Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an scéim cabhrach chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar sna forais oideachais /* COM/2014/032 final - 2014/0014 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Comhthéacs ginearálta I Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán maidir le Comheagraíocht
Aonair na Margaí)[1],
déantar foráil maidir le creat dlíthiúil agus airgeadais lena rialaítear
dáileadh táirgí talmhaíochta roghnaithe ar leanaí i scoileanna tríd an Scéim
Bainne Scoile agus an Scéim Torthaí Scoile. Forbraíodh an dá scéim go neamhspleách ar a
chéile agus i dtréimhsí ama éagsúla. Cuireadh tús leis an Scéim Bainne Scoile
tráth bhunú Chomheagraíocht na Margaí do bhainne in 1968 agus tá an scéim sin á
cur chun feidhme ó 1977. Clár níos déanaí is ea an Scéim Torthaí Scoile a
d'eascair as tiomantas polaitiúil i gcomhthéacs an athchóirithe a rinneadh in
2007 ar Chomheagraíocht na Margaí do thorthaí agus glasraí. Feidhmíonn na
scéimeanna reatha faoi chreataí difriúla dlíthiúla agus airgeadais, agus tá
roinnt difríochtaí tábhachtacha eatarthu ó thaobh cheapadh agus fheidhmiú na
scéimeanna de. Bunaíodh an dá scéim chun caitheamh torthaí
agus glasraí agus táirgí bainne a chur chun cinn. Is earnálacha tábhachtacha
iad an dá earnáil sin ó thaobh na talmhaíochta san Eoraip de agus is ionann
gach ceann acu agus tuairim is 15% de luach aschur iomlán talmhaíochta an
Aontais Eorpaigh (AE). Sa bhreis ar thábhacht eacnamaíoch na n‑earnálacha
sin, is le leas an phobail iad ó thaobh cúrsaí sláinte de agus tá na táirgí sin
oiriúnach don dáileadh ar leanaí scoile. Tá an réasúnaíocht ba chúis le bunú an dá
scéim scoile ábhartha fós ós rud é go bhfuil an méid torthaí agus glasraí agus
táirgí bainne a chaitear ag dul i laghad. D'ainneoin go ndearnadh iarrachtaí
caitheamh na dtáirgí sin a chur chun cinn ó thaobh na sláinte agus na
talmhaíochta de ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE, is i laghad
atá an nós ag dul i gcónaí, go háirithe maidir le torthaí agus glasraí úra agus
bainne óil. Is measa fós an cás mar gheall ar an gclaonadh sa lá atá inniu ann
bia próiseáilte a ithe ar minic cuid mhór siúcra, salainn agus saille breise
iontu, agus cuirfidh na haoisghrúpaí óga leis an gclaonadh sin. Cé go bhfuil glactha go dearfach leis na
scéimeanna reatha sna scoileanna agus go n‑aithnítear go bhfuil gá leo,
léiríonn conclúidí a tarraingíodh as tuarascálacha éagsúla agus meastóireachtaí
seachtracha go bhfuil laigí áirithe ag baint le ceapadh na scéimeanna agus
neamhéifeachtúlacht ag baint lena bhfeidhmiú. Táthar ag tnúth go réiteoidh gnéithe
tábhachtacha atá i CBT 2020 cheana cuid de na fadhbanna a sainaithníodh, go
háirithe trí athruithe suntasacha a dhéanamh ar mhaoiniú na Scéime Torthaí
Scoile agus tríd an ngné oideachais den scéim a neartú. Tá sé de cheangal faoin
Scéim Bainne Scoile anois go mbeidh ar na Ballstáit rannpháirteacha straitéis a
tharraingt suas agus cuideoidh sin fócas a thabhairt do chur chun feidhme na
scéime, mar is amhlaidh cheana i gcás na Scéime Torthaí Scoile. Glacadh an
togra ón gCoimisiún maidir le CBT 2020 sular críochnaíodh na meastóireachtaí
seachtracha ar na scéimeanna reatha agus tuarascáil Chúirt Iniúchóirí na hEorpa
(CIE anseo feasta), áfach. Cuspóirí an togra Leis an togra, féachtar, ní amháin le díriú ar
na fadhbanna inginiúla a bhaineann go dlúth le feidhmiú na scéimeanna chun
éifeachtúlacht agus éifeachtacht na scéimeanna a mhéadú, ach féachtar freisin
le freagairt beartais níos aontaithe a thabhairt lena áirithiú go mbeifear in
ann na cuspóirí fadtéarmacha a chomhlíonadh agus freagairt éifeachtach a
thabhairt ar dhúshláin sheachtracha. Luíonn an méid sin le moladh CIE gur
cheart comhordú agus sineirgíocht níos fearr a bheith idir an dá scéim chun cur
chuige atá comhsheasmhach go foriomlán i leith cúrsaí cothaithe agus
bainistíocht éifeachtúil na gclár a áirithiú. Leis an togra seo, freagraíonn an
Coimisiún freisin don cheanglas um thuairisciú a eascraíonn ó Airteagal 225(c)
den Rialachán maidir leis an bhféidearthacht raon feidhme na scéimeanna scoile
a leathnú chun ola olóige agus ológa boird a áireamh. Ar an gcéad dul síos, tá sé mar aidhm ag an
togra beartú reatha na scéimeanna a athdhíriú ar na cuspóirí fadtéarmacha,
d'fhonn gnéithe oideachais an dá scéim a neartú agus d'fhonn cuidiú saoránaigh
óga a chur i dteagmháil in athuair le bia agus a fhoinsí, agus sa dóigh sin
chuirfí leis an tuiscint atá ag daoine ar chúrsaí talmhaíochta agus táirgí
talmhaíochta, an CBT agus an AE. I láthair na huaire, tá bearna idir ceapadh na
scéimeanna agus na cuspóirí sin, ós rud é go dtugtar aghaidh leis an dá scéim
ar na cuspóirí ar bhealaí éagsúla. Bhí an ghné oideachais ina cuid den Scéim
Torthaí Scoile ón tús, ach ní chuireann an Scéim Bainne Scoile aon oibleagáid
ar na Ballstáit bearta oideachais faoi leith a úsáid agus, ar an ábhar sin, is
lag an nasc idir na táirgí a dháiltear agus an scéim. Ina theannta sin, tá
córas meastóireachta agus faireacháin na Scéime Bainne Scoile lag agus is gá
feabhas a chur ar chóras na Scéime Torthaí Scoile, rud a bhfuil an‑tionchar
aige ar éifeachtúlacht meántéarmach nó fadtéarmach na scéimeanna a thomhas. Ar an dara dul síos, is é an sprioc atá ann na
creataí dlíthiúla agus airgeadais ar leith atá ann faoi láthair a chur ar aon
réim agus a chomhdhlúthú agus infheictheacht ionchur an AE a mhéadú, lena
áirithiú go mbeidh cur chuige an CBT comhsheasmhach go foriomlán ó thaobh
dháileadh na dtáirgí sna scoileanna de agus chun éifeachtúlacht na bainistíochta
a uasmhéadú. Dé bhrí gur forbraíodh na scéimeanna reatha go neamhspleách ar a
chéile agus i dtréimhsí ama éagsúla, tá easpa comhordaithe agus
comhsheasmhachta eatarthu, cé go bhfuil cuspóirí agus spriocghrúpaí comhchosúla
acu. Faoin gcóras ilroinnte reatha tá an iomad cineálacha cur chuige agus
teachtaireachtaí éagsúla i gceist, rud a d'fhéadfadh drochthionchar a imirt ar
éifeachtacht an chórais trí chéile. Eascraíonn an fhadhb seo ó na creataí
éagsúla dlíthiúla agus airgeadais, na difríochtaí sa mhargadh idir na táirgí
lena mbaineann agus na cinntí a dhéantar ar leibhéal na mBallstát faoin dóigh a
gcuirtear an dá scéim chun feidhme. Agus an meall is mó ar deireadh, is gá
éifeachtúlacht an chaiteachais a dhéantar chun caitheamh táirgí talmhaíochta i
scoileanna a chur chun cinn a mhéadú, i gcás ina bhféadfaí acmhainneacht
airgeadais na scéimeanna a dhíriú ar bhealach níos fearr chun tionchar na
scéimeanna agus éifeachtúlacht costais an dáileacháin a mhéadú. Baineann cuid
de na heaspaí reatha leis an dá scéim (amhail ualach mór riaracháin agus
eagrúcháin) ach baineann cuid acu leis an Scéim Torthaí Scoile amháin (go
háirithe an dóigh a bhfuil tuairim is 30 % d'acmhainneacht na scéime nach
bhfuil á baint amach go leormhaith agus an dóigh a bhfuil difríochtaí móra idir
chostais na dtáirgí a dháiltear) nó leis an Scéim Bainne Scoile amháin
(d'fhéadfadh éifeacht mharbhualaigh a bheith ann agus tá an cóimheas costais‑tairbhe
íseal). 2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Tosaíodh ag déanamh athbhreithniú ar na
scéimeanna scoile i nDeireadh Fómhair 2012. Le linn phróiseas an Mheasúnaithe Tionchair,
rinneadh comhairliúchán poiblí inar iarradh ar pháirtithe leasmhara bheith
páirteach san athbhreithniú. Bhí próiseas an chomhairliúcháin phoiblí bunaithe
ar dhoiciméad comhairliúcháin a cuireadh le chéile de réir 9 gceist oscailte.
