52014PC0340

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 maidir le Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta a bhunú /* COM/2014/0340 final - 2014/0173 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí

Is iad cuspóirí an togra na ráthaíochtaí nós imeachta atá curtha ar bun do na daoine uile atá faoi imscrúdú ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (dá ngairtear 'daoine lena mbaineann' sa rialachán) a neartú tuilleadh agus an bealach ar leith inar toghadh nó inar ceapadh comhaltaí institiúidí de chuid an AE chomh maith lena bhfreagrachtaí ar leith a chur san áireamh, rud a d'fhéadfadh a bheith ina údar le forálacha sonracha a mbeadh d'aidhm acu feidhmiú cuí na n‑institiúidí lena mbaineann siad a áirithiú. Chuige sin, táthar chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 883/2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF.

Bainfear na cuspóirí sin amach trí Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta a cheapadh, a mbeidh dhá chúram air:

· Athbhreithniú a dhéanamh ar ghearáin arna ndéanamh ag daoine atá faoi imscrúdú i dtaobh sárú ar a ráthaíochtaí nós imeachta,

· OLAF a údarú chun bearta imscrúdaitheacha áirithe a dhéanamh i leith chomhaltaí institiúidí de chuid an AE.

Comhthéacs ginearálta

In 2013, tar éis dianchaibidlíochtaí a mhair neart blianta, tháinig na hinstitiúidí ar chomhaontú faoi chreat dlí nua d'imscrúduithe OLAF. Rialachán(AE) 883/2013 maidir le himscrúduithe, a tháinig i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2013, a bhí mar thoradh air sin. De thoradh an Rialacháin sin tháinig athruithe substaintiúla ar nósanna imeachta eagrúcháin agus imscrúdúcháin OLAF, go háirithe i dtaca le treisiú rialachas OLAF agus neartú ráthaíochtaí nós imeachta daoine lena mbaineann imscrúduithe OLAF. Tá na hathruithe sin á gcur chun feidhme faoi láthair.

In Iúil 2013 ghlac an Coimisiún togra maidir le hOifig Eorpach an Ionchúisitheora Poiblí (EPPO), ina bhfuil sraith cosaintí nós imeachta ar leibhéal an Aontais. Mar aon leis an togra sin, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir le rialachas OLAF a fheabhsú agus maidir le cosaintí nós imeachta a chuirtear i bhfeidhm in imscrúduithe a threisiú (COM(2013)533 final). Sa Teachtaireacht iarradh go ngabhfadh cur chuige céim ar chéim le bunú EPPO agus go ndéanfaí bearta breise chun rialachas OLAF a threisiú agus chun cosaintí nós imeachta a chuirtear i bhfeidhm ina cuid imscrúduithe a fheabhsú, fiú roimh bhunú EPPO.

Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Is éard is aidhm leis an togra leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF. Seo iad gníomhartha dlíthiúla eile a rialálann cosaint leasanna airgeadais an AE:

– Rialachán (Euratom, CE Uimh. 2185/1996 ón gComhairle maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile,

– Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach,

– Comhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF).

2.           TORTHAÍ AN MHEASÚNAITHE TIONCHAIR

MEASÚNÚ TIONCHAIR

Tá ag gabháil leis an togra seo Doiciméad Inmheánach Oibre (Measúnú Tionchair) ina ndéantar roinnt cásanna féideartha a mheas ó thaobh a fheabhas atá siad cuspóirí beartais an tionscnaimh seo a bhaint amach. Tá na cuspóirí beartais seo ceaptha an leibhéal cosanta is airde agus is féidir a bhaint amach do chearta bunúsacha shaoránaigh an AE agus an leibhéal cosanta is airde agus is féidir á choimeád do leasanna airgeadais an AE agus dea-chlú institiúidí an AE á chosaint ag an am céanna. Sa mheasúnú scrúdaítear tionchar gach rogha i dtaca lena héifeachtacht ó thaobh chuspóirí beartais an togra a bhaint amach, a costais airgeadais, an tionchar a bheadh aici ar an gcreat institiúideach agus a hinghlacthacht ag geallsealbhóirí.

Léirigh an Measúnú seo gurb é an bealach is éifeachtaí leis na cuspóirí beartais a bhaint amach Rialaitheoir seachtrach ráthaíochtaí nós imeachta a cheapadh a ghníomhódh maidir le gearáin agus a údaródh bearta imscrúdaitheacha áirithe a dhéanamh i leith comhaltaí de chuid na n‑institiúidí. D'fhágfadh sin go bhféadfaí na cosaintí nós imeachta a neartú ar chostas buiséadach inghlactha, agus an gá leasanna airgeadais an AE a chosaint a urramú ag an am céanna.

3.           EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Déantar foráil sa togra maidir le Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta a bhunú, a mbeadh sé de chúram air athbhreithniú a dhéanamh ar ghearáin arna ndéanamh ag daoine lena mbaineann imscrúduithe OLAF, faoi neamhurramú líomhnaithe a ráthaíochtaí nós imeachta. Is ar an Rialaitheoir a mbeadh sé de chúram, freisin, bearta imscrúdaitheacha áirithe i dtaobh comhaltaí d'institiúidí de chuid an AE a údarú.

