52014PC0005

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le trádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha agus a n-allmhairiú isteach san Aontas /* COM/2014/05 final - 2014/0032 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Is é is aidhm do reachtaíocht zóiteicniúil an Aontais saorthrádáil ainmhithe pórúcháin agus a gcuid ábhair ghéinitigh a chur chun cinn, agus aird a thabhairt san am céanna ar inbhuanaitheacht clár pórúcháin agus ar chaomhnú acmhainní géiniteacha.

Faoi láthair, tá ceithre cinn de bhunghníomhartha (ingearacha) speiceas-shonracha i reachtaíocht zóiteicniúil an Aontais lena leagtar síos bunphrionsabail maidir le hainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí. Leis na Treoracha seo ón gComhairle déantar foráil maidir leis an mbunús dlí lenar féidir leis an gCoimisiún bearta mionsonraithe a ghlacadh maidir le:

– formheas nó aithint agus liostú eagraíochtaí pórúcháin, comhlachas póraitheoirí agus gnóthas príobháideach,

– clárú agus aicmiú ainmhithe i dtréadleabhair bó, tréadleabhair caorach agus gabhair, tréadleabhair eachaí agus, i gcás muc pórúcháin hibrideach, i rollaí,

– tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach agus

– inneachar agus formáid deimhnithe zóiteicniúla d'ainmhithe pórúcháin agus a seamhan, ubháin agus suthanna.

Tá ceanglais theicniúla den sórt ceannann céanna maidir le glacadh le hainmhithe pórúcháin chun críocha pórúcháin á rialú faoi láthair i dtrí Threoir ón gComhairle agus i gCinneadh ón gCoimisiún.

Ina theannta sin, níor glacadh aon bhearta cur chun feidhme i leith Threoir 91/174/CEE ón gComhairle lena leagtar síos na prionsabail trádála maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta de speicis eile ainmhithe.

Déantar foráil i dTreoir chothrománach, arna comhlánú le bearta cur chun feidhme, maidir le rialacha ar allmhairí ó thríú tíortha d'ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha.

Ar deireadh, leagtar síos le Treoir ar leith ón gComhairle rialacha maidir le hainmniú lárionaid tagartha le haghaidh ainmhithe buaibheacha a phórú.

Sa togra seo tá dhá cheann déag de Chaibidlí agus cúig cinn d'Iarscríbhinní teicniúla.

I gCaibidil I go Caibidil VIII den togra comhcheanglaítear forálacha na dTreoracha seo ón gComhairle: 2009/157/CE (ainmhithe buaibheacha), 88/661/CEE (muca folaíochta agus muca pórúcháin hibrideacha), 89/361/CEE (caoraigh agus gabhair), 90/427/CEE (eachainmhithe), 91/174/CEE (ainmhithe eile) agus 94/28/CE (allmhairí), mar atá léirithe sa tábla comhghaoil.

Go háirithe, tá forálacha i gCaibidil III maidir le tuairisc a thabhairt ar an ngaol idir póraitheoirí agus cumainn phóir agus maidir le díospóidí a réiteach, ag cur san áireamh na nósanna imeachta atá leagtha síos i dTreoir 92/354/CEE ón gCoimisiún.

Go háirithe, tá forálacha i gCaibidil IV maidir le glacadh le hainmhithe pórúcháin chun críocha pórúcháin agus inseamhnaithe shaorga atá leagtha síos faoi láthair sna Treoracha seo ón gComhairle: 87/328/CEE (buaibheach), 90/118/CEE (muca folaíochta) agus 90/119/CEE (muca pórúcháin hibrideacha), mar atá léirithe sa tábla comhghaoil, agus freisin i gCinneadh 90/257/CEE ón gCoimisiún (caoraigh agus gabhair).

Go háirithe, i gCaibidil V maidir le tástáil feidhmíochta, tá forálacha Chinneadh 96/463/CE ón gComhairle lena n‑ainmnítear an comhlacht tagartha do na modhanna tástála atá le húsáid i dtaca le hainmhithe buaibheacha folaíochta.

Bunaítear le Caibidil IX agus Caibidil X den togra bunús dlí le haghaidh rialuithe oifigiúla zóiteicniúla a dhéanamh agus le haghaidh comhair idir údaráis inniúla, ag cur san áireamh na bprionsabal ginearálta a bhfuil feidhm acu maidir leis na rialuithe sin. Cuireadh na forálacha sin sa togra i bhfianaise an dlí nua maidir le sláinte ainmhithe agus togra le haghaidh Rialacháin maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile. I ngeall ar na tionscnaimh dhlí sin, ó thaobh gnéithe zóiteicniúla de, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag an reachtaíocht maidir le seiceálacha ar ainmhithe agus ar a dtáirgí geirmeacha i dtrádáil laistigh den Aontas (Treoir 90/425/CEE ón gComhairle), ná ag an reachtaíocht maidir le hallmhairí ó thríú tíortha (Treoir 91/496/CEE ón gComhairle) ná ag an reachtaíocht maidir le comhar idir údaráis inniúla (Treoir 89/608/CEE ón gComhairle). Cloíonn téacs an togra go dlúth leis an togra nua le haghaidh Rialacháin maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile, go háirithe Teideal II faoi rialuithe oifigiúla, Teideal IV faoi chúnamh riaracháin, Teideal VI faoi rialuithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún, agus Teideal VII faoi bhearta forfheidhmiúcháin.

Léiríonn Caibidil XI impleachtaí theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, arae faoin gConradh sin ceanglaítear ailíniú forálacha cumasúcháin i mbungníomhartha reachtaíocht zóiteicniúil an Aontais le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Chuige sin, is gá a shainaithint, i gcás gach birt atá le glacadh maidir le cumhachtaí dá bhforáiltear sa bhunghníomh, na cumhachtaí tarmligthe a theastaíonn i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE nó na cumhachtaí cur chun feidhme a theastaíonn i gcomhréir le Airteagal 291 CFAE.

I gCaibidil XII tá na forálacha críochnaitheacha maidir le haisghairmeacha agus dátaí teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm.

In Iarscríbhinn I (critéir mhionsonraithe maidir le cumainn phóir a aithint agus cláir phórúcháin a fhormheas) tá na forálacha atá leagtha síos faoi láthair sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na Treoracha seo ón gCoimisiún: 84/247/CEE (buaibheach), 89/501/CEE (muca pórúcháin folaíochta) 89/504/CEE (muca pórúcháin hibrideacha), 90/257/CEE (caoraigh agus gabhair) agus 92/353/CEE (eachainmhithe).

In Iarscríbhinn II (critéir mhionsonraithe maidir le hainmhithe pórúcháin a iontráil i bpórleabhair) tá na forálacha atá leagtha síos sna Treoracha seo ón gCoimisiún: 84/419/CEE (buaibheach), 89/502/ECEE (muca pórúcháin folaíochta) 89/505/CEE (muca pórúcháin hibrideacha), 90/255/CEE (caoraigh agus gabhair) agus 96/78/CEE (eachainmhithe).

In Iarscríbhinn III (critéir mhionsonraithe maidir le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach) tá na forálacha atá leagtha síos faoi láthair sna Cinntí seo ón gCoimisiún: 2006/427/CE (buaibheach), 89/507/CEE (muca pórúcháin folaíochta agus muca pórúcháin hibrideacha) agus 90/256/CEE (caoraigh agus gabhair).

Léiriú ar a bhfuil in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 96/463/CE ón gComhairle is ea Iarscríbhinn IV (Feidhmeanna agus dualgais Lárionaid Tagartha an AE).

In Iarscríbhinn V (deimhnithe zóiteicniúla) tá na príomhcheanglais faisnéise atá leagtha síos faoi láthair sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na Cinntí seo ón gCoimisiún: 2005/379/CE (buaibheach); 89/503/CEE (muca pórúcháin folaíochta); 89/506/CEE (muca pórúcháin hibrideacha); 90/258/CEE (caoraigh agus gabhair); 96/79/CE (eachainmhithe); 96/509/CE (allmhairí seamhain ó ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair); agus 96/510/CE (allmhairí ainmhithe pórúcháin, seamhan, ubháin agus suthanna)

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Tá sé léirithe go bhfuil bunphrionsabail agus príomhrialacha reachtaíocht zóiteicniúil an Aontais leordhóthanach agus oiriúnach a ndóthain d'fhorbairtí teicniúla i réimse an phórúcháin ainmhithe, agus dá bhrí sin, coinníodh iad sa togra. Mar sin féin, toisc go bhfuil an reachtaíocht zóiteicniúil atá ann faoi láthair leagtha amach go hingearach de réir speiceas, rinneadh cuíchóiriú ar na forálacha atá nach mór comhionann, agus athdhréachtaíoh iad ar dhóigh níos beaichte agus níos comhleanúnaí i bhfoirm Rialacháin, d'fhonn bacainní trádála a d'fhéadfadh eascairt as trasuí náisiúnta a sheachaint.

Le scór blianta anuas bhí cruinnithe rialta ag an gCoimisiún leis na Ballstáit chun cúrsaí zóiteicniúla a phlé sa Bhuanchoiste um an Zóiteicnic agus d'fhorbair siad an reachtaíocht i gcomhar lena chéíle. Tá conspóid ag baint i gcónaí le gníomhaíochtaí trasteorann na gcumann póir formheasta toisc nach bhfuil trasuí na dTreoracha bunúsacha mar an gcéanna ó thír go chéile, rud a bhfuil aird tarraingthe air ag Ballstáit áirithe. Níor tháinig aon athrú ar an scéal seo go dtí an cruinniú deireanach den mheitheal zóiteicniúil i bhFeabhra 2012, tráth a cuireadh i láthair agus a pléadh príomhinneachar, struchtúr agus gnéithe nua an togra.

Ina theannta sin, tá an Coimisiún ag plé le neart fadhbanna atá luaite ag póraitheoirí, cumainn phóir, agus údaráis inniúla a eascraíonn as léirmhíniú éagsúil údaráis inniúla na mBallstát ar na forálacha atá ann cheana. Is maith is eol don Choimisiún, dá bhrí sin, cé na riachtanais atá ag an earnáil phorúcháin agus ag na húdaráis inniúla maoirseachta.

Mar sin féin, tá na rialacha atá molta anseo ag teacht leis na rialacha sin atá leagtha síos sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin nua maidir le rialuithe oifigiúla atá á phlé i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle faoi láthair. Chun neamhréireachtaí idir an dá théacs a sheachaint agus chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú i ndail le rialuithe, coinneoidh an Coimisiún súil ghéar ar an bplé sin ar an dá théacs, agus déanfaidh sé aon tograí is gá in am trátha lena áirithiú go gcuirfear na forálacha maidir le rialuithe oifigiúla i réimse na zóiteicnice san áireamh sa Rialachán atá le teacht maidir le rialuithe oifigiúla.

Tá forálacha an togra maidir le rialuithe oifigiúla i réimse na zóiteicnice, agus na hathruithe is cuí, i lánchomhréir leis na rialuithe a mhol an Coimisiún, i ndiaidh dó dul i ndlúthchomhairle le geallsealbhóirí, do Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí i réimse na tréidliachta.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Cuimsíonn an Rialachán atá beartaithe i gcreat aonair dlí na prionsabail maidir le heagraíochtaí pórúcháin, comhlachais póraitheoirí agus gnóthais phríobháideacha a aithint agus a liostú, cláir phórúcháin a fhormheas, ainmhithe a iontráil i dtréadleabhair bó, tréadleabhair caorach agus gabhair agus tréadleabhair eachaí, agus a n‑aicmiú de réir fiúntais, muca pórúcháin hibrideacha a chlárú i rollaí, tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach, chomh maith le hinneachar deimhnithe zóiteicniúla d'ainmhithe pórúcháin agus a seamhan, a n‑ubháin agus a suthanna.

Ina theannta sin, tá rialacha ann maidir le hainmhithe pórúcháin, a seamhan, a n‑ubháin agus a suthanna a allmhairiú ó thríú tíortha, agus maidir le hainmniú lárionad tagartha le haghaidh ainmhithe a phórú.

Leagtar síos sa Rialachán seo forálacha maidir le rialuithe oifigiúla agus seiceálacha zóiteicniúla a dhéanamh agus díospóidí a réiteach nuair a léiríonn seiceálacha zóiteicniúla nach bhfuil ceanglais zóiteicniúla á gcomhlíonadh.

Déanann an Rialachán atá beartaithe foráil maidir leis an mbunús dlí chun bearta tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

4.           IMPLEACHTAÍ BUISÉIDEACHA

Tada.

5.           EILIMINTÍ ROGHNACHA

Tada.

2014/0032 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le trádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha agus a n‑allmhairiú isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[1],

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

I ndiaidh thuairim Choiste na Réigiún a fháil[3],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Tá ról tábhachtach ag pórú ainmhithe clóis den speiceas buaibheach, mucúil, caorach, gabhair agus eachaí, agus ar bhonn níos lú ag pórú ainmhithe de speicis eile, in earnáil talmhaíochta an Aontais agus is foinse ioncaim atá ann don phobal talmhaíochta. Moltar pórú ainmhithe na speiceas sin go háirithe má úsáidtear ainmhithe pórúcháin folaíochta nó muca pórúcháin hibrideacha a bhfuil ardcháilíocht ghéiniteach taifeadta ina leith.

(2)       Tá a ndícheall déanta ag Ballstáit go leanúnach, mar sin, táirgeadh beostoic de chineál géiniteach ar leith a bhfuil caighdeáin feidhmíochta sainithe á gcomhlíonadh aige a chur chun cinn, mar chuid dá mbeartais talmhaíochta, uaireanta trí infheistíocht phoiblí. D’fhéadfadh éagothromaíocht idir na caighdeáin sin a bheith mar bhonn le bacainní teicniúla ar thrádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha , agus ar a n‑allmhairiú isteach san Aontas.

(3)       Le Treoir 88/661/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1988 maidir leis na caighdeáin zóiteicniúla is infheidhme maidir le hainmhithe pórúcháin den speiceas mucúil[4], Treoir 89/361/CEE ón gComhairle an 30 Bealtaine 1989 maidir le caoirigh agus gabhair phórúcháin folaíochta[5], Treoir 90/427/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir leis na coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha lena rialaítear trádáil equidae[6] laistigh den Aontas, Treoir 91/174/CEE ón gComhairle an 25 Márta 1991 lena leagtar síos ceanglais zóiteicniúla agus ghinealaigh i ndáil le hainmhithe folaíochta a chur ar an margadh agus lena leasaítear Treoracha 77/504/CEE agus 90/425/CEE[7], Treoir 94/28/CE ón gComhairle an 23 Meitheamh 1994 lena leagtar síos na prionsabail a bhaineann leis na coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha is infheidhme maidir le hallmhairí ainmhithe, a gcuid seamhain, ubhán agus suthanna ó thríú tíortha agus lena leasaítear Treoir 77/504/CEE ón gComhairle maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach[8] agus Treoir 2009/157/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach[9], soláthraítear an creat dlíthiúil do reachtaíocht an Aontais maidir le pórú ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, mucúil, caorach, gabhair agus eachaí agus pórú muc pórúcháin hibrideach. Tá na Treoracha seo dírithe ar phórú beostoic a fhorbairt san Aontas, agus ag an am céanna trádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha agus a n‑allmhairiú isteach san Aontas a rialú agus dá réir sin iomaíochas in earnáil na n‑ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha san Aontas a chothú.

(4)       Glacadh Treoir 87/328/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1987 maidir le glacadh le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach chun críocha pórúcháin[10], Treoir 90/118/CEE ón gComhairle an 5 Márta 1990 maidir le glacadh le muca pórúcháin folaíochta chun críocha pórúcháin[11], agus Treoir 90/119/CEE ón gComhairle an 5 Márta 1990 maidir le muca pórúcháin hibrideacha chun críocha pórúcháin[12], glacadh iad lena áirithiú nach gcuirfeadh rialacha náisiúnta a bhaineann le glacadh le hainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach agus mucúil chun críocha pórúcháin agus a bhaineann le táirgeadh agus úsáid a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna, nach gcuirfidís cosc ná srian ar thrádáil laistigh den Aontas ná nach mbeidís ina mbacainn uirthi, cibé acu ar seirbhísí nádúrtha, inseamhnú saorga nó bailiú seamhain, úicítí nó suthanna atá i gceist.

(5)       Ar bhonn na dTreoracha dá dtagraítear in aithris 3, ghlac an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit faoi chuimsiú an Bhuanchoiste um an Zóiteicnic a bunaíodh i gcomhréir le Cinneadh 77/505/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1977 lena mbunaítear Buanchoiste ar um Zóiteicnic[13], roinnt Cinntí lena soláthraítear critéir speicis‑oiriúnaithe maidir le formheas nó aithint eagraíochtaí pórúcháin agus comhlachas póraitheoirí ("cumainn phóir" anseo feasta), clárú ainmhithe pórúcháin i dtréadleabhair bó, tréadleabhair caorach agus gabhair agus tréadleabhair eachaí ("pórleabhair" anseo feasta), glacadh le hainmhithe folaíochta den speiceas caorach agus den speiceas gabhair chun críocha pórúcháin agus inseamhnaithe shaorga, chun críocha tástála feidhmíochta agus measúnaithe géinitigh ar ainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach, mucúil, caorach agus gabhair agus chun deimhnithe ginealaigh a bhunú do thrádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha.

(6)       Ina theannta sin, bhunaigh an Coimisiún liosta de chomhlachtaí pórúcháin i dtríú tíortha agus na samhail‑deimhnithe ginealaigh d'allmhairí ainmhithe pórúcháin, agus a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna, isteach san Aontas.

(7)       Chomh maith leis sin, chuidigh reachtaíocht an Aontais ar phórú ainmhithe chun acmhainní géiniteacha ainmhithe a chaomhnú, bithéagsúlacht ghéiniteach a chosaint agus chun táirgí réigiúnacha ar chaighdeán tipiciúil a tháirgeadh a bhraitheann ar thréithe dúchasacha na bpórtha áitiúla ainmhithe clóis.

(8)       Tá struchtúr agus inneachar Threoracha 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/427/CEE, 91/174/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE mórán mar an gcéanna. Táthar tar éis roinnt de na Treoracha sin a leasú thar am. Ar mhaithe le simplíocht agus comhsheasmhacht reachtaíocht an Aontais, is cuí rialacha an Aontais arna leagan síos iontu a athchóiriú chun éifeachta.

(9)       Le scór blianta anuas, b'éigean don Choimisiún freagairt do líon suntasach gearán arna dtógáil ag póraitheoirí agus ag eagraíochtaí pórúcháin i ndáil le trasuí náisiúnta agus léirmhíniú dhlí an Aontais maidir le pórú ainmhithe i mBallstáit éagsúla. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialacha an Aontais ar ainmhithe pórúcháin a áirithiú agus chun bacainní ar thrádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha a eascraíonn ó dhifríochtaí i dtrasuí náisiúnta Treoracha a áirithiú, ba cheart reachtaíocht an Aontais maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha do thrádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha agus a n‑allmhairiú isteach san Aontas a leagan síos i Rialachán.

(10)     Ina theannta sin, de réir taithí a fuarthas is léir go dteastaíonn teanga níos cruinne agus téarmaíocht níos comhsheasmhaí i roinnt forálacha chun cur i bhfeidhm na rialacha dá bhforáiltear sna Treoracha sin a éascú. Ar mhaithe le soiléireacht agus comhsheasmhacht reachtaíocht an Aontais, is cuí foráil a dhéanamh maidir le tuilleadh sainmhínithe freisin.

(11)     Ba cheart, áfach, go leanfadh an téarma 'pór' de bheith ina choincheap neamhchinntithe dlíthiúil a fhágann gur féidir le cumainn phóir tuairisc a thabhairt ar ghrúpa ainmhithe d’aonfhoirmeacht leordhóthanach ghéiniteach a measann siad a bheith ar leith ó ainmhithe eile den speiceas sin agus gur féidir leo na hainmhithe sin a chlárú in éindí le tagairt dá sinsear aitheanta i bpórleabhair chun a dtréithe dúchais a atáirgeadh trí atáirgeadh, malartú agus roghnú faoi chuimsiú cláir phóraithe bhunaithe.

(12)     Ba cheart a leagan síos leis an Rialachán seo na rialacha maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha agus a n‑allmhairiú isteach san Aontas chun cláir phóraithe inmharthana d’fheabhsú pórtha a chur chun cinn agus chun bithéagsúlacht ghéiniteach ainmhithe clóis a chaomhnú.

(13)     Dá réir sin, ba cheart gurbh é aidhm na rialacha maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta arna leagan síos sa Rialachán seo rochtain a thabhairt ar thrádáil de réir prionsabal comhaontaithe a bheadh infheidhme maidir le haithint cumann póir a bhfuil pórtha á mbainistiú acu agus maidir le formheas a gclár póraithe. Ba cheart a leagan síos leis an Rialachán seo freisin critéir lena rialófaí clárú ainmhithe pórúcháin folaíochta sna haicmí difriúla den phríomhchuid de phórleabhair, rialacha maidir le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach agus critéir maidir le glacadh le hainmhithe pórúcháin chun críocha pórúcháin agus maidir lenar cheart a áireamh i ndeimhnithe zóiteicniúla.

(14)     Ar an gcuma chéanna, ba cheart gurbh é aidhm na rialacha maidir le muca pórúcháin hibrideacha arna leagan síos sa Rialachán seo rochtain a thabhairt ar thrádáil de réir prionsabal comhaontaithe a bheadh infheidhme maidir le haithint oibríochtaí pórúcháin a bhfuil crosphórtha éagsúla de mhuca pórúcháin hibrideacha á mbainistiú acu agus maidir le formheas a gclár póraithe. Ba cheart a leagan síos leis an Rialachán freisin critéir lena rialófaí clárú muc pórúcháin hibrideach sa phríomhchuid de rollaí póir, rialacha maidir le tástáil feidhmíochta, meastóireacht ghéiniteach agus critéir maidir le glacadh le muca pórúcháin hibrideacha chun críocha pórúcháin agus maidir lenar cheart a áireamh i ndeimhnithe zóiteicniúla.

(15)     Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal náisiúnta, eadhon cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha agus a n‑allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis na rialuithe oifigiúla is gá a chur i bhfeidhm ar chláir phóraithe arna gcur i gcrích ag cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin, agus dá bhrí sin, mar gheall ar a éifeacht, a chastacht agus a nádúr trasteorann agus idirnáisiúnta, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta dá dtagraítear in Airteagal 5 de Chonradh an Aontais Eorpaigh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme an Rialacháin seo teoranta dá bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a ghnóthú, tugann sé aird freisin ar phrionsabal na comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 5(4) den Chonradh sin.

(16)     Tá tionchar ag cáilíocht na seirbhísí atá á soláthar ag cumainn phóir agus ag oibríochtaí pórúcháin agus ag an tslí a ndéanann siad ainmhithe a mheasúnú agus a aicmiú ar luach ainmhithe pórúcháin ar an margadh. Dá réir sin, ba cheart rialacha a leagan síos maidir le haitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus d'oibríochtaí pórúcháin bunaithe ar chritéir chomhchuibhithe an Aontais agus rialacha maidir le maoirseacht a dhéanamh ar na cumainn agus na hoibríochtaí sin ag údarás inniúil na mBallstát lena áirithiú nach gcruthaíonn na rialacha a bhunaíonn Ballstáit éagothromaíocht idir chláir phóraithe agus idir chaighdeáin phóraithe, rud a d'fhéadfadh bacainní teicniúla a chur ar thrádáil laistigh den Aontas.

(17)     Ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le nósanna imeachta atá cosúil leo siúd atá leagtha síos i dTreoracha 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/427/CEE, 91/174/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE maidir le cumanin phóir agus oibríochtaí pórúcháin aitheanta a liostú, lena n‑áirítear nuashonrú, tarchur agus foilsiú na liostaí sin.

(18)     Prionsabal bunúsach de reachtaíocht zóiteicniúil an Aontais is ea é an ceart a bheith ag cumann póir nó ag oibríocht phórúcháin a bhfuil na critéir bhunaithe á gcomhlíonadh acu aitheantas a fháil. Níor cheart go mbeadh cosaint gníomhaíochta eacnamaíche de chuid cumainn phóir aitheanta amháin a bheith ina údar feasta ag údarás inniúil le haitheantas do chumann póir eile don phór céanna a dhiúltú. Sa dóigh chéanna, níor cheart go mbeadh sé ina údar le leathnú geografach cláir phóraithe a dhiúltú, ar clár é atá á chur i gcrích ar an bpór céanna nó ar ainmhithe pórúcháin is féidir a fháil ó dhaonra pórúcháin an chumainn phóir atá ann cheana. Mar sin féin, ba cheart bunús dlí a bheith ag an údarás inniúil aitheantas nó formheas a dhiúltú sa chás ina bhfuil baol cuí‑réasúnaithe go gcuirfeadh an t‑aitheantas nó an formheas sin isteach ar chaomhnú póir neamhchoitianta nó ar chosaint na héagsúlachta géinití.

(19)     De bhrí go n‑éilíonn caomhnú pór neamhchoitianta go mbunaítear agus go n‑aithnítear cumainn phóir a bhfuil líon teoranta ainmhithe pórúcháin ina bpórleabhair, níor chóir go ginearálta gur coinníoll bunriachtanach d’aithint cumann póir ná d'fhormheas a chláir phóraithe é líon na n‑ainmhithe pórúcháin atá cláraithe i bpórleabhair – go háirithe ós rud é go dtugtar an t‑aitheantas go náisiúnta ach go bhféadfadh ainmhithe pórúcháin iomchuí a bheith cláraithe i bpórleabhair i mBallstáit nó i dtríú tíortha eile.

(20)     Ba cheart caoi a bheith ag cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin aitheanta i mBallstát amháin a gclár póraithe formheasta a chur chun feidhme i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit eile chun an úsáid is fearr agus is féidir a bhaint as ainmhithe pórúcháin d’ardluach géiniteach mar fhoinse thábhachtach táirgeachta laistigh den Aontas. Chuige sin ba cheart go n‑áiritheodh nós imeachta fógartha simplí go bhfuil an t‑údarás inniúil sa Bhallstát eile ar an eolas faoin ngníomhaíocht atá beartaithe.

(21)     Chun coinbhleachtaí amach anseo a sheachaint idir cumainn phóir ar mhaith leo a seirbhísí a sholáthar do phóraitheoirí agus údaráis a dhiúltaíonn aitheantas a thabhairt do chumann póir nua atá in iomaíocht le cumainn phóir reatha, ba riachtanach dhá rud ar leith a dhéanamh d'aithint fhoirmiúil an chumainn phóir nó na heagraíochta pórúcháin agus formheas an chláir phóraithe atá beartaithe.

(22)     I bhfianaise gearán éagsúil a raibh ar an gCoimisiún déileáil leo le blianta beaga anuas dealraíonn sé gur cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le rialacha soiléire chun an ghaolmhaireacht a rialú idir an cumann póir a bhunaíonn pórleabhar macúil do phór áirithe ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí agus an cumann póir a mhaíonn gurb é a bhunaigh an pórleabhar do bhunús an phóir sin.

(23)     Ba cheart cumhacht a bheith ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinn I a leasú d’fhonn na critéir d’aithint cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin a oiriúnú agus chun cláir phóraithe agus forbairtí in earnáil an phóraithe a fhormheas.

(24)     Tá sé riachtanach an ghaolmhaireacht idir póraitheoirí agus cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin a shoiléiriú go háirithe chun ceart póraitheoirí chun ballraíochta i gcumainn phóir agus in oibríochtaí pórúcháin a áirithiú mar aon lena gceart a bheith rannpháirteach sa chlár póraithe laistigh den limistéar geografach ina bhfuil an clár á chur i gcrích. Ba cheart rialacha a bheith ag cumainn phóir chun cosc a chur ar idirdhealú i gcoinne póraitheoirí mar gheall ar a mbunús, agus ba cheart dóibh, leis, seirbhís íosta a sholáthar.

(25)     Tugann taithí le tuiscint, go háirithe i ndáil le cur i bhfeidhm Threoir 90/427/CEE, agus ar bhonn níos lú Treoracha 89/361/CEE agus 2009/157/CE, go bhfuil gá le rialacha níos mionsonraithe chun díospóidí idir póraitheoirí, ar thaobh amháin, agus cumainn phóir, ar an taobh eile, a réiteach go héifeachtach ar bhonn rialacha nós imeachta soiléire agus cearta agus dualgais ball a bhfuil tuairisc orthu. Is fearr a bhainfear sin amach má bhíonn díospóidí á réiteach laistigh de chóras dlí an Bhallstáit lena mbaineann siad. Níor chóir go mbeadh baint ag an gCoimisiún ach le díospóidí idir eintitis atá lonnaithe i mBallstáit éagsúla agus ar díospóidí iad nach féidir a réiteach go héifeachtach trí chórais dlí na mBallstát sin.