Bhí an comhairliúchán ar siúl ar feadh 12 sheachtain agus is trí cheistneoir ar
líne a rinneadh é. Ina theannta sin, eagraíodh cruinnithe agus éisteachtaí le
linn an phróisis, lena n‑áirítear cruinniú leis na geallsealbhóirí an
15 Márta 2013. Is iad seo a leanas na trí rogha a ndéantar
cur síos orthu sa Mheasúnú Tionchair: 1) rogha an "status quo" faoina
gcoinneofaí na creataí ar leith don dáileadh ar na scoileanna ach go dtabharfaí
isteach na feabhsuithe a moladh a chur ar na scéimeanna scoile i CBT 2020; 2)
rogha "an choigeartaithe" ina scrúdaítear an bhféadfaí cuspóirí an
athbhreithnithe a bhaint amach laistigh den socrú reatha (creataí ar leith) ach
trí na bearta/athruithe atá dírithe ar an mbearna atá idir na scéimeanna reatha
ó thaobh na ngnéithe oideachais de a dhúnadh, rud a mhéadódh sineirgíochtaí
idir an dá scéim, agus trí thuilleadh simplithe agus feabhsaithe a dhéanamh ar
na cláir sa bhreis ar an méid atá molta i CBT 2020; agus 3) rogha "an
chreata nua" faoina ndéanfaí athrú beartais nach beag i bhfoirm creata
choitinn dhlíthiúil agus airgeadais do dháileadh líon teoranta táirgí, agus ina
theannta sin go ndíreofaí ar na cuspóirí fadtéarmacha trí ghné oideachais na
scéime a neartú. Ar bhonn na meastóireachtaí ar na creataí
beartais reatha agus ar bhonn na hanailíse ar na dúshláin agus na riachtanais
atá romhainn, déantar na tionchair a bheadh ag na trí rogha beartais sin a
mheasúnú agus cuirtear iad i gcomparáid leis an acmhainneacht atá iontu na
cuspóirí a bhaint amach, agus meastar a éifeachtaí, a éifeachtúla agus a
chomhleanúnaí a bheidís ó thaobh na gcuspóirí uileghabhálacha: –
Maidir le rogha an status quo, faoina
neartófaí an Scéim Torthaí Scoile, d'fhágfadh sin go mbeadh na bearnaí atá ann
cheana idir an Scéim Torthaí Scoile agus an Scéim Bainne Scoile níos measa arís
ó thaobh na gné oideachais de agus ní chuirfeadh sé mórán leis na scéimeanna ó
taobh éifeachtúlachta bainistíochta de. Ní chuirfeadh an rogha sin ach go
teoranta freisin le hionchur an AE a dhéanamh níos aontaithe agus níos
feiceálaí. Cé go bhfuil sí neodrach ó thaobh an bhuiséid de, tá roinnt
neamhchinnteachta ag baint leis an mbuiséad fós féin faoin rogha seo ós rud é nach
bhfuil aon teorainn le méid an mhaoinithe don Scéim Bainne Scoile. Bheadh
ualach mór riaracháin ann i gcónaí i gcomparáid leis na tairbhí (cóimheas
costais‑tairbhe íseal), bheadh éagsúlachtaí móra ann ó thaobh
éifeachtúlachta mar gheall ar dhifríochtaí móra i gcostais na dtáirgí don Scéim
Torthaí Scoile agus d'fhéadfadh éifeacht mharbhualaigh a bheith i gceist leis
an Scéim Bainne Scoile fós. Níltear cinnte an bhféadfadh an rogha seo freagairt
chuí a thabhairt ar chuid de na dúshláin atá ag teacht chun cinn maidir le
patrúin tomhaltais agus maidir leis an éileamh atá ar tháirgí úra talmhaíochta.
Braitheadh nach gcuirfeadh an rogha ach go teoranta leis na cuspóirí
cothrománacha (rialáil níos fearr agus simpliú), ach tugadh marc níos fearr di
ó thaobh na hacmhainneachta atá ann cur le cuspóirí sláinte poiblí chun
éagothroime sláinte a laghdú trí straitéisí agus spriocdhíriú náisiúnta. –
Ar an taobh eile, meastar go mbainfeadh
príomhthionchair rogha an choigeartaithe le neartú gné oideachais na Scéime
Bainne Scoile agus le sineirgíochtaí i gcur chun feidhme an dá scéim, cé go
mbeadh na creataí neamhspleách ar a chéile fós. Chuirfeadh an rogha seo ar
bhealach níos fearr leis na cuspóirí fadtéarmacha chun méadú inbhuanaithe a
dhéanamh ar an éileamh atá ar na táirgí talmhaíochta seo agus chun nósanna
itheacháin níos sláintiúla a mhúnlú. Tá sé dearfach freisin sa dóigh is go
méadófaí ar na sineirgíochtaí, ach bheadh teorainn leo sin de bharr socruithe
airgeadais difriúla a bheith ag na scéimeanna. Bheadh sochair ag baint freisin
le hualach riaracháin níos lú, agus níos lú castachta i ngeall ar
shineirgíochtaí agus nósanna imeachta coiteanna. –
Faoi rogha an chreata nua, d'athrófaí béim an
chórais scoile reatha chun bearta a áireamh lena bhféadfaí cuspóirí
fadtéarmacha na scéimeanna a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr agus réiteofaí
na difríochtaí atá ann faoi láthair idir an dá scéim. Ina theannta sin, faoin
rogha seo thabharfaí níos mó solúbthachta do na Ballstáit chun an clár scoile a
bhainistiú agus a ngníomhaíochtaí a spriocdhíriú de réir mar is gá agus
solúbthacht bhuiséadach acu dá réir le go bhféadfaidís feidhmiú idir na
teidlíochtaí airgeadais éagsúla agus aghaidh a thabhairt ar athruithe de réir
mar a thiocfadh siad chun cinn. Sa bhreis air sin, tá an rogha seo ceaptha an
tionchar is mó a bheith aici ar na scoileanna laistigh de bhuiséad teoranta.
Chuirfí deireadh le neamhchinnteachtaí a bhaineann le buiséad an AE sa dóigh is
go leagfaí teorainn sheasta síos do ranníocaíochtaí leis na scoileanna, ar
teorainn í a léireodh an acmhainneacht ionsúcháin reatha (CBT 2020). A bhuí le
socruithe maoinithe agus coinníollacha rannpháirtíochta feabhsaithe, d'fhéadfaí
an acmhainneacht atá ann cheana a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla. Ar an mbonn sin, is é an conclúid atá sa
Mheasúnú Tionchair gurb é "rogha an chreata nua" an rogha is
cothroime sa mhéid is go mbogfaí béim chóras na scéimeanna scoile de réir a
chéile go dtí na spriocanna fadtéarmacha, rud a chuirfeadh ar a gcumas aghaidh
a thabhairt ar bhealach níos fearr ar na fadhbanna uileghabhálacha (caitheamh
torthaí agus glasraí agus bainne a bheith ag dul i laghad agus otracht a bheith
ag dul i méad), agus a chruthódh nasc ríthábhachtach leis an talmhaíocht agus
le táirgí talmhaíochta éagsúla. Leagadh béim nach beag ar an simpliú feadh an
phróisis agus ba cheart cur leis ar bhealaí éagsúla. Bainfear sin amach go
príomha tríd an simpliú a dhéanfar ar bhonn ghníomhartha an Choimisiúin i gcás
ina ndéanfar riachtanais áirithe a chumasc nó a bhaint. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Táthar ag moladh creat coiteann dlíthiúil agus
airgeadais a bhunú do dháileadh torthaí agus glasraí agus bainne ar leanaí i
scoileanna, agus tacaíocht a thabhairt dó sin le bearta neartaithe oideachais
chun béim a chur ar an nasc le talmhaíocht agus táirgí talmhaíochta agus ar
shaincheisteanna eile ar nós sláinte poiblí agus ábhar comhshaoil. Bheadh an
creat nua neodrach ó thaobh an bhuiséid de agus d'fheidhmeodh sé faoin mbuiséad
do na scéimeanna scoile dá bhforáiltear i CBT 2020. Tá struchtúr na scéime nua
bunaithe go mór ar na gnéithe den dá scéim atá ann cheana a mheastar a bheith
éifeachtúil agus ag feidhmiú go maith. Tá an togra bunaithe ar Airteagal 42 agus
ar Airteagal 43(2) den Chonradh. Tá sé i gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta, a leagtar síos an creat
gníomhaíochta agus na bunphrionsabail ar leibhéal an AE dá réir. Ag an am
céanna, áfach, tá scóip ag na Ballstáit an scéim a oiriúnú, bunaithe ar a
dtosaíochtaí féin agus i gcomhréir le sonraíochtaí náisiúnta/réigiúnacha, agus
a spriocanna agus a rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme a leagan
síos iad féin. Is iad seo a leanas príomheilimintí an togra
nua: –
An dáileachán a athshocrú: moltar dáileadh táirgí i
scoileanna a dhíriú ar dhá "chroí‑tháirge": torthaí agus
glasraí úra (lena n‑áirítear bananaí) agus bainne óil, agus cinnfidh
údaráis náisiúnta sláinte cion saille an bhainne óil. Bheadh tairbhe ag baint
leis sin ar roinnt cúiseanna, go háirithe ar an ábhar go ndéanfaí na táirgí a
dháileadh faoi chuimsiú buiséid sheasta, laghdófaí an t‑ualach eagrúcháin
ar scoileanna agus luíonn sé leis an ngá atá ann an laghdú a bhíonn ag teacht i
gcónaí ar chaitheamh na dtáirgí sin a chasadh thart. Bheadh sé i gcomhréir leis
an gcleachtas i gcoitinne, mar gur torthaí agus glasraí úra agus bainne óil is
mó a dháiltear faoi na scéimeanna reatha. D'fhéadfadh na Ballstáit réimse níos
leithne táirgí talmhaíochta a áireamh freisin, áfach, faoi chuimsiú na mbeart
téamach oideachais. –
Na forálacha airgeadais a aontú agus coinníollacha
maoinithe a fheabhsú chun éifeachtúlacht an chaiteachais a mhéadú: –
I bhfianaise na ndifríochtaí idir na táirgí agus a
slabhraí soláthair, mar aon leis na difríochtaí ó thaobh tomhaltais de sna
Ballstáit éagsúla, leithdháilfí "clúdaigh" ar leith ar Bhallstáit do
thorthaí agus glasraí (lena n‑áirítear bananaí) agus bainne. Is é a
bheidh i gceist clúdach do thorthaí agus glasraí i gcomhréir le buiséad CBT
2020 (EUR 150 milliún) agus clúdach do bhainne i gcomhréir leis an
úsáid atáthar ag súil le baint as cistí (EUR 80 milliún). Dhéanfaí
foráil maidir le roinnt solúbthachta, sa dóigh is go bhféadfadh na Ballstáit
scaireanna teoranta dá leithdháiltí a aistriú ó chlúdach go clúdach de réir mar
is gá (ionchur a chinneadh de réir tosaíochta trí straitéisí). Faoi chuimsiú na
gclúdach sin, bhunófaí tairseacha le haghaidh beart tacaíochta agus beart
incháilithe eile, amhail bearta meastóireachta, faireacháin agus cumarsáide. –
Bunaithe ar an taithí atá faighte go dtí seo, is
trí uasmhéid cabhrach ón AE in aghaidh na ciondála a leagan síos do thorthaí
agus glasraí agus do bhainne a dhéanfaí leibhéal na ranníocaíochta ón AE ar
phraghas na dtáirgí a theorannú, agus nach trí leibhéil chómhaoinithe an AE mar
a bhí i gceist i gcás na Scéime Torthaí Scoile. Eilimint nua a bheadh i gceist
leis sin do thorthaí agus glasraí, agus chuideodh sé na difríochtaí móra ó
thaobh praghsanna na dtáirgí a dháiltear a mhaolú agus d'fhágfadh sé go mbeadh
an bhainistíocht ní ba shimplí. Dhéanfaí leibhéal an fhóirdheontais ón AE do bhainne
a mhéadú chun an éifeacht mharbhualaigh a laghdú (trína fhágáil go bhféadfaí an
bainne a dháileadh saor in aisce nó beagnach saor in aisce) agus thiocfadh
méadú ar chóimheas costais‑tairbhe an dáileacháin. Tá eilimintí sin an
togra ag freagairt don ghealltanas a rinne an Coimisiún[2] i gcomhthéacs ghlacadh
Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle[3] chun socruithe
maoinithe na scéimeanna reatha a athbhreithniú, eadhon an chabhair chun bainne
a dháileadh chomh maith le cómhaoiniú chostais na scéime torthaí scoile.
