatchonradh chun gníomhaíocht chomhpháirteach a chur chun feidhme idir institiúid agus údarás conarthach amháin nó níos mó ó Bhallstáit, féadfaidh an institiúid agus na húdaráis chonarthacha, an nós imeachta soláthair a chur i gcrích i gcomhpháirt le chéile, i gcásanna áirithe, atá le sonrú sna gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo.

Féadfar soláthar comhpháirteach a dhéanamh le stáit CSTE, agus tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, má foráladh go sonrach don deis sin i gconradh déthaobhach nó iltaobhach.

4. Ní fhéadfaidh an t‑údarás conarthach an nós imeachta idirbheartaithe a úsáid ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

5. Cumhachtófar ann Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na cineálacha nósanna imeachta soláthair, le córas ceannaigh dinimiciúil, le conarthaí ar luach íseal agus le híocaíocht sonrasc.

Airteagal 105

Nós imeachta a ullmhú

1. Sula seolfaidh sé nós imeachta, féadfaidh an t‑údarás conarthach réamhchomhairliúchán margaidh a dhéanamh d'fhonn an soláthar a ullmhú.

2. Sna doiciméid soláthair, déanfaidh an t‑údarás conarthach ábhar an tsoláthair a aithint trí thuairisc a chur ar fáil ar a riachtanais agus ar na saintréithe is gá do na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí a tá le ceannach agus sonróidh sé na critéir is infheidhme. Sonróidh sí freisin cé na gnéithe a shainíonn na ceanglais íosta a bheidh le comhlíonadh ag gach tairiscint.

3. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe i maidir le hábhar na ndoiciméad soláthair agus leis an réamhchomhairliúchán margaidh.

Airteagal 106

Critéir maidir le heisiamh

1. Déanfar oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair i gcásanna ina bhfuil na nithe seo a leanas i gceist:

(a) féimheacht, imeachtaí dócmhainneachta nó imeachtaí foirceanta, sócmhainní atá á riaradh ag na cúirteanna nó an leachtaitheoir, comhshocraíocht le creidiúnaithe, fionraí gníomhaíochtaí gnó, nó aon chor atá cosúil leo a eascraíonn as nós imeachta comhchosúil dá bhforáiltear i reachtaíocht nó rialacháin náisiúnta;

(b) mí-iompar gairmiúil tromchúiseach ar bhonn na fianaise mar a bhunófar í le cinneadh an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 108 nó le breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin;

mura gcomhlíonfaidh siad a gcuid oibleagáidí maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íoc nó cánacha a íoc i gcomhréir le forálacha dlíthiúla na tíre ina bhfuil siad bunaithe nó i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá i dtír an údaráis chonarthaigh nó i gcomhréir le forálacha dlíthiúla na tíre ina bhfuil an conradh le comhlíonadh de réir mar a bhunaigh breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin é;

(d) calaois, éilliú, rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, cionta a bhaineann le sceimhlitheoireacht, saothar leanaí nó cineálacha eile gáinneála ar dhaoine ar bhonn na fianaise a chruthaigh an painéal dá dtagraítear in Airteagal 108 nó arna bunú le breithiúnas críochnaitheach;

(e) sárú tromchúiseach conartha arna mhaoiniú ag buiséad an Aontais tar éis cinnidh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108;

(f) neamhrialtacht ar bhonn na fianaise a chruthaigh cinneadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108 nó le breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin.

2. Déanfar an t‑oibreoir eacnamaíoch a eisiamh i gcás ina mbeidh duine is comhalta de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid an oibreora eacnamaíoch sin nó a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta, cinnte nó rialaithe aige agus é i staid atá liostaithe i mír 1.

3. Ach amháin i gcás dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1, féadfaidh an t‑údarás conarthach a chinneadh nach n‑eisiafar an t‑oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann i gcás ina bhfuil sé tar éis bearta feabhais a dhéanamh chun a iontaofacht a léiriú.

Ar feadh ré teoranta agus go dtí go nglacfar na bearta feabhais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an t‑údarás conarthach a chinneadh nach n‑eisiafar an t‑oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach d'fhonn leanúnachas na seirbhíse a áirithiiú. Sa chás sin, déanfaidh sé údar cuí a thabhairt i leith a chinnidh.