Agus gearán á scrúdú aige, bhreithneodh an Rialaitheoir cibé acu a urramaíodh nó nár urramaíodh ráthaíochtaí nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 9, Rialachán (AE) Uimh. 883/2013. Mar shampla, bhreithneodh sé cibé acu a urramaíodh nó nár urramaíodh an tréimhse fógra maidir le cuireadh chun agallaimh a chur chuig daoine, gan aon seasamh a ghlacadh, áfach, maidir le cé acu is ceart nó nach ceart an t‑agallamh a bheith ann in aon chor ná maidir le ceartchaoi a dhéanta. Thabharfadh sé éisteacht don dá pháirtí lena mbaineann roimh dó moladh neamhcheangailteach a eisiúint chuig Ard‑Stiúrthóir OLAF. Má thograíonn an tArd‑Stiúrthóir gan moladh an Rialaitheora a leanúint, ba cheart dó na cúiseanna leis sin a lua i nóta a ghabhfaidh leis an tuarascáil deiridh maidir le himscrúdú a chuirfear chuig na húdaráis náisiúnta nó, más ábhartha, chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh lena mbaineann. I bhfianaise na gcineálacha cúraimí a bheidh ar an Rialaitheoir, ba cheart an post a thabhairt do dhuine a mbeidh saineolas dlíthiúil sinsearach aige i réimsí na gceart bunúsach agus an dlí choiriúil, agus a bheadh incháilithe a cheapadh i mBallstát amháin ar a laghad nó i gCúirt de chuid an AE. Ba cheart dó bheith in ann a dhualgais a chomhlíonadh ar shlí atá go hiomlán neamhspleách agus laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Ní dhéanfaidh an nós imeachta gearán nua seo do difear d'aon nósanna imeachta gearán atá ann cheana, amhail an nós imeachta arna thairgeadh ag Rialachán Foirne an AE, ag an Ombudsman Eorpach nó ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Chomh maith leis sin beidh an Rialaitheoir faoi réir cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le cosaint sonraí, go háirithe Airteagal 2, Airteagal 4, Airteagal 25 agus Airteagal 26.

I dtaca le bearta imscrúdaitheacha áirithe a úsáid i leith comhaltaí institiúidí de chuid an AE, moltar beart nua, lena mbeidh ar Ard‑Stiúrthóir OLAF údarú an Rialaitheora a iarraidh má bheartaíonn OLAF cigireacht ar oifigí gairmiúla na gcomhaltaí sin a dhéanamh. Airítear leis sin cóipeanna de dhoiciméid a dhéanamh nó d'aon chineál eile stórála sonraí atá suite ina n‑oifigí gairmiúla. Tá an ceanglas sin bunaithe ar an togra le haghaidh Oifig Eorpach an Ionchúisitheora Poiblí mar go n‑éileoidh EPPO amach anseo údarú dá leithéid ó na húdaráis bhreithiúnacha inniúla i mBallstáit. Déanfar amhlaidh chun an bealach ar leith inar ceapadh nó inar toghadh comhaltaí institiúidí de chuid an AE a léiriú, mar aon lena bhfreagrachtaí ar leith agus a stádas, rud a fhéadfadh bonn cirt a thabhairt d'fhorálacha sonracha le dea-fheidhmiú na n‑institiúidí lena mbaineann siad a áirithiú.

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 325 CFAE maidir le calaois a chomhrac.

Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta

Ní bheidh aon tionchar ag an togra seo ar chumhachtaí ná ar fhreagrachtaí Ballstát i dtaca le calaois a chomhrac a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an AE. Ní bhaineann sé ach le himscrúduithe OLAF, atá leagtha amach i Rialachán AE faoi láthair. Ina theannta sin, tá na gníomhaíochtaí thuasluaite teoranta don mhéid is gá leis na cuspóirí beartaithe a bhaint amach, rud a chomhlíonann prionsabal na comhréireachta.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Baineann impleachtaí buiséadacha an togra seo go príomha le hacmhainní daonna. Ceanglaítear leis go mbunófar Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta agus comhaltaí a rúnaíochta. Tá sé beartaithe go mbeadh stádas Comhairleora Speisialta, arna íoc ag leibhéal AD 15, ag an Rialaitheoir, ar léir gurb é an stádas is iomchuí i bhfianaise na gcúraimí a bhfuiltear ag súil leo. I dtaca leis an téarma oifige cúig bliana, dhéanfaí na conarthaí taobh thiar di a eisiúint ar chúiseanna riaracháin sa chás seo i gcomhlíonadh Airteagal 123(1) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile. Mheasfaí gur comhlíonadh na hoibleagáidí faoi Airteagal 123(2) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh tríd an nós imeachta ceapacháin. Bheadh sé ag obair go páirtaimseartha (25% den am sa chéad bhliain agus 50% den am ina dhiaidh sin) agus bheadh rúnaíocht, a bheadh comhdhéanta ar dtús de bheirt i ngrúpa feidhme na riarthóirí agus de chúntóir rúnaíochta amháin i ngrúpa feidhme na gcúntóirí/na gcléireach rúnaíochta, de chúnamh air, rúnaíocht a d'fhéadfaí a mhéadú nó a laghdú i bhfianaise a hualaigh oibre. Bheadh ionadaí ag an Rialaitheoir, a mbeadh an stádas agus an grád céanna agus a bheadh ag an Rialaitheoir aige agus nach n‑iarrfaí air gníomhú ach i gcás nach mbeadh an Rialaitheoir ar fáil. Chun críoch riaracháin, bheidís uile ag gabháil leis an gCoimisiún, agus iad ag tairbhiú de ráthaíochtaí sonracha lena n‑áiritheofaí a neamhspleáchas iomlán i bhfeidhmú a gcuid feidhmeanna.