(26)     Ba cheart do chumainn phóir a bhunaíonn agus a choinníonn pórleabhair dá n‑ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, mucúil, caorach, gabhair agus eachaí agus oibríochtaí pórúcháin a bhunaíonn agus a choinníonn rollaí póir do mhuca pórúcháin hibrideacha, ba cheart dóibh ainmhithe pórúcháin a chlárú ina bpórleabhair agus ina rollaí póir gan idirdhealú maidir le Ballstát tionscnaimh na n‑ainmhithe nó a n‑úinéirí agus ba cheart na hainmhithe sin a aicmiú de réir fiúntais i gcás ina bhfuil foráil déanta maidir leis sin sa chlár póraithe.

(27)     Ba cheart go mbeadh cead freisin ag cumainn phóir codanna forlíontacha a bhunú chun na hainmhithe sin nach raibh na critéir d’ainmhithe pórúcháin folaíochta an phóir i gceist á gcomhlíonadh acu a uasghrádú laistigh dá gclár póraithe.

(28)     Ba cheart áfach go mbeadh cead ag cumainn phóir a bhfuil pórleabhair d’ainmhithe pórúcháin folaíochta áirithe den speiceas eachaí á gcoinníoll acu leanúint le critéir a leagan síos d’iontráil ainmhithe folaíochta den speiceas eachaí sna pórleabhair sin bunaithe ar an ngá le hiontráil na n‑ainmhithe eachaí sin a rialú nuair atá siad á dtáirgeadh trí mhodhanna atáirgthe saorga.

(29)     Cé is moite d'equidae, déantar ainmhithe pórúcháin folaíochta atá iontráilte i bpórleabhair a shainaithint i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais ar shláinte ainmhithe a bhaineann le sainaithint. I gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, tugann cumainn phóir faoi shainaithint na gcapall agus na n‑asal a iontrálann siad nó a chláraíonn siad le haghaidh iontrála ina bpórleabhair agus eisíonn siad doiciméid sainaitheanta (pasanna) ina leith. Mar sin, soláthraíonn siad seirbhís ní amháin do phóraitheoirí, ach don údarás inniúil atá freagrach as sainaithint agus clárú ainmhithe saothraithe freisin. Bhí mórchuid comhlachtaí eisiúna pasanna mar thoradh ar an gcóras seo, áfach, rud is cúis le castachtaí sna rialuithe oifigiúla maidir le comhlíonadh reachtaíocht an Aontais ar shláinteachas bia agus cógais tréidliachta sna cásanna sin nach raibh faisnéis riachtanach ar fáil go héasca do na húdaráis inniúla tréidliachta, cheal bunachar sonraí lárnach mar shampla, agus níor tugadh ardchaighdeáin choiteanna do cháilíocht na ndoiciméad sainaitheanta faoi deara agus bhí easpa maoirseachta oifigiúla le tabhairt faoi deara. Dá bhrí sin, is gá a éileamh go mbeidh ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí á n‑iontráil freisin ina bpórleabhair faoi seach faoina sainaithint sláinte ainmhithe, agus caoi a sholáthar d’údaráis inniúla tréidliachta eisiúint oifigiúil doiciméad sainaitheanta d’ainmhithe pórúcháin folaíochta a tharmligean do chumainn phóir aitheanta faoi choinníollacha áirithe.

(30)     Lena áirithiú go bhféadfar na coinníollacha maidir le hiontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta i bpórleabhair agus maidir le clárú muc pórúcháin hibrideach i rollaí póir a chur in oiriúint d’fhorbairtí san earnáil phóraithe, ba cheart cumhacht a bheith ag an gCoimisiún glacadh le gníomhartha tarmligthe chun Iarscríbhinn II a leasú mar is gá.

(31)     Ba cheart go mbeadh glacadh le hainmhithe pórúcháin le haghaidh pórúcháin, do sheirbhís nádúrtha nó atáirgeadh cuidithe, á rialú ag leibhéal Aontais chun bacainní ar thrádáil a chosc, go háirithe i gcás ina bhfuil tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach déanta ar na hainmhithe pórúcháin sin i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos sa Rialachán seo agus go háirithe in Iarscríbhinn III den Rialachán.

(32)     Cé go bhfuil na rialacha maidir le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach i leith ainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair, speiceas a ndéantar tástáil orthu i dtaca le líon teoranta tréithe, go bhfuil siad bunaithe ar an leibhéal Eorpach, go dtí seo d'fhág na ceanglais ilúsáide maidir le pórtha, úsáidí agus roghnúcháin éagsúla ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí nárbh fhéidir iad a chomhchuibhiú. Faoi láthair, is de réir an tréadleabhair eachaí do bhunús an phóir a bhunaítear na rialacha pór‑shonracha maidir le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach.

(33)     Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún coinníollacha a leagan síos maidir le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí freisin agus na coinníollacha in Iarscríbhinn III a leasú chun dul chun cinn sa teicneolaíocht agus san eolaíocht nó forbairtí i gcúrsaí dlí a bhfuil tionchar acu ar an tástáil a chur san áireamh, amhail Rialachán 1234/2007 an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán maidir le CEM aonair)[14], nó ar iarratas na mBallstát, coinníollacha do thástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, a chur san áireamh.

(34)     Féadfaidh institiúidí atá ainmnithe ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach a dhéanamh. Comhoibreoidh na hinstitiúidí ainmnithe sin le lárionaid tagartha an Aontais Eorpaigh atá ainmnithe ag an gCoimisiún. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh cumhacht ag an gCoimisiún lárionaid tagartha an Aontais Eorpaigh a ainmniú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus ba cheart na cumhachtaí is gá a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a glacadh lena sonraítear a ndualgais agus a bhfeidhmeanna, trí Iarscríbhinn IV a leasú nuair is iomchuí. Tá na lárionaid tagartha sin i dteideal cabhair ón Aontas i gcomhréir le Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le caiteachas sa réimse tréidliachta[15]. I gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach a bhfuil tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach á ndéanamh orthu ag cumann póir, tá de chumhacht ag an gcumann póir sin Lárionad Interbull, comhlacht tagartha an Aontais Eorpaigh atá ainmnithe ag Cinneadh 96/463/CE ón gComhairle an 23 Iúil 1996 lena n‑ainmnítear an comhlacht tagartha freagrach as comhoibriú le cumainn phóir lena áirithiú go bhfuil na modhanna tástála feidhmíochta agus an measúnú ar na torthaí d’ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach aonfhoirmeach[16].

(35)     Ós rud é go ndéantar forálacha mionsonraithe sa Rialachán seo maidir le pórú ainmhithe den speiceas buaibheach, mucúil, caorach, gabhair agus eachaí amháin, is gá cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le cumainn phóir a aithint, cláir phóraithe a fhormheas, iontráil ainmhithe pórúcháin i bpórleabhair, tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach agus glacadh le haghaidh pórúcháin mar aon le gníomhartha cur chun feidhme do na deimhnithe zóiteicniúla a bhaineann le trádáil ainmhithe pórúcháin de speiceas eile agus a dtáirgí geirmeacha agus a n‑allmhairí isteach san Aontas, más gá sin chun fáil réidh le bacainní ar thrádáil.

(36)     Tá allmhairiú ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha riachtanach do thalmhaíocht na hEorpa. Dá bhrí sin, ba cheart allmhairí ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha a dhéanamh faoi choinníollacha atá de réir na rialacha infheidhme maidir le trádáil idir Bhallstáit. Mar sin féin, níor cheart é a bheith ceadmhach ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha a iontráil sa phríomhchuid de phórleabhar nó de rolla póir san Aontas, ach amháin má thugann leibhéal na rialuithe oifigiúla a dhéantar sa tríú tír onnmhairithe an chinnteacht chéanna i dtaca le sonraí ginealaigh agus torthaí tástálacha feidhmíochta agus meastóireachta géiniteacha agus a thugtar san Aontas. Ina theannta sin, ba cheart do chomhlachtaí pórúcháin i dtríú tíortha glacadh le hainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha ón gcomhlacht pórúcháin nó ón oibríocht phórúcháin aitheanta chomhfhreagrach san Aontas ar bhonn cómhalartachta.

(37)     I Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim[17] foráiltear go mbunóidh an Coimisiún ainmníocht earraí, eadhon ‘Ainmníocht Chomhcheangailte', nó an leagan giorraithe 'AC', a chomhlíonfaidh idir cheanglais na Comhtharaife Custaim, staidreamh seachtrach an Chomhphobail agus bheartais eile Aontais a bhaineann le hallmhairiú nó onnmhairiú earraí. Tá liosta le fáil in Iarscríbhinn I den Rialachán sin de na cóid AC d’ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, mucúil, caorach, gabhair agus eachaí agus do sheamhan buaibheach agus cuirtear in iúl go bhfuil siad díolmhaithe ón ngnáthráta dleachtanna. Sa chás sin, ba cheart go mbeadh an deimhniú zóiteicniúil iomchuí ag gabháil leis na hainmhithe sin agus a dtáirgí geirmeacha chun tacú lena n‑aicmiú mar ainmhithe pórúcháin folaíochta nó táirgí geirmeacha.

(38)     Ar theacht isteach san Aontas dóibh, déantar seiceálacha tréidliachta ar ainmhithe pórúcháin agus ar a dtáirgí geirmeacha i gcomhréir le Treoir 91/496/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 lena leagtar síos na prionsabail lena n‑eagraítear seiceálacha tréidliachta ar ainmhithe atá ag teacht isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha agus lena leasaítear Treoracha 89/662/CEE, 90/425/CEE agus 90/675/CEE[18] agus Treoir 97/78/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 1997 lena leagtar síos na prionsabail lena n‑eagraítear seiceálacha tréidliachta ar ainmhithe atá ag teacht isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha[19]. Ina cheann sin, ba cheart na seiceálacha zóiteicniúla is gá dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dhéanamh orthu freisin.

(39)     Ghlac an Coimisiún Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialaithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus ábhair atáirgthe plandaí, táirgí cosanta plandaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, 1829/2003, 1831/2003, 1/2005, 396/2005, 834/2007, 1099/2009, 1069/2009, 1107/2009, Rialacháin (AE) Uimh. 1151/2012, [….]/2013, agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE, 2008/120/CE agus 2009/128/CE (Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla)[20]. Tá sé beartaithe go ndéanfar a aisghairm leis an Rialachán sin Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú[21] agus Treoir 90/425/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir le seiceálacha tréidliachta agus zóiteicniúla atá infheidhme maidir le roinnt ainmhithe beo agus táirgí a thrádáil laistigh den Chomhphobal d'fhonn an margadh inmheánach a chomhlánú [22] agus Treoracha 91/496/CEE agus 97/78/EC agus go n‑ionchorprófar rialacha áirithe ón reachtaíocht sin sa Rialachán nua, i dteannta na n‑oiriúnuithe is gá. Níl sé beartaithe áfach na coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha maidir le trádáil in ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha agus a n‑allmhairiú isteach san Aontas a chur faoi raon feidhme an Rialacháin sin. Dá bhrí sin, is gá rialacha a leagan síos sa Rialachán seo maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a bhaineann le hainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha.

(40)     Is gá, do chur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha Aontais maidir le hainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha a leagtar síos sa Rialachán seo, go gcomhoibríonn údaráis inniúla na mBallstát lena chéile agus go soláthraíonn siad cúnamh riaracháin nuair is gá. Dá réir sin, ba cheart rialacha ginearálta maidir le cúnamh riaracháin agus comhoibriú, comhchosúil lena bhfuil leagtha síos i dTeideal IV de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi láthair, a leagan síos sa Rialachán seo, i dteannta na n‑oiriúnuithe is gá.

(41)     I gcás ina bhfaightear amach i ndiaidh rialuithe oifigiúla a dhéanamh i mBallstáit nó seiceálacha a dhéanamh ar allmhairí ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha isteach san Aontas nach bhfuil na ceanglais zóiteicniúla agus ghineolaíocha leagtha síos do na hallmhairí sin sa Rialachán seo á gcomhlíonadh agus gur dóigh go gcuirfidh sin isteach ar thrádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha san Aontas, ba cheart go dtabharfadh an Rialachán seo cumhacht don Choimisiún bearta speisialta a ghlacadh chun teorainn a chur le tionchar an neamhchomhlíonta sin.

(42)     Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh na cumhachtaí is gá ag údarás inniúil na mBallstát chun rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha Aontais a fhorfheidhmiú, lena n‑áirítear formheas cláir phóraithe a fhionraí nó aitheantas cumann póir nó oibríocht phórúcháin a tharraingt siar i gcás nach gcomhlíontar na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha arna leagan síos sa Rialachán seo.

(43)     Ba cheart don Choimisiúin rialuithe a dhéanamh sna Ballstáit de réir mar is iomchuí agus go háirithe i bhfianaise thorthaí na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag Ballstáit lena áirithiú go bhfuil na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha arna leagan síos sa Rialachán seo á gcur i bhfeidhm sna Ballstáit.

(44)     D’fhonn liostaí de na tríú tíortha a bhunú ónar cheart allmhairí ainmhithe pórúcháin agus a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna isteach san Aontas a cheadú, d'fhonn coinníollacha d’allmhairí den sórt sin a tharraingt suas, d'fhonn faisnéis a bhaineann le feidhmiú comhaontuithe déthaobhacha a fháil agus i gcás ina n‑éilíonn aon sárú tromchúiseach ar na coinníollacha d’allmhairí arna leagan síos sa Rialachán seo, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún chun rialuithe a dhéanamh i dtríú tíortha thar ceann an Aontais, de réir mar is iomchuí.

(45)     De bhrí go bhfuil Treoracha 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/427/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE le haisghairm agus an Rialachán seo le cur ina n‑ionad, is gá freisin gníomhartha an Choimisiúin a glacadh de bhun na dTreoracha sin a aisghairm agus gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a chur ina n‑ionad. Dá réir sin, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme sin a ghlacadh.

(46)     Chun cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin seo a áirithiú agus chun é a fhorlíonadh, nó chun Iarscríbhinní I go V atá ina theannta a leasú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún maidir leis na nósanna imeachta agus critéir úsáidte agus coinníollacha is gá chuige seo a leanas: aitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin; cláir phóraithe a fhormheas; ainmhithe a iontráil i bpórleabhair agus rollaí póir; glacadh le hainmhithe pórúcháin le haghaidh pórúcháin; atáirgeadh nádúrtha agus cuidithe; tástáil feidhmíochta agus measúnuithe géiniteacha a dhéanamh; ceanglais zóiteicniúla agus ghineolaíochta maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha agus maidir lena n‑allmhairiú a shainiú; agus dualgais agus feidhmeanna an lárionaid tagartha a shainiú.

(47)     Ba cheart áfach, an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta agus a dtáirgí geirmeacha de speicis seachas ainmhithe den speiceas buaibheach, mucúil, caorach, gabhair agus eachaí agus a n‑allmhairiú isteach san Aontas a tharmligean don Choimisiún le go bhféadfaidh na Ballstáit dul i ngleic le suaitheadh trádála nó, níos tábhachtaí fós, le go bhféadfaidh siad gníomhú má tá pór neamhchoitianta i mbaol dul in éag nó má tá baol ann maidir le caomhnú éagsúlachta géinití.  

(48)     Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(49)     Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na bhforálacha sa Rialachán seo a bhaineann le liostú cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin, ainmniú na lárionad tagartha lena áirithiú go bhfuil modhanna tástála feidhmíochta agus modhanna meastóireachta géinití d'ainmhithe pórúcháin á gcur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, maidir leis na samhlacha do dheimhnithe zóiteicniúla a ghabhann le hainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha agus rialacha áirithe maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh. Ba cheart na cumhachtaí seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[23].

(50)     Tá na rialacha arna leagan síos sa Rialachán seo agus i ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme an Choimisiúin arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo le teacht in ionad na rialacha atá leagtha síos i dTreoracha 87/328/CEE, 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/118/CEE, 90/119/CEE, 90/427/CEE, 91/174/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE ón gComhairle agus Cinneadh 96/463/CE ón gComhairle. Dá réir sin, ba cheart na gníomhartha dlíthiúla sin a aisghairm.

(51)     Maidir le Cinneadh 84/247/CEE ón gCoimisiún an 27 Aibreán 1984 lena leagtar síos na critéir d’aithint eagraíochtaí agus comhlachas póraitheoirí a choinníonn nó a bhunaíonn tréadleabhair d’ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach[24], Cinneadh 84/419/CEE ón gCoimisiún an 19 Iúil 1984 lena leagtar síos na critéir d'iontráil eallaí i dtréadleabhair[25], Cinneadh 2006/427/CE ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2006 lena leagtar síos modhanna monatóireachta agus modhanna chun luach géiniteach eallaí a mheas d'ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach[26], Cinneadh 89/501/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos na critéir d’fhormheas agus do mhaoirseacht comhlachas póraitheoirí a bhunaíonn nó a choinníonn tréadleabhair do mhuca pórúcháin folaíochta[27], Cinneadh 89/502/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos na critéir a rialaíonn iontráil muc pórúcháin folaíochta[28] i dtréadleabhair, Cinneadh 89/504/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos na critéir d’fhormheas agus maoirseacht comhlachas póraitheoirí, eagraíochtaí pórúcháin agus gnóthas príobháideach a bhunaíonn nó a choinníonn rolla do mhuca pórúcháin hibrideacha[29], Cinneadh 89/505/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos na critéir a rialaíonn iontráil i rolla do mhuca pórúcháin hibrideacha[30], Cinneadh 89/507/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos modhanna do mhonatóireacht feidhmíochta agus measúnú luach géiniteach na muc pórúcháin folaíochta agus hibrideach[31], Cinneadh 90/254/CEE ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 1990 lena leagtar síos na critéir d'fhormheas eagraíochtaí agus comhlachas póraitheoirí a bhunaíonn nó a choinníonn tréadleabhair do chaoirigh agus gabhair phórúcháin folaíochta[32], Cinneadh 90/255/CEE ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 1990 lena leagtar síos na critéir a rialaíonn iontráil i dtréadleabhair do chaoirigh agus gabhair phórúcháin folaíochta[33], Cinneadh 90/256/CEE ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 1990 lena leagtar síos modhanna chun monatóireacht feidhmíochta a dhéanamh agus luach géiniteach caorach agus gabhair pórúcháin folaíochta a mheasúnú[34], Cinneadh 90/257/CEE ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 1990 lena leagtar síos na critéir i ndáil le glacadh chun críocha pórúcháin le caoraigh agus gabhair phórúcháin folaíochta agus úsáid a gcuid seamhain, ubhán nó suthanna[35], Cinneadh 92/353/CEE ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 1992 lena leagtar síos na critéir i ndáil le formheas nó aithint eagraíochtaí agus comhlachas a choinníonn nó a bhunaíonn tréadleabhair d'equidae cláraithe[36], Cinneadh 96/78/CE ón gCoimisiún an 10 Eanáir 1996 lena leagtar síos na critéir maidir le hiontráil agus clárú equidae i dtréadleabhair chun críocha pórúcháin[37], glacadh iad go léir de bhun na ngníomhartha bunúsacha dá dtagraítear in aithris 46 le critéir speicis‑oiriúnaithe maidir le formheas nó aithint cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin, iontráil ainmhithe pórúcháin i bpórleabhair, glacadh le hainmhithe le haghaidh pórúcháin agus inseamhnaithe shaorga, le haghaidh tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití. Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le rialacha a thagann in ionad na rialacha atá leagtha síos i ngníomhartha réamhluaite an Choimisiúin.

(52)     Leagtar síos rialacha sa Rialachán seo atá comhchosúil leis na rialacha sin a leagadh síos i gCinneadh 92/354/CEE ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 1992 lena leagtar síos rialacha áirithe chun comhordú idir eagraíochtaí agus comhlachas a choinníonn nó a bhunaíonn tréadleabhair d'equidae cláraithe[38].

(53)     De bhun na ngníomhartha bunúsacha dá dtagraítear in aithris 45, glacadh Cinneadh 89/503/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos an deimhniú do mhuca pórúcháin folaíochta, a gcuid seamhain, ubhán agus suthanna[39], Cinneadh 89/506/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos an deimhniú do mhuca pórúcháin hibrideacha, a gcuid seamhain, ubhán agus suthanna[40], Cinneadh 90/258/CEE ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 1990 lena leagtar síos na deimhnithe zóiteicniúla do chaoirigh agus gabhair phórúcháin folaíochta, a gcuid seamhain, ubhán agus suthanna[41], Treoir 96/79/CE ón gCoimisiún an 12 Eanáir 1996 lena leagtar síos na deimhnithe zóiteicniúla do sheamhan, ubháin agus suthanna ó equidae[42], Cinneadh 2005/379/CE ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2005 maidir le deimhnithe agus sonraí ginealaigh d’ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, agus dá gcuid seamhain, ubhán agus suthanna[43], Rialachán (CE) Uimh. 504/2008 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2008 lena gcuirtear i bhfeidhm Treoracha 90/426/CEE agus 90/427/CEE ón gComhairle maidir le modhanna sainaitheanta equidae[44], agus Cinneadh 96/509/CE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1996 lena leagtar síos ceanglais ghinealaigh agus zóiteicniúla d'allmhairiú seamhain ainmhithe áirithe[45].

(54)     Chun soiléireacht dlí a áirithiú agus dúbailt a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag aisghairm na ngníomhartha ón gComhairle go dtí go n‑aisghairtear le gníomh tarmligthe na Cinntí ón gCoimisiún ina bhfuil critéir speics‑oiriúnaithe maidir le formheas nó aithint cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin, iontráil ainmhithe pórúcháin i bpórleabhair, glacadh le le hainmhithe le haghaidh pórúcháin agus inseamhnaithe shaorga, le haghaidh tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití, ar critéir iad atá ar áireamh sa Rialachán seo, agus go dtí go ndéanfar na samhail‑deimhnithe zóiteicniúla do thrádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha agus d'allmhairiú ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha ó thríú tíortha a bhunú le gníomh cur chun feidhme. Tá sé riachtanach dá bhrí sin a áirithiú go mbeidh an Rialachán seo infheidhme tráth nach déanaí ná ocht mí dhéag i ndiaidh dháta a theacht i bhfeidhm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I Forálacha Ginearálta

Airteagal 1 Ábhar agus Scóip

1.           Leagtar amach sa Rialachán seo:

(a)     rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin agus a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna agus a n‑allmhairiú isteach san Aontas;

(b)     na rialacha maidir le ballraíocht agus le socrú díospóidí i gcumainn phóir agus in oibríochtaí pórúcháin;

(c)     rialacha ginearálta maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar chumainn phóir agus ar oibríochtaí pórúcháin agus ar na cláir phóraithe atá á gcur i gcrích acu ar ainmhithe pórúcháin, lena n‑áirítear úsáid seamhain, úicítí agus suthanna, d'fhonn comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú, i gcás gníomhaíochtaí oifigiúla eile, cúnamh riaracháin, comhar agus forfheidhmiú ag Ballstáit;

(d)     rialacha ginearálta maidir le rialuithe ag an gCoimisiún i mBallstáit agus i dtríú tíortha.

2.           Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin agus a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna agus a n‑allmhairiú isteach san Aontas sa chás ina bhfuil sé beartaithe iad a úsáid i gcomhair turgnamh teicniúil nó eolaíochta a dhéanfar faoi smacht an údaráis inniúil.

3.           Go dtí go nglacfar aon bhearta cur chun feidhme nó tarmligthe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, féadfaidh Ballstáit leanúint dá gcuid rialacha náisiúnta zóiteicniúla agus gineolaíocha a chur i bhfeidhm lena rialaítear trádáil ainmhithe pórúcháin agus a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna agus a n‑allmhairiú isteach sa Bhallstát lena mbaineann, ar an gcoinníoll, maidir le hallmhairí, nach fabhraí na rialacha sin ná iad sin lena rialaítear trádáil san Aontas.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm leis na sainmhínithe seo a leanas:

(a)          ciallaíonn "ainmhí" ainmhí clóis de na speicis seo:

(i)      speiceas buaibheach (Bos taurus agus Bubalus bubalis), speiceas mucúil (Sus scrofa), speiceas caorach (Ovis aries), speiceas gabhair (Capra hircus);

(ii)     speiceas eachaí (Equus caballus agus Equus asinus);

(iii)    speiceas seachas na speicis sin dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) a bhfuil gníomhartha tarmligthe glactha ina leith de bhun Airteagal 35(1) nó Airteagal 45(1);

(b)          ciallaíonn "ainmhí pórúcháin" ainmhí pórúcháin folaíochta nó muc phórúcháin hibrideach;

(c)          ciallaíonn "táirgí geirmeacha" seamhan, úicítí agus suthanna arna mbailiú nó arna dtáirgeadh ó ainmhithe pórúcháin ar mhaithe le hatáirgeadh cuidithe;

(d)          ciallaíonn "cumann póir" aon eagraíocht phórúcháin nó comhlachas póraitheoirí atá aitheanta ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4(2) chun clár póraithe a chur i gcrích ar ainmhithe pórúcháin folaíochta atá cláraithe sa phórleabhar (sna pórleabhair) atá á choinneáil nó á bhunú aige;

(e)          ciallaíonn "oibríocht phórúcháin" aon eagraíocht phórúcháin, comhlachas póraitheoirí nó gnóthas príobháideach atá aitheanta ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4(2) chun clár póraithe a chur i gcrích ar mhuca pórúcháin hibrideacha atá cláraithe sa rolla (sna rollaí) póir atá á choinneáil nó á bhunú aige;

(f)          ciallaíonn "comhlacht pórúcháin" aon eagraíocht phórúcháin, comhlachas póraitheoirí, gnóthas príobháideach, eagraíocht tógála stoic nó seirbhís oifigiúil i dtríú tír ar ghlac seirbhís oifigiúil i dtríú tír leis, maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, mucúil, caorach, gabhair nó eachaí nó maidir le muca pórúcháin hibrideacha, chun ainmhithe pórúcháin a allmhairiú isteach san Aontas le haghaidh pórúcháin;

(g)          ciallaíonn "údarás inniúil" an t‑údarás lárnach ag Ballstát agus aon údarás eile a bhfuil an fhreagracht sin bronnta air, agus é freagrach as:

(i)      aitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin agus na cláir phóraithe a chuireann siad i gcrích ar ainmhithe pórúcháin a fhormheas;

(ii)     rialuithe oifigiúla a eagrú maidir le cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 46 agus i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 52(1);

(iii)    cúnamh a chur ar fáil do Bhallstáit eile agus do thríú tíortha i gcás ina bhfaightear amach nach bhfuiltear ag comhlíonadh de réir mar a fhoráiltear in Airteagail 53, 54, 55 agus 56;

(iv)    gníomhaíochtaí oifigiúla eile a eagrú, i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(h)          ciallaíonn "aitheantas" an dearbhú foirmiúil agus oifigiúil a thugann an t‑údarás inniúil go bhfuil, i ndiaidh meastóireachta, cumann póir nó oibríocht phórúcháin ag comhlíonadh cheanglais Airteagal 4(2);

(i)           ciallaíonn "ainmhí pórúcháin folaíochta" ainmhí clóis

(i)      den speiceas dá dtagraítear i bpointe (a)(i) a thagann ó thuismitheoirí agus ó sheantuismitheoirí a iontráladh sa phríomhchuid de phórleabhar den phór céanna agus ar ainmhí é féin atá iontráilte nó cláraithe agus atá incháilithe i gcomhair iontrála sa phríomhchuid de phórleabhar den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 19;

(ii)     den speiceas dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) a thagann ó thuismitheoirí a iontráladh sa phríomhchuid de phórleabhar den phór céanna agus ar ainmhí é féin atá iontráilte nó cláraithe agus atá incháilithe i gcomhair iontrála sa phríomhchuid de phórleabhar den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 19;

(iii)    de speiceas seachas é sin dá dtagraítear in (i) agus (ii) den phointe seo, dá bhfuil rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha a bhaineann go sonrach le trádáil na n‑ainmhithe pórúcháin den sórt sin agus a dtáirgí geirmeacha agus a n‑allmhairiú isteach san Aontas leagtha síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 35(1) agus Airteagal 45(1) faoi seach;

(j)           ciallaíonn "muc phórúcháin hibrideach" ainmhí den speiceas mucúil atá cláraithe i rolla póir agus a tháirgtear trí chrosphórú toiliúil idir:

(i)      muca pórúcháin folaíochta de phórtha nó línte difriúla;

(ii)     muca pórúcháin atá mar thoradh iad féin ar chrosphórú (hibridí is ea iad) idir pórtha nó línte difriúla;

(iii)    muca pórúcháin de chuid ceann amháin nó eile de na catagóirí thuas dá dtagraítear in (i) nó (ii);