4. Ní bheidh feidhm ag pointí (a) de mhír 1 i gcás ina gceannaítear soláthairtí ar théarmaí fíor-thairbheacha ó sholáthróir a bhfuil a ghníomhaíochtaí gnó á bhfoirceannadh go cinntitheach aige ná ó na leachtaitheoirí i nós imeachta féimheachta, trí shocrú le creidiúnaithe, nó trí nós imeachta comhchosúil faoin dlí náisiúnta.

5. Dearbhóidh an t‑oibreoir eacnamaíoch nach bhfuil sé i gceann de na cásanna eisiaimh a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo nó go bhfuil sé i gceann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an t‑oibreoir eacnamaíoch an dearbhú céanna ar fáil d'eintiteas a mbeartaíonn sé brath ar a chumas. Féadfaidh an t‑údarás conarthach, áfach, staonadh ó dheimhniú mar sin a éileamh i gcás conarthaí ar luach an‑íseal.

6. Aon uair a iarrfaidh an t‑údarás conarthach sin, cuirfidh an t‑oibreoir eacnamaíoch fianaise chuí ar fáil nach bhfuil sé i gceann de na cásanna eisiaimh a liostaítear i mír 1.

Aon uair a bhfuil amhras ar an údarás conarthach go bhfuil mír 2 á chomhlíonadh, cuirfidh an t‑oibreoir eacnamaíoch, arna iarraidh sin air, faisnéis ar fáil faoi dhaoine atá ina mbaill dá chomhlacht bainistíochta, riaracháin nó maoirseachta, nó ag a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta, cinnte nó rialaithe. Cuirfidh sé ar fáil sé freisin, arna iarraidh sin, fianaise iomchuí nach bhfuil duine amháin nó níos mó de na daoine i gceann de na cásanna eisiaimh a liostaítear i mír 1.

7. Féadfaidh an t‑údarás conarthach a fhíorú freisin cé acu i staid eisiaimh a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo nó i gceann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo atá fochonraitheoir.

8. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le sainmhíniú na staideanna eisiaimh, bearta feabhais agus le dearbhú agus le fianaise nach bhfuil oibreoir eacnamaíoch i gceann de na cásanna eisiaimh a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 107

Diúltú i gcás nós imeachta áirithe

1. Ní dhámhfar conradh do nós imeachta áirithe d'oibreoir eacnamaíoch sna cásanna seo a leanas:

(a) má tá sé i gceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 106(1) agus (2);

(b) má rinne sé bréagléiriú ar an bhfaisnéis a éilítear mar choinníoll le rannpháirtíocht sa nós imeachta;

(c ) má bhí baint aige cheana le doiciméid soláthair a ullmhú nuair a bhaineann sé sin le saobhadh iomaíochta nach féidir a leigheas ar shlí eile.

2. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir leis na bearta chun saobhadh iomaíochta a sheachaint agus ar dhearbhú agus ar fhianaise nach bhfuil oibreoir eacnamaíoch i gceann de na cásanna eisiaimh a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 108

An córas luath bhraith agus eisiaimh

1. Bunóidh agus oibreoidh an Coimisiún córas chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Cuimsíonn an córas luathbhraith na rioscaí a bhíonn ag bagairt ar leasanna airgeadais an Aontais, eisiamh na n‑oibreoirí eacnamaíocha atá i gceann de na cásanna eisiaimh a liostaítear in Airteagal 106(1) agus pionós airgeadais a fhorchur ar oibreoir eacnamaíoch atá i gceann de na cásanna eisiaimh a liostaítear i bpointí (b), (d), (e) agus (f) d'Airteagal 106(1) .

2. Tá luathbhrath na rioscaí a bhíonn ag bagairt ar leasanna airgeadais an Aontais bunaithe ar tharchur faisnéise ó aon cheann de na daoine nó de na comhlachtaí seo a leanas:

(a) OLAF i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle * i gcás ina léirítear le fiosrúchán OLAF atá ar siúl go bhféadfadh sé bheith iomchuí bearta réamhchúraim a ghlacadh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;

(b) oifigeach údarúcháin de chuid an Choimisiúin nó gníomhaireachta feidhmiúcháin i gcás mí-iompair ghairmiúil thromchúisigh a thoimhdeofar, mírialtachta, calaoise nó sáraithe thromchúisigh conartha;

(c) institiúid, comhlacht nó oifig Eorpach eile i gcás mí-iompair ghairmiúil thromchúisigh a thoimhdeofar, mírialtachta, calaoise nó sáraithe thromchúisigh conartha;

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír a tharchur gan mhoill trí chóras cuntasaíochta an Choimisiúin chuig oifigigh údarúcháin an Choimisiúin agus a ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin, gach institiúid, comhlacht agus oifig Eorpach eile chun deis a thabhairt dóibh bearta sealadacha agus coisctheacha a ghlacadh le linn chur chun feidhme an bhuiséid. Ní rachaidh na bearta sin níos faide ná an méid atá á thuar i dtéarmaí agus coinníollacha na ndoiciméad soláthair.