2014/0173 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 maidir le Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta a bhunú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 325 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,[1]

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Is rímhór ag institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus cosaint chearta bunúsacha na saoránach. Ba cheart ráthaíochtaí nós imeachta daoine lena mbaineann imscrúduithe riaracháin OLAF a neartú gan bac a chur ar OLAF ó thaobh feidhmiú a chumhachtaí agus a fhreagrachtaí.

(2)       De thoradh Rialachán (AE, Euratom) 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tháinig athruithe substaintiúla ar an gcaoi a dhéanann OLAF a chuid gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha, go háirithe i dtaca le nósanna imeachta imscrúdaithe OLAF a shoiléiriú, ráthaíochtaí nós imeachta na ndaoine lena mbaineann imscrúduithe OLAF a neartú agus ról faireacháin ginearálta an Choiste Maoirseachta a shoiléiriú.

(3)       Ina Theachtaireacht COM(2013)533 an 17 Iúil 2013 maidir le Rialachas OLAF a fheabhsú agus cosaintí nós imeachta a threisiú in imscrúduithe, tá coincheapa curtha chun cinn ag an gCoimisiún maidir le neartú na ráthaíochtaí nós imeachta atá ag daoine lena mbaineann imscrúduithe riaracháin OLAF, fiú sula mbunófar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, a bhfuil Rialachán[2] beartaithe ina leith ag an gCoimisiún.

(4)       I dTuairim Uimh. 2/2013 Nollaig 2013, chuir Coiste Maoirseachta OLAF in iúl gur cheart réitigh arna dtairiscint do dhaoine lena mbaineann imscrúduithe OLAF maidir le sárú féideartha ar a gcearta agus ar a ráthaíochtaí nós imeachta, gur cheart iad a neartú agus nós imeachta gearán a bheadh trédhearcach agus éifeachtúil a chur ar bun laistigh de OLAF.

(5)       D'fhonn ardleibhéal leanúnach cosanta do ráthaíochtaí nós imeachta a áirithiú, ba cheart réitigh fheabhsaithe in aghaidh sáruithe féideartha ar a gcearta a thairiscint do dhaoine lena mbaineann imscrúduithe OLAF. Ba cheart Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta, a bheadh lasmuigh de OLAF agus a bheadh neamhspleách air, a cheapadh agus é bheith de chúram air athbhreithniú a dhéanamh ar an mbealach ina gcomhlíonann OLAF ráthaíochtaí nós imeachta na ndaoine lena mbaineann imscrúduithe OLAF, rathaíochtaí atá leagtha síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 883/2013.

(6)       D'fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar ghearáin in am trátha agus féachaint chuig cosaint éifeachtach na gceart cosanta, ba cheart gearáin a bhaineann le tréimhsí fógra nó teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán, amhail tréimhse fógra do chuireadh chun agallaimh, ba cheart iad a thaisceadh roimh dhul in éag na gnáththréimhse dá bhforáiltear sa Rialachán.

(7)       Ba cheart an Rialaitheoir a earcú ó lasmuigh d'institiúidí an AE. Chun críocha riaracháin, ba cheart, mar sin féin, an Rialaitheoir bheith ag gabháil leis an gCoimisiún, ach leordhóthain rathaíochtaí a bheith aige lena neamhspleáchas a áirithiú. I gcomhaontú leis an Rialaitheoir, ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh maidir lena fhoireann tacaíochta. Ba cheart na ceanglais incháilitheachta agus na critéir roghnúcháin is infheidhme maidir leis an bpost a shonrú sa ghlao ar iarratais ar an bpost. Tá feidhmeanna is iondúil a chur de chúram ar dhaoine atá ceaptha in oifig bhreithiúnach i gceist leis an bpost seo agus ní mór iarrthóirí don phost a bheith in ann na dualgais a chomhlíonadh ar shlí iomlán neamhspleách agus laistigh de theorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(8)       Ba cheart sainordú an Rialaitheora a bhunú gan dochar do na sásraí gearáin atá ann cheana. Mar sin féin, d'fhonn na nósanna imeachta a chuíchóiriú, má dhéanann oifigeach nó seirbhíseach eile de chuid an AE gearán leis an Rialaitheoir agus gearán faoin gceist chéanna á scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 90a de na Rialacháin Foirne, ní dhéanfaidh an tArd‑Stiúrthóir cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 90a go dtí go bhfaighidh sé mholadh ón Rialaitheoir. Beidh feidhm ag na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 90a.

(9)       D'fhonn nósanna imeachta gearán nach bhfuil gá leo a sheachaint, ba cheart don Rialaitheoir scéala a chur chuig OLAF láithreach nuair a dhéantar gearán agus ba cheart deis a bheith ag OLAF an cheist a réiteach nó míniú a thabhairt faoin gcúis nach féidir leis beart a dhéanamh ar iarraidh an ghearánaí.