Tabharfar cead do na Ballstáit leanúint de bheith ag tabhairt breisithe
náisiúnta nó de chistiú príobháideach a mhealladh chun raon feidhme agus/nó
méid a n‑ionchuir sna scéimeanna scoile a mhéadú. –
An ghné oideachais a athneartú: bheadh bearta oideachais
tacaíochta riachtanach freisin do dháileadh bainne, agus sa dóigh sin dhúnfaí
an bhearna idir na scéimeanna reatha. Bheadh gné láidir oideachais ag baint
leis na bearta sin, agus béim ar shaincheisteanna talmhaíochta, ar
chothú/sláinte (aiste chothrom bia) agus ar ábhair chomhshaoil. Ina theannta
sin, bheidís ina n‑uirlis ríthábhachtach chun leanaí a chur ar an eolas
faoi bhia, táirgeacht talmhaíochta agus feirmeoirí. Ba cheart bearta oideachais
a dhíriú ar an bpobal scoile agus, más féidir, ar an teaghlach agus ar an
bpobal i gcoitinne freisin agus ba cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar na
roghanna sláintiúla bia agus deochanna atá ar fáil sna scoileanna cheana, rud
atá ina cheist níos ginearálta. Tá na bearta sin úsáideach mar go léiríonn
fianaise go bhfásann cuid mhór leanaí aníos agus gan a fhios a bheith acu cad
as a dtagann a gcuid bia – an áit agus an dóigh a dtáirgtear é agus na táirgí a
bhaineann leis na séasúir éagsúla. D'fhéadfadh na Ballstáit bearta oideachais
téamacha a roghnú faoina n‑áireofaí, anois agus arís, táirgí talmhaíochta
seachas an dá chroí‑tháirge amháin, amhail iógairt, torthaí agus glasraí
próiseáilte, mil, ola olóige, agus rudaí eile mar iad. Ní mór do na húdaráis
náisiúnta sláinte liosta de na táirgí ar fad a sholáthraítear faoin scéim agus
na gnéithe cothaitheacha a bhaineann leo uile a fhormheas. Ní mór nasc díreach
a bheith ag bearta oideachais tacaíochta le cuspóirí talmhaíochta na scéime
agus iad a bheith i gcomhréir leis an gcuspóir aistí bia sláintiúla a chur chun
cinn. 4. AN IMPLEACHT BHUISÉADACH Tá tionchar an togra neodrach ó thaobh an
bhuiséid de i gcomparáid leis an status quo. I gcás torthaí agus
glasraí, ní athraítear an uasteorainn bhuiséadach atá socraithe faoi láthair i
Rialachán Uimh. 1308/2013 (EUR 150 milliún in aghaidh na bliana
scoile). I gcás bainne, áirítear faoin togra seo clúdach EUR 80 milliún in
aghaidh na bliana scoile, agus é sin ag freagairt do chur i bhfeidhm ionchasach
an bhuiséid agus é i gcomhréir leis na méideanna iomlána do chaiteachas a bhaineann
leis an margadh agus do chabhair dhíreach a cuireadh san áireamh i gCreat
Airgeadais Ilbhliantúil 2014‑2020. Maidir leis an gcaiteachas a roinnt, is do
dháileadh na dtáirgí agus bearta oideachas tacaíochta is mó a thabharfar
tacaíocht airgeadais. Beidh costais eile, ar nós costais meastóireachta,
faireacháin agus cumarsáide, incháilithe freisin go pointe teoranta. Socróidh
an Coimisiún na huasteorainneacha do chostais beart oideachais tacaíochta agus
do chostais ghaolmhara eile i bhfianaise na taithí atá faighte ó na cláir
reatha. Tá sonraí ar na
himpleachtaí buiséadacha agus airgeadais sa ráiteas airgeadais reachtach a
ghabhann leis an togra. 2014/0014 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an scéim cabhrach chun
torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar sna forais oideachais TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2)
de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[4], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[5], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) I Roinn 1 de
Chaibidil II de Theideal I de Chuid II de Rialachán (AE)
Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[6], déantar foráil maidir
le scéim torthaí agus glasraí scoile, lena n‑áirítear bananaí, agus scéim
bainne scoile. (2) I bhfianaise na taithí atá
faighte ó chur i bhfeidhm na scéimeanna reatha, mar aon le conclúidí na
meastóireachtaí seachtracha agus an anailís a rinneadh tar éis sin ar roghanna
éagsúla beartais, táthar den tuairim go bhfuil an réasúnaíocht ba chúis le bunú
an dá scéim scoile ábhartha fós. Ba cheart don Aontas leanúint de chabhair
airgeadais a thabhairt chun táirgí talmhaíochta áirithe a sholáthar do leanaí i
bhforais oideachais ar an ábhar go bhfuil laghdú ag teacht sa lá atá inniu ann
ar an méid torthaí agus glasraí a itear, lena n‑áirítear bananaí, agus ar
an méid táirgí bainne a chaitear agus ós rud é go bhfuil an treocht sin ag dul
chun donachta mar gheall ar an gclaonadh reatha chun bia próiseáilte ar minic,
ar a bharr sin, cuid mhór siúcra, salainn agus saille breise iontu. (3) Léiríonn anailís a rinneadh
ar roghanna éagsúla beartais gurb iomchuí agus gurb éifeachtaí cur chuige
aontaithe faoi chreat coiteann dlíthiúil agus airgeadais chun na cuspóirí
sonracha atá á saothrú ag an gComhbheartas Talmhaíochta trí na scéimeanna
scoile a bhaint amach. D'fhágfadh sé sin go bhféadfadh na Ballstáit tionchar an
dáileacháin a uasmhéadú laistigh de bhuiséad seasmhach agus éifeachtúlacht na
bainistíochta a mhéadú. Mar sin féin, chun aird a thabhairt ar na difríochtaí
idir torthaí agus glasraí, lena n‑áirítear bananaí, agus táirgí bainne, ar
thaobh amháin, agus a slabhraí soláthair ar an taobh eile, ba cheart gnéithe
áirithe a choinneáil ar leithligh i gcónaí, amhail na clúdaigh bhuiséadacha
faoi seach. I bhfianaise na taithí atá faighte ó na scéimeanna reatha, is ar
bhonn deonach ba cheart do na Ballstáit a bheith rannpháirteach sa scéim i
gcónaí. Agus na difríochtaí idir na patrúin tomhaltais ar fud na mBallstát á
gcur san áireamh, ba cheart rogha a bheith ag Ballstáit rannpháirteacha na
táirgí ar fad is incháilithe a sholáthar do leanaí i bhforais oideachais nó gan
ach ceann amháin de na táirgí sin a dháileadh. (4) Tá sé tugtha faoi deara go
bhfuil an méid torthaí agus glasraí úra, lena n‑áirítear bananaí, agus
bainne óil a chaitear go háirithe ag dul i laghad. Is iomchuí, mar sin, díriú ar
dháileadh na dtáirgí sin faoi na scéimeanna scoile. Chuideodh sé sin freisin an
t‑ualach eagrúcháin ar na scoileanna a laghdú agus tionchar an
dáileacháin laistigh de bhuiséad seasmhach a mhéadú agus bheadh sé i gcomhréir
leis an gcleachtas reatha, ós rud é gurb iad na táirgí sin is minice a
dháiltear faoi láthair. (5) Ní mór bearta oideachais a
dhéanamh a thugann tacaíocht don dáileadh le go mbeidh an scéim éifeachtach ó
thaobh bhaint amach a cuspóirí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha, eadhon
caitheamh táirgí talmhaíochta roghnaithe a mhéadú agus nósanna itheacháin níos
sláintiúla a mhúnlú. Agus tábhacht na mbeart oideachais sin á cur sa mheá, ba
cheart go dtacóidís le dáileadh torthaí agus glasraí, lena n‑áirítear
bananaí, agus bainne araon. Ba cheart iad a bheith incháilithe cabhair ón
Aontas a fháil. Mar bhearta tacaíochta, is uirlis fhíorthábhachtach iad chun
suim leanaí sa talmhaíocht agus i dtáirgí talmhaíochta a mhúscailt agus chun na
cuspóirí atá ag an scéim a bhaint amach. Ba cheart cead a thabhairt do na
Ballstáit réimse níos leithne de tháirgí talmhaíochta a áireamh ina mbearta
téamacha. D'fhonn nósanna sláintiúla itheacháin a chur chun cinn, áfach, ba
cheart baint a bheith ag na húdaráis náisiúnta sláinte leis an bpróiseas sin
agus an liosta de na táirgí sin, mar aon leis an dá ghrúpa táirgí is
incháilithe don dáileadh, a fhormheas, agus cinneadh a dhéanamh maidir lena
ngnéithe cothaitheacha. (6) Chun bainistíocht bhuiséadach
fhónta a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh go mbeidh uasteorainn sheasta do
chabhair ón Aontas ann maidir le dáileadh torthaí agus glasraí, lena n‑áirítear
bananaí, agus dáileadh bainne, bearta oideachais tacaíochta agus costais
ghaolmhara. Ba cheart don uasteorainn sin bheith ina léiriú ar an staid reatha.