3. Maidir leis na cáis dá dtagraítear i bpointí (b), (d), (e) agus (f) d'Airteagal 106(1), bunóidh an Coimisiún painéal, arna iarraidh sin d'oifigeach údarúcháin de chuid an Choimisiúin nó gníomhaireachta feidhmiúcháin nó bunóidh sé painéal comhpháirteach arna iarraidh sin d'institiúid, comhlacht nó oifig Eorpach eile. Cuirfidh an painéal, thar ceann an Choimisiúin agus a ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin, institiúidí eile, comhlachtaí nó oifigí Eorpacha, an nós imeachta seo a leanas i bhfeidhm:

(a) déanfaidh an t‑iarratasóir an cás a tharchur chuig an bpainéal maille leis an bhfaisnéis is gá agus an staid eisiaimh;

(b) cuirfidh an painéal fógra gan mhoill chuig an oibreoir eacnamaíoch faoi na fíricí atá i gceist agus a réámhaicmiú sa dlí, a d'fhéadfadh cáiliú mar staid eisiaimh a liostaítear in Airteagal 106(1) agus/nó a bhféadfadh forchur pionóis airgeadais teacht astu;

(c) i gcás ina bhfuil iarratas an oifigigh údarúcháin bunaithe, inter alia, ar an bhfaisnéis a chuir OLAF ar fáil, comhoibreoidh an Oifig leis an bpainéal i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013;

(d) Féadfaidh an painéal a chinneadh an t‑oibreoir eacnamaíoch a eisiamh go sealadach ar feadh tréimhse suas le 6 mhí;

(e) sula ndéanfaidh sé cinneadh sealadach nó deiridh, tabharfaidh an painéal deis don oibreoir eacnamaíocha bharúlacha a thíolacadh;

(f) féadfaidh an painéal cinneadh um eisiamh a ghlacadh, lena n‑áirítear maidir le ré feidhme an eisiata agus/nó d'fhéadfadh sé pionós airgeadais a fhorchur ar bhonn na fianaise agus na faisnéise a fuarthas, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh aige;

(g) Féadfaidh an painéal a chinneadh a athbhreithniú le linn na tréimhse eisiaimh arna iarraidh sin ón oibreoir eacnamaíoch eisiata i gcás ina ndearna an t‑oibreoir sin bearta feabhais ar leor iad chun a iontaofacht a léiriú nó a soláthraíonn gnéithe nua a léiríonn nach ann don staid eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 106(1) a thuilleadh;

(h) d'fhonn díspreagadh an phionóis eisiaimh nó airgeadais a fheabhsú, foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis a bhaineann le cinneadh an phainéil ar a shuíomh idirlín;

(i) cuirfear cinneadh an phainéil in iúl don oibreoir eacnamaíoch.

Sna cásanna a leagtar amach i bpointí (d) agus (f) d'Airteagal 106(1) féadfar an fógra dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo agus an deis dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír den mhír seo a chur siar go heisceachtúil i gcás ina bhfuil forais dhlisteanacha láidre i gcomhair rúndacht an imscrúdaithe nó imeachtaí breithiúnacha náisiúnta a chaomhnú.

I gcásanna eisceachtúla, lena n‑áirítear i gcásanna a bhaineann le daoine nádúrtha nó nuair is gá rúndacht an imscrúdaithe nó an imeachta bhreithiúnaigh náisiúnta a chaomhnú, féadfaidh an painéal cinneadh a dhéanamh gan an t‑eisiamh nó pionós airgeadais a fhoilsiú mar atá leagtha amach i bpointe (h) den chéad fhomhír den mhír seo agus aird chuí aige ar an gceart chun príobháideachta agus ar na cearta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

An t‑oibreoir eacnamaíoch a d'eisiaigh cinneadh an phainéil nó atá faoi réir pionóis airgeadais, féadfaidh sé gearán a chur chuig an Ombudsman Eorpach agus athbhreithniú breithiúnach a lorg.