(10)     Ba cheart don Rialaitheoir an gearán a scrúdú le nós imeachta tapa sáraíochta, nach ceart, i bprionsabal, bheith níos faide ná cúig lá dhéag oibre, lena bhfíorófar dlíthiúlacht an bhirt imscrúdaithigh lena mbaineann. Mar sin féin, ba cheart don Rialaitheoir urraim a thabhairt do dhiscréid OLAF maidir leis an t‑imscrúdú atá idir lámha a chur i gcrích agus gan neamhspleáchas OLAF a chur i mbaol. Le go bhféadfaidh sé a fheidhm a chomhlíonadh, ba cheart do OLAF aon fhaisnéis ábhartha faoin ngearán a chur in iúl don Rialaitheoir. Ba cheart don Rialaitheoir caoi a thabhairt don ghearánaí agus don Oifig barúlacha ar an gceist arna gcur faoina bhráid a thabhairt. Le go bhféadfaidh OLAF an dualgas atá air a chomhlíonadh an t‑imscrúdú a dhéanamh gan stad, níor cheart cosc a chur air leanúint den imscrúdú a fhad is atá gearán á scrúdú. Níor cheart athbhreithniú an ghearáin fad míchuí a chur le himscrúdú agus nósanna imeachta OLAF.

(11)     Sna nósanna imeachta a rialaíonn imscrúduithe OLAF, ba cheart sainiúlachtaí stádas chomhaltaí institiúidí an AE atá sainithe i gConradh an Aontais Eorpaigh a aithint agus a léiriú i bhforálacha sonracha a mbeadh d'aidhm acu feidhmiú cuí na n‑institiúidí lena mbaineann siad a áirithiú. Go deimhin, is iad sainordú polaitiúil, stádas neamhspleách, freagrachtaí ar leith agus/nó nós imeachta toghcháin nó ceapacháin chomhaltaí institiúidí an AE a fhágann go bhfuil idirdhealú, ar bhonn feidhmiúil seachas ar bhonn aonair, idir iad agus daoine eile lena mbaineann imscrúduithe OLAF. Dá bhrí sin, aon chigireacht a dhéanann OLAF ar oifig ghairmiúil chomhaltaí institiúidí de chuid an AE d'fhonn cóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid nó d'aon tacaíocht sonraí eile, ba cheart í bheith faoi réir réamhúdarú ón Rialaitheoir. Ba cheart don Rialaitheoir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an bhirt imscrúdaithigh atá beartaithe ag OLAF agus ar inbhainteacht amach an chuspóra chéanna ar dhóigh nach mbeadh chomh hionrach céanna.

(12)     Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail, tá feidhm aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo.

(13)     Níl sé i gceist leis an Rialachán seo cumhachtaí agus freagrachtaí na mBallstát a laghdú maidir le bearta a ghlacadh chun calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach ar bith eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Agus cúram á chur ar Rialaitheoir neamhspleách maidir le gearáin a scrúdú agus réamhúdarú a eisiúint do OLAF, táthar i lán‑chomhréir le prionsabal na coimhdeachta , mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach é san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach d’fhonn dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 883(2013)

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 883/2013 mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 2 cuirtear isteach an mhír seo a leanas (8) i ndiaidh mhír (7):

"(8) ciallóidh 'comhalta d'institiúid de chuid an AE' comhalta de Pharlaimint na hEorpa, comhalta den Chomhairle Eorpach, ionadaí de chuid Ballstáit ag leibhéal aireachta sa Chomhairle, comhalta den Choimisiúin Eorpach, comhalta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, comhalta de Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus comhalta den Chúirt Iniúchóirí."

(2) In Airteagal 9(2), an ceathrú fomhír, cuirtear isteach an dara habairt seo a leanas:

"Cuirfear an duine lena mbaineann ar an eolas faoina chearta, áfach, sula dtosófar ar ráitis a ghlacadh, go háirithe an ceart a rogha duine a bheith de chúnamh air."

(3) Cuirtear isteach an tAirteagal 9a, an tAirteagal 9b agus an tAirteagal 9c seo a leanas tar éis Airteagal 9:

"Airteagal 9a

An Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta

1.           Aon duine lena mbaineann imscrúdú arna dhéanamh ag an Oifig, beidh sé i dteideal gearán a dhéanamh leis an Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta (dá ngairtear 'an Rialaitheoir' anseo feasta) maidir le hurramú na ráthaíochtaí nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 9 ag an Oifig.

2.           Féadfar gearáin a thaisceadh aon mhí amháin ar a dhéanaí tar éis don ghearánaí teacht ar na fíorais ábhartha arb iad is bunús leis an sárú líomhnaithe ar a ráthaíochtaí nós imeachta. Ní fhéadfar aon ghearán a chur isteach tráth níos déanaí ná aon mhí tar éis chlabhsúr an imscrúdaithe. Gearáin a bhaineann leis an tréimhse fógra dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus in Airteagal 9(4), cuirfear isteach iad sula dtéann an tréimhse fógra atá leagtha síos sna forálacha sin in éag.

3.           Agus é ag glacadh le gearán, cuirfidh an Rialaitheoir Ard‑Stiúrthóir na hOifige ar an eolas láithreach agus tabharfaidh sé caoi don Oifig an cheist arna cur ag an ngearánaí a réiteach laistigh de 15 lá oibre.

4.           Gan dochar d'Airteagal 10 den Rialachán seo, cuirfidh an Oifig ar aghaidh chuig an Rialaitheoir aon fhaisnéis ábhartha is gá chun moladh a eisiúint.