I bhfianaise na taithí atá faighte agus d'fhonn an bhainistíocht a shimpliú, ba
cheart na múnlaí maoinithe a chomhfhogasú agus a bhunú ar chur chuige aonair i
dtaca le leibhéal na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas. Dá bhrí sin, is
iomchuí teorainn a chur le leibhéal na cabhrach ón Aontas i gcomhair chostas na
dtáirgí trí uasmhéid cabhrach ón Aontas a shocrú in aghaidh na ciondála i gcás
torthaí agus glasraí, lena n‑áirítear bananaí, agus bainne, agus trí
dheireadh a chur le prionsabal an chómhaointithe éigeantaigh do thorthaí agus
glasraí, lena n‑áirítear bananaí. Agus luaineacht i bpraghsanna na
dtáirgí i gceist á cur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha
áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bearta lena
socraítear leibhéil na cabhrach ón Aontas i gcomhair costais ciondála de na
táirgí agus lena leagtar síos an sainmhíniú ar cad is ciondáil ann. (7) Lena áirithiú go n‑úsáidtear
cistí an Aontais ar bhealach éifeachtúil agus spriocdhírithe, ba cheart an
chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún
i dtaca le bearta lena socraítear leithdháiltí táscacha na cabhrach ón Aontas
do gach Ballstát agus na modhanna chun cabhair a ath‑leithdháileadh idir
na Ballstáit bunaithe ar iarrataí ar chabhair. Ba cheart na leithdháiltí
táscacha a shocrú ar leithligh do thorthaí agus glasraí, lena n‑áirítear
bananaí, ar thaobh amháin, agus do bhainne ar an taobh eile, i gcomhréir leis
an gcur chuige deonach i leith dáileacháin. Ba cheart an scála leithdháilte do
thorthaí agus glasraí, lena n‑áirítear bananaí, a bheith ina léiriú ar a
bhfuil á leithdháileadh ag na Ballstáit faoi láthair, bunaithe ar an gcritéar
oibiachtúil maidir le líon na leanaí san aoisghrúpa sé bliana go deich mbliana
d'aois mar chion den daonra, ag cur san áireamh freisin stádas forbartha na
réigiún lena mbaineann. Ionas go mbeidh Ballstáit in ann scóip a gclár reatha a
choinneáil agus d'fhonn Ballstáit eile a spreagadh chun bainne a dháileadh
freisin, is iomchuí teaglaim de dhá scála a úsáid le haghaidh leithdháileadh na
gcistí do bhainne, eadhon an úsáid a bhain Ballstáit as cistí faoin Scéim
Bainne Scoile roimhe seo agus an critéar oibiachtúil maidir le líon na leanaí
san aoisghrúpa sé bliana go deich mbliana mar chion den daonra, ar scála é a úsáidtear
do dháileadh torthaí agus glasraí, lena n‑áirítear bananaí. Chun an
chionmhaireacht cheart a aimsiú don dá scála sin, ba cheart an chumhacht chun
gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le
rialacha breise a ghlacadh maidir le cothroime idir an dá chritéar. Ina
theannta sin, agus na hathruithe athfhillteacha i staid dhéimeagrafach nó
forbartha na réigiún sna Ballstáit á gcur san áireamh, ba cheart an chumhacht
chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca
le measúnú a dhéanamh gach trí bliana féachaint an bhfuil leithdháiltí na
mBallstát, bunaithe ar na critéir sin, fós cothrom le dáta. (8) Ionas go bhféadfaidh na
Ballstáit sin atá teoranta ó thaobh méide déimeagrafaí de scéim atá éifeachtúil
ó thaobh costais de a chur chun feidhme, ba cheart an chumhacht chun
gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le
híosmhéid cabhrach ón Aontas a shocrú a bhfuil na Ballstáit ina theideal do
thorthaí agus glasraí, lena n‑áirítear bananaí, agus do bhainne. (9) Ar mhaithe le dea‑riarachán
agus bainistiú fónta buiséid, aon Bhallstáit ar mhian leo bheith rannpháirteach
i ndáileadh torthaí agus glasraí, lena n‑áirítear bananaí, agus/nó
dáileadh bainne, ba cheart dóibh iarratas ar chabhair ón Aontas a chur isteach
gach bliain. D'fhonn na nósanna imeachta agus an bhainistíocht a shimpliú, ba
cheart an t‑iarratas sin a chur isteach ar bhonn iarrataí aonair ar
chabhair. Ar fháil na n‑iarrataí ó na Ballstáit dó, ba cheart don Choimisiún
na leithdháiltí críochnaitheacha a chinneadh do thorthaí agus glasraí, lena n‑áirítear
bananaí, agus do bainne faoi chuimsiú na leithreasuithe atá ar fáil sa bhuiséad
agus tar éis aistrithe teoranta idir leithdháiltí na mBallstát a chur san
áireamh, ar aistrithe iad a spreagfaidh tosaíocht a thabhairt do dháileadh
bunaithe ar riachtanais chothaitheacha. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha
áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bearta lena
socraítear na coinníollacha agus na teorainneacha a bhaineann leis na
haistrithe sin. (10) Ba cheart a mheas nach mór do
Bhallstát straitéis náisiúnta a bheith ar bun aige le bheith rannpháirteach sa
scéim agus gur doiciméad straitéiseach ilbhliantúil a bheidh sa straitéis sin,
lena leagtar amach spriocanna nach mór do na Ballstáit a bhaint amach agus
tosaíochtaí na spriocanna sin. Ba cheart cead a bheith ag Ballstáit na
straitéisí sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta, go háirithe i bhfianaise
na meastóireachtaí agus na n‑athbhreithnithe ar thosaíochtaí nó
spriocanna. (11) Chun infheictheacht na scéime
a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a mhíniú ina straitéis conas a rathóidh
siad breisluach a scéime, go háirithe i gcás ina bhfuil táirgí arna maoiniú
faoi scéim an Aontais á gcaitheamh ag an am céanna le béilí eile arna dtabhairt
do leanaí i bhforas oideachais. Lena áirithiú go mbainfear amach cuspóir
oideachais scéim an Aontais agus go bhfuil sé éifeachtach, ba cheart an
chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún
i dtaca le rialacha a bhaineann le dáileadh na dtáirgí arna maoiniú faoi scéim
an Aontais le hais soláthair béilí eile i bhforais oideachais agus ullmhú na
mbéilí sin. (12) Lena áirithiú gur léiriú
iomlán é costas na dtáirgí arna dtabhairt do na leanaí faoin scéim ar an méid
cabhrach a tugadh agus nach n‑úsáidtear táirgí a dtugtar fóirdheontais
dóibh ar aon bhealach seachas don úsáid atá beartaithe dóibh, ba cheart an
chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún
i dtaca le faireachán ar phraghsanna a bhunú faoin scéim. (13) De bhrí go bhfuil deireadh á
chur le prionsabal an chómhaoinithe do dháileadh torthaí agus glasraí, ní mór
na forálacha iomchuí i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013[7] a leasú. (14) Ba cheart Rialachán (AE)
Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a leasú dá réir.