(k)          ciallaíonn "pórleabhar" aon tréadleabhar bó, tréadleabhar caorach nó gabhair, tréadleabhar eachaí, comhad nó meán sonraí a choinníonn cumann póir agus ina ndéantar ainmhithe pórúcháin folaíochta a bheidh faoi réir cláir phóraithe a iontráil nó a chlárú le haghaidh a n‑iontrála, maille le sonraí ar a sinsear agus, nuair is infheidhme, a bhfiúntas;

(l)           ciallaíonn "formheas" an cead a bhronnann an t‑údarás inniúil ar chumann póir nó ar oibríocht phórúcháin chun a gclár póraithe a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 8(1);

(m)         ciallaíonn “príomhchuid” an chuid de phórleabhar ina n‑iontráiltear ainmhí pórúcháin folaíochta nó ina gcláraítear é le haghaidh a iontrála;

(n)          ciallaíonn "aicme" foroinn den phríomhchuid ina n‑iontráiltear ainmhithe pórúcháin de réir a bhfiúntas;

(o)          ciallaíonn "fiúntas" tréith inoidhreachta inchainníochtaithe d’ainmhí pórúcháin;

(p)          ciallaíonn "rolla póir" aon chomhad nó meán sonraí arna choinneáil ag oibríocht phórúcháin ina ndéantar muca pórúcháin hibrideacha a bheidh faoi réir cláir phóraithe a chlárú maille le sonraí ar a sinsear;

(q)          ciallaíonn "rialú oifigiúil" aon chineál rialaithe a dhéanann an t‑údarás inniúil nó an Coimisiún d'fhonn comhlíonadh na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fhíorú;

(r)           ciallaíonn "gníomhaíochtaí oifigiúla eile" aon ghníomhaíocht, seachas rialú oifigiúil, a dhéanann údaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo lena áirithiú go gcuirtear na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo i bhfeidhm;

(s)          ciallaíonn "deimhniú zóiteicniúil" deimhnithe oifigiúla póraithe, fianuithe oifigiúla nó doiciméadúchán tráchtála deimhnithe ina dtugtar faisnéis maidir le ginealach, aitheantas agus, nuair is iomchuí, meastóireacht ghéiniteach ainmhithe pórúcháin nó a dtáirgí geirmeacha agus nach mór a bheith ag gabháil le hainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha nuair a aistrítear iad ó Bhallstát amháin go Ballstát eile nó nuair a dhéantar iad a allmhairiú isteach san Aontas;

(t)           ciallaíonn "uimhir shaoil shainiúil" cód sainiúil alfa‑uimhriúil 15‑dhigit lena dtiomsaítear faisnéis maidir leis an ainmhí eachaí aonair agus an bunachar sonraí agus an tír inar taifeadadh an fhaisnéis sin i dtús báire i gcomhréir le córas códaithe na hUimhreach Saoil Uathúla Eachaí[46] (UELN) agus is é atá ann:

(i)      cód aitheantais sé‑dhigit atá comhoiriúnach le UELN don bhunachar sonraí arna choinneáil ag an gcomhlacht eisithe pas a d'eisigh an doiciméad aitheantais i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais ar shláinte ainmhithe agus ina dhiaidh sin

(ii)     uimhir aitheantais naoi‑ndigit atá sannta don ainmhí eachaí;

(u)          ciallaíonn "allmhairiú" ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha a thabhairt isteach i gceann de na críocha atá liostaithe in Iarscríbhinn VI;

(v)          ciallaíonn "seiceáil zóiteicniúil" na seiceálacha doiciméadacha agus sainaitheantais a dhéantar ar ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha arna n‑allmhairiú isteach san Aontas d'fhonn comhlíonadh na gcoinníollacha zóiteicniúla dá bhforáiltear in Airteagail 42 agus na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha atá leagtha síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 45(1) a fhíorú;

(w)         ciallaíonn "seiceáil dhoiciméadach" scrúdú ar na deimhnithe oifigiúla, fianuithe oifigiúla agus aon doiciméid eile lena n‑áirítear doiciméid thráchtála, nach mór a bheith ag gabháil le coinsíneachtaí díobh seo a leanas:

(i)      ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha arna n‑allmhairiú isteach san Aontas, dá bhforáiltear in Airteagal 39;

(ii)     ainmhithe pórúcháin folaíochta agus a dtáirgí geirmeacha arna n‑allmhairiú isteach san Aontas, dá bhforáiltear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 45(1);

(x)          ciallaíonn "seiceáil sainaitheantais" cigireacht súl lena fhíorú go bhfuil inneachar agus lipéadú coinsíneachta, lena n‑áirítear na marcanna ar ainmhithe, séalaí agus modhanna iompair, ag freagairt don fhaisnéis atá sna deimhnithe zóiteicniúla, i bhfianuithe oifigiúla agus i ndoiciméid eile a ghabhann léi;

(y)          ciallaíonn "neamh‑chomhlíonadh" nár comhlíonadh na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Airteagal 3 Rialacha ginearálta zóiteicniúla agus gineolaíocha maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha agus a n‑allmhairiú isteach san Aontas

Ní dhéanfar trádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha ná allmhairiú na n‑ainmhithe nó na dtáirgí sin isteach san Aontas a chosc, a shrianadh nó a bhacadh ar fhorais zóiteicniúla ná ghineolaíocha, seachas ar na forais sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Ní dhéanfar idirdhealú ar bhonn tíre tionscnaimh i gcoinne ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha, úinéirí nó póraitheoirí ainmhithe pórúcháin, cumann póir, oibríochtaí pórúcháin nó comhlachtaí pórúcháin.

CAIBIDIL II Aitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin i mBallstáit agus formheas na gclár póraithe

Roinn 1 Aitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin

Airteagal 4 Aitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin

1.           Féadfaidh cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin iarratas ar aitheantas a chur chuig an údarás inniúil i gcomhréir le mír 2.

2.           Aithneoidh an t‑údarás inniúil aon chumann póir nó oibríocht phórúcháin a chuireann iarratas ar aitheantas chuige ar an gcoinníoll go gcomhlíonann sé na ceanglais seo a leanas:

(a)     go bhfuil a cheannoifig aige ar chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an t‑údarás inniúil lonnaithe;

(b)     go léiríonn sé ina iarratas go gcomhlíonann sé na ceanglais atá leagtha amach i gCuid 1 d'Iarscríbhinn I;

(c)     go sainmhíníonn sé ina iarratas:

(i)      an cineál cláir phóraithe atá aige, nach mór a bheith dírithe orthu seo a leanas:

– caomhnú an phóir, nó

– feabhsú an phóir nó an chrosphóir;

(ii)     raon feidhme a chláir phóraithe agus na rialacha atá bunaithe aige i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach i gCuid 2, agus, i gcás ainmhithe eachaí folaíochta, ceanglais atá leagtha amach i gCuid 3 d'Iarscríbhinn I;

(iii)    an chríoch gheografach ina bhfuil sé i gceist aige a chlár póraithe a chur i gcrích.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 maidir le leasuithe ar na ceanglais a bhaineann le haitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin atá sainithe i gCuid 1 agus, i gcás ainmhithe folaíochta den speiceas eachaí, i gCuid 3 d'Iarscríbhinn I, chun an éagsúlacht cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin a mbíonn tionchar ag na ceanglais orthu a chur san áireamh.

Airteagal 5 Maolú ar Airteagal 4(2)(b) maidir le haitheantas a thabhairt do chumainn phóir

1.           De mhaolú ar Airteagal 4(2)(b), féadfaidh an t‑údarás inniúil diúltú aitheantas a thabhairt do chumann phóir a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach i gCuid 1 d'Iarscríbhinn I i gcás ina gcuirfeadh clár póraithe an chumainn phóir sin isteach ar chaomhnú nó ar éagsúlacht ghéiniteach na n‑ainmhithe pórúcháin folaíochta atá iontáilte, nó cláraithe agus incháilithe chun iontrála, sa phórleabhar don phór sin a bhunaigh cumann póir eile atá aitheanta cheana féin sa Bhallstát sin.

2.           Chun críche mhír 1, tabharfaidh an t‑údarás inniúil aird chuí ar na critéir seo a leanas:

(a)     líon na gcumann póir atá aitheanta cheana féin don phór sin sa Bhallstát ina bhfuil an cumann póir atá ag cur iarratas ar aitheantas isteach lonnaithe;

(b)     méid dhaonra ainmhithe pórúcháin folaíochta an phóir sin sa Bhallstát sin;

(c)     an t‑ionchur géiniteach féideartha ó chumainn phóir eile don phór céanna atá aitheanta i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha.

Airteagal 6 Aitheantas do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin a dhiúltú

1.           I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 4 diúltú aitheantas a thabhairt do chumann póir nó oibríocht phórúcháin, cuirfidh sé míniú réasúnaithe ar fáil dó maidir lena bhfuil i gceist aige a dhiúltú agus ag an am céanna tabharfaidh sé ceart achomhairc don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin i gcoinne an diúltaithe sin atá beartaithe laistigh de 30 lá ón míniú réasúnaithe a fháil.

2.           Más rud é, i bhfianaise an achomhairc dá dtagraítear i mír 1, go seasann an t‑údarás inniúil lena chinneadh, tabharfaidh sé don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin míniú réasúnaithe maidir lena chinneadh aitheantas a dhiúltú laistigh de 30 lá ó aon achomharc a fháil agus cuirfidh sé a chinneadh maidir le haitheantas a dhiúltú in iúl don Choimisiún ag an am céanna maille leis na cúiseanna atá aige é sin a dhéanamh.

Airteagal 7 Liostaí de chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin aitheanta

1.           Tarraingeoidh Ballstáit suas liosta de chumainn phóir agus d'oibríochtaí pórúcháin atá aitheanta ag a n‑údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 4(2), coinneoidh siad an liosta sin cothrom le dáta agus cuirfidh siad ar fáil don phobal é.

2.           Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa liosta dá bhforáiltear i mír 1:

(a)     ainm, sonraí teagmhála agus suíomh idirlín an chumainn phóir nó na hoibríochta pórúcháin;

(b)     an pór nó an crosphór a bhfuil a gclár póraithe formheasta ina leith;

(c)     i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, ainm agus sonraí teagmhála an chumainn phóir a choinníonn an pórleabhar maidir le bunús an phóir.

3.           Tabharfaidh Ballstáit le fios sa liosta dá bhforáiltear i mír 1 má chuirtear formheas cláir phóraithe a ordaíodh i gcomhréir le hAirteagal 61(2)(f) ar fionraí.

4.           Bainfidh Ballstáit láithreach den liosta dá bhforáiltear i mír 1 aon chumann póir nó oibríocht phórúcháin a bhfuil aitheantas tarraingthe siar ina leith i gcomhréir le hAirteagal 61(2)(g).

5.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, samhail‑fhoirmeacha a tharraingt suas maidir leis an bhfaisnéis a sholáthróidh Ballstáit don phobal ar an liosta de chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin aitheanta dá bhforáiltear i mír 1.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

Roinn 2 Formheas clár póraithe

Airteagal 8 Formheas clár póraithe arna gcur i gcrích ag cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin

1.           Formheasfaidh an t‑údarás inniúil clár póraithe cumainn phóir nó oibríochta pórúcháin atá aitheanta aige i gcomhréir le hAirteagal 4(2), ar an gcoinníoll go gcuirfidh an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin iarratas ar fhormheas a chláir phóraithe isteach, ina léirítear go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear in Airteagal 4(2)(c) agus atá leagtha amach i gCuid 2, agus i gcás ainmhithe eachaí folaíochta i gCuid 3 d'Iarscríbhinn I.

2.           Féadfaidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 4 cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin a údarú chun bainistiú teicniúil a bpórleabhair nó a rolla póir agus gnéithe sonracha eile dá gclár póraithe a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí, ar an gcoinníoll:

(a)     go mbeidh na cumainn phóir agus na hoibríochtaí pórúcháin fós freagrach, vis‑á‑vis an t‑údarás inniúil, as comhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear in Airteagal 4(2)(c) a áirithiú;

(b)     nach bhfuil aon choinbhleacht leasa idir an tríú páirtí agus gníomhaíochtaí geilleagracha póraitheoirí atá rannpháirteach sa chlár póraithe.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 maidir le leasuithe ar na ceanglais a bhaineann le formheas cláir phóraithe atá leagtha amach i gCuid 2 agus, i gcás ainmhithe eachaí folaíochta, i gCuid 3 d'Iarscríbhinn I, chun éagsúlacht na gclár póraithe arna gcur i gcrích ag cumainn phóir agus ag oibríochtaí pórúcháin a chur san áireamh.

Airteagal 9 Fógairt agus formheas clár póraithe arna gcur i gcrích i mBallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil aitheantas faighte ag an gcumann póir nó an oibríocht phórúcháin

1.           I gcás ina dtugtar le fios le raon feidhme cláir póraithe nó leis an gcríoch gheografach ina gcuirfear é i gcrích go bhfuil sé ar intinn ag cumann póir nó ag oibríocht phórúcháin é a chur i gcrích ar ainmhithe pórúcháin atá cónaitheach i mBallstát eile, déanfaidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 8(1) an méid seo a leanas:

(a)     tabharfaidh sé fógra faoi sin d'údarás inniúil an Bhallstáit eile sin 90 lá féilire ar a laghad roimh an dáta ar a bhfuil sé beartaithe an clár póraithe a thosú;

(b)     tabharfaidh sé don údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (a), i dteannta an bhfógra sin, cóip den iarratas ar fhormheas an chláir phóraithe dá bhforáiltear in Airteagal 8(1).

2.           Féadfaidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1(a) den Aireagal seo, laistigh de 90 lá ón dáta a fhaigheann sé an fógra dá dtagraítear sa mhír sin, diúltú formheas a thabhairt do chumann póir clár póraithe a chur i gcrích ar a chríoch, ar cumann póir é atá aitheanta ag an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 8(1), i gcás:

(a)     ina bhfuil clár póraithe formheasta á chur i gcrích cheana féin sa Bhallstát sin ar ainmhithe pórúcháin folaíochta den phór céanna;

(b)     ina ndéanfadh formheas cláir póraithe eile ilroinnt ar dhaonra na n‑ainmhithe pórúcháin folaíochta atá ar fáil sa Bhallstát sin sa mhéid is go gcuirfí isteach ar chaomhnú nó éagsúlacht ghéiniteach an phóir sin.

3.           I gcás nach bhfreagraíonn an t‑údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1(a) an fógra dá bhforáiltear sa mhír sin laistigh de 90 lá, tabharfar le tuiscint go bhfuil sé formheasta.

4.           Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil aitheantas ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin, nó ina bhfuil iarratas ar aitheantas comhdaithe aige i gcomhréir le hAirteagal 4, an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin ar an eolas maidir le toradh an fhógra dá bhforáiltear i mír 1(a) den Airteagal seo gan aon mhoill mhíchuí.

5.           I gcás ina bhfuil sé de rún ag an údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1(a) formheas a dhiúltú i gcomhréir le mír 2, cuirfidh sé in iúl don Choimisiún go bhfuil rún aige formheas a dhiúltú mar aon le míniú réasúnaithe.

CAIBIDIL III Cearta agus oibleagáidí póraitheoirí, cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin

Airteagal 10 Cearta póraitheoirí atá rannpháirteach i gcláir phóraithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9

1.           I gcás ina ndéantar foráil maidir le ballraíocht i rialacha cumainn phóir nó oibríochta pórúcháin, féadfaidh póraitheoirí iarratas a dhéanamh:

(a)     ar bhallraíocht sna cumainn phóir nó oibríochtaí pórúcháin sin;

(b)     ar bheith rannpháirteach sa chlár póraithe faoi raon feidhme agus limistéar geografach na gníomhaíochta arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9.

2.           I gcás nach ndéantar foráil maidir le ballraíocht i rialacha cumainn phóir nó oibríochta pórúcháin, féadfaidh póraitheoirí a bheidh rannpháirteach i gclár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9 iarratas a dhéanamh:

(a)     go n‑iontrálfar a gcuid ainmhithe pórúcháin folaíochta sa phríomhchuid den phórleabhar a bhunaigh an cumann póir don phór i gcomhréir le hAirteagail 17(1);

(b)     go ndéanfar a gcuid ainmhithe a thaifeadadh i gcuid fhorlíontach den phórleabhar a bhunaigh an cumann póir don phór i gcomhréir le hAirteagal 17(3);

(c)     go ndéanfar a gcuid muc pórúcháin hibrideach a chlárú i rolla póir a bhunaigh oibríocht phórúcháin don chrosphór i gcomhréir le hAirteagal 24;

(d)     a bheith rannpháirteach i dtástáil feidhmíochta agus i meastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 27;

(e)     go dtabharfar deimhniú zóiteicniúil dóibh i gcomhréir le hAirteagal 33(1) agus (2).

3.           Beidh sé de cheart ag póraitheoirí rogha a dhéanamh cén pórleabhar nó rolla póir inar mian leo a gcuid ainmhithe pórúcháin a iontráil ann nó a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 19 agus Airteagal 24.

Airteagal 11 Cearta póraitheoirí a chuireann in aghaidh cinneadh arna ghlacadh ag cumann póir

1.           Féadfaidh póraitheoirí dul i muinín na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 13 i gcás ina maíonn siad go bhfuil aon cheann díobh seo a leanas diúltaithe go míchuí ag cumann póir:

(a)     iarratas i gcomhréir hAirteagal 10(1);

(b)     iarratas chun ainmhí pórúcháin folaíochta a iontráil sa phríomhchuid de phórleabhar dá bhforáiltear in Airteagal 19;

(c)     iarratas chun ainmhí a thaifeadadh i gcuid fhorlíontach de phórleabhar dá bhforáiltear in Airteagal 20(3);

(d)     glacadh le hainmhí pórúcháin folaíochta le haghaidh:

(i)      pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 21; nó

(ii)     inseamhnaite shaorga dá bhforáiltear in Airteagal 23(1);

(e)     glacadh le hainmhí pórúcháin folaíochta nó a sheamhan le haghaidh tástála feidhmíochta oifigiúla agus meastóireachta géinití dá bhforáiltear in Airteagal 23(2);

(f)     glacadh le torthaí na tástála feidhmíochta agus na meastóireachta géinití a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27.

2.           Féadfaidh póraitheoirí iarratas a dhéanamh ar na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 13 i gcás ina maíonn siad gur theip ar chumann póir tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 27.

Airteagal 12 Cearta póraitheoirí a chuireann in aghaidh cinneadh arna ghlacadh ag oibríocht phórúcháin

1.           Féadfaidh póraitheoirí dul i muinín na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 13 i gcás ina maíonn siad go bhfuil aon cheann díobh seo a leanas diúltaithe go míchuí ag oibríocht phórúcháin:

(a)     iarratas ar mhuc phórúcháin hibrideach a chlárú i rolla póir dá bhforáiltear in Airteagal 24;

(b)     glacadh le muc phórúcháin hibrideach le haghaidh inseamhnaithe shaorga dá bhforáiltear in Airteagal 26(1);

(c)     glacadh le muc phórúcháin hibrideach nó a sheamhan le haghaidh tástála feidhmíochta dá bhforáiltear in Airteagal 26(2);

(d)     glacadh le torthaí na tástála feidhmíochta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27.

2.           Féadfaidh póraitheoirí dul in iontaoibh na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 13 i gcás ina maíonn siad gur theip ar oibríocht phórúcháin tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 27.

Airteagal 13 Bearta ar fáil do phóraitheoirí a chuireann i gcoinne cinneadh arna ghlacadh ag cumann póir nó oibríocht phórúcháin

1.           Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11 agus Airteagal 12, féadfaidh póraitheoirí:

(a)     tuairim saineolaí neamhspleách a fháil;

(b)     achomharc a dhéanamh i gcoinne na ndiúltuithe dá dtagraítear in Airteagal 11(1) agus Airteagal 12(1) nó i gcoinne na tástála feidhmíochta agus na meastóireachta géinití dá dtagraítear in Airteagal 11(2) agus Airteagal 12(2) laistigh de 30 lá ón diúltú nó ó na torthaí ón gcumann póir nó ón oibríocht phórúcháin a fháil.

2.           San achomharc dá dtagraítear i mír 1(b), tabharfaidh an póraitheoir tuairisc ar na fíricí agus ar na forais, bunaithe ar thuairim an tsaineolaí neamhspleách dá dtagraítear i mír 1(a) más féidir, ar fíricí agus forais iad a léiríonn dar leis:

(a)     nach gcomhlíonann diúltú an chumainn phóir nó na hoibríochta pórúcháin Airteagail 19, 21, 23, 27, 28, 30 nó 32; nó

(b)     nach bhfuarthas torthaí na tástála feidhmíochta nó na meastóireachta géinití i gcomhréir le hAirteagal 27.

Airteagal 14 Réiteach díospóide

1.           I gcás ina ndiúltaíonn cumann póir nó oibríocht phórúcháin an t‑achomharc a dhéanann póraitheoir dá bhforáiltear in Airteagal 13(1)(b), tabharfaidh sé fógra faoi sin don phóraitheoir agus don údarás inniúil a thug aitheantas don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(2), laistigh de 30 lá ón gcinneadh an t‑achomharc a dhiúltú.

2.           Féadfaidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 8(1) nó Airteagal 9 cinneadh an chumainn phóir nó na hoibríochta pórúcháin a aisiompú, i gcás ina measann sé nach gcomhlíonann an cinneadh sin Airteagail 19, 21, 23, 27, 28, 30 nó 32.

3.           Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh nós imeachta achomhairc ar fáil agus go ndéanfar cinntí achomhairc laistigh de thréimhse réasúnta.

Chuige sin, féadfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh a dhéanamh binse fiosrúcháin sonrach a bhunú leis an údarás d'fhonn cinntí arna ndéanamh ag cumann póir nó oibríocht phórúcháin a aisiompú i gcás ina measann an binse fiosrúcháin nach raibh bonn cirt leis an diúltú a rinne an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin ar achomharc arna thaisceadh ag póraitheoir.

Airteagal 15 Cearta cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin

1.           Beidh na cearta seo a leanas ag cumainn phóir agus ag oibríochtaí pórúcháin maidir lena gcláir phóraithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9:

(a)     a gcláir phóraithe a chur i gcrích faoi raon feidhme agus limistéar geografach na gníomhaíochta arna sainiú i gcomhréir le hAirteagal 4(2)(c);

(b)     a bheith féinrialach ó thaobh shainmhíniú agus iompar a gclár póraithe, faoi réir maoirseachta an údaráis inniúil maidir le comhlíonadh Airteagal 4(2).

2.           Beidh sé de cheart ag cumainn phóir nó ag oibríocht phórúcháin a dhéanann foráil maidir le ballraíocht

(a)     diúltú d'iarratas ar bhallraíocht mura dtagann na hainmhithe pórúcháin faoi raon feidhme an chláir phóraithe nó an limistéir gheografaigh dá dtagraítear i bpointí (ii) agus (iii) d'Airteagal 4(2)(c);

(b)     póraitheoirí a eisiamh ó bhallraíocht i gcás ina dteipeann ar na póraitheoirí sin a ndualgais atá leagtha amach sna rialacha nós imeachta i gcomhréir le pointe 3(e) de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.

Airteagal 16 Oibleagáidí cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin

1.           Leagfaidh cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin, a dhéanann foráil maidir le ballraíocht, cearta agus dualgais a gcuid ball amach ina gcuid rialacha nós imeachta i gcomhréir le pointe 3(e) de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I.

2.           Faoi raon feidhme a gcláir phóraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó le hAirteagal 9, déanfaidh cumainn phóir ainmhithe pórúcháin folaíochta a iontráil ina bpórleabhair agus cláróidh oibríochtaí pórúcháin ina rollaí póir muca pórúcháin hibrideacha atá á gcoinneáil ar ghabháltais laistigh den limistéar geografach gníomhaíochta atá sainithe i gcomhréir le hAirteagal 4(2)(c).

3.           Beidh an phríomhfhreagracht ar chumainn phóir agus ar oibríochtaí pórúcháin díospóidí a chosc agus nuair is gá díospóidí a shocrú a d'fhéadfadh teacht chun cinn idir póraitheoirí agus idir póraitheoirí agus an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin agus cláir phóraithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó 9 á gcur i gcrích acu, i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú de bhun Airteagal 14(3) ag an mBallstát ina dtagann an díospóid chun cinn agus na rialacha atá leagtha amach i bpointe 3 de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I.

CAIBIDIL IV Iontráil ainmhithe pórúcháin i bpórleabhair agus i rollaí póir agus glacadh leo le haghaidh pórúcháin, inseamhnaithe shaorga agus tástála

Roinn 1 Iontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta i bpórleabhair arna gcoinneáil ag cumainn phóir agus glacadh leo le haghaidh pórúcháin, inseamhnaithe shaorga agus tástála

Airteagal 17 Struchtúr na bpórleabhar

1.           I bpórleabhair beidh príomhchuid inar féidir ainmhithe pórúcháin a chomhlíonann na ceanglais leagtha amach i gCaibidil I agus II de Chuid 1 d’Iarscríbhinn II a iontráil nó a chlárú le haghaidh iontrála.

2.           Féadfaidh cumainn phóir an phríomhchuid a fhoroinnt in aicmí i gcás ina mbunaíonn an cumann póir critéir nó nósanna imeachta éagsúla d’iontráil na n‑ainmhithe pórúcháin folaíochta de réir a bhfiúntas in aicmí éagsúla.

D’fhéadfadh go n‑éileodh na critéir agus nósanna imeachta sin go ndéanfaí tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach ar an ainmhí pórúcháin folaíochta de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 27 nó mar atá leagtha amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 28(1) nó go ndéanfaí aon mheasúnú eile a bhfuil tuairisc air sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9 sula ndéantar é a iontráil in aicme ar leith den phríomhchuid.

Féadfaidh cumainn phóir aicmí a fhoroinnt de réir inscne agus aoise.

3.           Féadfaidh cumainn phóir, i dteannta leis an bpríomhchuid dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, cuid fhorlíontach amháin nó níos mó den phórleabhar a bhunú le haghaidh ainmhithe den speiceas céanna nach bhfuil incháilithe le haghaidh iontrála sa phríomhchuid, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann na hainmhithe ceanglais Airteagal 20(1), agus go gceadaíonn rialacha an chumainn phóir sliocht na n‑ainmhithe sin a iontráil sa phríomhchuid i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i:

(a)     i bpointe 3 de Chaibidil III de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II, i gcás ainmhithe baineanna den speiceas buaibheach, mucúil, caorach agus gabhair; nó

(b)     i bpointe 4 e Chaibidil III de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II, i gcás ainmhithe fireanna agus baineanna den speiceas eachaí.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 i ndáil le leasuithe ar na rialacha atá leagtha amach i bpointí 3 agus 4 de Chaibidil III de Chuid 1 d’Iarscríbhinn II faoina gceadaítear sliocht na n‑ainmhithe taifeadta i gcuid fhorlíontach a iontráil sa phríomhchuid.

Airteagal 18 Cuid ar leith sa phórleabhar

1.           Féadfaidh an t‑údarás inniúil clár póraithe a fhormheas ina n‑éilítear, de mhaolú ar Airteagal 17(2), go n‑iontrálfaí i gcuid ar leith den phórleabhar ainmhithe pórúcháin folaíochta ar leith den speiceas mucúil, caorach agus gabhair, ar ainmhithe iad:

(a)     a iontráiltear sa phríomhchuid de phórleabhar an phóir sin arna choinneáil ag cumann póir i mBallstát eile nó i dtríú tír;

(b)     a bhfuil tréithe ar leith acu a dhéanann idirdhealú idir iad agus daonra an phóir chéanna sa Bhallstát ina bhfuil an clár póraithe formheasta.

2.           Cuirfidh Ballstáit a bhfuil sé i gceist acu úsáid a bhaint as an maolú dá bhforáiltear i mír 1 an Coimisiún agus an Ballstát eile ar an eolas faoi roimh ré agus soláthrófar míniú réasúnaithe ina leith.

Airteagal 19 Iontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta sa phríomhchuid

1.           Déanfaidh cumainn phóir, ar iarratas ó phóraitheoirí, aon ainmhithe pórúcháin folaíochta den phór atá clúdaithe ag a gclár póraithe a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II, a iontráil nó a chlárú le haghaidh iontrála sa phríomhchuid.

2.           Ní dhiúltóidh cumainn phóir ainmhí pórúcháin folaíochta a iontráil sa phríomhchuid dá phórleabhar ar an mbonn go bhfuil an t‑ainmhí úd iontráilte cheana féin sa phríomhchuid de phórleabhar don phór céanna nó, i gcás cláir chrosphóraithe do phór eile, ar pórleabhar é arna bhunú ag cumann póir atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 4(2) i mBallstát eile nó ag comhlacht pórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 36(1) i dtríú tír.