5.           Eiseoidh an Rialaitheoir moladh faoin ngearán laistigh d'aon mhí ón tráth a chuireann an Oifig in iúl gníomhaíocht ábhartha chun an cheist a réiteach nó ó dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 9a(3). Cuirfear an moladh faoi bhráid na hOifige agus cuirfear in iúl don ghearánaí é. I gcásanna eisceachtúla, a mbeidh réasúnaíocht chuí curtha leo i litir arna seoladh chuig an Ard‑Stiúrthóir, féadfaidh an Rialaitheoir cinneadh ar shíneadh 15 lá oibre a chur leis an tréimhse nach mór moladh a eisiúint lena linn. Mura bhfaightear moladh ón Rialaitheoir laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha amach sa mhír seo measfar an gearán a bheith dúnta agus gan moladh déanta ina leith.

6.           Gan cur isteach ar imscrúdú atá idir lámha, scrúdóidh an Rialaitheoir an gearán le nós imeachta sáraíochta. Má thoilíonn siad leis, féadfaidh an Rialaitheoir a iarraidh ar fhinnéithe mínithe i scríbhinn nó ó bhéal a thabhairt a mheasann sé a bheith ábhartha chun fíorais áirithe a shuíomh.

7.           Ní bheidh sé de cheangal ar an Ard‑Stiúrthóir moladh an Rialaitheora faoin gceist a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, gan dochar d'Airteagal 7(5), má chinneann sé gan an moladh a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé in iúl don ghearánaí agus don Rialaitheoir na príomhchúiseanna leis an gcinneadh sin, a mhéid is nach ndéanfaidh sé difear don imscrúdú atá idir lámha. Luafaidh sé i nóta cuí-réasúnaithe a ghabhfaidh leis an tuarascáil deiridh maidir leis an imscrúdú na cúiseanna nár chuir sé moladh an Rialaitheora i bhfeidhm.

8.           Agus teorainn ama á sonrú aige, féadfaidh an tArd‑Stiúrthóir, tuairim an Rialaitheora a iarraidh ar aon ábhar a bhaineann le hurramú ráthaíochtaí nós imeachta atá ag teacht faoina shainordú, lena n‑áirítear ar an gcinneadh faisnéis ón duine lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 9(3) a chur siar.

9.           (Gan dochar do theorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 90a de na Rialacháin Foirne, i gcás ina ndéanann oifigeach nó seirbhíseach eile de chuid an AE gearán leis an Ard‑Stiúrthóir i gcomhréir le hAirteagal 90a de na Rialacháin Foirne agus go bhfuil gearán déanta ag an oifigeach nó ag seirbhíseach eile leis an Rialaitheoir i dtaca leis an ábhar céanna, ní thabharfaidh an tArd‑Stiúrthóir freagra ar an ngearán go dtí go bhfaighidh sé moladh ón Rialaitheoir.)

Airteagal 9b

Réamhúdarú do bhearta imscrúdaitheacha áirithe

1.           Gan dochar do neamhspleáchas na hOifige i ndáil leis an discréid imscrúdú atá idir lámha a chur i gcrích, ar dtús gheobhaidh an tArd‑Stiúrthóir údarú an Rialaitheora nuair a bheartaíonn an Oifig a cumhacht a fheidhmiú chun cigireacht a dhéanamh ar oifig ghairmiúil comhalta de chuid institiúid an AE ag áitreabh institiúide de chuid an AE le linn imscrúdú inmheánach nó chun cóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid nó d'aon tacaíocht sonraí atá suite san oifig sin, beag beann ar chineál na tacaíochta ar a bhfuil na sonraí stóráilte. Chuige sin, cuirfidh an Oifig ar aghaidh aon fhaisnéis ábhartha is gá chun an iarraidh ar údarú a mheasúnú. Measfar gur nós imeachta rúnda an nós imeachta seo agus ní nochtfaidh an Rialaitheoir aon fhaisnéis ina thaobh.

2.           Agus cinneadh á dhéanamh aige faoi údarú a thabhairt do na bearta imscrúdaitheacha thuasluaite nó gan é a thabhairt, déanfaidh an Rialaitheoir measúnú oibiachtúil ar a ndlíthiúlacht agus scrúdóidh sé arbh fhéidir an cuspóir céanna a bhaint amach le bearta imscrúdaitheacha nach mbeadh chomh hionrach céanna. Tabharfaidh an Rialaitheoir freagra go pras ar an iarraidh ar údarú agus déanfaidh sé sin tráth nach déanaí ná 48 uair tar éis dó an iarraidh a fháil. Mura bhfaightear freagra ón Rialaitheoir laistigh den teorainn ama sin glacfar leis gur údarú é sin.

3.           I gcásanna práinneacha a bhfuil bonn cirt cuí leo, féadfaidh an Oifig a iarraidh go ngiorrófar go 24 uair an chloig an teorainn ama dá dtagraítear i mír 2; déanfar sin i gcomhaontú leis an Rialaitheoir. Féadfar an teorainn ama a shíneadh go huasmhéid 72 uair an chloig freisin ach an Rialaitheoir iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh.

Airteagal 9c

Ceapadh agus stádas an Rialaitheora

1.           Ceapfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, de chomhthoil a chéile, an Rialaitheoir agus a ionadaí ar feadh téarma neamh‑inathnuaite cúig bliana. Nuair a rachaidh a dtéarmaí in éag, ba cheart dóibh fanacht i seilbh oifige go gceapfar daoine ina n‑ionaid.

Tar éis fhoilsiú ghlao ar iarratais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta d'iarrthóirí cuícháilithe do phost an Rialaitheora agus do phost an ionadaí, tar éis don Choiste Maoirseachta tuairim fhabhrach faoin nós imeachta roghnúcháin a thabhairt.

