20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


Ráiteas a bhaineann le Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha i ndáil le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (1)

2013/C 375/01

Ráiteas ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 11(2)

Tá an Coimisiún ar aon dul leis an gcuspóir a chuir Parlaimint na hEorpa in iúl maidir le nósanna imeachta státchabhrach a shimpliú i ndáil le cabhair oibriúcháin a dheonaítear do ghnóthais arna mbunú sna réigiúin is forimeallaí atá ceangailte le fritháireamh na gcostas breise a thabhaítear sna réigiúin sin mar thoradh ar a gcás eacnamaíoch agus sóisialta ar leith.

De réir an togra le haghaidh Rialachán na Blocdhíolúine Ginearálta (GBER) a d'fhoilsigh seirbhísí an Choimisiúin le déanaí, mheasfaí maidir le cabhair oibriúcháin atá beartaithe chun cúiteamh na gcostas breise sonrach a thabhaíonn tairbhithe atá bunaithe sna réigiúin sin, gur comhoiriúnach a bheadh sí leis an margadh inmheánach, faoi na coinníollacha a fhoráiltear ann, agus dá bhrí sin, bheidís díolmhaithe ó fhógra a fháil faoi Airteagal 108(3) CFAE. Measann an Coimisiún go soláthrófaí, leis sin, bunús fónta chun an simpliú atáthar ag lorg a bhaint amach, agus cuirfidh sé san áireamh na barúlacha uile a fuarthas ó na Ballstáit sa phróiseas comhairliúcháin atá fós ar siúl chun an Rialachán a ghlacadh in 2014.


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 289.