3.           I gcás ina bhfuil an phríomhchuid roinnte in aicmí, déanfaidh an cumann póir ainmhithe pórúcháin folaíochta a chomhlíonann na critéir le haghaidh iontrála sa phríomhchuid a iontráil san aicme a fhreagraíonn d’ábhair fiúntais na n‑ainmhithe pórúcháin folaíochta sin, gan idirdhealú bunaithe ar a mbunús i mBallstát eile nó i dtríú tír.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 maidir le leasuithe ar na ceanglais a bhaineann le hiontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta sa phríomhchuid de phórleabhair leagtha amach i gCaibidil I agus II de Chuid 1 d’Iarscríbhinn II.

Airteagal 20 Ainmhithe a thaifeadadh sna codanna forlíontacha

1.           Déanfaidh cumainn phóir, ar iarratas ó phóraitheoirí, ainmhithe den speiceas atá clúdaithe ag a gclár póraithe nach bhfuil incháilithe le haghaidh iontrála sa phríomhchuid a thaifeadadh sa chuid fhorlíontach dá bhforáiltear in Airteagal 17(3), ar an gcoinníoll go gcomhlíonann na hainmhithe úd na coinníollacha atá leagtha amach i bpointí 1 agus 2 de Chaibidil III de Chuid 1 d’Iarscríbhinn II.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 maidir le leasuithe ar na coinníollacha a bhaineann le hainmhithe a thaifeadadh i gcodanna forlíontacha de phórleabhair leagtha amach i gCaibidil III de Chuid 1 d’Iarscríbhinn II.

Airteagal 21 Glacadh le hainmhithe pórúcháin folaíochta le haghaidh pórúcháin

1.           Ní eisiafaidh cumainn phóir ar fhorais zóiteicniúla nó gineolaíocha, seachas iad sin atá mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 19, úsáid na n‑ainmhithe pórúcháin folaíochta iontráilte sa phríomhchuid dá bpórleabhair le haghaidh pórúcháin a bhaineann úsáid as na teicnící atáirgthe seo a leanas:

(a)     seirbhís nádúrtha;

(b)     bailiú agus úsáid úicítí agus suthanna chun críocha pórúcháin;

(c)     bailiú seamhain ó ainmhithe pórúcháin ar a ndearnadh, nuair is infheidhme, tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 27 nó mar atá leagtha amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 28(1);

(d)     inseamhnú saorga ag úsáid an tseamhain dá dtagraítear i bpointe (c);

(e)     táirgeadh in vitro agus úsáid chun críocha pórúcháin suthanna arna dtáirgeadh ó úicítí dá dtagraítear i bpointe (b) agus arna nginiúint leis an seamhan dá dtagraítear i bpointe (c).

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 i ndáil le critéir maidir le:

(a)     glacadh na gcumann póir le hainmhithe pórúcháin folaíochta le haghaidh pórúcháin;

(b)     bailiú agus úsáid táirgí geirmeacha na n‑ainmhithe pórúcháin folaíochta chun críocha pórúcháin.

Airteagal 22 Modhanna um fhíorú sainaitheantais

1.           Éileoidh cumainn phóir go mbeidh ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach agus ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna de phórtha déiríochta an speicis caorach agus gabhair sainaitheanta trína bhfuilghrúpa anailísiú nó trí mhodh iomchuí ar bith eile lena dtugtar ar a laghad an méid céanna cinnteachta nuair atá na hainmhithe sin le húsáid chuige seo:

(a)     bailiú seamhain le haghaidh inseamhnaithe shaorga;

(b)     bailiú úicítí agus suthanna.

2.           Ar iarratas ó Bhallstát nó ó chomhlachas Eorpach de chumainn phóir le haghaidh ainmhithe folaíochta na speiceas lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modhanna a fhormheas chun fíorú a dhéanamh ar shainaitheantas ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach agus ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna de phórtha déiríochta na speiceas caorach agus gabhair, ar modhanna iad a thugann ar a laghad an méid céanna cinnteachta le hanailísiú ar fhuilghrúpa na n‑ainmhithe pórúcháin folaíochta sin, ag tabhairt aird ar dhul chun cinn teicniúil agus moltaí ó lárionaid tagartha na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 31.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

Airteagal 23 Glacadh le seamhan le haghaidh inseamhnaithe shaorga agus toirchithe in‑vitro úicítí agus le hainmhithe pórúcháin folaíochta agus a dtáirgí geirmeacha le haghaidh tástála

1.           Ní chuirfidh cumainn phóir cosc ar úsáid seamhain le haghaidh inseamhnaithe shaorga ar ainmhithe pórúcháin folaíochta baineanna nó le haghaidh toirchithe in‑vitro úicítí arna mbailiú ó ainmhithe pórúcháin folaíochta baineanna, ar an gcoinníoll gur bailíodh an seamhan ó ainmhithe pórúcháin folaíochta deontóra:

(a)     den speiceas buaibheach, mucúil, caorach agus gabhair ar glacadh leo do bhailiú seamhain le haghaidh inseamhnaithe shaorga nó toirchithe in‑vitro úicítí i mBallstát ar bhonn tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 27 agus Iarscríbhinn III;

(b)     den speiceas eachaí, ar glacadh leo do bhailiú seamhain le haghaidh inseamhnaithe shaorga nó toirchithe in‑vitro úicítí ar bhonn an chláir phóraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9.

2.           Aon ainmhithe pórúcháin folaíochta agus a dtáirgí geirmeacha atá iontráilte sa phríomhchuid de phórleabhar arna bhunú ag cumann póir atá aitheanta i mBallstát amháin, glacfaidh cumann póir leo atá ag cur cláir phóraithe i gcrích don phór céanna i mBallstáit eile chun tástáil feidhmíochta, agus, nuair is iomchuí, meastóireacht ghéiniteach, a dhéanamh, faoi na coinníollacha agus teorainneacha cainníochtúla céanna a gcuirtear i bhfeidhm i leith ainmhithe pórúcháin folaíochta agus a dtáirgí geirmeacha atá iontráilte i bpórleabhar arna bhunú don phór sin ag cumann póir atá aitheanta sa Bhallstát ina bhfuil an tástáil feidhmíochta agus an mheastóireacht ghéiniteach le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 27.

3.           Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh lárionad bailithe nó stórála seamhain nó foireann bailithe agus táirgthe suthanna a bhfuil formheas oifigiúil faighte acu chun na tráchtearraí sin a thrádáil laistigh den Aontas i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais ar shláinte ainmhithe, déanfaidh siad táirgí geirmeacha na n‑ainmhithe pórúcháin folaíochta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bhailiú, a chóireáil agus a stóráil.

4.           Nuair is gá le haghaidh trádála, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 maidir leis na coinníollacha d’fhonn glacadh leo seo:

(a)     ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí de phórtha áirithe le haghaidh inseamhnaithe shaorga agus toirchithe in‑vitro úicítí;

(b)     ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí de phórtha áirithe agus a dtáirgí geirmeacha le haghaidh tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití.

Roinn 2 Muca pórúcháin hibrideacha a chlárú i rollaí póir arna gcoinneáil ag oibríochtaí pórúcháin agus glacadh leo le haghaidh pórúcháin, inseamhnaithe shaorga agus tástála

Airteagal 24 Muca pórúcháin hibrideacha a chlárú i rollaí póir

1.           Déanfaidh oibríochtaí pórúcháin, nuair is infheidhme ar iarratas óna gcuid comhaltaí, aon mhuc phórúcháin hibrideach den chrosphór céanna a chomhlíonann na ceanglais leagtha amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn II a chlárú ina rolla póir.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 maidir le leasuithe ar na ceanglais i ndáil le muca pórúcháin hibrideacha a chlárú i rolla póir leagtha amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn II.

Airteagal 25 Glacadh le muca pórúcháin hibrideacha le haghaidh pórúcháin

1.           Ní eisiafaidh cumainn phóir ar fhorais zóiteicniúla nó gineolaíocha, seachas iad sin atá mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 27, úsáid muc pórúcháin hibrideach atá cláraithe ina rolla póir le haghaidh pórúcháin a bhaineann úsáid as na teicnící atáirgthe seo a leanas:

(a)     seirbhís nádúrtha;

(b)     bailiú agus úsáid úicítí agus suthanna chun críche pórúcháin ó mhuca baineanna le haghaidh pórúcháin;

(c)     bailiú agus úsáid seamhain ó ainmhithe pórúcháin ar a ndearnadh, nuair is infheidhme, tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 27 nó mar atá leagtha amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 28(1).

(d)     inseamhnú saorga ag úsáid an tseamhain dá dtagraítear i bpointe (c);

(e)     táirgeadh agus úsáid in vitro chun críocha pórúcháin suthanna arna dtáirgeadh ó úicítí dá dtagraítear i bpointe (b) agus arna nginiúint leis an seamhan dá dtagraítear i bpointe (c).

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 i ndáil le critéir maidir le:

(a)     glacadh na n‑oibríochtaí pórúcháin le muca pórúcháin hibrideacha le haghaidh pórúcháin;

(b)     bailiú agus úsáid seamhain, úicítí nó suthanna muc pórúcháin hibrideach chun críocha pórúcháin.

Airteagal 26 Glacadh le muca pórúcháin hibrideacha le haghaidh inseamhnaithe shaorga agus tástála

1.           Ní chuirfidh oibríochtaí pórúcháin cosc ar úsáid seamhain le haghaidh inseamhnaithe shaorga nó le haghaidh toirchithe in‑vitro úicítí arna mbailiú ó mhuca pórúcháin hibrideacha baineanna, ar an gcoinníoll gur bailíodh an seamhan ó mhuca pórúcháin hibrideacha deontóra a ndearnadh tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach ar a líne i gcomhréir le hAirteagal 27 agus Iarscríbhinn III.

2.           Aon mhuca pórúcháin hibrideacha fireanna agus a gcuid seamhain atá cláraithe i rolla póir arna bhunú ag oibríocht phórúcháin atá aitheanta i mBallstát amháin, glacfaidh oibríocht phórúcháin atá ag cur cláir phóraithe i gcrích ar an gcrosphór céanna i mBallstát eile leo le haghaidh tástála feidhmíochta, agus nuair is iomchuí le haghaidh meastóireachta géinití, faoi na coinníollacha agus teorainneacha cainníochtúla céanna atá infheidhme maidir le muca pórúcháin hibrideacha agus a gcuid seamhain atá cláraithe i rolla póir arna bhunú don chrosphór sin ag oibríocht phórúcháin atá aitheanta sa Bhallstát ina bhfuil an tástáil feidhmíochta agus an mheastóireacht ghéiniteach le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 27.

3.           Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh lárionad bailithe nó stórála seamhain a bhfuil faomhadh oifigiúil faighte aige chun na tráchtearraí sin a thrádáil laistigh den Aontas i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais ar shláinte ainmhithe, déanfaidh siad an seamhan dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bhailiú, a chóireáil agus a stóráil.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 maidir leis na coinníollacha i ndáil le glacadh le muca pórúcháin hibrideacha le haghaidh inseamhnaithe shaorga agus tástála.

CAIBIDIL V Tástáil feidhmíochta, meastóireacht ghéiniteach agus deimhnithe zóiteicniúla

Airteagal 27 Modhanna tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití

1.           I gcás ina n‑éilíonn clár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9 go ndéantar tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach d’fhonn ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, mucúil, caorach agus gabhair a aicmiú i bpórleabhair agus d’fhonn glacadh le hainmhithe pórúcháin fireanna de na speicis sin, agus a gcuid seamhain, le haghaidh pórúcháin, áiritheoidh cumainn phóir go ndéantar an tástáil feidhmíochta agus an mheastóireacht ghéiniteach sin i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas atá leagtha amach in Iarscríbhinn III:

(a)     rialacha maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, i gCuid 1;

(b)     rialacha maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas mucúil, i gCaibidil I de Chuid 2 agus i bpointe 1 de Chaibidil II de Chuid 2;

(c)     rialacha maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas caorach agus gabhair, i gCuid 3.

2.           I gcás ina n‑éilíonn clár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9 go ndéantar tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach d’fhonn ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí a aicmiú i bpórleabhair agus d’fhonn glacadh le hainmhithe pórúcháin fireanna den speiceas eachaí, agus a gcuid seamhain, le haghaidh pórúcháin, áiritheoidh cumainn phóir go ndéantar an tástáil feidhmíochta agus an mheastóireacht ghéiniteach sin i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas atá leagtha amach in Iarscríbhinn I:

(a)     na rialacha i bpointe (1)(e) de Chuid 2;

(b)     na rialacha i bpointí (1)(a)(i) agus (b)(i) agus i bpointe (2)(b) de Chuid 3.

3.           I gcás ina n‑éilíonn clár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9 go ndéantar meastóireacht ghéiniteach d’fhonn muca pórúcháin hibrideacha a aicmiú i rollaí póir agus d’fhonn glacadh le muca pórúcháin hibrideacha, agus a gcuid seamhain, le haghaidh pórúcháin, áiritheoidh oibríochtaí pórúcháin go ndéantar an mheastóireacht ghéiniteach sin i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach i bpointe 2 de Chaibidil II de Chuid 2 d’Iarscríbhinn III.

Airteagal 28 Cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme i ndáil leis na ceanglais a bhaineann le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht géiniteach

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 maidir leis na rialacha le haghaidh tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití, agus nuair is gá d’fhonn Iarscríbhinn III a leasú, le haird a thabhairt air seo a leanas:

(a)     dul chun cinn eolaíoch;

(b)     forbairtí teicniúla;

(c)     feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh; nó

(d)     an gá le hacmhainní géiniteacha luachmhara a chosaint.

2.           I bhfianaise thuairim an tsaineolaí neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 13(1)(a), féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos i ndáil le tástáil feidhmíochta agus meastóireachtaí géiniteacha agus léirmhíniú na dtorthaí dá gcuid.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

Airteagal 29 Institiúidí ainmnithe le haghaidh tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití

1.           Ainmneoidh cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin, nuair is iomchuí chun a gclár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9 a chur i gcrích, an institiúid a dhéanfaidh an tástáil feidhmíochta agus an mheastóireacht ghéiniteach ar na ainmhithe pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 27.

2.           Féadfaidh na hinstitiúidí dá bhforáiltear i mír 1:

(a)     feidhmiú mar aonaid speisialaithe faoi fhreagracht cumainn phóir nó oibríochta pórúcháin; nó

(b)     a bheith údaraithe ag an údarás inniúil atá tar éis an clár póraithe a fhormheas.

3.           Coinneoidh cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin liosta cothrom le dáta de na hinstitiúidí atá ainmnithe acu i gcomhréir le mír 1 agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.

Airteagal 30 Oibleagáidí na n‑institiúidí atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 29(1)

1.           Déanfaidh institiúidí arna n‑ainmniú ag cumainn phóir nó ag oibríochtaí pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 29(1) an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar ar iarratas ón údarás inniúil:

(a)     taifid de na sonraí uile ar thástálacha feidhmíochta a rinneadh;

(b)     sainaitheantas an chumainn phóir nó na hoibríochta pórúcháin sainithe agus an údaráis inniúil dá dtagraítear in Airteagal 29(2)(b);

(c)     mionsonraí na modhanna a úsáideadh chun saintréithe a thaifeadadh;

(d)     mionsonraí na samhla feidhmíochta a úsáideadh chun anailís a dhéanamh ar thorthaí na tástála feidhmíochta;

(e)     sonraí an mhodha staitistiúil a úsáideadh chun anailís a dhéanamh ar thorthaí na tástála feidhmíochta i gcás gach saintréith a ndearnadh meastóireacht uirthi;

(f)     sonraí na bparaiméadar géiniteach a úsáideadh i gcás gach saintréith a ndearnadh meastóireacht uirthi.

2.           Déanfaidh na hinstitiúidí arna n‑ainmniú ag cumainn phóir nó oibríochtaí pórúcháin faoi mar a foráiltear in Airteagal 29(1) torthaí na meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin a n‑úsáidtear a gcuid seamhain le haghaidh inseamhnaithe shaorga a chur ar fáil go poiblí agus a choinneáil cothrom le dáta.

Airteagal 31 Ainmniú lárionaid tagartha an Aontais Eorpaigh

1.           Ainmneoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lárionad tagartha an Aontais Eorpaigh atá freagrach as comhoibriú le cumainn phóir lena áirithiú go bhfuil na modhanna tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach aonfhoirmeach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

2.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lárionaid tagartha an Aontais Eorpaigh a ainmniú le bheith freagrach as comhchuibhiú na modhanna le haghaidh tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas seachas an speiceas buaibheach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

Airteagal 32 Ceanglais ar lárionaid tagartha an Aontais Eorpaigh agus dualgais agus feidhmeanna na lárionad sin

1.           Déanfaidh lárionaid tagartha an Aontais Eorpaigh arna n‑ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 31 an méid seo a leanas:

(a)     comhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV;

(b)     déanfaidh siad na dualgais agus feidhmeanna a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV;

(c)     oibreoidh siad le cumainn phóir agus institiúidí arna n‑ainmniú ag cumainn phóir i gcomhréir le hAirteagal 29(1) chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na modhanna tástála feidhmíochta agus na modhanna meastóireachta géinití i leith ainmhithe pórúcháin folaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 27 a éascú.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 i ndáil le leasuithe:

(a)     ar na ceanglais ar lárionaid tagartha an Aontais Eorpaigh leagtha amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV;

(b)     ar dhualgais agus feidhmeanna lárionaid tagartha an Aontais Eorpaigh leagtha amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV.

Tabharfaidh na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 2 aird chuí ar speiceas na n‑ainmhithe pórúcháin folaíochta ar a bhfuil modhanna tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití aonfhoirmeacha de dhíth agus ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil i réimse na meastóireachta géinití.

3.           Féadfaidh an Coimisiún lárionaid tagartha an Aontais Eorpaigh atá ainmnithe i gcomhréir le mír 1 nó mír 2 d'Airteagal 31 a iniúchadh le fíorú:

(a)     go gcomhlíonann siad na ceanglais leagtha amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV;

(b)     go gcomhallann siad a gcuid dualgas agus feidhmeanna leagtha amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV.

Má aimsíonn na hiniúchtaí sin nach bhfuil a chuid feidhmeanna agus dualgas faoi mar atá leagtha amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV á gcomhall ag lárionad tagartha an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Coimisiún laghdú a dhéanamh ar an méid airgid a bhronnann an tAontas mar ranníocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 31 den Treoir 2009/470/CE ón gComhairle nó féadfaidh sé an t‑ainmniú a tharraing siar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

Airteagal 33 Eisiúint, inneachar agus formáid na ndeimhnithe zóiteicniúla do thrádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha laistigh den Aontas

1.           Chun ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha a iontráil i bpórleabhair nó a chlárú i rollaí póir, eiseoidh cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin deimhnithe zóiteicniúla:

(a)     ar a mbeidh an fhaisnéis atá leagtha amach in Iarscríbhinn V;

(b)     a bheidh i gcomhréir leis na samhail‑deimhnithe zóiteicniúla dá bhforáiltear i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mír 4.

2.           Déanfaidh cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin a dhéanann tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach i gcomhréir lena gclár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9 an méid seo a leanas a shonrú sa deimhniú zóiteicniúil arna eisiúint i d'ainmhí pórúcháin nó do tháirgí geirmeacha an ainmhí sin:

(a)     aon torthaí ar thástálacha feidhmíochta atá ar fáil;

(b)     torthaí cothrom le dáta ón meastóireacht ghéiniteach;

(c)     aon sainchomharthaí géiniteacha agus lochtanna géiniteacha a bhfuil éifeacht acu ar an ainmhí féin agus tuismitheoirí agus seantuismitheoirí an ainmhí faoi mar a éilíonn an clár póraithe formheasta.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 i ndáil leis an bhfaisnéis a éilítear i gcomhréir le mír 1(a) agus nuair is gá i ndáil leis na leasuithe is gá ar inneachar na ndeimhnithe zóiteicniúla dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V.

4.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, samhail‑deimhnithe zóiteicniúla a tharraingt suas d'ainmhithe pórúcháin agus a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

Airteagal 34 Maoluithe ar eisiúint, inneachar agus formáid na ndeimhnithe zóiteicniúla do thrádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha laistigh den Aontas

1.           De mhaolú ar Airteagal 33(1), féadfaidh an t‑údarás inniúil a údarú:

(a)     gur lárionaid bailithe seamhain agus foirne bailithe nó táirgthe suthanna, arna bhformheas chun na táirgí geirmeacha sin a thrádáil i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais ar shláinte ainmhithe, a eisíonn deimhnithe zóiteicniúla;

(b)     go gcuimsítear an fhaisnéis a éilítear a áireamh sa deimhniú zóiteicniúil i ndoiciméid eile a ghabhann le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, mucúil, caorach nó gabhair agus muca pórúcháin hibrideacha, ar an gcoinníoll go ndearbhaíonn an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin ag coinneáil an phórleabhair nó an rolla póir inneachar na ndoiciméad eile sin i gcomhréir le pointe 2 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V;

(c)     go gcuimsítear an fhaisnéis a éilítear a áireamh sa deimhniú zóiteicniúil sa doiciméad sainaitheantais arna eisiúint ag an gcumann póir i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais ar sláinte ainmhithe maidir le sainaithint equidae.

2.           De mhaolú ar Airteagal 33(2)(b), má tá torthaí na meastóireachta géinití ar fáil go poiblí ar an idirlíon, féadfaidh na cumainn phóir nó oibríochtaí pórúcháin tagairt a dhéanamh sa deimhniú zóiteicniúil don láithreán gréasáin inar féidir rochtain a fháil ar na torthaí sin.

CAIBIDIL VI Rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta de speicis eile

Airteagal 35 Cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil leis na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta dá dtagraítear in Airteagal 2(i)(iii) agus a dtáirgí geirmeacha

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 i ndáil leis na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta dá dtagraítear in Airteagal 2(i)(iii) agus a dtáirgí geirmeacha I gcás ina bhfuil a leithéid riachtanach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh nó do chosaint acmhainní géiniteacha luachmhara, maidir le:

(a)     aitheantas a thabhairt do chumainn phóir;

(b)     clár phóraithe a fhormheas;

(c)     na coinníollacha maidir le hiontráil na n‑ainmhithe pórúcháin folaíochta sin i bpórleabhair;

(d)     glacadh ag cumainn phóir leis na hainmhithe pórúcháin folaíochta sin chun críche pórúcháin, inseamhnaithe shaorga agus chun a dtáirgí geirmeacha a bhailiú agus a úsáid;

(e)     na modhanna tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití do na hainmhithe pórúcháin folaíochta sin;

(f)     an fhaisnéis is gá a bheith sna deimhnithe zóiteicniúla nach mór a bheith ag gabháil le hainmhithe pórúcháin folaíochta den sórt sin.

2.           Sa mhéid go bhfuil na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 glactha ag an gCoimisiún, déanfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, samhail‑deimhnithe zóiteicniúla dá dtagraítear i mír 1(f) den Airteagal seo a tharraingt suas d’ainmhithe pórúcháin folaíochta dá dtagraítear in Airteagal 2(i)(iii) agus a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

CAIBIDIL VII Allmhairí ó thríú tíortha

Airteagal 36 Comhlachtaí pórúcháin

1.           Ar iarratas ón bpóraitheoir, déanfaidh cumainn phóir nó oibríochtaí pórúcháin aon ainmhithe pórúcháin arna n‑allmhairiú isteach san Aontas agus aon sliocht a thug a dtáirgí geirmeacha arna n‑allmhairiú isteach san Aontas a iontráil nó a chlárú ina bpórleabhair nó ina rollaí póir ar choinníoll go bhfuil na hainmhithe pórúcháin nó deontóirí na dtáirgí geirmeacha iontráilte i bpórleabhar nó cláraithe i rolla póir comhlachta pórúcháin i dtríú tír ar comhlacht é:

(a)     a chomhlíonann na critéir maidir le comhlachtaí pórúcháin a liostú dá dtagraítear in Airteagal 37;

(b)     atá i liosta de chomhlachtaí pórúcháin ar tugadh fógra ina leith don Choimisiún ag tríú tír tionscnaimh na n‑ainmhithe pórúcháin nó a dtáirgí geirmeacha.

2.           Déanfaidh an Coimisiún liostaí de chomhlachtaí pórúcháin i dtríú tíortha dá dtagraítear i mír 1(b) a choinneáil, a thabhairt cothrom le dáta agus a fhoilsiú.

Airteagal 37 Critéir maidir le comhlachtaí pórúcháin a liostú

1.           Ní cuirfidh an Coimisiún sa liosta dá bhforáiltear in Airteagal 36(2) ach comhlachtaí pórúcháin a bhfuil doiciméadacht faighte ag an gCoimisiún ina leith ó sheirbhís oifigiúil de chuid an tríú tír a léiríonn go gcomhlíonann na comhlachtaí pórúcháin is mian leis an tríú tír a bheith liostaithe na ceanglais seo a leanas:

(a)     cuireann siad cláir phóraithe i gcrích atá coibhéiseach le cláir phóraithe atá á gcur i gcrích ar an bpór nó ar an gcrosphór céanna ag cumainn phóir nó oibríochtaí pórúcháin ó thaobh na rudaí seo a leanas:

(i)      na rialacha is infheidhme maidir le hiontráil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha i bpórleabhair nó maidir lena gclárú i rollaí póir;

(ii)     na rialacha is infheidhme maidir le glacadh le hainmhithe pórúcháin chun críocha pórúcháin;

(iii)    na rialacha is infheidhme maidir le húsáid táirgí geirmeacha ainmhithe pórúcháin le haghaidh tástála agus pórúcháin;

(iv)    na modhanna a úsáidtear chun tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach a dhéanamh;

(b)     tá siad á maoirsiú agus á rialú ag seirbhís oifigiúil sa tríú tír a bhfuil na cumhachtaí is gá aici chun rialacha atá coibhéiseach leis na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)      aitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin;

(ii)     a gcláir phóraithe a fhormheas;

(iii)    iontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta i bpórleabhair agus muca pórúcháin hibrideacha a chlárú i rollaí póir;

(iv)    a modhanna tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití.

2.           Ní chuirfidh an Coimisiún sa liosta dá bhforáiltear in Airteagal 36(2) ach comhlachtaí pórúcháin tríú tíortha a bhfuil doiciméadacht faighte ag an gCoimisiún ina leith ón tseirbhís oifigiúil de chuid an tríú tír dá dtagraítear i mír 1 ina léirítear go bhfuil rialacha nós imeachta ag na comhlachtaí pórúcháin sin ar mian leis an tríú tír a bheith liostaithe chun na nithe seo a leanas a áirithiú:

(a)     go bhfuil ainmhithe pórúcháin folaíochta atá iontráilte i bpórleabhair ag cumainn phóir iontráilte nó incháilithe chun iontrála gan idirdhealúsna pórleabhair don phór céanna arna mbunú ag comhlachtaí pórúcháin sa tríú tír sin;

(b)     go bhfuil muca pórúcháin hibrideacha cláraithe i rolla póir ag oibríochtaí pórúcháin cláraithe nó incháilithe chun cláraithe gan idirdhealú i rollaí póir an chrosphóir chéanna arna bhunú ag comhlachtaí pórúcháin sa tríú tír sin.

Airteagal 38 Comhaontuithe coibhéise

1.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a aithint go bhfuil bearta cur chun feidhme atá á gcur i bhfeidhm i dtríú tír cóibhéiseach leo sin a cheanglaítear le reachtaíocht zóiteicniúil, i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)     aithint agus maoirseacht comhlachtaí póir agus oibríochtaí pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 4 nó a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 35(1);

(b)     formheas clár póraithe cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 8(1) nó a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 35(1);

(c)     iontráil ainmhithe pórúcháin i bpórleabhair agus i rollaí póir dá bhforáiltear in Airteagal 19 agus Airteagal 24 nó a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 35(1);

(d)     glacadh le hainmhithe pórúcháin le haghaidh pórúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21 agus Airteagal 25 nó a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe de bhun Airteagal 35(1);

(e)     úsáid táirgí geirmeacha le haghaidh pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 23(1) nó a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe de bhun Airteagal 35(1);

(f)     úsáid seamhain le haghaidh tástála dá bhforáiltear in Airteagal 23(2) nó a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe de bhun Airteagal 35(1);

(g)     an tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach dá bhforáiltear in Airteagal 27 nó a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 35(1).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

2.           Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)     scrúdú críochnúil ar an bhfaisnéis agus na sonraí arna soláthar ag an tríú tír i gceist de bhun Airteagal 37(1);

(b)     nuair is iomchuí, toradh sásúil rialaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 67.