Beidh sa chinneadh maidir le Rialaitheoir agus a ionadaí a cheapadh painéal iarrthóirí ionchasacha a d'fhéadfaí cur in ionad an Rialaitheora don chuid dá théarma oifige a bheadh fágtha i gcás ina n‑éireodh sé as oifig, i gcás ina bhfaigheadh sé bás, i gcás nach mbeadh sé ar a chumas a dhualgas a chomhlíonadh feasta nó i gcás ina gcuirfí as oifig é.

Beidh an Rialaitheoir agus a ionadaí ag gabháil leis an gCoimisiún ó thaobh riaracháin de. Is é an Coimisiún a sholáthróidh a rúnaíocht, agus déanfar sin i ndlúthchomhar leis an Rialaitheoir.

2.           Feidhmeoidh an Rialaitheoir agus a ionadaí a gcuid feidhmeanna agus iad go hiomlán neamhspleách agus ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon duine agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu. Ní fheidhmeoidh siad aon fheidhmeanna laistigh den Oifig. Agus a gcuid feidhmeanna á bhfeidhmiú acu cuirfidh siad san áireamh an gá le cur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais.

3.           Má scoireann an Rialaitheoir nó a ionadaí de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha a cheanglaítear i dtaobh fheidhmiú a ndualgas, nó má fhaightear ciontach iad i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, de thoil a chéile, iad a scaoileadh óna ndualgais.

4.           Tuairisceoidh an Rialaitheoir faoina ghníomhaíochtaí, ar bhonn bliantúil, do Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, an Coiste Maoirseachta agus an Oifig. Ní thagróidh a chuid tuarascálacha do chásanna aonair atá faoi imscrúdú agus áiritheoidh siad rúndacht na n‑imscrúduithe fiú tar éis a ndúnta.'

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm [bliain amháin tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 maidir le Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta a bhunú

1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[3]

Réimse beartais: le cinneadh

1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[4]

ý Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Comhrac in aghaidh calaoise – Airteagal 325 CFAE

1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh. 7.1.a

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

24.01. Caiteachas riaracháin an réimse bheartais a bhaineann le Calaois a chomhrac

1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Táthar ag súil go mbeidh an méid seo a leanas mar thoradh ar Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta a bhunú:

- Cosaint fheabhsaithe ar chearta nós imeachta daoine lena mbaineann imscrúduithe OLAF;

- Faireachán feabhsaithe ar chomhlíonadh na gceanglas nós imeachta maidir le himscrúduithe;

- Rialú ex-post i ndáil le ráthaíochtaí nós imeachta aon duine lena mbaineann imscrúdú OLAF arna dhéanamh ag an Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta, ag gníomhú dó de bharr gearáin;

- Réamhúdarú ón Rialaitheoir do bhearta imscrúdaitheacha áirithe a bhaineann le comhaltaí institiúidí de chuid an AE (fíorú dlíthiúlachta agus cibé an bhféadfaí na cuspóirí céanna a bhaint amach ar bhealach nach mbeadh chomh hionrach céanna)

1.4.4.     Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

- Gearáin á láimhseáil go pras ag an Rialaitheoir;

- An t‑údarú arna iarraidh ag OLAF chun cigireacht a dhéanamh ar oifigí agus/nó chun cóipeanna doiciméad comhaltaí institiúidí de chuid an AE a dhéanamh á sheachadadh go pras ag an Rialaitheoir;

1.5.        Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.     Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Tríd an Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta a bhunú ba cheart go dtairgfí nós imeachta gearán breise in aghaidh sárú féideartha a gceart nós imeachta do dhaoine lena mbaineann imscrúduithe inmheánacha agus seachtracha OLAF. Cuirfidh sé le cuntasacht bhraite OLAF.

Údaróidh an Rialaitheoir OLAF chun cigireachtaí a dhéanamh ar oifigí agus cóipeanna doiciméad a dhéanamh agus ar an gcaoi sin cuirfear san áireamh an bealach ar leith inar toghadh nó inar ceapadh iad.

1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE: Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Is comhlacht de chuid an AE é OLAF agus dá bhrí sin ba cheart aon sásra rialaithe breise a chur ar an leibhéal céanna. Áiritheodh an Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta an leibhéal is airde cosanta do chearta nós imeachta, a mbeadh an tionchar is lú agus is féidir ar fhad agus éifeachtacht imscrúduithe OLAF ag gabháil leis. Dhéanfaí dlíthiúlacht beart imscrúdaitheach áirithe a bhaineann le comhaltaí institiúidí de chuid an AE a sheiceáil agus cibé an bhféadfaí an toradh céanna a bhaint amach trí mhodh nach mbeadh chomh hionrach céanna. Tá bonn cirt leis an gcur chuige seo i ngeall ar an stádas ar leith atá ag comhaltaí institiúidí an AE, ar an mbealach inar toghadh nó inar ceapadh iad, chomh maith lena neamhspleáchas reachtúil.

1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

Leis an Oifigeach Éisteachta le haghaidh imeachtaí iomaíochta tá bealach éifeachtach ag cuideachtaí atá faoi imscrúdú chun gearán a dhéanamh in aghaidh neamhurramú ceart nós imeachta áirithe a d'fhéadfadh a bheith á dhéanamh ag an gCoimisiún. Ba cheart don Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta sásra athbhreithnithe bunaithe ar an sásra atá ar bun i réimse na hiomaíochta, agus arna oiriúnú do chreat dlíthiúil imscrúduithe frith‑chalaoise, a chur ar fáil do na daoine lena mbaineann imscrúduithe OLAF.