4. Ní mhairfidh ré an eisiaimh níos mó ná aon cheann de na tréimhsí seo a leanas:

(a) an ré, más ann di, a leag síos an breithiúnas críochnaitheach;

(b) cúig bliana don chás dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 106(1).

(c) trí bliana do na cásanna dá dtagraítear i bpointí (b), (e) agus (f) d'Airteagal 106(1).

Déanfar oibreoir eacnamaíoch a eisiamh chomh fada is go bhfuil sé i gceann de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus(c) d'Airteagal 106(1).

Ní bheidh feidhm leis an gcéad fhomhír den mhír seo i gcás inar údaráis agus eintitis iad dá dtagraítear i mír 5 nach bhfuil faoi réir Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ** a chuireann an t‑eisiamh in iúl.

5. Déanfaidh údaráis na mBallstát agus na dtríú tíortha mar aon leis an BCE, an BEI, an Ciste Eorpach Infheistíochta agus na heintitis atá rannpháirteach i gcur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le hAirteagail 58 agus 61, an méid seo a leanas:

(a) faisnéis a chur chuig an gCoimisiúin gan mhoill maidir le hoibreoirí eacnamaíocha, le haghaidh breithiúnais chríochnaithigh nó cinntí riaracháin arna ndéanamh faoina bhfreagracht féin amháin, atá i gceann de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) nó (d) d'Airteagal 106(1) lena n‑áirítear ré an eisiaimh;

(b) a fhíorú an bhfuil eisiamh sa chóras agus é a chur san áireamh agus conarthaí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid á ndámhachtain.

Mar chuid de na bearta dá dtagraítear faoi phointe (c) d'Airteagal 60(1), féadfaidh an Coimisiún oibreoir eacnamaíoch a eisiamh freisin agus/nó pionóis airgeadais a ghearradh air faoi na coinníollacha atá leagtha síos i mír 3 den Airteagal seo.

6. Foilseoidh an Coimisiún faisnéis a bhaineann le heisiamh na n‑oibreoirí eacnamaíocha, mar a fuarthas ó na húdaráis dá dtagraítear i mír 5, ar a shuíomh idirlín. Féadfaidh an Coimisiún eisiaimh a fuarthas ó fhoinsí eile a fhoilsiú.

7. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gach bliain faoi líon iomlán na n‑eisiamh leanúnach agus na gcinntí nua.

8. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir le rialacha mionsonraithe faoi chóras an Aontais chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena n‑áirítear a nósanna imeachta caighdeánaithe agus na sonraí atá faoi réir a bhfoilsithe, na teorainneacha ama don eisiamh, eagrú an phainéil, ré an eisiaimh agus pionóis airgeadais.

Airteagal 110

Conarthaí a dhámhachtain

1. Dámhfar conarthaí ar bhonn na gcritéar dámhachtana ar choinníoll gur fhíoraigh an t‑údarás conarthach na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a) go gcomhlíonann an tairiscint na ceanglais íosta a shonraítear sna doiciméid soláthair;

(b) nach bhfuil an t‑iarrthóir nó an tairgeoir eisiata faoi Airteagal 106 nó nár diúltaíodh iad faoi Airteagal 107;

(c) go gcomhlíonann an t‑iarrthóir nó an tairgeoir na critéir roghnúcháin a shonraítear sna doiciméid soláthair.

2. Bunóidh an t‑údarás conarthach dámhachtain na gconarthaí ar an tairiscint is sochraí ó thaobh na heacnamaíochta.

3. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir le sonrú na gcritéar roghnúcháin, na gcritéar dámhachtana agus na tairisceana is sochraí ó thaobh na heacnamaíochta. Thairis sin, cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh na ndoiciméad ar cruthúnas iad ar acmhainn eacnamaíoch agus airgeadais agus i dtaobh na fianaise ar acmhainn theicniúil agus ghairmiúil agus i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le ceantanna leictreonacha agus maidir le tairiscintí atá thar a bheith íseal.

Airteagal 111

Taisceadh agus meastóireacht

1. Déanfar na socruithe maidir le tairiscintí a chur isteach sa chaoi go n‑áiritheofar go mbeidh fíor-iomaíocht ann agus go mbeidh ábhar na dtairiscintí rúnda go dtí go ndéanfar iad ar fad a oscailt ag an am céanna.