Chun tréimhsiúlacht na bliana scoile a chur san áireamh, ba cheart feidhm a
bheith ag na rialacha nua ón 1 Lúnasa 20XX, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasú
ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí
i dtáirgí talmhaíochta Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
mar a leanas: (1) Cuirtear an méid seo a leanas in
ionad theideal Roinn 1 de Chaibidil II de Theideal I de
Chuid II: 'CABHAIR CHUN TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA A SHOLÁTHAR I
bhFORAIS OIDEACHAIS' (2) scriostar an ceannteideal
"Foroinn 1" agus an teideal "Scéimeanna torthaí agus
glasraí scoile"; (3) Cuirtear an méid seo a leanas in
ionad Airteagal 23: "Airteagal 23 Cabhair
do sholáthar torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne, do bhearta oideachais
tacaíochta agus do chostais ghaolmhara 1. Deonófar cabhair ón Aontas le haghaidh
leanaí sna forais oideachais dá dtagraítear in Airteagal 22: (a) chun torthaí agus glasraí, bananaí, agus
bainne a sholáthar; (b) chun bearta oideachais tacaíochta a
dhéanamh; agus (c) chun costais ghaolmhara a íoc a bhaineann
le cúrsaí lóistíochta agus dáileacháin, le trealamh, le poiblíocht, le
faireachán agus le meastóireacht. 2. Na Ballstáit sin ar mian leo páirt a
ghlacadh sa scéim cabhrach a bunaíodh i mír 1 ("an scéim
scoile"), féadfaidh siad torthaí nó glasraí, lena n‑áirítear
bananaí, a thagann faoi chuimsiú chód AC 0401, nó bainne a thagann faoi
chuimsiú an chóid sin, a dháileadh nó an dá chineál táirgí sin a dháileadh. 3. Mar choinníoll le páirt a ghlacadh sa
scéim scoile, sula mbeidh Ballstáit rannpháirteach sa scéim scoile ní mór dóibh
straitéis maidir le cur chun feidhme na scéime a tharraingt suas agus déanfar
sin arís tar éis sin gach sé bliana. Féadfaidh Ballstát an straitéis a leasú,
go háirithe i bhfianaise faireacháin agus meastóireachta. Sa straitéis sin
sainaithneofar ar a laghad na riachtanais is gá a chomhlíonadh, ord tosaíochta
na riachtanas, an spriocphobal, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, agus na
spriocanna cainníochtaithe atá le baint amach i ndáil leis an staid tosaigh,
agus leagfar síos na hionstraimí agus na gníomhaíochtaí is iomchuí chun na
cuspóirí sin a bhaint amach. 4. Le go mbeidh an scéim scoile éifeachtach,
déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le bearta oideachais tacaíochta ar a
bhféadfar bearta agus gníomhaíochtaí a áireamh a bheidh dírithe ar leanaí a
chur i dteagmháil leis an talmhaíocht agus le réimse níos leithne de tháirgí
talmhaíochta, agus ar leanaí a chur ar an eolas faoi ábhair ghaolmhara amhail
nósanna itheacháin sláintiúla, cur amú bia a chomhrac, slabhraí bia áitiúla nó
feirmeoireacht orgánach. 5. Agus a straitéisí á dtarraingt suas ag na
Ballstáit, cinnfidh siad ar liosta de tháirgí talmhaíochta, sa bhreis ar
thorthaí agus glasraí, bananaí agus bainne, a fhéadfar a áireamh ó am go ham
faoi na bearta oideachais tacaíochta. 6. Roghnóidh na Ballstáit na táirgí atá le
dáileadh nó atá le háireamh sna bearta oideachais tacaíochta ar bhonn critéar
oibiachtúil ar a bhféadfar cúrsaí sláinte agus comhshaoil, séasúracht,
éagsúlacht nó fáil a bheith ar an táirge a áireamh, agus tabharfar tús áite a
mhéid is féidir do tháirgí de thionscnamh an Aontais, go háirithe do cheannach
go háitiúil, táirgí orgánacha, slabhraí gearra soláthair nó tairbhí don
chomhshaol. 7. Chun nósanna itheacháin sláintiúla a chur
chun cinn, áiritheoidh na Ballstáit go dtacóidh a n‑údaráis inniúla
sláinte leis an liosta de na táirgí ar fad a sholáthraítear faoin scéim scoile
agus déanfaidh siad cinneadh maidir le gnéithe cothaitheacha na dtáirgí
sin." (4) Cuirtear isteach Airteagal 23a: "Airteagal
23 a Forálacha
airgeadais 1. An chabhair faoin scéim scoile a
leithdháilfear chun táirgí a dháileadh agus chun bearta oideachais tacaíochta
agus na costais ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 23(1) a chumhdach,
gan dochar do na forálacha i mír 4, ní bheidh sí níos mó ná: (a) do thorthaí agus glasraí agus bananaí:
EUR 150 milliún in aghaidh na bliana scoile; (b) do bhainne: EUR 80 milliún in
aghaidh na bliana scoile. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena gcinnteofar
leibhéal na cabhrach ón Aontas a fhéadfar a íoc maidir le costas na ciondála
torthaí agus glasraí, lena n‑áirítear bananaí, agus maidir le costas na
ciondála bainne a dháilfear agus lena leagfar síos an sainmhíniú ar cad is
ciondáil ann. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena socrófar íosmhéid
agus uasmhéid chun bearta oideachais tacaíochta a mhaoiniú ó leithdháiltí
críochnaitheacha bliantúla na mBallstát. 2. Leithdháilfear an chabhair dá dtagraítear
i mír 1 ar gach Ballstát agus an méid seo a leanas á chur san áireamh: (a) i gcás torthaí agus glasraí lena n‑áirítear
bananaí: na critéir oibiachtúla bunaithe ar: (i) líon na leanaí idir sé bliana agus deich
mbliana d'aois mar chion den daonra, (ii) a fhorbartha agus atá na réigiúin
laistigh de Bhallstát lena áirithiú go dtabharfar níos mó cabhrach do réigiúin
lagfhorbartha de réir bhrí Airteagal 3(5) den Rialachán seo, do na
réigiúin is forimeallaí atá liostaithe in Airteagal 349 den Chonradh
nó/agus do na hOileáin bheaga Aeigéacha de réir bhrí Airteagal 1(2) de
Rialachán (AE) Uimh. 229/2013, agus (b) i gcás bainne: an úsáid a baineadh as
cistí faoi scéimeanna roimhe seo chun bainne agus táirgí bainne a sholáthar do
leanaí agus critéar oibiachtúil bunaithe ar líon na leanaí san aoisghrúpa sé
bliana go deich mbliana d'aois. Déanfaidh an Coimisiún measúnú gach trí bliana ar
a laghad féachaint an mbíonn na leithdháiltí táscacha do thorthaí agus glasraí,
lena n‑áirítear bananaí, agus do bhainne, i gcomhréir i gcónaí leis na
critéir oibiachtúla dá dtagraítear sa mhír seo. 3. Iarrfaidh Ballstáit páirt a ghlacadh sa
scéim scoile gach bliain trí iarratas a chur isteach ar chabhair ón Aontas do
gach táirge ar mian leo dáileadh dá dtagraítear in Airteagal 23(1)(a). 4. Gan dul thar an uasteorainn dhomhanda
EUR 230 milliún a thagann as na méideanna dá dtagraítear faoi phointe (a)
agus pointe (b) de mhír 1, féadfaidh Ballstáit suas le 15 % dá
leithdháiltí táscacha do thorthaí agus glasraí, lena n‑áirítear bananaí,
nó do bhainne a aistriú chuig an earnáil eile faoi na coinníollacha a shonróidh
an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le
hAirteagal 227. 5. Beidh an scéim scoile gan dochar d'aon
scéimeanna scoile náisiúnta eile a luíonn le reachtaíocht an Aontais. 6. Féadfaidh na Ballstáit, sa bhreis ar
chabhair ón Aontas, cabhair náisiúnta a dheonú i gcomhréir le
hAirteagal 217. 7. Féadfaidh an tAontas maoiniú a thabhairt
freisin, faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, chun
bearta faisnéise, faireacháin agus meastóireachta a dhéanamh i ndáil leis an
scéim scoile, lena n‑áirítear bearta chun feasacht an phobail ina leith a
ardú, agus bearta líonraithe gaolmhara. 8. Poibleoidh na Ballstáit sin atá
rannpháirteach sa scéim, ag na hionaid ina bhfuil an bia á dháileadh, go
bhfuil siad páirteach sa scéim agus go bhfuil fóirdheontas á fháil acu ón
Aontas. Áiritheoidh na Ballstáit breisluach agus infheictheacht scéim scoile an
Aontais le hais soláthair béilí eile i bhforais oideachais." (5) Cuirtear an méid seo a leanas in
ionad Airteagal 24 agus Airteagal 25: "Airteagal 24 Cumhachtaí
tarmligthe 1. Chun nósanna itheacháin sláintiúla leanaí a
chur chun cinn agus lena áirithiú go mbeidh an chabhair faoin scéim scoile
dírithe ar leanaí atá sa spriocghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 22,
tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 227 i dtaobh rialacha maidir leis an méid seo
a leanas: (a) na critéir bhreise maidir le cabhair a
bheith á spriocdhíriú ag na Ballstáit; (b) na hiarratasóirí ar chabhair a bheith á
bhformheas agus á roghnú ag na Ballstáit; (c) tarraingt suas na straitéisí náisiúnta nó
réigiúnacha agus bearta oideachais tacaíochta. 2. Chun úsáid éifeachtúil agus
spriocdhírithe chistí an Aontais a áirithiú, tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir
le hAirteagal 227 maidir leis an méid seo a leanas: (a) leithdháileadh táscach na cabhrach idir
Bhallstáit do thorthaí agus glasraí, lena n‑áirítear bananaí, agus do
bhainne, agus nuair is iomchuí athbhreithniú ar an leithdháileadh sin tar éis
an mheasúnaithe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 23a(2),
na híosmhéideanna cabhrach ón Aontas do gach Ballstáit, an modh chun
leithdháileadh na cabhrach a ath‑leithdháileadh idir Bhallstáit bunaithe
ar na hiarratais atá faighte, agus na rialacha breise a bhaineann leis an dóigh
a gcuirfear na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 23a(2)
san áireamh agus na cistí á leithdháileadh, (b) na coinníollacha a bhaineann leis na
haistrithe idir na leithdháiltí do thorthaí agus glasraí, lena n‑áirítear
bananaí, agus do bhainne; (c) na costais agus/nó na bearta atá
incháilithe cabhair a fháil ón Aontas agus an fhéidearthacht atá ann
íosmhéideanna agus uasmhéideanna a shocrú do chostais shonracha; (d) an dualgas ar na Ballstáit faireachán
agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht a scéimeanna scoile. 3. Chun feasacht faoin scéim scoile a chur
chun cinn, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena gcuirfear de cheangal ar
na Ballstáit a bhfuil scéim scoile acu poiblíocht a thabhairt do ról
fóirdheonaithe na cabhrach ón Aontas. 4. Chun breisluach agus infheictheacht scéim
an Aontais a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 i dtaobh rialacha a
bhaineann le dáileadh táirgí le hais soláthair béilí eile i bhforais
oideachais. 5. Ag cur san áireamh gur gá a áirithiú gur
léir tionchar na cabhrach ar na praghsanna ar a gcuirtear táirgí ar fáil faoin