Caibidlíodh cheana san am atá thart tograí leis an nós imeachta gearán sin a bhunú lasmuigh d'OLAF. Ina thogra roimhe sin chun Rialachán Uimh. 1073/1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF a leasú - COM(2006) 244 final - thug an Coimisiún isteach coincheap an 'Chomhairleora athbhreithnithe', agus ina thogra leasaithe 2011 - COM(2011) 135 - thug sé isteach coincheap an 'nós imeachta athbhreithnithe'. Ceapadh an dá fheidhm bheartaithe chun rialú tapa ar chomhlíonadh ceart nós imeachta daoine lena mbaineann imscrúduithe OLAF a áirithiú. Mar sin féin, níor ghlac an Rialaitheoir le ceann ar bith den dá thogra i ngeall ar dheacrachtaí a bhain le réiteach a dhéanamh idir an t‑ardleibhéal neamhspleáchais ó OLAF agus an gá le héifeachtúlacht costais agus le neodracht costais.

Tá sé beartaithe ag an Coimisiún anois Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeacht a bhunú, a bheadh neamhspleách, agus ag gabháil ó thaobh riaracháin de leis an gCoimisiún. Thabharfaí ráthaíochtaí go sainráite d'oifig an Rialaitheora maidir le neamhspleáchas iomlán i leith OLAF, an Choimisiúin agus institiúidí eile an AE.

I Rialachán athbhreithnithe OLAF a tháinig i bhfeidhm i nDeireadh Fómhair 2013 déantar foráil maidir le sraith ceart nós imeachta do dhaoine lena mbaineann imscrúduithe inmheánacha agus seachtracha OLAF, agus d'fhinnéithe chomh maith.

1.5.4.     Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann: Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Ceapadh Rialachán Uimh. 883/2013 maidir le OLAF chun tacú le rialachas OLAF, ag treisiú cearta nós imeachta in imscrúduithe inmheánacha agus seachtracha agus malartú faisnéise ag OLAF leis na hinstitiúidí agus údaráis na mBallstát araon. Comhlánann Oifig an Rialaitheora Rialachán (AE) Uimh. 883/2013 trí láimhseáil neamhspleách gearán i dtaca leis na cearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Tá an tionscnamh comhoiriúnach agus comhleanúnach leis an Rialachán maidir le bunú Oifig Eorpach an Ionchúisitheora Phoiblí (COM(2013) 534 final). Le bunú Oifig Eorpach an Ionchúisitheora Poiblí (EPPO) tiocfaidh athrú substaintiúil ar an mbealach ina ndéanfar imscrúduithe maidir le calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh san Aontas. San am atá romhainn, i gcás iompair choiriúil a thagann faoi réimse freagrachtaí EPPO, is é EPPO mar chomhlacht ionchúisitheach seachas OLAF mar atá – sa lá atá inniu ann – a sheolfadh na himscrúduithe a thiocfadh as. Is éard a bheadh i gceist, i gcás na ndaoine faoi imscrúdú ag EPPO, ráthaíochtaí nós imeachta den chineál a bhaineann le comhlacht breithiúnach a chur i bhfeidhm. Go pointe áirithe, is céim tosaigh i dtreo bhunú EPPO atá i gceist le treisiú ráthaíochtaí nós imeachta daoine lena mbaineann imscrúduithe OLAF trí Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta a bhunú.

1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

– ¨  Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

– ¨  Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

ý Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

– Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB

– cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe[5]

Ó bhuiséad 2014

ý Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

– ý Ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

– ¨  a dhéanann na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht indíreach trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ¨ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

– ¨ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

– ¨an BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

– ¨ • comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

– ¨ comhlachtaí dlí poiblí;

– ¨ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

– ¨ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

– ¨ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme sa CBES de bhun Theideal V den CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

– I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.1.1.     Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Ba cheart don Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta tuairisciú faoina ghníomhaíocht, ar bhonn bliantúil, chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, an Coiste Maoirseachta agus an Oifig.

2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh. Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

- Easpa féideartha neamhspleáchais an Rialaitheora.

- Easpa féideartha ball foirne ina Rúnaíocht.

2.2.2.     Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm. Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

I bhfianaise an cheanglais neamhspleáchais, ba cheart an Rialaitheoir bheith faoi réir na 16 Chaighdeán Rialaithe Inmheánaigh, agus béim ar leith ar chosaint sonraí. Bheadh sé faoi réir fíoruithe agus measúnú arna ndéanamh ag tSeirbhís um Iniúchadh Inmheánach an Choimisiúin dá bharr sin. Ar deireadh, d'fhéadfadh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa rialú ex-post a fheidhmiú.

2.2.3.     Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis. Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Le cinneadh tar éis comhaontú ar an gcóras rialaithe (IAS)

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Beidh deighilt shoiléir idir gníomhaíochtaí an Rialaitheora ráthaíochtaí nós imeachta agus an Coiste Maoirseachta, agus idir rúnaíochtaí an dá struchtúr.