2. Áiritheoidh an Coimisiún trí mhodhanna iomchuí agus i gcur i bhfeidhm Airteagal 95a go bhféadfaidh táirgeoirí ábhar na dtairiscintí agus aon fhianaise thacaíochta a chur isteach i bhformáid leictreonach ("ríomhsholáthar").

Tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go rialta faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na forála sin.

3. Má mheastar é a bheith iomchuí agus comhréireach, féadfaidh an t‑údarás conarthach a cheangal ar thairgeoirí ráthaíocht a chur isteach roimh ré chun a ráthú nach n‑aistarraingeofar na tairiscintí a rinneadh.

4. Osclóidh an t‑údarás conarthach gach iarratas ar rannpháirtíocht agus gach tairiscint. Diúltóidh sé na cinn seo a leanas:

(a) iarratais ar rannpháirtíocht nach gcomhlíonann an teorainn ama maidir lena bhfáil;

(b) tairiscintí nach gcomhlíonann an teorainn ama maidir lena bhfáil nó a tháinig chuig an údarás conarthach agus iad ar oscailt cheana féin.

5. Déanfaidh an t‑údarás conarthach meastóireacht ar gach iarratas ar rannpháirtíocht nó tairiscintí nár diúltaíodh le linn na réamhchéime atá leagtha síos i mír 4 ar bhonn na gcritéar a shonraítear sna cáipéisí soláthair d'fhonn an conradh a dhámhachtain nó dul ar aghaidh le ceant leictreonach.

6. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 faoi rialacha mionsonraithe maidir leis na teorainneacha ama maidir le tairiscintí agus iarratais ar rannpháirtíocht, rochtain ar dhoiciméid soláthair, na teorainneacha ama maidir le faisnéis bhreise a sholáthar, na teorainneacha ama i gcásanna práinneacha fairis na socruithe chun tairiscintí agus catalóga leictreonacha a chur isteach. Ina theannta sin, cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir leis an deis ráthaíocht tairisceana a iarraidh, oscailt agus meastóireacht tairiscintí agus iarratais ar bheith rannpháirteach agus bunú coistí oscailte agus meastóireachta.

Airteagal 112

Teagmhálacha le linn an nós imeachta

1. Agus an nós imeachta soláthair ar siúl, ní mór na coinníollacha a chomhlíonadh lena n‑áiritheofar trédhearcacht agus cóir chomhionann sa teagmháil ar fad idir an t‑údarás conarthach agus na hiarrthóirí nó na tairgeoirí. Tar éis na teorann ama maidir le tairiscintí a fháil, ní bheidh athruithe ar na doiciméid soláthair nó athruithe substaintiúla ar théarmaí na tairisceana a cuireadh isteach mar thoradh ar na teagmhálacha sin, ach amháin i gcás ina gceadaíonn nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 104(1) é sin go sonrach.

2. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le cealú an nós imeachta soláthair.

Airteagal 113

Cinneadh na dámhachtana agus faisnéis faoi na hiarrthóirí agus na tairgeoirí

1. Cinnfidh an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach cé dó a bhfuil an conradh le tabhairt, i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin agus dámhachtana a bheidh sonraithe sna cáipéisí soláthair.

2. Cuirfidh an t‑údarás conarthach na forais ar a ndearnadh an cinneadh in iúl do na hiarrthóirí nó do na tairgeoirí ar fad ar diúltaíodh a n‑iarratas, chomh maith le fad na tréimhse neamhghníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 118(2).

Maidir le conarthaí sainiúla a dhámhachtain, faoi creatchonradh lena ngabhann athoscailt na hiomaíochta, cuirfidh an t‑údarás conarthach toradh na meastóireachta in iúl do na tairgeoirí.

3. Cuirfidh an t‑údarás conarthach gach tairgeoir nach bhfuil i staid eisiaimh, a bhfuil a thairiscint ag teacht leis na doiciméid soláthair agus a chuireann iarraidh isteach i scríbhinn, ar an eolas faoi aon cheann díobh seo a leanas:

(a) saintréithe agus buntáistí coibhneasta na tairisceana ar éirigh léi agus ainm an tairgeora ar dámhadh an conradh dó, ach amháin i gcás conartha ar leith faoi chreatchonradh lena ngabhann athoscailt na hiomaíochta;

(b) dul chun cinn na caibidlíochta agus an idirphlé le tairgeoirí.