3.           Féadfar a leagan amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 na rialacha mionsonraithe maidir le rialú teacht isteach san Aontas ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha ón tríú tír i gceist, agus féadfar na nithe seo a leanas a bheith i gceist:

(a)     cineál agus inneachar na ndeimhnithe nó na ndoiciméad zóiteicniúla i gcomhréir leis na ceanglais leagtha amach in Iarscríbhinn V nach mór a bheith ag gabháil leis na hainmhithe pórúcháin nó a dtáirgí geirmeacha;

(b)     ceanglais shainiúla is infheidhme maidir le teacht isteach san Aontas na n‑ainmhithe pórúcháin nó a dtáirgí geirmeacha agus na rialuithe oifigiúla atá le déanamh ar theacht isteach san Aontas;

(c)     nuair is gá, nósanna imeachta maidir le tarraingt suas agus leasú liostaí de chomhlachtaí pórúcháin sa tríú tír i gceist óna bhfuil iontráil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha isteach san Aontas ceadaithe.

4.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a aisghairm gan mhoill i gcás nach bhfuil aon cheann de na coinníollacha maidir le coibhéis ráthaíochtaí a aithint a bunaíodh tráth a nglactha á chomhlíonadh a thuilleadh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

Airteagal 39 Coinníollacha zóiteicniúla maidir le hallmhairí ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha isteach san Aontas

1.           Féadfaidh póraitheoirí ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha a allmhairiú isteach san aontas má tá siad iontráilte i bpórleabhar nó cláraithe i rolla póir comhlachta pórúcháin atá sa liosta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 36(2), nó i gcomhréir le hAirteagal 7 i gcás ina bhfuil coibhéis suite i gcomhréir le hAirteagal 38(1), agus a bhfuil deimhniú zóiteicniúil dá bhforáiltear in Airteagal 40 ina dteannta agus a bhfuil na coinníollacha breise seo a leanas á gcomhlíonadh acu:

(a)     tá fianaise i dteannta na n‑ainmhithe pórúcháin go bhfuil siad le hiontráil i bpórleabhar cumainn phóir nó le clárú i rolla póir oibríochta pórúcháin;

(b)     maidir leis an seamhan:

(i)      tógadh é ó ainmhithe pórúcháin a bhí faoi réir tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití i gcomhréir le hIarscríbhinn III i gcás inar gá tástáil agus meastóireacht den sórt sin a dhéanamh de réir Airteagal 27(1); nó

(ii)     na cainníochtaí de a allmhairítear, is cainníochtaí iad a theastaíonn chun an tástáil feidhmíochta agus an mheastóireacht ghéiniteach dá bhforáiltear in Airteagal 23(2) a dhéanamh;

(c)     tógadh nó táirgeadh na húicítí agus suthanna ó ainmhithe pórúcháin a bhí faoi réir tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití i gcomhréir le hIarscríbhinn III i gcás inar gá tástáil agus meastóireacht den sórt sin a dhéanamh de réir Airteagal 27(1).

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 maidir leis na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha d’allmhairí ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha isteach san Aontas chun staid shainiúil zóiteicniúil tríú tír tionscnaimh ainmhí pórúcháin a chur san áireamh.

Airteagal 40 Eisiúint, inneachar agus formáid na ndeimhnithe zóiteicniúla d'allmhairí ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha isteach san Aontas

1.           Chun ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha a iontráil i bpórleabhair nó a chlárú i rollaí póir, beidh na deimhnithe zóiteicniúla dá dtagraítear in Airteagal 39(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)     beidh siad eisithe ag an gcomhlacht pórúcháin atá liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 36(2);

(b)     áireofar iontu an fhaisnéis atá leagtha amach in Iarscríbhinn V;

(c)     tarraingeofar suas iad i gcomhréir leis an samhail‑deimhniú zóiteicniúil dá foráiltear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mír 2.

2.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, samhail‑deimhnithe zóiteicniúla a tharraingt suas d'allmhairí ainmhithe pórúcháin agus a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna isteach san Aontas.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

Airteagal 41 Maoluithe ar eisiúint, inneachar agus formáid deimhnithe zóiteicniúla d'allmhairí ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha isteach san Aontas

1.           De mhaolú ar Airteagal 40(1)(a), féadfar a bheith ag gabháil le táirgí geirmeacha deimhniú zóiteicniúil arna eisiúint thar ceann an chomhlachta pórúcháin dá dtagraítear in Airteagal 40(1)(a) ag ionaid bailithe seamhain nó ag ionaid bailithe suthanna nó foirne táirgthe suthanna a formheasadh chun na táirgí geirmeacha sin a allmhairiú isteach san Aontas i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais ar shláinte ainmhithe.

2.           De mhaolú ar Airteagal 40(1)(b), d’fhéadfadh an fhaisnéis is gá a áireamh sa deimhniú zóiteicniúil a bheith

(a)     le fáil i ndoiciméid eile atá ag gabháil leis an ainmhí pórúcháin nó a tháirgí geirmeacha ar an gcoinníoll gur dheimhnigh an comhlacht pórúcháin a bhfuil an pórleabhar nó an rolla póir á choinneáil aige inneachar na ndoiciméad i gcomhréir le pointe 2 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V;

(b)     i dtagairt don láithreán gréasáin ar a bhfuil rochtain ar na torthaí, ar an gcoinníoll go bhfuil torthaí na meastóireachta géinití ar fáil don phobal ar an idirlíon.

Airteagal 42 Seiceálacha zóiteicniúla ar ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha dá gcuid arna n‑allmhairiú isteach san Aontas

1.           Déanfaidh Ballstáit seiceálacha zóiteicniúla ar choinsíneachtaí ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha arna n‑allmhairiú isteach san Aontas ó thríú tíortha ag an bpost rialuithe teorann ina ndéantar na seiceálacha doiciméadacha, céannachta agus fisiceacha i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. […] [COM/2013/0265 final - 2013/0140 (COD)].

2.           Chun críche mhír 1, cuirfidh allmhaireoirí ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha an deimhniú zóiteicniúil faoi bhráid an oifigigh atá i mbun na seiceálacha doiciméadacha, céannachta agus fisiceacha dá dtagraítear i mír 1, nach mór a bheith ag gabháil leis an gcoinsíneacht i gcomhréir le hAirteagal 39(1).

Airteagal 43 Coinníollacha maidir le hiontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta arna n‑allmhairiú isteach san Aontas i bpórleabhair

1.           Sa phríomhchuid dá bpórleabhair cuirfidh cumainn phóir isteach sonraí i leith ainmhithe pórúcháin folaíochta:

(a)     a allmhairíodh isteach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 39(1)(a);

(b)     a rugadh i mBallstát mar thoradh ar atáirgeadh cuidithe ag baint úsáide as

(i)      seamhan, arna allmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 39(1)(b);

(ii)     úicítí, nó suthanna, arna n‑allmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 39(1)(c).

2.           Féadfaidh cumainn phóir ainmhithe pórúcháin folaíochta arna n‑allmhairiú isteach san Aontas agus a chomhlíonann na caighdeáin atá leagtha amach don phór sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9, féadfaidh siad iad a iontráil sa phríomhchuid dá bpórleabhar más rud é:

(a)     go gcomhlíonann an comhlacht pórúcháin na critéir do liostú comhlachtaí pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 37;

(b)     go bhfuil foráil déanta sa chlár póraithe formheasta maidir le hiontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta den sórt sin sa phríomhchuid den phórleabhar;

(c)     go bhfuil deimhniú zóiteicniúil ag gabháil leis na hainmhithe pórúcháin folaíochta:

(i)      a eisíodh ag an gcomhlacht pórúchain dá dtagraítear i bpointe (a);

(ii)     a bhfuil an fhaisnéis leagtha amach in Iarscríbhinn V san áireamh ann.

Airteagal 44 Coinníollacha maidir le muca pórúcháin hibrideacha arna n‑allmhairiú isteach san Aontas a chlárú i rollaí póir

1.           Cláróidh oibríochtaí pórúcháin ina rollaí póir muca pórúcháin hibrideacha:

(a)     a allmhairíodh isteach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 39(1)(a);

(b)     a rugadh i mBallstát mar thoradh ar atáirgeadh cuidithe ag baint úsáide as

(i)      seamhan, arna allmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 39(1)(b);

(ii)     úicítí, nó suthanna, arna n‑allmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 39(1)(c).

2.           Féadfaidh oibríochtaí pórúcháin muca pórúcháin hibrideacha arna n‑allmhairiú isteach san Aontas agus a chomhlíonann na caighdeáin atá leagtha amach don chrosphór sin sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9, féadfaidh siad iad a chlárú ina rolla póir más rud é:

(a)     go gcomhlíonann an comhlacht pórúcháin arna bhunú sa tríú tír ceanglais Airteagal 37;

(b)     go bhfuil foráil déanta sa chlár póraithe formheasta maidir le clárú muc pórúcháin hibrideach den sórt sin sa rolla póir.

CAIBIDIL VIII Coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha maidir le hallmhairí ainmhithe pórúcháin folaíochta de speicis eile isteach san Aontas

Airteagal 45 Cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme i ndáil leis na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha maidir le hallmhairí ainmhithe pórúcháin folaíochta dá dtagraítear in Airteagal 2(i)(iii) agus a dtáirgí geirmeacha isteach san Aontas

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 71 i ndáil le rialacha sonracha maidir le hallmhairí ainmhithe pórúcháin folaíochta dá dtagraítear in Airteagal 2(i)(iii) agus a dtáirgí geirmeacha isteach san Aontas i gcás ina bhfuil sin riachtanach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh nó do chosaint acmhainní géiniteacha luachmhara, maidir le:

(a)     liostú comhlachtaí pórúcháin;

(b)     na coinníollacha d’iontráil na n‑ainmhithe folaíochta sin i bpórleabhair arna mbunú ag cumainn phóir;

(c)     glacadh ag cumainn phóir leis na hainmhithe pórúcháin folaíochta sin chun pórú agus inseamhnú saorga a dhéanamh agus chun a dtáirgí geirmeacha a bhailiú agus a úsáid;

(d)     na modhanna chun tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach a dhéanamh ar na hainmhithe folaíochta sin;

(e)     an phríomhfhaisnéis atá le bheith sa deimhniú zóiteicniúil nach mór a bheith ag gabháil leis na hainmhithe pórúcháin folaíochta sin agus lena dtáirgí geirmeacha.

2.           Sa mhéid go bhfuil na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 glactha ag an gCoimisiún, déanfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, samhail‑deimhnithe zóiteicniúla dá dtagraítear i mír 1(f) a tharraingt suas d’ainmhithe pórúcháin folaíochta dá dtagraítear in Airteagal 2(i)(iii) agus a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

CAIBIDIL IX Rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile, cúnamh riaracháin, comhar agus forfheidhmiú ag Ballstáit

Airteagal 46 Rialacha ginearálta maidir le rialuithe oifigiúla

1.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil rialuithe oifigiúla go rialta ar chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin, ar bhonn riosca agus a mhinice is iomchuí, agus aird á tabhairt ar an méid seo a leanas:

(a)     cásanna aitheanta de neamhchomhlíonadh a bhaineann le:

(i)      ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha;

(ii)     na gníomhaíochtaí atá faoi rialú ag cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin;

(iii)    suíomh gníomhaíochtaí nó oibríochtaí póraitheoirí, cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin;

(b)     seantaifid cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin maidir le torthaí na rialuithe oifigiúla rinneadh orthu agus comhlíonadh na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(c)     iontaofacht agus torthaí féinrialuithe a rinne na cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin, nó a rinne tríú páirtithe ar iarraidh uathu, lena áirithiú go raibh na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo á gcomhlíonadh;

(d)     aon fhaisnéis a d’fhéadfadh neamhchomhlíonadh a léiriú.

2.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil rialuithe oifigiúla go rialta agus a mhinice is iomchuí chun sáruithe intinniúla féideartha ar na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a aithint, agus aird á tabhairt ar aon fhaisnéis a bhaineann le sáruithe intinniúla féideartha den sórt sin arna roinnt trí mheicníochtaí an chúnaimh riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 53 agus aon fhaisnéis eile ar fianaise atá ann ar sháruithe den sórt sin a bheith i gceist, mar aon leis na critéir dá dtagraítear i mír 1.

3.           Aon rialuithe oifigiúla a ndéantar roimh ainmhithe pórúcháin áirithe agus a dtáirgí geirmeacha a thrádáil i bhfianaise eisiúint na ndeimhnithe oifigiúla nó na bhfianuithe oifigiúla a cheanglaítear leis na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán mar choinníoll chun ainmhithe pórúcháin nó a dtáirgí geirmeacha a thrádáil, déanfar iad i gcomhréir leo seo:

(a)     na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b)     na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 35 agus Airteagal 45.

4.           Déanfar rialuithe oifigiúla eile i ndiaidh réamhfhógra a thabhairt don phóraitheoir, cumann póir nó oibríocht phórúcháin ach amháin má tá cúiseanna troma ann na rialuithe a dhéanamh gan fógra roimh ré.

5.           Déanfar rialuithe oifigiúla a mhéid agus is féidir ar shlí a laghdaíonn an t‑ualach ar an bpóraitheoir, cumann póir nó oibríocht phórúcháin.

6.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil na rialuithe oifigiúla leis an gcúram céanna is cuma an bhfuil nó nach bhfuil na hainmhithe pórúcháin nó a dtáirgí geirmeacha:

(a)     ar fáil ar mhargadh an Aontais, cibé acu an de thionscnamh an Bhallstáit ina ndéantar na rialuithe oifigiúla nó de thionscnamh Ballstáit eile iad; nó

(b)     ag teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha.

Airteagal 47 Trédhearcacht na rialuithe oifigiúla

1.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil rialuithe oifigiúla ar bhealach a léiríonn ardleibhéal trédhearcachta agus a chuireann faisnéis ábhartha a bhaineann le heagrú agus le feidhmiú rialuithe oifigiúla ar fáil don phobal.

Cinnteoidh sé foilsiú rialta agus tráthúil faisnéise maidir leis na rialuithe oifigiúla a dhéanann sé agus áireofar san fhaisnéis sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)     cineál, líon agus toradh na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh aige;

(b)     cineál agus líon na gcásanna neamhchomhlíonta arna dtabhairt faoi deara;

(c)     na cásanna ina ndearna sé bearta i gcomhréir le hAirteagal 61;

(d)     na cásanna ina ndearna sé na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 62 a fhorchur.

2.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid inar cheart an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 1 le foilsiú a leagan síos agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

3.           Féadfaidh an t‑údarás inniúil faisnéis maidir le rátáil cumann póir aonair agus oibríochtaí pórúcháin, agus í bunaithe ar mheasúnú ar a mhéid a chomhlíonann siad na critéir rátála agus ar thorthaí na rialuithe oifigiúla, a fhoilsiú nó a chur ar fáil don phobal ar shlí eile, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a)     tá na critéir rátála oibiachtúil, trédhearcach agus ar fáil don phobal;

(b)     tá socruithe iomchuí i bhfeidhm chun comhsheasmhacht agus trédhearcacht an phróisis rátála a chinntiú.

Airteagal 48 Rialú doiciméadaithe agus nósanna imeachta fíorúcháin rialaithe

1.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil rialuithe oifigiúla i gcomhréir le nósanna imeachta doiciméadaithe, ina dtabharfar treoracha mionsonraithe don fhoireann a bheidh i mbun na rialuithe oifigiúla sin.

2.           Beidh nósanna imeachta inmheánacha ag an údarás inniúil chun comhsheasmhacht agus éifeachtacht rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí eile a dhéanann sé a fhíorú.

3.           Tabharfaidh an t‑údarás inniúil faoin méid seo a leanas:

(a)     gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh i ngach cás ina n‑aithníonn na nósanna imeachta inmheánacha dá bhforáiltear i mír 2 easnaimh i gcomhsheasmhacht agus in éifeachtacht rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile;

(b)     na nósanna imeachta doiciméadaithe dá bhforáiltear i mír 1 a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí.

Airteagal 49 Tuarascálacha ar rialuithe oifigiúla

1.           Tarraingeoidh an t‑údarás inniúil suas tuarascálacha ar na rialuithe oifigiúla uile a dhéanann sé agus áireofar an méid seo a leanas iontu:

(a)     tuairisc ar chuspóir na rialuithe oifigiúla;

(b)     na modhanna rialaithe a úsáideadh;

(c)     torthaí na rialuithe oifigiúla;

(d)     nuair is iomchuí, aon ghníomhaíocht a iarrann an t‑údarás inniúil ar an bpóraitheoir, cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin a dhéanamh mar thoradh ar na rialuithe oifigiúla.

2.           Soláthróidh an t‑údarás inniúil cóip den tuarascáil dá bhforáiltear i mír 1 don phóraitheoir, cumann póir nó oibríocht phórúcháin a bhí faoi réir rialaithe oifigiúil.

Airteagal 50 Modhanna agus teicnící chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh

1.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil rialuithe oifigiúla a fheidhmiú trí úsáid a bhaint as modhanna agus teicnící lena n‑áirítear, nuair is iomchuí, fíorú, cigireachtaí agus iniúchtaí.

2.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil rialuithe oifigiúla ar phóraitheoirí, cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin lena n‑áirítear na nithe seo a leanas, nuair is iomchuí:

(a)     scrúdú ar na córais rialaithe atá bunaithe ag cumainn phóir agus ag oibríochtaí pórúcháin agus ar na torthaí atá bainte amach ag na córais rialaithe sin;

(b)     cigireacht ar:

(i)      áitreabh, oifigí agus trealamh póraitheoirí, cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin;

(ii)     ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha na bpóraitheoirí;

(iii)    lipéadú, láithreoireacht agus fógraíocht póraitheoirí, cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin;

(c)     scrúdú ar dhoiciméid agus taifid eile a d’fheadfadh a bheith ábhartha don mheasúnú ar chomhlíonadh na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(d)     agallaimh le baill agus foireann na gcumann póir agus oibríochtaí pórúcháin;

(e)     aon ghníomhaíocht eile a theastaíonn chun cás neamhchomhlíonta a aithint.

Airteagal 51 Oibleagáidí póraitheoirí, cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin

1.           Tabharfaidh póraitheoirí, cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin an rochtain is gá d'oifigigh an údaráis inniúil ar na nithe seo a leanas, i gcás inar gá sin d’fheidhmiú rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile:

(a)     áitreabh, oifigí agus trealamh;

(b)     córais bhainistíochta faisnéise ríomhairithe;

(c)     ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha;

(d)     doiciméid agus aon fhaisnéis ábhartha eile.

2.           Le linn rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile, cabhróidh póraitheoirí, cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin le hoifigigh an údaráis inniúil lena dtascanna a chur i gcrích.

3.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan amach lena mbunaítear:

(a)     socruithe chun rochtain a thabhairt d’oifigigh an údaráis inniúil ar na córais bhainistíochta faisnéise ríomhairithe dá dtagraítear i mír 1(b);

(b)     rialacha aonfhoirmeacha maidir leis an gcúnamh, dá bhforáiltear i mír 2, a thabharfaidh póraitheoirí, cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin don údarás inniúil.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

Airteagal 52 Tarmligean cumhachtaí a bhaineann le rialacha sainiúla maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíocht nach mór d'údarás inniúil a dhéanamh i ndáil le hainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 i ndáil le rialacha:

(a)     maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha chun comhlíonadh na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá dtagraítear sa Rialachán seo a fhíorú;

(b)     maidir leis an ngníomhaíocht atá le déanamh ag an údarás inniúil i bhfianaise na dtorthaí arna bhfáil tar éis rialuithe oifigiúla a dhéanamh.

2.           Sonróidh na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1:

(a)     freagrachtaí agus tascanna sainiúla an údaráis inniúil, i dteannta na bhfreagrachtaí agus na dtascanna dá bhforáiltear in Airteagail 46 go 50;

(b)     maidir le cásanna sainiúla neamhchomhlíonta, na cásanna ina ndéanfaidh an t‑údarás inniúil ceann amháin nó níos mó de na bearta dá bhforáiltear i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 66(1) nó ina ndéanfaidh sé bearta breise anuas ar a bhforáiltear san Airteagal sin.

Airteagal 53 Rialacha ginearálta maidir le cúnamh agus comhar riaracháin

1.           Soláthróidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit cúnamh riaracháin dá chéile chun úsáid cheart na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú i gcásanna neamhchomhlíonta lena mbaineann a mbunús, leathnú agus éifeachtaí le níos mó ná Ballstát amháin.

2.           Áireofar sa chúnamh riaracháin dá bhforáiltear i mír 1, nuair is iomchuí, rannpháirtíocht údaráis inniúil Ballstáit i rialuithe oifigiúla ar an láthair arna ndéanamh ag údarás inniúil Ballstát eile.

3.           Beidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo gan dochar do rialacha náisiúnta:

(a)     is infheidhme maidir le scaoileadh doiciméad atá ina ndíol imeachtaí breithiúnacha, nó atá bainteach leo;

(b)     atá dírithe ar leasanna tráchtála daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chosaint.

4.           Ba cheart gach cumarsáid idir údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagail 54, 55 agus 56 a dhéanamh i scríbhinn.

Airteagal 54 Cúnamh ar é a iarraidh

1.           I gcás ina measann an t‑údarás inniúil ("an t‑údarás inniúil iarrthach") gá a bheith le faisnéis ó údarás inniúil i mBallstát eile ("an t‑údarás inniúil iarrtha") chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh nó chun bearta leantacha éifeachtacha a dhéanamh, cuirfidh sé iarratas réasúnaithe chuig an údarás inniúil sin.

Déanfaidh an t‑údarás inniúil iarrtha na nithe seo a leanas gan moill mhíchuí:

(a)     a admháil go bhfuil an t‑iarratas réasúnaithe faighte aige agus an méid ama is gá chun an fhaisnéis iarrtha a chur ar fáil a léiriú;

(b)     rialuithe oifigiúla nó imscrúduithe a dhéanamh atá riachtanach chun na nithe seo a leanas a chur i gcrích

(i)      an fhaisnéis is gá agus doiciméid bhunaidh nó cóipeanna deimhnithe den fhaisnéis sin a sholáthar don údarás inniúil iarrthach;

(ii)     comhlíonadh na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fhíorú, ar an láthair más gá, laistigh dá dhlínse.

2.           Féadfaidh na húdaráis inniúla iarrthacha agus na húdaráis inniúla iarrtha comhaontú go mbeidh oifigigh arna n‑ainmniú ag an údarás inniúil iarrthach i láthair i rith na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i bpointe (b)(i) den dara fomhír de mhír 1.

I gcásanna den sórt sin, maidir le hoifigigh an údaráis inniúil iarrthaigh:

(a)     beidh siad in ann ag gach tráth údarás scríofa a sholáthar ina sonraítear a gcéannacht agus a gcáil oifigiúil;

(b)     beidh rochtain acu ar an áitreabh agus ar na doiciméid chéanna is atá ag oifigeach reatha an údaráis inniúil iarrtha chun críche na rialuithe oifigiúla atá á ndéanamh, agus chun na críche sin amháin;

(c)     ní fhéadfaidh siad, ar a gconlán féin, na cumhachtaí rialuithe oifigiúla arna dtabhairt d’oifigigh an údaráis inniúil iarrtha a fheidhmiú.

Airteagal 55 Cúnamh gan iarraidh

1.           I gcás inar léir don údarás inniúil gur ann do chás neamhchomhlíonta, agus i gcás ina bhféadfadh sé go mbeadh impleachtaí ag an neamhchomhlíonadh sin ar Bhallstát eile, tabharfaidh sé fógra faoi sin d'údarás inniúil an Bhallstáit eile ar a chonlán féin agus gan moill mhíchuí.

2.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil ar tugadh fógra dó i gcomhréir le mír 1:

(a)     a admháil gan mhoill go bhfuarthas an fógra;

(b)     a léiriú laistigh de dheich lá ón bhfógra a fháil:

(i)      na himscrúduithe atá beartaithe aige i ndáil leis an gcás neamhchomhlíonta dá dtagraítear i mír 1; nó

(ii)     na cúiseanna a measann sé nach bhfuil gá le himscrúduithe.

3.           I gcás ina gcinneann an t‑údarás inniúil ar tugadh fógra dó i gcomhréir le mír 1 imscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir le mír 2, cuirfidh sé, gan mhoill, torthaí na n‑imscrúduithe sin agus, nuair is iomchuí, aon bhearta a rinneadh dá thoradh, in iúl don údarás inniúil a thabharfaidh fógra dó.

Airteagal 56 Cúnamh i gcás neamhchomhlíonta

1.           Más rud é, i rith rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ar ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha de thionscnamh Ballstáit eile, go bhfaigheann an t‑údarás inniúil amach nach gcomhlíonann na hainmhithe pórúcháin nó a dtáirgí geirmeacha na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá dtagraítear sa Rialachán seo sa dóigh is go bhfuil sárú trom ar na rialacha sin á dhéanamh, tabharfaidh sé fógra, gan mhoill, d’údarás inniúil an Bhallstáit seolta agus aon Bhallstáit eile i gceist ionas go mbeidh ar a gcumas imscrúduithe iomchuí a dhéanamh.

2.           Déanfaidh na húdaráis inniúla ar tugadh fógra dóibh i gcomhréir le mír 1, na nithe seo a leanas gan moill mhíchuí:

(a)     a admháil go bhfuarthas an fógra agus léiriú a thabhairt ar na himscrúduithe atá beartaithe acu maidir leis an gcás neamhchomhlíonta dá dtagraítear i mír 1;

(b)     an t‑ábhar a imscrúdú, gach beart is gá a dhéanamh agus an t‑údarás inniúil a thug an fógra a chur ar an eolas maidir le cineál na n‑imscrúduithe agus na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh acu, aon chinntí a dhéantar agus na cúiseanna leis na cinntí sin.

3.           Má tá cúis ag an údarás inniúil a thug an fógra dá dtagraítear i mír 1 lena chreidiúint nach ndéileálann na himscrúduithe nó na bearta arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla ar tugadh fógra dóibh i gcomhréir le mír 2 go cuí leis an gcás neamhchomhlíonta, iarrfaidh siad ar na húdaráis inniúla ar tugadh fógra dóibh rialuithe nó bearta oifigiúla breise a dhéanamh.

I gcásanna den sórt sin:

(a)     lorgóidh na húdaráis inniúla ón dá Bhallstát bealaí agus modhanna chun teacht ar chur chuige comhaontaithe agus é mar aidhm déileáil go cuí leis an gcás neamhchomhlíonta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n‑áirítear trí rialuithe comhpháirteacha oifigiúla ar an láthair a dheánamh i gcomhréir le hAirteagal 53(2) agus Airteagal 54(2);

(b)     cuirfidh siad in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí mura bhfuil siad in ann teacht ar chomhaontú maidir le bearta cuí.

4.           I gcás ina léiríonn rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ar ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha de thionscnamh Ballstáit eile nach bhfuil na rialacha dá dtagraítear i mír 1 á gcomhlíonadh arís agus arís eile, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ceann scríbe é sin in iúl don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát eile gan moill mhíchuí.

Airteagal 57 Faisnéis i ndáil le neamhchomhlíonadh a fhaightear ó thríú tíortha

1.           I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil faisnéis ó thríú tír ina léirítear nach bhfuil na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá dtagraítear sa Rialachán seo á gcomhlíonadh, tabharfaidh sé fógra faoi sin, gan moill mhíchuí, dóibh seo a leanas:

(a)     don Choimisiún  i gcás ina bhfuil nó ina bhféadfadh sé a bheith ábhartha ag leibhéal an Aontais;

(b)     don údarás inniúil i mBallstáit eile lena mbaineann.

2.           Féadfar faisnéis arna fáil trí rialuithe oifigiúla agus imscrúduithe arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán sin a chur in iúl don tríú tír dá dtagraítear i mír 1, ar an gcoinníoll:

(a)     go dtoilíonn na húdaráis inniúla a sholáthair an fhaisnéis é sin a dhéanamh;

(b)     go bhfuil geallta ag an tríú tír an cúnamh is gá chun fianaise a sholáthar faoi na cleachtais nach gcomhlíonann rialacha an Aontais nó a bhfuil an chosúlacht sin orthu;

(c)     go bhfuil rialacha ábhartha Aontais agus náisiúnta infheidhme maidir le scaipeadh sonraí pearsanta chuig tríú tíortha á gcomhlíonadh.

Airteagal 58 Cúnamh agus bearta leantacha ón gCoimisiún

1.           Comhordóidh an Coimisiún gan mhoill na bearta geallta ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an gCaibidil seo i gcás:

(a)     ina léiríonn an fhaisnéis atá ar fáil don Choimisiún go bhfuil na nithe seo a leanas ag baint le gníomhaíochtaí nach gcomhlíonann na rialacha, nó go bhfuil an chosúlacht sin orthu:

(i)      tá nó d’fhéadfadh sé go mbeadh iarmhairtí ag na gníomhaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin; nó

(ii)     d’fhéadfaidís a bheith ag tarlú i níos mó ná Ballstát amháin;

(b)     nach bhfuil na húdaráis inniúla sna Ballstáit i gceist in ann teacht ar chomhaontú faoi cén beart is iomchuí le déileáil leis an neamhchomhlíonadh.