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir […][Ceannteideal.................................................................]–Le comhlánú tar éis comhaontú an DG a mbeidh an Rialaitheoir ag gabháil leis || LD/LN ([6]) || ó thíortha CSTE[7] || ó thíortha is iarrthóirí[8] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

|| […][XX.YY.YY.YY] || LD/LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir […][Ceannteideal……………………………………………….] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

|| […][XX.YY.YY.YY] || || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL

3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

[Ba cheart an chuid seo a líonadh isteach tríd an scarbhileog ar shonraí buiséid de chineál riaracháin a úsáid (an dara doiciméad san iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo) agus a uaslódáil chuig CISNET chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.]

3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir || […][Ceannteideal……………...……………………………………………………………….]

Ard‑Stiúrthóireacht: <…….> || || || Bliain N[9] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

Ÿ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe || Gealltanais || (1) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (2) || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe || Gealltanais || (1a) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (2 a) || || || || || || || ||

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach Uimhir na líne buiséid[10] || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe || || (3) || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe i gcomhair DG <….> || Gealltanais || =1+1a +3 || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || =2+2a +3 || || || || || || || ||

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochta || Gealltanais || (4) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || ||

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL <….> den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || ||

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochta || Gealltanais || (4) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || ||

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Gealltanais || =4+ 6 || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || ||

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

|| || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: <…> - le cinneadh ||

Ÿ Acmhainní daonna || 0.198 || 0.396 || 0.396 || 0.396 || 0.396 || 0.396 || 2.178

§ Costas oibriúcháin eile (Comhairleoir Speisialta agus ionadaí) || 0.045 || 0.090 || 0.090 || 0.090 || 0.090 || 0.090 || 0.495

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0.01 || 0.01 || 0.01 || 0.01 || 0.01 || 0.01 || 0.06

IOMLÁN Ard‑Stiúrthóireacht <…….> || Leithreasuithe || 0.253 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 2.733

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0.253 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 2.733

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

|| || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 0.253 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 2.733

Íocaíochtaí || 0.253 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 2.733

3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas[11] || Meánchostas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon iomlán || Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[12]... || || || || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || ||

COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || ||

3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.  Achoimre

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

– ý  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

|| 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 0.198 || 0.396 || 0.396 || 0.396 || 0.396 || 0.396 || 2.178

Costas oibriúcháin eile (Comhairleoir Speisialta agus ionadaí) || 0.045 || 0.090 || 0.090 || 0.090 || 0.090 || 0.090 || 0.495

Caiteachas riaracháin eile || 0.01 || 0.01 || 0.01 || 0.01 || 0.01 || 0.01 || 0.06

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0.253 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 2.733

IOMLÁN || 0.253 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 0.496 || 2.733

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Comhfhreagraíonn na figiúirí sa líne buiséid 'Acmhainní Daonna' leis an gcostas a bhaineann le hearcú 2 bhall foirne ar ghrád AD agus 1 bhall foirne ar ghrád AST/SC agus an figiúr don chéad bhliain roinnte go dtína leath, chun an t‑ualach oibre laghdaithe a bhfuiltear ag súil leis sa chéad bhliain don Rialaitheoir a bheith ann a léiriú.

Léiríonn an figiúr sa líne buiséid 'Costas oibriúcháin eile' costas an Rialaitheora, ar Comhairleoir Speisialta de ghrád AD 15 é a íoctar de réir an líon laethanta oibre iarbhír. Áirítear sa líne buiséid freisin costas an ionadaí, ach ní gá é a léiriú ar leithligh agus ní fhágann sé go mbeidh costas breise i gceist, ós rud é nach n‑iarrfaí air ach dul in ionad an Rialaitheora, nach n‑íocfaí ansin.

I bhfianaise an ualaigh oibre a bhfuiltear ag súil leis, meastar gurb é 25% den am oibre lánaimseartha míosúil a bheadh i gceist don Rialaitheoir (nó dá ionadaí) sa chéad bhliain ghníomhaíochta (5.5 lá in aghaidh na míosa) agus 50% ina dhiaidh sin (11 lá in aghaidh na míosa).

Foráiltear go mbeidh 2 lá misin ann in aghaidh na míosa

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

– ý  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

|| 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 1.5 || 3 || 3 || 3 || 3 || 3

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || ||

XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || ||

10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || ||

Ÿ Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[13] ||

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || ||

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí) || || || || || ||

XX 01 04 yy[14] || - sa cheanncheathrú || || || || || ||

- Toscaireachtaí || || || || || ||

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach) || || || || || ||

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || ||

Línte buiséid eile 25 01 02 03 || 0.25 || 0.5 || 0.5 || 0.5 || 0.5 || 0.5

IOMLÁN || 1.75 || 3.5 || 3.5 || 3.5 || 3.5 || 3.5

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach || Gearáin faoina gcearta nós imeachta arna ndéanamh ag daoine lena mbaineann imscrúduithe OLAF a fháil agus athbhreithniú a dhéanamh orthu.

Pearsanra seachtrach ||

3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– ý  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[15].

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– ý Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

– Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || ||

3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– ý  Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– ¨  Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– ¨         ar acmhainní dílse

– ¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim: || Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha || Tionchar an togra/tionscnaimh[16]

Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal …………. || || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[1]               IOC, , lch.

[2]               COM(2013) 534 final, 17 Iúil 2013.

[3]               ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí ABB: bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[4]               Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[5]               Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[6]               LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte

[7]               CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[8]               Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí .

[9]               Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[10]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[11]             Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[12]             Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'

[13]             CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne Áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht).

[14]             Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[15]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach (don tréimhse 2007-2013).

[16]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.