scéim, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir
le hAirteagal 227, rialacha a ghlacadh maidir le faireachán ar phraghsanna
a bhunú faoin scéim. Airteagal 25 Cumhachtaí
cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha
cur chun feidhme, na bearta is gá a ghlacadh chun an Roinn seo a
chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear an méid seo a leanas: (a) leithdháileadh críochnaitheach na
cabhrach do thorthaí agus glasraí, lena n‑áirítear bananaí, agus/nó do
bhainne, idir na Ballstáit rannpháirteacha laistigh de na teorainneacha a
leagtar amach in Airteagal 23a(1), agus na haistrithe dá
dtagraítear in Airteagal 23a(4) á gcur san áireamh; (b) an fhaisnéis atá le háireamh i straitéisí
na mBallstát; (c) na hiarratais ar chabhair agus
íocaíochtaí; (d) na modhanna poiblithe, agus bearta
líonraithe i leith na scéime scoile; (e) cur isteach, formáid agus ábhar na
dtuarascálacha faireacháin agus meastóireachta a ullmhóidh na Ballstáit
atá rannpháirteach sa scéim scoile; (f) bainistiú an fhaireacháin ar
phraghsanna." (6) Scriostar Foroinn 2. (7) Cuirtear an méid seo a leanas in
ionad Airteagal 217: "Airteagal 217 Íocaíochtaí
náisiúnta ar mhaithe le táirgí a dháileadh ar leanaí Sa bhreis ar an gcabhair ón Aontas dá bhforáiltear
in Airteagal 23, féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh
ar mhaithe le táirgí a sholáthar do leanaí i bhforais oideachais nó do na
costais bhreise dá dtagraítear in Airteagal 23(1)(c). Féadfaidh na Ballstáit na híocaíochtaí sin a
mhaoiniú trí thobhach a ghearradh ar an earnáil lena mbaineann nó trí aon
ranníocaíocht eile ón earnáil phríobháideach. Sa bhreis ar an gcabhair ón Aontas dá bhforáiltear
in Airteagal 23, féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh
chun bearta oideachais tacaíochta a mhaoiniú, dá dtagraítear in
Airteagal 23(4)." (8) Scriostar Iarscríbhinn V. Airteagal 2 Leasú
ar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 In Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013,
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d): "(d) ranníocaíocht airgeadais an Aontais
le haghaidh na mbeart a bhaineann le galair ainmhithe agus le laghdú ar mhuinín
na dtomhaltóirí dá dtagraítear in Airteagal 220 de Rialachán (AE)
Uimh. 1308/2013." Airteagal 3 Teacht
i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá
tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa sa bhliain X. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN
TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Na
forais atá leis an togra/tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A
MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.2. An tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair
oibríochtaí 3.2.3. An tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál
riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht don
chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó
thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN
TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Rialachán
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh.
1308/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an scéim cabhrach
chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar sna forais
oideachais Rialachán
ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 lena
gcinntear bearta maidir le cabhair agus aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a
bhaineann le comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[8] 1.3. An cineál togra/tionscnaimh ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua ¨ Baineann an togra/tionscnamh
le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[9] ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana XBaineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua
1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla
an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Tá
sé mar aidhm ag an togra méadú inbhuanaithe a dhéanamh ar an méid torthaí agus
glasraí agus táirgí bainne a bhíonn i gcothú leanaí, agus sa dóigh sin chuirfí
le cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) chun na margaí a chobhsú agus
dhéanfaí an t‑éileamh ar na táirgí sin a áirithiú san fhadtéarma. Tá sé
mar aidhm aige freisin cur le cuspóirí sláinte poiblí níos leithne amhail
laghdú a dhéanamh ar rómheáchan, otracht agus galair a bhaineann le cothú trí
nósanna itheacháin sláintiúla inbhuanaithe a chothú. 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Cuspóir
sonrach: Rochtain ar bhia a fheabhsú do ghrúpaí íogaire sóisialta Gníomhaíochtaí
ABM/ABB lena mbaineann: 05 02 "Idirghabhálacha i margaí talmhaíochta" 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis Táthar ag súil go n‑athróidh an togra an an méid
eolais, an meon agus na tosaíochtaí atá ag saoránaigh óga i leith bia agus
foinsí bia agus an tuiscint atá acu ar thalmhaíocht agus ar tháirgí
talmhaíochta. Táthar ag súil freisin go gcuirfear méadú ar éifeachtúlacht
costais dháileadh na dtáirgí trí chabhair ón AE a spriocdhíriú ar bhealach níos
fearr. Ina theannta sin, mhéadódh sé an chuid den bhuiséad a chaitear
ar bhearta tionlacain agus sa dóigh sin chuirfí leis an tionchar atá acu ar
thomhaltas an spriocghrúpa agus le druidim na bearna idir gnéithe oideachais na
Scéime Torthaí Scoile (STS) agus na Scéime Bainne Scoile (SBS). Ar deireadh, thiocfadh creat coiteann as freisin do gach
Ballstát agus mhéadófaí ar infheictheacht ról an AE. 1.4.4. Táscairí lena léirítear toradh
agus tionchar Leagadh síos trí leibhéal de tháscairí maidir leis na
cuspóirí: Táscairí maidir leis an tionchar: ‑ Athrú ar chaitheamh díreach agus
indíreach torthaí agus glasraí úra ag leanaí tar éis 5 bliana idirghabhála ‑ Athrú ar chaitheamh díreach agus
indíreach bainne óil ag leanaí tar éis 5 bliana idirghabhála ‑ Feabhas ar cháilíocht an chothaithe i
gcoitinne Táscairí maidir le torthaí: ‑ An % den bhuiséad ar fáil arna
chaitheamh ar bhearta tionlacain ‑ An % de bhearta tacaíochta arna gcur
chun feidhme a bhfuil baint acu le talmhaíocht agus táirgí talmhaíochta ‑ Leibhéal éifeachtúlachta an chaiteachais
chun caitheamh táirgí talmhaíochta i scoileanna a chur chun cinn Táscairí maidir le haschur: ‑ Líon na mbeart tionlacain arna gcur chun
feidhme i mBallstáit ‑ Líon na leanaí a raibh baint acu le
bearta tionlacain agus é sin ina sciar de líon iomlán na leanaí atá
rannpháirteach ‑ Líon na mbeart tionlacain sna Ballstáit
a bhaineann le cúrsaí talmhaíochta ‑ Costas in aghaidh na ciondála ‑ Líon na mBallstát, na scoileanna agus na
leanaí a bhí rannpháirteach ‑ Méid na dtáirgí arna dháileadh ar scoil
(líon na gciondáilte de thorthaí agus glasraí agus de bhainne) 1.5. Na forais atá leis an
togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh
sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Is
iad na riachtanais is bunús leis an togra an gá atá le méadú inbhuanaithe a
dhéanamh ar an méid torthaí agus glasraí a itheann leanaí agus an méid bainne a
ólann siad agus an gá atá le nósanna itheacháin sláintiúla a chothú iontu. Maidir
le scéimeanna scoile an CBT mar a chuirtear chun feidhme faoi láthair iad, tá
roinnt laigí i gceapadh na scéimeanna agus easnaimh ina bhfeidhmiú agus ní mór
aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin, ar fadhbanna iad atá ag cur teorann le
bhaint amach na gcuspóirí, i.e. caitheamh táirgí talmhaíochta a chur chun cinn
(cuspóir margaidh) agus aistí bia sláintiúla a chur chun cinn i measc leanaí
scoile (cuspóir sláinte). Baineann
na fadhbanna a sainaithníodh leis an mbearna idir ceapadh na scéimeanna agus a
gcuspóirí (tá uirlisí oideachais éagsúla faoin dá scéim), leis an easpa
comhordaithe agus comhsheasmhachta idir an dá scéim agus leis na heasnaimh a
chuireann teorainn le tionchar láithreach an chaiteachais (ualach mór
riaracháin agus eagrúcháin ar an dá scéim, 30 % den bhuiséad a bheith
curtha i bhfeidhm go heasnamhach sa STS, éifeacht mharbhualaigh féideartha agus
cóimheas costais‑tairbhe íseal sa SBS). Baineann
na bunchúiseanna den chuid is mó le teipeanna margaidh, creataí airgeadais
éagsúla a bheith ann, cur chun feidhme éagsúil de réir Ballstáit agus le roinnt
dálaí seachtracha. 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Is
í an ghníomhaíocht ar leibhéal an AE a sholáthraíonn an cistiú is gá chun
tionscnaimh a dhéanamh ar fud an AE agus a sholáthraíonn foinsí breise
maoinithe a ligeann do Bhallstáit raon fheidhme a ngníomhaíochtaí a leathnú
agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin a mhéadú. Dá mbeadh ar Bhallstáit
brath ar fad ar a bhfoinsí airgeadais féin, ní bheadh formhór acu in ann
tionscnaimh uaillmhianacha a chur chun feidhme. Cuireann sé freisin le
hinchreidteacht na scéimeanna sna Ballstáit agus feabhsaíonn sé an dearcadh
agus tuiscint atá ag saoránaigh ar an AE. Tá breisluach ag baint le creat de
chuid an AE sa dóigh is go ndéanfadh sé eolas leanúnach, trédhearcacht, agus
aistriú agus malartú taithí a éascú. 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart Faoi
láthair tá dhá chlár scoile um dháileadh bia ann atá maoinithe ag an AE faoi
shainchúram Chomhbheartas Talmhaíochta an AE (CBT) agus atá dírithe go sonrach
ar leanaí i bhforais oideachais, is iad sin an Scéim Bainne Scoile (SBS) agus
an Scéim Torthaí Scoile (STS). Tá sé mar aidhm ag an dá scéim méadú a dhéanamh,
ar bhonn marthanach, ar an gcion de na táirgí sin atá in aistí bia leanaí go
luath ina saol nuair atá a nósanna itheacháin á múnlú agus sa dóigh sin cur le
cuspóirí an CBT, go háirithe maidir le margaí a chobhsú agus éileamh ar na
táirgí a áirithiú san fhadtéarma. Sa bhreis air sin, tá na scéimeanna i
gcomhréir le cuspóirí sláinte poiblí níos leithne ós rud é go gcuidíonn siad
nósanna itheacháin sláintiúla inbhuanaithe a chothú. D'ainneoin