2.           Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún:

(a)     i gcomhar leis an mBallstát i gceist, foireann chigireachta a chur chun na rialú oifigiúil ar an láthair a dhéanamh;

(b)     a iarraidh go ndéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit seolta agus, nuair is iomchuí, údarás inniúil aon Bhallstáit eile i gceist, a rialuithe oifigiúla a threisiú go cuí agus na bearta atá curtha i gcrích acu a thuairisciú;

(c)     faisnéis a bhaineann le cásanna den sórt sin a chur faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 72(1), mar aon le togra le haghaidh beart chun na cásanna neamhchomhlíonta dá dtagraítear i mír a réiteach 1(a).

Airteagal 59 Prionsabal ginearálta do mhaoiniú rialuithe oifigiúla

1.           Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh acmhainní leordhóthanacha airgeadais ar fáil chun an fhoireann agus na hacmhainní eile is gá a sholáthar don údarás inniúil chun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh.

2.           Féadfaidh Ballstáit táillí a bhailiú chun costais arna dtabhú ag rialuithe oifigiúla arna ndéanamh acu a chumhdach.

Airteagal 60 Oibleagáidí ginearálta na n‑údarás inniúil maidir le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin

1.           Agus iad ag gníomhú i gcomhréir leis an gCaibidil seo, tabharfaidh na húdaráis inniúla tosaíocht do ghníomhaíocht chun deireadh a chur le neamhchomhlíonadh nó chun éifeachtaí neamhchomhlíonta ar thrádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha a mhaolú.

2.           I gcás amhrais maidir le neamhchomhlíonadh, déanfaidh na húdaráis inniúla imscrúdú chun an t‑amhras sin a dheimhniú nó a dhíchur.

3.           Más gá, áireofar san imscrúdú dá dtagraítear i mír 2 rialuithe oifigiúla níos déine ar ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha agus ar phóraitheoirí, cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin go ceann tréimhse iomchuí.

Airteagal 61 Imscrúduithe agus bearta i gcás neamhchomhlíonadh atá deimhnithe

1.           I gcás ina bhfaightear amach go bhfuil neamhchomhlíonadh ann, déanfaidh na húdaráis inniúla na nithe seo a leanas:

(a)     aon imscrúdú breise is gá chun bunús agus méid an neamhchomhlíonta a chinneadh agus freagrachtaí na bpóraitheoirí, cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin a shocrú;

(b)     bearta iomchuí a dhéanamh chun a chinntiú go réitíonn póraitheoirí, cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin an neamhchomhlíonadh agus go gcuireann siad cosc ar an bhféidearthacht go dtarlódh sé arís.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na bearta ba cheart a dhéanamh, tabharfaidh na húdaráis inniúla aird ar chineál an neamhchomhlíonta agus teist an phóraitheora, cumann póir nó oibríocht pórúcháin go dtí sin i ndáil le comhlíonadh.

2.           Agus iad ag gníomhú i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh údaráis inniúla, de réir mar is cuí, faoin méid seo a leanas:

(a)     an iontráil i bpórleabhair ainmhithe pórúcháin folaíochta nó clárú muc pórúcháin hibrideach i rollaí póir a chur ar atráth;

(b)     athrú ar stádas na n‑ainmhithe nó a dtáirgí geirmeacha atá beartaithe do phórú i gcomhréir leis an Rialachán seo a ordú nó faisnéis cheartaitheach a sholáthar do phóraitheoirí;

(c)     srian nó toirmeasc a chur ar thrádáil ainmhithe agus táirgí geirmeacha mar ainmhithe pórúcháin nó táirgí geirmeacha mar atá siad sainithe in Airteagal 2, nó a n‑allmhairiú isteach san Aontas nó a n‑onnmhairiú chuig tríú tíortha nó ordú go seolfar ar ais chuig an mBallstát seolta iad;

(d)     a ordú go méadódh an póraitheoir, cumann póir nó oibríocht phórúcháin minicíocht a fhéinrialuithe;

(e)     a ordú go bhfuil gníomhaíochtaí áirithe an phóraitheora, an chumainn phóir nó na hoibríochta pórúcháin i gceist faoi réir rialuithe oifigiúla méadaithe nó córasacha;

(f)     a ordú go gcuirfí deireadh go ceann tréimhse ama iomchuí le gníomhaíochtaí uile nó cuid de ghníomhaíochtaí an phóraitheora, an chumainn phóir nó na hoibríochta pórúcháin i gceist agus, más cuí, leis an láithreán gréasáin a fheidhmíonn nó a úsáideann sé agus formheas clár póraithe arna chur i gcrích ag cumann póir nó oibríocht phórúcháin a chur ar fionraí, i gcás ina dteipeann ar an gcumann póir nó ar an oibríocht phórúcháin arís agus arís eile, go leanúnach nó go ginearálta ceanglais an chláir phóraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9 a chomhlíonadh;

(g)     a ordú go dtarraingeofaí siar aitheantas an chumainn phóir nó na hoibríochta pórúcháin arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 4(2), má léiríonn cleachtas riaracháin an chumainn phóir sin nó na hoibríochta pórúcháin go dteipeann air arís agus arís eile, go leanúnach nó go ginearálta ceanglais Airteagal 4(2)(c) a chomhlíonadh;

(h)     aon bheart eile a measann na húdaráis inniúla a bheith ábhartha chun comhlíonadh leis na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú.

3.           Soláthróidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas don phóraitheoir, don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin lena mbaineann, nó d'ionadaí dá gcuid:

(a)     fógra i scríbhinn dá gcinneadh maidir leis an ngníomhaíocht nó beart atá le déanamh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, i dteannta na gcúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin; agus,

(b)     faisnéis ar chearta achomhairc i gcoinne cinntí den sórt sin agus ar an nós imeachta agus na teorainneacha ama is infheidhme.

4.           Beidh an caiteachas uile arna thabhú de bhun an Airteagail seo le híoc ag an bpóraitheoir, ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin freagrach.

Airteagal 62 Pionóis

Déanfaidh Ballstáit na rialacha maidir le pionóis atá infheidhme ar sháruithe maidir le forálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus déanfaidh siad cibé beart is gá lena áirithiú go ndéantar iad a chur i bhfeidhm. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha don Choimisiún faoin dáta léirithe sa dara mír d’Airteagal 74 ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

CAIBIDIL X Rialuithe ag an gCoimisiún

Roinn 1 Rialuithe an Choimisiúin i mBallstáit

Airteagal 63 Rialuithe an Choimisiúin i mBallstáit

1.           Déanfaidh saineolaithe an Choimisiúin rialuithe a i ngach Ballstát chun:

(a)     cur i bhfeidhm foriomlán na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fhíorú;

(b)     feidhmiú na gcóras rialaithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 46 agus an údaráis inniúil atá freagrach as a n‑oibriú a fhíorú;

(c)     faisnéis a imscrúdú agus a bhailiú:

(i)      ar rialuithe oifigiúla agus cleachtais forfheidhmiúcháin;

(ii)     ar fhadhbanna tábhachtacha nó athfhillteacha a bhaineann le cur i bhfeidhm nó forfheidhmiú na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(iii)    i ndáil le fadhbanna atá ag teacht chun cinn nó forbairtí nua sna Ballstáit

2.           Eagrófar rialuithe an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 1 i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát agus d'fhéadfadh sé go mbeadh fíoruithe ar an láthair i gcomhar le foireann an údaráis inniúil a bhfuil na rialuithe oifigiúla á ndéanamh aige i gceist freisin.

3.           Féadfaidh saineolaithe ó na Ballstáit cúnamh a thabhairt do shaineolaithe an Choimisiúin.

Beidh na cearta céanna rochtana ag saineolaithe náisiúnta atá i dteannta saineolaithe an Choimisiúin agus a bheidh ag saineolaithe an Choimisiúin.

Airteagal 64 Tuarascálacha ar rialuithe an Choimisiúin i mBallstáit

1.           Déanfaidh an Coimisiún:

(a)     cóip dá dhréacht‑tuarascáil maidir le torthaí na rialuithe a rinne sé a ullmhú agus a sheoladh chuig an mBallstát ina ndearnadh na rialuithe i gcomhréir le hAirteagal 63(1) agus iarraidh ar an mBallstát a bharúlacha a sheoladh ar ais;

(b)     an tuarascáil deiridh maidir le torthaí na rialuithe Coimisiúin sin a ullmhú, agus barúlacha an Bhallstáit dá bhforáiltear i bpointe (a) a chur san áireamh;

(c)     an tuarascáil deiridh a chur ar fáil don phobal mar aon le barúlacha an Bhallstáit dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b).

2.           Nuair is iomchuí, d’fhéadfadh an Coimisiún a mholadh ina thuarascáil deiridh dá bhforáiltear i mír 1(b) beart ceartaitheach nó coisctheach atá le déanamh ag na Ballstáit chun déileáil leis na heasnaimh shainiúla nó chórasacha arna n‑aithint agus rialuithe an Choimisiúin á ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 63(1).

Airteagal 65 Oibleagáidí na mBallstát maidir le rialuithe an Choimisiúin

1.           Chun cabhrú leis an gCoimisiún rialuithe an Choimisiúin dá bhforáiltear in Airteagal 63(1) a dhéanamh, déanfaidh Ballstáit mar seo a leanas:

(a)     soláthróidh siad an cúnamh, doiciméadacht agus tacaíocht theicniúil eile is gá a iarrann saineolaithe an Choimisiúin chun cur ar a gcumas rialuithe an Choimisiúin a dhéanamh go héifeachtach agus go héifeachtúil;

(b)     áiritheoidh siad go bhfuil rochtain ag saineolaithe an Choimisiúin ar gach áitreabh nó codanna d'áitreabh agus ar gach faisnéis, lena n‑áirítear córais ríomhaireachta, is gá chun rialuithe an Choimisiúin a dhéanamh.

2.           Déanfaidh Ballstáit bearta leantacha i bhfianaise na moltaí a leagtar amach sa tuarascáil deiridh dá bhforáiltear in Airteagal 64(1)(b) chun comhlíonadh na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú.

Airteagal 66 Teip thromchúiseach i gcóras rialaithe Ballstáit

1.           I gcás ina bhfuil fianaise ag an gCoimisiún ar theip thromchúiseach i gcórais rialaithe Ballstáit agus go bhféadfadh sárú forleathan ar na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith mar thoradh air sin, féadfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm go dtí go bhfuil an teip sin díchurtha:

(a)     toirmeasc ar thrádáil ainmhithe pórúcháin nó a dtáirgí geirmeacha a bhfuil tionchar ag an teip sa chóras rialaithe oifigiúil orthu;

(b)     coinníollacha speisialta a fhorchur, i dteannta iad sin dá bhforáiltear i gCaibidil II, maidir le haitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin, maidir le formheas clár póraithe nó maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha;

(c)     bearta sealadacha iomchuí eile.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

2.           Ní ghlacfar na bearta dá bhforáiltear i mír 1 ach amháin má théipeann ar an mBallstát lena mbaineann an staid a chur ina cheart ar iarratas agus laistigh den teorainn ama leagtha amach ag an gCoimisiún.

Roinn 2 Rialuithe an Choimisiúin i dtríú tíortha

Airteagal 67 Rialuithe an Choimisiúin i dtríú tíortha

1.           Féadfaidh saineolaithe an Choimisiúin rialuithe an Choimisiúin a dhéanamh i dtríú tíortha chun:

(a)     a fhíorú go ndéantar foráil maidir le ráthaíochtaí sna rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha maidir le hainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha dá bhforáiltear i reachtaíocht an tríú tír atá coibhéiseach leis na ráthaíochtaí dá bhforáiltear san Aontas leis an Rialachán seo;

(b)     a fhíorú gur féidir leis an gcóras rialaithe i bhfeidhm sa tríú tír lena mbaineann a áirithiú go bhfuil ceanglais ábhartha i gCaibidil VII den Rialachán seo á gcomhlíonadh ag coinsíneachtaí ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha;

(c)     faisnéis a bhailiú chun léiriú a fháil ar na cúiseanna atá leis na cásanna athfhillteacha nuair nach gcomhlíonann na hainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha arna n‑allmhairiú isteach san Aontas na ceanglais zóiteicniúla agus gineolaíocha d'allmhairí isteach san Aontas sna cásanna sin inar deimhníodh go míchuí gur comhlíonadh na rialacha.

2.           Agus rialuithe an Choimisiúin dá bhforáiltear i mír 1 á ndéanamh tabharfar aird chuí air seo a leanas:

(a)     reachtaíocht zóiteicniúil agus ghineolaíoch ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha sa tríú tír;

(b)     eagrú údarás inniúil an tríú tír, a chumhachtaí agus neamhspleáchas, an mhaoirseacht a bhfuil sé faoina réir agus an t‑údarás atá aige an reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) a fhorfheidhmiú go héifeachtach;

(c)     oiliúint na foirne maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh;

(d)     na hacmhainní atá ar fáil don údarás inniúil sa tríú tír;

(e)     gur ann do nósanna imeachta rialaithe doiciméadaithe agus córas rialaithe bunaithe ar thosaíochtaí agus go bhfuil siad á n‑oibriú;

(f)     fairsinge agus oibriú rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ar ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha ag teacht ó thríú tíortha eile;

(g)     na dearbhuithe is féidir leis an tríú tír a thabhairt maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sna rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó maidir le ceanglais choibhéiseacha a bheith i bhfeidhm aici.

Airteagal 68 Minicíocht agus eagrú rialuithe an Choimisiúin i dtríú tíortha

1.           Déanfar minicíocht rialuithe an Choimisiúin i dtríú tíortha a chinneadh bunaithe ar na nithe seo a leanas:

(a)     na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b)     méid agus cineál na n‑ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha atá ag teacht isteach san Aontas ón tríú tír;

(c)     torthaí rialuithe an Choimisiúin atá déanta cheana féin;

(d)     torthaí na rialuithe oifigiúla ar ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha ag teacht isteach san Aontas ón tríú tír agus aon rialuithe oifigiúla eile arna ndéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát.

2.           Chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht rialuithe an Choimisiúin dá bhforáiltear i mír 1 a éascú, féadfaidh an Coimisiún, sula ndéanann sé na rialuithe, a iarraidh go soláthraíonn an tríú tír:

(a)     an fhaisnéis dá tagraítear in Airteagal 37(1)(b);

(b)     nuair is iomchuí, taifid scríofa maidir leis na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh sa tríú tír sin.

3.           Féadfaidh an Coimisiún saineolaithe ó na Ballstáit a cheapadh chun cabhrú lena shaineolaithe féin i rith na rialuithe dá bhforáiltear i mír 1.

Airteagal 69 Tuarascálacha ón gCoimisiún maidir leis na rialuithe arna ndéanamh ag a shaineolaithe i dtríú tíortha

1.           I gcás ina ndearnadh rialuithe an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 67(1), déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

(a)     cóip dá dhréacht tuarascáil maidir le torthaí na rialuithe a rinne sé a ullmhú agus a sheoladh chuig an tríú tír ina ndearnadh na rialuithe agus iarraidh ar an tríú tír a barúlacha a sheoladh ar ais;

(b)     an tuarascáil deiridh maidir le torthaí rialuithe an Choimisiúin arna ndéanamh ag a shaineolaithe sa tríú tír a ullmhú, ag cur bharúlacha an tríú tír ina ndearnadh iad san áireamh;

(c)     an tuarascáil deiridh agus barúlacha an tríú tír ina ndearnadh iad a chur ar fáil don phobal.

2.           Nuair is iomchuí, féadfaidh an Coimisiún a mholadh ina thuarascáil deiridh dá bhforáiltear i mír 1 beart ceartaitheach nó coisctheach atá le déanamh ag an tríú tír chun déileáil leis na heasnaimh shainiúla nó chórasacha arna n‑aithint ag a shaineolaithe agus rialuithe an Choimisiúin a ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 67(1).

Airteagal 70 Bearta speisialta a bhunú maidir le hallmhairí ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha isteach san Aontas

1.           I gcás ina bhfuil fianaise fhorleathan ar neamhchomhlíonadh tromchúiseach na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta speisialta is gá a ghlacadh chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh sin.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

2.           Sainaithneofar sna bearta speisialta dá bhforáiltear i mír 1 ainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha trí thagairt a dhéanamh dá gcóid ón Ainmníocht Chomhcheangailte agus d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist sna bearta sin:

(a)     toirmeasc, ar fhorais zóiteicniúla, ar ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha de thionscnamh na dtríú tíortha lena mbaineann an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear in mír 1 leo, nó a seoladh ó na tíortha sin, a allmhairiú isteach san Aontas;

(b)     an ceanglas go bhfuil na hainmhithe pórúcháin agus a dtáirgí geirmeacha dá dtagraítear i mír 1 de thionscnamh tríú tíortha nó seolta ó thríú tíortha ar a bhfuil tionchar ag an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil siad

(i)      faoi réir rialuithe sainiúla arna ndéanamh roimh sheoladh nó ar theacht isteach san Aontas;

(ii)     go bhfuil deimhniú oifigiúil nó aon fhianaise eile ag gabháil leo lena bhfianaítear go bhfuil na ceanglais atá leagtha amach i gCaibidil VII den Rialachán seo nó sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 45(1) á gcomhlíonadh ag na hainmhithe pórúcháin nó a dtáirgí geirmeacha;

(c)     an ceanglas go mbeidh an fhianaise dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) á soláthar i gcomhréir le formáid shainiúil;

(d)     bearta eile is gá chun an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 a cheartú.

3.           Agus na bearta speisialta dá bhforáiltear i mír 2 á nglacadh, cuirfear san áireamh:

(a)     an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagal 67(2);

(b)     aon fhaisnéis eile arna soláthar ag na tríú tíortha i gceist a bhfuil tionchar ag an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 orthu;

(c)     nuair is iomchuí, torthaí rialuithe an Choimisiúin dá bhforáiltear in Airteagal 67(1).

4.           Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an staid agus i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 72(2) déanfaidh sé na bearta a glacadh a leasú nó a aisghairm, ag brath ar fhorbairt na staide.

CAIBIDIL XI Tarmligean agus forfheidhmiú

Airteagal 71 Feidhmiú an tarmligin

1.           Tugtar de chumhacht don Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.           Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 4(3), 8(3), 17(4), 19(4), 20(2), 21(2), 23(4), 24(2), 28(1), 32(2), 33(3), 35(1), 39(2), 45(1) agus 52(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse éiginnte ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4(3), 8(3), 17(4), 19(4), 20(2), 21(2), 23(4), 24(2), 28(1), 32(2), 33(3), 35(1), 39(2), 45(1) agus 52(1) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4(3), 8(3), 17(4), 19(4), 20(2), 21(2), 23(4), 24(2), 28(1), 32(2), 33(3), 39(2) agus 52(1) agus de bhun Airteagail 35(1) agus 45(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 72 Nós Imeachta Coiste

1.           Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um an Zóiteicnic arna bhunú le Cinneadh 77/505/CEE ón gComhairle. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.           I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina gcaithfear tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é.

3.           I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

CAIBIDIL XII Forálacha Deiridh

Airteagal 73 Aisghairmeacha

1.           Aisghairtear Treoracha 87/328/CEE, 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/118/CEE, 90/119/CEE, 90/427/CEE, 91/174/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE ón gComhairle agus Cinneadh 96/463/CE ón gComhairle.

2.           Déanfar tagairtí do na Treoracha airghairthe agus do Chinneadh aisghairthe 96/463/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 74 Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm leis ó [01/mm/bbbb] [dáta le cur isteach: cuir isteach an chéad lá den ochtú mí dhéag tar éis an dáta dá dtagraítear sa chéad mhír.]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin a bhunaíonn nó a choinníonn pórleabhair nó rollaí póir dá dtagraítear i gCaibidil II

Cuid 1 Ceanglais ghinearálta maidir le haitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 4(2)

Chun aitheantas a fháil i gcomhréir le hAirteagal 4(2), ní mór do chumann póir, a bhunaíonn nó a choinníonn pórleabhar nó oibríocht phórúcháin a bhunaíonn nó a choinníonn rolla póir:

1.           pearsantacht dhlítheanach a bheith aige i gcomhréir leis an reachtaíocht i bhfeidhm sa Bhallstát ina ndéantar an t‑iarratas ar aitheantas;

2.           a bheith neamhspleách, ar bhonn dlíthiúil agus airgeadais, ón údarás inniúil;

3.           doiciméadacht a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ina léirítear:

(a)     go bhfuil foireann leordhóthanach agus cháilithe agus áiseanna agus trealamh leordhóthanach aige chun a chlár póraithe atá le formheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus, más infheidhme, Airteagal 9 a chur chun feidhme go héifeachtúil;

(b)     gur féidir leis nó go ndéanann sé na seiceálacha is gá chun ginealaigh na n‑ainmhithe pórúcháin a thaifeadadh, ar ainmhithe iad ar a bhfuil a chlár póraithe atá le formheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus, más infheidhme, Airteagal 9 á chur i gcrích;

(c)     go bhféadfadh nó go bhfuil daonra sách mór ainmhithe pórúcháin agus líon leordhóthanach póraitheoirí aige, laistigh de limistéar geografach na gníomhaíochta ina gcuirtear i gcrích an clár póraithe atá le formheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus, más infheidhme, go bhfuil Airteagal 9, chun an pór nó an crosphór a fheabhsú nó chun an pór a chaomhnú;

(d)     gur féidir leis sonraí feidhmíochta beostoic na n‑ainmhithe pórúcháin a ghiniúint agus a úsáid a theastaíonn chun a chláir phóraithe atá le formheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus, más infheidhme, Airteagal 9 a chur i gcrích;

(e)     i gcás ina n‑éilíonn an cumann póir nó oibríocht phórúcháin ballraíocht a bheith ag póraitheoirí, go bhfuil rialacha nós imeachta glactha aige chun foráil a dhéanamh maidir le:

(i)      cóir chomhionann póraitheoirí a bhfuil ballraíocht acu nó atá ag déanamh iarratais ar bhallraíocht, a bhfuil a n‑ainmhithe pórúcháin á gcoinníoll acu ar ghabháltais atá lonnaithe laistigh den limistéar geografach ina bhfuil an clár póraithe formheasta á chur i gcrích;

(ii)     seirbhísí áirithe arna iarraidh sin ar bhall‑phóraitheoirí a bhogann a n‑ainmhithe pórúcháin chuig gabháltais atá lonnaithe lasmuigh den limistéar geografach ina bhfuil an clár póraithe formheasta á chur i gcrích;

(f)      go bhfuil rialacha nós imeachta glactha aige chun díospóidí le póraitheoirí a eascraíonn as tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach ainmhithe pórúcháin a réiteach, as na hainmhithe sin a iontráil in aicmí de réir a bhfiúntas agus as glacadh le hainmhithe pórúcháin le haghaidh pórúcháin agus chun táirgí geirmeacha a bhailiú agus a úsáid.

Cuid 2 Ceanglais ghinearálta maidir le formheas clár póraithe arna gcur i gcrích ag cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 8(1) agus Airteagal 9

1.           Chun formheas a fháil dá chlár póraithe, cuirfidh an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas chuig an údarás inniúil dá bhforáiltear in Airteagal 8(1) agus Airteagal 9:

(a)     ainm agus tréith mhionsonraithe an phóir nó, i gcás muc pórúcháin hibrideach, ainm agus tréith an chrosphóir atá cumhdaithe sa phórleabhar nó sa rolla póir chun iomrall aithne le hainmhithe pórúcháin cosúla atá iontráilte in nó cláraithe i bpórleabhair nó i rollaí póir eile a chosc;

(b)     an córas chun ainmhithe pórúcháin aonair a shainaithint lena n‑áirithítear nach bhfuil ainmhithe pórúcháin á n‑iontráil i bpórleabhar nó i rolla póir nuair atá siad sainaitheanta, ar a laghad, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais ar shláinte ainmhithe a bhaineann le sainaithint agus le clárú ainmhithe den speiceas i gceist;

(c)     an córas chun ginealaigh ainmhithe pórúcháin folaíochta atá iontráilte nó cláraithe agus incháilithe chun iontrála i bpórleabhair nó i gcás muc pórúcháin hibrideach atá cláraithe i rollaí póir, a thaifeadadh;

(d)     cuspóirí an chláir phóraithe agus na critéir mhionsonraithe mheastóireachta a bhaineann le roghnú ainmhithe pórúcháin, agus i gcás pórleabhar á bhunú do phór nua, ní mór go mbeadh faisnéis maidir leis na himthosca mionsonraithe a thugann údar le bunú an phóir nua san áireamh;

(e)     na córais chun torthaí tástála feidhmíochta a ghiniúint, a thaifeadadh, a chur in iúl agus a úsáid agus, i gcás inar gá, i gcomhréir le hAirteagal 27, meastóireacht ghéiniteach a dhéanamh chun luachanna géiniteacha ainmhithe pórúcháin a mheas agus é mar aidhm an pór a fheabhsú, a roghnú nó a chaomhnú nó an crosphór a fheabhsú;

(f)     sonraí maidir leis na rialacha a bhaineann le roinnt phríomhchuid an phórleabhair de réir aicmí, i gcás inarb ann do chritéir nó nósanna imeachta difriúla chun ainmhithe pórúcháin folaíochta atá iontráilte sa phórleabhar de réir a bhfiúntas a aicmiú;

(g)     i gcás inar gá, córais chun ginealaigh a iontráil i bpórleabhair atá iontráilte i bpórleabhar eile cheana féin.

2.           Déanfaidh cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin aon athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn seo a chur in iúl don údarás inniúil, dá mbaill, agus do na póraitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Cuid 3 Ceanglais sainiúla maidir le cumainn phóir a bhunaíonn nó a choinníonn pórleabhair d’ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí

1.           Bainfidh na ceanglais shainiúla seo a leanas le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, i dteannta na gceanglas atá leagtha amach i bpointe 1 de Chuid 2:

(a)     Féadfaidh cumann póir a dhearbhú don údarás inniúil gurb ionann an pórleabhar atá bunaithe aige agus an pórleabhar maidir le bunús an phóir atá cumhdaithe ag a chlár póraithe, ar an gcionníoll:

(i)      go bhfuil taifead stairiúil ag an gcumann póir gur bhunaigh sé na rialacha atá leagtha amach i bpointe 1 de Chuid 2 agus gur cuireadh iad ar fáil don phobal;

(ii)     go léiríonn an cumann póir nach bhfuil, tráth an iarratais dá dtagraítear in Airteagal 4(1), aon chumann póir eile aitheanta sa Bhallstát céanna ná i mBallstát eile ná i dtríú tír a bhfuil pórleabhar bunaithe don phór céanna aige, agus a bhfuil na rialacha atá leagtha amach i bpointe 1 de Chuid 2 bunaithe agus foilsithe aige;

(iii)    go dtéann an cumann póir i ndlúthchomhar leis na cumainn phóir dá dtagraítear i bpointe (b) go háirithe maidir leis na ceanglais ghinearálta atá leagtha amach i bpointe 2 de Chuid 2;

(iv)    go bhfuil bunaithe aige, más gá, rialacha neamh‑idirdhealaitheacha maidir le déanamh a ghnó i ndáil le pórleabhair arna mbunú don phór céanna ag comhlachtaí pórúcháin nach bhfuil liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 37(2).

(b)     Féadfaidh cumann póir a dhearbhú don údarás inniúil gur pórleabhar macúil  don phór atá cumhdaithe ag a chlár póraithe an pórleabhar atá bunaithe aige, ar an gcoinníoll:

(i)      go bhfuil ionchorpraithe ina chlár póraithe féin na rialacha atá bunaithe ag an gcumann póir dá dtagraítear i bpointe (a) a choinníonn an pórleabhar maidir le bunús an phóir chéanna;

(ii)     go bhfuil an fhaisnéis maidir le húsáid na rialacha dá dtagraítear i bpointe (i) agus a bhfoinse curtha ar fáil don phobal;

(iii)    go bhfuil meicníochtaí i bhfeidhm aige agus go ngeallann sé na rialacha a bhaineann lena chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9 a chur in oiriúint in am trátha do leasuithe ar na rialacha sin arna ndéanamh ag an gcumann póir dá dtagraítear i bpointe (a) a choinníonn an pórleabhar maidir le bunús an phóir.