Féadfaidh údarás conarthach/eintiteas conarthach gan faisnéis a thabhairt amach más rud é go gcuirfeadh scaoileadh na faisnéise sin bac ar fhorfheidhmiú an dlí, go mbeadh sé in aghaidh leas an phobail ar bhealach eile, go ndéanfadh sé dochar do leasanna dlisteanacha tráchtála oibreoirí eacnamaíocha, cibé acu poiblí nó príobháideach, nó dá mba rud é go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh d’iomaíocht chóir idir na hoibreoirí sin.

4. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis an tuarascáil meastóireachta, cinneadh na dámhachtana agus faisnéis a thabhairt d'iarratasóirí.

Airteagal 114

An nós imeachta soláthair a chur ar ceal

Féadfaidh an t‑údarás conarthach, sula ndéanfar an conradh a shíniú, an soláthar a thréigean nó an nós imeachta a chur ar ceal gan na hiarrthóirí ná na tairgeoirí a bheith i dteideal aon chúiteamh a éileamh.

Tabharfar údar cuí i leith an chinnidh agus tarraingeofar aird na n‑iarrthóirí nó na dtairgeoirí air a luaithe is féidir.

__________________

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

** Treoir 2014/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/EC (IO L 94, 28.03.2014, lch. 65).“;

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad caibidil 1 de Theideal V de Chuid a hAon, Roinn 4:

"Roinn 4

Feidhmíocht an chonartha, ráthaíochtaí agus na bearta ceartaitheacha

Airteagal 114a

Feidhmíocht an chonartha agus modhnuithe air

1. Ní féidir tús a chur le feidhmíocht an chonartha sula síneofar an conradh.

2. Ní fhéadfaidh an t‑údarás conarthach conradh nó creatchonradh a mhodhnú go suntasach gan nós imeachta soláthair ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo agus ar an gcoinníoll nach n‑athróidh an modhnú substaintiúil ábhar an chonartha nó an chreatchonartha.

3. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le conarthaí a shíniú agus a mhodhnú.

Airteagal 115

Ráthaíochtaí

1. Seachas i gcás conarthaí ar luach íseal, féadfaidh an t‑údarás conarthach, má mheasann sé gurb iomchuí agus gur comhréireach é de réir an cháis agus faoi réir anailíse riosca, a cheangal ar chonraitheoirí ráthaíocht a thaisceadh chun aon cheann de nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) teorainn a chur leis na rioscaí airgeadais a bhaineann le réamh-mhaoiniú a íoc.

(b) a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí suntasacha conarthacha i gcás oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí casta;

(c) feidhmíocht iomlán an chonartha i ndiaidh íocaíocht an iarmhéid a áirithiú.

2. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe, lena n‑áirítear critéir maidir le hainilís riosca, ar na ráthaíochtaí a éilítear ó chonraitheoirí.

Airteagal 116

Earráidí substaintiúla, neamhrialtachtaí nó calaois

1. I gcás ina gcruthófar go raibh earráidí móra, mírialtachtaí nó calaois sa nós imeachta, déanfaidh an t‑údarás conarthach an nós imeachta a chur ar fionraí agus féadfaidh sé aon bhearta is gá a ghlacadh, lena n‑áirítear an nós imeachta a chur ar ceal.

2. I gcás ina gcruthófar, tar éis an conradh a shíniú, go raibh earráidí móra, mírialtachtaí nó calaois i nós imeachta nó i bhfeidhmíocht an chonartha, féadfaidh an t‑údarás conarthach feidhmíocht an chonartha a chur ar fionraí nó, i gcás inarb iomchuí, an conradh a fhoirceannadh.

Is féidir feidhmíocht conarthaí a chur ar fionraí freisin d'fhonn a fhíorú ar tharla earráidí substaintiúla a thoimhdeofar, mírialtachtaí nó calaois.

I gcás ina bhféadfar na hearráidí, na mírialtachtaí nó an chalaois sin a chur i leith an chonraitheora, féadfaidh an t‑údarás conarthach diúltú na híocaíochtaí a íoc agus, ina theannta sin, méideanna a íocadh cheana go míchuí a ghnóthú, i gcomhréir lena thromchúisí atá na n‑earráidí, na mírialtachtaí nó na calaoise.

3. Feidhmeoidh OLAF na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile(1) chun cigireachtaí agus seiceálacha ar an láthair a dhéanamh sna Ballstáit agus, i gcomhréir leis na comhaontuithe comhair agus na comhaontuithe um chúnamh frithpháirteach atá i bhfeidhm, i dtríú tíortha agus in áitribh eagraíochtaí idirnáisiúnta.

4. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le fionraí conartha i gcás earráidí móra, mírialtachtaí nó calaoise agus earráid shubstaintiúil nó neamhrialtacht a shainmhíniú.

__________________

(5) (1) IO L 292, 15.11.1996, lch. 2 Leasaítear Airteagal 117 agus Airteagal 118 mar seo a leanas:

“Airteagal 117

An t‑údarás conarthach

1. Measfar gur údaráis chonarthacha iad na hinstitiúidí lárnacha de réir bhrí phointe (2) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE i gcás conarthaí arna ndámhachtain as a stuaim féin. Tarmligfidh siad, i gcomhréir le hAirteagal 65, na cumhachtaí is gá chun feidhm an údaráis chonarthaigh a chur i gcrích.

2. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le feidhm údaráis chonarthaigh a tharmligean.

Airteagal 118

Tairseacha is infheidhme agus tréimhse neamhghníomhaíochta

1. Chun conarthaí poiblí agus lamháltais a dhámhachtain, déanfaidh an t‑údarás conarthach na tairseacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE a chur san áireamh agus nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 104(1) den Rialachán seo á roghnú aige. Cinnfidh na tairseacha sin na socruithe maidir le foilsiú a leagtar amach i míreanna (1) agus (2) d'Airteagal 103 den Rialachán seo.

2. Faoi réir eisceachtaí agus coinníollacha atá sonraithe sna gníomhartha tarmligthe arna glacadh de bhun an Rialacháin seo, ní shíneoidh an t‑údarás conarthach, i gcás na gconarthaí atá os cionn na dtairseach arna leagan amach i mír 1, an conradh ná an creatchonradh leis an tairgeoir a n‑éireoidh leis go dtí go mbeidh tréimhse neamhghníomhaíochta caite.

3. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le conarthaí leithleacha agus conarthaí lena ngabhann crannadh, meastachán a dhéanamh ar luach conarthaí áirithe, agus an tréimhse neamhghníomhaíochta roimh shíniú an chonartha.";

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 119 agus Airteagal 120:

 “Airteagal 119

Rialacha maidir le rochtain ar sholáthar

 Beidh rannpháirtíocht sna nósanna imeachta um thairiscintí ar oscailt ar choinníollacha comhionanna do na daoine go léir, idir dhaoine nádúrtha agus dhaoine dlítheanacha, a thagann faoi raon feidhme na gConarthaí agus do na daoine go léir, idir dhaoine nádúrtha agus dhaoine dlítheanacha, i dtríú tír a bhfuil comhaontú speisialta acu leis an Aontas i réimse an tsoláthair phoiblí faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chomhaontú sin. Beidh sé ar oscailt d'eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin.

Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfianaise atá le soláthair i ndáil le rochtain ar sholáthar.

 Airteagal 120

Rialacha soláthair na hEagraíochta Trádála Domhanda

I gcás ina mbeidh feidhm ag an gComhaontú Iltaobhach maidir le Soláthair Rialtais a tugadh i gcrích laistigh den Eagraíocht Trádála Domhanda, beidh an nós imeachta um sholáthar ar oscailt freisin d'oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe sna Stáit a dhaingnigh an comhaontú sin, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chomhaontú sin.";

(7) in Airteagal 131, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Beidh feidhm ag míreanna 1, 2, 3 agus 6 d'Airteagal 106 agus ag Airteagal 107 agus ag Airteagal 108 maidir le hiarratasóirí deontais. Dearbhóidh iarratasóirí nach bhfuil siad i gceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 106(1) agus Airteagal 107 nó go bhfuil siad i gceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 106(3). Beidh feidhm ag Airteagal 108 freisin maidir le tairbhithe.";

(8) in Airteagal 131, scriostar mír 5;

(9) in Airteagal 131, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

"6. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh na rialacha mionsonraithe maidir leis na socruithe i leith iarratas deontais, fianaise nach dtagann siad faoi chás eisiaimh, iarratasóirí gan pearsantacht dhlíthiúil, daoine dlíthiúla lena bhfoirmítear iarratasóir amháin, pionós airgeadais agus riaracháin, critéar incháilitheachta agus deontas ar luach íseal.