go bhfuil glactha go dearfach leis na scéimeanna sna scoileanna agus go n‑aithnítear
go bhfuil acmhainneacht iontu, léiríonn conclúidí a tarraingíodh as
tuarascálacha éagsúla ‑ go háirithe as meastóireachtaí seachtracha ar an
STS agus an SBS a thionscain an Coimisiún, agus as tuarascáil speisialta
Uimh. 10/2011 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ‑ agus taithí a baineadh
as cur chun feidhme na scéimeanna thar na blianta, léiríonn siad gur gá
tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh ar an dá scéim chun éifeachtúlacht agus
éifeachtacht a mbainistithe a mhéadú. Sa chomhaontú a rinneadh le déanaí maidir
le hathchóiriú an CBT, tugadh aghaidh cheana ar chuid de na fadhbanna a
sainaithníodh. 1.5.4. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Agus
sonraíochtaí earnálacha á gcur san áireamh, tá an togra comhoiriúnach do chur
chun cinn táirgí talmhaíochta. Tá sé i gcomhréir freisin le cuspóirí sláinte
poiblí (bainistiú meáchain, éagothroime sláinte), le simpliú agus le prionsabail
agus spriocanna a ceapadh sa Straitéis 'Eoraip 2020'. 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse teoranta –
¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an
[LL/MM]BBBB –
¨ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB X Togra/tionscnamh a
bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta –
Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse
thosaigh BBBB go BBBB, –
cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[10] ¨ Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún –
¨ ag a ranna, lena n‑áirítear an fhoireann atá i dtoscaireachtaí
an Aontais; –
¨ ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin; X Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht indíreach trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad; –
¨ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí); –
¨an BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta; –
¨ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus
Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais; –
¨ comhlachtaí dlí phoiblí; –
¨ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit agus a bhfuil
misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a sholáthraíonn siad ráthaíochtaí
leordhóthanacha airgeadais; –
¨ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de
chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus
a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais; –
¨ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme
sa CBES de bhun Theideal V den CAE, ar daoine iad a aithnítear sa
bhunghníomh ábhartha. 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Faoin
scéim nua, áirítear faireachán agus meastóireacht sna costais atá incháilithe
cabhair a fháil ón AE toisc a thábhachtaí atá siad maidir le bainistiú agus
measúnú fónta ar éifeachtacht/éifeachtúlacht na scéimeanna ó thaobh na cuspóirí
a sainaithníodh a bhaint amach. Bunaítear nasc le straitéis
náisiúnta/réigiúnach ilbhliantúil (6 bliana) freisin. Déanfar
an faireachán bunaithe ar na tuarascálacha bliantúla ó na Ballstáit ina mbeidh
faisnéis faoin mbuiséad a úsáideadh, faoi líon na scoileanna/na leanaí atá
rannpháirteach sna scéimeanna agus faoin gcion de líon iomlán na scoileanna/na
leanaí sa spriocghrúpa atá i gceist, faoi mhinicíocht, fad, am agus córas an
dáilte, faoi mheán‑mheáchan agus meánphraghas na dtáirgí in aghaidh na
ciondála, faoi mheántomhaltas an linbh agus faoi na cainníochtaí iomlána a
dáileadh. Ina theannta sin, déanfar faireachán ar na bearta tionlacain freisin
fad a bhaineann leis na modhanna a úsáideadh agus le costas na modhanna sin,
minicíocht na mbeart, na scoileanna/leanaí rannpháirteacha, rannpháirteachas
geallsealbhóirí agus na táirgí a dáileadh. Is
é a bheidh i gceist leis an bpróiseas meastóireachta tuarascálacha
meastóireachta ó na Ballstáit tar éis an scéim a bheith á cur chun feidhme ar
feadh 5 bliana chun tionchair mheántéarma na scéime a thomhas. Aon bhliain tar
éis meastóireachtaí na mBallstát déanfar meastóireacht ar fud an AE chun
measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na scéime ar leibhéal na mBallstát agus
ar leibhéal an AE agus chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht,
comhsheasmhacht agus ábharthacht i gcoitinne i gcomhréir le caighdeáin agus
treoirlínte meastóireachta an Choimisiúin. Thairis sin, d'fhéadfaí staidéar
seachtrach ar tháscairí tionchar fadtéarmacha a bheartú. Na
meastóireachtaí seachtracha ar an STS agus an SBS agus tuarascáil speisialta
Chúirt Iniúchóirí na hEorpa Uimh. 10/2011 ar na
scéimeanna sin, cuireadh iad ar fad san áireamh go soiléir nuair a bhí na
próisis faireacháin agus meastóireachta a bhaineann leis an scéim nua á
gceapadh. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh Baineann
an riosca ginearálta is féidir a shainaithint le héifeachtacht na scéime, i.e.
go mbainfeadh cabhair ón AE tairbhithe deiridh na scéime amach agus go
gcuideodh sí ar bhealach éifeachtach cuspóirí na scéime a bhaint amach. Bunaithe
ar an taithí atá á fáil ón STS, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar roghnú
na n‑iarratasóirí ar chabhair agus ar nósanna imeachta soláthair a
úsáidtear chun conarthaí a bhronnadh le haghaidh dáileacháin, poiblíochta,
faireacháin agus meastóireachta. Cumhdóidh forálacha rialaithe cur chun feidhme
na gconarthaí sin freisin. D'fhéadfadh soláthar poiblí a bheith ina chnámh
spairne don Scéim Scoile freisin. I
gcás rioscaí eile, amhail go bhféadfadh éifeacht mharbhualaigh a bheith ann
agus costas iomarcach a bheith ar tháirgí atá le dáileadh nó corrlach iomarcach
a bheith ann do sholáthraithe, is féidir foráil a dhéanamh maidir leo sin
freisin (e.g. maidir le leibhéal na cabhrach ón AE in aghaidh na ciondála). Maidir
leis na bearta tionlacain, d'fhéadfadh sé go mbeadh forluí ann le bearta oideachais
a dhéantar i scoileanna cheana agus le cur chun cinn táirgí talmhaíochta. Chun
an méid sin a sheachaint, beidh baint ag grúpa saineolaithe eolaíochta AE le
sainiú na mbeart sin agus léireofar go soiléir an nasc atá ag na bearta le
cuspóirí na scéime nua. Tabharfar aghaidh ar bhailíocht an chaiteachais go
ginearálta le forálacha rialaithe a bhaineann le bearta tionlacain, agus
tabharfar dearbhú freisin i gcás ina ndéantar na bearta sin a sheachfhoinsiú. 2.2.2. Faisnéis maidir leis an gcóras
rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm Is
é a bheidh sa chóras rialaithe gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí
rialaithe tarmligthe ar leibhéal na mBallstát. Beidh
gá le tuarascálacha bliantúla ó na Ballstáit ar rialuithe agus seiceálacha,
bunaithe orthu sin atá in úsáid cheana don STS agus don SBS reatha, chun sonraí
a sholáthar ar bhainistíocht riaracháin agus ar sheiceálacha ar an láthair. Thairis
sin, bainfidh an córas inmheánach bainistíochta agus rialaithe úsáid as na
tuarascálacha faireacháin agus meastóireachta ó na Ballstáit agus as an
meastóireacht ar fud an AE. Ar deireadh, tabharfaidh grúpa saineolaithe
eolaíochta de chuid an AE comhairle do na Ballstáit agus don Choimisiún maidir
le cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht. 2.2.3. Meastachán ar chostais agus ar
shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear
ag súil leis Beidh
an scéim scoile cumhdaithe ag an gcóras reatha bainistíochta agus rialaithe do
chaiteachas an CERT (an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta). Meastar
nach dtiocfaidh méadú ar an ráta earráide don CERT mar thoradh ar an togra. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Beidh
feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an CBT a mhaoiniú, a
bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air. Déantar
foráil sna córais rialuithe de ghnáth maidir le rialuithe uileghabhálacha
riaracháin ar 100 % d'iarrataí ar chabhair, cros‑seiceálacha le
bunachar sonraí eile i gcás ina meastar gurb iomchuí sin, chomh maith le
seiceálacha réamhíocaíochta ar an láthair ar íosmhéid idirbheart, ag brath ar
an riosca a bhaineann leis an gcóras i gceist. Má léirítear sna seiceálacha sin
líon mór neamhrialtachtaí, ní mór tuilleadh seiceálacha a dhéanamh. Foráiltear
freisin sa phacáiste reachtach chun an CBT a athchóiriú go ndéanfaidh na
Ballstáit neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú, go
bhforchuirfidh siad pionóis atá éifeachtacht athchomhairleach comhréireach, i
gcomhréir le reachtaíocht an Aontais nó dlí náisiúnta, agus go ndéanfaidh siad
aon íocaíochtaí neamhrialta móide ús a aisghabháil. Áirítear ann sásra
imréitigh uathoibríoch do chásanna neamhrialtachtaí, ina bhforáiltear, más rud
é nach dtarlaíonn an aisghabháil laistigh de cheithre bliana ó dháta na
hiarrata ar aisghabháil, nó laistigh d'ocht mbliana i gcás imeachtaí dlíthiúla
a thionscnamh, go n‑íocfaidh an Ballstát lena mbaineann na méideanna nach
n‑aisghabhadh. Dreasacht láidir do na Ballstáit íocaíochtaí neamhrialta a
aisghabháil chomh tapa agus is féidir a bheidh sa sásra sin. Le
linn chéim thosaigh na scéime nua agus cé nach bhforáiltear go ndéanfaidh an AE
straitéisí na mBallstát a fhormheas go foirmiúil, fágfaidh forálacha maidir le
hábhar na straitéisí (agus b'fhéidir maidir le teimpléad) go bhféadfaí riosca
calaoise a aithint agus a chosc go luath. Agus
an scéim á cur chun feidhme, cuideoidh iarrataí ar léirmhíniú dlí nó ar
chomhairle ón gCoimisiún agus/nó ón ngrúpa saineolaithe eolaíochta AE,
cuideoidh siad leis na Ballstáit calaois a sheachaint. Ina
theannta sin, déanfar seiceálacha ex post agus bearta láidre leantacha i
leith aon líomhaintí maidir le mí‑úsáid chalaoiseach na scéime. 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A
MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht || LD/LN ([11]) || ó thíortha CSTE[12] || ó thíortha is iarrthóirí[13] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais 2 || 05 02 08 12‑ Scéim Torthaí Scoile || Neamhdhifreáilte || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL 2 || 05 02 12 08 Scéim Bainne Scoile || Neamhdhifreáilte || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL · Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais || neamhbhainteach || || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || 2 || Fás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha || DG: AGRI || || || || 2014[14] || || 2016[15] || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN || || Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || || || || 05 02 08 12‑ Scéim Torthaí Scoile || Gealltanais || (1) || || 122 || || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || Íocaíochtaí || (2) || || 122 || || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || 05 02 12 08 Scéim Bainne Scoile[16] || Gealltanais || (1a) || || 75 || || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || Íocaíochtaí || (2 a) || || 75 || || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || IOMLÁN leithreasuithe || Gealltanais || =1+1a || || 197 || || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || Íocaíochtaí || =2+2 a || || 197 || || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || 197 || || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || Íocaíochtaí || (5) || || 197 || || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || 0 || || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 2 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || || 197 || || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || Íocaíochtaí || =5+ 6 || || 197 || || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || 5 || "Caiteachas riaracháin" || EUR milliúin || || || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN DG: AGRI || || || Acmhainní daonna || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 Caiteachas riaracháin eile || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 IOMLÁN DG AGRI || Leithreasuithe || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 EUR milliúin || || || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 Íocaíochtaí || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí –
X Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe
faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR
milliúin Sonraigh cuspóirí agus aschuir || || || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN ASCHUIR || Saghas[17] || Meánchostas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas CUSPÓIR SONRACH || Rochtain ar bhia a fheabhsú do ghrúpaí íogaire sóisialta || Aschur || Líon na mbeart tionlacain || || || || || || || || || || || || || Aschur || Líon na leanaí i gceist leis na bearta tionlacain || || || || || || || || || || || || || Aschur || Líon na mbeart tionlacain a bhaineann le cúrsaí talmhaíochta || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe
de chineál riaracháin –
X Éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar
a mhínítear thíos: EUR milliúin || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || Acmhainní daonna || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 Caiteachas riaracháin eile || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 IOMLÁN || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 Soláthrófar na
hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil
bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe
taobh istigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh
breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun
bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil
i bhfianaise na srianta buiséadacha. 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar
a bheidh riachtanach –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní
daonna –
X Éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos: Sloinnfear an meastachán in aonaid de
choibhéis lánaimseartha || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 4 || 4 || 4 || 4 || 4 XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí) || || || || || XX 01 04 yy || ‑ sa cheanncheathrú || || || || || ‑ sna toscaireachtaí || || || || || XX 01 05 02 (CA,SNE, INT – taighde indíreach) || || || || || 10 01 05 02 (CA,SNE, INT – taighde díreach) || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || IOMLÁN (*) || 4 || 4 || 4 || 4 || 4 Is é XX an réimse
beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann. Soláthrófar na hacmhainní
daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht
an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh
den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a
d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta
faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise
na srianta buiséadacha. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus pearsanra sealadach || Bainistiú reachtaíochta, ceapadh beartais, anailís agus comhairle eacnamaíoch, comhordú agus comhairliúchán idirsheirbhíse, cumarsáid inmheánach agus faisnéis phoiblí, ionadaíocht agus idirbheartaíocht a dhéanamh thar ceann na hinstitiúide, láimhseáil staitisticí, Pearsanra seachtrach || 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
X Tá an
togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim
sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais
ilbhliantúil. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú le tríú páirtithe. –
X Déantar foráil sa
togra/tionscnamh maidir leis an gcómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos: Leagtar
amach ranníocaíocht airgeadais an Aontais don scéim seo i bpointe 3
d'Airteagal 1 den dréacht‑Rialachán. Ina theannta sin, cinnfear
leibhéal na cabhrach ón Aontas (bunráta) chun costas ciondála torthaí agus
glasraí agus bainne a íoc trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Cuirfear
teorainn le leibhéal na cabhrach ón AE chun costas na dtáirgí a íoc trí
uasmhéid cabhrach ón AE a leagan síos in aghaidh na ciondála do thorthaí agus
glasraí agus do bhainne. Beidh sé de rogha ag na Ballstáit breisithe náisiúnta
a thabhairt nó cistiú príobháideach a mhealladh chun raon feidhme agus/nó méid
a n‑ionchuir sna scéimeanna scoile a mhéadú. I láthair na huaire ní
féidir suim iomlán na ranníocaíochta ó thríú páirtithe a chainníochtú, i
bhfianaise éagsúlacht na dtríú páirtithe (poiblí agus/nó príobháideach) agus ós
rud é nach bhfuil an fhaisnéis ábhartha ar fáil faoi láthair. 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
X Ní bheidh
tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam. –
¨ Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: ¨ ar
acmhainní dílse ¨ ar ioncam
ilghnéitheach [1] Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear
comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear
Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001
agus (CE) Uimh. 1234/2007) ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671). [2] An Coiste Speisialta um Thalmhaíocht, 11 Samhain 2013. [3] Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle
an 16 Nollaig 2013 lena gcinntear bearta maidir le cabhair agus
aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a bhaineann le comheagraíocht na margaí i
dtáirgí talmhaíochta (IO L 346, 20.12.2013, lch. 12). [4] IO C , , lch. . [5] IO C , , lch. . [6] Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear
comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear
Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001
agus (CE) Uimh. 1234/2007) ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013,
lch. 671) [7] Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an
gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh
air agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 352/78, Rialachán (CE) Uimh
165/94, Rialachán (CE) Uimh. 2799/98, Rialachán (CE) Uimh. 814/2000, Rialachán
(CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle
(IO L 347, 20.12.2013, lch. 549). [8] ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: bunú an
bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [9] Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b)
den Rialachán Airgeadais. [10] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus
tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [11] LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe
neamhdhifreáilte. [12] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [13] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a
d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar. [14] Is le haghaidh faisnéise amháin a thugtar na méideanna do
Bhuiséad 2014. [15] Ar chúiseanna comparáide, glactar leis go dtosóidh an cur
chun feidhme in 2016. Thairis sin, cuirfear an méadú ar an gclúdach do thorthaí
scoile a aontaíodh san athchóiriú ar an CBT (Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón
gComhairle lena gcinntear bearta maidir le cabhair agus aisíocaíochtaí áirithe
a shocrú a bhaineann le comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta) chun
feidhme ón mbliain scoile 2014/2015 agus glactar leis go n‑úsáidfear an
méid ina iomláine. [16] I gcás na scéime bainne, foráiltear sa togra go socrófar
clúdach EUR 80 milliún in aghaidh na bliana scoile. Freagraíonn sin do
mhéid an bhuiséid a bhfuiltear ag súil a chur i bhfeidhm agus tá sé i gcomhréir
leis na méideanna iomlána do chaiteachas a bhaineann leis an margadh agus do chabhair
dhíreach a cuireadh san áireamh i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014‑2020. [17] Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí le soláthar
(e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de
bhóithre a rinneadh, etc.).