2.           Beidh feidhm leis na maoluithe seo a leanas i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí:

(a)     De mhaolú ar phointe 3(e)(i) de Chuid 1, más rud é, maidir le haon phór amháin ar chríoch an Aontais ar a bhfuil tuairisc in Iarscríbhinn VI, go bhfuil roinnt cumann póir a choinníonn pórleabhair don phór sin, agus go gcumhdaíonn a gcláir phóraithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) an chríoch sin ina hiomláine, beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe 3(e)(i) den Chuid sin arna mbunú ag na cumainn phóir sin:

(i)      féadfaidh siad foráil a dhéanamh nach mór go mbéarfar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí den phór sin i limistéar sonraithe de chríoch an Aontais d’fhonn cáiliú d’iontráil sa phórleabhar don phór sin chun críocha dearbhaithe breithe;

(ii)     ní mór dóibh a áirithiú nach mbaineann an srian dá bhforáiltear i bpointe (i) le hiontráil an phóir sin i bpórleabhar chun críocha atáirgthe.

(b)     De mhaolú ar phointe 1(a) den Chuid seo, ina bhfuil na rialacha dá dtagraítear i bpointe 1(d) de Chuid 2 bunaithe go heisiatach ag eagraíocht idirnáisiúnta atá ag oibriú ag leibhéal domhanda agus nach bhfuil aon chumann póir i mBallstát nó comhlacht póraithe i dtríú tír a choinníonn an pórleabhar maidir le bunús an phóir sin, tabharfaidh an t‑údarás inniúil i mBallstát aitheantas do chumainn phóir a bhfuil leabhar macúil don phór sin á choinníoll acu, ar choinníoll go mbaineann na nithe seo a leanas leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe 1(d) de Chuid 2 arna mbunú ag an eagraíocht idirnáisiúnta sin:

(i)      cuireann an gcumann póir sin ar fáil iad don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 4(2) chun críocha fíorúcháin;

(ii)     tá siad ionchorpraithe sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) atá an gcumann póir sin á chur i gcrích.

(c)     De mhaolú ar phointe 1(b) den Chuid seo, féadfaidh cumann póir a bhfuil leabhar macúil á choinníoll aige aicmí breise a bhunú de réir fiúntas, ar an gcoinníoll gur féidir na hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí atá iontráilte in aicmí sa phríomhchuid den phórleabhar maidir le bunús an phóir a iontráil sna haicmí comhfhreagracha den phríomhchuid den leabhar macúil.

IARSCRÍBHINN II

Iontráil i bpórleabhair agus clárú i rollaí póir dá dtagraítear i gCaibidil IV

Cuid 1 Iontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta i bpórleabhair

Caibidil I Príomhchuid

1.           Ar iarratas ón bpóraitheoir, iontrálfaidh nó cláróidh cumann póir, dá bhforáiltear in Airteagal 19(1), sa phríomhchuid dá phórleabhar aon ainmhí pórúcháin folaíochta a bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh aige:

(a)     comhlíonann sé na critéir thuismíochta atá leagtha amach:

(i)      i bpointe (i) d’Airteagal 2(i) i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach (Bos taurus agus Bubalus bubalis), den speiceas mucúil (Sus scrofa), den speiceas caorach (Ovis aries) agus den speiceas gabhair (Capra hircus);

(ii)     i bpointe (ii) d’Airteagal 2(i) i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí (Equus caballus agus Equus asinus);

(ii)     sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 35(1) agus 45(1) i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta de speiceas eile dá dtagraítear in Airteagal 2(i)(iii);

(b)     tá a ghinealach bunaithe i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa phórleabhar i gcomhréir leis an gclár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9;

(c)     sainaithníodh é i ndiaidh breithe i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais ar sláinte ainmhithe a bhaineann leis na speicis i gceist agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9, rud a chiallaíonn, i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, go dteastaíonn sainaithint mar shearrach diúil agus deimhniú cumhdaithe ar a laghad;

(d)     tá ag gabháil leis, nuair is gá, deimhniú zóiteicniúil arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 33(1).

2.           De mhaolú ar phointe 1(a)(ii), féadfaidh cumann póir a chuireann clár crosphóraithe i gcrích ar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí ainmhí pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí atá iontráilte sa phríomhchuid de phórleabhar do phór difriúil a iontráil sa phríomhchuid dá phórleabhar, ar an gcoinníoll go dtagraítear don phór eile agus do na critéir maidir le hiontráil na n‑ainmhithe pórúcháin folaíochta sin dá dtagraítear sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9.

3.           Aon chumann póir a iontrálann ainmhí pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí ina phórleabhar atá iontráilte i bpórleabhar eile cheana féin bunaithe ag cumann póir i mBallstát eile, iontrálfaidh sé an t‑ainmhí pórúcháin folaíochta sin faoin uimhir shaoil uathúil agus, ach amháin sa chás gur chomhaontaigh an dá chumann póir i gceist ar mhaolú, an t‑ainm céanna agus luafar cód na tíre inar rugadh an searrach, i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta don phór i gceist.

Caibidil II Maoluithe do phórleabhair nuabhunaithe le haghaidh ainmhithe pórúcháin folaíochta

1.           I gcás ina bhfuil aitheantas á thabhairt do chumann póir i gcomhréir le hAirteagal 4(2) chun pórleabhar a bhunú do phór nach bhfuil aon phórleabhar dó i mBallstát, féadfaidh an t‑údarás inniúil, de mhaolú ar phointe 1(a) de Chaibidil I, an iontráil dhíreach d'ainmhithe pórúcháin folaíochta nó sliochtaigh ó ainmhithe pórúcháin folaíochta pór éagsúil sa phríomhchuid den phórleabhar nuabhunaithe a údarú, ar choinníoll:

(a)     go bhfuil tréimhse bunaithe ag an bpórleabhar nua atá iomchuí d’eatramh glúine an speicis sainmhínithe sa chlár póraithe atá le formheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus Airteagal 9;

(b)     go dtagraítear d’aon phórleabhar reatha inar iontráladh na hainmhithe pórúcháin folaíochta nó a dtuismitheoirí den chéad uair i ndiaidh breithe, i dteannta le huimhir chlárúcháin bhunaidh an phórleabhair sin;

(c)     go bhfuil na hainmhithe pórúcháin iontráilte sa phríomhchuid, agus más infheidhme sna haicmí iomchuí, de réir na rialacha a leagtar amach sa chlár póraithe atá le formheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus Airteagal 9.

2.           Faoi dheireadh na tréimhse tionscnaimh dá dtagraítear i bpointe 1(a), déanfaidh an t‑údarás inniúil na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear in Airteagal 50.

Caibidil III Codanna forlíontacha

1.           D’fhéadfadh cumann póir a choinníonn pórleabhar a chinneadh go bhféadfaí ainmhí den speiceas buaibheach, mucúil, caorach, gabhair nó eachaí, nach gcomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach i bpointe 1 de Chaibidil I, a iontráil i gcuid fhorlíontach den phórleabhar sin bunaithe i gcomhréir le hAirteagal 20(1), ar choinníoll go gcomhlíonann an t‑ainmhí na coinníollacha seo a leanas:

(a)     go bhfuil sé sainaitheanta i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais ar shláinte ainmhithe maidir leis an speiceas i gceist agus i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú ag an gcumann póir don phórleabhar sin;

(b)     go measann an cumann póir é a bheith i gcomhréir le tréith an phóir sin dá dtagraítear i bpointe 1(a) de Chuid 2 d’Iarscríbhinn I;

(c)     go bhfuil feidhmíocht íosta aige mar atá leagtha síos ag na rialacha bunaithe don phórleabhar sin ag an gcumann póir ó thaobh fheidhmiú na saintréithe a bhfuil ainmhithe pórúcháin den speiceas sin atá iontráilte sa phríomhchuid á dtástáil i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

2.           Féadfaidh an cumann póir ceanglais dhifriúla a chur i bhfeidhm maidir le comhréireacht leis an tréith phóir dá dtagraítear i bpointe 1(b) nó maidir leis an bhfeidhmíocht dá dtagraítear i bpointe 1(c) ag brath air seo a leanas:

(a)     má bhaineann an t‑ainmhí leis an bpór, ainneoin nach bhfuil a bhunús ar eolas; nó

(b)     fuarthas an t‑ainmhí ó chlár crosphóraithe arna fhormheas ag an gcumann póir.

3.           Ní dhiúltóidh cumainn phóir aon ainmhí baineann den speiceas buaibheach, mucúil, caorach nó gabhair a iontráil i gcomhréir leis na coinníollacha leagtha amach i gCaibidil I sa phríomhchuid den phórleabhar atá bunaithe acu i gcás ina meastar gur ainmhí folaíochta atá i gceist faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)     tá a máthair agus a seanmháthair mháthartha iontráilte i gcuid fhorlíontach de phórleabhar don phór céanna dá bhforáiltear i bpointe 1;

(b)     tá a hathair agus a beirt sheanaithreacha iontráilte sa phríomhchuid de phórleabhar don phór céanna.

4.           Aon chumainn phóir a bhfuil pórleabhair bunaithe acu d’ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, leagfaidh siad síos ina gclár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus Airteagal 9 na coinníollacha a bhaineann le hainmhithe pórúcháin fireanna agus baineanna arna dtaifeadadh sa chuid fhorlíontach a iontráil sa phríomhchuid.

I gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta baineanna den speiceas eachaí, ní bheidh na coinníollacha sin níos déine ná na coinníollacha atá leagtha amach i bpointe 3(a) agus (b) den Chaibidil seo.

Cuid 2 Clárú muc pórúcháin hibrideach i rollaí póir

1.           Ar iarratas ó phóraitheoir, cláróidh oibríocht phórúcháin a bhfuil aitheantas aige i gcomhréir le hAirteagal 4(2) aon mhuc phórúcháin hibrideach den chrosphórú céanna ina rolla póir ar muc í:

(a)     a sainaithníodh i ndiaidh a breithe i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais ar shláinte ainmhithe maidir leis an speiceas i gceist agus i gcomhréir le rialacha an rolla póir sin;

(b)     a bhfuil tuismíocht aici bunaithe i gcomhréir le rialacha an rolla póir ina bhfuil sé beartaithe an t‑ainmhí a chlárú;

(c)     a bhfuil ag gabháil léi deimhniú zóiteicniúil arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 33(1).

2.           Maidir le muca pórúcháin hibrideacha atá cláraithe i gcomhréir le pointe 1 i rolla póir arna bhunú don chrosphór céanna ag oibríocht phórúcháin ar tugadh aitheantas di i gcomhréir le hAirteagal 4(2) sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile, ní dhiúltóidh oibríochtaí pórúcháin iad a chlárú ina rollaí póir.

IARSCRÍBHINN III

Tástáil Feidhmíochta agus Meastóireacht ghéiniteach dá dtagraítear i gCaibidil V

Cuid 1 Ainmhithe buaibheacha

Caibidil I Tástáil feidhmíochta

Déanfaidh cumainn phóir tástáil feidhmíochta chun luach géiniteach ainmnithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach a dhearbhú, le ceann amháin, nó comhcheangal de na modhanna atá leagtha amach sa Chaibidil seo.

Déanfar tástáil feidhmíochta de réir na rialacha agus na gcaighdeán atá bunaithe ag lárionad tagartha ábhartha an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 31(1), i gcomhar leis an gCoiste Idirnáisiúnta um Thaifeadadh Ainmhithe (ICAR).

Roinn 1 Saintréithe táirgthe mairteola

1.           Maidir le tástáil feidhmíochta ar leith ar ainmhí pórúcháin nó a shliocht (“na hainmhithe tástála”) ag stáisiún tástála, sonrófar an t‑eolas seo a leanas:

(a)     an modh tástála agus líon na n‑ainmhithe tástála a tástáladh;

(b)     cuimseoidh an prótacal tástála na sonraí seo a leanas:

(i)      téarmaí iontrála na n‑ainmhithe tástála isteach sa stáisiún tástála;

(ii)     torthaí tástálacha a rinneadh roimhe sin ar na hainmhithe tástála, lena n‑áirítear, más infheidhme, feidhmíocht na n‑ainmhithe tástála ar an bhfeirm;

(iii)    ainm úinéir na n‑ainmhithe tástála;

(iv)    aois uasta na n‑ainmhithe tástála a ligtear isteach sa stáisiún tástála agus raon aoise na n‑ainmhithe atá sa stáisiún tástála;

(v)     fad na dtréimhsí oiriúnaithe agus tástála ag an stáisiún tástála;

(vi)    cineál na haiste bia agus an chórais chothaithe a úsáidtear i rith na tástála;

(c)     is iad na tréithe a thaifeadfar sa tástáil ná cur suas meáchain bheo agus forbairt matán (cruth mairteola), agus d’fhéadfadh tréithe eile amhail tiontú bia agus tréith conablaigh a bheith san áireamh chomh maith, má tá siad ar fáil.

2.           Tástáil allamuigh (ar an bhfeirm)

Cuirfidh an institiúid ainmnithe dá bhforáiltear in Airteagal 29(1) an modh tástála agus an modh chun torthaí tástála a bhailíochtú ar fáil.

Is iad na tréithe a thaifeadfar sa tástáil ná meáchan beo agus aois, agus d’fhéadfadh tréithe eile amhail cruth mairteola a bheith san áireamh chomh maith, má tá siad ar fáil.

3.           Tástáil trí shonraí suirbhé ó fheirmeacha agus ó phointí díola agus maraithe

Más féidir, taifeadfaidh an cumann póir na meáchain bheo agus mharaithe, na praghsanna díolacháin, aicme an chrutha conablaigh de réir scálaí an Aontais maidir le haicmiú conablach atá leagtha amach in Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, caighdeán feola agus tréithe mairteola eile.

Roinn 2 Saintréithe déiríochta

Taifeadfaidh cumainn phóir sonraí táirgthe bainne de réir na rialacha agus na gcaighdeán atá bunaithe ag lárionad tagartha ábhartha an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 31(1), i gcomhar le ICAR.

Roinn 3 Saintréithe neamh‑tháirgthe

1.           I gcás ina gcuimsíonn cumainn phóir torthúlacht, cumas agus fad saoil breithe laonna sa mheastóireacht ghéiniteach, déanfar measúnú ar na tréithe sin ar bhonn an ráta gan filleadh, nó ar bhonn sonraí toirchithe eile, scór breithe laonna agus fad an tsaoil tháirgiúil agus an aois ciondíothaithe.

2.           Ní áireofar meon, sonraí rátála moirfeolaíche ná frithsheasmhacht in aghaidh galar sa mheastóireacht ghéiniteach ach amháin i gcás ina gcruthaítear na sonraí trí chóras taifeadta atá formheasta ag an institiúid ainmnithe dá bhforáiltear in Airteagal 29(1).

Caibidil II Meastóireacht ghéiniteach

1.           Is é an institiúid ainmnithe dá bhforáiltear in Airteagal 29(1) a dhéanfaidh meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin agus áireofar sa mheastóireacht sin na saintréithe táirgthe seo a leanas de réir na gcuspóirí roghnúcháin atá leagtha amach sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus Airteagal 9:

(a)     saintréithe táirgthe déiríochta ainmhithe pórúcháin de na pórtha déiríochta;

(b)     saintréithe táirgthe mairteola ainmhithe pórúcháin de na pórtha mairteola;

(c)     saintréithe táirgthe déiríochta agus mairteola de na bpórtha dé‑fheidhme.

2.           Áireofar sa mheastóireacht ghéiniteach na saintréithe neamh‑tháirgthe dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil I do na pórtha a dtaifeadann cumainn phóir a saintréithe, i gcomhréir lena gclár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus Airteagal 9.

Ríomhfar luach póraithe ainmhí pórúcháin ar bhonn thorthaí tástála feidhmíochta an ainmhí aonair nó a ghaolta agus féadfar iontaofacht an luacha póraithe sin a fheabhsú trí fhaisnéis ghéanómaíoch a úsáid nó trí mhodh eile atá bailíochtaithe ag lárionad tagartha ábhartha an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 31(1).

3.           Cloífidh na modhanna staidrimh a úsáidfear i meastóireacht ghéiniteach leis na rialacha agus na caighdeáin atá bunaithe ag lárionad tagartha ábhartha an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 31(1), i gcomhar le ICAR, agus ráthóidh sé meastóireacht ghéiniteach nach mbeidh claonta i ngeall ar thionchair na bpríomhthosca comhshaoil agus struchtúir sonraí.

Beidh iontaofacht na meastóireachta géinití tomhaiste mar chomhéifeacht chinntiúcháin, i gcomhréir le rialacha agus caighdeáin atá bunaithe ag lárionad tagartha ábhartha an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 31(1), i gcomhar le ICAR. Nuair a fhoilseofar torthaí na meastóireachta, luafar an iontaofacht agus dáta na meastóireachta freisin.

4.           Foilseofar sainchomharthaí géiniteacha agus lochtanna géiniteacha ainmhí pórúcháin mar atá sainmhínithe ag an gcumann póir.

5.           Déanfar meastóireacht ghéiniteach ar thréithe éigeantacha mar atá mínithe i bpointí 6 nó pointe 7 ar thairbh atá beartaithe le haghaidh inseamhnaithe shaorga, ach amháin tairbh a bhaineann le pórtha atá faoi bhagairt díothaithe.

Foilseoidh an cumann póir luachanna pórúcháin eile atá ar fáil le haghaidh na dtarbh atá beartaithe le haghaidh inseamhnaithe shaorga freisin.

6.           Áireofar i meastóireacht ghéiniteach ar shaintréithe déiríochta tarbh atá beartaithe le haghaidh inseamhnaithe shaorga:

(a)     an tál bainne agus an cion saille ime agus próitéine;

(b)     saintréithe táirgthe agus neamh‑tháirgthe ábhartha eile atá ar fáil.

Is é an iontaofacht íosta a bhainfidh le meastóireacht ghéiniteach tarbh le haghaidh inseamhnaithe shaorga na bpórtha déiríochta ná 0,5 ar a laghad le haghaidh na saintréithe amhail tál bainne, cion saille ime agus próitéine, de réir na rialacha agus na gcaighdeán atá bunaithe ag lárionad tagartha ábhartha an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 31(1), i gcomhar le ICAR, maidir le meastóireacht ar na príomhthréithe táirgthe, agus gach eolas atá ar fáil ó shliocht agus ó chomhthaobhachtaí á chur san áireamh.

Aon tairbh óga ar a ndéantar meastóireacht ghéanómaíoch, nach bhfuil taifid feidhmíochta sleachta ag baint leo, measfar iad a bheith oiriúnach le haghaidh inseamhnaithe shaorga má tá a meastóireacht ghéanómaíoch bailíochtaithe de réir rialacha agus caighdeáin atá bunaithe ag lárionad tagartha ábhartha an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 31(1), i gcomhar le ICAR.

7.           Déanfar meastóireacht ghéiniteach ar thréithe táirgthe mairteola ag tairbh atá beartaithe le haghaidh inseamhnaithe shaorga ar bhonn aon cheann amháin de na modhanna tástála seo a leanas:

(a)     tástáil feidhmíochta ar leith sa stáisiún;

(b)     tástáil feidhmíochta sleachta nó comhthaobhachtaí sa stáisiún tástála nó in aonaid speisialaithe;

(c)     tástáil feidhmíochta sleachta nó comhthaobhachtaí ar an bhfeirm; sa dóigh is go ndáiltear an sliocht i measc na dtréad taifeadta ionas gur féidir comparáid bhailí a dhéanamh idir thairbh;

(d)     tástáil feidhmíochta sleachta nó comhthaobhachtaí trí bhailiú sonraí ar fheirmeacha, i ndíolacháin cheant nó i seamlais ar a leithéid sa dóigh is gur féidir comparáid bhailí a dhéanamh idir thairbh;

(e)     meastóireacht ghéanómaíoch nó modh ar bith eile, lena n‑áirítear comhcheangal de na modhanna seo, agus iad bailíochtaithe i gcomhréir leis an rialacha agus caighdeáin atá bunaithe ag lárionad tagartha ábhartha an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 31(1), i gcomhar le ICAR.

Má tá taifeadadh á dhéanamh ar mheáchan conablach agus, más iomchuí, ar thréithe caighdeán feola, feidhmíocht fáis agus cumas breithe laonna, beidh na tréithe sin agus tréith bhainteach ar bith eile san áireamh sa mheastóireacht ghéiniteach ar an tarbh.

Is é an iontaofacht íosta a bhainfidh le meastóireacht ghéiniteach tarbh le haghaidh inseamhnú saorga na bpórtha mairteola ná 0,5 ar a laghad le haghaidh na dtréithe amhail cur suas meáchain bheo agus forbairt matán (cruth mairteola), de réir na rialacha agus na gcaighdeán atá bunaithe ag lárionad tagartha ábhartha an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 31(1), i gcomhar le ICAR, maidir le meastóireacht ar na príomh‑shaintréithe táirgthe.

Nuair a ríomhtar luachanna pórúcháin géanómaíocha, beidh na luachanna seo bailíochtaithe le haghaidh na saintréithe de réir na rialacha agus na gcaighdeán atá bunaithe ag lárionad tagartha ábhartha an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 31(1) i gcomhar le ICAR.

Beidh gá leis na luachanna seo a athbhailíochtú go rialta agus ag am ar bith a dhéantar athruithe móra ar an meastóireacht ghéanómaíoch nó ar an ngnáthmheastóireacht nó ar an daonra tagartha.

Cuid 2 Ainmhithe mucúla

Caibidil I Tástáil feidhmíochta

1.           Tástáil feidhmíochta ag stáisiún tástála

Maidir le tástáil feidhmíochta ainmhí porúcháin nó a shliocht (“na hainmhithe tástála”) ag stáisiún tástála, sonrófar an t‑eolas seo a leanas:

(a)     ainm an chumainn phóir, na hoibríochta pórúcháin nó an údaráis inniúil atá freagrach as an stáisiún tástála;

(b)     an modh tástála agus líon na n‑ainmhithe tástála a tástáladh;

(c)     an prótacal tástála, ina n‑áireofar na sonraí seo a leanas:

(i)      téarmaí iontrála na n‑ainmhithe tástála isteach sa stáisiún tástála;

(ii)     aois uasta na n‑ainmhithe tástála a ligtear isteach sa stáisiún tástála agus raon aoise na n‑ainmhithe atá sa stáisiún tástála;

(iii)    fad na tréimhse tástála sa stáisiún tástála;

(iv)    cineál na haiste bia agus an chórais chothaithe a úsáideadh i rith na tástála;

(v)     ainm úinéir na n‑ainmhithe tástála i gcás tástála feidhmíochta ar leith;

(d)     na saintréithe a thaifeadfar, lena n‑áireofar meáchan beo, tiontú bia agus meastóir chomhdhéanamh an choirp, agus d’fhéadfaí sonraí bainteacha eile a áireamh chomh maith;

(e)     an modh a úsáidfear chun fiúntais ghéiniteacha a mheas, rud a luafar mar luach pórúcháin nó comparáid chomhaimseartha maidir le gach tréith, beidh sé inghlactha go heolaíoch de réir prionsabal zóiteicniúil bunaithe.

2.           Tástáil feidhmíochta ar fheirm

I gcás ina ndéantar tástáil feidhmíochta ar fheirm, cinnteoidh an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin gur féidir luach póraithe a ríomh ag deireadh tástála de réir prionsabal zóiteicniúil bunaithe, ag cur san áireamh scálaí an Aontais maidir le haicmiú conablach atá leagtha amach in Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007.

Caibidil II Meastóireacht ghéiniteach

1.           Tástáil sleachta nó comhthaobhachtaí

(a)     ríomhfar fiúntas géiniteach an ainmhí phórúcháin trí measúnú a dhéanamh ar cháilíochtaí líon oiriúnach sleachta nó comhthaobhachtaí maidir le tréithe táirgthe:

(i)      tabharfar nó luafar tuairisc mhionsonraithe ar an modh tástála;

(ii)     ní chaithfear go roghnach leis an sliocht ná leis na comhthaobhachtaí;

(iii)    aithneofar trí chineál tástálacha sleachta nó comhthaobhachtaí:

– tástáil lárnach i stáisiún tástála sleachta nó comhthaobhachtaí;

– tástáil phleanáilte sleachta nó comhthaobhachtaí ar fheirm, fad is atá an sliocht nó na comhthaobhachtaí dáilte i measc tréada sa dóigh is gur féidir comparáid bhailí a dhéanamh idir ainmhithe pórúcháin;

– sonraí a bhailítear ar chonablaigh aitheanta sleachta nó comhthaobhachtaí;

(b)     roghnófar an sliocht nó na comhthaobhachtaí ar bhealach neamhchlaonta. Úsáidfear na sonraí bainteacha go léir agus luach pórúcháin na n‑ainmhithe pórúcháin á mheasúnú. Díchuirfear tionchair eile seachas an fiúntas géiniteach trí nósanna imeachta cuí agus an luach pórúcháin á chinneadh;

(c)     luafar na tréithe a thaifeadfar, amhail aon chur suas meáchain bheo, tiontú bia, caighdeán conablaigh, tréithe síolraithe, torthúlacht, bisiúlacht, inmharthanacht an tsleachta nó na gcomhthaobhach nó sonraí bainteacha eile ar bith;

(d)     beidh an modh a úsáidfear chun fiúntas géiniteach a mheas inghlactha go heolaíoch de réir prionsabal bunaithe zóiteicniúil.

2.           Tástáil chomhaimseartha ar mhuca pórúcháin hibrideacha

Má tá sonraí feidhmíochta nó luachanna géiniteacha luaite ar dheimhniú zóiteicniúil atá ag gabháil le muca pórúcháin hibrideacha nó a dtáirgí geirmeacha, beidh feidhm ag na coinníollacha a bhaineann leis an sliocht nó na comhthaobhachtaí atá sainmhínithe i bpointí (a), (b), (c) agus (d) de phointe 1, tar éis na hathruithe riachtanacha a dhéanamh do lucht comhaimseartha línte hibrideacha muc pórúcháin hibrideach.

Cuid 3 Ainmhithe de chineál caorach agus gabhair

Caibidil I Tástáil feidhmíochta

1.           Tástáil feidhmíochta ar stáisiún

(a)     Beidh an modh a úsáidfear chun fiúntas géiniteach a mheas inghlactha go heolaíoch de réir prionsabal bunaithe zóiteicniúil. Luafar fiúntas géiniteach na n‑ainmhithe pórúcháin tástáilte mar luach pórúcháin nó comparáid chomhaimseartha i leith gach saintréith.

(b)     Sonrófar na nithe seo a leanas go soiléir:

(i)      na téarmaí iontrála chuig an stáisiún;

(ii)     aois uasta nó meáchan uasta na n‑ainmhithe pórúcháin óga ag tús na tástála agus líon na n‑ainmhithe;

(iii)    fad na tréimhse tástála sa stáisiún nó meáchan deiridh;

(iv)    cineál na haiste bia agus an chórais chothaithe a úsáideadh le linn na tástála.

2.           Tástáil feidhmíochta ar fheirm

I gcás ina gcuirtear tástáil i gcrích ar fheirm, áiritheoidh an cumann póir ag deireadh na tástála gur féidir luach pórúcháin a ríomh i gcomhréir le prionsabail bhunaithe zóiteicniúla, ag cur san áireamh scálaí an Aontais maidir le haicmiú conablach atá leagtha amach in Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007.

3.           Seo thíos mar a dhéanfar cuntas táil agus measúnú ar fhiúntas géiniteach na mbaineannach le haghaidh saintréithe déiríochta:

(a)     luafar na tréithe a thaifeadfar i gcomhréir leis na prionsabail atá comhaontaithe ag ICAR, amhail táirgeadh bainne, comhdhéanamh bainne nó sonraí bainteacha eile ar bith;

(b)     beidh na taifid bhainne a úsáidfear agus fiúntas géiniteach ainmhithe baineanna á chinneadh:

(i)      ag baint le tréimhse ama a chloíonn leis an norm atá leagtha síos ag ICAR maidir le taifeadadh táirgiúlachta ainmhithe bainne;

(ii)     mionathraithe le haghaidh aon tionchar comhshaoil tábhachtach.