(10) i mír 2 d'Airteagal 138, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

"Leagfar síos i rialacha an chomórtais, ar a laghad, na coinníollacha le bheith rannpháirteach, lena n‑áirítear na critéir eisiaimh dá bhforáiltear i míreanna (1), (2) agus (3) d'Airteagal 106 agus in Airteagal 107, critéir na dámhachtana, méid na duaise agus na socruithe íocaíochta agus pionóis airgeadais a ghearradh.";

(11) In Airteagal 139, cuirtear isteach an mhír 5 a seo a leanas:

“5a. Ní dheonófar aon tacaíocht airgeadais i leith feithiclí infheistíochta tiomnaithe, le hidirghabhálaithe airgeadais agus le faighteoirí deiridh atá i gceann de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) d'Airteagal 106(1) agus i bpointí (b) agus (c) d'Airteagal 107(1). ";

(12) in Airteagal 183, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Agus é rannpháirteach i nósanna imeachta deontais nó soláthair i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní bheidh an ACT faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 106, i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 107(1), in Airteagal 108 agus Airteagal 131(4) maidir le forálacha d'eisiamh agus do phionóis i ndáil le soláthar agus deontais.

(13) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 190 agus Airteagal 191:

“Airteagal 190

Gníomhaíocht sheachtrach maidir le soláthar

1. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe i ndáil le gníomhaíocht sheachtrach maidir le soláthar.

2. Forálacha Chaibidil 1 de Theideal V de Chuid a hAon a bhaineann leis na forálacha ginearálta maidir le soláthar, beidh siad infheidhme maidir le conarthaí a chumhdaítear leis an Teideal seo faoi réir na bhforálacha speisialta a bhaineann le tairseacha agus na socruithe maidir le conarthaí seachtracha a thabhairt a leagfar síos sna gníomhartha tarmligthe de bhun an Rialacháin seo. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 117-120 maidir leis an soláthar atá leagtha amach sa Chaibidil seo.

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) soláthar i gcás nach ndéanann an Coimisiún conarthaí a thabhairt as a stuaim féin;

(b) soláthar a dhéanann eintitis nó daoine a gcuirtear de chúram orthu de bhun phointe (c) d'Airteagal 58(1) i gcás ina bhforáiltear dó sin sa chomhaontú maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 189.

3. Leagfar amach na nósanna imeachta soláthair sna comhaontuithe maoinithe dá bhforáiltear in Airteagal 189.

4. Ní bheidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir le gníomhaíochtaí faoi bhunghníomhartha earnáilsonracha a bhaineann le cabhair um bainistiú géarchéime, le hoibríochtaí cosanta sibhialta agus le hoibríochtaí cabhrach daonnúla.

Airteagal 191

Rialacha maidir le rochtain ar sholáthar

1. Beidh rannpháirtíocht sna nósanna imeachta maidir le thairiscintí oscailte, ar théarmaí comhionanna, do na daoine go léir atá faoi réim na gConarthaí agus do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile i gcomhréir leis na forálacha sonracha sna bunionstraimí a rialaíonn an earnáil comhair atá i dtrácht. Beidh sé ar oscailt d'eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin.

2. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 54(2), féadfar a chinneadh, in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí tugtha ina leith ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach leo, go ligfear do náisiúnaigh tríú tíortha seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 tairiscint a chur isteach ar chonarthaí.

3. I gcás ina mbeidh feidhm ag comhaontú ar leathnú an mhargaidh i ndáil le soláthar earraí nó seirbhísí ar páirtí dó an tAontas, beidh na conarthaí soláthair arna maoiniú ón mbuiséad oscailte do náisiúnaigh tríú tíortha seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chomhaontú sin.

4. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht i nósanna imeachta um thairiscintí.

(14) Cuirtear an mhír seo a leanas isteach in Airteagal 204.

"Beidh saineolaithe faoi réir mhíreanna 1, 3 agus 5 d'Airteagal 106, an chéad fhomhír d'Airteagal 106(6), Airteagal 106(7), agus Airteagail 107 agus 108.".

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir2004/18/CE  (IO L 94, 28.03.2014, lch. 65).

[2]               Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain  (IO L 94, 28.03.2014, lch. 1).

[3]               IO C , , lch. .

[4]               Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n‑aisghairtear Rialachán ón gComhairle (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298. 26.10.2012, lch. 1).

[5]               Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.03.2014, lch. 65).

[6]               Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhamhachtain (IO L 94, 28.03.2014, lch. 1).

[7]               Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

[8]               Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23/11/1995, lch. 31).