Caibidil II Meastóireacht ghéiniteach

Ríomhfar fiúntas géiniteach ainmhí pórúcháin trí mheasúnú a dhéanamh ar cháilíochtaí líon oiriúnach sleachta agus, áit ar cuí, líon oiriúnach comhthaobhachtaí mar seo a leanas:

(a)          i ndáil le saintréithe táirgthe feola:

(i)      tabharfar nó luafar tuairisc mhionsonraithe ar an modh tástála;

(ii)     caithfear go cothrom leis an sliocht nó leis na comhthaobhachtaí;

(iii)    aithneofar trí chineál tástálacha sleachta nó comhthaobhachtaí:

– tástáil lárnach i stáisiún tástála sleachta nó comhthaobhachtaí;

– tástáil phleanáilte sleachta nó comhthaobhachtaí ar fheirm, fad is go bhfuil an sliocht nó na comhthaobhachtaí dáilte i measc na dtréad sa dóigh is gur féidir comparáid bhailí a dhéanamh idir ainmhithe pórúcháin;

– sonraí a bailíodh ar chonablaigh aitheanta sleachta nó comhthaobhachtaí;

(b)          i ndáil le saintréithe déiríochta:

(i)      beidh dearadh na tástála luaite;

(ii)     ní chaithfear go roghnach le hainmhithe baineanna;

(iii)    cuimseofar an táirgeadh bainne agus an comhdhéanamh bainne i ríomh na bhfiúntas géiniteach;

(c)          roghnófar an sliocht nó na comhthaobhachtaí ar bhealach neamhchlaonta. Úsáidfear na sonraí bainteacha go léir i measúnú ar luach pórúcháin na n‑ainmhithe pórúcháin. Díchuirfear tionchair eile seachas fiúntas géiniteach trí nósanna imeachta cuí agus an luach pórúcháin á chinneadh;

(d)          luafar na tréithe a thaifeadfar, amhail cur suas meáchain bheo, tiontú bia, cáilíocht conablach, ag cur san áireamh scálaí an Aontais maidir le haicmiú conablach atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, táirgeadh bainne, comhdhéanamh bainne, cáilíocht an táirgthe olla, tréithe síolraithe, torthúlacht, bisiúlacht, inmharthanacht an tsleachta agus/nó na gcomhthaobhachtaí nó aon sonraí bainteacha eile;

(e)          beidh an modh a úsáidfear chun fiúntais ghéiniteacha a mheas inghlactha go heolaíoch de réir prionsabal bunaithe zóiteicniúil.

IARSCRÍBHINN IV

Lárionaid Tagartha an Aontais Eorpaigh

1.           Ní mór go mbeadh lárionaid tagartha an Aontais Eorpaigh arna n‑ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 31(1) feistithe le:

(a)     foireann atá cáilithe go hoiriúnach agus oiliúint fhónta agat i dtástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach na n‑ainmhithe pórúcháin folaíochta;

(b)     infreastruchtúr riaracháin iomchuí;

(c)     foireann atáthar tar éis a threorú chun meas a léiriú ar chineál rúnda roinnt ábhar, torthaí nó cumarsáidí ar leith;

(d)     foireann le feasacht leordhóthanach acu ar ghníomhaíochtaí taighde ar leibhéal náisiúnta, an Aontais agus idirnáisiúnta;

(e)     an trealamh agus na hionstraimí atá de dhíth chun na dualgais agus feidhmeanna dá dtagraítear i bpointe (2) a chur i gcrích.

2.           Beidh dualgais agus feidhmeanna lárionaid tagartha an Aontais Eorpaigh arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 31(1) mar seo a leanas:

(a)     na Ballstáit a chur ar an eolas i leith modhanna tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta tríd an méid seo a dhéanamh:

(i)      torthaí tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití arna ndéanamh ag cumainn phóir agus na sonraí ar a mbíonn siad bunaithe a fháil agus a athbhreithniú go rialta;

(ii)     comparáid a dhéanamh idir na modhanna éagsúla tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta;

(b)     ar iarratas ón gCoimisiún nó ó Bhallstát cúnamh a chur ar fáil:

(i)      i bhfianaise chomhchuibhiú na modhanna éagsúla tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta, go háirithe chun modhanna ríofa a mholadh le haghaidh úsáide;

(ii)     i mbunú ardáin chun torthaí na modhanna tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta i mBallstáit a chur i gcomparáid lena chéile, go háirithe:

– trí phrótacail rialaithe a fhorbairt le haghaidh tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta a gcuirtear i gcrích i mBallstáit, chun feabhsú a dhéanamh ar inchomparáideacht na dtorthaí agus éifeachtacht na gclár póraithe;

– trí mheasúnú idirnáisiúnta a dhéanamh ar bheostoc ar bhonn torthaí comhcheangailte tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta a gcuirtear i gcrích i mBallstáit;

– trí thorthaí éagsúla na measúnuithe idirnáisiúnta a scaipeadh;

– trí na foirmlí tiontaithe agus aon obair ghéiniteach ghaolmhar eile a fhoilsiú;

(iii)    chun sonraí a sholáthar ar an meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin folaíochta, agus oiliúint a sholáthar le tacú leis an institiúid ainmnithe dá bhforáiltear in Airteagal 29(1) atá ag glacadh páirte i gcomparáidí idirnáisiúnta idir thorthaí meastóireachtaí géiniteacha;

(iv)    chun réiteach na bhfadhbanna a thagann chun cinn i mBallstáit i ndáil leis an meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin folaíochta a éascú;

(v)     chun saineolas teicniúil a sholáthar don Bhuanchoiste ar Zóiteicnic, ar iarratas ón gCoimisiún.

IARSCRÍBHINN V

Faisnéis is gá a bheith sna deimhnithe zóiteicniúla dá dtagraítear i gcaibidlí vi agus vii

Cuid 1 Ceanglais ghinearálta

1.           I gcás ina bhfuil torthaí na meastóireachta géinití ar ainmhí pórúcháin ar fáil go poiblí ar an idirlíon, is leor tagairt a dhéanamh sna deimhnithe zóiteicniúla dá dtagraítear i gCuid 2 agus Cuid 3 don suíomh gréasáin, áit ar féidir teacht ar na torthaí sin.

2.           I gcás ina bhfuil an t‑eolas atá le sonrú sa deimhniú zóiteicniúil i gcomhréir le Caibidil I agus II de Chuid 2 nó Caibidil I agus II de Chuid 3 den Iarscríbhinn seo, i ndoiciméid eile atá ag gabháil leis an ainmhí pórúcháin nó a tháirgí geirmeacha, déanfaidh an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin:

(a)     inneachar an doiciméid sin a dheimhniú le dearbhú go bhfuil sa doiciméad an t‑eolas atá de dhíth de réir an ghnímh chur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 33(4);

(b)     liosta uileghabhálach de na ceangaltáin ábhartha a chur leis an dearbhú sin.

3.           I dteideal na ndeimhnithe zóiteicniúla:

(a)     i gcás ainmhithe pórúcháin beo, a gcuid seamhain, úicítí nó suthanna, déanfar tagairt don speiceas tacsanomaíoch;

(b)     luafar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an choinsíneacht beartaithe le haghaidh trádála laistigh den Aontas nó le haghaidh allmhairí isteach san Aontas.

Cuid 2 Deimhnithe zóiteicniúla d'ainmhithe pórúcháin folaíochta, a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna

Caibidil I Deimhnithe zóiteicniúla d'ainmhithe pórúcháin folaíochta

1.           Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla d'ainmhithe pórúcháin folaíochta an fhaisnéis seo a leanas:

(a)     ainm an chumainn phóir éisiúna nó i gcás allmhairí isteach san Aotas ainm an chomhlachta pórúcháin eisiúna;

(b)     ainm an phórleabhair;

(c)     an pór;

(d)     an gnéas;

(e)     an uimhir iontrála sa phórleabhar ("uimhir an phórleabhair") ;

(f)     córas sainaitheanta an ainmhí pórúcháin folaíochta;

(h)     an uimhir aitheantais a bhaineann leis an ainmhí pórúcháin folaíochta, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais ar shláinte ainmhithe maidir le sainaithint ainmnithe den speiceas atá cumhdaithe faoin deimhniú zóiteicniúil, nó i gcás allmhairí isteach san Aontas, i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta;

(i)      dáta breithe an ainmhí pórúcháin folaíochta;

(j)      ainm, seoladh agus seoladh ríomhphoist an phóraitheora;

(k)     ainm agus seoladh an úinéara;

(l)      an ginealach:

Athair || Seanathair || Seanmháthair

Uimh. an leabhair phóraithe || Uimh. an leabhair phóraithe || Uimh. an leabhair phóraithe

Máthair || Seanathair || Seanmháthair

Uimh. an leabhair phóraithe || Uimh. an leabhair phóraithe || Uimh. an leabhair phóraithe

(m)    na torthaí go léir atá ar fáil ar thástálacha feidhmíochta agus torthaí cothrom le dáta na meastóireachta géinití, lena n‑áirítear sainchomharthaí géiniteacha agus lochtanna géiniteacha an ainmhí pórúcháin folaíochta féin agus a thuismitheoirí agus seantuismitheoirí, de réir mar is gá sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó Airteagal 9 don chatagóir agus don ainmhí pórúcháin folaíochta atá i gceist;

(n)     i gcás ainmhithe baineanna atá torrach, dáta an inseamhnaithe nó na cúplála agus aitheantas an ainmhí fhirinn a rinne an toirchiú;

(o)     ainm agus teideal an tsínitheora, dáta agus áit eisiúna an deimhnithe agus síniú an duine atá údaraithe ag an gcumann póir eisiúna, nó i gcás allmhairí isteach san Aontas, ag an gcomhlacht pórúcháin.

2.           De mhaolú ar phointe 1 den Chaibidil seo, d’fhéadfadh an deimhniú zóiteicniúil le haghaidh trádála ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí a bheith ina dhoiciméad aitheantais i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais ar shláinte ainmnithe, ar chionníoll:

(a)     go bhfuil ann, sa bhreis ar an bhfaisnéis a éilítear faoi reachtaíocht an Aontais ar shláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí, ar a laghad an fhaisnéis i gcomhréir le pointí 1 (a) go (k) agus (n);

(b)     gur cumann póir a d'eisigh an deimhniú, ar cumann póir é a ndearna an t‑údarás inniúil an cúram an doiciméad aitheantais a eisiúint a tharmligean chuige;

(c)     go bhfuil an fhaisnéis ar shainaitheantas ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí agus ar eisiúint doiciméad sainaitheantais ar fáil do na húdaráis inniúla tréidliachta i mbunachar lárnach sonraí a bunaíodh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais ar shláinte ainmhithe.

Caibidil II Deimhnithe zóiteicniúla do sheamhan ainmhithe pórúcháin folaíochta

Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla do sheamhan an fhaisnéis seo a leanas:

(a)          na sonraí go léir dá dtagraítear i gCaibidil I den Iarscríbhinn seo maidir leis an ainmhí pórúcháin folaíochta a sholáthair an seamhan, chomh maith lena fhuilghrúpa nó torthaí tástála a sholáthraíonn ráthaíochtaí coibhéiseacha eolaíocha chun a shainaitheantas agus a thuismitheoirí a fhíorú, i gcomhréir le gníomhartha cur chun feidhme ar bith arna nglacadh de bhun Airteagal 22(2);

(b)          faisnéis lenar féidir an seamhan a shainaithint, dáta a bhailithe, chomh maith le hainmn agus seoladh ionad bailithe an tseamhain nó ionad stórais an tseamhain agus an choinsíní;

(c)          maidir le seamhan atá beartaithe le haghaidh tástála oifigiúla ainmhithe pórúcháin folaíochta, ainm agus seoladh an chumainn phóir nó na hinstitiúide atá ainmnithe a bheith freagrach i gcomhréir le hAirteagal 29(1) as an tástáil feidhmíochta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 27;

(d)          ainm agus teideal an tsínitheora, dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil, chomh maith le síniú an té atá údaraithe ag an gcumann póir eisiúna, nó i gcás allmhairí isteach san Aontas, síniú an chomhlachta pórúcháin.

Caibidil III Deimhnithe zóiteicniúla d'úicítí ainmhithe pórúcháin folaíochta

Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla d'úicítí ó ainmhithe pórúcháin folaíochta an fhaisnéis seo a leanas:

(a)          an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I maidir leis an deontóir baineann a sholáthair na húicítí, chomh maith lena fuilghrúpa nó torthaí tástála a sholáthraíonn ráthaíochtaí coibhéiseacha eolaíocha chun a sainaitheantas agus a tuismitheoirí a fhíorú;

(b)          faisnéis lenar féidir na húicítí a shainaithint, dáta a mbailithe, chomh maith le hainm agus seoladh na foirne bailithe agus táirgthe suthanna agus an choinsíní;

(c)          i gcás ina bhfuil níos mó ná úicít amháin i gcochán, léiriú soiléir ar líon na n‑úicítí go léir is gá a bheith bailithe ón ainmhí céanna pórúcháin folaíochta;

(d)          ainm agus teideal an tsínitheora, dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil, agus síniú an té atá údaraithe ag an gcumann póir eisiúna, nó i gcás allmhairí isteach san Aontas, síniú an chomhlachta pórúcháin.

Caibidil IV Deimhnithe zóiteicniúla do shuthanna ainmhithe pórúcháin folaíochta

Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla do shuthanna an fhaisnéis seo a leanas:

(a)          an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I maidir leis an deontóir baineann agus an t‑ainmhí fireann atá ag toirchiú, chomh maith lena bhfuilghrúpaí nó torthaí tástála a sholáthraíonn ráthaíochtaí coibhéiseacha eolaíocha chun a sainaitheantas agus a dtuismitheoirí a fhíorú;

(b)          faisnéis lenar féidir an suth a shainaithint, dáta an bhailithe nó an táirgthe, chomh maith le hainm agus seoladh na foirne bailithe nó táirgthe suthanna agus an choinsíní;

(c)          i gcás ina bhfuil níos mó ná suth amháin i gcochán, léiriú soiléir ar líon na suthanna ar gá na tuismitheoirí céanna acu a bheith acu;

(d)          ainm agus teideal an tsínitheora, dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil, agus síniú an té atá údaraithe ag an gcumann póir eisiúna, nó i gcás allmhairí isteach san Aontas, síniú an chomhlachta pórúcháin.

Cuid 3 Deimhnithe zóiteicniúla do mhuca pórúcháin hibrideacha agus a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna

Caibidil I Deimhnithe zóiteicniúla do mhuca pórúcháin hibrideacha

Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla do mhuca pórúcháin hibrideacha an fhaisnéis seo a leanas:

(a)          ainm na hoibríochta pórúcháin eisiúna, nó i gcás allmhairí isteach san Aontas, ainm an chomhlachta pórúcháin;

(b)          ainm an rolla póir;

(c)          an cineál géiniteach nó an líne;

(d)          an gnéas;

(e)          an uimhir iontrála sa rolla póir;

(f)          córas sainaitheantais an ainmhí;

(h)          an uimhir aitheantais a bhaineann leis an muc phórúcháin hibrideach i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais ar shláinte ainmhithe maidir le sainaithint ainmhithe den speiceas mucúil, nó i gcás allmhairí isteach san Aontas, i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta;

(i)           dáta breithe an ainmhí;

(j)           ainm agus seoladh an phóraitheora;

(k)          ainm agus seoladh an úinéara.

(k)          ainm agus teideal an tsínitheora, dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil agus síniú an té atá údaraithe ag an gcumann póir eisiúna, nó i gcás allmhairí isteach san Aontas, síniú an chomhlachta pórúcháin.

Caibidil II Deimhnithe zóiteicniúla do sheamhan ó mhuca pórúcháin hibrideacha

Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla do sheamhan muc pórúcháin hibrideach an fhaisnéis seo a leanas:

(a)          an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I maidir leis an muc phórúcháin hibrideach a sholáthair an seamhan;

(b)          faisnéis lenar féidir an seamhan a shainaithint, dáta a bhailithe, chomh maith le hainmn agus seoladh ionad bailithe an tseamhain agus an choinsíní;

(c)          ainm agus teideal an tsínitheora, dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil agus síniú an té atá údaraithe ag an oibríocht phórúcháin eisiúna, nó i gcás allmhairí isteach san Aontas, síniú an chomhlachta pórúcháin.

Caibidil III Deimhnithe zóiteicniúla d'úicítí ó mhuca pórúcháin hibrideacha

Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla d'úicítí muc pórúcháin hibrideach an fhaisnéis seo a leanas:

(a)          an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I maidir leis an muc phórúcháin hibrideach a sholáthair na húicítí;

(b)          faisnéis lenar féidir na húicítí a shainaithint, dáta a bhailithe agus ainmneacha agus seoltaí na foirne bailithe agus táirgthe suthanna agus an choinsíní;

(c)          ainm agus teideal an tsínitheora, an dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil agus síniú an té atá údaraithe ag an oibríocht pórúcháin eisiúna, nó i gcás allmhairí isteach san Aontas, síniú an chomhlachta pórúcháin.

Caibidil IV Deimhnithe zóiteicniúla do shuthanna ó mhuca pórúcháin hibrideacha

Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla do shuthanna arna mbailiú nó arna dtáirgeadh ó mhuca pórúcháin hibrideacha an fhaisnéis seo a leanas:

(a)          an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I maidir leis an deontóir baineann agus an t‑ainmhí fireann atá ag toirchiú;

(b)          dáta bailithe na suthanna nó na n‑úicítí, ainmn agus seoladh na foirne bailithe nó táirgthe suthanna agus ainm agus seoladh an choinsíní; sainaitheantas an tseamhain arna úsáid chun inseamhnú saorga nó toirchiú a dhéanamh ar na húicítí;

(c)          i gcás ina bhfuil níos mó ná suth amháin i gcochán, léiriú soiléir ar líon na suthanna ar gá na tuismitheoirí céanna a bheith acu;

(d)          ainm agus teideal an tsínitheora, dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil, agus síniú an té atá údaraithe ag an oibríocht phórúcháin eisiúna, nó i gcás allmhairí isteach san Aontas, síniú an chomhlachta pórúcháin.

IARSCRÍBHINN VI

CRÍOCHA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(u)

1.           Críoch Ríocht na Beilge

2.           Críoch Phoblacht na Bulgáire

3.           Críoch Phoblacht na Seice

4.           Críoch Ríocht na Danmhairge cé is moite d'Oileáin Fharó agus an Ghraonlainn

5.           Críoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine

6.           Críoch Phoblacht na hEastóine

7.           Críoch na hÉireann

8.           Críoch na Poblachta Heilléanaí

9.           Críoch Ríocht na Spáinne cé is moite d'Ceuta agus Melilla

10.         Críoch Phoblacht na Fraince

11.         Críoch Phoblacht na Cróite

12.         Críoch Phoblacht na hIodáile

13.         Críoch Phoblacht na Cipire

14.         Críoch Phoblacht na Laitvia

15.         Críoch Phoblacht na Liotuáine

16.         Críoch Ard‑Diúcacht Lucsamburg

17.         Críoch na hUngáire

18.         Críoch Phoblacht Mhálta

19.         Críoch Ríocht na hÍsiltíre san Eoraip

20.         Críoch Phoblacht na hOstaire

21.         Críoch Phoblacht na Polainne

22.         Críoch Phoblacht na Portaingéile

23.         Críoch na Rómáine

24.         Críoch Phoblacht na Slóivéine

25.         Críoch Phoblacht na Slóvaice

26.         Críoch Phoblacht na Fionlainne

27.         Críoch Ríocht na Sualainne

28.         Críoch Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

IARSCRÍBHINN VII

Tábla Comhghaoil

Gníomh Dlíthiúil || Forálacha || Forálacha comhfhreagracha sa Rialachán seo

Treoir 2009/157/CE ón gComhairle (ex 77/504/CEE) (Bó) || Airteagal 1 || Airteagal 2

Airteagal 2 (a), (b), (e) || Airteagal 3, an chéad mhír

Airteagal 2(c) || Airteagal 8(1)

Airteagal 2(d) || Airteagal 4(2)

Airteagal 3 || Airteagal 19(1)

Airteagal 4(1) || Airteagal 7(1)

Airteagal 4(2) || Airteagal 7(5)

Airteagal 5 || Airteagal 33(1) agus pointe 1(d) de Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II.

Airteagal 6 || Airteagail 28(1), 4(3), 8(3), 17(4), 19(4), 20(2) agus 24(2)

Airteagal 7(1) || Airteagal 72(1)

Airteagal 7(2) || Airteagal 72(2)

Airteagal 8 || n.b.

Airteagal 9 || n.b.

Airteagal 10 || n.b.

Airteagal 11 || n.b.

Treoir 87/328/CEE ón gComhairle (glacadh le hainmhithe haghaidh pórúcháin) || Airteagal 1 || Airteagal 21

Airteagal 2(1) || Airteagal 23(1) agus (2)

Airteagal 2(2) || Airteagail 12, 13 agus 28(2)

Airteagal 2(3) || -

Airteagal 3 || Airteagal 22

Airteagal 4 || Airteagal 23(3)

Airteagal 5 || Airteagal 31

Airteagal 6 || n.b.

Airteagal 7 || n.b.

Cinneadh 96/463/CE ón gComhairle (Interbull) || Airteagal 1(2) || Airteagal 32(1)

Airteagal 2 ||

Iarscríbhinn II || Iarscríbhinn IV

Treoir 88/661/CEE ón gComhairle (Muca) || Airteagal 1 || Airteagal 2

Airteagal 2(1) || Airteagal 3, an chéad mhír Airteagal 4(2), agus Airteagal 8(1)

Airteagal 2(2) || Airteagal 1(3)

Airteagal 3 || Airteagal 21(2)

Airteagal 4(1) || Airteagal 19(1)

Airteagal 4(2) || Airteagal 18(1)

Airteagal 4a, an chéad mhír || Airteagal 7(1)

Airteagal 4a, an dara mhír || Airteagal 7(5)

Airteagal 5 || Airteagal 33(1) agus pointe 1(d) de Chaibidil 1 de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II

Airteagal 6(1) || Airteagail 28(1), 8(3), 17(4), 19(4), 4(3), agus 33(3)

Airteagal 6(2) || n.b.

Airteagal 7(1) || Airteagail 3, 8(1) agus 4(2)

Airteagal 7(2) || Airteagal 1(3)

Airteagal 7a || Airteagal 7(1)

Airteagal 8 || Airteagal 25(2)

Airteagal 9 || Airteagal 33(1) agus pointe 1(c) de Chuid 2 d'Iarscríbhinn II

Airteagal 10(1) || Airteagail 28(1), 8(3), 17(4), 19(4), 4(3), agus 33(3)

Airteagal 10(2) || n.b.

Airteagal 11(1) || Airteagal 72(1)

Airteagal 11(2) || Airteagal 72(2)

Airteagal 11(3) || Airteagal 72(2)

Airteagal 12 || Airteagal 1(3)

Airteagal 13 || n.b.

Airteagal 14 || n.b.

Treoracha 90/118/CEE ón gComhairle (glacadh le muca pórúcháin folaíochta le haghaidh pórúcháin) || Airteagal 1 || Airteagal 21(1)

Airteagal 2(1) || Airteagal 23(1) agus (2)

Airteagal 2(2) || Airteagail 12, 13 agus 28(2)

Airteagal 2(3) || Airteagail 14 agus 28(2)

Airteagal 3 || Airteagal 23(3)

Airteagal 4 || Airteagal 72(1)

Airteagal 5 || n.b.

Airteagal 6 || n.b.

Treoir 90/119/CEE ón gComhairle (glacadh le muca pórúcháin hibrideacha haghaidh pórúcháin) || Airteagal 1 || Airteagal 25(1) agus Airteagal 26(1) agus (2)

Airteagal 2 || Airteagal 23(3)

Airteagal 3 || n.b.

Airteagal 4 || n.b.

Treoir 89/361/CEE ón gComhairle (Caorach & Gabhair) || Airteagal 1(1) || Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2) || Airteagal 1(3)

Airteagal 2 || Airteagal 2

Airteagal 3(1) || Airteagal 3 an chéad mhír agus Airteagal 4(2)

Airteagal 3(2) || Airteagal 1(3)

Airteagal 4 || Airteagail 4(3), 19(4), 28(1) agus 21(2)

Airteagal 5 || Airteagal 7(1)

Airteagal 6 || Airteagal 33(1) agus pointe 1(d) de Chaibidil 1 de Chuid 1 d'Iarscríbinn II.

Airteagal 7 || Airteagal 1(3)

Airteagal 8 || Airteagal 72(1)

Airteagal 9 || n.b.

Airteagal 10 || n.b.

Treoir 90/427/CEE ón gComhairle (Equidae) || Airteagal 1 || Airteagal 1(1)

Airteagal 2 || Airteagal 2

Airteagal 3 an chéad mhír || Airteagal 3 an chéad mhír

Airteagal 3 an dara mír || Airteagal 1(3)

Airteagal 4(1)(a) || Cuid 1 agus pointe 1(a) de Chuid 3 d’Iarscríbhinn I

Airteagal 4(1)(b) || Pointe 1(c) de Chaibidil I de Chuid 1 d’Iarscríbhinn II

Airteagal 4(2) || Airteagail 4(3), 19(4), 33, 34(1)(c), 14 agus pointe 1(c) de Chaibidil I de Chuid 1 d’Iarscríbhinn II

Airteagal 5 || Airteagal 7(1)

Airteagal 6 || Pointe 3 de Chaibidil I de Chuid 1 d’Iarscríbhinn II

Airteagal 7 || Airteagail 28(1) agus 21(2)

Airteagal 8(1) || Pointe 1(c) de Chaibidil I de Chuid 1 d’Iarscríbhinn II

Airteagal 8(2) || Airteagal 33(1)

Airteagal 9 || Airteagal 1(3)

Airteagal 10 || Airteagal 72(1)

Airteagal 11 || n.b.

Airteagal 12 || n.b.

Iarscríbhinn || n.b.

Treoir 91/174/CEE ón gComhairle (uile) || Airteagal 1 || Airteagal 2

Airteagal 2 || Airteagail 3, 35(1) agus 45(1)

Airteagal 3 || n.b.

Airteagal 4 || n.b.

Airteagal 5 || n.b.

Airteagal 6 || n.b.

Airteagal 7 || n.b.

Airteagal 8 || n.b.

Treoir 94/28/CE Allmhairí ón gComhairle || Airteagal 1 || Airteagal 1

Airteagal 2 || Airteagal 2

Airteagal 3 || Airteagal 37

Airteagal 4 || Airteagail 39(1)(a) agus 40(1)

Airteagal 5 || Airteagail 39(1)(b) agus 40(1)

Airteagal 6 || Airteagail 39(1)(c) agus 40(1)

Airteagal 7 || Airteagail 39(1)(c) agus 40(1)

Airteagal 8 || Airteagal 39(2)

Airteagal 9(1) agus (2) || Airteagal 42

Airteagal 9(3) || -

Airteagal 10 || Airteagail 67 agus 70

Airteagal 11 || n.b.

Airteagal 12 || Airteagal 72(1)

Airteagal 13 || n.b.

Airteagal 14 || n.b.

Airteagal 15 || n.b.

[1]               IO C […], [ll/mm/bbbb], lch. […]

[2]               IO C […], [ll/mm/bbbb], lch. […]

[3]               IO C […], [ll/mm/bbbb], lch. […]

[4]               IO L 382, 31.12.1988, lch. 36.

[5]               IO L 153, 6.6.1989, lch. 30.

[6]               IO L 224, 18.8.1990, lch. 55.

[7]               IO L 85, 5.4.1991, lch. 37.

[8]               IO L 178, 12.7.1994, lch. 66.

[9]               IO L 323, 10.12.2009, lch. 1.

[10]             IO L 167, 26.6.1987, lch. 54.

[11]             IO L 71, 17.3.1990, lch. 34.

[12]             IO L 71, 17.3.1990, lch. 36.

[13]             IO L 206, 12.8.1977, lch. 11.

[14]             IO L 2, 30.7.1992, lch. 1.

[15]             IO L 155, 18.6.2009, lch. 30.

[16]             IO L 192, 2.8.1996, lch. 19.

[17]             IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.

[18]             IO L 268, 24.9.1991, lch. 56.

[19]             IO L 24, 30.1.1998, lch. 9.

[20]             COM/2013/0265 final - 2013/0140 (COD).

[21]             IO L 165, 30.4.2004, lch. 1.

[22]             IO L 224, 18.8.1990, lch. 29.

[23]             IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[24]             IO L 125, 12.5.1984, lch. 58.

[25]             IO L 237, 5.9.1984, lch. 11.

[26]             IO L 169, 22.6.2006, lch. 56.

[27]             IO L 247, 23.8.1989, lch. 19.

[28]             IO L 247, 23.8.1989, lch. 21.

[29]             IO L 247, 23.8.1989, lch. 31.

[30]             IO L 247, 23.8.1989, lch. 33.

[31]             IO L 247, 23.8.1989, lch. 43.

[32]             IO L 145, 08.6.1990, lch. 30.

[33]             IO L 145, 08.6.1990, lch. 32.

[34]             IO L 145, 08.6.1990, lch. 35.

[35]             IO L 145, 08.6.1990, lch. 38.

[36]             IO L 192, 11.7.1992, lch. 63.

[37]             IO L 19, 25.1.1996, lch. 39.

[38]             IO L 192, 11.7.1992, lch. 66.

[39]             IO L 247, 23.8.1989, lch. 22.

[40]             IO L 247, 23.8.1989, lch. 34.

[41]             IO L 145, 8.6.1990, lch. 39.

[42]             IO L 19, 25.1.1996, lch. 41.

[43]             IO L 125, 18.5.2005, lch. 15.

[44]             IO L 149, 7.6.2008, lch. 3.

[45]             IO L 210, 20.8.1996, lch. 47.

[46]             http://www.ueln.net/